state examinations commission(iii) sainaithin dhá fhadhb a d’fhéadfadh cur isteach ar fhás barr...
TRANSCRIPT
-
Scrúdú na hArdteistiméireachta Páipéar Samplach
Eolaíocht TalmhaíochtaArdleibhéal
2 uair 30 nóiméad300 marc
2021L024A1IS2021.M40TS
Scrúduimhir
Lá agus Mí do Bhreithe Mar shampla, cuirtear 3 Feabhra isteach mar 0302
Stampa an Ionaid
Coimisiún na Scrúduithe StáitState Examinations Commission
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
2
Treoracha
Tá dhá roinn sa scrúdú seo.
Moltar duit tuairim is 50 nóiméad a chaitheamh ar Roinn A agus 100 nóiméad ar Roinn B.
Roinn A Freagair deich gceist as an roinn seo. Tá rogha le déanamh taobh istigh de dhá cheist. Tá 10 marc ag gabháil le gach ceist.
Roinn B Freagair ceithre cheist ar bith as an roinn seo. Tá 50 marc ag gabháil le gach ceist. Scríobh do Scrúduimhir agus Lá agus Mí do Bhreithe sna boscaí ar an gclúdach tosaigh.
Scríobh do chuid freagraí ar gach cuid den scrúdú sna spásanna atá ar fáil sa fhreagarleabhar seo. Déanfar an freagarleabhar seo a scanadh agus cuirfear do chuid oibre i láthair scrúdaitheora ar scáileán. Mar sin is féidir nach bhfeicfidh an scrúdaitheoir aon rud a scríobhfaidh tú taobh amuigh de bhoscaí na bhfreagraí. Ní gá duit an spás go léir atá ar fáil a úsáid.
Scríobh do chuid freagraí le peann i ndúch gorm nó dubh. Ní ceadmhach peann luaidhe a úsáid ach amháin i gcomhair sceitsí, graf agus léaráidí.
Tá spás breise i ndeireadh Roinn A agus i gcúl an leabhráin. Lipéadaigh aon obair bhreise go soiléir le huimhir na ceiste agus leis an bpáirt den cheist.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
3
Roinn A 100 marc Freagair na deich gceist go léir. Tá 10 marc ag gabháil le gach ceist. Ceist 1 Is féidir go dtiocfaidh ithir chun bheith balctha le himeacht ama mar gheall ar thrácht ainmhithe agus meaisíní, agus go mbeadh an draenáil go dona dá bharr. Bhailigh feirmeoir samplaí ithreach lena dtástáil agus sheol ar aghaidh iad. Rinneadh tástálacha sa tsaotharlann agus cuireadh an ráta ribeadais agus insíothlaithe in ithir bhalctha i gcomparáid le hithir neamh‐bhalctha. (a) Luaigh hipitéis fhéideartha agus tuar féideartha don iniúchadh sin. (b) Mol athróg amháin chuí i dtaca leis an iniúchadh sin. (c) Déan cur síos achomair ar an tslí a ndearna an tsaotharlann an ráta insíothlaithe san ithir
bhalctha agus san ithir neamh‐bhalctha araon a aimsiú.
Hipitéis:
Tuar:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
4
Ceist 2 Is féidir dochar a dhéanamh do ghnáthóga uisceacha, amhail srutháin agus linnte, de thoradh ar phróiseas saibhrithe ar a dtugtar eotrófú. Is féidir le rith chun srutha ó leasacháin shaorga a bheith ina chúis le heotrófú. (a) Liostaigh dhá tháirge feirme eile ar féidir leo bheith ina gcúis le heotrófú.
(b) Scrúdaigh na habairtí seo a leanas, agus cuir tic () sa bhosca ceart chun an abairt amháin a dhéanann cur síos i gceart ar éifeacht an eotrófaithe a roghnú.
(c) Tabhair breac‐chuntas ar dhá chleachtas bainistithe ar féidir le feirmeoirí iad a chur i
bhfeidhm chun an t‐eotrófú a chosc.
Maraíonn leibhéil arda cothaitheach ainmhithe, amhail éisc, déanann baictéir éisc a dhianscaoileadh, déanann baictéir riospráid agus scaoileann siad dé‐ocsaíd charbóin, baineann algaí úsáid as dé‐ocsaíd charbóin agus fásann siad as cuimse, rud a chruthaíonn blás algach.
Spreagann leibhéil arda cothaitheach fás algaí, rud a chruthaíonn blás algach, faigheann algaí bás agus dianscaoileann baictéir iad, agus, de cheal ocsaigine, faigheann ainmhithe uisce, amhail éisc, bás.
