leabhrán foghlama litearthachta · 2020. 5. 31. · an aimsir chaite rud a tharla cheana féin,...
TRANSCRIPT
0
Leabhrán Foghlama
Litearthachta do Theist Iontrála na Scoileanna Gramadaí
Ainm____________________________ Rang _______
1
Ainmfhocal
rud, áit, duine nó ainmhí
rud – tábla áit – páirc
duine – babaí ainmhí – cat
2
Ainmfhocal Dílis
rud, áit, duine nó ainmhí ar leith
tosaíonn sé le Ceannlitir
rud – Titanic áit – Éire
duine – Matilda ainmhí – Clifford
3
Aidiacht
cuireann aidiacht síos ar ainmfhocal
mór beag
gasta fadálach
4
Briathar
gníomh, rud a dhéanann tú
snámh rith
léigh ith
5
Réamhfhocal
focal beag a chuireann síos ar an áit a bhfuil
ainmfhocal
ar faoi
sa tríd
6
Cónasc
focal a nascann dhá rud le chéile
agus ach go
nach gur nár
a atá nuair
mar
7
An Uimhir Iolra
níos mó na ceann amháin
í a anna áin mírialta
hataí cótaí boscaí madaí
bróga cosa miotóga fuinneoga
carranna scoileanna ciceanna ollphéisteanna
cupáin caisleáin ulchabháin eitleáin
fir mná tithe doirse
8
An Aimsir Chaite
rud a tharla cheana féin, inné mar shampla
séimhiú (h speisialta)
nó
d’ roimh gutaí agus focail a thosaíonn le f
bhailigh bhain bhí bhris
bhuail chaill chaith cheannaigh
chonaic chruinnigh chuaigh chuala
chuir d’amharc d’éist d’fhág
d’fhan d’fhiafraigh d’fhill d’fhoghlaim
d’iarr d’imigh d’imir d’inis
d’ith d’ól d’oscail dhíol
dhruid dúirt fuair ghabh
ghlac ghlan labhair las
lean léigh léim mhúch
rinne rith rug scairt
scríobh scrios shábháil sheas
shiúil shuigh tháinig thaispeáin
thiomáin thóg thug thuig
9
An Aimsir Láithreach
rud a tharlaíonn anois nó go minic, gach lá mar
shampla
-ann -eann -aíonn -íonn
amharcann bailíonn baineann beireann
bíonn briseann buaileann cailleann
caitheann ceannaíonn cluineann cruinníonn
cuireann déanann deir díolann
druideann éisteann fágann faigheann
fanann feiceann fiafraíonn filleann
foghlaimíonn gabhann glacann glanann
iarrann imíonn imríonn insíonn
itheann labhraíonn lasann leanann
léann léimeann múchann ólann
osclaíonn ritheann sábhálann scairteann
scríobhann scriosann seasann siúlann
suíonn tagann taispeánann téann
tiomnaíonn tógann tugann tuigeann
10
An Aimsir Fháistineach
rud a tharlóidh amach anseo, amárach mar
shampla
-faidh -fidh -óidh -eoidh
amharcfaidh baileoidh bainfidh béarfaidh
beidh brisfidh buailfidh caillfidh
caithfidh ceannóidh cluinfidh cruinneoidh
cuirfidh déanfaidh déarfaidh díolfaidh
druidfidh éistfidh fágfaidh fanfaidh
feicfidh fiafróidh fillfidh foghlaimeoidh
gabhfaidh gheobhaidh glacfaidh glanfaidh
iarrfaidh imeoidh imreoidh inseoidh
íosfaidh labhróidh lasfaidh leanfaidh
léifidh léimfidh múchfaidh ólfaidh
osclóidh rachaidh rithfidh sábhálfaidh
scairtfidh scríobhfaidh scriosfaidh seasfaidh
siúlfaidh suífidh tabharfaidh taispeánfaidh
tiocfaidh tiomnóidh tógfaidh tuigfidh
11
Briathra Neamhrialta
Ordú Aimsir Chaite Aimsir
Láithreach
Aimsir
Fháistineach
Abair Dúirt Deir Dearfaidh
Beir Rug Beireann Béarfaidh
Bí Bhí
Ní raibh
Bíonn
Tá
Níl
Beidh
Cluin Chuala Cluineann Cluinfidh
Déan Rinne
Ní dhearna Déanann Déanfaidh
Faigh Fuair
Ní bhfuair Faigheann
Gheobhaidh
Ní bhfaighidh
Feic Chonaic
Ní fhaca Feiceann Feicfidh
Ith D’ith Itheann Íosfaidh
Tabhair Thug Tugann Tabharfaidh
Tar Tháinig Tagann Tiocfaidh
Téigh Chuaigh
Ní dheachaigh Téann Rachaidh
12
Focail ar Chomhchiall
amhail cosúil le álainn galánta
amharc féach bealach dóigh
áthas sonas cineál sórt
caillte ar strae cloigeann ceann
carr gluaisteán clois cluin
cathaoir suíochán codladh suan
ceapaim sílim difriúil éagsúil
cleas bob fadálach mall
clú cáil fearthainn baiste
contúirteach dainséarach gach achan
damáiste dochar gasta tapaidh
duine té guth glór
falsa leisciúil múscail dúisigh
