nuachtlitir an conartha, nollaig 08

12
Tá do chabhair de dhíth ó Chonradh na Gaeilge! Mar a tugadh le fios ag Ard-Fheis na bliana seo, tá géarghá práinneach againn teacht ar airgead chun obair na hea- graíochta a chur i gcrích go héifeachtach. Cuireadh scéim Shíntiús na nGael ar bun cúpla bli- ain ó shin le hairgead a bhailiú agus mura bhfuil páirt agat ann cheana, níl am níos fearr ná anois chun síntiús a ghlacadh duit féin, nó do Ghaeilgeoir tiomanta eile ar aithne agat mar bhronntanas iontach Nollag! Cabhróidh an t-airgead linn na rudaí seo a leanas a bhaint amach: timirí a fhostú sna cúigí; mórfheachtais an Chonartha a phoibliú níos fearr; nuachtlitir mhíosúil an Chonartha a fhorbairt; cur leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do na craobhacha agus do bhaill; cur le camchuairteanna eo- lais ar fud na tíre; seirbhísí Gaeilge (dá leithéid stáisiún raidió Gaeilge don aos óg) a chur ar fáil go fadtéarmach; áiseanna múinteoireachta níos fearr a chur ar fáil do mhúinteoirí ranganna Gaeilge an Chonartha; agus eile. Tá gach eolas ar an mbileoga ini- ata agus im- píonn muid ort cabhrú linn cabhraigh libhse chun tús úr a chur le hobair na heagraíochta san Athbhliain. Cláraigh linn mar bhall de Chlub na nGael trí Shíntiús na nGael a ghlacadh linn inniu! Eagrán 4.2 15 Nollaig 2008 Eagrán 4.2 15 Nollaig 2008 SAN EAGRAN SEO: 1. Bronntanas Nollag 2. Taispeántas Ealaíne 2. Seachtain na Gaeilge 3. Cúrsaí Treoirghairme 4. Do Sheans le Gaeilge 5. Fuinneamh 2008 5. Na Cnocadóirí 6. Gradam Mhaigh Eo 6. Léachtaí Seamus Heaney 7. Ríomhairí & Suímh 8. Imeachtaí Áitiúla 9. Comórtas Mhaigh Eo 9. Craoladh na Gaeilge 10. Saor-Chomhairle Dlí 10. Raidió Rí-Rá na Nollag! 11. Comórtas Lógó 11. Ranganna Eanáir 12. Crosfhocal 1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Bronntanas Nollag don Chonradh! Bronntanas Nollag don Chonradh! Le cabhair ó: Le cabhair ó: Guíonn foireann uile an Chonartha Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Sheán ‘s faoi Mhaise ar na craobhacha agus ar na baill ar fad. Go raibh míle maith agaibh go léir as an obair iontach a ndearna sibh ar son na teanga tríd an bhliain, táimid ag tnúth leis an nGaeilge a chur chun cinn i bhur dteannta chomh dícheal- lach céanna in 2009! Foireann an Chonartha

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 29-Mar-2016

300 views

Category:

Documents


0 download

DESCRIPTION

1. Bronntanas Nollag 9. Craoladh na Gaeilge 2. Seachtain na Gaeilge 11. Ranganna Eanáir 4. Do Sheans le Gaeilge 12. Crosfhocal 10. Saor-Chomhairle Dlí 3. Cúrsaí Treoirghairme 11. Comórtas Lógó 2. Taispeántas Ealaíne 5. Na Cnocadóirí 6. Léachtaí Seamus Heaney 8. Imeachtaí Áitiúla 10. Raidió Rí-Rá na Nollag! 7. Ríomhairí & Suímh Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] 1 1 Le cabhair ó: Le cabhair ó:

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

Tá do chabhair de dhíth óChonradh na Gaeilge! Mar atugadh le fios ag Ard-Fheisna bliana seo, tá géarghápráinneach againn teacht arairgead chun obair na hea-graíochta a chur i gcrích gohéifeachtach.C u i r e a d hscéim Shíntiúsna nGael arbun cúpla bli-ain ó shin lehairgead abhailiú agusmura bhfuilpáirt agat ann cheana, nílam níos fearr ná anois chunsíntiús a ghlacadh duit féin,nó do Ghaeilgeoir tiomantaeile ar aithne agat marbhronntanas iontach Nollag!Cabhróidh an t-airgead linnna rudaí seo a leanas abhaint amach: timirí afhostú sna cúigí;mórfheachtais anChonartha a phoibliú níosfearr; nuachtlitir mhíosúilan Chonartha a fhorbairt;cur leis an tacaíocht achuirtear ar fáil do nacraobhacha agus do bhaill;cur le camchuairteanna eo-lais ar fud na tíre; seirbhísíGaeilge (dá leithéid stáisiún

raidió Gaeilge don aos óg) achur ar fáil go fadtéarmach;áiseanna múinteoireachtaníos fearr a chur ar fáil domhúinteoirí rangannaGaeilge an Chonartha; aguseile.

