feasta | nollaig 2013

28
Nollaig 2013 Nollaig 2013 Nollaig 2013 • Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Mac na hEabhraí le Breandán Ó Doibhlin faoi chaibidil ag Alan Titley • Deireadh mhaolú na Gaeilge san AE? le Pádraig B. Ó Laighin • An gearrscannán ‘Oíche Nollag’ le Muiris Ó Meara • Íomhá chlúdaigh: ‘Glasóga’ le Derry Shannon Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 12 ISSN 0014-8946 €5

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 27-Mar-2016

287 views

Category:

Documents


13 download

DESCRIPTION

 

TRANSCRIPT

Page 1: Feasta | Nollaig 2013

Nollaig 2013Nollaig 2013Nollaig 2013

• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh• Mac na hEabhraí le Breandán Ó Doibhlin

faoi chaibidil ag Alan Titley• Deireadh mhaolú na Gaeilge san AE? le Pádraig B. Ó Laighin

• An gearrscannán ‘Oíche Nollag’ le Muiris Ó Meara

• Íomhá chlúdaigh: ‘Glasóga’ le Derry Shannon

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 12ISSN 0014-8946

€5

Page 2: Feasta | Nollaig 2013
Page 3: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 20133

— Clár —— Clár —• Eagarfhocal: An státseirbhís agus an teanga .............. 3• Smaointe Polaitíochta: Sásta go maith? le Seán Ó

Loingsigh .................................................................... 4•Fear Charracháin, i ndilchuimhne ar Mhicí Dainín Ó Sé,

le Mícheál de Mórdha; Tír na nÓg agus Renoir, dántale Seán Ó Leocháin ..................................................... 6

• An Bóthar cois na hAbhann, gearrscéal le Pádraig G. ÓLaighin ........................................................................ 7

• Anois an t-am chun deireadh mhaolú na Gaeilge san AEa lorg, le Pádraig B. Ó Laighin .................................... 9

• Lámh Dhearg Abú? Aindrias Ó Cathasaigh ................ 12• Anseo agus Ansiúd ............................................ 13 & 16• Mac na hEabhraí le Breandán Ó Doibhlin faoi chaibidil

ag Alan Titley ............................................................. 14• Arbh Fhiú an Braon Allais? An Straitéis Fiche Bliain don

Ghaeilge agus an Próiseas Pleanála Teanga faoi anailísag Donncha Ó hÉallaithe ........................................... 17

• Sleachta as na Síscéalta Saofa de réir an Toitlaoigh:Rabhadh Dánta le Alan Titley á sheoladh ag Tadhg ÓDúshláine ................................................................... 21

• Ekphrasis? Léargas ar an ngearrscannán ‘Oíche Nollag’le Muiris Ó Meara ..................................................... 23

• Eiléan Ní Chuilleanáin a sheol Ó Choill go Barr Ghéaráinle Somhairle MacGill-Eain, leagan Gaeilge le PaddyBushe ........................................................................25

• Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ........................... 26

© Feasta agus na Scríbhneoirí

• Clúdach: ‘Glasóga / Wagtails’ le Derry Shannonón Taispeántas, 3 – 24 Nollaig, ag Gailearaí Frank Lewis,

Lána na Smachtlainne, Cill Airne, Co. Chiarraí.F: 353 (0)64 6631108 Rp: [email protected]

EagarfhocalEagarfhocalNollaig 2013Nollaig 2013

ReiviúReiviúden Smaointeachas Éireannachden Smaointeachas Éireannachlitríocht, eolaíocht, polaitíochtlitríocht, eolaíocht, polaitíocht

• Feasta tríd an bpost!12 eagrán tríd an bpost ar €75

(€100 lasmuigh den eoraip)Donnchadh Ó hAodha,

Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí.353-(0)87-2421267

Suíomh idirlín: www.feasta.ie• eagarthóir

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire.

Fón: 353-(0)66-7124169.Ríomhphost: [email protected]

• FoilsitheoiríCoNRADh NA GAeiLGe

Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áitsan iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

NNach mó bliain anois ó bhí aon dea-scéala againn agus anNollaig ag druidim linn. Táimid fós ag strácáil leis an gcúlúeacnamaíoch, agus in ainneoin mhaíomh an rialtais go

bhfuil ár gcúrsaí feabhsaithe agus sinn ag teacht slán ó chrúcaí naTriúrachta, ní léir don gháthdhuine go bhfuil aon fheabhas mór ara shaol féin, agus a fhianaise san ann ar shála cruabhuiséid eile.Mair a chapaill agus gheobhair féar.

I gcás na Gaelainne bhíomair anseo bliain ó shin go díreach agtagairt dó ráitis an Choimisinéara Teanga agus é ag léiriú a imnífaoi staid na teanga sa tseirbhís phoiblí. Bliain dar gcionn tá sé aran bport céanna ach, más aon ní, go bhfuil a ghuth ag dul i ngéire.Tá sé le brath le déanaí go bhfuil sé in amhras go bhfuil sé ag dul ibhfeidhm ar na húdaráis nó go bhfuiltear ag tabhairt aon tor air.Anois, léiríonn sé dúinn nach leor ar aon bhealach cur chuige anrialtais chun dul i ngleic le míchumas na státseirbhíse gnó adhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.

Gan amhras is ábhar imní dúinn dearcadh seo an Choimisinéara.Is ar éigean go bhféadfaí a rá faoi gur fear scaoill nó scéine é. Níorchuir an cineál ionramhála nó go deimhin an fealladh a tharla i1974, ag rialtas agus ag státseirbhísigh, lena dhóchas maidir le dea-intinn an dá dhream. Is léir nach bhfuil sé ar a shuaimhneas go bhfuiltear dáiríre faoina bhfuil beartaithe chun dul i ngleic le heaspa Gaeilge na státseirbhíseach. Go deimhin tuarann sé gur‘teip thubaisteach’ a bheidh sa chóras nua.

Níor mhiste, b’fhéidir, a choinneáil in aigne maidir leis an dalla -mullóg a bhí i gceist i 1974 nárbh iad na polaiteoirí ba mheasa. Luaigh siadsan a n-imní faoina raibh beartaithe. Níorbh amhlaidhdo na státseirbhísigh. Bíodh gurbh eol dóibh an dochar a bhí igceist don teanga, ba bheag ba chás leo é. Tá an cheist seo tábhachtach agus an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge curtha faoichúram na státseirbhíse. An féidir brath orthu, nó ar a ndea-intinn?Dódh cheana sinn.

Bhí uachtarán Chonradh na Gaeilge leis ag léiriú a mhí-shástachtalena raibh beartaithe ag an rialtas. B’aisteach mura mbeadh. Nachmbeimid i ngiorracht bliana do chomóradh céid an Éiri Amach i1916. Cad a spreag é sin, nó cén fáth nár chloíomar le Home Rule?Ba é dearcadh an Chonartha nár leor athrú rialtais amháin, nó ármbratach féin a bheith ar crochadh os cionn Chaisleán Átha Cliath.

Is ceist thábhachtach thráthúil í seo agus sinn ag druidim leis angcomóradh céid. Níl claontacht d’aon chineál i gceist nó bagairt nófábhar d’aon aicme nó aon dream. Is ceist í a bhaineann lenár saíochtagus ár gcultúr, agus an luach a bhaineann le teanga ársa i saol aonnáisiúin. Ba mhór an ní é sin a chur ina luí arís ar ár bpolaiteoirí.◊

Page 4: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 20134

Tá mórathrú ag tarlú sa tuairimíocht i measc saineolaithe sa gheilleagar le tamall.Tá mórathrú ag tarlú sa tuairimíocht i measc saineolaithe sa gheilleagar le tamall.

BBhí sé suimiúil go raibh an eacnamaí clúiteach Meiric -eánach Joseph Stiglitz ar cuairt

chugainn le déanaí agus é ag caint lemaithe léannta ollscoile i mBaile ÁthaCliath. Bhain an tsuim le tráthúlacht nahócáide agus sinn díreach ar ti ár gcosaa thabhairt linn ón Triúracht úd a bhí agcoinneáil géarshúil ar ár gcúrsaí eacnamaíocha na blianta déanacha seo.

Ní tráthúil, ach míthráthúil, a shíl antAire Airgeadais a bhí an chuairt, de réirmar a bhí le rá aige nuair a cuireadhagallamh teilifíse air. Gan amhras isbeag a aontaíonn Stiglitz le cur chuigean Aontais Eorpaigh, agus na Triúrachtago háirithe, agus iad ag dul i ngleic leisan gcúlú eacnamaíoch. Ina shúile siúdtubaist go huile ba ea an polasaídéineachta úd a bhí i bhfeidhm anseo ótháinig an rialtas seo i gcumhacht, agusgo deimhin ag an rialtas a bhí i gceannas rompu. Ach i súile an Aire, baghaisce a bhí déanta aige ag fágáil slánleis an Triúracht chéanna. Cad a bhí leithéid Stiglitz ag déanamh ag baintóna ghlóir!

Ach san am céanna, níl aon amhras nágo bhfuil mórathrú ag tarlú sa tuair-imíocht i measc saineolaithe sa gheilleagar le tamall anuas. Is cinnte gobhfuil níos mó díobh in amhras faoiéifeacht an pholasaí déineachta chundul i bhfeidhm ar an gcúlú san eacnam -aíocht. Conas is féidir don eacnam -aíocht téarnamh in éagmais aonbhorradh? Níl áit is mó a bhfuil anargóint seo ar siúl faoi láthair ná sanAontas Eorpach. Fiú go bhfuil uachtaránan Bhainc Cheannais Eorpaigh, MarioDraghi, gafa ann, rud atá aisteach goleor agus sinn ag meabhrú ar chomhdocht is a bhí an fear a bhí sa phostroimis, Jean-Claude Trichet, faoin gceistchéanna.

Tá, gan amhras, an t-athrú seo, más sinatá ann nó a bheidh ann, tagtha ró -dhéanach dúinne anseo in Éirinn. Fiúanois má athraíonn an port, agus mághlacann an Banc Ceannais Eorpachfreagracht éigin as fiacha bainc namballtíortha éagsúla ar ball, mar atáthar ag tuar, ní cosúil go mbeidh aonéifeacht aige sin anseo, ná go ndéanfaraon chúiteamh linn maidir leis nasuimeanna ollmhóra atá caite leis nabainc cheana féin. Ach, ar ndóigh, nachEorpaigh mhaithe sinn, agus nach leor

cainníochtúil úd, ná aon gheáitsíocht dáleithéid a thagann i gcabhair ar fhadhb -anna airgid i dtíortha eile an Aontais.

Go dtí seo bhíothas ag feitheamh gombeadh an t-olltoghchán thart suladtarlódh aon bhogadh; anois deirteargo nglacann na Gearmánaigh féin leisgo bhfuil an bogadh ag tarlú, ach gogcaithfear feitheamh go mbíonn an rialtas nua bunaithe.

Ní hé nach dtuigtear go coitianta dondearcadh seo ag rialtas agus pobal naGearmáine agus na cúiseanna stairiúlaatá mar bhonn leis, ach i gcomhthéacsan Aontais ní féidir neamhaird iomlán adhéanamh d’fhadhbanna na mballstáteile. Is fíor go bhfuil an saol athraithe ócheangail an tír seo leis an gComphobalEorpach i 1973. Ní hionann an tAontasEorpach inniu agus an Comhphobal archuamar i bpáirt chomh fonnmhar annan bhliain sin.

Bhí sé de nós againn anseo a bheithgearánach faoin gclaonadh i dtreo státfeidearálach Eorpach. Is dócha go bhfuilan baol sin ann i gcónaí, ach is féidir gobhfuil forlámhas seo na Gearmáine faoiláthair chomh baolach céanna. Táamhras ann anois an bhfuil pobal natíre seo chomh mór i bhfábhar an Aontais agus a bhíodh. Conas mar atharlódh dá mbeadh ceann de nareifrinn againn a bhíodh chomhcoitianta sin gach uair a thagadh conradh éigin i gceist. Is féidir a bheithcinnte gur fada an lá sula dtarlóidh a leithéid de reifreann arís!

CChun filleadh ar Bhaile Átha Cliathagus lúcháir an Rialtais ag fágáilslán ag an Triúracht dóibh, ní

hionadh go mbeifí ag baint oiread bun-táiste polaitíochta agus a b’fhéidir as anócáid. Níor mhiste dúinn a choinneáil araigne, cosúil le Gerry Adams agus anIRA tráth, nach bhfuil siad bailithe leo arfad. In áit a bheith ag filleadh orainnceithre huaire in aghaidh na bliana, níbheidh siad ag teacht chugainn, chun asúile a choinneáil orainn, ach dhá uairsa bhliain, go dtí go mbíonn ár bhfiachaglanta againn faoi cheann fiche bliainnó pé fad a thógann sé sin.

Is cosúil gur scéal thairis a bhí sa mhion-chonspóid faoi líne creidmheasa abheith curtha in áirithe agus sinn agtabhairt na gcosa linn ó ghrinnscrúdúna Triúrachta. Nílimid chun bacadh leis.

de chúiteamh é sin dúinn! Nach fearr ésin ná aon airgead sa bhanc?

Is minic tagairt déanta do fhorlámhasna Gearmáine i gcúrsaí an Aontais, achba dhóigh leat go raibh sé thar fóir arfad faoi láthair. Níl aon rialtas acu sa tírsin ó bhí olltoghchán acu agus níbheidh, is cosúil, ar feadh roinnt míosaeile, ach is cuma é sin, mar oibríonn ancóras go breá. Go deimhin ba dhóighleat gur mó sinne ag brath ar pé ní abheartaíonn a rialtas siúd ná iad féin.An aontóidh siad leis seo siúd nó eile?

Tá forlámhas seo na Gearmáine inaábhar buartha lasmuigh agus laistighden Aontas. I gcúrsaí eacnamaíochacaithfear gach ní a chur in oiriúint dongheilleagar Gearmánach, agus i ndáiríretá oiread tairbhe bainte ag an tír sincheana féin as a mballraíocht agus atáag tír ar bith eile. Ach ní lú leo an siocsamhraidh ná an boilsciú ná an t-éascú

SmaointeSmaointePolaitíochtaPolaitíochta

Seán Ó LoingsighNí hionadh go mbeifí ag

baint oireadbuntáiste polaitíochta

agus a b’fhéidiras an ócáid.

Page 5: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 20135

is beag fiosrú a deineadh fúthu ná níor deineadh aon ghearán fúthu anseo ó dheas…is beag fiosrú a deineadh fúthu ná níor deineadh aon ghearán fúthu anseo ó dheas…

Ní heol go bhfuiltear róbhuartha faoi,pé san Eoraip nó sa bhaile, agus arís níhionadh go mbeadh an Rialtas agdéanamh oiread laochais agus is féidirleo ina thaobh. Ach féach go bhfuil anéiginnteacht ann i gcónaí, an t-amhrasfaoin eacnamaíocht, ní i nÉirinn amháinach lasmuigh sa domhan mór.

Níltear cinnte faoi na bainc féin, tar éisan rírá ar fad, go bhfuil siad tagtha slánnó fiú nach bhfuil rud éigin faoi cheiltacu go fóill maidir lena gcuid fiacha.Beidh tástálacha struis á ndéanamh arísag an mBanc Ceannais Eorpach an bhliain seo chugainn chun dea-stádasbhainc uile an Aontais a mheas. Féachconas mar a tharla le comhar creidmheasa sa Droichead Nua le cúplaseachtain anuas. Pé ní faoi bhainc, níorsíleadh go raibh an drochghalar imithechomh fada leosan.

Ach ag tagairt níos luaithe don saol abheith athraithe maidir leis an AontasEorpach, féach go bhfuil go leor nachbhfuil athraithe ar aon chor. D’ainneoinna géarchéime eacnamaíche, agus angeilleagar in go leor tíortha a bheithcurtha droim ar ais, fós níl aon chur isteach ar an gcóras féin. Tá na margaíairgeadais fós in uachtar, baincéiri aguscorparáidí airgeadais agus comhlachtaírátála creidmheasa fós faoi ghradam, dámhéid a gciontacht sa tubaist a tharla.

Gan amhras tá breis bheagmaoirseachta i gceist, ach gan dul thar

fóir leis ar eagla go gcuirfí as don dreamsin a luadh. Lena gceart a thabhairt dona Gearmánaigh, a rabhamar chomhgearánach fúthu, is iad is lú a ghéill dothiorántacht seo lucht an mhargaidh.

AAnseo sa bhaile, táimid anois sadara leath de théarma oifige anrialtais seo, agua níor mhiste

sracfhéachaint a thabhairt ar conas maratá sa saol polaitíochta, ach go háiritheconas a sheasann na páirtithe éagsúla inDáil Éireann. Roimhe sin, ar ndóigh,caithfear aghaidh a thabhairt arthoghcháin áitiúla agus ar thoghcháinan Aontais, bíodh nach i gcónaí athugann siadsan aon treoir maidir leconas mar bheidh le holltoghchán.

Tá páirtithe an rialtais sásta go maith,iad ag déanamh gairdis le chéile go bhfuil an tír tugtha slán acu ó dhianriailna Triúrachta. Bainfear oiread tairbhepholaitiúil agus is féidir as san, ach ismó go mór an tairbhe a bhainfidh FineGael as. Síleann go leor sa Lucht Oibregurb iad is mó atá thíos leis an bpolasaídéineachta atá i bhfeidhm ó bunaíodhan comhrialtas. Tá breis is dhá bhliainfágtha, agus dhá bhuiséad, chun dul ingleic leis an tuairim sin.

An bhfuil a bpeacaí maite d’FhiannaFáil? Ní fios, ach tá siad in iomaíocht leFine Gael arís chun ceannas a bhaintamach sna pobalbhreitheanna. Ach isaidhm dhaingean ag an gcomhrialtasnach ndéanfar dearmad ar 2008.

Tá sé mar aidhm dhaingean ag gachpáirtí eile nach ndéanfar dearmad arpháirt Shinn Féin sa chogaíocht i dTuais-ceart Éireann idir 1969 agus sos cogaidhna bparaimíleatach i 1994, agus déantartagairt dó go rialta sa Dáil. Is aidhm leisag na meáin chumarsáide ó dheas cuidde na heachtraí ba bhrúidiúla a chasadhle ceannaire Shinn Féin go pearsanta.Arís agus arís, deir sé féin nach raibh séina bhall den IRA. Is fánach an té achreideann é. Bhí clár eile teilifíse arRTÉ le déanaí ag díriú ar Adams aguscuid de na heachtraí ba mheasa.

Le déanaí, chomh maith, foilsíodh leabhar le Anne Cadwallader, a bhí tráthina hiriseoir le RTÉ, a léiríonn an claon-pháirteachas a tharla idir forsaí Stáit anTuaiscirt ‘ag an leibhéal is airde’ agusiadsan a bhí gafa i ndúnmharú daoineneamhurchóideacha. Is beag fiosrú adeineadh fúthu ná níor deineadh aonghearán fúthu anseo ó dheas. Ba bheagpoiblíocht a fuair an leabhar ar antaobh seo den teorainn. Níltear inamhras faoin bhfírinne ina bhfuil le ráag an údar.

Níl amhras ach oiread ach gur ceadaithepáirtíocht Gerry Adams i gcogaíocht anTuaiscirt a lua agus a cheistiú, ach tátaifeadadh neamhchlaonta na staireagus an chothromaíocht tábhachtachfreisin, pé dream atá i gceist. Ba dheacair a rá nach bhfuil na prionsabailsin i mbaol faoi láthair. ◊

Vaimpír san ÁiléarVaimpír san Áiléar le Orna Ní Choileáin168 leathanach, €8.00. Cois Life, 2013.

Léirmheas le Brian McNéill Leabhar é seo, de réir an eolais ar an gclúdach, ‘Do dhaoine ógafásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!’ Tá anclúdach féin – obair de chuid Alan Keogh, é gorm, dubh agusbán, ar a bhfuil ialtóg a bhfuil cuma mhistéireach uirthi, ceamara gan phictiúr, agus réalta beaga bídeacha – tarraingteach.

