an tacht um chonarthaí foirgníochta, 2013 - dbei · foirgníochta, 2013. leagtar amach sa chód...

20
An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 Leabhrán Faisnéise

Upload: lamquynh

Post on 28-Feb-2019

218 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

0

An tAcht um Chonarthaí

Foirgníochta, 2013 Leabhrán Faisnéise

Page 2: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

1

Clár Ábhar Leathanach

Réamhrá 2

1. Cad is conradh foirgníochta ann de réir an tsainmhínithe

san Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013? 3

1.1 Cé na conarthaí a eisiaitear faoin Acht?

1.2 Cad is oibríochtaí foirgníochta ann?

2. Íocaíochtaí faoi chonradh foirgníochta 6

3. Cad a éilítear i bhFógra um Éileamh ar Íocaíocht agus i bhfreagra ar Fhógra um

Éileamh ar Íocaíocht atá á chonspóid? 8

4. Ceart chun obair a fhionraí mar gheall ar neamhíoc faoi chonradh foirgníochta 9

4.1 An difear a dhéanfaidh fionraí na hoibre do theorainn ama dá

bhforáiltear i gconradh foirgníochta

5. Cad is breithniú ann agus conas is féidir breithniú a rochtain? 10

5.1 Fógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú

5.2 Breithneoir a Cheapadh – i gcás gur féidir leis na páirtithe a

chomhaontú cé a cheapfar mar Bhreithneoir

5.3 Breithneoir a Cheapadh – i gcás nach féidir leis na páirtithe a

chomhaontú cé a cheapfar mar Bhreithneoir

5.4 Díospóid íocaíochta a tharchur go foirmiúil chuig Breithneoir

6. Díospóid íocaíochta a bhreithniú – nósanna imeachta agus breith 14

6.1 An teorainn ama maidir le breithniú

6.2 Breith an Bhreithneora

6.3 Táillí, costais agus caiteachais an bhreithnithe

6.4 An fhreagracht atá ar Bhreithneoir sonraí anaithnide a

thuairisciú maidir le cás breithnithe

7. Cén stádas atá ag breith an Bhreithneora? 17

7.1 Ceart chun obair a fhionraí mar gheall ar mhainneachtain méid atá dlite de

réir bhreith an Bhreithneora a íoc

7.2 An difear a dhéanfaidh fionraí na hoibre do theorainn ama dá

bhforáiltear i gconradh foirgníochta

Aguisín 1:

Sliocht as an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 18

Page 3: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

2

Réamhrá

Tá feidhm ag an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, maidir le conarthaí áirithe foirgníochta a ndeachthas isteach iontu tar éis an 25 Iúil 2016 de réir Ionstraim Reachtúil Uimh. 165 de 2016 dar teideal 'An tOrdú um an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 (An Lá Ceaptha), 2016'. Foráiltear leis an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, faoi réir roinnt eisceachtaí, do chearta dlíthiúla nua do na páirtithe i gconradh foirgníochta agus d’oibleagáidí dlíthiúla nua orthu. Leis an Acht, forchuirtear forálacha íosta nua conarthacha i dtaca le híocaíochtaí a eascraíonn faoi chonradh foirgníochta. I gcás go n-eascraíonn díospóid íocaíochta idir na páirtithe, beidh an ceart ag an dá pháirtí chun an díospóid íocaíochta a tharchur lena breithniú, rud a chuirfear i gcrích laistigh de thréimhse shocraithe.

D’fhoilsigh an tUas. Pat Breen TD, an tAire Stáit le freagracht as Fostaíocht agus Gnóthais Bheaga, Cód Cleachtais lena rialaítear seoladh breithnithe de réir alt 9 den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá sé ina cheangal ar gach Breithneoir a oibríonn faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, de réir alt 6(8).

Is é cuspóir an leabhráin faisnéise seo ná treoir a chur ar fáil maidir le príomhfhorálacha an Achta um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, agus leis an gCód Cleachtais lena rialaítear seoladh breithnithe. Níl sé ceaptha a bheith ina léiriú dlíthiúil ar an Acht ná ar a fhorálacha. Ní bheidh aon dliteanas ar an Aire Stáit le freagracht as Fostaíocht agus Gnóthais Bheaga sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, ar Chathaoirleach an Phainéil Bhreithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta ná ar an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta i ndáil le haon earráidí nó easnaimh sa leabhrán seo.

Tá tuilleadh faisnéise faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, ar fáil ag www.djei.ie.

An tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Teil.: +353 1 631 2121 Íosghlao: 1890 220 222

R-phost: [email protected] Suíomh Gréasáin: www.djei.ie

Page 4: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

3

Cuid 1

Cad is conradh foirgníochta ann de réir an tsainmhínithe san Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013? Tá feidhm ag an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, maidir le conarthaí áirithe foirgníochta a ndeachthas isteach iontu tar éis an 25 Iúil 2016 de réir Ionstraim Reachtúil Uimh. 165 de 2016 dar teideal 'An tOrdú um an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 (An Lá Ceaptha), 2016'. Cuimsítear conarthaí foirgníochta is infheidhme leis an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, is cuma cé acu is é dlí an Stáit an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh foirgníochta nó nach ea agus cé acu atá nó nach bhfuil sé airbheartaithe ag na páirtithe i gconradh feidhmiú an chonartha a theorannú nó a eisiamh. Eisiaitear conarthaí áirithe faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, áfach.

Chun críocha an Achta um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, is é is conradh foirgníochta ann ná

comhaontú (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) idir páirtí curtha i gcrích agus páirtí eile1, i gcás go

bhfostaítear an páirtí curtha i gcrích le haghaidh aon cheann amháin nó níos mó de na

gníomhaíochtaí seo a leanas:

➢ an páirtí curtha i gcrích do sheoladh oibríochtaí foirgníochta; ➢ socrú a dhéanamh maidir le duine eile nó daoine eile do sheoladh oibríochtaí

foirgníochta, cibé acu faoi fhochonradh leis an bpáirtí curtha i gcrích nó ar shlí eile; ➢ saothar an pháirtí curtha i gcrích féin, nó saothar daoine eile, a sholáthar chun

oibríochtaí foirgníochta a sheoladh.

