Ó coigligh, ciarán - seanchas inis meáin (coiscéim 1990) aran island inishmaan folklore

192

Upload: leabhar-gaeilge-irish-books-leabhair

Post on 10-Jan-2016

80 views

Category:

Documents


3 download

DESCRIPTION

Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Irish Folklore Galway islands Ireland 2058783 as Gaeilge

TRANSCRIPT

Page 1: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore
Page 2: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

I,

Is le muintir Inis Meáin an leabhar seo. Is iad féin a scríobh í. Tá súil agàm gur údar bróid dóibh í. Léirítear inti pobal misniúil seiftiúil creidmheach a thug dúshlán na farraige agus na carraige loime agus a fuair an ceann is' fearr orthu. Léirítear inti freisin pobal a bhí mórtasach as a ndúchas, mujníneach astu féin agus a raibh acmhainn grinn iontu. Má chuidíonn an l�abhar seo leis na tréithe sin a chothú in aos óg an oileái:n beidh mise, sásta.

Page 3: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

© Ciarán Ó Coigligh Coiscéim a d'Choilsigh

Gach ce<lrt arcosnamh. Nf ceadmhach aon chuid den fhoilseaçhán soo a abiirgeadh, a ChUl i gcomhad athChála, nii a tharchur ar aon mhodh nii slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipcáil, ar thaifeadlldh nó elle, gan cead il fháil roimh re 6n bhfoilsitheoir.

Cillrán O COigligh a chlódmir Johnswood Press a chl6bhuail Dáithf de Brún a dhcar an cabhar.

Faigheann Coiscéim cúnllmh airgid 6n gComhairle Ealaíon.

Page 4: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Seanchas Inis Meáin . .

as Bailiúehán na Seol

Ciarán Ó Coigligh

a chuir in eagar

COISCÉIM

Page 5: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Do

Phroinsias Ó Dorchaidhe OS

agus do mhuintir Inis Meáin

Page 6: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Clár

Bailitheoirí agus Faisnéiseoirí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 6

Réamhrá . . . . . . . . . . . . . . . . . . . ..... . ..... . . . . . . . .. . . . . . 9

Seanchas . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 12

Page 7: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

BAILITHEOIRÍ

Seáinín Sheáin Dara o Conghaile 27.3.'27 - 14.8.'79

Baile na Creige

Micilín Jim O Fathartaigh 8.8.'27 -

Baile an Mhothair

Dara Pheait Mhicil Bán Ó Conghaile 4.7.'24

Baile an Mhothair

Micil Sheáin Choilm Mac Donnchadha 20.9.'24

Móinín na Ruaige

Peadar Jim O Fathart¡;¡igh 6.3.'25

Baile an Mhothair

BeairtIe Mhaidhcil O CuaIáin 19.1.'22 - 13.11.'39

Baile an Mhothair

Micilín Teairnín O Meachair 5.8.'24

Ceathrú an Teampaill

CoIm Teaim Mhóir O Fathartaigh 7.6.'23 - 13.8.'87

Baile an Mhothair

Pádraig Pheait Sheáin O Conghaile 16.2.'26

Baile an Leisín

Páidín Thomáis Mhóir O Fathartaigh 5.10.'23

Baile an Mhothair

Nóra Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile 22.8.'22

Baile an TeampailI

Seáinín Sheáin Choilm Mac Donnchadha 27.1.'27

MóinÍn na Ruaige

Máire Ní Chonghaile Ceathrú an Leisín

6

FAISNÉISEOIRÍ

Seán Dara Ó Conghaile 11.5.1880 - 10.6. '61

Séamas Pheadair Pháidín Ó Fathartaigh, 11.3.1897 - 23.2.'80;

Micil O Dónaill

Pe ait Mhicil Bán O Conghaile 21.12.'68

Seán Choilm Mac Donnchadha � 28.5.'63

Séamas Pheadair Pháidín O Fathartaigh

Maidhcil Mhicí O Cualáin 22.3.'52

Beairtle Teaimín O Meachair 1875 - 28.8.'58

Peait Sheáin O Conghaile 7.2.1888 -21.1.'79

Páidín Shaidhbhín O Conghaile 1877 - 27.9. '60

Page 8: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bríd Pheics Ní Mheachair 4.7.'26

Móinín na Ruaige

Bríd Pheadair Pháidín Ní Fhathartaigh Uí Mheachair

Saile Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile 19.6.'25

Baile an Teampaill

Bríd Sheáin Bhidí Ní Choncheanainn 10.8.'21

Baile na Seoigheach

Máire Pheadair Mháirtín Ní Fhlaitheartaigh 25.4.'26

Baile an Mhothair

Peige Pheait Antaine Ní Fhathartaigh 14.4.'23

Baile an Mhothair

Tomás Sheáin Bhrian 6 Flaitheartaigh 20.11.'25

Baile na Seoigheach

Anna Sheáin Cheaitín Ní Fhathartaigh 11.12.'22

Baile na Seoigheach

Micilín Sheáinín 6 Conghaile 27.9.'26

Baile na Creige

Micil Teaim Mhóir 6 Fathartaigh Baile an Mhothair

Saile Sheáin Bhrian Ní Fhlaitheartaigh 4.10.'23 Baile na Seoigheach

Máirtín Sheáin Cheaitín O Fathartaigh 11.2.'25

Baile na Seoigheach

7

Seán Bhidí 6 Concheanainn 26.1.'54

Peadar Mháirtín 6 Flaitheartaigh 27.11.1897 - 28.11.'75

Máirtín Pheait Antaine O Fathartaigh 9.11.'01 - 6.5.'82

Seán Bhrian O Flaitheartaigh 1874(?) - 7.12.'54

Seán Cheaitín O Fathartaigh 11.'61

Beairtle Bán 6 Conghaile

Seán Bhrian 6 Flaitheartaigh 1874(?) - 7.12.'54

Seán Cheaitín 6 Fathartaigh

Page 9: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Máire agus Proinsias 6 Dorchaidhe

8

Page 10: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Réamhrá

Is éard atá sa leabhar seo an seanchas a bhailigh roinnt de na gasúir a bhí ag freastal ar Seoil Náisiúnta Inis Meáin faoi Seéim na Seol 1937-38. Ba iad Coimisiún Béaloideasa Éireann i bpáirt le múinteoirí bhunscoileanna an stáit a bhí i mbun na scéime céanna. Tá teaeht ar an ábhar seo i ndeich gcinn de chóipleabhra i mbosca i gCartlann Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 4.

Tá eur síos euimsitheach ar an scéim le fáil i Séamas O Catháin, "Súil Siar ar Scéím na Sco11937-1938 in Sinsear 5 19-30 agus i Séamas O Catháin agus Caitlín Dí Sheighin (eag.), A Mhuíntír Dhú Chaocháín, Labhraígí Feastaf (1987) xvii-xxxiii.

Rinneadh bailiúchán den sórt céanna sna Sé Chontae faoi stiúir The Commíttee on Ulster Folklífe and Tradítíons agus faoi ehoimiree Aireaeht an Oideaehais ó thuaidh i 1955-56. Gheobhfar eur síos ar an mbailiúehán seo i K.M. Harris, "The Sehools' Collection", in Ulster Life 3 1 (1957) 8-13.

D' eisigh an Roinn Oideaeh¡fis abhus leabhrán treoraeh i Meán Fómhair na bliana 1937 ar liostáladh ann na hábhair seanehais ab fhiú a thiomsú: "seéalta, arnhráin, paidreaeha, seanfhocla, agus tomhaiseanna, gan trácht ar thithe agus ar sheanfhoirgnimh, eeardanna, seanchas áitiúil, nós anna agus pisreoga, caithimh aimsire, leigheasanna, áitainmneaeha ... 1/ (O Catháin agus uí Sheighin ap cit xx-xxi).

Níor bailíodh amhrán ar bith in Inis Meáin do réir eosúlaehta. Níor bailíodh paidir ar bith aeh ar éigean agus ní mórán seanfhocla ná tomhaiseanna aeh oiread a tiomsíodh.

Is faoi stiúir an Ard-Mháistir Proinsias O Dorchaidhe a rinneadh an bailiúchán. Is as Maehaire Mór, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe de Phroinsias. Rugadh é ar an 16ú Nollaig 1911. Oileadh é i gColáite Phádraig, Drom Conrach, Baile Áthe Claith i geaithearnh na mblianta 1931-33. Chaith sé 6n 26ú Meán F6mhair 1934 go dtí Deireadh F6mhair 1969 ag múineadh i Seoil Náisiúnta Inis Meáin. Tá e6naí air féin agus ar a bhean Máire, arbh í banaltra an oileáin í ar feadh na mblianta, i gCathair na Gaillimhe. Gasúir i Rang a Cúig, Rang a Sé agus Rang a Seacht a ghlae páirt san obair i gcaitheamh na mblianta seoile 1937 agus 1938. Níl aon teacht anois ar an Leabhar N6taí M6r a bhí an tArd-Mháistir ceaptha a sheoladh chuig an gCoimisiún Béaloideasa agus arb éard a bheadh inti c6ip i láimh an Mháistir n6 na ngasúr ab fhearr scríobh den ábhar a bheadh scríofa ag na gasúir eile ina geuid c6ipleabhra féin. Is cuma ar bhealach mar gurb é an t-ábhar a scríobh na gasúir ina gcuid cóipleabhra is

9

Page 11: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

tábhachtaí. Tá difear mór idir an Ghaeilge a scríobh na gasúir seo agus an

Ghaeilge a labhraítear in Inis Meáin. Ar ndóigh tá difear mór i ngach teanga idir an chaint agus an focal scríofa. Thairis sin, is cinnte go raibh na gasúir faoi anáil an Mháistir maidir le litriú, focIóir, foirmeacha focIa, agus an ghramadach féin scaití. Ba é ábhar na bpíosaí ba thábhachtaí leis na gasúir agus leis an Ard-Mháistir. Níor chuimhnigh siad riamh air go mba cheart dóibh cIoí le Gaeilge scríofa a léireodh Gaeilge labhartha lnis Meáin chomh cruinn agus ab fhéidir. Agus cad chuige a gcuimhneodh? Is léir gur aistí ranga cuid de na píosaí ó tharla go bhfuil siad focal ar fhocal ionann is ag cúpla gasúr maith.

Níl aon iarracht déanta agamsa ar an rud a scríobh na gasúir a ghortghlanadh. B'fhacthas dom nár cheart aon cheo a fhágáil as ach oiread. Chloígh mé go dílis le teanga scríofa na ngasúr agus a nArd­Mháistir cé is moite gur cheartaigh mé dearmaid fhollasacha agus go ndearna mé iarracht an t-iomlán a bheith do réir a chéile ó thaobh litriú, deilbhíochta agus gramadaí dhe an oiread agus ab fhéidir. Tagraíonn na huimhreacha sa gcIó trom don chóipleabhar agus tagraíonn na himhreacha sa gcIó rómhánach do na leathanaigh. Tá ábhar staidéir ina bhfuil bailithe le chéile sa leabhar seo maidir leis an ngaol idir scríobh agus labhairt na teanga sa nGaeltacht.

Tá cuid mhór de chreideamh, nós anna agus eolas sinseartha lnis Meáin léirithe sa leabhar seo. Ba shuarach an mhaise dhomsa lámh mharbh na scoláireachta a leagan róthrom ar an gcuid seo de shaoithiúlacht Inis Meáin arb í saoithiúlacht mo mhná agus mo ghaolta cIeamhnais í agus ar cuid de mo shaoithiúlacht féin í le cosamar deich mbliana.

Is le muintir Inis Meáin an leabhar seo. Is iad féin a scríobh í. Tá súil agam gur údar bróid dóibh í. Léirítear inti pobal misniúil seiftiúil creidmheach a thug dúshlán na farraige agus na carraige loime agus a fuair an ceann is fearr orthu. Léirítear inti freisin pobal a bhí mórtasach as a ndúchas, muiníneach astu féin agus a raibh acmhainn grinn iontu. Má chuidíonn an leabhar seo leis na tréithe sin a chothú in aos óg an oileáin beidh mise sásta.

Gabhaim buíochas ó chroí le Bo Almqvist, Ceann Roinn Bhéaloideas Éireann, a thug cead dom an t-ábhar seo a fhoilsiú agus do gach uile dhuine eile a chuidigh liom chúns a bhí mé ag gabháil don leabhar. Go méadaí Dia a stór.

10

Ciarán Ó Coigligh 21 Iúil 1990

Page 12: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Seáinín Sheáin Dara 6 Conghaile

11

Page 13: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Tugtar an t-eolas seo a leanas ar bhileog atá isteaeh leis an ábhar béaloidis as Inis Meáin a fhaightear i mBosea 2C i gCarthann Roinn Bhéaloideas Éireann:

Seéim Béaloideasa Contae na Gaillimhe Barúntaeht Árann Seoil Inis Meáin Uimhir Rolla 12339 Seoladh na Seoile: Inis Meáin, Oileáin Árann, Co na Gaillimhe Ainm an Phríomhoide: Proinsias Ó Dorehaidhe An méid leabhar nótaí móra (Cuirfear iad seo arís) agus An méid eóipleabhar seoláirí 10

Bosea 2C Cóipleabhar 1 . Inis Meáin Oileáin Árann. Ainm: Seán Ó Conghaile (Seáinín Sheáin Dara �)

19ú Mí na Nollag 1938 Seéal Bhí triúr fear ann fadó agus ehuaigh siad go Conamara le lueht tuí. D'fhan siad amuigh go raibh sé doreha. Nuair a bhí siad tamall amach thosaigh an curach ag iompú. Bhí daoine thuas Tigh Éamainn agus chonaic siad an curach agus nuair a bhreathnaigh siad arÍs tú fhaca siad an cw:ach ' chor ar bith agus eheap siad gurb amhlaidh a bádh iad.

Chuaigh siad go dtí an Caladh Mór agus fuair siad curach agus [ chuaigh] siad amach go dtí an curach. Nuair a tháinig siad i ngar di chonaic siad duine thuas ar dhroim na curai agus an curach iompaithe. Fuair siad fear elle ag snámh i mbarr uisce agus é básaithe. Thug siad isteaeh sa gcurach é.

Bhí an tuí scaipthe anseo agus ansiúd. Tháinig sé i dtír ansin agus chuir siad an curaeh suas. Thug siad an fear básaithe go dtí a theach féin agus chuireadar é ansin.

12

Seán Ó Conghaile (Seán), Baile na Creige

(1, 1)

Page 14: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

20ú Nollaig 1938 Scéal Bhí triúr fear ag gabháil go hÁrainn fadó le muca. Athair agus an mac agus fear eile. D'fhanadar in Árainn go raibh sé deireanach go maith. Bhí siad ólta go maith. Nuair a bhí siad ag barr na Cara Móire tháinig farraige orthu agus bádh iad.

D' airigh bean a bhí ag tógáil faochan ag béiceach iad. Tháinig beirt acu i dtír go luath ach níor tháinig an duine eile go ceann i bhfad agus is amhlaidh a thóg bád as Árainn a bhí ag iascach - a thóg ina líonta - é .

20ú Mí na Nollag 1938 Scéal

Seán Ó Conghaile (1, 1)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé siar i dteach ar Bhaile an Leisín ar cuairt. D'fhan sé ar cuairt go raibh sé an dó dhéag a chlog. Ansin chuaigh sé abhaile go dtí a theach féin.

Nuair a bhí sé ag gabháil soir ag an gCarcair bualadh é agus leagadh. Chonaic sé fear óg meánsaolta i gcúinne an chlaí ann. Bhí ina luí ar an mbóthar ar feadh tamaill mhaith.

Seán Ó Conghaile, Ceathrú an Teampaill

(1, 5) Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Conghaile (Dara) . An

seoladh céanna liomsa.

21ú Mí na Nollag 1938 Scéal Bhí fear ann fadó. É féin agus a bhean a bhí ina gcónaí i dteach beag in aice an dúin ar an taobh thiar den oileán. Bhíodar an­bhocht agus Oíche Shamhna dúirt an fear lena bhean:

"Faraor nach bhfuil muid saibhir, thabharfadh muid cuid mhaith airgid do na boicht agus bia don ocrach agus gach rud mar sin do gach duine."

13

Page 15: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

MidI Teainn Choilm 6 Domhnaill agus An tAth Mícheál 6 Fathartaigh (Saga rt fim)

Tráthúil go leor cé a bheadh ag gabháil thart ach si6g bheag agus d' airigh sí an fear ag caint mar a dúras cheana. Nuair a bhí deireadh ráite ag an bhfear d/imigh an tsióg isteach in sa dún agus thug sí amach rúinne beag feoIa r6sta de mhuiceoil agus thug sí isteach acu é agus dúirt sí leo:

"Seo rúinne beag feola daoibh." "Faraor gan é greamaithe de do shróin", a deir an fear Iéi.

Ansin ní raibh an focal ach as a bhéal nuair a léim an fheoil as láimh na si6ige agus ghreamaigh sí dá shróin agus bhí sí chomh te sin is gur thosaigh sí ag bocléimnigh ar fuaid an urláir gur imigh aí dhi ar deireadh agus nuair a bhí .�í imithe dhi ar deireadh [d/imigh] sí amach agus níor thaobhaigh sí an teach sin ní ba mhó.

Nuair a d'imigh sí ansin chuaigh an fear amach 'na diaidh agus isteach leis sa dún. Nuair a chuaigh sé isteach chonaic sé tine agus pota m6r uirthi agus claíomh m6r ar an bhfear in sa dún agus fear thíos in sa bpota acu agus pan m6r ar an tine agus píosaí móra de mhuic air.

14

Page 16: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Chuala sé an lá roimhe gur cailleadh fear de Bhaile na Seoigeach agus gur cailleadh muc freisin le Máirtín Pheadair Mhóir. Chonaic sé leis an tsióg gur ghreamaigh an píosa feola dá sróin. Bhí ceirt uirthi anois. Nuair a chonaic sí é dúirt sí leis:

"Ha, a rógaire, is tú an chéad dhuine eile a bheas in sa bpota sin."

Ní raibh ach an focal as a béal nuair a maraíodh é agus an lá ina dhiaidh mharaigh siad a bhean.

22u Mí na Nollag 1938 Scéal

Micil Ó Fathartaigh (Jim) [Sagart Jim] Baile an Mhothair

(1, 6-7)

Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-saibhir mar bhí sé ag díol poitín. Is in san oileán seo a bhí sé ina chónaí. Is amuigh ar na Creaga a bhí teach aige gar don Chrombhall. Ní raibh aige ach teachín beag ach, mura raibh féin, bhí sé an-saibhir mar bhí sé ag déanamh go le or den phoitín agus á dhíol go daor ar fuaid an oileáin. Ba mhaith an fuisgí a dhéanadh sé agus bhí prionta aige freisin agus is é an rud a dhéanadh sé ghreamódh sé páipéar bán ar an mbuidéal agus phriontáladh an rud seo air:

"lO Years old the best Whiskey". Thaispeáineadh sé é sin nuair a théadh sé isteach in sna tithe

agus deireadh sé gurb é sin an fuisgí ab fhearr sa domhan, gurb é Rí na Spáinne a thug do é agus gur dhúirt sé leis gurb é sin an fuisgí ab fhearr sa domhan. Bhí sé in sa Spáinn ar feadh bliana ag obair don Rí ach níor thug an Rí dhó [aon] airgead agus níor thug sé dhó ach an prionta agus is é a d'inis an phlean sin dó. Bhí sé ag díol an fuiscí faoi seo go tréan go raibh sé chomh saibhir sin ar deireadh gur chuir sé céad punt ag an Rí agus litir a theacht go dtí é.

15

Micil Ó Fathartaigh (Séamas), Baile an Mhothair

(1, 8-9)

Page 17: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Dara Pheait Mhicil Bán Ó Conghaile

Tá an t-eolas seo a leanas ar chabhar an chóipleabhair a bhfuil an t-ábhar seo a leanas ann:

Basca 2C Cóipleabhar 2 Inis Meáin Oileáin Árann Ainm: Dara Ó Conghaile [Dara Pheait Mhicil Bán]

22ú Samhain 1937 Seanchas i dtaobh na hAimsire Tá ga leor comharthaí ag na daoine in san oileán seo le hinseacht cén s6rt aimsire a bhíonn le teacht. Faigheann siad na comharthaí sin ga léir 6n ngealach, 6n ngrian, ó na réaltóga, ón bhfarraige, 6n ngaoth, 6n spéir agus ó rudaí bea.

Nuair a bhíonn fáinne timpeall na gealaí bíonn báisteach le

16

Page 18: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

teacht agus nuair a bhíonn sí ina suí ar a tóin is comhartha é go bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn an ghealach ag imeaeht go héasea in sa spéir bíonn stoirm air.

Nuair a bhíonn gaetha fada ón ngrian bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn na réaltóga ag preabadh in sa spéir is eomhartha

é sin go bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn eúr ag imeacht ar an bhfarraige is eomhartha

é go bhfuil farraigí móra le teacht agus nuair a bhíonn go leor sruthanna le feiceáil sa bhfarraige bíonn báisteaeh air.

Nuair a bhíonn an ghaoth ó dheas bíonn bájsteach air agus nuair a bhíonn sí ó thuaidh agus thoir bíonn triomach agus fuacht air agus nuair a bhíonn sí thiar nó thiar ó dheas bíonn stoirm agus múranna báistí air.

Má bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreá air agus má bhíonn an spéir thoir dearg tráthn6na bíonn báisteach air agus má bhíonn néalta bána sa spéir bíonn báisteach air.

Nuair a thagann seata géabha fiáine thart bíonn fuacht le teaeht agus má bhíonn éanlaith ag eiteall go hard sa spéir is eomhartha é go bhfuil aimisr bhreá air. Má bhíonn laehain ag eiteall agus ag eraitheadh a gcuid sciathán is comhartha é go bhfuil báisteach air agus nuair a bhíonn mada ag ithe féir bíonn báisteach air freisin. Nuair a thugann cat a dhroim don tine bíonn droehuair air. Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag gabháil fao i bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn go le or míoltóg le feieeáil agus má bhíonn siogáin a bhfuil sciatháin orthu ag imeaeht thart is comhartha báistí é.

Fuair mé na scéalta seo ó rn' athair.

Mo Cheantar Féin

Dara Ó Conghaile (2, 1-3)

29ú Samhain 1937

Tá mé féin i mo ch6naí ar Bhaile an Mnothair an baile is faide soir in san oileán. Tá eeithre theaeh fiche ad ann ar fad agus níl ach aon teach is fiche seantithe ann. Is é Fathartaigh an sloinne is coitianta ann. Tá suas le 11 seandaoine ag fáil an phinsin ann. Is féidir leis na seandaoine seéalta a insint i nGaeilge aeh ní féidir leo scéalta Béarla a insint. Ba ghnách le ga le or daoine gabháil ga Meiriceá fadá. Luadh ainm na háite in amhrán a dúirt Colm

17

Page 19: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

de Bhailis agus seo é é: Inis Meáin, inis gan arán, Inis gann gortach. An lá a théann tú ann, Beir le at do chuid aráin Nó beidh tú an lá sin' do throscadh.

Tá an talamh atá ann bocht agus carraigeacha in áiteacha de. Níl aon chuid den talamh faoi choilllte. Fásann féar agus arbhar agus rudaí eile ar an talamh. Tá dhá loch ann, Loch Cheann Gainimh agus Loch Chró na gCadhan. Is é an fáth go bhfuil Loch Cheann Gainimh mar ainm ar an 10ch mar tá go le or gainimh ann. Is é an fátJ, go bhfuil Loch Ou6 na gCadhan mar ainm ar an lo ch mar tá cró le muintir Mháirtín Ó Cadhain ann. Bíonn go leor uisce in sa dá loch ar feadh an gheimhridh agus an tsamhraidh.

1ú Mí na Nollag 1937 Na Fataí

Dara Ó Conghaile (2, 4-5)

Cuireann muid fataí gach bliain ar an bhfeilm le n-ithe agus le tabhairt do mhuca agus do bheithígh. Glantar an talamh gach bliain le haghaidh na fataí a chur ann. Bítear ag leasú na feilme i ndiaidh na Nollag leis na síolta a chur ann. Nuair a bhíonn na fataí leasaithe le feamainn euirtear iad agus euirtear go leor feamainne ar na páireeanna. Tarraingítear le hasa] n6 capall an fheamainn 6n gcladach go dt! an garraí. Seartar ar an ngarraí ansin í agus nuair a bhíonn sí tamaU seartha cuirtear an garraí le spáid. Nuair a bhíonn sé curtha cuirtear sÍolta ann.

Is é an chaoi a gcuirtear an síol ná é a chur i bpoll, agus ansin dúntar an pon air. Is le maide sáite a sháitear an síol. Cabhraíonn na comharsain le chéile ag eur na bhfataí. Fásann na fataí go maith in san áit seo; Cuirtear leo go leor leasú. Nuair a bhíonn na fataí fásta glantar an salachar astu agus ansin núair a bhíonn siad glanta lánaítear iad agus nuair a bhíos siad lánaithe déantar iad a spraeáil i gcoinne an duibh.

Tá go leor cineál fataí ann: Champions, Aran Cairns, Epicures agus Banners. Is le spáid a bhaintear na fataí ar dtús agus ansin

18

Page 20: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

nuair a bhíos siad bainte cuirtear na fataí móra i bpoll ar an Muirbheach agus cuirtear raithneach orthu freisin.

13ú Mí na Nollag 1937 Ainmhithe na Peilme

Dara Ó Conghaile (2, 4-5)

Is iad na hainmhithe a bhíos ar an bhfeilm, an bhó, an Iao, an t-asaI, na caoirigh, an cap all, muca, cearca, Iachain, mada agus cat. Nuair a bhíonn muid ag gIaoch ar an mbó tugann muid "Beitín" uirthi. Nuair a bhíonn muid ag gIaoch ar an lao tugann muid "suc, suc" air. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar an asaI tugann muid "bess" air. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar na caoirigh tugann muid "teabhaín" orthu. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar an gcapall tugann muid "tua" air. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar na muca tugann muid "fros, fros" orthu. Nuair a bhíonn muid ag gIaoch ar an gcearc tugann muid "tiuc" uirthi. Nuair a bhíonn muid ag gIaoch ar an Iacha tugann muid "feed" uirthi. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar an mada tugann muid "beaut" air. Nuair a bhíonn muid ag glaoch ar an gcat tugann muid "puisín" air.

14ú Mi na Nollag 1937 Toibreacha Beannaithe

Dara Ó Conghaile (2, 8-9)

Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán seo agus seo iad iad: Tobar Ísleamáin i gClaí Gainirnh; Tobar Chinn Dheirge i bpáirc ar an taobh ó dheas den séipéal agus tá bóthar ag gabháil suas go dtí é; Tobar Cheanannach atá i bpáirc ó dheas den reilig.

Tugann go deor daoine turas ar Thobar Chinn Dheirge uaireanta sa gCarghas agus Dé Domhnaigh. Bíonn corrdhuine ag tabhairt turais ar Thobar Cheanannach. Ghabhfá timpeall ar an tobar sé nó seacht d'uaireanta agus déarfá na paidreacha seo: An t-Aivé Máiria, an Phaidir agus Gl6ir don Athair, gach uair a ghabhfá

19

Page 21: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

thairis. Bíonn seacht gcloch ina láimh ag gach duine a thugas an turas ar Thobar Chinn Dheirge.

Uair amháin bhí Naomh lsleamán ag ól dí as an tobar agus nuair a chuaigh sé ar a dhá ghlúin ann d'fhág sé áit a dhá ghlúin agus áit a dhá láimh ann.

Thug bean uisce as Tobar Chinn Dheirge uair le cur i bhfataí ach níor bhruith na fataí agus dá mbeadh na fataí thíos ó shin ní bhruithfeadh siad. Ansin b'éigean di an t-uisce a bhaint astu agus uisce eile a chur síos ina áit. Níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh an tobar ar dtús.

Is é Naomh Ísleamán a luaitear leis an tobar. Níor chuala mé riamh gur leigheasadh aon duine in aon cheann acu. Bíonn cuid de na daoine ann a ólann uisce as an tobar. Fágann na daoine a théann ann rudaí beannaithe ann. Bíonn siad leagtha ar na craobha beaga atá ann. Tugann daoine an t-uisce abhaile leo.

31ú Márta 1938 Rudaí Neamhshaolta

Dara O Conghaile (2, 10-11)

Bíonn daoine ag rá go bhfaca daoine a bhí ag teacht ó iascach bád m6r ar an bhfarraige tamall gearr uathu agus bhí siad ag gabháil go dtí í agus ghabhadh sí faoi uisce. Nuair a bhí siad ag gabháil isteach blú an bád le feiceáil acu ag gabháil faoi uisce agus ag éirí ar bharr an tÚsce.

Oíche amháin fadá blú fear ag teacht ó chuairt agus rug na si6ga air agus dúirt siad leis ga maródh siad é agus dúirt sé gur chuma leis. Mar sin féin ní dhearna siad aon ní ar an bhfear an uair sin go ceann tamaill eile. Ansin uair eile bhí an fear ag teacht ar ais agus chonaic sé go leor rudaí m6ra bána ar thaobh an bhóthair. Bhí faitíos ag teacht air agus níorbh fhada go raibh na rudaí a bhí ar an mbóthar ag rith ina dhiaidh. Mar sin féin choinnigh an fear air i gcónaí go dtí go dtáinig sé abhaile agus nuair a tháinig sé abhaile bhí na rudaí go léir ina dhiaidh agus d'imigh siad uajdh chomh luath agus a tháinig sé abhaile. Ní fhaca sé iad 6 shin.

Sa bhf6mhar blú lear ag baint fuataí in sa ngarraí agus thit sé ina chodIadh ann. Faoi cheann tamaill ba ghearr gm dúisíodh an fear. Chomh luath agus a dhúisigh sé chonaic sé go leor daoine al' bhruach na haille agus dúirt siad leis imeacht as an ngarraí gur lea féin é, agus dúirt sé nach n-imeodh. Bhíodar ag gabháil á

20

Page 22: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

rnharú murach duine leis féin a bhí básaithe. Bhí a fhios ag an bhfear ansin go raibh duine leis féin ann agus bheadh sé marbh murach sin.

Bhí fear eile ann agus bhí sé ag baint fhataí faoi alll agus chonaic sé dhá choinín faoin aill: ceann acu ag seinm ceoil le veidhlín agus ceann eile ag darnhsa.

31ú Márta 1938

Dara Ó Conghaile (2, 11-13)

Bhí iascairí óga amuigh ar an bhfarraige ag iascach uair amháin i gcurach agus bhí an lá go breá nuair a chuaigh siad amach. Ach ba ghearr a bhí siad amuigh nuair a tháinig stoirm rnhór agus bhí faitíos ag teacht orthu. Chonaic siad go raibh an fharraige ag éirí an-rnhór agus bhíodh tonnta móra ag briseadh in aghaidh na curaí go dtí gur ceapadh go mbeadh sí iontaithe. Ba ghearr gur lag an stoirm agus go dtáinig siad isteach i dtír. Bhíodar go léir fliuch ag an bhfarraige agus bhí ocras orthu. Bhí stoirm rnhór ann nuair a tháinig siad i dtír.

31 Márta 1938 Laethanta Áirithe

Dara Ó Conghaile (2, 13-14)

Tá na nósanna seo ag na daoine in san oileán seo: Nach ce art tosú ar aon obair ná ar aon [rud] nua Dé Luain. Níl sé ceart gruaig a bhaint amach Dé Luain agus bíonn daoine ann nach maith leo gruaig a bhaint amach Dé hAoine. Deireann daoine nach bhfuil sé ceart a bheith ag iascach Dé Luain ach mar sin féin bíonn daoine ann a bhíonn ag iascach Dé Luain agus deirtear nach maith an rud é. Bíonn daoine ann agus ní maith leo a bheith ag cur fataí ná ag leasú na bhfataí ach an oiread Dé Luain.

Deireann daoine go bhfuil an Aoine in aghaidh na seachtaine. Bíonn daoine ann nach bpósfadh Dé hAoine ná Déardaoin, ná Dé Máirt, ná Dé Luain. Tá daoine ann nach maith leo aon bhearna a leagaint Dé Luain ná Déardaoin. Níl sé ceart olann a bhaint de chaoirigh Déardaoin. Deirtear gur I chuile sheachtú bliain a bhíonn

21

Page 23: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Déardaoin Dearg ann ar an 8ú lá fichead de Mhí na Nollag. Ní bhíonn na daoine ag obair ar na laethanta breacshaoire a

bhíonn ann. Bíonn na daoine ag déanamh "Amadán Aibreáin" de dhaoine

aran gcéad lá d' Aibreán. Níl sé ceart pósadh a dhéanamh ar feadh dhá lá dhéag na

Nollag. Tá dhá lá áirithe ann i Mí Mheáin Fómhair agus níl sé ceart

capall ná asaI a shrathrú.

llú Aibreán 1938 Éadaí

Dara Ó Conghaile (2, 14-15)

Níl ach aon táilliúir amháin in san oileán seo. Is ag baile a bhíonn sé ag obair. Ní théann sé go dtí aon teach eile ag obair mar tugann na daoine na héadaí go dtí an teach chuige, agus ansin déanann sé iad.

Caitheann na daoine an olann a bhaint de na caoirigh i Mí Iúil agus í a ní agus a ghlanadh go maith. Nuair a bhíonn sí go de as glan cuirtear i mála í agus cuirtear go Gaillimh í le sníomh agus le cardáil. Ansin tagann sí aníos arís agus deintear ceirtlíní móra dhi. Uaireanta cuireann daoine go hÁrainn í le sníomh. Nuair a thagas sí aniar deintear í a chur i máIa agus í a chur go Gaillimh chun í a ramhrú. Beidh sí aníos arís i gceann míosa agus í réidh. Ansin tabharfar go dtí an táilliúir í chun í a dhéanamh.

Beidh go leor rudaí ag teastáil uaidh chun é a dhéanamh. Bíonn snáth agus snáthaid, siosúr, méaracán, cailc, spól, mÍosúr, agus inneall. Deintear léinteacha sna tithe. Bíonn éadach olainne, éadach glas, éadach cadáis, agus éadach máilín iontu. Cniotáiltear stocaí san áit seo. Faightear an snáth in sa siopa agus as an olann.

Tá go leor tuirní san áit seo. Ní chaitheann aon duine éadach speisialta ag gabháil ga dtí aon áit. Nuair a bhíann daoine ag dul , pósadh . . .

22

Dara Ó Conghaile (2, 15-17)

Page 24: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

11-4-'38 Áit-Ainmneaeha Tá go le or ainmneaeha faoi leith ar gaeh ereagán agus buaile atá againn ag baile agus fáthanna le gaeh ainm aeu. Gort an Uisee: Mar tá lag mór ina lár agus bíonn uisee in sa lag nuair a bhíos báisteaeh throm ann. Garraí an Táilliúra: Mar bhí sé ag táilliúir uair amháin. Creig Bhuaile an Roibirt: Mar bhíodh daoine ann fadó agus is é an t-ainm a bhíodh orthu ná Roibirt. An Bhuaile Bheag: Mar tá sí beag. An Móinín Glas: Mar bíonn go leor féar glas ag fás ann gaeh am den bhliain. An Garraí Glas: Mar bíonn sé glas i geónaí. An Cnoe: Mar tá go le or cloeh ann agus tá sé an-ardo Creig na gCnoe: Mar tá go le or enoeán beag inti. Buailte Greáin: Mar bhí fear ann fadó agus is é an t-ainm a bhí air Greáin. Na Céimeanna: Mar tá go leor eéimeanna in san oileán agus is é sin an t-ainm atá orthu. Creaga Bharr an Fhána: Mar tá go leor fraoeh ann agus seeaeh ag fás ann agus sin é an fáth an t-ainm sin a bheith air. Buailín na Seoile: Mar tá sí thíos díreaeh faoin seoil. Gort Ruairí Dhuibh: Mar bhí fear ansin fadó agus bhí teaeh aige agus ba leis an talamh freisin agus is é an t-ainm a bhí air ná Ruairí Dubh.

11-4-'38 Lá Fhéil Bríde

Dara Ó Conghaile (2, 17-18)

Nuair a thagann Lá Fhéil Bríde bíonn áthas ar gaeh duine. Bíonn an t-earraeh tagtha. Bíonn na daoine ag eur síolta i geomhair na bliana. Dúirt Naomh Bríd fadó "gaeh re lá ó mo lá-sa amaeh" agus dúirt Pádraig go mbeadh gaeh lá óna lá féin amaeh go breá.

Oíehe Bhríde ba eheart do gach duine erosóg a dhéanamh agus í a ehur suas ar bhalla an tío Is le dhá chipín adhmaid a bhíonn an ehrosóg déanta. Deirtear gur dhúirt na seandaoine dá mbeadh Lá Fhéil Bríde garbh, go mbeadh an bhliain ar fad go breá. Bíonn

23

Page 25: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

na cailíní ag imeacht le Brídeog oíche Bhríde in onóir di. Bíonn na laethanta ag gabháil i bhfad agus na hoícheanta ag

gabháil i ngiorracht. Bíonn na daoine ag tógáil faochan agus bairneach Lá Fhéil Bríde mar deirtear gur ceart do gach teach iasc beo a thabhairt isteach an lá sin. Titeann Lá Bríde ar an gcéad lá d'Fheabhra gach bliain. Ní bhíonn na daoine ag déanamh aon obair anseo Lá Fhéil Bríde mar tá an lá sin 'na bhreacshaoire anseo. Ní bhíonn na daoine ag iascach an lá sin.

11-4-'38 Scéal Barrúil

Dara Ó Conghaile (2, 18-20)

Bhí fear agus bean ann fadó agus is é an áit a raibh siad 'na gcónaí amuigh ar na sléibhte áit a raibh coillte agus ainmhithe allta agus gach rud mar sin.

Lá amháin chuaigh an bhean go dtí áit éigin le héadach a cheannacht agus is é an sórt éadach a bhí sí le ceannacht ná éadach a dhéanfadh bréidín di. Chuaigh sí abhaile tirnpeall is a sé a chlog sa tráthnóna agus an t-éadach aici. Bhí an fe ar sa mbaile roimpi agus dúirt sé léi gur tháinig daoine isteach go dtí é féin agus dúirt siad leis go dtiocfadh siad féin go deireanach leis an mbréidín a ramhrú agus an olann a chardáil agus a shníomh agus gach rud a dhéanamh léi mar a bheadh ag teastáil uathu.

Tamall maith san oíche buaileadh an doras aici agus chuaigh sí go dtí an doras agus d' oscail sí é agus ní fhaca sí tada go ceann tamaill mhaith agus sa deireadh chonaic sí solas beag uaithi agus céard a bheadh ann ach na mná sí a bhí ag teacht go dtí í i gcónaí. Tamall gearr 'na dhiaidh sin buaileadh an doras arís agus d'oscail sí é. Tháinig na mná sí isteach agus shuigh siad síos ar an stól agus chaith siad féin agus fe ar an tí gal tobac. Ansin d'fhiafraigh siad den bhean an bhfuair sí an t-éadach. Dúirt an bhean go bhfuair agus dúirt siad féin go sníomhfadh agus go gcardálfadh siad an olann leis an mbréidín a dhéanamh dhi.

"Tá go maith," arsa an bhean, "tabharfaidh mé gach rud chugaibh atá ag teastáil uaibh anois." Ansin thosaigh na mná sí ag sníomh is ag cardáil an bhréidín di.

Dúirt an bhean ansin nach raibh aon uisce istigh le tae a dhéanamh dhóibh. Dúirt fear an tí leis an mbean irneacht go dtí

24

Page 26: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

an tobar i gcomhair an uisce. D'imigh an bhean léi nó go dtáinig sí go dtí an tobar. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile casadh seanfhear léi agus d' fhiafraigh sé dhi cén sórt mná a tháinig chuici leis an mbréidín a ramhrú dhi. Dúirt sise gur mná sí iad.

"Is é an rud a dhéanfas si ad ná sibh a mharú," ar seisean. Nuair a tháinig an bhean abhaile dúirt sí go raibh Cnoc Meá

go léir lasta agus an sin thosaigh na mná sí ag caoineadh na ndaoine a bhí leo ann. Murach sin bheadh an bhean agus an fear marbh acu.

12ú Aibreán 1938 An Reilig

Dara Ó Conghaile (2, 20-22)

Tá dhá reilig san oileán. Reilig Cheanannach agus Reilig an tSeanteampaill. Tá Reilig Cheanannach suite ar thaobh na láimhe dé den tSlip agus ar an taobh thoir den oileán. Tá an Seanteampall suite thíos ar an Muirbheach ar an mbealach ag gabháil síos go Ceann Gainimh. Cuirtear daoine i Reilig Cheanannach ach ní chuirtear aon duine in sa Seanteampall.

Tá cuma chruinn ar an Seanteampall agus cuma chearn6gach ar an reilig. Tá fothrach cille istigh i Reilig Cheanannach agus tá crann beag ag fás istigh ann agus tá fuinneog ar an mbinn 6 thuaidh agus doras ar an taobh 6 dheas. Ní chuirtear aon duine istigh ann. Tá an reilig leibhéalta. Tá crann ag fás istigh ann agus tá sceacha beaga ann freisin. Tá seanchroiseanna istigh ann.

Tráchtas 12ú Aibreán 1938 Bia na Seanaimsire

Dara Ó Conghaile (2, 23)

Dhá bhéile sa ló a d'itheadh na daoine fad6. Fataí agus cáca a dhéanadh siad as fataí a bhíodh acu. Ba ghnách le daoine obair a dhéanamh roimh an gcéad bhéile ar maidin. Bhíodh daoine ag gabháil amach ag iascach ar maidin agus ní bhíodh aon bhéile ite acu ach fataí bruite agus cáca fataí agus uaireanta ní bhíodh

25

Page 27: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

fataí ná aon rud acu agus chaitheadh siad maireachtáil mar sin ga dtí ga dtagadh siad abhaile sa tráthn6na agus ní bhíodh acu an t-am sin féin ach béile suarach.

Fataí agus cáca fataí a d'itheadh siad ag gach béile. D'ithidís fataí gach lá mar ní bhíodh acu ach fataí i gcónaí. Ní ólaidís a lán bainne mar ní bhíodh mórán bainne ann an uair sin. As ciseog nó stól a d'ithidís.

Ní bhíodh aon bhord sa teach mar bhíodh na daoine bocht agus ní bhíodh aon airgead acu le bord n6 aon rud mar sin a cheannacht. Bhíodh cáca acu a dhéanadh siad as fataí, faochain, agus bairnigh le n-ithe. Chaitheadh na daoine na bairnigh a bhaint le píosa de bhior iarainn agus chuirfeadh siad ar bruith sa bpota iad.

Ní itheadh na daoine feoil go minic fadó mar ní bhíodh mórán feola san áit agus ní raibh mórán airgid ag na daoine le feoil a cheannacht. Bhíodh siad ag ithe go le or iasc, mar bhíodh siad ag iascach go minic agus mharaídís a lán de.

Seo iad na héisc a mharaíodh siad: lang, mangach, faoitín, cad6g, scadán, crúdán, agus troisc. Bhíodh siad ag ithe uibheacha Domhnach Cásca, agus ní chuirfeadh siad aon bhainne ar a gcuid tae Aoine an Chéasta. Is dóigh gur cuimhin leis na seandaoine tae a theacht go dtí an ceantar an chéad uair riamh. Ní bhíodh aon chupáin acu roimhe sin ach sáspain.

Tráchtas 12ú Aibreán 1938 Gníomhartha Gaisce

Dara Ó Conghaile (2, 24-5)

Bhí fear ann fadó agus bhí sé go maith ag obair feilme. Bhí sé féin agus naoi déag fear eile ag obair sa ngarraí lá amháin. Dúirt siad ga raibh sé in am acu an garraí a chur. Dúirt siad féin go gcuirfeadh siad é i sé uair an choig. Dúirt an fear go gcuirfeadh sé féin é in uair an chloig. Bhí fear eile ann agus bhuadh sé rás gach bliain a mbíodh rástaí ann. Bhí se go maith ag rith rás capall, agus gach rás mar sin. Lá amháin bhí buachaillí ag gabháil amach ag rith ráis mhóir fhada. Rith gach buachaill leo agus bhuaigh an fear seo. Bhíodh

26

Page 28: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

sé ag buachtáil rás capall gach am a mbíodh rás capall ann. Deirtear nach mbíonn an t-ádh ar an té a bheireann rás leis trí

huaire. Bhí fear ann agus lig é féin le téad síos aill a bhí an-ard agus

bhí an fharraige faoin aill. Ach bhí an té ad a bhí sé ag gabháil síos air ceangailte go daingean de chloch mhór. Bhí sé ag iarraidh bairille a bhí ag snámh in san bhfarraige a thógáil. Tháinig sé féin is an bairille slán abhaile.

Bhí fear ann agus bhí sé féin agus seachtar eile ag iarraidh mála mór trí chéad a chrochadh. Rinne gach duine den seachtar a dhícheall leis an mála trí chéad a chrochadh agus a chur suas ar a ghuaille ach chinn sé orthu go léir agus ansin dúirt an fear seo go gcrochfadh sé féin an mála i gcúig nóiméad, le aon lámh amháin agus go gcuirfeadh sé ar a ghuaille é.

Bhí beirt fhear lá amuigh ag iascach. Ní raibh siad i bhfad amach gur thit duine acu amach is an bhfarraige agus bhí sé ag gabháil síos. Ach rug an fear eile air, agus níorbh fhéidir leis é a thabhairt isteach mar bhí an lá garbh agus ní raibh aon duine ag iomramh. Cheangail an fear rópa ar an bhfear a bhí amuigh agus tharraing sé leis é chuig an talamh, agus tháinig an bheirt slán abhaile.

12-4-'38 Sean-Scoileanna

Dara Ó Conghaile (2, 26-8)

Is iomaí scoil a bhíodh anseo roimh na scoileanna Náisiúnta. Bhí ceann acu suite ar Mhóinín na Ruaige agus an ceann eile suite ar Bhaile an Teampaill. Scoil Náisiúnta ab ea ceann amháin acu agus sc oil cois elaí an ceann eile. Strainséaraí na múinteoirí a bhíodh ag múineadh a thagadh ó áiteanna eile. Is amhlaidh a bhíodh na múinteoirí ar lóistín i dtithe na ndaoine agus tá na tithe sin ann fós. Ach ní hiad na daoine a bhí ann an uair sin atá ann anois.

Bhíodh ar na páistí airgead a thabhairt do na múinteoirí chun iad a mhúineadh. Bhíodh go leor leabhra acu: leabhra Béarla, leabhra staire, agus leabhra áirimh a bhíodh acu. Ní bhíodh mórán Gaeilge ag na páistí a bhíodh ag gabháil ar scoil an t-am sin. Bhí beirt mhúinteoirí anseo fadó agus bhí Gaeilge acu chomh maith le aon duine a bhí san oileán an t-am sin.

27

Page 29: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Chaith múinteoir amháin acu suas le sc6r blianta in san oileán fad6 agus bhíodh sé ag 61 go minic agus ní thagadh sé ar scoil gach lá go dtí go mbíodh sé a deich a chlog.

Bhíodh suíocháin in sa scoil ach ní mar na suíocháin atá anois ann. Deirtear go raibh an bheirt mháistirí a bhí ann ina scoláirí maithe. Chuala mé go mink nach mbíodh aon mheas ag na daoine

orthu . . . go mbíodh siad go han-ole leis na páistí. Lá amJ1áin chuir an máistir gasúr ag baint slaite agus is é féin

a fuair an chéad chuid di. Chaith múinteou' elle dhá bhliain déag san áit.

10ú Bealtaine 1938 Luibheanna

Dara Ó Conghaile (2, 28-9)

Seo iad na luibheanna is m6 a dhéanann dochar don talamh: broimfhéar, glúineach dhearg, copóg rua, buacall, agus salachar sráide. Mhúchfadh siadsan an talamh agus dhéanfadh siad dochar do na barraí.

Fásann an broimfhéar i dtalamh bog fuar agus ní ligeann sé cead do na barraí fás. Bíonn an ghlúineach dhearg i dtalamh bocht agus bíonn sé ag fás go dtí go mbíonn an talamh lán de. Is beag áit nach bhfásann an chopóg rua ann i dtalamh bog agus áit a mbíonn gaineamh. Bíonn an salachar sráide, agus an buacall- beagán -i ngach talamh mura mbíonn an talamh an-chrua nó mura mbíonn an ghrian ag scairteadh ann. Is i dtalamh maith a fhásann meacan leoin.

Tá leigheas i meacan leoin le lámh n6 cos leonta. Nuair a dh6s neant6g thú níI a.gat ach sú cop6ige rua a chur ar an d6 agus bheadh sé go maith. Fásann cop6ga rua agus neant6ga i ngach áit agus bíonn salachar sráide ag .fás in go leor garranta agus buacall freisin.

Bíonn na daoine ag baint neantóg, cop6g rua agus c6i1is le tabhairt mar bhia do mhuca agus d'ainmhithe eile. Tá luibh ann agus is é an t-ainm atá air "Bainne B6 Bleachtáin", agus tá leigheas ann d' fhaithne a bheadh ar do lámh n6 ar aon áit art agus bíonn sé ag fás ar na sráideanna agus thíos ar an Muirbheach agus nuair a bhainfeadh duine é, rachadh an "bainne" amach

28

Page 30: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

as. Níl sé ceart é a chur i do bhéal mar is nimh atá ann. Ní úsáidtear aon luibheanna nó plandaí chun éadach a dhathú

anois ach fadó bhíodh na daoine ag úsáid luibheanna agus plandaí chun éadach agus snáth a dhathú.

