focail an bloc

16
Focal ón mBloc Nuachtlitir de chuid Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge UCD Scríofa ag Mic Léinn na Scéime, na Polainne, na Fraince agus na Spáinne. Produced by “Teach 7” in association with fellow residents from France, Poland and Spain Eagrán 2 Samhain 2009

Upload: belfield-fm-ucd

Post on 30-Mar-2016

252 views

Category:

Documents


31 download

DESCRIPTION

skejfhlskdfh

TRANSCRIPT

Page 1: Focail An Bloc

Focal ón mBloc

Nuachtlitir de chuid Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge UCD

Scríofa ag Mic Léinn na Scéime, na Polainne, na Fraince agus na Spáinne.

Produced by “Teach 7” in association with fellow residents from France, Poland and

Spain

Eagrán 2

Samhain 2009

Page 2: Focail An Bloc

2

2

FOCAL Ó JOHN

Focal ó John

Fáilte chuig an dara heagrán de “Focal ón mBloc”. Is mise John Bowden

eagarthóir na nuachtlitreach. Cé go bhfuil an Bloc tar éis bogadh ó Bhloc a chúig

go Bloc a seacht i mbliana táimid ag leanúint ar aghaidh leis an nuachtlitireach a

thosaigh Jenny anuraidh. Is í Jenny iar-eagarthóir na nuachtlitir a thug an

smaoineamh dom cóip eile den nuachtlitir seo a dhearadh agus ba mhaith liom

buíochas a gabháil léi!!! Tá cónaí orainn ar Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge i

dteach a seacht agus is féidir leat bualadh isteach chugainn am ar bith. Bíonn

fáilte roimh chách sa teach, fiú muna bhfuil ach cúpla focal agat is bealach ion-

tach é do chuid Gaeilge a úsáid!

Ní bheinn in ann an nuachtán seo a chur le chéile gan cabhair ó roinnt daoine

agus teastaíonn uaim buíochas a ghabháil leo. Ina measc, muintir na scéime,

Bord na Gaeilge, Clár Ní Bhuachalla (Oifigeach Gaeilge, Bord na Gaeilge)

John Bowden

Taobh Istigh . . .

3. Focal ón gCumann Gaelach

4. Focal ón gCumann Drámaíochta

5. Agallamh le Cormac (Scéim 09-10)

6. Bia Blasta-Gasta

7. Focal ó Trad Soc

8. Na Leathanaigh Idirnáisiúnta

-Fraincs

-Spáinnis

-Polainnis

11. Spórt i UCD agus Laochra Spóirt

13. Leathanach na Nollag

14. Réalteolaíocht

15. Sudoku

Page 3: Focail An Bloc

3

3

Seó Faisin Is ar éigean gur aithnigh duine ar bith Beár na

Mac Léinn an Luan seo caite. Sin an oíche a

chur an Cumann Gaelach Séo Faisin 2009 ar

siúl. Oíche den scoth a bhí ann agus d‟éirigh

leo os cionn €1000 a bhailiú i gcóir The Irish

Cancer Society. Ní hamháin sin ach bhain

gach aon duine an-taitneamh as an ocáid. Bhí

réimse leathan éadaí á thaispéaint ar an

oíche ó shiopaí ar nós Urban Outfitters, GAP,

BT2, Arnotts agus Black Tie. Bhí smidiú agus

gruaig na mainicíní déanta ag Arnotts Make-

up Store agus Petermark Style Club. Bhí neart

aíonna cáiliúla i láthair chomh maith, cosúil le

Clíona Ní Chiosáin (“Aifric” ar Tg4), Sibéal

Davitt (buaiteoir “Glas Vegas”) agus an

draíodóir Daragh Power. Mar aon le sin bhí

ceol ó The Peakin Trippers agus buaiteoir

Comórtas Talainn an Chumainn Ghaelaigh

2008 “Beat-Box Pete”. Tharis sin, bhí buachaillí le feiceáil gan éadaí ar bith orthu!!

