teist gaeilge 27 · 2020. 5. 31. · 14. bíon cuma álainn ar bhláthanna sa samhradh agus is...

19
Teist Gaeilge 27 Fad Ama: 50 bomaite

Upload: others

Post on 15-Feb-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • 0

    Teist Gaeilge

    27

    Fad Ama: 50 bomaite

  • 1

    Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.

    Clár leathanach Cormac Mac an Ailín 2 Meancóga Litrithe 5 Na Rómhánaigh 6 Meancóga Poncaíochta 10 Turas go Meiriceá 11 Ceisteanna Ginearálta 15 Gluais 16 Leabharliosta 16 Innéacs 16

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 2

    Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

    Cormac Mac an Ailín (Arna chur in oiriúint ó M. Harte (2010) Beatha agus Bua) Fear óg, lúfar, ildánach, ionraic a bhí i gCormac. Duine a bhí ann a raibh grá aige dá thír agus do chultúr na hÉireann. Ar ndóigh, peileadóir den scoth a bhí ann fosta. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann pheile Thír Eoghain agus bhí gach gradam de chuid Chumann Luthchleas Gael bainte aige. Múinteoir staire a bhí ann go príomha i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha, ach theagasc sé ábhair eile chomh maith amhail Polaitíocht agus Fraincis. Bhí sé 24 bliain d’aois agus an saol mar a d’iarrfadh a bhéal é a bheith agus go fóill eile le teacht nuair a fuair sé bás de ghalar croí i lár na hoíche. Bhí Cormac ar dhuine de na himreoirí is éirimiúla agus is fearr sa tír seo riamh. Bhí sé ábalta imirt i lár na páirce agus mar lánchúlaí chomh maith. D’imir sé dá chlub áitiúil ar an Eaglais i dTír Eoghain. D’imir sé fosta do Chontae Thír Eoghain ar ndóigh. Bhain sé bonn Uile-Éireann le foireann na mionúr agus dhá bhonn Uile-Éireann leis an fhoireann faoi 21. Ach is sa Chraobh Uile-Éireann sa bhliain 2003 le foireann sinsear Thír Eoghain is mó a bheidh cuimhne ag daoine air. Bhí Tír Eoghain sa Chluiche Ceannais den chéad uair ó 1995 nuair a chaill siad in éadan Baile Átha Cliath. Níor bhain Tír Eoghain Corn Mhig Uidhir go dtí sin agus bhí siad le himirt in éadan Chiarraí – an contae is rathúla riamh sa pheil Ghaelach. Bhí an bua ag Tír Eoghain, áfach, agus bhí muintir Thír Eoghain thar a bheith bródúil as an fhoireann ar fad, agus as Cormac ach go háirithe, nuair a thóg siad Corn Mhig Uidhir den chéad uair. Ach, ar an 2ú Márta 2004, fágadh an aisling sin ina smidiríní. Druideadh de phlab an doras sin roimhe. Fágadh a mhuintir agus pobal na hÉireann araon faoi bhrón. Bhí Cormac díreach i ndiaidh teacht abhaile ó bhabhta traenála an oíche Luain sin. Chaith sé tamall ag amharc ar thráth na gceist ar an teilifís. I ndiaidh tamaill, chuaigh sé a luí mar ba ghnách. Níor shamhlaigh a mhuintir riamh, áfach, gurb í sin an uair dheireanach a dhéanfadh sé an turas sin chuig a sheomra leapa. I lár na hoíche, thart ar a trí a chlog, tháinig an bás go tobann air agus sciob leis duine de réaltaí móra na tíre seo. Galar croí a ba chúis leis an bhás. Mairfidh cuimhne ar Chormac go deo. Bunaíodh scéim spóirt samhraidh – Campa Chormaic – i gcuimhne air. Bunaíodh Iontaobhas Chormaic i gcuimhne air le hobair a dhéanamh in éadan bás tobann daoine óga sa spórt. Cuireann Iontaobhas Chormaic dífhibrileoirí agus tastálacha croí ar fáil. Tugtar anois ‘Corn Chormaic Mhic an Ailín’ ar chorn na gComhrialacha – comórtas idirnáisiúnta peile idir Éire agus an Astráil. Cumadh amhráin ina onóir. Ach, thar aon rud eile, is i gcroí mhuintir na hÉireann is faide a mhairfidh a chuimhne mar laoch, mar Ghael agus mar fhear óg speisialta a rinne a dhícheall i ngach gné dá shaol. Ní bréag a rá nach mbeidh a leithéid arís ann.

