an tacht um thacaÍocht do mhic lÉinn, 2011€¦ · [2011.] [an tacht um thaca ı´ocht do mhic...

41
———————— Uimhir 4 de 2011 ———————— AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011 [An tiontú oifigiúil] ———————— RIAR NA nALT CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta Alt 1. Gearrtheideal agus tosach feidhme. 2. Léiriú. 3. Caiteachais. 4. Rialacháin. 5. Ionstraimí a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. 6. Aisghairm agus socruithe idirthréimhseacha. 7. Foras ceadaithe. 8. Cúrsa ceadaithe. 9. Féadfaidh an tAire an t-údarás dámhachtana a cheapadh. 10. Ordú lena gceaptar údarás dámhachtana. 11. Fostaí fostaí téarma shocraithe de chuid údaráis dámhachtana cheaptha nó aistrithigh. 12. Údarás dámhachtana. 13. Comhaontuithe a bhaineann le comhlíonadh feidhmeanna áirithe. 14. Mac léinn — léiriú. CUID 2 Deontais 15. Airleacain d’údaráis dámhachtana. 16. Scéimeanna deontas. 1

Upload: others

Post on 23-Sep-2020

5 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

————————

Uimhir 4 de 2011

————————

AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011

[An tiontú oifigiúil]

————————

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt1. Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2. Léiriú.

3. Caiteachais.

4. Rialacháin.

5. Ionstraimí a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. Aisghairm agus socruithe idirthréimhseacha.

7. Foras ceadaithe.

8. Cúrsa ceadaithe.

9. Féadfaidh an tAire an t-údarás dámhachtana a cheapadh.

10. Ordú lena gceaptar údarás dámhachtana.

11. Fostaí nó fostaí téarma shocraithe de chuid údaráisdámhachtana cheaptha nó aistrithigh.

12. Údarás dámhachtana.

13. Comhaontuithe a bhaineann le comhlíonadh feidhmeannaáirithe.

14. Mac léinn — léiriú.

CUID 2

Deontais

15. Airleacain d’údaráis dámhachtana.

16. Scéimeanna deontas.

1

Page 2: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

2

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

17. Rialacháin maidir le hiarratais.

18. Iarratas ar dheontas agus deontas a dhámhachtain.

19. Athrú ar imthosca.

20. Achomhairc chuig oifigigh achomhairc.

21. Achomhairc chuig an mBord Achomhairc.

22. Oifigeach fiosrúcháin.

23. Cionta agus pionóis.

24. Fiach a ghnóthú.

25. An Bord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn.

26. Ceapachán sealadach chun an Bhoird Achomhairc.

27. Tuarascáil ón mBord Achomhairc.

CUID 3

Ilghnéitheach

28. Sonraí pearsanta a phróiseáil.

29. Scéimeanna deontas a dhaingniú.

30. Pleananna rochtana agus beartas comhionannais.

SCEIDEAL 1

SCEIDEAL 2

————————

Page 3: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Uchtála, 2010 2010, Uimh. 21

Na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch, 1995 agus 2005

An tAcht um Shaoire Cúramóra. 2001 2001, Uimh. 19

An tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Cheartaagus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí,2010 2010, Uimh. 24

Achtanna na gCuideachtaí

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003

An tAcht um Míchumas, 2005 2005, Uimh. 14

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 1997, Uimh. 2

Na hAchtanna um Chaomhnóireacht Leanaí, 1964 go 1997

An tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta, 2006 2006, Uimh. 25

Na hAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta, 1992 go2006

An tAcht Léiriúcháin, 2005 2005, Uimh. 23

An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais),1968 1968, Uimh. 24

An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais),1978 1978, Uimh. 26

An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais),1992 1992, Uimh. 19

An tAcht Rialtais Áitiúil, 2001 2001, Uimh. 37

Na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais, 1994 agus2004

Acht na Lia-Chleachtóirí, 2007 2007, Uimh. 25

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta,1973 go 2005

An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997 1997, Uimh. 20

Na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 agus2006

An Acht um Chosaint Fostaithe (Obair TéarmaShocraithe), 2003 2003, Uimh. 29

An tAcht um Chosaint Fostaithe (ObairPháirtaimseartha), 2001 2001, Uimh. 45

Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 1999, Uimh. 26

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go2007

Acht na nDídeanaithe, 1996 1996, Uimh. 17

Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 1992, Uimh. 16

Na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994agus 2001

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 2007

Acht na nOllscoileanna, 1997 1997, Uimh. 24

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 1930, Uimh. 29

3

Page 4: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

4

Page 5: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

————————

Uimhir 4 de 2011

————————

AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011

[An tiontú oifigiúil]

————————

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁISDÁMHACHTANA D’ÍOC DEONTAS I gCÁSANNAÁIRITHE LENA CHUMASÚ DO DHAOINE FREASTALAR CHÚRSAÍ ÁIRITHE ARDOIDEACHAIS NÓBREISOIDEACHAIS, DO BHUNÚ BORD ACHOMHAIRCAR A dTABHARFAR AN BORD ACHOMHAIRC I LEITHDEONTAS MAC LÉINN NÓ, SA BHÉARLA, THESTUDENT GRANTS APPEALS BOARD, D’AISGHAIRMNA nACHTANNA UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (DEONTAISARDOIDEACHAIS), 1968 go 1992 AGUS DO DHÉANAMHSOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[2 Feabhra, 2011]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

1.—(1) Féadfar an tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 aghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta acheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoithreoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúlaa cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálachaéagsúla.

2.—San Acht seo—

forléireofar “Bord Achomhairc” de réir alt 25(2);

forléireofar “oifigeach achomhairc” de réir alt 20(1);

ciallaíonn “iarratasóir” mac léinn a dhéanann iarratas ar dheontas;

forléireofar “údarás dámhachtana ceaptha” de réir alt 9;

tá le “cúrsa ceadaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 8;

tá le “foras ceadaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 7;

5

Gearrtheideal agustosach feidhme.

Léiriú.

Page 6: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.2

6

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

ciallaíonn “údarás dámhachtana”—

(a) coiste gairmoideachais,

(b) údarás áitiúil, nó

(c) údarás dámhachtana ceaptha;

forléireofar “páirtnéir sibhialta” de réir an Achta um PáirtnéireachtShibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuidComhchónaitheoirí, 2010;

forléireofar “comhchónaitheoir” de réir alt 172(1) den Acht umPáirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithede chuid Comhchónaitheoirí, 2010;

ciallaíonn “cúrsa” cúrsa staidéir nó oiliúna;

forléireofar “leanbh cleithiúnach” de réir alt 16(7);

ciallaíonn “mac léinn cleithiúnach” iarratasóir nó aicme iarratasóraa bheidh sonraithe mar mhac léinn cleithiúnach i scéim arnadéanamh ag an Aire faoi alt 16;

ciallaíonn “míbhuntáiste oideachasúil” na baic ar an oideachas dedhroim míbhuntáiste shóisialta nó eacnamaíoch a choisceann micléinn ar thairbhe chuí a bhaint as an oideachas;

ciallaíonn “Comhaontú LEE” an Comhaontú maidir leis anLimistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine1992 arna leasú de thuras na huaire;

tá le “achtachán” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den AchtLéiriúcháin, 2005;

ciallaíonn “deontas” airgead arna íoc ag údarás dámhachtana le macléinn nó le foras ceadaithe thar ceann an mhic léinn chun cabhrú leisan mac léinn gabháil do chúrsa ceadaithe san fhoras ceadaithe;

ciallaíonn “mac léinn neamhspleách” iarratasóir nó aicme iarratasóraa bheidh sonraithe mar mhac léinn neamhspleách i scéim arnadéanamh ag an Aire faoi alt 16;

ciallaíonn “oifigeach fiosrúcháin” duine a cheapfar de bhun alt 22;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae nó comhairle cathrachde réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 2001;

ciallaíonn “Aire” an tAire Oideachais agus Scileanna;

folaíonn “tuismitheoir” caomhnóir arna cheapadh nó arna ceapadhfaoi na hAchtanna um Chaomhnóireacht Leanaí, 1964 go 1997, agus,i gcás linbh a uchtaíodh faoin Acht Uchtála, 2010 nó, i gcás guruchtaíodh an leanbh lasmuigh den Stát, ciallaíonn sé an t-uchtaitheoir nó na huchtaitheoirí nó an t-uchtaitheoir marthanach;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh agan Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “dul chun cinn”—

(a) an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí dul chun cinnó bhliain go bliain laistigh de chúrsa tar éis cuid denchúrsa a chríochnú go rathúil de réir mar a cheanglaítearle linn na bliana roimhe sin, nó

Page 7: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(b) an próiseas trína bhféadfaidh foghlaimeoirí aistriú óchúrsa amháin go dtí cúrsa eile i gcás inarb airde leibhéalna dámhachtana a fhéadfar a dhéanamh ar an dara cúrsaa luaitear a chríochnú go rathúil ná an dámhachtain afhéadfar a dhéanamh ar an gcúrsa céadluaite a chríochnúgo rathúil;

forléireofar “ioncam ináirithe” de réir alt 16(4)(a)(iv);

forléireofar “Aire iomchuí” de réir alt 9(8);

forléireofar “mac léinn” de réir alt 14(1);

forléireofar “údarás dámhachtana aistritheach” de réir alt 9(1);

ciallaíonn “táillí teagaisc” táillí agus muirir a cheanglaítear ar mhacléinn a íoc d’fhonn a bheith páirteach i gcúrsa agus é a chríochnúagus folaíonn sé táillí scrúduithe, muirir sheirbhíse mac léinn, táillíclárúcháin agus táillí léachtaí;

tá le “mac léinn teagaisc” a bhrí a thugtar dó le halt 14(7);

ciallaíonn “coiste gairmoideachais” coiste arna bhunú faoi alt 7 denAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.

3.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh anAchta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, asairgead a sholáthróidh an tOireachtas.

4.—(1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire rialacháin adhéanamh lena bhforordófar aon ní nó rud dá dtagraítear san Achtseo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agusiarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Airea bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán nóchun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

5.—Déanfar gach ordú, rialachán nó scéim faoin Acht seo (seachasordú faoi alt 1(2) nó alt 25(1)) a leagan faoi bhráid gach Tí denOireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta nó a déanta agus mádhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh anTeach sin tar éis an t-ordú, an rialachán nó an scéim a leagan faoinabhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, an rialacháin nó nascéime, beidh an t-ordú, an rialachán nó an scéim ar neamhní dá réirsin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sinfaoi nó fúithi.

6.—(1) Déantar na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) deSceideal 1 a aisghairm.

(2) Aon duine a bheidh ag freastal ar chúrsa agus a ndearnadh,roimh theacht i ngníomh don alt seo, deontas a dhámhachtain dó nódi chun freastal ar an gcúrsa—

(a) de bhun na n-achtachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó

(b) de bhun scéimeanna arna riaradh ag coistegairmoideachais trínar cuireadh deontais ar fáil do mhic

7

Cd.1 A.2

Caiteachais.

Rialacháin.

Ionstraimí a leaganfaoi bhráid Thithean Oireachtais.

Aisghairm agussocruitheidirthréimhseacha.

Page 8: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.6

Foras ceadaithe.

8

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

léinn chun cabhrú leo freastal ar chúrsaí ardoideachaisnó breisoideachais,

leanfaidh an duine sin, faoi réir théarmaí na n-achtachán nó nascéimeanna, den deontas lena mbaineann a fháil go dtí go mbeidhan cúrsa sin críochnaithe ag an duine agus ní dhéanfaidh sé nó síiarratas ar dheontas seachas an deontas a bheidh á fháil aige nó aici.

(3) Maidir leis na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agusleis na scéimeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b), leanfaidh siad ibhfeidhm agus bainfidh siad le deontais a tugadh de bhun na n-achtachán sin agus na scéimeanna sin roimh theacht i ngníomh donalt seo go feadh an mhéid chéanna amhail is nár ritheadh an tAchtseo.

7.—(1) San Acht seo, ciallaíonn “foras ceadaithe”—

(a) foras oideachais lena mbaineann, de bhun alt 4 d’Acht nanOllscoileanna, 1997, an tAcht sin,

(b) foras oideachais arna bhunú faoi alt 3 d’Acht na gColáistíTeicniúla Réigiúnacha, 1992 mar choláiste teicniúilréigiúnach lena mbaineann na hAchtanna um InstitiúidíTeicneolaíochta, 1992 go 2006,

(c) Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,

(d) foras oideachais sa Stát a fhaigheann deontas as airgead asholáthraíonn an tOireachtas, de bhun scéime arnariaradh ag an Aire, chun cúrsaí oideachais agus oiliúna asholáthar, ar a dtugtar, de thuras na huaire, cúrsaí iar-ardteistiméireachta,

(e) foras oideachais a sholáthraíonn ardoideachas agusardoiliúint agus atá suite i mBallstát seachas an Stát agusatá á chothabháil nó ag fáil cabhrach trí dheontaisathfhillteacha as cistí poiblí de chuid an Bhallstáit sin nóde chuid aon Bhallstáit eile lena n-áirítear an Stát, nó

(f) foras oideachais sa Stát a sholáthraíonn ardoideachas agusardoiliúint agus atá arna fhorordú de thuras na huaire debhun fho-alt (2).