Rinne Red Bull agus Haribo urraíocht ar an oíche.Thacaigh Aontas na Mac Léinn

linn chomh maith. Bhí cuma phroifisiúnta ar an ócáid agus is léir dá thairbhe gur

féidir ócáidí profisiúnta a chur ar siúl trí mhéan na Gaeilge.

Seachtain na Gaeilge Beidh Seachtain na Gaeilge i mbliana ar siúl ar an 8-12 Feabhra 2010. D'éirigh go hiontach léí anuraidh agus i mbliana táimid cinnte go mbeidh Seachtain na Gaeilge ghnótach eile againn. Beidh an Ghaeilge ar fud champas UCD an tseachtain sin. Tá neart ócáidí eagraithe cheana féin agus beidh aíonna cosúil le Aoibheann Ní Shuil-leabhán agus Zac Powers linn. Beidh an-chuid imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine, leithéidí My 1st Gaeilge, comórtas peile, céilí ag an loch, tráth na gceist in aghaidh Choláiste na Tríonóide,cluichí craiceáilte, bricfeasta le Gaeilge, Funrun, comórtas seanfhocail. Anuraidh bhí feachtas 'No Béarla' ar siúl agus bhain níos mó na 600 dalta iarracht gan aon Bhéarla a lab-hairt don tseachtain ar fad. I mbliana beidh an feachtas seo á eagrú againn chomh maith, ach le cruth nua air. Mar sin de, bígí ag fanacht agus ag súil leis an tseachtain. Seachtain mhór a bheidh ann, ceann nach ndéanfaidh sibh dear-mad ar go deo uirthi.

Page 4: Focail An Bloc

4

4

An éan atá ann? An eitleán atá ann? Ní shea, is é An Cumann Drámaíochta

atá ann! Beo agus bríomhar i mbliana, tá an Cumann tar éis Geamaireacht

(Panto) na Nollag a chur ar stáitse agus bhain gach duine an-taitneamh as!

Cindy Reilly an t-ainm a bhí ar an “Panto” a scríobh Comedysoc an Panto

agus bhí an-ghreann ag baint leis! Sa bhliain atá romhainn tá an Cumann

chun “An Triail” a chur ar stáitse, in Amharclann Dramsoc idir an 1ú agus an

5ú lá de mhí Feabhra. Táimid ag déanamh an dráma le cabhair Dramsoc

agus tá lán fháilte roimh aon duine a bhfuil suim aige a bheith páirteach!

Beidh an Cumann Drámaíochta gníomhach i rith Seachtain na Gaeilge

freisin! Fan go bhfeicfidh sibh céard ata réitithe againn daoibh ansin! Agus

ná déan dearmad ar “Murder Mystery” An Cumann Dramaíochta... Beidh sé

dainséarach, beidh sé mistéarach agus beidh an brabús uilig ag dul ag

daoine atá ar an ngannchuid

Mar sin; aisteoirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí, pleidhcí, bígí linn! Tá An Cumann

Drámaíochta ag dul ó neart go neart agus bíodh tusa cinnte go mbeidh tú

rannpháirteach linn! Breis eolas le fáil ag cumanndramaio-

[email protected].

Page 5: Focail An Bloc

5

5

Saol na Scéime - Agallamh le Cormac ón scéim

1.Conas gur chuala tú faoi Scéim chónaithe Bhord na Gaeilge?

Thart ar an am a bhí mé ag líonadh an CAO, bhí mé ar shuíomh idirlín UCD agus cho-

naic mé nasc don Ghaeilge. Bhí mé ag iarraidh fáil

amach faoin nGaeilge ar champas agus d‟aimsigh mé

nasc maidir le scéim chónaithe Bhord na Gaeilge

agus chuir mé isteach air!

