pÁipÉar scrÚdaithe samplachlch. 6 de 16 Éire: topaic 3 cinsealacht choilíneachta a bhunú,...

16
Lch. 1 de 16 M.21AT Coimisiún na Scrúduithe Stáit SCRÚDÚ ARDTEISTIMÉIREACHTA STAIR – GNÁTHLEIBHÉAL RÉIMSE STAIDÉIR: AN LUATHAOIS, 1492 – 1815 Scrúdú scríofa: 400 marc Tuarascáil ar an Staidéar Taighde, seolta isteach roimh ré: 100 marc PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACH Treoracha d’iarrthóirí: Freagair Roinn 1, 2, agus 3 istigh. Roinn 1 (100 marc) Ceist doiciméad-bhunaithe (Éire: Topaic 2) Freagair gach cuid den cheist seo. Roinn 2 (100 marc) Éire: Topaicí 1, 3, 4, 5, 6. Freagair topaic amháin ón roinn seo. Roinn 3 (200 marc) An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 1, 2, 3, 4, 5, 6. Freagair dhá thopaic ón roinn seo.

Upload: others

Post on 10-Aug-2020

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 1 de 16

M.21AT

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

SCRÚDÚ ARDTEISTIMÉIREACHTA

STAIR – GNÁTHLEIBHÉAL

RÉIMSE STAIDÉIR: AN LUATHAOIS, 1492 – 1815

Scrúdú scríofa: 400 marc Tuarascáil ar an Staidéar Taighde, seolta isteach roimh ré: 100 marc

PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACH Treoracha d’iarrthóirí: Freagair Roinn 1, 2, agus 3 istigh.

• Roinn 1 (100 marc) Ceist doiciméad-bhunaithe (Éire: Topaic 2) Freagair gach cuid den cheist seo.

• Roinn 2 (100 marc) Éire: Topaicí 1, 3, 4, 5, 6. Freagair topaic amháin ón roinn seo.

• Roinn 3 (200 marc) An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 1, 2, 3, 4, 5, 6. Freagair dhá thopaic ón roinn seo.

Page 2: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 2 de 16

ROINN 1: CEIST DOICIMÉAD-BHUNAITHE

Éire: Topaic 2 Éirí Amach agus concas in Éire Eilís, 1558-1603

Cás staidéir lena mbaineann na doiciméid: Tiarnas Thír Eoghain. Déan staidéar ar na doiciméid thall agus freagair na ceisteanna thíos. 1. (a) I ndoiciméad A, cén t-ainm a tugadh ar na daoine sin a bhí mar gharda ag Seán Ó Néill le linn a chuairte ar Londain?

(b) Cad iad na hairm agus na héadaí a bhí á gcaitheamh ag garda Uí Néill, de réir doiciméid A?

(c) Conas a ghéill Ó Néill don Bhanríon, de réir doiciméid A? (d) Conas, dar le doiciméad A, a chonacthas na hÉireannaigh sa chúirt do na Sasanaigh? (e) Cén fáth, dar le doiciméad B, a ndeachaigh Ó Néill go Londain? (40)

2. (a) An bhfuil an dá dhoiciméad, A agus B, ar aon fhocal gur ghlac Eilís I le géilleadh Uí Néill? Mínigh do fhreagra.

(b) An mbeifeá den tuairim go bhfuil doiciméad B níos déine ar Sheán Ó Néill ná doiciméad A? Mínigh do fhreagra. (20)

3. Luaigh dhá phíosa eolais a chaithfeadh a bheith agat i dtaobh na scríbhneoirí, nó i dtaobh a gcuid scríbhinní, chun iontaofacht na fianaise a chuireann siad ar fáil a thástáil. (20) 4. Cén pháirt a ghlac Seán Ó Néill i gcúrsaí na hÉireann idir an géilleadh d’Eilís I, 1562, agus a bhás, 1567? (20)

Page 3: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 3 de 16

- Doiciméad A - Cuntas ag William Camden ar an gcéad lá de chuairt Sheáin Uí Néill ar Londain, Eanáir, 1562:

Tháinig Seán Ó Néill ó Éirinn…le garda gallóglach armtha le tuanna catha, an ceann lom acu, foilt chatacha ar sileadh leo, a léinteacha cróchbhuí…ionair mhóra orthu agus clócaí garbha: bhí oiread iontais ar na Sasanaigh amhail is a bheidís tagtha ón tSín nó ó Mheiriceá. Cuireadh fáilte chineálta roimh Ó Néill; agus, á umhlú féin ag cosa na Banríona, d’admhaigh sé le haithrí chroí, coir na reibiliúnachta, agus d’impigh sé pardún uirthi. Chreid an Bhanríon a scéal, agus seoladh abhaile é faoi onóir.