Tá gach eolasar anmbileoga ini-ata agus im-píonn muidort cabhrúlinn cabhraighlibhse chuntús úr a chur

le hobair na heagraíochtasan Athbhliain. Cláraigh linnmar bhall de Chlub nanGael trí Shíntiús na nGaela ghlacadh linn inniu!

Eagrán 4.2 15 Nollaig 2008 Eagrán 4.2 15 Nollaig 2008

SAN EAGRAN SEO:

1. Bronntanas Nollag

2. Taispeántas Ealaíne

2. Seachtain na Gaeilge

3. Cúrsaí Treoirghairme

4. Do Sheans le Gaeilge

5. Fuinneamh 2008

5. Na Cnocadóirí

6. Gradam Mhaigh Eo

6. Léachtaí Seamus Heaney

7. Ríomhairí & Suímh

8. Imeachtaí Áitiúla

9. Comórtas Mhaigh Eo

9. Craoladh na Gaeilge

10. Saor-Chomhairle Dlí

10. Raidió Rí-Rá na Nollag!

11. Comórtas Lógó

11. Ranganna Eanáir

12. Crosfhocal

11Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Bronntanas Nollag don Chonradh!Bronntanas Nollag don Chonradh!

Le cabhair ó:Le cabhair ó:

Guíonn foireann uile anChonartha Nollaig Shonaagus Athbhliain faoiSheán ‘s faoi Mhaise arna craobhacha agus ar nabaill ar fad. Go raibh mílemaith agaibh go léir as anobair iontach a ndearnasibh ar son na teanga trídan bhliain, táimid agtnúth leis an nGaeilge achur chun cinn i bhurdteannta chomh dícheal-lach céanna in 2009! Foireann an Chonartha

Page 2: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

22 Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009

D’oscail an scríbhneoir mór le rá Liam MacCon Iomaire taispeántas ealaíne na Nollagi gClub Chonradh na Gaeilge ag tús namíosa seo. Ócáid iontach a bhí ann lecraic, comhluadar agus sólaistí den scoth!Bhí an áit dubh le daoine ag iarraidh anchéad amharc a fháil ar na saothairbhreátha a bhí crochta i ngach cúinne denChlub agus a bheas ar taispeáint ann go dtían 23 Nollaig 2008. Craobh Aimhirgin anChonartha atá ina bhun agus is fiú go mórbualadh isteach le súil a chaitheamh ar anealaíon álainn. Reáchtáladh seoladh leabhar agus FéileCeilt Le Chéile i gClub an Chonartha ledéanaí freisin, féile a bhí comhurraithe agColmcille agus Aileog, gur éirigh thar cionn

leo. Más mian leat tuilleadh eolais arimeachtaí an chlub a fháil breathnaighar www.anclub.ie nó téigh i dteagmháille Seán Mac Suibhne ag: [email protected] / 01 4751480

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl arfeadh coicíse ón 2 – 17 Márta 2009 an bh-liain seo chugainn agus tá nahullmhúcháin tosaithe cheana féin! Is íSeachtain na Gaeilgeceann de na féilteidirnáisiúnta is mó chunan Ghaeilge agus ancultúr Gaelach a churchun cinn. Bíonn na mílteimeacht eagraithe inÉirinn agus ar fud andomhain, agus freasta-laíonn na céadta míle duine ar nahimeachtaí sin. Beidh neart le déanamhthar tréimhse 3 mhí idir seo agus tús ancheiliúrtha mar sin, agus bheadh anfhoireann an-bhuíoch ar fad asaibh dá bh-féadfadh craobhacha, scoileanna aguséinne eile ag glacadh páirt sa bhféile cloíleis na spriocdhátaí seo a leanas:• Foirmeacha imeachtaí le bheith istigh/ imeachtaí le bheith cláraithe ar an

suíomh idirlín 19-12-2008• Dáta deiridh le hathraithe adhéanamh don chlár 19-01-2009• Dáta deiridh d’ordaithe ar ábhair tha-

caíochta 26-01-09• Dáta deiridh igcomhair iarratais nagcomórtas scoile 20-03-09Tá suíomh idirlín Sheach-tain na Gaeilge áathchóiriú faoi láthair,mar sin ní féidir imeach-taí a chlárú ar-líne go dtí

go mbeidh an suíomh nua ar fáil i ndiaidhna Nollag. Idir an dá linn, ba mhór leis anbhfoireann SnaG dá seolfadh sibh sonraíbhur n-imeachtaí chucu sa phost ag 6Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 nóar ríomhphost ag [email protected] / [email protected]. Is féidir tuilleadh eo-lais a fháil ar www.snag.ie nó glaoch ar +353 (0)1 4757401