    1 5 10 15 20 25 30 35

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 3

    1. Cá mhéad bonn uile-Éireannach faoi 21 a bhain Cormac? A 1 B 2 C 3 D 4 E 5 2. Cén post a bhí ag Cormac? A fiaclóir

    B dochtúir

    C múinteoir

    D búistéir

    E súinéir 3. Cá raibh sé ag obair? A Naomh Muire

    B An Trionóid Naofa

    C Naomh Pádraig

    D Scoil Iósaef

    E Coláiste Chaitríona 4. Cad é an príomh-ábhar a theagasc sé? A corpoideachas

    B Fraincis

    C Gaeilge

    D stair

    E matamaitic 5. Cad é an club áitiúil s’aige? A An Eaglais

    B Na Fianna

    C Cumann Uí Raithille

    D Breac an Bhille

    E Doire Locháin

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 4

    6. Cén bhliain inar bhain Tír Eoghain Corn Sam Mhig Uidhir den chéad uair? A 1980 B 1995 C 2003 D 2005 E 2006 7. Cé a fuair an bua ar Thír Eoghain sa chluiche ceannais i 1995? A Baile Átha Cliath

    B Aontroim

    C Ard Mhacha

    D Dún na nGall

    E Ciarraí 8. Cé a bhí Tír Eoghain ag imirt nuair a bhain siad an Sam Mag Uidhir den chéad

    uair? A Baile Átha Cliath

    B Aontroim

    C Ard Mhacha

    D Dún na nGall

    E Ciarraí 9. Cad é an t-ainm atá ar an champa spóirt samhraidh a bunaíodh i ndiaidh dó bás a

    fháil? A Cúl Campa

    B Campa Thír Eoghain

    C Campa Uladh

    D Campa Chormaic 10. Cad é an rud é difhibrileoir (líne 34)? A meaisín a chuidíonn le duine análú má thiteann siad i laige

    B meaisín a dheisíonn cnámha atá briste

    C meaisín a chuireann fuil sa chorp má chaill duine barraíocht

    D meaisín a thugann turraing leictreachas don chroí má stopann sé

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 5

    Tá meancóga litrithe sna habairtí seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

    Meancóga Litrithe 11. Bíonn breis agus dhá chéad cnámh i gcorp an duine, le cuid mhór acu sna cossa.

    12. Bíonn dhá scamhóg ag daoine as a mbaineann siad úsáid le hanálú.

    13. Is iad na súile, na cluasa, an craiceann, an tsrónn agus an teanga na horgáin chéadfaíocha.

    14. Bíon cuma álainn ar bhláthanna sa samhradh agus is maith linn torthaí blasta a ithe.

    15. Bíonn damháin alla agus scairpeanna ag rith thart ar an tallamh ach ní feithidí iad.

    16. Is iad na héin an t-aon chineál ainmhí ar an domhan a mbíonn cleití orthu.

    17. Bíonn croí talún ann nuair a chuimlíonn plátaí ollmhór faoin talamh le chéile.

    18. Baineann feirmóireacht le barra a shaothrú agus stoc a thógáil chun bia a chur ar fáil.

    19. Tá daoine ag imirt peile Ghealach agus ag iomáint le fada an lá in Éirinn.

    20. Is í an Rúis an tír is mó ar an dobhan, beagnach chomh mór le Meiriceá agus Ceanada.

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 6

    Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

    Na Rómhánaigh (Arna chur in oiriúint ó M. Ó Cléirigh (2007) Leabhar Mór an Eolais)

