an tainmfhocal: firinscneach agus baininscneach · fháistineach, agus (c) san fhoirm dhiúltach...

32
Leabhar Gramadaí III 65 An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach 1. Tá dhá inscne i nGaeilge, mar atá, Firinscneach agus Baininscneach. 2. Tá seo tábhachtach nuair a leanann aidiacht ainmfhocal. 3. Samplaí: an fear mór an bhean mhór an bóthar fada an trá fhada. 4. Má leanann aidiacht ainmfhocal firinscneach ní thagann athrú uirthi. Má leanann aidiacht ainmfhocal baininscneach séimhítear í. A. Amharc ar an tsolaoid: stoirm mhór. Cuir na hainmfhocail agus na haidiachtaí seo a leanas le chéile ar an chaoi chéanna. 1. sráid (fada) 5. cearc (beag) 2. cailc (bán) 6. ubh (gorm) 3. feirm (mór) 7. scairt (glórach) 4. téip (maith) 8. ceist (deacair). B. Seo a leanas liosta Ainmfhocal. Déan dhá rannóg, Firinscneach agus Baininscneach, agus cuir gach ainmfhocal sa liosta chuí: 1. an rang 5. an scoil 9. an nead 13. an obair 2. an chos 6. an tsráid 10. an gort 14. an choill 3. an cith 7. an sioc 11. an fómhar 15. an madadh 4. an lámh 8. an roth 12. an mhaidin 16. an geata.

Upload: nguyennga

Post on 02-Mar-2019

236 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 65

An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach

1. Tá dhá inscne i nGaeilge, mar atá, Firinscneach agus Baininscneach.2. Tá seo tábhachtach nuair a leanann aidiacht ainmfhocal.3. Samplaí:

an fear mór an bhean mhóran bóthar fada an trá fhada.

4. Má leanann aidiacht ainmfhocal firinscneach ní thagann athrú uirthi. Máleanann aidiacht ainmfhocal baininscneach séimhítear í.

A. Amharc ar an tsolaoid: stoirm mhór . Cuir na hainmfhocail agus na haidiachtaí seo a leanas le chéile ar an

chaoi chéanna.

1. sráid (fada) 5. cearc (beag)2. cailc (bán) 6. ubh (gorm)3. feirm (mór) 7. scairt (glórach)4. téip (maith) 8. ceist (deacair).

B. Seo a leanas liosta Ainmfhocal . Déan dhá rannóg, Firinscneach agusBaininscneach , agus cuir gach ainmfhocal sa liosta chuí:

1. an rang 5. an scoil 9. an nead 13. an obair2. an chos 6. an tsráid 10. an gort 14. an choill3. an cith 7. an sioc 11. an fómhar 15. an madadh4. an lámh 8. an roth 12. an mhaidin 16. an geata.

Page 2: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III66

Na hAimsirí:An Aimsir Chaite, an Aimsir Láithreach, An Aimsir

Fháistineach

A. Scríobh na habairtí seo a leanas (a) san Aimsir Láithreach agus (b)san Aimsir Fháistineach.

1. Ghlan mé an chistin. 7. Chaith mé an chloch.2. Níor ghlan mé an halla. 8. Dhún mé an doras.3. Scuab mé an t-urlár. 9. D'ól mé an bainne.4. Thóg mé an hata. 10. Chuir mé leabhar sa mhála.5. Bhris mé an fhuinneog. 11. Mhol mé an obair.6. Rith mé abhaile. 12. Chaill mé an chasóg.

B. Scríobh na habairtí seo a leanas san Aimsir Chaite .

1. Feicim an fear. 5. An bhfeiceann tú an bád?2. Tugaim airgead dó. 6. An dtéann tú ar scoil?3. Déanaim an obair. 7. Ní théim chuig an leabharlann.4. Cluinim an ceol. 8. Tagaim anseo go minic.

C. Scríobh an scéal seo san (a) Aimsir Láithreach , (b) AimsirFháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite .

D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh agusmo lámha. Chuir mé mo chuid éadaigh orm. Tháinig mé anuas anstaighre. Bhí mo bhricfeasta ullamh ag mo mháthair agus d'ith mé é. Ansinrug mé ar mo mhála agus tháinig mé ar scoil.

Page 3: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 67

An Tuiseal Ginideach

1. Ná dearmad go mbíonn an Tuiseal Ginideach ann i 3 chás:a. nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile agus gaol eatarthu;b. tar éis ainm bhriathartha;c. má leanann ainmfhocal réamhfhocal comhshuite.

A. Féach an sampla:lón + páiste = lón an pháiste .

Cuir na hainmfhocail le chéile agus déan cibé athrú is gá:

1. duilleoga + crann 4. dath + gúna2. barr + teach 5. blas + úll3. lár + oíche 6. deireadh + scéal.

B. Féach an sampla:ag tógáil + teach = ag tógáil tí

Déan amhlaidh leis na grúpaí focal seo a leanas:

1. ag léamh + leabhar 5. ag díol + carr2. ag cumadh + filíocht 6. ag dúnadh + doras3. ag imirt + peil 7. ag canadh + amhrán4. ag fáil + dinnéar 8. ag insint + scéal.

C. Féach an sampla:ar feadh + seachtain = ar feadh seachtaine

Déan amhlaidh leis na grúpaí focal seo a leanas:

1. ar fud + tír 5. ar son + Dia2. go ceann + mí 6. in aice + liathróid3. tar éis + dinnéar 7. ar chúl + scoil4. i lár + páirc 8. de réir + bean.