Ceadaíonn leibhéil arda ocsaigine d’algaí riospráid a dhéanamh agus fás as cuimse, ní féidir le baictéir maireachtáil mar go mbíonn ocsaigin ídithe ag algaí, ní dhéantar algaí a dhianscaoileadh, agus faigheann ainmhithe uisce, amhail éisc, bás de bharr iomadú blás algaí ar dhromchla an uisce.
Ceadaíonn leibhéil arda ocsaigine agus cothaitheach do bhaictéir riospráid a dhéanamh agus dé‐ocsaíd charbóin a scaoileadh, faigheann ainmhithe uisce, amhail éisc, bás de bharr leibhéil arda dé‐ocsaíde carbóin, baineann algaí úsáid as dé‐ocsaíd charbóin chun fás as cuimse, rud is cúis le blás algach.
1.
2.
1.
2.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
5
Ceist 3 Freagair (a) agus (b) nó (c) agus (d). (a) Agus úsáid á baint agat as d’eolas ar struchtúr agus feidhm plandaí, sainaithin gach aon cheann de na speicis féar (Poaceae) seo a leanas.
(i) (ii) (iii) (iv)
(b) Is féidir baill d’fhine na bhféar a shainaithint óna chéile lena mbláthra. Mínigh an téarma a bhfuil an líne faoi.
Nó (c) Tabhair breac‐chuntas ar thrí shlí a bhfuil an duille oiriúnaithe chun dul i mbun na fótaisintéise a oiread agus is féidir. (d) Maidir le príomhstruchtúir an phlanda, déan cur síos ar dhá thoisc eachtracha a théann i bhfeidhm ar an ráta trasghalaithe.
1.
2.
(i)
(ii)
(iii)
(iv)
1.
2.
3.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
6
Ceist 4 Úsáidtear barra cumhdaigh go forleathan ar fheirmeacha in Éirinn. Áirítear barra breise agus barra fuinnimh sna barra sin. Freagair iad seo a leanas i dtaca le barr breise nó barr fuinnimh ainmnithe.
(a) Tabhair breac‐chuntas ar dhá bhuntáiste a bhaineann leis an mbarr ainmnithe a chur ar fheirm. (b) Déan cur síos ar theicníc bainte an bharra ainmnithe. (c) Sainaithin galar amháin a bhíonn ag gabháil don bharr roghnaithe agus roghnaigh modh
cóireála amháin don ghalar sin.
Ainm an bhairr:
Ainm:
An modh cóireála:
1.
2.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
7
Ceist 5 (a) Déan cur síos ar chleachtas bainistithe amháin maidir le huain nuabheirthe tráth na breithe
faoi gach aon cheann de na ceannteidil seo a leanas. (b) Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Buille carrchuileanna i gcaoirigh a chosc Is ceann de phríomhróil orgánaigh bheo ar bith cinntiú go leantar lena speiceas féin. Ní haon eisceacht í an charrchuil. Tar éis di teacht amach, déanfaidh carrchuil bhaineann cúpláil ar an toirt, beagnach, agus lorgóidh sí foinse ábhair orgánaigh chun a cuid uibheacha a bhreith ann. De ghnáth tiocfaidh an chéad staid de na larbhaí (cruimheanna) amach taobh istigh de 12 uair an chloig, faoi chúinsí timpeallachta oiriúnacha. Fásann na larbhaí sin den chéad staid (cruimheanna) ina gcruimheanna den dara staid. Bíonn codanna a mbíonn fiacla iontu i mbéal na gcruimheanna sin den dara staid. Is iad na cruimheanna sin den dara staid chomh maith leo siúd den tríú staid a chruthaíonn na gnáthloit a aithnítear mar bhuille carrchuileanna. Déanann na cruimheanna na loit sin trí na caoirigh a ithe agus iad beo. In Éirinn is féidir gurb í an charrchuil ghlas choiteann (Lucilia sericata) is cúis le buille carrchuileanna. (Arna chur in oiriúint ó Agriland, 2020)
(i) Cén fáth nach ndéanann larbhaí na carrchuile den chéad staid aon dochar do chaoirigh de ghnáth?
(ii) Mínigh conas a théann buille carrchuileanna i bhfeidhm ar chaoirigh.
(iii) Tabhair breac‐chuntas ar conas a d’fhéadfadh feirmeoir buille carrchuileanna ina dtréad a chosc.
Tithíocht:
Sláinte agus leas is fearr:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
8
Ceist 6 De bharr dul chun cinn na teicneolaíochta sa talmhaíocht is féidir le feirmeoirí dul i mbun talmhaíochta inbhuanaithe agus iad ag feabhsú ag an am céanna ó thaobh táirgiúlachta agus nuálaíochta maidir le táirgeadh barr agus ainmhithe. (a) D’fhéadfadh úsáid drón cuidiú le feirmeoirí a
bhíonn ag táirgeadh barr.