Seachtain na Gaeilge 2009Seachtain na Gaeilge 2009

Taispeántas EalaíneTaispeántas Ealaíne

Page 3: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

33Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Siolla an Chláir & Buntáiste Breise na GaeilgeSiolla an Chláir & Buntáiste Breise na GaeilgeD’eagraigh An Clár as Gaeilge Teo. agusCoiste Ghlór na nGael, Inis seimineár lae doscoláirí meánscoile dar teideal Is Leatsa anGhaeilge mar chuid de Thionscnamh For-bairt Pearsanta Iarbhunscoile le déanaí.Tionóladh Fóram Óige an Chláir san ionadálainn i gCois na hAbhna, Inis chun seans athabhairt do scoláirí iarbhunscoile feidhm abhaint as a gcuid Gaeilge i suíomh taobhamuigh den seomra ranga, agus arna tais-peáint do na déagóirí cad iad na deiseannaatá ann sa saol mórdo dhuine le Gaeilgeaige nó aici freisin.Bhain trí mheánscoildéag páirt sa bh-fóram, idir Ghael-choláistí agusmheánscoi leannaBéarla, agus d’fhreastail breis ‘s 80 daltaiarbhunscoile ó gach carn den chontae ar anseimineár.Thug Marc Mac Lochlainn ó chompántas drá-maíochta Branar ceardlann drámaíochtacéad rud ar maidin agus bhí deis ag nascoláirí labhairt lena chéile agus tuairimí aphlé trí mheán na Gaeilge, chomh maith lecluichí a imirt chun aithne a chur ar a chéile.Ansin labhair aíonna a úsáideann anGhaeilge mar theanga labhartha inagnáthshaol oibre leis na daltaí i ndiaidh anlóin chun léargas agus tacaíocht a thabhairtdóibh maidir le húsáid na Gaeilge. I meascna n-aoíchainteoirí bhí Bláthnaid Ní Dhonn-chadha, iar-Rós an Chláir ó Inis atá anois agobair mar saoririseoir le TG4; údar mór le ráRé Ó Laighléis; agus Cormac Ó Loideáin,láithreoir aimsire le TG4. Chomh maith leissin, labhair Emer Ní Fhlaitheartaigh,Oifigeach Gaeilge Comhairle Contae anChláir leo faoina post agus na dualgaiséagsúla a chomhlíonann sí ina slí beatha.Rinne Risteard Ó Fuaráin an-chaint faoin

eagraíocht Ógras agus conas a fuair sé postann agus bhí Deirdre Davitt ann ó Fhoras naGaeilge. Labhair Síne Nic an Ailí faoinabpost i gConradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá, raidió atá ar an idirlíon do dhaoine óga,agus bhí Conn Ó Muinneacháin ó Clare Fmag caint faoi Edgecast Media, agus rinne sécraoladh beag beo ar an idirlíon in éineachtleis na daltaí. Bhí deis ag na daltaí ceis-teanna a chur ar na haíonna ar deireadh,bhuaigh an cheist is fearr iPod Nano agus ar

an iomlán, d’éirigh gohiontach leis an bh-fóram. Tá na hea-graíochtaí ag súil leisan ócáid a shocrú arísan bhliain seochugainn. Más spéisleatsa ócáid dá lei-

théid a eagrú leis na scoileanna áitiúla ido cheantarsa, déan teagmháil leis AnClár as Gaeilge ag +353 (0)65 6864474 /[email protected] an dóigh chéanna, d’eagraigh ComhdháilNáisiúnta na Gaeilge seimineár dar teidealBuntáiste Breise na Gaeilge do dhaltaí scoilei gCathair agus i gContae Átha Cliath i Hallana Saoirse ag tús na míosa freisin. Labhairpearsana móra le rá faoin mbuntáiste breisea thugann an Ghaeilge dóibh agus iad ag duli mbun a ngairmeacha beatha. Mhínigh siaddon lucht éisteachta cén chaoi ar bhain siadna poist éagsúla atá acu amach agus an tion-char a bhí ag an nGaeilge ar an bpróiseassin. Thug ionadaithe ó na institiúidíoideachais tríú leibhéal Fiontar, Gairmeachale Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Bhaile ÁthaCliath agus Acadamh na hOllscolaíochtaGaeilge, Gaillimh eolas do na daltaí scoilefaoi na deiseanna oideachais atá ann dóibhtrí mheán na Gaeilge sna sála ar sheisiúnceisteanna freisin.