- Doiciméad B - Cuntas ag Edmund Campion ar an gcéad lá de chuairt Sheáin Uí Néill ar Londain, Eanáir, 1562: Cuireadh ina luí ar Sheán glacadh leis an dea-ord. Thug sé cuairt ar Shasana, áit ar thug lucht na cúirte an tuairisc seo a leanas air, agus a uaibhreas agus a bharbarthacht tugtha faoi deara acu: Ó Néill Mór, fear gaoil Naomh Pádraig, cara do Bhanríon na Breataine, agus namhaid don uile dhuine ar domhan nárbh í! Caitheadh go honórach leis agus d’imigh sé abhaile as sin arís. [An dá dhoiciméad as: Constantia Maxwell, Irish History from Contemporary Sources (1509-1610), Londain, 1923, lch. 171-4.]

Page 4: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 4 de 16

ROINN 2: ÉIRE Freagair na trí rannóg, A, B, agus C as ceann amháin de na topaicí thíos

Éire: Topaic 1

Leasú agus Reifirméisean in Éire Thúdarach, 1494-1558

A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Cur síos ag James Bale, Easpag Osraí faoi Éadbhard VI, ar an bhfreagairt a bhí ag cléir Chill Chainnigh nuair a cuireadh an choróin ar an mBanríon Máire. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Déardaoin, an lá deireanach de Lúnasa, ghlac cléir Chill Chainnigh chucu an athuair carn iomlán na bpiseog atá ag Easpag na Róimhe. Bhuaileadar na cloig go léir san ardeaglais agus i séipéil na bparóistí; chaitheadar a gcuid caipíní san aer, agus iad ag sméideadh agus ag gáire. Thugadar amach a gcábaí, a gcoinnleoirí, an t-uisce coisricthe, a gcrosa agus na hoisteansóirí. Ghluaiseadar leo amach i mórshiúl, ar fud an bhaile, lena Sancta Maria agus an chuid eile den Liodán Laidneach. [Constantia Maxwell, Irish History from Contemporary Sources, lgh. 132-3.]

1. Cérbh é James Bale? 2. Conas a léirigh cléir Chill Chainnigh a ndíograis don bhanríon nua? 3. Cad a thug an chléir amach don mhórshiúl? 4. Cad a rinneadh, le linn an mhórshiúil, a thaispeáin go raibh an Caitliceachas á chleachtadh

arís i gCill Chainnigh? 5. Conas a léiríonn James Bale nach maith leis Caitliceachas?

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Sir Edward Poynings 2. Géilleadh agus Athbhronnadh 3. Polasaí reiligiúnach Mháire Thúdarach in Éirinn. 4. Mánas Ó Dónaill.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Conas a tháinig meath ar Theach Chill Dara faoi Ghearóid Óg, 9ú Iarla Chill Dara? 2. Cad iad na cearta a bhí ag mná faoi dhlí na nGael? 3. Cén ról a bhí ag Con Bacach Ó Néill I gcúrsaí na hÉireann? 4. Conas a cuireadh plandáil Laoise-Uíbh Fhailí i gcrích agus conas a d’éirigh léi?