    Chruthaigh na Rómhánaigh ceann de na himpireachtaí is mó riamh. Ba í an Róimh, atá san Iodáil sa lá inniu, príomhchathair den impireacht ón tús. Faoin bhliain 100 RC nó mar sin shín impireacht na Róimhe ón Bhreatain, trí thailte na Meánmhara uile go dtí an tSiria thoir. Bhí bóithre pábháilte ó cheann na himpireachta. Ba chuma cá lonnaigh na Rómhánaigh, thug siad leo a slí maireachtála agus a dteanga féin, an Laidin. An tArm Thar aon rud eile ba é Arm na Róimhe a chruthaigh an impireacht. Chuir sé pobail eile faoi smacht, thóg sé dúnta agus bóithre agus choinnigh tailte na Rómhánach saor ó ionsaithe. Bhí saighdiúirí coise na Rómhánach eagraithe ina léigiúin ina mbíodh tuairim is 5000 fear. Bhíodh dhá gha le caitheamh, chomh maith le sciath agus claíomh le húsáid i ngarchomhrac ar iompar acu. Bhíodh saighdiúirí eile – an marcshlua – ar muin capall. Na Proibhinsí Rinne na Rómhánaigh na tailte a bhí gafa acu ina réigiúin ar a dtugtar proibhinsí. Thóg siad teampaill in onóir dá ndéithe Rómhánacha agus mheall siad lucht na háite chun aithris a dhéanamh ar shlí maireachtála na Rómhánach. An Gnáthshaol Leag na Rómhánaigh amach a gcuid bailte go slachtmhar. Bhíodh áit tionóil ar a dtugtaí an fóram i lár baill. I gcás formhór na ndaoine sa Róimh bhí cónaí orthu in árasáin os cionn siopaí agus ceardlanna. Ach bhíodh tithe a mbíodh teas lárnach faoina gcuid urlár agus gairdíní ag dul leo ag na daoine saibhre. Trí phíopaí a thugtaí uisce go dtí tithe, gnólachtaí, fuaráin agus folcadáin phoiblí. Ó Phoblacht go hImpireacht Poblacht a bhí sa Róimh i dtús ama agus beirt chonsal i gceannas. Bhí parlaimint de shórt ann chun dlithe nua a chlárú. Sa bhliain 27RC, rinne Octavius, mac altrama Julius Caesar, impire de féin agus ghlac chuige an t-ainm nua Agustus. Ba iad an dá chéad bliain ina dhiaidh sin an tréimhse is síochánta i stair na Róimhe. Deireadh leis an Impireacht Ón bhliain 200AD bhí roinnt impirí laga ann, rud a d’fhág nach raibh impireacht na Róimhe slán ó ionsaithe. Sa bhliain 33AD d’aistrigh an tImpire an phríomhchathair ón Róimh soir go Byzantium (Iostanbúl an lae inniu). Bhí tréibheanna ón tuaisceart ag brú isteach in iarthar na himpireachta go dtí faoi dheireadh sa bhliain 410AD thit an Róimh. An Impireacht Bhiosántach a tugadh feasta ar oirthear na himpire.

