nuachtlitir an tsamhraidh 2018...turas seo i mí na samhna samhradh 2018 tá scoilbhliain eile...

6
Dátaí Tábhachtacha Athoscailt na Scoile 27/Lúnasa Turas na Gréige Beidh breis is 50 dalta ag dul ar an turas seo i Mí na Samhna SAMHRADH 2018 Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta saoire an tSamhraidh . Chuireamar isteach bliain eile an- mhaith a bhuí leis an obair chrua go léir a bhí ar siúl. Guím gach rath ar na daltaí i mbliain 6 agus 3 a bheidh ag tabhairt faoi na Scrúduithe Stáit go luath. Tá súil agam go n-éireoidh go maith leo agus go mbeidh siad sásta leis na torthaí nuair a thagann siad amach san Fhómhar. Bíodh samhradh sábháilte, sona agaibh go léir agus le cúnamh Dé beidh an aimsir go maith Beidh cúrsa na chéad bhliana ar siúl i mbliana ón 20-23ú Lúnasa agus gach duine ar ais ar scoil ar an 27ú Lúnasa Les Mis 14-18 Samhain Mí Eanáir Táimid ag súil dul chuig an mBord Gáis i Mí Eanáir chun Les Mis a fheiceáil.

Upload: others

Post on 21-Aug-2020

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir an tSamhraidh 2018...turas seo i Mí na Samhna SAMHRADH 2018 Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta

Dátaí Tábhachtacha

Athoscailt na Scoile 27/Lúnasa

Turas na Gréige

Beidh breis is 50 dalta ag dul ar an turas seo i Mí na Samhna

S A M H R A D H 2 0 1 8

Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta saoire an tSamhraidh . Chuireamar isteach bliain eile an- mhaith a bhuí leis an obair chrua go léir a bhí ar siúl. Guím gach rath ar na daltaí i mbliain 6 agus 3 a bheidh ag tabhairt faoi na Scrúduithe Stáit go luath. Tá súil agam go n-éireoidh go maith leo agus go mbeidh siad sásta leis na torthaí nuair a thagann siad amach san Fhómhar. Bíodh samhradh sábháilte, sona agaibh go léir agus le cúnamh Dé beidh an aimsir go maith

Beidh cúrsa na chéad bhliana ar siúl i mbliana ón 20-23ú Lúnasa agus gach duine ar ais ar scoil ar an 27ú Lúnasa

Les Mis 14-18 Samhain Mí Eanáir

Táimid ag súil dul chuig an mBord Gáis i Mí Eanáir chun Les Mis a fheiceáil.

Page 2: Nuachtlitir an tSamhraidh 2018...turas seo i Mí na Samhna SAMHRADH 2018 Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta

2

MEÁNSCOIL GHARMAN SAMHRADH 2018

Junk Kouture

Tugadh cuireadh do bheirt daltaí agus múinteoir amháin freastal ar pharlaimint an Aontais Eorpaigh le

linn laethanta saoire na Cásca. Chaith Jade Buttle agus Róisín Ní Bhriain an lá sa pharlaimint ag obair mar Fheisirí na Parlaiminte. Bhí deis acu labhairt le haistreoirí agus ateangairí na háite. Tháinig sé chun solais le linn an turais go bhfuil neart deiseanna ag baint leis an nGaeilge sa Bhruiséil. Chuir Liadh fáilte agus fiche rompu agus bhí an polaiteoir an-fhlaithiúil leo. Bhain na cailiní an-

súp as. Le hElaine

Bhí oíche againn lán le faisean agus ceol i Mí Feabhra agus chruthaigh an idirbhliain agus na ceoltóirí ar fad seó iontach dúinn. Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt ach go háirithe le Grace, Saoirse agus Sita, d’éirigh leo An 3 Arena a shroichint lena ngúna.