2.Cén fáth gur chuir tú isteach ar an scéim?Bhuel,

leis an fhírinne a rá chuir mé isteach uirthi toisc nach

raibh mé ag iarraidh an Ghaeilge a fhágáil taobh

thiar díom nuair a d‟fhág mé an scoil. D‟fhreastail mé

ar Ghaelchólaiste Cheatharlach agus dá bharr sin bhí

suim ollmhór agam sa teanga. Bhí cúrsa as béarla roghnaithe agam agus bhí mé ag

iarraidh an tsuim sin a bhí agam sa Ghaeige a choinnéail beo!

3.Cén sort imeachtaí a bhíonn á n-eagrú agaibh agus sibh mar bhaill na Scéime?

Is féidir linn rud ar bith a eagrú a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn in UCD. Mar shampla

an tseachtain seo caite d‟eagraíodh ócáid darbh ainm Trácht ‟09. Is éard a bhí i gceist

leis sinn ná oíche chultúrtha, thaitneamhach a chuir an Ghaeilge chun cinn i measc

mhuintir na hollscoile. Bhí ceol traidisiúnta le Liam Ó Maonlaí (The Hothouse Flowers)

agus Trioscó (Trad Disco). É sin ráite is iomaí ócáid atá eagraithe ag muintir na scéime,

ina measc My First Gaeilge, Scóráil Sciobtha, Oíche Scannánaíochta, Sraith Sacar

Res, Tráth na gCeist agus Céilithe.

4.Ceard é príomhaidhm na scéime?

Is í príomhaidhm na scéime ná an Ghaeilge a chur chun cinn i UCD, agus pobal labhar-

tha Gaeilge a bhunú! Táimid i gcónaí ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh chomh sof-

heicthe is gur féidir ar champas UCD trí fheachtais shuimiúla a chur ar bun agus tríd an

nGaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide laethúil. Cheapfá go mbeadh an-chuid oi-

bre i gceist leis sinn ach dár liom toisc go bhfuil an oiread sin craic againn lena chéile is

muid ag eagrú na hócáidí sin mar sin níach mhothaíonn sé go bhfuil aon obair á dé-

anamh ar chor ar bith.

5.Ceard é an rud is fearr faoi bheith i do chónaí ar champas? Is é an rud is fearr

faoi bheith i mo chónaí ar champas ná bheith chomh gar do gach rud ar champas, beár

na mac léinn ach go háirithe. Rud eile aisiúil faoi bheith i do chónaí ar champas sa

chéad bhliain ná go bhfuil sé an-fhusa cairde nua a dhéanamh. Imrím le foireann peile

UCD agus bímid ag traenáil díreach in aice le mo theach agus mar sin ní gá dom bheith

buartha faoi thráthchlár na mbusanna.

6.Cén chomhairle a thabharfá ar dhaoine atá ag smaoineamh ar chur isteach ar an

scéim? Cuir isteach uirthi!!!

Cormac Breathnach Teach 7

Page 6: Focail An Bloc

6

6

BIA BLASTA-GASTA

le Cathal sa Chistin Pizza ar Bapa: Soláthar do bheirt um lóin

Am: 15 noim: Ullmhúchán: 5 noim.

Am cócaireachta: 10 noim.

Bunábhair: 1 cúirséad (courgette) mór, sliste go tiubh - €0.93

1 piobar buí, na síolta bainte de, sliste go tanaí - €0.30

Spúnóg bhoird d‟ola olóige úríon

2 bapaí móra déanta de chaiscín, gach bapa roinnte ina dhá leath - €0.53 an ceann

120 ml. passata - €1.40

oinniúin (líon - €0.99) agus gairleog (€0.20)

Dornán de dhuilleoga d‟oregano (nó de bhasail) - €1.00

200 g. de cháis mozzarella, sliste - €2.00

Salann agus piobar

(gach rud thuas ar fáil i Centra)

Modh: -Déan an gríoscán (grill) a réamhthéamh

-Línigh scilléad na greille (grill pan) le scragall stáin (tin foil)