Déan cur síos ar an tslí a bhféadfadh úsáid drón cuidiú le srianadh díreach nó indíreach a dhéanamh ar lotnaidí nó galar nó fiailí.
(b) Seachas dróin, sainaithin ról amháin a bhíonn ag feidhmithe biteicneolaíochta in earnáil na
eolaíochta ainmhithe. (c) Déan cosaint ar dhá bhuntáiste a thagann den ról a luaitear in (b).
Srianadh díreach:
Srianadh indíreach:
1.
2.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
9
Ceist 7 Freagair (a) nó (b). (a) Tá an dá eatramh aoise a rianaítear sna sonraí ag freagairt do thráth céad breithe lao ag
dhá bhliain d’aois nó ag trí bliana d’aois le haghaidh bodóg mhairt ó 2015 go 2019.
(Arna chur in oiriúint ó ICBF)
(i) Déan anailís ar an ngraf agus sainaithin cé acu den dá eatramh aoise a thaispeántar ar lena linn a bheireann formhór na mbodóg mairt lao don chéad uair?
(ii) Agus úsáid á baint as an ngraf thuas, déan meastachán ar an titim i bpointí
céatadánacha a tháinig ar chéatadán na mbodóg 22‐26 mí d’aois a bheireann lao do bhliain bhreithe 2019 i gcomparáid le bliain breithe 2005.
Cuir tic () sa bhosca ceart.
(iii) Bunaithe ar na treochtaí sa ghraf thuas, tuar cé acu a thiocfaidh méadú nó laghdú
ar chéatadán (%) na mbodóg a bheireann lao ag aois 33‐38 mí in 2020.
(iv) Déan idirdhealú idir dhá mhodh chun ainmhí feirme ainmnithe a thoirchiú.
28% 6% 3%
Ainmhí ainmnithe:
1.
2.
1920212223242526272829303132333435363738394041424344
2005 2007 2009 2011 2013 2015 2017 2019
D’Iomlán Breithea
nna Lao ag Bod
óg M
hairt (%
)
Aois Breithe Lao
Treochtaí san Aois ina mBeireann Bodóg Mhairt Lao don Chéad Uair
22‐26 mí 33‐38 mí
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
10
Nó (b) Sa tábla thíos, taispeántar feidhmíocht ó thaobh toirchiú agus breith laonna le haghaidh
bodóga a bhí ag breith ag 22‐26 mí agus 33‐38 mí d’aois. Bain úsáid as na sonraí sa tábla chun na ceisteanna a leanas a fhreagairt.
Feidhmíocht ó thaobh toirchiú agus breith laonna de réir aoise tráth breithe an chéad
lao (2015) Aois ag an
gcéad bhreith (míonna)
Líon bó
Bás laonna sa chéad
tréimhse iompair
Breith lao dheacair sa
chéad tréimhse iompair
Eatramh breithe laonna i ngach
tréimhse iompair
% bó fós beo
22–26 27,388 3% 8% 398 lá 36% 33–38 36,435 2% 5% 410 lá 36%
(Oiriúnaithe as ICBF)
(i) Mínigh cén fáth a raibh deacrachtaí breithe laonna ag % níos airde de bhodóga a bhí ag breith ag aois 22‐26 mí.
(ii) Sainaithin cén aois céad breithe laonna a bheadh níos táirgiúla d’fheirmeoirí mairteola agus cosain do fhreagra.
(iii) Mínigh cad is brí le heatramh breithe laonna agus éifeachtúlacht atáirgthe.
Eatramh breithe laonna:
Cosaint:
Eatramh breithe laonna:
Éifeachtúlacht atáirgthe:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
11
Ceist 8
(a) Mínigh cad is brí leis an téarma pH. (b) Bhailigh Cathal agus Sinéad ceithre shampla ithreach ón láthair chéanna agus thástáil siad
an pH i ngach aon sampla. Taispeántar na torthaí sa tábla thíos.
Sampla Ithreach pH samplaí Chathail pH samplaí Shinéad
Sampla 1 5.7 6.0 Sampla 2 5.7 6.1 Sampla 3 5.8 6.0 Sampla 4 5.7 5.9
(i) Ba é pH fíor an tsampla ithreach 6.0. Luaigh, agus cúis leis, cé acu ba chruinne agus ina gcuid anailíse ar na samplaí ithreach.
(ii) Cuir tic () sa bhosca ceart a léiríonn an pH optamach i gcomhair fás barr.
(iii) Sainaithin dhá fhadhb a d’fhéadfadh cur isteach ar fhás barr in ithreacha a mbíonn
pH an‐íseal nó an‐ard (i.e. faoi 5.5 nó os cionn 8.5) iontu.
Leibhéil pH Optamam 5.0 – 5.9 6.0 – 7.5 7.6 – 8.5
1.