fann lag néal scamall
farraige muir pioc roghnaigh
go léir uilig rince damhsa
léim preab scáfar scanrúil
luath moch scairt glaoigh
otharlann ospidéal simplí furasta
pluid blaincéad sionnach madadh rua
púca taibhse soilsiú lonrú
spraoi spórt sona sásta
srón gaosán tiontaigh cas
stop stad tom tor
13
Focail ar Chomhfhuaim / Hómafóin
raibh agus ró
dubh agus dom
thig, chuig agus thuig
fuair agus fuar
bheidh agus bheith
síuil agus súil
ithe agus oíche
éirí agus iarraidh
i ndiaidh agus inné
an agus ann
lán, lean agus lann
glan agus gleann
meall agus mall
coinneáil agus coinneal
coinín agus coiníonn
14
Frithchiallaigh / Malairt
mór beag
glan salach
gasta fadálach
luath mall
geal dorcha
ciallmhar amaideach
dubh bán
oscailte druidte
saibhir bocht
sona brónach
fíor bréagach
lán folamh
bain caill
géar maol
milis searbh
ceart contráilte
deas gránna
lasta múchta
15
Poncaíocht
Ceannlitir
• ag tús abairte
• ainm duine, Liam agus Nóra
• ainm áite, Tír Eoghain, Béal Feirste
• laethanta na seachtaine, Dé Luain
• laethanta speisialta, Lá Fhéile Pádraig
• míonna na bliana, Eanáir, Feabhra
Lánstad
• ag deireadh abairte
Camóg
• liosta
• fóchlásál
• le comharthaí cainte
Uaschamóg
• aimsir chaite
• réamfhocal + guta
Comharthaí Cainte
• nuair atá duine ag caint
Comhartha Ceiste
• nuair atá ceist ann
Comhartha Uaillbhreasa
• nuair atá béim ar abairt
16
Forainm
focal beag a sheasann d’ainmfhocal
mé tú sé/é sí / í
muid /sinn sibh siad / iad
17
Forainmneacha Réamhfhoclacha
mé tú é í muid sibh iad
ag agam agat aige aici againn agaibh acu
as asam asat as aisti asainn asaibh astu
chuig chugam chugat chuige chuici chugainn chugaibh chucu
de díom díot de di dínn díbh díobh
do dom duit dó di dúinn daoibh dóibh
faoi fúm fút faoi fúithi fúinn fúibh fúthu
i ionam ionat ann inti ionainn ionaibh iontu
le liom leat leis léi linn libh leo
ar orm ort air orainn oraibh oraibh orthu
roimh romham romhat roimhe roimpi romhainn romhaibh rompu
thar tharam tharat thairis thairsti tharainn tharaibh tharstu
trí tríom tríot tríd tríthi trínn tríbh tríothu
ó uaim uait uaidh uaithi uainn uaibh uathu
idir eadrainn eadraibh eatarthu
18
Céimeanna Comparáide
níos……is
Bunchéim Breischéim Sárchéim
maith
níos fearr
is fearr
olc
níos measa
is measa
furasta
níos fusa
is fusa
deas
níos deise
is deise
álainn
níos áille
is áille
ard
níos airde
is airde
beag
níos lú
is lú
deacair
níos deacra
is deacra
fadálach
níos fadálaí
is fadálaí
fliuch
níos fliche
is fliche
gasta
níos gasta
is gasta
íseal
níos ísle
is ísle
trom
níos troime
is troime
luath
níos luaithe
is luaithe
mall
níos moille
is moille
mór
níos mó
is mó
te
níos teo
is teo
19
An Fléiscín
líne bheag...t–
an t-airgead leis an airgead
an t-am ag an am ceart
an t-ardán ar an ardán
an t-eitleán san eitleán
an t-iasc ag an iasc
an t-óstán san óstán
an t-údar ag an údar
20
Séimhiú 1
h speisialta (mo, do, a)
mé
tú
é
í
i mo shuí
i do shuí
ina shuí
ina suí
i mo sheasamh
i do sheasamh
ina sheasamh
ina seasamh
i mo chodladh
i do chodladh
ina chodladh
ina codladh
i mo chónaí
i do chónaí
ina chónaí
ina cónaí
mo chóta
do chóta
a chóta
a cóta
mo ghairdín
do ghairdín
a ghairdín
a gairdín
mo leabhar
do leabhar
a leabhar
a leabhar
mo mhála
do mhála
a mhála
a mála
mo stoca
do stoca
a stoca
a stoca
mo theach
do theach
a theach
a teach
21
Séimhiú 2
le réamhfhocail
ag an gheata ar an chathaoir
as an mhála chuig an pháirc
den ghasúr don chailín
faoin chathaoir tríd an choill
leis an chat ón fheirm
roimh an Chéadaoin sa bhosca
thar an bhalla
Ní féidir séimhiú a chur isteach i bhfocail a thosaíonn le
guta, l, n, r nó sc, nó i ndiaidh an fhocail na (ach amháin an
focal ‘chéad’).