Page 4: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

44 Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009

Bhí thart ar 150 duine ó cheantair éagsúla inOirthear na Gaillimhe i láthair ag ócáid mhórGhaelach i mBaile Locha Riach ar an 2 Nollaig2008 nuair a rinne an Comhairleoir PeterFeeney, Méara Chontae na Gaillimhe, feach-tas Gaeilge nua d’Oirthear Chontae na Gail-limhe a sheoladh. Do Sheans le Gaeilge ant-ainm atá ar an bhfeachtas nua ar chlárfeasacháin é maidir leis na seirbhísítacaíochta d’fhorbairt na Gaeilge atá ar fáilin Oirthear na Gaillimhe a chur os comhair anphobail. Tá an togra curtha le chéile agComhairle Chontae naGaillimhe, Coiste Gair-moideachais Chontae naGaillimhe agus GaeilgeLocha Riach, tograpobail de chuid Chon-radh na Gaeilge atátiomanta do fhorbairt naGaeilge in Oir-Dheis-ceart na Gaillimhe.Chonaic na hea-graíochtaí seo go raibhan-éileamh ar rangannaGaeilge, ar scoileannalán-Ghaeilge agus arimeachtaí sóisialta tríGhaeilge ar fud an cheantair agus mheas siadoibriú as láimh a chéile le straitéischomhtháite do sholáthar na seirbhísí áiritheseo a chur le chéile chun éifeacht archaiteachas airgid phoiblí sa réimse seo achinntiú. Mar thoradh ar chomhoibriú na n-ea-graíochtaí seo, seachnaítear dúbailt arsholáthar ranganna agus imeachtaí Gaeilgeagus cuirtear an t-eolas ar fad os comhair anphobail ar bhealach atá éasca le tagairt adhéanamh dó. Tugann an bróisiúr atá seoltaeolas maidir leis na seirbhísí ar fad atá ar fáilin Oirthear na Gaillimhe ó chúrsaí oideachaisagus scolaíochta, go ranganna oíche agus

imeachtaí sóisialta atá ar fáil sna ceantairéagsúla. Tháinig an seoladh oifigiúil sna sála ar réimseimeachtaí Gaelacha a bhí ar siúl i mBaileLocha Riach i rith an tráthnóna le haonachleabhar d’óg, An Spailpín Fánach ar cuairt,ceardlann liteartha do phaistí ar an leabharAn Phleist Mhór le Ré Ó Laighléis, agus seo-ladh Yankí Dúidil le Glór na nGael le healaíon-tóir an leabhair Alison Mac Cormaic i láthair.Bhí idir cheol agus drámaíocht ar fáil goflúirseach le sleachta óna dhráma ar Phádraic

Ó Conaire léirithe ag Di-armuid De Faoite agusceoltóirí ag fearadhfáilte roimh an tslua. Se-oladh leabhar arPhádraic Ó Conaire fostachomh maith le leabharoidhreachta ar charach-tair áitiúla le tioncharnáisiúnta ó cheantarLocha Riach, Na ClochaBeo. Cuireadh spéis arleith sa Spraoicheist antráthnóna sin freisin agusceisteanna bunaithe ar

imeachtaí Gaelacha sa chomharsanacht.Cuireadh clabhsúr le himeachtaí na hoíchenuair a bhronn Príomhoifigeach Fei-dhmiúcháin Choiste Gairmoideachais Chontaena Gaillimhe, Seosamh Mac Donnacha,Gradaim Locha Riach. Bronnadh breis is dháscór gradam ar fad ar mhaithe le haitheantasagus buíochas a thabhairt do na heagraíochtaípobail éagsúla as an méid a bhí déanta aculeis an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantarin 2008 agus moladh mór ag dul dóibh. Tuil-leadh eolais: Gaeilge Locha Riach +353(0)91 870718 / [email protected]

Do Sheans le GaeilgeDo Sheans le Gaeilge

Do Sheans Seolta in Óstán Locha Riach.

Page 5: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

55Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Deireadh seachtaine spraíúil, fuinniúil a bhíag muintir Chill Dara le déanaí nuair ad’eagraigh Glór na Ríogh an fhéile mhórbhliantúil Fuinneamh 2008 do phobalGaeilge an cheantair. Bhí réimse leathanimeachtaí ar siúl ón 5 – 7 Nollaig idir chior-cail chainte, cheardlanna spóirt agusealaíne, thurais lae agus chuairteoiríspeisialta, na fir ghrinn Shortly agus Gigglesagus fear ar leith le féasóg mhór bhán ónMol Thuaidh san áireamh!