(2) I gcás ina mbeidh an tAire sásta déanamh amhlaidh—

(a) ag féachaint d’aon cheann de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (3),

(b) tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Údarás um Ard-Oideachas, agus

(c) tar éis dó nó di toiliú an Aire Airgeadais a fháil,

féadfaidh sé nó sí foras oideachais a fhorordú mar fhoras is forasceadaithe chun críocha an ailt seo.

(3) Is nithe de na nithe a luaitear i bhfo-alt (2) gach ceann díobhseo a leanas:

Page 9: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(a) cibé acu a fhaigheann an foras íocaíocht amháin nó níosmó ná íocaíocht amháin as airgead a chuireann antOireachtas ar fáil agus méid na híocaíochta;

(b) beartas an fhorais i ndáil le rochtain ar oideachas sanfhoras ag daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nósóisialach, ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoineó earnálacha den tsochaí atá faoi thearcionadaíochtshuntasach i gcuallacht na mac léinn;

(c) na cúrsaí agus na saoráidí a thairgeann an foras, nó abheartaíonn an foras a thairiscint, do mhic léinn;

(d) cibé acu, roimh thosach feidhme an ailt seo, b’fhoras é anforas ar cuireadh deontais ar fáil i leith a chuid cúrsaí debhun scéime arna riaradh ag údarás áitiúil nó ag coistegairmoideachais trínar soláthraíodh deontais do mhicléinn chun cabhrú leo freastal ar na cúrsaí sin;

(e) an bhfuil an foras bunaithe chun críocha an ardoideachais,na hardoiliúna agus an taighde go príomha agus anndéantar é a oibriú agus a bhainistiú ar bhonn seachas lehaghaidh gnóchain airgeadais;

(f) an ga atá ann chun scileanna agus eolas a fhorbairt inearnálacha den gheilleagar nó den fhostaíocht aaithnítear mar earnálacha inar gá na scileanna agus an t-eolas sin a fhorbairt tar éis don Aire comhairle a fháil ócibé duine, is duine a bhfuil leas nó saineolas aige nó aicii gcúrsaí oideachais nó i bhforbairt scileanna agus eolais,ar cuí leis an Aire dul i gcomhairle leis nó léi le haghaidhna comhairle sin;

(g) na hacmhainní atá ar fáil chun tacaíocht do mhic léinn asholáthar;

(h) aon nithe eile is nithe cuí, i dtuairim an Aire, lena gcur igcuntas ag féachaint don chuspóir daoine a chumasú chunfreastal ar chúrsaí ardoideachais nó breisoideachais, donriachtanas caighdeáin oideachasúla a chothabháil agusdon rannchuidiú a dhéanann an foras don ardoideachassa Stát.

8.—(1) San Acht seo, ciallaíonn “cúrsa ceadaithe” cúrsa—

(a) a sholáthraíonn foras ceadaithe

(b) ar gá do mhac léinn, faoi réir fho-alt (3), freastal air arbhonn lánaimseartha, agus

(c) a forordaíodh mar chúrsa ceadaithe.

(2) Is iad na nithe seo a leanas nó aon nithe díobh na nithe ambeidh aird ag an Aire orthu chun cúrsa a fhorordú de bhun fho-alt (1)(c):

(a) cineál agus leibhéal na cáilíochta atá le dámhachtain donmhac léinn ar an gcúrsa a chríochnú go rathúil dó nó di;

(b) cibé acu, roimh theacht i ngníomh don Acht seo, ba chúrsaé an cúrsa ar soláthraíodh deontais do mhic léinn ina

9

Cd.1 A.7

Cúrsa ceadaithe.

Page 10: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.8

10

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

leith, de bhun scéime arna riaradh ag údarás áitiúil nócoiste gairmoideachais, chun cabhrú leo freastal ar angcúrsa;

(c) an gá atá ann chun scileanna agus eolas a fhorbairt inearnálacha den gheilleagar nó den fhostaíocht aaithnítear mar earnálacha inar gá na scileanna agus an t-eolas sin a fhorbairt tar éis don Aire comhairle a fháil ócibé duine, is duine a bhfuil leas nó saineolas aige nó aicii gcúrsaí oideachais nó i bhforbairt scileanna agus eolais,ar cuí leis an Aire dul i gcomhairle leis nó léi le haghaidhna comhairle sin.

(d) an foras oideachais a chuireann an cúrsa ar fáil;

(e) fad an chúrsa;

(f) cibé acu is cúrsa fochéime nó cúrsa iarchéime an cúrsa;

(g) an bhfuil airgead arna mhaoiniú go poiblí á úsáid ag anbhforas oideachais sin chun an cúrsa a sholáthar;

(h) cibé acu a thagann dámhachtain ardoideachais agusardoiliúna nó dámhachtain bhreisoideachais agusbhreisoiliúna den chúrsa;

(i) na hacmhainní atá ar fáil chun tacaíocht do mhic léinn asholáthar;

(j) an líon uaireanta an chloig is gá do mhac léinn achaitheamh ag freastal ar an gcúrsa;

(k) cibé acu a thagann den chúrsa cáilíocht a ndéantaraitheantas a thabhairt di—

(i) i gcás cáilíochta arna dámhachtain tar éis cúrsa achríochnú go rathúil i bhforas seachas foras aluaitear in alt 7(1)(e), de bhun socruithe, nósannaimeachta agus córas arb iad an creat cáilíochtaí iadde thuras na huaire arna bhunú agus arnachothabháil de bhun alt 7 d’Acht na gCáilíochtaí(Oideachas agus Oiliúint), 1999,

(ii) i gcás cáilíochta arna dámhachtain tar éis cúrsa achríochnú go rathúil i bhforas a luaitear in alt7(1)(e)—

(I) má fhoráiltear leis na dlíthe sin don aitheantassin ar an modh sin, ar mhodh dá bhforáiltear ledlíthe an Bhallstáit sin atá i gcomhréir leis nasocruithe, na nósanna imeachta agus na córaisdá dtagraítear i bhfomhír (i), nó

(II) mura bhforáiltear leis na dlíthe sin don aitheantassin ar an modh sin, ansin ar shlí eile de réirdhlíthe an Bhallstáit sin;

(l) aon nithe eile is nithe cuí, i dtuairim an Aire, lena gcur igcuntas ag féachaint don chuspóir daoine a chumasú chunfreastal ar chúrsaí ardoideachais nó breisoideachais, donriachtanas caighdeáin oideachasúla a chothabháil agus

Page 11: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

don rannchuidiú a dhéanann soláthar sin an chúrsa donardoideachas sa Stát.

(3) (a) D’ainneoin fho-alt (1)(b), féadfaidh an tAire, le toiliú anAire Airgeadais, cúrsa nach gá do mhac léinn freastal airar bhonn lánaimseartha a fhorordú mar chúrsa ceadaithe.

(b) Maidir le cúrsa arna fhorordú de bhun an fho-ailt seo—

(i) is cúrsa é a chuirtear ar fáil sa Stát, agus

(ii) is cúrsa fochéime é.

(c) Le linn don Aire cúrsa a fhorordú de bhun fho-alt (a),beidh aird aige nó aici ar na nithe seo a leanas :

(i) na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (seachas mír(k)(ii) den fho-alt sin);

(ii) a mhéid a chuideodh sé chun aghaidh a thabhairt armhíbhuntáiste oideachasúil an cúrsa a fhorordú;

(iii) a mhéid a chuideodh sé le daoine, agus a spreagfadhsé daoine, ó earnálacha den tsochaí atá faoithearcionadaíocht shuntasach i gcuallacht na macléinn chun leas a bhaint as an ardoideachas, an cúrsaa fhorordú;

(iv) líon na modúl is féidir a chríochnú agus méid nagnóthachtála oideachasúla i ngach bliain acadúilden chúrsa;

(v) an méid oibre agus an méid teagmhála le múinteoiríagus teagascóirí is gá do mhac léinn a dhéanamh indáil leis an gcúrsa;

(vi) an tréimhse ama is gá chun an cúrsa a chríochnú nuaira chuirtear i gcomórtas é le cúrsa ar gá do mhac léinnfreastal air ar bhonn lánaimseartha;

(vii) cibé acu a bheidh an cúrsa ar siúl in áitreabh anfhorais cheadaithe;

(viii) aon nithe eile is nithe cuí i dtuairim an Aire agus abheidh le cur i gcuntas ag féachaint do nahacmhainní atá ar fáil, agus an gá atá ann rochtainar ardoideachas ag daoine atá faoi mhíbhuntáisteoideachasúil a chur chun cinn.

(4) Chun críocha an Achta seo, agus faoi réir fho-alt (5), is cúrsaiarchéime a chuirtear ar fáil sa Stát amháin aon chúrsa iarchéime isféidir a fhorordú de bhun fho-alt (1).

(5) D’ainneoin fho-alt (4), i gcás ina mbeidh an tAire sástadéanamh amhlaidh de bhrí go measann sé nó sí gur gá é ag féachaintd’aon cheann de na críocha iomchuí a luaitear i bhfo-alt (9),féadfaidh sé nó sí cúrsa iarchéime a chuirtear ar fáil i dTuaisceartÉireann a fhorordú mar chúrsa ceadaithe.

(6) I gcás ina ndámhfar deontas chun freastal ar chúrsa iarchéimearna fhorordú de bhun fho-alt (5), féadfaidh deontas i leith táillí

11

Cd.1 A.8

Page 12: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.8

Féadfaidh an tAirean t-údarásdámhachtana acheapadh.

12

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

teagaisc a éireoidh maidir leis an gcúrsa a bheith ar áireamh sadeontas a dhámhfar.

(7) I gcás ina ndámhfar deontas chun freastal ar chúrsa iarchéimearna fhorordú de bhun fho-alt (5), ansin déanfaidh an tAire, uair sabhliain ar a laghad, athbhreithniú a sheoladh ar an gcúrsa chun adheimhniú dó féin nó di féin go leanann sé de bheith ag comhall aoncheann de na críocha iomchuí a luaitear i bhfo-alt (9) agus, más rudé, de thoradh athbhreithnithe den sórt sin, nach deimhin leis anAire amhlaidh—

(a) tarraingeoidh sé nó sí siar an deontas láithreach, agus

(b) déanfaidh sé nó sí rialacháin, a luaithe is féidir, lenagcúlghairfear, nó lena gcuirfear faoi deara ar shlí eile goscoirfidh, na rialacháin arb éard iad forordú an chúrsaiarchéime de bhun fho-alt (5).

(8) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (7) ar mhac léinn a bhí ag fáildeontais a tarraingíodh siar de bhun an fho-ailt sin leanúint, faoiréir an Achta seo agus na scéime deontas a ndearnadh an deontas adhámhachtain dá bun, de bheith ag fáil an deontais lena mbaineanngo dtí go mbeidh an cúrsa ar ina leith a dámhadh an deontas air nóuirthi críochnaithe aige nó aici.

(9) Is iad na nithe seo a leanas na críocha iomchuí a mbeidh airdag an Aire orthu le linn aon chúrsa iarchéime a fhorordú de bhunfho-alt (5) nó athbhreithniú a sheoladh de bhun fho-alt (7):

(a) caoinfhulaingt agus tuiscint níos fearr a chur chun cinn idirpobal an Stáit agus Thuaisceart Éireann;

(b) malartú smaointe a chur chun cinn idir pobal an Stáit agusThuaisceart Éireann;

(c) tuiscint agus meas níos fearr ar an éagsúlacht cultúr aroileán na hÉireann a chur chun cinn;

(d) lánpháirtiú agus comhoibriú níos fearr a chur chun cinnidir pobal an Stáit agus Thuaisceart Éireann.

9.—(1) Féadfaidh an tAire—

(a) tar éis dó nó di na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a churi gcuntas,

(b) tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí, agus

(c) le toiliú an Aire Airgeadais,

le hordú comhlacht a cheapadh (dá ngairtear “údarás dámhachtanaceaptha” san alt seo) chun aon cheann nó gach ceannd’fheidhmeanna údaráis dámhachtana (dá ngairtear “údarásdámhachtana aistritheach” san alt seo) a chomhlíonadh.

(2) D’ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le hordú ón Airefaoin bhfo-alt sin foráil a dhéanamh maidir le haon ní amháin nóníos mó de na nithe seo a leanas:

(a) údaráis dámhachtana cheaptha éagsúla chun feidhmeannaéagsúla a chomhlíonadh;

Page 13: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(b) údaráis dámhachtana aistritheacha éagsúla chun nafeidhmeanna éagsúla sin a aistriú;

(c) teacht i ngníomh ar laethanta éagsúla chun críoch éagsúilnó le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Féadfaidh sé gur ceann amháin nó níos mó ná ceann amháindíobh seo a leanas údarás dámhachtana ceaptha:

(a) coiste gairmoideachais;

(b) údarás áitiúil;

(c) bord, údarás nó comhlacht eile arna bhunú le hachtachánnó faoi achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí)agus a n-áirítear ar a fheidhmeanna tacú leis anardoideachas nó leis an mbreisoideachas nórannpháirtíocht san ardoideachas nó sa bhreisoideachasa chur chun cinn nó scéimeanna íocaíochtaí a riaradh;

(d) cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, a bhfuil nascaireanna go léir inti ar seilbh—

(i) ag an Aire nó ag Aire iomchuí, nó thar a cheann nóthar a ceann nó i gcomhpháirt leis nó léi, nó

(ii) ag stiúrthóirí arna gceapadh ag an Aire nó ag Aireiomchuí nó thar a gceann, nó i gcomhpháirt leo, nó

(iii) ag bord, údarás nó cuideachta eile dá dtagraítear i mír(c), nó thar a cheann nó thar a ceann, nó igcomhpháirt leis nó léi,

agus a dtugtar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna lehachtachán nó faoi achtachán agus ar feidhmeanna iad ara n-áirítear tacú leis an ardoideachas nó leis anmbreisoideachas nó rannpháirtíocht san ardoideachas nósa bhreisoideachas a chur chun cinn nó scéimeannaíocaíochtaí a riaradh.