2.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
12
Ceist 9 (a) Sainmhínigh an téarma bailscór coirp.
(b) Cuir tic () sa bhosca ceart chun an bailscór coirp is fearr i dtaca le bó ag am cúplála a roghnú.
Scór coirp ag am cúplála
2.5
3.0
3.5
(c) Luaigh deacracht amháin a d’fhéadfadh teacht roimh fheirmeoir ina thréad déiríochta má bhíonn an bailscór coirp ag bó ró‐ard nó ró‐íseal.
(d) Chomh maith le bailscór coirp oiriúnach, sainaithin dhá thoisc eile ar cheart d’fheirmeoir a chur san áireamh nuair a bhíonn bodóg athsholáthair á roghnú i gcomhair an tréada déiríochta.
1.
2.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
13
Ceist 10 Déanann dalta iniúchadh ar an gcaoi a dtéann cothaithigh i bhfeidhm ar fhás plandaí, mar a léirítear sa phictiúr. (a) Mol cineál amháin sonraí cáilíochtúla agus cineál amháin
sonraí cainníochtúla a d’fhéadfadh an dalta a thaifeadadh le linn don iniúchadh sin a bheith ar siúl.
(b) Tá an dalta ag iarraidh bithmhais na samplaí planda a thomhas chomh maith.
(i) Mínigh cad is brí leis an téarma bithmhais.
(ii) Tabhair breac‐chuntas ar conas a d’fhéadfadh an dalta bithmhais na samplaí planda a thomhas.
Sonraí cáilíochtúla:
Sonraí cainníochtúla:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
14
Spás breise scríbhneoireachta i gcomhair Roinn A. Lipéadaigh gach píosa oibre go soiléir le huimhir na ceiste agus leis an bpáirt den cheist.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
15
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
16
Roinn B 200 marc Freagair ceithre cheist ar bith. Tá 50 marc ag gabháil le gach ceist. Ceist 11 (a) Déan plé ar na tosca a shocraíonn táirgeacht agus cáilíocht táirge ó fhiontar ainmhithe roghnaithe faoi na ceannteidil seo a leanas.
(ii) Cothú:
(iii) Tithíocht:
(iv) Bainistiú:
Ainm an Fhiontair:
(i) Cineál póir:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
17
(b) Seachas féar, déan cur síos ar tháirgeadh bairr ainmnithe eile faoi na ceannteidil seo a leanas.
Barr ainmnithe:
(i) Cáilíocht na hithreach:
(ii) Tosca ithreach a mbíonn tionchar acu ar tháirgeacht an bhairr:
(iii) Uainíocht na mbarr:
(iv) Stóráil:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
18
(c) (i) Is galar infhógartha í an Eitinn agus ní mór do gach feirmeoir mairteola agus déiríochta tástálacha Eitinne a dhéanamh ar a gcuid feirmeacha uair sa bhliain. Mínigh cad is brí leis an téarma a bhfuil líne faoi.
(ii) Sainaithin galar infhógartha amháin eile a tharlaíonn ar fheirmeacha na hÉireann.
(iii) Luaigh cúis amháin a bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh feirmeoirí na hÉireann na rialacha a bhaineann le galair infhógartha a chomhlíonadh go hiomlán.
(iv) Sa phictiúr, taispeántar tréidlia i mbun
tástála TB ar eallach. Sainaithin gné amháin sábháilteachta a thaispeántar sa phictiúr.
(v) Déan sceitse den chleachtas is fearr maidir le clós feirme a leagan amach chun sábháilteacht an fheirmeora a chinntiú le linn do na hainmhithe an gabhlach a fhágáil chun filleadh ar an tseid.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
19
Ceist 12
(a) Is tréith bhitheolaíochta thábhachtach den ithir atá sa risisféar. (i) Déan cur síos ar an risisféar.
(ii) Mínigh tábhacht an risisféir do chóras préimhe an phlanda.
(iii) Déan cur síos achomair ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag saothrú rialta na hithreach agus ag cleachtais feirmeoireachta thraidisiúnta ar an risisféar.
(b) Is é an gás nítrigine (N2) an dúil is forleithne in atmaisféar ár bpláinéid. Baineann an
timthriall nítrigine úsáid as caidrimh shiombóiseacha ina phróisis bhithcheimiceacha. (i) Sainmhínigh an téarma a bhfuil líne faoi.
(ii) Má bhíonn baictéir dínítriúcháin i láthair in ithir, d’fhéadadh siad a bheith ina gcomhartha ar dhroch‐chaighdeán ithreach. Mol teicníc a d’fhéadfadh feirmeoirí a úsáid chun caighdeán na hithreach a fheabhsú.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
20
(iii) Tarraing sceitse de léaráid lipéadaithe chun an timthriall nítrigine a léiriú.