Page 5: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 5 de 16

Éire: Topaic 3 An ríocht in aghaidh coilíneachta - an streachailt don lámh in uachtar in Éirinn, 1603-1660

A (30 marc)

Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Sliocht as Teistíocht i 1641, ina ndéanann Edward Slate, Contae Fhear Manach, gearán ar an gcaoi ar chaith ceannaircigh leis. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Deir sé, gur thóg, ar 24 Deireadh Fómhair seo caite, na ceannaircigh a Bhíobla, gur osclaíodar é, agus – na leathanaigh leata ar oscailt i lochán uisce – gur léimeadar agus gur shatlaíodar air. Agus bhí dóchas acu, faoi cheann trí seachtaine, go gcaithfí le gach Bíobla in Érinn ar an gcaoi chéanna; agus nach mbeadh ceann ar bith fágtha sa ríocht. Agus loisc na ceannaircigh a theach ansin; agus robáil, agus ghearr agus ghoin roinnt ceannairceach eile é faoi dhó ar a chloigeann. [History Ireland, Geimhreadh 1993.]

1. Conas a rinne na ceannaircigh damáiste do mhaoin Edward Slate? 2. Conas a ghoin na ceannaircigh Edward Slate féin? 3. Mínigh cén fáth ar chaith na ceannaircigh le Bíobla Slate mar a rinne siad. 4. Cén dóchas a bhí ag na ceannaricigh don am a bhí le teacht? 5. Cad ab ea Teistíochtaí 1641?

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Richard Boyle 1ú Iarla Chorcaí. 2. Seathrún Céitinn. 3. Ardeaspag Rinuccini in Éirinn. 4. Eoghan Rua Ó Néill.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Conas a chuaigh imirce na nAlbanach go hUlaidh i bhfeidhm ar shochaí agus ar gheilleagar an cheantair?

2. Cén fáth ar tugadh Thomas Wentworth, Iarla Strafford, os comhair na cúirte in 1641? 3. Cén ról a bhí ag Sir Féilim Ó Néill in Éirí Amach, 1641? 4. Cén chaoi a léiríonn Lováin go raibh rath ar na Scoileanna Éireannacha thar lear?

Page 6: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 6 de 16

Éire: Topaic 3

Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715

A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Féach Pictiúr X (tógtha as W.A. Maguire, (eag.) Kings in Conflict, lch. 52) atá ar leathanach 15. Léiriú atá sa phictiúr d’oibriúcháin léigir in Éirinn i 1690, le linn Chogadh an Dá Rí. Déan staidéar air agus freagair na ceisteanna thíos.

1. Déan cur síos ar imchosaint an bhaile. 2. Cad é an t-arm is mó atá á úsáid in aghaidh an lucht cosanta? 3. Cad iad na hairm eile atá ag lucht an ionsaithe, agus cén t-eagar atá orthu? 4. Is cosúil go bhfuil sibhialaigh (i.e. dream neamh-mhíleata) i láthair. Cén fáth a mbeadh a

leithéidí ag teastáil? 5. Bhí léigir Dhoire agus Luimnigh (1689 – 1691) tábhachtach. I gcás aon cheann amháin,

mínigh cén fáth.

B (30 marc)

Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Athghairm Bhaile Átha Cliath. 2. Dáibhí Ó Bruadair. 3. Robert Boyle. 4. Briogáidí Éireannacha thar lear.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cén fáth nach raibh Caitlicigh ná Protastúnaigh sásta le polasaithe Shéarlais II in Éirinn? 2. Cén pháirt a bhí ag Richard Talbot, 1ú Iarla Thír Chonaill, i gcúrsaí na hÉireann? 3. Cad a thugann na filí Seacaibíteacha le fios dúinn faoi shochaí agus faoi pholaitíocht na

hÉireann? 4. Cad iad na hathruithe a tharla de bharr Pharlaimint, 1689?

Page 7: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 7 de 16

Éire: Topaic 5

Coilíneacht in aghaidh Ríochta - teannais in Éire lár an ochtú haois déag, 1715-1770

A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Sliocht a bhineann le ‘dearbhú báis’ Darby Browne agus cheathrair eile, a crochadh i Loch Garman, mí Iúil 1762, mar gheall ar bheith sna Buachaillí Bána. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Bhí cruinniú ag ocht nduine déag againn-ne, go mí-ámharach, mar ar ghlacamar móid:

• Bheith fíréanta dílis dá chéile • Na clathacha a ardaíodh ar na coimíní a bhaint anuas • A raibh inár gcumas a dhéanamh chun bac a chur ar aon duine an sealúchas beag atá

againn a thógail uainn • Gan ligean d’fheirmeoir deachúna ar bith baint lenár ndeachúna, ach an ministir nó a

phrócadóir a íoc. [T.D. Williams, (eag.) Secret Societies in Ireland, lch 15.]