(4) Roimh ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1), déanfaidh an tAire,agus an gá le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus barainneacht á churi gcuntas aige nó aici, aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a) cumas údarás dámhachtana, agus na hacmhainní a bheidhar fáil d’údaráis dámhachtana, chun feidhmeanna arnadtabhairt dóibh leis an Acht seo nó faoin Acht seo achomhlíonadh;

(b) na hacmhainní a bheidh ar fáil chun tacaíocht do mhicléinn a chur ar fáil;

(c) costais riaracháin;

(d) a inmhianaithe atá comhionannas caighdeán;

(e) más infheidhme, aon tuarascáil a thabharfar don Aire faoialt 12(4).

(5) I gcás ina n-aistrítear feidhm údaráis dámhachtana aistrithighde bhun ordú faoi fho-alt (1), ní bheidh an fheidhm faoi stiúradh,

13

Cd.1 A.9

Page 14: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.9

Ordú lena gceaptarúdarásdámhachtana.

14

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

faoi rialú nó faoi mhaoirseacht an údaráis aistrithigh sin níos mó taréis an t-ordú a dhéanamh.

(6) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (5) ar an Aire a ordú, le hordúfaoi fho-alt (1), go ndéanfaidh údarás dámhachtana aistritheachceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas tar éis an t-ordú a dhéanamh:

(a) feidhm dá dtagraítear in alt 10(2) agus a bheidh san ordúa chomhlíonadh;

(b) leanúint de dheontais a íoc, a shonróidh an tAire san ordú,le mic léinn nó le haicme mac léinn a bheidh sonraitheamhlaidh agus go ceann tréimhse a bheidh sonraitheamhlaidh.

(7) Maidir le húdarás dámhachtana ceaptha agus údarásdámhachtana aistritheach is é an t-údarás dámhachtana ceaptha siné agus an t-údarás dámhachtana aistritheach sin é chun críocha gachordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) agus ní choiscfear le haon ní sanalt seo—

(a) maidir le húdarás dámhachtana aistritheach in ordú arnadhéanamh faoi fho-alt (1) gur údarás dámhachtanaceaptha é in aon ordú dá éis sin a dhéanfar faoin bhfo-alt sin, nó

(b) maidir le húdarás dámhachtana ceaptha in ordú arnadhéanamh faoi fho-alt (1) gur údarás dámhachtanaaistritheach é in aon ordú dá éis sin a dhéanfar faoinbhfo-alt sin.

(8) San alt seo ciallaíonn “Aire iomchuí”—

(a) i gcás údaráis dámhachtana cheaptha is údarás áitiúil, antAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil,agus

(b) i gcás aon údaráis dámhachtana cheaptha eile, gach Aireden Rialtas a chomhlíonann feidhmeanna i ndáil leis angcomhlacht sin.

10.—(1) Féadfar socrú a dhéanamh le hordú faoi alt 9(1) maidirleis na nithe seo a leanas—

(a) cibé nithe is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nófóirsteanach chun feidhmeanna a aistriú ón údarásdámhachtana aistritheach chuig an údarás dámhachtanaceaptha, agus

(b) cibé nithe eile a bheidh foghabhálach nó iarmhartachmaidir leis an aistriú sin.

(2) D’ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar socrú adhéanamh le hordú faoi alt 9(1) maidir le ceann amháin nó níos móná ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a) ordachán don údarás dámhachtana aistritheach chun cibétaifid, sonraí nó faisnéis a bhaineann le feidhm dádtagraítear san ordú, nó aicme taifead, sonraí nó faisnéiseden sórt sin, a sholáthar don údarás dámhachtana

Page 15: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

ceaptha, agus sin laistigh de cibé tréimhse, a shonraítearsan ordachán;

(b) i ndáil le talamh agus maoin—

(i) go mbeidh cibé talamh (nó cuid de) a bhaineann lefeidhm dá dtagraítear san ordú, agus a bhí, díreachsula ndéantar an t-ordú, dílsithe don údarásdámhachtana aistritheach agus na cearta, nacumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nóa ghabhann leis an talamh sin, arna ndílsiú donúdarás dámhachtana ceaptha gan tíolacadh, aistriúnó sannadh don eastát agus don leas uile dá raibh sédílsithe san údarás dámhachtana aistritheach ach faoiréir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir adhéanann difear don talamh sin agus atá ar marthainagus inchomhlíonta,

(ii) go mbeidh cuid den mhaoin sin nó í go léir seachastalamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), abhaineann le feidhm dá dtagraítear san ordú, agus abhí, díreach sula ndéantar an t-ordú, ina maoin dechuid an údaráis dámhachtana aistrithigh, gan aonaistriú nó sannadh, arna haistriú chuig an údarásdámhachtana ceaptha,

(iii) go bhféadfaidh an t-údarás dámhachtana ceaptha, taréis an t-ordú a dhéanamh, agra a dhéanamh ina ainmféin i leith ábhair i gcaingean dá dtagraítear ibhfomhír (ii), é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhmagus ní gá don údarás dámhachtana ceaptha fógrafaoin aistriú a dhéantar leis an ordú a thabhairt donduine atá faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean densórt sin, nó

(iv) go ndéanfar airgead, stoic, scaireanna nó urrúis dádtagraítear i bhfomhír (ii) agus, atá, díreach sulandéanfar an t-ordú, in ainm an údaráis dámhachtanaaistrithigh a aistriú, ar iarraidh ón údarásdámhachtana ceaptha, chuig ainm an údaráisdámhachtana cheaptha;

(c) go bhféadfaidh an t-údarás dámhachtana ceaptha agra adhéanamh i leith cuid de cibé cearta nó dliteanais abhaineann leis an bhfeidhm dá dtagraítear san ordú nóina leith go léir, cuid díobh nó iad go léir a ghnóthú, nócuid díobh nó iad go léir a chur i bhfeidhm, nó gobhféadfar agra a dhéanamh i leith cuid díobh nó ina leithgo léir, cuid díobh nó iad go léir a ghnóthú nó cuid díobhnó iad go léir a chur i bhfeidhm i gcoinne an údaráissin gan é a bheith riachtanach don údarás dámhachtanaceaptha fógra faoin ordú a thabhairt don duine andéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó adliteanas a aistriú;

(d) i ndáil le cuid de cibé conarthaí nó comhaontuithe abhaineann le feidhm dá dtagraítear san ordú nó leo goléir—

(i) an conradh nó an comhaontú arna dhéanamh idir ant-údarás dámhachtana aistritheach nó aoniontaobhaí nó gníomhaire de chuid an údaráis a

15

Cd.1 A.10

Page 16: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.10

Fostaí nó fostaítéarma shocraithede chuid údaráisdámhachtanacheaptha nóaistrithigh.

16

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus aon duineeile a bheidh i bhfeidhm díreach roimh lá déanta anordaithe, do leanúint i bhfeidhm, nó

(ii) an conradh nó an comhaontú a fhorléiriú amhail isdá ndéanfaí an t-údarás dámhachtana ceaptha a churin ionad an údaráis dámhachtana aistrithigh ann gané a bheith riachtanach don údarás dámhachtanaceaptha fógra faoin ordú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó adliteanas;

(e) cuid de cibé imeachtaí dlí a bhaineann le feidhm dádtagraítear san ordú agus atá ar feitheamh i gcúirt nó imbinse sula ndéantar an t-ordú inar páirtí an t-údarásdámhachtana aistritheach nó iad go léir a do leanúint araghaidh, trí ainm an údaráis dámhachtana cheaptha achur in ionad ainm an údaráis dámhachtana aistrithighagus nach rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall aran gcur in ionad;

(f) an t-údarás dámhachtana aistritheach d’ullmhú cibécuntais chríochnaitheacha de chuid an údaráis sin abhaineann le feidhm dá dtagraítear san ordú laistigh dethréimhse shonraithe agus an céanna a chur faoi bhráidcibé daoine a shonrófar san ordú lena n-áirítear an tAire,an tAire Airgeadais, an tAire Comhshaoil, Oidhreachtaagus Rialtais Áitiúil, Aire iomchuí, an tArd-ReachtaireCuntas agus Ciste nó an t-údarás dámhachtana ceaptha;

(g) faoi réir alt 11—

(i) fostaí, is fostaí de chuid an údaráis dámhachtanaaistrithigh, díreach sula ndéantar an t-ordú, agus achomhlíonann dualgais a bhaineann le feidhm dádtagraítear san ordú, a aistriú chuig an údarásdámhachtana ceaptha;

(ii) conradh fostaíochta duine, is fostaí téarma shocraithede chuid an údaráis dámhachtana aistrithigh, díreachsula ndéantar an t-ordú, agus a dhéanann dualgais abhaineann le feidhm dá dtagraítear san ordú, aaistriú chuig an údarás dámhachtana ceaptha.

(3) San alt seo, tá le “fostaí téarma shocraithe” an bhrí a thugtardó leis an Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe),2003.

11.—(1) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteannarna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirneaitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear in alt 10(2)(g),ní lú tairbhe dó nó di, ar ordú faoi alt 9(1) a dhéanamh, nacoinníollacha luacha saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollachaluacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh theacht ingníomh don alt seo.

(2) Beidh seirbhís roimh ré de chuid duine dá dtagraítear in alt10(2)(g) ináirithe chun críocha na n-achtachán seo a leanas, ach sinfaoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu:

Page 17: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go2007;

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (ObairPháirtaimseartha), 2001;

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair TéarmaShocraithe), 2003;

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997;

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994agus 2001;

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta,1973 go 2005;

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 2007;

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais, 1994 agus2004;

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 agus2006;

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch, 1995 agus 2005;

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001.

(3) Maidir le haon sochair aoisliúntais a dhámhfar do dhuine nó ileith duine dá dtagraítear in alt 10(2)(g) agus leis na téarmaí abhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad ná na sochair agus natéarmaí sin ab infheidhme maidir leis an duine sin nó i leith an duinesin díreach roimh ordú a dhéanamh faoi alt 9(1).

(4) Ar ordú faoi alt 9(1) a dhéanamh, tiocfaidh íocaíochtaí pinsinagus dliteanais aoisliúntais eile an údaráis dámhachtana aistrithigh indáil le duine dá dtagraítear in alt 10(2)(g) agus dá dtugtar post sanúdarás dámhachtana ceaptha faoin ordú, chun bheith ina ndliteanaisde chuid an údaráis dámhachtana cheaptha.

(5) San alt seo, ciallaíonn “ceardchumann nó comhlachas foirneaitheanta” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag anAire chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó lecoinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre fostaithe.

12.—(1) I dteannta aon fheidhmeanna eile a chomhlíonadh athugtar dó leis an Acht seo, nó faoi, déanfaidh údarás dámhachtanana nithe seo a leanas—

(a) measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar nahacmhainní a theastaíonn uaidh chun a fheidhmeanna achomhlíonadh faoin Acht seo,

(b) nuair a iarrfaidh an tAire air déanamh amhlaidh, aonfhaisnéis a bheidh sonraithe san iarraidh maidir lehiarratais agus maidir leis an tslí ina ndéantar iad aphróiseáil a thabhairt don Aire agus d’aon duine eile abheidh sonraithe amhlaidh,

17

Cd.1 A.11

Údarásdámhachtana.

Page 18: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.12

Comhaontuithe abhaineann lecomhlíonadhfeidhmeannaáirithe.

18

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(c) gach cuntas is cuí agus is gnách a choimeád ar an airgeada gheobhaidh sé nó ar chaiteachas an airgid sin arnathabhú aige i ndáil le deontais mac léinn,

(d) iniúchadh a dhéanamh ar chuntais agus tuarascáiliniúchóra a thabhairt don Aire nuair a iarrfaidh an tAireair déanamh amhlaidh,

(e) athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascáil oifigighfiosrúcháin arna tabhairt dó faoi alt 22(4) agus gníomhúmar is cuí leis ag féachaint dá fheidhmeanna faoin Achtseo, agus

(f) aon fhaisnéis shonraithe a thabhairt don Aire i ndáil lehimeachtaí a thionscnamh chun fiach a ghnóthú faoi alt24(3).

(2) Beidh ag údarás dámhachtana na cumhachtaí sin go léir is gáchun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh nó a ghabhannlena gcomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, beartais a fhoirmliú agusordacháin a eisiúint chuig údarás dámhachtana maidir le deontaisagus cuirfidh údarás dámhachtana na beartais agus na hordacháinsin i ngníomh le linn aon fheidhmeanna a thugtar dó leis an Achtseo nó faoi a chomhlíonadh.

(4) Déanfaidh an tAire, ó am go ham, daoine a cheapadh chuncigireachtaí, athbhreithnithe agus iniúchtaí tréimhsiúla a sheoladh indáil le comhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo ag údaráisdámhachtana agus chun tuarascáil a thabhairt don Aire i ndáil leisna cigireachtaí, na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin agusdéanfaidh na daoine a cheapfar amhlaidh na cigireachtaí agus nahathbhreithnithe sin a sheoladh agus na tuarascálacha sin a thabhairtdá réir sin.