(iv) Déan cur síos achomair ar chaidreamh siombóiseach amháin atá le fáil sa timthriall nítrigine.
(v) Luaigh caidreamh siombóiseach amháin eile a tharlaíonn ar an bhfeirm.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
21
(c) (i) Taispeántar fréamhnóidíní na seimre sa phictiúr. Déan cur síos, le cúnamh léaráide lipéadaithe, ar an tslí a ndéanfá baictéir a aonrú agus a fhás ó fhréamhnóidíní na seimre.
(ii) Luaigh dhá réamhchúram sábháilteachta a ghlacfá agus an t‐iniúchadh sin á dhéanamh agat.
(iii) Mol earráid chórasach amháin a d’fhéadfadh tarlú san iniúchadh sin.
1.
2.
Léaráid lipéadaithe:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
22
Ceist 13 (a) Sainaithin dhá thréith de phór ainmnithe amháin muice nó éanlaith chlóis nó capaill. (b) Scrúdaigh na lipéid bheathaithe thíos ar dhá chuid caorach agus freagair na ceisteanna a
leanas.
Beathú Bacphoill Caorach Cuid Chríochnaitheora Garbhphróitéin 18% Garbhphróitéin 14% Saillte agus olaí garbha 3.1% Saillte agus olaí garbha 3.4% Garbhshnáithín 8.5% Garbhshnáithín 9.1% Amhluaith 6.4% Amhluaith 6.4% Sóidiam 0.65% Sóidiam 0.64%
(i) Mol fáth a bhfuil an beathú bacphoill caorach foirmlithe ionas go mbíonn %
próitéine níos airde ann ná mar atá sa chuid chríochnaitheora.
(ii) Luaigh an fheidhm atá leis an snáithín i bhfoirmlí na gcodanna.
(iii) Ainmnigh comhábhar bia amháin a d’fhéadfaí a úsáid mar fhoinse phróitéine i gcuid caorach.
(iv) Níl copar san áireamh i gcodanna na gcaorach mar gheall go bhfuil dóthain copair san fhoráiste agus sna gráin. Cuir i bhfeidhm an t‐eolas atá agat ar fhoirmliú codanna chun breac‐chuntas a dhéanamh ar ról amháin atá ag copar in aiste bia ainmhí, agus tabhair cuntas achomair ar chomharthaí sóirt ar easpa copair.
Ról:
Comharthaí sóirt ar easpa copair:
Pór ainmhí ainmnithe:
1.
2.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
23
(c) Sa tábla seo a leanas tá sampla de mhéadú meáchain i gceithre bhullán atá ag iníor thar thréimhse míosa.
Dáta Ainmhí 1
Ainmhí 2
Ainmhí 3
Ainmhí 4
Meán‐Bheomheáchan na gceithre ainmhí ar gach
dáta 30/08/20 320 kg 315 kg 222 kg 244 kg 275 kg 06/09/20 324 kg 319 kg 226 kg 249 kg 280 kg 13/09/20 329kg 323 kg 230 kg 254 kg 284 kg 20/09/20 334 kg 327 kg 234 kg 259 kg 289 kg 27/09/20 339 kg 331 kg 238 kg 264 kg 293 kg 04/10/20
X.
MBL
Y.
CCB
Z.
(i) Déan idirdhealú idir méadú beomheáchain laethúil (MBL) agus coibhneas
comhshóite beatha (CCB).
(ii) Tabhair chun cuimhne dhá thoisc a bhfuil tionchar acu ar CCB ainmhithe.
(iii) Tuar beomheáchan meánach na n‐ainmhithe ar an 04/10/20 agus cuir isteach an toradh sa mhéan sa chill lipéadithe X sa tábla thuas. (iv) Ríomh an meán‐MBL i dtaca leis na hainmhithe ó 30/08/20 go 04/10/20 agus cuir isteach an toradh sa mhéan sa chill lipéadithe Y sa tábla thuas.
Ríomh:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
24
(v) Tarraingíodh an graf thíos agus sonraí an mheánmhéadaithe meáchain ón tábla roimhe seo i dtaca leis an eallach á n‐úsáid. Comhlánaigh an graf chun meánmheáchan tuartha an eallaigh ar an 01/11/2020 a thaispeáint.
(vi) Tá na ceithre ainmhí uile á mbeathú le 7 kg d’iontógáil ábhair thirim (DM i mBéarla), atá comhdhéanta de shadhlas agus de bheatha thacúil, in aghaidh an lae. Ríomh an meán‐CCB (FCR i mBéárla) le haghaidh na n‐ainmhithe agus cuir an toradh isteach sa chill lipéadaithe Z sa tábla thuas.
(vii) Tá an MBL níos ísle ná is gnách maidir le hainmhithe i gcóras mairteola. Mol cúis leis
sin.