Bhailigh slua le chéile ar an Aoine leis anbhféile a oscailt le taispeántas ó dhaltaíGhaelscoil Nás na Ríogh agus Ghael-choláiste Chill Dara, céilí, ceol ón ngrúpaáitiúil Cathú agus sólaistí. Mar chuid denoscailt oifigiúil, thug Coiste Ghlór na Ríoghaitheantas do na grúpaí áitiúla le Gradaimna nGael 2008. Bronnadh gradam arChomhairle Bhaile Nás na Ríogh as nacomharthaí dátheangacha atá crochta inairde acu ar fud an bhaile; ar Choiste Gair-moideachais Chill Dara as a gcuidtacaíochta do na hógchlubanna áitiúla agusas soláthair cóiríochta do Ghaelscoil Nás naRíogh; agus ar dhaltaí Ghaelcholáiste ChillDara as an obair dheonach uile a dhéanannsiad chun an Ghaeilge a chur chun cinn godíograiseach dícheallach. Comhghairdeasleo uile! Tuilleadh eolais: Anita Nic Amhlaoidh +353 (0)85 7028787 / Glór naRíogh +353 (0)45 898766

Más Gaeilgeoir tú, nó duine atá ag fogh-laim na teanga agus go bhfuil spéis agatsa siúl agus sa chnocadóireacht, tá fáilteá cur romhat páirt a ghlacadh i siúlóidírialta leis an ngrúpa sléibhteoireachta,Na Cnocadóirí! Téann na Cnocadóirí agsiúl i sléibhte Chill Mhantáin gach coicís,ar an Domhnach, ó Mheán Fómhair goBealtaine agus is iontach an tús é donAthbhliain éirí gafa linn. Buaileann muidle chéile ag oifigí Bhord Soláthair an Le-ictreachais (ESB) ar Shráid Mhic LiamÍochtarach (Lower Fitzwilliam Street)gach ré Domhnach, ag fágáil ag 10.00rn.Mura n-oireann sin duit, tig leat a dhuldíreach chuig ionad tosaithe na siúlóide.Tosaíonn gach siúlóid ag 11.15rn. agusmaireann sí 4.5 nó 5 uair a chloig.Ólaimid deoch i dteach tábhairne in aiceláimhe tar éis gach siúlóid agus téann angrúpa ar chorrdheireadh seachtaine cno-cadóireachta sa Ghaeltacht freisin.Beidh siúlóid dheireanach na bliana agdul ón Láithreach ar an 21 Nollaig 2008. Tuilleadh eolais: www.cnocadoiri.com/ +353 (0)86 1023276 / [email protected]

Na CnocadóiríNa CnocadóiríFuinneamh 2008Fuinneamh 2008

Page 6: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

66 Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009

Bronnadh Pearsa Mhaigh Eo na Bliana 2008ag ócáid in Óstán an Castlecourt i gCathairna Mart ar an 28 Samhain agus is cúis mhóráthais don Chonradh gurb é Seán Ó hÉalaí aghlac leis Gradam na Gaeilge2008. Tá an onóir sin tuilltego maith aige agus déanaimiduile i gCraobh Conradh naGaeilge Chaisleán an Bhar-raigh, agus GaeilgeoiríMhaigh Eo trí chéile,comhghairdeas ó chroí leis.Tá Séan gníomhach í nglu-aiseacht na Gaeilge i MaighEo le breis agus dhá scór bliana anuas. Níortharla mórán sa chontae ó thaobh naGaeilge de i rith an ama sin nach raibh baintéigin ag Seán leis. Rugadh agus tógadh Seánar oileán Acla agus tar éis dó filleadh ó sheali Sasana, ghlac sé post mar Thimire doChonradh na Gaeilge agus ó shin i leith, bhíSeán i lár an aonaigh i saol na Gaeilge.

Bronnadh ballraíocht shaoil Chonradh naGaeilge air roinnt blianta ó shin.Chaith Séan na blianta mar iriseoir agus éag craoladh ar Raidió na Gaeltachta.

B’eisean glór Mhaigh Eo ar anstáisiún sin le fada an lá aguséisteacht leathan aige ar fudna tíre. Bhí Séan lárnachnuair a tháinig Oireachtas naGaeilge go Contae Mhaigh Eodon chéad uair sa bhliain2000 freisin. Iar-Stiúrthóir aran eagraíocht Glór Mhaigh Eo

is ea é chomh maith agus chuir an ea-graíocht sin Scéim Forbartha Dáthean-gachais í bhfeidhm sa chontae. Tá sé marchrann taca ag Scoil Raifteirí ó bunaíodh anscoil i 1983, ag bronnadh fáinní Gaeilge arna daltaí fiú sa an lá atá inniu ann. Tá súilagainn go leanfaidh sé leis an nós snablianta atá le teacht freisin!

Gradam Gaeilge Mhaigh EoGradam Gaeilge Mhaigh Eo

Tá sraith léachtaí Seamus Heaney á heagrúi gColáiste Phádraig le blianta beaga anuasagus an-rath go deo ag baint leo. Mheall aleithéid de Mary Robin-son, Alan Titley agus Sea-mus Heaney féin nasluaite daoine chun éis-teachta roimhe seo agustáthar ag súil gurb amh-laidh an scéal a bheasann do chainteoirí naléachtaí seo freisin.Athraithe ó Bhonn?Cultúr agus Féiniúlacht in Éirinn an Lae

Inniu teideal na sraithe atá faoi lánsheolcheana féin agus is iad an Dr Máirín NicEoin; an tOllamh Peadar Kirby; an tOllamh

Richard Kearney; agusChrissie Poulter a bheasag tabhairt léachta ar an02 Feabhra 2009; 23Feabhra 2009; 02 Márta2009; agus an 23 Márta2009 faoi seach. Saorc-head isteach, ag tosú ag8.00in agus sólaistí arfáil i ndiaidh na léachta.

