rang 6 céim 1-5 - nicurriculum.org.uk · dírithe ar rang 6 agus go gclúdófaí céimeanna 1–5...

Download Rang 6 Céim 1-5 - nicurriculum.org.uk · dírithe ar Rang 6 agus go gclúdófaí Céimeanna 1–5 go measartha gasta. Faoi Rang 6 bheadh ceithre bliana caite ag na páistí ar an

If you can't read please download the document

Upload: others

Post on 07-Jun-2020

8 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • 1

    IntreoirIs clár litrithe é seo don Ghaeilge a chuidíonn le páistí cód scríofa na Gaeilge a thuiscint agus iad ag léamh, ag litriú agus ag scríobh na Gaeilge. Tosóidh na páistí ar liostaí focal a chleachtadh agus a fhoghlaim i gCéim 6 de Chód na Gaeilge, ach tá eolas tábhachtach i gCéimeanna 1–5 a bhfuil an t-eolas i gCéim 6 bunaithe air. Socraíodh sa leabhar seo go mbeadh ceachtanna gairide gasta ann dírithe ar Rang 6 agus go gclúdófaí Céimeanna 1–5 go measartha gasta. Faoi Rang 6 bheadh ceithre bliana caite ag na páistí ar an chur chuige seo. Tuigtear go mbaineann bunús na hoibre san fhónaic le Céim 6 agus go bhfuil cuid mhór fuaimeanna le déanamh sa Bhéarla chomh maith ag an leibhéal seo. Mar sin, ní fiú mórán ama a chaitheamh ar Chéimeanna 1–5 ach amháin mar dhul siar nó mar dhaingniú dóibh sin a bhfuil sé de dhíth orthu.

    Tógtar ar an obair atá déanta ag na páistí sna pacáistí sna bliainghrupaí roimhe seo ach úsáidtear samplaí agus cluichí éagsúla leis na coincheapa a dhaingniú. Ar ndóigh, má tá rang ag dul don chur chuige seo den chéad uair is fiú amharc siar ar na gníomhaíochtaí sna pacáistí do na bliainghrupaí níos óige agus níos mó ama a chaitheamh ar Chéimeanna 1–5.

    Cód na Gaeilge Rang 6Ag Fiosrú Focal

    Focail bheagaFocail níos faide Focail ilsiollacha Dhá litir fuaim amháin Litir a dhéanann dhá fhuaim

  • 2

    Sa leabhar seo clúdófar Céimeanna 1, 2, 3, 4 agus 5 go measartha gasta:

    Céim 1: CGC, seasann gach litir d’fhuaim amháin. Clúdófar gach fuaim.

    Céim 2: CCGC, CGCC, focail aonsiollacha ina seasann litir amháin d’fhuaim amháin. Tá dhá chonsan in aice lena chéile ach tá fuaim le gach ceann acu. m.sh. ort, glas, spórt(ní hionann é seo agus thug, roth a chlúdófar amach anseo).

    Céim 3: Focail ilsiollacha ina seasann litir amháin d’fhuaim amháin. m.sh. ha-ta, ba-na-na, fol-ca-dán

    Céim 4: Seasann 2/3 litir d’fhuaim amháin.m.sh. thug, rang

    Céim 5: Na graiféimí sin a léiríonn níos mó ná fuaim amháin. m.sh. sa/sí, tá/tír, dán/déan

    Ní gá gach gníomhaíocht a dhéanamh le gach dalta. Beidh níos mó cleachtaidh de dhíth ar chuid de na daltaí ach tógfaidh daltaí eile an t-eolas seo go gasta. Is féidir na gníomhaíochtaí/ceachtanna a chur abhaile don obair bhaile mar dhaingniú.

    Úsáidtear straitéisí éagsúla anseo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht do gach cineál foghlaimeora. Tá gníomhaíochtaí fisiciúla ann chomh maith le gníomhaíochtaí ‘peann agus páipéar’. Tá cleasanna éagsúla molta chomh maith agus oibreoidh na páistí amach cé acu straitéis is fearr leo. Is ionann breacscríbhneoireacht agus focal a scríobh arís is arís eile, é ceangailte nó i bpatrún éigin.

