Ár bpolasaí gaeilge - gaelscoileanna.ier-bpolasaí-gaeilge.pdf · " tá athbhreithniú...

34
Ár bPolasaí Gaeilge Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna Curtha in eagar do Ghaelscoileanna Teo. ag Niamh Ní Mhaoláin

Upload: hoangkhanh

Post on 21-May-2018

250 views

Category:

Documents


6 download

TRANSCRIPT

Page 1: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Ár bPolasaí GaeilgePolasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Curtha in eagar do Ghaelscoileanna Teo.ag Niamh Ní Mhaoláin

Page 2: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Ár bPolasaí GaeilgePolasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Curtha in eagar do Ghaelscoileanna Teo.ag Niamh Ní Mhaoláin

Page 3: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Tá sochaí na tíre ag síor-athrú agus tá cúrsaí oideachais agus polasaitheoideachais ag athrú chomh maith céanna i ngach aon réimse den oideachas. Leteacht Curaclam na Bunscoile, 1999 agus An tAcht Oideachais, 1998 tá tírdhreachan oideachais athraithe go mór. Maidir le múineadh na Gaeilge agus múineadhtré Ghaeilge tá roinnt rudaí suntasacha tarlaithe le déanaí. Ina measc:

" Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta bunaitheagus ag feidhmiú faoin Acht Oideachais le 3 bliana anuas.

" Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus demhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais lorgaithe ag an gCoimisinéirTeanga ina thuarascáil tionscnaimh.

" Tuigtear go bhfuil cinneadh tógtha ag an Roinn Oideachas agus Eolaíochta dular aghaidh le forbairt a dhéanamh ar Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilgei mBaile Bhúirne.

" Tá “Tuairisc Harris” le foilsiú go luath faoi chaighdeán inniúlachta na Gaeilgeatá ag daltaí i ranganna sé sna bunscoileanna go léir.

" Tá Coiste Teangan bunaithe ag an Comhairle Náisiúnta Curaclam agusMeasúnaithe chun treoirlínte a fhorbairt do scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge faoi fhorbairt na litearthachta. Beidh tástálacha caighdeánaithe ádhéanamh ar na scileanna litearthachta ag amanta ar leith ins na scoileannago léir. Tabharfar cothrom na féinne do scileanna na délitearthachta inárscoileanna dá réir.

" Tá stádas oifigiúil mar theanga oibre faighte ag Gaeilge san Aontas Eorpach." Tá gaelscoil ag feidhmiú anois i ngach contae sa tír ó Mheán Fómhair 2005.

Ag cur na forbairtí thuas san áireamh agus ag breathnú ar an gcuraclam mar atáchomh maith lena bhfuil luaite faoin nGaeilge/Ghaeltacht san Acht Oideachais baléir dúinn i nGaelscoileanna Teo. go raibh gá gníomhú ar pholasaithecuimsitheacha a fhorbairt a bheadh in oiriúint don earnáil agus bunaithe ar nadea-chleachtais is fearr aitheanta i gcian agus i gcóngar. Chuige sin chinn aneagraíocht Polasaí Gaeilge d’ár scoileanna a dhréachtadh. Thóg an próiseas seoroinnt mhaith ama. Chuathas i gcomhar leis na scoileanna. Mar chuid denphróiséas rannpháirtíochta agus an polasaí seo á chur le chéile cuireadh dréachtde ar láithreán gréasáin Ghaelscoileanna Teo. chun tuairimí bhaill na heagraíochtaa lorg i rith na bliana seo caite. Eagraíodh ceardlann bunaithe ar an dréacht agComhdháil Oideachais Ghaelscoileanna ’04 agus ag Comhdháil Chomhairle naGaelscolaíochta ó thuaidh i mBéal Feirste ‘05 agus ag eascairt as an aischothú atháinig chun solais agus na leasaithe a moladh tá an leagan deiridh seo tagtha aran bhfód. Mar shoiléiriú úsáidtear Gaelscoileanna nuair atá tagairt á dhéanamhdon eagraíocht agus gaelscoileanna nuair atá tagairt á dhéanamh do scoileannasa pholasaí. Tá cóip den pholasaí seo ar fáil ar shuíomh idirlín na heagraíochta.

Cuireann sé ana áthas orm go bhfuil an polasaí seo á bhfoilsiú. Tá obair denchéad scoth déanta ag an eagarthóir Niamh Ní Mhaoláin le roinnt blianta anuas arson na heagraíochta ach tá sé sin sáraithe aici sa pholasaí seo. Thar cheann nascoileanna agus na daltaí go léir a bhainfidh buntáiste as an bpolasaí seo is ceartdúinn a bheith fíor-bhuíoch di. Tá dua iontach curtha aici uirthi féin chun an tograseo a chur i gcrích ach is féidir léi a bheith mórtasach as an obair. Tá creidiúinttuillte ag gach duine go raibh lámh acu san obair agus ag foireann naheagraíochta go léir, go háirithe Nóra Ní Loingsigh a d’oibrigh le Niamh aguseagarthóireacht á dhéanamh ar an bpolasaí. Iarraim oraibh an leas is fearr abhaint as agus toradh na hoibre seo a bheith le feiceáil inár scoileanna tré namoltaí agus na dea-chleachtais atá ann a chur i bhfeidhm i ngaelscoileanna uiligna tíre seo.

Beir Bua,

Dónal Ó hAiniféinUachtarán, Gaelscoileanna Teo. Samhain ‘05

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Brollach

Page 4: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Aithníonn Gaelscoileanna gur scoil ar leith inti féin gach scoilach laistiar den ilchineálachas go bhfuil sainriachtanais agussaincháilíochtaí a aithnítear le gaelscoileanna.

Tá iarracht déanta sa leabhrán seo beartais i leith pholasaíGaeilge sa ghaelscoil a tharraingt le chéile faoi aon chlúdachamháin. Cuireann an leabhrán seo ar chumas na scoileanna agcuid taithí féin maidir le pleanáil do pholasaí Gaeilge a chur igcomhthéacs an tsuímh timpeall na tíre. Tá scoileanna agcéimeanna difriúla den phleanáil don Ghaeilge gan amhras. Isféidir an leabhrán seo a úsáid mar fhoramharc ar an bpolasaíscoile atá ag scoil cheana nó mar threoir do scoileanna atá agdéanamh athbhreithnithe ar a gcuid cleachtais. Tugann sétacaíocht do scoileanna dul chun cinn a dhéanamh maidir lenabpolasaí Gaeilge a cheapadh agus lena bhfís scoile a fhorbairtníos iomláine. Tugann sé deis do scoileanna tosaíochtaí aaithint agus tosaíochtaí a shocrú más gá. Deis atá anseo chomhmaith an dea-chleachtas gaelscolaíochta atá le sonrú timpeallna tíre a dhearbhú agus a chraobhscaoileadh i measc anpholasaí oideachais i gcoitinne. Cuimsíonn an polasaí Gaeilgeraon leathan de réimsí; réimsí curaclaim, réimsí bainistíochtaagus réimsí eagrúcháin san áireamh. Níl sé i gceist sa leabhránseo díriú ar chúrsaí curaclaim ach cuirtear san áireamh uaireantanach mbíonn na teorainneacha eatarthu chomh soiléir sin, margo mbíonn cuid mhór den phleanáil curaclaim ceangailte leceisteanna eagrúcháin agus is iomaí uair a bhíonn baint agpleanáil eagrúcháin le cleachtaí riaracháin agus le nósannaimeachta a théann i bhfeidhm ar an gcuraclam.

Is gnéithe tábhachtacha den phleanáil forbartha iad ancomhoibriú agus an chomhpháirtíocht. Caithfidh scoileannastruchtúr a chur ar bun a mheallfaidh rannpháirtíocht ónbhfoireann, ón mbord bainistíochta, ó thuismitheoirí agus ódhaltaí chun an polasaí Gaeilge a neartú don todhchaí. Inagcuid gníomhaíochtaí pleanála, ní mór do scoileanna dul igcomhairle leis an reachtaíocht is déanaí, le himlitreacha atácothrom le dáta agus leis an gcuraclam. Ní foláir do scoileannateacht ar straitéisí scoile chun taifeadadh agus monatóireacht adhéanamh ar an obair idir lámha agus chun féinmheastóireachta dhéanamh.

Tá tábhacht ag baint le foilsiú Ag breathnú ar an Scoil Againne- Cúnamh le haghaidh féinmheasúnachta i mbunscoileanna ónRoinn Oideachais agus Eolaíochta chuige seo. Ar deireadh is gádon Bhord Bainistíochta an polasaí Gaeilge a fhaomhadh. Is cóiran polasaí faofa a chur in iúl do phobal na scoile go rialta agusé a thabhairt do mhúinteoirí nuacheaptha agus do bhaill anbhoird nuathofa chomh maith.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

RÉAMHRÁ

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 5: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

An chéad chló 2005© 2005 Gaelscoileanna Teo.

FoilsitheoiríGaelscoileanna Teo.7 Cearnóg Mhuirfean,Baile Átha Cliath 2.

Gach ceart ar cosaint. Níl ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur igcomhad athfhála nó a tharchur ar aon mhodh nó slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil,bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Dearadh agus clóchur: Gaelink DesignArna chlóbhualadh in Éireann ag Carrick Print

Page 6: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Brollach

Réamhrá

Cad is gaelscoil ann? 6

An dátheangachas agus an córas tumtha 8

An bord bainistíochta 16

Forbairt phroifisiúnta 20

Tuismitheoirí 22

An clós 25

Tagairtí 30

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Clár

Page 7: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Eascraíonn an ghaelscoil as apobal, agus cothaíonn sí apobal. Braitear, dá bhrí sin,éagsúlacht mhór idirscoileanna; scoileannatuaithe, scoileanna cathrach,scoileanna beaga, scoileannamóra, scoileannanuabhunaithe agusscoileanna seanbhunaithe.Ach laistiar denilchineálachas dromplach, tásainriachtanais agussaincháilíochtaí a aithnítear legaelscoileanna

(Iris Ghaelscoileanna, 12,1991, lch.4)

Is bunscoil í an ghaelscoil afheidhmíonn faoi ghnáthrialachana Roinne Oideachais. Tá anghaelscoil bunaithe ar naprionsabail chéanna agus atá anghnáthbhunscoil náisiúnta. Táaidhmeanna breise ag anngaelscoil áfach. Tá ionad breiseinti ag an oidhreacht Ghaelach ashaibríonn an curaclam agus agan teanga féin toisc í a bheithmar ghléas teagaisc. Marthoradh air sin déanann anghaelscoil gach gné denoidhreacht Ghaelach a fhorbairt.Cuirtear ceol, rince, drámaíochtagus eile chun cinn ionas gurféidir leis an dalta é/í féin af(h)orbairt de réir ap(h)earsantachta agus a(h)ábaltachta féin. Tuigtear gurgléas atá sa Ghaeilge a bheidhina háis chumarsáide don daltadá s(h)aol féin. Is gaelscoil nóscoil lánGhaeilge í an scoil inabhfuil an Ghaeilge mar mheánteagaisc (lasmuigh de Bhéarla amhúineadh). Ach ní féidirgaelscoil a thabhairt ar scoil inamúintear trí mheán na Gaeilgeach nach gcuirtear béim ar annGaeilge mar mheán cumarsáide.

Caithfidh sí a bheith ina meáncumarsáide i measc na ndaltaílasmuigh den seomra ranga,agus ina meán riaracháin maidirle gnó na scoile i gcoitinne.

(Treoirleabhar Ghaelscoileanna,1992, lch 22)

Seasann an ghaelscoil mar scoillánGhaeilge ar pholasaí dearfachi leith labhairt na Gaeilge agusar chur i bhfeidhm éifeachtachan pholasaí sin;

1. ag an mbord bainistíochtaagus ag an gcumanntacaíochta/cairde nascoile/coiste tuismitheoirí,

2. i gcomhfhreagras lehinstitiúidí oifigiúla,

3. i measc na foirne - múinteoiríagus lucht coinneála, rúnaitheagus araile,

4. idir múinteoirí agus daltaí irith am scoile agus in aonimeacht iarscoile faoi stiúir nabainistíochta a mbíonn nadaltaí páirteach ann,

5. mar ghnáthnós laethúil imeasc na ngasúr.

(TreoirleabharGhaelscoileanna,1992,lch 22)

Caibidil 1

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo. CAD IS GAELSCOIL ANN?

Feiceann foirne na scoileannamar dhualgas orthu féin marsin gach deis a thabhairt do napáistí an cultúr a bhlaiseadhtaobh amuigh den scoil tríthurais Ghaeltachta, drámaíGaelacha agus féiltí Gaelacha achur os a gcomhair.

6

Seasann anghaelscoil mar scoil

lánGhaeilge arpholasaí dearfach i

leith labhairt naGaeilge agus ar chur

i bhfeidhméifeachtach an

pholasaí sin.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 8: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Tá sé tabhachtach mar sin gombeadh tuiscint chomhaontaithear shainmheon na gaelscoile. Isgá fealsúnacht na scoile amhíniú go cruinn dothuismitheoirí nua agus a gcuidtacaíochta a lorg le cabhrú lehaidhm na scoile a chur i gcrích.Beifear ag súil go bhfuiltiomantas acu don Ghaeilge.Sula gcláraítear aon pháiste mardhalta sa ghaelscoil ba chóir amhíniú don tuismitheoir/gcaomhnóir má shíníonn sé/sí anfhoirm chlárúcháin go bhfuilsé/sí ag glacadh le polasaíGaeilge na gaelscoile. Beidhsainmheon na gaelscoile gosoiléir le feiscint i spriocráiteasna gaelscoile a bheidh agcrochadh go poiblí, aonaithe agpobal na scoile.

Bíonn áit an-lárnach ag annGaeilge i gcód iompair nascoile chomh maith. Mar ardeireadh an ghné is sainiúla denghaelscolaíocht ná an t-iomparteanga. Is é ról na foirne tríchéile ná rialacha atá soiléirmaidir leis an nGaeilge labharthaa aontú le chéile agus leis nadaltaí agus ansin iad a chur ibhfeidhm. De ghnáth reáchtálfarranganna Gaeilge, céilithe agusaraile chun tuismitheoirí aspreagadh le Gaeilge afhoghlaim agus a úsáid, goháirithe i dtimpeallacht nascoile.

