na bunscoile: sa bhaile, ar scoil & sa pharóiste an scoil...

36
G RÁIG H R O IN N E O LA S F O G H L A I M M A I T H C R E I D E A M H S O N A S G R Á I G H R O I N N E O L A S F O G H L A I M M A I T H C R EID E A M H S O N A S G RÁIG H R O IN N E O LA S F O G H L A I M M A I T H C R E I D E A M H S O N A S G R ÁI G H R O I N N E O L A S F O G H L A I M M A I T H C R EID E A M H S O N A S G R ÁIG H R OI N N E O LA S F O G H LAIM M A IT H C R E I D E A M H S O N A S G R Á I G H R O I N N E O L A S F O G H L A I M M A IT H C R EID E A M H S O N A S G R ÁI G H R OI N N E O LA S F O G H LAIM M A IT H C R E I D E A M H S O N A S G R Á I G H R O I N N E O L A S F O G H L A I M M A ITH C R EI D E A M H S O N A S G R ÁIG H R O I N N E O LA S F O G H LAIM M AIT H C R EI D E A M H S O N A S G R ÁI G H R O I N N E O L A S F O G H L A I M M A I T H C R E I D E A MH S O N A S G R ÁI G H R O I N N E O LA S F O G H LAIM M AIT H C R EI D E A M H S O N A S G R Á I G H R O I N N E O L A S F O G H L A I M M A I T H C R E I D E A M H S O N A S Acmhainní le haghaidh Pobal na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste 26 Eanáir – 2 Feabhra 2014 An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama

Upload: others

Post on 08-Jul-2020

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

GRÁIGH ROINN EOLAS FOGHLAIM MAITH CREIDEAMH SONAS GRÁIGH ROIN

N EOLAS FOGHLAIM MAITH CREIDEAMH SONAS GRÁIGH ROINN EOLAS FOGHLAIM

MAITH

C

REID

EAM

H

SON

AS

GRÁI

GH

ROI

NN

EO

LAS

FO

GHLAIM

M

AITH CREIDEAMH SONAS

GRÁIGH ROINN EOLAS FOGHLAIM MAITH CREIDEAMH SON

AS GRÁIG

H ROIN

N EOLAS FOGHLAIM M

AITH CREIDEAMH SONAS GRÁIGH ROINN EOLAS FOGHLAIM

MAITH C

REIDEA

MH

SO

NAS

G

RÁIG

H

RO

INN

EOLA

S

FOGH

LAIM

M

AITH CREIDEAMH

SONASGRÁIGH ROINN EOLAS FOGHLAIM MAITH CREIDEAMH SONAS GRÁIGH ROIN

N EOLAS FO

GH

LAIM MAITH CREIDEAM

H SONAS GRÁIGH ROINN EOLAS FOGHLAIM MAITH

CREIDEAMH SONAS

GRÁ

IGH

RO

INN

EOLA

S

FO

GH

LAIM

M

AITH

C

REID

EAM

H SONAS

Acmhainní le haghaidh Pobal na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste

26 Eanáir – 2 Feabhra 2014An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama

Page 2: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Clár na nÁbharAg Ullmhú Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014: Téama 2

Acmhainní Baile Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014 Sa Bhaile 3

Acmhainní ScoileMachnamh an Lae 4

An Luan: Iarrann ár gCreideamh Orainn Maireachtáil i gCeart 5

An Mháirt: Iarrann ár gCreideamh Orainn Foghlaim 11 An Chéadaoin: Iarrann ár gCreideamh Orainn Roinnt lena Chéile 16

An Déardaoin: Iarrann ár gCreideamh Orainn Ceiliúradh a Dhéanamh 21

An Aoine: Iarrann ár gCreideamh Orainn Freastal ar Dhaoine 27

Machnamh Críostaí do Pháistí taobh istigh den chlúdach deiridh

Page 3: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

AcmhainníIs féidir acmhainní breise a íoslódáil ag www.catholicschools.ie: • An Acmhainn ar fad as Gaeilge• An leathanach baile as Polainnis• Machnamh faoi Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014 don Fhoireann agus do

Bhaill an Bhoird Bainistíochta/Gobharnóirí• Cruinniú Pleanála le haghaidh Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014• Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014 a cheiliúradh sa Deoise• Seirbhís Cheiliúrtha faoi Mhinistreacht na Múinteoirí• Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014 sa Pharóiste• Searmanas Tosaigh Urnaí le haghaidh Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014• Searmanas Deiridh Urnaí Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014• Searmanas Urnaí le haghaidh ‘Lá na Seantuismitheoirí’ 2014.