Scríbhneoir óg as iarthar Chorcaí í Orna. Tá duaiseannaOireacht ais agus eile bainte aici cheana féin, foilsíodh dhá leabhar léi roimhe seo, Ailfí agus an Vaimpír, úrscéal dodhaoine óga agus Canary Wharf, cnuasach deich ngearrscéal inGaeilge do dhaoine fásta, leabhar a raibh an-ráchairt air.

Baineann scéal an leabhair seo le buachaill darb ainm Ailfí agusle Vaimpír darb ainm Marius. Tá carachtair eile ann, Gretchwein,cailín a bhfuil fadhbanna aici agus a bhfuil mistéir ag baint léi,Margó Milanova, láithreoir teilifíse a bhfuil mistéir ag baint léichomh maith, Dainéil, athair Ailfí, agus Tina, máthair Ailfí agusroinnt carachar eile.

Tá an scéal bunaithe go príomha ar an gcaidreamh idir Ailfí agusMarius, deacrachtaí Ailfí le Marius, argóintí, Marius ag dul as

radharc, rudaí dána á ndéanamh ag Marius, mianta Mharius.Ach tá scéalta eile, a bhfuil a dtábhacht féin leo, sníomhtha gohéifeachtach tríd an bpríomhscéal, scéal Gretchwein, scéalDhainéil agus a mhianta páistiúla, agus scéalMhargó Milanova agus a rúin.

Déantar forbairt ar na príomhcharachtair deréir mar a bhíonn an scéal ag dul ar aghaidhi gcaoi is go gcuireann an léitheoir spéisiontu agus go bhfásann fonn air leanachtleis an léitheoireacht le fáil amach céard atharlaíonn ag an deireadh.

Tá an Ghaeilge sa leabhar soiléir, agus tá gluais bheag ceangailte sa leabhar mar abheadh leabharmharc ann. Mheas mé go bhféadfadh an ghluais a bheith beagán níoscuimsithí, ó tharla go bhfuil líon áirithe focalnach bhfuil chomh coitianta sin anseo agusansiúd tríd an téacs.

Tá an cló breá mór, agus tá na caibidlí gairid,leagan amach a chabhraíonn leis an léitheoir óg. Buntáiste eile,go bhfuil go leor comhrá so-thuigthe síos tríd an leabhar. Tá greann ann, míthuiscintí, praiseach... agus uafás! ◊

Page 6: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 20136

TÍr na nÓGTÍr na nÓGle Seán Ó Leocháinle Seán Ó Leocháin

Ní ghlaoim isteach níos mó orthu -ní mó a chuirim an ruaig orthuná a sméidim orthu ón dorasná a bhagraím orthu ón bhfuinneog.Ní chuireann siad isteach níos mó ormná na cluichí callánacha a bhí acu,

mo chlann féin ná clann na gcomharsanná an chuid a tháinig níos faideag tabhairt dhúshlán a chéile.Ní choinníonn siad ó chodladh na hoíche mé,ag sioscadh le chéile faoin lampaná ag sáraíocht ar a chéile ar an tsráid.

Mholamar an óige agus thugamar a gceart dóibh -níor chuireamar riamh ó dhoras iadach rinneamar rud níos measa:ligeamar uainn ar fad iad,gan comhairle ní b'fhearr againn dóibhná an chomhairle a bhí acu dá chéile,

comhairle a fhilleann ina casaoidagus a chloisim acu trí mo chodladh,mo chlann féin is clann mo chlainne,iad chugam ar uair an mheán oíche:seo í tír na sean, nó tír na n-óga d'éirigh sean roimh aois.

renOirrenOirAch feictear dom ina dhiaidh singur chuir mé mo lá amú,nach raibh ann ach cur i gcéill,gan sa ghnó ar fad ach maisiúar an saol beag leamh laethúil.Agus an rud a bhí beag,bhí sé beag i gcónaí,iad ag rá gur mór an truagan ábhar níos substaintiúla a bheith agam,ceann de na téamaí móra –ábhar ab oiriúnaí i bhfadle scóip a thabhairt dom féinis pé mianach atá ionam a thástáil.

Ach an áilleacht nach raibh anngur lig mé di bheith ann,níl déanamh dá huireasa acu,feiceáil nach feiceáil ach aontúleis an radharc laethúil comónta,an lámh ag coinneáil leis an tsúilis ag iarraidh dul níos faideach nach féidir liom ligean digan na ceangail atá orm a shárú -gan de fhreagra ach breith ar an scuabis dlús a chur leis an obairach an lá amú ar fad ormmura bhfeicim ach a bhfeiceann an tsúil.

— Seán Ó Leocháin

Fear CharraCháinFear CharraCháini ndil chuimhne ar Mhicí Dainín Ó Sé, fear suiltFonn: ‘Beauty Deas an Oileáin’ (an leagan mall)

A Fhir Charracháin, is cás linn gur éalaigh tú uainn,Go Cathair na nGrást, mar a bhfuil agat Oireachtas buan,Is táimidne fágtha, tinn cráite, is lán go barra de bhuairt,Is tú luite i gCill Chuáin thuas, a fhir mhánla, is díth linn do shuan.

CurfáA Mhicí Dainín, d’imís leat uainn-ne go brách,Chomh fada leis na Flaithis, taoí suite ansin ar stól ard,Is tá agat ann c’leachta, Up Kerry is Up Carrachán,Is timpeall ort tá an mathshlua, gan cíos oraibh, cathú ná cás.

Is a fhir na n-amhrán is trua go bhfuil tost ort sa Chill,Mar is mó san scol breá a chuiris go rábach ded’ chroíAg mórán comhthalán is ag ócáidí breá’ lán de spraoi,Is a raibh ann i láthair faoi gheasa agat is faoi dhraíocht.

— Curfá

Is a fhir an bhosca ceoil ba mhaith mar a sheinnfeá an ríl,An port seite is an cor, le do mhéara do chuiris-se díotLe binneas, le rithim, le preab, le neart is le spraoi,Is le crú an chnaipe bháin is tú ag tál orainn Waltz Tenessee.

— Curfá

Is a fhir na leabhar mbreá ba mhaith tú chun na scéalta a scríobh,Ón chéad lá riamh do chuiris do pheann i mbun gnímh,Do bhís gach aon tráth ag cardáil na línte, is á sníomh, Rud a dheinis gan cháim, mar gur thugais dúinn sár-litríocht.

— Curfá

Is a fhir na filíochta do thugais dúinn véarsaí agus dáin,Ag cur síos ar d’aistir, ón chéad lá a d’fhágais Carrachán,Do thráchtais ar uaigneas, ar bhuaireamh is ar a’ gcruachás,Is fós ar an áthas, ar a’ mbreáthacht is gan dabht a’ rangás.

— Curfá

Is a rí na c’leachtan do bhí trácht ort ins gach ball den dtírIs aithne fhairsing ón nDaingean ort go Donncha DíÓ Thoraí i lár mara go dtí na Déisibh geal’ úd thíosIs as sin abhaile go dtí goirt ghlasa Bhaile Ghainín.

— Curfá

Is a fhir sin na n-aistear, do chuais ar bord an bháid bháin,Sall leat go Sasana, chun go mbeadh agat saol níos fearr,As sin go hUncle Sam leat, mar ar casadh ort do mhór-ghrá,Gur thugais Cáit leat abhaile, is go thógabhair anseo bhúr n-ál.

— Curfá

Is a fhir leoraí an bhainne, ba bhuíoch duit iad lucht na gcaipín’,A tharraing chugat an bainne, is a thugais leat uathu arís,Ar bhóithre, is trí bhailte, is ar na céadta cúrsaí,Ó bhfada é d’aistear, ag gabháil duit ó thuaidh trí Thrá Lí.

— Curfá

Is a fhir an Oireachtais, is ortsa a bhí cliú agus cáil,I measc an lucht freastail, a thagann ann ós gach aon aird,Is tú sáite ’na measc ann, is an chraic agat á thiomáint,Fear i measc na bhfear ann, is ná fágaimis uainn iad na mná!

— Curfá

Is dá mbeinn anseo go maidin, ní bheadh deireadh agam le rá,Mar ba tú cara na gcarad, is gan do leithéid ann le fáil,Seo slán leat a ghaiscígh, is tarraing anseo chugam an cháirt,Is beannacht Dé le d’anam, go mbeimid arís leat i bpáirt.

CurfáA Mhicí Dainín, d’imís leat uainn-ne go brách, ….

Mícheál de Mórdha, Deireadh Fómhair 2013 Mícheál de Mórdha, Deireadh Fómhair 2013

Page 7: Feasta | Nollaig 2013

An Bóthar An Bóthar cois na hAbhanncois na hAbhann

Scéal le Pádraig G. Ó LaighinScéal le Pádraig G. Ó Laighin

SSeo chugam arís é: garbhcheol anmhileoidin agus guth láidir anamhránaí sráide. Meallann an

ceol mé. Ar dtús níl ach nótaí maise áseoladh chugam i leith trasna na sráidecathrach. Deacair a dhéanamh amachcá háit as a bhfuil ag teacht, ach tá afhios agam go maith gur chuala mé anfonn sin áit éigin cheana mar a bheadhcuimhne fann ann as an anallód, snáthroiste éigin smaointe.

De réir a chéile is féidir liom na nótaícreathánacha a shuíomh níos fearr,nótaí ag agairt orm ó na blianta i gcéin.Ach tá sé níos deacra fós ainm a chur aran bhfonn sin, a shileann ar an aer agusa dhruideann chugam trí lánaí castacathrach. Ba chóir go n-aithneoinn émar amhrán.

Go tobann, tá sé ar fáil agam, an uilenóta gutha de snaidhmthe ag piachánan mhileoidin: tá fócas faighte agam aran bhfear siúil cois cúinne na sráide, ‘…the road by the river/ that flowsthrough Raheen.’ Tá doicheall air blasan nóiméid choscraigh a scaoileadhuaidh. Ní fhéadaim gan éisteacht leis….

Cuimhním ar neomat tochtmhar, imeasc chuimhní na mblianta, mar araibh an fonn áirithe sin lonnaithe.Nach deacair dom an neomat agus anport a tharraingt le chéile…

——◊——

Ní mórán airde a bhí tugtha agam ar anbhfear úd fadó. Aon uair a chuaigh mé isteach i dTábhairne Uí Dhroighneáin,chonac é ag léamh na sean-nuachtánann agus é ag ithe na gceapairí a tugadhdó le teann carthannachta. Tharla nárbhraitheas tréith ar bith neamh-choitianta ann. Tar éis an tsaoil, ní raibhann ach seanfhear ag scuabadh trínasmaointí fánacha. Níor léir dom ach gurghlac na custaiméirí eile leis gur thais-tealaí é a d’fheictí ann ó am go ham.

Tuigeann sibh go mbíonn blas faoi leithag baint leis an bpionta, nuair a bhíonnatmaisféar áirithe ag gabháil leis anmbeár, agus ba thráthnóna atmais-féarach an tráthnóna faoi leith a ghabhmé isteach i mbeár Uí Dhroighneáin.Súlach óir ab ea an solas a bhí ag titimisteach sna cúil dhorcha, na gathanna

triac lacha ag gearradh fíochán solais aran urlár deannaigh úd, ag srónaíl thartsna hascaillí iargúlta agus i gcatacómaína gcailleach inar léir fíoracha leath-aithinte a bheith ina suí. Tostanna fonn-mhara i réim os cionn nagnáthghlagaireachta, agus spadántachtar an deisbhéalaí. Gan tada ag cur isteach ar iomlán na marbhántachta náar an suaimhneas san áit.

Tharraing an Dálach súil ghéar bhaisil -eascach Uí Dhroighneáin i dtreo nagloine foilmhe ina láimh, agus tosaíodhar an bpionta a líonadh gan oiread isfocal as éinne.

‘Leanfaidh sé…, leanfaidh an aimsir, adeirim,’ arsa an Dálach, amhail is gur aggabháil leithscéil a bhí sé as briseadh isteach ar an suaimhneas.

‘Mar sin fhéin, d’oirfeadh an braoinínbáistí don talamh,’ lean sé air, ag iarraidh a bheith cothromgéarchúiseach, bíodh is nach raibhtnúth aige le freagra ar bith.

‘Siúráilte’, agus d’imigh an comhluadarle tost athuair, a thúisce is a bhí an babhta cainte sin curtha de. Buillí anchloig ar an bhfalla laistiar de na buidéilfuiscí, tomhas á dhéanamh ar fhrith -chuisle na hArcáide suaimhní…

Bhí mé tosnaithe ar iniúchadh adhéanamh ar na leabhair orduithe a bhítógtha isteach agam, ag iarraidh teachtar chinneadh faoi na cuairteanna a b’fhearr a dhéanamh roimh dheireadhan lae, agus ar na siopaí a d’fhéadfainna chur ar athló go dtí an lá dar gcionn.Ní fhéadfainn na siopaí éadaigh i Sráidan Mhuilinn a ligint i bhfaillí; bhíodar gomaith chun na cornáin cadáis a ordú,agus bhí sé d’iachall orm glaoch ar Shiopa Uí Raghallaigh sa tSráidUachtarach ar eagla go gcuirfeadh siadgearán isteach, bíodh is gur beag ar fada cheannaídís san lá ar bith.

Bhí ar mo chumas cúléisteacht ar MhacOireachtaigh sa chúlráid, tráth ar chuirsé a ladhar isteach sa suaimhneas:‘B’fhéidir go dtiocfaidh feabhas arphraghasanna na n-uascán an tseach-tain seo, anois go bhfuil díluacháil ar anbpunt glas, measann sibh?’

Agus chuala freagra gonta Uí Bhroin air:‘Tá gá leis an bhfeabhas ceart go leor.’

B’shin an uair a tháinig línte ciúine anamhráin ón seanfhear sa chúinne, é agcanadh dó féin, agus chaithfeá a rá gobhfanfá ag éisteacht leis: bhí guth chunbailéid an-mhaith aige.

Níor casadh cloigeann ina threo, achmar sin fhéin, ba léir an aon-tuiscint abheith ag gach éinne dó, iad uilig faoichiúnas a smaointí féin: cuimhní inmheánacha na bhfear cruinnithe aige,iad snaidhmthe aige in aon aislingamháin.

Níor tugadh aird dá laghad air go dtíseo, fad a bhí sé ag gabháil do napáipéir nuachta. B’fhada na ceapairí iteaige, agus an páipéar orthu curtha ileataobh go néata, nod go raibh sé denós aige a bheith dea-riartha béasachann féin, pé áit as a dtáinig sé.

Mar a dúrt, ní raibh ceann ar bith castaina threo as caidéis nó mífhoighne fad arinne sé crónán leis féin. Ag canadh osíseal a bhí sé, amhail is go raibhathshondas speisialta i ngach aon nótaa tháinig chuige, pléisiúr áirithe agteacht chun cinn san oiread logainm ardhein sé portaireacht orthu, é ag gabháil go héasca ó ‘all alone, all alone,on the wave washed strand’ de Shliabhna mBan go dtí na seanvéarsaí: ‘thatroad by the river/ that flows throughRaheen.’

——◊——

Ar chúis nó ar chúis eile, níor tharladom a bheith sa taobh sin tíre ag baintsásaimh as pionta i dTábhairne UíDhroighneáin go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ní bhfuair aon radharc aran seanfhear mar ba chuimhin liom é.An aimsir a bheith imithe chun donais…gan atmaisféar ar bith san áit a mheall-fadh nótaí órdha ceoil go cúil antsuaimhnis.

Tá’s ag Dia nach mar an gcéanna abhíonn rudaí riamh, cuma chomh móris a theastaíonn uainn an neomat faoileith a reo. Bíonn comhábhar éigin ineasnamh an dara huair, agus ar an ócáidseo ní raibh gath gréine ar bith ag gearr -adh gréas ar an urlár deannaigh, ná agrince sna catacómaí iargúlta úd ina

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 20137

Page 8: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie

raibh na pinsinéirí ag diúgadh neomataítuirseacha an lae.

Chuir mé tuairisc an tseanfhondúra aran Droighneach féin. Ba léir dom fíorshlítheánta Uí Dhálaigh ag teacht chunan bheáir ar thóir athlán a ghloine.Chonacthas dom gur ag éirí níos triailí abhí sé ina ladhar isteach in aonchomhrá is go mb’amhlaidh go raibhMac Oireachtaigh freisin gan focal.

‘Abair liom,’ a d’fhiafraigh mé denDroighneach, ‘an bhfuil scéal ar bith aggabháil leis an seanfhondúir sin a bhí agcanadh amhrán nuair a bhíos anseocheana.’

Rinne sé a shúil a dhíriú orm agus fálmór a mhalaí a chreathadh amhail is gomb’aisteach an cheist, ach ó go mbachustaiméir rialta mé, ar bhealach, is éa rinne sé a scíth a ligint ar an gcuntaragus a raibh ar eolas aige a insint dom.

‘Táid ann a déarfadh gurb amhlaidh achaith sé barraíocht dá shaol ar an bhfarraige, agus dála an scéil, luífeadhsin lena bheith feistithe go slachtmhar.Tá daoine eile ann a déarfadh gurb é androchrath a bhuail é i gcúrsaí gnó nóclainne, agus gurbh shin a thug air adhul ar na bóithribh. Duine gnaíúil é, deréir na dtuairiscí, a shanntaigh ancomhluadar ó am go chéile, bíodh is gomb’fhearr leis fanacht socair.’

D’fhanas ciúin fad is a d’imigh Ó Droigh-neáin le pionta a líonadh. An gcloisfinngo deo arís na nótaí sin lán de sholas nagréine.

Aisteach go leor,’ arsa Ó Droighneáin, agfilleadh chugam, ‘níor leag mé súil air abheag ná a mhór ón uair cheana a bhítú anseo linn.’

——◊——

D’fhan cuimhne an tseanfhondúra agusan neomat suaite gréine agam go dtí anmhóimint láithreach seo, amhránaísráide os mo chomhair amach ag múscailt na mblianta arís ionam, fonn ádhoirteadh thar shráideanna nacathrach aige, snáthanna na smaointe áscaoileadh aige.

Agus mé ag caitheamh isteach sachaipín ar an gcosán an t-airgead sin aíocann as scéal amhráin agus as fiúntasan cheoil araon, fiafraím de ar tháinigsé trasna riamh ar sheanfhondúiráirithe, amhránaí eile a raibh véarsaímar iad aige. Sos beag a ghlacann sélena rá liom: ‘Mhuise, chuireamar é,m’athair, geimhreadh nó dhó ó shin.Fuarthas le taobh na habhann é, ‘on theroad by the river’.◊

Page 9: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 20139

TTá maolú i bhfeidhm i leith na Gaeilge mar theangaoifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. De réir an mhaolaithe sin, níl dualgas ar na hinstitiúidí Eorpacha

na gníomhartha dlíthiúla ar fad a chur ar fáil i nGaeilge mar adhéantar sna 23 theanga oifigiúla eile ar fad. Is gá leaganGaeilge a bheith ann i gcás na Rialachán a thagann ónngnáthnós imeachta reachtach, sé sin ón gComhairle agus ónbParlaimint ag feidhmiú as lámh a chéile. Ba é Rialtas nahÉireann a d’iarr sa chéad áit, sa bhliain 2004, ‘ar chúiseannapraiticiúla agus ar bhonn idirthréimhseach’ go mbeadh anmaolú ann. Ba é Rialtas na hÉireann (an Rialtas deireanach) ad’iarr sa bhliain 2010 go ndéanfaí an maolú a fhadú ar feadhthréimhse cúig bliana eile, de bhrí go raibh, ina thuairim,‘deacrachtaí ann fós maidir le leorlíon aistritheoirí, sain -eolaithe dlí/teanga, ateangairí agus cúntóirí Gaeilge a earcú’.Beidh feidhm ag an maolú reatha go dtí an 31 Nollaig 2016,ach braitheann cad a tharlóidh ina dhiaidh sin go príomha arna cinntí a dhéanfaidh Rialtas na hÉireann anois. Tá roghalom le déanamh aige, deireadh an mhaolaithe a lorg aguslíon ard postanna a chruthú d’Éireannaigh le Gaeilge archostas an AE, nó fadú eile maolaithe a iarraidh agusneamhaird a thabhairt ar na himpleachtaí diúltacha a bhain-feadh leis sin don tír, do chéimithe oilte, agus do chúrsaí oiliúna atá á maoiniú ag an Stát.