Dara Ó Conghaile (2, 30-31)

Micil Sheáin Choílm Mac Donnchadha

llú Bealtaine 1938 An Maistire Tá meadar againn sa mbaile agus is féidir maistire a dhéanamh inti. Is é an t-ainm a thugtar uirthi ná cuinneog. Tá sí timpeall trí troithe ar airde. Tá sí timpeall trí troithe go leith ag a bun agus timpeall dhá throigh go leith ag a barro Tá sí déanta le deich mbliana.

Tugtar loine agus adharc mar ainm ar ghléasanna na

29

Page 31: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

cuinneoige. Cuirtear marc beag ar uachtar na cuinneoige in san áit a mbíonn an dár, nuair a bhíonn sé fáiscthe.

Deintear im faoi dhó sa tseachtain sa samhradh agus sa ngeimhreadh. Is í bean an tí a dheineann an maistire agus má thagann strainséara isteach le Hnn an mhaistire buaileann seisean greas uirthi. Ní bhíonn maistire i bhfad á dhéanamh. Ní bhíonn sé ach leathuair an chloig. Is é an chaoi a n-aithnítear go mbíonn sé dé anta nuair a bhíonn go le or ime air.

Ceathrú an Leisín

Dara Ó Conghaile (2, 32-3)

Fuair mé na scéalta ó Phádraic Ó Conghaile.

12ú Meán Fómhair 1938 Scéal Bhí píobaire in san oileán seo fadó, agus chuaigh sé isteach in san uamhain atá ins an oileán seo in sa bhfómhar. Ní raibh sé ach istigh in san uamhain nuair a thosaigh sé ag seinm ceoil. Nuair a shíl sé gabháil amach as an uamhain bhí an béal dúnta le docha móra. Bhí poll beag caol ag imeacht as an seomra ina raibh sé. Chuaigh sé isteach in sa bpoll agus tháinig sé amach i seomra eile.

Bhí an áit dubh. Blú faitíos mór air. Rug duine ar lámh air agus gheit sé ga mór. Tharraing sé a lámh uaidh agus shiúil sé roiume. Ní raibh sé i bhfad mar sin nuair a casadh enoe mÓI air. Chuaigh sé síos an enoe. BM sé ag siúl go dtáinig sé ga dtí alll. Chonaic sé solas beag tr! pholl beag a bhi os a chionn. Bhí sé ag cartadh an phoill bhig nó gur dnne sé paU mór. Tháinig sé aníos as an bpoU agus is é an áit al' a raibh sé in Inis Ofrr. Ní bhfuair aon duine an polI ruos mó.

Micil Mac Donnchadha [Micil Sheáin Choilm] (2, 34-5)

30

Page 32: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí bean ann fadó agus is fadó a bhí. Bhí sí pósta agus cailleadh a fear . Ní raibh aici ach aon mhac amháin. Seán an t-ainm a bhí air. Ní raibh sé ach ocht mbliana déag d'aois an uair sin. Gach rud a d'iarradh a mháthair air a dhéanamh dhéanadh sé é.

Lá amháin san earrach d' imigh sé amach ar na sléibhte ag breathnú ar na caoirigh. Nuair a d'imigh sé ní raibh a fhios aige cá raibh na sléibhte cé gur minic a bhíodh sé ann, ach bhíodh buachaill in éineacht leis gach lá nuair a d'imíodh sé ann. Nuair a bhí sé tamall maith ag siúl an lá sin bhuail tuirse é agus shuigh sé síos ar thaobh cnoic bhig agus lig sé a scíth ann.

Nuair a bhí a scíth ligthe aige chonaic sé teach beag i bhfad uaidh. Rinne sé ar an teach agus bhuail sé ar an doras. D' oscail fear é. Dúirt Seán leis gur ag gabháil go dtí an sliabh a bhí sé ar lorg caorach. Dúirt an fear leis go dtiocfadh sé féin in éineacht leis. D'imigh an bheirt acu leo ansin agus tháinig siad go dtí an sliabh an áit a raibh na caoirigh. Chonaic an buachaill a chuid caorach féin ansin agus d'irnigh leis.

Is é an bóthar a thug sé air ná bóthar a bhí sa sliabh. Bhí sé tamall maith ag siúl agus bhuail faitíos é mar chonaic sé go leor coillte agus bhí faitíos air go n-ionsódh na hainmhithe allta é a bhí ins na coillte. D'imigh leis ansin an bóthar go dtí go dtáinig sé abhaile go dtí a mháthair. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh aon duine sa teach. Bhí a mháthair irnithe amach agus nuair a tháinig sí isteach, bhí an buachaill istigh roimpi. D'fhiafraigh sí dhe an bhfaca sé na caoirigh agus dúirt sé go bhfaca. Ní raibh an buachaill i bhfad sa mbaile nuair a bhuail tinneas é agus fuair sé bás.

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Dara Ó Conghaile (2, 36-8)

Bhí fear agus bean ann uair amháin agus is é an áit a raibh siad ina gcónaí ar imeall cnoic an-deas. Ní raibh aon teach in aice leo agus is minic a bhíodh faitíos ar an mbean. Cheapadh sí go mbíodh ainmhithe nó rudaí in aice an chnoic. Ní bhíodh aon duine sa teach sa ló ach í féin. Gach lá bhíodh an fear ag obair tamall maith ón gcnoc.

31

Page 33: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

An fómhar a bhí ann agus bhí go le or oibre le déanamh aige. Bhíodh sé ag baint móna sa bportach agus bhaineadh sé dhá lucht móna gach bliain le haghaidh tine dhóibh. Ní raibh aon talamh acu agus ní raibh mórán oibre le déanamh ag an bhfear ar a chuid féin. Ní raibh aon fhataí ná féar tirim aige le baint. Ach is é an obair a bhíodh air ná ag obair do dhaoine elle ar pháighe. Ag baint adhmaid is mó a bhíodh sé i gcolll.

Lá amháin tháinig fear isteach chuig a bhean agus ní raibh a fhios aici cén sórt fear a bhí ann. D'fhiafraigh sí dhe cén sórt fear a bhí ann agus dúirt sé gur as na flaithis a tháinig sé ar cuairt ag a mhuintir. D'fhiafraigh sí dhe an bhfaca sé a deartháir ann nuair a tháinig sé agus dúirt sé go bhfaca.

"Dúirt sé liom a rá libh éadach a chur aige, " ar seisean, agus dúirt an bhean leis an bhfear a theacht go dtí an teach nuair a bheadh sé ag imeacht. Dúirt sé go dtiocfadh agus go dtabharfadh sé leis an t-éadach chuige . .

Nuair a tháinig a fear abhaile san oíche d'inis sí dhó go dtáinig fear go dtí í inniu agus dúirt sé gur as na flaithis a tháinig sé. Dúirt an fe ar nach fear ceart a bhí ansin / chor ar bith.

10ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Dara Ó Conghalle (2, 38-40)

Lá amháin bhí triúr ag iascach amuigh ó dheas. Bhí sé tamall maith san oíche nuair a bhí siad ag teacht abhaile. Nuaix a tháinig siad i dtír ar Leic na Ruaige bhí an oíd1e dubh agus lú fbaca siad duine ar bith. Bhí siad ag CUf suas an éisc agus na curai. Nuair a bhí an curach thuas acu chuaigh srad síos ag ligint a scíth.

Ní raibh siad i bhfad mar sin nuair a chuimhnigh duine acu [a ghabháil ] síos ag ianaidh na maidí. Nuair a rug sé orthu chonaic sé dume ag teacht agus bhí sé ag siúl in aice leis an taollle. Tháinig sé go dtí an fear a bhí ag iarraidh na maidí agus bhuall sé a lámh air. Bhí sé ag gabháil ag caint leis ach tháinig fear elle anuas agus d'imigh sé leis.

Chuir sé suas na maidí agus fuair siad asaI agus thug siad abhaile an t-iasc agus roinn siad é agus chuaigh gach duine acu go dtína theach féin agus an fear a chonaic an duine ar dtús

32

Page 34: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

chonaic sé arís é nuair a bhí sé ag gabháil abhaile agus tháinig faitíos air agus rinne sé deifir abhaile.

Nuair a bhí sé ina chodladh bhuail duine an fhuinneog agus shíl sé go mba duine eile a bhí ann ach cé a bhí ann ach an fear a chonaic sé roimhe sin agus dúirt sé leis imeacht agus mor tháinig sé níos mó.

19ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

MidI Mac Donnchadha (2, 40-41)

Bhí fear ag gabháil amach ch un na gCreag in san oíche. Chonaic sé fear eile ag siúl amach roimhe agus é ag caitheamh cloch roimhe. Ní raibh faitíos ar bith air mar chonaic sé an fear go minic. Bhí an fear tinn ar an leaba. Chuaigh sé go dtí an áit a raibh sé ag gabháil. Nuair a tháinig sé abhaile d'inis sé an scéal agus chuaigh sé go dtí an áit a raibh an fear tinn agus d'inis sé an scéal dóibh. Seachtain 'na dhiaidh sin fuair sé bás.

Micil Mac Donnchadha Ceathrú an Leisín

(2, 42) Fuair mé na scéalta seo ó Sheán Mac Donnchadha.

24ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear ag gabháil síos go dtí Garraí na bPoll in san oíche. Nuair a bhí sé ag gabháil síos ag an Seanteampall tháinig báisteach agus chuaigh sé suas fao i Aill na Sióg ar foscadh. Ní raibh sé i bhfad

. ann nuair a chuala sé ceol amach as an aill agus thit sé ina chodladh faoin aill agus nuair a dhúisigh sé bhí sé istigh in san aill agus go leor daoine in aice leis. Dúirt se leis na daoine é a ligint abhaile agus níor ligo Bhí a mhuintir á chuartú agus ní bhfuair siad é. Bhí sé cúig lá ar iarraidh nuair a tháinig sé abhaile in san oíche agus fuair se bás an oíche sin.

33

MidI Mac Donnchadha (2, 43)

Page 35: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

28ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Lá amháin a raibh Mac Dé ag siúl, bhuail tuirse é agus tháinig an oíche air, agus bhí sí an-gharbh. Tháinig sé go dtí teach ag iarraidh lóistín. Dúirt bean an tí nach dtabharfadh sí féin aon bhia dhó, ach dúirt an cailín aimsire ga dtahharfadh sí féin a cuid bia féin dó. O'lOinnigh bean all tI istigh é trí oíche, mar bhí na hoícheanta go dona le báisteach agus gála; agus al' feadh na trí n-oíche sin bhajll sí tuarastal trí ráithe dhe.

Tamall ina dhiaidh sin cailleadh an bhean a bhí sa teach agus bhíodh an cailín ag tabhairt bia do na muca gach lá. Lá amháin dúirt fe ar an ti ga raibh na U1uca ag imeacht as. Dúirt an cailíll ga raibh sí féin ag tabhairt dóibh mar a bhíodh an bhean.

"Ach, nuair a bheas mé ag tabhairt bia dóibh amárach, tar in éineacht liam agus beidh a fhios agat, " a deir sí.

" Leag do chos dheas ar mo chos dheas agus leag do lámh dheas ar mo ghualainn dheas, "

adeir an cailín. Rinne, agus sin é an uair a chonaíc sé a bhean. "Níl aon fhaill slánaithe agamsa ga brách, "

adeir sí, "mura slánaíodh an cailín mé. Is é an áit a bhfuil mé ag imeacht

le sruth na habhann agus uísce na habhruID ag gabháil i mo bhéal mar gheall ar gur bhain mé tuarastal td ráithe de Mhac Dé. "

Dúirt an cailín go raibh trí leaba coinnithe in sna flaithis di féin - leaba dá hathair agus dá máthair agus leaba di féin.

"Ní thabharfaidh mise leaba rn' athar ná mo mháthar d' aon duine ach tabharfaidh mé mo leaba féin duit" ,

a dúirt sí leis an mbean.

31ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

(2, 44-5)

Sa bhf6mhar bhí fear ag baint fhataí sa ngarraí agus thit sé ina chodladh agus ba ghearr gur dúisíodh é agus nuair a dhúisigh sé chonaic sé go leal' daoine ar hhruach na h a.ille agus dúil't si ad leis imeacht as an ngarraí gur leo féin é. Dúb:t sé nach n-imeodh.

34

Page 36: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bhí siad ag gabháil á mharú murach duine leis féin a bhí básaithe agus bheadh sé marbh murach sin.

31-10-'38 Scéal

Dara Ó Conghaile (2, 46)

San earrach bhí triúr fear ag iascach. Bhí an mhaidin go breá nuair a chuaigh siad amach agus ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a tháinig báisteach agus ceo agus bhí sé an-dorcha ar deireadh agus níorbh fhéidir leo aon talamh a fheiceáil. Nuair a bhí an tráthnána ann agus iad le gabháil abhaile bhí báisteach agus ceo ann. Tháinig siad isteach ach má tháinig féin níor tháinig si ad i dtír mar ní fhaca siad talamh ar bith mar bhí sé dúnta ag an gceo.

Gaoth aduaidh a bhí ann an lá sin agus is é an áit a cuireadh iad síos á thuaidh agus is é an áit a tháinig siad i dtír ar Thrá an Tobair i gConamara. Nuair a tháinig siad i dtír tháinig bean anuas go dtí an trá agus thug sí go dtína teach féin iad agus thug sí bia dháibh.

Dara Ó Conghaile (na trÍ scéal) Ceathrú an Leisín

(3, 46-7) Fuaireas na scéalta seo á Phádraig á Conghaile.

Scéal Tá buaile san oileán. Is é an t-ainm atá uirthi ná Garraí Thomáis. Is é an fáth gur tugadh an t-ainm sin uirthi. . .is amhlaidh a tháinig fear as Conamara fadá agus dhein sé teach agus phás sé bean. Chónaigh sé sa teach ar feadh tamaill. Bhí clann aige. Ach oíche amháin chuaigh sé a chodladh. Nuair a bhí sé tamall 'na chodladh dhúisigh sé agus d' airigh sé torann taobh amuigh den fhuinneog agus d' airigh sé an fhuinneog á bualadh agus briseadh plána ¡nti agus ansin fuair sé bás.

Seán Ó Conghaile Ceathrú an Teampaill

(2, 48) Fuaireas an scéal á Sheán Ó Conghaile (Dara). An seoladh céanna liomsa.

35

Page 37: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Peadar fim Ó Fathartaigh

19ú Mí na Nallag 1938 Seéal Bhí Rí ina ehónaí in sa Spáinn uair agus ehuaigh sé féin agus Fiann mae Cumhaill ag traido Tháinig sé as an Spáinn i mbád mór eagaidh agus chanaie Fiann an bád agus ghabh faitías é agus dúirt sé lena mháthair é a ehur i bhfalaeh sa gcliabhán ar eagla ga bhfeicfeadh an Rí é agus ga maródh sé éo

I geeann tamaill tháinig an Rí isteaeh chuig an máthair agus thug sí dinnéar dó o D'fhiafraigh sé de mháthair Fhinn cá raibh Fiann agus dúirt sí ga raibh sé imithe amaeh agus ga mbeadh sé isteaeh le titim na haícheo Chanaic an Rí ga raibh duine éigin sa gcliabhán agus d'fhiafraigh an Rí eé méid bliain a bhí sé, agus dúirt an mháthair gur dhá bhliain a bhí sé o Chuir an Rí méar i mbéal an

36

Page 38: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

pháiste agus cé a bheadh ann ach Fionn agus bhain Fionn greim as méar an Rí. Bhí an oíche ann faoi seo agus chuaigh an Rí a chodladh i dteach Fhinn agus mharaigh Fionn é san oíche.

Scéal

Peadar Ó Fathartaigh [Peadar Tim] Baile an Mhothair

(2, 49-50)

Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar pósta. Cailleadh an bhean agus phós an fear bean eile. Ní raibh mórán cion ag an leasmháthair seo ar an maco Lá amháin thug sí go dtí an chúirt é agus chuir sí ina leith gur mharaigh sé a athair agus dúirt sí le lucht na cúirte é a chrochadh mura gcumadh sé amhrán leath Béarla agus leath i nGaeilge. Thosaigh air ag cumadh agus chum sé leath fíor agus leath bréagach i mBéarla agus i nGaeilge. Nuair a bhí sé cumtha aige dúirt an leasmháthair gurbh amhlaidh a chum sé leath bréagach i mBéarla agus i nGaeilge agus nár chum sé leath fíor ar bith, agus crochadh é ina dhiaidh sin. Ach tháinig díoltas ar an máthair 'na dhiaidh sin mar fríth amach nár mharaigh an buachaill a athair agus ansin crochadh í féin.

20ú Mí na Nollag 1938 Scéal

Peadar Ó Fathartaigh (2, 50-51)

Bhí bean ann fadó agus bhí triúr iníon aici. Lá amháin dúirt an iníon ba shine go raibh sé in am aici a ghabháil ag saothrú a beatha.

"Fan go mbruithfidh mé cáca dhuit. Cé fearr leat leath an cháca agus mo bheannacht nó an cáca ar fad agus gan mo bheannacht?"

"Tabhair domsa an cáca ar fad agus ná bac le do bheannacht". D'irnigh an cailín léi agus gan beannacht a máthar aici. Bhí sí

ag irneacht agus ag síorirneacht go raibh deireanas na hoíche ann, na réalta in sna spéartha agus ná néalta ag teacht amach. Ar deireadh chonaic sí solas agus rinne sí air agus céard a bheadh ann ach teachín beag. Bhuail sí ar an doras agus ní bhfuair sí aon

37

Page 39: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

toradh. Tharraing sí an laiste agus chuaigh sí isteach. Nuair a chuaigh sí isteach bhí seanchailleach ina suí sa gclúid agus d'fhiafraigh sí di:

"Cé thusa nó cé atá uait?" "Cailín bocht mé," a deir sí, "atá ag saothrú mo bheatha". "Tóg an soitheach sin agus imigh go dtí an tobar". Nuair a chuaigh sí go dtí an tobar chuir sí an soitheach isteach

sa tobar agus ní choinneodh sé aon uisce. Chonaic an cailin spideog bheag ar an gclaí agus dúirt sí léi crosóg a chur i dtóin an tsoithigh agus go gcoinneodh sé an t-uisce ar feadh an Iae. Nuair a thug an cailín an t-uisce abhaile chuig an tseanchailleach bhain sí an ceann di agus chuir sí síos sa bpota é agus bhí an cailin marbh.

. Nuair a bhí sí tamall maith imithe níor chuir sí aon scéal chuig a máthair agus dúirt an dara cailin go raibh saol breá aici. Lá amháin dúirt an dara cailín lena máthair go raibh sé in am aici a ghabháil ag saothrú a beatha.

"Fan go mbruithfidh mé cáca dhuit. Cé fearr le at leath cáca agus mo bheannacht nó an cáca ar fad agus gan mo

bheannacht?" " Tabhair domsa an cáca ar fad agus ná bac le do bheannacht" . D'imigh an cailín léi agus gan beannacht a máthar aici. Bhí sí

ag imeacht agus ag síorimeacht go raibh deireanas na hoíche ann, na réalta in sna spéartha agus na néalta ag teacht amach. Ar deireadh chonaic sí solas agus rinne sí air agus céard a bheadh ann ach teachín beag. Bhuail sí ar an dor as agus ní bhfuair sí aon toradh. Tharraing sí an laiste agus chuaigh sí isteach. Nuair chuaigh sí isteach bhí seanchailleach ina suí sa gclúid agus d'fhiafraigh sí dhi:

"Cé thusa nó cé atá uait?" "Cailín bocht mé, " a deir sí, "atá ar lorg oibre". "Tóg an síothlán sin agus tabhair isteach a lán d'uisce chugam". Chuaigh an cailín mar a dúradh léi go dtí an tobar. Níor fhan

aon deoir uisce ann agus chuaigh sí abhaile go dtí an tseanchailleach brónach go le or .

"Cá bhfuil an t-uisce?," a deir sí leis an gcailín. " Bhí go le or poll i dtóin an tsíothláin agus níor fhan aon deoir

ann". Fuair sí scian mhór agus bhain sí an ceann di. Nuair a bhí sí tamall maith imithe níor choo sí aon scéal chuig a máthair.

"Is dóigh, " a deir an tríú cailín, "go bhfuil saol breá ag an mbeirt eile. Beidh mise ag imeacht leis".

38

Page 40: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

"Fan go mbruithfidh mé cáca dhuit". "Cé fearr leat leath an cháca agus mo bheannacht nó an cáca

ar fad agus gan mo bheannacht?" "Tabhair domsa leath an cháca agus do bheannacht". D'imigh an cailín léi agus beannacht a máthar aici . Bhí sí ag

imeacht agus ag síorimeacht go raibh deireanas na hoíche ann, na réalta in sna spéartha agus na néalta ag teacht amach. Ar deireadh chonaic sí solas agus rinne sí air agus céard a bheadh ann ach teachín beag. Bhuail sé ar an doras agus d'oscail an tseanchailleach é.

"Cé thusa nó cé atá uait?" "Cailín bocht mé atá ar lorg oibre". "Tóg an síothlán sin agus imigh go dti an tobar". Chuaigh an cailin mar a dúirt an tseanchailleach léi. Thug sí

an t-uisce isteach ón tobar go dtí an tseanchailleach mar bhí beannacht a máthar aici rud nach raibh ag an mbeirt eile.

22ú Mí na Nollag 1938 Scéal

Dara Ó Conghaile (2, 52-5)

I bhfad ó shin bhí cailín beag dílis ina cónaí ar imeall coille i lár na hÉireann. Bhí a hathair agus a máthair beo agus bhíodar an­cheanúil uirthi mar cailín séimh suairc a bhí inti. Bhíodh a hathair ag obair amuigh sa gcoill gach lá agus is é an obair a bhíodh air ná ag gearradh anuas na gcrann mór darach a bhíodh sa gcoill le haghaidh ábhar tine do mhuintir an bhaile mhóir. Bhíodh a máthair i gcónaí i gcionn obair an tí agus théadh an cailín beag ar scoil gach lá.

Ach tharla go raibh a máthair mhór ina cónaí istigh i lár na coille agus gach tráthnóna nuair a thagadh an cailín beag ón scoil théadh sí ar cuairt go dtína máthair mhór. Bhí an tseabhean bhocht ag éirí ao sta anois agus is minic nach mbíodh sí ábalta an cailin beag a aithint nuair a bhíodh sí ag teacht tríd an gcoill. Nuair a bhí an cailín beag ag gabháil ar cuairt go dtína máthair mhór lá amháin cé a casadh léi ach an mac tíre.

"Cá bhfuil tú ag gabháil?" a deir sé leis an gcailín beag.

39

Page 41: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

"Tá mé ag gabháil ar euairt go dtí mo mháthair mhór, " a deir sí, "agus tá go leor rudaí deasa agam le tabhairt ehuici".

"Cá bhfuil do mháthair mhór ina eónaí?" arsa an mae tíre. "Go díreaeh ag eeann an ehosáin seo," arsa an eailín. Dúirt an mae tíre go raibh a fhios aige an teaeh go maith agus

d'imigh leis.

Bosea 2C Cóipleabhar 3 Inis Meáin Oileáin Árann Beairtle Ó Cualáin [Beairtle Mhaidheil ] Rang vii

Tráehtas 22ú Samhain 1937 Seanchas i dtaobh na hAimsire Tá go leor eomharthaí in san oileán seo le hinseacht cén sórt aimsire a bhíonn le teacht. Faigheann siad na comharthaí sin go léir ón ngealach, ón ngrian, ó na réaltóga, ón bhfarraige, ón ngaoth, ón spéir agus ó rudaí beo.

Nuair a bhíonn fáinne timpeall na gealaí bíonn báisteaeh le teacht agus nuair a bhíonn sí ina suí ar a tóin is comhartha é go bhfuil drochaimsir an Nuair a bhíonn an ghealach ag imeacht go héasca in sa spéir bíonn sto irm le teacht.

Nuair a bhíonn gaetha fada 6n ngrian bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn na réaltóga ag preabadh in sa spéir is eomhartha

é sin go bhfuil drochaimsir air. Nuair a bhíonn cúr ag imeacht ar an bhfarraige is comhartha

é go bhfuil farraigí m6ra le teacht agus nuair a bhíonn go leor sruthanna le feiceáil sa bhfarraige bíonn báisteaeh air.

Nuair a bhíonn sí ó thuaidh agus thoir bíonn triomaeht agus fuaeht air agus nuair a bhíonn sí thiar n6 siar ó dheas bíonn stoirm agus múranna báistí air.

Má bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreá air agus má bhíonn an spéir thoir dearg tráthnóna bíonn báisteach air agus má bhíonn néalta bána sa spéir bíonn báisteach air.

Nuair a thagann scata géabha fiáine thart bíonn fuacht le teaeht

40

Page 42: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

agus má bhíonn éanlaith ag eiteall go hard sa spéir is comhartha é go bhfuil aimsir bhreá air. Má bhíonn lachain ag eiteall agus ag craitheadh a gcuid sciathán is comhartha é go bhfuil báisteach air agus nuair a bhíonn mada ag ithe féir bíonn báisteach air freisin.

Nuair a thugann cat a dhroim don tine bíonn drochuair air. Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag gabháil faoi bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn go leor míoltóg le feiceáil agus má bhíonn siogáin a bhfuil sciatháin orthu ag imeacht thart is comhartha báistí é .

29ú Samhain 1937 Na Fataí

Beairtle Ó Cualáin (3, 1-2)

Cuirtear fataí gach bliain. Cuirtear feamainn mar leasú orthu agus faightear an fheamainn in sa gcladach. Tarraingítear le has al nó le capall an fheamainn ón gcladach go dtí an garraí. Scartar ar an ngarraí ansin í agus nuair a bhíonn sí tamall scartha cuirtear an garraí le spáid. Nuair a bhíonn sé curtha sáitear síolta ann.

Seo é an chaoi a ndéantar an síol. Gearrtar na fataí ina bpíosaí agus tugtar na pío saí go dtí garraí agus leagtar ar an iomaire iad gach ceann acu timpeall leath-throigh óna chéile. Nuair a bhíonn siad scartha ansin déantar poll síos sa talamh le maide rómhair le hais gach ceann acu agus cuirtear an síol síos ann agus clúdaítear an síol le cré. Nuair a bhíonn siad tamall curtha ansin tosaíonn siad ag cur barranna beaga aníos. Nuair a bhíonn siad mór ansin lánaítear iad. Nuair a fhásann salachar iontu ansin glantar é. Nuair a bhíonn barranna móra orthu ansin cuirtear spré.

29ú Samhain 1937 Toibreacha Beannaithe

(3, 3)

Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán seo agus seo iad iad:Tobar Chinn Dheirge atá i bpáirc ar an taobh ó dheas den

41

Page 43: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

séipéal; Tobar Ísleamáin atá i bpáirc le hais an Mhuirbhigh taobh thiar den Chaladh Már; agus Tobar Cheanannach atá sa bpáirc atá ar an taobh á dheas den Reilig.

Bítear ag tabhairt turais corram go dtí Tobar Chinn Dheirge agus níl aon lá fao i leith ceaptha le é a thabhairt. Tobar cruinn is ea é agus tá sé timpeall tr! troithe ar a fhad agus dhá throigh go leith ar leithead agus timpeall cdig troithe ar dhoimhneas agus tá leaca beaga cloch timpeall air.

In sa bpáirc ar an taobh á dheas den tobar tá leaba ar a dtugtar Leaba Chinn Dheirge agus tá sí dé anta as clocha.

Deirtear go raibh crois inti fadá agus bhí sí déanta go han- deas . Chuala Preispitéireach go raibh an chrois sin ann. Lá amháin tháinig sé agus ro raibh a fhios ag na daoine cérbh é. Chuaigh sé ga dtí an leaba - bhí sé scríofa síos ar leabhar aige cén áit a raibh sí - agus thug sé an chrois leis agus níor chuala aon duine as an oileán aon tuairisc air uaidh sin amach agus ní fhaca siad an chrois uaidh sin amach ach oiread.

Ní thugtar aon turas ga dtí Tobar Ísleamáin I chor ar bith . Deu·tear ga raibh naomh in sa n oileán fadó agus is é an t-ainm a bh í air ísleamán . Blú sé lá ag gabháil thar an tobar sin agus blú tart air. Chuaigh sé ar a dhá ghlúin ag an tobar le deoch a 61 agus d'fhág sé lorg a dhá ghlúin agus lorg a dhá láimh in sa leic, agus tá an 101'g sin le feiceáil anti 6 shin agus sin é an fáth a dtugtar Tobar fsleamáin air.

Ní thugtar aon turas chuig Tobar Cheanannach anais ach oiread ach fadó bhíodh ga leor daoine ag tabhairt turais ga dtí é. Ní thugtar turas go dtí aon tobar acu ach ga Tobar Chinn Dheirge agus fágann gach [ duine ] a thugann turas go dtí é sin rud éigin ann, airgead, biorán, snáth agus rudaí mar sin i dtom eidhinn atá ag fás istigh ann.

Tá trí fhaocha mhára ag an tobar agus álann gach duine a théann ag tabhairt turais ann trí lán faocha acu sin.

Bhí bean in san oileán tamall á shin agus am éigin sa samhradh bhí an t-uisce gann agus níorbh fhéidir léi aon deoir uisce a fháil . Chuaigh sí isteach chuig Tobar Chinn Dheirge agus thug sí an t-uisce as agus d'imigh sí abhaile . Chuir sí an t-uisce ag bruith fataí agus dá mbeadh na fataí thíos á shin ní bhruithfeadh siad. B' éigean di an t-uisce a bhaint astu arís agus uisce eile a chur iontu agus bhruith na fat aí dhi ansin.

Bíonn uisce ins gach ceann acu i gcánaí. Níl a fhios ag aon duine cén chaoi ar éirigh aon cheann acu ar dtús, agus níor chuala mé

42

Page 44: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

riamh gur leigheasadh aon duine in aon cheann acu. Níor chuala mé riamh gur thug aon duine aon iarracht ar aon tobar acu a thriomú ná a dhúnadh.

Tráchtas 14ú Nollaig 1937 Cluichí

Beairtle Ó Cualáin (3, 6-8)

Sa bhfómhar bíonn muid ag piocadh crúibíní, sméara dubha agus airní. Bíonn muid ag imirt Screaga freisin sa bhfómhar. Lá Fhéil Pádraig bíonn muid ag bualadh Cead, bíonn muid ag breith ar éanacha le ciseoga sa ngeimhreadh agus ag tóraíocht coiníní. Nuair a bhíonn na hoícheanta fada sa ngeimhreadh ann bíonn muid ag déanamh Púicín. Bíonn muid ag leá luaidhe oíche Shamhna agus ag cur Fáinne i bhFolach sa ngeimhreadh.

Nuair a bhítear ag bualadh Cead bíonn maide fada againn, bíonn píosa beag de mhaide againn freisin chomh ramhar le co is scuaibe agus timpeall trí horlaí ar a fhad. Leagtar an giota beag suas le cloch nach bhfuil chomh hard leis an ngiota. Tugtar "piost" ar an gcloch agus tugtar "cead" ar an ngiota . Buailtear an chuid den chead atá os cionn an phiost leis an maide mór agus éiríonn an giota suas san aer. Buailtear go láidir leis an maide mór é ansin agus cuirtear tamall maith as láthair é . Sin é an chaoi a n-imríonn muid an Ceado

Is é an chaoi a mbeirtear ar na héanacha ná: gheibhtear ciseog; tá an chiseog déanta as slata sailí fite ar a chéile agus curna chruinn uirthi timpeall troigh ar a fhad agus an méid céanna ar leithead; agus faightear maide timpeall leath-throigh ar a fhad. Cuirtear an chiseog ar a béal fúithi agus cuirtear an maide faoin gciseog - ceann de sáite go héadrom sa talamh agus an ceann eile faoin gciseog i dtreo go gcoinneodh sé crochta ón talamh é . Cuirtear píosa aráin isteach faoin gciseog, ceanglaítear píosa téide den chipín agus tugtar a cheann isteach sa teach. Nuair a fheicfeas éan an t-arán tiocfaidh sé isteach faoin gciseog. Tarraingítear an téad go tobann agus imeoidh an cipín ón gciseog agus tiocfaidh an chiseog anuas ar an talamh agus beidh an t-éan fúithi.

Is é an chaoi a ndéantar an Púicín ná: cuireann duine púicín

43

Page 45: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

ar a shúile . Bíonn an chuid eile ar an urlár agus an té a mbíonn an púicín ar á dtóraíocht. Bíonn gach duine ag tabhairt buille dhó ansin agus ag rith uaidh ansin. An chéad duine a mbéarfaidh sé air ansin caithfidh sé an púicín a chur air agus déanann sé sin an c1eas céanna ansin.

Is é an chaoi a leáitear an Iuaidhe ná: cuirtear síos i soitheach ar an tine í. Nuair a bhíonn sé leáite ansin t6gtar aníos é. Faightear soitheach éigin agus uontar le huisce fuar é agus doirtear an luaidhe trí pholl eochrach san uisce fuar agus deineann sé a lán rudaí deasa, tithe, galtáin agus rudaí mar sin. Tagann tairní amach amanta agus deirtear an té a dhoirteann síos an luaidhe nuair a thagann tairní amach gur le haghaidh a chónra a bhíonn siad agus gur gearr go bhfaighidh sé bás .

Is é an chaoi a gcuirtear an Fáinne i bhFolach ná: faightear píosa d'fhód móna nó rud ar bith mar sin agus tugtar fáinne air sin. Ní mór ceathar nó níos m6 a bheith ann. Cuireann duine acu púicín air féin ansin agus ní fheiceann sé an chuid eile ' chor ar bith . Fiafraíonn duine den chuid eile de anSln cé aige a bhíonn an fáinne agus IDura n-inseoidh sé an duine ceart gheobhaidh sé slap le maide uaidh sin, agus má bhíonn an d.uine cea rt aige caithfidh an duine sin an púidn a chul: au' agus an cleas céanna a dhéanarnh freisin.

Fuaireas na scéalta ó Mhicil Ó Cualáin.

llú Aibreán 1938 Rudaí Neamhshaolta

Beairtle Ó CuaIáin Ceathrú an Leisín

(3, 8-11)

Bhí curach as an oileán amuigh ag iascach ar an taobh ó dheas timpeall fiche bliain ó shin. Bhíodar ceathair nó cúig de mhílte amach ón talamh agus i Iár an Iae chonaic siad fear ma sheasamh sa bhfarraige tamall uathu agus faoi cheann tamaill chuaigh sé faoi uisce arís .

Bhí fear eile ag tarraingt fataí tamaU Ó shin agus nuair a bhí sé ag gabháil aníos le Trá Leitreach chonaic sé curach ag gabháill suas le hais na trá agus í ag déanamh ar an tslip agus nuair a bhí sí gat don tslip ní fhaca sé ' chor ar bith í.

44

Page 46: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Oíche amháin sa ngeimhreadh tamall ó shin chuaigh fear síos chuig an gcladach ag bailiú feamainne. Síos Trácht Each a chuaigh sé agus ní raibh sé ach a haon a chlog san oíche agus thug sé an mada leis . D'ísligh sé síos sa gcladach agus ní raibh aon fheamainn ann. Tháinig sé aníos arís agus nuair a d' ardaigh sé as an gcladach chonaic sé rud dubh istigh i mbuaile lena ais.

Choinnigh se air agus faoi cheann tamaill d' airigh sé an torann ina dhiaidh. Bhreathnaigh sé agus bhí an mada ag troid le rud éigin ina dhiaidh. Bhuail faitíos ansin é agus rinne sé deifir. Bhí an rud ina dhiaidh i gcónaí agus an mada ag troid leis. Ar deireadh rinne sé an teach agus an péire ag troid ina dhiaidh agus ar maidin bhí an mada marbh ag an doras.

Bhí fear eile tamall ó shin agus maidin Lá Fhéil Bealtaine chuaigh sé ag obair síos ag an Muirbheach roimh éirí na gréine. Ní raibh sé i bhfad ag obair nuair a chonaic sé pl6d capall ag teacht chuige agus nuair a tháinig siad go dtí é is éard a bhí iontu ná daoine a bhí básaithe. Bhuail siad an fear agus ní raibh sé in ann teacht abhaile agus mharódh siad ar fad é murach duine acu a raibh gaol aige féin leis. Thug seisean aníos ar a dhroim é agus d'fhág sé ag an Tobar Beag é agus chuaigh sé féin abhaile an chuid eile . Ach ní raibh sé dhá lá sa mbaile nuair a cailleadh é .

Bhí fear eile ag obair i ngarraí go moch ar maidin lá amháin agus tháinig pl6d daoine a bhíbásaithe ar an aill chuige agus dúirt siad leis imeacht as an ngarraí gur leo féin é agus dúirt sé nach n-imeodh. Tháinig siad anuas sa ngarraí chuige agus mharódh siad é murach deirfiúr leis féin a bheith básaithe agus bhí sí leo agus shábháil sí sin é .

Bhí fear eile ann agus bhí sé ag baint fhataí faoi aill agus chonaic sé coinín ag seinm ceoil le veidhlín agus ceann eile ag damhsa ina aice. D'fhan an fear ag breathnú orthu agus faoi cheann tamaill mhaith chuaigh na coiníní isteach san aill arís .

45

(3, 12-14) Baile an Mhothair

Inis Meáin Árainn

20-12-1937

Page 47: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Micilín Teaimín Ó Meachair

A chara, Ba mhaith liom dá dtiocfá chuig tae tráthnóna Dé Domhnaigh seo chugainn. Beidh an tae ullamh ar a sé a cholg agus beidh ceol agus rince ann tar éis an tae. Tá súil agam go dtiofaidh tú mar sin agus ní mór duit teach go luath. Beidh an- spóirt againn má thagann tú.

Mise do chara dhíl, MidI O Meachair [Micilín Teaimín]

(3, 14-15)

46

Page 48: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

20ú Nollaig 1937 Abairtí Thit sé isteach in san abhainn dhubh. Bhí an teach i lár na coille móire. Tá lampa os cionn an bhoird bháin.

Colm O Fathartaigh (3, 15)

Colm Teaim Mhóir Ó Fathartaigh agus Bríd Sheáin Bhidí Ní Choncheanainn

Tráchtas 20ú Nollaig 1937 Chuaigh triúr iascairí óga amach ag iascach lá as an oileán. Daoine 6ga a bhí iontu agus ní raibh m6rán eolais ar an bhfarraige acu. Bhí an lá go breá agus bhí ag éirí leo go breá ag marú iase. I lár

47

Page 49: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

an Iae tháinig cuma gharbh ar an aer ach níor chorraigh siad mar shíl siad nach raibh baol orthu. Ach thosaigh an ghaoth ag séideadh go láidir agus b' éigean dóibh teacht an sin agus is ar éigean a rinne siad an cladach bhí sé chomh garbh sin. Dúirt siad nach dtiocfadh siad amach arís gan duine eolasach a bheith in éineacht leo .

20ú Meán Fómhair 1938 Scéal Bhí fear 'na chónaí amuigh ar na Creaga agus bhí muileann aige. Bhí ag éirí go maith leis go dtí na ch raibh mórán cruithneachta ag teacht go dtí an muileann. Amuigh sa bpáirc maidin go moch ar maidin bhí an muilleoir ag siúl agus go hobann sheas bean lena ais agus d'fhiafraigh de cén cruatan a bhí ag gabháil dó agus dúirt an fear léi ná raibh mórán cruithneachta ag teacht go [ dtí] an muileann. Dúirt an bhean leis go leigheasfadh sí a chás ach an chéad pháiste eile a bheadh ag a bhean a thabhairt chuici agus bhí an fear sásta agus leis sin d'imigh an bhean as amharc .

Nuair a tháinig sé abhaile bhí an cailín aimsire sa doras agus dúirt sí leis go raibh páiste óg ag a bhean. Ansin bhuail aiféala an fear agus bhris sé an gheallúint agus shorcaigh sé gan an mac a thabhairt di.

Nuair a bhí an mac fásta chuir sé é go dtí áit áithrid agus phós sé ansin. Lá amháin bhí sé ag fiach agus tharla go ndeachaigh sé go dtí an seanmhuileann agus tamall ón muileann bhí sruthán agus chuaigh sé go dtí é ag ní a lámh. An nóiméad a theangmhaigh sé leis an uisce léim bean amos agus tharraing sí síos é. Tháinig a bhean á thóraíocht agus fuair sí a ghunna le hais an tsrutháin agus ansin che ap sí gurbh amhlaidh a bádh é sa sruthán.

(3, 16-17) Fuair mé na scéalta ó m'athair.

48

Peadar Ó Fathartaigh Baile an Mhothair

Page 50: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Pádraig Pheait Sheáin Conghaile agus Peait Sheáin Ó Conghaile

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Oíche amháin bhí curach amuigh ag iascach i bhfad Ó thalamh tirim. Tháinig an oíche go han-gharbh agus bhí fainos orthu teacht i dtír. Faoi cheann tamaill chonaic duine de lucht na curaí bád neamhshaolta ag snámh isteach go dtí iad. D' éirigh foireann na curaí ina seasamh le tarraingt ar an mbád ach nuair a thiocfadh an bád gar dóibh d'imíodh sí.

Chroch siad an seol le teacht i dtír. Nuair a tháinig siad gar don tslip chruinnigh na sióga timpeall ar an trá agus sheas cuid eile ar an gcurach agus ní raibh na daoine in ann teacht i dtír le faitíos. I gceann tamaill thosaigh an mhaidin ag breacadh. D'imigh na sióga chomh tapa agus tháinig siad isteach sa bhfarraige. Tháinig an foireann i dtír ansin agus chuaigh siad abhaile .

Pádraig Ó Conghaile [Pádraig Pheait Sheáin] (3, 18-19)

49

Page 51: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Tráthnóna fómhair chuaigh fear amach Ó dheas ag bailiú feamainne. Thit sé ina chodladh. Thosaigh sé ag brionglóidigh [ go bhfaca sé ] síos faoi ar an trá fear bán agus mada mar a cheap sé.

Bhreathnaigh sé siar. Chonaic sé solas . Bhreathnaigh sé agus chonaic sé bád. Chuir sin eagla mhór air. Chonaic sé na daoine ag teacht isteach as an mbád. Bhí a gcuid gléasanna cogaidh ina lámha acu. Thosaigh an fear bán leo. Cheap an fear gur mharaigh sé 'chuile dhuine acu. Ansin dhúisigh sé de gheit. Chonaic sé sióga ag teacht chuige. Rugadar air agus thug siad leo é. Nuair a bhí sé ina mhaidin leagadar le hais a thí é agus rith na sióga leo abhaile.

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Pádraig Ó Conghaile (3, 19)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos maidin Lae Bealtaine ar an Muirbheach agus bhí sé thíos an-mhoch. D' airigh sé ceol i mbun na cruaiche mar bheadh daoine ag caoineadh. I gceann scaithimh d' airigh sé an ceol ag teacht i ngar dó agus chonaic sé na daoine - na sióga a bhí ann go cinnte . Leanadar aníos go dtí an tslip é agus bhí daoine eile as an oileán ag an tslip . Agus bhí faitíos orthu go léir.

Pádraig Ó Fathartaigh [Pádraig Thomáis Mhóir] (3, 20)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos chuig an gCaladh Mór. Chonaic sé solas ar an bhfarraige agus d'imigh sé arís. Bhí an oíche geal agus bhí sé ag ceapadh gurb í an ghealach a bhí ag scairteadh in san uisce . Bhí sé ar tí a ghabháil abhaile nuair a chonaic sé an

50

Page 52: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

solas arís mar bheadh bád neamhshaolta ann. Ní raibh aon fhaitíos air nuair a chonaíc sé nach í an ghealach a bhí ag scairteadh in san uisce . Agus bhuail faitíos é agus chuaigh sé suas an Muirbheach agus bhí sé ag ceapadh go raibh an solas roimhe. Chuaigh sé suas abhaile agus bhí an ghealach faoi.

22ú Mí na Nollag 1938

Pádraig Ó Fathartaigh (3, 20-21)

Bhí naonúr fear i gConamara ina gcónaí le chéile agus bhí bád acu. Bhí an mhóin go han-fhairsing an bhliain seo. Bhí an fharraige go han-chiúin leis agus shocraigh beirt acu go ngabhfadh siad le móin go Gaillimh. Aon lá amháin chuir siad go leor móna síos chuig an gcaladh agus bhí an oíche ann nuair a bhí an bád luchtaithe leis an móin acu. Bhí siad le seoladh an lá ina dhiaidh sin dá mbeadh sé go breá.

Tháinig an lá ina dhiaidh sin go breá mar ba mhaith leo ach bhí rud beag ceo ann. Mar sin féin chrochadar na seolta agus sheoladar leo. Nuair a bhí siad leath bealaigh go Gaillimh thosaigh an ceo ag teacht timpeall orthu. Nuair a bhí siad ag Ceann Boirne ní fhaca siad talamh ar bith ach ceo. Is ansin thosaigh an bháisteach agus d'ardaigh an fharraige .

Chuaigh duine acu amach chun tosaigh sa mbád leis an seol tosaigh a fháisceadh. Nuair a bhí sé ag fáisceadh an tseoil tháinig tonn agus thug sí amach as an mbád é. Ní túisce a bhí sé amuigh ná a chuaigh sé síos agus bádh é . Ansin d'fháisc sé an seol tosaigh. Bhí sé anois i mbéal an chuain agus bhí leath na móna caillte . Tamall 'na dhiaidh sin nuair a bhí an fear ag gabháil an bháid d'imigh an maide gabhála leis an tonn uaidh ach bhí ceann eile aige. Ba ghearr go bhfaca sé rud mór dubh sa gceo ag déanamh air. Long mhór a bhí ann agus chuaigh sí sa mullach ar an mbád agus bháigh sí í agus fear an bháid leis .

Peadar Ó Fathartaigh Ceathrú an Leisín

(3, 22-3) Fuair mé na scéalta seo Ó rn' athair Séamas Ó Fathartaigh, Ceathrú an Leisín.

51

Page 53: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí triÚI fear ag iaseach oíche san earraeh agus tháinig an oíehe garbh agus tháinig an triúr i dtú' i dTrá Leitreach ga moeh ar maidin ga stopfadh an feothan . Bhí an euraeh thuas ar an trá aeu agus tháinig duine anuas an trá agus é gléasta in éadaí bána agus thóg sé na cnogaí aníos as an geuraeh agus d'imigh sé leis síos ga dtí Aill na Sióg agus ehuaigh sé isteaeh san aill.

Faoi cheann tamaill lean duine de na Hr é. Nuair a bhí sé faoi bhun na haille thosaigh daoine ag eaitheamh cloch leis, agus b ' éigean dó gabháil síos ge dtí an trá ads agus d'inis sé dhóibh 'chuile rud agus b' éigean. d6íbh an curach a iompar ga dtí a Mit féin ag an tslip. Ansin roinneadar an t�iase agus thugadar abhaile é.

An mhaidin ' n a dhiaidh sin bhí a n t�iasc goidte agus ehuadar ga dt! Aill na Sióg agus fuaireadar an Hase ann gan cloigeann gan eireaball. Bh! a fhios Beu ansin gurbh iad na 5ióga a thóg na cloiginn agus na heireabaill de na lléise.

(3, 24-5) 10ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal Brónaeh Lá amháin san earrach bhí beirt fhear as an oileán ag iaseaeh a muigh ag Poll na Roc agus blúodar ag marú ga leo.r iase, ga dtí ga raibh an curach beagnaeh lán. . Bhreathnaigh duine de na fir sÍos ar an iase agus ní fhaea sé aon iasc. Bm a fluas aeu ansin nár eheart a bheith ag iascaeh ansin an lá sin agus d'imigh leo amaeh sa bhfarraige mhór ar lorg tuilleadh éise.

Nuair a bhí siad tamall maith amaeh easadh long mhillteacll mhór orthu agus í lán de ph!obairí siógaeha . Ch uaigh siad ga dt! an eaiptin agus d'ian siad air iad féin, an Hase agus an eurach B thabhairt ga dt! an tslip mar ga raibh an fllarraige ag éirí garbh ach is amhlaidh a thug an eaiptín ga dt! talamh aisteach ¡ad a bhí lán le earraigreacha agns d 'fhág sé ann iad, agus eailleadh iad le hocras.

Peadar Ó Fathartaigh (an dá seéal) Ceathrú an Leisín

(3, 23-4) Fuair mé na seéalta ó m'athair.

52

Page 54: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

10ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag tabhairt aire do chaoirigh amuigh ar an genoc. Tháinig duine chuige nach bhfaca sé riamh cheana. Chuir sé ceist air faoin oileán agus faoina mhuintir féin ag baile, agus cén fáth ar chuir siad ag tabhairt aire do na caoirigh é. Faoin am seo tháinig mac tíre ag marú ceann de na caoirigh.

Pádraig Ó Conghaile Ceathrú an Leisín

(3, 25) Fuair mé na scéalta ó rn' athair, Pádraig Ó Conghaile, Ceathrú an Leisín.

19ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí beirt fhear ag iarraidh ronnachaí thíos ag Ceann Gainimh uair amháin. Bhí sé go deireanach san oíche agus tháinig siad i dtír ar an trá ach sula dtáinig siad i dtír chonaic siad dhá phlód daoine ag troid ar an trá.