PóstaerIstigh leis an leabhar acmhainní seo tá póstaer A2 , is féidir cur leis gach lá de Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha. D’fhéadfaí an póstaer a chur san Áit Naofa ar scoil. Moltar go gcuirfí cuid d’obair na bpáistí leis an bpóstaer in aghaidh an lae. Seans go bhféadfaí. Freagracht a thabhairt do rang éagsúil an obair is fearr a roghnú in aghaidh an lae.

Page 4: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

2  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

ag ullm

Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014: TéamaFáilte chuig Acmhainní Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014. Roghnaíomar an téama An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama don bhliain 2014 chun aird a dhíriú ar an bhfíoras go dtarlaíonn an t-oideachas i gcomhthéacs na mbunluachanna fiúntais. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear luachanna fiúntais a mhúineadh, agus ní oideachas é bheith ag scaipeadh fíoras. I rith Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha beidh féiniúlacht á chomóradh ag na scoileanna Caitliceacha. Bíonn cúig eilimint bhunúsacha ann a bhaineann le héiteas nó spiorad sainiúil an oideachais sa scoil Chaitliceach.

Creidimid go gcruthaítear an duine in íomhá Dé, agus go gcaithfear meas agus dínit a léiriú ina leith dá bharr. Mar sin, is é Íosa Críost, Dia i bhfoirm dhaonna, an eiseamláir fhoirfe don Chríostaí. Caithfidh an pobal scoile ar fad sa scoil Chaitliceach, iarracht dáiríre a dhéanamh déileáil lena chéile ar bhealach a léiríonn an diminsean spioradálta ionainn. Léireodh gach gaol a dhéanaimid an prionsabal bunúsach seo.

2. Creidimid go ndéanaimid teagmháil le Dia i ngnáthchúrsaí an lae. Cabhraíonn na gnáthrudaí a dhéanaimid in aghaidh an lae leis an aithne a chuirimid ar Dhia. Nochtann Dia é féin dúinn go neafaiseach. Léirítear a leithéid nuair a dhéantar eachtra eisceachtúil as gnáthimeachtaí an tsaoil de réir na Sacraimintí a thugann grásta Dé chugainn. Bíonn deis againn bheith ag guí agus ag machnamh gach lá, gníomhartha a chabhraíonn linn grá Dé dúinn a thuiscint, agus conas mar a bhímid spleách air. Is codanna bunúsacha de shaol na scoile iad an ghuí agus an liotúirge.

3. Creidimid gur sábháladh mar phobal sinn. Is ar scáth a chéile a mhairimid, agus is lena chéile mar phobal a ndéanfar clann Dé ar domhan asainn, corp Íosa Críost agus teampall an Naomhspioraid – baill de ríocht cheart, grámhar, síochánta. Is é an Nua-Aithne a mhol Íosa dúinn ná ‘ gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán...Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’Bunphrionsabal lárnach sa scoil Chaitliceach é go bhfoghlaimeodh daoine conas slí mhaireachtála a chaitheamh a léireoidh meas don duine eile agus cúram ar leith á dhéanamh de dhaoine uireasacha nó díobh san atá faoi léan. Is cuid d’obair an lae ar scoil é pobal comhbhách a chruthú, pobal a thabharfaidh aire do na daoine uireasacha nó dóibh san atá faoi léan ar bhealach ar bith.

4. Baineann traidisiún ársa linn. Is cuid de shaol agus de thraidisiún na hEaglaise a shíneann siar chuig Críost féin iad na scoileanna Caitliceacha, ón uair a thug sé an treoir uaidh: ‘Imígí, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile.’ Baineann traidisiún fada leis an oideachas creidimh san Eaglais Chaitliceach. Chuir an Eaglais go mór le foirmiú na n-óg agus leis an tsochaí i gcoitinne le blianta fada, sa traidisiún Caitliceach Críostaí, ón réamhscolaíocht ar aghaidh go dtí an bhunscolaíocht, tríd an scolaíocht Iar-bhunscoile ar aghaidh go dtí na hinstitiúidí tríú leibhéal. Tá sé de dhualgas orainne anois bheith dílis don traidisiún sin agus é a léiriú ar bhealach úr do phobal na linne seo, ar mhaithe leis an saol i gcoitinne.