Page 4: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III68

An Tuiseal Tabharthach

1. Leanann séimhiú na réamhfhocail shimplí agus an t-alt.2. Samplaí:

a. ar an c hrann d. don mh ucb. ag an bh ord e. den gh eatac. leis an c hailín f. chuig an fh iaclóir.

3. Leanann séimhiú:ar, de, do, faoi, mar, ó, roimh, trí, um (gan an alt) agus sa.

4. Ní leanann séimhiú:ag, as, le, chuig, go, thar.

5. Leanann urú i.6.Ní shéimhítear d nó t i ndiaidh an ailt

Samplaí: ag an d oras, ar an t ine

Bain na lúibíní de na hainmfhocail seo agus athraigh iad más gá:

A.1. ag an (coláiste)5. ar an (gúna) 9. sa (halla)2. don (madadh) 6. leis an (girseach) 10. ag an (teach)3. den (balla) 7. leis an (fear) 11. san (uisce)4. ag an (rothar) 8. ar an (casóg) 12. den (rothar).

B.1. faoi (glas) 3. ó (duine) 5. ar (bád)2. um (tráthnóna) 4. i (bád) 6. i (poll).

C.1. ar (an bord) 4. ar (an t-urlár) 7. roimh (an geata)2. faoi (an crann) 5. ó (an fear) 8. sa (an tsráid)3. ag (an tine) 6. de (an capall) 9. ar (an bóthar).

Page 5: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 69

Insint Dhíreach

1. Tugtar Insint Dhíreach ar abairtí mar seo:"Tá Liam tinn agus níl sé ar scoil".

2. Bíonn uaschamóga ag tús agus ag deireach na cainte.3. Sampla:

"Tá mé tinn inniu" , arsa Liam.

A. Cuir uaschamóga ag tús agus ag deireadh na cainte sna habairtí seo.

1. Tá sé anseo anois arsa Mamaí.2. Is buachaill maith é arsa an máistir.3. Ithim mo lón i lár an lae arsa Nuala.4. Ghlan mé an rothar aréir arsa Deirbhle.5. Ní chluinim é arsa Rónán.6. Is fear saibhir é arsa Nóilín.

B. Scríobh síos na focail atá ráite sna habairtí seo.

1. Ní dhearna mise an gníomh sin arsa Séamus.2. Chonaic mé aghaidh san fhuinneog arsa Cara.3. Nach maith mar a rinne tú é arsa Micheál.4. Rinne tú go maith é arsa Ciara.5. Tar isteach agus bí i do thost arsa Tadhg.

Page 6: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III70

Claoninsint

1. Is ionann Claoninsint agus caint dhuine á rá ag duine eile. Ní caintdhíreach atá i gceist.

2. Sampla:"Ní chluinim é", arsa Seán. Insint Dhíreach.Dúirt Seán nár chuala sé é. Claoninsint.

A. Scríobh Dúirt sé roimh na habairtí seo a leanas agus athraigh dá réir:

1. Ghlan sé an t-urlár. 5. Thit sé ina chodladh.2. Bhris sé an bréagán. 6. D'ith sé an t-arán.3. Chuala sé trup. 7. D'ól sé an bainne.4. Bhí sé ar scoil. 8. Chonaic sé Liam aréir.

B. Cuir Chuala mé roimh gach abairt acu seo:

1. Bhí scéal leis mar gheall air.2. Chuir sé a lámh in airde.3. D'fhoghlaim siad focal nua.4. Bhligh sé an t-eallach.

C. Athraigh an fhoirm bhriathartha idir lúibíní:

1. Ba mhaith liom a rá (tá) mé sásta leis an scoil.2. Deir sé (tá) sé tuirseach den chluiche.3. Dúirt sé (bhí) sé ag dul abhaile.4. Shíl sé (chonaic) sé spideog.5. Cheap sé (fuair) sé rothar nua.6. Chuala sé (tháinig) an máistir go luath.

"Dúirt bean liom go ndúirt bean léi......"

Page 7: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 71

Abairtí: An Fhaisnéis agus an tAinmní: Dul Siar

1. Féach na habairtí seo:a. Bhuail Conn mór an liathróid.b. D'ith Deirbhle bheag an t-arán.c. D'ith siad an t-arán.

2. Bíonn dhá chuid in abairt, mar atá, an Fhaisnéis agus an tAinmní.3. Is é atá san Ainmní ná an príomhainmfhocal nó an príomhfhorainm san

abairt, agus focail ar bith a chuireann síos air, m. sh. aidiacht.4. Bíonn gach focal eile san Fhaisnéis . An briathar an chuid is tábhachtaí

den fhaisnéis.5. Sna samplaí thuas:

a. Bhuail......an liathróid = an Fhaisnéis. Conn mór = an tAinmní.

b. D'ith .......an t-arán = an Fhaisnéis. Deirbhle bheag = an tAinmní .

c. D'ith .......an t-arán = an Fhaisnéis.siad = an tAinmní

A. Roinn na habairtí seo ina ndá chuid, an Fhaisnéis agus an tAinmní:

1. Thug Liam óg póg di.2. Chuala an gasúr nua an scéal.3. Chonaic m'uncail an fear úd.4. Níor éist Seán Bán linn.5. D'ith sí an mhilseog.6. Bhí Róise mhór ina seasamh ag an charr.7. Bhí an tábla dearg ar an bhord.8. Bhí an tábla donn briste.9. Bhí an fhuinneog bheag glanta aici.10. Thosaigh Séamus Rua ar an obair.