C�uaigh siad i dtír agus bhí siad ag éisteacht i gcónaí leis an gcaint agus bhí plód acu ag rá gur leo féin an Dún agus Béarla a bhí siaà '" labhairt. Chuaigh na fir iascach suas go dtí an dá phlód agus chonmc siad gurbh amhlaidh a bhí muintir an oileáin ag troid le Sasanaigh a bhí ag iarraidh an t-oileán a thógáil agus chuadar síos go dtí an curach arís ag iarraidh dhá scian. Nuair a tháinig siad aníos chuaigh siad ag troid ar son an oileáin agus fuaireadar an bua agus mharaíodar gach duine de na Sasanaigh agus nuair a bhí siad ag gabháil suas chuig an tslip sa gcurach arís chonaic siad na daoine a bhí [ag troid] .

30ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

(3, 26-7)

Bhí fear ag breathnú ar na beithígh lá amháin in aice leis an Dún agus thug sé faoi deara go raibh ceol ag teacht chuige ar an ngaoth

53

Page 55: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

agus chuaigh sé chomh fada leis an Dún mar cheap sé gur as an dún a bhí an ceaI. Teaim Sheáin an t-ainm a bhí ar an bhfear.

Nuair a bhí sé ag teacht gar don Dún rinne sé torann leis na clocha ag siúl dó agus is dóigh gur mhill sé an ceaI ar na sióga ansin, mar léimeadar amach agus thugadar isteach sa Dún leo é agus thosaigh siad ag gabháil le maide air ga dtí ga raibh sé beagnach marbh.

Bhí se ag béiceach ga mór agus bhí fe ar arbh ainm dó Micí Dara ag gabháil an róidín agus d' airigh sé é agus tháinig sé de chabhair air le scian agus murach é bheadh Teaim Sheáin marbh ag na sióga.

Scéal

Peadar Ó Fathartaigh (3, 27-8)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé sair chuig an tslip i lár na hoíche ag bailiú feamainne mar bhí feamainn gann an t-am céanna.

Thug sé an mada leis. Bhí sé ag bailiú na feamainne agus é á cur suas chuig an gclaí nuair a chonaic sé mada bán ag gabháil amos an Muirbheach. Níor chuir sé leath suime ann ga dtáinig sé i ngar dó agus nuair a bhí se i ngm' dó tháinig dath dubh air agus rith sé amach sa duirling ach ruor chuir an fear leath suime ann ga dtí ga raibh sé ag bailiú an mhaidin 'na dhiaidh sin.

Bhí an fear ag bailiú na feamainne arís . Chonaic sé an mada ag teacht isteach as an Duirling. Dúirt an mada bán leis gabháil abhaile ga bea - gur leis féin an fheamainn. Níor rinne an fear tada ach a mhada féin a chm ag tith ina dhiaidh. Ach níof tig an faitíos don mhada gabháil ma dhiaidh. Nuair a bhí an fear ag gabháil ag caitheamh cloch leis an mada bán d'ionsaigh an mada bán é agus mharaigh sé é agus rith leis . D'fhan a mhada féin ag faire an choirp.

Ar maidin fuair na daoine an corp agus chuir siad é . Chuaigh an mada bán leo agus nuair a bhí á ísliú san uaigh thosaigh an mada ag tafann agus rith leis agus ní fhaca na daoine é ina dhiaidh sin.

Fuair mé na scéalta 6 rn' athair.

54

Peadar Ó Fathartaigh (3, 28-9)

Page 56: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Scéal Bhí fear ann fadó agus bhí sé féin agus a bhean ina gcónaí i dteach uaigneach i bhfad ó dhaoine eile . Bhí an bheirt acu an-bhocht agus ba dheacair dóibh maireachtáil agus is amhlaidh a mharaídís cearc gach lá le go mairfeadh siad.

Lá amháin bhí an fear amuigh ag spaisteoireacht dó féin agus d'éirigh sé an-tuirseach agus é i bhfad óna theachín beag. Shuigh sé síos cois claí agus ba ghearr gur thit sé ina chodladh agus d'fhan sé ina chodladh go raibh sé deireanach san oíche. D' airigh sé mar bheadh beirt ag teacht chuige agus dhúisigh sé. Chonaic sé an bheirt ina seasamh amach ar a aghaidh. D' éirigh sé agus thosaigh se ag siúl agus dúirt an bheirt leis dá ngabhfadh sé leo go dtí enoc beag go mbeadh sé saibhir go deo agus dúirt sé go ngabhfadh.

Ansin d'imigh leo agus ní fada go rabhadar sa teach beag a bM sa gcroc agus bhí go leor daoine eile istigh ann. Dúirt siad leis dá mbeadh sé in ann duine amháin acu sin a bhualadh go dtabharfadh siad bosca óir dó. Thosaigh sé ag troid agus d' éirigh leis é a bhualadh agus thug siad an bosca óir dó agus d'imigh leis abhaile go dtí a theach féin.

Trí oíche ina dhiaidh sin tháinig an fear céanna arís aige agus dúirt sé leis an bhfear ná mairfeadh sé ach oíche amháin ina dhiaidh sin agus b'fhíor dó. Níor mhair sé ach an oíche sin agus cuireadh é an lá ina dhiaidh sin. Ní raibh an fear a bhuail sé beo mar is amhlaidh a thug na sióga ón saol é agus bhí sé ag imeacht in sna sióga. Níl sé ceart bacadh lena leithéide sin, mar bíonn sé faoi dhraíocht.

Micil Ó Meachair Ceathrú an Teampaill

(3, 30-31) Fuaireas na scéalta seo ó Bheairtle Ó Meachair.

14ú Mí na Samhna 1938 Scéal Bhí Rí ina chónaí in sa Spáinn uair agus chuaigh sé féin agus Fionn mac Cumhaill ag troid. Tháinig sé as an Spáinn i mbád mór cogaidh agus chonaic Fionn an bád agus ghabh faitíos é agus dúirt

55

Page 57: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

sé lena mháthair é a chur i bhfolach sa gc1iabhán ar eagla go bhfaigheadh an Rí é agus go maródh sé Fionn sa traido

I gceann tamaill tháinig an Rí isteach chuig an máthair agus thug sí dinnéar dó, agus nuair a bhí sé ag ithe d'fhiafraigh sé cá raibh Fionn. Agus dúirt an mháthair go raibh sé imithe agus nach dtiocfadh sé go dtí go mbeadh sé dubh san oíche.

Chonaic an Rí go raibh duine éigin sa gc1iabhán agus d'fhiafraigh sé cé a bhí sa gc1iabhán. Dúirt an mháthair gur dheartháir óg d'Fhionn a bhí ann. D'fhiafraigh sé cé méid bliain a bhí sé agus dúirt an mháthair gur dhá bhliain a bhí sé. Chuir an Rí a mhéar ina bhéal, agus céard a rinne Fionn ach greim a bhaint as méar an Rí.

Bhí an oíche ann faoi seo agus chuaigh an Rí a chodladh i dteach Fhinn. Nuair a bhí an Rí ina chodladh mharaigh Fionn é.

Fuair mé na scéalta ó m'athair.

14ú Mí na Samhna 1938 Oíche Shamhna

Peadar Ó Fathartaigh Ceathrú an Leisín

(3, 32-3)

Bíonn úllaí ag gach duine Oíche Shamhna. Agus bíonn féasta ag an aos óg i dteach áithrid an oíche sin leis . Ceannaíonn siad cácaí milse, úllaí agus milseáin. Bíonn siad ag tumadh i dtubán agus faigheann 'chuile dhuine trí sheans agus murar féidir leis an duine sin an t-úll a thógáil téann duine eile isteach 'na dhiaidh. Bíonn siad ag tumadh ar airgead leis.

Bíonn na seandaoine ag rá nach ceart aon sméar ná aon airne a ithe ón oíche sin amach mar go mbíonn na sióga leo. Bíonn siad ag rá freisin gur ceart uisce a bheith istigh raimh ghabháil faoi na gréine i gcomhair na hoíche sin leis.

Is ceart luaidhe a leá i mbosca agus nuair a bhíos sé leáite doirtear síos in eochair é agus téann sé síos tríd an eochair isteach in uisce agus bítear ag breathnú air thíos san uisce, an dtagann aon athrú air agus é thíos .

Bíonn caiple bána ag imeacht ar na bóithre an oíche [ sin] agus is ce art a bheith istigh go luath. Bhí Lá Samhna ag báistigh i mbliana.

56

Peadar Ó Fathartaigh (3, 34-5)

Page 58: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Seéal Bhí triúr fear as an oileán seo amuigh i gConamara uair amháin. Bhí an lá go breá nuair a bhí siad ag gabháil abhaile . Tháinig oeras mór orthu agus ní raibh siad in ann gabháil ag iomramh aeh duine amháin.

Bhí sé ag déanamh ar an oileán agus bhí an ghaoth ina ehoinne agus fuair an bheirt bás leis an oeras agus leis an bhfuaeht. Bhí an fear eile ag iomramh agus bhí an euraeh le feiceáil ar feadh an Iae ag gaeh duine. Ar deireadh chas an ghaoth an euraeh amaeh go Conamara agus bhí an fear go dona leis an oeras mar bhí sé dhá lá agus dhá oíche ar an bhfarraige.

Bhí euid mhaith daa ine ag feiceáil na euraí. Bhí a ehosa go dona leis an bhfuaeht. Bhí sé tinn ar feadh i bhfad agus is beag naeh bhfuair sé bás . Tá sé beo fós.

Seéal

MidI Mae Donnehadha (3, 35-6)

Bhí Rí ann fadó agus bhí triúr mae aige . Fuair a bhean bás agus ehuir sé an triúr mae amaeh ar oileán agus bhí pálás mór aeu ann. Phós sé féin agus ní rabih a fhios ag an leasmháthair go raibh an Rí pósta eheana aeh d'inis bean eile dhi é .

Dúirt bean an Rí go raibh sí tinn. Chuir sí fuil eoiligh i mbuiléal agus d' ól sí blogam den fhuil agus ehuir sí amaeh as a béal an fhuil agus dúirt sí go raibh fuil a eroí ag teaeht. Dúirt an Rí má bhí rud ar bith in sa domhan a leigheasfadh í, go geaithfeadh sí é sin a fháil. Dúirt sí naeh raibh rud ar bith a leigheasfadh í aeh amhare a fháil ar an triúr mae a bhí amuigh ar an oileán. Dúirt an Rí naeh raibh siad sin ann. Dúirt sise go raibh, agus ehuir an Rí fios ar an triúr mae.

Dúirt an Rí leis an mbeirt ba shine gan aon ehluiche eártaí a imirt. Níor dhúirt sé tada leis an mae ab óige mar bhí sé ag eeapadh ná raibh a fhios ag an mae sin le cluiche ar bith a imirt. Chuaigh siad go dtí an leasmháthair agus fuair sí biseaeh agus dúirt sí leis an mae ba shine cluiehe eártaí a imirt aeh dúirt sé léi naeh raibh a fhios aige le cluiche ar bith a imirt . Dúirt an dara mae an rud eéanna. Dúirt sí leis an mae ab óige cluiche a imirt léi agus dúirt sé go n-imreodh.

Chuaigh an bheirt aeu ag imírt agus bhuaigh mae an Rí agus ehuaigh siad ag imirt arís agus bhuaigh sí féin an uair seo. Chuir

57

Page 59: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

sí geas ar mhac an Rí agus dúirt sí leis na trí bromaigh a bhí ag Seán an Mháinéir Ghlais in sa Domhan Thoir a thabhairt chuici. Chuir mac Rí Éireann a gheas uirthi ansin agus dúirt sé léi "gabháil suas ar bharr an teampaill mháir agus snáthaid mhár a chur 'na seasamh ar a bharr, agus a bheith ag cur gráinne cruithneachta amach trí chrá na snáthaide máire go dtiodadh mise ar ais".

"Tág díom agus tágfaidh mise díot, " ar sise . Chuaigh mac an Rí agus a bheirt [ deartháireacha abhaile . ]

Scéal

Micil Mac Donnchadha Máinín na Ruaige

(3, 36-8)

Bhí bád már seoil ag gabháil isteach an Súnda in sa tráthnána. Bhí an tráthnóna ciúin agus ní raibh aon ghaoth ann ach rud beag. Gaoth anoir a bhí in sa méid sin féin. Ní raibh aon ghaltán ann an uair sin. Bhí an taoille láidir agus bhí sí ag tabhairt an bháid ó thuaidh agus leag sí na seolta agus scaoil siad an bád leis an sruth. Bhí faitíos mór ar lucht an bháid go gcuirfí an bád ar talamh.

Nuair a bhí siad ag gabháil síos ag Cora na Roilleach bhuail an bád agus nuair a d'ardaigh an taoille d'imigh sí amach agus tháinig gaoth bheag agus chroch siad cuid de na seolta agus bhí siad ag gabháil síos go maith gur shroich siad Caladh na Loinge agus chaith an ghaoth ar an talamh iad agus bhuail sí arís .

Bhí sí már mar chuaigh beirt fhear amach as an oileán agus bhí sí luchtaithe le grán a thug siad á Mheiriceá agus bhí sí ag líonadh le huisce ach chuir siad cuma uirthi agus nuair a bhí an taoille imithe amach chuaigh fear eile amach agus bhuail duine de na Coast Guards buille air agus mharaigh sé é agus thug siad leo an corp agus briseadh an long agus sin é an fáth go dtugtar Caladh na Loinge ar an áit.

Micil Mac Donnchadha Ceathrú an Leisín

(3, 39-40) Fuaireas na scéalta ó Sheán Mac Donnchadha.

58

Page 60: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

N6ra Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile (Bean uí Chonghaile)

Tá an t-eolas seo a leanas ar chabhar an ch6ipleabhair a bhfuil an t-ábhar seo a leanas le fáil ann:

Bosca 2C C6ipleabhar 4 Inis Meáin Oileáin Árann N6ra Ní Chonghaile [N6ra Pháidín Shaidhbhín]

Sean chas i dtaobh na hAimsire Tá go leor comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt ar an s6rt aimsire a bhíonn le teacht. Baineann siad meabhair (a) 6n ngealach, (b) 6n ngrian, (c) 6 na réa1t6ga, (d) ón bhfarraige, (e) ón ngaoth, (f) ón spéir agus (g) rudaí beo.

(a) Deirtear go bhfuil go leor ag an ngealach le déanamh leis an aimsir. Tagann athrú ar an aimsir in éadan gach ceathrú den ghealach. Má bhíonn drochaimsir ann le tús gealaí nua is iondúil go mbeidh sé garbh go mbeidh ceathrú den ghealach ann. Bíonn

59

Page 61: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

fáinne mór timpeall na gealaí go minic le báisteach agus le drochuair. Nuair a bhíonn sí leathbháite san aer bíonn báisteach air agus nuair a bhíonn sí caite ar a tóin bíonn drochaimsir air.

(b) Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag gabháil faoi san aer thiar agus bun na spéire dearg bíonn uair bhreá air. Bíonn léasáin roirnh agus i ndiaidh na gréine. Nuair a bhíonn siad roimh an ngrian ní bhíonn an aimsir chomh dona ach nuair a bhíonn siad 'na diaidh bíonn drochuair air. Uaireanta bíonn cosa fada ón ngrian agus sin comhartha le gaoth mhór.

(c) In sa ngeimhreadh nuair a bhíonn brat réabtha ar an spéir is cornhartha mór le báisteach é agus nuair a bhíonn an t-aer glan agus réalta thuas agus iad ag preabadh is cornhartha seaca é. Uaireanta nuair a bhíonn na réalta á gcaithearnh i dtaobh den spéir deirtear gurb é sin an taobh go mbeidh an ghaoth ann.

(d) Baineann na daoine meabhair as torann na farraige le hathrú gaoithe. Nuair a labhrann Trácht Each bíonn báisteach air agus nuair a labhrann Caladh Pheadair bíonn gála air.

(e) Nuair a bhíonn an ghaoth anoir aneas bíonn aimsir bhreá air agus nuair a bhíonn sí ó thuaidh bíonn aimsir chrua fhuar air.

(f) Ar maidin go moch nuair a bhíonn an t-aer thoir dearg is cornhartha mór le báisteach an lá sin agus le drochaimsir. Nuair a bhíonn dath glas ar an spéir bíonn báisteach air.

(g) Nuair a bhíonn na faoileáin ag luí ar an talamh tirim is cornhartha le drochaimsir é. Nuair a théann na géabha fiáine thart ó na tíortha ó thuaidh imíonn siad ón gcruas . Sin comhartha sneachta. Bíonn an mada ag ithe féir le báisteach agus bíonn an cat ag tabhairt a thóin don tine nuair a bhíonn sioc air. Bíonn an seilmide ag snámh ar an talamh le haimisir fhliuch. Nuair a théann na caoirigh isteach faoin aill bíonn báisteach air.

29ú Samhain 1937 Mo Cheantar Féin

N6ra Ní Chonghaile (4, 1-3)

Tá mé i mo ch6naí i mBaile an Teampaill in Inis Meáin. Is é an fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar tá an séipéal dé anta in aice leis. Sé theach atá ann: ceann amháin slinne agus cúig cinn eile tuí.

60

Page 62: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Is é an sloinne is coitianta atá ann Conghaile . Tá triúr ag fáil an phinsin ann agus is é sin an méid seandaoine atá ann os cionn 70 bliain. Tá na daoine' in ann scéalta a inseacht i nGaeilge agus is iad na seandaoine is fearr atá in ann iad a inseacht. Seo iad na hainmneacha atá orthu: BeairtIe Ó Conghaile, Maighréad Ní Chadhain, Máirtín Ó Cadhain. Seo é an seoladh atá orthu ar fad: Baile an Teampaill, Inis Meáin. Níl ach aon seanfhothrach amháin ann anois agus bhí sé sin 'na theach bhreá fadó. Ba ghnách le go le or daoine a ghabháil go Meiriceá as fadó.

Is minic a luadh ainm na háite in amhrán agus i seanfhocal. Seo ceann amháin a rinne an file Colm de Bhailis :

Inis Meáin, inis gan arán, Inis gann gortach, An lá a théanns tú ann, Beir le at do chuid aráin Nó beidh tú an lá sin ' do throscadh.

Ní aontaíonn na daoine leis sin mar tá na daoine atá in Inis Meáin flaithiúil pé ar bith caoi ar rinne sé an t-amhrán. Tá amhrán eile freisin faoi a rinne an Máistir Lionain a bhí ag múineadh scoile ar an oileán cupla bliain ó shin.

Is é an sórt talaimh atá ann ná talamh bocht carraigeach agus níl aon chuid de faoi choillte . Níl aon abhainn ann ná loch ach amháin Loch Cheann Gainimh, Loch Chró na gCadhan, Loch an Leisín, Loch an Mhacha agus Loch an Léin. Níl aon scéalta ná seanchas 'na dtaobh.

11 ú Aibreán 1938 Áitainmneacha

Nóra Ní Chonghaile (4, 4-6)

Tá ainmneacha faoi leith ag gach duine ar na páirceanna sa mbaile . Is iad na hainmneacha atá ag m'athair orthu ag baile : Creig na Farraige : mar go bhfuil sí i ngar don fharraige; Gort an Arbhair: mar go raibh go leor arbhair ag fás ann fadó; Buaile na gCnocán: mar go bhfuil go leor cnocán ann; Criogán Fliuch: mar go mbíodh sí fliuch fadó; Buaile Bhog: mar go bhfuil sí an-bhog; Creig na

61

Page 63: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

gCaorach: mar go mbíodh tréad mhór caorach ann fadó. Bearna Luí: mar go bhfuil na buailte ina luí i ndiaidh a chéile; Creig Chaol: mar gur creig mhór fhada atá inti.

An Tulaigh: mar go bhfuil sé thíos in aice le Locha na Tulaí; Criogán an Ghé: mar go raibh géabha ann fadó.

1ú Samhain 1937 Na Fataí

Nóra Ní Chonghaile (4, 6)

Cuirtear fataí ar an bhfeilm sa mbaile gach bliain. Is iad na fir a uUmhaíonn an talamh i gcomhair na bhfataí gach bliain. Cuirtear seanleasú ar an talamh roimh na fataí. Is é an ní seanleasú ná feamainn thirim a chur air agus í a fhágáil air ar feadh cúpla lá sul má chuirtear aon fhata ann. Ansin déantar iomairí le spáid. Is le spáid a dhéantar iad mar níl aon chéachta anseo mar tá na páirceanna róchúng agus ní fhéadfaí céachta a chur ag obair ann. Ní raibh aon chéachta anseo ariamh. Is as Gaillimh a thagann na spáideanna. Níl siad le fáil anseo.

Is é an chaoi a gcuirtear na fataí ná na síolta a ghearradh i dtosach as na leathfhataí. Na fataí go mbíonn súile orthu is astu sin a ghearrtar na síolta . An píosa den fhata a fhágtar tar éis an síol a ghearradh is é an t-ainm a thugtar air ná sceaimhín agus tugtar na sceaimhíní sin an sin do na beithígh agus do na muca. Fágtar cúpla lá ansin iad agus cuirtear amach faoin ngrian iad le go searga siad. Nuair a bhíonn siad seargtha sáitear iad le maide sáite .

Is é an chaoi a sáitear iad ná poU a dhéanamh i dtosach leis an maide sáite agus ansin an síol a shá síos ann agus é a chlúdú.

Bíonn na comharsana ag cabhrú le chéile i gc6naí nuair a bhítear ag cur na bhfataí. Dá mbeadh duine ann agus nach mbeadh aige ach é féin chabhr6dh na comharsana eile ar fad leis.

Nuair a bhíonn siad ag fás agus barranna orthu, bíonn go le or sáilireachta ag fás in éineacht leo agus bíonn ar na daoine é a phiocadh agus iad a ghlanadh. Bíonn orthu iad a lánú freisin agus leasú feamainne nó aoileach a chur orthu agus mar sin bíonn obair go le or le déanamh leo nuair a bhíonn siad ag fás. Tar éis tamaill 'na dhiaidh sin cuirtear spré orthu le iad a shábháil 6n dúchan.

62

Page 64: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Cuireann go le or daoine an spré orthu faoi dhó. Nuair a thagann [ an] fómhar tosaítear ag baint na bhfataí.

Ansin nuair a bhíonn siad bainte cuirtear na fataí a bhíos le n­ithe in sna cróite agus na leathfhataí a bhíos le haghaidh síolta cuirtear i bpoll ar an Muirbheach sa ngaineamh iad go dtí go dtagann an t-earrach arís . Is é an fáth go gcuirtear sa ngaineamh iad mar bíonn an gaineamh te .

Is iomaí cineál fataí ann. Seo cuid acu: na Champions, Aran Cairns, Dates, Epicures, British Queens, Kerr Pinks, Banners. Is iad an cineál is fearr ná Dates agus na Banners .

13ú Mí na Nollag 1937 Ainmhithe na Feilme

Nóra Ní Chonghaile (4, 7-9)

Is iad seo na hainmhithe feilme atá againn ag baile: Bó, gamhain, lao, capall, asai, caoirigh, mada, cat, cearca, muca. Nuair a bhíonn muid ag glaoch orthu tugann muid ainm faoi leith orthu le go dtuigfeadh gach ceann acu muid. Tugann muid "Beitín" ar an mbó; "Suicín" ar an lao agus bullán ar an ngamhain; "Tuigin" ar an gcapall; "Bess" ar an asaI; "Seabhaín" ar na caoirigh"; "Beaut" ar an mada, "Pis, pis" ar an gcat; "Tioc, tioc" ar na cearca, "Nuch, nuch, nuch" ar na muca.

Nuair a bhítear á dtiomáint deirtear "hoirt" leis an mbó; leis an asaI: "Hi, ass"; leis an gcapall: "Go on"; leis an mada: "Go out"; leis an gcat: "scut"; leis na cearca: "Sea sí"; agus deirtear leis na muca: "Fág seo" . Sin iad na hainmneacha a thugann muid orthu.

Cuirtear mar easair faoin asaI nuair a bhíonn sé sa gcró: fé ar, tuí agus raithneach. Ach ní chuirtear aon easair faoi na beithígh mar ní bhíonn siad istigh ' chor ar bith. Bíonn siad amuigh ar feadh na bliana mar ní bhíonn an aimsir rófhuar.

63

Nóra Ní Chonghaile (4, 10-11)

Page 65: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

11 ú Aibreán 1938 Áitainmneacha Garraí Phádraig Mhóir: mar go raibh sé ina chónaí ann fadó. Gort Caonaigh: mar go raibh go le or caonach ag fás ann. PolI an tSéideáin: mar go mbíonn an fharraige ag séideadh isteach ann. Buailte Sagairt: mar go raibh sagairt ann fadó. Buaile na Pínne: mar go bhfuair fear pínn ann. pon na gColm: mar go mbíonn éan ar nós na gcolm ann. An Cnoc: mar go bhfuil sí an-ar d agus tá altáin inti freisin. An Chreig Gharbh: mar go bhfuil go leor do ch uirthi agus tá sí an-gharbh.

14ú NolIaig 1937 Toibreacha Beannaithe

Nóra Ní Chonghaile (4, 11)

Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán. Seo iad iad: Tobar Ísleamáin, Tobar Chinn Dheirge, agus Tobar Cheanannach. Tá Tobar Ísleamáin suite thíos ar an Muirbheach in aice le Claí Gainimh; Tobar Chinn Dheirge ar thaobh do láimhe dé den bhóthar in aice an tseipéil thuas i mbuaile; Tobar Cheanannach thoir i mbuaile ag an Reilig.

Deirtear faoi Thobar Ísleamáin go dtáinig naomh i dtír ann uair amháin agus gur ól sé deoch uisce as. Tá lorg a dhá lámh agus a dhá ghlúin le feiceáil ann ó shin. Bíonn go leor daoine ag tabhairt turais go Tobar Chinn Dheirge agus tugann na daoine go mbíonn an turas orthu é Lá Muire is é sin an cúigiú lá déag de Lúnasa agus deireann na daoine go bhfuil leigheas le fáil ann.

Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt an turais téann siad timpealI seacht n-uaire agus tugann siad seacht gdoch leo agus le gach "Is é do bheatha, a Mhuire" agus "Ár nAthair" agus "Glóir don Athair" a deireann siad caitheann siad doch uathu nó go mbíonn siad ráite acu ar fado Ansin téann siad amach go dtí an tobar agus ólann siad braon den uisce agus fágann siad rud éigin 'na ndiaidh ann. Is iad na rudaí a fhágann siad ann píosa dá n-éadach nó dá naipcín nó pínn, caitheann siad an phínn síos sa tobar agus ceanglaíonn siad na rudaí don eidheann atá ag fás ann.

64

Page 66: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Deirtear gur thug fear cuid den uisce as Tobar Chinn Dheirge le cur ar na fat aí le hiad a bhruth agus ná bruithfeadh siad dó dá mbeadh siad thíos ó shin. Is é Naomh Ísleamán a luaitear le Tobar Ísleamáin. Níor leigheasadh aon duine ariamh ann. Tugann daoine cuid den uisce leo as an tobar le leigheas. Níl aon scéal faoi Thobar Cheanannach.

12ú Aibreán 1938 Gníomhartha Gaisce

Nóra Ní Chonghaile (4, 12-14)

Cúpla bliain ó shin chuaigh triúr fear amach ag iascach ó dheas ag iarraidh iasc. Is é an Domhnach a bhí ann agus chuadar amach tar éis an Aifrinn. Bhí an lá go breá agus go ciúin ar maidin agus tuairim agus a dó a chlog d' éirigh ceo trom agus bhí eagla ar gach duine go ngabhfadh siad amú agus tháinig an oíche. Bhí siad ag siúl isteach leo ach ní raibh siad le feiceáil ag teacht . Is iad na hainmneacha a bhí orthu ná Micil Ó Fathartaigh, Páidín Ó Meachair, agus Máirtín Ó Fathartaigh. Bhí sé an-dubh le ceo agus ní fheicfeá aon rud agus mar sin ní fheicfeá an curach ag teacht. Bhí na daoine ag caoineadh nuair nach raibh siad ag teacht. Bhí 'chuile dhuine dá muintir ag imeacht ar feadh na hoíche.

31ú Márta 1938 Tráchtas Cluichí

Nóra Ní Chonghaile (4, 14)

Seo iad na cluichí a imrím. Imrím Screaga in sa samhradh. Is é an chaoi a n-imrím iad le cúig screag agus bím á n-imirt agus deirim cúig, deich agus mar sin go dtí go mbím cúig is dhá fhichead. Imrím liom agus má chaillim ar aon cheann acu caitheann mé iad a thabhairt do dhuine eile.

Bíonn muid ag piocadh crúibíní, sméara dubha agus airní in sa bhfómhar.

65

Page 67: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bíonn muid ag déanamh Púicín istigh sa teach. Is é an chaoi a bhíonn mui d ag déanamh Púicín: duine amháin éadach a chur ar a shúile agus é ag iarraidh breith ar an gcuid eile agus iad ag greadadh uaidh agus an duine a bhéarfas sé air caitheann sé sin an púicín a chur air. Seo rann beag a ghabhas leis:

A Phúicín, a Phúicín, má fhaigheann mise greim ort béarfaidh mé ort agus sáfaidh mé síos i mo phóca thú.

Bíonn muid ag déanamh i bhFolach freisin. Is é an chaoi a bhíonn [muid] á dhéanamh sin téann cuid againn i bhfolach agus téann an chuid eile á dtóraíocht.

llú Aibreán 1938 Rudaí Neamhshaolta

Nóra Ní Chonghaile (4, 15-16)

Creidtear go mbíonn rudaí neamhshaolta le feiceáil go minic ó am go ham san oileán. Seo scéal amháin a d' airigh mé ag rn' athair i dtaobh b [h ] eirt fhear a chuaigh soir chuig an tslip san oíche an-mhoch chuig feamainn. An fear a bhí ag tarraingt na feamainne bhíodh cat sa mbealach roimhe i gcónaí. Cat mór láidir a bhí ann agus níor bhac sé leis aon am, go dtí an babhta deireanach, agus ansin thug sé buille dá chos dó lena chur as an mbealach ach ní rinne an cat ach breith air agus é a scríobadh san éadan agus ar deireadh bí sé millte gearrtha aige .

B'fhada leis an bhfear eile go raibh sé ag teacht agus chuaigh sé amach go bhfeicfeadh sé cá raibh sé . Nuair a chonaic sé an cat bhí faitíos air agus thosaigh sé ag caitheamh cloch leis agus is ar éigean a bhí an bheirt acu i ndán don chat. Ní dheachaigh siad chuig aon fheamainn aon oíche eile rómhoch.

Bhí seanfhear eile ann freisin, agus chuaigh sé síos chuig an gcladach an-mhoch mar bhí sé ag ceapadh go mbeadh go le or feamainne ann nuair a chuaigh sé síos Trácht Each. Chonaic sé go le or beithíoch thíos ag an trá, capailt asail, searachat caoirigh, uain, agus iad ag léimrigh amach agus isteach sa bhfarraige. Rith sé abhaile chomh luath agus a chonaic sé iad agus níor bhac sé leis an bhfeamainn.

66

Nóra Ní Chonghaile (4, 17-18)

Page 68: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

l1ú Aibreán 1938 Laethanta Áirithe Tá go le or laethanta áirithe ag na daoine anseo le nósanna áirithe. Lá erosta na bliana naeh bhfuil sé eeart gruaig a bhaint amaeh an lá sin. Is ar Dé Luain a bhíonn an lá 'ehuile sheaehtain. Níl sé eeart eaoirigh a bhearradh ná tosaí le haon obair nua. Níl sé ceart tosaí ag eur fhataí ná feamainn a chur amaeh ná aon mhoing a bhaint den ehapall.

Deirtear freisin gurb iad Dé Céadaoin agus Dé Sathairn na laethanta is fearr le pósadh a dhéanamh. Is iad na laethanta breaeshaoire a bhíodh ann san earraeh: Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile Muire . Bíonn Lá Pheadair agus Phóil ar an 29ú Meitheamh. Bíonn an spóirt ann an lá sin. Bíonn na daoine ag gabháil go hÁrainn ehuig an bpíobaire.

Lá Fhéile Bríde

Nóra Ní Chonghaile (4, 19)

An ehéad lá d' earraeh, is é sin, Lá Fhéile Bríde, agus an ehéad lá d'Fheabhra, freisin. Tá ina bhreaeshaoire ar an oileán seo agus ní bhítear ag déanamh mórán oibre . Oíche Bhríde bítear ag déanamh "erosóg" in onóir do Naomh Bríd. Is as dhá ehipín admhaid a déantar í. Agus in san oíche, freisin, bíonn na eailíní beaga ag imeaeht leis an "mbrídeog" ó theaeh go teaeh agus iad ag damhsa agus ag easadh port, agus ansin tugtar pínn nó ubh, nó rud éigin dóibh.

Dúirt Naomh Bríd féin go mbeadh "gach re lá óna lá féin go breá, agus bíonn siad go breá agus bíonn áthas ar gaeh duine ag tógáil faochan agus ag tógáil bairneaeh an lá sin. Agus dá mbeadh an lá go breá ba eheart iase beo a thabhairt isteaeh i ngaeh teaeh le go mbeadh iase fairsing ar feadh na bliana.

Deireann na seandaoine go mb'fhearr leo Lá Bhríde a bheith garbh mar go dtiocfadh an bhliain ar fad 'na dhiaidh sin go breá. Bíonn na laethanta ag gabháil i bhfad agus na hoíeheanta ag gabháil i ngiorraeht ó lá Bhríde amaeh. Ní bhíonn na laethanta ehomh fuar ó Lá Bhríde agus a bhíodh mar bíonn laethanta ag gabháil i dteoeha. Bíonn na huain óga á mbreith agus bíonn na

67

Page 69: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

curacha ag gabháil ag iascach in san earrach 'chuile lá a bhíonn go breá.

llú Aibreán 1938 An Reilig

Nóra Ní Chonghaile (4, 20-21)

Tá dhá reilig in san oileán. Is iad na hainmneacha atá orthu ná: Teampall Cheanannach agus an Seanteampall. Tá Teampall Cheanannach suite ar thaobh do láimhe dé ag déanamh anoir ar Bhaile an Mhothair. Tá an Seanteampall thíos ar an Muirbheach istigh i bpáirc réidh. Cuirtear daoine i dTeampall Cheanannach ach ní chuirtear aon duine in sa Seanteampall anois.

Tá cuma chearnógach ar Theampall Cheanannach agus móta mór agus leacracha atá in sa Seanteampall agus cuma chruinn uirthi. Tá fothrach i dTeampall Cheanannach agus níl in sa Seanteampall. Ní chuirtear aon duine istigh ann. Tá sí leibhéalta agus tá crann troim ag fás istigh in sa bhfothrach. Tá croiseanna os cionn daoine atá curtha istigh ann. Cuirtear na leanaí nach mbíonn baiste i gCreig na Leanbh; sin áit faoi leith atá dhóibh.

llú Aibreán 1938 Éadaí

Nóra Ní Chonghaile (4, 21-2)

Tá triúr táilliúirí san áit seo anois, ach ní raibh ann fadó ach aon táilliúir amháin agus bhíodh sé ag gabháil ó theach go teach do réir mar bhíodh glaoch air. Is amhlaidh a théadh na daoine féin ag glaoch air le cultacha éadach a dhéanamh dóibh. Is in sa teach a bhíonn na táilliúirí ag obair anois . Ní bhíonn siad ag gabháil ó theach go teach. Ní bhíonn an t-éadach á dhíol acu sa teach.

Is ag na daoine féin a bhíonn an t-éadach. Caitheann na daoine cultacha dé anta as bréidín de ghnáth. Ní éadach siopa é ach éadach a fíodh in san áit as togha na holla. Seo scéal beag i dtaobh táilliúra a chuala mé sa mbaile.

68

Page 70: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

"Tháinig an dreoilín ag doras tigh an táilliúra. Bhuail sé cic air agus bhain sé clár as: 'Mar a ndéanfaidh tú mo jaicéad', a deir sé, 'agus veilbhit lena chába, 'beidh mise ag gabháil de mhaide ort, nó go mille mé do chnámha. " '

Seo iad na gléasanna oibre a bhíonn ag an táilliúir. Bíonn miosúr, méireacán, snáthaid, spót cailc, téip, agus inneall fuála aige .

Déantar léinteacha in sna tithe sa mbaile . Is as éadach olla agus éadach cadáis a dhéantar iad. Cníotáiltear sto caí in san áit agus is iad na mná a chniotálann iad. Is iad na mná freisin a shníomhann an snáth as an olainn leis an tuirne. Tá tuime i mbeagnach 'chuile theach san áit.

Ní chaitheann na daoine aon éadaí speisialta ar aon ócáid áirithe. Caitheann siad éadach an Domhnaigh ar bhreacshaoire . Nuair a bhíonn bean ag gabháil ag pósadh caitheann sí naprún geal. Bíonn péire deas nua de bhróga arda ar an bhfear freisin.

12ú Aibreán 1938 Bia na Seanaimsire

Nóra Ní Chonghaile (4, 22-4)

Seo é an méid bia a d' itheadh na seandaoine fadó - ná trí Bhéile . D'itheadh siad fataí ar maidin agus iasc agus arís in am dinnéir agus in san oíche. Bhíodh faochain agus bairnigh acu leis na fataí. Ba ghnách leo obair a dhéanamh ar maidin [ roimh] an gcéad bhéile mar théadh siad amach ar an ngarraí nó chuig an gcladach agus is amhlaidh a thugtaí amach na fataí chucu le n-ithe.

Is fataí a bhíodh acu i gcónaí mar ní bhíodh aon phlúr ann an t-am sin. D' óladh siad bainne go minic mar bhíodh sé acu leis na fat aí freisin - bainne leamhnachta agus bainne géar.

Is as an gciseog nó ar an mbord a d'ithidís an béile. Chrochadh siad an bord leis an bhfalla nuair a bhíodh béile áirithe acu.

Bhíodh min bhuí agus roinnt plúir acu agus bhídís ag déanamh aráin díobh sin. Bhíodh min choirce acu freisin agus d'ithidís é mar bhéile. Mheascadh siad an mhin choirce agus na fataí bruite le chéile agus [ is é an chaoi a n ] déanadh siad é, ná na fat aí a scríobadh le scraper agus é a fháisceadh go maith agus é a bhruith ansin. Agus nuair a bheadh sé bruite, é a ithe mar arán.

69

Page 71: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Ní bhíodh aon fheoil rómhinic acu, ach nuair a mharaíodh siad beithígh nó caoirigh, is feoil úr a bhíodh acu. Nuair a bhíodh na muca mór, mharaíodh siad ceann acu agus shailleadh siad í agus bhíodh siad á hithe goirt . D'ithidís an fheoil gan bheith bruite ,

chor ar bith chomh maith is dá mbeadh sí bruite . D'ithidís iasc an-mhinic. Seo cuid de na héisc a d'ithidís : lang,

crúdán, scadán, mangach, agus cineálacha eile. Bhíodh siad á ithe úr is goirt.

D'ithidís uibheacha Domhnach Cásca i gcónaí. Bhíodh dhá ubh nó trí huibhe ag 'chuile dhuine acu mar bhíodh sin de ghnás acu.

Ní bhíodh aon chupán acu go dtí le tamall anuas . Is as na sáspain a bhíodh siad á ól agus as babhail freisin.

12ú Aibreán Scéal Barrúil

Nóra Ní Chonghaile (4, 24-6)

Bhí sionnach ann fadó agus bhíodh sé ag marú na n-éan i gcónaí. Dúirt sé aon lá amháin:

"Ó tá sé de chumhacht agamsa a bheith ag marú éan agus ó tá sé mar cháil orm go mbím á marú, caithfidh mé mar sin an rí a mharú" .

Aon lá amháin chuaigh sé go dtí teach an dreoilín, agus dúirt sé leis an dreoilín a ghabháil amach chuige mar ní fhéadfadh sé féin gabháil isteach ab us dúirt an [ dreoilín] leis féin a ghabháil isteach ach gan aon sla d a dhéanamh ar a chlann.

Dúirt sé nach ndéanfadh agus gheall sé nach ndéanfadh sé aon sla d ar a chlann. Ach bhí an sionnach ag iarraidh é a mhealladh amach ach bhí an dreoilín sách diste dhó. Ní dheachaigh sé amach. Ar deireadh chuaigh an sionnach féin isteach agus nuair a tháinig sé isteach, dúirt an dreoilín leis gan aon cheo a dhéanamh ar a chlann agus gheall sé dhó arís nach ndéanfadh.

Agus ansin dúirt an dreoilín leis an gdann: "Tríd a chéile, a chlann" .

Thosaigh agus an dreoilín féin ag gabháil tríd a chéile agus níorbh fhéidir leis an sionnach an dreoilín féin a aithint thar a chlann agus b' éigean dó imeacht arís agus é brónach go le or, faoi gur chinn an dreoilín air, mar bhí sé ag ceapadh go raibh sé féin sách glic.

70

Page 72: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bhí náire ar an sionnach glic agus bhí sé brónach nuair nár fhéad sé an rí a mharú mar is é an t-ainm a bhí air ná an sionnach glic agus bhí sé ag ceapadh nach raibh rud ar bith chomh glic leis i dtosach nó gur chinn an dreoilín air.

Nóra Ní Chonghaile Ceathrú an Teampaill

(4, 26-8) Fuaireas na scéalta seo go léir ó Phádraig Ó Conghaile . An seoladh céanna.

Páidín Shaidhbhín Ó Conghaile

19ú Meán Fómhair 1938 Scéal Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí ag sníomhachán gach oíche Dé Sathairn. Tháinig bean isteach aici oíche amháin. Dúirt bean an tí léi suí síos go ceann tamaill. Dúirt bean an tí léi nach raibh aon

71

Page 73: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

deoir uisce istigh aici a dhéanfadh an tae agus dúirt sí léi a ghabháil chun an tobair agus canna uisce a thabhairt chuici agus chuaigh.

Nuair tháinig sí thar n-ais d'fhiafraigh bean an tí dhi an raibh aon scéal nua aici agus dúirt sí go raibh Cnoc Meá agus a raibh ann trí lasadh. Is gearr gur buaileadh ar an doras agus d'fhiafraigh bean an tí cé a bhí amuigh ansin. Dúirt an bhean a bhí taobh amuigh an daras a oscailt agus ní osclódh bean an tí an doras.

D'iarr sí ansin ar an gcarla an doras a oscailt. D'éirigh an carla leis an doras a oscailt ach bhuail be an an tí fód air agus níor fhéad sé an daras a oscailt. D'iarr sí ansin ar an tuirne an dar as a oscailt ach bhuail bean an tí splanc uirthi agus dúirt sí nach bhféadfadh sí. D'iarr sí ansin ar an bhfeasraid an doras a oscailt ach thug sí buille dhi sin freisin. D'iarr sí ansin ar an gcáca an doras a oscailt ach thug sí buille den chlár don cháca agus níor fhéad sé an doras a oscailt. Níor fhéad sí a ghabháil isteach agus d'imigh léi.

Agus ó shin i leith deirtear nach bhfuil sé ceart gan píosa beag a bhaint den cháca san oíche ar eagla dá n-iarrfadh aon duine an daras a oscailt go n-osclódh an cáca an doras.

Micil Ó Meachair Ceathrú an Teampaill

(4, 29-30)

Fuaireas na scéalta seo go léir ó Bheairtle Ó Meachair. An seoladh céanna.

19ú Meán Fómhair 1938 Scéal Bhí mo sheanathair Oíche Bhealtaine fadó amuigh in sa mBuaile Pháirteach ar na Creaga go deireanach san oíche ag faire bó a bhí le lao a bhreith.

D'fhan sé ann go deireanach an t-am seo. Ach ar deireadh nuair a bhí cosa an lao leis an mbó caitheadh saighead na sióg leis ach níor theangmhaigh sí leis. Rug sé uirthi agus rith sé isteach an róidín léi agus shroich sé an teach sa deireadh agus chuir sé an tsaighead in sa ngarraí agus nuair a d' éirigh sé ar maidin bhí an tsaighead tugtha as.

Ansin nuair a bhí a bhricfeasta ite aige chuaigh sé amach go dtí an Bhuaile Bhán agus caitheadh sleá leis ach níor

72

Page 74: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

theangmhaigh sí sin leis ach oiread. Agus tráthnóna an Iae sin ní raibh an bhó sa mbuaile agus bhí sé á tóraíocht agus ní bhfuair sé í go dtí ar maidin.

3ú Deireadh Fómhair 1938

Micil Ó Fathartaigh (Séamas) (4, 31)

Bhí strainséaraí uair in san oileán seo. Agus tá tobar thiar ag an séipéal nua ar a dtugtar Tobar Chinn Dheirge . Tobar beannaithe atá ann agus thug na strainséarai uisce as an tobar agus chuir siad síos in sna fataí é agus níor bhruith na fataí ' ch or ar bith. Agus chuir si ad uisce eile futhu agus bhruith siad ansin.

Seán Mac Donnchadha [ Seáinín Sheáin Choilm] (4, 32)

Scéal Bhíodh na daoine ag tabhairt turais timpeall an oileáin fadó. Bhídís gan bhróg gan stoca agus in san oíche a bhídís á thabhairt.

Bhí beirt ag tabhairt an turais oíche agus chonaic siad beirt ag siúl rompu agus tháinig eagla orthu. Sheas an bheirt a bhí ag siúl rompu agus tháinig an bheirt eile suas leo. Beirt a bhí imithe den tsaol cheana a bhí iontu agus d' aithin an bheirt a bhí ag tabhairt an turais agus d'imigh siad as radharc ansin.

Is ó m'athair a fuair mé na scéalta seo ar fado

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Seán Mac Donnchadha Ceathrú an Leisín

(4, 32-3)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé soir chuig an tslip ag bailiú feamainne agus thug na sióga síos sa mbollán é agus bhí siad á

73

Page 75: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

bhualadh le slata mara. Tharraing siad síos agus aníos an bollán é agus bhí sé fliuch báite . D'imigh na sióga an sin agus d'éirigh an fear. Chuaigh sé suas an tslip agus nuair a bhí sé ag gabháil siar ag Carcair Dháithí d'airigh sé torann 'na dhiaidh agus chonaie sé asaI bán ag gabháil isteach san aill.

Bhí an fear céanna agus [ é ag gabháil ] aníos [ón] Muirbheach [ go ] Trá Litreach agus d' airigh sé torann. Bhreathnaigh sé agus chonaie sé sióg ina dhiaidh. Rith sé go teach beag agus d' airigh sé mada ag rith 'na dhiaidh. Chuaigh sé isteach sa teach agus dhún sé an doras go daingean agus chuaigh sé a chodladh agus nuair a d' éirigh sé ar maidin bhí an mada básaithe ag an doras .

Seán Ó Conghaile Ceathrú an Teampaill

(4, 34) Fuaireas an scéal seo ó Sheán Ó Conghaile (Dara) .

6ú Deireadh Fómhair 1938 Fear amuigh san Oíche In sa tseanaimsir bhíodh raie ag teacht agus bhíodh na daoine ag gabháil go dtí an cladach ag faire air. Ach an oíche seo tháinig go le or adhmaid agus ní bhfuair an fear seo aon chuid den raic. Dúirt sé go mbeadh cuid aige .

An chéad oíche eile nuair a tháinig an oíche, d'ith sé a shuipéar agus d'imigh leis. Bhí sé ag gabháil síos Carcair Thrácht Each agus bhí mada mór aige . Ach bhí an mada thíos roirnhe agus d'ionsaigh rud éigin an mada. Bhíodar ag troid ansin agus nuair a chonaie an fear iad ag troid thug sé do na boinn abhaile .

Nuair a bhí ag gabháil suas ar Criogán Uachtair [ ? ] bhí an mada agus é ag troid leis an rud eile ag gabháil suas Creig na Naimhde [ ? ] ach nuair a bhí sé ag gabháil isteach sa doras dhún sé an doras agus ní raibh an doras dúnta aige ar fad nuair a chuir mada isteach aige agus dúirt an rud taobh amuigh den doras bhí an dáta orthu agus ní chuideodh sé sin amuigh san oíche (sie) .

Fuair sé an scéal seo óna athair.

74

Mieil Ó Fathartaigh (4, 35-6)

Page 76: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Séamas Pheadair Pháidín Ó Fathartaigh

14ú Mí na Samhna 1938 Scéal Bhí bean ann fadó. Maighréad Con Rí an t-ainm a bhí uirthi. Maidin amháin d' éirigh sí an-mhoch. Chuaigh sí ama ch chun na gCeag chuig an mbó. Nuair a bhí sí ag gabháil amach sa mbuaile ba ghaire don bhuaile a raibh an bhó inti d' airigh sí torann mar a bheadh duine ag bleán bóo Chuaigh sí amach sa mbuaile agus bhí an bhó ina seasamh i lár na buaile agus chonaic sí na mílte daoine beaga ag rith soir thar an gclaí thar éis an bhó a bheith blite acu. Bhligh sí féin an bhó agus chuaigh sí abhaile .

D/inis sí an scéal ag baile agus dúirt a hathair léi ná raibh tús bainne na bó ag aon duine riamh; go mbíonn tús an bhainne ag na daoine maithe.

"Agus sin iad na daoine maithe a chonaic tusa sa mbuaile" I

a deir sé léi.