5. Bíonn meas ar leith againn ar an léann. Is tábhachtach an rud dúinne é a bheith léannta, eolas a chur orainn féin, aithne a chur ar a chéile agus ar an domhan thart timpeall orainn. Déanfaidh an scoil Chaitliceach gach dícheall oideachas den scoth a chur ar fáil, beidh áit lárnach ag gach duine aonair inti don bhailiú agus don doimhniú eolais, don fhorbairt phearsanta iomlán.

Tá súil agam go mbeannófar an ceiliúradh scoile a dhéanann sibh ar Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014 agus go mbeidh sé lán de ghrásta.

Moinsíneoir James CassinRúnaí Feidhmeannach, An Chomhairle don Oideachas

Page 5: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  3

acm

hai

nn

í ba

ile

Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014 sa BhaileA Thuismitheoirí agus a Phobal Ionúin, I rith na seachtaine seo beidh an scoil seo againne ag ceiliúradh Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha. Tugtar deis i rith na seachtaine seo don uile dhuine atá bainteach leis an oideachas Caitliceach aitheantas a thabhairt don mhéid a chuireann na Scoileanna Caitliceacha leis an tsochaí Éireannach, agus a leithéid a cheiliúradh. I rith na seachtaine seo spreagaimid sibhse a thuismitheoirí agus an pobal i gcoitinne le machnamh a dhéanamh ar an mbrí a bhaineann le páistí libhse bheith mar bhaill de phobal scoil Chaitliceach, agus conas mar is féidir libhse tacaíocht a thabhairt don obair atá ar siúl sna scoileanna Caitliceacha seo. Tá na moltaí seo leanas ann:

Cad iad na himeachtaí a bheidh ar siúl

sa scoil le Seachtain na Scoileanna

Caitliceacha a cheiliúradh?

Reáchtálann roinnt scoileanna Lá na

Seantuismitheoirí, mar shampla. Tugtar

cuireadh do theaghlaigh páirt a ghlacadh

i Searmanas Urnaí i roinnt scoileanna

eile. Uaireanta bíonn obair le déanamh

sa bhaile ag daltaí, obair a léiríonn conas

mar a bhíonn Seachtain na Scoileanna á

cheiliúradh ar scoil. Cad a dhéanfá féin

chun páirt a ghlacadh?

Ar fhreastal tú féin ar scoil

Chaitliceach? Más rud é gur fhreastail,

roinn an taithí is fearr a bhí agat ar an

oideachas Caitliceach le do pháiste.

An cuimhin leat mar shampla, bheith ag

ullmhú don Chéad Comaoineach, nó don

Chóineartú? Cérbh iad na múinteoirí

a bhí agat, nó cad a thagann chun

cuimhne maidir leis an lá mór féin? Cad

iad na hathruithe a tharla i measc na

Scoileanna Caitliceacha ón uair a bhí tú

féin i do dhalta?

Cuirtear tús oifigiúil le Seachtain na Scoileanna Caitliceacha ar an Domhnach an 26 Eanáir. An bhféadfadh do theaghlach féin

tréaniarracht a dhéanamh freastal ar Aifrinn ar an lá sin, nuair a ofrálfar paidreacha ar son na ndaoine sin ar fad atá mar chuid de

phobail na scoileanna Caitliceacha sa pharóiste, agus sa tír i gcoitinne.

Má bhaineann do pháiste leis na

bunranganna, (ó Naíonáin Bheaga Bunscoil

1 go Rang a Dó/Bunscoil 4), cabhraigh

leo cárta a ullmhú a deir ‘Seachtain na

Scoileanna Caitliceacha Sona Duit’ le

tabhairt do dhuine de na múinteoirí ar scoil.

Cabhraigh leis na leanaí machnamh a

dhéanamh ar an mbuíochas a ghabhfaidís

leis an múinteoir i rith na seachtaine speisialta seo.