22
Urú
Téann m roimh b. ár mbábóga, bhur mbia, a mbéil
Téann g roimh c. ár gcarr, bhur gcairde, a gcaipíní
Téann n roimh d. ár ndaidí, bhur ndinnéar, a ndochtúir
Téann bh roimh f. ár bhfeadóga, bhur bhfidil, a bhfrog
Téann n roimh g. ár ngeansaithe, bhur ngiotár, a ngúnaí
Téann b roimh p. ár bpéint, bhur bpinn, a bpeataí
Téann d roimh t. ár dteilifís, bhur dtóirse, a dtraein
Téann n- roimh gutaí.
ár n-arán, bhur n-eitleán, a n-ipsíní, ár n-oileán, bhur n-ulchabhán
Ní athraíonn focail a thosaíonn le litir ar bith eile.
23
Alt
píosa scríbhneoireachta i nuachtán nó
irisleabhar
24
Amchlár
tábla a thugann eolas ar imeachtaí
25
Amhrán
dán curtha le ceol
26
Biachlár
liosta de na béilte atá ar díol i mbialann
27
Bileog Eolais
leathanach fillte a thugann eolas ar imeacht,
earra nó áir ar leith
28
Bróisiúr
leabhar nó iris bheag ina bhfuil pictiúir agus
eolas ar earra nó seibhís ar leith
29
Caibidil
cuid amháin de na codanna difriúla d’úrscéal
30
Catalóg
liosta iomlán de rudaí atá ar díol, a eagraítear go
sistéamach de ghnáth
31
Clár
liosta de na caibidle nó na codanna de leabhar
32
Curfá
an chuid den amhrán a cheoltar níos mó ná uair
amháin
33
Dán
píosa scríbhneoireachta le rím nó le rithim
34
Dialann
leabhar ina gcoinníonn tú taifead laethúil
d’eispéiris agus d’imeachtaí
35
Ficsean
scéalaíocht, sraith imeachtaí nach bhfuil fíor
36
File
duine a scríobhann dán
37
Fógrán
sliocht i nuachtán nó clár ar an teilifís a thugann
eolas ar imeacht nó earra ar leith
38
Foilsitheoir
comhlacht a dhéanann leabhair
39
Gearrscéal
scéal ficsin nach bhfuil chomh fada le húrscéal
40
Gluais
liosta focal aisteach nó focail nua leis an
sainmhíniú, scríofa in ord aibítreach
41
Greannán
sraith pictiúr tarraingthe le bolgáin chainte a
insíonn scéal
42
Innéacs
liosta in ord aibítreach ag deireadh leabhair a
chuireann in iúl cén leathanach ar a bhfuil eolas
ar ábhar áirithe
43
Iontráil
píosa scríbhneoireachta amháin i ndialann
44
Irisleabhar
foilseachán a chuirtear ar fáil go rialta, ina
bhfuil sraith alt agus léaráidí, go tipiciúil a
bhaineann leis an ábhar céanna
45
Leabhar Tagartha
leabhar mar chiclipéid nó foclóir a thugann eolas
beacht
46
Leabharliosta
liosta de na leabhair a ndéantar tagairt orthu sa
sliocht
47
Léarscáil / Mapa
líníocht den talamh nó den fharraige leis na
gnéithe fisiceacha de le sonrú air
48
Liosta
sraith nó líne eolais de rudaí nó earraí
aonaracha, scartha le camóga
49
Litir
nóta fada a chuirtear sa phost
50
Maisitheoir
an duine a dhéanann na pictiúir i leabhar
51
Neamhfhicsean
scríbhneoireacht a thugann eolas, atá fíor
52
Nuachtán
foilseachán priontáilte a chuimsíonn leathanaigh
fhillte gan stáplaí ina bhfuil nuacht agus ailt
speisiúla
53
Paragraf
cuid de shliocht nó scéal a bhaineann le hábhar
nó ídé amháin
54
Póstaer
bileog mhór a thugann eolas ar imeacht
55
Ríomhphost
litir leictreonach a théann tríd an idirlíon
56
Rím
nuair a dhéanann dhá fhocal an fhuaim chéanna
57
Údar
an duine a scríobhann leabhar nó scéal
58
Úrscéal
píosa scríbhneoireachta fada le suíomh, carachtair
agus plota
59
Véarsa
cuid amháin de dhán