Roimh dheireadh na bliana 2015, tar éis athbhreithniú foirmiúil, déanfaidh Comhairle an AE cinneadh maidir leis anmaolú. Breis is bliain ó shin, thug an Chomhairle le fios donRialtas gur mhian léi a fháil amach roimh dheireadh nabliana 2013 an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas deireadh anmhaolaithe a iarraidh ag an athbhreithniú foirmiúil. Tá ant-eolas seo ag teastáil ag an bpointe seo chun go mbeadh institiúidí an AE in ann na nósanna imeachta earcaíochta riachtanacha a chur ar siúl sa tslí is go mbeadh comórtais dechuid na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) á seoladhfaoi 2015. Tar éis pleanála, tógann próiseas na gcomórtasseo breis is bliain ó thús go deireadh, agus má tá an maolú letógáil, is gá do na hinstitiúidí a bheith ullamh go hiomlánroimh Lá Caille 2017 ar a dhéanaí.

Cé gur gnó é seo a bhaineann go príomha le Roinn anTaoisigh, is eol dom go bhfuil an cheist á hiniúchadh ag anRoinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus go mbeidhtuairimí áirithe á gcur ag oifigigh na Roinne sin faoi bhráid anRialtais. Ní léir dom go bhfuil seasamh phobal na Gaeilge áchur san áireamh san iniúchadh sin, ná fiú tuairimí na n-eagras Gaeilge, agus ní gá go mbeadh pé moladh a thabharfadh oifigigh na Roinne don Rialtas ag teacht lemoltaí in aon tuarascálacha inmheánacha a réiteofaí ar angceist.

Dá bhrí sin, sílim gur cóir an t-ábhar seo a chur os comhairan phobail, agus é sin a dhéanamh go tráthúil sa tslí is nachmbeidh dallamullóg á chur ar éinne. Mura gcuireann an Rialtas in iúl do na hinstitiúidí Eorpacha anois go bhfuil sé

chun deireadh an mhaolaithe a lorg, déanfar an maolú a athnuachan arís sa bhliain 2015, toisc go mbeidh deacrachtaípraiticiúla earcaíochta ann. Má chuireann siad in iúl go bhfuilsé i bhfách le fadú eile a iarraidh, beidh an toradh céanna air.Sa dá chás dhéanfaí dochar suntasach d’iarrachtaí an Stáit riachtanais earcaíochta institiúidí an AE a shásamh gofadtéarmach. Níl aon seasamh glactha ag institiúidí an AE,foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, fabhrach nó neamhfhabhrach,maidir le fadú an mhaolaithe nó deireadh a chur leis. Tá siadag feitheamh le fógra faoi intinn an Rialtais.

D’infheistigh an Rialtas breis is €8 milliún chun cúrsaí a churar fáil a bhí dírithe ar riachtanais institiúidí an AE do chúntóirí, aistritheoirí, ateangairí, agus dlítheangeolaithe.Faoi dheireadh 2012, bhí 243 duine ann ar éirigh leo na cúrsaí seo a chríochnú go sásúil. Leanadh le cuid mhór de nacúrsaí seo sa bhliain 2013, agus maoiníodh cúrsaí nua atá arsiúl faoi láthair. I mo thuairim, d’éirigh agus tá ag éirí leis aninfheistíocht seo linn earcaíochta de ghairmithe cáilithe achur ar fáil atá dóthanach do thógáil an mhaolaithe agdeireadh 2016. Tá an méid seo á mhaíomh agam, cé go bhfuil eolas cruinn agam ar thorthaí an chomórtaisd’aistritheoirí a reáchtáladh le déanaí.

Tá éirithe thar barr le tionscadal GA IATE, maoinithe ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agusGaeltachta, agus faoi stiúir Fiontar (OCBÁC) i gcomhar le hinstitiúidí an AE. As an 12 theanga a tugadh isteach martheangacha oifigiúla de chuid an AE sna blianta 2004 agus2007, faoin mbliain 2012 bhí an Ghaeilge (le breis is 50,000téarma) sa dara háit i ndiaidh na Polainnise maidir le líon nadtéarmaí sa bhunachar IATE. Níl sé réasúnta a thuilleadh aáiteamh nach bhfuil soláthar dóthanach téarmaíochta inGaeilge ann chun freastal ar riachtanais iarmhaolaithe.

TTá mórchodanna den acquis communautaire ann náraistríodh go Gaeilge. Ní constaic é seo. I mo thuairim, tuairim a n-aontaíonn Seirbhís Dlí na Comhairle léi, níl

aon riachtanas dlíthiúil ann go ndéanfaí na codannaneamhaistrithe den acquis a aistriú go Gaeilge mar réamh-choinníoll do dheireadh a chur leis an maolú, ná mar réamh-choinníoll do bhunú seirbhís iomlán don Ghaeilge snahinstitiúidí Eorpacha ar an mbonn céanna leis na teangachaoifigiúla eile. D’fhéadfadh Rialtas na hÉireann, dá dtogródhsé, a thairiscint go n-aistreodh sé réimse caol de dhoiciméidthábhachtacha neamhaistrithe an acquis. Tá léirithe agstaidéar a rinne Fiontar, áfach, go bhfuil an mhórchuid dentéarmaíocht a cruthaíodh i dtíortha a tháinig in aontachasleis an AE sna blianta 2004 agus 2007, i gcomhairullmhúchán an acquis, bainte amach as bunachar IATE ó shinar bhonn a neamhiontaofachta.

Is féidir, le pleanáil agus le bearta réamhghníomhacha, aondeacrachtaí praiticiúla atá fós ann a shárú laistigh depharaiméadair reatha mhaoinithe. Cuimsíonn na trialachaiontrála do phostanna lánaimseartha an AE scileanna

Anois an t-amAnois an t-amchun deireadh mhaolú na Gaeilgechun deireadh mhaolú na Gaeilge

san AE a lorgsan AE a lorgPádraig B. Ó Laighin

Page 10: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201310

briathartha agus uimhriúla, réasúnaíocht theibí, agus eolasar an dara agus ar an tríú teanga. Is gá féachaint chuige gogcuirfí oiliúint fhoirmiúil ar fáil a fhreagraíonn do na trialacha seo, go háirithe iad sin atá bunaithe ar na heolaíochtaí sóisialta agus ar mhodhanna cainníochtúlaseachas ar chumas teanga. Ní gá go mbeadh ar chumas namúinteoirí aistriúcháin, dá fheabhas iad, an oiliúint shainiúilsin a chur ar fáil. Sa chomórtas deireanach d’aistritheoiríGaeilge a reáchtáladh, theip ar mhóramh na n-iarrthóirí(83.5%) sna trialacha iontrála, agus dá dheasca sindícháilíodh as an gcomórtas iad.

IIna measc siúd ar theip orthu bhí iarrthóirí a raibhcéimeanna MA san aistriúchán Gaeilge bainte amach acuar chúrsaí a bhí maoinithe ag an Rialtas. Bhí na rátaí teipe

sna trialacha iontrála seo i bhfad níos airde i measc iarrthóirísa chomórtas Gaeilge seachas mar a bhí sna comórtais donEastóinis agus don Laitvis a tionóladh ag an am céanna. Iscóir a aibhsiú nach scrúdaíonn na trialacha iontrála seocumas aistrithe. Is gá freisin aird ar leith a dhíriú ar scileannatríú teanga na ndaoine ar spéis leo a bheith ina n-iarrthóirí amheasúnú go réalaíoch, agus deiseanna a chur ar fáil, másgá, chun go bhféadfaí na scileanna seo a fhorbairt go dtícaighdeán dóthanach – teastaíonn sáreolas ar an tríú teanga.

Is cóir dom a rá, freisin, nach bhfuil sé riachtanach aonchúrsa iarchéime san aistriúchán a bheith déanta ag iarrthóircumasach: ach i gcás na Gaeilge, nuair a dhiúltaíonn nahOllscoileanna céimeanna in ábhair éagsúla a chur ar fáil trímheán na Gaeilge, baineann tábhacht leis na cúrsaí sanaistriúchán do chuid mhór daoine. I gcás na hateang -aireachta, bíonn cúrsa iarchéime san ateangaireacht chomhdhála, a gcuirtear a leithéid ar fáil in Acadamh nahOllscolaíochta, ina riachtanas incháilithe chun dul saniomaíocht do phost lánaimseartha.

Tá 157 n-aistritheoir creidiúnaithe don earnáil phoiblí arphainéal Fhoras na Gaeilge, agus beidh scrúdú eile igcomhair creidiúnaithe ar siúl i mí na Nollag 2013. Tá córascreidiúnaithe d’eagarthóirí bunaithe freisin ag an bhForas.Cé go gcreidim go mbeidh linn earcaíochta dóthanach annfaoin mbliain 2015, tá nósanna imeachta i bhfeidhm sna hinstitiúidí Eorpacha chun easnamh féideartha aistritheoiríd’aon cheann de na teangacha oifigiúla a láimhseáil. I gcásna Máltaise, mar shampla, cuireann an Coimisiún mórchuiddá shaothar aistriúcháin faoi bhráid conraitheoirí, de bhrínár éirigh leo líon dóthanach aistritheoirí a earcú trí chomórtais EPSO. Dá mbeadh easnamh i gcás na Gaeilge dedheasca laigí sa tríú teanga nó ar chúiseanna eile, bheadhrochtain ag na hinstitiúidí ar phainéal conraitheoiríaistriúcháin neamhspleácha Gaeilge ar cuireadh 8 n-iarrthóirnua leis ar bhonn comórtais sa bhliain 2011. Tugann an córasconartha seo, nach n-iarrann an tríú teanga mar choinníollincháilithe, deis do chonraitheoirí a scileanna sa tríú teangaa fhorbairt i gcomhair an chéad chomórtais eile. De bhreisair sin, is céim shuntasach é i dtaca le cur chun cinn comórtas a chuirfí ar siúl amach anseo go bhfuil oifigeach allamuigh Gaeilge curtha ag feidhmiú anois i mBaile ÁthaCliath ar son an Choimisiúin.

Is cóir a mheabhrú, i dtosach báire, in am seo an ghátair eacnamaíoch, go bhfuilimid ag trácht anseo ar chruthú timpeall 183 phost ardleibhéil d’Éireannaigh roimhdheireadh 2016, iad maoinithe go hiomlán ag an Aontas Eorpach, agus sa dara háit, go gcomhlíonfadh tógáil an

mhaolaithe toil Rialtas na hÉireann, arna sonrú i Rialachán(CE) 920/2005 ón gComhairle, ‘go dtabharfaí an stádascéanna don Ghaeilge is a thugtar do theangacha náisiúntaoifigiúla na mBallstát eile’. Is cóir a mheabhrú freisin gombíonn maoluithe sealadach, agus go bhféadfadh aon iarracht an ceann Gaeilge a fhadú thar dheich mbliana anleibhéal lamháltais do shealadacht a thugtar le tuiscint sadlí-eolaíocht a shárú.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh aon iarracht a dhéanfadh anStát fad a chur leis an maolú a thabhairt le fios nach raibh archumas an Stáit a thiomantais pholaitiúla a chomhlíonadh,nuair is é fírinne an scéil go bhfuil dul chun cinn suntasachagus leordhóthanach déanta. De bhreis air sin, is fiú a luanuair a d’iarr Málta go gcuirfí deireadh le maolú den chineálcéanna ar an gcéad deis a fuair siad, gan aon fhadú a mholadh, gur ar bhoinn pholaitiúla, eacnamaíocha, agusleasa náisiúnta a rinne sé é, seachas ar bhonn linnearcaíochta dóthanach a bheith ar fáil.

Cé gur ábhar é seo a bhaineann leis an Rialtas ina iomláine,is ar Roinn an Taoisigh go príomha a thiteann ualach an chinnidh, agus is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha a bheidh imbun a fheidhmithe. Is é Stádas na Gaeilge san AE an t-aonghné de phlean forfheidhmithe Straitéis 20 Bliain donGhaeilge 2010-2030 a bhfuil freagracht shonrach ar Roinn anTaoisigh ina leith. Sonraíonn Plean Forfheidhmithe naRoinne an ghníomhaíocht seo a leanas:

‘Leanfar leis an obair leis na hinstitiúidí ábhartha sanAE chun tacú go gníomhach le stádas na Gaeilge sanAE, lena n-áirítear an cheist a chur chun cinn maidir ledeireadh a chur leis an maolú, i gcomhairle leis an Rannán Gnóthaí AE i Roinn an Taoisigh.’

Glacaim leis go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agusGaeltachta, a bhfuil freagracht fhoriomlán uirthi as cur i bhfeidhm na Straitéise, tuairimí ábhartha faoi bhráid an Rialtais, bunaithe ar a sainleasanna agus ar a réimsí freagrachta féin.

CCreidim go bhfuil sé riachtanach go bhfógródh an Rialtas d’institiúidí an AE agus don phobal i gcoitinneanois go bhfuil sé ar intinn aige a iarraidh go gcuirfí

deireadh leis an maolú an 31 Nollaig 2016. Dá mbeadhgéarghá leis, d’fhéadfadh sé a mholadh go gcuirfí bliainamháin bhreise leis an maolú, ach ar an gcoinníoll go leagfaísíos go sonrach mar fhoráil nua sa rialachán go dtógfaí anmaolú ag deireadh na bliana sin. Bheadh torthaí trom-chúiseacha diúltacha ann don tionscnamh ar fad murandéanfaí amhlaidh. Chomh luath agus a scaipfeadh scéal goraibh sé i gceist ag an Rialtas fadú eile a lorg, thiocfadhlaghdú tobann ar líon na ndaoine a ghlacfadh na cúrsaí, agusbheadh tógáil an mhaolaithe níos doshroichte dá bharr:chruthódh sé fáinne fí den chineál céanna is atá tarlaithe igcás na hateangaireachta de dheasca dhiúltú na ParlaiminteEorpaí ateangairí Gaeilge a fhostú ar bhonn lánaimsearthago dtí go mbeadh cuóta iomlán ar fáil.

Tá an seasamh atá léirithe agam san alt seo curtha faoibhráid an Taoisigh agus faoi bhráid Choiste Gaeilge an Rialtais agam. Creidim go dtabharfaidh an Taoiseach aird armo litir. Tá súil agam go bhfeidhmeoidh sé dá réir. Tá an leasnáisiúnta agus an dul chun cinn suntasach atá bainte amachag an Stát san ullmhúchán d’úsáid iomlán institiúideach naGaeilge le cosaint agus le cothabháil.◊◊

Page 11: Feasta | Nollaig 2013
Page 12: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201312

TTá frithdhúnadh Bhaile Átha Cliathdá chomóradh le bliain anuas:ócáidí eagraithe, cainteanna

tugtha, eachtraí athchruthaithe, leachtanna nochtaithe, leabhra foilsithe. Is maith an aird atá tarraingthear chuid chinniúnach dár stair, agus isléir gur chuir a lán daoine spéis ann, anscéal curtha i gcuimhne dóibh nó cloisteacu den chéad uair.

Ar chualadar i nGaeilge é, áfach? Bhíclár amháin ar TG4, ach is beag thairissin a craoladh ar na meáin Ghaeilge. Nítaise do na hirisí é, is cosúil (agus rinneadh frithdhúnadh ar an nuachtánGaeilge i dtús na bliana). Níor chuir1913 isteach ar na léachtanna, nascoileanna, na féilte is eile a tionóladh inGaeilge. Níor rith sé leis an Oireachtasaiste nó scéal faoin bhfrithdhúnadh achur ar liosta a gcomórtas, ná urraíochtceardchumainn ar a leithéid a lorg.

Tuige an ciúnas seo, an neamhshuim ineachtra chomh tábhachtach le frith -dhúnadh Bhaile Átha Cliath? Ní hé nachbhfuil spéis ag lucht na Gaeilge sanábhar. An beagán iarrachtaíneamhoifigiúla atá déanta 1913 achomóradh i nGaeilge, níor éirigh ródhona leo. Is é saol institiúideach naGaeilge a lig thar a shúil é.

Ní hé an sórt ruda atá uathu, an cineálíomhá is áil leo a chothú. Tá an Ghaeilgespraíúil, ag breathnú chun tosaigh, ’dtuigeann tú, agus ní mian leo bacadhle scéal faoi dhaoine bochta, gan tráchtar dhaoine bochta a sheas an fód inaghaidh a gcuid bochtanais. Fiú tar éiscéad bliain, ní thuigeann sách seang. Táa leithéid sin chomh seanfhaiseanta…

Is olc an chéalmhaine é do na bliantabeaga atá romhainn. Beidh cuid mhaithden phobal ag cur suime i nithe eile atharla céad bliain ó shin: éirí amach naCásca, cogadh na saoirse, an cogadhcathartha agus eile. An mbeidh anGhaeilge ina tost sna díospóireachtaíseo? Ar faoi na cadhain aonair a fhágfararíst é an teanga seo againne a tharraingt isteach iontu?

Ní hé seasamh na teangan san am iláthair amháin atá i gceist, ach a tábhacht sna himeachtaí stairiúla sinféin freisin. Ní i mBéarla amháin a

tharla corraíl na mblianta sin, ach inGaeilge freisin. Mara gcuirtear sin sanáireamh mar chuid dhílis den scéal, níbhfaighfear pictiúr iomlán. Ní leaganGaeilge de thaighde an Bhéarla atá agteastáil, ach buntaighde a scrúdaíonnagus a mheánn na foinsí Gaeilge igceart.

Glacfaidh go leor daoine leis an méidsin nuair a smaoiníonn siad air, ach is gáa chur ar a súile dóibh. Má chuirtear,aontóidh a lán nach féidir an Piarsach athuiscint i gceart d’uireasa an méid ascríobh is a dúirt sé i nGaeilge, cuir igcás, nó nach féidir an chéad Dáil athuiscint agus tú ag diúltú don teanga alabhradh inti an chéad lá. Scríobhfarleabhra orthu fós a thabharfasneamhaird ar an bprionsabal seo, arndóigh, ach is deacair cur ina aghaidhmar phrionsabal.

AAch frithdhúnadh Bhaile ÁthaCliath, scéal 1913: níor bhain anGhaeilge leis sin, ar bhain?

Bhain, muis, agus aríst is cuid riacht -anach den taighde úr is gá lenathuiscint ina iomláine na foinsí Gaeilgea phlé.

Bhí caidreamh i gcónaí idir gluaiseachtna Gaeilge agus gluaiseacht na n-oibrithe. D’fhás an dá ghluaiseachttaobh le taobh, iad araon ag iarraidhfreagraí a thabhairt ar na ceisteanna abhí dá ndúiseacht i ré sin anchlaochlaithe in Éirinn. Níor dhea-chaidreamh i gcónaí é — go deimhin, badhroch-chaidreamh é scaití — ach bhían teagmháil ann.

Bhí báidh Shéamais Uí Lorcáin leis annGaeilge ariamh. Chuir sé a chlannchuig Scoil Éanna an Phiarsaigh, aguslabhair sé ag mórshiúl de chuid anChonartha i 1911. Níorbh annamh corr-nath Gaeilge trína chuid cainteanna isscríbhinní. B’amhlaidh do Shéamas ÓConghaile, agus nuair a cuireadh eiseani bpríosún i dtús an fhrithdhúnta, chuirsé fios ar ghraiméar le go bhféadfadh sésnas a chur ar a chuid Gaeilge.