Feiceann foirne na scoileannamar dhualgas orthu féin mar singach deis a thabhairt do napáistí an cultúr a bhlaiseadhtaobh amuigh den scoil tríthurais Ghaeltachta, drámaíGaelacha agus féiltí Gaelacha achur os a gcomhair.

Déantar gach iarracht saghaelscoil foclóir atá riachtanach

don chumarsáid nua-aoiseach achur i mbéal na ndaltaí. Foclóirsúgartha agus téarmaíocht nuaatá i gceist toisc an fhorbairt atáag teacht ar an teanga de réirmar a phléitear ábhair nárpléadh cheana sa Ghaeilgeb’fhéidir.

Is deacair teanga chumarsáidean chlóis a bheith slán ganteanga riartha, teanga phobailagus meán múinte na scoile abheith mar thacaíocht láidir aici.Is dúshlán an-mhór é seo donghaelscolaíocht. Is í an Ghaeilgebunchloch na scoileanna agus isiad na páistí croílár nagaelscolaíochta. Is orthu siúdatáimid ag brath chun anGhaeilge a chur ar aghaidh godtí an chéad ghlúin eile.

Is é an ról atá ag na páistí ná agcion féin a dhéanamh ní héamháin ar a son féin ach ar sonna scoile agus na sochaí agusteacht ar an gcinneadhpearsanta gur leo an teangaagus is amhlaidh is tapúla ashealbhóidh siad í agus a

láimhseálfaidh siad ábhair chasta inti.

Is é a thárla le gluaiseacht nagaelscolaíochta ná gur baineadhan t-éigeantas ón tumoideachasiomlán agus gur fágadh marrogha do thuismitheoirí é. Iscóras roghnach atá ann ó shindóibh siúd gur mian leo é sin.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

7Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 9: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

An Dátheangachas i gcás naGaelscolaíochta

Deireann an litríocht linn gobhfuil os cionn 60% demhuintir an domhaindátheangach, is é sin gombaineann siad leas as dhátheanga nó níos mó ina saollaethúil.

Cad is dátheangach ann? Anduine é/í atá in ann dhátheanga a úsáid? Clúdaíonn antuairim sin réimse cumais an-leathan - ón duine atá in anncúpla focal a rá i dteanga eilego dtí an duine atá ar aonleibhéal cumais sa dá theanga.Is téarma coibhneasta é andátheangachas. Ciallaíonn sédifríochtaí i bhfeidhm nateanga. Toisc go bhfuil sédeacair sainmhíniú beacht athabhairt ar an dátheangachasbreathnaítear go minic air marchuid de chontanaim. Isfíorannamh áfach a bhíonn dhátheanga ar chomhchaighdeánag aon duine a bhfuil dhátheanga aige/aici. Is gnáthrudfreisin ag an duinedátheangach go mbíonn sé/síníos mó ar a c(h)ompord nuaira bhíonn sé/sí ag caint faoiábhair áirithe i dteanga amháinná i dteanga eile. Cuirtearoideachas dátheangach ar fáildo pháistí san iliomad tíorthaar fud an domhain. Dar leKenner & Gregory (2003), táníos mó páistí dátheangachaná aonteangacha ar domhanagus tá níos mó díobh ag fáil agcuid oideachais godátheangach nó tríd an darateanga ná mar atá á fháil samháthairtheanga.

Léiríonn an staidéar atá déantaar pháistí dátheangacha gobhfuil dearcadh ar leith agpáiste dátheangach ar fhocail,dearcadh nach bhfuil ag páisteaonteangach. Bíonn a fhios agan bpáiste go bhfuil níos mó

ná bealach amháin ann chuncur síos a dhéanamh ar rudéigin. Toisc go bhfuildlúthcheangal idir teanga agussmaoineamh tá tionchar aige archumas smaointeoireachta anpháiste. Dar leis nasaineolaithe cuireann andátheangach níos mótábhachta le brí an fhocail agusleis an smaoineamh taobh thiarde ná mar a chuireann sé/síleis an bhfuaim agus is féidirleis sin cur le cumas plé lesmaointe teibí. Áirítearbuntáistí sóisialta chomh maithmar go mbíonn ar an bpáistedátheangach cinneadh adhéanamh go minic cé acuteanga is fearr chun labhairt ledaoine áirithe. Meastar gombíonn an dátheangach níostuisceanaí agus é/í ag plé ledaoine ná mar a bhíonn anpáiste aonteangach agusscileanna sóisialta níos fearraige/aici dá bharr. Chomh maithleis sin cabhraíonn an darateanga le páiste an tríú nó anceathrú teanga a shealbhú.Nuair a thosaíonn andátheangach ar an tríú teangaglacann sé/sí leis gan cheist gobhfuil an teanga nua difriúil óndá theanga atá aige/aicicheana.

Cén aidhm atá againn óthaobh an dátheangachaisde mar sin sa ghaelscoil?

Is dátheangachas suimíoch atámar sprioc ag gaelscoileannaagus ag scoileanna Gaeltachtana hÉireann. Is é sin le rá gobhfuil inniúlacht sa dá theanga(Gaeilge agus Béarla) marchuspóir againn agus aithníteargo bhfuil an dá theangatuilleamaíoch ar a chéile inÉirinn na linne seo. Úsáidtearan tumadh iomlán sasprioctheanga (Gaeilge) ar scoilchun é sin a chothú mar gobhfuil an iliomad tacaíochtaídon mórtheanga (Béarla)

Caibidil 2

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

AN DÁTHEANGACHAS AGUSAN CÓRAS TUMTHA

Tá níos mó páistídátheangacha náaonteangacha ar

domhan agus tá níosmó díobh ag fáil a

gcuid oideachais godátheangach nó tríd

an dara teanga námar atá á fháil samháthairtheanga.

8Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 10: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

forleathan lasmuigh den scoilagus sa tsochaí go ginearálta.Ciallaíonn sé seo go bhfuilbuntáiste sa bhreis le baintamach ag an bpáiste as a bheithdátheangach. Baineann sé seoleis an difríocht idir mórtheangadhomhanda (sa chás seo Béarla)agus mionteanga i gcás anphobail (sa chás seo Gaeilge). Táan difríocht seo an-tábhachtach igcás an dátheangachais inÉirinn. Is é an Béarla anphríomhtheanga labhartha agformhór de mhuintir na hÉireannagus mar sin níl aon bhaol anngo rachaidh sé i léig. Má bhíonnstádas ard agus cothrom ag andá theanga i measc na ndaoinea bhfuil meas faoi leith ag anbpáiste orthu, éireoidh le páistestaid fholláin a bhaint amachmar dhátheangach. Cé go bhfuilGaeilge le clos ón gcéad lá arscoil ag an bpáiste sa ghaelscoilníl neamhaird tugtha ar chéadteanga an pháiste, is é sin anBéarla (i gcás formhór na bpáistíach go bhfuil fás ag teacht arlíon na bpáistí gurb iad AnRúisis nó an tSínis agusteangacha eile an chéad teangaacu). Léirítear don pháiste gobhfuil meas ar a t(h)eanga baileagus go bhfuil tuiscint ag anmúinteoir uirthi, i gcás anBhéarla go háirirthe.

Seo a deir Baker faoingcoincheap seo:

‘Additive bilingualism occurs inan environment in which the

addition of a second languageand culture does not replace

the first language and culture;rather, the first language/culture are promoted and

developed.

Additive bilingualism is linkedto high self-esteem, increasedcognitive flexibility, and higher

levels of proficiency in L2..’(Baker, 2000).

Caithfidh dóthain teagmhála abheith ag páistí sna

gaelscoileanna leis an nGaeilgechun cúiteamh a dhéanamh archeannasaíocht an Bhéarla le gombainfidh siad dátheangachassuimíoch amach. Cuireann ÓBaoill & Ó Duibhir, (1994) anbhéim ar an tábhacht abhaineann le deiseanna agus lesuímh do pháistí leis an dóthainteagmhála seo a fháil taobhamuigh den seomra rangachomh maith.

Faigheann gaelscoileannatacaíocht ó eagraíochtaí éagsúlacosúil le Gael-Linn, Glór nanGael, An FhéileScoildrámaíochta, Údarás naGaeltachta, Comhairle naGaelscolaíochta, Gaelscoileannaagus Comhluadar chun suímhchumarsáide lasmuigh den scoila chruthú don Ghaeilge. Is fiú gomór freisin na naisc idirghaelscoileanna féin timpeall natíre agus le scoileanna saGhaeltacht chomh maith. Bíonnócáidí eagraithe áit ar féidir leisna daltaí páirt a ghlacadh ingníomhaíochtaí spóirt lenachéile agus le teacht anleathanbhanda agus anríomhphoist bíonn teagmháilrialta ag daltaí ghaelscoileannalena chéile ar an idirlíon. Bíonnbuntáiste sa teagmháil idirlín óthaobh forbairt scileannalitearthachta de chomh maith. Isé an tuairim atá ag Kenner &Gregory (2003) ná gur féidir lepáistí óga a bheith il-litearthaagus go nglactar leis mar chuidnádúrtha d’fhorbairt nalitearthachta i go leor suímh gohidirnáisiúnta. Beidh buntáisteag an bpáiste dátheangach margo mbeidh bua nadélitearthachta aige/ aici. Is éatá i gceist leis sin dáiríre ná gombeidh ar a c(h)umas aistriú ótheanga amháin go teanga eilear chúiseanna éagsúla. Uaireantab’fhéidir go mbeidh an t-ionchurteanga á chur ar fáil i dteangaamháin agus an t-aischur teangaá chur ar fáil sa teanga eile.Méadaíonn sé seo ar an gcumas

tuisceana a bhíonn ag anbpáiste agus cuireann sé deis arfáil dó/di coincheapa a mheá ópheirspeictí cultúrtha difriúlaagus an méid atá foghlama adhaingniú. Tá caint sa BhreatainBheag ar cháilíocht faoi leith sadélitearthacht a fhorbairt maraitheantas don méid atá bainteamach ag na daltaídélitearthacha (Estyn 2002).

Tumoideachas

Tá an tumoideachas iomlánaitheanta ar fud an domhain maran córas is éifeachtaí chun andara teanga a mhúineadh/shealbhú i suíomh scolaíochta.Is fiú an tumoideachas iomlánmar a chleachtaítear anseo é ashuí i gcomhthéacs idirnáisiúntabunaithe ar an taighde agus arna dea-chleachtais is fearr atá arfáil dúinn. As seo tá súil againngur féidir linn foghlaim chunforbairt na hearnála sa todhchaía threorú agus a chinntiú arbhealach stuama. Go traidisiúntanuair a rinneamar tagairt dontumoideachas is ar chúrsaí igCeanada go príomha a bhíomardírithe. Tá tábhacht ar leith agbaint le cúrsaí tumoideachais igCeanada mar go bhfuil bunústaighde leanúnach leis, achaithnítear go mbíonnéagsúlachtaí áirithe le tabhairtfaoi deara idir comhthéacsannaáirithe tumoideachais ag brath archúinsí áitiúla gan amhras.Aithnítear agus cothaítear antumoideachas iomlán sna córaisoideachais atá i dTuaisceart nahÉireann, in Albain, sa BhreatainBheag agus sa Nua-Shéalainnchomh maith. Is tíortha iad seoatá inchomporáideach le cás nahÉireann ar mhórán bealaí.

Ciallaíonn córas tumoideachaisgo bunúsach go dtumtar anpáiste sa sprioc-theanga. Inárgcás déantar iad a thumadh saGhaeilge. Ciallaíonn sé seo gobhfuil na daltaí báite sa Ghaeilgeóna gcéad lá ar scoil. Cruthaítear

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna9

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 11: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

na coinníollacha ar scoil adhéanann aithris ar angcomhthéacs nádúrtha inarfhoghlaim an páiste an Béarla/chéad teanga. Éiríonn leis angcóras mar thoradh ar an gciallinmheánach a bhaineann lehábhar a fhoghlaim tríd an darateanga. Bíonn uasmhéadúd’fhoghlaim teanga i gceist ileith cumarsáide, is é sin gombíonn na teachtaireachtaí lánde bhrí don múinteoir agus dondalta freisin.

Cad a tharlaíonn i rang naNaíonán?

Ón gcéad lá cloiseann an páistean Ghaeilge timpeall air/ uirthi,ansin trí spreagadh natimpeallachta agus faoi stiúir anmhúinteora, tagann sé/ sí arthuiscint na teanga. Tá anteanga fite fuaite ingníomhaíochtaí an pháistenuair atá sé/ sí ag súgradh lebrící, le gaineamh agus agdathú. Is ar éigean go dtugannsé/sí faoi deara go bhfuil andara teanga á foghlaim aige/aici. Bíonn gnéithe de theanganua curtha i láthair igcomhthéacs spéisiúil agus napáistí sáite i ngníomhaíochtaíaidhmithe ag an múinteoir chunscil eile a fhorbairt. Ansincruthaítear ócáidí eile gur dóichígo n-úsáidfear an teanga seo iscuirfear i bhfeidhm in a n-intinniad. Bíonn an córas tógtha arphróiseas “scaffolds” achabhraíonn leis na daltaí ógaciall a dhéanamh díobh agus dena heispéiris foghlama. Díreachmar a d’fhoghlaim an páiste anBéarla déanann sé/ sí focail acheangal le gnéithetábhachtacha dá t(h)impeallachtscoile, ainmfhocail choitianta satimpeallacht, lón, múinteoir,dathú agus araile. Fásannscileanna tuisceana go tapa saGhaeilge agus baineann anpáiste caighdeán sách ardamach sula gcuireann sé/ sí é/ í

féin in iúl ar an mbealach issimplí sa Ghaeilge. Glaoitear antréimhse thostach air seo,tréimhse ina mbíonn scileannatuisceana á bhforbairt is ádtreisiú sula dtosaíonn aonchaint. Le himeacht aimsire,fásann máistreacht agus tuiscintan pháiste agus baineann sé/ síúsáid níos feidhmiúla as annGaeilge. Déantar an t-ullmhúchán do litearthacht agusdon uimhreas go hiomlán tríGhaeilge. Bíonn go leor traschurteanga ar siúl ag na daltaí áfach.Cinntíonn sé seo go bhfuil anfoghlaimeoir lárnach saphróiseas agus go bhfuildeiseanna cumarsáide agusréiteach fadhbanna ar fáil sarang. Múintear gach ábhar, achamháin teangacha eile, tríGhaeilge.