13.—(1) Faoi réir fho-alt (7), féadfaidh údarás dámhachtana, lecomhaontú i scríbhinn arna dhéanamh le haon duine, ar cibé téarmaíagus coinníollacha a bheidh sonraithe sa chomhaontú, foráil adhéanamh maidir leis an duine sin do dhéanamh, faoi réir cibétéarmaí agus coinníollacha (más ann) a bheidh sonraithe amhlaidh,cibé feidhmeanna a thabharfar don údarás dámhachtana leis an Achtseo nó faoi agus a bheidh sonraithe amhlaidh, a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh foráil a bheith i gcomhaontú faoin alt seo maidirleis na híocaíochtaí (más ann) a bheidh le déanamh agus leis an duinelena mbaineann do dhiúscairt na n-íocaíochtaí sin chun feidhm ashonraítear sa chomhaontú a chomhlíonadh.

(3) Oibreoidh comhaontú faoin alt seo, a fhad a leanfaidh sé ibhfeidhm, chun an fheidhm a shonrófar amhlaidh a thabhairt agus adhílsiú don duine lena mbaineann, go feadh an mhéid a shonrófar,agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonrófar, sachomhaontú.

(4) Beidh feidhm a thabharfar do dhuine le comhaontú faoin altseo in-chomhlíonta ag an duine ina ainm féin nó ina hainm féin achsin faoi réir mhaoirseacht ghinearálta agus rialú ginearálta anúdaráis dámhachtana.

Page 19: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(5) Leanfaidh feidhm a thabharfar do dhuine le comhaontú faoinalt seo, d’ainneoin an chomhaontaithe lena mbaineann, de bheithdílsithe don údarás dámhachtana ach beidh sí dílsithe amhlaidh igcomhthráth don duine dá dtabharfar í leis an gcomhaontú sin agussin sa chaoi go mbeidh ceachtar de na daoine sin in ann í achomhlíonadh.

(6) Ní chuirfear deireadh le freagracht, nó ní mhaolófarfreagracht, an údaráis dámhachtana don Aire maidir le feidhm dechuid an údaráis a chomhlíonadh ar an bhfeidhm a thabhairt dodhuine le comhaontú faoin alt seo.

(7) Sula ndéanfaidh sé comhaontú faoi fho-alt (1), déanfaidhúdarás dámhachtana, i ndáil leis an gcomhaontú agus le haon téarmaíagus coinníollacha a bheidh ann, an méid seo a leanas—

(a) rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire iomchuí, agus

(b) gheobhaidh sé ceadú roimh ré ón Aire agus ón AireAirgeadais.

14.—(1) San Acht seo, ciallaíonn “mac léinn” duine a bhfuilgnáthchónaí air nó uirthi sa Stát agus a mbeidh glactha leis nó léichun gabháil do chúrsa ceadaithe, nó a bheidh ag gabháil do chúrsaceadaithe, i bhforas ceadaithe agus—

(a) ar náisiúnach é nó í—

(i) de Bhallstát,

(ii) de stát is stát conarthach sa Chomhaontú LEE,

(iii) de Chónaidhm na hEilvéise,

(b) ar dídeanaí nó duine eile é nó í atá de thuras na huaire idteideal na gceart agus na bpribhléidí a shonraítear in alt3 d’Acht na nDídeanaithe, 1996,

(c) ar duine é nó í, de bhun Rialacháin na gComhphobalEorpach (Incháilitheacht le haghaidh Cosanta), 2006(I.R. Uimh. 518 de 2006)—

(i) ar chinn an tAire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlíina leith go bhfuil sé nó sí cáilithe de thuras na huairele haghaidh cosanta foghabhálaí de bhun Rialachán4 de na Rialacháin sin, nó

(ii) dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agusAthchóirithe Dlí cead de thuras na huaire i scríbhinnchun teacht isteach agus cónaí sa Stát de bhunRialachán 16 de na Rialacháin sin,

(d) is duine arb é atá ann nó inti, i ndáil le duine dá dtagraíteari mír (a), duine de theaghlach atá forordaithe, faoi réirfho-alt (2) chun críocha na míre seo, nó

(e) is duine, seachas duine dá dtagraíonn mír (a), (b), (c) nó(d)—

(i) dár dheonaigh an tAire Dlí agus Cirt agusAthchóirithe Dlí cead chun cónaí laistigh den Stát

19

Cd.1 A.13

Mac léinn — léiriú.

Page 20: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.1 A.14

20

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

de bhun cibé dlíthe atá i bhfeidhm de thuras nahuaire, agus

(ii) is d’aicme daoine arna forordú ag an Aire, faoi réirfho-alt 3 agus le toiliú an Aire Airgeadais, chuncríocha na fomhíre seo.

(2) I gcás go bhfuil an tAire ag forordú aicme daoine mar dhuinede theaghlach chun críocha fho-alt (1)(a), beidh aird aige nó aici arna nithe seo a leanas go léir nó ar aon cheann díobh:

(a) an gaol atá ag an duine de theaghlach leis an duine dádtagraítear i bhfo-alt (1)(a);

(b) an bhfuil an duine de theaghlach i gcleithiúnas ar an duinedá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a);

(c) an bhfuil cead cónaithe ag an duine de theaghlach sa Státde bhua gurb é nó í céile, páirtnéir sibhialta nócomhchónaitheoir an duine dá dtagraítear i bhfo-alt(1)(a) nó gur leanbh é nó í dá chuid nó dá cuid.

(3) I gcás go bhfuil an tAire ag forordú aicme daoine chun críochafho-alt (1)(e)(ii), beidh aird aige nó aici ar na nithe seo a leanas goléir nó ar aon cheann díobh:

(a) an tréimhse ar lena linn a raibh gnáthchónaí orthu sa Stát;

(b) an bonn ar ar deonaíodh cead chun cónaí laistigh denStát dóibh;

(c) na coinníollacha ar dá mbun a deonaíodh cead chun cónaílaistigh den Stát dóibh;

(d) méid an cheangail ar dóigh a bheidh acu leis an Stát;

(e) an teideal atá acu chun sochar nó seirbhísí arna solátharag Aire den Rialtas, údarás áitiúil, Feidhmeannacht naSeirbhíse Sláinte nó sealbhóir aon oifige nó comhlachta bunaíodh—

(i) le haon achtachán nó faoi (seachas Achtanna nagCuideachtaí), nó

(ii) faoi Achtanna na gCuideachtaí de bhun cumhachtaí athugtar le haon achtachán eile nó faoi,

agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach lehairgead a sholáthraíonn Aire den Rialtas nó lehiasachtaí a dhéanann nó a ráthaíonn Aire den Rialtasnó le heisiúint scaireanna a shealbhaíonn Aire denRialtas nó a shealbhaítear thar a cheann nó thar a ceannnó ag fochuideachta d’aon chomhlacht den sórt sin;

(f) an bhfuil rochtain acu ar oideachas ina stát tionscnaimh;

(g) na hacmhainní atá ar fáil chun tacaíocht do mhic léinn asholáthar.

(4) Chun críocha fho-alt (1), beidh gnáthchónaí ar dhuine sa Státmás rud é—

Page 21: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(a) go raibh cónaí ar an duine sa Stát ar feadh 3 bliana ar alaghad as an tréimhse 5 bliana dar críoch an lá roimh andáta iomchuí, nó

(b) mura raibh cónaí ar an duine mar a thuairiscítear i mír(a)—

(i) go bhfuil cónaí go sealadach ar an duine lasmuigh denStát de bhrí go bhfuil sé nó sí ag gabháil do chúrsastaidéir nó do thaighde iarchéime i bhforasoideachais lasmuigh den Stát ach laistigh deBhallstát is cúrsa nó taighde as a dtiocfaidh cáilíochta aithnítear de réir dhlíthe an Bhallstáit lenambaineann maidir le cáilíochtaí a aithint afhreagraíonn do na socruithe, na nósanna imeachtaagus na córais dá dtagraítear in alt 8(2)(k)(i), nó másrud é nach dtugtar aitheantas den sórt sin leis nadlíthe sin ar an modh sin, ansin ar shlí eile de réirdhlíthe an Bhallstáit sin, agus

(ii) go raibh cónaí ar an duine sa Stát ar feadh 3 bliana ara laghad as an tréimhse 5 bliana dar críoch an lá sularthosaigh sé nó sí ar an gcúrsa staidéir nó ar antaighde iarchéime sin.

(5) Chun críocha fho-alt (4), le linn d’údarás dámhachtana ceist achinneadh i dtaobh gnáthchónaí sa Stát a bheith ar dhuine atá luaitei bhfo-alt (6), ní bheidh teideal ag an duine aon sochar a fháil óthréimhse láithreachta neamhdhleathaí sa Stát.

(6) Ní bhainfidh cinneadh na ceiste dá dtagraítear i bhfo-alt (5)le duine—

(a) is saoránach Éireannach, nó

(b) is duine a bhfuil ceart bunaithe aige nó aici chun teachtisteach agus a bheith sa Stát faoi Rialacháin nagComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine)(Uimh. 2), 2006 (I.R. Uimh. 656 de 2006), faoi Rialacháinna gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 (I.R.Uimh. 393 de 1977) nó faoi Rialacháin na gComhphobalEorpach (Ceart Cónaithe do Dhaoine nach bhfuilGníomhach ó thaobh an Gheilleagair de), 1997 (I.R.Uimh. 57 de 1997).

(7) San Acht seo, ciallaíonn “mac léinn teagaisc” mac léinn afhéadfaidh deontas a fháil i leith táillí teagaisc, a bhfuil gnáthchónaíair nó uirthi i gceann de na stáit dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a), arglacadh leis nó léi chun gabháil do chúrsa, agus atá ag gabháil dochúrsa, is cúrsa ceadaithe ardoideachais (seachas cúrsa ar a dtugtar,de thuras na huaire, cúrsa iar-ardteistiméireachta) i bhforasceadaithe sa Stát agus a bhfuil feidhm ag mír (a), (b), (c), (d) nó (e)d’fho-alt (1) maidir leis nó léi.

(8) Chun críocha fho-alt (7), beidh gnáthchónaí ar mhac léinnteagaisc i gceann de na stáit dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) má bhícónaí ar an mac léinn in aon cheann de na stáit ar feadh tréimhsenach giorra ná 3 bliana as an tréimhse 5 bliana dar críoch an lá roimhan dáta iomchuí.

(9) San alt seo, i ndáil le cúrsa ceadaithe a bhféadfaidh duine dádtagraítear in bhfo-alt (4) nó mac léinn teagaisc iarratas a dhéanamhar dheontas ina leith, ciallaíonn “dáta iomchuí” an dáta a thosaíonnbliain staidéir ar an gcúrsa ceadaithe.

21

Cd.1 A.14

Page 22: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Airleacain d’údaráisdámhachtana.

Scéimeannadeontas.

22

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

CUID 2

Deontais

15.—(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha amheasfaidh sé nó sí a bheith cuí, i ngach bliain airgeadais cibé suima cheadóidh an tAire Airgeadais a airleacan d’údarás dámhachtanaas airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus is suim nach mó náan tsuim is gá faoi chomhair caiteachais arna thabhú ag an údarásdámhachtana le linn dó deontas a íoc.

(2) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidhsé nó sí a bheith cuí, i ngach bliain airgeadais cibé suim a cheadóidhan tAire Airgeadais a airleacan d’údarás dámhachtana, i gcás inarcoiste gairmoideachais an t-údarás dámhachtana, as airgead asholáthróidh an tOireachtas agus is suim nach mó ná an tsuim is gáfaoi chomhair caiteachais arna thabhú ag an údarás dámhachtana lelinn dó aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh (seachasdeontas a íoc).

(3) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus RialtaisÁitiúil, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí,i ngach bliain airgeadais cibé suim a cheadóidh an tAire Airgeadais aairleacan d’údarás dámhachtana, i gcás inar údarás áitiúil an t-údarásdámhachtana, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus is suimnach mó ná an tsuim is gá faoi chomhair caiteachais arna thabhú agan údarás dámhachtana le linn dó aon cheann dá fheidhmeanna achomhlíonadh (seachas deontas a íoc).

(4) Féadfaidh an tAire iomchuí, faoi réir cibé coinníollacha amheasfaidh sé nó sí a bheith cuí, i ngach bliain airgeadais cibé suima cheadóidh an tAire Airgeadais a airleacan d’údarás dámhachtana,i gcás inar údarás dámhachtana ceaptha an t-údarás dámhachtana, asairgead a sholáthróidh an tOireachtas agus is suim nach mó ná antsuim is gá faoi chomhair caiteachais arna thabhú ag an údarásdámhachtana le linn dó aon cheann dá fheidhmeanna achomhlíonadh (seachas deontas a íoc).

16.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéimnó scéimeanna deontas a dhéanamh.