    Moltar cearnóga fuaime a úsáid in amanna. Is é sin cearnóga páipéir réamhghearrtha a dtig leis na páistí na fuaimeanna a chleachtadh orthu. Moltar chomh maith clár bán a bheith ag na páistí le rudaí a thriail agus a chleachtadh gan mothú gur rud buan é.

  • 3

    Níl an oiread céanna gníomhaíochtaí sa leabhar seo atá le gearradh amach le go ndéanfaí go gasta é. Má tá obair phraiticiúil de dhíth ar pháistí is féidir gníomhaíochtaí ó phacáiste Rang 3 nó 4 nó ón chomhad Fónaic na Gaeilge a úsáid.

    Tá sleachta don deachtú agus leathanach taifid ag cúl an leabhair do thaifead an mhúinteora agus mar féinmheasúnú don pháiste. Moltar focail a chur i gcomhthéacs abairte le heolas a mheas. Is féidir deachtú nó focail a úsáid nuair is gá leis an eolas atá tógtha ag na páistí a mheas.

    Is leor roinnt seachtainí a chaitheamh ar na céimeanna seo. Má rinneadh an obair sna bliainghrúpaí roimhe seo, is leor an tréimhse ama seo i Rang 6. Mura bhfuil an obair seo clúdaithe ag na páistí roimhe seo is fiú dul siar ar phacáiste Rang 5 leo agus rud beag níos mó ama a chaitheamh ar an eolas atá sna céimeanna seo. Is féidir cuid de na cluichí a imirt i níos mó ná aon cheacht amháin má tá athchleachtadh agus daingniú de dhíth.

    Fónaic an BhéarlaBeidh na páistí ag obair chomh maith ar fhuaimeanna an Bhéarla. Cuimhnigh go ndéantar cuid mhór den eolas seo a aistriú ó theanga go teanga agus nach gá gach rud a chlúdach faoi dhó. Is scil é seo agus is ionann na scileanna sa dá theanga.

    Ar ndóigh, ní hionann an cód scríofa ná an córas fuaime sa dá theanga agus beidh gnéithe áirithe den dá theanga le clúdach. Tá fuaimeanna sa Ghaeilge nach bhfuil sa Bhéarla agus fuaimeanna sa Bhéarla nach bhfuil sa Ghaeilge. Is leis an Ghaeilge amháin a bhaineann Céim 5, agus na téarmaí caol agus leathan, agus an t-eolas atá sa chéim sin. Mar sin, níl an t-eolas ná an chéim sin ann sa Bhéarla.

  • 4

    Samplaí Béarla:

    Stage 1 Stage 2 Stage 3

    CGC; him, six, his, gunGC; up, in, it, if, us, as

    GCC; ant, end, elk, andCGCC; hand, nest, bent, fistCCGC; drum, twin, trim, glenCCGCC; drink, brand, driftCCCGC(C); sprint, stripCCGCCC; prompt

    robin, seven, contest, dentist, construct, public, subject

    hospital, fantastic, develop, tropical, cabinet, elegant

    Stage 4

    na litreacha dúbailte – cuff, bell, buzz, pass

    ck; duck, sick, neck, lock

    sh; cash, shop, ship, flash, fresh (finish, selfish, punish)

    ch; chop, rich, such, chin, lunch, chimp, chest (channel, chicken, chisel)