Modhanna faoi leithtumtheagaisc i rang nanaíonán

CCuurr cchhuuiiggee iillcchhiinneeáállaacchh!!" síorchaint ón múinteoir." abairtí na bpáistí a aistriú nó

a athinsint." aistriú ón oide, déanann na

páistí aithris, athrá a lorg." síor-athrá." am lóin - suite leis na páistí

ag labhairt leo." saorimirt - comhrá leis na

paistí faoi na gníomhaíochtaíéagsúla atá ar bun acu m.sh.ceisteanna, orduithe.

" samplaí d’fhocail/ abairtí/nathanna a sholáthar do napáistí.

" foclóir/ nathanna/ abairtí acheangal le focail/ nathanna/abairti atá ar eolas ag napaistí cheana féin.

" focail/ abairtí/ nathanna a churin úsáid i gcomhthéacsannaéagsúla.

" a chur i guimhne do na páistíGaeilge a labhairt.

" cuntas a choimeád ar nahabairtí a thagann chun cinn irith a gcuid ama súgartha agus

iad a chleachtadh go rialta." nathanna i bhfoirm ríme/

amhrán." ábhair nithiúla/ fearais/

leabhair/ cairteacha/ físeanna/dlúthdhioscaí.

" modh na dramaíochta." cluichí cumarsáide." go leor tascanna. " geáitsíocht/ scéalaíocht." tábhacht phearsantacht agus

shampla an mhúinteora." dírithe ar riachtanais teanga

an pháiste." cothromaíocht a choimeád idir

teanga chumarsáideach agusteanga acadúil.

Faoi dheireadh na chéad bhlianabeidh na páistí tagtha ar antuiscint go mbaineann anGhaeilge le réimse na scoile goháirithe sa seomra ranga, sachlós, ar na cosáin, sna siúltáinagus go mbeifear ag súil gogcaithfidh siad cibé focal/ abairt/structúr atá insealbhaithe acu aúsaid go cuí snacomhthéacsanna éagsúla (aglabhairt leis an múinteoir, aglabhairt lena chéile m.sh. agsaorimirt, ag ithe, ag am lóin, agsúgradh sa chlós) lena dtagannsiad i dteagmháil i rith a saolsna Naíonáin Shóisearacha.Faoin tríú bliain (Rang a haon)bheifí ag súil go n-úsáidfeadh napáistí Gaeilge mar theangachumarsáide ina measc féin nósa chlós lasmuigh de naranganna Béarla. Níor chóir gombeadh deacrachtaí acu athrú ótheanga amháin go teanga eilede réir mar a oireann cé gobhfuil sé intuigthe go mbeidhrian an Bhéarla ar a gcuidGaeilge ach go mbeidh rian naGaeilge uirthi ó thaobh ord focal,structúr agus foghraíochta de.

Baineann páistí líofacht Ghaeilgeamach sa ghaelscoil nach bhfuilar aon dul le cainteoir dúchaisach atá i bhfad chun tosaigh ardhaltaí a fhoghlaimíonn anGhaeilge ar feadh tréimhsedaichead nóiméad in aghaidh an

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

10Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 12: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

lae. Ach cad is caighdeán sásúilann? Ciallaíonn caighdeán sásúilgo dtuigeann na páistí Gaeilgean ranga agus go bhfuil siad inann pé rud a theastaíonn uathua rá go líofa. Tarlaíonn séuaireanta go mbaineann páistílíofacht amach ach go bhfuiltionchar láidir an Bhéarla ar agcuid cainte, maidir lefuaimeanna, foghraíocht, focailnó struchtúir abairte. Tarlaíonnsé mar go mbíonn an múnla eilein uachtar ina n-aigne aguseaspa taithí ar chloisteáil agusar labhairt na Gaeilge. Bíonnidirtheanga i gceist a bhíonn igcónaí ag athrú idir foirmeachateangeolaíochta, idir rialta ismhírialta. Ní bhíonn an dáchóras teanga scartha in dhástruchtúr roinnte. Mar sin féin,caithfidh go bhfuil bealaí chunmíchruinneas na ndaltaí alaghdú agus a fheabhsú. Má tálaigí sa chaint caithfear iad aaithint.

Cén fáth na botúin?

‘Bhí mise céad’ ‘Tá sé sin mise’s’An bhfuil a leithead cloiste agat?Cén fáth go dtarlaíonn sé? Anbhfuil aon leigheas againn air? Isgá béim sa bhreis a chur ar anmbealach a láimhseáiltear anteanga labhartha sa ghaelscoil.Bíonn scileanna teangainmheánaithe an Bhéarla faoichois na scileannanuafhoghlamtha Gaeilge ag napáistí. Bíonn an trasnaíochtcoitianta chomh maith. Tóganngach teanga iasachtaí ótheangacha eile agus déantar agcuid féin díobh. An fhadhb abhíonn ann ná nuair a bhíonnleibhéal na n-iasachtaí ró-ard.

Cloistear an téarma ‘fossilization’go minic i gcás antumoideachais agus is fíor é igcomhthéacs na Gaeilge saghaelscoil chomh maith. Is é atái gceist leis ná go sroicheann napáistí caighdeán áirithe sa darateanga agus de bharr cúinsí

agus constaiceanna faoi leith níbhaineann siad caighdeán níosairde amach. Dar le saineolaithetarlaíonn sé seo ar dhá chúis:

1. de bharr easpa deiseannacomhtháthú a dhéanamh leisan sprioc-chultúr, is é sincainteoirí Gaeilge lasmuighden rang,

2. de bharr coinníollachateoranta an tseomra ranga,áit ina gcuirtear an bhéim aran teanga acadúil.

Is féidir a rá i gcomhthéacs nandaltaí nach bhfuil an Ghaeilgeag teastáil uathu chun ariachtanais bhunúsacha achomhlíonadh sa saol lasmuighden scoil ach go bhfuil sí uathuchun cumarsáid a dhéanamhlena múinteoir agus chun dulchun cinn a dhéanamh i gcúrsaíscoile. Bíonn rian an Bhéarla lesonrú go láidir ar an nGaeilge.Cuireann siad struchtúir chainteáirithe chun fusachta. Bíonn ró-ghinearálú agus ró-shimpliú igceist. Tá go leor samplaí chunan pointe seo a léiriú marshampla ,‘Cad a bhfuil cearrleat?’ ‘An bhfuil cead agam faighleabhar?’ ‘Teastaíonn anmúinteoir tú’. Tuigeann na páistía chéile agus mar sin níl aonbhrú orthu a gcód cainte a athrú.

Conas a rachaimid i ngleicleis na botúin?

Is gá a chinntiú go bhfuil pleanscoile do labhairt na Gaeilge, atábunaithe ar riachtanaischumarsáide na bpáistí sa scoil,deartha ag an ngaelscoil. Tá séden ríthábhacht go mbainfidh napáistí caighdeán an-ard amachsa Ghaeilge ionas go mbeidhsiad ábalta an leas is fearr abhaint as an gcóras go hacadúilagus go sóisialta. Coimeádanngo leor scoileanna nóta de nabotúin is coitianta a chloiseannsiad. Bunaíonn siad ceachtannaorthu agus déanann siad iarracht

dul i ngleic leo sa phlean scoile.Toisc gur gá timpeallachtGhaeilge na ndaltaí a leathnúlasmuigh den seomra ranga chungo dtiocfaidh fás agus forbairt aran nGaeilge ní mór mar sin díriúar an mbéim a chuirtear ar annGaeilge mar theangachumarsáide idir na daltaí i gclósna scoile chomh maith.

Labhairt na Gaeilge mar ábhar

SSééiiddeeáánn SSíí

Is áis den scoth Séideán Sí atádeartha do ghaelscoileanna agusdo scoileanna Gaeltachta, goháirithe mar a bhaineann sé lecur i bhfeidhm gach gné dechuraclam na Gaeilge suas gorang a haon go dtí seo. Beidh séar fáil do gach rang sa bhunscoildiaidh ar ndiaidh. Mar a bheifeáag súil leis is ar an gcur chuigecumarsáideach atá sé bunaithe.Dá bhrí sin is ar an bpáiste féin,ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábharspéise féin atá an phríomhbhéim.Cúrsa comhtháite, páiste-lárnach,taitneamhach atá ann achuideoidh le forbairt na teanga,na cognaíochta, na mothúchánagus na samhlaíochta ag anbpáiste. Bunaítear na ceachtannaar na téamaí atá i gCuraclam naBunscoile – Gaeilge (1999). Táleorsholáthar ceachtanna ar fáille freastal ar na réimsí éagsúlacumais.

Dá bhrí sin úsáidfidh anmúinteoir a s(h)aineolas féin iroghnú na gceachtanna chunfreastal ar riachtanais na ndaltaí.Is í aidhm gach ceachta feidhmteanga ar leith a thabhairt chuncríche. Cuirtear na heiseamláiríteanga ar fáil chuige sin.Caithfidh an múinteoir nadeiseanna a thagann chun cinnsa rang leis na heiseamláirí seo achleachtadh i gcomhthéacsannaeile. Tá pacáiste áiseannaiontacha ag gabháil leis an gclárchomh maith.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna11

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 13: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Moltaí maidir le labhairt naGaeilge do bhunranganna

(bailithe ó mhúinteoirí i mórángaelscoileanna):

" Amhránaíocht le hathrá, marshampla, amhrán a dhéanamhas abairtí simplí.

" Rudaí a chur i bhfolach agusiad a aimsiú.

" Gníomhvéarsaíocht." Nuacht phearsanta mar scéal." Ról-aisteoireacht. " An-bhéim ar am tosaithe/ am

sosa/ am lóin/ am dul abhaile." Puipéid/ gutháin." Scáthán i mbosca." Scéalta." Páistí ag gléasadh suas.

Is gá a chinntiú tríd an bpleanáilscoile agus tríd an bpleanáilranga go ndéantar an cúram cuído labhairt na Gaeilge amhúineadh mar shnáthchuraclamann féin chomh maith leis anteanga a thagann chun cinntrasna an churaclaim agustimpeall na scoile igcomhthéacsanna eile. Tátábhacht ar leith leis an gceachtGaeilge. Is sa tréimhseréamhchumarsáide a mhúintearna heiseamláirí teanga a bheidhforbartha sa phlean scoile. Dárndóigh bíonn saoirsemodheolaíochta ag an múinteoir.Tá go leor cabhrach le fáil ilámhleabhair an mhúinteora donChuraclam Gaeilge, 1999 chuigeseo. Sa tréimhse chumarsáideúsáidtear straitéisí difriúla aguscomhthéacsanna éagsúla chunna páistí a bheith páirteach ingníomh fíorchumarsáide.

Sa tréimhse iarchumarsáidebunaítear an obair trí dhaingniúna n-eiseamláirí. Caithfidh sé seoa bheith ar siúl go leanúnach saghaelscoil. Is athchúrsáil teangaatá i gceist. Beidh gá le sraithseifteanna a ardaíonn agus aláidríonn stádas agus tábhachtna teanga labhartha ina measc.Is gá dúinn a mheabhrú dúinn

féin go minic nach leor go bhfuilna páistí ag foghlaim tríGhaeilge. Is gá a chinntiú gobhfuil múineadh teanga i gceistchomh maith.

Moltaí maidir le labhairt naGaeilge d’ardranganna atháinig ó mhúinteoirí:

" Aoichainteoirí a thabhairtisteach.

" Fáinne. " Dalta na seachtaine/ Dalta na

bliana." Drámaíocht." ‘Write a Book’ as Gaeilge." Láithreáin ghréasáin a

dhearadh." Turas go dtí an Ghaeltacht." Monatóireacht ar

bhunranganna." Comórtas fichille." Labhairt thar an gcóras fuaime

más ann dó." A bheith dian air mar riail na

scoile." Conradh a shíniú leis na páistí." Córas pointí." Pop amhráin a aistriú." Póstaeir a dhearadh." Corn na Gaeilge." Céiliúradh ar an ngaeilge ag

am tionóil." Teastais a ghreamú lasmuigh

den rang." Grianghraif lasmuigh den rang.

Laistigh de sheomra tumtha saghaelscoil ba chóir aird ar leith athabhairt ar fheasacht teanga annféin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.Bheadh aistriúcháin, rabhlóga,tomhais, canúintí, amhránaíocht,foghraíocht agus teanga nafógraíochta san áireamh. Cuirfidhsé seo go mór leis an inniúlachta bheidh ag an bpáistedátheangach sa dá theanga.

Ullmhúchán don litearthacht

Aithnítear i múineadh naléitheoireachta i gcoitinne antábhacht a bhaineann leis anmbaile i gcúrsaí litearthachta i

gcoitinne. Uaireanta bíonntuismitheoirí buartha go mbeidha n-easpa líofachta féin saGhaeilge mar bhac orthu agcabhrú lena bpáistí sna bliantatosaigh sa léitheoireacht. Is faoinscoil, mar sin, aghaidh athabhairt air seo agus a mhíniúdóibh conas is féidir leo cabhrú.Tá sé tábhachtach a chur ina luíorthu go bhfuil a ndearcthaídearfacha i leith naléitheoireachta níos tábhachtaíná rud ar bith eile agus nachaon dochar ábhar naléitheoireachta a phlé i mBéarlanó in aon mháthairtheanga eilea bheadh acu. Is fiú domhúinteoirí eochaircheisteannaas Gaeilge a chur abhaile maráis do na tuismitheoirí - samplaíthíos -

" Cad atá sa phictiúr?" Cé hé/hí sin?" Cad é an chéad rud eile a

tharlóidh an dóigh leat?" An dtaitníonn an leabhar leat?

Is dea-nós é ag tús na blianacruinniú do thuismitheoirí areáchtáil chun a mhíniú dóibhconas a dhéantar déileáil lemúineadh na litearthachta igcomhthéacs na gaelscolaíochtaagus i gcomhthéacs anchuraclaim athbhreithnithe.