Má bhaineann do pháiste leis na

hardranganna, (Rang a Trí/Bunscoil 5

go Rang a Sé), tapaigh an deis i rith na

seachtaine le ceist a chur orthu faoin

difríocht a bhaineann le bheith ag freastal

ar scoil Chaitliceach, seachas bheith ag

freastal ar scoil de shórt eile. D’fhéadfaí na

paidreacha a deirtear sa scoil Chaitliceach a

lua, an t-am a thugtar don Eolas Diaga, bheith

ag ullmhú do na Sacraimintí, an spreagadh

a thugtar, bheith ag léiriú tacaíochta do

charthanas mar “Trócaire” agus a leithéidí.

Page 6: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

4  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

acmh

ainn

í sco

ile

Machnamh an LaeAn Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama

Ba cheart an Machnamh seo a léamh os ard sa seomra ranga in aghaidh an lae nó ar an ngléas idirchumarsáide chun pobal na scoile a aontú le chéile. Ba cheart go mbeadh am ciúin ann ina ndiaidh, le gur féidir ábhair an mhachnaimh a mheas. Tarlaíodh sé seo sa seomra ranga indibhidiúil. Tá treoirlínte maidir leis an am machnaimh seo ar fáil taobh istigh den chlúdach deiridh.

An Luan: Inniu, an chéad lá de Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha, déanaimid machnamh ar an mbeatha a bhronn Dia orainn. Cabhraigh linn a Thiarna, ár saol a chaitheamh ar bhealach a thaitneodh leatsa. Cabhraigh linn maireachtáil faoi Chreideamh, i ngrá, agus ár saol a chaitheamh go sona. Deonaigh go gcaithfimid ár saol inniu agus gach lá feasta, díreach mar a mhúin Íosa dúinn. Guímis le chéile an phaidir a mhúin ár dTiarna dúinn:Ár nAthair …

An Mháirt: Inniu, smaoineoimid ar na bealaí agus ar na háiteanna ina bhfoghlaimímid faoin gCreideamh. Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar scoil agus i measc phobail an pharóiste. Cuirimid aithne ar shaol Íosa, an cion ar chách a bhain leis, an maithiúnas a léirigh sé. Foghlaimímid ón dea-shampla a chleacht sé. Cabhraigh linn a Thiarna gníomhú mar a rinne Íosa, agus an saol a fheabhsú do chách. Guímis le chéile an phaidir a mhúin ár dTiarna dúinn:Ár nAthair …

An Chéadaoin: Inniu Lá na Seantuismitheoirí. Tugaimid chun cuimhne an Creideamh agus an grá a roinneann na Seantuismitheoirí linn. Roinneann siad an taithí shaoil agus na buanna atá acu, agus baint ar leith acu leis an mbealach ina mbímid ag foghlaim faoin gCreideamh, agus á chleachtadh. A Tiarna, cabhraigh linn gach a bhfuil againn a roinnt go fial. Deonaigh go mbainfimid taitneamh as bheith ag roinnt go forleathan lena chéile. Guímis le chéile an phaidir a mhúin ár dTiarna dúinn:Ár nAthair …

An Déardaoin: Inniu, déanaimid ár gCreideamh a cheiliúradh. Déanaimid gairdeas gur tháinig Íosa ar an saol, gur léirigh sé dúinn conas maireachtáil i gceart ar bhealach grámhar. Déanaimid é seo a cheiliúradh gach uair a bhímid ag freastal ar Aifrinn, agus a roinnimid Arán na Beatha lena chéile i gcomhluadar an pharóiste. Déanaimid an Creideamh a cheiliúradh nuair a bhailímid chun guí lena chéile sa bhaile nó ar scoil. A Tiarna, cabhraigh linn ceiliúradh leanúnach a dhéanamh díotsa, agus den Chreideamh. Guímis le chéile an phaidir a mhúin ár dTiarna dúinn:Ár nAthair …

An Aoine: Agus Seachtain na Scoileanna Caitliceacha ag druidim chun deiridh, déanaimis machnamh ar na bealaí ina bhféadfaimis cúram a dhéanamh de na daoine thart timpeall orainn. Tháinig Íosa inár measc chun freastal orainn, mhínigh sé dúinn conas aire a thabhairt do chách agus déileáil leo ar bhealach a lorgóimis uathu san. Bímid ag freastal ortsa a Dhia, nuair a scaipimid soiscéal Íosa Críost, agus nuair a mhairimid mar a d’iarr Íosa orainn. Guímis le chéile an phaidir a mhúin ár dTiarna dúinn:Ár nAthair …