Tuilleadh eolais: www.spd.dcu.ie/shl

Léachtaí Seamus HeaneyLéachtaí Seamus Heaney

Pearsa Mhaigh Eo na Bliana 2008

Page 7: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

77Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Sna sála ar an alt in eagrán na nuachtl-itreacha deireanach, seo chugaibh cúplasuíomh idirlín agus feidhmiúchánríomhaireachta eile chun cabhrú libh níosmó gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ar-líne:AthBui.comIs suíomh de chuid Chraobh Áth Buí de Chon-radh na Gaeilge é an suíomh seo agus é lánd’eolas maidir le himeachtaí Gaeilge sacheantair, chomh maith le rannóg ar leithtugtha d’ábhar ríomhaireachta sa teangadúchais. Coimeádaigí súil arwww.athbui.com/19%20AnRomhaire.htmchun cúpla nod breise faoin teicneolaíochtis déanaí sa Ghaeilge a fháil.

FadaNíl aon rud níos measa ná alt i nGaeilge agfulaing easpa sínithe fada! Tá sé an-éasca anscéal a chur ina cheart: ní gá ach an cnaipeAlt Gr agus an gúta go dteastaíonn uait ashíneadh a bhrú le chéile. Más ceannlitir lefada atá uait, is féidir Alt Gr agus Shift agusan guta a bhrú ag an am céanna chun Á, É,Í, Ó nó Ú a fháil. I bhfad níos fusa ná dulchun siombail a ionchur gach uair!

SaolOibre.ieIs áis trí Ghaeilge an suíomh gréasáinSaoloibre.ie dóibh siúd ar mhian leo angairm a phleanáil. Tá eolas úsáideach arfáil ar an suíomh d’aon duine a bheadh agiarraidh gairm a phleanáil – is cuma cibé anmac léinn scoile, iarchéimí ollscoile nó duineatá ag smaoineamh ar ghairm a athrú tú. Tágach eolas faoi phleanáil gairme, obair agusfostaíocht, oideachas agus cúrsaí oiliúna le

fáil ar an suíomh agus mínítear duit conastabhairt faoi scileanna nua do phost ar leith

a fhoghlaim chomh maith le deiseanna fos-taíochta úra a aithint. Ní bhaineann ansuíomh le gairmeacha i nGaeilge amháin achis trí mheán na Gaeilge amháin a chuirtearan t-eolas ar fad faoi chúrsaí oibre os dochomhair. Caith súil air inniu!

SeanNosBeo.ieSheol Comhlacht Forbartha na nDéise antogra amhránaíochta seo le Dúthaigh GhealDéise le déanaí. Is toradh é ar obair anamhránaithe sean-nóis cáiliúil, Ciarán ÓGealbháin, áit go bhfuil amhránaithe áitiúlasean-nóis le feiceáil agus le cloisteáil faoi narannóg éagsúla ar an suíomh. Tá eolas le fáilmaidir le mórchuid amhrán a bhaineann leisna Déise agus le traidisiún amhránaíochtaGhaeltacht na nDéise ann, mar aon le roinnttaifeadtaí a deineadh sa cheantar igcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh archumas an chuairteora amhrán nó amhráinde chuid na dúiche a fhoghlaim go héasca.Tá leaganacha scríofa éagsúla de nahamhráin curtha ar fáil maille le fuaimriantaagus físeáin. Tobar oidhreachta agus eolaisden scoth atá ann agus is fearrde a leithéidde thogra ceoil cultúr na tíre seo.

Ríomhairí & SuímhRíomhairí & Suímh

Page 8: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

88 Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009

Spraoi Cois LaoiD'éirigh go hiontach arís i mbliana le Spraoi CoisLaoi 2008, féile mhór bhliantúil na Cuallachta,Cumann Gaelach Choláiste na hOllscoile i gCor-caigh. I measc na n-imeachtaí spraíúla a bhí arsiúl le linn na seachtaine ag deireadh mhí naSamhna, bhí díospóireachtaí, karaoke, mór-shiúlta, cluichí craiceáilte, cóisir pizza, comór-tais éagsúla agus an Céilí Mór le haíonnaspeisialta ón gclár teilifíse Ros na Rún. Sheol Des