Ceist a thagann chun cinn gominic maidir le léitheoireacht sachóras gaelscolaíochta agus sachóras tumtheagaisc i gcoitinnená: ‘an cóir tús a chur léi sachéad teanga (teanga an bhaile)nó sa dara teanga (teanga nascoile), nó an ndéanann sédifríocht nó dochar ar bith?’ Tácleachtais éagsúla in úsáid snagaelscoileanna faoi láthair agusfágtar an rogha sin faoiscoileanna aonair sa churaclam.Beidh tuilleadh treorach ar fáilnuair a fhoilseoidh AnChomhairle Náisiúnta Curaclaimagus Measúnachta treoirlínte saluath-thodhchaí. Deireann anfhianaise i suímh eile

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

12Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 14: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

tumtheagaisc, áit ina dtosaíonnna tumdhaltaí ag léamh sa darateanga ar dtús, go mbaineannna páistí comhchaighdeán amachsa chéad teanga lenagcomhpháirtithe sa chóras céadteanga a thosnaigh ag léamh sachéad teanga. Is léir mar sin gurféidir scileanna litearthachta aaistriú ón gcéad teanga go darateanga agus sa treo eile achcoinníollacha sásúla inspreagthaagus teagmhála leis an teanga abheith ar fáil. Tá sé deacair abheith cinnte faoi cad is brí leteagmháil shásúil agusinspreagadh sásúil ach másteanga í an chéad teanga abhfuil stádas ard aici ní bhíonndeacrachtaí ag an tumdhalta,ach sa chás go bhfuil an chéadteanga ina teanga mhionlaigh níhamhlaidh a bhíonn. CreideannGaelscoileanna go láidir gurchóir tosú le múineadh naléitheoireachta i gcéad teanga nascoile, is í sin an Ghaeilge.Tagann an tuairim seo leis antaighde agus leis an gcleachtas imúineadh na léitheoireachta sachóras tumtha. Admhaítearfreisin go bhfuil traschurscileanna ó mhionteanga gomórtheanga níos láidre ná amhalairt de bharr an nochta donlitearthacht sa mhórtheangalasmuigh den scoil agus an brúsóisialta a bhíonn ann í afhoghlaim. Tá glactha goforleathan le prionsabailChummins anois:

‘Transfer across languages ofconceptual knowledge and

academic skills (such aslearning and reading

strategies), compensate for thereduced instructional time

through the majority language’(Cummins 2000)

Is fiú a chur san áireamh anméid a deir Cummins faoin luchtfreasúra atá ann:

‘Although politically motivatedopposition to bilingual education

still persists in some contexts(such as the United States), the

initial concerns that less timethrough the majority language

would result in lowerachievement in that language

have been resolved by theconsistently positive findings of

bilingual programmes.’

Nuair nach bhfuil cúis ar bithléirithe in aon taighdeoideachasúil a cháineann antumadh iomlán is gá an cheist achur ‘cén chúis dáiríre atá leis anbhfreasúra?’ Ceist an-suimiúil igcás na hÉireann í an cheist sin.

Molann an Ráiteas Curaclaim(lch.88 Curaclam na Bunscoile,1999) an léitheoireacht fhoirmiúila thosú nuair a bheidh scileannalabhartha agus éisteachta anlinbh daingnithe go láidir marnach féidir an litearthacht ascarúint ó shealbhú na scileannateanga eile agus gan tosú ar anléitheoireacht fhoirmiúil sa dátheanga ag an am céanna.Luadh cheana an tábhacht abhaineann le hinspreagadh,comhthéacs agus timpeallachtshásúil a bheith ann má tá nadaltaí le bheith ina léitheoirícumasacha sa dara teanga. Lebheith cinnte de seo ní mórdúinn a dheimhniú go bhfuil anrogha céanna leabhar agussaghasanna litríochta ar fáil dona tumdhaltaí agus atá ar fáil dodhaltaí a bhfuil an chéad teangamar mheán teagaisc acu. Is áisden scoth í Séideán Sí (a luadhcheana sa leabhrán seo) isealbhú na litearthachta. Mar abheifeá ag súil leis déanann ancúrsa, Séideán Sí, freastal ar goleor de na cuspóirí teanga atáluaite leis an gCuraclam Béarlasna ceithre shnáithe agus sna tríshnáthaonad - léitheoireacht,scríbhneoireacht agus i labhairtna teanga. Tá sé tábhachtachdearcadh fadtréimhseach maidirleis an dul chun cinn sa dátheanga a bheith ann agus é seoa chur san áireamh agus

measúnú á dhéanamh. Táplépháipéar iontach scríofa agPádraig Ó Duibhir agus Máire NíBhaoill agus foilsithe ag angComhairle um OideachasGaeltachta agus Gaelscolaíochtadar teideal ‘Tús naLéitheoireachta i scoileannaGaeltachta agus lánGhaeilge’ achíorann an cheist níos cruinne.

Is mar ghníomh roinnte athabharfaidh na páistí faoinléitheoireacht ón gcéad lá.Chuige sin coimeádfartuismitheoirí ar an eolas faoingcur chuige a úsáidfear sa scoil.Is é tús na léitheoireachta snanaíonáin shóisearacha ná:

1. Scéalta a léamh do na páistí.Iad a léamh agus iad aathléamh (suas go fiche uair)go dtí go mbeidh na páistí inann abairtí a chríochnú nó nascéalta nó cuid de na scéaltaa rá ach iad a spreagadh.

2. Scéalta gan focail/ pictiúir,scéalta a sholáthar do napáistí agus ligean dóibh anscéal a insint as a stuaim féini mBéarla nó i nGaeilge agusa n-aird a dhíriú ar angcomhthéacs.

3. Na leabhair mhóra. Úsáidfeariad seo chun coinbhinsiún naléitheoireachta a mhúineadh:leathanach, teideal, údar, anchéad leathanach eile, línefocal agus araile.

4. Aird na bpáistí a dhíriú arshiollaí i bhfocail tríghníomhaíochtaí bunaithe archomhnascadh siollaí/scarúint siollaí/ chomhaireamhsiollaí/ aonrú siollaí.

5. Aird na bpáistí a dhíriú ar rím.

6. Aird na bpáistí a dhíriú ar anbhfóinéimfhuaimniú/ aibítearna Gaeilge a mhúineadh.

Is gá aird ar leith a dhíriú ar anbprionta sa timpeallacht, má tásé ann, cosúil le comharthaíbóthar, siopaí agus araile agusiad a tharraingt sa phróiseas

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna13

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 15: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

léitheoireachta chomh minicagus is féidir. Caithfear leis, dárndóigh, comhthéacsannafíorchumarsáideacha a chur arfáil sa seomra ranga freisin.

Tá luach ar leith le húsáid ábhairdhílse i múineadh naléitheoireachta sa ghaelscoil.Tá réimse leathan leabhar ar fáildo bhunscoileanna ar mhian leo“fíorleabhair” a chur i lámha nabpáistí. Is fiú do scoileanna agusdo mhúinteoirí aonair breathnúar na cineálacha éagsúla leabharatá ar fáil ó na comhlachtaíéagsúla. Moltar breathnú ar naláithreáin ghréasáin seo a leanas(nó is féidir catalóga a fháil trídan bpost.):

" An Gúm ([email protected])

" Cló Mhaigh Eo(www.leabhar.com)

" Cló Uí Bhriain (www.obrien.ie) " Cló Iar-Chonnachta(www.cic.ie)

Caithfear na háiseanna is nua-aimseartha a úsáid - an t-idirlíon, dlúthdhioscaí cuimhneinléite amháin (CD romanna),téipeanna agus, ar ndóigh, sár-fhoilseacháin - lena chinntiú gogcuirfear bonn úr, sláintiúil faoinléitheoireacht Ghaeilge.

Ról an mhúinteora

11. Is é/ í an múinteoir anphríomhacmhainn Ghaeilge,an príomhchainteoir líofa indomhan an pháiste ar scoil.Is é freagra an oide achabhraíonn le líofacht achothú sa pháiste. De réirmar a fhaigheann na daltaímáistreacht ar an gcló agusmar a insealbhaíonn agcomhdhaltaí an teanga níbhíonn an t-ualach oibrechomh trom ar an múinteoir.

22.. Tá foighne, fuinneamh agusscil ag teastáil chun teanganua a chur i láthair igcomhthéacs don pháiste. Isgá smaoineamh ar bhealaí lecumarsáid a dhéanamh leis

an dalta.

33. Cabhraíonn ionchur namúinteoirí go mór le forbairtGaeilge sna páistí. Tá sé an-tábhachtach go labhródh anmúinteoir go nádúrtha. Bíonngá le foclóir sách casta, legramadach, le rím, le teangaan tsúgartha agus le teangamheafarach (cosúlachtaí agusíomhánna san áireamh).D’fhéadfadh caint shimplitheón oide cosc a chur le dulchun cinn an pháiste. Is trímheán na Gaeilge amháin athabharfar gach míniú,soiléiriú agus sainmhíniú focali ngach ábhar, ach amháin igcás an Bhéarla.

4. Is trí dhea-shampla agus trídhea-chleachtas a ghlacfaidhna páistí le polasaí naGaeilge sa ghaelscoil. Chuigesin beidh múinteoirí lecloisteáil ag úsáid na Gaeilgei ngach gné den lá scoiletaobh istigh agus taobhamuigh den seomra ranga,eatarthu féin, le páistí agus lehaon duine fásta eile athagann chun na scoile.

An bhfuil an córastumoideachais oiriúnach dogach éinne?

Bíonn an claonadh ag daoine acheapadh go mbíonn réamhlaigíag páistí áirithe i leithdeacrachtaí foghlama satumoideachas nó sa ghaelscoilnach mbeadh acu saghnáthchóras Béarla. Deireannan taighde go bhfuil an córaschomh hoiriúnach do pháistí ledeacrachtaí foghlama ach antacaíocht chuí a bheith ar fáil.Dhírigh Cummins (1984) ar angceist ‘an mbíonn réamhlaigí agpáistí áirithe i leith deacrachtaífoghlama sa tumoideachas nachmbeadh acu sa ghnáthchóras?’:

‘Since general intelligence ispredictive of success in any

school programme, the criticalquestion is whether lower ability

students do worse in immersionthan in ordinary schools.

Citing Genesee (1976) Bruck(1982), he argued that IQ

measures and L1 cognitive/academic ability are strongly

related to pupils’ academicperformance in immersion and

regular schools, but do not havea differential effect across school

type. He claimed, that is, thatlow academic ability pupils didno worse in immersion that in

non-immersion schools’

Agus leanann sé ar aghaidh faoidhaltaí laga chun é seo a rá:

‘Below-average learners tendedto do as well in EFI classes as

they did in regular Englishprograms, provided that they

received the same supportservices.’

Leanann deacrachtaí acadúla nabpáistí, más ann dóibh, iad taréis athrú dóibh ón tumoideachasgo córas scolaíochta eile de réiran taighde atá déanta. Tá sésoiléir nach mbaineann cumasfoghlama chun cumarsáidfheidhmiúil a dhéanamh lehintleacht mar a thomhastar idtrialacha caighdeánacha I.Q.Léiríonn an taighde gobhfaigheann páistí le deacrachtaífoghlama teanga máistreachtinchomparáide ar nabunscileanna acadúla lenaleithéid de pháistí saghnáthchóras. Ina theannta sin,déantar scileanna líofachta,idirphearsanta sa dara teanga afhorbairt cé go bhfuil an luasníos moille ná páistí nach bhfuildeacrachtaí teanga acu. Tá antumoideachas oiriúnach dopháistí ó chúlraí aicmí éagsúla deréir an taighde chomh maith. Cénach bhfuil torthaí taighde ar fáilin Éirinn, is é an taithí a bhíonnag na gaelscoileanna ná gobhfaigheann daltaí ó chúlraíaicme oibre máistreacht arscileanna dara teanga gancailliúintí fadtréimhseacha saBhéarla nó foghlaim aon ábhar

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

14Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 16: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

eile. Cuireann sé le féinmheas andalta go bhfuil líofacht áhinsealbhú aige/ aici sa darateanga. Glactar leis gur asGaeilge a dhéanfaidh anmúinteoir tacaíochta foghlamaagus an múinteoir acmhainne agcuid oibre ar fad, ach amháinnuair a bhíonn obair Bhéarla arsiúl. Tá obair den scoth ar siúl agan Dochtúir Gabrielle Nig Uidhir igColáiste Mhuire, i mBéal Feirsteag forbairt aisghabháil nalitearthachta. Is áis mheasúnaithesa luathlitearthacht, bunaithe arobair an Ollaimh Marie Clay, atáidir lámha. Is gá múinteoirí aoiliúint sa chur chuige éifeachtachseo a bheidh mar áis luachmharsna scoileanna go luath.Cabhraíonn na Profailí Curaclaim(Ó Siaghail, G agus Déiseach C,2004) meastóireacht a dhéanamhar chumas Gaeilge na bpáistí achtá gá le níos mó trialachafáthmheastacha chomh maith. Tásé i gceist ag an ERC taighde adhéanamh ar an ngaeloideachasmar chuid de na suirbhéannanáisiúnta ar an léitheoireachtamach anseo. Ainneoin goléiríonn an chuid is mó dentaighde atá déanta ar andátheangachas le fiche bliainanuas gur mór an buntáiste dopháiste dhá theanga a bheithaige/ aici ó aois an-óg, tá daoineann fós a dhéanann iarracht achur ina luí ar thuismitheoirí gogcuirfeadh sé isteach ar fhorbairtintleachtúil an pháiste a bheithag foghlaim tríd an dara teanga.Bíonn an tuairim seo corruair agspeisialtóirí a mbíonntuismitheoirí ag brath orthu chuncomhairle a fháil. Eascraíonn andearcadh seo as easpa taithíagus eolais. Ní gnách gogcuirtear oiliúint faoi chúrsaíteanga agus faoi na buntáistí abhaineann leis an dátheangachassan áireamh san oiliúint. Tá an-chuid déanta ag Gaelscoileannasa réimse seo oibre agus tácomhoibriú á fháil acu óntSeirbhís Náisiúnta SíceolaíochtaOideachais ach go háirithe.

Páistí ag teacht isteachdéanach sa Chóras

De ghnáth ní aistríonn páistíisteach sa ghaelscoil ó naranganna naíonán ar aghaidhach amháin má bhíonn siad agteacht ó ghaelscoil eile. Míníonnroinnt gaelscoileanna inabpolasaí clárúcháin a ndearcadhi leith an aistrithe, mar shampla,nach inmholta dar leo dopháiste bogadh isteach ó rang a2 ar aghaidh. Tá sé tábhachtachgo mbeadh na himpleachtaí abhaineann lena leithéid iniúchtago maith ag an mBordBainistíochta. Má bhogannpáiste isteach tá sé riachtanachdeis a thabhairt don pháiste luíisteach ar an nGaeilge agus éseo a mhíniú do thuismitheoiríagus go mbeidh tréimhsethostach ann chomh maith. Is gádon múinteoir an rang a ullmhúchuige seo chomh maith ionasgo mbeidh an chothromaíochtchuí idir an páiste nua agusatmaisféar na Gaeilge sa rang. Igcomhthéascanna tumtha saBhreatain Bheag bíonn rangannaar leith curtha ar fáil chunfreastal ar na páistí seo.