Folaíonn conradh foirgníochta freisin comhaontú, i ndáil le hoibríochtaí foirgníochta, chun obair a dhéanamh nó seirbhísí a sholáthar atá coimhdeach leis an gconradh foirgníochta, amhail:

➢ obair ailtireachta, deartha, sheandálaíochta nó shuirbhéireachta; ➢ seirbhísí innealtóireachta nó seirbhísí bainistithe tionscadail; nó ➢ comhairle maidir le tógáil, innealtóireacht, maisiú inmheánach nó seachtrach nó

maidir le tírdhreach a leagan amach.

Ciallaíonn "páirtí curtha i gcrích", i ndáil le conradh foirgníochta:

➢ i gcás gurb éard iad na páirtithe sa chonradh foirgníochta conraitheoir agus an duine

dá ndéanann an conraitheoir obair faoin gconradh2, an conraitheoir; nó

➢ i gcás gur conraitheoir3 agus fochonraitheoir iad na páirtithe sa chonradh foirgníochta,

an fochonraitheoir; nó ➢ i gcás gur dhá fhochonraitheoir iad na páirtithe sa chonradh foirgníochta, cibé acu

fochonraitheoir a chomhaontaíonn obair a chur i gcrích faoin gconradh4.

Ciallaíonn "fochonraitheoir" duine (nó cuideachta) a ndéanann an conraitheoir nó fochonraitheoir eile fochonradh leis nó léi chun obair faoi chonradh foirgníochta a chur i gcrích.

1

tugtar an "páirtí eile" ar an bpáirtí seo san Acht. Ciallaíonn tagairtí sa leabhrán seo don pháirtí eile an páirtí sa chonradh foirgníochta nach é nó í an páirtí curtha i gcrích é nó í. D'fhéadfadh go mbeadh níos mó ná "páirtí eile" amháin ann i gconradh foirgníochta. 2

tugtar "príomhchonradh" ar an gconradh seo san Acht. 3

tugtar "fochonradh" ar an gconradh seo san Acht. 4

tugtar "fochonradh" ar an gconradh seo freisin san Acht.

Page 5: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

4

1.1 Cé na conarthaí a eisiaitear faoin Acht? Ní bheidh feidhm ag an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, maidir le conradh:

➢ mura mó ná €10,000 luach an chonartha; nó ➢ más rud é nach mbaineann an conradh ach le teaghais ag a bhfuil achar urláir nach mó

ná 200 méadar cearnach, agus gur duine a áitíonn an teaghais, nó a bheartaíonn an teaghais a áitiú, mar a áit chónaithe nó a háit chónaithe é nó í duine amháin de na páirtithe sa chonradh; nó

➢ más rud é gur conradh é idir údarás Stáit agus a chomhpháirtí i socrú le haghaidh comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach, mar a mhínítear na téarmaí sin san Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha), 2002; nó

➢ más conradh fostaíochta é (de réir bhrí an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997).

1.2 Cad is oibríochtaí foirgníochta ann? Chun críocha an Achta, ciallaíonn "oibríochtaí foirgníochta" aon ghníomhaíocht a bhaineann le foirgníocht, lena n-áirítear oibríochtaí d’aon cheann amháin nó níos mó de na tuairiscí seo a leanas:

➢ foirgnimh nó déanmhais a fhoirgniú, a athrú, a dheisiú, a chothabháil, a mhéadú, a scartáil nó a dhíchóimeáil, ar déanmhais iad is cuid, nó a bheidh ina gcuid, den talamh (cibé acu go buan nó nach ea);

➢ oibreacha a fhoirgniú, a athrú, a dheisiú, a chothabháil, a mhéadú, a scartáil nó a dhíchóimeáil, ar oibreacha iad is cuid, nó a bheidh ina gcuid, den talamh, lena n-áirítear (gan dochar don mhéid sin roimhe seo) ballaí, oibreacha bóthair, línte cumhachta, gairis teileachumarsáide, rúidbhealaí aerárthaí, duganna agus cuanta, iarnróid, uiscebhealaí intíre, píblínte, taiscumair, príomhphíopaí uisce, toibreacha, séaraigh, gléasra tionscail agus suiteálacha chun talamh a shilt, chun an cósta a chaomhnú nó chun críocha cosanta;

➢ feistis is cuid den talamh a shuiteáil in aon fhoirgneamh nó déanmhas, lena n-áirítear

(gan dochar don mhéid sin roimhe seo) córais teasa, soilsithe, aeroiriúnaithe, inslithe

theirmigh, aerála, soláthair cumhachta, siltin, sláintíochta nó soláthair uisce, nó córais

cosanta in aghaidh dóiteáin, nó córais slándála nó chumarsáide; ➢ an taobh amuigh nó an taobh istigh d’fhoirgnimh agus de dhéanmhais a ghlanadh, a

mhéid a dhéantar sin le linn iad a fhoirgniú, a athrú, a dheisiú, a mhéadú nó a aisiriú; ➢ oibríochtaí is cuid dhílis d’oibríochtaí den sórt sin a thuairiscítear roimhe seo san alt seo

(1.2), nó is ullmhúchán chucu nó is oibríochtaí chun iad a chríochnú, lena n-áirítear glanadh láithreán, uachtar talún a aistriú, tochailt, tollánú agus tolladh, leagan bunsraitheanna, scafall a thógáil, a chothabháil nó a dhíchóimeáil, aisiriú láithreán, tírdhreachú agus soláthar bóithre agus oibreacha rochtana eile agus bainistiú tráchta;

➢ dromchlaí inmheánacha nó seachtracha aon fhoirgnimh nó déanmhais a phéinteáil nó a

mhaisiú; ➢ dealbhóireachtaí, múrphictiúir agus saothair ealaíne eile a ghabhann le réadmhaoin a

dhéanamh, a shuiteáil nó a dheisiú; agus ➢ i gcás go soláthraítear na nithe seo a leanas faoi chonradh lena ndéantar foráil

freisin maidir lena suiteáil:

• comhpháirteanna nó trealamh tógála nó innealtóireachta; nó

• ábhair, gléasra nó innealra; nó

Page 6: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

5

• comhpháirteanna do chórais teasa, soilsithe, aeroiriúnaithe, aerála, soláthair cumhachta, siltin, sláintíochta nó soláthair uisce, nó do chórais cosanta in aghaidh dóiteáin, nó do chórais slándála nó chumarsáide.