(2) Féadfar le scéim:

(a) deontais nó aicmí deontas a shonrú a fhéadfar adhámhachtain fúithi;

(b) aicme nó aicmí iarratasóirí a shonrú a bhféadfaidh micléinn chleithiúnacha, mic léinn neamhspleácha, mic léinnaibí agus mic léinn teagaisc a bheith ar áireamh iontu;

(c) údarás dámhachtana nó aicmí údarás dámhachtana ashonrú a chomhlíonfaidh feidhmeanna a thugtar leis anAcht seo nó faoi i ndáil le deontais shonraithe nó aicmísonraithe deontas;

(d) critéir a shonrú a bheidh le breithniú ag údarásdámhachtana le linn dó cinneadh a dhéanamh i dtaobhan mac léinn d’aicme áirithe iarratasóir;

(e) critéir a shonrú a bheidh le breithniú ag údarásdámhachtana le linn dó cinneadh a dhéanamh i dtaobh

Page 23: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

an bhfuil iarratasóir cáilithe le haghaidh deontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i) coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag iarratasóir,ag a thuismitheoirí nó a tuismitheoirí, ag a chéile nóa céile, ag a pháirtnéir sibhialta nó a páirtnéirsibhialta nó a chomhchónaitheoir nó acomhchónaitheoir, de réir mar a bheidh, chun gombeidh an t-iarratasóir cáilithe amhlaidh;

(ii) an modh ina gcinnfear ioncam iarratasóra, athuismitheoirí nó a tuismitheoirí, a chéile nó a céile,a pháirtnéara shibhialta nó a páirtnéara shibhialta nóa chomhchónaitheora nó a comhchónaitheora, deréir mar a bheidh;

(f) an méid airgid a shonrú a bheidh le soláthar d’iarratasóir,nó thar ceann iarratasóra, i leith deontais a mbeidh sé nósí lena aghaidh;

(g) coinníollacha a shonrú a gceanglaítear go leanfar de bheithá gcomhlíonadh chun go mbeidh iarratasóir cáilithe igcónaí chun deontas a dhámhtar dó nó di a fháil;

(h) an tréimhse ama a shonrú a bhféadfaidh iarratasóirdeontas, a mbeidh sé nó sí cáilithe lena aghaidh, a fháillena linn;

(i) an tréimhse ama a shonrú a gcuirfear airgead ar fáil lenalinn chun aicme deontas a mhaoiniú;

(j) foráil a dhéanamh maidir leis an modh ina mbeidh iarratasar dheontas le déanamh agus leis an bhfaisnéis a bheidhle tabhairt ag iarratasóir i ndáil leis sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)(a) nó (b), le linn donAire aicme nó aicmí iarratasóirí a shonrú, nó critéir a shonrú abheidh le breithniú le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an macléinn d’aicme áirithe iarratasóir, beidh aird ag an Aire ar na nitheseo a leanas nó ar aon nithe díobh, eadhon:

(a) aois an iarratasóra;

(b) a dhálaí nó a dálaí teaghlaigh nó pearsanta;

(c) an bhfuil daoine dá theaghlach nó dá teaghlach ann abhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go dtabharfaidístacaíocht don iarratasóir;

(d) an raibh nó an bhfuil sé nó sí á chothú nó á cothú féin;

(e) an raibh, agus a mhéid a bhí, sé nó sí in oideachas nó ibhfostaíocht lánaimseartha roimhe sin;

(f) gnóthachtáil oideachais an iarratasóra roimhe sin;

(g) aon nithe eile is nithe cuí, i dtuairim an Aire, lena gcur igcuntas ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil agusdon chuspóir daoine a chumasú chun freastal ar chúrsaíardoideachais nó breisoideachais.

23

Cd.2 A.16

Page 24: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.2 A.16

24

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir leis na critéira shonróidh an tAire i scéim mar chritéir atá le breithniú ag údarásdámhachtana ionas go gcinnfidh sé an bhfuil iarratasóir cáilithe lehaghaidh deontais, féadfar na critéir seo a leanas a áireamh orthuach ní bheidh siad teoranta dóibh—

(a) maidir le hioncam:

(i) teorainneacha ioncaim, nach mbeidh an t-iarratasóircáilithe le haghaidh deontais, má tá sé nó sí ag fáilioncaim a sháraíonn an teorainn atá sonraithe;

(ii) á cheangal, i gcás inar mac léinn cleithiúnach an t-iarratasóir, go ndéanfar ioncam an iarratasóra agusa thuismitheoirí nó a tuismitheoirí, de réir mar is cuí,a chur i gcuntas le linn ríomh a dhéanamh i dtaobhan sáraíonn an t-ioncam an teorainn atá sonraithe;

(iii) á cheangal, i gcás inar mac léinn neamhspleách an t-iarratasóir, go ndéanfar ioncam an iarratasóra agusa chéile nó a céile, a pháirtnéara shibhialta nó apáirtnéara shibhialta nó a chomhchónaitheora nó acomhchónaitheora, de réir mar is cuí, a chur igcuntas le linn ríomh a dhéanamh i dtaobh ansáraíonn an t-ioncam an teorainn atá sonraithe;

(iv) an cion d’ioncam, nó an cineál ioncaim, de chuidiarratasóra, a thuismitheoirí nó a tuismitheoirí, achéile nó a céile, a pháirtnéara shibhialta nó apáirtnéara shibhialta nó a chomhchónaitheora nó acomhchónaitheora, de réir mar a bheidh, a bheidh lebreithniú ag an údarás dámhachtana le linn ríomha dhéanamh i dtaobh an sáraítear an teorainn atásonraithe (agus, i scéim, tabharfar “ioncam ináirithe”ar an gcion sin d’ioncam nó ar an gcineál sinioncaim);

(v) á cheangal go bhféadfar, nuair a bheidh teorainneachaioncaim á sonrú, a mheas go bhfolaíonn ioncamináirithe acmhainn, nó cion d’acmhainn, iarratasóra,a thuismitheoirí nó a tuismitheoirí, a chéile nó acéile, a pháirtnéara shibhialta nó a páirtnéarashibhialta nó a chomhchónaitheora nó acomhchónaitheora, de réir mar is cuí;

(vi) i gcás ina gcónaíonn tuismitheoirí mic léinnchleithiúnaigh nó leanaí cleithiúnacha eile idteaghlaigh ar leithligh, an modh ina ndéanfar, agusna críocha chun a ndéanfar, na socruithe atá annmaidir leis an mac léinn cleithiúnach nó leis na leanaícleithiúnacha eile a chur i gcuntas;

(vii) á cheangal, mar choinníoll chun deontas a fháil, gobhfuil iarratasóir ag fáil sochair nó seirbhísí arnasoláthar ag Aire den Rialtas, údarás áitiúil,Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó sealbhóiraon oifige nó comhlacht a bunaíodh—

(I) le haon achtachán nó faoi (seachas Achtanna nagCuideachtaí), nó

Page 25: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(II) faoi Achtanna na gCuideachtaí de bhuncumhachtaí a thugtar le haon achtachán eile nófaoi,

agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach lehairgead a sholáthraíonn Aire den Rialtas nó lehiasachtaí a dhéanann nó a ráthaíonn Aire denRialtas nó le heisiúint scaireanna a shealbhaíonnAire den Rialtas nó a shealbhaítear thar a cheann nóthar a ceann nó ag fochomhlacht d’aon chomhlachtden sórt sin;

(b) an mac léinn atá ag dul chun cinn an t-iarratasóir;

(c) an bhfuil an t-iarratasóir ag fáil maoiniú, dámhachtana nóstipinne cheana féin nó an dócha go bhfaighidh sé nó sían céanna, chun cuidiú leis nó léi gabháil dá oideachasnó dá hoideachas;

(d) an bhfuil an t-iarratasóir ag fáil maoiniú cheana féin, nóan dócha go bhfaighidh sé nó sí maoiniú, ó stát seachasan Stát faoi dhlí an stáit sin lena ndéantar foráil maidirle híocaíochtaí le mic léinn atá ar aon dul le deontais;

(e) gnóthachtáil acadúil an iarratasóra roimhe sin;

(f) freastal a rinne an t-iarratasóir roimhe sin ar chúrsaíardoideachais nó breisoideachais, lena n-áirítear cúrsaíceadaithe (ach gan a bheith teoranta dóibh);

(g) an duine faoi bhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialach, duinefaoi mhíchumas nó duine ó earnáil den tsochaí atá faoithearcionadaíocht shuntasach i gcuallacht na mac léinn,an t-iarratasóir;

(h) an mian leis an iarratasóir freastal ar chúrsa a aithníodhmar chúrsa atá riachtanach chun scileanna agus eolas afhorbairt in earnálacha den gheilleagar nó denfhostaíocht atá aitheanta mar earnálacha inar gá anfhorbairt sin ag cibé duine, is duine a bhfuil leas nósaineolas aige nó aici i gcúrsaí oideachais nó i bhforbairtscileanna agus eolais, ar cuí leis an Aire dul i gcomhairleleis nó léi chuige sin;

(i) aon chritéir eile a moladh go sonródh an tAire iad de bhuncomhairle a fuair an tAire ó cibé duine, is duine a bhfuilleas nó saineolas aige nó aici i gcúrsaí oideachais, ar cuíleis an Aire dul i gcomhairle leis nó léi le haghaidh nacomhairle sin; agus

(j) aon chritéir eile is nithe cuí, i dtuairim an Aire, lena gcuri gcuntas ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil agusdon chuspóir daoine a chumasú chun freastal ar chúrsaíardoideachais nó breisoideachais.

(5) Féadfaidh an tAire, sa scéim lena mbaineann, critéir de bhreisar chritéir dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (4) a shonrú a bheidh lebreithniú ag údarás dámhachtana chun go ndéanfaidh an t-údaráscinneadh i dtaobh an bhfuil iarratasóir cáilithe le haghaidh deontaischun freastal ar chúrsa ceadaithe faoi alt 8(3), agus féadfaidh gachceann nó aon cheann díobh seo a leanas a bheith ar áireamh snacritéir:

25

Cd.2 A.16

Page 26: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.2 A.16

26

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(a) stádas fostaíochta an iarratasóra, lena n-áirítear leibhéal aluach saothair nó—

(i) gur tháinig sé nó sí chun a bheith iomarcach dáainneoin nó dá hainneoin,

(ii) go bhfuil sé nó sí dífhostaithe dá ainneoin nó dáhainneoin, nó

(iii) gur laghdaíodh a uaireanta nó a huaireanta oibre dáainneoin nó dá hainneoin;

(b) neamhábaltacht an iarratasóra freastal ar ardoideachas arbhonn lánaimseartha de bhua a bheith freagrach, gohiomlán nó go formhór, as cúram duine a dteastaíonncúram agus aire lánaimseartha uaidh nó uaithi;

(c) go bhfuil an t-iarratasóir faoi mhíchumas (de réir bhrí anAchta um Míchumas, 2005) agus de dheasca anmhíchumais nach bhfuil sé nó sí ábalta freastal arardoideachas ar bhonn lánaimseartha;

(d) go raibh an t-iarratasóir faoi mhíbhuntáiste oideachasúil;

(e) gnóthachtáil acadúil an iarratasóra roimhe seo lena n-áirítear oideachas tríú leibhéal ar ghabh sé nó sí deroimhe seo;

(f) aon nithe eile ar nithe cuí iad, i dtuairim an Aire, le cur igcuntas ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáilagus don chuspóir daoine a chumasú chun freastal archúrsaí ardoideachais.

(6) Chun critéir a shonrú nó foráil a dhéanamh maidir le nithe abheidh le sonrú nó a mbeidh foráil le déanamh maidir leo faoi fho-alt (2), (3), (4) nó (5), féadfaidh an tAire critéir éagsúla a shonrú nóforáil a dhéanamh maidir le nithe éagsúla i leith aicmí éagsúladeontas nó iarratasóirí.

(7) (a) San alt seo, ciallaíonn “leanbh cleithiúnach” leanbh, lenan-áirítear leanbh altrama, le duine dá dtagraítear i mír(b) ar leanbh é nó í, ar lá a bheidh le forordú—

(i) nach mbeidh aois 16 bliana slánaithe aige nó aici, nó

(ii) a mbeidh aois 16 bliana slánaithe aige nó aici, achónaíonn le duine dá dtagraítear i mír (b), agus

(I) a bheidh ag gabháil do chúrsa oideachaislánaimseartha, nó

(II) a mbeidh deimhnithe ag lia-chleachtóir cláraithe(de réir bhrí alt 2 d’Acht na Lia-Chleachtóirí,2007) ina leith go bhfuil sé nó sí éagumasach gobuan chun oibre mar gheall ar riocht sláinte.

(b) Maidir le leanbh cleithiúnach, is leanbh le duine acu seo aleanas é nó í, agus cónóidh sé nó sí le duine amháin, nóde réir mar a bheidh, le níos mó ná duine amháin acu:

(i) mac léinn neamhspleách;

Page 27: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(ii) céile mic léinn neamhspleách;

(iii) mac léinn cleithiúnach;

(iv) tuismitheoir amháin nó beirt tuismitheoirí an mhicléinn chleithiúnaigh.

(c) Maidir le lá a bheidh forordaithe chun críocha mhír (a), islá é nach luaithe ná 12 mhí roimh an lá ar a thosóidhmac léinn, ar leanbh iomchuí i ndáil lena iarratas nó lenahiarratas ar dheontas leanbh cleithiúnach, bliain staidéiri mbliain ar bith ar chúrsa ceadaithe.