Page 8: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III72

Na Briathra Mírialta

A. Scríobh an sliocht seo san Aimsir Chaite.

C. Freagair na ceisteanna seo a leanas:

1. An mbíonn tú ar scoil gach lá?2. An dtéann tú go Baile Átha Cliath go minic?3. An bhfaigheann tú obair bhaile gach oíche?4. An bhfeiceann tú do chairde gach lá?5. An bhfuil deifir ort anois?6. An mac léinn díograiseach thú?

Bhí sé mall nuair a tháinig mé abhaile. Chonaic ménach raibh an dinnéar réidh. Rinne mé cupán taeagus fuair mé leabhar le léamh. Thug mé milseáindo mo mhamaí ach dúirt sí nach raibh ocras uirthi.Chuala mé í a rá ansin go raibh an dinnéar réidh.

B. Scríobh an sliocht seo san Aimsir Fháistineach:

Tagaim abhaile ón scoil. Téim go dtí an seomrasuite. Amharcaim ar an teilifís. Feicim mo chara agteacht chun tí. Deirim leis go bhfuil obair bhaileagam. Is gasúr ard é. Tagann sé go minic. Beirimar mo mhála scoile agus déanaim m'obair bhaile.

Page 9: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 73

Na Briathra Mírialta: An Fhoirm Dhiúltach

1. Inniúch an tábla seo thíos:

Aimsir Láithreach Aimsir Chaite Aimsir Fháistineach

123456789101112

ní dhéanaimní fheicimní théimníl mé (ní bhím)ní fhaighimní deirimní thugaimní bheirim (ar)ní chluinimní thagaimní ithimní ---- mé

ní dhearna méní fhaca méní dheachaigh méní raibh méní bhfuair méní dúirt méníor thug méníor rug mé (ar)níor chuala méníor tháinig méníor ith méníor(bh) -----

ní dhéanfaidh méní fheicfidh méní rachaidh méní bheidh méní bhfaighidh méní déarfaidh méní thabharfaidh méní bhéarfaidh mé (ar)ní chluinfidh méní thiocfaidh méní íosfaidh mé

-------

A. Freagair na ceisteanna seo san fhoirm dhiúltach:

1. An raibh tú tinn inniu?2. An bhfaca tú Róise inniu?3. Ar thug tú milseáin dó?4. An bhfuair tú an leabhar?5. Ar rug tú ar an liathróid?6. Ar chuala tú an ceol?

7. Ar shagart Fionn Mac Cumhaill?8. Ar tháinig sé abhaile aréir?9. Ar ith tú do bhricfeasta?10. An ndúirt tú go raibh sé tinn?11. An ndeachaigh siad ansin leat?12. An ndearna Séamus an obair?

B. Seo freagraí. Cum ceisteanna oiriúnacha.

1. Chuaigh sé liom.2. D'ith sé an t-arán ar fad.3. Fuair, ach ní bhfuair Seán.4. Thug mé punt di.

5. Ní bhfaighidh sé é.6. Ní rachaidh siad.7. Ní thiocfaidh Síle leis.8. Ní bheidh mise ann.

Page 10: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III74

An Uimhir Iolra: An Chéad Díochlaonadh

1. Tá 5 díochlaonadh den ainmfhocal sa Ghaeilge.2. Chun an uimhir iolra a dhéanamh sa chéad díochlaonadh caolaítear na

hainmfhocail.3. Samplaí:

bád --> báid, asal --> asail, éan --> éin4. Féach an t-ainmfhocal seo bád san uimhir iolra:

An tAinmneach D'imigh na báidAn Cuspóireach Chím na báidAn Ginideach Sin seolta na mbádAn Tabharthach Tá seolta ar na báidAn Gairmeach A bháda!

A. Scríobh na hainmfhocail seo san uimhir iolra (An tAinmneach):

1. an bord 4. an fear 7. an t-éan 8. an béal2. an cnoc 5. an peann 8. an focal 9. an crann3. an leabhar 6. an t-urlár 9. an bóthar 10. an cat.

B. Bain na lúibíní de na hainmfhocail a leanas:

1. obair (na fir) 6. ceol binn (na héin)2. seolta (na báid) 7. ag ithe (na húlla)3. rothair (na mic) 8. ag leagan (na crainn)4. ag bailiú (na pinn) 9. ag léamh (na leabhair)5. trasna (na cnoic) 10. ag canadh (na hamhráin).

Page 11: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 75

An Chopail

1. Iniúch an tábla seo thíos:

fear mórgasúr beaggort leathansolas geal

ceist dheacairsráid chaolgaoth mhórscoil dheas

Samplaí:Is fear mór é sin.An solas geal é?Nach ceist dheacair í?Is gaoth mhór í sin.

A. Cum fiche abairt ón tábla thuas.

B. Cuir é, í nó iad san bearnaí sna habairtí seo:

1. Is breá an gasúr ---. 9. An --- sin do leabhar?2. Is iontach an bhean ---. 10. An --- sin do mhamaí?3. Is ait na daoine ---. 11. Is --- sin mo bheirt cara.4. Is álainn an lá ---. 12. Nach --- sin do chairde?5. Is álainn an oíche ---. 13. Is --- Úna a rinne é.6. Is uafásach an scéal ---. 14. Ní --- Máire a bhí ann.7. Is olc an aimsir ---. 15. An --- sin na mná a bhí ann?8. Ní sagairt ---, ach bráithre. 16. Is múinteoir maith ---.