1. Cén uair, cén áit agus cén fáth ar crochadh Darby Browne agus a chompánaigh? 2. Cén fáth, dar leat, ar ghlac na daoine ag an gcruinniú móid (‘ghlacamar móid’)? 3. An raibh mórán talún ag Darby Browne agus a chairde? Mínigh do fhreagra. 4. Cén fáth a raibh na Buachaillí Bána in aghaidh chlathacha a chur ar choimíní? 5. Mínigh ceann amháin díobh seo a leanas, mar a úsáideadh é sa doiciméad: ministir;

deachú; prócadóir; feirmeoir deachúna.

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Na Cúirteanna Filíochta. 2. Fás na drámaíochta i mBaile Átha Cliath. 3. An tAthair Nioclás Mac an tSíthigh (Sheehy). 4. Forbairtí i dtionscail an línéadaigh agus/nó na bríbhéireachta.

C (40 marc)

Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cén chaoi inar leirigh na Ponsonbys na fadhbanna polaitíochta in Éirinn i gcaitheamh an ama seo?

2. Cad a rinne Dean Swift do chúrsaí na hÉireann? 3. Conas mar a tháinig clú ar na Buachaillí Bána mar eagraíocht? 4. Cad a rinne Peg Woffington nó Arthur Guinness do chúrsaí na hÉireann le linn na

tréimhse seo?

Page 8: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 8 de 16

Éire: Topaic 6

Deireadh na ríochta Éireannaí agus bunú an Aontais, 1770-1815

A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Sliocht as litir (7/6/1795) a scríobh Rowland J. O’Connor go dtí an Fo-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt foláirimh maidir le gníomhaíochtaí na nÉireannach Aontaithe i mBéal Feirste. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Measaim gurb é mo dhualgas a chur in iúl don rialtas go bhfuil Cunsailéir Tone áirithe anseo, atá ag ligean air go bhfuil sé chun dul go Meiriceá, ach gurb é atá beartaithe aige i ndáiríre ná triall chun na Fraince; agus go bhfuil Russell áirithe – daonlathaí chomh foréigneach sin nach bhfuil a leithéid eile ar dhroim an domhain – ag dul ina theannta. Íocadh £1,500 le Tone, a bailíodh ar a shon; agus tá mórán daoine tar éis dul ina theannta go dtí áiteanna éagsúla ar an gcósta chun pleananna a tharraingt de. [History Ireland, Samhradh 1998.]

1. Cén fáth ar scríobh O’Connor chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath? 2. Cén plean a bhí ag Tone i ndáiríre, dar leis an scríbhneoir? 3. Cad air a bhí an £1,500 le caitheamh dar leat? 4. Cén fáth, dar leat, ar thug Tone agus a chairde cuairt ar áiteanna cois cósta agus ar tharraing

siad pleananna díobh? 5. An bhfuil moladh á thabhairt ag an scríbhneoir do Thomas Russell nuair a thugann sé

‘daonlathaí’ air? Mínigh do fhreagra.

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Eibhlín Dhubh Ní Chonaill. 2. Mary Ann McCracken. 3. Baile Átha Cliath Seoirseach. 4. Éirí Amach Loch Garman.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cad a bhain Henry Grattan amach i gcúrsaí na hÉireann? 2. Cén tábhacht a bhain le Tiarna an Chaisleáin Riabhaigh (Castlereagh) le linn na

tréimhse seo? 3. Cad iad na hathruithe in oideachas na gCaitliceach a raibh baint ag Nano Nagle leo? 4. Cad ba chúis le teacht chun cinn Bhéal Feirste?

Page 9: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 9 de 16

ROINN 3: AN EORAIP AGUS AN DOMHAN MÓR Freagair na trí rannóg, A, B, agus C, as dhá cheann araon de na topaicí anseo thíos.