Tá aithne sách maith ar Mhícheál ÓMaoláin as Árainn, duine de cheannairían Chonartha sna 1930idí, a bhunaighCoiste na bPáistí. Níl an aithne chéannaair mar cheardchumannaí, áfach. Bhí sé

Lámh DhearG abú?Lámh DhearG abú?Aindrias Ó Cathasaigh

Ní leagan Gaeilge de thaighde an Bhéarla atá ag teastáil, ach buntaighdea scrúdaíonn agus a mheánn na foinsí Gaeilge i gceart.

ar na daoine ba shinsearaí ar fhoireannan ITGWU sa tréimhse sin, agus gearr -adh trí mhí i Muinseó air i 1913 as achuid oibre mar thimire. Scríobh sésraith altanna ar an bhfrithdhúnadhagus a chúlra, ceann de na cuntais isiomláine atá againn ó lámh duine a bhípáirteach sna himeachtaí é féin.

Bhí tuairiscí is tuairimí ar an aighneas,agus fiú grianghrafanna, le fáil ar AnClaidheamh Soluis, nuachtán Gaeilge nalinne. Bhí cuid de na haltanna báidhiúilleis na hoibrithe, cuid eile ag fáil lochtaar an Lorcánach, agus bhí léitheoirí acháin an lochtú seo. Bhí roinnt craobh -acha den Chonradh i mBaile Átha Cliath,is cosúil, nár chuir fáilte rompu siúd nárthacaigh leis na stailceoirí.

Sheas Liam P Ó Riain ceart do na hoibrithe ar An Claidheamh, agus ar anDaily Herald, páipéar eite chlé naBreataine, a chuir póstaer Gaeilgeamach i 1913. Bhí Conraitheoirí eile iLondain a ghlac páirt na n-oibrithe agusa bhailigh airgead dóibh siúd a bhí thíosleis an bhfrithdhúnadh. Is dual gurb é amhalairt ghlan de léamh ar an scéal achuir colúnaí Gaeilge an Irish Independ-ent os comhair a chuid léitheoirí.

Ní hamháin gur cuid spéise ar leith dochainteoirí Gaeilge an méid a bhí ár leithéid ag rá is ag déanamh faoin aighneas, ach tugann an ghné dhearmadta seo den scéal léargas breisear an bhfrithdhúnadh féin. Léiríonn síchomh forleitheadach is a bhí an cathseo, an chaoi ar thug sé ar dhaoineaghaidh a thabhairt ar fhírinní searbhaan tsaoil agus a ghabháil le taobh.

Seans gurb é sin is bun leis an gcol atáag Gaeil oifigiúla leis. Tá fírinní searbhago leor ag baint le saol ár linne féin,agus ár bhformhór ag streachailt debharr iarsmaí thóir an bhrabaigh. Baphurgadóir do na boicht é Baile ÁthaCliath i 1913, ach throid siad lena athrúagus faoi dheireadh d’éirigh leo feabhasa chur air. Ní féidir é sin a phlé gancuimilt le ceisteanna den chineálcéanna in 2013, agus ainneoin cúigbliana den tubaist reatha, is ar éigeanmá chuaigh an Ghaeilge i ngleic leo sin igceart fós.

Tá An Diabhal in Uachtar in

Áth Cliath: Frithdhúnadh

1913 trí shúile na nGael leAindrias Ó Cathasaigh, agus1913 le Mícheál Ó Maoláin,foilsithe ag Coiscéim (€10agus €5 faoi seach).

Page 13: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta,13

Ó bharr, Ó bharr, Mícheál Ó Confhaola ó Chasla igConamara a chroch Corn Uí Riada leis agOireachtas 2013 i gCill Airne; Caitríona NíCheannabháin ó Charna a tháinig sa dara háit agusMáire Ní Choilm ó Ghaoth Dobhair sa tríú háit. • Proin-sias Ó hIarnáin ó Róisín na Mainiach, Carna, a bhuaighan comórtas ‘Steip’ (Rug a dheartháir Breandán an buaanuraidh). Tháinig Mícheál Seoighe ó Leitir Móir sa daraháit sa chatagóir sinsearach. • Gearóid Ó Droighneáina bhuaigh Steip Faoi 12, an tríú bliain as a chéile a bhfuilan comórtas sin buaite aige. • Eoghan Ó Curraighín abhuaigh an comórtas Dreas Cainte agus Scéalaíochta,an 6ú uair a bhfuil an comórtas scéalaíochta buaite aige,níos mó ná aon duine riamh.◊

Cúirt Uí Dhálaigh 2013Cúirt Uí Dhálaigh 2013Buaiteoirí Bréagchúirt Uí Dhálaigh GaelLinn 2013 ón gColáiste Ollscoile, BaileÁtha Cliath (sa lár ó chlé): Simon MacGiolla Easpaig, Aoibhinn Nic Cionnaithagus Peadar Ó Lamhna, in éineacht le(ó chlé) Séamus Ó Tuathail, A.S., AntOnórach Mary Laffoy, Breitheamh denChúirt Uachtarach, Príomhfheidhm -eannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáinagus An tOnórach Colm Mac Eochaidh,Breitheamh den Ardchúirt.

Bhí craobh-bhabhta Bhréagchúirt UíDhálaigh Gael Linn 2013 ar siúl sna Ceithre Cúirteanna ar an 8 Samhain.Ghnóthaigh foireann ón gColáisteOllscoile, Baile Átha Cliath, an chéadáit. Is in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann,Cearbhall Ó Dálaigh, atá an comórtas áeagrú le sé bliana déag anuas. Deis isea é do mhic léinn dlí a bhfuilmáistreacht acu ar an nGaeilge barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta os comhair breithiúnacúirte.

Reáchtáladh réamhbhabhtaí ar ard-chaighdeán in Óstaí an Rí maidin DéhAoine ina raibh foirne páirteach óCholáiste na hOllscoile, Corcaigh, AnColáiste Ollscoile, BÁC, Ollscoil nahÉireann, Gaillimh, agus don chéaduair, foireann ó Ollscoil Chathair BhaileÁtha Cliath. Achomharc in aghaidh breithe cúirte a bhí i gceist, agus bhí argach foireann, ar a raibh suas leceathrar ball, dhá thaobh an cháis aréiteach agus a phléadáil.

Aighneachtaí béil a mhair tuairim isfiche cúig nóiméad a bhí ceadaithe,mar aon le frisnéis de thrí nóiméad.Abhcóidí nua-cháilithe, cuid acu a bhímar iomaitheoirí sa chomórtas cheana,a bhí ag moltóireacht ag na réamh -bhabhtaí, agus thugadar comhairle dona foirne uilig chomh maith. Tar éisneart cur agus cúitimh eatarthu, rogh-naíodh foirne ón gColáiste Ollscoile,Baile Átha Cliath agus ó Choláiste nahOllscoile, Corcaigh, don chraobh.

Buaiteoirí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Buaiteoirí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh

Bhí an chraobh-bhabhta ar siúl sna Ceithre Cúirteanna an tráthnónacéanna. Breitheamh den ChúirtUachtarach, An tOnórach Mary Laffoy,Ardchúirt, mar aon le breitheamh denArdchúirt, Colm Mac Eochaidh, a bhímar mholtóirí, le tacaíocht ó ShéamusÓ Tuathail, A.S. Tugadh ábhar,struchtúr, cumas argóna agus úsáidgutha san áireamh. Mhol na breithiúnasárchaighdeán an dá fhoireann, achthugadar an bua ar deireadh d’fhoir -eann An Coláiste Ollscoile, Baile ÁthaCliath, a ghlac taobh an achomharc óra.

Bronnadh buantrófaí Gael Linn agusduais €600 ar Aoibhinn Nic Cionnaith,Simon Mac Giolla Easpaig agus PeadarÓ Lamhna. Bhí ríméad ar leith ar Simonagus ar Pheadar an phríomhdhuais athabhairt leo i mbliana, tar éis dóibh abheith sa dara háit i gcraobh 2012!Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Sadhbh Ní Chéilleachair agusÓrla Ní Fhiannachta, a throid an cásdon freagróir, a tháinig sa dara háit imbliana, agus fuaireadar duais €300.

Arsa Antoine Ó Coileáin, Gael Linn: ‘Cúissásaimh do Gael Linn an tóir leanúnachatá ag mic léinn dlí ar Bhréagchúirt UíDhálaigh. Toisc stádas dlíthiúil naGaeilge in Éirinn agus san AE, tá níos módeiseanna fostaíochta anois ann igcomhair dlíodóirí a bhfuil máistreachtacu ar an nGaeilge. Is léiriú é ar stádasna Gaeilge sna cúirteanna go bhfuil brei-thiúna sinsearacha mar mholtóirí ar anmBréagchúirt arís i mbliana’. ◊

BUAITEOIRíBUAITEOIRíOIREACHTAISOIREACHTAIS

Mícheál Ó Confhaola

ProinsiasÓ

hIarnáin

GearóidÓ

Droighneáin

EoghanÓ

Curraighín

Page 14: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201314

CCé go bhfuil taoide an chreidimh oigifiúil ag trá gomear in Éirinn le breis agus scór bliain anuas, níl aonamhras fós ná gurb é íosa mac Sheosaimh an té is mó

a chuaigh i bhfeidhm ar an tír inár dtréimhse stairiúil riamhanonn. Ar an gcéad ásc, ba dhóigh leat gurb ait an rud é seo,mac siúinéara gan oiread sin le cur ar a shon i gcúinne dechuid Impireacht lofa na Róimhe, is nach raibh de thalannsaolta aige ach caint agus scéalta.

Tharla rud éigin i gcúrsa na staire a d’iompaigh an scéalaímilis seo, agus an nathadóir briathra, óna bheith ina fhánaísiúil ar chúlbhóithre na cúlráide san iargúltacht go réabhlóidtuisceana agus iompair agus béascna a chur ar bun ar fud nacoda is mó den domhan ar son leasa agus aimhleasa igcaitheamh dhá mhíle bliain.

Is é atá sa leabhar seo Bhreandáin Uí Dhoibhlin ná iarrachtdul i ngleic go macánta agus go scoláiriúil leis an duine féin,

leis an eolas stairiúil atáagainn ina thaobh, agus lecuid den oidhreacht a d’fhágsé ina dhiaidh atá againn.Sagart dílis agus moinsíneoirléannta agus scoláirecruthanta é Breandán ÓDoibhlin, agus dá réir sin, níbheimis ag súil go rachadhsé rómhór ar seachrán óntslí. Ina choinne sin thall, nífoláir nó go ndúisíonn anléann agus an scoláireachtceisteanna móra iomaí gabhlánacha in intinn anmhachnóra choinsiasaigh indoimhneacht ancheartchreidimh istigh.

Ba bheag a bhí ar eolas margheall ar an ‘íosa stairiúil’ godtí tuairim is 200 bliain óshin. Bhí claonadh ann

glacadh le focail na soiscéalta go litriúil mar earra a bhí dílisgo hiomlán don stair, claonadh a chuir an reifirméisean arbun go deimhin, agus claonadh a dhein alt creidimh dedhílseacht don fhocal scríofa i mórán de na heaglaisí protastúnacha. Ba mhó an géilleadh a bhí riamh ag angCaitliceachas don tsiombail, don bhéaloideas, don ealaín,go deimhin do na piseoga féin, rud a d’fhág níos gaire domheon an duine é ina lánsamhlaíocht, ina ngabháil ar instinní fairsinge an duine.

Fós féin, tá bunaithe go daingean san stair, ar leibhéal éigin.Muna raibh íosa stairiúil ann, tá chomh maith againn géilleadh do Lugh nó do Umbó nó do Ghúglaí Gog nó do

Shanta féin. Mar is dual do scoláire ardchumais, déanann an Doibhlineach scagadh caolchúiseach cuimsitheach arthóraíocht íosa na staire. Ach an oiread le halt ar bith saleabhar seo, ní bhraithimid go bhfuil a chuid bó féin á gcurthar abhainn aige, nó go bhfuil pléideáil á déanamh aige arson a chuid tuisceana féin. Is caol í an fhianaise, ach is áititheach.

Dhá chuid is ea atá sa leabhar sainiúil seo: an chéad chuid adhéanann scagadh ar na foinsí staire sin atá ann, agus nachbhfuil ann, agus éachtaint ina dhiaidh sin ar bhrí an tsoiscéilagus ar a bunteachtaireacht dúinn; is tráchtaireacht arbheatha íosa féin atá sa dara cuid agus is geall le húrscéal éin áiteanna gona mionsonraí ar áiteanna is ar chleachtaí nalinne – ‘Ach bheadh ainmhithe á ndíol fá choinne nan-íobairtí, colúir do dhaoine ar bheagán acmhainne, uain arndóigh, ach mairt agus reithí freisin, iad loctha i measc easair chosáin agus tuar bó, margadh eallaigh ábhalmhór agtruailliú an chompail bheannaithe. San áit ar dhual urnaíagus marana agus ciúnas, ní raibh le cloisint ach méileachuan, búirfeach mart, glóraíl lucht díolta agus ceannaithe’.

Níor ghá aon ghiob den mhion-chur síos sin ar feadh dhámhíle bliain. Is gá anois. Is cuma nó scannán go leor dedhreachadh an Doibhlinigh, agus is é an scannán pictiúrsamhlaíochta an lae inniu. Ach slogtar isteach i lár na páisetú, agus mínítear fan na slí cérbh iad na Sadúcaigh, na Filistínigh, na hEiséanaigh (na Sádaistigh, na Pilibínigh, nahÁiféisigh) nach féidir na soiscéalta a thuiscint á gceal.

AAr an gcuma chéanna tugtar tír eolas agus polaitíochtan talaimh naofa dúinn go soiléir, agus mínítear angaol idir traidisiún agus áit agus mionsonraí sóisialta

a mbeimis dall orthu dá mbeimis i dtaobh le trácht na soiscéalaithe amháin. Is é an bua is mó atá ag na soiscéaltacéanna sin, gan amhras, ná gur béaloideas iad, ach tá Breandán Ó Doibhlin róbhéasach leis an méid sin a chur siarorainn. Admhaíonn go bhfuil sé taobh leis an soiscéal de réirEoin ar son fhormhór a thráchtaireachta, agus is léir geanfaoi leith aige air; is fearr le cuid eile againn Marcas, mar isgarbhaí é, agus níl aon phioc den mhisteachas Gréagach sinag baint leis a dhein siar aniar ar aigne na hEorpa. Ach issaibhir doshéanta iad na sonraí. Tá cur síos iontach ar anmbéile deiridh de réir fhíorais na staire, fíorais nach bhfuilaon chuimilt acu, de dhealramh, leis na pictiúir mhóraealaíonta a tháinig chugainn le tubaist an Renaissance.

Don té a bhfuil spéis aige ann, léirítear thar amhras gurcéasadh íosa de réir dhlí na Rómhánach, agus gurbh é ancéasadh ar chrois an pianós a coimeádadh do lucht ceannairce agus lucht comhcheilge in aghaidh an stáit. Isbeag rud in eachtra Iarthar domhain is mistéirí ná anfrithsheimíteachas, agus b’ait riamh liom gur leagadh anmilleán ar na Giúdaigh nuair gurbh iad na Rómhánaigh a

MAC NA hEABHRAÍMAC NA hEABHRAÍle Breandán Ó Doibhlinle Breandán Ó Doibhlin

Coiscéim. 225 lch. €8

Alan Titley Breandán Ó Doibhlin

Page 15: Feasta | Nollaig 2013

Feasta, Nollaig 201315

dhein an mhísc. Thar aon áit eile, tá íogaireacht mhoiglí timpeall ar Pháis íosa ina nochtar ‘iomlán a leochaileachtmar dhuine daonna’, rud atá le tuiscint, ach nach gcuirtearos ard sa chuntas lom.

AAr shlí amháin, b’fhearr dar liom, an dara cuid denleabhar faoi leith seo a léamh i dtosach. Tar éis antsaoil, is túisce scéal ná míniú, bíodh ina choinne sin

gur túisce cúlra ná scéal. Cúlra agus iarmhíniú in éineacht atása chéad leath den leabhar ina dtumtar sinn i bhfianaise naCríostaíochta agus san bhrí a baineadh aisti nuair a ghabh síréim. Tá an léiriú stairiúil agus intleachtúil ríofa isteach goconláisteach leis an dteagasc morálta agus spioradálta sachuid seo. Is cruinn agus is éifeachtach mar a dhéantar pobalna linne a chur os ard, agus ar geall le Gaeltacht an lae inniué maidir le teanga agus le béascna de. Aramais an teanga abhí ag íosa, bíodh gurb í an Eabhrais teanga uasal an chreidimh, Gréigis teanga lofa na tráchtála, agus Laidinteanga bharbartha na hImpireachta. Ní fios go cruinn cént-eolas a bhí ag mac na hEabhraí ar aon cheann díobh. Isdóigh le Breandán Ó Doibhlin go raibh eolas éigin aige ar anEabhrais agus ar an nGréigis, cé go bhfuil údair eile ann ashéanfadh sin. Ar éigean go raibh aon scil sa Laidin aige, ruda d’fhág go raibh a intinn shaolta saor ó chuid den litríochtba stóinsithe a ceapadh riamh as clocha.

Má tá an Chríostaíocht préamhaithe sa stair, tá ár gcuid eolais uirthi ceangailte léi chomh daingean céanna. Ceapadhar feadh i bhfad gurbh iad na soiscéil an focal deireanach,ach léiríonn Breandán gur thug Vie de Jésus Renan léargaseile dúinn. Mo thuairim féin, sa chás is nár thuig ErnestRenan litríochtaí na gCeilteach gurbh ar éigean go mbeadhrud ar bith fódúil le rá aige faoi chultúr eile a bhí ar imeall natuisceana leimhe. Leabhar níos scanrúla ba ea ceann David

Friedrich Strauss a léigh mé féin in aistriúchán a dheinGeorge Eliot ón mbliain 1846. B’í seo scoláireacht na Gearmáine in airde láin; b’í seo an scoláireacht a bhainfeadhan mhóráil díot ar fad. Ba neamhdhathannaí é The Quest ofthe Historical Jesus le hAlbert Schweitzer, fear a raibh ceithrecinn de dhochtúireachtaí aige, a dhein maitheas ollmhór arson na ndaor san Afraic, ach a cheap fós gurbh ísle iad ardhréimire na beatha ná na hEorpaigh dheasa a dhein sclábhaithe díobh. Bhí sé de chéill ag Breandán Ó Doibhlingan dul san abar seo, mar a dhéanfainnse le tua, ach a léiriúgo doshéanta dhúinn gur mhó ár n-eolas ar íosa ná arShocraitéas (agus scata eile siar síos amach).

IIs iad na ceisteanna creidimh na ceisteanna is mó a fhágtar ag sonadh os ár gcionn. Deirim i gcónaí gur Pápaire mé féin, pé brí is mian le daoine a bhaint as sin.

Ach tá fadhb agam leis an slánú. Mura raibh aon titim ann,conas go dtiocfadh ann do shlánú ar bith? Agus mura gcreideann tú i bpeaca na sinsear, ach i ngrásta na sinsear, cábhfágann sin tú agus tú ag siúl na slí idir Cafarnám agus AnDamaisc? Má chreidim san aiséirí, arbh ionann a bheathashaolta tar éis teacht amach as an dtuama agus an bheathaa bhí aige roimhe sin? Cár chodail sé? Cad a dhein sé igcaitheamh an lae? Cad a d’ith sé? Cén fáth go bhfuil cumaan taibhse air tar éis an aiséirí, agus an mise Tomás? Cad abhí á rá aige sna bearnaí sin idir eachtraí na soiscéalta? An ían choimhlint idir an aigne litriúil agus aigne na samh-laíochta an choimhlint dáiríre?