Úsáid na Teicneolaíochta

Nuair a bhíonn úsáidríomhfhoghlama sa seomraranga á phleanáil, tá sétábhachtach go n-aithníonn anscoil an ról a d’fhéadfadh abheith aige chun breisluach athabhairt do mhúineadh agusd’fhoghlaim do réimsí anchuraclaim. Cuireann sé archumas an pháiste constaicírochtana ar acmhainní foghlamaa bhíonn ann de bharr suímhthíreolaíocha, cultúir nó teanga ashárú. Cuirtear ríomhfhoghlaimghníomhach chun cinn snahardranganna sa bhunscoil tríchur ar chumas na bpáistí eolasa fhaightear ó láithreáinghréasáin a aimsiú, a bhainistiú,a mheas agus a úsáid trífheidhm a bhaint as raon critéar,agus an t-eolas cuí a úsáid nuaira bhíonn taighde á dhéanamh.

Faigheann páistí i suíomhgaelscoile deis iontach cur lenascileanna trasteanga ón idirlíon.Téann siad i mbun eolais abhailiú go minic sa Bhéarla agusbíonn orthu féin é a chur iláthair i bhfoirm labhartha agusscríofa i nGaeilge. Méadaíonn séseo go mór ar a gcumas sadélitearthacht.

Tionscadal ríomhchairde dopháistí

Is é atá i gceist le ríomhchairdená cairde pinn a bhaineannúsáid as an bpost leictreonach.Is féidir leis na rannpháirtitheeagarthóireacht a dhéanamh artheachtaireachtaí a chéile trí churleis an teachtaireacht, na focail aathrú inti, nó trácht air. Is féidirle múinteoirí úsáid a bhaint asleaganacha difriúla den churchuige seo. D’fhéadfadh nascoileanna a bhíonn páirteachsna gníomhaíochtaí seo a bheitháitiúil nó a bheith i bhfad óchéile. Is féidir é seo a úsáidchun scríobh comhoibritheach aéascú. Airítear go bhfuil an-buntáistí le baint as anríomhfhoghlaim ag leibhéal namúinteoireachta agus nafoghlama araon. CuireannCuraclam na Bunscoile béim arról tábhachtach na teanga óthaobh forbairt pháistí de aguscorpraíonn úsáid a bhaint ascaint agus as díospóireacht marstraitéis fhoghlaim-lárnaithe ingach réimse curaclaim. Ceannde na dúshláin is mó a bhíonnag gaelscoil ná comhthéacscumarsáide sa spriocteanga, is ísin an Ghaeilge, a chruthú do nadaltaí. Mar is eol dúinn tá sériachtanach go mbeadhteagmháil ag páistí gaelscoile lepáistí ó ghaelscoileanna eileagus ón nGaeltacht más féidir. Isfusa i bhfad é seo a dhéanamhleis an ríomhaire agus smaointea fhorbairt agus a mhalartú lepáistí i scoileanna eile tríríomhphost a sheoladh agus a fháil.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna15

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 17: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Comhlíonfaidh BordBainistíochta nafeidhmeanna a thugtar dóagus don scoil faoin AchtOideachais, 1998. Déanfaidhsé spiorad sainiúil na scoile,mar a chinntear é de réir naluachanna agus nadtraidisiún cultúrtha,oideachais, morálta,creidimh, sóisialta,teangeolaíochta agusspioradálta is bun lecuspóirí agus stiúradh nascoile agus is saintréitheden chéanna, a chosaintagus beidh sé cuntasachdon phatrún as iad achosaint amhlaidh.

Nósanna Imeachta an Bhoird

Is trí Ghaeilge a dhéanfaidh anBord a chruinnithe a reáchtáilagus a chuid gnó a chur igcrích. Sa lámhleabhar‘Comhdhéanamh na mBordagus na Rialacha Imeachta’eisithe ag an Roinn Oideachaisagus Eolaíochta luaitear sa nósimeachta beirt de mhuintir anphobail a roghnú le ceapadh aran mBord Bainistíochta i gcásgaelscoileanna faoi phátrúnachtna nEaspag agus faoiphátrúnacht Fhoras Pátrúnachtana Scoileanna Lán-Ghaeilge gurchóir go mbeadh tuiscint agustiomantas ag daoine aainmnítear do shainmheon nascoile. Beifear ag súil freisin gombeidh eolas maith ar annGaeilge acu. CuireannGaelscoileanna i dtaca leis aneagraíocht, Foras Pátrúnachtana Scoileanna Lán-Ghaeilgecúrsaí ar siúl do BhoirdBhainistíochta nuacheaptha.

An Fhoireann

Bíonn dualgas faoi leith ar anmBord Bainistíochta marfhostóir, daoine oilte gairmiúla

a earcú le cur i bhfeidhm nahoibre seo. Caithfear teacht armhúinteoirí den scoth athuigeann foghlaim an darateanga agus a fheiceann andúshlán atá orthu an Ghaeilgea leathnú mar theangalabhartha cumarsáide. Bíonnorthu barr feabhais a chur ar agcuid Gaeilge féin le cabhair nascoile más gá. Beidh ar anbhfoireann, gan eisceacht, abheith ionraic, dáiríre agusseasmhach ina gcuid oibrechun sainmheon nagaelscolaíochta a bheathú saghaelscoil. Beidh siad féin ina n-eiseamláirí do chách ina n-iompar laethúil i leith naGaeilge.

Polasaithe Scoileanna

Tá sé an-tábhachtach mábhíonn polasaithe scoileannaina bhfuil an ghaelscoil ann áchur le chéile ag an ROE gondéanfadh an Bord iarratas an-láidir go mbeadh an múinteoirlonnaithe sa ghaelscoil armhaithe le sainspiorad nascoile a chaomhnú.

Post um DhualgaisSpeisialta

Tá labhairt na Gaeilge i meascna bpáistí práinneach maidir lerath agus dul chun cinn anoideachais agus na scoile. Tá ról ag gach ball scoile inaleith ach is gá go n-ainmneofaímúinteoir ar leith chuige chomhmaith céanna. D’fhéadfadhcomhordú cur i bhfeidhmPholasaí na Gaeilge sa scoil abheith ag gabháil le ceann dona Poist um DhualgaisSpeisialta. Bheadh sé marchúram ar an múinteoir seo idteannta an phríomhoide agusan bhoird bhainistíochta agus igcomhairle leis an bhfoireannuile plean a dhréachtú agus achur faoi bhráid an bhoird agusféachaint chuige go bhfuil sé á

Caibidil 3

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo. AN BORD BAINISTÍOCHTA

Ba chóir go mbeadhteagmháil láidir idir

an Bord agus anfhoireann agus na

daltaí maidir lepolasaí na Gaeilge

agus an cur chuige.

16Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 18: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

chur i bhfeidhm. Bheadh gáathbhreithniú a dhéanamh ar anbpolasaí go rialta ag brath archúinsí scoile.

An Príomhoide

Is é ról an phríomhoideceannaireacht chinnte athabhairt sna saincheisteannaatá luaite sa pholasaí agus curchuige institiúideach a chruthú achinnteoidh a chur i bhfeidhm.Ba chóir don phríomhoide inat(h)uairisc cuntas a chur ar fáilmaidir le dul chun cinn naGaeilge ag cruinnithe den bhordbainistíochta.

Foireann breise scoile

Bíonn gá go gcuirfí brú ar nahÚdaráis chuí le go gcinnteofaígur daoine le Gaeilge a bheadhar an bhfoireann theagmhasachsa scoil ionas nach gcuirfí aonbhac ar thimpeallacht iomlánGhaelach a chruthú taobh istighde gheataí na scoile. Is minic atheipeann ar an bhfeachtas seoáfach agus nach féidir teacht ardhaoine cuí le cumas saGhaeilge. Ní mór don Bhord duaa chaitheamh le foireann bhreisele Gaeilge a fháil. Ba chóir gombeadh Gaeilge líofa ag rúnaí,cúntóirí riachtanais speisialtaagus feighlí na scoile. Ba chóirdóibh Gaeilge a labhairt lepáistí, múinteoirí agustuismitheoirí chomh fada agus isféidir. Is cuid d’fhoireann nascoile gach fostaí sa scoil agustá dualgas orthu an Ghaeilge aúsáid agus a chinntiú nachndéanfaidh siad spiorad sainiúilna scoile a shárú agus iad imbun oibre.

Timpeallacht Ghaeilge

Ceann de na deacrachtaí abhaineann le hoideachas trímheán na Gaeilge ná teirce natimpeallachta Gaeilge. Titeann sé

ar an scoil go minic cúlra aguscomhthéacs Gaeilge a sholáthar.Déanfar cumarsáid leis an RoinnOideachais agus Eolaíochta agusleis na Ranna Rialtais eile tríGhaeilge. Éileofar é seo agus agcuid seirbhísí tacaíochta murambíonn siad ar fáil faoi Acht nadTeangacha Oifigiúla 2003. Tágo leor deiseanna ag an mBordBainistíochta an Ghaeilge a churchun cinn go feiceálach, marshampla: stáiseanóireacht;sonraisc; admhálacha; cártaíspeisialta; ócáidí speisialta;nótaí dea-mhéine agusseiceanna, pointí teagmhála – aran bhfón, i litreacha nó idteagmháil dhíreach. Fógraíscoile ag pointí teagmhála aglorg rannpháirtíochta i nGaeilgeamháin nó go dátheangach.

Sa chás go mbíonn páistí nagaelscoile á n-ullmhú i gcomhairna sacraimintí tá sé intuigtheagus inghlactha gur trí mheán naGaeilge amháin a dhéanfar an t-ullmhuchán seo agus gur tríGhaeilge a chuirfear ansearmanas ar fáil ar an lá.Aithnítear go mbíonn deacrachtaíáitiúla leis seo agus tá plé á

dhéanamh leis na heaspaig ina thaobh.

Polasaí Eis-churaclaim

Caithfear polasaí láidir a bheithann agus dianmhachnamh adhéanamh ar an ngné seo deshaol na scoile. Admhaítear nachmbíonn sé furasta teacht ardhaoine le Gaeilge uaireanta. Istrí Ghaeilge gur cóir nahimeachtaí a eagrú agus tríGhaeilge a ghlacfaidh na leanaípáirt iontu.

Ócáidí taobh amuigh denscoil

Cosúil le gach rud eile saghaelscoil tá gné faoi leithteanga ag baint le gach ócáidlasmuigh den scoil.

Lá spóirt caithfear an-chuidcleachtaidh teanga a dhéanamhroimh ré sa rang Gaeilge agus sarang corpoideachais.

Turas scoile caithfear an t-ullmhúchán cuí a dhéanamhagus an teanga a thabhairtdóibh. Chomh maith leis sin,caithfear fiafraí i gcónaí, má tá

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna17

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 19: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

aon rud á chur in áirithe, anbhfuil éinne le Gaeilge ar fáil nóar a laghad cé mhéidGaeilge atá acu.

Bolscaireacht don scoil

Ba chóir go mbeadh Gaeilge lefeiceáil ar aon fhógraíocht nóaon litríocht a bhaineann leis anscoil a chur chun cinn. Is féidirle hoifig Ghaelscoileanna cabhairagus treoir a thabhairt doscoileanna san obair seo. Tápóstaeir agus bileoga ar fáilchuige. Tá físeán eolais I dTREOA dTODHCHAÍ ar fáil chomhmaith. Is físeán eolais nua-aimseartha spreagúil é seo dothuismitheoirí. Dírítear ann ar nabuntáistí a bhaineann leis anngaelscolaíocht agus freagraítearna gnáthcheisteanna a bhíonnag tuismitheoirí agus iad agmachnamh ar an ngaelscolaíochtmar rogha dá bpáistí. Cuirtearagallamh ar iarscoláirí, armhúinteoirí, ar thuismitheoiríagus ar ndóigh ar na páistí iadféin. Is féidir leas a bhaint asláithreán gréasáin na scoile leisan scoil a chur chun cinn chomhmaith. Caithfear a chinntiú, gan

amhras, go bhfuil leagan Gaeilgeden láithreán ar fáil.

Leanúnachas sa chórasgaeloideachas

Nasc a bheith ann leis anNaíonra Is fiú go mór naíonra faoi stiúirFhorbairt Naíonraí Teo. a bheithsa scoil má tá an spás annchuige. Is ceart go mbeadhceangail fíorláidre idir an scoilagus an naíonra ar mhaithelenár n-aidhmeanna comónta abhaint amach. Cuireann na páistíbeaga aithne ar an scoil agus arphobal na scoile rud a dhéananni bhfad níos éasca dóibh nuair abhíonn siad ag teacht isteachsna Naíonáin Bheaga.Leathnaíonn sé timpeallacht naGaeilge sa scoil chomh maithagus cuireann tuismitheoirí anNaíonra aithne ar thuismitheoirína gaelscoile ina theannta san.

Iarbhunscolaíocht

Má tá na daltaí chun an leas isfearr a bhaint as an dá theangaagus as an délitearthacht is fiúgo mór dóibh dul ar aghaidh

chuig an dara leibhéal tríGhaeilge chomh maith chun anleas iomlán a bhaint as angcóras. Is mar thoradh ar anmbunscoil de ghnáth aeascraíonn an iarbhunscoillánGhaeilge. Tá easpaleanúnachais ón mbunleibhéalgo dtí an dara leibhéal (aistriúdaltaí 20%-90% ag braith ar angceantair) le sonrú faoi láthair.Tá roinnt cúiseanna leis seo, goháirithe easpa soláthar. Is fiútabhairt faoi deara nuair atáteacht ag páistí na gaelscoile ariarbhunscoil neamhspleách gobhfuil an ráta aistrithe i bhfadníos airde. Is gá do nagaelscoileanna naisc a chruthúleis an iarbhunscoil lánGhaeilgeáitiúil agus deis a thabhairt dothuismitheoirí foghlaim faoi.