Bishop an leagan cloíte den iris CRAIC! marchuid den Spraoi freisin agus tá míle cóip denirisleabhar scaipthe fud fad an champais ó shin.Is iomaí seisiún ceoil a spreagadh thar tréimhsena féile, agus rinne lucht an Chumainn agus ce-oltóirí cumasacha Corcaí taifead speisialta leRaidió na Gaeltachta don chlár Cois Laoi i rithna seachtaine chomh maith. Gach eolas agusgrianghraf ar fáil ar shuíomh na Cuallachta agwww.bebo.com/anchuallacht/ nó trí rphost achur chuig [email protected]

Oíche ScéalaíochtaBhí idir fhinscéalta, scéalta stairiúla, naofa,pearsanta ‘s greannmhara inste le linn oícheairneáin a bhí ag Gaeilge Locha Riach le deire-anas. Tháinig ciorcal scéalaíochta le chéile saSeomra Glas sa Teach Beag i mBaile Locha Riachagus caitheadh an oíche ag insint agus ag éis-teacht le scéalta éagsúla. Bhí an seisiúnscéalaíochta seo faoi stiúir an údair mór le rá RéÓ Laighléis agus tugadh cead do gach uile duinescéal nó dhó a insint. Tugadh údarás ar leith donscéalaí agus greim aige nó aici ar bhachalldraighin...rud a spreag roinnt scéalta eile! Tar-raingíonn scéal scéal eile agus tá sé i gceist godtiocfaidh an ciorcal scéalaíochta le chéile arísgo luath san Athbhliain. Tuilleadh eolais:Gaeilge Locha Riach +353 (0)91 870718 /[email protected]

Imeachtaí Maigh EoNí hamháin go bhfuil Conradh na GaeilgeChaisleán an Bharraigh ag tabhairt faoi chúrsaíGaeilge do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh, dodhaltaí na hArdteiste, agus do dhaoine fásta areáchtáil i 2009, tá tús á chur acu le Club Leab-har Gaeilge san Athbhliain freisin. Beidh na ran-ganna agus an club leabhar araon ag tosú i míEanáir. Más spéis leat clárú do ranganna nó

páirt a ghlacadh sa chlub, is féidir teagmháila dhéanamh le Brídín ag:+353 (0)94 9022444 / +353 (0)87 9781166 /[email protected]

Féile na Mí Fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimh chuairteoirí athug aghaidh ar Fhéile na Mí i nGaeltacht RáthChairn an mhí seo caite. Cuireadh tús leis angceiliúradh le comórtais amhránaíochta agusbodhráin in Áras Pobail Ráth Chairn ar an Aoine14 Samhain 2008. Lean na comórtais, na ceard-lanna agus seinnim an cheoil de ló ‘s d’oíche godtí tráthnóna Domhnaigh le seisiún iontach saBhradán Feasta. Sna sála ar an bhféile,d’eagraigh Gael-Linn agus ComharchumannRáth Chairn saoire deireadh seachtained’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge le deis a thab-hairt dóibh blas a fháil den Ghaeilge labharthaagus cultúr na Gaeltachta i gCo. na Mí. Bunaíodhan Ghaeltacht ann i 1937 nuair a aistríodh teagh-laigh iomlána aniar as Conamara chuig RáthChairn agus is pobal Gaeltachta beo bríomharatá ina gcónaí ann agus ag cur an Ghaeilge chuncinn sa cheantar ó shin. Féach [email protected] chun breis eolais ar imeachtaí an cheantair a fháil.

Imeachtaí Imeachtaí ÁÁitiúlaitiúla

Page 9: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

99Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Tá comórtas raidió úrnua do scoláirí meán-scoile Mhaigh Eo eagraithe ag IonadOideachais Mhaigh Eo i gcomhair le TograMhaigh Eo Chonradh na Gaeilge, Caisleánan Bharraigh. Tá clár raidió idir 7-10nóiméad le déanamh i nGaeilge, leat féinnó le foireann le idir beirt agus cúigear,agus is féidir ábhar ar bith gur mian leat a

chur trí chéile ar an gclár. Gentiques Jew-ellers atá ag déanadh urraíocht ar angcomórtas agus beidh rannóg ar leith leduais €500 ag dul don iontráil is fearr archúrsaí seodóireachta sa bhreis ar an dárannóg eile, sóisear agus sinsear. Is féidir lemic léinn mheánscoile ón 1cd, 2ra agus 3úBliain cur isteach ar an rannóg shóisearachfad agus atá an rannóg shinsearach os-cailte do dhaltaí sa 4ú, 5ú agus 6ú Bliain.Baineann duais ciste de €3,000 leis an dárannóg seo agus is féidir an clár a thaifeadagus é a chur ar dhlúthdhiosca, ar chipíncuimhne nó mar MP3 lena sheoladh isteachchuig an Ionad Oideachais nó chuig TograMhaigh Eo roimh 13 Eanáir 2008. Cuirfearan clár ar shuíomh idirlín an IonaidOideachais i bhfoirm podchraolta ansin.Seoladh: Ionad Oideachais Mhaigh Eo,Bóthar Cathar na Mart, Co. Mhaigh Eo+353 (0)94 9020700 /[email protected] nó BrídínNí Cheallaigh, Conradh na Gaeilge, SráidEllison, Caisleán an Bharraigh, Co.Mhaigh Eo +353 (0)94 9022444 / +353(0)87 9781166 / [email protected]áta iontrála: 13 Eanáir 2009