Ina choinne sin, más é íosa a chum an parabal mar fhoirmlitríochta, agus má thuig sé do dhaoine arbh éin chuideáiniad, agus má shiúil sé an tslí ag bladar le haoibhneas faoinithe nach bhfuil aon tuiscint againn orthu, is é Mac nahEabhraí é gan aon agó. ◊

Thuas, Scríbhneoirí Gaeilge,Thuas, Scríbhneoirí Gaeilge, a bhí i mbun na ceirde ag an gceardlannin Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an 9 Samhain, ó chlé: BrianÓ Dochartaí, Liam Mac Peaircín, Máirín Uí Chonghaile, Liam Ó Bharáin,Cliodna Cussen, Mícheál Ó Ruairc, Colette Nic Aodha, Pádraig Ó Snodaigh,Brian Ó Baoill agus Bréanainn Mac Fhearghusa. Eagraítear na tionóil rialtaseo in áiteanna eagsúla le fiche bliain anuas: tharla an chéad tionól acua bheith ar siúl i dTrá Lí le linn na féile ealaíon, Samhlaíocht Chiarraí (nachmaireann, faraor) i 1992. Tugadh faoi rithimí binne na Mumhan a leathnúsoir agus ó thuaidh ó shin! Tá teacht le chéile beartaithe do Thrá Lí, LuanCásca 2014, le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge. Mar a fhógraítear i gcónaí:is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal deghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí:[email protected], i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithena ceardlainne agus iad a bheith léite roimhré ag gach duine. ◊

Stair Ghael-Linn: 60 bliain na heagraíochtaStair Ghael-Linn: 60 bliain na heagraíochtaChun clabhsúr a chur le himeachtaí comórtha seascabliain ó bunaíodh Gael-Linn seoladh an leabhar ScéalGhael-Linn (CIC) le Mairéad Ní Chinnéide ar an 21Samhain i Seomra John Field sa Cheol áras Náisiúntaagus an t-amhránaí iomráiteach Seán Ó Sé i láthairagus á thionlacan ag Peadar Ó Riada. Ant-oideachasóir (UCD) agus údar, an Dr Fionnbarra ÓBrolcháin a sheol. Déantar cur síos cuimsitheach areagraíocht Ghaeilge anseo a raibh ceannródaíocht,nuálaíocht agus fiontraíocht ar leith ag baint léi ón láa bunaíodh í. Cuimsíonn an saothar an chaoi ar leath-naigh gníomhaíochtaí na heagraíochta go raibh sípáirteach i dtionsclaíocht, siamsa, oideachas, foil-sitheoireacht, scannánaíocht agus go leor eile. • Ó chlé, an Dr. Ó Brolcháin, Mairéad Ní Chinnéide,údar, agus Antoine Ó Coileáin, GaeL Linn. ◊

Page 16: Feasta | Nollaig 2013

Ó chlé: Seán Mac Cionnaith, Príomh oideBhunscoil Cholmcille; Máire Ní Fhríl; anMéara Martin Reilly; Oisín Ó Mianáin,Kay McIvor, Oifigeach Comh ionannaisagus Pól Ó Frighill, Oifigeach Gaeilge leComhairle Cathrach Dhoire.

TTá pacáiste acmhainní nua inGaeilge dar teideal ‘Fáilte isteach i mo shaol’ seolta ag an

gComhairle Cathrach chun tacú leGaelscoileanna sa cheantar feasacht aréagsúlacht chultúrtha a mhúscailt imeasc páistí. Tá an áis dírithe ar pháistíin Eochairchéim 1 agus 2, agus tá sé dechuspóir aige tacú le múinteoirí inearnáil an Ghael oideachais an t-ábharseo a mhúineadh. Cuireann an pacáisteacmhainní le réimsí foghlama: ‘AnDomhan Thart Orainn’ agus ‘ForbairtPhearsanta agus Comhthuiscint’. Tátreoirleabhar do mhúinteoirí san

áireamh, mar aon le scéalta faoi pháistíó chúlraí eitneacha éagsúla; foghlaim -íonn na páistí faoi chreideamh,theanga, bhia agus shaol laethúil nagcarachtar le cúnamh scéaltaí, cluichíagus idirghníomhaíocht.

Tá seacht mbábóg gleoite ar fáil ariasacht ón chomhairle a léiríonn nacarachtair ar fad, chomh maith. Is féidirleis an mhúinteoir feidhm a bhaint asna bábóga le scéalaíocht a dhéanamhsa seomra ranga agus le spreagadh athabhairt do na daltaí labhairt faoithéamaí ar nós mothúcháin agus lecuidiú leis na páistí saol na gcarachtar ashamhlú. Éinne gur suim leis pacáiste aordú nó na bábógaí a fháil ar iasacht bí idteagmháil leis an Oifigeach Comh -ionannnais ar T: 028 71 365151, folíne6705 nó seol ríomhphost [email protected].

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201316

Gradam Leabhar na BlianaGradam Leabhar na Blianabuaite ag buaite ag Leabhar Mór na nAmhránLeabhar Mór na nAmhránBhronn an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn GradamLeabhar na Bliana ar Chló Iar-Chonnacht ar an 13Samhain ag ócáid sa Ghailearaí Grianghrafadóireachta imBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Bhí Leabhar Mórna nAmhrán i measc cúig leabhar eile a bhí ar an ngearr -liosta don ghradam atá urraithe ag Foras na Gaeilge agusá riaradh ag Oireachtas na Gaeilge. Leabhar é seo a bhíidir lámha ag na heagarthóirí Micheál Ó Conghaile,Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin le fada.Arsa Lochlainn Ó Tuairisg, Eagarthóir Chló Iar- Chonnacht: Tá ríméad orainn an gradam seo abhuachan. Aitheantas don obair é agus is an-údar misnigh é a leithéid seo de Ghradam.

Saothar is ea Leabhar Mór na nAmhrán don scoláire, donamhránaí agus do dhuine ar bith ar mhaith leis teacht arthuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge.Ceithre chéad amhrán traidisiúnta ar an sean-nós atá ann. Ócheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha ag dul legach ceann díobh: cé dar díobh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad inniu. Tá amhráinsa leabhar a bhfuil eolas forleathan orthu agus amhráin nachbhfuil an cur amach céanna in aon chor orthu, amhráin bheagaagus mhóra, fada agus gearr, mall agus tapaidh.

Na heagarthóirí: • Micheál Ó Conghaile: scríbhneoir agusbunaitheoir Chló Iar-Chonnacht in 1985, ball d’Aos Dána, ea-garthóir na gcnuasach amhrán Croch Suas É! (1986) agus UpSeanamhach (1990). • Lochlainn Ó Tuairisg: As Cois Fharraige.Eagarthóir le Cló Iar-Chonnacht ó 2005. Comhúdar ar Tobar anDúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne (2007).• Peadar Ó Ceannabháin: amhránaí sean-nóis as Aill na Brónin Iorras Aithneach. Ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Léachtóirollscoile agus eagarthóir Éamon a Búrc: Scéalta (1983). Dlúthd-hiosca, Mo Chuid den tSaol (CICD131) eisithe aige.

——◊————◊——

Ó chlé: Micheál Ó Conghaile,Cló Iar-Chonnacht, leis anUachtarán, Mícheál D. ÓhUiginn, agus Colmán ÓRaghallaigh, Cló Mhaigh Eo, imBarra an Teampaill.

Maisitheoir Leabhar as DoireMaisitheoir Leabhar as DoireTá John McCloskey ón gCreagán ag obairmar mhaisitheoir leabhar le breis agusfiche bliain. Bhí leabhar dár mhaisigh sé,An Béal Bocht, ar ghearrliosta na leabhardo dhaoine fásta (Gradam Uí Shúilleabh -áin). Oibríonn sé ag The Nerve Centre inDoire agus bhí lúcháir air gur gearr -liostáladh an t-úrscéal grafach a d’fhoil-sigh Cló Mhaigh Eo. Ar seisean: Bhain méan-sult go deo as bheith ag obair ar an

leabhar seo; thug sé sásamh dom marleabhar clóite. Nuair a léigh mé an bun-úrscéal thuig mé gur mhaith liom anmaisiúchán a choinneáil saor agus garbh.D’oibrigh mé díreach ó mo shamhlaíochtin áit tarraingt ón fhíorshaol. • Bronnadh Gradam Réics Carló (leabhairdo dhaoine óga) ar Gráinne Mhaol,scríofa ag Gisela Pizzatto, maisithe agBruno Bull, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo.

Page 17: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201317

arbh Fhiú an braOn aLLais?arbh Fhiú an braOn aLLais?Donncha Ó hÉallaitheDonncha Ó hÉallaithe

Tá an t-alt seo bunaithe ar léacht a thug an t-údar i nDún Chaoin ag Comóradh an Bhlascaoidar an 28 Meán Fómhair 2013 faoin teideal ‘Arbh Fhiú an Braon Allais?’

San alt ceistítear dáiríreacht an státchórais maidir leis an‘Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge’agus ceistítear chomh maith an cur chuige atá le húsáid sa Phróiseas Pleanála Teanga.

TTá drogall orm aon mhuinín a chur i gceachtar den dáthionscnamh, atá mar bhunús le cur chuige anstátchórais maidir leis an nGaeilge. Táimse amhrasach

faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge: ní hamháin faoidháiríreacht an státchórais maidir lena fheidhmiú, achbheadh ceisteanna agam chomh maith faoi chomh réadúil isatá na spriocanna ar a bhfuil sé bunaithe. Anuas air sin, níchreidim go n-oibreoidh an próiseas pleanála teanga saGhaeltacht, mar atá leagtha amach in Acht na Gaeltachta2012.

Tá sé ceithre bliana déag ó d’iarr Pléaráca11, ar Aire naGaeltachta Éamonn Ó Cuív, coimisiún de shaineolaithe abhunú féachaint cén chaoi ar cheart tabhairt faoi na pobailGhaeltachta, a raibh an Ghaeilge fós in uachtar iontu, ashlánú ón gcreimeadh teanga a bhí ag tarlú iontu. Dhiúltaighsé i dtosach, ach tar éis dó athmhacnamh a dhéanamh ar anscéal bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta faoi chathaoirleachtPheadair Mhic an Iomaire sa bhliain 2000, agus dhá bhliainina dhiaidh sin foilsíodh tuarascáil ghonta le moltaí praiticiúla, faoi athshocrú teorainneacha na Gaeltachta imeasc rudaí eile.

In áit gníomhú ar na moltaí a tháinig ón gCoimisiún sa bhliain 2002, bunaíodh coiste comhairlitheach i dtosachagus ansin cuireadh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) ar bun sa bhliain2004. Sa tuarascáil, a d’eascair as an staidéar sin, dúradh goneamhbhalbh nach raibh mórán ama fágtha ag an nGaeilgemar phríomhtheanga chumarsáide i measc an phobail snaceantair is láidre Gaeltachta: is iad san Iarthar Dhuibhneach,Conamara Theas / Árann agus Iarthuaisceart Dhún na nGall,na ceantair a bhí rangaithe ag an Staidéar i gCatagóir A, deréir critéir teangeolaíocha intomhaiste.22

Na Catagóirí GaeltachtaNa Catagóirí Gaeltachta

Rinne na saineolaithe critéir theangeolaíochta a mholadh, afhéadfaí a úsáid inter alia le catagóiriú a dhéanamh archeantair Ghaeltachta. Míníodh go dteastódh cur chuigeagus spriocanna difriúla a úsáid i gcatagóirí difriúla, marnach mbeadh an creimeadh teanga ag an staid chéanna igCatagóir A is a bheadh i gCatagóir B ná C.33

Faoin bpróiseas pleanála teanga atá fógraithe ag an RoinnEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, níl aon aitheantastugtha do na critéir a úsáideadh leis na catagóirí éagsúla ashocrú, rud a fhágann go mbeidh sé fíordheacair straitéisdhifriúil a chur ag obair sna ceantair laga seachas mardhéanfá sna ceantair is láidre Gaeilge. Tá meascán dechatagóirí sa chuid is mó de na limistéir phleanála teanga atáleagtha amach ag an Roinn: mar shampla is limistéar amháinpleanála teanga í leithinis Chorcha Dhuibhne,ceantair ina bhfuil ceantair C curtha isteach le ceantair A agus B. Dámbeadh aon seans go noibreodh an phleanáil teanga i

gCorca Dhuibhne theastódh 3 cheantar phleanála teanga aaithint: Iarthar Dhuibhneach (Catagóir A ar an gcuid is mó);An Daingean agus an ceantar timpeall air (baile seirbhíse);agus an Ghaeltacht taobh thoir den Daingean (catagóir Bagus C).

Daoine Óga i gCatagóir A – An Píopa PolltaDaoine Óga i gCatagóir A – An Píopa Pollta

Ní hé leagan amach na gceantar pleanála teanga is mó achuireann díomá orm, áfach, ach an dóigh nach bhfuilmórán ráite sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge faoinmbealach ar cheart dul i ngleic le tréigean na Gaeilge imeasc déagóirí sna ceantair is láidreGaeilge. (Sa chuid is mó de na ceantaireile Ghaeltachta, níl úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide in uachtar imeasc aon aoisghrúpa.)

Domsa, ba é an gné ba shuntasaí denStaidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch náan méid a dúradh faoi dhéagóirí sna ceantair is láidre Gaeilge. Tuairiscíodh 94%de na daoine óga i gceantair Chatagóir A, abheith go láidir i bhfábhar na Gaeilge nófábhrach go leor.44 Tuairiscíodh go gceap -ann 91% de na daoine óga seo go bhfuil‘Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith’ acu agusgur tógadh 53% acu trí Ghaeilge. Achní labhrann ach 24% acu an Ghaeilge lena gcomhaoisigh! ‘Tásé suntasach’ a deirtear sa tuarascáil ‘go dtagann laghdú arleibhéal úsáide na Gaeilge i measc na ndaoine óga lenagcomhaoisigh de réir mar a théann siad in aois, ó aois nabunscoile go blianta deiridh na hiar-bhunscoile.’55

Tá an fhianaise dhoshéanta aimsithe a insíonn cén aois-ghrúpa sna ceantair is láidre Gaeltachta atá ag iompó ónnGaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. Is sna déaga atáan píopa seachadta teanga pollta. Dá réir sin, bheifeá ag súille gníomhaíochtaí práinneacha ó Údarás na Gaeltachta, óRoinn na Gaeilge agus ó Fhoras na Gaeilge le dul i ngleic leisan bhfadhb seo. Ach faraor, ní léir dom go bhfuil aon cheofiúntach déanta ó shin le dul i bhfeidhm ar nósmhaireachtteanga na ndéagóirí sa Ghaeltacht, agus ní léir go bhfuil aoncheo beartaithe ach an oiread.

Is ar dhaoine óga taobh amuigh den Ghaeltacht is mó abhíonn na tionscnaimh teanga dírithe, na Coláistí Gaeilgemar shampla. Bhí sampla iontach den bhealach ar féidir leColáiste Gaeilge dul i bhfeidhm ar dhaoine óga, le feiceáil aran Late Late Show Meán Fómhair seo caite, nuair a’spáineadh na scoláirí is teagascóirí ó Choláiste Lurgan, Indreabhán i mbun leagan Gaeilge den phop-amhrán ‘WakeMe Up’.66

Fad is atá scoláirí i gcoláistí Gaeilge ag plé le hamhráin nua-aimseartha i nGaeilge, céard a chuirtear ar fáil do dhéagóirí

Donncha Ó hÉallaithe

Page 18: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201318

na Gaeltachta len iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge? AgOireachtas na Gaeilge chuile bhliain cuirtear roinnt bheagcomórtas ar fáil dóibh: damhsa ar an sean nós, amhrán -aíocht ar an sean nós, lúibíní, aithriseoireacht, agallamhbeirte, scéalaíocht i modh traidisiúnta agus dreas cainte. Ismaith ann iad comórtais den chineál sin, ach nár cheart gombeadh comórtas ann chomh maith d’amhránaíocht ar annua nós, agus do ghrúpaí ceoil nua-aimseartha ag canadh asGaeilge?

Cuid den fhadhb atá againn leis an nGaeilge sa tír seo ná aníomhá atá ag an teanga, de bharr í a bheith ceangailte aniomarca leis an seansaol i súile déagóirí. Ní bheadh sé ró -dheacair an fhadhb sin a réiteach, ach níl aon cheo sonrachsa Straitéis Fiche Bliain a réiteos é. Rinne Slógadh faoi stiúirGael Linn an nua-aimsearthacht a cheangal leis an nGaeilge,Cén fáth nach bhféadfadh an tOireachtas é sin a dhéanamh,é sin nó féile nua a bhunú a bheadh dírithe ar dhaoine óga.

Na Coláistí Tríú LeibhéalNa Coláistí Tríú Leibhéal

Feictear domsa go bhfuil sé riachtanach óg-chultúr tríGhaeilge a chothú. Ní bheadh sé chomh deacair sin adhéanamh ach tabhairt faoi go straitéiseach ag úsáid TG4,RnaG, an Idirlíon, an tOireachtas agus na Coláistí Tríú Leibhéal. Tá ceacht le foghlaim ó chur chuige ChumannLúthchleas Gael sna Coláistí Tríú Leibhéal. Thart ar scór bliainó shin thosaigh CLG ag cur oifigigh forbartha sna coláistí lefóirne a eagrú is a thraenáil. Faoi láthair tá 20 Oifigeach Forbartha lánaimseartha ag CLG ag obair sna coláistí agus dábharr sin, tá na Cluichí Gaelacha fíor- eagraithe anois ag antríú leibhéal.

Deinim amach go bhfuil thart ar 10,000 scoláire ag fáil scolaíocht iarbhunoideachais trí Ghaeilge sa tír. Ar an gcaoisin bíonn breis is 1,500 acu sin ag déanamh na hArdteistegach bliain agus tá an líon ag fás. Seans maith go dtéann1,000 ar a laghad ar aghaidh go coláistí tríú leibhéal. Seo ansprioc ghrúpa ar ar cheart a bheith ag díriú sa Straitéis FicheBliain. Dá mbeadh airgead77 curtha ar fáil le hoifigigh forbartha a chur isteach i gcuid de na coláistí tríú leibhéal leimeachtaí is clubanna sóisialta trí Ghaeilge a eagrú do nacainteoirí líofa Gaeilge seo, seans go bhféadfaí suas le 500Gaeilgeoir líofa sa chéad bhliain den choláiste a mhealladh leGaeilge a úsáid go sóisialta eatarthu féin ar an gcampas. Taréis ceithre bliana bheadh suas le 2,000 macléinn eagraithesna coláistí tríú leibhéal i gclubanna sóisialta Gaeilge. Indéanta? Cinnte, ach na daoine cearta a chur ina bhun.

An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge:An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge:

Tá go leor i saol na Gaeilge ag cur muiníne sa Straitéis FicheBliain don Ghaeilge faoi láthair, in éagmais aon cheo eile. Nílaon mhuinín agamsa as, faraor. An bhunfhadhb leis anStraitéis ná seo: tá an phríomhsprioc faoi líon na gcainteoirílaethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais amhéadú go 250,000 faoi 2030 míréadúil agus as cuimse. B’éan tAire Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, a roghnaigh an figiúr250,000, gan aon bhunús eolaíoch leis.

Theastódh ardú de 5.7% gach uile bhliain, ar feadh scór bliain, nó ardú 32% gach tréimhse cúig bliana leis an sprioc abhaint amach. Bheadh sé níos réadúla a bheith ag súil lehardú de 5.7% chuile 5 bliana seachas chuile bhliain.88 Mhol-fainn féin ardú ó 80,000 go 120,000 i líon na gcainteoirílaethúla taobh amuigh den chóras oideachais, ach mholfainn

chomh maith sprioc de chainteoirí laethúla seachtainiúla99 achur sa Straitéis ar an gcúis go bhfuil sé deacair don chaint -eoir Gaeilge, nach bhfuil ag maireachtáil nó ag obair i dtimpeallacht Ghaeilge, an deis a fháil go laethúil anGhaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais.

B’fhearr i bhfad spriocanna réadúla a bheith ann ar féidir iada shárú, ná spriocanna gan bunús nach mbainfear amach.

Pleanáil TeangaPleanáil Teanga

An maide draíochta atá in armlón an státchórais maidir leslánú na Gaeilge sa Ghaeltacht ná Pleanáil Teanga. Creidimgo bhféadfadh Pleanáil Teanga stop a chur leis angcreimeadh teanga sa Ghaeltacht, ach é a bheith eagraithe isacmhainn ithe i gceart. Ach tá an chuma ar an scéal gurpróiseas páipéarachais a bhéas ann: réiteoidh eagraíochtphobail a plean agus ticeálfaidh an Roinn na boscaí cuí.D’fhéadfadh coiste pobail go leor allais agus fuinnimh deonaigh a chur amú ar réiteach plean ar pháipéar chun sástachta na Roinne, agus ag an deireadh nach mbeadh dethoradh air ach cáipéis bhreá ildaite uaillmhianach, a fhágfaíar sheilf, gan seans na ngrást ann go gcuirfí é i bhfeidhm,mar nach léir go dtuigeann an státchóras go mbeidhacmhainní de dhíth leis an bplean a chur i fheidhm.