An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 1

An Eoraip ón Athbheochan go dtí an Reifirméisean, 1492-1567

A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Sliocht as cuntas le Christopher Columbus ar eachtra inar bhuail sé le dúchasaigh ar thángthas orthu sa Mhuir Chairb. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Ní raibh aon airm chearta acu, agus ní raibh a fhios acu cad ab ea iad. Nuair a thaispeáin mé claimhte dóibh bhí a oiread sin aineolais orthu gurb iad na lanna a thóg siad ina lámha agus ghearr siad a méireanna. Bhí cuid acu ag caitheamh gráinní míne óir ina gcluasa agus ina srón agus thugadar dúinn iad gan deacracht. Is féidir a fheiceáil go bhfuil siad go maith ábalta ar aon rud a iarrtar orthu a dhéanamh agus ní gá ach orduithe a thabhairt dóibh agus déanfaidh siad obair. [J. Lotherington (eag.) Years of Renewal, lch 81.]

1. Cén áit a raibh cónaí ar na daoine a bhfuil tuairisc orthu sa sliocht seo? 2. Conas a thaispeáin na daoine ar bhuail Columbus leo a gcuid aineolais ar airm na hEorpa? 3. Cad iad na bealaí a dtaitneodh an Domhan Nua le hEorpaigh de réir an chuntais ag

Columbus? 4. Cén cur síos a dhéanfá ar dhearcadh Cholumbus i leith na ndúchasach nua seo? 5. Conas a tharla sé gur tugadh ‘Indiaigh’ ar na daoine a bhfuil cur síos orthu sa sliocht seo?

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Forbairt na clódóireachta. 2. Concas Chortes i Mheicsiceo. 3. Desiderius Erasmus. 4. Geneva in aimsir Chalvin.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cén pháirt a bhí ag Michelangelo sa Renaissance? 2. Cén ról a ghlac Martin Luther i Reifirméisean na Gearmáine? 3. Cén fáth go raibh Seville tábhactach don Spáinn tar éis fhionnachtain an Domhain Nua? 4. Cad iad na hathruithe a chuir Anraí VIII i bhfeidhm i rith an Reifirméisin Shasanaigh?

Page 10: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 10 de 16

An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 2 Creideamh agus cumhacht: polaitíocht sa séú haois déag dhéanach, 1567-1609

A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Sliocht faoi Armáid na Spáinne. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Rinne Diúc Madina Sidonia agus a chuid oifigeach faoistin, agus réitíodar iad féin chun leanúint leis an gcogaíocht. Chaith gunnaí na bratloinge urchair trí huaire chun fios a chur ar na longa eile. Ach níor tháinig aon cheann díobh; dá bhrí sin, sheol an Diúc amach a chuid bád go dtí na longa ba chóngaraí chun a fháil amach cén fáth nár fhreagair siad a chomhartha catha. Tugadh na captaein ar bord; agus choinnigh an tAthair La Torre – a bhí i láthair – tuairisc ar an gcomhrá mar seo a leanas: ‘Nár chuala sibh an gunna?’ a d’fhiafraigh Madina Sidonia agus é ar dearg buile. D’admhaigh siad gur chuala. ‘Cen fáth mar sin nár tháinig sibh?’ ‘Cheapamar go raibh do bhratlong ag dul faoi, agus gur chóir dúinn sinn féin a shábháil,’ a d’fhreagraíodar. Bhí tost ann ar feadh nóiméid; agus ansin d’fhógair an Diúc, go fuarchúiseach, a bhreith: ‘Croch na tréatúirí’. [C. Martin agus G. Parker, The Spanish Armada, lgh 192-3.]

1. Cén fáth, dar leat, ar chuaigh an Diúc agus na hoifigigh ‘chun faoistine’? 2. Cén fáth ar sheol an Diúc báid go dtí na longa ba chóngaraí? 3. Conas a sheas na daoine sin, a tugadh ar bord, lena gcinneadh gan an comhartha a

fhreagairt? 4. Cén cineál duine ab ea Madina Sidonia? Mínigh do fhreagra. 5. Cén fáth ar foinse thábhachtach é an tAthair La Torre?

B (30 marc)

Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Sir Walter Raleigh. 2. Cogaí Creidimh na Fraince. 3. Tycho Brahe. 4. Michel de Montaigne.