    th; bath, them, that, this, maths, thump, width, thrush

    ng; ring, bang, sing, hung, bring, string, getting, sitting, along, swimming

    qu; queen, quest, quick, quilt, squint, quack, quench

    le Jacqueline de Brún

  • 5

    Gach íomhá agus léaráid © thinkstock.com

    ClárCéim 1

    Ceacht 1: Focail faoi phictiúir 6

    Ceacht 2: An síneadh fada cumhachtach 7

    Céim 2

    Ceacht 1: Fuaimeanna sna focail 8

    Ceacht 2: An guta cúnta 9

    Céim 3

    Ceacht 1: Siollaí simplí 10

    Ceacht 2: Caol nó leathan? 11

    Céim 4

    Ceacht 1: Dúbailtí 12

    Ceacht 2: Fuaimeanna caite 13

    Ceacht 3: Athraigh an túsfhuaim 14

    Ceacht 4: Cártaí slabhra dh/gh 15–17

    Ceacht 5: Cártaí slabhra sh/th 18–20

    Ceacht 6: Ag athrú le hurú 21

    Céim 5

    Ceacht 1: s, d, t 22

    Ceacht 2: Ar bhris tú mo bhata? 23

    Ceacht 3: Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan) 24–27

    Ceacht 4: Níl a dhath de dhíth ach mo gheansaí agus mo ghloine! 28

    Ceacht 5: ó nó ó? 29

    Ceacht 6: Nócha nead 30

    Ceacht 7: ch ciúin nó callánach? 31

    Ceacht 8: Hé! Cad é atá an fhuaim seo a dhéanamh? 32

    Sleachta don deachtú 33–34

    Leathanach Taifid an Mhúinteora 35–36

  • Ceacht 1: Focail faoi phictiúir

    6

    Céim 1

    Is breá liom agus ar mo cheapairí. Bíonn siad agam don gach lá ach tá nós agam iad a ithe nuair a stopann an ag na soilse tráchta. Téann an seo thart leis an . Feicim mór ag siúl thart ann. Tá ann fosta agus mór a dhéanann trup mór. Beidh ceapairí le agus agam a amárach.

    Léigh an sliocht seo. Seasann na pictiúir d’fhocail. Tugtar Rebus air seo. Scríobh na focail sin ar an tábla. Ansin scríobh focail bheaga eile a fheiceann tú sa sliocht seo agus i do leabhair féin sa tábla.

  • Ceacht 2: An síneadh fada cumhachtach

    7

    Céim 1

    Tá focal beag nó cuid den fhocal ar iarraidh sna habairtí thíos. Léigh gach abairt agus déan an rogha cheart. Bí cúramach leis an síneadh fada!

    cas/cás fan/fána cur/cúr

    gas/gás lon/lón mo/mó

    sil/síl sin/sín

    gas/gás mo/móTá _____ pónaire ag fás agam ar scoil. Deir _____ mhúinteoir go bhfuil sé ag éirí níos _____ agus níos _____.

    sil/síl_____im go bhfuil fadhb leis an uisce sa teach seo. Tá sé ag _____eadh gan stad.

    sin/sín_____ í mo mhúinteoir aclaíochta. Tugann sí moltaí dúinn don aclaíocht, “_____ do chosa, cas do chorp, _____ do lamha!” _____ na rudaí a deir sí.

    cas/cás cur/cúr Tá _____ mór agam do mo chuid éadaí. Tá mé ag _____ gach rud isteach ann anois le dul ar saoire.

    fan/fán_____! _____! Tá tú róghasta. Tá cnoc mór ag teacht agus rachaidh an rothar síos le _____a.

    lon/lónNí maith liom mo _____ a ithe sa ghairdín. Tá _____ dubh mór sa chrann sin agus sciobfaidh sé mo _____.

  • Ceacht 1: Fuaimeanna sna focail

    8

    Céim 2

    Déan línte fuaime faoi na pictiúir. Ansin, scríobh na fuaimeanna cearta ar na línte fuaime. Bí cúramach leis na síntí fada!

  • 9

    Ceacht 2: An guta cúntaCéim 2

    Abair amach na focail seo.

    bolg orm tolg Colm gorm

    Cá mhéad fuaim atá iontu? Scríobh líon na bhfuaimeanna faoi gach focal.Tá Guta Cúnta i ngach focal. Tá an guta cúnta coitianta sa Ghaeilge. Is fuaim sa bhreis é nach scríobhtar.

    Aimsigh cúpla sampla eile.