17.—(1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, foráille rialacháin maidir le cibé nithe a bhaineann le nós imeachta agusriarachán is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nófóirsteanach i leith iarratas ó mhic léinn ar dheontais.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo,féadfar le rialacháin faoi fho-alt (1) foráil a dhéanamh maidir leceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) an t-údarás dámhachtana a ndéanfaidh iarratasóiriarratas chuige;

(b) an dáta faoina mbeidh iarratas déanta;

(c) an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag údarás dámhachtanad’iarratasóir i ndáil le hiarratas ar dheontas, lescéimeanna deontas, le hoibleagáidí lena n-áirítear nahoibleagáidí sin a eascraíonn faoi alt 19(2) nó 19(4), leisna himthosca ina scoirfear, de bhun an Achta seo, dedheontas a íoc, go hiomlán nó go páirteach, le pionóis ileith cionta faoin Acht seo, agus le dliteanas, faoi alt 24,an deontas a aisíoc.

(d) iarratasóir do dhéanamh faisnéis a éilítear leis an Acht seonó faoi a chur faoi bhráid údaráis dámhachtana i leithiarratais ar dheontas;

(e) an t-iarratasóir do dhéanamh breis faisnéise a éileoidhúdarás dámhachtana a chur faoina bhráid;

(f) fianaise a thabhairt ar aird chun sonraí faisnéise arnatabhairt ag iarratasóir d’údarás dámhachtana a fhíorú;

(g) na tréimhsí ama ar laistigh díobh a dhéanfar an fhaisnéis,breis faisnéise, nó fianaise a chur faoi bhráid an údaráisdámhachtana nó a thabhairt ar aird dó;

(h) an modh ina gcuirfidh an t-údarás dámhachtana a bhreithin iúl;

(i) aon ní eile is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nófóirsteanach.

18.—(1) Déanfaidh iarratasóir iarratas ar dheontas chuig údarásdámhachtana.

27

Cd.2 A.16

Rialacháin maidir lehiarratais.

Iarratas ar dheontasagus deontas adhámhachtain.

Page 28: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.2 A.18

Athrú ar imthosca.

28

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(2) Ní fhéadfaidh iarratasóir iarratas a dhéanamh ar níos mó nádeontas amháin, nó níos mó ná deontas amháin a fháil, aon trátháirithe.

(3) Tabharfaidh iarratasóir d’údarás dámhachtana an fhaisnéisphearsanta, teaghlaigh, airgeadais, agus an fhaisnéis eile, a lorgóidhan t-údarás i ndáil leis an iarratasóir, le céile, le páirtnéir sibhialtanó le comhchónaitheoir an iarratasóra, le gach tuismitheoir de chuidan iarratasóra, agus le haon leanbh cleithiúnach, agus tabharfaidh sénó sí fianaise ar aird, i cibé foirm a fhorordófar, chun an fhaisnéis afhíorú, ionas gur féidir leis an údarás cinneadh a dhéanamh i dtaobhan bhfuil nó nach bhfuil an t-iarratasóir cáilithe chun deontas a fháil.

(4) Déanfaidh údarás dámhachtana cinneadh i dtaobh an bhfuiliarratasóir cáilithe chun deontas a fháil, ag féachaint do na nithe seoa leanas—

(a) faisnéis arna tabhairt ag an iarratasóir de bhun an ailt seo,

(b) aon fhaisnéis eile i ndáil leis an iarratas, de réir mar iscuí, agus

(c) cibé critéir a shonrófar sna scéimeanna deontas iomchuí.

(5) Tabharfaidh údarás dámhachtana deontas d’iarratasóir archinn sé ina leith go bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh deontais decibé airgead, agus i leith cibé tréimhse ama, a shonrófar sa scéimiomchuí.

(6) I gcás go gcinnfidh an t-údarás dámhachtana—

(a) go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe le haghaidh an deontaisa ndearna sé nó sí iarratas ina leith, tabharfaidh sé fógrai scríbhinn lena gcuirfear an cinneadh in iúl doniarratasóir agus déanfaidh sé socrú chun an deontas aíoc, nó

(b) nach bhfuil an t-iarratasóir cáilithe le haghaidh an deontaisa ndearna sé nó sí iarratas ina leith, tabharfaidh sé fógrai scríbhinn don iarratasóir faoin gcinneadh agus nacúiseanna atá leis, agus faoin gceart atá ag an iarratasóirachomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuigoifigeach achomhairc.

19.—(1) Breithneoidh údarás dámhachtana faisnéis i ndáil le macleinn ata ag fail ıocaıochta, no ata le hıocaıocht a fhail, i leith deontaisa ndearnadh cinneadh i ndáil leis faoi alt 18(6)(a), agus déanfaidh sécinneadh, ag féachaint do cibé critéir a shonrófar sa scéim deontasiomchuí, i dtaobh an bhfuil an mac léinn cáilithe i gcónaí le haghaidhan deontais in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a) tugtar fógra don údarás dámhachtana faoi fho-alt (2),

(b) thug an mac léinn faisnéis faoi fho-alt (4), nó mhainnighsé nó sí, gan míniú sásúil, an fhaisnéis sin a thabhairtfaoin bhfo-alt sin,

(c) tugtar tuarascáil ó oifigeach fiosrúcháin don údarás faoi alt22 nó

(d) tagann faisnéis iomchuí faoin mac léinn i seilbh an údaráis.

Page 29: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(2) Tabharfaidh mac léinn fógra i scríbhinn láithreach donúdarás dámhachtana—

(a) má thagann an mac léinn ar an eolas, mar gheall ar aonathrú ábhartha ar imthosca an mhic léinn, nó, de réir mara bheidh, ar imthosca chéile, pháirtnéir sibhialta nóchomhchónaitheoir an mhic léinn nó tuismitheora dechuid an mhic léinn—

(i) maidir le haon fhaisnéis a thug an mac léinn inaiarratas nó ina hiarratas, faoi alt 18, ar an deontaslena mbaineann, a bhféadfaí a bhreithniú ina leith leréasún go bhfearfadh sí ar dhámhachtain an deontaisar an mac léinn, nach bhfuil sí ceart a thuilleadh, nó

(ii) nach féidir a thuilleadh coinníollacha a chomhlíonadha gceanglaítear go leanfar de bheith á gcomhlíonadhchun go mbeidh iarratasóir cáilithe i gcónaí chundeontas a dhámhtar dó nó di a fháil,

(b) má thagann an mac léinn ar an eolas maidir le haonfhaisnéis a thug sé nó sí i ndáil leis féin nó léi féin, nó, deréir mar a bheidh, lena chéile nó lena céile, lenapháirtnéir sibhialta nó lena páirtnéir sibhialta, lenachomhchónaitheoir nó lena comhchónaitheoir, nó letuismitheoir de chuid an mhic léinn, a bhféadfaí abhreithniú ina leith le réasún go bhfearfadh sí ardhámhachtain an deontais, go raibh sí mícheart,

faoin athrú ábhartha ar imthosca nó faoin bhfaisnéis nach raibhceart.

(3) Féadfaidh údarás dámhachtana tráth ar bith fógra i scríbhinna thabhairt do mhac léinn atá ag fáil íocaíochta, nó atá le híocaíochta fháil, i leith deontais lena gceanglófar ar an mac léinn cibé faisnéisa thabhairt a shonrófar san fhógra agus is cuí leis an údarás, laistighden tréimhse a shonrófar amhlaidh, chun a chinneadh an bhfuil anmac léinn cáilithe i gcónaí le haghaidh an deontais lena mbaineann.

(4) Déanfaidh mac léinn an fhaisnéis a éileoidh an t-údarás athabhairt laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra.

(5) Féadfaidh údarás dámhachtana, i gcás inar cuí leis é snahimthosca go léir, scor, go hiomlán nó go páirteach, d’íocaíocht athabhairt i leith deontais d’ainneoin nach ndearna sé cinneadh gofóill den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (6).

(6) Le linn dó cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1), féadfaidhúdarás dámhachtana cinneadh a dhéanamh maidir le mac léinn—

(a) go bhfuil sé nó sí cáilithe i gcónaí le haghaidh an deontaisa ndearnadh cinneadh ina leith faoi alt 18(6)(a), agus dáréir sin leanfaidh sé den deontas agus de riaráistí, másann, a íoc atá dlite don mhac léinn i leith aon tréimhsefaoi fho-alt (5) ar scoireadh den íocaíocht lena linn,

(b) nach bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh deontais andearnadh cinneadh i ndáil leis faoi alt 18(6)(a) ach gobhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh deontais eile, agusdéanfaidh sé, dá réir sin, de réir mar is cuí—

29

Cd.2 A.19

Page 30: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.2 A.19

Achomhairc chuigoifigigh achomhairc.

30

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(i) an deontas a íoc a gcinnfidh an t-údarás dámhachtanago bhfuil an mac léinn cáilithe lena aghaidh, ag cur igcuntas, más gá, airgead a íocadh leis an mac léinnnó thar a cheann nó thar a ceann i leith an deontaisa gcinnfidh sé nach bhfuil an mac léinn cáilithe lenaaghaidh agus a íocadh leis an mac léinn le linn dó nódi a bheith cáilithe amhlaidh agus riaráistí, más ann,atá dlite do mhac léinn i leith aon tréimhse faoi fho-alt (5) ar scoireadh den íocaíocht lena linn, nó

(ii) a iarraidh ar an mac léinn aon airgead a thabhairt arais a íocadh leis an mac léinn nó thar ceann an mhicléinn i ndáil leis an deontas a gcinnfidh sé nach bhfuilan mac léinn cáilithe lena aghaidh le linn na tréimhsenach raibh an mac léinn cáilithe amhlaidh, i gcás inarmó an deontas nach bhfuil an mac léinn cáilithe inaleith ná an deontas a bhfuil an mac léinn cáilithe lenaaghaidh, ag cur riaráistí i gcuntas, más ann, atá dlitedon mhac léinn i leith aon tréimhse faoi fho-alt (5)ar scoireadh den íocaíocht lena linn,

(c) nach bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh an deontais andearnadh cinneadh i ndáil leis faoi alt 18(6)(a), agus, dáréir sin, mura ndearna an t-údarás amhlaidh cheana féinfaoi fho-alt (5), scoirfidh sé láithreach den deontas a íocagus iarrfaidh sé ar an mac léinn aon airgead a thabhairtar ais a íocadh leis an mac léinn nó thar ceann an mhicléinn i leith an deontais nuair nach raibh an mac léinncáilithe amhlaidh.

(7) Déanfaidh an t-údarás dámhachtana, a luaithe is féidir, fógrai scríbhinn a thabhairt don mhac léinn faoin gcinneadh faoin alt seoagus na cúiseanna atá leis agus cuirfidh sé a cheart nó a ceart chunachomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuig oifigeachachomhairc in iúl don mhac léinn.

(8) Tiocfaidh cinneadh údaráis dámhachtana faoin alt seo inéifeacht ar fhógra a thabhairt faoi fho-alt (7).

20.—(1) Déanfaidh údarás dámhachtana cibé comhaltaí agus cibélíon comhaltaí is cuí leis d’fhoireann an údaráis a ainmniú chunbheith ina n-oifigigh achomhairc faoin alt seo agus beidh duine aainmneofar amhlaidh ina oifigeach achomhairc nó ina hoifigeachachomhairc ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an t-údarás.

(2) I gcás inarb éagóir le hiarratasóir cinneadh ó údarásdámhachtana faoi alt 18(6), ansin féadfaidh an t-iarratasóir, tráthnach déanaí ná 30 lá tar éis fógra an chinnidh a fháil, achomharc adhéanamh chuig an oifigeach achomhairc i gcoinne an chinnidhsin.

(3) I gcás inarb éagóir le mac léinn fógra ó údarás dámhachtanafaoi alt 19(3) lena gceanglaítear faisnéis a thabhairt, nó cinneadh faoialt 19(6) ó údarás dámhachtana ansin féadfaidh an mac léinn, tráthnach déanaí ná 30 lá tar éis fógra an chinnidh a fháil, achomharc adhéanamh chuig an oifigeach achomhairc i gcoinne an fhógra sin nóan chinnidh sin.

Page 31: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(4) Féadfaidh an t-oifigeach achomhairc (ar iarraidh i scríbhinnón iarratasóir nó ón mac léinn, de réir mar a bheidh) an tréimhse dádtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3) a fhadú go ceann tréimhse breisenach faide ná 30 lá más deimhin leis an oifigeach achomhairc gobhfuil cúis réasúnach tugtha ag an duine chun fadú a dhéanamhamhlaidh.

(5) Déanfaidh an t-oifigeach achomhairc achomharc faoin alt seoa chinneadh laistigh de 30 lá ón tráth a dhéanfar an t-achomharcagus féadfaidh gur cinneadh an cinneadh sin chun an cinneadh nó aniarraidh, de réir mar a bheidh, ón údarás dámhachtana lenambaineann a dhaingniú, a athrú nó a chur ar ceal agus, de réir maris cuí, ordachán a thabhairt don údarás dámhachtana a chinneadh nóa cinneadh a chomhlíonadh.

(6) Tabharfaidh an t-oifigeach achomhairc fógra i scríbhinn doniarratasóir nó don mhac léinn, de réir mar a bheidh, agus don údarásdámhachtana faoin gcinneadh agus faoi na cúiseanna atá leis.