Ceann de na deacrachtaí a bhéas leis an bPleanáil Teanga saGhaeltacht ná ceist na dteorainneacha. Ní raibh sé de mhisneach ag aon rialtas ó 1956 tabhairt faoi theorainn -eacha na Gaeltachta a athshocrú. Gheall an rialtas seoreachtaíocht ina dtabharfaí ‘sainmhíniú nua don Ghaeltachta bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíochta seachas arlimistéir thíreolaíochta, mar atá faoi láthair’.1010 Is a mhalairt atharla nuair a achtaíodh Bille na Gaeltachta 2012, ganglacadh le hoiread is leasú amháin.

Sampla maith den chur i gcéill is ea Gaeltacht Chathair naGaillimhe. Tá cónaí ar 15,000 duine i gCathair na Gaillimhesa Ghaeltacht oifigiúil, dar le Roinn na Gaeltachta. Ní debharr aon chritéir teangeolaíoch atá na daoine seo saGhaeltacht, ach de bharr gur tógadh eastáit mhóra tithíochtataobh laistigh de na teorainneacha a socraíodh i 1956, ináiteanna cosúil le Cnoc na Cathrach agus Tír Oileáin. In ionadan scéal a chur ina cheart, rinne Acht na Gaeltachta stádasGaeltachta na n-eastát sin a dhaingniú ad infinitum!1111 Ní hénach bhfuil daoine anseo is ansiúd sna heastáit sin a bhfuilGaeilge den scoth acu, agus sásta í a úsáid dá bhfaighidís andeis. Tá cinnte, ach tá sin amhlaidh faoi chuile eastáttithíochta i gCathair na Gaillimhe.

Ansin, nuair a bhreathnaítear ar na critéir atá le húsáid aguspleananna teanga á gcur le chéile, is deacair a chreidiúint gobhfuil an státchóras dáiríre faoin bpróiseas. Ar an gcuid ismó, is iad na critéir chéanna a bhéas in úsáid ar fud na tíre.Mar shampla is é an critéar céanna oideachais a bhéas lehúsáid ag Údarás na Gaeltachta ar an Tulach i gCois Fharraige1212 is a bhéas á úsáid ag Foras na Gaeilge i gCeatharlach: dochreidte, ach tá sé mar a chéile focal ar fhocal don dá áit.1313 Nuair atá seafóid mar sin ar bun ag anstátchóras, is deacair aon mhuinín a chur sa phróiseaspleanála teanga mar is ag magadh fúinn atá siad.

Focal scoirFocal scoir

Mar a fheictear domsa é, tá spiorad na ndaoine ar chás leoan Ghaeilge briste ag an státchóras. Níl sa Straitéis achbealach le muid a choinneáil ciúnaithe ar feadh píosa eile.

Page 19: Feasta | Nollaig 2013
Page 20: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201320

Brat deataigh atá ann le neamart an státchórais i leith naGaeilge a chlúdach orainn. Tugadh dúinn an Straitéis FicheBliain ar an gcaoi a thabharfá milseáin do ghasúr len é achoinneáil ó chaoineadh. Nuair is féidir leis an státchóras ará nach gá ach 6% de dhaoine le Gaeilge a earcú sa stát -seirbhís le leigheas a fháil ar an nganntan mór oifigeach stáitatá in ann déileáil le lucht na Gaeilge sa chéad teangaoifigiúil, is deacair a bheith muiníneach as an Straitéis.

Ar an láimh eile, tá diúltaithe ag an státchóras teorainneachana Gaeltachta a shocrú de réir critéir theangeolaíoch, agusina áit sin, tá córas pleanála teanga á bhrú ar phobailGhaeltachta nach noibreoidh agus nach mbeidh de thoradhair ach teip, cur amú fuinnimh agus briseadh misnigh.

Leis an gceist a fhreagairt ‘Arbh Fhiú an Braon Allais?’chaithfinn a rá go mb’fhiú go mór an braon allais a caitheadhle Raidió na Gaeltachta a bhunú; go mb’fhiú an braon allais acaitheadh leis an bhfeachtas chun TG4 a chur ar an aer;b’fhiú an braon allais a chaitheamh le comharchumainnGhaeltachta a bhunú sna seascadaí is sna seachtóidí; b’fhiúan braon allais a caitheadh le Acht na dTeangacha Oifigiúla afháil, faoinar bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Ach ésin ráite, ní dóigh liom gur fiú braon allais amháin a churamú le bheith ag iarraidh pleananna teanga a réiteach faoithéarmaí Acht na Gaeltachta 2012.

TAGAIRTíTAGAIRTí

1. Eagraíocht phobail is ea Pléaráca, atá lonnaithe i Ros Mucach a fheidhmíonn i nGaeltacht Chonamara. Ag an am bhíosim chathaoirleach ar an eagraíocht.

2. Níor chuir na saineolaithe fiacail ann agus dúradh sa tuarascáil go raibh na pobail Ghaeltachta I gCatagóir A ‘a bhfuil an Ghaeilge in uachtar iontu go fóill mar theangapobail’ ag tíocht ‘faoi bhagairt an aistrithe teanga’. (lth. 24)

3. Dúradh sa tuarascáil gurb é an cuspóir ‘is cóir a bheith leisan bpleanáil teanga i limistéir Chatagóir A ná dlús na gcaint -eoirí Gaeilge a chosaint iontu agus tacaíocht a chur ar fáil adhéanfaidh buanú ar úsáid na Gaeilge mar theanga teagh-laigh agus phobail iontu. Beidh cuspóir eile i gceist leis anbpleanáil teanga i limistéir Chatagóirí B agus C.’ (lth. 25)

4. Léas dóchais an figiúr sin agus is cosúil go ndúirt 80% acugo mbeidís ‘míshásta dá mba é an Béarla amháin a bheadhá úsáid sa Ghaeltacht amach anseo nó dá mbainfí an stádasGaeltachta den cheantar a bhfuil cónaí orthu ann’. (lth. 26)

5. I gCatagóir A titeann leibhéal úsáide na Gaeilge lenagcomhaoisigh ó 41% don aoisghrúpa 5-8 mbliana go 24%don aoisghrúpa 15-18 mbliana. (lth.26)

6. Is féidir breathnú air an taispeántas a thug lucht CholáisteLurgan ar: www.youtube.com/watch?v=gGT0CgHJOfE

7. Cosnaíonn sé thart ar €10,000 ar ChLG ar gach oifigeach forbartha lán aimseartha atá acu sna coláistí tríú leibhéal.Cuireann na coláistí roinnt airgid isteach sa scéim. Glacaimleis nach mbíonn siad fostaithe ach don bhliain acadúil, thartar leath den bhliain.

8. Dá mbeadh ardú de 5.7% ann gach cúig bliana, mhéadódhsin an líon cainteoirí laethúla Gaeilge ó 80,000 go 100,000faoi 2030. Le hardú 10% chuile 5 bhliain, figiúr a bheadhuaillmhianach ach inbhainte im thuairimse, bheadh an líoncainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais ardaithe go 117,000 faoi 2030.

9. Sa bhliain 2011 bhí beagán os cionn 110,000 duine a dúirtgo labhrann siad Gaeilge taobh amuigh den chórasoideachais go seachtainiúil sa bhreis ar an 80,000 a labhrann

í go laethúil. Ar an gcaoi sin tá beagnach 200,000 ag úsáidGhaeilge ar a laghad go seachtainiúil taobh amuigh dencóras oideachais. Bheadh sé réadúil an figiúr sin a mhéadúgo 250,000 nó 300,000 taobh istigh de scór bliain.

10. B’shin a gheall an tAire Stáit, Dinny Mc Ginley ar an 26Aibreán 2012, agus é ag fógairt tús a bheith curtha leis anbpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, ag ócáid phoiblí aran gCnoc i gCois Fharraige.

11. Deireann Mír 7 d’Acht na Gaeltachta 2012 go bhfuil stádasGaeltachta ag ceantar ar bith le haitheantas oifigiúilGhaeltachta roimhe sin, agus chuir Alt 5 deireadh leis angcumhacht a bhí ann faoi Alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe1956 na teorainneacha Gaeltachta a athrú, ach Ordú Rialtaisa dhéanamh.

12. Tá an Tulach ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidresa tír le 67% de na daoine ag maíomh go labhrann siadGaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachais.

13. An critéar oideachais a bhéas le húsáid ag Údarás naGaeltachta sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta agusag Foras na Gaeilge do Líonraí Gaeilge taobh amuigh denGaeltacht: ‘5. Oideachas bunscoile agus iarbhunscoile trímheán na Gaeilge a bheith ar fáil sa phobal iomchuí, de réirbheartas na Roinne Oideachais agus Scileanna, lenan-áirítear sruthanna a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge Iscoileanna Béarla agus roinnt ábhar a bheith á múineadhtrí Ghaeilge i scoileanna Béarla mar is cuí.’ [I.R. Uimh. 357de 2013].

Amhrán na hÉireannAmhrán na hÉireannle roghnú donle roghnú don

Fhéile IdirnáisiúntaFhéile IdirnáisiúntaPan-Cheilteach 2014Pan-Cheilteach 2014

IIgCeatharlach a bheidh an comórtas náisiúnta arís in2014. Is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.Glacfar le hamhrán traidisiúnta, pop-amhrán, amhrán

tíre, amhrán rac-cheilteach agus eile. Is gá iarratais a bheithar dhlúthdhiosca agus a sheoladh chuig: An ComórtasAmhrán Pan-Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid anCholáiste, Ceatharlach, roimh 5.00p.m. Aoine, 31 Eanáir ’14. Canfar amhráin an ghearrliosta os comhair lucht éisteachtaag an gComórtas Náisiúnta ins an Óstán Seven Oaks, Ceathar-lach, Satharn, 8 Márta, 2014. IMRO a bheidh marphríomhurra ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le GaelLinn. €1,000 agus trófaí an duais don bhuaiteoir. Raghaidhan t-amhrán ar aghaidh chuig an comórtas idirnáisiúnta agan bhFéile Pan-Cheilteach i nDoire, 22-27 Aibreán.Beidh comórtas speisialta i mbliana d’iomaitheoirí faoi 17.Fáiltítear roimh amhráin nuachumtha ó amhránaithe aonairagus ó ghrúpaí óga ceoil. €200 agus trófaí an duais.Glór Cheatharlach a eagróidh an comórtas náisiúnta agusbeidh ceoltóirí aitheanta i mbun moltóireachta. Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil. Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an chur i láthair. Beidhamhrán na hÉireann in iomaíocht leis na hamhráin náisiúntaeile as Albain, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Cornna Breataine agus An Bhriotáin don Chorn Pan-Cheilteachagus duais mhór airgid. Rialacha uile agus foirmeacha iarratais an chomórtaisnáisiúnta ar www.panceltic.ie. Seol ríomhphost [email protected] nó glaoigh ar oifig GhlórCheatharlach ar 059 9158105, 085 1340047 nó 087 2857048.

Page 21: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201321

AN CHÉAD LÉACHT: AN CHÉAD LÉACHT:

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. …Agusdúirt Dia: ‘Bíodh solas ann,’ agus bhí solas ann, agus níraibh aon neach ann le rá nach raibh sé go maith. Agus baé sin an chéad lá…

Ar an seachtú lá bhí an chuma air gur chríochnaigh Dia anobair a rinne sé… nuair a chuala sé an duine á rá:

‘Sé lá! Thóg sé sé lá ort an praiseach seo a chur le chéile?!Sé lá? Is mór é m’amhras gur cur amú ama é sin duit. Isfearr a dhéanfainn féin é dá mbeadh na téarmaí i gceart!’

Agus dúirt Dia go raibh go maith, ach dúirt an duine nachraibh maith go leor…

‘Más é sin an fuadar atá fút’, arsa Dia, ‘bíodh agat.’

‘Beidh,’ arsa an duine.

AN DARA LÉACHT: AN DARA LÉACHT:

‘Díol a bhfuil agaibh agus tabhair do na boicht iad,’ a dúirtsé, gan ach ná agús.

‘An ceart agus an chóir i gcónaí fiú má thiteann anspéir’

Níorbh aon iontas é gur thos-naíodar á thréigean go gasta.

AN TRíÚ LÉACHT: AN TRíÚ LÉACHT:

Bhí an t-áilteoir ar leaba abháis. Bhí a shaol caite aigeag gáire is ag magadh faoidhaoine dúra an tsaoil… Bhía chairde gaoil ina thimpeall… bhí cuid acu aggol is ag sileadh na ndeor …Féach’, arsa an t-áilteoir, ‘ismar seo atá. Is gairid Diauaim… Má fheiceann Sé…sibhse bailithe timpeallanseo chomh dúr le búir…tiocfaidh an tuairim shuiteChuige gur balaics gruama

mé… agus dá réir sin, cuirfidh go hifreann síos mé. In ainmDé – agus i m’ainmse, leis – múscail, cuirigí aoibh oraibh,bígí soilbhir, suairc, sonasach, agus déanaigí gairdeachas.

Sin iad briathra an Toitlaoigh.

AAgus a dheisceabail ionúine, léamar gach a scríobh sélenár súile féin agus cuid againn den dtuairim gurbhé an tAth. Peadar ar a athbhreith é; ach shéan sé sin

á rá gurbh fhada Méirscrí na Treibhe leis féin ná Séadna . ‘Antú an Cadhnach iar bhfilleadh?’ d’fhiafraigh cuid againn: achthug a sheanléim aclaí iomána agus dúirt gur fada fós ó chré

na cille dó; ná raibh ann ach an Fear Dána a tháinig, ní chunsíochána ach Chun Doirne le cliar na critice. Agus an dreamnár chreid gur Tháinig Godot chuireadar Eiriceachtaí agusscéalta eile ina leith. Ach mhínigh sé a mhisean i bparabaildóibh mar leanas:

Beag an bheann a bhí agam féin ar aon cheann díobh singo dtí gur thosnaigh na scéalta seo ag tuirlingt chugamceann ar cheann. Áisiúil an fhoirm í chun mórán a rá imbeagán focal. Aithneoidh lucht a gcloiste nach bhfuil achdorn ábhar agam ar aon tslí – an pholaitíocht, an reiligiún,an litríocht, an ghaois, an t-oideachas, daoine, an saol thallagus abhus – nithe mar sin.

AAgus, a chairde reibiliúnaithe, bhíodh an Toitlaoch agdul timpeall ag dó agus ag loscadh agus ag scriosagus ag cur nithe agus foirgneamh agus áitreabh trí

thine. Agus nuair d’fhiafraíodh de cén fáth d’fhreagair sé:‘mar ní bheadh a fhios ag aon duine go raibh struchtúir annmura mbeadh an toit agus an tine agus na lasracha.’

Agus a chairde na cúise, is é an Toitlaoch na briathra sa tslígo gclaochlaítear gach a mbaineann leis, idir anam is chorp,chun friotal focal a fhágann an t-údar ar chomhshubstaintlena shaothar liteartha, agus sa tslí gurb é Titley fírinne nafáistine sin as ar fáisceadh é faoi scáth an Chorcaígh cháiliúileile sin, Seán Ó Ríordáin, a dúirt:

Is iad na scríbhneoirí a mhúsclóidh an teanga agus is í anteanga mhúscailte a mhúsclóidh na daoine chun labharthana Gaeilge. (Eireaball Spideoige, Réamhrá, lch 25)

Ach ní raibh i ngramaisc na daonphoblachta san ach queerhawks, flea bags agus tarryboyos agus nuair nár aithníodar éina dhúthaigh féin d’éalaigh sé uathu faoi choim na hoícheagus dhein a dheasghabháil chun na hardchathrach, mar abhfuarthas i measc na saoithe i nDroim Conrach é i mbunidirmhínithe ar na scríbhinní diaga, agus réabadh reilige ádhéanamh aige ar an gcanóin go dásachtach dána marleanas:

Raghaidh mé síos i measc an tsluaIs raghad síos ar bhusIs raghad síos i lár na hoícheSan uaigneas. ……

Is loirgeod an rún filíochtaNa focail draíochta A bhíonn ag cat. Rabhadh Dánta, lch 68

Is mar sin siar go heireaball timpeall ag tabhairt an dá mhéardon tseanreacht.

Agus chuaigh Máirtín Coilféir ina theachta réamhrá roimheag fógairt atheacht an Toitligh sub speciae aeternitatis nafilíochta. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu san a bhí cruin-nithe i seomra uachtar McGrattans, faoi mar a bheidís tar éislán a súl a bhaint de chúl bhosca toitíní nuair a thuirling

Sleachta as na Síscéalta Saofa de réir an Toitlaoigh

Caint a dhein Tadhg Ó Dúshláine Caint a dhein Tadhg Ó Dúshláine ag seoladh ag seoladh Rabhadh DántaRabhadh Dánta le Alan Titleyle Alan Titley

oíche ómóis iMRAM do Alan Titley, McGrattans, Baile Átha Cliath, 19/10/2013

Page 22: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201322

Rabhadh Titley ina spréacharnach filíochta orthu, á líonadhde ghaois is de thíodhlaicí an spioraid, ag craobhscaoileadhaisling dóchais an nua-reachta go dúshlánach liotúirgeachmar leanas:

An chéad uair eile nuair a thiocfaidh an Bhéist … lch 1

Tiocfaidh sí chomh húr le drúcht na maidine agus beidh solas mhí na meala ar crochadh óna cluasa…

Fágann an scéala dóchais seo ceathrar marcach na hApacailipse gan lúth gan luadar:

An chéad duine díobh ar sheanaghrogaAn dara in airde ar asalAn tríú agus an ceathrú, ceann ar cheann,Ar mhiúil agus ar chamachamall. lch 3

Agus cuireann sé ar an lic do lucht na bréagchráifeachtanach bhfuilid ach ina niúdaithe neádaithe, ag humáil is aghamáil timpeall ar an gcothrom féinne:

Bhí ocras orm agus Chuir tú coiste ina shuí.

Bhí ocras orm agus Dúirt tú liom foighneamh.

Bhí ocras orm Dúirt tú go dtógann réiteach faidhbe tamall. lch 5

AAgus insíonn sé parabail chun go n-aithneodh nadaoine simplí go raibh marbhfháisc curtha agFairisínigh an léinn ar a n-oidhreacht shaibhir agus

leithéid Mossy Mhuiris Maurice, seanchaí, sniogtha inaphreas agus dóite ar dhiosca acu agus an fear bocht féinfágtha ina bhalbhán:

‘Fan go gcoisfidh tú,’ arsa an bailitheoir, d’aththochrois antéip agus chuir an scéal ar siúl.

‘Cé hé sin ag caint?’ d’fhiafraigh Mossy, agus idir iontasagus phus air.

‘Ara, fan go gcloisfir an scéal ar fad,’ arsa an bailitheoir.

‘Pé duine é, arsa Mossy, ‘tá sé ar fheabhas ar fad ….

Más féidir le meaisín scéal mar sin a aithris ní fiú domsa abheith leis níos mó.

Nílim chun scéal ar bith eile a insint go brách an fhaid amhairfead.’

Agus níor dhein. lch 84

Agus insítear anseo faoi mar ar chuir sé scaipeadh na mionéan ar shaoithe an léinn, nuair a thástáil sé iad le mámbheag tomhaiseanna:

Cé a shlogann na poill go léir I gcás na hEilvéise?

Daidí na Nollag féinAn raibh sé riamh óg?