    1 5 10 15 20 25 30 35

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 7

    21. Cén tír an lae inniu ina bhfuil an Róimh? A Albain B Éire C Sasana D Ceanada E an Iodáil 22. Cén teanga a labhair na Rómhánaigh? A Gréigis

    B Gaeilge

    C Béarla

    D Laidin 23. Cá mhéad saighdiúirí a bhí i léigiún? A 50

    B 500

    C 5000

    D 50,000

    E 500,000 24. Cén t-ainm a bhí ar an ghrúpa saighdiúirí a bhí ar muin capall? A tuadóirí

    B boghdóirí

    C ridirí

    D marcshlua 25. Cad é a thóg na Rómhánaigh sna proibhinsí? A airéiní

    B sólanna

    C amharclanna

    D fóraim

    E teampaill

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 8

    26. Cén áit ar chónaigh formhór na ndaoine sa Róimh? A feirm B árasáin C siopaí D tithe E páláis 27. Cad é an rud é fóram? A áit troda

    B áit tionóil

    C áit siamsaíochta

    D áit itheacháin

    E áit níocháin 28. Cá raibh an teas lárnach i dtithe na Rómhánach? A san áiléar

    B faoin urlár

    C taobh thiar de na ballaí

    D sa ghairdín

    E sa seomra folctha 29. Cad é an t-ainm atá ar mhac altrama Julius Caesar? A Marcus

    B Plato

    C Brutus

    D Octavius

    E Nero 30. Cad é an t-ainm nua a ghlac Octavius? A Julius

    B Augustus

    C Brutus

    D Marcus

    E Nero

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 9

    31. Cén bhliain inar aistrigh an tImpire an phríomhchathair ón Róimh go dtí Byzantium?

    A 100RC

    B 27RC

    C 33AD

    D 410AD 32. Cad é an t-ainm atá ar Byzantium na laetha seo? A Baile Átha Cliath

    B Beirlin

    C Maidrid

    D Mecca

    E Iostanbúl 33. Cá huair a thit an Róimh? A 100RC

    B 27RC

    C 33AD

    D 410AD 34. Cad é an rud é fuarán? A seomra i dteach a choinníonn bia fuar

    B píobáin a thugann uisce te isteach sa teach

    C áit a seasann daoine san fhóram le labhairt

    D ornáid gairdín ina mbíonn uisce ag sceitheadh suas san aer

    E áit chócaireachta in árasán

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 10

    Sna habairtí seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

    Meancóga Poncaíochta 35. Tá an chlann ag dul go dtí an ghearmáin ar a laethanta saoire an bhliain seo chugainn.

    36. Thug an chlann cuairt ar chaisleán mór nuair a bhí siad ar a laethanta saoire

    37. Thit mo dheirfiúr ina Codladh nuair a chuaigh muid go dtí an phictiúrlann.

    38. Téann daidí agus na páistí chuig an linn snámha gach satharn de ghnáth.

    39. Chonaic muid goráille simpeansaí agus babún sa zú ar an Domhnach.

    40. Is maith liom bheith ag éisteacht le ceoil nuair a dhéanaim mobair bhaile.

    41. Tá an ríomhaire s’agam iomlán briste mar thit sé den tolg agus bhuail sé an turlár.

    42. léim an gasúr dalba agus rug sé ar an chiseán cispheile chun é a bhriseadh.

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    A B C D

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 11

    Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

    Turas go Meiriceá (Arna chur in oiriúint ó P. Ó Néill (2010) Turas go Meiriceá, T Myler a mhaisigh)