-Cuir an cúirséad agus na sliseoga piobair ar an scragall, croith ola olóige orthu agus déan iad a shuaitheadh le chéile

-Gríosc na glasraí ar feadh 5 noiméad go dtí go bhfuil siad bogtha

-Cuir na bapaí ina luí ar na glasraí, agus déan taobh na gcrústaí a thóstáil go héadrom

-Bain amach na bapaí

-Tiontaigh na glasraí agus lean leat á ngrioscú a fhad is atá tú ag cur an bharráin ar na bapaí

-Spéigh taobh na mbapaí nach bhfuil tóstáilte leis an passata, ag ligint don passata sú isteach san áran

-Cuir duilleoga oragáin ar na bapaí agus ansin leag amach na glasraí griosctha ar bharr, ag cur salann/piobar orthu de réir do rogha féin

-Luigh síos na sliseoga de cháis mozzarella ar na glasraí

-Cuir na bapaí le barráin ar ais ar scillead na greille

-Déan iad a chócaráil ar feadh 3-5 bhomaite go dtí go leánn an cháis agus go n-éiríonn an cháis donn éadrom

Riar ar an toirt – dearg te!

Page 7: Focail An Bloc

7

7

Is cumann ceol traidisiúnta é Trad Soc. Freastalíonn an cumann orthu siúd a shein-neann nó a bhfuil spéis acu i gceol traidisiunta. Tá an cumann ar an bhfód anois le cúpla bliain anuas agus i mbliana is iad Edel Ní Churraoin agus Oisín Mac Cinnéide reachtairí an chumainn. Is í príomhaidhm an chumainn ná an ceol traidisiúnta a chur chun cinn agus a choiméad beo ar champas.I mbliana tá os cionn 420 ball sa chumann. Le cúpla seachtain anuas bíonn seisiún rialta ar siúl sa “Forum Bar” gach Luan. Leanfaimid leis an nós seo ach as seo amach beidh na seisiúin ar siúl i dteach tabhairne Lonnegans in aice leis an Montrose. Ta fáilte roimh chách ag na seisiúin seo, fiú muna bhfuil sé de chumas agat uirlis ar bith a sheinm. Bíonn craic iontach ag baint leo agus réitíonn gach éinne go maith lena chéile. Tá ranganna ar fáil chomh maith dóibh siud ar mian leo uirlis a fhogh-laim. Mar aon le seisiún, seinneann Trad Soc ag na céilithe a bhíonn ar siúl sa bheár. Bíonn an-sult le baint as na céilithe seo agus bíonn slua mór ann i gcónaí. Chomh maith leis an seisiún ar an Luan bíonn seisiúin eile ar siúl ar fud na cathrach i rith na seachtaine. Bíonn seisiún seachtanúil in Óstan Harcourt ar an Domhnach mar shampla. Tá tithe tabhairne eile ann a mbíonn seisiún acu. Mas mian leat a bheith páirteach sa chumann seo agus freastal ar na hócaidí ní gá ach dul i dteagmháil le hOisín nó Edel ag [email protected] Tá fios a ngnó ag Oisín agus Edel faoi chur-saí ceoil agus iad gafa leis de shíor. Tá sé mar sprioc ag Tradsoc TradDisco (Trioscó) a chur ar siúl sa bheár an seimeastar seo chugainn. Leanfaidh TradSoc ar aghaidh leis na seisiúin a bhíonn acu agus tá roinnt tionscnamh eile ag an gcumann gur mian leis a chur i gcrích le go mbeidh ár gceol traidisiúnta faoi bhláth san ollscoil seo.