    ....................................................................................................................

    Léigh an sliocht seo. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil guta cúnta.

    “Tá ocras mór orm,” arsa Colm. Luigh sé siar ar an tolg gorm agus chuir sé a lámh ar a bholg. Chonaic sé bolb ag siúl ar an tolg. “Sílim go bhfuil seisean ar lorg bia fosta,” arsa Colm go borb. Déan liosta thíos de na focail uilig ar an leathanach seo a bhfuil guta cúnta iontu. Ansin faigh samplaí eile ó do leabhair.

  • 10

    Céim 3Ceacht 1: Siollaí simplí

    Faigh do leabhar léitheoireachta agus leabhair eile atá tú a léamh. Aimsigh focail agus scríobh ar an tábla thíos iad.

    Focail aonsiollacha

    Focail dhéshiollacha

    Focail thríshiollacha

    Focail cheithreshiollacha

  • 11

    Ceacht 2: Caol nó leathan?Céim 3

    Scríobh na gutaí leathana sna boscaí seo.

    Scríobh na gutaí caola sna boscaí seo.

    Ní bhíonn na gutaí céanna sna siollaí i gcónaí. Ach bíonn siad caol nó leathan.

    Léigh na focail seo. Cuir ciorcal thart ar na siollaí iontu. Ansin, cuir dath gorm ar na gutaí. Scríobh caol nó leathan in aice leo.Aimsigh focail eile i do leabhair.

    mala sólas

    maratón platapas

    solas mála

    Bíonn eisceachtaí ann leis an riail seo le hainmneacha daoine agus le comhfhocail. Ar aimsigh tú ceann acu sin?

    Amharc ar na focail mala/mála, solas/sólas. Cad é an difear? Mínigh ciall na bhfocal sin.

  • 12

    Céim 4Ceacht 1: Dúbailtí

    Cad iad na litreacha dúbailte sa Ghaeilge? ________ _________ _________

    Cad é an ceann is coitianta? ________

    1. Uimhir iolra – Carranna agus Busanna Aimsigh focail eile a bhfuil an t-iolra seo orthu agus scríobh ar an bhus

    thíos iad. Aimsigh samplaí atá caol agus leathan (anna/eanna).

    2. An aimsir láithreach – Tógann agus Déanann Aimsigh focail eile a chríochnaíonn ar nn san aimsir láithreach agus

    scríobh ar an chrann thíos iad.

  • 13

    Céim 4 Ceacht 2: Fuaimeanna caite

    Tá an sliocht seo san aimsir chaite. Bíonn séimhiú ar na briathra san aimsir chaite. Tá an túsfhuaim ar iarraidh sna briathra seo. Scríobh isteach í agus ansin cláraigh na briathra ar an tábla.

    __áinig an Captaen Crúcach ar an long. Bhí eagla a gcraicinn ar na fir ar fad. __onaic an Captaen Crúcach iad agus __uail sé a bhata ar an long le fearg. “Ba __aith liom fir chróga ar mo long! Stadaigí den chrith.” __iúil sé suas síos ar an long agus __uail sé gach fear lena bhata. __uir sé síos a bhata sa deireadh agus __eas na fir suas díreach. Nach iad a bhí cróga anois? __uidigh sin go mór leo!

    Aimsigh briathra eile leis na túsfhuaimeanna seo san aimsir chaite i do leabhair.

    th ch mh bh sh

  • 14

    Céim 4Ceacht 3: Athraigh an túsfhuaim

    Tá rialacha eile ann a bhaineann leis an séimhiú. In amanna bíonn réimír roimh fhocail. Amharc ar na samplaí thíos.

    Cuir na focail thíos le chéile agus cuir an séimhiú san áit cheart. Abair amach an focal nua leis an fhuaim nua.

    oll + solas = ................................. oll + mór = .................................

    oll + margadh = .......................... oll + panda = ...............................

    ró + sásta = ................................ ró + salach = .............................

    ró + gasta = ................................ ró + callánach = .........................

    droch + sampla = ...................... droch + duine = ..........................

    droch + múinteoir = .................. droch + páiste = .........................

    mí + sásta = ............................... mí + cumasach = ........................

    dú + slán = ................................. clap + solas = .............................