75

Máire Ní Chonghaile (4, 36)

Page 77: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bríd Pheícs Ní Mheachaír (Bean Mhíc Chárthaígh)

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear agus bean ann uair agus bhí siad ina gcónaí i dteach dóibh féin. Bhí síad an-uaigneach. Aon oíche amháin tháinig fear isteach chucu agus is é an t-ainm a bhí air ná Siúlóid. Tháinig sé isteach an oíche sin. D'fhan sé cuid mhaith den oíche acu. Nuair a bhí sé ag imeacht dúirt an bhean leis fanacht tríd an oíche go raibh an oíche an-dubh. Ar deireadh thug sí lóistín na hoíche agus bricfeasta na maidine dhó.

Ar maidin nuair a bhí a bhricfeasta ite aige dúirt sé go dtiocfadh sé istoíche . Nuair a bhí an lá ag imeacht agus an oíche ag teacht tháinig an fear arís . Bhí sé acu freisin go dtí tamall maith agus nuair a bhí sé tamall acu, dúirt an fear leis:

"Is breá an cainteoir thú, bail ó Dhia ort" . "Is breá go deimhin", a deir an bhean. "D'fhoghlaim mise scoil agus fuair mé scolaíocht mhaith

76

Page 78: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

freisin", a deir an fear, "agus bhí caint mhaith agam freisin" . "Cá raibh tú i do chodladh?" a deir an bhean. " Bíonn mo chodladh leataobh an bhóthair agus tamall eile thuas

i gcrann i bhfolach ó na sióga. Lá amháin chuaigh mé suas agus bhíos sa gcrann", a deir an

fear, "agus bhris mé mo mhuineál. "

Bríd Ní Mheachair [Bríd Pheics ] (4, 37-8)

Fuair mé an scéal seo ó mo mháthair. Bríd Uí Mheachair An seoladh céanna.

10ú Oeireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear ann agus bhí sé pósta. Bhí beirt iníon agus aon mhac amháin aige: Is in san oileán is ea a bhí sé ina chónaí. Máire an t-ainm a bhí ar iníon amháin agus Bríd ar an gceann eile agus Seán an t-ainm a bhí ar an maco Bhí talamh aige thíos i dTrácht Each. Bhí páirc mhór aige thíos ann agus bhíodh fataí aige inti gach bliain.

Aon lá amháin bhí sé ag baint fhataí thíos ann. Nuair a tháinig an tráthnóna chuaigh sé síos chuig an mbó ach nuair a bhí sé ag teacht aníos, tháinig sé aníos an chéibh a bhí le hais na farraige agus aill mhór os a cionn ach ba ghearr gur éirigh caiple agus asail agus caoirigh agus uain agus beithígh agus gach rud beo . . . ach murach a iníon Máire bheadh sé marbh ar fado

Sorcha Ní Chonghaile [ Saile Pháidín Shaidhbhín] Baile an Teampaill

(4, 39)

17ú Oeireadh Fómhair 1938 Scéal Chuaigh dhá churach go hInis Oírr ar maidin agus nuair a bhí siad ag gabháil anoir tháinig ceo, agus chuaigh siad amú agus iad ar an bhfarraige. Agus mor tháinig siad i dtír. Ach ar deireadh

77

Page 79: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

tháinig siad i dtír i gCa. an Chláir. Nuair a bhí siad i dtír tháinig cailín anuas ar an trá agus thug na fir ga dtí an teach agus thug béile maith dóibh.

Ach bhí an curach eile ag gabháil léi ga dtáinig sí i dtír i gCanamara. Nuair a tháinig an curach eile i dtír agus a chanaic duine a bhí sa gcurach cá raibh siad, ní raibh sé sásta nó ga dtiacfadh sé ga dtí a dhaaine muinteartha agus ní raibh na daaine eile sásta ach mura raibh féin chuadar ar an bhfarraige agus chuadar ámú sa gcea arís agus is beag nach raibh báite.

Agus casadh bád móna arthu. Thug sí sin léi iad agus chuir i dtír iad agus sin é an chaai ar cuireadh i dtír iad.

Fuair mé an scéal ó m' athair

Micil Ó Fathartaigh (4, 40)

Nóirín Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile (Bean uí Chonghaile) agus Saile Pháidín Shaidhbhín Ní Chonghaile (Bean Uí Fhathartaigh)

78

Page 80: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

28ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí bean fadó ann agus bhí aon chailín amháin aid. Aon lá amháin chuaigh an cailín beag go dtí an tobar agus céard a bheadh thíos ann ach sióg. D'fhiafraigh an tsióg di cá raibh sí ag gabháil agus dúirt sí go raibh sí ag gabháil ag iarraidh buicéad uisce dá máthair. Uon an cailín an buicéad agus d'imigh léi abhaile agus dúirt sí lena máthair go raibh sióg thíos in sa tobar roimpi.

Lá arna mhárach chuaigh an cailín síos agus thug sí léi an buicéad arís agus nuair a chuaigh sí síos bhí an tsióg thíos ann roimpi arís. D'fhiafraigh an tsióg di cá raibh sí ag gabháil? Dúirt sí go raibh sí ag gabháil ag iarraidh buicéad eile uisce. Léim an tsióg amach agus [ ole ] uirthi.

"Imigh le at anois agus ní bhfaighir aon deoir uisce", a deir an tsióg leis an gcailín . Dúirt sí go bhfaigheadh agus nuair a bhí sí á líonadh chaith an tsióg isteach in sa tobar í. Ar an bpointe sin d' imigh sí léi agus níor tháinig sí níos mó agus bhí an cailín bocht báite .

An oíche sin chuaigh a máthair á cuartú agus casadh fear di ar an mbôthar agus d'fhiafraigh dhó an bhfaca sé a cailín. Dúirt sé gur chaith sióg isteach in sa tobar í agus gur bádh í.

Bríd Ní Mheachair (4, 41-2)

Is ó mo mháthair a fuair mé na scéalta seo ar fado Brighid Dí Mheachair Ceathrú an Leisín

24ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear ann agus bhí sé pósta faoi dhó. Bhí aon mhac amháin aige leis an gcéad bhean agus bhí beirt mhac agus iníon amháin leis an dara bean.

Aon lá amháin chuaigh an fear go Gaillimh agus nuair a bhí sé ag imeacht dúirt an chéad mhac leis go dtiocfadh sé féin in éineacht leis. Dúirt an fear nach dtiocfadh muise nach raibh baol ar bith air .

"Caithfidh mé muca a thabhairt liom" . "Is cuma liom", a deir an mac, "tiocfaidh mise go Gaillimh

79

Page 81: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

an chéad lá eile nuair a thiocfas an bád agus faoi cheann seachtaine eile nó mar sin, tiocfaidh mé go Meiriceá" .

Dúirt an t-athair leis gan a ghabháil ach fanacht ag baile agus go bpósfadh sé nuair a bheadh sé roinnt bheag eile sean. Dúirt an bhean nach dtabharfadh sí féin cead dó pósadh ga raibh sí féin chomh hóg le bean ar bith fós.

"Nu mise ag iarraidh pósadh ' chor ar bith", a dúirt an mac, "ach tá mé ag iarraidh gabháil ag saothrú mo bheatha dhom

féin" . "Tá sé luath go leor agat, a bheith ag saothrú do bheatha fós" . "Nu muis", a deir an mac agus d'imigh sé leis. Ní raibh sé i bhfad imithe nuair a bhuail tinneas é agus bhí sé

ag iarraidh a theacht abhaile arís . Níor thug an fear ná an bhean cead dó teacht abhaile mar nuair a bhí sé ag baile breá nár fhan sé ag baile agus faoi cheann cupla lá eile fuair sé bás . Sin é an deireadh a bhí leis.

31ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Sorcha Ní Chonghaile (4, 43-4)

Bhí fear ag gabháil chuig an Muirbheach mai din go moch. Bhí sé thiar ag Garraí an Locha agus chuaigh sé isteach sa ngarraí. Chonaic sé fear ag baint na bhfataí agus bhí eagla air. Chonaic an fear é agus dúirt art fear leis imeacht as an ngarraí. Agus dúirt an fe ar eile nach n-imeodh. Thosaigh siad ag troid. Bhain duine acu an spáid den duine eile. Bhí an-troid acu. D'imigh an fear neamhshaolta ansin agus chuaigh an fear eile abhaile agus níor éirigh sé ón lá sin go lá a bháis.

80

Seán Mac Donnchadha (4, 44)

Page 82: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Seáinín Sheáin Choilm Mac Donnchadha

Tá an t-eolas seo a lean as ar chabhar an chóipleabhair a bhfuil an t-ábhar seo a leanas le fáil ann:

Ceathrú an Leisín Fuair mé na scéalta ar fad ó rn' athair. An seoladh céanna. Bosca 2C Cóipleabhar 5 Inis Meáin Oileáin Árann Bríd Ní Choncheanainn [Bríd Sheáin Bhidí]

Seanchas i dtaobh na hAimsire Tá go le or comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt ar an sórt aimsire a bhíonn le teacht. Baineann siad meabhair as an ngealach, as an ngrian, as na réalta, as an bhfarraige, as an

81

Page 83: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

ngaoth, as an spéir agus as rudaí beo. (a) Deireann na daoine nuair a bhíonn an ghealach caite ar a

tóin in sa spéir go mbíonn drochaimsir air. Nuair a bhíonn fáinne mór timpeall uirthi freisin bíonn drochuair air. Nuair a bhíonn an ghealach ag seoladh gaoth aniar bíonn uair bhreá air. Nuair a bhíonn an ghealach nua le feiceáil go luath is iondúil gur aimsir gharbh a thugann sí chugainn, agus nuair nach mbíonn sí le feiceáil go ceann seachtaine is uair bhreá a thugann sí léi.

(b) Nuair a bhíonn an ghrian an-dearg ag gabháil faoi dhi bíonn báisteach air. Má bhíonn cosa fada ón ngrian sa tráthnóna bíonn uair bhreá air.

(c) Nuair a bhíonn pIá mhór réaltógaí suas san oíche is comhartha uair bhreá é . Nuair a bhíonn réaltógaí á gcaitheamh as an spéir sin comharthaí triomaigh.

(d) Nuair a thugann an cat a chúl don tine bíonn gaoth aduaidh air. Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir bíonn báisteach air. Nuair a théann na caoirigh isteach faoin aill bíonn báisteach air.

(e) Nuair a labhrann Trácht Each is ag iarraidh gaoth anoir a bhíonn sé. Nuair a labhrann an Chora Mhóir is ag iarraidh gaoth aniar a bhíonn sí. Nuair a labhrann Caladh Pheadair is ag iarraidh gaoth anoir aneas a bhíonn sé.

(f) Nuair a bhíonn an ghaoth thoir aneas bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn sí thoir agus ó thuaidh bíonn cruach air. Nuair a bhíonn sí thiar bíonn múraíl báistí air.

(g) Nuair a bhíonn an torann ag na farraigí bíonn stoirm air, agus nuair a bhíonn sruth bán cúir ar an bhfarraige bíonn sé ina stoirm in áiteacha eile .

(h) Nuair a thagann na géabha fiáine anseo bíonn sé ina stoirm sneachta i dtíortha eile. Nuair a eitealann an fháinleog go hard sa spéir bíonn uair bhreá air.

Fuair mé na scéalta seo Ó m'athair. Seán Ó Concheanainn Baile na Seoigheach

82

Bríd Ní Choncheanainn (5, 1-3)

Page 84: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

29ú Samhain 1937 Tráchtas Mo Cheantar Féin Tá mé i mo chónaí i mBaile na Seoigeach in Inis Meáin. Deireann na seandaoine gurb é an fáth gur baisteadh an t-ainm sin air mar Seoigigh a bhíodh ar na daoine a chónaíodh ann fadó. Tá seacht dtithe ar an mbaile ano is agus sin é an méid a bhí ann fadó. Tá trí theach slinne agus ceithre theach tuí ann.

Is iad na sloinnte is coitianta ann ná Fathartaigh, Conghaile agus Flaitheartaigh agus is é an uimhir chéanna atá acu sa mbaile. Tá triúr seandaoine os cionn 70 bliain ann.

Tá na daoine in ann scéalta a inseacht i nGaeilge agus is iad na seandaoine is fearr atá in ann iad a inseacht. Is iad na hainmneacha atá orthu ná Beairtle Ó Fathartaigh, Máire Ní Fhlaitheartaigh agus Máire Ní Chonghaile, Baile na Seoigeach, Inis Meáin.

Níl ach aon seanfhothrach amháin le feiceáil ar an mbaile anois agus is ansin a bhíodh na daoine ina gcónaí fadó agus ansin a dheinidís tithe nua. Bhí go leor daoine ag gabháil go Meiriceá as san am fadó. Is minic a luadh ainm na háite in amhrán agus i seanfhocal. Dúirt an file Colm de Bhailis uair in amhrán:

Inis Meáin, inis gan arán, Inis gann gortach. An lá a théann tú ann, Beir le at do chuid aráin Nó beidh tú an lá sin ' do throscadh.

Ní aontaíonn na daoine leis sin mar tá na daoine go flaithiúil san oileán.

Tá an talamh atá ann bocht agus carraigeach agus níl aon chuid de faoi choillte . Níl aon abhainn ná aon loch ann ach amháin Loch Cheann Gainimh, Loch Chró na gCadhan, agus Loch an Leisín. Níl aon scéalta nó seanchas ann 'na dtaobh.

Fuair mé na scéalta ó rn' athair.

83

Bríd Ní Choncheanainn (5, 4-5)

Page 85: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

1ú Mí na Samhna 1937 Tráchtas Na Fataí Cuirtear fataí ar an bhfeilm gach bliain sa mbaile. Is iad na fir a ullmhaíonn an talamh i gcomhair na bhfataí gach bliain. Cuirtear seanleasú ar an talamh ar dtús agus is é an rud seanleasú ná feamainn thirim agus cuirtear í ar an talamh sul má chuirtear aon síol ann. Ansin déantar iomairí le spáid agus is le spáid a dhéantar iad mar níl aon chéachta in san oileán mar tá na páirceanna róchúng agus ní fhéadfaí oibriú ann le céachta.

Is as Gaillimh a fhaightear na spáideanna mar níl siad á ndíol anseo.

Gheibheann na daoine cliabh fataí le haghaidh síolta agus gearrann siad na fataí a mbíonn súile orthu agus sceaimhín a thugtar ar an bpíosa den fhata a chaitheann siad uathu. Tugtar na sceaimhíní sin do na muca agus do na beithígh. Fágtar na síolta ansin cúpla lá le go searga siad. Faigheann na daoine maide sáite agus déanann siad polI sa talamh agus titeann an síol síos sa bpoll agus ansin cuireann siad créafóg orthu. Cabhraíonn na comharsana le chéile ag cur na bhfataí agus dá mbeadh fear aonraic ann gheobhfadh sé an-chúnamh.

Nuair a bhíonn barraí ar na fataí bíonn salachar ag fás in éineacht leo agus gortghlanann siad iad. Nuair a bhíonn siad fásta lánaíonn siad iad agus cuireann siad leasú orthu: aoileach agus feamainn. Nuair a bhíonn barraí ar na fataí bíonn bláth orthu. Spraeálann siad iad le hiad a choinneáil slán ón dubh. Cuirtear sprae orthu cupla uair. Is do réir mar a bhíonn an dubh ag titim a chuirtear an sprae orthu.

Baintear na fataí san earrach. Ní fhágtar i bhfad ar an talamh iad mar bheadh dath na gréine orthu agus ba dheacair iad a ithe . Cuirtear na fataí síolta i bpoll sa talamh ar an Muirbheach agus clúdaíonn siad le créafóg iad agus fágtar ansin iad go ham a ngearrtha. Tá go le or cineál fataí ann. Tá na Champions, na Cairns, na Dates, na hEpicures, British Queens, agus Banners.Agus is iad na Banners is fearr.

Fuair mé na scéalta ó m'athair. Seán O Concheanainn Baile na Seoigheach

84

Bríd Ní Choncheanainn (5, 6-8)

Page 86: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

13ú Mí na Nollag 1937 Ainmhithe na Feilme Tá muca, caoirigh, gabhair, capall, asaI, madraí, cearca, bó lao, gamhain, agus cat, againn ar an bhfeilm. Nuair a bhíonn muid ag glaoch orthu tugann muid ainmneacha faoi leith orthu le go dtuigfidh siad muid.

Tugann muid " seabhaín" ar na gabhair agus ar na caoirigh; "tuaidh" ar an gcapall agus ar an asaI; "Beaut" agus "Sailor" ar na madraí; "tiuc, tiuc" ar na cearca; "Beitín" ar an mbó; "suicín" ar an lao agus ar an ngamhain; "bís, bís" ar an gcat; "nuch, nuch" ar na muca. Nuair a bhíonn muid ag tiomáint na bó deireann muid léi "hurta, a Bheit"; "Hi, ass" leis an asaI; Deireann muid "go out" leis an mada; "Scut" leis an gcat. Tugtar "sea sí" ar na cearca; J'ifág seo" leis na muca. Sin iad na hainmneacha a thugann muid orthu ar fado

Cuirtear féar nó tuí faoin asaI sa gcró mar leaba. Cuirtear raithneach faoi na muca agus faoi na cearca. Ní chuirtear aon leaba faoi na beithígh mar bíonn siad amuigh ar feadh na bliana.

Bríd Ní Choncheanainn Ceathrú an Teampaill

(5, 9-10) Fuair mé na scéalta seo ó m' athair, Seán Ó Concheanainn, Baile na Seoigheach.

31ú Márta 1938 Tráchtas Toibreacha Beannaithe Tá trí toibreacha beannaithe in san oileán: Tobar Ísleamáin; Tobar Chinn Dheirge agus Tobar Cheanannach. Tá Tobar Ísleamáin suite in aice le Claí Gainimh, Tobar Chinn Dheirge ar thaobh do láimhe dé den bhóthar in aice an tSéipéil agus Tobar Cheanannach i bpáirc an taobh eile den Teampall.

Bíonn daoine ag tabhairt turais ar Thobar Chinn Dheirge go minic. Deireadh na daoine go bhfuil leigheas le fáil as Tobar Chinn Dheirge . Tugann daoine turas ann an cúigiú lá déag de Lúnasa gach bliain.

85

Page 87: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt an turais tógann siad seacht gcIoch agus téann siad timpeall seacht n-uaire agus ansin téann siad ar a nglúine agus abrann siad seacht bhFáilte an Aingil, seacht nÁr nAthair agus seacht nGlóir don Athair. Nuair a bhíonn siad réidh ólann siad deoch den uisce agus fágann siad rud éigin 'na ndiaidh ann.

Deirtear gur tháinig Naomh i dtír i dTobar Ísleamáin uair agus gur ól sé deoch den uisce agus tá lorg a lámh agus glún le feiceáil ann go dtí an lá inniu. Is iad na rudaí a fhágann siad ann ná scuathóg dá naipicín, píosa beag d'éadach nó pínn. Is é Naomh Ísleamán a luaitear le Tobar Ísleamán.

Deirtear gur thug fear cuid den uisce abhaile leis le fataí a bhruith as Tobar Chinn Dheirge . Chuir sé an t-uisce air na fataí agus dá mbeadh siad thíos ó shin, ní bheadh siad bruite. B' éigean dó an t-uisce a dhoirteadh as tu agus fíoruisce a chur iontu agus ansin ní raibh siad i bhfad ag bruith.

Fuair mé an scéal ó mo mháthair. Bríd Uí Choncheanainn Baile na Seoigeach

11ú Aibreán Tráchtas Cluichí

Bríd Ní Choncheanainn (5, 11-12)

Is iad na cIuichí a in_rím ná Screaga, ag piocadh sméar agus cnónna, ag déanamh Púicín, ag déanamh i bhFolach. Is é an chaoi a mbím ag irnirt Screaga ná faighim cúig cIo cha beaga agus tosaím ag comhaireamh ó chúig go dtí cúig is dhá fhichead. Má thiteann aon cheann de na screaga uaim is cailleadh é sin agus caithim iad a thabhairt don chéad duine eile.

Bíonn mé ag baint sméar sa bhfómhar. Is in sa bhfómhar a bhíonn muid ag déanamh Púicín mar bíonn na hoícheanta fada agus is deacair iad a chaitheamh go dtí am codlata. Cuirtear éadach thart timpeall ar shúile duine agus bíonn an chuid eile ag rith timpeall agus ag bualadh buille ar an " bPúicín" agus leantar mar sin nó go mbeireann an duine a mbíonn an púicín air ar dhuine, agus ansin cuirtear air sin an púicín.

Bíonn muid ag déanamh Iompair sa samhradh. Téann duine suas ar dhroim duine eile agus iompraíonn sé é tamall. Bíonn

86

Page 88: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

muid ag déanamh i bhFolach san earrach. Táim beirt nó triúr i bhfolach agus téann an chuid eile á chuartú agus na daoine a bhíonn i bhfolach faigheann siad sin iompar ó na daoine a bhíonn á gcuartú. Is é an púicín a bhíonn muid a dhéanamh sa teach.

Bíonn muid ag rá "hell little lóí" nuair a bhíonn muid ag déanamh i bhFolach. Bíonn muid ag rá nuair a bhíonn muid ag déanamh Púicín:

" A phúicín, a phúicín, má fhaighim greim ort béarfaidh mé ort agus sáfaidh mé síos in mo phóca thú. "

Fuair mé na scéalta ó m' athair.

Bríd Ní Choncheanainn Ceathrú an Teampaill

(5, 13-14)

Seán Bhidí Ó Concheanainn

87

Page 89: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

llú Aibreán 1938 Tráchtas Rudaí Neamhshaolta Deirtear go mbíonn rudaí neamhshaolta le feiceáil go minic Ó am go ham san oileán. Seo scéal amháin a d' airigh mé ag rn' athair i dtaobh seanduine a bhí ann fadó. Bhí seanfhear ann fadó agus bhí sé ag gabháil síos chuig an gcladach ag bailiú feamainne. Ní raibh sé ach tuairim is a dó a chlog san oíche agus ba mhinic leis éirí chomh luath sin gach maidin i dtreo is go mbeadh an fheamainn ar fad bailithe aige sul má d' éiríodh aon duine.

Chuaigh sé síos maidin amháin sa Márta ag bailiú feamainne mar bhí sé ag ceapadh go mbeadh go le or feamainne sa gcladach an mhaidin seo. Nuair a tháinig sé ar bharr na haille chonaic sé mada thíos in sa gcladach. Chuaigh sé síos agus ní ligfeadh an mada síos é agus b'éigean dó casadh abhaile . Bhíodh sé ag breathnú ina dhiaidh agus bhíodh an mada ina dhiaidh i gcónaí agus sa deireadh bhí a fhios aige nár mhada saolta a bhí ann.

llú Aibreán 1938 Tráchtas Éadaí Tá trí tháilliúir san áit anois agus ní raibh ann fadó ach aon táilliúir amháin. Is in sa teach a oibríonn siad anois ach bhíodh an táilliúir fadó ag imeacht ó theach go teach. Is amhlaidh a théadh na daoine ag glaoch air le cultad a éadaí a dhéanamh do mhuintir an tío Ní bhíonn aon éadach sa teach acu le díol ach is ag na daoine féin a bhíonn sé .

Is cultacha d' éadach olla a bhíonn fite as togha na holla a chaitheann na daoine san áit. Is sin é an sórt éadaí a bhíodh na daoine a chaitheamh san áit ó thús an tsaoil agus a bheas á chaitheamh go deo san áit. Bíonn go le or gléasanna ag an táilliúir le hobair a dhéanamh. Bíonn siosúr, miosúir, méaracán, snáthaid, spól, cailc agus inneall fuála ag an táilliúir. D'airigh mé seanscéal i dtaobh an táilliúra, atá ag na daoine .

Tháinig an dreoilín ag doras tigh an táilliúra : Bhuail sé dc air is bhain sé clár as . "Mura ndéana tú mo jaicéadsa Agus veilbhit lena chába,

88

Page 90: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Beidh mise ag gabháil de mhaide ort, Go millfidh mé do ehnámha. " Déantar léinteaeha sna tithe sa mbaile . Is as éadaeh olla agus

éadaeh eadáis a déantar iad. Cniotáiltear stoeaí san áit agus is iad na mná a shníomhann an snáth le ttiirne. Tá tuirne ins gaeh teaeh san áit agus an teaeh naeh bhfuil faigheann sé tuirne ar iasaeht nuair a bhíonn sé ag teastáil uaidh. Ní ehaitheann na daoine aon éadaeh speisialta ar aon óeáid. Caitheann siad éadaeh an Domhnaigh ar bhreaeshaoire . Nuair a bhíonn bean ag gabháil ag pósadh eaitheann sí naprún geal. Bíonn péire nua deas bróg ard ar an bhfear freisin.

12ú Aibreán 1938 Tráehtas Áitainmneaeha

(5, 16-17)

Tá go le or ainmneaeha againn ar an bhfeilm ag baile . Tá ainm faoi leith againn ar gaeh páire. Tá na hainmneaeha sin orthu ó tógadh iad agus is fada an lá é sin.

Tá Bearna Luí againn: mar go bhfuil na buailte ina luí i ndiaidh a ehéile . Buaile na Muc: mar go mbíodh muea ann fadó. Gort an Arbhair: mar go mbíodh go le or arbhair ag fás ann fadó. PolI na gColm: mar go mbíodh éanlaith ar nós na geolm ann fadó. Gort an Uisee: mar go mbíodh go leor uisee ag rith ann. Gort Caonaigh: mar go mbíodh go leor eaonaeh ag fás ann. Garraí Bhríd Shiúnae: mar go mbíodh bean ag sá fataí ann. An Bhuaile Fhada: mar go bhfuil sí fada. An Muirbheaeh Gainimh: mar go bhfuil go le or gainimh ann. An Criogáinín Crua: mar go bhfuil sé crua. Creig an Bhalla: mar go bhfuil ballaí móra timpeall uirthi. Creig an Bhalla Bhuí: mar go bhfuil ballaí móra tógtha uirthi. An Tulaeh: enoe go bhfuil loeha móra uisee air. Tráeht Each: níl a fhios agam eén fáth a bhfuil an t-ainm sin. Creig na Farraige : mar go bhfuil sí in aice na farraige . An Chreig Mhór: mar go bhfuil sí mór leathan. Creig an Mhaide Mhóir: níl a fhios agam eén fáth a bhfuil an t-ainm sin uirthi. An Cnoe: mar tá ard mór air. Creig an Chró: mar go bhfuil eró tógtha uirthi.

(5, 18-19)

89

Page 91: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

12ú Aibreán 1938 Tráchtas Laethanta Áirithe Tá go leor laethanta áirithe ag na daoine le nósanna áirithe. Lá crosta na bliana, titeann sé ar an Luan gach seachtain agus níor mhaith leis na daoine aon ghruaig a bhaint amach an lá sin. Agus tá daoine ann nach mhaith leo pósadh Dé Luain agus déarfadh daoine gurb iad na laethanta ab fhearr le pósadh ná Dé Céadaoin agus Dé Sathairn.

Tagann Déardaoin Dearg i mí Eanáir i gcónaí mar sin é an lá ar maraíodh na páistí beaga a bhí fao i dhá bhliain.

Tagann Lá Fhéile Bríde an chéad lá d'Fheabhra agus ón lá sin amach bíonn gach fear tí á fháil féin i gcomhair an Earraigh.

Tagann Lá Fhéile Seáin ar an 24ú Meitheamh i gcónaí agus an oíche roimhe sin las tar tine ar bharr cnoic i ngach áit d'Éirinn in onóir na féile .

Fuair mé na scéalta seo Ó m' athair. An seoladh céanna.

12ú Aibreán 1938 Tráchtas Lá Fhéil Bríde

Bríd Ní Choncheanainn Ceathrú an Teampaill

(5, 19-20)

Is é Lá Fhéil Bríde an chéad lá den earrach agus bíonn áthas ar gach duine go mbíonn an t-earrach ar fáil . Deir Naomh Bríd go mbeadh "gach re lá ó mo lá-sa amach go breá" . Tá an lá sin ina bhreacshaoire in san oileán agus ní bhítear ag déanamh mórán oibre. Bíonn na daoine ag cur crosóg Bhríde suas ar dhíon an tí oíche Bhríde leis an ádh a bheith ar an teach ar feadh na bliana.

Bíonn na cailíní beaga ag imeacht ó theach go teach leis an mbrídeog - iad ag damhsa agus ag casadh port agus ansin faigheann muid ubh nó pínn ó gach teach. Is ceart do gach teach éisc bheo a thabhairt isteach Lá Fhéil Bríde . Tógann na daoine faochain agus bairnigh an lá sin. Deireadh na seandaoine go mb'fhearr leo Lá Bríde a bheith garbh mar go dtiocfadh an bhliain ar fad go breá ina dhiaidh sin.

90

Page 92: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Ó chaitear Lá Bríde bíonn na laethanta ag gabháil i bhfad agus na hoícheanta ag gabháil i ngiorracht. Ó chaitear Lá Bríde bíonn an ghrian ag ardú sa spéir agus cuma an tsamhraidh ag teacht ar an aimsir. Bíonn na huain óga dá mbreith san earrach. Bíonn na curaigh ag iascach san earrach gach lá a bhíonn breá.

12ú Aibreán 1938 Tráchtas Scéal Barrúil

(5, 21-2)

Bhí fear ann fadó tuairim agus fiche bliain ó shin. Is i gConamara a bhí. cónaí air agus ba ghnách leis a theacht isteach gach bliain le fuisce san oileán. Bhí beirt mhac aige agus is iad a bhíodh sa gcurach in éineacht leis i gcónaí. Bhí beirt fhear óga san oileán seo uair agus chonaic siad curach ag teacht ó Chonamara agus bhí a fhios acu gur curach Slóchtaí í. Rith siad síos láithreach agus tháinig an curach i dtír i gCeann Gainimh. Thug na Slóchtaí fuisce dhóibh agus ansin tháinig siad aníos faoin mbaile ag fiafraí de na daoine an gceannódh si ad aon chuid de?

Nuair a fuair an bheirt fhear seo na Slóchtaí imithe aníos chuadar soir arís agus fuaireadar an fuisce agus d' óladar a ndóthain de agus ní raibh siad in ann corraí agus b' éigean dóibh fanacht ansin nó go dtáinig na Slóchtaí agus fir eile anuas agus bhí si ad ar buile leo agus b' éigean dóibh na daoine a iompar abhaile . Nuair a tháinig siad abhaile bhuail a muintir iad agus bhíodar ar a gcailleadh agus níor ól siad aon deoch fuisce ó shin.

Bhíodh an fuisce ag cur go leor daoine chun báis fadó mar bhíodh siad ag ól go le or de.

(5, 22-3)

91

Page 93: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

12ú Aibreán 1938 Tráchtas Tomhaiseanna Tá go le or tomhaiseanna ag muintir na háite ar nós:

Chomh hard le balla, chomh bán le bainne, Chomh dearg le fuil, chomh milis le mil?

Freagra: úll Cén mhí is lú a níonn na mná caint? [Freagra: Mí Feabhra 1

Fuair mé na scéalta ó m' athair.

12ú Aibreán 1938 Tráchtas An Reilig

Bríd Ní Choncheanainn (5, 23)

Tá dhá reilig san oileán. Is iad na hainmneacha atá orthu ná Teampall Cheanannach agus an Seanteampall. Tá teampall Cheanannach suite ar thaobh do láimhe dé ag déanamh anoir ar Bhaile an Mhothair. Tá an Seanteampall suite thíos ar an Muirbheach istigh i bpáirc chothrom. Cuirtear daoine i dTeampall Cheanannach ach ní cuirtear aon duine sa Seanteampall anois.

Tá cuma chearnógach ar Theampall Cheanannach agus tá leacracha agus mútaí in sa Seanteampall agus mar sin tá cuma chruinn uirthi. Tá fothrach istigh i dTeampall Cheanannach agus ní chuirtear aon daoine istigh ann. Tá cuma leibhéalta uirthi. Tá crann troim ag fás istigh sa bhfothrach. Tá croiseanna os cionn daoine atá curtha istigh inti. Cuirtear na leanaí nach mbíonn baiste ar Chreig na Leanbh.

Fuair mé na scéalta ó m' athair.

92

Bríd Ní Chonchanainn (5, 24)

Page 94: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

12ú Aibreán 1938 Tráchtas Bia na Seanaimsire Is é an sórt bia a bhíodh ag na seandaoine fadó ná fataí, iasc, min choirce, agus min bhuí. Bhíodh na fataí acu trí huaire sa ló. Théidís amach ar mai din chuig an gcladach 'na dtroscadh agus nuair a bhíodh na ba blite ag na mná thabharfaidís amach na fataí acu agus bainne freisin.

Ní bhíodh mórán plúir ag na daoine an uair sin mar bhídís bocht agus freisin bhíodh an plúr gann. Nídís cácaí as na fataí trína scríobadh le scraper lena fháisceadh agus a leathnú ar éadach agus ansin é a bhruith agus buc a thabharfaidís ar na cácaí a dheinidís mar sin.

Ní bhíodh mórán feola acu ' chor ar bith fadó agus na daoine a mbíodh béile feola acu is caoireoil úr a bhíodh acu. Bhíodh iasc go minic acu mar bhíodh na fir ag iascach langaí, crúdán, sc adán, agus balachaí.

Ní bhíodh aon bhia áirithe acu ar ócáidí speisialta. Bhíodh trí nó ceithre uibheachaí ag gach duine Domhnach Cásca. Ní bhíodh aon chupáin ag na seandaoine fadó go dtí le tamall anuas ach d' ólaidís an tae as sáspan agus as na babhail.

Fuair mé an scéal ó rn' athair Seán O Concheanainn Baile na Seoigheach

llú Bealtaine 1938 Tráchtas Gníomhartha Gaisce

Bríd Ní Choncheanainn Ceathrú an Teampaill

(5, 25-6)

Cúpla bliain ó shin bhí triúr fear ag gabháil amach ag iascach maidin bhreá i dtús an fhómhair. Is ag gabháil ag iascach balachaí a bhíodar agus chonaiceadar bean istigh i dtír thíos ag áit an Chnáimhín. Micil O Conghaile, Micil O Fathartaigh agus Micil O Flaitheartaigh na hainmneacha a bhí orthu.

Ní dheachaigh siad amach ag iascach an mhaidin sin ' chor ar bith ach tháinig siad isteach san áit a raibh an bhean. Bhí faitíos

93

Page 95: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

orthu nuair a chonaic siad í agus thugadar suas í ón taoille agus ansin tháinig siad abhaile agus d'inis siad é agus chuaigh go le or daoine síos ag breathnú uirthi agus ag cur paidir lena hanam.

Chuaigh an foireann go Cill Rónáin chuig na Gardaí agus bhí faitíos orthu ansin go mb' as Cill Éinne an bhean. Tháinig na Gardaí aniar agus go leor daoine eile agus thugadar leo í agus bhí siad ag ceapadh gurb amhlaidh a bhí sí ag baint creathnach le n-ithe agus gur thit sí sa bhfarraige.

Bhí rástaí i gCill Mhuirbhí culpa bliain ó shin agus bhuaigh triúr daoine as an oileán seo rása curach. MidI Thomáis, Máirtín Sheáin Pheigín agus Máirtín Ruairí Beag na hainmneacha a bhí orthu agus ba mhór an bhua dhóibh é sin. Bhí rástaí i gCill Rónáin an sarnhradh seo caite - rástaí curach agus rástaí cos a bhí ann - agus is ag muintir an oileáin a bhí an bhua.

llú Bealtaine 1938 Tráchtas Seanscoileanna

(5, 27-8)

Le fada de bhlianta bhí go leor scoileanna ann roimh na scoileanna Náisiúnta. Bhí ceann acu i Móinín na Ruaige agus ceann ar Bhaile an Teampaill . Is múinteoirí strainséartha a bhíodh ag múineadh in sna scoileanna san am agus is in sna tithe a chónaíodh an múinteoir.

Is Béarla is mó a mhúintí an t-am sin. Is sclátaí a bhíodh ag na daoine an uair sin ag scríobh leo. Bhíodh na máistirí tamall fada san áit fadó. Bhíodh siad tuairim agus leathscór blianta in san áit. Bhíodh meas ag na múinteoirí ar na daoine an t-am sin mar bhíodh siad ag múineadh go leor de na scoláirí agus bhíodh siad in ann an oiread a dhéanamh an t-am sin leis na múinteoirí féin.

(5, 28-9)

94

Page 96: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

I

- !

llú Bealtaine 1938 Tráchtas Luibheanna Tá go le or luibheanna ann a níos dochar don talamh ar nós: broimfhéar, copóg rua, crúib phréacháin, neantógaí, slaiseanna, copógaí milse agus driseacha. Cuireann siad sin ar fad na barraí ó fhás.

Tá leigheas le fáil i meacan leoin, i nglúineach dhearg agus i bpíleanna [ ? l . Níl sé ceart maide siúil a bheith agat as sceich bháin. Itheann na daoine duileasc agus tugtar do na muca freisin é le n-ithe . Fásann an duileasc sa gcladach in sna bolláin.

Bhítí ag dathú snátha fadá le luibh chun dath buí a chur air. Is amhlaidh a chuimlídís an luibh den snáth agus go mbeadh dath buí air. Tá plandaí ann go bhfuil nimh iontu j. boidín geimhridh agus bainne bó bleachtáin. Tá an bainne bó bleachtáin an-dona le n-ithe .

(5, 29)

Cuigeann Tá cuinneog againn sa mbaile agus is rud an-úsáideach í le maistire a dhéanamh. Is as adhmad atá sí déanta agus tá sí tuairirn trí troithe ar airde. Déanann na mná dhá mhaistire sa tseachtain. Cruinníonn siad an bainne ar dtús agus ansin doirtear sa gcuinneog é agus cuirtear uisce te ann lena dhéanamh. Bítear á bhualadh tuairim agus leathuair nó go mbíonn sé déanta agus ansin doirtear uisce fuar air chun an t-irn a thógáil as an gcuinneog. Nuair a bhíonn sé réidh ansin coisriceann bean an tí é agus ansin bíonn an t-im le n-ithe againn leis an gcáca .

Fuair mé na scéalta ó mo mháthair. An seoladh céanna.

95

Bríd Ní Choncheanainn Ceathrú an Teampaill

(5, 29-30)

Page 97: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

19ú Meán Fómhair Scéal Bhí fear ann uair amháin agus bhí mac aige . Ní raibh duine ar bith sa teach ach é féin is a mhac. I gConamara is ea a bhí sé ina chónaí.

Lá amháin bhí an mac ag tógáil claí le hais an tío Tháinig an t-athair go dtí é agus dúirt sé leis gan é a thógáil . Dúirt sé go ndéanfadh sé é.Thosaigh an bheirt acu ag troid. Mharaigh an mac an t-athair.

Cuireadh é agus cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig trí sióga ar cuairt chuige. Dúirt siad leis go raibh coir déanta aige agus go gcaithfeadh siad é a thabhairt go dtí an Rí. Rith sé suas sa simléar agus cuireadh suas ina bharr é.

Tháinig garda isteach agus d'inis na sióga don gharda an rud a bhí déanta. Dúirt an garda leis na sióga breith ar cheann eile agus é a chrochadh suas agus breith ar chosa air. Tharraing siad anuas é agus thit sé tras na ar an tine . Thóg an tsióg é.

Rith sé siar sa seornra agus lig sé anuas an fhuinneog agus léim amach. Chuaigh a sto ca i bhfastó sa gclaí a bhí sé féin a thógáil nuair a mharaigh sé an t-athair.

Fuair sé de is ar theacht go hInis Meáin. Bhí se ina chónaí i dteach anseo ar Bhaile na Cre ige leathbhliain.

Oíche amháin bhí sé amuigh ar an tsráid agus chonaic sé an garda ag teacht go dtí é . Rith sé go Trácht Each agus isteach san uamhain. Lá arna mhárach tháinig sé amach agus suas leis ar an aill. Chuaigh sé amach ó dheas. Bhí sé ann trí lá. Bhíodh sé ag ithe na sleabhcán. Lá chonaic sé bád ag teacht. Chuaigh sé sa mbád agus amach leis go dtí Maigh Eo [ ? ] .

Máire Ní Fhlaitheartaigh [Máire Pheadair Mháirtín �] (5, 31-2)

19ú Meán Fómhair 1938 Scéal Bhí bean ann fadó agus bhí aon chailín amháin aici. Aon oíche amháin d'imigh an cailín uaithi. Bhí sí an-uaigneach ina diaidh. Ní raibh a fhios ag an máthair cén áit a raibh sí. Chuaigh an mháthair ar lorg an chailín agus ní bhfuair sí í.

Tháinig be an isteach lá chuici. D'fhiafraigh sí dhi an bhfaca sí

96

Page 98: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

an cailín? Dúirt sise nach bhfaca sí í. Bhí an cailín ag na sióga. Aon lá amháin chonaic a máthair í agus í ag gabháil chuig an

tobar. Ghlaoigh a máthair uirthi. Rith sí go dti í. "Cá raibh tu uaim, a chailín, go dtí seo"? "Bhí mé ag na sióga" . "Agus cén fáth gur imigh tú uaim ' chor ar bith?" Bhí sí féin agus a máthair sa teach ansin. Chuaigh an cailín chuig

an siopa lá. Ag teacht ón siopa dhi, chuaigh sí isteach chuig seanbhean a bhí sa seomra. Níor rinne an cailín ach breathnú suas sa simléar. Chonaic sé mála óir ann. Thug sé léi é . D'imigh sí léi abhaile ansin . Phós sí buachaiU óg agus bhí siad an-saibhir ansin.

Máire Ní Chonghaile (5, 33-4)

Máire Pheadair Mháirtín Ní Fhlaitheartaigh (Bean uí Bhuachalla)

97

Page 99: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

3ú Deireadh Fómhair Scéal Bhí bean ann fadó a bhí pósta ag fear. In Inis Meáin is ea a bhí an bheirt acu ina gcónaí. Bhí iníon acu. Máirín an t-ainm a bhí uirthi. Bhí sí fiche bliain d'aois nuair a fuair sí bás .

Gach oíche nuair a bhíodh a máthair ag caitheamh fataí an tsuipéir chuig na muca bhíodh an bhean ar an gdaí ag breathnú uirthi. Ní insíodh sí dá fear dada ina taobh. Oíche amháin labhair sí leis an mbean ar an gdaí.

"An tú mo Mháirín?", a deir an mháthair léi. "Is mé", a deir sí. "Céard atá do do choinneáil as na Flaithis?" "Tá aon rud amháin, a mháthair, ' mo choinneáil as. Nuair a

bhí mé ar an saol seo bhí mé ag cur go le or snátha amú. A mháthair", a deir sí, "ar chuala tú riamh snáth fada na huinge?" "Chuala", a deir an mháthair. "Ach má thugann tú luach Aifrinn don sagart beidh mise ceart", a deir Máirín. "Tá go maith", a deir an mháthair. D'imigh sí léi ansin agus

níor tháinig sí go dtí í níos mó. Nuair a chuaigh sí abhaile thosaigh sí ag inseacht an scéil dá

fear. Lá arna mhárach bhí an sagart le teacht . Thug siad luach Aifrinn don sagart agus gach am a dtéadh an bhean chuig na muca ní raibh sí le feiceáil timpeall ann.

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Máire Ní Fhlaitheartaigh (5, 35-6)

Bhí fear fadó ann. Bhí sé amuigh in san oíche ar cuairt agus nuair a bhí sé ag teacht ó chuairt chuaigh sé thar theach na sióg.

Oíche Shamhna a bhí ann agus bhíodh na sióga bailithe le chéile an oíche sin. Nuair a chuaigh an fear thar an teach d' airigh sé na sióga istigh. Sheas sé suas tamall beag agus chuir sé duas air féin ag éisteacht leo. Bhí an daras ar oscailt acu agus bhreathnaigh an fear isteach orthu. Bhí siad ag déanamh spóirt agus ag rince dhóibh féin.

Chuaigh an fe ar isteach i ngan fhios dóibh agus chuaigh sé ag

98

Page 100: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

déanamh spóirt in éineacht leo. Bhí téad acu agus iad ag déanamh spóirt leis. Ghoid an fear an téad ó na sióga agus abhaile leis. Chuaigh na sióga amach ina dhiaidh ach bhí sé ag baile an uair sin agus sin é deireadh an scéil sin.

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Sorcha Ní Chonghaile (5, 37)

Bhí fear agus bean ann aon uair amháin. Bhíodh siad ag obair go han-mhaith. Aon oíche amháin chuaigh an bhean chuig an tobar. Nuair a bhí sí ag gabháil amach an doras casadh sióga dhi. D'fhiafraigh na sióga dhi cá raibh sí ag gabháil? Dúirt sí leo gur chuig an tobar a bhí sí ag gabháil. Chuadar isteach sa teach ansin.

D'imigh an bhean ansin chuig an tobar uathu. Ag teacht ón tobar di casadh fear di ar an mbóthar. D'fhiafraigh an fear di ar casadh na sióga dhi? Dúirt sí leis go raibh siad sa teach agus go raibh siad ag sníomh olainne di. Dúirt an fear léi a rá leis na sióga go raibh Cno c Meá trí lasadh agus ansin dúirt sí leo é .

Agus d'imíodar ansin. Murach sin bheadh an fear agus an bhean marbh acu.

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Máire Ní Chonghaile (5, 38)

Bhí seanbhean in Inis Meáin fadó. Thíos i dTrácht Each a bhí an teach aici. Ní raibh duine ar bith sa teach ach í féin. Fuair sí bás agus tháinig daoine ar a tórramh san oíche.

Bhí táilliúir san áit freisin agus bhí a fhios aige go raibh go leor airgid ag an tseanbhean agus ba mhaith leis an t-airgead a bheith aige féin. Chuimhnigh sé ar chIe as leis na daoine a chur as an teach. Fuair sé píosa giúsaí agus las sé é, agus sheas sé amach ar aghaidh na fuinneoige agus scanraigh na daoine agus rith siad amach as an teach agus rith siad abhaile mar cheap siad gur sióga a bhí ann.

Nuair a bhí na daoine imithe chuaigh an táilliúir isteach sa teach

99

Page 101: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

agus ghoid sé an t-airgead agus chuir sé an bhean i bhfolach. Tháinig na daoine ar maidin ar thórramh na seanmhná agus ní raibh sí ann. Bhí ionadh orthu agus dúirt siad gurbh iad na sióga a ghoid í. Chuaigh 'chuile dhuine ag cuartú na mná. Bhí an táilliúir féin ag cuartú agus a fhios aige go maith cá raibh sí.

Dúirt an sagart go raibh sé in am aige an tAifreann a rá . Bhí loch mhór ann agus dúirt an sagart dá dtiocfadh sé trasna na locha go mbeadh sé in am Aifrinn agus dá dtiocfadh sé an bóthar go mbeadh sé thar am air. Tháinig an táilliúir go dtí an sagart agus dúirt sé leis an sagart:

"Tabharfaidh mise trasna thú ar mo dhroim" . Chuaigh an sagart ar dhroim a n táilliúra agus amach leis an táilliúir sa loch.

Nuair a bhí sé amuigh i lár na locha, "Mise", a deir an táilliúir, "an té a ghoid an bhean agus tá an t-airgead agam" .

" Ó, tá an mí-ádh ort" , a deir an sagart agus chaith sé an sagart in sa loch. Agus chuaigh sé féin isteach.

Tháinig an sagart isteach agus dúirt sé an tAifreann. Tháinig an táilliúir chuig an Aifreann. Bhí gach duine ag rá go mbuailfeadh an sagart é. Ach níor bhuail an sagart é .

8ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Máire Ní Chonghaile (5, 39-41)

Bhí bean agus fear ann fadó. Gach oíche thagadh fear agus sheasadh sé amach ar aghaidh an dorais . Ní labharfadh an fear ná an bhean leis. An oíche seo tháinig an fear chuig an doras agus beirt bhan leis. Bhí cathaoir an duine ag na mná agus leag siad an dá chathaoir sa mbuaile a bhí amach ar aghaidh an tí.

An bhean a bhí sa teach - bhí beirt iníon agus mac amháin básaithe leis an mbean. Agus ba iad sin iad a bhí ag triall uirthi. Tháinig siad isteach agus labhradar agus labhair an fear agus an bhean leo. Chuaigh an fear agus an bhean amach féachaint céard a chuir siad sa mbuaile.

(5, 42)

100

Page 102: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

28ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí bean ann fadó. Ní raibh sa teach ach í féin agus an maCo Ní raibh an mac ag tabhairt cúnamh ar bith di. Bhí siad go bocht ansin agus b' éigean dóibh an bhó a bhí acu a dhíol.

Lá amháin chuaigh an mac ar an aonach leis an mbó a dhíol ar an aonach. Nuair a bhí sé ag teacht ón aonach casadh fear air. D'fhiafraigh an fear de cá raibh sé? Dúirt sé leis an bhfear go raibh sé ar an aonach ag díol na bóo Chuaigh an fear go dtí an áit a raibh an teach aige .

D'imigh an buachail1 leis agus chuaigh sé isteach i siopa agus d'ól sé cupán tae . D'imigh sé leis ar a bhealach agus chuaigh sé abhaile chuig a mháthair. Nuair a chuaigh sé isteach sa teach aici chuir sí fáilte roimhe agus d'fhiafraigh an bhean de ar dhíol sé an bhó? Dúirt sé léi gur dhíol.