C (40 marc)

Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cad iad na hathruithe a chuir Éilis I i bhfeidhm le linn a réimis mar Bhanríon Shasana? 2. Cén fáth gur theip ar Armáid na Spáinne? 3. Cén tionchar a bhí ag Misean na nÍosánach sa tSín? 4. Cén fáth gur tháinig meath ar chalafort Antwerp sa tréimhse seo?

Page 11: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 11 de 16

An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 3 Éiclips na Sean-Eorpa, 1609-1660

A (30 marc)

Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad In 1633 ghearr an Chúistiúnacht pionós ar Galileo Galilei (1564-1643). Sliocht é seo a leanas as an bpionós. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh.

• Tá an tairiscint gurb í an ghrian lár an domhain, agus nach mbogann sí, falsa, ón uair go mbréagnaíonn sí (tá sí in aghaidh) an Scrioptúr Naofa

• Ordaímid go gcuirfí cosc ar an leabhar “Dialóig Galileo Galilei” • Gearraimid téarma ort i bpríosún an tSuí Naofa fad is maith linne, agus mar phionós ordaímid

go ndéarfaidh tú, uair sa mhí ar feadh trí bliana, seacht Salm na hAithrí. [R.P. Stearns, Pageant of Europe, lch 67.]

1. Cén teoiric de chuid Galileo a cuireadh faoi chosc? 2. Cén fáth ar rialaíodh go raibh ‘tairiscint’ Galileo falsa? 3. Cad a bhainfeadh an Chúistiúnacht amach trí chosc a chur ar leabhar Galileo? 4. Cad iad an dá phionós eile a cuireadh ar Galileo? 5. Cad ab ea an Chúistiúnacht?

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Conas a thosaigh an Cogadh Tríocha Bliain. 2. Ealaín Bharócach agus/nó ceol Barócach. 3. Hugo Grotius. 4. René Descartes.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cén ról a ghlac an Bhanríon Christina i stair na Sualainne agus/nó i stair na hEorpa? 2. Cén fáth ar mhair Réabhlóid na gCatalúnach chomh fada sin? 3. Conas a chuir Richelieu an chumhacht ríoga chun cinn sa Fhrainc? 4. Cén éifeacht a bhí ag Impireacht na hOllainne, agus í ag fás san Áise, ar an tír dhúchais?

Page 12: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 12 de 16

An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 4 An Eoraip le linn ré Louis XIV, 1660-1715

A (30 marc)

Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Sliocht as Cuimhní Cinn, le Louis XIV, chun comhairle a chur ar a mhac, an Dauphin, (sa chás seo maidir le cinní a ghlacadh). Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Glacann na daoine is éirimiúla comhairle ó dhaoine éirimiúla eile.

Cad a dhéanfaí de ríthe mura nglacfaidís comhairle? Níor chóir cinní tábhachtacha a ghlacadh gan fios a chur ar gach foinse eolais agus gaoise.

Ach, nuair atá an fhianaise ar fad curtha faoin ár mbráid, is fúinne atá, a mhic, an beart cinniúnach. Agus sa chinneadh seo, níor chóir dúinn a bheith easnamhach i stuaim ná i misneach araon.

[R.P. Stearns, Pageant of Europe, lch 248.]

1. Cérbh é an Dauphin? 2. Cén fáth ar scríobh Louis XIV a Chuimhní Cinn? 3. De réir an tsleachta, cad ba chóir do rialtóir a dhéanamh sula nglacann sé cinneadh? 4. Cad iad na tréithe ba chóir don rialtóir a léiriú agus a chinneadh glactha aige? 5. Rí den ‘cheart diaga’ ab ea Louis XIV. Cad is brí do seo?

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. John Sobieski. 2. Na hÚgónaigh. 3. Baincéireacht agus forbairt an mhargaidh airgid. 4. Cúirt Versailles.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cé chomh maith is a d’éirigh le polasaithe reiligiúnacha Louis XIV? 2. Cá mhéad a bhain Peadar I na Rúise amach? 3. Cén tábhacht a bhain le Isaac Newton?