Chun críocha an Achta, áfach, ní fholaíonn oibríochtaí foirgníochta na nithe seo a leanas a mhonarú nó a sheachadadh ar láithreán foirgníochta:

• comhpháirteanna nó trealamh tógála nó innealtóireachta;

• ábhair, gléasra nó innealra; nó

• comhpháirteanna do chórais teasa, soilsithe, aeroiriúnaithe, aerála, soláthair cumhachta, siltin, sláintíochta nó soláthair uisce, nó do chórais cosanta in aghaidh dóiteáin, nó do chórais slándála nó chumarsáide.

Page 7: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

6

Cuid 2

Íocaíochtaí faoi chonradh foirgníochta Is in alt 3 den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, a leagtar amach na forálacha a bhaineann le híocaíochtaí faoi chonradh foirgníochta. Luaitear san Acht go ndéanfar foráil le conradh foirgníochta:

➢ maidir le méid gach íocaíochta eatramhaí a bheidh le déanamh; agus ➢ maidir le méid na híocaíochta deiridh a bheidh le déanamh; nó ➢ maidir le sásra leordhóthanach chun na méideanna sin a chinneadh.

De réir an Achta, déanfar foráil le conradh foirgníochta freisin:

➢ maidir leis an dáta éilimh ar íocaíocht do gach méid a bheidh dlite; nó ➢ maidir le sásra leordhóthanach chun an dáta éilimh ar íocaíocht a chinneadh do gach

méid a bheidh dlite; agus ➢ maidir leis an tréimhse idir an dáta éilimh ar íocaíocht do gach méid den sórt sin

agus an dáta a bheidh an méid dlite amhlaidh.

Mura ndéantar foráil maidir leis na hábhair thuasluaite le príomhchonradh, beidh feidhm ag na téarmaí a mhionsonraítear sa Sceideal leis an Acht maidir leis an gconradh. Leagtar na téarmaí iomlána amach in Aguisín 1 sa leabhrán seo.

Cloífear i ngach fochonradh leis na téarmaí a mhionsonraítear sa Sceideal leis an Acht mar a leagtar amach in Aguisín 1 sa leabhrán seo.

Is féidir le fochonradh foráil atá níos fabhraí ná a mhionsonraítear sa Sceideal leis an Acht a dhéanamh le haghaidh an pháirtí curtha i gcrích.

Tá toirmeasc ginearálta ann in alt 3(5) den Acht go mbeidh foráil i gconradh foirgníochta gan éifeacht má fhoráiltear léi go bhfuil íocaíocht de mhéid atá dlite do pháirtí curtha i gcrích, nó uainiú íocaíochta den sórt sin, coinníollach ar dhuine nach páirtí sa chonradh foirgníochta do dhéanamh íocaíochta. Tá eisceachtaí ann ón toirmeasc ginearálta seo nach bhfuil feidhm acu ach amháin tar éis do cheann ar bith de na himthosca seo a leanas tarlú:

(i) i gcás gur cuideachta seachas cuideachta neamhchláraithe an duine eile, agus:

a) i gcás gur tosaíodh a foirceannadh de bhun ailt 579, 580(1) agus 586(1)(2)

d’Acht na gCuideachtaí, 20145; nó b) i gcás gur tíolacadh achainí chun í a fhoirceannadh de bhun ailt 569 agus 1402(1)(3) d’Acht na gCuideachtaí, 2014; nó

c) i gcás gur ceapadh glacadóir i leith aon mhaoin nó sócmhainní dá cuid; nó

5

Foinse: Tables of Origins and Destinations, Companies Act, 2014 arna fhoilsiú ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta (www.djei.ie) agus faoi réir an fhógra séanta atá sna Tables. Le hAcht na gCuideachtaí, 2014, comhdhlúthaítear Achtanna na gCuideachtaí roimhe sin idir an bhliain 1963 agus an bhliain 2013 isteach in aon Acht amháin. Tháinig Acht na gCuideachtaí, 2014, in éifeacht an 1 Meitheamh 2015. Baineann an nóta seo le gach tagairt d’Acht na gCuideachtaí, 2014, a dhéantar sa leabhrán seo.

Page 8: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

7

d) tíolacadh achainí chun scrúdaitheoir a cheapadh faoi alt 510 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú), 2014, i ndáil léi;

(ii) i gcás gur cuideachta neamhchláraithe an duine eile, tosaíodh a foirceannadh de bhun ailt 1328 agus 1329 d’Acht na gCuideachtaí, 2014;

(iii) i gcás gur pearsa aonair nó comhpháirtíocht an duine eile, rinneadh iarratas ar bhreithniú faoin Acht Féimheachta, 1988 (arna leasú), i ndáil léi;

(iv) rinne cúirt ordú foirceanta nó ordú dá shamhail i ndáil leis an duine eile; agus (v) tharla aon teagmhas atá ar comhréir leis na teagmhais sin a shonraítear thuas faoi dhlí

aon Stáit lena mbaineann Rialachán (CE) 1346/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 20006 maidir le himeachtaí dócmhainneachta.

6 Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Uimh. L160, 30 Meitheamh 2000, lch. 1. Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (Iris Oifigiúil Uimh. L141, 5 Meitheamh 2015, lch. 19), beidh feidhm aige maidir le himeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh tar éis an 26 Meitheamh 2017 agus aisghairtear Rialachán 1346/2000 leis. Leanfar d’fheidhm a bheith ag Rialachán 1346/2000 maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thagann faoi raon an Rialacháin sin agus a tionscnaíodh roimh an 26 Meitheamh 2017.