(7) Le linn don oifigeach achomhairc fógra a thabhairtd’iarratasóir nó do mhac léinn faoi fho-alt (6), cuirfidh sé nó sí in iúldó nó di go bhfuil an ceart aige nó aici achomharc a dhéanamh achuig an mBord Achomhairc i gcoinne an chinnidh agus, másinfheidhme, nach bhféadfaidh an t-údarás dámhachtana lenambaineann ach íocaíochtaí de bhun cinnidh faoi fho-alt (5) adhéanamh leis an iarratasóir nó leis an mac léinn go dtí go mbeidhtoradh ar a achomharc nó a hachomharc chuig an mBordAchomhairc.

(8) Comhlíonfaidh an t-údarás dámhachtana ordachán athabharfar dó faoi fho-alt (5).

(9) Le linn achomharc a chinneadh faoin alt seo, déanfaidh an t-oifigeach achomhairc amhlaidh de réir nósanna imeachta a bheidhforordaithe ag an Aire chun na críche sin de bhun fho-alt (10).

(10) Féadfaidh an tAire nósanna imeachta a fhorordú i leithoifigeach achomhairc do chinneadh achomhairc de bhun an ailt seoagus féadfaidh sé nó sí foráil a dhéanamh maidir le nithe amhail—

(a) faisnéis a bheidh le tabhairt don oifigeach agus cé napáirtithe a thabharfaidh í, agus

(b) a chinntiú go ndéanfar an cinneadh leis an bhfoirmiúlachtis lú a bheidh ar comhréir le héisteacht chóir a thabhairtdon duine a bheidh ag déanamh an achomhairc.

21.—(1) I gcás inarb éagóir le hiarratasóir nó le mac léinncinneadh ó oifigeach achomhairc faoi alt 20(5), féadfaidh sé nó síachomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc i gcoinne anchinnidh sin.

(2) Déanfar achomharc tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis fógra idtaobh chinneadh an oifigigh achomhairc a thabhairt don iarratasóir.

(3) Féadfaidh an Bord Achomhairc (ar iarraidh i scríbhinn óniarratasóir) an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (2) a fhadú go ceanntréimhse breise nach faide ná 30 lá más deimhin leis an mBordAchomhairc go bhfuil cúis réasúnach tugtha ag an duine chun fadúa dhéanamh amhlaidh.

31

Cd.2 A.20

Achomhairc chuigan mBordAchomhairc.

Page 32: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.2 A.21

Oifigeachfiosrúcháin.

32

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(4) Maidir leis an mBord Achomhairc—

(a) beidh sé neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeannafaoin Acht seo,

(b) ní bheidh air cloí leis na forais ar a raibh cinneadh anúdaráis dámhachtana nó an oifigigh achomhairc lenambaineann bunaithe, ach féadfaidh sé breith a thabhairtar an ní is ábhar don achomharc amhail is dá mbeadhbreith á tabhairt air den chéad uair,

(c) déanfaidh sé, de réir mar is cuí leis, aighneachtaí scríofanó ó bhéal arna ndéanamh ag an iarratasóir nó ag anmac léinn lena mbaineann a bhreithniú agus rachaidh séi gcomhairle leis an údarás dámhachtana nó leis anoifigeach achomhairc,

(d) déanfaidh sé cinneadh laistigh de 60 lá ón tráth a dhéanfarachomharc, agus féadfar gurb éard é an cinneadh sincinneadh chun—

(i) an cinneadh is ábhar don achomharc a dhaingniú,

(ii) an cinneadh a chúlghairm agus cibé cinneadh eile iscuí leis an mBord Achomhairc a chur ina ionad, nó

(iii) an ní lena mbaineann a tharchur ar ais chuig anúdarás dámhachtana lena athbhreithniú de réir cibéordachán is cuí leis an mBord Achomhairc,

agus

(e) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don iarratasóir nó donmhac léinn agus don údarás dámhachtana agus donoifigeach achomhairc lena mbaineann faoin gcinneadhagus faoi na cúiseanna atá leis.

(5) Le linn dó achomharc faoin Acht seo a bhreithniú agus achinneadh, gníomhóidh Bord Achomhairc de réir cibé nósannaimeachta a chinnfidh sé ó am go ham le toiliú an Aire.

(6) Féadfaidh aon duine (lena n-áirítear údarás dámhachtana) arbéagóir leis cinneadh ón mBord Achomhairc, achomharc a dhéanamh,le cead ón mBord Achomhairc, nó i gcás ina ndiúltóidh an BordAchomhairc cead den chineál sin, le cead ón Ard-Chúirt, chun nahArd-Chúirte i gcoinne an chinnidh ar phonc sonraithe dlí.

(7) Comhlíonfaidh an t-údarás dámhachtana ordachán athabharfar dó faoi fho-alt (4).

22.—(1) Féadfaidh údarás dámhachtana comhalta dá fhoireannnó, le toiliú údaráis dámhachtana eile, comhalta foirne den údarásdámhachtana eile sin a cheapadh chun bheith ina oifigeachfiosrúcháin nó ina hoifigeach fiosrúcháin chun críocha an ailt seo.

(2) Tabharfar barántas ceapacháin do gach oifigeach fiosrúcháina cheapfar faoin alt seo agus déanfaidh sé nó sí, an tráth a bheidhaon chumhacht a thugtar dó nó di leis an alt seo á feidhmiú aige nóaici, an barántas ceapacháin nó cóip de agus foirm céannachtapearsanta a thabhairt ar aird d’aon duine dá ndéantar difear máiarrann an duine sin air nó uirthi é.

Page 33: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(3) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo mar oifigeach fiosrúcháin—

(a) má chúlghaireann an t-údarás dámhachtana an ceapachán,

(b) más ceapachán ar feadh tréimhse socraithe an ceapachán,ar an tréimhse sin a bheith caite, nó

(c) má scoireann an duine a cheapfar de bheith ina oifigeachnó ina hoifigeach don údarás dámhachtana.

(4) Déanfaidh oifigeach fiosrúcháin imscrúdú agus féadfaidh sénó sí, agus má ordaíonn an t-údarás dámhachtana dó nó di déanamhamhlaidh, déanfaidh sé nó sí, tuarascálacha eatramhacha a thabhairtdon údarás dámhachtana agus ar chríoch a chur leis an imscrúdútabharfaidh sé nó sí tuarascáil chríochnaitheach don údarásdámhachtana—

(a) i ndáil le hiarratas ar dheontas, nó

(b) i ndáil le haon cheist a eascraíonn maidir le deontas nó indáil leis,

a tharchuirfidh an t-údarás dámhachtana chuige nó chuici.

(5) D’ainneoin aon ní i bhfo-alt 4, féadfaidh oifigeach fiosrúcháin,aon tráth i gcúrsa an imscrúdaithe, gan é bheith riachtanachtuarascáil eatramhach a thabhairt, nithe ar tháinig sé nó sí ar an eolasfúthu de thoradh an fhiosrúcháin agus a thaispeánann go ndearnadhcion a chur in iúl don údarás dámhachtana.

(6) Déanfaidh mac léinn a fhaigheann íocaíocht, nó atá lehíocaíocht a fháil, i leith deontais—

(a) na leabhair, na doiciméid agus na taifid eile go léir maidirle haon cheist a eascraíonn maidir leis an deontas nó indáil leis nó maidir leis an iarratas ar dheontas nó i ndáilleis atá ina sheilbh nó ina seilbh, faoina rialú nó ar fáilaige nó aici, a thabhairt ar aird d’oifigeach fiosrúcháin,

(b) freastal os comhair oifigigh fiosrúcháin, agus

(c) gach cúnamh atá ar a chumas nó ar a cumas le réasún athabhairt i dtaca leis an bhfiosrúchán, a thabhairt donoifigeach fiosrúcháin,

nuair a iarrfaidh oifigeach fiosrúcháin air nó uirthi déanamhamhlaidh.

(7) Má mheasann oifigeach fiosrúcháin maidir le duine (seachasmac léinn a fhaigheann íocaíocht, nó atá le híocaíocht a fháil, i leithdeontais nó iarratasóra) go bhfuil sé nó sí, nó go bhféadfadh sé nósí a bheith, i seilbh aon fhaisnéise maidir le haon cheist a eascraíonnmaidir leis an deontas nó i ndáil leis nó maidir leis an iarratas aran deontas lena mbaineann nó i ndáil leis, féadfaidh an t-oifigeachfiosrúcháin a cheangal ar an duine sin—

(a) na leabhair, na doiciméid agus na taifid eile go léir maidirleis an deontas nó leis an iarratas lena mbaineann atá inasheilbh nó ina seilbh, faoina rialú nó ar fáil aige nó aici,a tabhairt ar aird dó nó di,

(b) freastal os a chomhair nó os a comhair, agus

33

Cd.2 A.22

Page 34: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.2 A.22

Cionta agus pionóis.

34

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(c) gach cúnamh atá ar a chumas nó ar a cumas le réasúna thabhairt i dtaca leis an bhfiosrúchán, a thabhairt dónó di.

(8) Féadfaidh oifigeach fiosrúcháin iarratasóir, mac léinn afhaigheann deontas nó atá le deontas a fháil, nó duine dá dtagraíteari bhfo-alt (7), a scrúdú faoi mhionn i ndáil le hiarratas ar dheontasagus féadfaidh sé nó sí duine a chur faoi mhionn dá réir sin.

(9) Aon duine a sháróidh an t-alt seo nó a mhainneoidh ceanglasfaoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion agusdlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon,a chur air nó uirthi.

(10) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine de bhun ceanglaisfaoin alt seo inghlactha i bhfianaise in imeachtaí arna dtionscnamh igcoinne duine mar gheall ar chion (seachas mar gheall ar chion faoinalt seo)

(11) In imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne duine mar gheall archion faoin alt seo arb éard é mainneachtain aige nó aici leabhar,doiciméad nó taifead eile a thabhairt ar aird is cosaint don duine é achruthú nach raibh an leabhar, an doiciméad nó an taifead eile inasheilbh nó ina seilbh, faoina rialú nó ar fáil aige nó aici an tráth aceanglaíodh air nó uirthi é a thabhairt ar aird agus nárbh fhéidir leisnó léi le réasún an tráth sin an ceanglas a chomhlíonadh.

(12) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a cheangal ar dhuineleabhair, doiciméid nó taifid eile a thabhairt ar aird d’oifigeachfiosrúcháin, nó aon fhaisnéis a sholáthar, a mbeadh sé nó sí i dteidealdiúltú iad a thabhairt ar aird nó a sholáthar ar fhorais pribhléidegairmiúla dlíthiúla nó ní údaróidh aon ní san alt seo seilbh a ghlacadhar aon leabhair, doiciméid nó taifid den sórt sin.

(13) Íocfaidh an t-údarás dámhachtana lena mbaineann nacaiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himscrúdú ag oifigeachfiosrúcháin.

(14) Más rud é maidir le duine—

(a) go gciontaítear é nó í ar díotáil i gcion in imeachtaí margheall ar chion, nó

(b) go n-ordófar dó nó di suimeanna a íoc le húdarásdámhachtana in imeachtaí faoi alt 24(3),

arna dtionscnamh de bharr imscrúdú faoin alt seo, féadfaidh anchúirt sna himeachtaí sin a ordú don duine cibé suimeanna a íoc leisan údarás dámhachtana a shonróidh sí nach mó ná aon mhéid abheidh íoctha ag an údarás dámhachtana faoi fho-alt (13) i leith animscrúdaithe sin.

23.—(1) Aon duine—

(a) a dhéanann faisnéis a thabhairt d’údarás dámhachtana,d’oifigeach achomhairc nó don Bhord Achomhairc isfaisnéis atá bréagach nó míthreorach, agus a fhios aigenó aici í a bheith bréagach nó míthreorach i bponcábhartha, nó atá meargánta i dtaobh í a bheith bréagachnó míthreorach amhlaidh,

Page 35: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(b) a mhainníonn alt 19(2)(a) nó 19(2)(b) a chomhlíonadh, nó

(c) a dhéanann faisnéis a thabhairt i gcomhlíonadhairbheartaithe alt 19(2)(a) nó 19(2)(b) agus a fhios aigenó aici í a bheith bréagach nó míthreorach i bponcábhartha, nó atá meargánta i dtaobh í a bheith bréagachnó míthreorach amhlaidh,

tá sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nóiad araon, a chur air nó uirthi,

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana,nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) D’ainneoin aon ní eile san Acht seo nó i rialacháin arnandéanamh faoi nó in ordú arna dhéanamh faoi, ní bheidh duinecáilithe chun iarratas a dhéanamh ar dheontas aon tráth le linn natréimhse 10 mbliana tar éis an duine a chiontú i gcion faoin Acht seo.

24.—(1) I gcás ina mbeidh airgead faighte ag duine, cibé acu ismac léinn é nó í nó nach ea, ó údarás dámhachtana i leith deontaisnach bhfuil an duine i dteideal a fháil, dlífidh an duine suim nach móná an méid airgid a fuarthas a aisíoc leis an údarás dámhachtanaar éileamh.

(2) I gcás ina n-íocann údarás dámhachtana airgead i leithdeontais le foras ceadaithe, measfar an t-airgead a bheith faighte agan mac léinn ar íocadh an t-airgead thar a cheann nó thar a ceann.

(3) Beidh na suimeanna go léir a bheidh dlite d’údarásdámhachtana faoin Acht seo inghnóthaithe mar fhiacha a bheidhdlite don Stát agus, gan dochar d’aon leigheas eile, féadfaidh ant-údarás dámhachtana iad a ghnóthú mar fhiach faoi reacht nó marfhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

25.—(1) Déanfaidh an tAire le hordú laistigh de 12 mhí ó thosachfeidhme alt 18 lá a ainmniú chun bheith ina lá bunaithe chun críochafho-alt (2).