D'imigh sé leis arís lá arna mhárach agus d'fhág sé a mháthair sa teach léi féin. Aon oíche amháin tháinig sióga isteach sa teach aici. Níor rinne na sióga ach í a mharú agus d'imíodar leo . Ní raibh duine ar bith sa teach ansin.

31ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Máire Ní Chonghaile (5, 43-4)

Bhí fear ann fadó. Lá amháin d' éirigh sé go han-mhoch ar maidin. Chuaigh sé siar le c1adach. Thosaigh sé ag bailiú feamainne. Céard a fuair sé inti ach c1iabh. Dúirt sé go leagfeadh sé isteach sa teampall é . Isteach leis inti. D' fhág sé an c1iabh sa gcúinne ó dheas.

Ag gabháil amach dó ina lár thosaigh sé ag rá nach fíor go mbíonn an duine deireanach a chuirtear sa teampall ag faire an gheata. Tamall beag, go hobann rugadh ar ghualainn air agus tugadh c1abhta dhó is cuireadh amach an geata é. Ní fhaca sé duine ar bith sa teampall. Dúnadh an geata ina dhiaidh.

101

Máire Ní Fhlaitheartaigh (5, 44)

Page 103: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

28ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí beirt bhan ann fadó. Beirt charad dá chéile iad. Nóra agus Máire na hainmneacha a bhí orthu. Oíche amháin chuaigh an bheirt acu chuig an tobar ag iarraidh uisce. "Tobar Bhuaile na gCnoc" an t-ainm a bhí ar an tobar.

Chuaigh an bheirt acu isteach in sa tobar agus sheas an bheirt acu ar chois duine in sa tobar. Thum siad an t-uisce agus chuaigh siad suas ar bharr na haille agus chonaic siad fear ag gabháil amach as an tobar agus siar leis i mbuaile eile agus ní fhaca siad é as sin amach. Chuaigh siad abhaile agus ní dheachaigh siad chuig an tobar sin aon oíche eile . Agus tá an bheirt sin beo fós.

Máire Ní Chonghaile (5, 45)

An tSr Trease (Peige Pheait Antaine) Ní Fhathartaigh

102

Page 104: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

, '.

31ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí triúr fear ann fadó agus is fadó a bhí. Albanach duine acu. Éireannach duine eile acu. Sasanach duine eile acu. Tháinig aingeal acu agus dúirt sé leis an triúr acu:

"Tiocfaidh an diabhal chugaibh i gcomórtas péiste agus abróidh sé libh: ' 'Cén chuma a bhfuil sibh?" Ach mo léan géar tháinig an gadaí agus bhuail sé ar an doras

ag an Albanach. D'oscail an tAlbanach é agus dúirt leis suí síos ar an gcathaoir. Dúirt an diabhal leis nach chun suí síos a tháinig sé ach le haghaidh go gcuirfeadh sé aon cheist ba mhian leis air. Dá bhfreagródh sé gach ceist a chuirfeadh an tAlbanach air go dtiocfadh sé á iarraidh arís i gceann lá is bliain. D'fhreagair an diabhal gach ceist dár chuir sé air.

Chuaigh sé chuig an Sasanach ansin agus d'fhreagair an diabhal gach ceist a chuir an Sasanach air agus dúirt an diabhal leis go dtiocfadh sé á iarraidh arís i gceann lá is bliain.

Chuaigh se chuig an Éireannach bocht ar deireadh. Chuir sé na ce iste anna céanna air agus ní raibh an diabhal in ann iad a fhreagairt dó. Ba Protastún ba ea an tÉireannach ach d'imigh an diabhal ansin agus tháinig sé arís chuig an Albanach agus chuig an Sasanach i gceann lá is bliain. Thug sé leis iad go hIfreann.

Cailleadh an tÉireannach agus mor glacadh é in sna flaithis agus díbríodh é go hifreann. Ní ghlacfaí ansin é . Dúirt an diabhal go raibh sé róchríonna agus nach raibh aon ghnaithe aige dhó, agus is é sin atá in sa bhfarraige ó shin - is é sin Seán an Laindéir.

Maighréad Ní Fhathartaigh [Peige Pheait Antaine ] (5, 46-7)

14ú Samhain 1938 Scéal Bhí bean ann fadó. Is fadó a bhí. Bhí cloch eibhir thiar ar Aill an Fhéir. Bhíodh an bhean seo ina suí ar an gcloch i gcónaí. Bhí fear ag cuartú caorach timpeall ann. Chonaic sé an bhean ann.

Labhair sé léi is labhair sise leis. Leag an fear a lámh ar an gcloch. Thit an bhean síos sa bhfarraige. Bhí carraig bheag sa bhfarraige agus d'fhan sí ina seasamh uirthi.

Tháinig triúr fear ann. Dhúisigh siad coinín. Rith an coinín síos ar bharr na haille. Rith na fir ina dhiaidh. Chonaiceadar an bhean

103

Page 105: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

síos fúthu sa bhfarraige . "Cé a léimfeas síos is thabharfas aníos í?"

a deir duine acu. Léim an fear a chaith síos í is thug sé aníos í. Phós an bheirt acu is d'imigh siad go Meiriceá is tá siad beo fós.

Máire Ní Fhlaitheartaigh (5, 48)

Tomás Sheáin Bhrian 6 Flaitheartaigh

Seán Bhrian 6 Flaitheartaigh

104

Page 106: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bosca 2C Cóipleabhar 6 Inis Meáin Oileáin Árann

19ú Meán Fómhair 1938 Scéal Bhí fear ann fadó agus d'imigh sé amach san oíche. Thug sé leis a ghunna go ngabhfadh sé ag marú lachan ar an loch. Síos Trácht Each a chuaigh sé .

Bhíodh sé ag feiceáil rudaí ina thimpeall. Fear misniúil a bhí ann agus bhí sé an-éasca. Mar sin ba chuma leis agus choinnigh sé air.

Nuair a tháinig sé go dtí an lo ch bhí sé ag éalú go réidh agus an t-urchar sa ngunna aige . Nuair a tháinig sé go dtí an claí bhreathnaigh sé go réidh thairis mar d' airigh sé rud ag slapaíl mar a bheadh lacha. Ach nuair a bhreathnaigh, céard a d'fheicfeadh sé ach bean ag níochán. Bhuail faitíos é agus d'imigh sé leis agus é go dona le faitíos. Bhí go le or rudaí á leanacht agus ghread sé uathu abhaile agus é ag titim le faitíos.

Ní ghabhfadh sé amach san oíche ag foghlaeireacht ní ba mhó.

Tomás Ó Flaitheartaigh [Tomás Sheáin Bhrian] (6, 1)

Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Flaitheartaigh (Brian), Ceathrú an Teampaill .

19ú Meán Fómhair Scéal Bhí curach lá ag iascach timpeall an oileáin. In san oíche tháinig gála mór agus d' éirigh an fharraige agus mor fhéad siad a theacht i dtír ar an tslip . Chuaigh siad síos go Trá Leitreach agus tar éis tamall fada a chaitheamh ann ag fanacht le ham chun teacht i dtír, tháinig siad i dtír sa deireadh.

Chuir siad suas an curach ansin go dtí Aill na Sióg. Tháinig múr báistí agus chuaigh siad ar foscadh faoin gcurach agus nuair a bhí an múr thart bhreathnaigh duine de na daoine amach agus chonaic sé sióg thuas ar an gcurach agus chonaic sise é agus rith sí síos in sa bhfarraige .

Seán Mac Donnchadha Ceathrú an Leisín

(6, 2) Fuair mé na scéalta ar fad ó m/athair. An seoladh céanna.

105

Page 107: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí beirt fhear ann uair amháin agus beirt dearthár ab ea iad. Bhí an fear ba shine saibhir agus an fear eile bocht, agus bhíodh an fear bocht ag iarraidh rudaí i gcónaí ar an bhfear saibhir. Uair amháin nuair bhí sé ag iarraidh plúir ar an bhfear saibhir dúirt an fear saibhir leis gan a theacht ag iarraidh aon cheo eile air níos mó ach gabháil á iarraidh go dtí an áit thíos.

Bhí rud éigin uaidh am éigin agus d' imigh leis agus bhí sé ag siúl go dtáinig sé go dtí polI mór. Chuaigh sé síos ann agus nuair a bhí sé thíos rug beirt fhear air agus chuireadar tras na ar thine mhór é agus d'fhágadar ann é tamall maith. Ansin d'iarr siad air teacht amach as an tine agus gabháil abhaile. Dúirtseisean nach dtiocfadh gur thaithnigh an teas leis . Dúirt siad leis go dtabharfadh siad muileann beag dó agus rud ar bith a déarfadh sé leis dhéanfadh sé é .

D'imigh sé an sin agus mheil an muileann teach beithígh agus eallaigh dhó agus nuair a chonaic an fear saibhir é sin fuair sé bás le hionadh.

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Peadar O Fathartaigh (6, 3-4)

Bhí fear ann fadó agus bhí sé féin agus beirt eile ag iascach langaí go deireanach san oíche. Ar chuma ar bith tháinig ceo agus iad ar an bhfarraige . Ar deireadh tháinig siad i dtír ag an tslip ar a dó dhéag a chlog.

Is ar Bhaile an Mhóthair a bhí siad ina gcónaí. Chonaic duine acu darbh ainm Seán Thomáis fear ag gabháil isteach an tsruthair - áit atá taobh amuigh den tslip agus bhí bhástcóta bán air. Nuair [ a bhí] sé istigh ag an tslip, tháinig sé anuas chuig an gcurach. D'fhiafraigh sé dhíobh an raibh mórán ias c acu agus d'insíodar dó sin. Ansin d'imigh sé síos Trá Leitreach agus d'imigh sé as amharc ar fad ar deireadh.

Ach ar chuma ar bith roinneadar an t-iasc agus chuadar abhaile gach duine go dtína theach féin. Ach ní raibh Seán Thomáis i

106

Page 108: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

bhfad ina chodladh gur airigh sé fear ag siúl taobh amuigh ag briseadh na ndoirse is gach rudo Chaith sé rud isteach sa seomra ina raibh Seán Thomáis agus bhuail sé air agus fuair sé bás .

9ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Micil Ó Fathartaigh (Séamas) (6, 5-6)

Bhí be an in san oileán seo tráth agus d' ill'igh sí go Baile Átha Cliath ag saothrú a beatha. Bhí sí deich moliana ann. Ach tháinig sí abhaile ar deireadh agus is Tigh Mháirtín Óig a d' fhan sí nuair a tháinig sí ar Iaethanta saoire.

Ach oíche amháin nuair a bhí Máirtín ag gabháil síos chuig an gCaIadh Mór ag cur amach na líonta dúirt sé Iéi na fataí a bheith bruite aici nuair a thiocfadh sé .

Ansin nuair a bhí sé imithe ghIéas sí iad ach ní raibh a fhios aici cá raibh an tobar. Ach chuaigh sí suas go dtí Tobar Chinn Dheirge agus thug sí as an t-uisce is chuir sí in sna fataí é .

Ar deireadh tháinig Máirtín agus bhreathnaigh sé orthu agus ní raibh teas ar bith orthu féin ná ar an uisce. Agus d' fhiafraigh sé dhi cé as an t-uisce? Agus an sin spáin sí dhó an tobar agus d/inis sé dhi ansin go mba thobar beannaithe [ é ] . Ansin dhoirt sí na fataí agus cuireadh uisce eile iontu as Tobar an Róidín, agus ansin ní raibh siad i bhfad ag bruth.

Ach dúirt sé Iéi gan aon uisce a thabhairt as sin lena cuimhne arís .

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Micil Ó Fathartaigh (Séamas) (6, 7-8)

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chónaí ar Bhaile an Mhothair agus oíche amháin ar a trí a cholg soir go dtí an tslip a chuaigh sé ag bailiú feamainne. Nuair a bhí sé ag gabháil soir ag na Leacrachaí Móra chonaic sé lámha á dtarraingt amach ar na creaga

107

Page 109: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

a bhí taobh amuigh den bháthar - amach chuig an gCromleic - agus isteach air arís síos duirling na slipe go dtáinig sé go farraige agus chaitheadar feamainn agus sáile air . Bhuaileadar le slata draíochta é agus d'imíodar ansin. Bhí sé go dona acu ansin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Bhí rud ag teacht ar a shrán agus bhí sí lofa ar deireadh. Cailleadh é sa deireadh.

6ú Deireadh Fárnhair 1938 Scéal

Micil Ó Fathartaigh (Séamas) (6, 9)

Bhí bád ag fear san oileán fadá agus chuaigh sé amach ag iascach lá amháin. Bhí an lá go breá; bhí an fharraige go ciúin. Amach á dheas den oileán a chuaigh siad. D'fhan sé amuigh go tráthnána. Bhí daoine go le or in éineacht leis sa mbád.

Nuair a bhí sé ag teacht abhaile tháinig calm orthu agus cuireadh isteach sa gCrombhall iad agus is beag nár bádh iad ach d' éirigh leis na fir a bheith as an mbád agus chuaigh siad soir go dtí Máirtín Mhicil agus d' ál siad tae ann.

Bhris an bád ansin . Tháinig cuid i dtír sa Manta agus i dTrácht Each agus i gc1adaí eile agus fuair daoine [ é ] .

Seán Ó Conghaile Ceathrú an Teampaill

(6, 10) Fuaireas an scéal seo á Sheán Ó Conghaile (Dara). An seoladh céanna.

Scéal Bhí bean ann fadá agus bhí sí ar bhruach aille . I gcionn tamaill tháinig fear aici agus bhí ole már aige dhi. Dúirt an fear léi:

"Céard é sin thíos ag snámh ar an bhfarraige?" Shíl an bhean nach ag inseacht aon bhréag a bhí sé agus bhreathnaigh sí síos agus nuair a chonaic an fear í ag breathnú síos níor rinne sé ach í a chaithearnh síos sa bhfarraige.

Lá amháin ina dhiaidh sin chuaigh curach amach ag iascach

108

Page 110: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

agus chonaic an triúr fear a bhí sa gcurach í ar bharr an uisce agus í ag snámh. Ach bhí eagla ar na daoine mar bhí sé an-deireanach agus bhíodar ag ceapadh gur bó a bhí inti ag an dath a bhí ar a cóta. Mar sin féin choinníodar orthu ag iomramh agus d'fhanadar amuigh ar feadh na hoíche ag iascach agus bhíodar ag fáil go leor iasc.

Ar deireadh d' éirigh an fharraige agus d' ardaigh sé chun feochain agus b'éigean dóibh a theacht i dtír. Ar a mbealach dóibh casadh an bhean arís orthu agus dúirt sí go mbáfaí iad mar gheall nár thóigeadar í féin agus b'fhíor di. Nuair a bhíodar i mbéal an chladaigh, tháinig tonn mhór isteach sa gcurach agus bádh iad.

MidI Ó Meachair Ceathrú an Teampaill

(6, 11) Fuaireas na scéalta ó Bheairtle Ó Meachair.

Scéal Bhí fear ann fadó agus d'imigh sé féin agus a mhac amach sanoíche. Bhí siad ag gabháil síos le cladach. Chonaic an mac an rud dubh ag teacht chucu. Tháinig faitíos mór air. Spáin sé dá athair é. Níor rinne an t-athair tada ach ghread sé chomh maith agus ab fhéidir leis é . Ghread an mac ina dhiaidh ach ní raibh sé chomh héasca leis. Lean an rud iad. Thosaigh an mac ag béiceach agus ag caoineadh ach ní fhanfadh an t-athair leis. Bhí an rud ina ndiaidh i gcónaí.

Ach nuair a tháinig siad go dtí carcair ní fhacadar é ní ba mhó. Tháinig an mac suas leis an athair ansin agus chuadar abhaile le faitíos . Chuadar a chodladh agus d'éirigh an t-athair go mo ch ar maidin agus chuaigh sí síos in san áit chéanna.

Bhreathnaigh sé thart air agus céard a d'fheicfeadh sé ach gabhar istigh faoin aill. Chuirnhnigh sé ansin go mb'fhéidir gurbh é an gabhar a lean é mar leanfadh gabhar thú san oíche.

109

Tomás Ó Flaitheartaigh Ceathrú an Teampaill

(6, 12)

Page 111: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Scéal Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé amach Ó dheas ag iascach. Bhí an lá ag báistigh. Triúr a bhí sa gcurach. Is iad na hainmneacha: Tomás Mac Bháin, Seán Dhónaill agus Micil Éamainn.

Chuaigh siad amach go luath ar maidin. Bhí siota beag gaoithe ann ach go raibh an fharraige ciúin. Tháinig ceo orthu agus ní raibh a fhios acu cá raibh siad ag gabháil . Tháinig siad i dtír i gCiarraí agus cheap na daoine ag baile gurb amhlaidh a bádh iad. Bhí siad á gcaoineadh.

Sa deireadh tháinig an curach abhaile ó Chiarraí. Bhí siad go dona agus cailleadh duine acu.

Sean Ó Conghaile Ceathrú an Teampaill

(6, 13) Fuaireas na scéalta ó Sheán Ó Conghaile (Dara) . An seoladh céanna.

30ú Deireadh Fómhair Fear in sna Sióga Bhí fear ann fadó agus is é an leasainm a thugadh na daoine air ná an Póilí. Oíche amháin bhí sé féin agus Dara Mór agus Micil Bán ag iascach agus tháinig an oíche fliuch stoirmiúil agus tháinig siad i dtír ar an gCaomhnadh agus thugadar an curach isteach ar eanlach Thomáis Mhóir. Sin sórt áit ar a dtriom [aítear] coirleach.

Chuireadar ar chranna cé a d'fhanódh ag fair e na curaí ar fhaitíos go gcorródh an gála í. Ach is ar an bPóilí a thit an crann agus b'éigean dó fanacht dá faire . Ach ar chuma ar bith d'imigh an bheirt eile abhaile agus nuair a bhí siad imithe is é an rud a rinne an Póilí ná clocha móra a chur timpeall na curaí. Ansin nuair a bhí sé sin déanta aige chuaigh sé isteach fúithi.

Ach ní raibh sé iseach fúithi nuair a bhí siad istigh ina dhiaidh na sióga . Thugadar leo an curach. Ansin d'fhan an Póilí ansin. Rith sé abhaile agus ní raibh sé ach abhaile nuair a cailleadh é agus níor mhair an bheirt eile i bhfad. Nuair a tháinig an Póilí abhaile dúirt sé :

110

Page 112: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

"Tá mé réidh". Tháinig an bheirt eile ar cuairt chuige an oíche ina dhiaidh nuair

a chuala siad é a bheith go dona agus bhí brón mór orthunár fhan an triúr acu á faire .

Ach chuaigh an bheirt eile ag iarraidh an tsagairt agus nuair a tháinig an sagart dúirt sé cúpla paidir. Ansin d'inis sé dóibh gurb iad na sióga a theangmhaigh leis. Nuair a bhí an ola dheireanach air chuaigh sé abhaile arís .

Ach seachtain ina dhiaidh fuair Dara Mór bás agus an lá ina dhiaidh fuair Micil Bán bás .

MidI Ó Fathartaigh (Séamas) Ceathrú an Leisín

(6, 14-15) Fuaireas na scéalta seo ó Mhicil Ó Dónaill. Mo sheoladh féin.

31 Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos Port na Cara ag a haon a chlog. Bhí sé ag ligint a scíth agus d' airigh sé torann. Tháinig faitíos mór air agus ní ligfeadh an faitíos dó breathnú thart.

Scairteadh solas taobh thoir de . Luigh sé ar an talamh faoin gclaí le faitíos. Tháinig rud geal aníos an bóthar agus d'imigh sé síos thairis . Ar an bpointe is a fuair sé imithe síos é, rith sé suas an bóthar. Caitheadh clocha leis. Ní raibh ann ach gur mhair sé le faitíos.

Rith ceann de na clocha anall chuig a chosa - ba chIo ch sí í. Rith sé ar deireadh chomh maith agus a bhí sé in ann. Nuair a tháinig sé go claí ard, shuigh sé síos lena scíth a ligint. Tháinig daoine aníos agus rugadar air. Thugadar suas an bóthar leo é. Bhuaileadar go mór é ach dúirt duine acu ar deireadh é a ligint abhaile . Murach sin, mharófaí é . Chuaigh sé abhaile agus é go dona lena raibh buailte air.

111

Tomás Ó Flaitheartaigh Ceathrú an Teampaill

(6, 16)

Page 113: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

14ú Samhain 1938 Scéal Bhí fear ann fadó agus in san oileán a bhí sé ina chónaí. Ní bhíodh sé ag gabháil chuig an Aifreann gach Domhnach nuair a thagadh an sagart . Bhíodh na daoine ag iarraidh air gabháil chuig an Aifreann ach ní thugadh sé aon aird orthu.

An Domhnach seo chuaigh sé ann agus níor iarr aon duine air gabháil ann. Bhí sé istigh sa séipéal an fhad agus a bhí an tAifreann á rá. Nuair a chonaic sé an sagart ag ól an fhíona dúirt sé amach os comhair na ndaoine leis an sagart:

"Bhí a fhios agam go bhféadfá déanamh leis . "

14ú Samhain 1938 Oíche Shamhna

(6, 17)

Is í anocht Oíche Shamhna. Is í an fhéile is mó í i mí na Samhna go léir. Bhí féasta mór ag na mná ins gach teach. Bíonn na fir ar cuairt in sna tithe agus iad ag imirt cártaí.

Bíonn úlla acu agus caitheann siad i dtubán uisce iad. Tagann duine i ndiaidh duine ag tumadh a gcinn síos in san uisce ag iarraidh an t-úll a fháil .

Deirtear go mbíonn na caiple bána ag imeacht thart Oíche Shamhna. Is ceart an t-uisce a thabhairt isteach roimh ghabháilfaoi na gréine . Ní ceart aon sméar a ithe ó Oíche Shamhna amach mar bíonn na púcaí á n-ithe an oíche sin.

Seo deas a bhíonn sa teach Oíche Shamhna. Cuirtear maide ina sheasamh i lár an urláir. Leagtar dár mór ar a bharr. Ceithre choinneal a bhíonn air. Ar cheann an chláir leagtar cáca agus cáca milis ar an gceann eile agus úlla ar an gceann eile, milseáin ar an gceann eile deiridh, agus cuirtear coinneal agus í ar lasadh. Ansin cuirtear duine de ghasúir an tí amach ar an gdár. Bíonn an-spóirt acu ansin. Bíonn siad ag iarraidh breith ar an úll nó ar an gcáca milis nó ar an milseán agus in san am céanna ag iarraidh iad féin a sheachaint ar an gcoinneal ar eagla a ndóite .

(6, 18-19)

112

Page 114: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

19ú Nollaig 1938 Scéal Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Bhíodar an-bhocht ach bhí aon chapall amháin acu agus chuaigh an mac chun an aonaigh chun an capall a dhíol.

Nuair a tháinig sé go dtí an áit 'na raibh an t-aonach tháinig dhá cheannaitheoir chuige agus d'fhiafraigh siad dó an ndíolfadh sé an capall? Dúirt sé nach ndíolfadh sé an capall ar go leor, mar nuair a theastódh airgead uaidh nach raibh aige ach buille de mhaide a thabhairt di agus go gcaithfeadh sí leathchoróin aisti féin . Leis sin chuir an mac lámh ina phóca agus chaith sé leathchoróin faoi chosa an chapaill i ngan fhios dóibh. Agus dúirt sé ansin gurb í an capall a chaith aisti í. Thugadar carnán mór airgid dó ar an gcapall. Chuaigh sé abhaile agus bród mór air.

D'imigh na ceannaitheoirí ansin agus chaitheadar a gcuid airgid go fánach ag súil go dtabharfadh an capall dóibh nuair a bhí a raibh acu caite . Bhuail duine acu buille ar an gcapall ach má bhuail féin ní raibh aon mhaith dó ann. Bhíodar ag bualadh an chapaill nó gur mharaigh siad í.

Tháinig fearg orthu ansin agus tháinig siad go dtí mac na baintrí le sásamh a bhaint de. Nuair a tháinig siad go dtí an teach ní raibh sé istigh rompu. Bhí a fhios ag an mbaintreach agus ag an mac go dtiocfadh siad le sásamh a bhaint díobh; agus cheap siad cleas éigin le himeacht uathu.

An lá roimhe sin chuaigh an mac amach agus rug sé ar choinín agus thug sé abhaile é gan é a ghortú. Nuair a tháinig siad isteach sa teach d'fhiafraíodar den bhaintreach cá raibh an mac?

"Níl sé istigh anois", arsa sí, "ach cuirfidh mé teachtaireacht chuige" . Chuaigh sí go dtí an áit 'na raibh an coinín. Rug sí air agus scaoil sí amach é . Bhí a fhios ag an mac go ndéanfadh sí é agus bhí sé sa gcoinicéar roimhe. Nuair a tháinig an coinín síos ann rug air agus thug sé abhaile é .

Nuair a chonaic na ceannaitheoirí é ag teacht agus an coinín aige d'fhiafraíodar díobh an ndíolfaidís an coinín? Dúirt siad go ndíolfadh. Fuair siad carnán airgid air.

Nuair a theastaigh rud éigin uathu dúirt siad go gcuirfidís an coinín á iarraidh sa siopa. Chuir siad páipéar cúig phunt faoina mhuineál agus dúirt siad leis gabháil go dtí an siopa. Scaoil siad uathu an coinín ansin. Rith go dtí an coinicéar agus cúig phunt faoina mhuinéal.

113

Tomás Ó Flaitheartaigh Baile na Seoigheach

(6, 20-22)

Page 115: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Scéal Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Lá amháin bhí sé ag gabháil aníos le cladach agus chonaic sé go leor adhmaid ar snámh agus dúirt sé go n-éireodh sé go luath ar maidin agus go ngabhfadh sé síos ann.

Bhí go maith. D' éirigh sé ar a trí a cholg agus chuir sé air a chuid éadaigh agus d' ól sé a chuid tae agus d'imigh sé síos. Thug sé an mada leis. Nuair a tháinig sé go dtí an áit a raibh an t-adhmad ar snámh, ní fhaca sé tada ann. Thosaigh sé ag cuartú na trá agus is gearr go bhfaca sé rud geal tamall síos ar an ngaineamh.

Rinne sé air agus nuair a cheap sé a bheith san áit a raibh sé ní raibh rud ar bith ann. Ach is amhlaidh a leagadh é féin san áit chéanna, agus gearradh a lámh. D' éirigh an fear go héasca agus rith sé suas an trá. Shuigh sé síos ar bharr na duirlinge ag aireachas 'na thimpeall .

Ní raibh sé i bhfad ann nó go bhfaca sé píosa adhmaid ag teacht i dtír. Chuaigh an fear síos agus thug sé abhaile é. Nuair a bhí sé triomaithe, fuair sé tua agus sámh agus scoilt sé an t-adhmad agus céard a thitfeadh amach as ach trí píosaí móra óir agus iad istigh i máilín leathair. Bhí sé saibhir uaidh sin amach.

Tomás Ó Flaitheartaigh Ceathrú an Teampaill

(6, 22-3) Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Flaitheartaigh (Brian) . An seoladh céanna liomsa.

Bosca 2C Cóipleabhar 7 Inis Meáin Oileáin Árann Maighréad Ní Fhathartaigh

Seanchas i dtaobh na hAimsire Tá a lán comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt ar an sórt aimsire a bhíonn le teacht. Tá comharthaí acu (a) ón ngealach; (b) ón ngrian; (c) ó na réaltóga; (d) ón bhfarraige; (e) ón ngaoth; (f) ón spéir; (g) agus ó rudaíbeo.

(a) Nuair a bhíos an ghealach leathbháite sa spéir deirtear go

114

Page 116: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

mbíann báisteach air agus nuair a bhíann sí ina suí ar chúl a cinn bíann drachuair le teacht agus báisteach agus nuair a bhíonn fáinne thar timpeall uirthi bíann gála agus farraige mhór le teacht.

(b) Deirtear nuair a bhíann an ghrian ag gabháil faai san aer thiar go mbíonn uair bhreá le teacht agus deirtear nuair a bhíann sí múchta sa spéir deirtear ga mbíonn báisteach air;

(c) Deirtear nuair a bhíonn na réaltóga ag preabadh sa spéir agus nuair a bhíonn go le or díobh sa spéir ga mbíann uair bhreá air agus nuair nach mbíonn mórán díobh sa spéir deirtear go mbíann drúcht air;

(d) Deirtear nuair a bhíonn muca mara le feiceáil sa bhfarraige go mbíonn drochaimsir air agus deirtear nuair a bhíonn torann aici go mbíonn gála agus báisteach air;

(e) Nuair a bhíos gaoth aneas píonn báisteach air; agus (f) nuair a bhíos na néalta dubha sa spéir bíonn báisteach air; (g) Nuair a bhíos an cat ag an tine agus a chúl léi bíonn drochuair

air agus nuair a bhías an mada ag ithe féir bíann báisteach air. Nuair a thagann na géabha fiáine ó shléibhte Chanamara agus ó shléibhte Chontae an Chláir agus nuair a théann siad ó dheas deirtear go mbíonn uair bhreá le teacht agus nuair a théann siad ó thuaidh deirtear ga mbíann drochuair air.

Deirtear nuair a bhíonn na fáinleoga ag eitilt ós íseal ag breith ar na feithidí go mbíonn báisteach air. Deirtear nuair a bhíos an seilmide ag snámh ar an talamh deirtear go mbíonn báisteach air agus nuair a bhíos na siogáin a mbíonn sciatháin orthu ann deirtear ga mbíann báisteach air agus deirtear nuair a bhíonn ga leor de na míoltóga san aer ag eitilt go mbíann breáichte air.

10ú Samhain 1938 Mo Cheantar

(7, 1-3)

Tá mé féin i mo chónaí ar Bhaile an Bhóthair (recte Mothair), Inis Meáin. Tá trí scór tithe ann anois. Tá tithe slinne agus tithe ceann tuí ann. Fathartaigh is coitianta ann.

Is é an fáth gur baisteadh an t-ainm sin ar Bhaile an Bhóthair (recte Mhothair) mar tá bóthar trasna ann, agus Baile an Teampaill mar deirtear go raibh teampall ann fadó agus déanadh séipéal de agus séipéal atá ann anais . Baile an Dúna (recte Damhnaigh)

115

Page 117: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

mar tá dún i ngar dó agus deirtear gurb é an fáth sin gur tugadh Baile an Dúna air. Baile na Seoigheach mar deirteargurb é [ an] sloinne Seoigheach is coitianta a bhíodh ann fadó agus Cinn an Bhaile mar is é an baile is faide siar é.

Tá timpeall dhá scór seandaoine os cionn 70 bliain in lnis Meáin. Is féidir leo scéalta i nGaeilge agus i mBéarla a insint. Tá go leor fothrach tithe ann. Ba ghnách le go leor daoine gabháil go Meiriceá ón áit. Is minic a luadh ainm na háite i seanfhocal agus in amhrán.

Dúirt an file Colm de Bhailis an t-arnhrán seo faoin oileán: Inis Meáin. lnis gan arán, Inis gann gortach, An lá a théann tú ann, beir leat do chuid aráin

Nó beidh tú an lá sin 'do throscadh. Ní aontaíonn na daoine leis sin mar tá na daoine atá in Inis

Meáin flaithiúil pé ar bith caoi a rinne sé an t-amhrán sin. Tá amhrán eile freisin a rinne Máistir Lionain a bhí ag múineadh scoile anseo cúpla bliain ó shin.

Is é an sórt talamh atá ann ná talamh garbh agus níl mórán abhann ná loch ann cé is moite de Loch Cheann Gainimh, Loch Chró na gCadhan, Loch an Leisín, Loch an Léin agus Loch Chlaí Gainimh.

lú Mí na Nollag 1937 Na Fataí

Maighréad Ní Fhathartaigh (7, 4-5)

Cuirtear fataí ar an bhfeilm sa mbaile gach bliain. Is amhlaidh a ullmhaítear an talamh i gcomhair na bhfataí gach bliain. Cuirtear feamainn air i dtosach, agus ansin déantar iomairí. Níbhíonn aon chéachta acu mar tá na garraithe róbheag agus tá go le or cloch beag ann, agus mar sin spáideanna a bhíos acu. I nGaillimh a gheobhann siad na spáideanna mar ní bhíonn aon spáideanna dá ndéanamh san oileán.

Gearrtar síolta ó na leathfhataí agus ar na rudaí a bhíos fágtha tugtar sceaimhíní. Fágtar na síolta ar triomú go mbeidh siad seargtha. Ansin gheibhtear maide sá agus cuirtear poll leis san

116

Page 118: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

iomaire agus cuirtear síos an síol sa bpoll agus cuirtear fód ar an bpoll. Nuair a bhíos na fatai ag fás glantar iad agus ansin cuirtear á lánú iad. Cuirtear Duane orthu le go bhfásann na fataí go maith. Cuirtear an sprae orthu le nach dtiocfaidh an dubh ar na fataí.

Nuair a bhitear ag baint na bhfataí, cuirtear na fataí a bhíos le n-ithe abhaile sa gcró, agus na fataí a bhíos le síolta, cuirtear i bpoll sa ngaineamh iad mar tá an gaineamh an-te. Nuair a bhítear ag déanamh an phoill caitear an chré orthu, cuirtear raithneach orthu agus cuirtear cré orthu ansin.

Fásann go le or cineál fatai san oileán seo. Is iad na fataí is fearr a fhásann anseo ná na Dates. Fásann Champions, Aran Cairns, Epicures agus na Queens san oileán seo.

13ú Mí na Nollag 1937 Ainmhithe na Feilme

Maighreád Ní Fhathartaigh (7, 6-7)

Is iad na hainmhithe feilme atá againn ag baile ná: bó, lao, gamhain, caora, gabhar, capalt asat cearca, muca, mada agus cat. Is iad seo na hainmneacha a tugtar orthu:

Tugtar "Beitín" ar an mbó. Tugtar "Sucaí" ar an lao. Tugtar "Bróiní" ar an gcapall. Tugtar "Bess" ar an asal. Tugtar "Seabhaín" ar an gcaora agus an gabhar. Tugtar "Fus, Fus" ar na muca. Tugtar "Spota" ar an mada. Tugtar "Poiplín" ar an gcat.

Nuair a bhíos duine dá dtiomáint is iad seo na hainmneacha a thugas sé orthu: "Hurta" ar an mbó. "Hó, amach" leis an gcapall agus leis an asal¡ "Seabhaín" leis an gcaora agus leis an ngabhar. "Seo" leis na cearca.

Cuirtear tuí mar easair faoin asaI nuair a bhíos sé sa gcró. Ansin cuirtear cruimeasc air le hé a choinneáil sa bpáirc.

(7, 7-8)

117

Page 119: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

14ú Mí na Nollag 1937 Toibreacha Beannaithe Tá trí cinn de thoibreacha beannaithe in san oileán. Seo iad: Tobar Isleamáin, Tobar Chinn Dheirge, Tobar Cheanannach. Is iad seo na háiteanna atá siad suite. Tá Tobar Ísleamáin thíos ag Claí Gainimh, agus tá Tobar Chinn Dheirge ar thaobh na láimhe deise nuair a bhíos tú ag gabháil siar chuig an séipéal agus tá Tobar Cheanannach thiar ag an reilig. Deireadh na seandaoine gur chuir duine fataí síos ag bruith agus chuir sé uisce as Tobar Chinn Dheirge orthu, agus ní bhruithfeadh na fataí dhó.

Deireadh na seandaoine go dtáinig naomh i dtír sa tobar sin agus gur ól sé deoch as, agus tá lorg a chos le feiceáil ag Tobar Ísleamáin.

Ní thugtar aon turas orthu ano is ach bhíodh na seandaoine ag tabhairt turas orthu fadó. Nuair a bhíodh siad ag tabhairt an turais deireadh siad seacht nÁr nAthair agus théadh siad timpeaIl seacht n-uaire, agus chaitheadh siad cloch uathu 'chuile uair agus deireadh siad "Glóire don Athair" 'chuile bhabhta, agus déarfadh siad an méid sin seacht n-uaire .

Ansin d' óladh siad braon uisce as an tobar, agus ansin d'fhágadh siad pínn sa tobar ar choch, agus thugadh siad braon den uisce abhaile leo .

31ú Márta 1938 Lá Fhéil Bríde

Maighréad Ní Fhathartaigh (7, 8-10)

An chéad lá d' earrach sin é Lá Fhéil Bríde agus an oíche roimhe sin, sin í Oíche Bhríde agus bítear ag déanamh crosóg agus bíonn na cailíní beaga ag gabháil ó theach go teach agus "Brídeoga" acu in onóir Naomh Bríd. Bíonn na daoine ag tógáil faochan agus bairneach le n-ithe.

Deirtear go raibh Naomh Bríd ag siúI uair agus chuala sí duine istigh ag fáil bháis agus ní raibh aon chreideamh aige agus thosaigh Bríd ag inseacht dó faoi Dhia, agus faoin gcaoi ar tháinig Íosa ar an saol agus rith sí amach agus thug sí isteach píosa adhmaid agus rinne sí crois as, agus deirtear gurb é sin an fáth go mbíonn na daoine ag déanamh crosóg 'chuile Oíche Bhríde.

118

Page 120: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Deirtear freisin dá mbeadh an chéad lá d' earrach garbh go mbeadh an aimsir go breá. Deirtear gur dhúirt Naornh Bríd gach lá ó mo lá-sa amach go breá.

Máirtín Pheait Antaine Ó Fathartaigh

11ú Aibreán 1938 An Reilig

(7, 11)

Tá dhá reilig san oileán seo. Is iad na hainmneacha atá orthu ná: an Seanteampall agus Teampall Cheanannach. Tá Teampall Cheanannach suite ar thaobh na láirnhe deise nuair a bhíos tú ag gabháil soir go dtí an tslip. Ní chuirtear aon duine ach i gceann amháin acu.

Is é an chuma atá uirthi ná cearnógach. Tá fothrach cille i gceann acu. Ní chuirtear aon duine istigh ann anois ach deirtear go bhfuil míle naornh curtha ann. Tá doras ar an teachín agus tá fuinneog

119

Page 121: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

ar a ehúl. Tá erann troim ag fás istigh ann agus tá go leor seeaeh ag fás sa reilig. Tá seanehroiseanna ann.

Is é an áit a geuirtear leanbh na ch mbíonn baiste i mbuaile le leaehtaí.

Deirtear go raibh fear istigh sa reilig aíche agus nuair a bhí sé ag gabháil amach thar an mballa gur tháinig duine taabh thiar de agus gur chaith sé amach é agus go raibh méar caise leis briste.

Maighréad Ní Fhathartaigh (7, 12-13)

Is ó rn' athair a fuair mé na seéalta seo ar fado Máirtín Ó Fathartaigh Ceathrú an Leisín

llú Aibreán 1938 Tráehtas Bia na Seandaoine Is é an méid bia a d' itheadh na seandaoine fadó sa ló ná trí bhéile: béile ar maidin, ar am dinnéir agus béile tráthn6na agus fataí a bhíodh aeu lena n-aghaidh. Bhíodh faoehain agus bairnigh aeu leis na fataí. Bhíodh siad I ehuile mhaidin ag obair roimh an mbéile. Bhíodh siad ag obair ga crua agus is amhlaidh a théadh dinnéar amaeh ar an ngarraí chueu.

Ní bhíodh an plúr ann an t-am sin agus bhíodh go leor min bhuí aeu agus dhéanaidís eáea as sin. Bhíodh siad ag baint seeaeh le haghaidh tine. Ní bhíodh mórán tae aeu aeh bhíodh bainne go le or aeu le n-ól.

D'ithidís uibheaeha Domhnaeh Cásea. Bhíodh ubh nó dhó ag 'ehuile dhuine aeu an lá sin.

Ní bhiodh aon ehupán aeu go dtí le gairid. Sáspain a bhíodh aeu.

Bhíodh siad ag maireaehtáil ar bhia an ehladaigh go minic. Bhí6dh go leor iase aeu i geónaí.

(7, 14-15)

120

Page 122: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

12ú Albreán 1938 Grnornhartha Gaisee Chuala mé seéal faoi thriúr a bhuaigh rása euraeh. Bhí triúr fear ag gabháil ag rith rása euraeh. Triúr fear a bhí ag gabháil leo bhíodar ar an triúr ab fhearr san oileán.

Nuair a bhíodar ag gabháil amaeh bhí an euraeh seo ar tosaeh agus bhí an euraeh seo eile i ngar di. Nuair a bhí an euraeh a bhí ar tosaeh ag euaille an bhuaidh ehuaigh an euraeh a bhí ar deireadh amach uirthi. Bhí an duais aici agus b 'iad hainmneaeha a bhí orthu ná: Colm Ó Conghaile, Máirtín O Fathartaigh agus Máirtín Ó Fathartaigh.

Bhí triúr fear ag iaseaeh lá i Mí Dheireadh Fórnhair agus tháinig ceo orthu, agus b' éigean dóibh fanaeht amuigh ar feadh na hoíehe agus ní raibh aon bhia acu le n-ithe agus bhíodar go dona leis an oeras . Bhíodar ag iornramh agus rn raibh a fhios aeu cá rabhadar ag gabháil agus ar deireadh tháinigeadar ar thrá agus is é an áit a bhíodar i gConamara agus fuaireadar tae an sin marníor itheadar aon ní le lá agus oíehe.

Is iad an triúr sin ná: Seán Pháidín Sheáin, Máirtín Ruairí Beag agus Pádraig Ruairí Beag.

12ú Aibreán 1938 Seanseoileanna

(7, 15-16)

Is iomaí seoil a bhíodh ann fadó aeh níl a fhios agam aeh seoil arnháin aeu. Bhíodh seoil arnháin náisiúnta ann roimh an seoil seo, agus bhíodh go leor daoine ag foghlaim inti. Bhíodh na múinteoirí ag cUI fúthu i dtithe na ndaoine.

Is iad na nithe a rnhúintí dhóibh ná Béarla, Áirearnh, Stair¡ agus ní mhúintí mórán Gaeilge dhóibh. Bhíodh Gaeilge ag na múinteoirí aeh ní bhíodh siad á labhairt . Nuair a bhíodh siad ag seríobh bhíodh slinnte aeu, agus píosa eailee aeu ag seríobh.

Bhíodh leabhra ag na páistí, leabhar Béarla, Airirnh, Staire, agus leabhra eile.

Ní rnhúintí aon rud trí Ghaeilge ach bhíodh Gaeilge ag na páistí. Bhíodh euid de na máistrí tamall fada san oileán. Bhí euid díobh 'na seoláirí maithe i dtuairim na ndaoine. Bhíodh meas ag na daoine orthu. Bhíodh suíoeháin aeu sa seoil.

(7, 16-17)

121

Page 123: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

12ú Aibreán 1938 Scéalta Barrúla Bhíodh fir ann fadá agus is é an t-ainm a bhíodh orthu ná: "Buachaillí Bána" agus bhíodh siad ag teacht go dtí an t-oileán seo. Bhíodh siad ag goid an tsnátha agus na bhfataí.

Lá amháin san earrach chonaic seanbhean iad ag teacht agus chuir sí an tlú síos sa tine agus bhí an tlú dearg. Nuair a tháinigeadar isteach leag sí an tlú ar dhuine acu agus ghreamaigh an tlú dó agus bhí sé ag léimt ar fud an urláir agus níor tháinig aon duine san [ oileán ó shin] .

Bhí fear ann fadá agus a mhac agus bhí sé ag iarraidh ar Dhia an mac a chur 'na shagart. Dúirt an t-athair leis an mac an rud a d'iarrfadh Dia go ndéanfadh sé é. Agus chuaigh an t-athair go dtí an séipéal agus chuaigh an mac suas ar chúl na haltóra.

Is é a dúirt an mac thuas: " Is mian le do mhac a bheith ina ghadaí" . Agus shíl an t-athair

gurb é Dia a dúirt é agus d'imigh sé leis . D'imigh an mac an oíche sin agus casadh beirt ghadaithe air.

D'fhiafraíodar de cá raibh sé ag gabháil agus dúirt sé gur ag goid a bhí sé . Agus chuaigh siad go dtí teach rí agus chuaigh an mac seo síos an simléar agus nuair a bhí 'chuile rud thíos aige scaoil siad an rápa leis agus d'imigh siad féin.

Bhí an mac ag gabháil ar fud an ti agus níor fhéad sé gabháil amach. Ar deireadh fuair sé craiceann agus bhí dhá adharc air. Chuir sé air an craiceann. Chuir sé an dá adharc amach as a bhaaithis .

Chuaigh sé go dtí doras an tseornra, chuig an Rí, agus thosaigh sé ag bualadh an dorais lena dhá adharc. D' éirigh an Rí agus dúirt an Rí leis an mac:

"Céard tá uait?" Agus dúirt an mac leis an Rí: "Lig amach as seo mé agus ní bhualfaidh mé thú". Lig an Rí amach é agus d'imigh sé leis go dtáinig sé go dtí teach

agus sheas sé amach ar aghaidh na fuinneoige agus chonaic an bheirt ghadaithe é agus tháinig faitíos orthu.

Ansin chuaigh sé isteach agus bhailigh sé an t-airgead a bhí ar an mbord.

Bhí tarbh lá ag imeacht leis agus casadh mada leis . Chuaigh sé leis an tarbh; casadh cat air. Chuaigh sé leis. Casadh gabhar air agus chuaigh sé leis .

Tháinigeadar go dtí teach agus chuadar isteach ann agus

122

Page 124: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

d'imigh an gabhar leis suas sa simléar, agus leis an mada isteaeh faoin geathaoir agus an eat siar sa seomra. Chuaigh an tarbh féin faoin mbord.

Is gearr go dtáinig beirt ghadaithe agus ehuadar isteaeh sa teaeh. Bhí go le or airgid aeu agus leagadar ar an mbord é .

Ní túisee a bhí sé leagtha ar an mbord ná a ehuir an tarbh búir as agus leag sé an bordo Bhí an-fhaitíos orthu agus ritheadar leo agus bhíodar ag rith go dtáinigeadar go dtí eoilI agus ann sin a ehaitheadar an oíehe, agus bhí an t-airgead ag an tarbh agus ag an geuid eile.

9ú Bealtaiane 1938 Seanseoileanna

Maighréad Ní Fhathartaigh (7, 17-20)

Is iomaí seoil a bhíodh ann fadó aeh níl ann anois aeh seoil amháin. Bhíodh seoil amháin náisiúnta ann roimh an seoil seo, agus bhíodh go leor daoine ag foghlaim inti.

Bhíodh na múinteoirí ag eur fúthu i dtithe na ndaoine. Is iad na nithe a mhúintí dhóibh ná Béarla, Áireamh, Stair; agus ní mhúintí mórán Gaeilge dhóibh. Bhíodh Gaeilge ag na múinteoirí aeh ní bhíodh siad á labhairt. Nuair a bhíodh siad ag seríobh bhíodh slinnnte aeu agus píosa eailee aeu len a seríobh.

Bhíodh leabhra ag na páistí: leabhar Bhéarla, Áirimh, Staire agus leabhra eile . Ní mhúintí aon rud trí Ghaeilge aeh bhíodh Gaeilge ag na páistí.

Bhíodh euid de na máistrí tamall fada san oileán. Bhí euid díobh 'na seoláirí maithe i dtuairim na ndaoine. Bhíodh meas ag na daoine orthu. Bhíodh suíoeháin aeu sa seoil.

llú Bealtaine 1938 Luibheanna

(7, 21-2)

Is iad na einn is mó a dhéanann doehar don talamh ná " braimfhéar" . Déanann sé sin an talamh go dona agus ní fhásann na fataí.

123

Page 125: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Déanann an chrúb phréacháin is an ghlúineach dhearg dochar don talamh freisin.

Tá leigheas i gcopóg rua agus i meacan an leoin. Nuair a dhós neantóg duine an sú atá inti a leagaint ar an dó agus imeoidh an dó dhíot. Nuair a bheadh cosa duine leonta tá meacan leoin go maith le hé a leigheas. Is amhlaidh a bhaintear an bun a bhíos faoi agus bruitear é go maith agus cuirtear ar an duine é.

Cuirtear fillteán air freisin. Nuair a imíonn sé uaidh féin bíonn an leontán cneasaithe. Tá go le or plandaí a úsáidtear ar an oileán seo.

Tugtar neantóg agus copóg rua do na muca trí na fatai. Tugtar slaiseannai agus moing mheara do na beitlúgh le n-ithe.

D'itheadh na daoine duileasc agus sleabhcáin go minic fadá. Blúodh na seandaoine ag úsáid go le or plandaí le dathú mar ní blúodh mórán dathacha san oiteán an t-am sin.

Bhíodh craobh acu agus bhíodh sméataí air agus bhíodb go leor sú dearg ann agus dhathaiodh siad go leor snáth bán ansin. Chuireadh meacan caorach duine chun báis dá n-íosfadh sé é. Cailltear caoirigh go le or leis.

llú Bealtaine 1938 An Cuigeann

(7, 22-4)

rá méadar againn. sa mbaile. Is é an t-ainm a thugtar air ná cuinneog. Tá sé timpeall trí troithe ar airde. Tugtar loine ar an maide ar an rud a blúos ag bualadh an bhainne síos ann agus cruinneog leis an mbainne a choinneáil thíos ann. Deintear im faoi dhó sa tseachtain sa ngeimhreadh agus sa samhradh freisin.

Nuair a thagas duine ar bith isteach nua ir a bheas siad á dhéanamh.

"Bail ó Dhia oraibh" a déarfas sé agus déanfaidh sé buille dhe. Is é an rud a dhéantar leis an im ná é a chur ar an arán agus leis an mbláthach é a chur i gcáca.