  • 15

    Céim 4 Ceacht 4: Cártaí slabhra dh/gh 1

    Tá an chéad chárta agam.Cé aige a bhfuil mo ghúna?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá mo ghúna agam.Cé aige a bhfuil dhún?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá dhún agam.Cé aige a bhfuil mo ghasúr?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá mo ghasúr agam.Cé aige a bhfuil mo dhoras?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá mo dhoras agam.Cé aige a bhfuil mo ghlór?

    Cártaí slabhra dh/gh

  • 16

    Céim 4Ceacht 4: Cártaí slabhra dh/gh 2

    Tá mo ghlór agam.Cé aige a bhfuil mo dhorn?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá mo dhorn agam.Cé aige a bhfuil ghlac?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá ghlac agam.Cé aige a bhfuil mo dhalta?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá mo dhalta agam.Cé aige a bhfuil mo ghlóthach?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá mo ghlóthach agam.Cé aige a bhfuil mo dhathanna?

    Cártaí slabhra dh/gh

  • 17

    Céim 4 Ceacht 4: Cártaí slabhra dh/gh 3

    Tá mo dhathanna agam.Cé aige a bhfuil ardghlórach?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá ardghlórach agam.Cé aige a bhfuil ródhonn?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá ródhonn agam.Cé aige a bhfuil róghasta?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá róghasta agam.Cé aige a bhfuil mo ghalbhád?

    Cártaí slabhra dh/gh

    Tá mo ghalbhád agam.Is é sin an cárta deireanach.

    Cártaí slabhra dh/gh

  • 18

    Céim 4Ceacht 5: Cártaí slabhra sh/th 1

    Tá an chéad chárta agam.Cé aige a bhfuil mo thornapa?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá mo thornapa agam.Cé aige a bhfuil mo shos?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá mo shos agam.Cé aige a bhfuil mo thrunc?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá mo thrunc agam.Cé aige a bhfuil róshásta?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá róshásta agam.Cé aige a bhfuil mo thuras?

    Cártaí slabhra sh/th

  • 19

    Céim 4 Ceacht 5: Cártaí slabhra sh/th 2

    Tá mo thuras agam.Cé aige a bhfuil róshalach?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá róshalach agam.Cé aige a bhfuil róthógtha?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá róthógtha agam.Cé aige a bhfuil clapsholas?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá clapsholas agam.Cé aige a bhfuil mo thachrán?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá mo thachrán agam.Cé aige a bhfuil dúshlán?

    Cártaí slabhra sh/th

  • 20

    Céim 4Ceacht 5: Cártaí slabhra sh/th 3

    Tá dúshlán agam.Cé aige a bhfuil cothrom?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá cothrom agam.Cé aige a bhfuil a shocrú?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá a shocrú agam.Cé aige a bhfuil comhartha?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá comhartha agam.Cé aige a bhfuil dúshlánach?

    Cártaí slabhra sh/th

    Tá dúshlánach agam.Is é sin an cárta deireanach.

    Cártaí slabhra sh/th

  • Céim 4

    21

    Ceacht 6: Ag athrú le hurú

    Cuir i, bhur nó ár roimh na focail seo agus scríobh an focal nua. Cad é a tharlaíonn do na focail? Léigh na focail nua os ard.

    gort grúpa--- ----- --- ------gunnaí guth--- ------ --- ------

    bolg bád--- ----- --- ------bun babóga--- ------ --- ------

    dráma dathanna--- ----- --- ------domhan Dún na nGall--- ------ --- ------------

    fortún fásach--- ----- --- ------focal folcadán--- ------ --- ------

    capall cumann--- ----- --- ------cásanna clár--- ------ --- ------

    pálás poll--- ----- --- ------puball planda--- ------ --- ------

    tábla túr--- ----- --- ------trácht tonnta--- ------ --- ------

  • 22

    Céim 5Ceacht 1: s, d, t

    Aimsigh focail leis na fuaimeanna s, d, t i do leabhair. Cláraigh thíos iad.