An Bhruiséil

Turas go Béal Feirste Nuair a shroicheamar cathair Bhéal Feirste tháinig bean darbh ainm Nollaig ar an mbus linn agus thug sí turas d’iarthar Bhéal Feirste dúinn. D’fhanamar sa bhrú idirnáisiúnta Farset. B’áit dheas í agus bhí na daoine ann an-chabhrach le haon rud a raibh ag teastáil uainn. Ar an dara lá chuamar go dtí Tithe an Rialtais i Stormont agus chuamar ar thuras timpeall an fhoirgnimh. Ansin chuamar go dtí an Titanic agus an W5. Bhí a lán eolais ar fáil ann agus bhí sé an-suimiúil. Níos déanaí san oíche, chuamar go dtí an phictiúrlann chun The Avengers a fheiceáil. An lá ina dhiaidh sin chanamar Lá Breithe Sona do Matilda. Chuamar go dtí Gaol Cruimlin Road agus Páirc Tayto ar an mbealach abhaile. Ba thuras iontach é agus molaim go hard é. Le Ciara, Taragh agus Matilda

This year a number of students from Transition Year took part in the Concern Debating competition. Jack Kirk, Jack Nolan-Whitney, Ethan D’arcy, Ethan Rogan-Kelly, Aaron Jackman, Oisín Cullen and Conor Ruth entered the competition in September and preparation began immediately. They took part in four rounds of debates competing against Gorey Community School, St. Peters College and CBS Wexford. They worked tirelessly over a period of five months researching and debating topics such as the A.I.D.S epidemic, the relationship between China and Africa, Genetically Modified Organisms and young peoples’ attitudes to the problems of the developing world. They travelled to Wexford and Gorey and also hosted two rounds of debates here in Meánscoil Gharman. These students put in endless hours of work, preparation and practice which paid off as they improved immensely as they continued into each round. The sheer dedication and hard-work that they put is greatly appreciated as they were all exceptional in representing our school as part of this competition. Undoubtedly, this experience helped them to gain more confidence in public speaking and has been an excellent tool in preparing them for senior cycle English. We look forward to having a large turn-out at the trials in September. Le Gillian

Díospóireachtaí Concern

Page 3: Nuachtlitir an tSamhraidh 2018...turas seo i Mí na Samhna SAMHRADH 2018 Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta

3

MEÁNSCOIL GHARMAN SAMHRADH 2018

Ceiliúradh 10 mbliana na scoile

Tá daltaí na hIdirbhliana tar éis an-obair a dhéanamh i mbliana ar an tionscadal Young Social Innovators – ‘Don’t Fuss, Just Discuss…Sexual Health’. Shroich siad Craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin. Maith sibh ar fad as páirt a ghlacadh agus an iarracht ar fad a rinne sibh chun an cur i láthair a chur le chéile don stáitse. Le David

Is deacair a chreidiúint ach tá ár scoil 10 mbliana d’aois i mbliana. Thosaíomar 10 mbliana ó shin le seachtar daltaí lonnaithe i dteach beag trasna ó fhoirgneamh na scoile. Anois is scoil rathúil muid le breis is 200 dalta scoile. An t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge sa cheantar agus muid ag dul ó neart go neart chuile bhliain. Bhí oíche cheilíurtha againn i Mí an Mhárta chun an t-éacht seo a cheiliúradh. Táimid ar fad ag súil go mór cur leis an rath seo sa chéad 10 mbliana atá amach romhainn.

YSI

Bhuaigh Conn Caomhánach agus Con Ó Meachair an Tionscadal is fearr ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann ag an bhféile réigiúnach Scifest san Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge i mbliana. Tugann sé seo deis do na buachaillí páirt a ghlacadh sa bhabhta ceannais san ionad chomhdhála i gColáiste Mharino i M na Samhna seo chugainn lena dtuismitheoirí. Rognófar foireann amháin chun dul ar aghaidh go dtí an comórtas ISEF i Phoenix, Arizona. Beidh Conn agus Con ag filleadh ar an taighde idir an dá linn chun barr feabhais a chur ar an tionscadal. Tá múinteoir Elaine an-bhrodúil go deo astu as ucht an méid atá bainte amach acu.Tá moladh tuillte ag Robbie Mac Giolla Dé agus Conor Dé Rúit as ucht "Duais Fiúntais"a bhuachan ar an lá céanna. Tugadh cuireadh do na buachaillí páirt a ghlacadh i ndíospóireacht le polaiteoirí an cheantair i mí Mheán Fómhair.Is iontach an éacht atá bainte amach ag na buachaillí san eolaíocht agus is onóir don scoil í. Le hElaine