Page 9: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

8

Cuid 3

Cad a éilítear i bhFógra um Éileamh ar Íocaíocht agus i bhfreagra ar Fhógra um Éileamh ar Íocaíocht atá á chonspóid? Ceanglaítear leis an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, ar pháirtí curtha i gcrích fógra um éileamh ar íocaíocht7 a sheachadadh ar an bpáirtí eile nó ar dhuine eile a bheidh sonraithe faoin gconradh foirgníochta atá ag gníomhú don pháirtí eile tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis an dáta éilimh ar íocaíocht. Is é an dáta éilimh ar íocaíocht an dáta a cheanglaítear éileamh ar íocaíocht a dhéanamh i ndáil le méid atá dlite faoin gconradh foirgníochta.

Is é atá i bhfógra um éileamh ar íocaíocht fógra ina sonraítear:

➢ an méid a éilítear; ➢ an tréimhse, an chéim den obair nó an ghníomhaíocht lena mbaineann an t-éileamh ar

íocaíocht; ➢ ábhar an éilimh ar íocaíocht; agus ➢ an bonn ar a ríomhtar an méid a éilítear.

Má chonspóideann an páirtí eile nó an duine a fuair an fógra um éileamh ar íocaíocht thar ceann an pháirtí eile go bhfuil an méid atá á éileamh ag an bpáirtí curtha i gcrích dlite agus iníoctha, beidh ceangal ar an bpáirtí eile nó an duine a fuair an fógra um éileamh ar íocaíocht freagra a sheachadadh ar an bpáirtí curtha i gcrích, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis an dáta éilimh ar íocaíocht, ina sonrófar:

➢ an chúis nó na cúiseanna a bhfuil an méid atá á éileamh ag an bpáirtí curtha i gcrích san fhógra um éileamh ar íocaíocht á chonspóid, lena n-áirítear aon éileamh ar chaillteanas nó ar dhamáiste a éiríonn as sárú líomhnaithe ar aon oibleagáid chonarthach nó eile ar thaobh an pháirtí curtha i gcrích; agus

➢ an méid, más ann dó, a bheartaíonn an páirtí curtha i gcrích a íoc agus an bonn ar a ríomhtar an méid sin.

Is féidir nach mbeidh na páirtithe sa chonradh foirgníochta in ann teacht ar chomhaontú ar an méid a bheidh le híoc leis an bpáirtí curtha i gcrích. Mura dtagtar ar chomhaontú ar bith den sórt sin faoin dáta a bheidh an íocaíocht dlite, áfach, beidh ceangal ar an bpáirtí eile an méid, más ann dó, a bheartaigh an páirtí eile a íoc ina fhreagra ar an bhfógra um éileamh ar íocaíocht atá á chonspóid a íoc leis an bpáirtí curtha i gcrích. Déanfar an íocaíocht sin faoin dáta a bheidh an íocaíocht dlite de réir alt 4(3)(b) den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013.

7 Féadfaidh na páirtithe i gconradh foirgníochta an modh ar a seachadfar fógraí faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, ar a chéile a chomhaontú. Más rud é nach bhfuil aon chomhaontú den sórt sin ann, féadfar fógra a sheachadadh tríd an bpost nó ar aon mhodh éifeachtach eile.

Page 10: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

9

Cuid 4

Ceart chun obair a fhionraí mar gheall ar neamhíoc faoi chonradh foirgníochta Ordaítear le halt 5 den Acht go bhféadfaidh an páirtí curtha i gcrích obair faoin gconradh foirgníochta a fhionraí trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile i gcás nach mbeidh aon mhéid atá dlite faoi chonradh foirgníochta íoctha go hiomlán ag an bpáirtí eile faoin lá a bheidh an méid dlite. Sonrófar san fhógra i scríbhinn na forais ar a mbeartaítear obair a fhionraí agus seachadfar é ar an bpáirtí eile:

➢ tráth nach luaithe ná an lá tar éis an lae a bheidh an méid lena mbaineann dlite; agus ➢ seacht lá ar a laghad sula mbeidh an fhionraí bheartaithe oibre le tosú.

Ní fhéadfaidh an páirtí curtha i gcrích obair a fhionraí:

➢ tar éis don pháirtí eile an méid dlite a íoc; ná ➢ tar éis don pháirtí curtha i gcrích nó don pháirtí eile 'Fógra á rá go mBeartaítear an

Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú' a sheirbheáil faoi alt 6 den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, i ndáil leis an méid lena mbaineann. (Féach Cuid 5 den leabhrán seo chun faisnéis a fháil maidir le breithniú).

4.1 An difear a dhéanfaidh fionraí na hoibre do theorainn ama dá bhforáiltear i gconradh foirgníochta

I gcás go ndéanfar difear do chumas an pháirtí curtha i gcrích obair don pháirtí eile a chríochnú laistigh de theorainn ama chonarthach mar gheall ar fhionraí na hoibre, tabharfar neamhaird ar thréimhse na fionraí d’fhonn an teorainn ama chonarthach a ríomh mura rud é nach bhfuil bonn cirt le fionraí na hoibre sna himthosca. I gcás go ndéanfar difear do chumas fochonraitheora obair a chríochnú laistigh de theorainn ama chonarthach mar gheall ar fhionraí na hoibre, tabharfar neamhaird ar thréimhse na fionraí d’fhonn an teorainn ama chonarthach a ríomh.

Page 11: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

10

Cuid 5

Cad is breithniú ann agus conas is féidir breithniú a rochtain? Chun críocha an Achta, is é is díospóid íocaíochta ann ná aon díospóid a bhaineann le híocaíocht a eascraíonn faoin gconradh foirgníochta. Déantar foráil le breithniú mar mhodheolaíocht réitigh dhíospóide do shásra chun díospóid íocaíochta a réiteach i gcás go dtarchuireann duine de na páirtithe an díospóid chuig tríú páirtí neamhspleách, ar a dtugtar Breithneoir, a dhéanfaidh breith ar an díospóid.

Déantar foráil le halt 6 den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, go bhfuil ceart ag páirtí i gconradh foirgníochta chun díospóid íocaíochta a tharchur lena breithniú. D’fhoilsigh an tAire Stáit le freagracht as Fostaíocht agus Gnóthais Bheaga sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta Cód Cleachtais lena rialaítear seoladh breithnithe de réir alt 9 den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013. Tá an Cód Cleachtais ina cheangal ar gach Breithneoir a oibríonn faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, de réir alt 6(8) den Acht.