Láithreán Gréasáin Scoile

Foilsíonn go leor scoileanna aláithreán gréasáin féin, agus bamhian le scoileanna eile é sin adhéanamh. D'fhéadfadh an t-idirlíon a bheith ina áitoiriúnach chun obair na bpáistí afhoilsiú ar láithreán gréasáin nascoile le go bhféadfadhtuismitheoirí samplaí d’obairpháistí ar fud réimsí Churaclamna Bunscoile a roghnú. Ba chóirdo scoileanna dul i mbuntreoirlínte foilseacháin chunsoiléiriú a fháil ar abhfreagrachtaí maidir le hobairpháistí a fhoilsiú ar láithreángréasáin. Tá eolas agus treoir arfhoilsitheoireacht láithreáinghréasáin scoile le fáil óláithreán Scoilnet(www.scoilnet.ie). Baineanncóipcheart le foilsiú obairpháistí, mar shampla, arláithreán gréasáin scoile. Beidhsé riachtanach don scoil ráiteastoilithe sínithe a fháil óthuismitheoirí páistí, sulabhfoilseofar obair pháistí nó aoníomhá de pháistí ar láithreángréasáin scoile. D’fhéadfadhfoirm chlárúcháin don ghaelscoileolas faoi stair na scoile, faoin

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

18Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 20: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Naíonra agus faoi chumann nadtuismitheoirí a bheith ar anngréasán chomh maith. Bíonndeis naisc a chothú le suímhoiriúnacha eile freisin. Is inGaeilge amháin nó godátheangach a bhíonn láithreángréasáin gaelscoile.

Faomhadh an pholasaí

Is gá don Bhord Bainistíochta anpolasaí Gaeilge a fhaomhadhagus é a thabhairt don fhoireannmar cháipéis threorach ghairmiúilagus tacú leis an bpríomhoideagus é/í ag cur i bhfeidhm gachgné de. Ba chóir go mbeadhteagmháil láidir idir an Bordagus an fhoireann agus na daltaímaidir le polasaí na Gaeilgeagus an cur chuige. Is cóir anpolasaí faofa a chur in iúl dophobal na scoile go rialta agus éa thabhairt do mhúinteoirínuacheaptha agus do bhaill anbhoird nuathofa chomh maith.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna19

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 21: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Tá sé aitheanta le tamallgur próiseas leanúnach éoiliúint mhúinteoirí óréamhsheirbhís gohionduchtú go hionghairmeagus go bhfuil tábhachtlárnach ag baint le mianachmeanma agus stádasghairm na múinteoireachtamaidir le córas oideachaisden chéad scoth a fhorbairt.

Cé go bhfuil cosúlachtaí idirriachtanais mhúinteoirí sachóras bunleibhéil go ginearáltaagus múinteoirí nangaelscoileanna, tá difríochtaíann freisin. Is léir go bhfuil rólfaoi leith ag insealbhú teangaagus cúrsaí tumtheagaisc snagaelscoileanna nach n-áirítear ingnáthbhunscoileanna. Tá eolasfaoin tumtheagasc tábhachtachó thaobh modheolaíochta dedon mhúinteoir agus tá sétábhachtach don phobal scoileionas go dtaispeánfaidh sé donphobal go n-éiríonn go maithleis an gcóras tumtha agus godtabharfaidh sé misneach doghluaiseacht na gaelscolaíochtai gcoitinne. Tá Innéacs Taighdecurtha ar fáil ag an gComhairleum Oideachas Gaeltachta agusGaelscolaíochta (www.cogg.ie) achabhróidh le hoideachasóirí nagaelscolaíochta teacht ar eolasatá de dhíth orthu. Cé go n-aithnítear go bhfuil cúinsídifriúla i dtíortha eile d’fhéadfaían ghaelscolaíocht a shuíomhúi gcomhthéacs níos leithne antumoideachais seachas igcomhthéacs oideachais tríGhaeilge amháin.

Cúrsaí Réamhseirbhíse

Sa chúrsa réamhsheirbhíseleagtar síos an bhunchlochphroifisiúnta agus acadúil doghairm na múinteoireachta.Déantar iarracht pearsantachtan ábhair oide a fhorbairtchomh maith leis na scileanna

múinteoireachta a fhorbairt.Molann Gaelscoileanna naColáistí Oideachais as an modúlar an tumoideachas atá á churar fáil acu dá mic léinn reatha.Ba chóir go gcabhródh sé seole múinteoirí tosaigh an suíomhgaelscolaíochta a thuiscint agusiad ag tosnú amach. Tá súil agGaelscoileanna áfach godtiocfaidh leathnú suntasach arna deiseanna a bheidh agábhair mhúinteoirí iad féin ashaibhriú maidir le múineadhsna gaelscoileanna. Tá sétábhachtach do scoileannataithí cleachtadhmúinteoireachta sa ghaelscoil achur ar fáil má iarrtar é chun nahábhair mhúinteoirí amhealladh isteach sa chóraslánGhaeilge go fadtréimhseachagus gach cúnamh a thabhairtdóibh le linn a dtréimhse.

An bhliain ionduchtaithe

Tá sé tábhachtach go n-éireodhle múinteoirí tosaigh namodhanna agus na teoiricí ad’fhoghlaim siad sa choláiste achur i bhfeidhm nuair a théannsiad ag múineadh don chéaduair. Caithfimid mar sin achinntiú go gcuirimid cabhairagus tacaíocht ar fáil dóibh snascoileanna agus go mbíonn andea-chleachtas is fearr á léiriúdóibh. Bíonn cabhair shainiúilag teastáil uathu sa ghaelscoilagus is cóir do scoileannamúinteoirí a chuireann dea-chleachtas gaelscolaíochta chuncinn agus go bhfuil scileannaidirphearsanta maithe acu achur ag obair leo. Tá scéimphíolótach á reáchtáil agColáiste Phádraig faoi láthairmaidir le hionduchtú múinteoirínua sa bhunscoil agus tá súilacu tuairisc a fhoilsiú athabharfaidh treoir doscoileanna amach anseo.

Caibidil 4

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

FORBAIRT PHROIFISIÚNTASA GHAELSCOIL

20Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Is léir go bhfuil ról faoileith ag insealbhú

teanga agus cúrsaítumtheagaisc sna

gaelscoileanna nach n-áirítear i

ngnáthbhunscoileanna.

Page 22: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Forbairt ionghairme

Is inmholta an rud é nachmbíonn forbairt phroifisiúnta áspreagadh ag na soláthraitheamháin (An Roinn Oideachaisagus Eolaíochta mar shampla)mar fhreagra ar na riachtanais ashamhlaítear dóibh sa chórasgaelscolaíochta. Le blianta anuastá múinteoirí na ngaelscoileannaá spreagadh ag Gaelscoileannaagus á n-oiliúint chun sprioc-chúrsaí ar ghnéithe denghaelscolaíocht a dhearadh agusa chur i láthair agcomhmhúinteoirí. Is deisiontach é seo dea-chleachtasagus dúshláin araon a chíoradh.Tugann Gaelscoileanna gachcabhair agus comhoibríonn aneagraíocht leis an gComhairleum Oideachas Gaeltachta agusGaelscolaíochta a bunaíodh faoinAcht Oideachais, 1998 leriachtanais oideachais nascoileanna a aithint agus asholáthar. Tá an Chomhairlefreagrach as pleanáil aguscomhoibriú acmhainní dotheagasc na Gaeilge agus donteagasc trí mheán na Gaeilge,agus tugann sí comhairle donAire Oideachais ar rud ar bith abhaineann le cur chun cinn nagaelscolaíochta. Beidh rólsuntasach ag an gComhairle ibhforbairt phroifisiúnta donearnáil lánGhaeilge. Cinnteoidhsí caighdeán agus leanúnachasna gcúrsaí a bheidh ar fáil.

Tá Gaelscoileanna ag súil gomór leis na féidearthachtaí athiocfaidh chun cinn nuair abheidh Ionad Oideachais BhaileBhúirne ar an saol. Is cinnte gombeidh tábhacht thar na beartaleis an ionad seo agus gombeidh ionchur fíordhearfach agan ionad ar chaighdeán anoideachais i scoileannaGaeltachta agus i scoileannalánGhaeilge na tíre. Is fiú go mórdo scoileanna nasc a bheith aculena nIonad Oideachais áitiúilagus leas a bhaint as an réimseleathan seirbhísí a chuirtear ar

fáil iontu.Ba chóir do mhúinteoirí freastalar Chomhdháil OideachaisGhaelscoileanna, atá mar chuidde Chomhdháil Bhliantúil naheagraíochta. Bíonn deis iontachann éisteacht le saineolaithe,páirt a ghlacadh i gceardlanna abhíonn deartha ag múinteoirí abhfuil an taithí acu ar an gcórasagus an taighde beo reatha aroinnt le comhghleacaithe.

An príomhoide

Cuireann Gaelscoileanna cúrsaíar fáil do phríomhoidínuacheaptha go bliantúil. Táteagmháil rialta ag an eagraíochtleis an tionscnamh ‘ForbairtCeannródaíochta i Scoileanna’agus le Líonra PhríomhoidíBunscoile Éireann. CruthaíonnGaelscoileanna naisc idirphríomhoidí le taithí agussaineolas agus príomhoidí atánuacheaptha. Baineann anchomhairle seo le cúrsaí teagaiscagus le cúrsaí bainistíochtascoileanna. MolannGaelscoileanna go láidir goleanfadh príomhoidí nascoileanna orthu mar ghréasánleis an bplé proifisiúnta abhíonn idir scoileanna mar godtacaíonn sé go mór lecaighdeán agus le híomhá nahearnála lánGhaeilge.

An Clár Tacaíochta donChuraclam Bunscoile

Is féidir eolas reatha faoighnéithe sainiúla den Ghaeilge afháil ar láithreán gréasáin anChláir Thacaíochta donChuraclam Bunscoile,www.pcsp.ie. Is fiú go mór dul imuinín an tseirbhíscuiditheoireachta a bhíonn arfáil. Tugann sé deis iontach donscoil athbhreithniú a dhéanamhar an gcleachtas atá ar siúl agusna modhanna agus na straitéisíis oiriúnaí a thabhairt chunsolais. Is cóir leas a bhaint asan tseirbhís a chuirtear ar fáil trí

Ghaeilge agus mura mbíonn síann í a éileamh.

An Tionscnamh um PhleanáilFhorbartha Scoile

Tugann an tseirbhís seotacaíocht do scoileanna dul chuncinn a dhéanamh sa phróiseaspleanála um fhorbairt scoiled’fhonn feabhsú agus éifeachtscolaíochta a chur ar aghaidh. Imeasc na seirbhísí tacaíochta asholáthraítear tá comhairle doscoileanna ar bhonn aonarachagus tá seimineáir agusceardlanna gréasáin chunfreastal a dhéanamh ar ghrúpaí,bunaithe ar na tréithe atácomónta eatarthu. Mar chuid deshainmheon gaelscoile tá sé an-tábhachtach an tacaíocht seo alorg agus a ghlacadh trí mheánna Gaeilge.

Ríomhfhoghlaim

Tugann an ríomhphost deiseannado mhúinteoirí cumarsáid adhéanamh le comhghleacaithe agus lesaineolaithe ar raonsaincheisteanna gairmiúla.Tuigeadh an tábhacht i gcónaí abhain leis an idirphlé gairmiúila bhíonn idir mhúinteoirí i gcásna gaelscolaíochta. Rinneadhiarrachtaí i gcónaí múinteoirí athabhairt le chéile chunmodhanna múinte a phlé, achbíonn deacrachtaí ag baint leisseo mar go minic bíonn nascoileanna i bhfad óna chéile arbhonn tíreolaíoch. Sáraíonn anríomhfhoghlaim an fhadhb seo.Is iontach na deiseanna achuireann ríomhfhoghlaim ar fáildo mhionghrúpa ar bith. Beidh cabhair ar fáil doscoileanna ar an láithreángréasáin atá ag Gaelscoileanna,www.gaelscoileanna.ie, ar ambeidh dréacht de pholasaithetrí Ghaeilge ann go bhféadfadhscoileanna a chur in oiriúint dáscoileanna féin.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna21

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 23: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Is le toil mheáite nadtuismitheoirí a bhunaíteargaelscoil. Murach iad agusan t-éileamh speisialta achothaigh siad ní bheadh anseasamh atá bainte amachag na gaelscoileanna anoismar atá.

Tá formhór na dtuismitheoirí ingach gaelscoil tar éis cinneadhfaoi leith a thógáil a bpáistí achlárú sa ghaelscoil. Is é isdóichí dar le Gaelscoileanna nágo mbeadh an Béarla inuachtar sa bhaile ag 95% de nadaltaí a fhreastalaíonn ar nagaelscoileanna ach go mbeadhna tuismitheoirí uile báúil le curchun cinn na teanga. Táfáthanna ar leith go roghnaíonntuismitheoirí oideachasgaelscolaíochta dá bpáistí:

(aa)Tá Gaeilge sa bhaile acuagus tá tacaíocht á lorg acuó thaobh an chóraisoideachais de - bheadhfíorbheagán tuismitheoirí igceist anseo.

(bb)Tá spéis ag na tuismitheoirísa Ghaeilge agus creideannsiad go bhfuil áit lárnach agan teanga dúchais ibhféiniúlacht chultúrtha achaomhnú nó a mhéadú.

(cc) Tá an-spéis acu sanoideachas dátheangach aguscreideann siad go ndéanannan ghaelscoil scileannateanga indíolta a sholátharagus go méadaítear arstádas agus ar dheiseannapost dá réir.

(dd)Méadú ar an gcomhlánúpearsanta.

(ee)Teastaíonn uathu a bheithbainteach leis an scoil marthuismitheoirí aguscreideann siad go bhfuil an-deis acu sa ghaelscoil abheith gníomhach i dtógáilphobal na scoile.

(ff) Ceapann siad go bhfuil naranganna níos lú.

(gg)Sin í an scoil is giorra dóibh.

Is dóigh leis na tuismitheoirí gombíonn somhaoin bhreisephearsanta á fáil ag agcuid páistí sa chóras.Braitheann an-chuidtuismitheoirí gur chaith siadféin na blianta ag foghlaim naGaeilge mar ábhar agus nachraibh riamh cumas cainte iontusa teanga sin. Bíonn natuismitheoirí sin ag cabhrú lenagclann seilbh a fháil ar andúchas trí chumas labharthaagus smaointeoireachta ar leitha thabhairt dóibh.Uaireanta nuair a bhíonngaelscoil bunaithe ar feadhcúpla bliain is mar gheall arfheabhas na gaelscoile marscoil a roghnóidh roinnttuismitheoirí í dá bpáistí.Creidtear gur den ríthábhacht égo rachadh an ghaelscoil ibhfeidhm go mór ar natuismitheoirí ón gcéad lá maraithnítear gur ag natuismitheoirí a bhíonn antionchar is mó ar na páistí agustríd a dtacaíocht dhearfach aneartaítear an scoil agus curchun cinn na Gaeilge igcoitinne.