124

Maighréad Ní Fhathartaigh (7, 24)

Page 126: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

20ú Meán Fómhair 1938 Scéal Fadó bhí fear ina chónaí in lnis Meáin agus d' éirigh sé ag a dó dhéag agus chuaigh sé síos go dtí an cladach agus thug sé leis an mada. Síos i dTrácht Each a chuaigh sé ar dtús agus síos as sin in sna cladachaí eile.

Thosaigh an mada ag béiceach. Ach ar deireadh bhí an fear ag gabháil abhaile agus bhí an mada ag béiceach fós. Ansin a thuig an fear go raibh fáth éigin aige a bheith mar sin. Bhí sé ag gabháil abhaile suas an bóthar agus bhí an mada ina dhiaidh agus é ag béiceach. Ar deireadh thosaigh sé ag rith agus thosaigh an mada ag rith ina dhiaidh agus é ag béiceach.

Ansin nuair a tháinig sé go dtí a theach féin rith sé isteach an doras agus chomh luath agus a bhí sé istigh ar an urlár bhí an mada ina dhiaidh. Ansin dhún sé amach an doras ansin agus dúirt an guth amuigh:

"Bhí an t-ádh ort a bheith istigh" . Chuaigh sé a chodladh ansin agus nuair a d' éirigh sé ar maidin

bhí an mada básaithe ar an urlár agus é lán le fuil agus ón lá sin go dtí lá a bháis níor éirigh sé ag a dó dhéag.

Anna Ní Fhathartigh [Anna Sheáin Cheaitín] Ceathrú an Teampail

(7, 25-6) Fuair mé na scéalta ó rn' athair Seán ó Fáthartaigh. An seoladh céanna.

20ú Meán Fómhair 1938 Scéal Oíche amháin bhí duine ag gabháil ag bleán na M, agus ní raibh aon bhó ann roimhe. Chuartaigh sé timpeall air. Chonaic sé siógaagus iad ag iompar na bó ar a gcuid guaille .

Lean an fear iad ag ceapadh go leagfadh siad í. Sa deireadh, d'airigh na sióga an torann 'na ndiaidh. Dhearcadar siar, chonaiceadar an fear. Rugadar air. Cheangail siar le rópaí é . Bhuaileadar le clocha draíochta é . Gearradh a chosa agus a lámha le slata. Bhí sé go han-dona. Thógadar leo é go taobh an bhóthair.

125

Page 127: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bhí fear eile ag gabháil thart an t-am céanna. Caitheadh cloch leis agus buaileadh in sa gceann é. Bhí sé go dona go deireadh a shaoil.

3ú Deireadh Fómhair 1938

Pádraig O Conghaile (7, 27)

Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé an-fhada ina shuí 'chuile oíche ag obair. Aon oíche amháin tháinig fear isteach chuige agus slat aige.

131ú an fear a bM sa teach ag déanamh bróg. D'fhiafraigh an fear a tháinig isteach cén fáth nach ndeachajgh sé a chodladh. Níor labhair an fear ' chor ar bith agus blú dath chomh gea I leis an sneachta ait. Thit an bhróg as a lámh agus th6g an fear eile í. Ghread sé amach léi. Léim an fear a bhí istigh go dti an doras agus dhún sé é. Rith sé a chodladh agus iaitios air.

Bhí sé go dona ar maidin ach faitíos a bhí air. On lá sin amach bhíodh sé imithe a chodladh ó ghabhfadh an ghrian faoi.

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Tomás O Flaitheartaigh Ceathrú an Teampaill

(7, 28)

Bhí fear i gConamara agus mharaigh sé a athair. Ansin bhí na gardaí ar a thóir agus tháinig an fear isteach anseo . Is é an teach a bhí sé ina chónaÍ ann ná seanteach atá ar Bhaile na Creige. Bhí fear 'na chónaÍ sa teach sin. Is é an t-ainm a bhí ar an bhfear ná Seáinín. Omala na garda! go raibh sé ina chóna{ sa teach sin agus thájnig siad an oíche seo isteach . Bhí Seáinín agus an fear elle ina gcodladh nuair a tháinig na GardaÍ istead\ sa teach. D' éirigh Seáinín agus an fear agus dúirt si ad leis na Gardaí fanacht go gcuirídís a mbróga orthu. Bhí éadach an fhir a mharaígh a athair ar Sheáinín agus éadach Sheáinín ait féin ansin. Rith an bheirt acu amach sa doras agus as go brách. Rith duine acu soir agus duine eile siar, agus rn raibh a fhios ag na Gardaí cé acu a

126

Page 128: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

mbéarfadh siad air ina dhiaidh sin. Cuireadh ar bord loinge é go Ciarraí agus d' éalaigh sé thar n-ais arís agus thug sé a bhean agus a chlann go Ciarraí arís agus mhair se féin, a bhean agus a chlann scaitheamh fada ina dhiaidh sin.

6ú Deireadh Fómhair Scéal

MidI Ó Fathartaigh (7, 29-30)

Bhí Nóra Mháire Bhán lá amuigh ar na Cimíní. Chonaic sí bád mór ag gabháil anoir ó Cheann na bhFaochan. Bhí trí seolta ar an mbád agus bhí an-siúl fúithi. Chuaigh sí amach ar an duirling agus shuigh sí síos agus bhí an bád i ngar di.

Níorbh fhada go dtáinig capall rua anoir chuid ón mbád. Bhísí ag seitreach. Tháinig sí go dtí í agus thug an capall a haghaidh ar an mbád agus amach léi sa mbád. Nuair a chuaigh an capan sa mbád ní fhaca sí cap all ná bád 'na dhiaidh sin. Ansin chuaigh sí abhaile agus faitíos mór uirthi.

An lá ina dhiaidh sin bhí capall Sheáin Rua básaithe. D'inis an bhean a bhfaca sí féin dó. Ba é an dath céanna a bhí ar an gcapall a bhí ar chapall Sheáin Rua.

Micil Ó Conghaile [Micilin Sheáinín] (7, 31)

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Fadó bhí fear ina chónaí i measc na gcnoc agus na ngleann in áit uaigneach. Aon oíche amháin thainig rud chuig an doras agus d'iarr sé air é a ligint isteach mar bhí sé an-naofa ar fado Oíche amháin eile tháinig sé arís agus é ag seinm ceoil agus lig an fear isteach é .

Ansin thit sé i bpeaca agus bhí sé ag gabháil in olcas gach lá ach lá amháin tháinig aingeal chuige agus coinneal ina láimh aige agus í lasta agus dúirt sé leis :

"Déan aithrí go beo sula mbeidh an choinneal caite ." Bhí sí

127

Page 129: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

caite ar fad an t-am sin ach aon orlach amháin. Dúirt sé leis an aingeal: "do réir mar chaith mé an choinneal caithfidh mé an t-orlach",

agus deir siad nach bhfuil sé ceart sin a rá. Ach ar deireadh fuair sé bás leis an tart.

10ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Anna Ní Fhathartaigh Ceathrú an Teampaill

(7, 32)

Fadó ó shin bhi iear i gConamara agus mhairbh sé a athair agus ansin bhi na Gardaí ar a thoir. Tháinig sé istea¿h in san oileán seo agus Chaith sé tamaIl ann. Ar deireadh dlUaIa na Gardaí go raibh sé ann agus tháinigeadar isteach .

Ní raibh siad i bhfad ann nuair a fuaireadar amach cén teach a raibh sé ann . Ansin aon mhaidin am.háin Chuaigh siad go dtí an teach sin. Ansin bhí sé féin agus fear an tí ag éiI'Í. Dúirt na Gardaí deabhadh a dhéanamh agus a chur air. Chuir sé air éadach fhear an ti agus chuir fear an ti air éadach an fhir elle. Bhí na Gardaí amuigh ar an tsráid agus chuaigh fear an tí agus an fear eile amach ar an tsráid agus rith siad leo siar an bóthar. Ansin rith na Gardaí ina ndiaidh ach mar sin féin ní tháinig siad suas leis an mbeirt fhear.

Anna Ní Fhathartaigh (7, 33)

Fuair mé na scéalta go léir ó m'athair Seán Ó Fathartaigh (P) . An seoladh céanna.

10ú Deireadh Fómhair Scéal Bhí fear ann fadó agus phós sé bean as Baile na Creige in Árainn. An teach ina raibh an bhean ar dtús bhí saga rt 'na ch6naí ann ar laethanta saoire. Bhuail tinneas an bhean agus oíche amháin

128

Page 130: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

dá raibh an fear ag teacht Ó chuairt bhí bean ag siúl raimhe aguscóta ar a bráid. Cheap sé gurbh í sin an bhean a bhí ina cónaí le hais a dharais . Thasaigh sé ag rith ga dtiacfadh sé suas léi.

Gach am a thasaigh sé ag rith bhí an bhean ag rith roimhe. Tháinig sé ina bháistigh agus bhí róidín ar thaabh an bhóthair. Chuaigh an bhean sías sa róidín agus chuaigh sí le hais an chlaí ar aghaidh na báistí agus d'fhan sí ann.

Tháinig an fear abhaile agus thasaigh sé ag inseacht an scéil dan sagart. Dúirt sé gurbh í a bhean féin a bhí ann agus ga raibh sí ag imeachat in sna sióga.

"Leigheasfaidh mise í ná bíadh faitías art. Ach dá mbeifeá gan an scéal sin a inseacht damsa bann a cas ní leagfadh sí ar an talamh ga dea . " Leigheas an sagart í agus tá an céile bea fós.

Fuair mé an scéal sea ó m'athair . Peadar Ó Flaitheartaigh Ceathrú an Leisín

Máire Ní Fhlaitheartaigh (7, 34-5)

Peadar Mháirtín Ó Flaitheartaigh

129

Page 131: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

19ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear Oíche Bhealtaine thoir i gCreig Anraí taobh thoir de Leachta Charn an Mothair. Thoir ag na caoirigh a bhí sé agus bhí dhá mhada in éineacht leis.

Chuaigh an dá mhada ag cuartú coiníní. Dhúisigh ceann acu coinín agus chuir sé sa Leachta é. Chuaigh an fear siar chuig an Leaca agus thosaigh sé ag cartadh. Dhúisigh an mada eile coinín freisin, agus d'fhan an fear roimh an gcoinín ach chuaigh an coinín amach idir a dhá chois agus chuaigh sé isteach sa Leachta.

Bhí an fear ag cartadh ar a dhícheall agus faoi cheann tamaill thosaigh ceann de na madraí ag béiceach agus chuaigh an fear go dtí an mada. Bhí sé i bhfastó sa leic agus ní raibh amach ach barr a dhriobaill. Rug an fear ar a dhrioball agus tharraing sé air. Thug sé amach an mada, agus bhreathnaigh sé in san áit a raibh sé. Chonaic sé solas in sa leic.

Chuaigh an fear síos an cragán agus nuair a bhí sé ag gabháil amach an bearna tosaíodh ag caitheamh cloch leis agus rith sé abhaile .

28ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Seán Mac Donnchadha (7, 36-7)

Bhí beirt ann fadó agus bhí siad ag ó1. Bhí duine acu ann go dtí an dó dhéag san oíche agus chuaigh an duine eile abhaile . Tamall beag 'na dhiaidh sin chuaigh an fear eile abhaile agus ar a bhealach abhaile casadh an fear elle air a bhí ag ó1. Chuaigh siad isteach i dteach an óil arís . Bhí siad ann go dtí an trí a chlog san oíche. Chuaigh an bheirt acu abhaile ansin.

Chuaigh duine acu go dtí a theach féin. Chuaigh an duine elle abhaile ansin agus ar a bhealach abhaile bhí aill mhór roimhe agus ní raibh sé in ann an aill a ardú. Is é an bealach a chuaigh sé siar an Muirbheach a bhí tamall beag ón teach. Chonaic sé daoine ag bualadh liathróide. Ní raibh sé ina lá.

Choinnigh an fear air agus bhí siad ag bualadh i mbuaile a bhí ar thaobh an bhóthair. Tháinig siad go dtí an fear aguschonaic

130

Page 132: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

sé duine ann a bhí básaithe le mí nó mar sin. Ach bhí sé ag gabháil ag bualadh an fhir ach níor thug cuid eile acu cead dó. Ach dúirt sé sin nár rinne sé aon cheo riamh air.

31ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Micil O Conghaile (7, 37-8)

Bhí triúr fe ar ann fadá. An lá seo an obair a bhí acu ag dúnadh buailteacha ar choiníní le gabháil síos san oíche mar bhíodh caoirigh an-daor an t-am sin. Mar is é an t-am a bhíonn na coiníní amuigh ná san oíche.

Chuaigh an triúr acu síos in san oíche agus nuair a bhí siad ag gabháil síos chonaic duine acu rud bán ag gabháil aníos agus bhí doch á mbrualadh ar an gclaí ar thaobh eile díobh agus chas siad abhaile arís agus an-fhaitíos orthu agus maraíodh an triúr acu.

Micil Ó Conghaile (7, 38-9)

Bhí seanfhear agus seanbhean in san oileán seo fadá. Oíche amháin chuaigh an bheirt ag bailiú feamainne. Chuir siad antsrathair ar an gcapall agus chuaigh siad chuig an gCaladh Már. Ní rachadh an seanfhear soir leis an bhfeamainn gan an tseanbhean a bhejth in éineacht leis. Rachadh an tseanbhean soir í féin ach ní fhanfadh an seanfhear sa gcladach bhí sé chomh faiteach sin. Mar sin chuaigh an bheirt acu soir.

Nuair a bhí siad soir ar Ráidín an Bhalla Mhóir, leag an capall an fheamainn. Baineadh geit aisti. Chonaic siad fir in san róidín agus rith siad leo abhaile .

Nuair a bhí siad ag gabháil suas chuig Creig na gCapall caitheadh cloch mhór agus buaileadh an seanfhear in sa

131

Page 133: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

gcloigeann. Chonaic siad fear ag caitheadh cloch. Ghearr an tseanbhean rópa an chapaill agus rith ar cosa in airde i ndiaidh an fhir neamhshaolta. Chuaigh an bheirt abhaile ansin.

Pádraig Ó Conghaile Ceathrú an Leisín

(7, 39-40) Fuair mé na scéalta ó m'athair Pádraig Ó Conghaile . An seoladh céanna.

14ú Mí na Samhna 1938 Scéal Bhí seanfhear Oíche Shamhna amuigh ag crann na n-Úllaí. Seán Teaim ab ainm dó agus bhí sé ina shuí ag an Aill agus dT airigh sé ceol taobh istigh san Aill. Bhreathnaigh sé isteach. Chonaic sé solas taobh istigh. Bhuail eagla é .

Rith sé síos an bhuaile. Chonaic sé coinín agus maide ina bhéal aige. Rith an coinín leis . Chuaigh Sean-Teaim siar an bhearna. Chonaic sé firín beag agus éadach gorm air. Rith sé abhaile agus chuaigh sé a chodladh. Nuair a bhí sé ag gabháil suas go seomra na leapa cuireadh an fhuinneog isteach sa seomra aige .

21ú Mí na Samhna 1938 Scéal

Seán Mac Donnchadha (7, 41)

Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí siad an-saibhir ar fado Chuaigh an bhean aon lá amháin go dtí áit a raibh siopa mór. Chuaigh sí isteach sa siopa agus cheannaigh sí cóta agus péire bróg di féin agus cheannaigh sí caipín dá fear. D'imigh sí abhaile ansin.

Bhí a fear istigh roimpi nuair a tháinig sí. D'fhiafraigh an fear di ar thug sí an caipín chuige. Dúirt an bhean gur thug. Thug sí dhó é ansin agus chuir sé air é . Dúirt an fear leis an mbean go raibh sé go deas. Chuaigh siad amach ag siúl dóibh féin.

Ní raibh siad i bhfad amuigh go dtáinig siad isteach arís . Nuair

132

Page 134: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

a chonaie siad an doras ar oscailt tháinig faitíos ar an mbeirt acu. Dúirt an bhean leis an bhfear gabháil isteach. Chuaigh siad isteach sa teach ansin.

Nuair a chonaie siad doras an tseomra ar oscailt chuaigh siad siar ann. Chonaie siad na sióga in sa leaba. Níor rinne na sióga ach an fear agus a bhean a mharú.

Máire Ní Chonghaile (7, 42-3)

Fuair mé na scéalta seo ó mo mháthair. Máire Ní Chonghaile Ceathrú an Leisín

20ú Mí na Nollag 1938 Scéal Bhí fear ann tamall ó shin agus tá sé beo fós . Chuaigh sé siar Trácht Each ag cuartach raie . Bhí sé ag gabháil síos an charcair agus chonaie sé fear agus éadach geal air ag gabháil siar faoin aill agus maide farraige aige. Bhí eagla mhór air agus suas leis an charcair agus é ag rith. Nuair a bhí sé thuas chonaie sé fear.

2ú Mí na Nollag Scéal

Seán Mac Donnchadha Móinín Rua

(7, 44)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé ag cuartach raie síos Ceann Gainimh. Nuair a bhí sé ag gabháil síos ag an loch chonaie sé fear ag gabháil anuas an Muirbheach agus mada in éineacht leis. Bhí eagla mhór air. Rith sé síos trasna an locha agus is beag nár bádh é .

Chuaigh sé siar an trá agus é ag rith. Bhreathnaigh sé ina dhiaidh agus chonaie sé an mada ag snámh tríd an loch. Rith sé síos go dtí an fharraige agus chonaie sé buidéal ar an trá. Thóg sé é agus rith sé síos. Nuair a bhí sé ag gabháil síos tamall an trá chonaie sé mada ag rith chuige. D'aithin sé an mada.

133

Page 135: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Ba é a mhada féin é a bádh cúpla lá roimhe sin. Lean an mada é tamall beag agus d'imigh sé ansin uaidh . Chuaigh an fear siar go dtí an Caladh M6r. Fuaír sé barraille ansin agus chuaigh sé suas sa ngarraí ag glaoch ar a dheartháir leis an mbairille a chur suas mar bhí ola mhór ann agus bhí sé trom. Tháinig a dheartháir anuas agus chuireadar an bairille suas as an taoille. D'inis an fear an scéaJ dá dheartháir agus blú an-iontas air. Chuadar abhaile agus d'insíodar an scéal ag baile freisin agus bhí an-iontas orthu ar fado Ohíoladar an bairille le fear in Arainn agus fuaireadar cúig phunt air.

19ú Mí na Nollag Scéal

Seán Mac Donnchadha Máinín Rua

1nis Meáin (7, 45, 49)

Bhí fear ann fadá is fadá é. Lá amháin d' éirigh sé go han-mhoch. Bhí an mhaidin go han-bhreá. Tháinig beirt fhear ag glaoch air go rachadh siad ag tarraingt na spiléad amach an taobh ó dheas. Chuaigh siad síos agus cé a chasfaí orthu ach be an rua ag teacht amach ón tobar.

"Ní bheidh an t-ádh orainn inniu", a deir fear acu. "Nu a fhios agat", a deir duine eile. "Tá a fhios, muise", a deir sé, "mar an lá a raibh Nearaí ag

gabháil ar an aonach casadh bean rua air agus níor dhíol sé an bhó ná níor tháinig aon cheannaí chuige is b' éigean dá í a thabhairt abhaile arís".

Chuireadar amach an curach agus nuair a bhí siad chomh fada leo chaith an fear deiridh an maide uaidh is thosaigh sé ag tarraingt. Ní raibh aon iasc iontu ach cúpla fiagach, cúpIa roco

Bhíodar ann agus tháinig ceo. Bhuail an fear deiridh a mhaide faoi storrán agus bhris sé é .

"Tá muid go dona anois", a deír sé. Thug an fear tosaigh a mhaide féin dá is bhíodar ag imeacht leo. Sa deireadh ag gabháil amach a bhíodar is tháinig an oíche. Cheapadh an triúr acu nuair a labhradh an chailleach dhubh sa aill gurbh é a deireadh sí ná

134

Page 136: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

é seo: "Don't go further" . Deireadh siad le chéile é sin, gurbh é sin

a bhíodh sí a rá go cinnte . Ar deireadh ghlan an ceo is tháinig siad i dtír sa gCrombhall.

In am dinnéir lá arna márach chuaigh siad siar is chuir siad amach an curach as, is thug siad anuas go Trácht Each í. Ní raibh mórán bróid orthu an lá sin.

Máire Ní Fhlaitheartaigh Ceathrú an Leisín

(7, 46-7) Fuair mé na scéalta seo Ó m'athair is é sin Peadar Ó Flaitheartaigh.

19ú Mí na Nollag 1938 Scéal Bhí bean ann fadó is fadó a bhí. Chonaic sí bean ag imeacht ar bharr na farraige is a cuid gruaige scaoilte. (an chuid eile den scéal [ar iarraidh] ) .

20ú Mí na Nollag 1938 Scéal

(7, 48)

Bhí curach as an oileán seo lá ag iascach timpeall amisir an Chogaidh Mhóir. Agus bhíodar amuigh ag Ceann na bhFaochan agus nuair a bhí siad ag iascach chuaigh siad tamall amach ar an doimhneacht. Agus nuair a bhí siad ag iascach sheas fear acu suas sa gcurach féachaint amach ar an bhfarraige agus dúirt sé go bhfaca sé rud mór bán amuigh sa bhfarraige. Dúirt sé leo a bheith ag iomramh amach agus shuigh sé féin síos ar an seas agus bhí sé ag iomramh amach freisin.

Bhí siad ag gabháil amach go maith agus d' éirigh an fear céanna ina sheasamh arís agus chonaic sé an rud céanna, ach bhí sé i bhfad amach. Má bhí féin choinníodar orthu ag iomramh agus ba ghearr go raibh siad glanta amach thar an oileán. Ach bhí sé i bhfad amach chomh maith céanna. Chasadar isteach abhaile arís

135

Page 137: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

agus thóg sé tamall maith orthu teacht isteach. Agus an lá sin bhí bád as Árainn ag iascach ag Cuanta na Mara

Báine agus nuair a bhí sí ag gabháil anoir as thóg sí an rud seo thoir ag Inis Oírr. Céard a bheadh ann ach bád beag a chaill Liner. Thógadar go hArainn í agus fuaireadar cúig phunt uirthi.

22ú Mí na Nollag 1938

Seán Mac Donnchadha Móinín Rua

(7, 50-51)

Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag imeacht ó áit go háit. B'as an olleán seo é.

D'imigh sé i dtosach agus chuaigh sé go Meiriceá agus as sin go hAfraicea agus chonaic sé na daoine dubha. Chonaic sé na "savages" agus na daoine fiáine elle .

Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe agus chaith sé tamall ag obair ann. Dúirt sé lá amháin go bhfaca sé fear ag baint crainn agus gur imigh nathair nimhe i ngar dó agus chaith sí smugairle leis . Sa lámh a chaith sí air é agus ar an bpointe boise bhain sé an lámh de féin anuas ón rosta agus fuair sé bás chomh maith céanna.

D'imigh sé leis ansin agus chuaigh sé go dtí an Astráil agus chaith sé tamall ansin. Tháinig sé i dtír anseo agus bhí a shláinte roinnt caillte aige . Chuaigh sé amach sa dúirling agus chónaigh sé [ ann] .

Seán Mac Donnchadha Ceathrú an Leisín

(7, 52-3) Fuaireas na scéalta seo Ó m'athair Seán Mac Donncha.

136 , ..

Page 138: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bosca 2C Cóipleabhar 8 Inis Meáin Oileáin Árann Colm Ó Fathartaigh [Colm Teaim Mhóir] Rang vii

226 Samhain 1937 Tráchtas Tá a lán comharthaí ag na daoine le faisnéis na haimsire a thabhairt. Faigheann siad na comharthaí sin go léir ón ngealach, ón ngrian, ó na réalta, ón bhfarraige, ón ngaoth, ón spéir, ó na hainmhithe agus ó na feithidí.

Nuair a bhíonn an ghealach go socair deas in sa spéir gan cor aisti bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn an ghealach go socair deas in sa spéir ag gabháil ó dheas le bheith ag breathnú uirthi, bíonn gaoth aduaidh agus aimsir gharbh air. Nuair a bhíonn sí dearg ag gabháil faoi nó ag éirí dhi bíonn aimsir bhreá air.

Nuair a bhíonn an ghrian an�te i ndiaidh báistí bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn sí go breá geal in sa spéir in san earrach bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn sí dorcha in sa spéir i lár an Iae bíonn aimsir gharbh air.

Nuair a bhíonn na réalta ag preabadh in sa spéir bíonn sioc air. Nuair a bhíonn siad roinnt dorcha bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn siad go léir amuigh agus nach féidir an spéir a fheiceáil leo bíonn aimsir gharbh air agus deirtear leis nuair a chaitear réaltóg go dtéann anam as purgadóir go dtí na flaithis.

Nuair a bhíonn an fharraige ciúin bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn an-torann aici ar Chora na Roilleach bíonn aimsir gharbh air. Ach nuair a bhíonn torann aici ar Chaladh Pheadair bíonn aimsir bhreá air.

Nuair a bhíonn an ghaoth ó thuaidh ní bhíonn air ach cruas agus aimsir fhuar. Nuair a bhíonn sí thiar bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn sí ó dheas bíonn aimsir bhog air agus báisteach. Nuair a bhíonn sí thoir bíonn fuacht air agus triomacht. Nuair a bhíonn an spéir geal gorm bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn sí ag imeacht go héasca in san oíche bíonn aimsir gharbh air. Nuair a bhíonn sé trom dorcha bíonn báisteach air .

Nuair a bhíonn na madraí ag ithe féir bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn asaI nó capall 'na seasarnh i lár buaile agus a gcloigeann ó dheas acu beidh an t-earrach a thiocfaidh 'na dhiaidh go breá.

137

Page 139: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Nuair a bhíonn na seilmidí, na míoltóga agus na siogáin amuigh bíonn báisteach air.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) [Micil Teaím Mhóir] (8, 1-3)

29ú Samhain 1937 Tráchtas Mo Cheantar Féin Tá mé i mo chónaí ar Bhaile an Bhóthair (recte Mhothair) an baile is faide soir in san oileán. Tá trí cinn fhichead de thithe ann agus sin é a raibh ann acu riamh mar nuair a leagadh teach deineadh teach nua ina áit. Tá dhá theach slinne ann agus teach is fiche de thithe a bhfuil tuí orthu.

Is é an sloinne Fathartaigh an sloinne is coitianta ann. Is é an fáth go bhfuair an baile an t-ainm sin mar bhí bóthar ag rith tríd sul má bhí aon bhóthar ag rith in aon áit eile den oileán.

Tá aon duine dhéag de sheandaoine ann atá ag fáilt an tseanphinsin. Tá cuid acu in ann scéalta a inseacht i nGaeilge ach níl aon duine acu in ann scéalta a inseacht i mBéarla. Tá Beairtle Ó Conghaile, Máire Ní Fhlaitheartaígh, Seán Ó Coincheanainn, Máire Ní Choincheanainn, Bríd Ní Dhíreáin, Júda Ní Mhaoilchiaráin, Bríd Mhaoil Ciaráin, Pádraig Ó Fathartaigh, Peadar Ó Fathartaigh, Máire Ní Chualáin agus Ruairí Ó Fathartaigh ag fáil an tseanphinsin. Is as Baile an Bhóthair iad go léir agus dá bhrí sin is é Baile an Bhóthair, Inis Meáin, Oileáin Arann, Co. na Gaillimhe an seoladh atá ar gach duine acu.

Tá dhá sheanfhothrach ar an mbaile: seanteach Shiúnac agus seanteach Sheáin Dearg. Théadh a lán daoine go Meiriceá as fadó ach ní théann duine ar bíth ann anois mar níl a chead acu.

Níl mórán amhrán ins an oileán go bhfuil trácht ar lnis Meáin iontu. Ach tá amhrán amháin a rinneadh i dtaobh an oiIeáin ins an mbliain míle naoi gcéad tríocha ag moladh an oileáin. Tá amhrán beag ann agus deirtear gurb é Colm de Bhailis a rínne é ag cáineadh an oiIeáin. Seo é é :

lnís Meáin, Inís gan arán, Inís gann gortach. An lá a théanns tú ann,

138

Page 140: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Beir leat do chuid aráin Nó beidh tú an lá sin 'do throscadh.

Tá an talamh atá ins an oileán bocht carraigeach ach i gcorráit faoi na hailltreacha. An méid de atá ann tá sé go maith chun barraí a thabhairt. Tá cuid mhaith de faoi charraigeacha nach bhfuil tada ag fás orthu ach iad lomnocht.

Níl aon abhainn in san oileán ach tá dhá loch mhóra ann, Loch Chró na gCadhan agus Loch Cheann Gainimh. Bíonn siad lán le huisce ar feadh na bliana go léir nach mór ach scaitheamh beag in sa samhradh. Is é an fáth gur tugadh Loch Chró na gCadhan ar cheann acu mar bhí cró le muintir Mháirtín Uí Chadhain lena thaobh. Is é an fáth gur tugadh Loch Cheann Gainimh ar an gceann eile mar tá sé suite díreach ar bhruach Cheann Gainimh.

Níl m6rán crann ag fás ann ach suas le scór in aice an tséipéil. Tá dhá chrann úll ann: ceann ag Tomás Sheáin Teamaí agus ag Páidín Sheáin Teaim.

llú Mí na Nollag Tráchtas Na Fataí

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 3-6)

Cuireann muid fataí ar an bhfeilm gach bliain le n-ithe agus le tabhairt do mhuca agus do bheithígh. Ullmhaíonn siad an talamh i gcomhair fataí gach bliain. Nuair a thagann an fheamainn i ndiaidh na Nollag leasaíonn siad an talamh léi amach as béal a chéile n6 go mbíonn an bhuaile leasaithe ar fado

Ansin nuair a bhíonn an leasú leáite in san earrach tarraingítear iomracha in sa ngarraí agus leasaítear iad arís . Ansin cuirtear an garraí agus nuair a bhíonn sé réidh tosaítear ina thosach ag cur síolta ann.

Scartar iad ar fad ar dtús tuairim is troigh 6na chéile . Déantar na hiomairí le spáid agus c1údaítear iad go léir le fód leis an spáid.

Nuair a bhíonn na daoine ag baint na bhfataí in sa bhfómharcoinníonn siad na leathfhataí a fhásann, le haghaidh na síolta mar is iad is fearr le curo Bíonn súile maithe orthu agus is fearr a bhíonn bláth orthu. Nuair a chuirtear síos an síol in sa

139

Page 141: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

bpoll clúdaítear go maith é le créafóg ar fhaitíos go dtiocfadh luchóg agus go dtabharfadh sí léi é nó ar fhaitíos sioc ná sneachta.

Bíonn fataí curtha ag gach duine in san oileán mar tá talamh ag gach duine le hiad a chur ann. Ní bhíonn na daoine ag cabhrú le chéile mar ní bhíonn aon ghá leis. An duine nach bhfuil mórán cúnaimh aige ní bhíonn an oiread fataí curtha aige leis na daoine go bhfuil cúnamh acu mar ní theastaíonn siad uaidh. Sin é an fáth nach bhfuil na daoine ag cabhrú le chéile ag baint na bhfataí.

Nuair a chuirtear na sío1ta in sa ta1amh cuirtear 1easú orthu, ansin cuirtear iad agus nuair a bhíonn na barranna ag fás tríd an ta1amh 1ánaítear iad agus ansin nuair a bíonn na barranna fásta glantar iad: is é sin gach rud a bhíonn ag fás leo a ghlanadh astu. Ansin spraeáiltear iad agus coinníonn sé sin an dúchan ó na barranna.

Nuair a thosaíonn na daoine ag baint na bhfataí is iad na garranta a bhíonn curtha ar an Muirbheach acu a bhaineann siad ar dtús . Nuair a bhíonn 1án poill bainte an sin, suas le scór ualaí acu, cuireann siad iad i bpoll. Is amhlaidh a chartann siad poll ar dtús a bhíonn tuairim is trí troithe ar leithead agus is é sin an fad a bhíonn ann do réir an méid fataí a bheas le cur ann acu. Cuireann siad maoil ar an bpoll an sin agus cuireann siad a 1án raithní os cionn na bhfataí ar fhaitíos go dtiocfadh aon bháisteach go dtí iad. Ansin cuireann siad gaineamh os cionn na raithní agus fágann siad iad mar sin go dtí tús Feabhara.

13ú Nollaig 1937 Tráchtas Ainmhithe na Feilme

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 6-9)

Is iad na hainmhithe atá againn ar an bhfeilm ag baile ná: An capall, an t-asal, an bhó, an bullán, an 1ao, na gabhair, na caoirigh, na cearca, na lachain, an cat, an mada agus na muca.

Níl aon ainm againn ar an gcapall, ná ar an asal, ná ar na gabhair ach ar an seanghabhar agus ghabhar na n-adharc gcam. Tá corrainm againn ar na caoirigh: caora an Mhuirbhigh, caora na coise briste, an chaora chrosach agus an chaora mhór chrosach, an t-uascán, caora an uain dhuibh, an chaora dhubh, an chaora

140

Page 142: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

liath, an t-uascán mór, an t-uan atá gan bearradh, na moilt agus an reithe.

Nuair a bhíonn muid ag tiomáint na mbó deireann muid "siúirdín" leis an mbullán agus leis an lao. Deireann muid "hí ha" leis an gcapall; "go on, Jack" leis an asal; "seabh" leis na gabhair agus na caoirigh; "scut" leis an gcat; "scout" leis an mada agus, "froisin" leis na muca.

Nuair a bhíonn muid ag glaoch orthu, deireann muid "truaín" leis an gcapall, "Bess, Bess" leis an as al, "Beitín" leis an mbó agus leis an mbullán, "suicín" leis an lao, "meig" leis na gabhair, "teaimhín" leis na caoirigh, "tioc" leis na cearca, "Fítín" leis na lachain agus "bhachín" leis na muca.

Ní bhíonn aon cheann de na hainmhithe istigh againn ach an cat, na cearca, na lachain, na caoirigh tar éis beirthe dhóibhagus an t-asal oíche gharbh. Cuireann muid féar agus tuí agus raithneach mar easair fúthu nuair a bhíonn siad istigh. Cuireann muid buairín ar na caoirigh, ar na gabhair, agus croimeasc ar na hasail mar bíonn siad bradach. Ní bhíonn cúram ar bith aon bhuairín a chur ar na hainmhithe eile mar ní bhíonn siad bradach.

14ú Nollaig 1937 Tráchtas Toibreacha Beannaithe

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 9-10)

Tá trí thobar bheannaithe in san oileán seo. Seo iad iad: Tobar Ísleamáin atá suite thíos i ngar don Mhuirbheach i gOaí Gainimh. Tá Tobar Chinn Dheirge suite ó dheas den bhóthar nuair a bheifeá ag gabháil go dtí an tslip . Tá Tobar Cheanannach suite i mbuaile ó dheas den reilig.

Tá Tobar Ísleamáin ainmnithe mar gheall ar Naomh Isleamán. Deirtear go raibh tart ar an naomh fadó agus go ndeachaigh sé ag ól deoch uisce as an tobar agus nuair a chuaigh sé á ól b' éigean dó a ghabháil ar a dhá ghlúin agus chuir sé a dhá lámh amach uaidh. Nuair a bhí an deoch ólta aige d' éirigh sé aníos slán ach d' fhan lorg a dhá ghlúin agus a dhá lámh ann agus tá siad le feiceáil ann go dtí an lá inniu. Ní thugann aon duine aon turas air aon uair anois ná fadó ach an oiread.

141

Page 143: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Tá Tobar Chinn Dheirge suite ó dheas den séipéal. Tá tobar ann agus tá cróín beag len a ais atá chomh fada le fear agus chomh leathan le fear freisin. Bhí crois dheas ann agus níor chorraigh ná níor bhac aon duine léi go dtí lá arnhain tháinig Preispitéireach agus thug sé leis í abhaile ón oileán. Ní raibh a fhios ag na daoine an dtabharfadh sé leis í, ach dá mbeadh a fhios acu chuireadh siad i bhfolach air í agus ní fhéafadh sé í a thabhairt leis.

Bhíodh na daoine ag tabhairt turas ar Thobar Chinn Dheirge fadó go dtí uair arnháin nuair a bhí daoine ag teacht go dtí an tobar scoilt cois duine acu agus 6 shin amach ní thugann duine ar bith aon turas air. Bhíodh a gcuid bróg agus stocaí bainte díobh acu agus chaitheadh siad a ghabháil timpeall an oileáin mar sin le cladach nó go dtiocfadh siad go dtí an áit ar thosaigh siad.

Bhíodh na toibreacha ann i gcónaí ach is é an fáth go bhfuil siad beannaithe mar tháinig naomh go dtí gach ceann acu agus bheannaigh sé iad. Is é Naomh Ceanannach atá luaite le Tobar Cheanannach, Naomh Ísleamán atá luaite le Tobar Isleamán agus Naomh Cinn Dheirge atá luaite le Tobar Chinn Dheirge. Níor leighseadh aon duine riamh ag aon tobar díobh seo. Fágann na daoine pínneacha ag na toirbreacha seo uaireanta . Níl crann ar bith ag fás lena dtaobh ach féar agus biorlaí.

Uair amháin sa samhradh nuair a bhí an t-uisce go han-ghann thug bean uisce as Tobar Chinn Dheirge le haghaidh na fataí a bhruith dhi agus ní bhruíthfeadh na fataí dhi dá bhfágadh sí thíos iad ar an tine go dtí inniu.

11ú Nollaig 1937 Tráchtas Cluichí

Micil Ó Fathartaigh (8, 11-13)

Bíonn muid ag imirt cluichí ar feadh scaithimh den bhliain. Bíonn muid ag imirt Screaga, ag bualadh Cead, ag bualadh liathr6ide, ag caitheamh cloch neairt, ag tóraíocht coiníní, agus ag marúéanlaithe. Bíonn muid ag imirt Screaga in sa bhfómhar. Bíonn cúig cinn de chlocha beaga cruinne ag gach duine agus nuair a thosóidh tú ar dtús beidh tú .ag imirt nó go gcaillfidh tú. Is é an uair a chaillfidh tú nuair a thitfeas ceann de na cúig screaga

142

Page 144: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

as do lámha. Bíonn muid ag bualadh Cead timpeall Lá 'le Pádraig. Déanann

siad an Cead as píosa adhmaid agus buailtear é ansin le maide elle. Bíonn píosa de chIo ch leagtha ar an talamh agus an Cead leagtha suas leis.

Bíonn muid ag bualadh lia�hróide, is é sin ag bualadh ar dhaor. Beidh dhá dhream ann agus iad ag bualadh nuair nach mbeidh an duine istigh buailfidh duine elle é leis an liathróid agus beidh sé dóite . Beidh daoine cruinnithe, suas le cúigear nó níos mó nó níos lú.

Bíonn muid ag tóraíocht coiníní le cúpla mada nó trí agus nuair a éireos an coinín beidh na madraí agus na daoine ina dhiaidh. Nuair a bhíonn sio c ann ní bhíonn na héanlaithe in ann aon cheo a ithe as an talamh agus bíonn oeras orthu. Is ann a chuirtear ciseog a bhíonn déanta as slata le breith orthu.

Cuirtear maide beag a bhíonn tuairim leatroigh ar fhad faoi chorr na ciseoige agus greamaítear róipín beag as sin agus caitear píosaí cáca istigh faoi. Nuair a théann an t-éan isteach tarraingítear an chiseog air agus ní féidir leis corraí go dtí go mbeirtear air.

Bíonn muid ag baint crúibíní, airní, agus sméara dubha in sa bhfómhar. Ní bhíonn muid ag imirt aon chluiche in sa teach ach ag déanamh Púicín agus ag imirt cártaí.

Nuair a bhíonn muid ag déanamh Púicín is amhlaidh a chromann duine agus púicín air agus caitheann an chuid elle caipín amach idir a dhá chois agus nuair a bheadh siad go léir caite thiocfadh an púicíneach dá dtóraíocht agus an té gur leis an caipín a gheobhadh sé ar dtús is é a bheidh 'na phúicíneach.

Bíonn muid ag leá luaidhe gach oíche Shamhna agus bíonn an­spóirt againn. Cuirtear síos an luaidhe ar dtus á leá i mbosca nach mbeidh tada eile ann. Nuair a bheidh sé leáite ansin gheobhtar eochair ansin agus doirtear an luaidhe anuas tríd an bpoll. Má thagann tairní amach agat deirtear gur le haghaidh do chónra a bheidh siad.

. .

143

Micll Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 13-15)

Page 145: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

llú Aibreán 1938 Tráchtas Rudaí Neamhshaolta Níl mórán scéalta ag muintir an oileáin ar mhórán rudaí móra a thit amach.

Lá amháin in san eanach nuair a bhí na daoine ag leasú na bhfataí chuaigh fear ag bailiú feamainne agus d' éirigh sé ag a trí a chlog ar maidin. Nuair a chuaigh sé síos bhí an oíche dubh agus n! raibh mórán eolais aige in san áit mar ní raibh an fear eile riamh in san áit sin agus bhí faitíos air.

Bhí an mada aige agus nuair a chuaigh sé síos faoi ulán i gCarcair Pheadairín Bhriain chonaic sé rud mór dubh, amach uaidh agus rud geal os a chionn. Thosaigh an mada ag tafaint agus nuair a thosaigh, thosaigh capall ag seitreach, thosaigh be�m ag gáirí agus thosaigh marcach ag tiomáint. Chuaigh sé sail go dtí an áit ar airigh sé an t-uafás. Nuair a chuaigh, chuaigh cap all amachuaidh an ulán agus bean agus fear ag marcaíocht ait. Bhí an bhean agus an fear agus capall básaithe in san oileán nuair a tháinig an lá.

Bhí Seáinín Pháidín Sheáin lá ag gabháil ag bailiú feamainne ar maidin go moch agus nuair a bhí sé ag gabháil amach thar na leacracha móra d'airigh sé é féin á tharraingt i dtreo na Slipe. Nuair a luigh sé síos cé luíodh sé ach in sa bhfarraige bhí sé tarraingthe chomh fada sin as an áit a raibh sé ag gabháil.

Chonaic Dara Mór lá maighdean mhara básaithe i bhfeamainn. Lá eile in san oileán chonaic fear reilig i mbuaile agus daoine ag cartadh na huaighe. Níorbh fhíor é go raibh reilig in sa mbuaile ach b'fhíor go bhfaca an fear é agus an lá ina dhiaidh sin bhí an fear féin básaithe.

Lá amháin bhi rástaí in san oileán agus bhí go leor daoine ag breathnú orthu. Blú fear amháin thíos i bPort na Cora agus chonaic sé a dheartháir ann. Bhí a dheartháir ag na rástaí agus is é a bhuaigh ag caitheamh léim ardo Nuair a tháinig an fear abhaile a bhuaigh an rása bhí sé go dona go ceann trí mhí agus gheobhadh sé bás murach an sagart a bhíodh ag rá Aifrinn dó.

Bhí Peadar Mór lá ag baint fhataí amuigh in sa mBuaile Pháirteach agus caitheadh sleá leis . Bhuail sí air ach ní rinne sé aon do ch ar dó . Bhuail faitíos é agus chuaigh sé abhaile agus murach chomh héasca is tháinig sé bheadh duine básaithe leis in sa teach mar bhí bladhs ar an tine agus cuid de chótaí na ngasúr á ndó ag an tine .

144

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 16-18)

Page 146: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Baile an Mhothair Inis Meáin Oileáin Árann 11-4-'38 A Chara, Ba mhaith liom dá dtiocfá go dtí an teach ar an séú lá fichead den mhí le haghaidh tae.

Beidh go leor rudaí deasa ceannaithe agam duit, cácaí milse, misleáin, tae, úllaí, oráiste, feoil agus a lán rudaí eile.

Ná tar go dtí an trí sa tráthnóna agus beidh an-fháilte romhat ar theacht duit. Mar sin tar agus beidh an-spóirt againn.

Beairtle Ó Cualáin.

11ú Aibreán 1938 Tráchtas Scéal

Mise do chara dhil, Micil Ó Fathartaigh

(8, 18)

Lá amháin chuaigh triúr iascairí óga amach ag iascach i gcurach le spiléad. Ní raibh siad i bhfad amach nuair a tháinig cuma mhór dhubh ar an spéir. D'éirigh néal in sa spéir agus tháinig caiple bána ar an bhfarraige i dtreo go raibh cáitheadh na farraige ag gabháil isteach in sa gcurach.

Thosaigh sé ag báistigh agus nuair a stop sí tháinig stoirm an­mhór agus murach an balasta a bhí inti acu d'iontófaí í leis an ngála . Thosaigh siad ag iomramh ga dtí an t-oileán agus d'éirigh leo an baile a fháil arís . Bhí an-áthas orthu nuair a tháinig abhaile agus gheall siad nach dtiocfadh siad amach arís go brách an fhad is bheadh siad beo.

145

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 19)

Page 147: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

llú Aibreán 1938 Tráchtas Laethanta Áirithe Tá laethanta áirithe ins gach bliain agus ins gach seachtain nach maith leis na daoine tosú ag déanamh rudaí faoi leith. Ní maith leo an capall a shrathrú ná aon asaI ar lá chrosta na bliana. Ní maith leo aon ghruaig a bhaint amach ná tú féin a bhearradh Dé Luain.

Níl sé ceart dar le daoine gruaig' a bhaint amach ná caoirigh a bhearradh in sa gOncís mura mbeadh ceann amháin bearrtha agat ar dtús. Deir siad dá mbainff gruaig de dhuine ná de chapall in sa gCincís go mbeadh an duine agus an capall básaithe roimh an gCincís arís .

Níl sé ce art a ghabháil i dtrá ag baint feamainne ná coirlí Luan Cásca ná aon síol a shá. Bhí daoine fadó ann Luan Cásca agus bhain siad feamainn agus sháigh siad síolta ach má sháigh níor fhás aon chuid acu orthu.

llú Aibreán 1938 Tráchtas Éadaí

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (81 19-20)

Níl ach aon táilliúir amháin in san oileán anois agus ní raibh ann le fada an lá ach aon táilliúir riamh. Nuair a gheobhadh an seantáilliúir bás is é a mhac a gheobhadh an cheird I na dhiaidh nó a iníon nó duine éigin dá chuid gaolta. Bhíodh an seantáilliúir ag gabháil ó theach go teach ag déanamh éadaí.

Ní bhíonn an táilliúir atá anois ann ag imeacht ar chor ar bith mar is táilliúir óg atá ann fós. Ní bhíonn éadach ar bith aige in sa teach le díol. Ní bhíonn duine ar bith ag-ceannacht éadaí mar bíonn bréidín ag gach duine dhó féin. Caitheann gach duine in san oileán seo éadach na háite agus is é an gnáthéadach a bhíonn ann ná bréidín.

Bhí táilliúir ann fadó thuas tigh Colmane agus tháinig sagart isteach ann a bhí bacach. Dúirt an táilliúir leis é féin a thabhairt amach trí Loch Cheann Gainimh. Chuir sin fearg mhór ar an sagart agus chuaigh sé síos go dtí an loch é féin ar asaI. Fuair sé

146

Page 148: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

sluasaid agus chuaigh sé amach i lár an locha. Nuair a bhí sé amuigh ní raibh an loch domhain ar chor ar bith mar is loch an­tanaí é cé go bhfuil sé leathan agus fada. Níl sé ach trí troighe ar domhain in san áit is doimhne é. Chart an sagart polI mór leathan i lár an locha. Tuairim seacht dtroighe ar doimhneacht agus chaith sé an láib ar bhruach an ruda i dtreo nuair a shiúlfadh sé ar bhruach an phoill go gceapfadh an tailliúir go raibh sé an­tanaí agus dá dtitfeadh sé féin nach mbeadh aon bhaol air go mbáfaí é féin.

Chuaigh an sagart suas ar an asaI abhaile chuig Colmane agus d'iompair an t-asal síos an bheirt go dtí an loch. Chuaigh an táilliúir ar dhroim an tsagairt agus d'iompair an sagart é go dtí an polI. Chaith sé síos sa bpoll é agus bádh ann é . Deir daoine óshoin nach ndearna aon táilliúir aon mhagadh faoi aon sagart.

Is iad na gléasanna a bhíonn ag an táilliúir, inneall, siosúr, miosúr, snáth, ceirtlín, téip, cailc, snáth, spól, méaracán agus rudaí beaga eile a fheileann dó.

Déanann na mná na léinteacha agus na gúnaí. Is as éadach olla glas a dhéanann siad na léinteacha do na fir. Is as máilín bán a dhéanann siad na léinteacha do na mná agus do na gasúir . Is as snáth a chniotáiltear na stocaí a bhíonn ar gach duine. Is amhlaidh a bhíonn siad bán ina mbéal thuas agus bán ina mbarr agus sna sála. Faigheann siad an snáth as olann a bhíonn acu féin agus déanann siad na stocaí as sin. Tá tuirne ag gach duine in san áit mórán ach b' fhéidir duine nó ag beirt.

Ní chaitheann siad éadach áirithe ar aon ócáid ach b'fhéidir nuair a bhíonn siad ag gabháil go dtí bainis agus go dtí an tAifreann Dé Domhnaigh. Bíonn éadach dearg ar na mná agus cótaí dearga ag sochraid. Bíonn salann ina sto caí acu leis agus ag na fir freisin ach deirtear nach bhfuil ann ach pirseog.