Page 8: Focail An Bloc

8

8

Erasmus experience from a French point of view Erasmus : un mot qui sonne bien à l‟oreille quand on est chez soi, qu‟on se

bat avec ses cours et qu‟on ne rêve que de liberté, de nouvelles rencontres et

de vacances ! Finalement, quand on y est, on se rend compte qu‟il faut oublier

l‟idée des vacances : clairement Erasmus ne signifie pas forcément moins de

cours, mais en ce qui concerne les rencontres et les expériences, c‟est le pied !

Etre Erasmus à UCD, c‟est une expérience mémorable. D‟abord, on com-

mence par se battre avec l‟administration sur place et celle de notre propre uni-

versité pour pouvoir s‟inscrire aux cours : incroyable que même en ayant prépa-

rer notre liste en avance, on se retrouve quand même à devoir courir entre les

bâtiments et à envoyer des emails dans tous les sens pour avoir tous les ac-

cords nécessaires. Après, on a quand même une grosse fausse joie, faut l‟a-

vouer, en regardant le planning de cours : 15h de cours dans la semaine ! Si

vous avez connu ça en France, moi pas. Et là, excitation totale jusqu‟à ce que

les professeurs expliquent les différentes validations de cours et qu‟on perde

toute illusion.

Mais finalement, qu‟est ce que c‟est tout ça ? Des broutilles comparé à

l‟expérience fabuleuse d‟être à l‟étranger, dans un environnement totalement

différent, de faire de nouvelles rencontres à

chaque fois qu‟on sort de chez soi. Et puis :

l‟Irlande ! Paysages magnifiques, gens ado-

rables, pubs chaleureux et… soleil contre

toute attente ! De quoi se plaint-on ? Je

pleure d‟avance à l‟idée de partir à la fin du

semestre. Comme à la fin d‟un rêve et qu‟on

ne veut pas se réveiller… Et puis, je me dis

que tout ne s‟arrête pas là : on reviendra !

Et on gardera contact avec tous ces gens

qui ont partagé cette expérience avec nous.

En attendant, je vais prendre mon gros

manteau et aller me promener dans les rues

de Dublin pour regarder les vitrines et atten-

dre les lumières de Noël, au son de la musi-

que irlandaise : une ambiance de Noël ma-

gique en préparation !

Celine

Page 9: Focail An Bloc

9

9

Scéal ón Spáinn Noviembre 2009

¡Hola amigos! Me llamo Pau. Soy un estudiante español. Nací en Albacete, pero mi familia se trasladó a Barcelona cuando era muy joven. Mi casa está muy cercana al Parque Güell, en un barrio que se llama el Carmel – un sitio muy bonito en mi opi-nión.

Yo estoy aquí en UCD desde tres meses, pasándolo muy bien. Dublín es una ciudad muy interesante, y he encontrado que como Barcelona es muy cosmopolita. Es una bonita experiencia estar aquí en Irlanda, muy enrique-cedora para mí - aprendiendo mucho inglés ¡y un poco irlandés también! He gozado mucho de las instalaciones fantásticas aquí en la uni-versidad. Me encantan los deportes. Me gusta mucho el fútbol y soy un miembro de un equipo de los „Superleagues‟ y también me he matri-culado en clases de artes marciales. ¡Que inte-resante! Además soy un miembro de UCDVO, es decir la sociedad caritativa aquí en la uni-versidad porque me encantaría viajar al extran-jero para ayudar a los marginados y para ampliar mis horizontes personales, sobreto-do en Nicaragua donde podría usar mi español, pero este año quiero centrarme en mis estudios. Quizás el año que viene.

Claro que estoy muy contento de estar aquí pero habiendo dicho eso, todo es muy diferente de España. Echo de menos la comida española, y, claro, el tiempo. Hace demasiado frío – ¡ayer fui al médico por sexta vez este semestre por causa de la gri-pe! Espero con ganas volver a Barcelona esta Navidad.