éé siné seo

íí siní seo

isnían?nach?

Page 12: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III76

Dul Siar

A. Ceartaigh na habairtí seo a leanas:

1. Níl sé mise a rinne é. *2. Níl sin fírinne. *3. Tá sé gasúr dalba. *4. Tá sé múinteoir maith. *5. Níl sé rud beag. *

B. Scríobh Shéan sé roimh na habairtí seo a leanas agus athraigh dá réir:

1. Bhris sé an fhuinneog. 6. Thug sé dorn dom.2. Ghlan sé an t-urlár. 7. Léim sé den rothar.3. Thóg sé an mála. 8. Chuala sé an callán.4. Chonaic sé an ghirseach. 9. Nigh sé an seomra.5. Fuair sé an tae. 10. Rinne sé a obair bhaile.

C. Scríobh na hAinmfhocail idir lúibíní sa Tuiseal Ginideach:

1. Bhí bulóg (arán) ar an bhord.2. Tá fáinne (ór) ag mo mháthair.3. Tá páirc mhór ar chúl (an scoil).4. Tá Séamus ag léamh (an leabhar).

D. Scríobh na hAinmfhocail seo sa Tuiseal Ainmneach san Uimhir Iolra:

1. an clog 4. an marcach 7. an scéal 10 an punt2. an ceann 5. an t-uan 8. an bothán 11. an saol3. an páipéar 6. an doras 9. an bradán 12. an solas.

Page 13: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 77

Na hUimhreacha: Bunuimhreacha

1. Tá trí shaghas uimhir sa Ghaeilge.2. Bunuimhir: a haon, a dó, a trí, srl.

Orduimhir: an chéad, an dara, an tríú, srl.Uimhir Phearsanta: duine, beirt, triúr, srl.

3. Leanann an uimhir uatha na huimhreacha de ghnáth.4. Séimhítear an t-ainmfhocal ó 1 go 6. Déantar an t-ainmfhocal ó 7 go 10 a urú.

Samplaí: cúig chapall ocht gcapall

A. Scríobh na habairtí seo amach agus na huimhreacha mar fhocail:

1. Tá (4, cóta) sa chófra.2. Cheannaigh sé (8, carr) don gharáiste.3. Bhí (3, bord) sa seomra.4. Tá (7, crann) sa pháirc.5. Tá (8, bosca) sa chófra.6. Tá (3, bó) ag an fheirmeoir.

B. Scríobh gan figiúirí a úsáid:

1. 7 (bád) 6. 2 (cat) 11. 6 (contae)2. 3 (crann) 7. 5 (madadh) 12 4 (cú).3. 9 (úll) 8. 9 (ceacht) 13. 2 (gairdín)4. 3 (bus) 9. 10 (punt) 14. 8 (gúna)5. 7. (éan) 10. 6 (cnaipe) 15. 7 (dráma).

Page 14: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III78

Bunuimhreacha (2)

1. Deirtear cinn, bliana, uaire, i ndiaidh uimhreacha ar bith nachgcríochnaíonn ar 0, 1, 2.

Samplaí: trí cinn, cúig bliana, sé huaireach dhá cheann, fiche bliain, fiche uair

2. Ag Comhaireamh:

21 fiche a haon22 fiche a dó28 fiche a hocht87 ochtó a seacht365 trí chéad seasca a cúig1,752 míle, seacht gcéad caoga a dó.

A. Scríobh i bhfocail:

1) 17 5) 132 9) 13292) 24 6) 349 10) 24683) 39 7) 675 11) 13574) 86 8) 899 12) 9764.

B. Bain na lúibíní agus athraigh na habairtí dá réir:

1. Tá (2, capall) sa pháirc.2. Tá (20, leathanach) ann.3. Tá sé thar lear le (6, bliain).4. Bhí (2, ceacht) le déanamh.5. Fuair mé (10, punt) ar an chasán.6. Bhí mé ansin (5, bliain) ó shin.7. Rinne mé é (7, uair).8. D'ith sé (4, ceann).

Page 15: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 79

Cleachtadh ar an Uimhir Iolra

A. Scríobh na hainmfhocail sna habairtí seo a leanas san uimhir iolra:

1. Chonaic mé an fear ag an doras.2. Chuala mé an bhean ag caint lena cara.3. Scríobh an gasúr litir.4. Bhí úll ag fás ar an chrann.5. Bhí seol ar an bhád.6. Rith an leanbh amach ar an bhóthar.

B. Scríobh na hainmfhocail seo a leanas san Uimhir Iolra:

1. an camán 4. an peann 7. an carr 10. an dán2. an cupán 5. an mac 8. an lón 11. an ceol3. an gort 6. an t-oileán 9. an scéal 12. an saol.

C. Scríobh na hainmfhocail seo a leanas san Uimhir Iolra:

1. an chluas 4. an scuab 7. an ghirseach 10. an duilleog2. an fhuinneog 5. an tsráid 8. an lámh 11. an áit3. an mhuc 6. an tseachtain 9. an chos 12. an choill.