    An bhfeiceann tú patrún? Amharc go cúramach ar na gutaí!

    An bhfuil siad caol nó ?

    Mínigh an fáth a bhfuil difear idir an dá fhuaim.

    . ……………………………………………………………………………………..

    ……………………………………………………………………………………....

    sa

    dán

    seo

    te

    déan

  • 23

    Céim 5 Ceacht 2: Ar bhris tú mo bhata?

    Léigh an sliocht thíos os ard go cúramach. Cuir líne faoi gach bh atá ann. Ansin, scríobh na focail le bh ar an tábla thíos san áit cheart. Aimsigh focail eile le bh i leabhair agus scríobh ar an tábla iad.

    “Bhí cogadh ann i bhfad ó shin, nuair a bhí sibhse i bhur réaltaí sa spéir,” arsa an tseanbhean leisna páistí. “Bhí daoine an-bhocht san am sin. Bhí mise i mo chónaí ar Bhóthar na bhFál agus bhímo bhríste agus mo bhuataisí pollta i rith an ama.”

    bh (bhí) bh (bhur)

  • 24

    Céim 5Ceacht 3: Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan) 1

    Tá bhí agam.Cé aige a bhfuil mo bhata?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mo bhata agam.Cé aige a bhfuil mo mhála?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mo mhála agam.Cé aige a bhfuil mo mhirlíní?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mo mhirlíní agam.Cé aige a bhfuil mo bhríste?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mo bhríste agam.Cé aige a bhfuil mo bhó?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

  • 25

    Céim 5 Ceacht 3: Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan) 2

    Tá mo bhó agam.Cé aige a bhfuil mo mhadadh?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mo mhadadh agam.Cé aige a bhfuil nimhneach?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá nimhneach agam.Cé aige a bhfuil a bhíonn?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá a bhíonn agam.Cé aige a bhfuil gabhar?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá gabhar agam.Cé aige a bhfuil amháin?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

  • 26

    Ceacht 3: Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan) 3

    Tá amháin agam.Cé aige a bhfuil ainmhithe?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá ainmhithe agam.Cé aige a bhfuil an bhean?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá an bhean agam.Cé aige a bhfuil mo bhuachaill?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mo bhuachaill agam.Cé aige a bhfuil mhúscail?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mhúscail agam.Cé aige a bhfuil níor mhiste?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Céim 5

  • 27

    Céim 5 Ceacht 3: Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan) 4

    Tá níor mhiste agam.Cé aige a bhfuil amharclann?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá amharclann agam.Cé aige a bhfuil bhailigh?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá bhailigh agam.Cé aige a bhfuil mo bhéal?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mo bhéal agam.Cé aige a bhfuil mhínigh?

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

    Tá mhínigh agam.Is é sin an cárta deireanach.

    Cártaí slabhra bh/mh (caol/leathan)

  • 28

    Céim 5Ceacht 4: Níl a dhath de dhíth ach mo gheansaí agus mo ghloine!

    Léigh na focail agus na frásaí seo os ard. Cuir do mhéar ar gach dh agus gh agus tú á léamh. Déan cinnte de go bhfuil an fhuaim cheart agat don dh/gh caol agus don dh/gh leathan.

    Cad é atá suimiúil faoi na fuaimeanna dh agus gh?

    ……………………………………………………………………………………

    róghlicdo dháta

    do dhlía dhath

    mo ghlib

    mo dhiosca a ghráróghairid

    do dhinnéarghortaigh ródhíreach

    mo gheansaí

    ghlactrí ghé bó dhonn

    mo dhuilleoga Dheasúin

    de dhíth

    mo ghumaróghrusach

    ghearr

    mo dhruma

    a ghortúsa ghaineamh

    mo dhorn

    mo ghuta

    a Dhónaill

    do dhalta

    mo dhánbó ghlas

    róghránna

    ghlan

    an ghealacha Dhiarmaid

    mo ghriscín

    do ghloine

    do dhineasár

    do dhinimítródhalba

    mo dhísle

  • 29

    Céim 5 Ceacht 5: ó nó ó?