Cad a thabharfaí ar an tríú mí dhéagDá mbeadh sí ann? lgh 85 – 91

AAn oíche a tugadh suas é thóg sé Bíobla na nGael-geoirí, ris a ráitear Leabhar na Seanfhocal, bhris agusthug dóibh é á rá (nó, seo éirim a ndeir sé, dar liom):

tá na seanfhocail seo róshean; cleactaíg na nuafhocail seoagus cuimhníg orthu sna laethanta atá le teacht:

I lúib gach cruinnithe istigh tá ar a laghad aon bhalaicsamháin …

An rud a thosnaíonn i gcloigeann an amadáin, faigheannsé nead i gceann an eacnamaí ….

Tá filíocht Tumbuktu i bhfad uainn, ach tá Leaga Shíoda arlic an dorais ….

Tá guth na braistinte fíorlag, agus guth na tuairimíochtamós mór …. lgh 23 – 26

Agus ar an dtreas lá osclaíodh a gcluasa agus chualadar é imbun na n-amhrán dóchais ó éirí go luí na gréine, aguschanadar d’aonghuth i gcuibhreann a chéile:

Creidim san aon chineáltas amháin, Sa charthanacht uilechumhachtach, A ghluaiseann bodhar agus balbh, Agus san uile shuáilce nach bhfuil aon ainm againn orthu.

Agus creidim san aon chine daonna amháin,Mic agus iníonacha agus ginte Dé a tuismíodh san Afraicsula raibh aon scaipeadh daoine ann. lch 103

Agus leathnaíonn an creideamh sin amach ina chomóradh aran uile ní faoi spéir na samhlaíochta, chomh liriciúil, muin-teartha, macánta le Cantic na gCaintic le Proinsias d’Assisi:

Is sléachtaim roimh na nithe go léir nach dtuigim,Roimh an spiorad a ghluaiseann ar na huiscí, An salm a chanann an t-asal…An folús idir dhá chamóg…Coiscéimeanna an earraigh i gcorp an gheimhridh istigh.

lch 106

Agus é ar lasadh le spiorad na daonnachta cuireann a phaidirdhúthrachtach ina sraith phráinneach arraingeachachainíocha:

PAIDIR Ar son an seacht mbilliúnú duine –

Go dtaga tú slán ón mbroinn, mar is mó duine nach dtagann.Go dtaga tú slán ón gcliabhán más cailín tú san India, nó satSín, mar is mó girseach eile nach dtiocfaidh….

Go gcloise tú an ceol nár chuala aon duine fós, ach tú féinamháin.Go suífí tú ar stól beag ded dhéantús féín, seachas archathaoir mhór a dhein do shinsir duit….

Go maire tú do shaol féin mar ní ficsean duine ar bith eileé….

Go maire spiorad an naíonáin ionat go fiú is má fhásann túsuas. lgh 108 - 110

Agus críochnaíonn le hiomann ceiliúrtha mhíorúilt naginiúna agus na beatha:

Ní hé d’imeacht as an saol seo is mó is ionadhAch do theacht isteach. Is í seo an mhíorúilt mhór!Gur tusa seachas an síol sin a thit le fána anuasA bhuail an sprioc, gur tusa an neacháinín óir….

Is tusa tusa agus mise mise sinne go léir ar fadSifíní aeracha ábharacha a tháinig slán ón slad. lch 111

Agus tá mórán eile a deir sé linn, ach nach é seo an t-am náan áit lena chraobhscaoileadh, ach áitíonn orainn a mheabhrú gur ‘ceol reoite is ea an fhilíocht’ agus a bheith agleá agus ag díleá ar seo.

Sin é Rabhadh an Toitlaoigh

Tá an t-aitheasc thart, an Rabhadh fógartha, seolta, fanaigídon seó dán. — Críoch— Críoch

Page 23: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201323

Ekphrasis? an Gearrscannán ‘Oíche nollag’an Gearrscannán ‘Oíche nollag’

le Muiris Ó MearaBhain W. h Auden, file, earraíocht as Ekphrasis sa dán The Shield of Achilles d’fhonn an saol

comhaimseartha a cháineadh agus a chur i gcomórtas le domhan Aicill. D’áiteoinnse go bhfuil amhacasamhail de chodarsnacht chriticiúil i gceist go láidir sa ghearrscannán oíche Nollag, …

CCraoladh an tsraith ‘Nead an Dreoilín’ ar TG4 in 2008.Ba iad an Chomhairle Ealaíon agus TG4 a mhaoinighan tsraith seo agus dhein Feenish Productions obair

nótáltha ar léiriú na sraithe. Is é an aidhm a bhí leis antsraith ná ardán físiúil a sholáthar don fhocal scríofa sa tslí isgo bhféadfadh lucht féachana TG4 blaistíneacht ‘eile’ adhéanamh ar shaothar na bhfilí a roghnaíodh. Roghnaíodhsé dhán trí chéile don tsraith11 seo agus tá na gearrscannáinúd ar fáil ar Youtube22 i gcónaí.

Má shamhlaím tour de force físiúil leis an tsraith bhunúil seoní dóigh liom go bhfuilim ag dul thar cailc na críonnachta, nábaol air, agus leasmháthair a thógfadh orm an chraobh abhronnadh ar na gearrscannáin filíochta seo. Ar éirigh leismar shraith? Má fhágtar áireamhán an chuntasóra ileataobh, agus má bhaintear feidhm as slat tomhais aeistéitiúil d’fhonn fiúntas na sraithe a mheas, níl aon cheistfaoi ach gur éirigh go seoigh léi agus bíodh a fhianaise sin arna gearrscannáin ar Youtube.

D’áitigh Patrick Kavanagh, tráth, nár thit arm seasta na bhfilíin Éirinn faoi bhun cúig mhíle duine riamh (O’Donoghue2005). ‘Mór an trua nár thit!’ a déarfadh ancinicí ar an gclaí á fhreagairt, b’fhéidir, mar is‘trudaireacht’ à la Dáibhí Ó Bruadair33 seachastroid fhileata à la Walter Benjamin44 a bhíonn arsiúl ag tromlach an airm réamhluaite formhór anama! Níl tuairim sin an cinicí iomlán fíor, arndóigh, agus tá scata curadh-fhilí Gaeilge imeasc an airm réamhluaite i láthair na huaire.Nár mhaith an mhaise é ar TG4 dá bhféadfaí ant-ardán físiúil céanna a sholáthar do na filí údd’fhonn curadhmhíreanna na filíochta comhaim-seartha a roinnt ar phobal na Gaeilge arís?

Ach ‘cé a cheannódh dán?’ a déarfaidh an cuntasóir glic. Nó níos measa fós, b’fhéidir, cé achoimisiúnódh gearrscannán faoi dhán ar nasaolta seo? Neosfaidh an aimsir. Idir an dá linn,ba dheas liom díriú ar ghearrscannán amháin ón tsraith seo,mar atá, Oíche Nollag.55

Tá an mionchur síos a dheineann Hóiméar ar sciath Aicill sanIlliad (leabhar XVIII) ar cheann de na samplaí is luaithe dábhfuil againn de Ekphrasis (Francis 2011:708). Cur síosfileata ar dhéantúsán físiúil samhalta (.i. an sciath) atá igceist sa sliocht réamhluaite agus is féidir linn Ekphrasis ashainiú sa chás seo mar dhialachtaic chruthaitheachthrasfhoirmitheach idir dhá mheán ealaíne .i. an ghné fhísiúilagus an focal.

Go deimhin, bhain W. H Auden, file, earraíocht as Ekphrasissa dán The Shield of Achilles66 d’fhonn an saol comh -aimseartha a cháineadh agus a chur i gcomórtas le domhan

Aicill. D’áiteoinnse go bhfuil a mhacashamhail dechodarsnacht chriticiúil i gceist go láidir sa ghearrscannánOíche Nollag, agus tá fúm gnéithe áirithe den gcritíc sin aaibhsiú san alt seo.

Ó thús ré na scannán i leith, nach mór, tá an dialachtaic idiran ghné fhíseach agus an ghné bhriathartha ar cheann de nagnéithe is tábhachtaí agus inspéise d’ealaíontacht nascannán aíochta. San alt seo, tá fúm an tslí ina gcruthaíteardéantúsán nó artafacht fhísiúil ón fhocal scríofa saghearrscannán seo a shainiú de réir analaí leis an bpróiseasEkphrasis. Is í an tuiscint choinbhinsiúnach atá suas i dtaca leEkphrasis ná gur ‘…verbal representation of [a] visual repres -entation’ a bhíonn i gceist, de ghnáth (Al-Nakib 2005:253). Isféidir linn an tuiscint choinbhinsiúnach seo a inbheartú,áfach, mar ‘…by definition, [Ekphrasis]… is the expression ofone form of representation in terms of another’ (ibid.).Tráchtaireacht fhísiúil ar an mbundán atá i gceist saphróiseas seo agus san alt seo, déanfar cúram ar leith denath–láithriú foirmiúil (formal re–presentation) seo.

Is é an chéad radharc a fhaightear sa ghearrscannán ná seatceamara de dhealbh Jim Larkin ar Shráid UíChonaill i mBaile Átha Cliath. Cuimsíonn an seatseo luachanna Sóisialacha láithreach, ar ndóigh,ach braithim go bhfuil débhrí ealaíonta nóimeartas físiúil i gceist anseo, leis, mar chuim-seodh an seat seo dealbh croschruthach amhailan Cristo Redentor i Rio de Janeiro nó a mhaca -samhail, b’fhéidir, más go caolchúiseach féin é.

Cuimsítear cumasc de luachanna Sóisialacha agusCríostaí i dteannta a chéile anseo, dar liom, agusis féidir linn ionannú a dhéanamh idir na luach -anna a chuimsíonn an seat ceamara seo agus na luachanna a bhíodh mar dhúshraith ag pobal naGaeltachta tráth .i. an Comhar, an Meitheal agusan Creideamh Caitliceach.

AAg deireadh an seat seo, áfach, ní féidir linn an dealbha fheiscint a thuilleadh agus deintear tulsuíomh físiúil(foregrounding) ar an mbolgán leictreach. Insint

fháthchiallach is ea í seo a chiallaíonn an próiseas nua-aoisithe don lucht féachana .i. cúlú ó luachanna an tsaoilthraidisiúnta go dtí solas nó ‘enlightenment’ (mar dhea) antsaoil nua-aoisigh.

Cad a bhí i gceist agam nuair a luaigh mé luachanna traidis-iúnta san alt réamhluaite, más ea? Athinsint fhileata is eadán Mháire Mhac an tSaoi, go bunúsach, ina ndeintearlogánú Gaeltachta ar an scéal bíobalta a fhaightear i Lúcás2:1-7.77 Baintear earraíocht dhraíochtúil as na coinnle a luaitear ag tús an dáin d’fhonn creideamh comhchoitiantaan phobail a chuimsiú agus a léiriú go físiúil.

Page 24: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201324

Bhí, agus tá sé fós de nós ag daoine coinnle a lasadh aimsirna Nollag d’fhonn fáilte a chur roimh an Maighdean Mhuireagus Naomh Iósaf. Is go fíortha a fheidhmíonn na coinnle saninsint seo d’fhonn na luachanna traidisiúnta ba bhonn lehaontacht an phobail orgánaigh a chuimsiú.

Sa chéad seat eile sa scannán, léirítear an teannas dialach-taiciúil idir an ghné bhriathartha agus an ghné fhísiúil go gre-anta. Sa seat seo, baineann na soilse meisciúla radharc na súldínn nach mór, ar shlí, agus cuimsíonn an seat seo meisce nódaille an tsaoil nua-aoisigh i gcomórtas le solas na gcoinnle traidisiúnta thuasluaite. Go deimhin, aibhsítear an tras -fhoirmiú atá tagtha ar na luachanna traidisiúnta sa saolcomhaimseartha trí mheán na soilse seo agus ar deireadh, ismar shamhlaoid a fheidhmíonn na soilse míobhánacha seotríd síos sa ghearrscannán seo d’fhonn critíc a dhéanamh arluachanna lonracha an Tíogair Cheiltigh, na luachanna a bhíceannasach nuair a deineadh an gearrscannán seo in 2008 .i.luachanna an nualiobrálachais (laissez-faire eacnamaíoch)agus an t-indibhid iúlachas héadónach a sceitheann an nualiobrálachas réamhluaite.

Sampla eile den dialachtaic idir an focal agus an fhís is ea antrácht aireacht fhísiúil a dheintear ar an líne ‘adaigh an tine istéir chun na leapan’. Tá feidhm fhíortha ag an ‘tine’ agus an‘leaba’ anseo mar ciallaíonn siad an saibhreas inmheánach—

pearsanta agus poiblí araon —a bhí ag an líon tí sa saol traidisiúnta. Murab ionann is na luachanna inmheánachaseo, áfach, tá an saol nua-aoiseach ciaptha de shíor ag luacháil sheachtrach.

Sampla iontach den luacháil sheachtrach seo is ea na titheclúdaithe le soilse gáifeacha sa ghearrscannán. Cuireann aninsint fhísiúil seo ceist dhúslánach ar an lucht féachana, arndóigh, agus is féidir linn an cheist seo a shainiú sna téarmaíseo a leanas faoi mar a dheineann Luc Ferry (2005): ‘Ciacu istábhachtaí sa saol comhaimseartha?’ arsa Ferry: (i) ‘la viebonne’ gona luachanna inmheánacha? nó (ii) ‘la vie réussie’gona luacháil sheachtrach? Áitíonn fianaise fhísiúil anghearrscannáin orainn nach fiú gal soip an ‘luacháil sheachtrach’ i gcomórtas le ‘luachanna inmheánacha’ comh-choitianta an phobail, dar liom.

TThar aon ní eile, áfach, braithim gur critíc láidir is ea angearr scannán seo ar an réadú (reification) a deineadhin Éirinn le blianta beaga anuas ar luachanna bunaidh

na Nollag. Ní hiad na luachanna traidisiúnta atá i dtreis athuilleadh i mBaile Átha Cliath, ná baol air, dhealródh, agusar chuma aisteach éigin deintear luacháil ar an Nollaig anois idtéarmaí tagartha an mhargaidh.

Léirítear an réadú seo trí allagar físiúil a chruthú idir na deilbhíní sa mháinséar agus na mainicíní i bhfuinneog antsiopa, Clerys. Anuas air sin, cáintear luachanna agus daillena ‘gceannaithe olla agus síoda’ go héiritheach sa ghearr -scannán agus léirítear nach daille go daille na ‘soilse … i dtighsin na haíochta’, mar a bhfuil na caipitlithe rachmasacha (.i.na ceannaithe) ag fáil ‘cóiriú gan chaoile bia agus deoch’.

Faid is atá boic na dtodóg mór á mbeathú féin, áfach, tá geamairecht shearbh na Nollag ag titim amach arshráideanna na cathrach mar a bhfuil oidhrí comhaimsearthaMhuire agus Iósaf ar easpa dídine. Deintear nasc éifeachtachidir an scéal bíobalta agus an fhadhb dhídine i mBaile Átha

Cliath agus is é an tátal atá le baint ón insint seo, dar liom, nágo ndallann na soilse gáifeacha agus luachanna an mharg -aidh sinn ar fad, nach mór, ar luachanna bunaidh na Nollag.

Níl sé seo iomlán fíor, áfach, agus tá fianaise áirithe saghearrscannán seo go bhfuil imir éigin den tuiscint thraidis-iúnta i dtaca le luachanna na Nollag fós i dtreis sa chathair.An grúpa amhránaithe a fheictear ag canadh na gcarúl, marshampla, nó an máinséar ar shráid Uí Chonaill. Tá léasdóchais ag deireadh an ghearrscannáin seo, leis, nuair a fheictear coinneal aonair i bhfuinneog an tí.

Áitíonn an seat ceamara deireanach seo orainn go bhfuilteachtaireacht bhunaidh na Nollag fós beo in áiteanna ach táathrú nó trasfhoirmiú tagtha ar mheán na teachtaireachta (.i.an coinneal leictreach) sa saol nua-aoiseach. Cuir eann ant-athrú ceoil ón mionghléas go dtí an mórghléas go mór leisan insint fhísiúil dhearfach sa seat deireanach, marcríochnaíonn an gearrscannán ar ‘nóta dóchasach’. B’fhéidirnár mhiste a rá gur rogha thar a bheith éifeachtach is ea ancóiriú atá déanta ar an ‘Coventry Carol’88 don ghearrscannánseo, leis.

Gearrscannán tábhachtach is ea Oíche Nollag a léiríonn antslí inar féidir linn earraíocht éifeachtach a bhaint as anoidhreacht thraidisiúnta Ghaelach i saol poiblí na tíred’fhonn critíc áititheach éifeachtach a dhéanamh ar luach -anna ceannasacha an status quo. Is minic a shamhlaítearsimplíocht chúlchéimnitheach leis an oidhreacht thraidis-iúnta seo i saol poiblí na tíre, faraor, ach solaíd iontach is eaan gearrscannán seo a léiríonn an poitéinseal radacachtreascrach atá ag an oidhreacht Ghaleach, agus a thaispeán -ann an tslí inar féidir le pobal na Gaeilge athmhúnlú agustrasfhoirmiú a dhéanamh uirthi d’fhonn allagar freasúrachceistitheach a chothú i ndioscúrsa poiblí na tíre.

TagairTíTagairTí:

• Al-Nakib, M. (2005) Assia Djebar’s Musical Ekphrasis. In Comparative Literature Studies. 42(4), 253-276.

• Ferry, L. (2005) Qu’est-ce qu’une vie réussie?. LGF, Paris.• Francis, V. (2011) Beyond Description: Ekphrasis and the

Expanding Lens. I• Callaloo. 34(3), 708-710.• O’Donoghue, B. (2005) Poetry in Ireland. I The

Cambridge Companion to• Modern Irish Culture (eag. Cleary & Connolly).

Cambridge University Press,• Cambridge, 173-189.

1. Dánta le Máire Mhac an tSaoi, Biddy Jenkinson, Nuala NíDhomhnaill, Louis de Paor, Mícheál Ó Cuaig & GearóidMac Lochlainn faoi seach.

2. Ar fáil: www.youtube.com/playlist?list=PL59DAB80D98EB502B3. ‘Mairg nach fuil ’na thrudaire/ eadraibhse a dhaoine

maithe/ ós iad is fearr chugaibhse/ a dhream gan iúl ganaithne’ (Ó Bruadair, D. ‘Mairg nach fuil ‘na Dhubh -thuata…’)

4. .i. Polaitiú an Chultúir5. Ar fáil: www.youtube.com/watch?v=_GallVs75Qw6. Ar fáil: www.poets.org/viewmedia.php/prmMID/155477. Ar fáil: www.anbioblanaofa.org/pdf/491Lucas.pdf8. Cuimsíonn an ceol seo comhthéacs bíobalta don ghearr -

scannán .i. Matha 2:16-18. Ar fáil: www.anbioblanaofa.org/pdf/471Matha.pdf

Is mar shamhlaoid a fheidhmíonn na soilse míobhánacha seo tríd síos sa ghearrscannán seo,Is mar shamhlaoid a fheidhmíonn na soilse míobhánacha seo tríd síos sa ghearrscannán seo,d’fhonn critíc a dhéanamh ar luachanna lonracha an Tíogair Cheiltigh, …d’fhonn critíc a dhéanamh ar luachanna lonracha an Tíogair Cheiltigh, …

Page 25: Feasta | Nollaig 2013

eiléan Ní Chuilleanáin a sheol

Ó Choill go Barr Ghéaráin le Somhairle MacGill-eain

in Amharclann helen Roe le linn iMRAM 2013Leagan Gaeilge le Paddy Bushe

Coiscéim. 2013. 240 lch. €20

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201325

CCaithfidh mé tosnú leis an ábhar brónach: cúis bhróindúinn go léir nach bhfuil Seamus Heaney linn chun anleabhar iontach seo a sheoladh. Is maith is cuimhin

liom uair a bhíos ag caint le Séamus faoin aistriúchán a bhíidir lámha aige ag an am san, Béarla a chur ar fhilíochtShomhairle Mhic Gill-Eain. Labhramar faoi cheol neamh -inaistrithe a chuid filíochta san, agus freisin faoin ngeas achuireann ar an léitheoir iasachta an iarracht a dhéanamhchun í aistriú. Mar aisling an chailín ag teacht thar n-ais óndomhan eile, ag mealladh óigfhir chun í a leanúint, é á churfaoi gheasa. An dán a bhí i gceist againn ná ‘Hallaig’. D’aon-taíomar gur rud do-dhéanta a bhí i gceist, rud nár éirigh leisan bhfile féin é a dhéanamh i gceart, ach gur cheart an iarracht a dhéanamh. Agus lean sé ar aghaidh agus scríobhsé an leagan breá a chloisfimid á léamh ar ball.