Micil Ó Flathartaigh (Pádraig) Ceathrú an Leisín

(8, 20-23) Fuaireas gach ceann acu seo ó: Beairtle Ó Conghaile. An seoladh céanna.

147

Page 149: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

20ú Meán Fómhair Seéal Bhí fear ann fadó agus is fadó a bhí. Bhí triúr mae aige. Lá amháin ehuir siad amaeh na líonta, agus go deor daoine eile. Bhí an lá go han-bhreá, ach nuair a tháinig an oíehe d' éirigh an fharraige agus tháinig gála agus ar maidin ní raibh aon ehuraeh in ann gabháil amaeh ag tógáil na líonta. Do réir mar bhí na báid ag gabháil amaeh bhí siad á mbá.

Nuair a bhí an triúr mae seo ag imeaeht ag tógáil na líonta bhí an t-athair ar an leaba agus é tinn. Dúirt sé leis an mae ba shine píee a fháil agus splane a ehur ar an spíee a bhí ar a bharr agus nuair a bheadh an tonn mhór ag teaeh an píee a ehaitheamh ann agus go mbeadh leo. Aeh níor thug sé leis é. Dúirt sé leis an dara mae é aeh níor thug. Dúirt sé leis an tríú mae é agus thug.

Máirtín Mae Conraoi an t-ainm a bhí ar a n-athair agus ní raibh sé in ann gabháil in éineaeht leo. Chuaigh an mae ab óige leis an bpíce agus an splane, agus nuair a tháinig siad go dtí an cladaeh, ehonaic siad na báid ag gabháil amaeh agus iad dá mbá agus ehuaigh amaeh agus ehonaic siad an tonn bháite ag teaeht agus dúirt an mae ba shine go mbeadh siad báite . Aeh nuair a tháinig sé, ehaith an mae ab óige an píee ann agus lagaigh an fharraige ehomh ciúin leis an tobar. Tharraing siad na líonta agus tháinig siad i dtír. Deirtear gur bádh os cionn dhá seór duine an lá sin as an oileán seo.

In sa tráthnóna tháinig buaehaill óg agus é ag mareaíoeht ar ehapall dubh agus dúirt sé go raibh bean in áit éigin agus an píee a ehaith sé in sa bhfarraige an lá sin, gur trí chos mná a ehuir sé é. Chuaigh sé leis agus bhí siad ag imeaeht ehoíche nó go deo nó go dtáinig siad go dtí seomra mór agus bhí bean ann in sa leaba agus an píce ina bolg agus í go dona. Tharraing an buaehaill an píee as agus phós an bheirt aeu a ehéile agus mhaireadar go sona séanmhar, agus deirtear nuair a eailleadh anbheirt go raibh euid de na daoine á bhfeiceáil in san oileán go fóill.

148

Micil O Fathartaigh (Pádraig) (8, 24-5)

Page 150: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

3ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal Bhí fear ann fadó agus bhí triúr mae aige . Nuair a bhí an mae ba shine fásta dúirt sé go raehadh sé ag saothrú a bheatha. Bhí siad an-bhoeht agus ní raibh aon rud aeu le n-ithe . D'imigh an mae ba shine agus bhí sé ag imeaeht leis nó go dtáinig sé go dtí teaeh. Bhuail sé ar an doras agus d' oseail duine dhó é, agus dúirt an buaehaill leis go raibh sé ag iarraidh oibre. Chuaigh an buaehaill leis. Chuir sé ag baint fhéir é. Nuair a tháinig sé sa tráthnóna , bhí an fear istigh agus nuair a tháinig sé isteaeh bhain sé an cloigeann de.

Lá elle dúirt an dara mae go raibh sé in am aige féin gabháil ag saothrú a bheatha. D'imigh leis nó gur easadh teach leis agus is é an teaeh eéanna a ehuaigh an duine eile ann agus mharbh sé é.

I geeann seaithimh eile dúirt an mae ba hóige go raehadh sé ag saothrú a bheatha. D'imigh sé agus bhí sé ag siúl nó gur easadh seanfhear leis agus bhí inneall aige agus thug sé dhó é . Chuaigh sé abhaile agus é aige . Nuair a tháining sé isteaeh sa teaeh d'fhiafraigh an bhean de an bhfuair sé aon rud agus dúirt sé go bhfuair. Dúirt sé leis an inneall:

"In ainm Dé agus Mhuire, meil plúr ." Thosaigh an t-inneall go ndúirt an fear leis stopadh. Rud ar bith naeh mbeadh aeu mheileadh an t-inneall dóibh é .

Lá amháin thámig an fear saibhir agus d'iarr sé an t-inneall agus thug sé dhó é . Agus lá amháin ehuaigh siad go dtí tír éigin eile i mbád agus dúirt sé leis an inneall a bheith ag meilt salainn. Thosaigh an t-inneall ag meilt agus nuair a bhí euid mhaith meilte aige ní raibh a fhios aeu eéard a d' iarrfadh siad mar bhí an bád á líonadh, agus ar deireadh ehuaigh sé go tóin agus bádh ia d, agus deirtear gurbh é sin an fáth go bhfuil an fharraige goirt.

10ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 26-7)

Bhí fear ann fadó agus lá amháin ehuaigh sé amaeh ag baint fhataí. Lá Bealtaine a bhí ann agus bhí sé thíos sular éirigh an ghrian. Faoi eheann seaithimh ehaith sé de a veist agus ar an nóiméad

149

Page 151: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

agus a bhain sé de í tháiníg na sióga agus thosaigh siad ag góílt aír nó go mba bheag nach raibh sé marbh.

Ach deírtear murach bean a bhí caillte san oileán go maródb siad a.r fad é. Thug siad aníos é scaítheamb ón tea ch ga dtf a.n teach agus d'fhágadar ansin é nó go blúuaír a mhamaí ann é. Agus deirtear ón am sin nach ceart a ghabháil amach ar an gcéad duine Lá Bealtaine.

10ú Oeíreadh Fómhaír 1938 scéal

Micíl Ó Fathartaígh (Pádraig) (8, 28)

Bhí fear ann fadó agus bhí sé ina chónaí ar Bhaíle an Mhothaír agus oíche amháín ar a trí a chlog chuaigh sé soír go dtí antslip ag ba.iliú feamainne. Nuaír a bhí sé ag gabháil soír ag na Leacracha Móra chonaíc sé lámha á tharraingt amach ar na creaga taobh amuigh den bhóthar, amach ag an gCromleic agus isteach arís síos an tslip go dtáinig sé go farraige agus d'imíodar ansin agus marraíodh ar deíreadh é .

Fuaíreas an scéal seo Ó m' athaír: Sé amas Ó Fathartaigh An seoladh céanna liomsa.

6ú Oeíreadh Fómhaír 1938 scéal

Micíl Va Fathartaigh (Jim) Ceathrú an Leisín

(8, 29)

Bhíbean ann fad6. Ní raibh sa teach ach í féin agus a maco D'imigh an bhean ar cuaírt aon oíche amháin . D' fuág sí an mac istigh sa teach. Ní raibh sí i bhfad imithe ga dtáiníg trí sióga isteach sa teach agus thugada.:r leo é.

Nuaír a tháiníg a mháthaír agus nuaír nach bhfaca sí an mac istigh bhí sí go brónach ina dhiaidh. Aon oíche amháin buaileadh ar an doras aid. O'oscaíl sí é. Bhí fear ag teacht ar cuaírt chuid.

150

Page 152: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

D'fhiafraigh sí den fhear an bhfaca sé a maco Dúirt sé léi go raibh sé ag na sióga agus dúirt an fear léi a ghabháil go dtí na sióga. Chuaigh sí chuig na sióga an lá ina dhiaidh sin.

D'fhiafraigh an bhean ansin díobh an raibh a mac acu. "Tá sé againn le cupla lá anuas", ar siad. Ghlaaigh sí air.

Tháinig sé ga dtí í. Thug sí abhaile léi é. Bhí sé chamh tinn sin agus nach raibh sé in ann labhairt léi. Cailleadh é i gceann cupla lá ina dhiaidh sin. Bhí a mháthair ga han-bhrónach ina dhiaidh ansin.

19ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Máire Ní Chonghaile (8, 30-31)

Bhíbean ann fadó agus bhíodh sí an-ghortach. Lá amháin tháinig ceannaí isteach aici, agus d'fhiafraigh sé dhi an raibh aon seanphíosaí éadaí aici agus dúirt sí go raibh go le or agus spáin dó iad. Dúirt an ceannaí go raibh siad go maith. D'fhiafraigh sé dhi cé mhéad a bheadh sí a iarraidh orthu. Deich scillinge. Níor mhaith leis an méid sin a thabhairt orthu. Ar deireadh thug sé deich scillinge dhi.

'Té as thú?" arsa an bhean. "Is as an mbaile seo mé. Cad chuige nach n-aithníann tú roé? Is mise an fear a bhí agat nuair a thug na sióga leo mé."

D'fhiafraigh sé dhi cá raibh an mac agus dúirt s í go raibh sé imithe le fada. Dúirt an fear léi go bhfaca sé féin é in sna sióga. Dúirt an fear ansin nach bhféadfadh sé fanach ruos faide agus ar an n6iméad bhí sé imithe.

An lá ina dhiaidh sin chuaigh an bhean síos go Ceann Gainimh ag bleán na bóo Bhí an oíche ag titim agus chonaic sí long mhór ag teacht isteach agus nuair a bhí sí scaitheamh isteach chuir sí dhá bhád bheaga isteach uaithi agus iad lán le daoine agus spáideanna acu agus thosaigh siad ag cartadh nó go raibh cuan roór déanta acu.

Is é an mac a bhí i gceannas na sióg ann. Deirtear ón méid sin ga bhfuil an caladh ann fós agus tugtar Caladh Pheadair marainm air ó shin.

151

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 31-2)

Page 153: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

31ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal Bhí fear ann fadó in san oileán seo agus Lá Fhéil Sain Seáin a bhí ann. Peait Sheáin Teaim an t-ainm a bhí ar an bhfear. Ar maidin an Iae sin ehuaigh sé amaeh ar na Creaga ag breathnú an raibh an féar ag fás go maith.

Nuair a bhí sé ag gabháil suas ag an Dún ehonaie sé mar bheadh siota gaoithe ag séideadh in sna Creaga timpeall air. Bhreathnaigh sé agus ehonaic mar bheadh féar bailithe le ehéile ag séideadh go tramo Nuair a bhí sé i ngar don ehlaí stop sé agus eéard a ehonaic sé aeh a athair ina sheasamh an taabh eile den ehlaí. Ní raibh a athair aeh seaehtain eaillte .

Dúirt Pe ait Sheáin Teaim leis eéard a bhí sé a dhéanamh agus dúirt sé go raibh sé in sna sióga agus dúirt sé dá ndéarfadh sé Aifreann amhain dó ga raehadh sé in sna flaithis.

31ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal

Mieil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 32-3)

Bhí fear ann fadó agus amuigh ar na Creaga a bhí sé ina ehónaÍ. Bhí an áit an-uaigneaeh agus ní raibh [ Na an chuid eile den scéal ann. ]

31ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal

(8, 33)

Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus aan oíche amháin ehuaigh sé síos ag an trá mar eheap sé ga mbeadh píosa adhmaid aige ag teaeht aníos dó, nó rud éigin eile. Bhí páiste aige agus nuair a ehuaigh sé síos, thug sé a mhae in éineaeht leis. Chuaigh siad sías go dtí an Caladh Mór agus síos ga Ceann Gainimh agus soir go dtí an tSlip .

Nuair a bhíodar ag gabháil soir ehaill an mae a bhróg. Dúirt sé leis an athair fanaeht leis go mbeadh a bhróg air.

152

Page 154: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

"Déanfaidh sin", a deir an t-athair. " Tá rné ag fanaeht leat anois" , agus bhí sé ag irneaeht soir. Bhí

sé ag eeapadh go rnbeadh an rnae ina dhiaidh i geónaí aeh ní raibh. Nuair a bhí an fear thoir ag an tSlip is ea a ehonaie sé naeh raibh a rnhae in éineaeht leis . Chas sé amos arís go rnbeadh a fhios aige cá raibh an rnae aeh ní bhfuair sé é . Chuaigh sé abhaile agus é brónaeh go leor. Bhí sé ag eeapadh gurb iad na sióga a ghoid é.

31ú Deireadh Fórnhair Seéal

Soreha Ní Chonghaile (8, 34)

Bhí beirt deartháir ann fadó agus bhí duine acu boeht agus bhí an duine eile saibhir. Aeh aon lá arnhain ehuirnhnigh sé ar phlean. An lá a tháinig ina dhiaidh mharaigh sé an bhó a bhí aige agus dhíol sé a euid feola agus fuair sé go le or sabhran uirthi.

Ansin bhí aonaeh ann an lá ina dhiaidh agus thug sé leis an eraiceann agus chuir euid de na sabhrain istigh ann. Tháinigeeannaitheoir go dtí é agus d'fhiafraigh sé dhe eé rnhéad a bheadh sé a iarraidh ar an geraiceann. Dúirt an fear leis gurbh fhiú go leor é agus nuair a ehraithfeadh sé é go dtitfeadh sabhran as. Tháinig go le or eeannaitheoirí ansin agus ehonaie siad an rud iontach a thit amaeh agus ansin thosaigh siad á cheannaeh. Fuair sé go leor airgid air agus ansin nuair a thosaigh siad á ehraitheadh níor thit aon sabhran as.

Nuair a ehuaigh an fear boeht abhaile d'inis sé don fhear saibhir eén áit a bhfuair sé an t-airgead agus rinne sé féin an rud eéanna. Nuair a ehuaigh sé ar an aonaeh is amhlaidh a bhí na eeannaitheoirí ag rith ina dhiaidh agus ag eaitheadh cloeh leis mar bhí siad ag eeapadh gurb é an fear eéanna é.

Nuair a ehuaigh sé abhaile bhí sé ar buile leis an bhfear boeht agus chuir sé é síos i mála agus bhí ag gabháil go dtí an abhainn lena ehur ann. Ar an mbealaeh go dtí an abhainn bhí sé tuirseaeh agus chuaigh sé ehuig an tobar le deoeh a fháil. Nuair a bhí sé imithe tháinig fear go dtí an fear a bhí sa mála agus dúirt sé leis é féin a ligint isteaeh. Chuaigh an fear amaeh as an mála agus ehuaigh an fear eile isteaeh ann. Nuair a tháinig an fear ehraith sé an mála ar a dhroim agus ehuaigh sé go dtí an abhainn. Nuair

153

Page 155: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

a chuaigh sé abhaile bhí an fear bocht ag baile roimhe agus ní raibh a fhios aige cá as a dtáinig sé.

14ú Mí na Samhna 1938 Scéal

Anna Ní Fhathartaigh (8, 35-6)

Bhí bean agus fear ann fadó. Aon oíche amháin chuaigh an bhean go dtí áit a raibh mac tÍre agus ainmhithe aUta ann. Chonaic an bhean an mac tíre ag teacht go dtí í. Labhair sí leis ar dtús . Ansin dúirt an mac tÍre léi go maródh sé í. Tháinig faitíos ar an mbean ansin. Chuaigh sí go dtí áit ina raibh an teach aici. Níor rinne an mac tÍre ach í a leanacht go dtí go raibh sé ag a teach aici. Nuair a chonaic an bhean an mac tÍre ag teacht isteach sa teach tháinig faitíos uirthi agus ar an bhfear freisin. Níor rinne an mac tíre ach iad a mharú ansin.

Fuair mé an scéal seo ó m'athair. Ceathrú an Leisín

14ú Samhain 1938 Scéal

Máire Ní Chonghaile (8, 37)

Bhí fear ann fadó agus amuigh ar na Creaga a bhí sé ina chónaí. Bhí an áit an-uaigneach agus ní raibh aon duine i ngar dó. Oíche amháin bhí sé ag brionglóidigh go raibh bean óg ar an mbaile agus go bpósfadh sí é.

Nuair a d'éirigh sé ar maidin d'imigh sé leis go dtí an baile. Bhí sé ag imeacht ar fud an bhaile agus ar deireadh chonaic sé bean óg ag gabháil go dtí an tobar. D'fhiafraigh sé di an bpósfadh sí é agus dúirt sí go bpósfadh. D'imigh leo nó go dtáinig siad go dtí an teach. Chuaigh siad isteach agus d' ól siad tae agus bhí féasta mór acu le chéile . Nuair a bhí an méid sin déanta acu chuaigh an fear ag glaoch ar dhaoine chun na bainise .

Tháinig go le or daoine. Tháinig athair agus máthair an chailín.

154

Page 156: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Pósadh iad le chéile agus bhí saal breá acu le chéile .Bhíbuachaill óg acu agus lá amháin chuaigh sé féin agus an bhean ga dtí abhainn agus céard a tháinig amach as an abhainn ach maighdean mhara agus thug sí léi iad.

Tháinig an aíche agus bM an fear istigh agus ní raibh an bhean ná an páiste . An aíche sin bhí sé ag briangláidgh ga raibh siad ag maighdean mhara.

Lá arna mhárach chuaigh sé ga dtí an abhainn agus tháinig an mhaighdean anías chuige. Dúirt sé ga dtabharfadh sé chuici rudaí luachmhara dá bhfaigheadh iad. D'imigh leis agus thug sé dhi iad. Tháinig an bhean agus an páiste anías píasa beag. Dúirt an fear leis an maighdean ga dtabharfadh sé éadach nías breátha chuici dá spáinfeadh sí cuid eile dhá agus dúirt sí ga spáinfeadh. D'imigh leis agus thug sé chuici é. D'éirigh an bhean anías as an uisce nías faide . Dúirt sé ga dtabharfadh sé éadach nías deise dhi dá spáinfeadh sí iad. D'imigh leis agus thug sé chuici é. Nuair a tháinig sé d' éirigh an bhean agus an páis te anías ar fad agus léim siad ar thalamh agus shiúil lea abhaile agus chaith siad saal breá le chéile .

19ú December 1938 Scéal

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 38-40)

Bhí fear ann fadá agus bhí píasa már talaimh aige agus ba éard a bhí ann fear feasa. Bhí camharsa leis an bhfear seo a raibh píasa talaimh aige agus bhí an bheirt acu an-mhár le chéile . Dúirt an fear feasa lena chara lá gabháil ga dtí a leithéid seo d'fhear a bhí ina chaibléara brág, agus a fháil scríafa uaidh as a chuid fala a chuid talúna a fhágáil aige, agus gan aan ruaig a chur air.

Chuaigh sé ga dtí an caibléara mar a dúirt sé leis agus bhí sé ina shuí sa daras ag caibléireacht a leath istigh agus a leath amuigh. D' fhiafraigh sé dhe an ndíreadh sé sál a bhróige ga raibh sí cam. Dúirt sé ga ndéanfadh, ach dúirt sé cén táille . Thug an feilméara leathcharóin as an abair.

Nuair a fuair an caibléara an leathcharóin is éard a rinne sé a ghabháil amach ag ó1. Is gearr a shiúil an feilméara arís ga dtáinig sé ar ais. Dúirt sé ga raibh tairne ag gabháil trína chais in sa

155

Page 157: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

mbuatais agus go mba cheart d6 é a bharradh. Thug sé giní dhá as sin a dhéanamh. Ghlac an caibléara buíochas ansin agus dúirt sé ga ndéanfadh sé gach rud a d'iarrfadh sé air.

Tá ga maith a dúirt an feiIméara. ní iarrfaidh mé aon rud art ach má fhágann tú do chuid talaimh agam.

"Dheamhan baol art", a deir an eaibléara. D'iarr an ieiIméara air a seríobh as a ehuid fala naeh geuirfeadh sé as a ehuid talúna é agus rinne an eaibléara sin le toiI. Ba éard a bhí sa geaiIbléara sin CromaiI.

Blianta ina dhiaidh sin nuair a bhí Cromail ag seoladh na ndaoine as Éirinn agus á marú tháinig sé go dt{ an feilméara seo. Agus dúirt sé ga seasfadh sé ar a fhocal a tlUlg sé cheana dh6 - go saighneálfadh sé nach gcuirfeadh sé aon iomp6 air. D'fhiafraigh Cremail den seanfhear cén fhad a mhairfeadh a dhlí in Éirinn. Dúirt an seanfhear ga mairfeadh sé ga dtagadh an lá inné ar ais.

Bhí CromaiI an-sásta leis ansin nuair a ehuala sé ga raibh an dlí ehomh láidir sin.

"Cén fhad a mhairfeas mé féin?", a deir sé. Mairfidh tú bea a fhad is thogr6s tú féin é. Tá sé ráite gur goideadh CromaiI as an áit ar cuireadh é tar éis a bháis agus gUl'bh é an áit a cuireadh a thlomna j bhfarraige in aice le Holyhead agus ga bhfuiI dl'ochfharl'aige in san áit sin thar áit ar bith eiIe.

20ú Nollaig 1938 Seéal

Micil O Fathartaigh (Pádraig) (8, 40-42)

Bhí fear ann fadá agus bhí sé pó sta agus bhí mae amháin aige . Ní raibh aon duine in sa teaeh aeh an triúr aeu agus tar éis seaithimh cailleadh a bhean.

Lá amháin chuaigh an fear amach ag fiach agus d'fhág sé a n páiste agus a n mada istigh . D'imigh leis agus n í raibh s é i bhfad imithe nuair a tháinig sé arís. Rinne é ga réidh agus d'oscail an doras. QlOnaic sé an páis te jstigh agus rud éigin agus éadach bán air. Nuair a thájnig an fear isteach d 'éirigh sé de ghe.it.

D'fhiafraigh an fear de cé a bhí ann agus dú.irt sé gurb i a mháthair a bhí ann .

156

Page 158: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

An lá ina dhiaidh sin d'imigh sé agus nuair a tháinig bhí an rud céanna ann agus dúirt an páiste go ndúirt sí go raibh sí i bPurgadóir agus guidhe ar a son.

20ú Nollaig 1938 Scéal

MidI Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 34)

Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne air. Beirt ghasúr agus beirt chailíní a bhí acu. Bhíodh siad ag troid gach lá. Bhíodh an ghráin ag duine acu ar an duine eile. Ní raibh an bheirt chailíní ag troid ar chor ar bith ach na buachaillí.

Ní bhíodh a fhios ag an athair ar chor ar bith an fáth a raibh siad ag troid. Aon áit a mbeadh siad le chéile bhuaileadh duine acu an duine eile. Ar deireadh d'inis an t-athair don sagart é agus Dé Dornhnaigh tar éis Aifrinn choinnigh an sagart istigh an t­athair agus an bheirt mhac.

D'fhiafraigh an sagart dióbh cén fáth a mbíodh agus dúirt duine acu gurbh amhlaidh a shádh rud éigin biorán ann agus gurbh [amhlaidh] a bhíodh sé ag ceapadh gurbh é an duine eile a dheineadh leis é, agus dúirt an duine eile an rud céanna. Dúirt an sagart leis an athair ansin gurbh é an diabhal a bhí ag iarraidh iad a thabhairt chuige féin.

Bhí an sagart ag léarnh os a gdonn agus bhaist sé iad. Nuair a chuaigh siad abhaile ansin d' irnigh siad le chéile in áit éigin agus ní raibh siad ag bualadh a chéile níos mó.

Nuair a bhí an bheirt bhuachaillí stoptha thosaigh na cailíní ansin agus bhí siad mar sin go brách beagnach. Cailleadh an bhean nuair a bhí na buachaillí ag troid le chéile . Agus nuair a cailleadh chuir sí an méid sin de phionós ar an gclann. Nuair a d'inis an t-athair don sagart é níor éirigh leis iad a stopadh. Dúirt an sagart leis go raibh a bhean in ifreann agus go raibh sí ag cur cathuithe orthu ag iarraidh iad a choinneáil di féin agus go mbeadh siad in ifreann léi féin.

Agus na daoine a bhí in sa teach sin tá siad ag troid le chéile ó shin agus an t-ádh orthu.

157

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 44-5)

Page 159: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

21ú Nollaig 1938 Scéal In san earrach bhí go le or curach ag iascaíreacht langaí. Ins an tráthnóna tháinig ceo, agus tháinig siad isteach. Ní raibh mórán baoití acu agus chuaigh siad go hInis Oírr. Bhí ceo an-trom ann. Shroicheadar an t-oileán slán. Nuaír a bhí na baoití faighte ag cuid acu tháinig siad arís ach d'fhan dhá churach acu thoir.

Tháinig an ceo ruos troime nó gur ar éigean a d'fheicfeá duine a bheadh an taobh eile dhíot. D' fhágadar an t-oileán agus shíl siad gur ag teacht godtí an t-oileán a bhí siad. Bhí taoille tuile ann agus tharraing sé le fána iad. Bhí siad ag imeacht leo ar feadh na hoíche agus gan fhios acu cá raibh siad ag gabháil.

An lá ina dhiaidh sin bhí sé chomh dona céanna agus bhí siad ar an bhfarraige . Ní raibh a fhios acu cad a dhéanfadh siad. Bhí siad ag ite an iasc fhuaír a bhí sa gcurach acu le hocras. Tar éis dhá lá a chaitheamh amuigh shroich ceann acu có sta Chontae an Chláír agus chonaic cailín beag iad a bhí ag breathnú ar chaoírigh. Chuaigh sí go dtí an teach agus thug sí canna tae agus cáca chucu. Chaith siad seachtain in sa teach agus is iad an triúr iad ná: Peait Ruaírí Beag, Seán Pháidín Sheáin, agus Máírtín Ruaírí Beag.

Choinnigh an curach uírthi gan fhios aici cá raibh sí ag gabháil agus tar éis trí lá shroich sí Conamara agus iad beagnach caillte leis an ocras. Tháinig siad ag an Spidéal agus tar éis scaithimh d'imigh siad agus chuaigh siad siar ag daoine muinteartha a bhí acu. Is iad an triúr iad ná: Beaírtle Teaim, Micil Mháírt agus Colm Saile.

22ú Nollaig 1938 Scéal

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) (8, 46-7)

Bhí fear ann fadó, agus bhí sé an-bhocht agus ní raibh aon rud le n-ithe aige agus bíodh sé ag imeacht ag bailiú na déírce le rud a cheannacht dó féin agus dá bhean.

Lá amháin d'imigh sé ach ní bhfuaír sé aon phínn an lá sin. Tháinig an oíche agus ní raibh aon rud le n-ithe aige féin ná ag a bhean agus bhí siad go dona leis an ocras . D'imigh leo san oíche agus bhí an bheírt acu gan a fhios acu cá raibh siad ag gabháil. Bhí siad ar deíreadh thuas ag an Dún agus bhí fear eile ann -

158

Page 160: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

áit a raibh bó leis tinn. Chuaigh siad go dtí fallaí an Dúin agus d' airigh siad ceoI.

Agus is é an ceol a bhí ann ná: go raibh fear agus bean ag iarraidh na déirce agus ná raibh aon rud acu a cheannódh a mbéile . Bhí an fear agus an bhean agus an fear eile taobh amuigh. Bhí siad ag éisteacht leis an gceol agus leis an rince.

Micil Ó Fathartaigh (Pádraig) Ceathrú an Leisín

(8, 47-8) Fuaireas na scéalta seo ó: Beairtle Ó Conghaile . An seoladh céanna.

Bosca 2C Cóipleabhar 9 Inis Meáin Oileáin Árann Saile Ní Fhlaitheartaigh [ Saile Sheáin Bhrian] Rang vi

Seanchas i dtaobh na hAimsire Tá go le or comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt ar an sórt aimsire a bhíonn le teacht. Baineann siad meabhair (a) ón ngealach, (b) ón ngrian, (c) ó na réaltóga, (d) ón bhfarraige, (e) ón ngaoth, (f) ón spéir, agus (g) ó rudaí beo.

(a) Deirtear nuair a bhíos an ghealach leathbháite nó solas thart timpeall uirthi go mbíonn drochuair air nó an uair a bhíos sí caite ar chúl a cinn.

(b) Deirtear i dtaobh na gréine nuair a bhíonn sí dearg ag gabháil faoi dhi san aer thiar agus bun na spéire dearg freisin go mbíonn aimsir bhreá air, agus nuair nach mbíonn aon néalta sa spéir.

(c) Deirtear nuair a bhíos go le or réaltóg ar an spéir agus iad ag preabadh agus iad go deas le feiscint gurb in comhartha le uair bhreá. Deirtear nuair a bhíos siad múchta agus gan mórán acu sa spéir deirtear an uair sin go mbíonn báisteach air.

(d) Deirtear nuair a bhíos na cladaigh ag béiceach go mbíonn uair bhreá air.

159

Page 161: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

(e) Deirtear gur Íomaí comhartha a bhíos a ru1 1e gaoth. Deirtear lluair a bhíos gaoth aduaidh ann agus fuacht léi gurb in comhartha le sioe, agus deirtear nuair a bhíos an ghaoth anoi.r ann agus i fuar agus crua nach mbíonn aon rud ag fás léi. Deirtear freisin nuair a bhíos an ghaoth aneas ann go mbíonn sí chomh breá sin go mbíonn fás maith faoi gach rud aid. Deirtear go mbíonn an ghaoth aneas tais agus go gcuireann sí olann ar chaoi '¡gh agus deirtear leis an ngaoth arriar go mbíonn comhartha le haimsir bhreá agus uair ar bith a bhíonn sí ann go mbíonn iasc go le or i líonta.

(f) Deirtear go mbíonn dath glas ar na spéartha le haimsir gharbh agus báisteach, nuair a bhíos an spéir gorm glan ga mbíonn aimsir bhreá air.

(g) Deirtear faoi na héanlaithe, nuair a thagas na géabha fiáine thar an bhfarraige, gur ó Albain a thagas si ad agus ga mbíonn sé ag cur sneachta sa rn: sin agus nach fada uainn drochaimsir .

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh (9, 1, 4-5)

Fuair mé na scéalta seo uilig ag rn' athair

Seán O Flaitheartaigh. An seoladh céanna.

5ú Nollaig 1938 Scéal Bhí triúr fear as an oileán seo lá amháin ag gabháil amach chuig galtán iascaigh ar an taobh amuigh den oileán. Tá an triúr sin bea fós agus is iad ná: Micil Thomáis, Máirtín Sheáin Pheigín agus Páidín Bheairtle Teaimín. Ar chuma ar bith nuair a bhí siad amuigh tháinig ceo ar talamh agus ar farraige .

Ba é seo Luan Cincíse agus nuair a ghlan an ceo arís chonaic siad an galtán seo roinnt gar dóibh ag tarraingt an tróil agCeann Léime ó dheas agus d'imíodar iad féin chuici ach nuair a bhíodar i bhfoisceacht leathmhíle dhi d'imigh sí léi agus tháinig an ceo arís níos measa fós. Bhí sé ina mheán Iae faoi seo agus shíl siad nach bhfeicfidís lnis Meáin ga dea arís .

Ach ghlan sé rud beag arís ach má ghlan féin d' ardaigh an fharraige . Chroch Máirtín Sheáin Pheigín a chaipín ar cheann de na maidí rámha ag cur i gcéill go raibh siad i mbaol a mbáite . Ní

160

Page 162: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

rabhadar i bhfad in san áit sin nuair a chonaic siad an galtán ó thuaidh díobh. Thóg sí iad féin agus an curach isteach ar bord agus cheangail siad an curach inti.

Thug an caiptín ordú don chácaire bia agus éadach a thabhairt dáibh. Bhíodar inti ar feadh na hoíche ina gcoldladh, agus ar maidin tháinig sí anuas leo ga dtí an Caladh Már agus thug sí ga leor iasc dóibh.

29ú Samhain 1937 Mo Cheantar Féin

Micil O Fathartaigh Gim) Baile an Mhothair

(9, 2-3)

Tá mé i mo chánaí i bBaile na Seoigheach, Inis Meáin. Tá seacht dtithe ar an mbaile seo a bhfuil mé i mo chánaí ann. rá tithe slinne agus tithe tuí ann. Fathartaigh is coitianta atá ann. Is é an fáth gur baisteadh an t-ainm sin Baile na Seoigheach ar an áit ná gur Seoighigh a bhí ina gcánaí ann fadá agus gurb é sin an t-ainm a bhí orthu.

Tá triúr seandaoine ann atá os donn 70 bliain trí fichead agus tá siad ag fáilt an phinsin. Is féidir leo scéalta a inseacht duit i mBéarla agus i nGaeilge i dtaobh na seanaimsire . Seo iad na hainmneacha atá orthu. Máire Ní Fhlaitheartaigh, Máire Ní Chonghaile agus Beairtle Ó Fathartaigh.

Níl aon seanfhothrach fágtha anois ann ach ceano amháin agus bhí sé sin 'na theach fadá. Ba ghnách le go leor daoine gabháil go Meiriceá as Baile na Seoigheach. Is minic a luadh ainm na háite i seanfhocla agus in amhráin. Seo ceann a rinne Colm de Bhailis ina thaobh:

Inis Meáin, inis gan arán, Inis gann gortach. An lá a théann tú ann, Beir leat do chuid aráin Nó beidh tú an lá sin ' do throscadh.

Ní aontaím leis sin mar tá na daoine atá san oileán flaithiúil. Tá amhrán de as eile faoi a rinne Máistir Lionain a bhí ag múineadh scoile anseo cupla bliain á shin.

161

Page 163: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Is é an sórt talamh atá ann ná talamh garbh bocht agus is é an s6rt cloch atá ann ná cloch aoil. Níl aon chuid de faoi choillte ná níl mórán abhann ná loch ann. Seo cupla ceann acu: Loch Cheann Gainimh, Loch Chró na gCadhan, Loch an Leisín agus Loch an Léin. Deir na seandaoine go mb'fhéidir go mbeadh cuid de na locha sin faoi fhataí fós leis an aimsir nuair a t6gfar an t-uisce astu.

1ú Mí na Nollag 1937 Na Fataí

(9, 6-7)

Cuirtear fat aí ar an bhfeilm sa mbaile gach bliain . Cuirtearseanleasú ar an talamh sul má chuirtear fataí ann. Is é an ní leasú ná feamainn thirim a chuirtear ar an talamh seachtain sul má chuirtear é. Ansin cuirtear na fataí ann. Déantar iomairí ansin agus cuirtear na fataí iontu. Déantar iomairí ansin le spáid a cheannaítear i nGaillimh.

Is é an chaoi a gcuirtear fataí ná gearrtar síolta i dtosach as fataí a mbíonn súil orthu, cuirtear i gcléibh ansin iad ar feadh seachtaine nó mar sin le seargadh. Is é an s6rt rud é an síol ná an chuid den fhata a mbíonn súil air. Gearrtar den fhata an tsúil agus tugtar sceaimhín ar an gcuid den fhata nach mbíonn súil air. Ansin i gceann seachtaine sáitear iad le maide sáite agus dúntar an poll 'na ndiaidh.

Cabhraíonn na comharsana le chéile ag cur na bhfataí. Dá mbeadh duine ann nach mbeadh aige ach é féin cabhraíonn duine eile de na comharsana leis.

Is é a dhéantar leis na fataí nuair a bhíos siad ag fás ná pioctar aon luibh eile a bhíos ag fás leo uathu. Nuair a bhíos sé sin déanta cuirtear leasú eile leo agus ansin lánaíonn na daoine iad. Tamall 'na dhiaidh sin amach sa samhradh cuirtear sprae orthu lena gcoinneáil ón dubh.

Nuair a bhíos an f6mhar ann baintear na fataí uilig agus cuirtear i gcr6 an chuid a bhíos le n-ithe agus an chuid a bhíos le síolta cuirtear i bpoll i ngaineamh iad go dtí go dtagann an t-earrach. Is iomaí sórt fataí ann. Tá Aran Champions na Cairns, na Banners. Is iad na Banners agus na Dates na fataí is fearr.

162

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh (9, 8-9)

Page 164: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

13ú Mí na Nollag 1937 Ainmhithe na Feilme Is iad seo na hainmhithe atá againn ar an bhfeilm ag baile : Bó, gamhain, lao, capall, asaI, caoirigh, mada, cat, cearca agus muca. Is iad seo na hainmneacha a thugtar orthu. Tugtar "Beitín" ar an mbó, "Suicín" ar an lao, "Bróin" ar an gcapall agus ar an asaI, "Seabhaín" ar na caoirigh. "Topsy" ar an mada, agus " Póilín" agus " Pus aí" ar na cait, " Tiuc, tiuc" ar na cearca agus "Tú, tú" ar na muca.

Nuair a bhíos na fir á dtiomáint abraíonn siad leis na capaill "hó, amach", agus an rud céanna leis an gcuid eile freisin ach amháin an t-asal deirtear leis sin "hi, ass" .

Cuirtear mar easair faoin asaI nuair a bhíos sé sa gcró fé ar, tuí agus raithneach. Ansin go minic cuirtear cruimeasc air le hé a choinneáil.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh Ceathrú an Teampaill

(9, 10) Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán O Flaitheartaigh (Brian) . An seoladh céanna liomsa.

14ú Mí na Nollag 1937 Toibreacha Beannaithe Tá trí toibreacha beannaithe san oileán seo. Seo iad iad: Tobar Ísleamáin atá thíos in aice le Ceann Gainimh; Tobar Chinn Dheirge atá taobh thuas den séipéal, agus Tobar Cheanannach atá thoir ag an reilig sa teampall.

Deirtear faoi Thobar Ísleamáin go dtáinig Naomh Ísleamán i dtír uair amháin ann agus gur ól sé deoch as, agus tá lorg a dhá lámh agus a dhá ghlúin ann ó shin. Deirtear faoi Thobar Chinn Dheirge gur thug fear aon uair amháin uisce as le cur sa túlán agus deirtear nár fhiuch an t-uisce dhó.

Ní thugtar aon turas ar Thobar Isleamáin ach tugtar turas ar Thobar Chinn Dheirge ar an cúigiú lá déag de Lúnasa. Ní thugtar aon turas ar Thobar Cheanannach ach oiread.

Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt turas téann siad timpeall seacht n-uaire agus tugann siad leo seacht gcloch agus le gach 'S é do Bheatha, a Mhuire agus Ár nAthair agus Glóire don Athair a deireann siad caitheannn siad cloch uathu nó go mbíonn siad

163

Page 165: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

ráite acu ar fado Ansin deireann siad an méid sin seacht n-uaire. Ansin téann siad amach go dtí an tobar agus ólann siad braon den uisce agus fágann siad rud éigin 'na ndiaidh ann, ar nós pínne, bioráin, píosa dá gcuid éadaigh agus rudaí elle. Fágtar iad sin go léir ar eidhean atá ag fás le hais an tobair.

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh Ceathrú an Teampaill

(9, 11-12) Fuaireas na scéalta go léir ó Sheán Ó Flaitheartaigh (Brian) . An seoladh céanna liomsa .

11ú Aibreán 1938 Cluichí Seo iad na c1uichí a imrím: na Screaga in sa samhradh. Is é an chaoi a n-imrím iad ná le cúig cinn de chlocha beaga cruinne, agus coinnún orm ag imirt ó cúig nó go mbeidh cúig agus dhá fhichead dé anta agam agus má chaillim ar aan chúig acu caithfidh mé iad a thabhairt go dtí an chéad duine elle .

Bíonn mé ag piocadh sméara dubha in sa bhfómhar agus airní freisin.

In sa ngeimhreadh imrím Púicín. Is é an chaoi a n-imím é sin ná beidh púicín ar mo shúll agus beidh mé ag iarraidh breith ar an gcuid elle a bhías ag imirt liom. Duine ar bith a bhfaighidh mé greim air caithfidh sé sin an púicín a chur air.

11ú Aibreán 1938 Rudaí Neamhshaolta

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh (9, 13)

Tá go le or scéalta ag na seandaoine i dtaabh rudaí neamhshaolta. Seo scéaI acu. Deirtear uair amháin sa tseanaimsir go dtáinig long mhór ga dtí an tSlip an taobh thoir agus go raibh sí mór uaireanta agus beag uaireanta elle, go raibh sí ag cur báid bheaga uaithi agus ga raibh na daoine ag teacht i dtír ar an tSlip . Deirtear go ndeachaigh daoine soir chomh fada leis an teach is faide soir san

164

Page 166: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

oileán ach níor lig an faitíos dóibh gabháil níos faide .

Deirtear freisin, go raibh beirt fhear ann aon uair amháin agus gur cailleadh duine acu san oileán, agus, an duine eile an lá céanna san ospidéal i nGaillimh. San earrach nuair a bhí na curacha ag iascach chonaic curach as an oileán seo an bheirt sin i gcurach agus iad ag iomramh ar an bhfarraige.

Deirtear freisin gur éirigh fear uair chuig feamainn agus go ndeachaigh sé síos Trácht Each agus gur lean rudaí beaga bídeacha é ar nós míoltóg agus is ar éigean go dtáinig sé abhaile . Deirtear freisin murach a aintín go maródh siad é.

llú Aibreán 1938 Laethanta Áirithe

(9, 14-15)

Tá laethanta áirithe ag na daoine anseo le nósanna áirithe . Lá chrosta na bliana deireann na seandaoine nach ceart gruaig a bhaint de dhaoine an lá sin, na caoirigh a bhearradh ná tosaí le hobair nua. Is ar Dé Luain a thiteann an lá sin. Deirtear nach ceart aon mhoing a bhaint den chapall ar Dé Luain.

Deirtear freisin gurb [ iad] Dé Céadaoin agus Dé Sathairn na laethanta is mó go bhfuil an t-ádh ar dhaoine le pósadh. Deirtear nach ceart pósadh Dé hAoine.

Deir na seandaoine go bhfuil lá eile ann freisin ar an dtugtar Déardaoin Dearg i gcuimhne na leanbh a maraíodh in aimsir ár dTiarna; tagann sé sin i mí Eanair.

Is iad seo na laethanta breacshaoire a bhíos ann san earrach: Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile Muire. Sa samhradh, bíonn Lá Fhéile Sain Seáin agus Lá Fhéile Peadair agus Póil ann. Ar Lá Fhéile Sain Seáin lasann na daoine tine mhór ar bharr cnoic in ómós do N aomh Seán.

(9, 15-16)

165

Page 167: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

llú Aibreán 1938 Éadaí Tá triúr táilliúir san áit anois . Is é an áit a n-oibríonn siad ná in sa teach. Ní théann siad go dtí aon teach eile, ach is amhlaidh a thugtar an t-éadach go dtí iad. Ní bhíonn aon éadaí acu féin le díol le daoine eile ach bíonn éadach fite acu dóibh féin. Caitheann na daoine cultacha dé anta as bréidín de ghnáth. Bíonn togha na holla iontu.

"Seo scéal beag i dtaobh táilliúra a chuala mé sa mbaile . Tháinig an dreoilín ag doras tigh an táilliúra. Bhuail sé dc air

agus bhain sé elár as. "Mura ndeinfidh tú mo jeaicéad, agus veilbit lena chába, beidh mise ag gabháil de mhaide ort, go mille mé do chnámha. "

Seo iad na gléasanna a bhíos ag táilliúirÍ: téip, méaracán, spóil, inneall, cailc agus rudaí eile.

Is é an áit a ndéantar léintreacha ná in sa mbaile. Déantar iad sin d'éadach olla nó d'éadach cadáis . In sa mbaile a chniotáiltear stocaí le muintir na háite. Is é an rud a bhíonn acu lena n-aghaidh ná snáth. Faigheann sé an snáth ó olann na caorach. Tá tuirne ins gach teach san oileán agus leis sin sníomhann na mná an olann.

Ní chaitheann na daoine aon éadaí speisialta ag teampall san oileán seo, ach amháin na héadaí a bhíos orthu Dé Domhnaigh, ach cuireann na mná cótaí ar a gdnn. Nuair a bhíos bean ag gabháil ag posadh bíonn culaith dheas uirthi.

llú Aibreán 1938 Áitainmneacha

(9, 16-18)

Tá go leor ainmneacha ag rn' athair ar an bhfeilm ag baile. Seocuid acu: Gort an Uisce, mar go mbíonn uisce ann go minic.

Gort an Arbhair, mar gurbh arbhar a bhíodh curtha ann sa tseanaimsir .

Gort Caonaigh, mar tá go leor caonaigh ag fás i dteannta an fhéir ann.

An Bhuaile Dhomhain, mar ní chuirtí beithíoch eile ann ach gamhain fadó.

pon na gColm, mar ba ghnách le héanlaithe go le or ón

166

Page 168: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

bhfarraige gurbh ainm colm a bheith istigh ann ar lorg bia. An Chreig Chaol, mar creig fhada chaol atá inti. Garraí an Chnoic, mar garraí breá a bhí ann tráth ach rinneadh

buaile dhe agus is le hais an ch.noic atá sé déanta. Garraí an Chladaigh, mar gur le hais an chladaigh atá sí déanta. Creig an Chró, mar gur le hais an chró atá sé déanta. Creig an Bhotháin, mar tá seanbhothán inti atá dé anta ón

tseanaimsir . An Chreig Gharbh, mar is beag cuid di atá faoi fhéar ach amháin

corráit. Tá sí garbh uilig nach mór. Buaile faoin Aill, mar tá sí faoin aill. Cnocáinín Pheait, níl a fhios agam anois cén fáth a bhfuil an

t-ainm sin air ach tá mé ag ceapadh gur le fear fadó darbh ainm Peait.

7ú Feabhra 1938 Lá Fhéil Bríde

(9, 18-19)

An chéad lá d' earrach, sin é Lá Fhéil Bríde, agus tá se ma bhreacshaoire san oileán seo. Ar Oíche· Bhríde déanann daoine crosóg in onóir do Naomh Bríd.

Deirtear gurb é an fáth a tosaíodh ar an nós sin ar dtús, ná nuair a bhí Naomh Bríd ar an saol seo go raibh sí ag siúl an bhóthair lá agus gur airigh sí fear agus é ag osnaíl istigh i dteach. Tháinig sí isteach sa teach agus thosaigh sí ag cur ceisteanna air féachaint ar Chríostaí é agus fuair sí amach nárbh ea. D'inis sí an sin dó faoi Dhia agus in sa gcaint di chuimhnigh sí ar an gcrois agus le cur in iúl dó cén rud crois rith sí amach agus fuair sí féar láidir agus rinne sí crosóg de agus ghlac an fear tinn an Creideamh agus bhaist Bríd é .

Tháinig an nós anuas ó ghlúin go glúin ónar sinsir agus sin é an fáth go ndéantar crosóg. Deirtear freisin gur de rud a fhásann ar do chuid talaimh féin is ceart an chrosóg a dhéanamh.

Seo paidir a deirtear do Chrosóg Bhríde: "Go mbeannaí Dia an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh

an chrosóg seo, an áit a ngabhann sí agus gach duine a fhéachas uirthi" .

Tugtar iasc beo isteach Lá Fhéile Bríde ionas go mbeadh ias c

167

Page 169: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

fairsing ar feadh na bliana. Ar Oíche Bhríde téann na cailíníbeaga thart leis na brídeoga ó theach go teach agus iad ag damhsa agus ag casadh port agus ansin tugann siad pínn nó ubh dóibh.

Bíonn an lá ag gabháil chun síneadh ó Lá Bríde amach agus go breá freisin. Dúirt Naomh Bríd:

"Gach re lá ó mo lá-sa amach" . Bíonn na huain óga á mbreith freisin agus bíonn cosúlacht an earraigh air. Tosaíonn na héanlaithe ag seinm agus ag déanamhnead. Briseann na nóiníní aníos tríd an talamh agus bíonn na daoine ag leasú na bpáirceanna le cur.

llú Aibreán 1938 ScéaIta Barrúla

(9, 20-22)

Tá go le or scéaIta barrúla ag m'athair ag baile. Lá amháin sa samhradh ghoid dhá chat dhá phíosa de cháca as teach. Bhí píosa acu beag agus bhí an píosa eile mór agus ní raibh a fhios ag na cait conas a roinnfeadh siad iad.

Ar deireadh chuala moncaí iad agus chuaigh sé go dtí iad. "Céard atá oraibh mar sin?" a deir an moncaí leo. "Is amhlaidh" a deir na cait, "nach féidir linn na píosaí sin a

roinnt. " "Roinnfidh mise dhaoibh iad" a deir an moncaí agus bhain sé

píosa mór as agus d'ith sé é i gcaoi go raibh an píosa beag ní ba mhó ná é ansin.

"Anois" a deir sé, "is mó an píosa eile ná é", agus bhain sé greim elle as an bpíosa eile i gcaoi go raibh an píosa eile ní ba mhó ná é. Níorbh fhéidir leis an moncaí iad a dhéanamh cothrom mar ní raibh sé ag iarraidh é a dhéanamh.

Ar deireadh labhair ceann de na cait. "Ní bheidh tada againn féin" ar sé. " Mórán cócaireachta" , a deir an moncaí gur ith sé iad go léir

agus d'imigh! Seo scéal eile a chuala mé. Bhí fear ann fadó darbh ainm Gobán

Saor. Bhí sé ag déanamh cúirte ag fear elle ach mor mhaith leis an bhfear ar leis an chúirt go ndéanfadh sé aon cheann eile mar í agus bheartaigh sé é a mharú nuair a bheadh sí déanta .

Dúirt sé lá amháin leis an bhfear ar leis an chúirt nár mhór dó

168

Page 170: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

rud éigin a bhí sa mbaile aige a fháilt agus go mbeadh sí réidh, "ach ní bhfaigheadh aon duine iad sin", ar seisean "ach mo mhac féin: nó do mhacsa" . Bhí ainm áirithe ag Gobán Saor ar an rud seo i gcaoi ga dtuigfeadh an bhean é .