    I nGaeilge Chúige Uladh tá dhá ó ann. Mór agus bó.Léigh na focail seo. Cuir ciorcal thart ar gach ó. Cad é an cruth a dhéanann do bhéal nuair a dhéanann tú an ó seo?

    lón nós mór rón fómhar cón

    Léigh na focail seo. Cuir ciorcal thart ar gach ó.

    óg bó bratóg ól bróg dó

    cóta babóg plódaithe meancóg ciaróg

    Níl na fuaimeanna seo mar an gcéanna. Cleacht na focail seo a rá le do mhúinteoir.Aimsigh focail le ó ar an ghréasán thíos. Abair amach iad.

    s a b z p o s

    g í a v b c l

    ú n b l r ó m

    l c ó t a n h

    p n g j t n d

    t d b r ó g b

    b ó l s g n a

  • 30

    Céim 5Ceacht 6: Nócha nead

    Léigh na focail seo ina bhfuil an fhuaim n. Cuir ciorcal thart ar gach n. Léigh i lár focal iad agus ansin ag tús focal.

    ranganna gúna gránna nádúrtha nach

    naoi nócha nós nuacht

    Anois léigh na focail seo ina bhfuil an fhuaim n. Cuir ciorcal thart ar gach n. Tá cuid acu ag tús focal agus an chuid eile i lár focal.

    bainne fáinne tine Aoine neart

    nimhneach nead neach ní níos

    Aimsigh focail eile le n i do leabhair. Cuir ar an tábla thíos iad. Léigh os ard iad agus pléigh na fuaimeanna.

    nócha nead

  • Céim 5

    31

    Ceacht 7: ch ciúin nó callánach?

    Léigh na focail seo. Tá ch callánach iontu. Rinne muid an fhuaim seo roimhe.

    ocht mo chos loch mo chorp scamallach

    amárach fadálach amach isteach

    Anois, léigh na focail seo. Tá ch ciúin iontu. An gcluineann tú an difear?

    lacha cochán dochar is dócha

    Ard Mhacha chuaigh chuig chun

    Roghnaigh … de na focail ar an leathanach seo agus scríobh mar bhreacscríbhneoireacht iad sa bhosca thíos.

    ch

    ch

  • Céim 5

    32

    Ceacht 8: Hé! Cad é atá an fhuaim seo a dhéanamh?

    Scríobh an focal ceart faoi na pictiúir seo. Litrigh go cúramach iad.

    Cad é a thug tú faoi deara faoin litir a sna focail seo?

    ……………………………………………………………………………………. . .

    ……………………………………………………………………………………. . .

    Anois, scríobh an focal ceart faoi na pictiúir seo. Litrigh go cúramach iad.

    Cad é a thug tú faoi deara faoi ea sna focail seo?

    ……………………………………………………………………………………

  • Sleachta don deachtú Céim 1, 2, 3, 4, 5

    33

    Céimeanna 1–3

    “Cas do chorp agus sín do chosa mar seo,” arsa Rónán. “Tá sé seo maith duit roimh do lón agus tá ocras mór orm anois.”

    Céim 4

    Thóg Dónall a bhata. Chuaigh sé amach chuig a chapall a bhí thíos ag an bhalla mhór. Thug sé a bhata leis ach níor bhuail sé a chapall leis. Ní raibh a dhaidí róshásta leis. Shíl seisean go raibh an capall ródhalba ach chreid Dónall nár chuidigh sé an capall a bhualadh. Bhí a dhaidí rófhada ar shiúl an lá sin agus ní bhfuair sé seans dul isteach sa rang ar scoil.

    Bhí Seán i mbun an ranga ach bhí sé i bponc. Ní raibh na páistí sásta bheith ina dtost agus ní raibh siad ábalta cuntas i ndónna ná i ndeicheanna. Bhí siad go mór ar gcúl leis an obair.