5.1 Fógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú Féadfaidh páirtí i gconradh foirgníochta breithniú a thosú de bhun alt 6(2) den Acht trí 'Fhógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú' a sheirbheáil ar an bpáirtí eile nó ar na páirtithe eile sa chonradh foirgníochta faoina n-eascraíonn díospóid íocaíochta aonair. Tugtar "an páirtí tarchurtha" ar an bpáirtí a sheirbheálann an fógra agus tugtar "an páirtí freagartha" ar an bpáirtí a fhaigheann an fógra. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó ná páirtí freagartha amháin ann i ndíospóid íocaíochta.

Áireofar le 'Fógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú':

➢ ainm, seoladh agus sonraí teagmhála gach páirtí sa chonradh foirgníochta; ➢ sonraí ábhartha na díospóide íocaíochta, lena n-áireofar an méid atá faoi dhíospóid

(fiú amháin i gcás gur nialas atá sa mhéid sin), cineál na díospóide íocaíochta, agus seoladh an láithreáin;

➢ cóip den fhógra ábhartha um éileamh ar íocaíocht agus aon fhreagra ar an bhfógra um éileamh ar íocaíocht sin, mar a fhoráiltear dó in alt 4 den Acht; agus

➢ sonraí ábhartha chun an conradh foirgníochta a shainaithint agus aon fhaisnéis tacaíochta a d’fhéadfadh cabhrú le Breithneoir cineál na díospóide íocaíochta a thuiscint. I gcás gurb ann do chonradh foirgníochta scríofa, ní mór an conradh sin a chur isteach.

5.2 Breithneoir a Cheapadh – i gcás gur féidir leis na páirtithe a chomhaontú cé a cheapfar mar Bhreithneoir

Féadfaidh na páirtithe i gconradh foirgníochta a chomhaontú i gcomhpháirt Breithneoir dá rogha féin a cheapadh agus féadfaidh an duine sin:

➢ a bheith ina d(h)uine dá dtagraítear sa chonradh foirgníochta chun an ról mar Bhreithneoir a chomhlíonadh; nó ➢ a bheith ina d(h)uine ón bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta arna cheapadh

ag an Aire Stáit ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta; nó ➢ a bheith ina d(h)uine eile atá cáilithe go cuí.

Page 12: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

11

I bhformhór na gcásanna, ba cheart teacht ar chomhaontú ar cé a cheapfar mar Bhreithneoir laistigh de chúig lá tar éis an 'Fógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú' a sheirbheáil. Tá liosta de na comhaltaí reatha den Phainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta ar fáil ag www.djei.ie.

Maidir le duine a n-iarrfar air/uirthi glacadh le ceapachán mar Bhreithneoir tar éis do na páirtithe teacht ar chomhaontú ina leith sin, scríobhfaidh sé/sí chuig na páirtithe, laistigh de dhá lá ó iarraidh den sórt sin a fháil agus sula nglacfaidh sé/sí leis an gceapachán, chun iarraidh orthu aon fhaisnéis a nochtadh lena dtugtar le fios aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh teacht as ceapachán an duine sin mar Bhreithneoir. Ag an am céanna, déanfaidh an Breithneoir ionchasach na téarmaí agus coinníollacha ceapacháin atá beartaithe aige/aici a sholáthar do na páirtithe, lena n-áireofar an bonn lena t(h)áillí, lena c(h)ostais agus lena c(h)aiteachais.

Laistigh de thrí lá ón gcumarsáid a fháil ón mBreithneoir ionchasach, tabharfaidh gach páirtí breith maidir le cé acu a leanfar nó nach leanfar ar aghaidh leis an gceapachán agus tabharfaidh siad fógra i scríbhinn don Bhreithneoir ionchasach faoina mbreith. Más amhlaidh go leanfar ar aghaidh le ceapachán an Bhreithneora ionchasaigh, scríobhfaidh an Breithneoir ionchasach chuig gach páirtí chun glacadh leis an gceapachán agus measfar gurb ionann dáta na litreach a sheolfar chuig na páirtithe agus dáta ceapacháin an Bhreithneora.

Tabharfaidh an Breithneoir fógra don tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta gur ceapadh é/í chuig díospóid íocaíochta faoin Acht, gan ainm na bpáirtithe sa díospóid a nochtadh. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach amháin chun faisnéis staidrimh a bhaineann leis an Acht a chur le chéile.

Féadfaidh na páirtithe i ndíospóid a chomhaontú i gcomhpháirt ceapachán an Bhreithneora a chúlghairm de réir alt 6(18) den Acht. Má chomhaontaíonn na páirtithe ceapachán an Bhreithneora a chúlghairm ar chúis ar bith de réir alt 6(18) den Acht, beidh na páirtithe faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, i leith na táillí, na costais agus na caiteachais réasúnacha a thabhóidh an Breithneoir suas go dtí an dáta a chúlghairfear an ceapachán a íoc.

5.3 Breithneoir a Cheapadh – i gcás nach féidir leis na páirtithe a chomhaontú cé a cheapfar mar Bhreithneoir

Mura féidir leis na páirtithe a chomhaontú cé a cheapfar mar Bhreithneoir laistigh den tréimhse cúig lá dá dtagraítear thuas, féadfaidh páirtí sa chonradh foirgníochta iarratas a dhéanamh, i scríbhinn amháin, chuig an gCathaoirleach ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta á iarraidh go gceapfar Breithneoir chun na díospóide íocaíochta.

Is é an Dr Nael Bunni an Cathaoirleach ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta. Tá na sonraí teagmhála nach mór iad a úsáid chun iarratas a chur isteach ar cheapadh Breithneora ag an gCathaoirleach ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag www.djei.ie.