Tá roinnt bealaí gur féidir letuismitheoirí cabhrú agus tacúle hobair na scoile:

" Labhairt go minic leis na páistífaoi na cúiseanna gurroghnaíodh gaelscoil dóibh agusna buntáistí a ghabhann léi.

" Tacaíocht a thabhairt dopholasaí na Gaeilge sa scoil.

" An Ghaeilge a úsáid am arbith gur féidir.

" An Ghaeilge a labhairt idtimpeallacht ag teacht chunagus ag imeacht ón scoil másféidir leo.

" Na páistí ag cloisteáil nadtuismitheoirí ag labhairtGaeilge leis na múinteoirí

Caibidil 5

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo. TUISMITHEOIRÍ

Tá an-tábhacht ag baint le

tuismitheoirí snagaelscoileanna. Isdaoine ar leith iad

a thógann cinneadhfadradharcach agus

a léiríonn muinín sa chóras.

22Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 24: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

agus leis an bpríomhoide sascoil más féidir leo, nó iad agscríobh seic nó litreach asGaeilge nó ag curteachtaireacht ríomhphoistchuig cara. Ba leor an seoladha scríobh as Gaeilge nóbeannú as Gaeilge do chara aran nguthán chun dearcadhdearfach a chothú sna páistíagus le go bhfeicfidís gurféidir an Ghaeilge a úsáidchun cumarsáid a dhéanamhtaobh amuigh den scoil.

Tá sé tábhachtach go bhfeicfeardo na páistí stádas a bheith agan nGaeilge ina dtigh féin, gombíonn sí le cloisteáil ar anteilifís, ar an raidió agus gombíonn sí mar chuid d’ábharléitheoireachta an teaghlaigh. Nímór do thuismitheoirí dea-shampla a thabhairt. Marshampla má bhíonn nós agtuismitheoirí féachaint ar chlárGaeilge ar an teilifís bíonn seansníos fearr ann go mbeidh napáistí ag féachaint orthu.

Is féidir leo feabhas a chur ar agcuid Gaeilge trí fhreastal arranganna (eagraítear iad seo sascoil de ghnáth). ShocraighGaelscoileanna gurbh fhiú cúrsaGaeilge a bheadh dírithe arthuismitheoirí le páistí imbunscoileanna lánGhaeilge achur le chéile, agus scríobh AilínNí Chonchúir cúrsa breá lenaaghaidh sin. Cuirtear cúrsaoiliúna ar fáil do mhúinteoirí ambeadh suim acu Gaeilge amhúineadh do thuismitheoirí. Tálámhleabhar ag baint leis angcúrsa ar fáil dóibh siúd afhreastalaíonn ar an gcúrsa.

Na páistí a spreagadh anGhaeilge a labhairt eatarthu féin,sa bhaile ar an nguthán lenachéile, ag cóisir agus agimeachtaí iarscoile.

Ag scríobh cártaí Nollag/buíochais nó cuiridh breithlá(D’fhéadfadh an scoil antéarmaíocht a chur ar fáil ar

bhileog). Ba chóir foclóir de natéarmaí is coitianta a bheidh arnótaí eolais a chur abhaile.B’fhiú nótaí a chur abhaile inGaeilge amháin más féidir nógo dátheangach murar féidir agtabhairt tús áite don chló inGaeilge an t-am ar fad. Nuairatá Tuairiscí Scoile ag dulabhaile is i nGaeilge a bheidhsiad ach tá sé tábhachtachmíniúchán as Béarla a chur chuigna tuismitheoirí chomh maith.

Cruinnithe Múinteoirí/Tuismitheoirí

B’fhiú do mhúinteoirí fáiltiúroimh thuismitheoirí/chaomhnóirí chuig na cruinnitheas Gaeilge agus an rogha athabhairt dóibh ansin ancruinniú a reáchtáil ina roghateanga. Ba chóir do mhúinteoirí tagairt a dhéanamh igcónaí do shainmheon na scoileleis na tuismitheoirí agusdílseacht a bpáistí i leith labhairtna Gaeilge a chur ina láthair. Tásé riachtanach a dtacaíocht afháil ina leith.

Obair bhaile

Is minic agus tuismitheoirí agclárú a bpáistí sa ghaelscoil goléiríonn siad buairt faoin obairbhaile. Ba chóir go mbeadhpolasaí soiléir ag an ngaelscoilchuige. Is mar chur i bhfeidhmar obair scoile a bhíonn an obairbhaile agus an ról a bhíonn agan tuismitheoir ná tacú leis chuna chinntiú go bhfuil dea-nósannaoibre agus neamhspleáchas ágcothú sa pháiste. Ní cóir gombeadh easpa Gaeilge mar bhacag aon tuismitheoir tacú leis anobair scoile sa bhaile. Ní mórdon scoil a chinntiú go bhfuil rólag na tuismitheoirí i ndearadhan pholasaí obair bhaile saghaelscoil. Tá clubanna obairbhaile bunaithe i roinntscoileanna anois. Tá sééigeantach go bhfuil Gaeilge agan duine i bhfeighil gan amhras.

Teaghlaigh lánGhaeilge

Bíonn suas le 5% de pháistí agteacht ó theaghlaigh ina mbíonnan Ghaeilge mar phríomhtheangasa bhaile. Bíonn deis acu saghaelscoil leathnú léargais ar annGaeilge agus ar shaol naGaeilge a fháil. Is cóir don scoilmachnamh a dhéanamh ar nasocruithe atá ann chun freastal adhéanamh ar na riachtanaisforbartha teanga atá ag páistí abhfuil Gaeilge acu ó dhúchas. Isgá a mhíniú do thuismitheoirí gomb’fhéidir go mbeidh dháchineál Gaeilge ag na páistí,cineál amháin sa bhaile lenadtuismitheoirí agus le daoineeile a bhfuil cleachtadh acuGaeilge chruinn a chloisteáiluathu agus cineál eile lenagcairde ón ngaelscoil. Is minicgur ábhar imní do thuismitheoiríé an “meath”, mar a fheicteardóibh é, ar chumas cainte agcuid páistí nuair a théann siadchuig gaelscoil. MolannGaelscoileanna do scoileannatuismitheoirí a bhíonn ag tógáilclainne le Gaeilge nó godátheangach a chur i dteagmháille Comhluadar (www.comhluadar.ie)chun breis cabhrach a fháil sanobair seo.

Tuismitheoirí ar an mBordBainistíochta

Toisc gur tuismitheoirí iadformhór bunaitheoirí nangaelscoileanna bíonn ról an-tábhachtach acu ar an mBordBainistíochta. Is minic atharlaíonn sé go bhfeidhmíonntuismitheoir mar chathaoirleachan bhoird. Bíonn ionadaithe nadtuismitheoirí ann dar ndóighagus is tuismitheoirí ionadaithean phatrúin freisin go rialta. Isfreagrachtaí móra casta iad seoa chomhlíontar go deonach agusle dea-thoil.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna23

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 25: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Cumann na dTuismitheoirí

Cuirtear Cumann nadTuismitheoirí nó coistetacaíochta chun cinn saghaelscoil freisin mar atá leagthaamach san Acht Oideachais,1998. Bíonn sí mar aidhm ag angCumann tacaíocht a thabhairtdon Bhord Bainistíochta maidirle dul chun cinn na scoile agusaidhmeanna an bhoirdbhainistíochta a chomhlíonadh imeasc na dtuismitheoirí, i meascna bpáistí agus i measc anphobail i gcoitinne. Tugann nacoistí seo cúnamh airgid donscoil go minic ach tá tioncharníos leithne acu freisin. Cuireannsiad deiseanna sóisialta ar fáildá chéile agus tá ról lárnach acui saol na scoile ag curtimpeallacht ghaelach chultúrthaar fáil do thuismitheoirí agus dopháistí na gaelscoile. Ba chóir achinntiú go bhfeidhmíonn ancoiste trí Ghaeilge chomh fadaagus is féidir nó go dátheangachar a laghad. Tá sé tábhachtachgo mbeadh Gaeilge ag angcathaoirleach mar go mbíonndeiseanna labhartha aige/ aici arson na scoile go minic agus godtugann labhairt na Gaeilgesainmheon na scoile chun solais

go sonrach ag na hócáidí seo.De ghnáth bíonn cumas tuisceanaagus labhartha i bhfad níos fearrag tuismitheoirí ná mar acheapann siad féin agus is fiúiad a mhealladh.

Tá an-tábhacht ag baint letuismitheoirí sna gaelscoileanna.Is daoine ar leith iad a thóganncinneadh fadradharcach agus aléiríonn muinín sa chóras. Tá anghaelscolaíocht againn mar gondéanann tuismitheoirí ógacinneadh ina dtithe féin anghaelscolaíocht a roghnú marchóras oideachais dá bpáistíóga. Rogha fíordhearfach atáanseo, go mórmhór dothuismitheoirí atá ar bheagánGaeilge nó atá gan Ghaeilge. Isbuncheart atá ann agusleanfaidh Gaelscoileanna araghaidh ag tacú le tuismitheoiríchun scoileanna a bhunú imbailte beaga agus faoin tuathchun a chinntiú nach mbeidhstráicí móra den tír gan aonsoláthar gaeloideachais ag anmbunleibhéal. Is treise i bhfadan ghluaiseacht agus iad aggníomhú linn.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

24Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 26: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Cén fáth go bhfuil gá lepolasaí Gaeilge don chlós?

Aithnítear go forleathan antábhacht a bhaineann leclós súgartha scoile i saolscoile an pháiste bhunscoilesa lá atá inniu ann.Baineann sé go mór leforbairt shóisialta anpháiste. Is minic a thagannan clós chun cinn mar ábharcainte ar chlár chruinniúfoirne scoile agus ar chláran bhoird bhainistíochta.

Go traidisiúnta tugadh saoirsefaoi leith do na páistí sa chlósagus scaoileadh leo laistigh derialacha áirithe sábháilteachtadar ndóigh. Áirítear anois gobhfuil páistí ann áfach agus gombíonn cabhair ag teastáiluathu páirt a ghlacadh inimeachtaí an chlóis. Chuige sintá nós tosaithe i scoileanna nahÉireann i gcoitinne cluichí abheith tarraingthe aguseagraithe sa chlós chun cabhrúleo. Tá idir dhúshlán agusdheis don ghaelscoil sachomhthéacs seo.

Ceann de na laigí a aithnítearleis an gcóras tumtha goginearálta ná nach féidircomhthéacs iomlán teanga achruthú laistigh den seomraranga mar nach mbíonn ancomhthéacs nádúrtha ann. Chuige sin tá sé riachtanach doghaelscoileanna an úsáid agusan leas is fearr a bhaint as nahacmhainní eile atá ar fáildóibh. Ceann do na hacmhainníis mó atá ann ná clós nascoile.

Toisc go bhfuil sé mar sprioc agan ngaelscoil deis a chur ar fáildo pháistí saol scoile iomlán achaitheamh trí Ghaeilge tátábhacht thar cuimse le polasaíláidir scoile i leith labhairt naGaeilge sa chlós. Ní hé amháin

go bhfuil cúraimí féitheoireachtaar an múinteoir sa chlós ach tácúraimí dochta teanga chomhmaith. Caithfidh an múinteoir abheith ag éisteacht de shíoragus ag tabhairt aird ar anteanga atá in úsáid agus atá dedhíth ar na páistí. Déanfaidh anmúinteoir múnlú ar an teangago dearfach ar na héilimháirithe a thagann chun cinn,mar shampla, ‘Pinch sé mise’,‘Ar bhain sé tuisle asat?’ Ageascairt as anngéarfheitheoireacht seo afhásfaidh polasaí láidir teangadon chlós. Is gá go ndéanfaíathbhreithniú ar an bpolasaí gorialta ag cruinnithe foirne agusgo mbeadh sé aontaithe ag anmbord bainistíochta agus agtuismitheoirí. Toisc gur suíomhcumarsáide difriúil atá i gceistsa chlós caithfear freastal arriachtanais teanga na bpáistígo foirmiúil sula dtéann siadamach ann ionas go mbeidh nastraitéisí cuí ag na páistí abheith ar a gcompord leis anteanga.

Ullmhúcháin roimh chlóis

Toisc go gcreidimid go láidirnár chóir go mbeadh anGhaeilge mar bhac ar aonpháiste sa chlós tá ullmhúchánroimh chlóis chomhtábhachtach le cúrsaí clóis annféin. Tá sé riachtanach gombeadh freastal déanta ar anteanga a bheidh ag teastáil óna páistí roimh ré. Nóscoitianta atá in an-chuidgaelscoileanna ná go mbíonnliostaí de struchtúir chainteriachtanacha curtha le chéile arbhonn scoile ag éirí asfeitheoireacht na múinteoirí. Nílaon amhras ach go bhfuil duaag baint leis an obair seo achmá choimeádtar ó bhliain gobliain iad agus má roinneannmúinteoirí eatarthu iad ní gáach iad a choimeád suas chundáta. Déantar cleachtadh orthuseo go rialta sa seomra ranga.

Caibidil 6

An ClósÁr bPolasaí Gaeilge

Gaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna25

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Tugann an clóscomhthéacs réadúil

do roinnt mhaithfeidhmeanna

teanga a bhíonn ineasnamh ar napáistí ina gcuidcainte go minic.

Page 27: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Roghnaigh eiseamláirí atá oiriúnach agusindéanta. Bíodh an bhéim ar úsáid na teangago cumarsáideach don ábhar atá roghnaithe.

ROGHNAIGHÁBHAR

Ceangail m’iallacha le do thoil.An bhfuil cead agam mo chóta a fháil?/seasamh sa líne? An bhfuilimid ag dul amach sa chlós?Ar bhuail an clog?

Thit mé.Bhuail sé mé/ Bhrúigh sé mé.Timpiste a bhí ann.Tá sí ag gol/ caoineadh/ gortaithe.

Níl éinne ag súgradh liom.Chaith sé seile liom.Thug sé buille dom.Ghortaigh x mé.Imigh uaim.

Níl a fhios agam cá bhfuil...Chaill…Is/ Ní liomsa é.

Mise an tóraí.Beir greim ar...Rugas greim ar…

Tá mise leis an bhfoireann seo.Piocaim…Do sheans anois.