Por desgracia ya casi estamos a finales de curso y vamos a hacer los exámenes muy pronto. Yo no estoy seguro si voy a aprobar todo pero espero sacar una buena nota en inglés. En el futuro, después de sacar el título universitario, me gustaría ser profe-sor pero tendré que estudiar mucho. Si yo hubiera ofrecer unos consejos para los es-tudiantes del primer año, diría: aprende a trabajar y estudiar en equipo porque es esencial en la universidad. Además, debes ser flexible – el mundo de la universidad avanza mucho más rápido que tú, y tienes que continuar adaptando y aprendiendo. Para terminar, haz lo que te gusta. Hay tantas oportunidades para establecer nuevas amistades y ampliar sus horizontes aquí en la universidad – no debes vivir pensando solamente en lo que puede ser más útil económicamente, sino en lo que te hará más feliz.

Page 10: Focail An Bloc

10

10

Pictúir ón bPolainn

Życie w Irlandii jest ciekawym

doświadczeniem. Irlandczycy są

zdecydowanie bardziej otwarci

względem nieznajomych niż Polacy.

Ta cecha Irlandczyków bardzo

ułatwia zawieranie nowych

znajomości. Tu nie jest niczym

zaskakującym, aby rozmawiać na różne tematy z zupełnie obcymi osobami,

co prawie nie zdarza się w Polsce. Co więcej, nie jest to wcale trudne, gdyż

Irlandczycy są na ogół uprzejmi względem obcokrajowców. Ponadto,

Irlandczycy mają duży dystans do życia. Choć sporo narzekają na pogodę (a

mają ku temu dobre powody!) , zazwyczaj są bardzo pogodni i lubią

żartować. Gdy żartują, często są mistrzami ironii. Sam dystans do życia

Irlandczyków na pewno pomaga, szczególnie w stresujących sytuacjach.

Mam nadzieję, że tego się tutaj nauczę.

Marek

Bord na Gaeilge UCD

Ag tacú le Mic Léinn agus le Baill Foirne na hOllscoile

Seirbhisí/Services

Cúrsaí Teanga/Language Courses

Cursaí Gaeltachta/Gaeltacht Courses

Seribhís Aistriúcháin/Translation Service

Foilseacháin/Publications

Scolaireachtaí/Scholarships

Urraíocht/Sponsorship

Imeachtaí Cultúrtha/Cultural Activities

Scéim Chónaithe Ghaeilge/Irish Language Residence Scheme

Gach eolas ó: www.ucd.ie/bnag nó

Ón Oifigeach Gaeilge ag [email protected], Teil: 716-8208

Page 11: Focail An Bloc

11

11

Spórt agus na réaltaí ó UCD

Le Colman Hanley

Tá an t-ádh againn i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (COBÁC). Tá na háise-anna is fearr againn ar an gcampus seo i gcomparáid le gach coláiste eile in Éirinn. Tá na háiseanna againn chun sacar, lúth-cleasaíocht, peil ghaelach nó iománaíocht, cispheil, leadóg, hacaí agus rugbaí a imirt. Tá gach spórt eile ar fáil i gColáiste na hOllscoile freisin, agus le cúnamh Dé, beidh linn snámha againn i 2010 san ionad spórt nua.

Le déanaí, d‟fhreastail a lán réalta spóirt anseo ar Choláiste na hOllscoile. Mar shampla, d‟fhreastal captaen fhoireann rugbaí na hÉireann, Brian O‟Driscoll (ar dheis), anseo ar COBÁC cúpla bliain ó shin.

Chomh maith leis sin, d‟fhreastail Luke Fitzgerald anseo, rinne Jamie Heaslip máis-treacht anseo anuraidh, agus tá beirt eile ó Chúige Laighean, Gordon D‟Arcy agus Rob Kearney, fós ag déanamh staidéir. Bhuaigh an ceathrar sin an „slam mór‟ i gcomórtas „Sé Náisiún‟ i mhí an Mhárta, agus le linn an tsamhraidh, d‟imir siad leis „The British and Irish Lions‟ san Aifric Theas le linn an tsamhraidh seo caite.