SciFest

Peil na mBan Bhuaigh cailíní ó bhliain a haon agus a dó an chraobh camógaíochta le déanaí. Bhuaigh siad trí as trí chluiche sa bhlitz agus ansin bhuaigh siad an chraobh. Bhí siad an-ghnóthach i mbliana le blitzchomórtais éagsúla idir cluichí agus an traenáil. Bhí sé go hiontach do na cailíní an chraobh a bhuachan tar éis an mhéid iarrachta a rinne siad i rith na bliana. Maith sibh, a chailíní. Le Máire

Page 4: Nuachtlitir an tSamhraidh 2018...turas seo i Mí na Samhna SAMHRADH 2018 Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta

4

MEÁNSCOIL GHARMAN SAMHRADH 2018

Coiste Naomh Uinseann de Pól D’fhreastail Coiste Naomh Uinseann de Pól na scoile ar Lá na nÓige “SVP Youth Day” ar an 26ú Aibreán i WIT Arena. Ghlac scoileanna ón oirdheisceart páirt sa taispeántas. Lá ceiliúrtha a bhí ann chun an obair go léir a rinne siad i rith na bliana a léiriú. Rinne na daltaí beochan ghearr a thaispeáin an bailiúchán bia a d’eagraigh siad agus an chuairt a thug siad ar an teach altranais in Inis Córthaidh. Rinne siad an-iarracht i mbliana agus bhain siad sult as an lá. Le Danielle

Scléip 2017/18 Bhí sár-lá againn i mBaile Átha Cliath ag Craobhchomórtas Scléip i Mí Feabhra. D’fhágamar an scoil le bus lán idir ceoltóirí agus tacadóirí. Shroich cúig ghrúpa ó Mheánscoil Gharman an chraobh agus thug gach ceann dóibh taispeántas den chéad scoth ar an ardán. Comhghairdeas le “Blaisín” a bhuaigh an Slua-Amhránaíocht is fearr sa chraobh. Ardmholadh tuilte dóibh agus gach duine a ghlac páirt. Táimid ar fad ag súil go mór leis an gcomórtas an bhliain seo chugainn.

One Good Idea SEAI celebrated 10 years of the One Good Idea Final this year and our very own “The Food Fanatics” won the Post-Primary Junior Cycle Award. Chloe Fortune and Róisí Réid want us to eat local, in-season produce. Sticking to foods grown locally helps reduce the carbon footprint as well as supporting the local economy and promoting food security. The girls researched the wide range of produce that is grown local and realised how easy it is to keep a small garden bed. During their campaign the worked with Shiela Kirwan from Clonegal, Janet from Gorse Farms in Bunclody and visited Oylegate N.S., Gaelscoil Inis Córthaidh and Gaelscoil Gharman and Kennedy Park in Wexford. The girls presented their idea on stage during a 4 minute presentation. They were then questioned by a panel of three judges. On winning, the girls were presented with beautiful crystal and a one for all voucher. They will now work with a graphic designer to will help them design a poster which will be displayed on billboards across the country. Comhghairdeas agus go n-éirí go geal libh leis an gclár fograí, a chailíní. Le hElaine

Page 5: Nuachtlitir an tSamhraidh 2018...turas seo i Mí na Samhna SAMHRADH 2018 Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta

An Coiste Gaeilge MEÁNSCOIL GHARMAN SAMHRADH 2018

“Bliain na Gaeilge”