    Cnag trom ar an doras a dhúisigh mé. Bhí grian gheall na maidine ag soilsiú trí fhuinneog bheag mo sheomra. Chuala mé m’athair ag éirí chun an doras a oscailt. Chuir mé cluas orm féin mar bhí sé aisteach duine a bheith ag teacht chun tí chomh luath sin ar maidin. Seosamh, ár gcomharsa béal dorais, a bhí ann. “Is dona liom cur isteach oraibh chomh luath seo ar maidin, a Shéamais, ach tá drochscéala agam daoibh. Tá an dubh ar na prátaí.” Bhí tocht ina ghlór amhail is dá mba scéala báis a bhí leis. “Ó, ná habair é!” arsa m’athair agus scéin ina ghlór féin. “Téanaim ort go dtí an gort agus amharc duit féin.” Cé nach raibh mé ach deich mbliana d’aois san am is rómhaith a thuig mé an scéal. Sháigh mé mo cheann isteach faoin phlúid agus d’fhan mé sa leaba. Cuid thábhachtach dár saol ba ea an ceol sular tháinig an drochshaol. Bhí cluas mhaith don cheol agam agus dúil mhór agam ann ó bhí mé an-óg. Bhí fidil ag mo sheanathair agus is é a theagasc dom an dóigh le seinm uirthi. Tráthnóna amháin go gairid i ndiaidh dúinn an drochscéal a fháil ghlaoigh sé i leataobh orm agus chuir sé a dhá lámh thart orm. “A Tam, a mhac,” ar seisean, “níl ionam feasta ach seanduine tuirseach. Tá mé róshean le hobair a dhéanamh agus níor mhaith liom dul isteach i dTeach na mBocht. Ní fad eile go dtiocfaidh an bás orm.” Leis sin thug sé an fhidil dom. “Is leatsa í seo feasta,” ar seisean. “Tabhair aire mhaith di. Amharc uirthi mar chara dílis. Tabharfaidh sí sólás duit nuair a bheidh buairt nó uaigneas ort.” Cé nach raibh prátaí againn níor bhaol go bhfaighimis bás den ocras láithreach. Bhí neart cabáiste againn agus bhí muid tinn tuirseach de faoin am sin. Bhí uibheacha na gcearc againn agus bhí bainne na haon bhó againn fosta. Ach níor leor sin chun an t-ocras a choinneáil uainn, go háirithe m’athair. I ndiaidh cúpla seachtain bhí sé éirithe chomh tanaí sin go raibh a chuid éadaigh ar crochadh go liobarnach. Thosaigh sé ag marú na gcearc. Ach cad é a tharlódh nuair a bheadh na cearca uilig marbh? Agus an gheimhreadh an teannadh linn, cad é a dhéanfaimis ansin? Stop mé de bheith ag dul ar scoil mar bhí mé ró-ocrach agus ró-lag chun foghlaim. Fuair Daideo bás cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Murach go bhfaca mé é ina chorpán ní chreidfinn go n-imeodh sé chomh gasta sin. Bhí an bás ar gach taobh din. Bhí na comharsa sa dúiche máguaird ag fáil bháis. Níorbh é an t-ocras féin a mharaigh a bhformhór ach an fiabhras. Bhí a lán eile nár fhan leis an bhás ach thug a n-aghaidh ar Theach na mBocht nó ar Mheiriceá. Níorbh aon iontas gur thosaigh m’athair ag smaoineamh ar éalú ón mhí-ádh agus an tubaiste.

    1 5 10 15 20 25 30 35 40

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 12

    43. Cé a d’oscail an doras ar maidin? A Tam B Daidí C Daideo D Seosamh 44. Cad é dhúisigh Tam ar maidin? A callán sa tsráid

    B toirneach

    C clog alaraim

    D an choileach

    E cnag ar an doras 45. Cad é a bhí cearr leis na prátaí? A bhí an donn orthu

    B bhí an bán orthu

    C bhí siad oráiste

    D bhí siad bándearg

    E bhí an dubh orthu 46. Cén aois Tam? A 4

    B 6

    C 8

    D 10

    E 12 47. Cén uirlis cheoil a bhí ag sean-athair Tam? A giotár

    B fidil

    C drumaí

    D pianó

    E bosca ceoil

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 13

    48. Cad é, go príomha, a d’ith siad in áit prátaí? A meacáin bhána

    B cabáiste

    C cóilís

    D tornapa

    E pónairí 49. Cá mhéad bó a bhí ag an teaghlach? A 1

    B 2

    C 3

    D 4

    E 5 50. Cad é a tharla do na cearca i ndiaidh cúpla seachtain? A sciobadh iad

    B d’ith madadh rua iad

    C thosaigh daidí á ndíol

    D thosaigh daidí á marú

    E thosaigh daidí á dtabhairt ar shiúl 51. Cad chuige ar stop Tam de bheith ag dul ar scoil? A Bhí an bus briste síos.