D. Scríobh na hainmfhocail seo a leanas san Uimhir Iolra:

1. an t-am 4. an rás 7. an feirmeoir 10 an altóir2. an cith 5. an sos 8. an buachaill 11. an troid3. an guth 6. an múinteoir 9. an bhliain 12. an rang.

Page 16: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III80

An Aidiacht: Na Céimeanna Comparáide

1. Tá trí chéim chomparáide ag an aidiacht:a. An Bhunchéimb. An Bhreischéimc. An tSárchéim.

2. Samplaí den Bhunchéim:Tá Liam ard.Tá Úna deas.Tá Seán mór.

3. Samplaí den Bhreischéim:Tá Liam níos airde.Tá Úna níos deise .Tá Seán níos mó.

4. Sampla den tSárchéim:

Is í Máire is airde.Is é Seán is sine.Is í Róise is áille.

5. Is ionann foirm don Bhreischéim agus don tSárchéim .

A. Scríobh an fhoirm cheart de na focail idir lúibíní:

1. An bhfuil an máistir níos (sean) ná é?2. Tá Seán níos (ard) ná Tomás ach is (láidir) Tomás ná é.3. Cé acu is (trom), cloch nó cleite?4. Is (ramhar) Pilib ná an máistir.5. Is (maith) liom caifé ná tae.6. Is (te) i bhfad an Afraic ná Éire.

Page 17: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 81

Cleachtadh: Na Céimeanna Comparáide

A. Scríobh na habairtí seo amach leis an fhoirm cheart de na focail idir nalúibíní:

1. Bhí an rothar níos (trom) agus níos (mór) ná an bhábóg.2. Bíonn an aimsir níos (tirim) agus níos (maith) sa samhradh.3. Is (ard) Conn ná Ciarán ach is (mall) é.4. Cé acu is (milis) siúcra nó mil?5. Tá mise níos (óg) ná an máistir ach is (ciallmhar) é.

B. Cuir an fhoirm cheart den aidiacht sna bearnaí:

1. Is ---- an Spáinn ná Éire. (te)2. Is ---- le Nóra bainne ná tae. (maith)3. Is ---- an ghrian ná an ghealach. (geal)4. Is í Nóra an cailín is ---- sa rang. (beag)5. Is é Seán an gasúr is ---- sa rang. (óg)6. Tá Máire níos ---- ná a deirfiúr. (deas)7. Tá an tae daor ach is ---- an líomanáid. (daor)8. Is ---- an obair sin ná obair Sheáin. (olc)9. Tá an lá seo fada go leor ach is ---- an tseachtain. (fada)

C. Scríobh breischéim chomparáide na n-aidiachtaí seo a leanas:

daor, saor, leathan, láidir, álainn, fada, gearr, lag, deas, fuar, úr.

Page 18: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III82

An Aimsir Ghnáthchaite

1. Úsáidtear an Aimsir Ghnáthchaite nuair a chuirtear síos ar rud arghnáth leis tarlú go minic.

2. Sampla:Dhúnadh Seán an doras gach lá anuraidh.

i.s. Ba ghnáth le Seán an doras a dhúnadh gach lá .....3. Iniúch na briathra seo:

Bhrisinn Ba ghnáth liom.... GhlanainnBhristeá Ba ghnáth leat.... GhlantáBhriseadh sé Ba ghnáth leis.... Ghlanadh séBhriseadh sí Ba ghnáth léi.... Ghlanadh síBhrisimis Ba ghnáth linn.... GhlanaimisBhriseadh sibh Ba ghnáth libh.... Ghlanadh sibhBhrisidís Ba ghnáth leo.... Ghlanaidís.

A. Scríobh an Aimsir Ghnáthchaite, gach pearsa, de na briathra seo aleanas:

cuir, tóg, druid, ól.

B. Scríobh gach lá anuraidh in áit gach lá sna habairtí seo a leanas:

1. Ólaim tae gach lá.2. Dúnaim an doras gach lá.3. Scuabann sé an seomra gach lá.4. Filleann siad abhaile gach lá.5. Fágann sí an scoil gach lá.6. Lasann siad an tine gach lá.7. Stadann an bus anseo gach lá.8. Seasann sé anseo gach lá.9. Ritheann siad chun tí gach lá.10. Titeann duilleoga gach lá.

Page 19: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 83

An Aimsir Ghnáthchaite

1. Úsáidtear an Aimsir Ghnáthchaite le cur síos a dhéanamh ar ghníomha tharlaíodh go rialta san am a chuaigh thart.

2. Iniúch na briathra seo:

Éirigh Ceannaigh

d'éirínn cheannaínnd'éiríteá cheannaíteád'éiríodh sé cheannaíodh séd'éiríodh sí cheannaíodh síd'éirímis cheannaímisd'éiríodh sibh cheannaíodh sibhd'éirídís cheannaídís.

A. Scríobh gach pearsa de na briathra seo san Aimsir Ghnáthchaite,dearfach:

tosaigh, imigh, bailigh.

B. Scríobh na briathra idir lúibíní san Aimsir Ghnáthchaite:

1. (Imigh) sé abhaile gach lá anuraidh.2. (Ceannaigh muid) milseáin gach lá anuraidh.3. (Bailigh) mé an bruscar sa seomra gach lá anuraidh.4. (Oscail) Seán an doras don mhúinteoir gach lá anuraidh.5. (Inis) sí an scéal céanna gach oíche anuraidh.