Page 13: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

12

Beidh na nithe seo a leanas in iarratas a dhéanfar chuig an gCathaoirleach ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta:

➢ ainm, seoladh agus sonraí teagmhála gach páirtí sa chonradh foirgníochta; ➢ sonraí ábhartha na díospóide íocaíochta, lena n-áireofar an méid atá faoi dhíospóid

(fiú amháin i gcás gur nialas atá sa mhéid sin), cineál na díospóide íocaíochta, agus seoladh an láithreáin;

➢ cóip den 'Fhógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú', a seirbheáladh ar an bpáirtí/na páirtithe freagartha, lena n-áireofar aon doiciméid ghaolmhara a bheidh ag gabháil leis an bhFógra sin;

➢ an dáta a seirbheáladh an 'Fógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a

Tharchur lena Breithniú' ar an bpáirtí/na páirtithe freagartha, agus faisnéis faoi conas a

seirbheáladh an Fógra; agus ➢ sonraí ábhartha chun an conradh foirgníochta a shainaithint agus aon fhaisnéis

tacaíochta a d’fhéadfadh cabhrú le Breithneoir cineál na díospóide íocaíochta a thuiscint. I gcás gurb ann do chonradh foirgníochta scríofa, ní mór an conradh sin a chur isteach.

Beidh sé de fhreagracht ar an iarratasóir freisin cóip den iarratas a sheoladh chuig an bpáirtí/na páirtithe freagartha an tráth céanna a chuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Chathaoirligh ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta.

Más rud é go n-iarrfar ar an gCathaoirleach ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta Breithneoir a cheapadh chun díospóid íocaíochta, déanfaidh an Cathaoirleach an ceapachán sin agus tabharfaidh an tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta fógra i scríbhinn do na páirtithe laistigh de sheacht lá tar éis don Chathaoirleach an t-iarratas a fháil. Beidh sé sin faoi réir aon riachtanais, más ann dó, a bheidh ag an gCathaoirleach agus/nó ag an tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta faisnéis bhreise nó soiléiriú breise ar an díospóid íocaíochta a fháil ón iarratasóir nó óna (h)ionadaí. Measfar gurb ionann dáta na litreach a sheolfaidh an tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta chuig na páirtithe agus dáta ceapacháin an Bhreithneora.

Maidir le Breithneoir a gceapfaidh an Cathaoirleach é/í chun díospóid íocaíochta, iarrfaidh sé/sí i scríbhinn ar na páirtithe, laistigh de dhá lá ó cheapachán den sórt sin, aon fhaisnéis a nochtadh lena dtugtar le fios aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh teacht as a c(h)eapachán mar Bhreithneoir. Ag an am céanna, déanfaidh an Breithneoir a t(h)éarmaí agus coinníollacha ceapacháin a sholáthar do na páirtithe, lena n-áireofar an bonn lena t(h)áillí, lena c(h)ostais agus lena c(h)aiteachais.

Féadfaidh na páirtithe i ndíospóid a chomhaontú i gcomhpháirt ceapachán an Bhreithneora a chúlghairm de réir alt 6(18) den Acht. Má chomhaontaíonn na páirtithe ceapachán an Bhreithneora a chúlghairm ar chúis ar bith, beidh na páirtithe faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, i leith na táillí, na costais agus na caiteachais réasúnacha a thabhóidh an Breithneoir suas go dtí an dáta a chúlghairfear an ceapachán a íoc.

Page 14: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

13

5.4 Díospóid íocaíochta a tharchur go foirmiúil chuig Breithneoir A luaithe a cheapfar Breithneoir (trí cheapachán comhaontaithe idir na páirtithe nó trí cheapachán a ndéanfaidh an Cathaoirleach ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta é), beidh sé de fhreagracht ar an bpáirtí tarchurtha ansin an díospóid íocaíochta a tharchur go foirmiúil i scríbhinn chuig an mBreithneoir laistigh de sheacht lá ó dháta ceapacháin an Bhreithneora.

Beidh na nithe seo a leanas i dtarchur foirmiúil na díospóide íocaíochta chuig an mBreithneoir:

➢ ainm, seoladh agus sonraí teagmhála gach páirtí sa chonradh foirgníochta; ➢ sonraí ábhartha na díospóide íocaíochta, lena n-áireofar an méid atá faoi dhíospóid

(fiú amháin i gcás gur nialas atá sa mhéid sin), cineál na díospóide íocaíochta, agus seoladh an láithreáin;

➢ cóip den 'Fhógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú', a seirbheáladh ar an bpáirtí/na páirtithe freagartha, lena n-áireofar aon doiciméid ghaolmhara a bheidh ag gabháil leis an bhFógra sin;

➢ an dáta a seirbheáladh an 'Fógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú' ar an bpáirtí/na páirtithe freagartha, agus faisnéis faoi conas a seirbheáladh an Fógra;

➢ na hargóintí a mbeartaíonn an páirtí tarchurtha a bheith ag brath orthu chun tacú lena c(h)ás; agus

➢ sonraí ábhartha chun an conradh foirgníochta a shainaithint agus aon fhaisnéis tacaíochta a d’fhéadfadh cabhrú le Breithneoir cineál na díospóide íocaíochta a thuiscint. I gcás gurb ann do chonradh foirgníochta scríofa, ní mór an conradh sin a chur isteach.

Beidh sé de fhreagracht ar an bpáirtí tarchurtha freisin cóip de na doiciméid uile a sheoladh chuig an bpáirtí/na páirtithe freagartha an tráth céanna a sheolfar na doiciméid chuig an mBreithneoir.

Page 15: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

14

Cuid 6

Díospóid íocaíochta a bhreithniú – nósanna imeachta agus breith Tá an Cód Cleachtais lena rialaítear seoladh breithnithe ina cheangal ar gach Breithneoir a oibríonn faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 (de réir alt 6(8) den Acht). Is neamhchlaon agus neamhspleách a bheidh Breithneoir in aon díospóid íocaíochta faoin Acht. Cloífidh sé/sí leis na prionsabail um chothroime nós imeachta, lena n-áireofar deis réasúnach a thabhairt do gach páirtí a n-argóintí a chur i láthair agus freagairt d’argóintí an pháirtí eile.