Ba bhliain an-speisialta í i mbliana “Bliain na Gaeilge” agus bhí ar choiste Gaeilge na scoile go leor machnaimh a dhéanamh ag tús na bliana agus iad ag cur togra le chéile don bhliain. I mbliana bhí deichniúr daltaí ó Bhliain 2 go Bliain 6 ar an gCoiste Gaeilge, James Byrne, Oisín O'Dwyer, Huan Er Nic Ghiolla Bríde, Shane Jackman, Chloe Ní Ruairc, Peig Busher O Sullivan, Nóra Ní Mhórain, Jade Buttle, Abbie Ní Chinnéide agus Róisín de Rúit. Bhí bliain an-ráthúil ar fad againn agus bhíomar an-ghnóthach ag eagrú imeachtaí éagsúla chun an Ghaeilge a spreagadh timpeall na scoile agus ag glacadh páirte in imeachtaí náisiúnta ar nós Comhra 2017, Gaeilge 24, Scléip agus BEO. I mí na Nollag d'eagraigh an coiste seó tallainne don scoil agus ghlac daltaí ó gach bliain páirt ann. Bhí an t-atmaisféar go hiontach agus bhain chuile dhuine sult as. Bhíomar gníomhach amuigh sa phobal chomh maith, thugamar cúpla cuairt ar tHithe altranais áitiúla. Mar is eol do chách bhí páirt lárnach ag an gCoiste Gaeilge i saol na scoile i mbliana. Gach mí roghnaíomar Gaeilgeoir na Míosa. Thugamar an duais seo don duine a shíleamar a bhí sár-iarracht déanta acu lena gcuid Gaeilge. Ina theannta sin, ritheamar Comórtas Mhéim na Míosa ar meanscoilstagram, leathanach instagram na scoile. Bhain na daltaí an-taitneamh as a bheith ag spiocadh as na múinteoirí sna méimeanna a chruthaigh siad! Chuireamar an-bhéim ar an nGaeilge a chur chun cinn ar na meáin shóisialta i mbliana agus bhí an-rath ar meanscoilstagram. Chruthaíomar físeán 'An Focal Is Fearr Liom' do Sheachtain na Gaeilge, ghlac daltaí na scoile páirt ann agus cúpla duine cáiliúil chomh maith! D'éirigh go geal leis an bhfíseán. Anuas air sin chuireamar físeán ceoil le chéile don chomórtas 'Gaelfhíseán na Bliana' agus tá sé le feiceáil ar Youtube. Ar deireadh d'éirigh linn ár gceathrú Gaelbhratach a bhaint amach. Le Róisín de Rúit

Page 6: Nuachtlitir an tSamhraidh 2018...turas seo i Mí na Samhna SAMHRADH 2018 Tá scoilbhliain eile beagnach imithe anois agus daltaí Mheánscoil Gharman ag tnúth go mór le laethanta

Ghlac Meánscoil Gharman páirt sa chomórtas cócaireachta ‘The Apprentice Chef’ arís i mbliana don dara huair. Is comórtas é seo do dhaltaí a bhfuil suim acu sa chócaireacht. Na daltaí a bhí páirteach sa chraobh ná Peig Ní Bhuiséir Ní Shúilleabháin agus Olivia Muiris Ní Nualláin. Chruthaigh an bheirt acu oidis as comhábhair áitiúla. D’éirigh go hiontach leo agus bhain siad an-taitneamh as aN taithí cócaireachta seo.

Apprentice Chef

Chuaigh an 6ú bliain ar fad ar a dturas deiridh an tseachtain seo caite agus rinne siad píosa den “Greenway”. Tá súil againn go léir gur bhain sibh taitneamh as bhur gcuid ama anseo i Meánscoil Gharman agus go bhfuil cáirde móra déanta agaibh. Fanaigí i dteangmháil linn agus go n-éirí go geal libh sna scrúduithe. Ádh mór oraibh go léir.

Slán le lucht an 6ú Bliain

Bunaíodh an grúpa seo i mbliana. Seasann D.I.S.C.O do Daonlathas, Idirspléachas, Saoirse, Comhionnanas agus Oideachas. Is í mór aidhm an ghrúpa na eolas a scaipeadh faoin domhan agus an tslí a bhíonn sé ag forbairt. Chuireamar béim ar an domhan i mbéal forbartha i mbliana. Ceangailte anseo feicfidh tú formhór an choiste agus iad ag tabhairt seacláide amach do choicís cóirthrádála. Freisin, feicfidh tú an dara bliain tar éis Corn Domanda a imirt. Chuir siad póstaeir timpeall na scoile faoina dtír féin. Coiméad súil amach le haghaidh eolais faoi chogaí timpeall an domhain ar an gclár in aice leis an leabharlann. Bhí eolas faoin gcogadh cathrach i Yemen agus cogadh i gcoinne drúgaí sna hOileáin Fhilipíneacha le feiceáil ann cheana féin i mbliana. Mar fhocal scoir, bímid i gcónaí ag lorg daoine le suim teacht ar an gcoiste. Má tá suim agat, labhair le Daithí Ó Gionnáin.

D.I.S.C.O

MEÁNSCOIL GHARMAN SAMHRADH 2018