an fiosraitheoir - cogg.ie³na-an... · (a) san aimsir chaite. (b) san aimsir láithreach. (c) san...

2
Bóna an Madra Faire 4 Bóna an Madra Faire Gach íomhá agus léaráid © thinkstock.com Foilseachán de chuid CCEA © 2016 An Fiosraitheoir Tasc 1: ag fiosrú focal 1. Cé acu thíos atá ar comhchiall le gan mhaith? (a) Gan úsáid (b) An-mhaith (c) Úsáideach 2. Tá an frása in aice leis i bparagraf 3. An bhfuil slí eile leis seo a rá? 3. Cé acu thíos áta contrártha le éasca? (a) Leisciúil (b) Deacair (c) Sultmhar 4. Tá siopa seodra ag Liam. Ainmnigh 3 rud is féidir leat a cheannach i siopa seodra. Tasc 2: ag fiosrú feasa 1. Cad é príomhábhar an téacs seo? 2. Cad a thaitin leat faoin téacs seo? 3. Luaigh rud amháin spéisiúil a d’fhoghlaim tú ón téacs seo. 4. Cad eile ba chóir do Liam a dhéanamh lena chinntiú nach mbrisfidh gadaí isteach ina shiopa arís, dar leat? 5. An féidir le madra a bheith úsáideach ar shlí ar bith eile?

Upload: others

Post on 09-Mar-2020

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: An Fiosraitheoir - cogg.ie³na-an... · (a) san aimsir chaite. (b) san aimsir láithreach. (c) san aimsir fháistineach. 8. Cén sórt téacs é seo? (a) Léirmheas (b) Dialann (c)

1 A

n Sc

oil N

ua

Bóna an Madra Faire

Gach íom

há agus léaráid © thinkstock.com

Foilseachán de chuid C

CEA

© 2016 4

Bón

a an

Mad

ra F

aire

Gach íom

há agus léaráid © thinkstock.com

Foilseachán de chuid C

CEA

© 2016

An Fiosraitheoir

Tasc 1: ag fiosrú focal

1. Cé acu thíos atá ar comhchiall le gan mhaith? (a) Gan úsáid (b) An-mhaith (c) Úsáideach

2. Tá an frása in aice leis i bparagraf 3. An bhfuil slí eile leis seo a rá?

3. Cé acu thíos áta contrártha le éasca? (a) Leisciúil (b) Deacair (c) Sultmhar

4. Tá siopa seodra ag Liam. Ainmnigh 3 rud is féidir leat a cheannach i siopa seodra.

Tasc 2: ag fiosrú feasa

1. Cad é príomhábhar an téacs seo?

2. Cad a thaitin leat faoin téacs seo?

3. Luaigh rud amháin spéisiúil a d’fhoghlaim tú ón téacs seo.

4. Cad eile ba chóir do Liam a dhéanamh lena chinntiú nach mbrisfidh gadaí isteach ina shiopa arís, dar leat?

5. An féidir le madra a bheith úsáideach ar shlí ar bith eile?

Page 2: An Fiosraitheoir - cogg.ie³na-an... · (a) san aimsir chaite. (b) san aimsir láithreach. (c) san aimsir fháistineach. 8. Cén sórt téacs é seo? (a) Léirmheas (b) Dialann (c)

CeisteannaBóna an Madra Faire

1. Cé acu abairt atá fíor? (a) Bíonn madra faire ag seilg (b) Is maith le madra faire a bheith ag rásaíocht (c) Coimeádann madra faire súil ghéar ar rudaí

2. Conas a fuair Bóna a ainm? (a) Is maith leis cnámha a ithe (b) Caitheann sé bóna timpeall a mhuiníl (c) Níl sé cliste

3. Cén líne sa scéal a insíonn dúinn nach bhfuil cuimhne rómhaith ag Bóna? (a) Is madra dearmadach é (b) Is fearr leis cnámha a chur i bhfolach sa ghairdín (c) Tá Bóna chomh leisciúil le muc

4. Conas atá a fhios againn nach madra maith faire é Bóna? (a) Ghoid Robchat an stopuaireadóir (b) Bhí sé i gcónaí ag ithe seodra (c) Choimeád sé súil ghéar ar an siopa an t-am ar fad 5. Cé acu abairt is fearr a chuireann síos ar thuairim an scríbhneora ar Bhóna? (a) Is madra faire iontach é Bóna agus is breá leis é (b) Is maith leis Bóna cé nach madra maith faire é (c) Is fearr leis Robchat ná Bóna

6. Cad é tuairim an duine seo den leabhar? (a) Bhí sé deacair a léamh agus leadránach (b) Bhí sé éasca a léamh agus bhain sé taitneamh as (c) Bhí sé éasca a léamh ach gan mhaith

7. Tá an briathar caitheann i bparagraf 2: (a) san aimsir chaite. (b) san aimsir láithreach. (c) san aimsir fháistineach.

8. Cén sórt téacs é seo? (a) Léirmheas (b) Dialann (c) Fógra

Tá daoine ann ar maith leo madra a bheith acu mar pheata. Tá daoine eile ann ar maith leo madra a bheith acu atá in ann cosaint a thabhairt dóibh nó aire a thabhairt d’áit. Tugtar ‘madra faire’ nó ‘madra cosanta’ ar mhadra den chineál sin. Láidir, cliste, ciallmhar agus cróga – is aidiachtaí iad seo a chuireann síos ar mhadra maith faire. Tá madra faire ann darb ainm Bóna, ach ní aidiachtaí iad sin a chuireann síos ar Bhóna!

Is é Bóna an príomhcharachtar i leabhar dar teideal Bóna an Madadh* Faire. Is madra beag donn é a chónaíonn i Siopa Seodra Liam agus a chodlaíonn i gciseán beag istigh sa siopa. Caitheann sé bóna timpeall a mhuiníl agus, ar ndóigh, sin an fáth a bhfuil Bóna mar ainm air. Tá stopuaireadóir speisialta ar an mbóna seo atá ina aláram buirgléireachta. Thug Liam an stopuaireadóir do Bhóna lena mheabhrú dó go bhfuil obair thábhachtach le déanamh aige, is é sin a bheith ina mhadra faire. Ach dáiríre, is madra dearmadach é a dhéanann dearmad ar go leor. Is fearr leis cnámha a chur i bhfolach sa ghairdín ar chúl an tsiopa agus a bheith ina luí sa chiseán ag ligean a scíthe. Is cinnte go bhfuil Bóna chomh leisciúil le muc!

Is é an obair atá le déanamh ag Bóna ná súil ghéar a choimeád ar an siopa agus fios a chur ar Liam nuair a fheiceann sé gadaí. Ach bhí gadaí ann darbh ainm Robchat agus nuair a bhris sé isteach sa siopa oíche amháin, d’imir sé cleas ar Bhóna go héasca agus ghoid sé an stopuaireadóir luachmhar gan fhios do Bhóna. Cé go raibh sé go díreach in aice leis, ní fhaca Bóna rud ar bith agus níor bhraith sé faic. Ceapaim go bhfuil Bóna deas mar mhadra ach mar mhadra faire tá sé gan mhaith!

Thaitin an leabhar seo go mór liom mar bhí sé an-éasca a léamh, sultmhar agus an-ghreannmhar. Bhí suim mhór agam sa phríomhcharachtar, Bóna an Madra Faire.

*madadh = madra