Chun críocha na n-imeachtaí breithnithe, féadfaidh an Breithneoir:

➢ aon doiciméid tacaíochta nó fhorlíontacha réasúnacha a iarraidh a bhaineann leis an díospóid íocaíochta atá leagtha amach san 'Fhógra á rá go mBeartaítear an Díospóid Íocaíochta a Tharchur lena Breithniú' agus/nó i dtarchur na díospóide íocaíochta chuig an mBreithneoir;

➢ gníomhú ar a t(h)ionscnamh féin le linn fionnadh a dhéanamh ar na fíorais agus ar na nithe a theastaíonn chun breith a thabhairt, agus leas a bhaint as a s(h)aineolas féin, más cuí déanamh amhlaidh. Má bhaineann an Breithneoir leas as aon saineolas den sórt sin, nochtfaidh sé/sí é sin do na páirtithe de réir mar is cuí;

➢ saineolaithe, measúnóirí nó comhairleoirí dlí a cheapadh ar choinníoll gur tugadh fógra do na páirtithe faoi chéannacht agus faoi théarmaí tagartha na ndaoine sin;

➢ cuairteanna a thabhairt ar an láithreán agus tabhairt faoi chigireachtaí nó faoi thrialacha, faoi réir fógra roimh ré a thabhairt do na páirtithe agus aon toiliú riachtanach a fháil ó thríú páirtí nó ó thríú páirtithe;

➢ cuireadh a thabhairt do na páirtithe aighneachtaí/uiríll scríofa agus fianaise a sholáthar, más cuí;

➢ teacht le chéile leis na páirtithe i gcomhpháirt agus lena n-ionadaithe, más ann dóibh, d’fhonn imscrúdú a chur ar aghaidh;

➢ teileachomhdháil a thionól leis na páirtithe, le toiliú na bpáirtithe; agus ➢ éisteacht ó bhéal a thionól, nuair is cuí.

Ba cheart do na páirtithe gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun cloí le hiarraidh nó le treoir ón mBreithneoir.

Féadfaidh na páirtithe i ndíospóid íocaíochta a chomhaontú i gcomhpháirt ceapachán an Bhreithneora a chúlghairm tráth ar bith. I gcúinsí den sórt sin, beidh na páirtithe faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, i leith na táillí, na costais agus na caiteachais réasúnacha a thabhóidh an Breithneoir suas go dtí an dáta a chúlghairfear an ceapachán a íoc.

Féadfaidh Breithneoir, ar chúis réasúnach, éirí as oifig tráth ar bith ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na páirtithe sa díospóid. Beidh na páirtithe faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, i leith na táillí, na costais agus na caiteachais réasúnacha a thabhóidh an Breithneoir suas go dtí dáta an éirí as oifig a íoc. Tabharfaidh an Breithneoir fógra don tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta gur éirigh sé/sí as díospóid íocaíochta faoin Acht, gan ainm na bpáirtithe sa díospóid a nochtadh. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach amháin chun faisnéis staidrimh a bhaineann leis an Acht a chur le chéile.

Page 16: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

15

6.1 An teorainn ama maidir le breithniú De ghnáth, ceanglaítear ar Bhreithneoir teacht ar bhreith ar dhíospóid íocaíochta laistigh de 28 lá ón dáta a tarchuireadh an díospóid chuige/chuici. Féadfar an tréimhse 28 lá sin a fhadú, ach ní fhéadfar déanamh amhlaidh ach amháin sna cúinsí seo a leanas:

➢ féadfaidh an Breithneoir an tréimhse breithnithe a fhadú de thréimhse nach faide ná 14 lá, ach ní fhéadfaidh sé/sí déanamh amhlaidh ach amháin le toiliú an pháirtí a chuir an díospóid faoi bhráid an Bhreithneora; agus/nó

➢ féadfaidh na páirtithe sa díospóid, le comhaontú eatarthu, an tréimhse breithnithe a fhadú de cibé tréimhse is faide ná sin a mheasann siad a bheith cuí.

6.2 Breith an Bhreithneora Eiseofar breith an Bhreithneora i scríbhinn agus, ach amháin i gcás go gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt i scríbhinn, leagfar amach inti na cúiseanna leis an mbreith. Ceanglaítear ar Bhreithneoir síniú agus dáta a chur leis an mbreith.

Má mhainníonn páirtí sa bhreithniú, gan cúis réasúnach a chur in iúl:

➢ freastal ar chruinniú; nó ➢ cloí le haon treoracha ón mBreithneoir; nó ➢ aon fhaisnéis lena dtugtar le fios coinbhleacht leasa fhéideartha a

nochtadh nuair a iarrtar air/uirthi déanamh amhlaidh; nó ➢ aon doiciméad nó ráiteas scríofa a iarrfaidh an Breithneoir a sholáthar;

féadfaidh an Breithneoir:

(i) leanúint leis an mbreithniú gan an páirtí sin; (ii) leanúint leis an mbreithniú gan an doiciméad nó an ráiteas scríofa a iarradh; (iii) cibé tátail is cuí leis an mBreithneoir a bhaint as an mainneachtain sin; (iv) breith a thabhairt ar bhonn an ábhair a soláthraíodh i gceart; agus (v) breith a thabhairt lena gcionroinnfear táillí, costais agus caiteachais an Bhreithneora,

de réir mar is cuí.

6.3 Táillí, costais agus caiteachais an bhreithnithe Ceanglaítear ar na páirtithe méid tháillí, chostais agus chaiteachais an Bhreithneora a íoc de réir bhreith an Bhreithneora. Beidh táillí, costais agus caiteachais den sórt sin réasúnach ag féachaint don mhéid atá faoi dhíospóid, do chastacht na díospóide, don am a chaithfidh an Breithneoir ar an díospóid agus do chúinsí ábhartha eile.

Íocfaidh gach páirtí as na costais dlí agus as costais eile, más ann dóibh, a thabhóidh siad i ndáil leis an mbreithniú.

Page 17: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

16

Ní bheidh aon dliteanas ar an Aire Stáit ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, ar an gCathaoirleach ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta ná ar an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta faoi dhliteanas i leith tháillí, chostais ná chaiteachais aon Bhreithneora a cheapfar chun díospóid íocaíochta faoin Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, is cuma cé acu a chomhaontófar an ceapachán sin idir na páirtithe féin nó a dhéanfaidh an Cathaoirleach ar an bPainéal Breithneoirí um Chonarthaí Foirgníochta an ceapachán.