Trí seachtaine ó shin, phioc bainisteoir na hÉireann Declan Kidney, 39 imreoirí chun imirt in aghaidh na h Astráile an Fidsí (Fiji), agus an Aifric Theas. Sa ghrúpa sin, bhí ochtar ann a bhí i gColáiste na hOllscoile. Leis an gceathrar sin a bhí mé ag caint faoi, bhí Sean O‟Brien, Paddy Wallace, agus Fergus McFadden sa „squad‟. Dá bhrí sin, tháinig 20% don squad sin ó COBÁC, rud éigin go bhfuil gach duine anseo an-bhrodúil faoi.

Imríonn a lán daoine sacar i UCD freisin. Anuraidh, bhí díoma orainn mar thit an phríomh fhoireann amach ón gcéad sraith go dtí an dara sraith in Éirinn. Ach i mbliana, bhuaigh an fhoireann an tsraith agus tá siad ar ais sa chéad sraith arís.

Ó clé go dheis: Luke Fitzgerald, Gordon D’Arcy,

Jamie Heaslip agus Rob Kearney

Page 12: Focail An Bloc

12

12

D‟imir an captaen Ronan Finn le hÉirinn faoi 21, agus ag an am seo, tá Andy Boyle ag imirt le hÉirinn faoi 19. D‟imir Jason Sherlock le UCD AFC le linn na 1990‟s, agus tá cúpla imreoir ag obair go proifisiúnta mar im-reoir sacair anois, mar shampla Conor Sammon le Kil-marnock san Alban agus Gary Dicker le Brighton and Hove Albion i Sasana. Tá nasc an-mhór ann idir an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus COBÁC freisin. Ag an am seo, tá Paraic Ó Dufaigh, iar-mhac léinn anseo, ag obair san CLG mar Ard Stiurthóir. Chomh maith leis sin, tá Brian Mullins, iarimreoir le Baile Átha Cliath, ag obair mar an cheannaire Spóirt i gCOBÁC.

Tá cúpla réalta san CLG ag déanamh staidéir aseo freisin, agus ag imirt le COBÁC ag an am céanna. Mar shampla, Rory O‟Carroll, Ross O‟Carroll agus Cian O‟Sullivan (ar dheis) ó Baile Átha Cliath agus Ciarán Lyng ó Loch Gorman. Bhuaigh an triúr ó B.Á.C comórtas chlub na hÉireann le Kilmacud Crokes i mbliana. D‟imir Ross agus Cian le príomh fhoireann peile BÁC sa chluiche ceannais, agus d‟imir Ross leis an bpríomh fhoireann iománaíochta.

Chomh maith leis sin, d‟fhreastail daoine cáiliúla eile ar an gColáiste seo. Mar shampla, Derval O‟Rourke (ar dheis). Bhuaigh an cailín ó Chorcaigh an bonn airgid san European Championships i 2006. Chomh maith leis sin, timpeall trí mhí ó shin i mBerlin, bhí O‟Rourke sa cheathrú áit san World Championships.

Ar COBÁC i ngalf, d‟fhreastal an buaiteoir ar an gcomórtas „3 Irish Open‟. Bhuaigh Shane Lowry (ar dheis) an comórtas mar amaitéarach, ach anois, tá sé ag obair mar imreoir galf go proifisiúnta. Chomh maith leis sin, d‟fhreastail Peter Lawrie anseo freisin le linn na 90‟s agus anois tá sé ag imirt ar an „European Tour‟ ar feadh beagnach ocht mbliana anois.

Léiríonn na daoine seo go bhfuil spórt sa Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath an-láidir ar fad, agus táim 100% cinnte, in ainneoin an chúlú domhanda, go mbeidh sé níos láidre sna blianta ag teacht.