    Céim 5s, d, t

    Tá cóta mór trom ag Síle. Sílim gur cóta deas é ach síleann Síle go bhfuil sé te cóta mar sin a bheith uirthi sa samhradh. Déanann sí dinnéar deas dom gach tráthnóna.

    bh/mh

    Ar mhiste libh mo mhála a thógáil den bhinse sin. Tá mise rómhall anois ach tá mo bhreithlá ann agus ba mhaith liom dul chuig an linn snámha.

    dh/gh

    Déanaim dinnéar do dhaoine eile gach lá. Is maith liom prátaí a dhéanamh ach ní maith leis na daoine eile iad. Bhí mo gheansaí orm inné sa ghairdín ach bhí sé róghaofar.

    Tá abairtí anseo le cuidiú leis an dalta dul siar ar an eolas atá sa leabhar seo. Ní gá gach fuaim ó chéimeanna 1–5 a dhéanamh ag an leibhéal seo ach má tá tacaíocht de dhíth ar dhalta le fuaimeanna áirithe is féidir na samplaí sna pacáistí do Rang 5 a úsáid. Tá focail radhairc ann fosta.

    Abairtí don deachtú:

  • Sleachta don deachtú Céim 1, 2, 3, 4, 5

    34

    ó

    An fómhar atá ann ach tá mo chóta mór orm. Tá bróga móra orm fosta nó níor mhaith liom bheith fuar.

    n

    Is maith liom bainne a ól ar scoil. Bíonn bainne ag na páistí sa naíscoil ach tugaim bainne isteach liom gach lá. Ní maith liom uisce a ól.

    ch

    Tá duine de mo chairde iontach mórtasach. Bíonn sé callánach ach níl dochar ann. Glacann sé mo chíste gach seachtain.

    a

    Tá an cat agus an gabhar san abhainn. Ná gabh thíos ansin, beidh siad míshásta.

    ea

    Bhí mé sa leabharlann inné. Labhair mé leis an bhean ansin. Ba mhaith liom leabhar a scríobh fear darb ainm Roald Dahl.

  • Leathanach Taifid an Mhúinteora Céim 1, 2, 3, 4, 5

    35

    Iarr ar an pháiste an fhuaim a rá agus na focail shamplacha a léamh. Cláraigh an rud a deir an páiste ag úsáid an chóid.Tá focail radhairc ann chomh maith le focail fuaime.

    t – tosaithe/ – dul siar déantax – daingnithe

    Ainm an dalta –

    An fhuaim… …mar atá sna focail/sna frásaí… Cláraigh, nótaí

    a, o, u, e, i masc port sult le mil

    á, ó, ú, é, í stán brón blús plé brí

    siollaí maratón platanam

    nn, ll, rr lusanna mogall barra

    mh mhothaigh comhad

    ch sa chlúdach tríchosach

    bh bhagair ábhartha

    th thosaigh comhartha

    gh ghlac ardghlórach

    sh shocraigh dúshlán

    ph a phlódú róphlámásach

    fh rófhalsa sa fhrása

    bhf brí na bhfocal i bhfách

    ng cathlong i ngrá

    gc i gcath i gcás

  • Leathanach Taifid an Mhúinteora Céim 1, 2, 3, 4, 5

    36

    Ainm an dalta –

    An fhuaim… …mar atá sna focail/sna frásaí… Cláraigh, nótaí

    mb cosa na mbabaithe i mbolg

    bp barr na bplátaí i bponc

    nd ár ndomhan a ndathanna

    dt i dtaca le ar dtús

    t tabhairt teacht

    d díchódú déantús

    s saibhreas seans

    bh sa bhliain bhain

    mh mhothaigh mo mhian

    dh dhruid a dhéanamh

    gh sa ghairdín mo gheansaí

    ó fómhar cóta

    n nach níor

    ch mórtasach salachar

    a scamallach gabhar

    ea fear leabhar