" Cuirfidh mise ma mhac féin á iarraidh" , a dúirt an fear ar leis an chúirt, ach inis dam cén sórt rud é .

"Tá, rud", a deir an Gabán Saar, "a bhfuil cor in aghaidh an chaim ann agus rud eile a bhfuil C(1m in aghaidh an choir ann" .

D'imigh an mac leis nó go ndeachaigh sé ga tigh bhean Ghabán Saar.

"Cé atá uait?" a deir an bhean leis. D'inis sé di é. Rith sise ga dtí an cófra. "Tá siad anseo", ar sise, "ach níl mo lámh sách fada le hiad a thabhairt liam. Tar thú féin agus tabhair leat iad" . Chrom sé isteach sa gcófra ach chuir an bhean an glas air.

"Fan ansin", ar sise, "nó go dtaga mo dhaoine féin chugamsa". Uair amháin nuair a theastaigh ó Ghobán Saar bean a fháilt dá

mhac ba mhaith leis bean chiallmhar. Chuir sé lá é ar an aonach le craiceann agus dúirt sé an craiceann agus a luach a fháilt is cé ar bith bean a thabharfadh sin dó ba í sin an bhean an bheadh aige.

D'imigh leis. Casadh bean air agus d'fhiafraigh de cé mhéad a bhí ar an gcraiceann aige.

"An craiceann is a luach", a deir seisean. "Ní fhéadfaidh mise é sin a thabhairt duit", a deir sise ga

feargach. D'imigh sé. Casadh bean eile dhó. D'fhiafraigh dó cé mhéad a bhí ar an gcraiceann aige .

" An craiceann is a luach" , ar seisean. "Tabharfaidh mise sin duit" ar sise. Rug ar an gcraiceann, fuair

sí siosúr, bhain an olann de is thug sí an craiceann is luach na holla dó .

10ú Bealtaine 1938 Tomhaiseanna

(9, 22-5)

Ta ga leor tomhaiseanna ag muintir an oileáin ar nós iad seo. Chuaigh mé ga Gaillimh agus cheannaigh ?

Saile Ní Fhlaitheartaigh (9, 25)

169

Page 171: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

10ú Bealtaine 1938 An Reilig Tá dhá reilig in san oileán seo. Is é an t-ainm atá orthu ná reilig Theampall Cheanannach agus an Seanteampall. Tá Teampall Cheanannach suite ar thaobh na láimhe dé agus tú ag gabháil amos ón tSlip ag déanamh ar Bhaile an Mhothair agus tá teampall eile ar thaobh na láimhe deise ag teacht ón tSlip . Ní chuirtear aon duine sa Seanteampall ach cuirtear coirp i reilig Theampall Cheanannach.

Tá cuma chearnógach ar Theampall Cheanannach agus ní1 cuma chearnógach ar an Seanteampall. Níl ann ach mótaí agus leacracha. Tá fothrach i dTeampall Cheanannach ach níl aon fhothrach sa Seanteampall. Ní chuirtear aon duine istigh in san bhfothrach seo. Tá an reilig leibhéalta. Tá go le or sceach ag fás istigh sa reilig agus tá crann troim ag fás istigh sa bhfothrach. Tá croiseanna os donn corrdhuine ann. Ní chuirtear aon leanbh nach mbíonn baiste istigh sa reilig ach cuirtear iadsan i gCreig na Leanbh.

10ú Bealtaine 1938 Bia na Seanaimsire

(9, 26-7)

Is é an méid bia a d'itheadh na daoine sa tseanaimsir ná trí bhéile. D'itheadh siad fataí ar maidin agus in am dinnéir agussan oíche. Bhíodh faochain agus bairnigh acu go minic san oíche lena suipéir.

Théadh siad amach gach maidin toimh a mbricfeasta ag bailiú feamainne. Blúodh bainne acu le n-61 mar bhí beitlúgh roinot fairsing. Is é an áit a n-ithidís a mbéile oá as an gdseog n6 ar an mbord. Chrochaidís an bord leis an mballa nuair a bhíodh béile áirithe ar siúl.

Is iomaí sin sórt aráin a bhíodh acu. Bhíodh arán déanta den mhin choirce agus d'fhataí bruite agus bhíodh arán dé anta den phlúr ag an gcuid eile de na daoine, is iad sin na daoine saibhre .

Is é an chaoi a ndéantaí arán de na fataí ná nuair a bhíodh na fataí bruite, ghlantaí iad agus mheiltí leis an bplúr iad .

Ní itheadh na daoine mórán feola an t-am sin mar is amhlaidh a dhíoladh siad na beithígh. Bhíodh go le or iasc acu le n-ithe. Is

170

Page 172: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

é an sórt iasc é ná an lang agus na ronnachaí. Bhíodh sé goirt agus úr acu.

Nuair a thagadh laethanta áirithe ar nós Dhomhnach Cásca bhíodh bia áirithe acu. Nuair a thagadh Aoine an Chéasta ní chuirfeadh siad aon bhainne ar an tae. Nuair a thagadh Domhnach Cásca gheibheadh gach duine a dó ná a trí d'uibheacha.

Tá daoine in san oileán seo agus is cuimhin leo nuair a tháinig tae amach ar dtús . Ní bhíodh aon chupáin acu ar dtús agus is amhlaidh a bhíodh siad á ól as cupán a bhíodh dé anta acu féin as adhmad.

llú Bealtaine 1938 Gniomhartha Gaisce

(9, 27-8)

Chuala mé scéal i dtaobh triúr fear as an oileán seo a bhuaigh rása in Árainn bliain ó shin. Bhí trí mhíle le rith acu agus thug siad an duais abhaile leo. B'iad an triúr iad ná Micil Ó Conghaile, Máirtín Ó Fathartaigh agus Máirtín Ó Fathartaigh. Bhí rástaí eile san oileán seo freisin agus bhuaigh muintir an oileáin seo iad.

Uair amháin san oileán seo chuaigh triúr fear amach chuig steamer a bhí amuigh in sa bhfarraige sa taobh ó dheas, ag iascach. Ag iarraidh iasc beag uirthi le haghaidh a gcuid spiléad a bhaoiteáil a bhí siad. D'imíodar amach in am dinnéir agus ag tarraingt ar am an tráthnóna a tháinig ceo agus nuair a bhí an tráthnóna tite bhí an ceo níos láidre .

Deir siad féin nuair a cheap siad go raibh siad ag teacht isteach gur ag gabháil amach a bhí siad. Ach tharla i rith na hoíche gur thóg steamer iascach iad agus thug sí leo iad go dtí an Caladh Mór ar maidin.

Ba iad na daoine iad sin ná Micil Ó Conghaile, Páidín Ó Meachair.

Máirtín Ó Fathartaigh [Máirtín Sheáin Cheaitín] (9, 29-30)

171

Page 173: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

llú Bealtaine 1938 Seanseoileanna Sa tseanaimsir bhíodh go le or seanseoileanna ann. Bhíodh na daoine ag fáilt a geuid foghlama ion tu. Bhí scoil náisiúnta thoir Tigh an Táilliúra agus is inti a bhíodh na daoine ag fáilt a geuid foghlama. Ní raibh aon seoil Náisiúnta eile ann roimhe sin. Deir na seandaoine go raibh seoil eile ann roimh seoil Tigh an Táilliúra. Is é an áit a raibh sí ná thiar san áit a raibh seanteaeh le Máirtín O Cadhain ar dtús. Is é an s6rt múinteoirí a bhíodh aeu ná strainséaraí agus ehuireadh siad fúthu i dteaeh ar lóistín. Ní bhíodh aon Ghaeilge aeu agus ní mhúintí í.

Is é an sórt leabhra a bhíodh aeu ná sclátaí agus eailc le seríobh orthu. Thugaidís abhaile leo san oíche iad. Bhíodh suíoeháin aeu sa seoil aeh ní bhíodh siad ehomh fairsing agus atá siad inniu.

Chaitheadh na máistrí os cionn se6r blianta san áit agus deireann na seandaoine go mb'fhearr na daoine le foghlaim an t-am sin ná anois . Nuair a bhíodh daoine in sa séú rang bhí siad ehomh maith leis an máistir féin.

llú Bealtaine 1938 Luibheanna

(9, 30-31)

Is iad seo na luibheanna is mó a dhéanann doehar don talamh: braimfhéar, eop6g rua, erúb phréaeháin, neantóga, moing mhear, eopóga milse agus driseaeha. Is é an doehar a dhéanann siadsan ná an talamh a bhoehtú. Ní fhásann i geré mhaith aeh tornapaí, gabáiste agus glasraí eile. Is é an rud a fhásann i dtalamh boeht ná salaehar de gaeh sórt.

Is iad seo na luibheanna a bhfuil leigheas iontu, eop6g rua agus meaean leoin. Tá leigheas in sa geop6g rua dá mbeadh tú dóite ag neant6g; sú na eopóige rua a fháil agus í a chur ar an d6. Tá leigheas in sa meacan leoin. Dá mbeadh ait as áit, an meaean leoin a bhriseadh go mín agus í a ehur leis an aIt leonta agus leigheasfaí í.

Deir na seandaoine naeh eeart maide siúil a bheith agat as seeaeh bhán.

Déantar úsáid de go leor luibheanna san oileán seo le tabhairt do na beithígh ar nós neant6g le tabhairt do na muea aeh é a

172

Page 174: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

bhruith agus a mheilt leis an mbia. Tugtar copóga rua dhóibh freisín. Tugtar moing mhear do na beithígh freisin; sin luibh a fhásann ar thaobh an bhóthair agus bíonn pabhsae bán air. Fásann luibheanna eile le hais tobair agus tá sias an-fholláín. Is é an t­ainm atá orthu biorla.

Tá luibheanna eile ann agus d'úsáideadh na seandaoine iad le snáth a dhathú. Tá tuilleadh luibheanna ann agus bíonn nimh iontu le n-ithe, ar nos boidín geirnhridh agus pabhsae bó bleachtáín.

12ú Bealtaine 1938 An Cuigeann

(9, 31-3)

Tá meadar agaínn sa mbaile . Is é an t-ainm a thugtar air ná cuinneog. Tá sé timpeall trí troithe ar airde. Tá sé déanta le scaitheamh. Is iad seo na haínmneacha a thugtar ar ghléasanna na meidre : loine le bheith ag bualadh síos an bhainne, clár, agus cuinneog.

Déantar an maistire timpeall uair nó dhó sa tseachtain, agus is í mo mháthair a dhéanann é. In sa samhradh déantar maistire dhá uair sa tseachtain, agus in sa ngeirnhreadh déantar uair é . Tá gnás ag na daoine in san oileán seo, dá dtiocfadh aon duíne de na comharsana isteach buille a bhualadh ar an maistire. Deireadh na daoine mura mbuailfeadh siad buille mar sin ar an maistire godtabharfadh siad an t-irn amach leo .

Is é an chaoi a ndéantar an t-irn ná faightear an chuinneog agus ansin faightear an ciléar a bhíonn an baínne coínnithe ann agus doirtear isteach sa gcuinneog é. Doirtear uisce te isteach leis. Tosaíonn an bhean á dhéanamh ansín. Nuair a bhíonn sí timpeall le leathuair á dhéanamh tógann sí an t-im de agus cuireann sí sa bpláta é. agus coinníonn sí an baínne géar le haghaidh cáca.

Fuaireas na scéalta ó rn' athair. An seoladh céanna liomsa.

173

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh Ceathrú an Teampaill

(9, 33-4)

Page 175: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

19ú Meán Fómhair 1938 Scéal I bhfad Ó shin in sa tseanaimsir bhí fear ag teacht anoir ó chuairt. Bhí sé mall go maith san oíche. Ní raibh gealach ná solas ann agus bhí an oíche chomh dubh le púca. Ní raibh aon eagla ar an bhfear, ní chuirfeadh rud ar bith faitíos air. Bhí sé ag teacht anoir agus bhí go leor róidíní roimhe ar an mbealach agus ba ghnách leis i gcónaÍ breathnú iontu.

An oíche seo a bhí sé ag teacht anoir bhí an oíche chomh ciúin is nach raibh le cloisint ach ceol na sruthán ag rith le fána. Nuair a bhí an fear ag gabháil thar róidín beag, chonaic sé rud éigin geal thíos uaidh. Níor tháinig aon eagla air ach sheas sé suas go fearúil. Dúirt sé nach rachadh sé abhaile go mbeadh a fhios aige céard a bhí ann mar ar sé:

"Má théim abhaile dhéarfaidh mé gur duine éigin a bhí ann agus ní ghabhfaidh mé abhaile go mbeidh a fhios agam go fíor céard atá ann."

Bhí an rud geal ag corraí anois agus arís, agus an fear ag breathnú air. Theann sé aníos scaitheamh go dtí an fear agus cheapfá gur éadan duine é. Bhí an fear i bhfad ag breathnú air agus bhí a dhá láimh leagtha ar dhá choirnéal beag aige . Dúirt sé féin, deirtear, gur ar éigean a bhí sé i ndán a dhá lámh a chorraí mar a bheadh sé greamaithe sa gcoirnéal. Ar deireadh tháinig sé chomh fada leis.

Céard a bheadh ann ach asal bán agus sháigh a chloigeann aníos chuige. Ní rinne an fear ach dorna mór a tharraingt sa bpus air.

"Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é", ar sé, ag gabháil abhaile.

3ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

(9, 35-6)

Fadó ó shin bhí fear ina chónaí i dteachín beag in áit uaigneach i measc na gcnoc. Bhíodh sé an-chompóirdiúil sa samhradh mar bhíodh na héanlaithe ag seinm ceoil dó, ach bhíodh sé uaigneach. Aon lá amháin dúirt sé go rachadh sé ar cuairt. Bhí sé ag imeacht leis agus ar deireadh casadh air beirt fhear. Arsa duine de na fir leis :

174

Page 176: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

"Cá bhfuil tú ag gabháil?" "Tá mé ag imeacht liom go dtí an chathair", ar sé . Ansin dúirt

siad leis a theacht leo féin. Bhí sé ag imeacht leo go dtáinig siad go dtí teach mór.

Bhí sé an-dorcha san oíche agus bhí muintir an tí inagcodladh. Bhí a fhios ag an mbeirt fhear seo go raibh ór go le or sa teach, agus dúirt siad leis an bhfear seo a ghabháil síos. Chuaigh sé síos an simléar agus fuair sé an t-ór. D' fhógair an bheirt a bhí thuas air an t-ór a chur amos. Chuir sé suas acu é agus nuair a fuair siad é ritheadar leo .

Ní raibh a fhios ag an bhfear bocht cad a dhéanfadh sé. Bhí faitíos air go maródh muintir an tí ar maidin é. Bhreathnaígh sé thart timpeall agus céard a d'fheicfeadh sé ach craiceann beithíoch os a chíonn ar mhullach an tí. Níor rinne sé ach a ghabháil suas ar mhullach an tí agus an craiceann a thabhairt leis agus é a chasadh air féin agus thosaígh air ag imeacht leis ar fud an tío Ansin thosaígh air ag rá:

"Tá mé fada go leor anseo anois agus tá sé in am agaibh mé a ligint amach. "

D ' éirigh fear an tí agus nuair a chuala sé an chaínt sin tháínig eagla air agus d'oscail an doras agus lig amach é. Cheap sé gurbh é an beíthíoch a bhí ann agus é beo arís.

19ú Mí na Nollag 1938 Scéal

(9, 37-9)

Bhí long ann fadó agus bhí sí ag treabhadh na farraige aniar ó Mheiriceá . Bád seoil ab ea í agus nuair a bhí sí ag gabháil aniar ó dheas den oileán seo tháinig stoirm mhór. Níor rinne an caíptín ach a iníon a cheangal de bharrr crainn an bháid agus a mhac 'na diaidh le rópa go raibh an bád i mbaol a Mite .

Ba bheirt Chaitlicigh iad an bheirt a bhí ceanglaíthe ar bharr an chrainn agus ba phágánaigh iad an criú agus an caiptín. Sa deireadh tháining lasair agus las sí [ an bád] agus na daoine ach na Caitlicigh.

Chonaic daoine as an oileán íad agus chuadaar amach chucu le curach agus tógadh iad.

Micil O Fatheartaigh (Jim) Baile an Mhothair

(9, 39) Fuaireas an dá scéal seo ó: Peadar Ó Fathartaigh mo sheanathair.

175

Page 177: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

6ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal Chuaigh fear ag euartaeh raie síos Trá Leitreaeh ar maidin go moeh agus ehonaic sé fir ag eur suas sail mhór. Chonaic na fir é agus thugadar an tsail leo síos in sa bhfarraige . Nuair a bhreathnaigh sé orthu arís, ehonaic sé an tsail agus faoileán amuigh uirthi.

10ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal

(9, 40)

Fadó ó shin ba ghnáeh le na daoine nuair a ehaillfí duine naeh mbeadh aon duine muinteartha aige an méid airgid a bhíodh aige a ehur san uaigh leis. Ní hamhlaidh a ehuirfí sa geomhrainn leis é, aeh leagaidís ar an geomhrainn é .

Uair amháin eailleadh duine agus nuair a euireadh é leagadh an méid airgid a bhí aige ar an geomhrainn freisin. Nuair a ehuala dream áirithe daoine é i dtaobh an fhir mhairbh ehuadar go dtí an reilig leis an airgead a ghoid. Nuair a bhí siad ag an reilig ní raibh a fhios aeu eé aeu a raehadh síos.

Bhí dréimire aeu le gabháil síos mar bhí an poll domhain. Chuaigh fear amháin síos agus d'fhógair an dream a bhí thuas air an t-ór a ehur aníos aeu. Chuir sé suas é agus nuair an bhí an t-ór aeu seo a bhí thuas tharraing siad aníos an dréimire agus ritheadar leo.

Fágadh an fear boeht eile thíos agus ní raibh a fhios aige eéard a dhéanfadh sé. Timpeall tráthnóna ehuala sé daoine eile ag teaeht. Thógadar an leie agus sháigh siad síos an dréimire .

"Anois", arsa fear aeu, "eé againn a rachas síos?" "Ní ghabhfaidh aon duine agaibh síos go ngabha mise amos

go háithrid" I arsa an fear thíos. Seanraigh sé na daoine a bhí thuas agus ritheadar leo agus d'fhágadar an dréimire ina ndiaidh.

Cheapadar ansin gurb é an fear marbh a bhí ann agus bhí eagla orthu. D' fhéad an fear a bhí thíos a theaeht aníos agus imeaeht leis .

176

Saile Ní Fhlaitheartaigh (9, 41-2)

Page 178: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

31ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear agus bean san oileán seo fadó. Bhí siad ina suí cois an teallaigh oíche agus ní raibh blas le n-ithe acu ach bhí píosa beag de cháca boic thíos ar an tine acu, mar ba ghnách leis na daoine sa tseanaimsir. Arsa an fear leis an mbean, "Nach é an trua é gan muid a bheith roinnt saibhir féin" .

Oíche Bhealtaine a bhí ann agus bhí na sióga ag gabháil thart agus chuala ceann acu an chaint . Chuaigh an tsióg suas ar an teach agus síos an simléar. Arsa an tsióg leo:

"Tá sibh an-bhocht agus ní bheidh sibh i bhfad mar sin" . Ansin dúirt an tsióg leo:

"Trí ghuí anois agam daoibh; iarraigí" . " Ó" , arsa an bhean láithreach, " píosa breá feola in áit an phíosa

boic sin". Ghlac an fear ole di fáth nach saibhreas mór éigin a d'iarr sí.

"Muise", arsa an far ar an bpointe, "go ngreamaí sé de do shrón" . Bhí an píosa feola acu faoi seo in áit an bhoic agus anois d' éirigh sé le guí an fhir agus ghreamaigh sé ar shrón na mná. Thosaigh sí ag léimneamch ar fuaid an urláir. Ghlac an fear trua dhi. Ar sé leis an tsióg:

"Níl rud ar bith is fearr liom ná é sin a bheith bainte de shrón mo mhná" .

D'imigh an píosa feola leis agus d'imigh an tsióg suas an simléar agus ní raibh tada acu i ndiaidh an turais .

31ú Deireadh Fómhair Scéal

Saile Ní Fhlaitheartaigh (9, 43-4)

Bhí fear ann fadó agus is fadó a bhí. Bhí sé pósta agus cailleadh a bhean. In san oileán seo a bhí sé ina chónaí. Bhí páiste amháinacu. Ní raibh sí ach bliain d'aois.

Gach aon lá ní óladh an páis te aon ní a thugadh an fear di. Ní raibh a fuios ag an bhfear cé a bhí á coinneáil beo. Gach aon oíche nuair a chuireadh an fear an páiste a chodladh thagadh an bhean isteach agus ní fueiceadh an fear í, ach d' fueiceadh an páiste agus

177

Page 179: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

thugadh sí bainne don pháiste, agus sin é an fáth nach n-óladh sí aon ní ón bhfear .

Dúirt an fear leis féin go gcoinneodh sé súil feasta go mbeadh a fhios aige cé a bhí ag tabhairt an bhainne don pháiste .

An oíche seo d' airigh sé rud éigin ag teacht isteach tríd an bhfuinneog sa seomra. Chuaigh sé siar go dtí an doras agus chonaic sé an bhean ag tógaint a páiste agus ag tabhairt bainne dhi. Chuaigh sé siar sa seomra agus shíl sé an bhean a choinneáil agus ní fhéadfadh sé. Thosaigh sí á chrúcáil. Is beag nár mhairbh sí an fear. Bhí sé go dona agus b'éigean an sagart a thabhairt chuige.

Deirtear gur in sna sióga a bhíos daoine mar sin.

31ú Deireadh Fómhair Scéal

(9, 44-5, 48)

Sa tseanaimsir cailleadh fear bocht agus deirtear go ndeachaigh sé go na flaithis.

An duine bocht ní raibh mórán déanta as an mbealach aige. Is é an breithiúnas a thug ár Slánaitheoir air, ná dúirt sé leis:

"Ní rinne tú mórán as an mbealach, ach mar sin féin ní raibh tú rómhaith ná ró-ole agus mar sin tabharfaidh mé aoibhneas na bhflaitheas duit - bliain in aghaidh gach braon uisce dá bhfuil sa bhfarraige agus ansin cuirfidh mé go hifreann thú."

Thosaigh an fear ag gol, agus dúirt sé nár leor sin d' aoibhneas na bhflaitheas . Labhair ár Slánaitheoir arís agus dúirt:

"Tabharfaidh mé aoibhneas na bhflaitheas duit bliain in aghaidh gach sop féir dá bhfuil ar an talamh agus ansin cuirfidh mé go hifreann thú" .

Thosaigh an fear ag gol arís agus dúirt sé nár le or sin d' aoibhneas na bhflaitheas. Labhair ár Slánaitheoir arís agus dúirt:

"Tabharfaidh mé aoibhneas na bhflaitheas duit bliain in aghaidh gach gráinne gainimh dá bhfuil ar an talamh agus cuirfidh mé go hifreann thú" .

Thosaigh an t-anam ag gol arÍs . Ar deireadh labhair sé féin: "Cuir go hifreann mé bliain in aghaidh gach braon uisce dá

bhfuil sa bhfarraige agus in aghaidh gach sop féir dá bhfuil ar an talamh agus in aghaidh gach gráinne gainimh dá bhfuil ar an

178

Page 180: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

trá, aeh tabhair aoibhneas na bhflaitheas sa deireadh thiar dom" . Chorraigh na foela seo eroí ár Slánaitheora agus thug sé

aoibhneas na bhflaitheas d6 agus tá sé ina naomh ar neamh inniu.

31ú Deireadh F6mhair Seéal

Saile Ní Fhlaitheartaigh (9, 48-50)

Bhí seanbhean ar an oileán fad6. Thagadh seanfhear ar euairt ehuici gaeh oíche. Bhíodh féasta m6r aeu. Ba mh6r leis an mbeangaeh a n-íosfadh an fear.

Aon oíche amháin ní raibh aon fhéasta déanta aici. Tháinig an fear isteaeh. Deir sé:

"Cá bhfuil an féasta?/ I "D'ith tú iomarea aréir", a deir sí. "Agus ní bhéarfaidh mé féasta dhuit níos m6. " Thosaigh an bheirt ag troid. Tháinig seata m6r si6g isteaeh.

Bhuail siad buille ar an tseanbhean. Iompaíodh go leon í. Ansin a bhí an obair. Rith an fear siar in sa seomra. Rug na sióga air agus thug siad le n-ithe don leon é. Agus deir siad:

"Sin é do pháighe fáth gur ith tú iomarea ar an mbean bhoeht an oíche úd" .

Bhuail siad buille eile ar an mbean arís agus iompaíodh ina duine arís í.

14ú Mí na Samhna 1938 Seéal

Pádraig Ó Conghaile (9, 46-7)

Bhí Peait Antaine ag gabháil soir an b6thar oíehe go deireanaeh soir san M6inín Glas le bainne ag an lao. Nuair a bhí sé ag teaeht gar don R6idín M6r d' airigh sé mareaigh ag tiomáint agus tiománaithe ag tiomáint agus daoine ag eaint.

Ag an deireadh d' fhill sé abhaile agus faitíos m6r air . Bhí sé ina bhuaehaill 6g an t-am sin aeh tá sé ina sheanfhear eríonna

179

Page 181: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

anois. Ach ar chuma ar bith nuair a bhí sé ag gabháil anoir ag Tigh Thomáis Mhóir d' airigh sé maistire á dhéanamh, bó á bleán agus ceol á chanadh.

An fhad is bhí sé ag gabháil siar go dtí Bearna an Criogáin Ghairbh chuaigh sé síos os donn na haille, os donn na buaile gur bhreathnaigh sé síos faoi. Chonaic sé Rí ag ordú, búistéara ag marú coiníní agus caoirigh agus mná ag bleán a bhó féin. I gcúinne eile chonaic sé tine agus pota mór uirthi agus ní móin a bhí inti ach dpíní troim.

Ach ní raibh sé ann nuair tarraingíodh síos é os comhair an Rí agus é ina luí siar. D'ionsaigh an lucht freastail é agus thugadar ceangal na gcúig gcaol air agus bhuaileadar le slata draíochta é agus scóladar le huisce fiuchta é. Ach ar deireadh d'imigh sé uathu. An lá ina dhiaidh fuair a bhean bás .

Micil O Fathartaigh (Séamas) (9, 51-2)

Fuaireas an scéal seo ó : Siobhán Dí Chonghaile, Baile na Seoigheach.

14ú Mí na Nollag 1938 Scéal Is í an oíche anocht Oíche Shamhna. Bíonn an-spóirt ins gach teach an oíche sin. Sin nós a bhí ann ariamh agus leanadh dhe ó shin.

Gach oíche Shamhna faigheann fear an tí úlla agus rudaí eile le spóirt a bheith sa teach. Faigheann sé píosa téide agus crochann sé ó bharr an tí é . Cuireann sé úlla ar a bharr agus bíonn na páistí ag iarraidh breith ar an úll lena mbéal.

Seo deas eile a bhíonn sa teach Oíche Shamhna. Cuirtear maidne ina sheasamh i lár an urláir. Leagtar dár mór ar a bharr,ceithre choirnéal a bhíonn air. Ar cheann an chláir leagtar cáca milis, ar an gceann eile úlla, ar an gceann eile milseáin agus ar an gceann deiridh cuirtear coinneal agus í ar lasadh. Cuirtear timpeall é ansin. Ansin cuireann fear an ti an chlann amach chuig an gdár. Bíonn an-spóirt acu ansin. Bíonn siad ag iarraidh breith ar an úll, nó ar an gcáca milis, nó ar na milseáin, agus san am céanna ag iarraidh iad féin a sheachaint ar an gcoinneal. Bíonn an-spóirt acu ach amháin má dhónn siad a bpus.

180

Page 182: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Bíonn go le or sióg ag gabháil thart Oíche Shamhna agus iad ag marcaíocht ar na caiple bána. Bíonn siad ag ithe na sméar agus ní itear aon sméara ón oíche sin amach.

14ú Mí na Samhna 1938 Scéal

(9, 53-4)

Bhí fear tráth san oileán seo. Ní bhíodh sé ag gabháil chuig aon Aifreann. Ni raibh aon easpa sláinte air le fanacht as. Mar sin féin bhíodh sé ag guí i gcónaí.

Aon lá amháin casadh sagart air. Thosaigh siad ag caint agus in sa gcaint dóibh d'fhiafraigh an sagart dó a mbíodh sé ag gabháil chuig an Aifreann. Dúirt an fear nach raibh. Ansin dúirt an sagart leis a theacht leis féin go dtí an tAifreann.

Bosca 2C Cóipleabhar 10 Inis Meáin Oileáin Árann

29ú Meán Fómhair 1938 Bó Sí

Sorcha Ní Fhlaitheartaigh (9, 54-5)

Oíche amháin fadó, bhí bó ag fear agus fuair sí bás. Agus ní raibh sí i bhfad básaithe nuair a chuaigh sé ag breathnú ar an áit a bhfuair sí bás. Ní raibh cnámh ná tada dhi ann.

Bhí lao ag an mbó agus ní raibh aon aois aige . Bhí an fear seo ag íoc buachalla agus dúirt sé leis an mbuachaill gabháil amach ag faire an lao. Chuaigh an buachaill amach.

Tuairirn uair an mheáin oíche céard a tháinig amach as an aill ach an bhó a bhíbásaithe. Rug an buachaill ar eireaball na bó agus tharraing an bhó an fear isteach san aill. Bhí an fear ag béiceach istigh san aill ag iarraidh an bhó a fháil. Throid an fear chomh

181

Page 183: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

maith gur thug siad an bhó dhó agus bhí iontas mór ar mhuintir an bhaile agus fuair sé airgead ón bhfear.

Ba iad na sióga a thug leo an bhó.

Máirtín Ó Fathartaigh Baile na Seoigheach

(10, 1) Fuaireas an scéal ó Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig) .

20ú Meán Fómhair 1938 Scéal Bhí mo dheaideo ag gabháil sÍos Róidín Pholl na bPúcaÍ go deireanach san oíche. Ag gabháil síos dó d' airigh sé bó á bleán. Bhreathnaigh sé thar an gclaí le bail ó Dhia a chur ar an abair. Ní fhaca sé aon duine agus bhí scanradh mór air. Ansin d'airigh sé tarann capaill agus cairr á tharraingt sair fao in aill agus duine ag tiomáint an chapaill le slat.

Bhí sé oíche ag gabháil an bóthar ag iascach agus d' airigh sé tarann mais tire á dhéanamh i mBaile na Carsaic.

Seán Ó Conghaile Baile na Cre ige

(lO, 2) Fuair mé an scéal ó m'athair Seán Ó Canghaile. An seoladh céanna lhmsa.

3ú Deireadh Fórnhair 1938 Scéal Níl aon aíche Mhárta dár tháinig riarnh nach maródh Mártan mart nó caora. An chéad bhean a bhí aige riarnh chuir sí suas den mart a rnharú. Fuair sí bás agus bhí mac aici darbh ainm Cann.

Phós sé bean eile ansin, agus nuair a tháinig oíche Mhárta chuir sí suas den mhart a rnharú. Thug Mártan isteach an mart agus rnharaigh sé é gan bhuíochas di.

"Go dtachta an diabhal", ar sise, "an chéad duine a íasfas greim di" .

Chuir Mártan píasa den rnhart síos sa bpata á bhruith, agus

182

Page 184: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

d'fureastail sí é a fuad is bhí sé ag bruith. Nuair a bhí sé bruite thug sí an pota sa seomra. Is é an chéad rud a rinne sí greim de a chur ina béal agus thacht an greim í. B'fuada le Mártan a bhí sí sa seomra agus chuaigh sé sa seomra agus fuair sétachta í.

"Is fíor sin", a dúirt Mártan. " Bíonn uair na hachainí ann. Sin é an eascainí a rinne sí: an

chéad duine a d'íosfadh greim den fheoil í á thachtadh." Cuireadh an lá ina dhiaidh sin í. Nuair a bhí fear an tí agus a mhac ag ithe a suipéar, tháinig

sí ag an doras arís . Bhuail sí ar an doras agus ligeadh isteach í. Chuaigh Mártan sa seomra le fai tíos agus ehuaigh an mae ar ehúl an darais. Mharaigh sí a fear. O'imigh an mae ansin agus chuaigh sé ag siúl agus casadh i dteach é a raibh gabhair is poeaidí gabhair ann.

Bhuail sé an dar as agus ligeadh isteaeh é. Scaitheamh ina dhiaidh sin bhuail an bhean ar an doras aeh ní ligfeadh na gabhair isteaeh í lena geuid adhare agus b' éigean di imeacht.

Nuair a fuair sé imithe í chuaigh sé ag siúl arís agus cé a ehasfadh leis aeh a mháthair féin. O'inis sé an seéal di. Thug sí buidéal uisee beannaithe dhó agus dúirt sí leis nár mhiste dhó an domhan a shiúl; nach bhfeideadh sé aon rud go deo arís ní ba mheasa ná í féin nó go bhfaigheadh sé bás .

Fuair sé bás seaitheamh ina dhiaidh sin agus cuireadh é in éineacht lena mháthair agus bhí bláthanna ag fás air mar gheall ar an mbuidéal uisce beannaithe a thug a mháthair dó.

MidI Ó Meaehair Ceathrú an Teampaill

(lO, 3-4) Fuaireas na seolta seo ó Bheairtle Ó Meachair.

6ú Oeireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí bean ann fadó agus bhí sí ar bhruach. [Tá an ehuid eile den seéal ar iarraidh. ]

(lO, 5)

183

Page 185: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

6ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal Bhí fear ann fadá agus bhí sé ag baint fhataí faoi aill in aice leis an tSlip . Chuaigh sé ag baint maidin mhoch. Chonaic sé daoine ag baint in sa ngarraí. TháiJúg faitíos mór air agus rith sé abhaile . Nuair a rith sé abhaile agus d'inis sé an scéal ag baile chuaigh sé ag baint na bhfataí arís agus bhí na fataí bainte .

Micil Mac Donnchadha Ceathrú an Leisín

(10, 6) Fuaireas an scéal ó: Seán Mac Donnchadha. An seoladh céanna.

10ú Deireadh Fámhair 1938 Scéal Bhí bean ann fadó agus is fadá a bhí. Chuaigh sí amach chuig an gcladach ag baint creathnaí.

Bhí sí taman arnuigh nuair a chonaic sí bád ag gabháil anoir ar an bhfarraige. Ar deireadh bhí sí ar a haghaidh amach agus stop an bád ansin. Bhí sí ag breathnú ar an rnbád ar feadh tamaill mhaith. Ar deireadh d'airigh sí torann, mar a bheadh duine ag bualadh cloch le chéile.

Bhreathnaigh sí thairsti agus chonaic sí capall ag gabháil anuas an cladach agus í ag Tith agus níor chánaigh sí ariamh ná go ndeachaigh sí amach chuig an mbád agus d'imigh an bád as a radharc ar an bpointe.

Cailleadh an capall céanna cúpla lá roimhe sin.

Máirtín Ó Fathartaigh Baile na Seoigheach

(10, 7) Fuaireas an scéal ó Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig) agus an seoladh céanna thuas.

184

Page 186: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

17ú Deireadh Fómhair 1938 Seéal Bhí athair agus mae ann fadó agus bhíodh siad ag troid gaeh lá in aghaidh a ehéile go minie.

Lá amháin shoeraigh an mae ar a athair a bhá mar dúirt an t-athair leis an mae naeh dtabharfadh sé a fheilm dó, go ndíolfadh sé í. Sular fhéad an t-athair é sin a dhéanamh dúirt an mae leis go ngabhfadh siad amaeh ag iaseaeh agus bhí an t-athair sásta mar shíl sé gur mhaith leis an mae é sin. Chuadar amaeh aeh sular fhág an mae an teaeh thug sé arán leis i ngan fhios don athair.

Nuair a bhíodar seaitheamh maith amaeh thosaigh siad ag iaseaeh agus ní rabhadar ag fáil aon iase agus ehuadar amaeh seaitheamh maith sa bhfarraige . Bhuail oeras an t-athair agus ní raibh sé i ndán aon iomramh a dhéanamh. Bhí oeras ehomh mór sin air go raibh sé go dona agus ní thabharfadh an mae aon phíosa den arán dó agus fuair sé bás leis an oeras agus ehaith an mae amaeh sa bhfarraige é .

Tháinig an mae i dtír agus bhí sé sásta. Chuaigh an mae abhaile agus bhí sé ag ithe an eháea suas roimhe gur shroich sé an teaeh. Cúpla lá tar éis an t-athair a bheith básaithe bhíodh sé ag teaeht gaeh oíehe sa teaeh agus d'imíodh sé arís ar a dó dhéag a ehlog. Bhíodh faitíos ar an mae agus [ dúirt ] sé go ndéanfadh sé teaeh dó féin agus go mb'fhéidir naeh mbeadh sé ag teaeht ann.

Aeh tháinig an t-athair arís aige agus dúirt an mae "nár thaga tú slán arís nuair a fhéaehfas tú leis". Thosaigh an t-athair ag béiceaeh agus dúirt sé naeh dtiocfadh sé go deo arís dá dtógfadh sé an easeaine sin dó agus dúirt an mae leis go dtógfadh.

Micil O Meaehair Ceathrú an Teampaill

(10, 8-9) Fuaireas na seéalta seo ó Bheairtle O Meaehair.

14ú Mí na Samhna 1938 Seéal Bhí beithíoeh mór millteaeh ag imeaeht sa bhfarraige fadá. Bhí dhá adhare mhóra air agus dath dearg. Bhíodh sé istigh i mbéal na Slipe.

Bhíodh na daoine ag baint fola as le cIoeha agus le rudaí eile.

185

Page 187: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

Ba ghránna an beithíoch é. Chuireadh sé cuma ole air féin nuair a d'fheiceadh sé na daoine. Bhíodh sé ag búiríl freisin. Bhíodh na daoine á rá gurb é an diabhal a bhí ann. Bhíodh faitíos ar na daoine roimhe.

Sa deireadh d'imigh sé i bhfarraige mhór agus ní fhaca aon duine ó shin é .

19ú Deireadh Fómhair 1938 Scéal

Seán O Conghaile (10, 9)

Lá amháin sa tráthnóna faoi Bhealtaine d'fhan fear deireanach sa ngarraí agus bhí gasúr darb ainm Brian in éineacht leis . Dúirt sé leis an ngasúr ar a bhfaca sé ariamh gan gabháil rófhada ón ngarraí.

D'irnigh sé ag baint cnótha scaitheamh beag sios 6n áit. Tháinig múr báistí agus chuaigh sé i bhfoscadh i gcúinne an chiaí. Thit an oíche i ngan fhios dó. Chuaigh an fear á chuartú. Fuair sé é ag an meán oíche agus é ina chodladh. Thug sí leis é agus níor dhúisigh sé 'chor ar bith. Thug sé abhaile é agus níor dhúisigh sé maidin lá arna mhárach ach oiread.

Chuimhnigh sé ansin gurb iad na sióga a xinne rud éigin air. Ba Í Oíche Bhealtaine í lá arna mhárach. Dúirt sé ga n-imeodh sé ag lorg na sióg. Ag gabháil sÍos thar aill d'airigh sé caint. Níor airigh sé ach dá mbainfeadh sé an biorán suain as a cheann go mbeadh leis. Dúirt 8ióg eile:

"Ceann maith sin nuair nach bhfuil a fhios aige é". Chuaigh an fear abhaile. Bhain sé an biorán suain as an ngasúr

agus dhúisigh é. D'inis an gasúr bocht a eachtra bhrónach.

Fuair mé na scéaIta ó rn' athair

Pádraig Ó Conghaile. An seoladh céanna.

186

Pádraig ó Conghaile Ceathrú an Leisín

(10, 11)

Page 188: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

31ú Deireadh Fómhair Scéal Bhí fear ann fadá is fadá a bhí. Bhí sé ag obair an lá seo agus san oíche tháinig duine isteach sa teach chuige agus shuigh sé ar an stál agus d'fhiafraigh sé d'fhear an tí seo an raibh aon scéal nua aige .

"Níl", a deir fear an tí "ach gur mharaigh mé ne ad de luchain óga" .

"Ar mharaigh tú an mháthair?" "Níor mharaigh" a deir fear an tío " Tiocfaidh sí sin anocht ag baint sásaimh díot" , a deir an fear.

An bhfuil a fhios agat céard a dhéanfas tú? Fanfaidh mise in éineacht leat. Téir a chodladh anois agus nuair a thiocfas sí, caith an t-éadach ina mullach agus glaoigh ormsa agus tabharfaidh mise cúnamh duit" .

Ní raibh an fear i bhfad ina chodladh nuair a tháinig an luch. Ní rinne an fear mar a dúradh leis. Mharaigh siad an luch agus dúradar leis í a chaitheamh thar chlaí na teorann agus d'imigh an fear a tháinig ar an bpointe .

Seán O Fathartaigh

Scéal

Máirtín O Fathartaigh Ceathrú an Teampaill

(9, 12-13)

Bhí fear ann fad6 is fadó a bhí. Oíche amháin chuaigh sé síos chuig an gcladach mar bhíodh píosaí m6ra adhmaid ag teacht an t-am úd. Bhí mada maith lena chois aige .

Bhí sé tamall síos an cladach nuair a d' airigh sé an mada ag tafann mar a bheadh rud aige . Choinnigh an fear air agus bhí an mada agus an rud ag teannadh leis i gcónaí. Rith an fear leis nó go ndeachaigh sé faoi bhád m6r a bhí ar an trá agus ní raibh sé i bhfad istigh fúithi nuair a tháinig an mada agus an rudo Bhí an dá rud ag troid taobh amuigh den bhád ar feadh na hoíche.

Nuair a bhí an mhaidin ann, d' éirigh an fear amach agus céard a bhíodh taobh [thiar] den bhád ina luí ar an talamh ach an mada agus gabhar agus bhí iontas mór ar an bhfear.

187

Máirtín O Fathartaigh Ceathrú an Teampaill

(lO, 13)

Page 189: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

19ú Deireadh Fómhair 1938 Bhí fear agus be an ann fadó agus bhí siad an-bhocht. Bhí bó amháin acu, agus bhí an dos le n-íoc agus ní raibh aon airgead acu. Dúirt an fear an lá seo, go gcuirfeadh sé an bhó ar an aonach agus chuir. Casadh fear air, agus d'fhiafraigh an fear dó céard a bhí sé a iarraidh ar an mbó. Dúirt sé:

"Tóg." [ Tá an chuid eile den scéal ar iarraidh. ]

19ú Mí na Nollag 1938 Scéal

(10, 14)

Bhí beirt deartháir ann fadó agus bhí an bheirt acu pósta. Bhí duine acu. [ Tá an chuid eile den scéal ar iarraidh. ]

19ú Mí na Samhna 1938 Scéal

(10, 15)

Bhí fear ann fadó agus chuaigh sé síos chun an ÑD.luirbhigh san oíche. Nuair a bhí sé ag gabháil síos i r6irun caitheadh cloch leis. Bhí sé ag gabháil síos mar sin féin ach leanadh ads é leis na clocha agus b'éigean dó a ghabháil abhaile.

Chuaigh sé síos ar maidin in san áit chéanna agus ní raibh tada ann, agus bhí ionadh mór air agus bhí sé ag ceapadh gurbh iad na sióga a bhí ann.

Scéal

Máirtín Ó Fathartaigh Baile na Seoigheach

(10, 16)

Bhí fear ann fadó. Chuaigh sé ag baint fhataí tráthnóna Lá Bealtaiane. Bhí sé deireanach go maith agus thainig daoine aisteacha ar an ngarraí chuige, agus thosaigh siad ag baint na spáide dhó agus á bhualadh. Bhuail siad an oiread sin air agus

188

Page 190: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

nach raibh sé in ann corraí agus d'imigh siad wlidh ansin. Tamall eile ina dhiaidh sin tháinig cúpla duine eile chuige agus

thug siad abhaile é agus bhí na daoine sin imithe den tsaol cheana agus bhí an fear bocht an-bhuíoch díobh.

19ú Mí na Nollag 1938 Scéal

Máirtín Ó Fathartaigh Ceathrú an Teampaill

(10, 16-17)

Chuaigh curach i lár an Iae fadó chuig galtán iascaigh. Nuair atháinig siad go dtí an galtán chuaigh beirt acu isteach agus bhí an duine eile sa gcurach. Bhí siad tamall maith mar sin. Ar deireadh nuair a bhí an bheirt a bhí sa ngaltán ag imeacht chonaic siad go raibh an curach tamall maith amach ón ngaltán.

Chuaigh an galtán go dtí an curach agus ní raibh aon duine sa gcurach agus is amhlaidh a bhí an fear báite . Bhí siad tamall maith ag iarraidh an fear a thógáil ach ar deireadh thóg siad é . Ansin chuaigh an galtán go hÁrainn leis an bhfear chomh héasca agus bhí sí in ann a dhéanamh. Ansin chuaigh gaolta an fuir bhásaithe siar san oíche agus thugadar aniar é .

Máirtín Ó Fathartaigh Ceathrú an Teampaill

(10, 17) Fuaireas 'chuile scéal acu seo ó Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig)

20ú Mí na Nollag 1938 Scéal Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag gabháil siar an bóthar san oíche. Bhí sé tamall maith siar an bóthar nuair a d' airigh sé torann mar a bheadh duine ag déanamh cónra le haghaidh duine básaithe. Chuaigh an fear abhaile agus d'inis sé an scéal tríd síos ag baile, agus bhí ionadh mór orthu.

An lá ina dhiaidh sin fuair duine ar an mbaile céanna bás. Cuireadh é mar a dhéantar le 'chuile dhuine eile . Dhá lá ina

189

Page 191: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

dhiaidh sin chonaic duine eile as an oileán an fear a fuair bás amuigh ar na Creaga. Ach bhí 'chuile dhuine á fheiceáil ar deireadh ag imeacht 'chuile áit.

Máirtín Ó Fathartaigh Ceathrú an Teampaill

(10, 18) Fuaireas na scéalta go léir á Sheán Ó Fathartaigh (Pádraig), Ceathrú an Teampaill.

20ú Mí na Nollag 1938 Scéal Bhí fear ann fadá agus bhí sé pásta. Chuaigh se chuig an mb6 san oíche Dé Sathairn agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí an oíche dorcha. Ní raibh sé i bhfad 6 bhaile agus casadh fear air agus dúirt an fear leis nach ceart a bheith ag blí b6 go deireanach san oíche Dé Sathairn ná san Oíche Dé Luain.

Scaitheamh ina dhiaidh sin bhí sé ag obair sa ngarraí agus b'éigean don bhean .gabháil chuig an mbó. Ba í seo an oíche Dé Luain agus chuir an bhean uisce chuig an mb6 sular bhligh sí í. Bhí an tobar i bhfad as láthajI agus nuair bhí sf ag blí na bó bhí an oíche tite agus thit an bhean 'na codladh agus dhúisigh sí amuigh sa bhfarraige agus tar éis tamaill bádh Í.

Mar sin deireann na seandaoine nach ceart bá a bhlí san oíche Dé Sathairn ná san oíche Dé Luain.

Peadar Ó Fathartaigh lnis Meáin

(10, 19) Fuair mé na scéalta ó m' athair Séamas Ó Fathartaigh.

21ú Mí na NoUag 1938 Bhí fear ann fadá, agus bhí sé an-fhlaithiúil. Bhíodh sé ag roinnt a chuid airgid ar na daoine bochta.

Aon uair amháin chuaigh sé isteach sa siopa ag íoc a chuidfiach. Níor ligeadh isteach sa siopa é mar cheap na daoine a bhí istigh

190

Page 192: Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore

gur fear déirce a bhí ann. Ghlaoigh sé amach os ard agus dúirt: "Lig isteach mé go n-íocfaidh mé mo chuid fiach". Dúirt na daoine istigh nach ligfeadh siad isteach é mar gur fear

déirce a bhí ann. Dúirt seisean nárbh ea agus ligeadh isteach é . Nuair a bhí sé ag gabháil a�ach as an teach dúirt sé: "Nár chuire Dia rath ar na dabine sa teach seo" . An lá áithrid

seo cailleadh na daoine go léir s4 teach sin ach amháin na páistí, beirt bhuachaill agus cailín amHáin.

An lá ar ar cailleadh na daoine ar chuir an fear flaithiúil an mhallacht orthu bádh beirt mhac leis an bhfear flaithiúil agus ansin ghabh fearg an-mh6r an fear agus shocraigh sé na páistí a chónaigh sa siopa a mharú seachtain 'na dhiaidh sin.

Lá amháin tar éis maca an fhir fhlaithiúil a bheith curtha casadh ar a athair duine acu agus dúirt sé lena athair gur duine de na gasúir a ch6naigh sa siopa a bháigh é féin is a dheartháir agus Dé Sathairn 'na dhiaidh sin mharaigh an t-athair na gasúir ach duine amháin acu. Bhí sé imithe amach in áit éigin.

Bhíodh an t-athair ag faire air i gcónaí agus aon lá amháin nuair a bhí an gasúr amuigh sa mbóthar chuaigh an t-athair flaithiúil ag caint leis. Go hobann mharaigh sé é agus nuair a bhí sé ag rith leagadh é agus chuaigh an scian trína chroí agus cailleadh é ar an n6iméad.

Peadar Ó Fathartaigh Ceathrú an Leisín

(lO, 20-21) Fuair mé na scéalta ó rn' athair Séamas Ó Fathartaigh, lnis Meáin.

191