Page 20: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III84

Na Briathra Mírialta

1. Cuireann an Aimsir Ghnáthchaite in iúl amanna ar leith san am atá thartatá intuigthe sna focail:

de ghnáth, go minic, gach lá, uaireanta srl.2. Seo na Briathra Mírialta (an chéad phearsa) san Aimsir Ghnáthchaite.

bhínn bheirinn (ar)d'fheicinn d'fhaighinnchloisinn (chluininn) d'ithinndhéanainn deirinnthugainn théinn.thagainn

A. Mínigh an difear idir gach péire abairtí:

1. Bhí sé ag caint air. 3. Chuaigh sé abhaile. Bhíodh sé ag caint air. Théadh sé abhaile.

2. Dúirt sé liom é. 4. Bhí mé ansin. Deireadh sé liom é. Bhínn ansin.

B. Scríobh na habairtí seo a leanas san Aimsir Ghnáthchaite.

1. Téim chun na scoile. 4. Ithim an t-arán.2. Tagann sé anseo gach lá. 5. Faigheann sé an leabhar.3. Cluinim an t-amhrán. 6. Feicim mo chairde go minic.

Page 21: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 85

An Chopail: is: An Aimsir Chaite: ba

1. Ba an fhoirm den Chopail san Aimsir Chaite.2. Úsáidtear b' roimh ghuta nó fh .3. Níor an fhoirm dhiúltach (Níorbh roimh ghuta nó fh ).4. Ar an fhoirm cheisteach (arbh roimh ghuta nó fh ).5. Gur agus nár (gurbh agus nárbh ) an fhoirm spleách.6. Scríobhtar ba roimh ea, é, í, iad.

A. Scríobh na habairtí seo a leanas san Aimsir Chaite:

1. Is lá breá é. 5. An fear mór é?2. Is iontach an fear é? 6. An áit dheas í?3. Is bean mhaith í. 7. An múinteoir é?4. Is crann ard é. 8. An dochtúir é?

B. Scríobh na habairtí seo a leanas san Aimsir Láithreach:

1. Ba é Art an rí. 5. Ba mhilltineach an tubaiste é.2. Ar fheirmeoir é? 6. B'olc an gníomh é.3. Nárbh fheirmeoir é. 7. Ba dheas an t-amhrán é.4. B'iontach an lá é. 8. Arbh é sin an dochtúir?

C. Freagair na ceisteanna:

1. Ar shagart Fionn Mac Cumhaill?2. An cat óg Lasaí?3. An féidir leat Gaeilge a léamh?4. An maith leat milseáin?5. An deas leat an samhradh?6. An dochtúir í do mhamaí?

Page 22: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III86

Dul Siar

A. Scríobh na habairtí seo san Aimsir Ghnáthchaite:

1. Chuir mé mo chuid éadaigh orm gach lá anuraidh.2. Chaith sé clocha sa loch gach lá anuraidh.3. Tháinig mé abhaile go luath gach lá anuraidh.4. Thug mé milseáin di gach lá anuraidh.5. Rinne mé an obair bhaile gach lá anuraidh.

B. Scríobh na huimhreacha seo i bhfocail:

(1) 19 (2) 36 (3) 89 (4) 126 (5) 986 (6) 1386.

C. Scríobh gan figiúirí a úsáid:

1) 4 (carr) 7) 9 (lá)2) 8 (peann) 8) 10 (ceann)3) 7 (spáslong) 9) 7 (cupán)4) 3 (cuisneoir) 10) 6 (téip)5) 2 (teach) 11) 9 (ceirnín)6) 5 (bord) 12) 8 (cú).

D. Scríobh amach na habairtí leis an fhoirm cheart de na focail idir nalúibíní:

1. Is (sean) Liam ná Nóra.2. Is (óg) Úna ná Diarmuid.3. Bhí an aimsir go maith inné, beidh sí níos (maith) inniu.4. Tá Tomás ard ach tá Mícheál níos (ard) ná é.5. Seo an rang is (olc) agam.6. Tá Úna níos (álainn) ná Róise.

Page 23: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 87

Caol le Caol agus Leathan le Leathansan Aimsir Fháistineach

1. Is riail iontach simplí í.2. Tá cúig ghuta sa Ghaeilge: a e i o u.3. Tá a, o, u leathan. Tá e agus i caol.4. Bíonn an riail seo ina cuidiú againn agus an Aimsir Fháistineach á

scríobh againn.5. Iniúch na briathra seo:

fanfaidh mé brisfidh mé.

a an guta deireanach sa bhriathar fan . Mar sin de tá an focal leathan.-faidh an foirceann leathan.i an guta deireanach sa bhriathar bris . Mar sin de tá an focal caol.-fidh an foirceann caol.

6. Éirigh agus Ceannaigh: igh = caol aigh = leathan.Mar sin de: éireoidh mé ceannóidh mé.

A. Scríobh na briathra seo san aimsir fháistineach,i.s. cuir fidh nó faidh leo:

1.glan 4. caith 7. preab 10. tit2. rith 5. las 8. scread 11. lig3. tóg 6. íoc 9. scuab 12. lean.

B. Scríobh na briathra seo san aimsir fháistineach:

1. ainmnigh 4. bailigh 7. ordaigh2. ceartaigh 5. cuidigh 8. tosaigh3. iompaigh 6. imigh 9. scrúdaigh.