(viii) Cén pór eallaigh atá in ainmhí 3, dar leat. Cosain do fhreagra.
Ríomh:
Pór:
Cosaint:
275
280
284
289
293
272274276278280282284286288290292294296298300302304306308310312314316318320
30.8.20 6.9.20 13.9.20 20.9.20 27.9.20 4.10.20 11.10.20 18.10.20 25.10.20 1.11.20
Meá
nmhé
adú Meá
chainna
gCe
ithre Bhu
llán (Kg)
Am (Laethanta)
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
25
Ceist 14 (a) Bhain feirmeoirí úsáid as cineálacha leasaithe féir mar bhia geimhridh dá stoic.
(i) Déan comparáid idir sadhlas agus féar tirim mar mhodhanna leasaithe féir faoi na ceannteidil seo a leanas.
Sadhlas Féar tirim
Modh leasaithe
Breiseáin a úsáidtear
(ii) Bíonn úsáid meaisíni i gceist le leasú féir. Déan cur síos ar thrí riosca agus na
réamhchúraimí sábháilteachta a ghabhann leo ar cheart d’fheirmeoirí a ghlacadh le linn don fhéar a bheith á leasú.
(iii) Bíonn aimsir an tsamhraidh an‐luaineach in Éirinn, mar a léiríodh in 2018 agus 2020 araon. Déan measúnú ar an tionchar a bheadh ag dálaí aimsire éagsúla ar an dá modh leasaithe féir atá luaite i gcuid (i).
Riosca 1:
Réamhchúram 1:
Riosca 2
Réamhchúram 2:
Riosca 3:
Réamhchúram 3:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
26
(b) Tá feirm mhairt diúil, ar a mbeirtear laonna san fhómhar agus san earrach, agus feirm mhuc ag Derek i gContae an Chabháin. (i) Ón sliocht thíos as mapa ithreach na hÉireann, faigh amach cén cineál ithreach is
mó is dóigh atá ar fheirm Derek i gContae an Chabháin.
(ii) Tabhair dhá thréith den chineál ithreach sin agus luaigh impleachtaí na dtréithe
sin ar a chuid táirgeachta.
Cineál ithreach:
Tréith
1.
2.
Impleacht
1.
2.
Suíomh na feirme
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
27
(c) Mar gheall ar an gcineál fiontair diúil atá aige agus laonna á mbreith san fhómhar agus san earrach, bíonn cáilíocht an tsadhlais ríthábhachtach. Is é an chúis leis sin a chinntiú go gcoimeádtar an beathú tacúil chomh híseal agus is féidir agus chun inbhuanaitheacht eacnamaíochta a fheirm a fheabhsú. Thóg ionadaí a cheannaí bia áitiúil roinnt samplaí sadhlais i gcomhair anailíse. Tá na torthaí sa tábla thíos.
Feirm Derek, Srutháin an Mhuilinn, Co. an Chabháin Cineál foráiste: Sadhlas claise céadghearrtha (gearrtha ar an 3 Meitheamh 2020) Dáta a fuarthas 14 Lúnasa 2020 Uimhir thuairisce shaotharlainne
12345
Anailís (Ábhar tirim)
Torthaí
Ábhar tirim % 26.5 Próitéin % 13.1 DMD % 68.7
Fuinneamh Inmheitibilithe
MJ / kg 10.7
Siúcraí % 3.2 Luaith % 7.3 Snáithín
Neamhdhíleáite % 46.7
Lignin g/kg 19.1 pH ‐ 4.8
(i) Bunaithe ar na torthaí a thaispeántar, déan plé ar cháilíocht sadhlais Derek.
(ii) Tabhair breac‐chuntas ar na himpleachtaí do leibhéal an bheathaithe thacúil a
theastaíonn don gheimhridh i gcomhair a bha seasca agus a bha atá díreach tar éis lao a breith. Tabhair tacaíocht don fhreagra le fianaise ón tábla.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
28
(iii) Ba é 26.5% méid céatadánach an ábhair thirim i sadhlas Derek. Déan cur síos ar an tslí a ndéanfá méid an ábhair thirim (DM) i mbarr ainmnithe a thomhas.