Tá an clár teilifíse Glas Vegas ar ais

arís agus ar tóir an chéad réalt mór

eile i saol na siamsaíochta. Beidh gach

cineál bua ‘s tallann iontach aisteach

le feiceáil ar an seó agus tá lucht

féachana á lorg! Déanfar taifead ar an

gclár in RTÉ i nDomhnach Broc ar na

dátaí seo a leanas: 28 Nollaig 2008; 29Nollaig 2008; 30 Nollaig 2008; agus 02Eanáir 2009. Más mian leatsa bheith

sa stiúideo leo, ní gá ach teagmháil a

dhéanamh le James ag +353 (0)1

2843877 / [email protected]

Mura bhfuil dúil sa teilifís ionat, is

féidir páirt a ghlacadh sna 6 chlár

filíochta agus ceoil a bheas á thaifead

do Raidió na Life san Athbhliain. Caifé

Cois Life is ainm den sraith agus beidh

na cláracha á dtaifead in 7 Cearnóg

Mhuirfean i láthair lucht éisteachta

beo i suíomh caife, bunaithe ar

mhúnla An Caifé Gorm ó na hochtóidí.

Tuilleadh eolais: Mairéad Uí Dhomh-

naill +353 (0)87 7443037 / Deirdre

Donnelly +353 (0)87 4159355

Éirí Gafa le Craoladh na Gaeilge!Éirí Gafa le Craoladh na Gaeilge!Comórtas Mhaigh EoComórtas Mhaigh Eo

Page 10: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

1010 Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009

Is é Raidió Rí-Rá an t-ainm nua ar anstáisiún raidió Gaeilge is fearr ar-líne do

dhaoine óga! Seoladh é faoin ainm seal-adach RaidióX.com i mí an Mhárta 2008agus bhuaigh Conor Hogan as Baile ÁthaCliath iPod Nano as an ainm nua a mholadhas breis agus 500 ainm féideartha a tháinigisteach mar chuid den chomórtas. Agusanois tá comórtas eile ag Raidió Rí-Rádaoibh a chairde!Chun an Nollaig a cheiliúradh anseo i RaidióRí-Rá, tá mála lán le duaiseanna iontacha

againn le thabhairt daoibhse. Tá an málalán leis na dlúthdhioscaí agus na scannáin isdéanaí - ceirníní le Alesha Dixon, The Feel-ing, Mika, James Blunt agus níos mó inameasc. Ní gá ach an cheist shimplí seo aleanas a fhreagairt le cur isteach ar na du-aiseanna iontacha:

Cén amhránaí ón X-Factor a dheisighan singil Run le déanaí?

Seolaigí bhur bhfreagra, bhur n-ainm agusbhur seoladh baile chuig:[email protected]. Seinntear ceol óna cairteacha gan stad ar an stáisiún agusbíonn an raidió ag craoladh agwww.raidiorira.ie 24 uair a chloig inaghaidh an lae, 365 lá sa bhliain: na cnagaar fad, an t-am ar fad! Go n-éirí an t-ádhlibh agus bíodh Nollaig iontach agaibh!

Comórtas Nollag Raidió Rí-RáComórtas Nollag Raidió Rí-Rá

Page 11: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

1111Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Page 12: Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

1212 Cuir na scéalta chugainn roimh 10 Nollaig 2008Cuir na scéalta chugainn roimh 10 Nollaig 2008

Trasna1 cógas a ghlanann amach na putóga (7)6 tochas beag chun duine a chur ag

gáire (6)7 ón tseanaimsir (4)8 locht; fabht (6)9 éide eaglasta (5)

12 cuid bheag (6)13 duine róchainteach (7)16 ionsaí; aimsiú ar mharc (4)18 caint mhearbhlach; speabhraídí (9)

Síos2 fonn dul chun cinn sa saol (10)3 anáil; puth (2)4 fonn; tiúin (3)5 maor; fairtheoir (7)8 scread; liú (4)

10 tomhas faid ón uillinn go barr na méar (7)

11 áit a mbaintear clocha nó gairbhéal (7)14 múchadh (4)15 ceanndána; neamhghéilliúil (3)17 gaiste; dol; súil ribe (3)

Crosfhocal Mhí na NollagCrosfhocal Mhí na Nollag

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don Siopa Leabhar a bhuacaint,

líon isteach an crosfhocal i gceart agus seol chuig:

An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Buaiteoir Mhí na Samhna: Tiernán de hÁl, Co. na Mí