Page 24: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III88

"Ag Dul"

1. Deirtear agus scríobhtar minic go leor:

a. Tá mé ag dul milseáin a fháil.b. Tá sé ag dul obair a dhéanamh.

TÁ SEO CONTRÁILTE.

a. Tá mé ag dul a fháil milseán.(ginideach iolra)

b. Tá sé ag dul a dhéanamh oibre.(ginideach uatha)

TÁ SEO CEART.

A. Bain na lúibíní de na focail agus athraigh na habairtí dá réir:

1. Tá mé ag dul (an milseán a ithe).2. Tá mé ag dul (an cluiche a imirt).3. Tá mé ag dul (an scéal a inse).4. Tá mé ag dul (an teach a thógáil).5. Tá mé ag dul (na suimeanna a dhéanamh).6. Tá mé ag dul (an bainne a ól).7. Tá mé ag dul (an deoch a cheannach).8. Tá mé ag dul (an bhean a fháil).

Page 25: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 89

Ainmfhocail

1. Tá 5 díochlaonadh sa Ghaeilge: seo mar a dhíochlaontar iad:

An Uimhir Uatha 1ú 2ú 3ú 4ú 5ú

An Tuiseal Ainmneach an fear an chos an bádóir an cailín an chathairAn Tuiseal Cuspóireach an fear an chos an bádóir an cailín an chathairAn Tuiseal Ginideach an fhir na coise an bhádóra an chailín na cathrachAn Tuiseal Tabharthach san fhear don chois don bhádóir don chailín sa chathairAn Tuiseal Gairmeach a fhir a chos a bhádóir a chailín a chathair

An Uimhir Iolra

An Tuiseal Ainmneach na fir na cosa na bádóirí na cailíní na cathrachaAn Tuiseal Cuspóireach na fir na cosa na bádóirí na cailíní na cathrachaAn Tuiseal Ginideach na bhfear na gcos na mbádóirí na gcailíní na gcathrachaAn Tuiseal Tabharthach sna fir do na cosa do na bádóirí do na cailíní sna cathrachaAn Tuiseal Gairmeach a fheara a chosa a bhádóirí a chailíní a chathracha

A. Scríobh na hainmfhocail seo san uimhir iolra, ginideach:

1. an bord (1) 7. an cóta (4)2. an bhróg (2) 8. an áit (2)3. an múinteoir (3) 9. an litir (5)4. an fhuinneog (2) 10. an cara (5)5. an seomra (4) 11. an carr (1)6. an gort (1) 12. an dochtúir (3).

B. Scríobh na hainmfhocail seo san uimhir uatha, Ginideach:

1. an lámh (2)2. an bád (1)3. an fiaclóir (3)4. an rang (3)5. an bata (4)6. an leabhar (1)

7. an long (2)8. an cnoc (1)9. an roth (3)10. an fear (1)11. an mac (1)12. an spideog (2).

Page 26: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III90

Contrárthachtaí: so- agus do- (srl.)

1. Tá roinnt samplaí sa Ghaeilge d'fhocail mar seo:

sona ≠ donasaibhir ≠ daibhirsoineann ≠ doineann.

2. Do-dodhéantadothuigthedofheicthe.

3. Neamh-neamhshuimneamhníneamhrialta.

A. Scríobh contrárthachtaí na n-ainmfhocal seo:

1. sonas2. suairc3. sólás

4. sochar5. sochma6. sócúl.

B. Scríobh contrárthachtaí na n-ainmfhocail seo:

1. neamhbheo2. neamhbhalbh3. neamhbhrí

7. neamhchruinn8. neamhfhalsa9. neamhphósta.

4. neamhchinnte5. neamhchead6. neamhord

C. Scríobh contrárthachtaí na n-ainmfhocal seo:

1. suimiúil2. spleách3. blasta

4. críonna5. cosúil6. claonta.

Page 27: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 91

Le, do, ar - Na Réamhfhocail

Cuir isteach an fhoirm cheart de na réamhfhocail le, do, ar sna habairtíseo a leanas:

1. Rug Séamus -- an pheil.2. Thug sé punt dom agus bhí áthas --.3. D'éist sí -- an cheirnín.4. Ghlaoigh Siún -- a mamaí.5. Gheall Seán an leabhar -- agus d'imigh mé --.6. Thug Róise an mála -- Bhrónach.7. D'iarr mé punt -- agus d'imigh mé --.8. D'inis an sagart an scéal -- agus chreid mé é.9. Smaoinigh mé -- an scéal a d'inis sé --.10. Dhíol Seán a charr -- na fir sin.11. Thosaigh Cormac -- an obair.12. Bhuail Liam cnag -- an fhuinneog.13. Abair -- Ciarán nach bhfuil Seán ann.14. D'fhan Feardorcha ag imirt peile -- chara.15. D'amharc an múinteoir -- an chlog.16. Bhuaigh Aontroim -- Chorcaigh!17. Chuidigh Liam -- san obair a bhí á déanamh agam.18. Thaispeáin Sorcha a leabhar nua --.

Page 28: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III92

Na Forainmneacha Réamhfhoclacha

A. Líon gach bearna thíos le forainm réamhfhoclach oiriúnach:

1. Tháinig fearg (ar: sé).2. Ar inis tú scéal (do: sí).3. Cad é tá ag teastáil (ó: sé)?4. Fág (faoi: mise) é.5. Bain (de: tú) do chóta.6. Bhain an obair allas (as: sinn).7. Déan rud (ar: mé).8. Tá punt (ag: sí) (ar: sé).9. Tá aithne (ag: mé) (ar: í).10. Níl a fhios (ag: muid).