Sin dualgas an fhile, an rud do-dhéanta a bhaint amach.Agus sin freisin dualgas an aistritheora. An obair atácríochnaithe ag Paddy Bushe, obair mhór, dhílis, is é sin anrud beagnach do-dhéanta, filíocht Shomhairle Mhic Gill-Eaina thabhairt isteach i dteanga eile, inár nGaeilge féin. Taispéanann sé dúinn chomh leathan agus chomh cúng atáan bhearna idir an fhilíocht seo agus ár dteanga. Aguschomh leathan agus chomh cúng is atá saol idirnáisiúnta naGaeilge – an ‘t-idirghaelachas’

Cineál speisialta den aistriúchán é seo, ag tarraingt i leith fileiasachta i bhfocail atá i bhfad níos giorra dúinn ná mar atásiad nuair a léimid filíocht an domhain i lingua franca anBhéarla. Formhór na n-aistriúchán a thagann chugainn saGhaeilge ó thíortha eile, baineann siad geit asainn toisc gursmaointe agus traidisiúin eachtrannacha atá i gceist agus gurait linn bualadh leo i nGaeilge. Ach i gcás na leaganacha seo,tá na focail, agus cuid mhaith den traidisiún, agus cuidmhaith den stair – agus fiú den taobh tíre, mar a chonaic -eamar i scannán Éanna de Buis – chomh gar san dúinn go dtagann ionadh orainn, ionadh ar chúis eile.

Sin é go n-aithnímid na smaointe gur ceart iad a bheithagainn, go gcloisimid an guth poiblí, údarásach, léannta,idirnáisiúnta, atá ag an bhfile seo, guth ná cloistear a leithéidi bhfilíocht Ghaeilge na hÉireann. Tá stór focal aige abhaineann le lucht léitheoireachta sofaisticiúil, toisc nárthréig an Eaglais Phreispitéireach an teanga riamh b’fhéidir.Tagann ‘Gairm Éifeachtach’, ‘Staid an Nádúir’ díreach ónseachtú aois déag, ach faightear iad i stór focal file go bhfuil‘glór poiblí’, le ‘blas ár linne féin aige, mar a deir Breandán ÓDoibhlinn ina réamhfhocal breá.

Is breá liom an guth san a chloisint inár dteanga féin.Chuaigh mé ar ais go dtí na dánta a b’fhearr liom le fada,agus léigh mé aistriúchán Phaddy ar ‘An Sliabh ar Strae’, mara bhfuil an file ag machnamh ar an tslí a daoradh daoine go

hIfreann de réir dhiagachta John Calvin, nó chun báis ag Impireacht na Róimhe:

Parthas gan pharthas a chuideachta,mearbhall an ghasúir Shaor-Phreispitéirigh,a ghearán is an diúltú ciúinina dhiamhasla i scornach na Ginéive;

agus i scornach na Róimhe— cé go bhfuil an Phurgóid níos séimhe —an gadaí eile ar an gcroisis Spartacas lena arm céasta.

Blaisimid anseo saoirse intinne an fhile, agus seo an rud gurféidir é a aistriú: an chaoi a léimeann sé ó Dante (sa véarsaroimhe sin) go dtí an buachaillín Preispitéireach, agus arís óchéasadh Chríost go dtí Spartacas.

Is fíor freisin a ndúirt Séamus Heaney, gur file ‘lonnaithe’Somhairle Mac Gil-Eain. Mar a chonaiceamar i scannánÉanna, tá an nasc idir an file agus an áit dúchais an-láidir. Aithnímid é sin ónár gcultúr féin, fiú sa spéis atá aige siúdagus againne in áiteanna sochraide. Deir sé agus é agcaoineadh carad:

Dá mbeadh tú ins an gClachannó ar Chnoc an Rà,bheifeá i measc leath do mhuintire, …

Agus é ina dheoraí óna oileán dúchais, deir sé

ní shroichfinn riamh fíor aon áiteóna bhfeicfinn tigh mo mháthar …

Ins an dán fada, ‘An Cuilithionn’, tá ainmneacha nan-áiteanna, na ndúichí, beagnach chomh tábhachtach leis nasmaointe polaitiúla, agus creidim go n-aithnímíd an grá logainmne san agus go dtuigimid é.

TTá daoine i Meiriceá, gur dóigh leo gur scríobh an RíSéamus, sin Séamus céad Rí Alban agus Shasana, anBíobla. Tá dearmad déanta acu gur aistriúchán atá ann

ar leabhar ársa. Tá daoine in Éirinn a bhíonn ag labhairt faoiBhíobla Bedell, ach tá fhios acu nár dhein an t-easpag achobair an aistriúcháin a chur ar bun. Níl aon bhaol ann gondéanfaimidne dearmad gur file Albanach atá againn anseo.Ach tá súil agam go n-éireoidh leis an aistriúchán atá déantaag Paddy Bushe, go ndruidfidh an bailiúchán filíochta linn, gogcuirfear fáilte chomh díograiseach roimhe isteach inárgcultúr go bhféadá dearmad a dhéanamh – beagnach.

An uair dheiridh a chas mé le Somhairle MacGill-Eain, dúirtsé faoi m’fhear céile, Macdara Woods, ‘Oh, I owe him somuch’ agus é ag tagairt do léirmheas a scríobh seisean arDàin do Eimhir. Bhí meas aige ar a lucht léitheoireachta inÉirinn. Agus mé ag léamh an leabhair seo, guth na Mumhaná chloisint agam, smaointe an fhile Albanaigh, chreid mé goraibh raon na bhfilí, ‘ó Chliar go Cataibh’ i bhfeidhm arís. ◊

Page 26: Feasta | Nollaig 2013

www.feasta.ie Feasta, Nollaig 201326

BlúiríníBlúiríníle

Pádraig

Mac

Fhearghusa

• Oidhreacht Chorca Dhuibhne• Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Beidh gearrchúrsa cruinnis sa Ghaeilgear siúl i Músaem Bhaile anFheirtéaraigh, 14 -15 Feabhra 2014.Díreofar ar fhoghraíocht agus arstruchtúir na teanga, agus na botúin iscomónta sa Ghaeilge scríofa. Breath -nófar ar na háiseanna agus acmhainníatá ann do theagasc óirí Gaeilge aguslucht aistriúcháin. Ní mór a bheith líofago maith sa Ghaeilge. Fáilte roimhmholtaí i scríbhinn faoi ábhar an chúrsago dtí Oidhreacht Chorca Dhuibhneroimhré. Beir leat foclóir. Costas anchúrsa €100. Tuilleadh eolais agwww.oidhreacht.ie nó ag 066 91 56 100nó ríomhphost chuig [email protected].

• Cumann Gaelach na hEaglaise• Cumann Gaelach na hEaglaise

15 Nollaig: Seirbhís Chathartha Carúl idTeampall Naomh Seoirse, Béal Feirsteag 5.00pm. • Ardteampall Chríost, BÁC:An Chomaoineach Naofa, as Gaeilge aran 29 Nollaig 2013 ag 3.30pm.http://ireland.anglican.org/news/4720

• Siompóisiam an tSeabhaic siar• Siompóisiam an tSeabhaic siar

Eagrófar an siompóisiam ar an Seabhacsan ath bhliain. Cuireadh an ócáid a bhíle bheith i gColáiste íde, Baile anGhóilín, siar mar chomhartha ómóisdon scoláire béaloidis, Bo Almqvist,beannacht Dé leis.

• Comórtas scríbhneoireachta nua • Comórtas scríbhneoireachta nua

Sheol craobh Ghrealláin, Béal Átha naSlua, de Chonradh na Gaeilge comórtasgearrscéalaíochta le deireanas. Duais€300 don bhuaiteoir. An scríbhneoiraitheanta Mícheál Ó Ruairc an moltóir.Comórtas do dhaoine os cionn 18mbliana d’aois é. Dé Sathairn, 1 Feabhra2014 an spriocdháta iontrála. Ní mórcóip leictreonach den ghearr scéal achur ag [email protected] i bhfoirm .doc leis an bhfocal ‘Gearrscéal’sa líne cheannteidil nó cóip chló -bhuailte a sheoladh go dtí ‘Gearrscéal’,2 Radharc na Coille, Béal Átha na Slua,Co. na Gaillimhe. Tuilleadh eolais arwww.gearrsceal.com nó arFacebook/gearrscéal nó is féidirteagmháil a dhéanamh le Seosamh ÓBeirgin ag 086-3536085.

• Comhdháil Ghaelscoileanna• Comhdháil Ghaelscoileanna

‘Ó fhianaise go barr feabhais’ a bhí marmhana ag ceiliúradh dhá scór bliainGaelscoileanna Teo. ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2013 na heagraíochta sin agus Eagraíocht naScoileanna Gaeltachta Teo san ÓstánJohnstown Hotel ar an mBóthar Buí, Co.na Mí. Mar aitheantas tháinigUachtarán na hÉireann, Mícheál D. ÓhUigínn, i láthair don oscailt chun anócáid a cheiliúradh leis na scoileannaagus a bpobail ar an 22 Samhain. Nuaira bunaíodh Gaelscoileanna sa bhliain1973 bhí 12 bhunscoil agus 5 iarbhun-scoil lán-Ghaeilge sa stát ó dheas; anoistá 144 agus 36 faoi seach. B’ábhar sásaimh do rannpháirtithe go n-aith-nítear na buntáistí cognaíocha, sóisialtaagus cultúrtha a bhaineann leis angcóras tumoideachais do pháistí, agus isábhar bróid ar leith é gur luaigh an tUachtarán gur léir in Éirinn agus gohidirnáisiúnta, go ngnóthaíonn anpáiste ‘ní hamháin sa Ghaeilge agus saBhéarla, ach sa Mhatamaitic agus sanEolaíocht chomh maith’ dá thoradh.

• RITH 2014• RITH 2014

Fógraíodh cúrsa Rith 2014 ar an 2Samhain ag an Oireachtas i gCill Airne,cúrsa 1000 km, a deir Cormac Ó Feinn -eadha, bainisteoir. Tosnóidh OllrithNáisiúnta na Gaeilge i mBaile Bhuirne aran 7 Márta. Beidh an baitín sealaíochtaá mhalartú idir daoine agus grúpaíreatha gach ciliméadar ar feadh naoi lá.Críochnófar le féile mhór pobail igcroilár Bhéal Feirste ar an 15 Márta.Cuirfear an t-airgead ar fad ó Rith 2014 igciste nua Gaeilge as a dtabharfarmaoiniú do ghrúpaí pobail Gaeilge ar

fud na tíre. Fáilte roimh scoileanna,chlubanna óige, ghrúpaí pobail aguschlubanna spóirt páirt a ghlacadh, maraon le daoine aonair agus dream ar bitheile ar spéis leo an teanga. Is féidirteagmháil a dhéanamh le Cormac ÓFeinneadha, Bainisteoir Rith ag 01-4757401, nó [email protected], 6Sráid Fhearchair, BÁC 2.

• Lá Oscailte ITBÁC• Lá Oscailte ITBÁC

Beidh Lá Oscailte Institiúid Teicneol -aíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) ar siúlDé hAoine 6 agus Dé Sathairn 7 Nollaigin ITBÁC Shráid Aungier ón 9a.m. –3p.m. Tá suíomh gréasáin beo anois agwww.dit.ie/openday. Deis do mhic léinné Institiúid Teicneolaíochta Bhaile ÁthaCliath a fheiscint agus eolas a fháil arsheirbhísí, áiseanna agus chlubanna nahInstitiúide. Beidh foireann Spin 103.8ag craoladh beo ó Shráid Aungier.

• Croílár na Réabhlóide• Croílár na Réabhlóide

Réabhlóid Nua na Gaeilge: An ChéadGhlúin Eile Á Spreagadh, bhíothas áphlé san ag Oireachtas 2013. LabhairMícheál Ó Foighil, Máire Treasa NíDhubhghaill, Aodhán Ó Deá agus TraicÓ Braonáin ar chuid de na réabhlóiditheteanga is aitheanta i saol na Gaeilge agSeimineár Chonradh na Gaeilge sanÓstán Brehon, Cill Airne, ar an 2Samhain. D’aontaigh Donn chadh ÓhAodha, Uachtarán an Chonartha,cathaoirleach an tseimineáir, ‘nach mórdúinn díriú ar na daoine óga le Gaeilgea spreagadh leis an teanga a úsáid las-muigh den seomra ranga, agus gníomhúchun bealaí sóisialta nuálacha a chruthúdóibh chun sult a bhaint as an nGaeilge,má táimid ag súil go leanfaidh an chéadghlúin eile á labhairt.’ ◊

Thug Lára Ní Dhálaigh agus Deirdre Ní Dhonn-chadha ó An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile,Corcaigh, Corn Gael Linn / The Irish Times leoag an gCraobhchomórtas Díospóireachta donTríú Leibhéal ar an 2 Samhain ag an Oireachtasi gCill Airne. Bhí na céadta mac léinn ó choláistítríú leibhéal ar fud na tíre i láthair don fhéile.Cháiligh na ceithre foirne i réamh bhabhtaídúshlánacha tamall roimh ré: An ColáisteOllscoile, BÁC (Niall Ó hUiginn agus Dónal ÓCatháin); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (LáraNí Dhálaigh agus Deirdre Ní Dhonnchadha);Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Loinnir NíDhonn ghaile agus Evelyn Fennelly), agus donchéad uair riamh, foireann ó Ollscoil UladhMhig Aoidh, Doire (Corey Hanna agus Erin NíLochlainn). íocaíochtaí leasa shóisialaigh leosan atá faoi 25 bliana an t-ábhar conspóideach a bhí le plé. Tharla gur rug Lára duais liteartha léi, chomh maith, ar dhándar teideal, ‘Nóta Greamaithe don Chuisneoir’, agus ghlac Deirdre páirt i gcomórtas nalúibíní. • Thuas, an t-iar-aire Pat Carey, aoi-chainteoir ar an ócáid, le Deirdre Ní Dhonnchadha (ar chlé) agus Lára Ní Dhálaigh.◊

Page 27: Feasta | Nollaig 2013

Conradh na GaeilgeConradh na GaeilgearDFheis 2014 arDFheis 2014

28 Feabhra 28 Feabhra –– 2 márta2 mártaheights hotel, Cill airne, Co. Chiarraíheights hotel, Cill airne, Co. Chiarraí

Réamheolas: Sceideal imeachtaí na hArdfheiseRéamheolas: Sceideal imeachtaí na hArdfheise

Déardaoin 27/02/2014Déardaoin 27/02/2014Léacht ar dhúchas Gaelach an cheantair

Dé hAoine 28/02/2014Dé hAoine 28/02/2014• Cuairteanna réamh-Ardfheise sa chomharsanacht • Fáilte & oscailt

• Seimineár le Painéal Cainteoirí •Ceol

Dé Sathairn 01/03/2014Dé Sathairn 01/03/2014• Caint iarbhricfeasta • Maidin le Gnó na hArdfheise

• Toghcháin: Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge• Toghcháin: Uachtaránacht Chonradh na GaeilgeCoiste Gnó Chonradh na Gaeilge srl.Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge srl.

• Ceardlanna • Crannchur na hArd-fheise • Comórtas Peile• Siúlóid Urraithe do Ghaelscoil Faithleann • Dinnéar na hArdfheise & ceol

Dé Domhnaigh 02/03/2014:Dé Domhnaigh 02/03/2014: Aifreann

Bí linn!Bí linn!Glac páirt sa Siúlóid Urraithe do Ghaelscoil Faithleann (Cill Airne)Glac páirt sa Siúlóid Urraithe do Ghaelscoil Faithleann (Cill Airne)

Lóistíní Ardfheis 2014 ag an heights hotel, Cill AirneLóistíní Ardfheis 2014 ag an heights hotel, Cill AirneRoghanna (praghasanna an duine)Roghanna (praghasanna an duine)

An Rogha atá moltaAn Rogha atá molta duine/seomra beirt/seomraAA oíche Aoine & Satharn l/b + Dinnéar (Sath.) * €129 €99

Roghanna eileRoghanna eileB1B1 oíche Aoine l/b €54 €39B2B2 oíche Shathairn l/b + Dinnéar (Sath.) * €84 €59

C1C1 oíche Déardaoin, Aoine & Satharn l/b + Dinnéar (Sath.) * €174 €129C2C2 oíche Aoine, Satharn & Domhnach l/b + Dinnéar (Sath.) * €174 €129

DD oíche Déardaoin, Aoine, Satharn & Domhnach l/b + Dinnéar (Sath.)* €219 €149* tabharfaidh an t-óstán an ticéad dinnéir (Sath.) duit agus tú ag clárú san óstán* tabharfaidh an t-óstán an ticéad dinnéir (Sath.) duit agus tú ag clárú san óstán

Beidh na praghasanna thuas ar fáil ón óstán go dtí Dé hAoine 14 Feabhra 2014. Beidh na praghasanna thuas ar fáil ón óstán go dtí Dé hAoine 14 Feabhra 2014. ina dhiaidh san is gnáth-phraghasanna an óstáin a bheidh i bhfeidhm.

Déan áirithint díreach leis an óstán (agus luaigh “Conradh na Gaeilge”)Déan áirithint díreach leis an óstán (agus luaigh “Conradh na Gaeilge”)heights hotel: Guthán: (064)663 1158 Faics: (064)663 5198

r-phost: [email protected]

Trí chéim le tógaint anois: Trí chéim le tógaint anois: • 1. Déan áirithint leis an óstán. • 1. Déan áirithint leis an óstán. • 2. Cláraigh mar Theachta • 3. Scaip an scéal• 2. Cláraigh mar Theachta • 3. Scaip an scéal

Page 28: Feasta | Nollaig 2013

COnraDh na GaeiLGeCOnraDh na GaeiLGearDFheis 2014 arDFheis 2014

28 Feabhra 28 Feabhra –– 2 márta2 mártaheights hotel, Cill airne, Co. Chiarraíheights hotel, Cill airne, Co. ChiarraíFáilte romhaibh ó Chraobh na nairneFáilte romhaibh ó Chraobh na nairne

FoiRM ChLÁRAiThe TeAChTAÍFoiRM ChLÁRAiThe TeAChTAÍ

Ainm: _______________________________________________________________________

Seoladh: ____________________________________________________________________

____________________________________________________________________________

____________________________________________________________________________

Guthán: ______________________________ R-phost: _______________________________

Craobh/Coiste Contae/Dáil Chúige/Ball Aonair: ______________________________________

(Cuir √ sna boscaí cuí)(Cuir √ sna boscaí cuí)

� Táille Chláraithe (€20) €________

� Táille Chláraithe – ball de chraobh Tríú Léibhéal (€10) €________

� Turasanna (Dé hAoine) saor 10.00 ~ 12.00

(cuir √ i mbosca amháin)(cuir √ i mbosca amháin)� Gaelscoil Faithleann � Siúlóid (ag brath ar aimsir)

� Ticéad don Dinnéar Ardfheise (Dé Sathairn) €30 €________Tá seo in áirithe agat cheana féin, má tá áirithint le dinnéar déanta agat leis an óstán d’oíche Shathairn agus gheobhaidh tú do thicéad ón óstán is tú ag clárú ann.

ticéid bhreise @ €30 an ceann €________

� Siúlóid iarnóin (Dé Domhnaigh)Áirithintí agus táille le socrú le [email protected] ________

ioMLÁN € __________

Tá seic ar €________ leis seo

Bheifí an-bhuíoch díot ach an fhoirm seo agus an íocaíocht a bheith arais agBheifí an-bhuíoch díot ach an fhoirm seo agus an íocaíocht a bheith arais agConradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, roimh 25 FeabhraConradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, roimh 25 Feabhra