    B Rinneadh Teach na mBocht den scoil.

    C Bhí an scoil druidte.

    D Bhí sé ró-lag agus ró-ocrach.

    E Bhí an múinteoir tinn.

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 14

    52. Cén fáth ar thosaigh na comharsana máguaird ag fáil bháis? A bádh iad

    B ocras

    C mharaigh daidí iad

    D fiabhrás 53. Cad é a dtiocfadh leis na daoine a dhéanamh in áit fanacht sa bhaile leis an bhás? A dul chuig Teach na mBocht

    B bia a cheannach sna siopaí

    C fanacht go dtí go bhfásann na prátaí arís

    D bia a sciobadh ó na tithe saibhre 54. Cad é eile a dtiocfadh leis na daoine a dhéanamh in áit fanacht sa bhaile leis an

    bhás? A dul chuig chógaslann

    B dul chuig an Rúis

    C dul chuig an dochtúir

    D dul go Meiriceá 55. Cad is ciall leis an fhocal máguaird (líne 36)? A cóngarach

    B i bhfad ar shiúl

    C i dtír eile

    D faoin talamh

    E ar bharr sléibhe

    Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

  • 15

    Ceisteanna Ginearálta

    Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ag an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.

    56. Cén leathanach sa pháipéar seo ar a mbeadh eolas faoin Róimh? A 2 B 6 C 11 D 15

    57. Cén focal atá san áit mhícheart sa Ghluais? A fibrileoir B sciath C fuarán D claíomh

    58. Cén sórt scríbhneoireachta é Turas go Meiriceá ar leathanach 11? A dán B ficsean C treoir D tuairisc

    59. Cé hé maisitheoir den scéal Turas go Meiriceá? A M Harte

    B Julis Caesar

    C T Myler

    D P Ó Néill

    60. Cén sórt scríbhneoireachta é Cormac Mac an Ailín ar leathanach 2? A tuairisc

    B beathaisnéis

    C treoir

    D aithris

  • 16

    Gluais claíomh uirlis troda atá déanta de mhiotal le faobhar géar fibrileoir meaisín a thugann turraing leictreachais don chroí do

    dhaoine ar stop an croí s’acu ga uirlis troda mar shlat fada biorach a chaitheann duine

    de ghnáth léigiún grúpa de 5000 saighdiúirí in arm na Rómhánach máguaird cóngarach, in aice proibhins ceantar ar leith de chuid impireacht na Róimhe fuarán ornáid gairdín óna mbíonn uisce a sceitheadh san aer sciath uirlis chosanta a úsáideann saighdiúir le stop a chur le

    builí

    Leabharliosta Harte, M. (2012) Beatha le Bua Ó Cléirigh, M (2007) Leabhar Mór an Eolais Ó Néill, P (2010) Turas go Meiriceá

    Innéacs

    Róimh, 6 Tír Eoghain, 2 Gorta Mór, 11

    DEIREADH NA TEISTE

  • 17

    Teist 27 - Leathanach Freagraí

    Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: TOSAIGH ANSEO

    54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    Scór

    1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    Leathanaigh 2 – 5

    Leathanach 6 (Meancóga Litrithe)

    Leathanaigh 7 – 9

    Leathanach 10 (Meancóga Poncaíochta)

    Leathanaigh 11 – 14

    Leathanach 15 (Ceisteanna Ginearálta)

    Ainm: ___________________

    Dáta na Teiste: ________________

    Dáta Breithe: ________________

  • 18

    Teist Gaeilge 27 - Freagraí

    54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

    43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

    Leathanaigh 2 – 4

    Leathanach 5 (Meancóga Litrithe)

    Leathanaigh 6 - 9

    Leathanach 10 (Meancóga Poncaíochta)

    Leathanaigh 11 – 14

    Leathanach 15 (Ceisteanna Ginearálta)