Ainm an bhairr:
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
29
Ceist 15
(a) Léigh an t‐alt thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Farmers advised not to feed waste milk to calves Tá sé ráite ag saineolaí Eorpach ar bhainistíocht sláinte bhólachta gurb inmholta d’fheirmeoirí gan bainne le hantaibheathaigh nó ‘bainne fuíll’ a thabhairt do laonna le linn an earraigh nó an fhómhair. Bainne fuíll is ea bainne ó bhó chóireáilte a choimeádtar siar ó dhíol. Ní féidir an bainne seo a dhíol de bharr a dhroch‐cháilíochta nó de bharr iarmhair antaibheathaigh a bheith ann. Ar fheirmeacha áirithe, tugtar bainne fuíll do laonna in áit bainne phúdrach nó bainne ó bha a mbíonn lao nuabheirthe aici. Is féidir leis an mbainne seo tionchar a bheith aige ar na baictéir i bputóg lao, ach bíonn sé neamhbhlasta freisin, rud a d’fhágfadh go ndiúltódh ráta ard laonna dó. Mar thoradh air sin féadfaidh sé tionchar a bheith aige ar mar a fhásfaidh an lao dá réir. Mar rogha eile seachas bainne fuíll, is féidir bainne púdrach nó bainne gan bhearradh a thabhairt le hól. (Arna chur in oiriúint ó Teagasc 2017; Agriland 2020)
(i) Luaigh cúis amháin nár cheart d’fheirmeoirí bainne le hantaibheathaigh ann nó ‘bainne fuíll’ a thabhairt do laonna.
(ii) Ainmnigh ábhar bia amháin eile is féidir le feirmeoirí a thabhairt do laonna mar rogha ar bhainne ina bhfuil hantaibheathaigh. (iii) Sa phictiúr thuas, taispeántar laonna crosphóraithe Aberdeen Angus trí seachtaine
d’aois ón tréad déiríochta. Chomh maith le bainne, cad iad na riachtanais chothaithe a theastódh ó na laonna sin sula mbaintear den diúl iad? Cosain do fhreagra.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
30
(b) Fadhb atá ag méadú go leanúnach is ea an fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach (frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach – AMR i mBéarla). Meastar gurb í is cúis le bás 700,000 duine in aghaidh na bliana ar fud an domhain. Tá iniúchadh níos mó á dhéanamh de réir a chéile ar úsáid antaibheathach in earnáil na feirmeoireachta i bhfianaise na bagartha an‐dáiríre ar shláinte an phobail ón bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (AMR).
(i) Déan cur síos ar thrí shlí ar féidir le feirmeoirí an méid antaibheathach a úsáidtear ar a bhfeirmeacha a laghdú.
(ii) Ó cuireadh deireadh le cuótaí bainne in 2015 tá tionscal na déiríochta dulta i ndéine. Tá beagnach 1.4 milliún bó dhéiríochta in Éirinn anois. Tá iarrtha ort comhairle a thabhairt d’fheirmeoirí déiríochta maidir le bainne a chur ar fáil ar shlí inbhuanaithe nach bhfuil díobhálach don timpeallacht. Cum plean ginearálta a d’fhéadfá a chur ar fáil d’fheirmeoirí déiríochta a chuideodh leo bainne a tháirgeadh ar shlí a bheadh níos inbhuanaithe agus nach mbeadh chomh díobhálach don timpeallacht. Is cóir ar a laghad trí mholadh shonracha a bheith ar áireamh i do phlean.
1.
2.
3.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
31
(c) Faoin mbliain 2050 meastar go mbeidh beagnach 10 mbilliún duine sa domhan. Is é an dúshlán atá roimh eolaithe agus feirmeoirí araon conas an t‐éileamh sin ar bhia a shásamh ach chomh maith leis sin, conas an bia sin a tháirgeadh ar shlí inbhuanaithe a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn ár dtimpeallacht nádúrtha ag an am céanna.
D’fhéadfadh sé go mbeadh fuascailt na faidhbe sin ag an
innealtóireacht ghéiniteach. (Arna chur in oiriúint ó World Resources Institute) (i) Mínigh cad is innealtóireacht ghéiniteach ann. (ii) Luaigh buntáiste féideartha amháin a bhaineann leis an innealtóireacht ghéiniteach le haghaidh táirgeadh bia.
(iii) Déan cur síos ar an tslí ar féidir géanóm planda a athrú chun dul i ngleic le galair barr ar leith.
02468
1012
1950 1960 1975 1985 1990 2000 2010 2025 2040 2050
Daon
ra (B
illiúin)
Bliain
Daonra an Domhain 1950‐2050
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
32
(iv) Sainaithin dhá shaincheist eiticiúla a bhaineann le orgánaigh ghéinmhodhnaithe a úsáid.
(v) Liostaigh dhá fheidhm bhiteicneolaíochta chun forbairt agus bainistiú barr a fheabhsú, agus mínigh ceann amháin de na feidhmeanna atá ainmnithe agat.
(vi) Maidir le feabhsú géiniteach agus roghnú i bplandaí, déan idirdhealú idir tástáil feidhmíochta agus tástáil sleachta.
Feidhmeanna chun bairr a fheabhsú agus úsáid á baint as an mbiteicneolaíocht:
1.
2.
Míniú ar fheidhm amháin:
1.
2.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
33
Spás breise scríbhneoireachta i gcomhair Roinn B. Lipéadaigh gach píosa oibre go soiléir le huimhir na ceiste agus leis an bpáirt den cheist.