4. Cén fáth gur éirigh chomh maith le Comhlacht (Sasanach) na nIndiacha Thiar?

Page 13: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 13 de 16

An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 5 Impireachtaí a bhunú, 1715-1775

A (30 marc)

Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach an Pictiúr Y (tógtha as K. McCarthy, Footsteps in Time 1, l.252) atá ar leathanach 15. Taispeánann an cartún polaitiúil seo, as Boston aimsir an Tea Party, chomh garbh agus a caitheadh le brathadóir do na hoifigigh chustaim. Déan staidéar air agus freagair na ceisteanna thíos.

1. Cén pionós atá faighte ag an mbrathadóir cheana féin? 2. Cén pionós atá á thabhairt don bhrathadóir sa chartún? 3. Cén fáth a dtaispeántar an Stamp Act bun os cionn? 4. Cén fáth a raibh tae ina ábhar aighnis i mBoston? 5. Cad ab ea an Boston Tea Party?

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Robert Clive. 2. Benjamin Franklin. 3. Ag déanamh bóithre agus canálacha. 4. An Encyclopédie.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cad iad na leasuithe a thug Maria Theresa (na hOstaire) isteach? 2. Cá mhéad a bhain Feardorcha Mór, Rí na Prúise amach sa bhaile agus thar lear? 3. Cén cion a rinne duine amháin nó níos mó díobh seo don Eagnaíocht: Voltaire; Montesquieu; Rousseau? 4. Cén fáth go raibh na hIndiacha Thiar mar lárionad d’fhorbairt ar phlandálacha sclábhaithe?

Page 14: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 14 de 16

An Eoraip agus an domhan mór: Topaic 6 Impireachtaí faoi réabhlóid, 1775-1815

A (30 marc)

Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Sliocht as memoirs le hoifigeach Eilvéiseach i gcúirt Louis XVI. Ag trácht ar an mBanríon Marie Antoinette atá sé. Léigh é agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh. Níl aon easpa meanman ar an mBanríon, ach tá faillí déanta ina cuid oideachais. Seachas úrscéalta, níor oscail sí aon leabhar eile riamh. Má dhíríonn comhrá ar chúrsaí dáiríre, tagann cuma bhailithe ar a haghaidh a fhuaraíonn an seomra. Bíonn a comhrá ag léim de shíor ó ábhar go hábhar. Is breá léi biadán an lae agus, thar aon ní eile, na scannail a bhaineann leis an gcúirt. [R.P. Stearns, Pageant of Europe, lch. 381]

1. Cérbh é údar na memoirs? 2. Conas a dhéanann an scríbhneoir iarracht a léiriú go ndearnadh faillí in oideachas na

Banríona? 3. Cén caitheamh aimsire atá ag an mBanríon, dar leis an scríbhneoir? 4. An bhfuil tú den tuairim gur beag rud dearfach atá le rá ag an scríbhneoir faoi Marie

Antoinette? Mínigh do fhreagra. 5. Cad as a tháinig Marie Antoinette, agus conas a chuir sé sin lena droch-cháil sa Fhrainc?

B (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad

Scríobh alt gairid ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1. Bunú Phoblacht Mheiriceá, 1776-1789. 2. Mary Wollstonecraft. 3. Ludwig van Beethoven. 4. Tionchar na réabhlóide talmhaíochta agus na réabhlóide tionsclaíche.

C (40 marc) Uasmhéid ama molta: 15 nóiméad

Freagair ceann amháin díobh seo a leanas:

1. Cé chomh freagrach agus a bhí Louis XVI as Réabhlóid na Fraince? 2. Cén pháirt a bhí ag Robespierre i Réabhlóid na Fraince? 3. Cén fáth ar fhógair Napoléon I cogadh ar an Rúis, agus cén fáth ar buadh air? 4. Céard iad na fadhbanna agus na buntáistí a bhain le fás Mhanchain?

Page 15: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 15 de 16

X (Éire: Topaic 4 Leathanach 6)

Y (Eoraip agus an domhan mór: Topaic 5 Leathanach 13) s

Page 16: PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHLch. 6 de 16 Éire: Topaic 3 Cinsealacht choilíneachta a bhunú, 1660-1715 A (30 marc) Uasmhéid ama molta: 10 nóiméad Féach Pictiúr X (tógtha as

Lch. 16 de 16

LEATHANACH BÁN