(2) Ar an lá bunaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh arnabhunú comhlacht ar a dtabharfar an Bord Achomhairc i leithDeontas Mac Léinn, nó, sa Bhéarla, The Student Grants AppealsBoard (ar a dtabharfar agus dá ngairtear “an Bord Achomhairc”san Acht seo) chun achomhairc a dhéanfar de bhun an Achta seo abhreithniú agus a chinneadh.

(3) Féadfaidh an Bord Achomhairc suí ina rannáin de féin chunachomhairc a bhreithniú.

(4) Faoi réir alt 26, is iad a bheidh ar an mBord Achomhairccathaoirleach agus cibé líon gnáthchomhaltaí a chinnfidh an tAireach nach mó ná 11 duine é in aon chás.

35

Cd.2 A.23

Fiach a ghnóthú.

An BordAchomhairc i leithDeontas MacLéinn.

Page 36: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.2 A.25

36

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(5) Déanfaidh an tAire an cathaoirleach agus na gnáthchomhaltaíden Bhord Achomhairc a cheapadh as measc daoine a bhfuil leas arleith nó saineolas acu i nithe, nó eolas acu ar nithe, a bhaineannleis an oideachas, le scéimeanna íocaíochtaí a riaradh nó le nósannaimeachta cothroma.

(6) Is éard a bheidh i dtéarma oifige an chathaoirligh agus nangnáthchomhaltaí den Bhord Achomhairc cibé tréimhse a chinnfidhan tAire ach ar tréimhse í nach faide ná 5 bliana mura túisce aéagfaidh nó a scoirfidh an cathaoirleach nó an comhalta eile.

(7) Ní bheidh aon duine i seilbh oifige mar chathaoirleach nó marghnáthchomhalta den Bhord Achomhairc ar feadh níos mó ná 2théarma chomhleanúnacha oifige.

(8) Maidir leis an gcathaoirleach nó le gnáthchomhalta denBhord Achomhairc—

(a) féadfaidh sé nó sí éirí as oifig trí litir a bheidh dírithe chuigan Aire,

(b) féadfaidh an tAire é nó í a chur as oifig tráth ar bith másrud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil sé nó sí tagtha chunbheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar afheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh gohéifeachtach nó gur mhí-iompair sé nó sí é féin nó í féinmar a bheidh sonraithe.

(9) I gcás ina gcríochnaíonn téarma oifige comhalta den BhordAchomhairc ar shlí seachas mar gheall ar imeacht aimsire, sonrófargurb í tréimhse oifige an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadha tharla de thoradh an duine eile sin do scor de bheith i seilbh oifigean tréimhse de théarma oifige an duine eile sin a bheidh ganchaitheamh.

(10) Íocfar leis an gcathaoirleach agus leis na gnáthchomhaltaíden Bhord Achomhairc cibé táillí agus cibé liúntais i leith caiteachasa chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(11) Scoirfidh comhalta den Bhord Achomhairc de bheith cáilithele haghaidh comhaltais den Bhord Achomhairc agus scoirfidh sé nósí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chineál sin más rudé—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíochtle creidiúnaithe, nó

(c) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta airnó uirthi.

(12) Más rud é maidir le comhalta den Bhord Achomhairc—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de SheanadÉireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach denOireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí ibParlaimint na hEorpa, nó

Page 37: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(c) go measfar, de bhun Cuid XIII den Dara Sceideal aghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimintna hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimintna hEorpa,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhaltaden Bhord Achomhairc.

(13) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoiBhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó isionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nósí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin,dícháilithe chun a cheaptha nó a ceaptha mar chomhalta den BhordAchomhairc.

(14) Féadfaidh an tAire cibé tacaíocht de chineál riaracháin athabhairt don Bhord Achomhairc is gá i dtuairim an Aire chun gobhféadfaidh an Bord a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

26.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, líon ghnáthchomhaltaí anBhoird Achomhairc a mhéadú i gcás gurb é a thuairim nó a tuairimgo bhfuil líon na n-achomharc arna ndéanamh faoi alt 21 de shórtgur gá aon chomhalta amháin nó níos mó ná aon chomhalta amháina cheapadh chun a chumasú don Bhord Achomhairc a fheidhmeannaa chomhlíonadh faoin alt sin faoi réir an choinníll gurb éard é anBord Achomhairc líon nach mó aon tráth ná 15 dhuine lena n-áirítear an cathaoirleach.

(2) D’ainneoin alt 5, i gcás ina mbeartaíonn an tAire ordú adhéanamh faoi fho-alt (1) leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gachTí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rúnag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 25(5) maidir le duine a cheapadh le hordúfaoi fho-alt (1) mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin.

(4) Beidh éifeacht le hordú faoi fho-alt (1) ar feadh cibé tréimhsenach faide ná 5 bliana a shonrófar san ordú.

27.—Déanfaidh an Bord Achomhairc tuarascáil faoina chuidgníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Aire i gceann cibé eatraimhagus i cibé slí agus foirm a ordóidh an tAire.

CUID 3

Ilghnéitheach

28.—(1) D’ainneoin aon ní sna hAchtanna um Chosaint Sonraí,1988 agus 2003 nó in aon achtachán eile, déanfaidh rialaitheoir sonraíduine atá liostaithe i Sceideal 2, nó duine atá forordaithe de thurasna huaire de bhun fho-alt (2) (dá ngairtear “an duine céadluaite”)ar rialaitheoir sonraí duine atá liostaithe nó forordaithe amhlaidh, aiarraidh air nó uirthi déanamh amhlaidh, sonraí pearsanta a bheidhá gcoimeád ag an duine céadluaite, nó faisnéis arna baint as sonraíden sórt sin, a phróiseáil chuig rialaitheoir sonraí an duine eile atáliostaithe nó forordaithe amhlaidh de thuras na huaire, más deimhinle rialaitheoir sonraí an duine céadluaite nach n-úsáidfear iad achchun críche iomchuí, agus chuige sin amháin.

37

Cd.2 A.25

Ceapachánsealadach chun anBhoirdAchomhairc.

Tuarascáil ónmBordAchomhairc.

Sonraí pearsanta aphróiseáil.

Page 38: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Cd.3 A.28

Scéimeanna deontasa dhaingniú.

38

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

(2) Más rud é go gcoimeádann duine (nach duine atá liostaithe iSceideal 2 nó forordaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo)sonraí pearsanta atá iomchuí maidir le haon cheann d’fheidhmeannaúdaráis dámhachtana, oifigigh fiosrúcháin, oifigigh achomhairc nó anBhoird Achomhairc agus go measann an tAire go gcuideodh ansoláthar sonraí sin ag an duine nach bhfuil liostaithe nó forordaitheamhlaidh chuig duine atá liostaithe nó forordaithe amhlaidh le críochiomchuí a bhaint amach, ansin, féadfaidh an tAire, tar éis dó nó didul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, an duine sin afhorordú chun críocha fho-alt (1).

(3) Ní mó aon phróiseáil sonraí pearsanta chun críocha fho-alt (1)ná an phróiseáil is gá le réasún chun an chríoch iomchuí a bhaintamach.

(4) Féadfaidh rialaitheoir sonraí iarraidh faoi fho-alt (1) a dhiúltú,más deimhin leis nó léi nach mbeadh údar léi in aon chás áirithe debhrí go ndéanfaí dochar do chearta agus saoirsí bunúsacha nó doleasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.

(5) San alt seo—

tá le “rialaitheoir sonraí” an bhrí a thugtar dó leis na hAchtanna umChosaint Sonraí, 1988 agus 2003;

tá le “sonraí pearsanta” an bhrí a thugtar dó leis na hAchtanna umChosaint Sonraí, 1988 agus 2003;

tá le “próiseáil” an bhrí a thugtar dó leis na hAchtanna um ChosaintSonraí, 1988 agus 2003;

ciallaíonn “críoch iomchuí” an chríoch arb éard í—

(a) faisnéis a fháil d’fhonn cinneadh a dhéanamh i dtaobh anbhfuil iarratasóir cáilithe le haghaidh deontais,

(b) sonraí a sholáthraítear mar chuid den phróiseas iarrataisa fhíorú,

(c) sonraí a sholáthar d’fhonn cabhrú le fiosrúchán faoi alt 22nó le cion a ionchúiseamh faoi alt 23,

(d) cabhrú i bpróiseáil iarratais ar dheontas ag mac léinn aguscabhrú chun deontais a íoc le mic léinn, agus

(e) a fhíorú go bhfuil mac léinn rollaithe agus cláraithe, deréir rialacha forais cheadaithe, agus go bhfuil sé nó sí agleanúint de bheith ag freastal ar chúrsa ceadaithe agforas ceadaithe.

29.—(1) Daingnítear leis seo na hionstraimí go léir aairbheartaíonn gur scéimeanna iad a bhí i bhfeidhm roimh theacht ingníomh don alt seo agus a bheith ceadaithe ag an Aire faoi alt 5den Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 roimhan Acht seo a rith.

(2) Daingnítear leis seo na scéimeanna go léir (seachasscéimeanna lena mbaineann ionstraimí dá dtagraítear i bhfo-alt (1))chun deontais a sholáthar agus a riaradh d’fhonn a chumasú dodhaoine freastal ar chúrsaí ardoideachais agus breisoideachais arna

Page 39: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

gceadú ag an Aire agus a airbheartaíonn a bheith i bhfeidhm roimhtheacht i ngníomh don alt seo.

(3) Dá mba rud é go mbeadh an t-alt seo, murach an fo-alt seo,ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú an fho-ailt seo faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh séar neamhréir amhlaidh ach go mbeidh lánfheidhm aige aguslánéifeacht leis thairis sin.

30.—(1) Baineann an t-alt seo le forais cheadaithe a oibríonn saStát seachas—

(a) na forais sin lena mbaineann Acht na nOllscoileanna, 1997de bhun alt 4 den tAcht sin,

(b) Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,

(c) na forais sin lena mbaineann Acht na gColáistí TeicniúlaRéigiúnacha, 1992 de bhun alt 3(1) (arna leasú leis anAcht um Institiúidí Teicneolaíochta, 2006) den tAcht sin.

(2) Déanfaidh foras ceadaithe lena mbaineann an t-alt seo, aluaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an trátha athosaíonn feidhm an ailt seo, agus uair amháin ar a laghad gach 3bliana ina dhiaidh sin, a cheangal ar a phríomhoifigeachdréachtphlean rochtana maidir le beartais an fhorais a ullmhú—

(a) i leith rochtain ar an bhforas ag daoine atá faoimhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialach, ag daoine atáfaoi mhíchumas agus ag daoine ó earnálacha den tsochaíatá faoi thearcionadaíocht shuntasach i gcuallacht na macléinn, agus

(b) i leith comhionannais, lena n-áirítear comhionannasinscne, i ngníomhaíochtaí uile an fhorais,

agus beidh aird ag an bpríomhoifigeach, le linn dó nó di an ráiteas aullmhú, ar cibé beartais maidir leis na nithe sin a chinnfidh an tAireó am go ham.

(3) Déanfaidh údarás ceannais forais cheadaithe lena mbaineannan t-alt seo, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó,laistigh de mhí amháin ón tráth a ullmhaítear an dréachtphleanrochtana dá dtagraítear i bhfo-alt (2), é a cheadú gan mhodhnú nó,tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhoifigeach, é a cheadú faracibé modhnuithe is cuí leis.

(4) Déanfaidh foras ceadaithe lena mbaineann an t-alt seo nabeartais atá leagtha amach ina phlean rochtana arna cheadú faoi fho-alt (3) a chur i ngníomh.

(5) Chun críocha an ailt seo beidh brí ag na téarmaí“príomhoifigeach” agus “údarás ceannais” maidir le foras lenambaineann an t-alt seo a fhreagraíonn don bhrí a thugtar do natéarmaí sin faoi Acht na nOllscoileanna, 1997 maidir le hollscoil lenambaineann an tAcht sin.

39

Cd.3 A.29

Pleananna rochtanaagus beartascomhionannais.

Page 40: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

Alt 6.

40

[Uimh. 4.] [2011.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

SCEIDEAL 1

Bliain agus Uimhir Gearrtheideal

(1) (2)

Uimh. 24 de 1968 An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais),1968

Uimh. 26 de 1978 An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais),1978

Uimh. 19 de 1992 An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais),1992

Page 41: AN tACHT UM THACAÍOCHT DO MHIC LÉINN, 2011€¦ · [2011.] [An tAcht um Thaca ı´ocht do Mhic Uimh.4.] Le´inn, 2011. Na hAchtanna dá dTagraítear An tAcht Uchtála, 2010 2010,

[2011.] [Uimh. 4.]An tAcht um Thacaıocht do MhicLeinn, 2011.

SCEIDEAL 2

1. An tAire.

2. An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

3. An tAire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí.

4. An tAire Coimirce Sóisialaí.

5. Na Coimisinéirí Ioncaim.

6. Údarás dámhachtana.

7. An Bord Achomhairc.

8. Foras ceadaithe.

9. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

10. An tÚdarás um Ard-Oideachas.

11. Údarás áitiúil.

12. Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann.

13. Duine a bhfuil comhaontú déanta ag údarás dámhachtana leis nóléi faoi alt 13.

41

Alt 28.