Cúl, foireann, pas, caith.Bhuaigh mé.

Táimse ag dul go teach mo chara/cóisir inniu.Chuireamar an crann Nollag in airde. Cén sórt ceapaire atá agat?

An bhfuil cead agam súgradh ar an bhféar/ breis ama a fháil? Ar mhaith leat súgradh liom?An mbeidh cead againn an lón beag a chríochnú nuair athéimid isteach?An mbainfidh tú an craiceann den bhanana? An bhfuil an cloigín buailte?An bhfuil cead agam a bheith chun tosaigh?

Shleamhnaigh mé.Tharraing sé cic/ sonc/ buille/ orm/ air/ uirthi.Tá x ag cur isteach orm.Cad a tharla?An rachaidh mé go dtí an oifig?Inis do do mhúinteoir é.

Ná seas os mo chomhair.Bhí x garbh liom.Ní bhfuair mé aon seans.Tá brón orm ná déan é sin arís.Níl fonn súgartha orm.Sheas x ar mo chos.

Cé a chaill/ Is le x é.Níor chaill éinne é.An bhfaca éinne x ?Tá tú reoite.

Ní raibh go leor ama againn.Níl tú ag leanúint na rialacha.Duine sa turas.Druid siar.An dtosnóimid?

Beidh an chéad rogha agamsa.Tá tú gafa.An bhfuil cead agam a bheith i gceannas?

Cé atá sa tóir?Chun tosaigh.Ar cúl/ i lár baill.Ar chomhscór. Thar an trasnán.Isteach sa líontán greamadain.

An bhfaca tú an cluiche ar an teilifís aréir?Tá x chun mise a bhailiú inniú.An bhfuil culaith Man U agat?Bailím cartaí. An malartóidh tú carta de x le haghaidh cárta de y?Bhíomar ag téadléimneach.

AN GHAEILGE I

Ábhar Naíonáin Ranganna 1-2

IARRATAIS

TIMPISTE

GEARÁIN

RUD CAILLTE

RIALACHA

ROGHNÚ FOIRNE

TÉARMAÍOCHT

ÁBHAR SUIME

26Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 28: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.gCLÓS NA SCOILE

Mar shampla iarratais - Ceangail mo bhróg le dothoil, An féidir liom dul …., timpiste, gearáin, rudcaillte, plé ar ábhar suime na bpáistí, cluichí –rialacha, téarmaíocht, roghnú foirne, gearáin, cluichísráide, téadléim 7rl.

Is sa chlós a bhíonn deis ag na daltaí a gcuidGaeilge a úsáid go nádúrtha agus mar sin is í sinan áit inar cheart do scoileanna a chinntiú gobhfuil an Ghaeilge acu chun é seo a dhéanamh.

An malartóidh tú liomsa?An roinnfidh tú liom?An imreoidh tú cluiche tóraíochta?An bhfuil an t-am istigh?Teastaíonn ón múinteoir labhairt le x.

Tharla sé trí thimpiste.An bhfuil tú gortaithe?Ní raibh aon bhaint agamsa leis.Tá mo chos ataithe.

Tá x ag cur as dom.Ní haon scór é sin.Bhain sé liomóg asam.Níl sé ag imirt go cothrom.

An bhfuil cead agam a fháil amach cé leis é seo?Ní féidir liom…a aimsiú.

Tá an t-am istigh.Cé atá ag buachaint/ ag cailliúint?

Cén treo ina bhfuilimid ag imirt?

Tá beirthe ort. Is é Gearóid captaen na foirne.Ag barr na sraithe. Bhí caitheamh isteach ann.Thug se cic ón gcúinne.Tá an t-ádh leat.An chéad áit. Sa dara háit. Sa tríú háit.

Táim ag tabhairt cuairt ar...i ndiaidh na scoile.Cad a cheap tú den chúl?Is iad x an popghrúpa is fearr liom.Is é/ is í an príomhamhránaí.Bhí mé ag pléascadh gáire nuair...Tháinig fuar-allas amach trím nuair...

An bhféadfainn mo chóta a fháil/ imeacht go dtí leithreas/ súgradh/imirt libh?Ar buaileadh an clog cheana féin?Cén fhaid atá fagtha?Cén t-am is gá dúinn an bainne a dhéanamh?Tá fuílleach fágtha...

D’aon ghnó a tharla sé.Tá timpiste i ndiaidh timpiste tarlaithe ansin thall.An bhfuil tú tagtha chugat féin arís?Cad faoi ndear an troid?Tusa faoi ndear é.

Fágtar mé ar lár an t-am ar fad.Níor ghabh sé leithscéal liom.An ndéarfaidh tú le x nach bhfuil aon ghallúnach sa leithreas?Ná bí ag gabháil dom.Tá tuilleadh ama uainn.

Nílim ábalta teacht ar…

Níl x ag cloí leis na rialacha

An bhfuil cead agam na foirne a roghnú?

Níl sé san áireamh. Tá buaite againn/ orainn. I lár na páirce. Na tosaithe/ lán/ leath. Na cúlaithe. Lánchúlaí/ leathchúlaí.Buail lascadh air. Rinneadh feall/ calaois air. Bhí sé ar seachrán. An cúl báire/ bádóir. Is é x an duine is tapúla. Imreoir den scoth. Rinne sé an tsábháil. Cic/ puc éirice/ sleasa saor/ pionóis. Bhíomar ar chomhtharrac an t-am go léir.

Tá mé ag gabháil...Cluiche maith dian is an dá fhoireann cothrom go maith.Níl puinn fuachta ann.Cad is dóigh leat faoi....?Táim ag tnúth go mór le...

Ranganna 3-4 Ranganna 5-6

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna27

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 29: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Tugann an clós comhthéacsréadúil do roinnt mhaithfeidhmeanna teanga a bhíonn ineasnamh ar na páistí ina gcuidcainte go minic. Caithfear ábhara roghnú ar bhonn scoile agusansin eiseamláirí atá oiriúnachagus indéanta a mhúineadh deréir ranga. Caithfidh an bhéim abheith ar úsáid na teanga gocumarsáideach don ábhar atároghnaithe. Mar shampla,iarratais - ‘Ceangail m’iallacha ledo thoil’. An féidir liom …,timpiste, gearáin, rud caillte,rialacha, roghnú foirne, gearáinagus araile. Tá teimpléad chuigeseo ar fáil ar www.pcsp.ie.(sampla líonta isteach arleathnaigh 26-27). Má tá cluichísa chlós caithfear an téarmaíochta mhúineadh agus a chleachtadhroimh ré agus deis a thabhairtdon rang triail a bhaint as sachlós i dteannta an mhúinteora.Is ceacht foirmiúil cumarsáideaché seo dar ndóigh freisin achd’fhéadfá na páistí a thabhairtamach chun an ceacht adhéanamh sa chlós.

I scoileanna áirithe inagceadaítear téad léimneachcaithfear na rainn a thabhairtdon rang roimh ré.

Amuigh sa chlós

Úsáideann roinnt scoileannacóras na gcinnirí sa scoil.Cuirtear dalta ó na hardrangannale naíonáin i rith am sosa agusam lóin dhá nó trí bhabhta satseachtain chun cabhrú leosúgradh i nGaeilge. Tá buntáistísóisialta le baint as seo chomhmaith le buntáistí teanga marcuireann na páistí óga aithne arpháistí níos sine sa scoil agusbaineann na hardrangannatairbhe as an bhfreagracht abhaineann leis chomh fada isnach mbíonn an dualgas orthucúig lá sa tseachtain. Bíonnduaiseanna ag scoileanna áirithedon rang is fearr chun Gaeilge alabhairt agus tugtar breis amadóibh cluichí as Gaeilge a imirtsa chlós. An rud is tábhachtaí náaon dea-iarracht sa chlós amholadh agus aitheantas athabhairt dá réir.

Samplaí de chluichí aimrítear sa chlós saghaelscoil

(leathnú orthu ar Intouch, CMÉ.Deireadh Fómhair 2005)

Cuirim lámh deas isteach.An féidir leat?Hopscotch.Mionleadóg línithe amach igcúinne sa chlós.Ábhair oiriúnacha ó FhorbairtNaíonraí Teoranta do Naíonáin.

Iarchlós

Tá sé tábhachtach labhairt faoingclós go minic leis na páistí agféachaint an mbíonn na héilimhteanga a bhíonn acu ag athrú. Níféidir a rá minic go leor anríthábhacht a bhaineann lehaitheantas agus moladh adháileadh ar na páistí aonairagus ar na ranganna a dhéananniarracht mhacánta maidir lecúrsaí Gaeilge sa chlós.

Laethanta Fliucha

Ag aithint go bhfuil am spraoiag teastáil ó na páistí, ba chóirtabhairt faoi sa bhealach céanna.Is fiú cluiche cainte agus cluichíboird a chur ar fáil agus an t-ullmhuchán agus an cleachtadhcuí a dhéanamh.

Mar shampla d’fhéadfaí rangfoirmiúil a bhunú ar conasficheall a imirt, cluiche gobhféadfaidís a imirt lá fliuch saseomra ranga. Is comhthéacseile teanga é seo cruthaithelaistigh den seomra ranga.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

28Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 30: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

CríochTá dúshláin roimh na gaelscoileanna maidir le polasaíGaeilge a fheidhmiú ina scoileanna féin. Is gá an polasaí achur le chéile, a chur i bhfeidhm, aithbhreithniú rialta adhéanamh air agus athruithe cuí a fheidhmiú de réir mar iscóir. Tá sé riachtanach na páirtithe uilig atá bainteach leis anscoil a thógaint san áireamh sa phróiséas seo nuair atá sé áchur i bhfeidhm – an príomhoide, na múinteoirí, an bordbainistíochta, na daltaí, na tuismitheoirí, an fhoireann bhreiseagus an pobail níos leithne a bhíonn ag deileáil leis an scoil.Ba cheart freagrachtaí praiticiúla a thabhairt dóibh agusmíniú ar cén fáth a bhfuil a gcabhair de dhíth leis anbpolasaí a chur i gcrích. Leis seo, tuigfidh siad gombaineann an polasaí leo chomh maith.

Tá sé tábhachtach go léireodh aon pholasaí Gaeilge gonúsáidtear an teanga mar theanga chumarsáide agus goléireofaí go bhfuil úsáid le baint aisti lasmuigh den scoil féin.Is gá an teanga shóisialta agus shúgradh a mhúineadh do nadaltaí i dtreo is go mbeidh sé ar a gcumas í a úsáid taobhamuigh den seomra ranga. Is sa chlós a bhíonn deis ag nadaltaí a gcuid Gaeilge a úsáid go nádúrtha agus mar sin is ísin an áit inar cheart do scoileanna a chinntiú go bhfuil anGhaeilge acu chun é seo a dhéanamh.

Cabhróidh ranganna Gaeilge le tuismitheoirí cabhrú leis anbhforbairt teanga seo agus lena suim féin sa teanga athreisiú. Is gá go mbeadh siad páirteach i bhforbairt anpholasaí le go gcabhródh siad leis an scoil é a chur i gcrích.

Baineann an polasaí Gaeilge leis an scoil féin. Salámhleabhar seo cuireadh eolas agus treoir ar fáil maidir lecur chun cinn na Gaeilge sa ghaelscoil ach is faoi gach scoila pholasaí féin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm de réirmar a oireann sé dóibh féin. Cabhróidh polasaí láidir leis anscoil an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga inúsáidteagus cabhróidh sé le daltaí bheith bródúil aisti. Má éiríonnlinn é sin a dhéanamh mar earnáil, beidh pobail nualabhartha Gaeilge á chruthú againn a neartóidh an teanga satodhchaí. Bainigí sult as an dúshlán!

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna29

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 31: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

TAGAIRTÍ

Language, Power and Pedagogy: Bilingual Children in the Crossfire,Jim Cummins, 2000, Multilingual Matters. Caibidil 1 ar fáil agwww.iteachilearn.com/cummins/lpp.html

Bilingualism and Special Education: issues in assessement and Pedagogy, Jim Cummins, 1984, Multilingual Matters.

A Parent’s and Teacher’s Guide to Bilingualism, Colin Baker, 2000,Multilingual Matters.

Immersion in a second or additional language at school: a review ofthe international research, Richard Johnstone, 2002 – cóip le fáil óoifig Ghaelscoileanna.

Tús na léitheoireachta i scoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge,Máire Ní Bhaoill & Pádraig Ó Duibhir, 2004, An Chomhairle UmOideachais Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

An luath-thumadh in Éirinn: na naíonraí, Tina Hickey, 1997, InstitiúidTeangeolaíocht Éireann.

Developing dual literacy: an Estyn discussion paper, Estyn, 2002,Cigirí na Breataine Bige – cóip le fáil ó oifig Ghaelscoileanna.

Becoming Biliterate, Kenner C. & Gregory, 2003 i Handbook of EarlyChildhood Literacy (lch 178-188), Hall, N., Larsen, J. & Marsh, J.,Sage, Londain.

Próifílí Measúnachta don Ghaeilge sna Scoileanna Gaeltachta agusScoileanna Lán-Ghaeilge, Ó Siaghail, G agus Déiseach C, 2004, AnForas Taighde ar Oideachas, BÁC.

Séideán Sí, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ar fáil ón SiopaLeabhar, 6 Sr. Fhearchair, B.Á.C. 2 (01-4783814) nó ón gCeathrú Póilí,216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH (048-90322811))

www.naionrai.ie - Ábhar do naíonáin ar fáil ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta, 01-6398400.

www.cogg.ie – Innéacs Taighde na Comhairle um OideachasGaeltachta agus Gaelscolaíochta le fáil ar a láithreán gréasáin.

www.mulitlingualmatters.com – láithreán gréasáin inar féidir roinntmhaith leabhar ar an dátheangachas agus araile a cheannach.

Ár bPolasaí GaeilgeGaelscoileanna Teo.

30Polasaí na Gaeilge do ghaelscoileanna

Page 32: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann
Page 33: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann

Gaelscoileanna Teo.7 Cearnóg MhuirfeanBaile Átha Cliath 2.

T: 01 639 8431I: www.gaelscoileanna.ie

Page 34: Ár bPolasaí Gaeilge - gaelscoileanna.ier-bPolasaí-Gaeilge.pdf · " Tá athbhreithniú cuimsitheach ar gach aon ghné d’fhoghlaim agus de ... rince, drámaíocht agus ... Feiceann