Captaen fhoireann peile UCD: Ronan Finn

Page 13: Focail An Bloc

13

13

CEOL (MUSIC) COINNEAL (CANDLES) CLOG (BELLS)

GEAMAIREACHT (PANTO)

DRUALUS (MISTLETOE)

CRANN NOLLAG(XMAS TREE)

SAOIRE (HOLIDAYS)

SNEACHTA (SNOW) TEAGHLACH (FAMILY)

NOEL TURCAITHE (TURKEYS)

Cuardach Focal na Nollaig

GLUAIS

Page 14: Focail An Bloc

14

14

RÉALTEOLAÍOCHT

An Reithe (Aries) 21 Márta– 19 Aibreán

Tá tú sásta le cúrsaí grá faoi láthair! Bain taitneamh as an tseachtain

seo!

An Tarbh (Taurus) 20 Aibreán – 20 Bealtaine

Tá tú imithe fiáin le cúpla seachtain anuas, ach an tseachtain seo feicfidh tú

go bhfuil tú ag titim siar ar do chuid oibre...mar a deir an seanfhocal...“tús

maith leath na hoibre!”, ach ná bí buartha, tá an t-am fós agat rudaí a

athrú!!

An Cúpla (Gemini) 21 Bealtaine – 20 Meitheamh

“Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luch ag rince!”...tá tú ag baint

an-taitneamh as do chuid saoirse i rith na seachtaine seo...ach moltar

duit gan dul thar fóir leis!

An Portán (Cancer) 21 Meitheamh - 22 Iúil

Táimid i lár cúlaithe (recession) agus is cinnte go bhfuil easpa airgid agat i

rith na seachtaine seo. Ach ná lig sin stop a chur leat!

An Leon (Leo) 23 Iúil – 22 Lúnasa

Má tá droch-chaidreamh agat le duine de do chairde le cúpla seachtain

anuas, déan iarracht teacht ar réiteach na faidhbe i rith na seachtaine

seo.

An Mhaighdean (Virgo) 23 Lúnasa – 21 Meán Fómhair

Mar a deir an seanfhocal, “ní neart go cur le céile”....beidh seachtain an-

ghnóthach agat agus is fiú ligean do dhaoine cabhrú leat.

An Mheá (Libra)- 22 Meán Fómhair-22 Deireadh Fómhair

Filleann an feall ar an bhfeallaire!!

An Scairp (Scorpio) 23 Deireadh Fómhair – 21 Samhain

Seans go mbuailfidh tú le seanchara i rith na seachtaine, cloisfidh tú scé-

alta ó bhaile, ach ná bíodh uaigneas ort.

Page 15: Focail An Bloc

15

15

An Saighdeoir (Sagittarius) 22 Samhain – 21 Nollaig

Tá tú tar éis go leor oibre a dhéanamh le cúpla seachtaine anuas. An

tseachtain seo, lig do scíth...tá sé tuillte agat!

An Gabhar (Capricorn) 22 Nollaig – 19 Eanáir

Le cúpla seachtain anuas tá tú tar éis go leor ama a chaitheamh ag

cabhrú le do chairde. Tá sos tuillte agat. Ba cheart duit do scíth a

ligean.

Iompróir an Uisce (Aquarius) 20 Eanáir – 18 Feabhra

Is é/í seo do chara, ach cén fáth go mothaíonn tú go bhfuil rud éigin eile

ann....beidh deis iontach agat an tseachtain seo do chuid mothúchán a léiriú dó/

di....tapaigh an deis!!!!!

Na hÉisc (Pisces) 19 Feabhra – 20 Márta

Nach glas iad na cnoic i bhfad uainn?? A leithéid de raiméis! Má stopann tú ag

déanamh gearáin, feicfidh tú nach bhfuil rudaí chomh dona sin...bain taitneamh as

an tseachtain.

ÉASCA SUDOKU DODHÉANTA

Page 16: Focail An Bloc

16

16

Eagarthóir: John Bowden,

Teach 7, Scéim Chónaithe Bhord na Gaeilge

Ríomhphost: [email protected]