6.4 An fhreagracht atá ar Bhreithneoir sonraí anaithnide a thuairisciú maidir le cás breithnithe

Déanfaidh Breithneoir (is cuma cé acu a cheapfar é/í chun díospóid íocaíochta faoi alt 6(3) nó faoi alt 6(4) den Acht) faisnéis a sholáthar don tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta faoi shonraí gach cáis bhreithnithe laistigh de 21 lá ón gcás a chríochnú, gan ainm na bpáirtithe sa díospóid a nochtadh. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach amháin chun faisnéis staidrimh a bhaineann leis an Acht a chur le chéile.

Page 18: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

17

Cuid 7

Cén stádas atá ag breith an Bhreithneora? Beidh breith an Bhreithneora ceangailteach ar na páirtithe sa díospóid íocaíochta ach amháin i gcás go socróidh na páirtithe an díospóid íocaíochta go críochnaitheach nó go dtiocfar ar bhreith éagsúil ar an díospóid íocaíochta a tharchur chun eadrána nó chuig cúirt dlí.

Beidh breith an Bhreithneora, más breith cheangailteach í, infhorghníomhaithe trí chaingean nó, le cead ón Ard-Chúirt, ar an modh céanna le breithiúnas nó le hordú ón gCúirt sin a bhfuil an éifeacht chéanna leis agus, i gcás go dtabharfar cead, féadfar breithiúnas a thaifeadadh i dtéarmaí na breithe.

7.1 Ceart chun obair a fhionraí mar gheall ar mhainneachtain méid atá dlite de réir bhreith an Bhreithneora a íoc

Más rud é, maidir le haon mhéid atá dlite do pháirtí curtha i gcrích de bhun bhreith an Bhreithneora, nach bhfuil an méid íoctha go hiomlán ag an bpáirtí eile laistigh de sheacht lá ó bhreith an Bhreithneora, féadfaidh an páirtí curtha i gcrích obair faoin gconradh foirgníochta a fhionraí trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile. Sonrófar san fhógra i scríbhinn na forais ar a mbeartaítear obair a fhionraí agus seachadfar é ar an bpáirtí eile:

➢ tráth nach luaithe ná seacht lá tar éis bhreith an Bhreithneora; agus ➢ tráth nach déanaí ná seacht lá sula mbeidh an fhionraí bheartaithe le tosú.

Ní fhéadfaidh an páirtí curtha i gcrích obair a fhionraí:

➢ tar éis don pháirtí eile an méid dlite a íoc, nó ➢ tar éis breith an Bhreithneora a tharchur chun eadrána nó tar éis imeachtaí cúirte a

thionscnamh i ndáil le breith an Bhreithneora.

7.2 An difear a dhéanfaidh fionraí na hoibre do theorainn ama dá bhforáiltear i gconradh foirgníochta

I gcás go ndéanfar difear do chumas an pháirtí curtha i gcrích nó do chumas fochonraitheora obair a chríochnú laistigh de theorainn ama chonarthach mar gheall ar fhionraí na hoibre, tabharfar neamhaird ar thréimhse na fionraí d’fhonn an teorainn ama chonarthach a ríomh.

Page 19: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

18

Aguisín 1

Sliocht as an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013

"Forálacha a mBeidh Feidhm acu maidir le Nithe a Bhaineann le hÍocaíochtaí

1. Is iad seo a leanas na dátaí éilimh ar íocaíocht faoi chonradh foirgníochta (faoi réir mhír 2):

(a) 30 lá tar éis dháta thosach feidhme an chonartha foirgníochta; (b) 30 lá tar éis an dáta dá dtagraítear i gclásal (a) agus gach 30 lá ina dhiaidh sin suas

go dtí dáta an chríochnaithe shubstaintiúil; agus (c) 30 lá tar éis dháta an chríochnaithe deiridh.

2. I gcás go bhforáiltear le conradh foirgníochta, nó go gcomhaontaíonn na páirtithe i gconradh foirgníochta thairis sin, go bhfuil nó go meastar go bhfuil ré na hoibre faoin gconradh foirgníochta níos giorra ná 45 lá as a chéile, is é an dáta éilimh ar íocaíocht an dáta a bheidh ann 14 lá tar éis an obair faoin gconradh foirgníochta a chríochnú.

3. Ní bheidh an dáta ar a mbeidh íocaíocht dlite i ndáil le méid a éileofar faoi chonradh foirgníochta níos déanaí ná 30 lá tar éis an dáta éilimh ar íocaíocht.

4. Is é a bheidh i méid íocaíochta eatramhaí faoi chonradh foirgníochta (faoi réir mhír 5) an difríocht idir na méideanna seo a leanas—

(a) comhiomlán luach comhlán na hoibre (arna chinneadh de réir an chonartha foirgníochta) arb í an obair í a bheidh déanta faoin gconradh foirgníochta ar an dáta éilimh ar íocaíocht lena mbaineann i dteannta aon mhéideanna breise san íocaíocht eatramhach faoin gconradh foirgníochta, lúide aon asbhaintí ó íocaíocht dá bhforáiltear leis an gconradh foirgníochta, agus

(b) comhiomlán mhéid na n-íocaíochtaí eatramhacha a bheidh déanta cheana ar an dáta éilimh ar íocaíocht sin.

5. Ní mó comhiomlán na n-íocaíochtaí arna ndéanamh faoi chonradh foirgníochta ná—

(a) an méid dá bhforáiltear sa chonradh foirgníochta arna thabhairt chun críche i dtosach, agus

(b) méideanna dá bhforáiltear le haon leasuithe ar an gconradh sin arna gcomhaontú idir na páirtithe."

Page 20: An tAcht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013 - DBEI · Foirgníochta, 2013. Leagtar amach sa Chód Cleachtais na ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le seoladh breithnithe agus tá

19

An Rionn Gnó, Fiontar agus Nuálaiochta

An tSeirbhís um Breithniú Conarthaí Foirgníochta,

59 Sráid Dásain,

Baile Átha Cliath 2, D02 FA36

Teil: +353 1 631 2121

Íosghlao: 1890 220 222

R-phost: [email protected]

www.dbei.gov.ie