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
34
-
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach Eolaíocht Talmhaíochta – Ardleibhéal
35
Admhálacha
Íomhánna Íomhá ar lch. 1 nutrilawn.com
Íomhánna ar lch. 5 Seawright, J. https://www.irishwildflowers.ie/pages‐grasses/g‐1.html
Seawright, J. https://www.irishwildflowers.ie/pages‐grasses/g‐26.html
Seawright, J. https://www.irishwildflowers.ie/pages‐grasses/g‐7.html
Seawright, J. https://www.irishwildflowers.ie/pages‐grasses/g‐4.html
Íomhánna ar lch. 7 Coimisiúin na Scrúduithe Stáit
Íomhá ar lch. 8 agcanada.com
Íomhá ar lch. 9 ICBF.com
Íomhá ar lch. 10 ICBF.com
Íomhá ar lch. 13 Coimisiúin na Scrúduithe Stáit
Íomhá ar lch. 18 fwi.co.uk
Íomhá ar lch. 21 nationaltribune.com.au/how‐well‐do‐you‐know‐your‐nodules
Íomhá ar lch. 26 EPA.ie
Íomhá ar lch. 29 Teagasc.ie; Agriland.ie
Íomhá ar lch. 31 wri.org
Téacsanna Téacs ar lch. 7 Foireann Agriland. Buille cuilleanna a chosc i gcaoirigh.
(5 Meitheamh 2020).
Téacs ar lch. 29 Gilsenan, Emma. Farmers urged not to feed antibiotic milk to calves this spring. (26 Eanáir 2020).
Teagasc. The Teagasc calf rearing manual, milk feeding – the liquid diet; . (20 Feabhra 2017).
-
Scrúdú na hArdteistiméireachta Páipéar Samplach – Ardleibhéal
Eolaíocht Talmhaíochta2 uair 30 nóiméad
Fógra cóipchirtD’fhéadfadh sé go bhfuil téacsanna nó íomhánna sa scrúdpháipéar seo nach é Coimisiún na Scrúduithe Stáit úinéir an chóipchirt ina leith, agus d’fhéadfadh sé gur athchóiríodh iad, chun críche measúnaithe, gan cead na n-údar a fháil roimh ré. Ullmhaíodh an scrúdpháipéar seo de réir Alt 53(5) den Acht um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara, (2000). Ní údaraítear aon úsáid dá éis chun aon chríoch ach amháin chun na críche dá bhfuil sé beartaithe. Ní ghlacann an Coimisiún aon dliteanas as sárú ar bith ar chearta tríú páirtí a eascraíonn as dáileadh nó úsáid neamhúdaraithe an scrúdpháipéir seo.
Ná scríobh ar an leathanach seo
/ColorImageDict > /JPEG2000ColorACSImageDict > /JPEG2000ColorImageDict > /AntiAliasGrayImages false /CropGrayImages true /GrayImageMinResolution 150 /GrayImageMinResolutionPolicy /OK /DownsampleGrayImages true /GrayImageDownsampleType /Bicubic /GrayImageResolution 300 /GrayImageDepth -1 /GrayImageMinDownsampleDepth 2 /GrayImageDownsampleThreshold 1.50000 /EncodeGrayImages true /GrayImageFilter /DCTEncode /AutoFilterGrayImages true /GrayImageAutoFilterStrategy /JPEG /GrayACSImageDict > /GrayImageDict > /JPEG2000GrayACSImageDict > /JPEG2000GrayImageDict > /AntiAliasMonoImages false /CropMonoImages true /MonoImageMinResolution 1200 /MonoImageMinResolutionPolicy /OK /DownsampleMonoImages true /MonoImageDownsampleType /Bicubic /MonoImageResolution 1200 /MonoImageDepth -1 /MonoImageDownsampleThreshold 1.50000 /EncodeMonoImages true /MonoImageFilter /CCITTFaxEncode /MonoImageDict > /AllowPSXObjects false /CheckCompliance [ /None ] /PDFX1aCheck false /PDFX3Check false /PDFXCompliantPDFOnly false /PDFXNoTrimBoxError true /PDFXTrimBoxToMediaBoxOffset [ 0.00000 0.00000 0.00000 0.00000 ] /PDFXSetBleedBoxToMediaBox true /PDFXBleedBoxToTrimBoxOffset [ 0.00000 0.00000 0.00000 0.00000 ] /PDFXOutputIntentProfile () /PDFXOutputConditionIdentifier () /PDFXOutputCondition () /PDFXRegistryName (http://www.color.org) /PDFXTrapped /Unknown
/CreateJDFFile false /SyntheticBoldness 1.000000 /Description >>> setdistillerparams> setpagedevice