B. Amharc ar an sampla:ag na cailíní = acu.

Scríobh na forainmneacha réamhfhoclacha a fhreagraíonn do naleaganacha seo a leanas:

1. roimh an teach2. ar an chailín3. den chapall4. leis na fir5. ó na páistí

6. don bhean bhocht7. idir na buachaillí8. ag an bhean9. sa pháirc10. chuig an doras.

Page 29: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 93

Foirmeacha Coibhneasta

1. Féach na samplaí seo:a. Sin an fear atá tinn.b. Sin an fear a bhfuil a mhac tinn.c. Sin an fear a bhí ag caint.d. Sin an fear a raibh a mhac ag caint.

2. Déan abairt amháin de gach péire díobh seo:

1. Sin an cailín. Tá sí ag damhsa.2. Sin an cailín. Tá a cara ag damhsa.3. Sin an carr. Tá sé briste.4. Sin an carr. Tá a dhoras briste.5. Sin an buachaill. Bhí sé tinn inné.6. Sin an buachaill. Bhí a athair tinn.7. Cé hí an bhean? Tá sí ag rith.8. Cé hí an bhean? Tá cóta dearg uirthi.9. Cé hé an fear? Tá sé ag léamh.10. Cé hé an fear? Tá leabhar dearg aige.

Page 30: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III94

An Saorbhriathar (1): An Aimsir Láithreach

1. Amharc na samplaí seo:a. Óltar bainne gach lá.b. Caitear tobac in Éirinn.c. Scríobhtar aistí sa scoil.

2. Is ionann Óltar, Caitear, Scríobhtar agus ólann siad, caitheann siad,scríobhann siad. Ach is fearr i bhfad an stíl: óltar, srl.

Is é sin nach bhfuil a fhios agat cé atá ag déanamh an ghnímh ach gondéantar é.

3. Athraigh an focal siad in achan chás thíos:

1. Feiceann siad an bus gach lá.2. Díolann siad siúcra sa siopa.3. Glanann siad an scoil gach lá.4. Tugann siad obair bhaile dom go minic.5. Baineann siad an féar i mí Iúil.6. Scuabann siad an t-urlár go minic.7. Dúnann siad an doras gach tráthnóna.8. Itheann siad arán gach maidin.

Page 31: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III 95

Dul Siar

1. Scríobh na hainmfhocail seo a leanas san Uimhir Iolra:

1. an áit2. an t-éan3. an long4. an fhuinneog5. an lá6. an carr

7. an uair8. an t-úll9. an halla10. an bord11. an pháirc12. an gasúr.

2. Scríobh na habairtí seo a leanas:(a) san Aimsir Láithreach agus (b) san Aimsir Fháistineach:

1. Tháinig sé abhaile.2. Chuaigh mé abhaile.3. Ghlan tú an bord.4. Chonaic mé an cailín.5. D'ól sí cupán tae.6. Bhuail tart é.7. Chuala mé amhrán.8. Chaith sé trí phunt.

3. Scríobh san Aimsir Ghnáthchaite:

1. Bhí mé.2. Chonaic mé.3. Rinne mé.4. D'ith mé.

5. Chuaigh mé.6. Rug mé air.7. Chuala mé.8. Fuair mé.

4. Scríobh i bhfocail:

(1) 24(2) 186(3) 324

(4) 119(5) 2400(6) 3009

(7) 792(8) 1392(9) 8001.

Page 32: An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach · Fháistineach, agus (c) san Fhoirm Dhiúltach den Aimsir Chaite . D'éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin inné. Nigh mé m'aghaidh

Leabhar Gramadaí III96

Clár

Cuid a Trí

65. An tAinmfhocal: Firinscneach agus Baininscneach66. Na hAimsirí:

An Aimsir Chaite, An Aimsir Láithreach, An Aimsir Fháistineach67. An Tuiseal Ginideach68. An Tuiseal Tabharthach69. Insint Dhíreach70. Claoninsint71. Abairtí: An Fhaisnéis agus an tAinmní: Dul Siar72. Na Briathra Mírialta73. Na Briathra Mírialta: An Fhoirm Dhiúltach74. An Uimhir Iolra: An Chéad Díochlaonadh75. An Chopail76. Dul Siar77. Na hUimhreacha: Bunuimhreacha (1)78. Bunuimhreacha (2)79. Cleachtadh ar an Uimhir Iolra80. An Aidiacht: Na Céimeanna Comparáide81. Cleachtadh: Na Céimeanna Comparáide82. An Aimsir Ghnáthchaite (1)83. An Aimsir Ghnáthchaite (2)84. Na Briathra Mírialta: An Aimsir Ghnáthchaite85. An Chopail: is : An Aimsir Chaite: ba86. Dul Siar87. Caol le Caol agus Leathan le Leathan san Aimsir Fháistineach88. "Ag dul"89. Ainmfhocail90. Contrárthachtaí: so- agus do- , agus araile91. Le, Do, Ar - Na Réamhfhocail92. Na Forainmneacha Réamhfhoclacha93. Foirmeacha Coibhneasta (1)94. An Saorbhriathar (1): An Aimsir Láithreach95. Dul Siar