Page 7: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  5

an lu

an

An Luan: Iarrann ár gCreideamh Orainn Maireachtáil i gCeartDon Mhúinteoir: Is bréagach gan mhaith é an Creideamh ionainn mura dtugaimid amach ón eaglais nó ón Aifreann é, le bheith i lár an aonaigh, le go mbeimis ag iarraidh luachanna an tSoiscéil a chur i bhfeidhm i measc an phobail. Ag deireadh an Aifrinn is mar seo a deir an sagart linn imeacht:

Go nDéanaimid an Soiscéal a Fhógairt le gach Beart agus Briathar dár gCuidImígí faoi Shíocháin, leis an Tiarna a Ghlóiriú in bhur Saol

Go nDéanaimid an Soiscéal a Fhógairt Dúirt San Proinsias Assisi linn go mbíonn gá ann i gcónaí leis an Soiscéal a chur i bhfeidhm, leis an dea-fhocal a scaipeadh i mbriathra nuair is gá. Glaoitear orainn freisin mar dhaoine aonair, mar phobal Críostaí agus mar phobal scoile an Soiscéal a chur i bhfeidhm gan bhriathra a úsáid. Tugann Seachtain na Scoileanna Caitliceacha deis dúinn an treoir sin a chur i bhfeidhm – ní hamháin ó thaobh bheith ag smaoineamh ar an méid a dhéanfaimis sa todhchaí, ach an méid gur féidir linn a dhéanamh díreach anois! Iarrtar ar na daltaí i ngach aon cheann de na ceithre ranna ranganna gealltanas a thabhairt aithne a chur ar an Soiscéal, agus é a chur i bhfeidhm chomh maith.

Naíonáin Bheaga & Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2: Labhair leis na leanaí maidir le Naomh Bríd. Tá dhá scéal ar fáil i Beo go Deo 1 (lth. 132–139), maidir léi, agus tugann siad léargas an-mhaith faoin mbealach inar fhógair sí an Soiscéal – chothaigh sí na bochtáin agus thóg sí séipéal. Beidh amhrán Naomh Bríd á fhoghlaim ag na leanaí ag an bpointe seo. Seans go bhféadfadh cuid de na daltaí ó na hardranganna teacht agus cabhrú leis na naíonáin mhóra agus na naíonáin bheaga an t-amhrán a chur de ghlanmheabhair,agus iad ag léiriú dóibh go bhfuil bealach éasca ann leis an Soiscéal a fhógairt, sé sin cineáltas agus cairdeas a léiriú dá chéile, díreach mar a d’iarr Íosa orainn a dhéanamh. Tá gníomhaíocht ar leathanach 7 a chabhróidh leis na páistí an fhoghlaim a dhaingniú. Tabhair cuireadh do na naíonáin mhóra abairt a scríobh a léireodh bealach ina bhféadfaidís féin bheith cosúil le Naomh Bríd.

Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4: Léigh an scéal ‘Sayen and Dooen’ i Beo go Deo 4 (lth. 108). Tá sampla maith anseo den bhealach ina mbímid ag feidhmiú uaireanta, bíonn caint mhór á dhéanamh againn, ach ní minic a chuirimid ár gcuid cainte i ngníomh. I rith an Aifrinn tugaimid aire mhaith don Soiscéal, ach is minic sinn ag dul amach faoin aer ina dhiaidh agus dearmad iomlán á dhéanamh againn ar theachtaireacht an tSoiscéil, ar an aitheasc, ar gach ar chualamar sa séipéal. Déan cíoradh leis na páistí ar bhealaí éagsúla ina bhféadfadh sibh teachtaireacht an tSoiscéil a thabhairt chun cuimhne, fíor na croise a ghearradh orainn féin nuair a thrasnaímid an séipéal, ag cuimhneamh air go mbaineann an Soiscéal le clós na scoile, leis an mbus abhaile, leis an mbealach ina dtugaimid aire dár muintir féin agus do chách.

Beidh na daltaí sin a ghlacann páirt sa chlár Déanaigí é Seo mar Chuimhne Orm ag cur síos ar thascanna Sheáin. Tugtar ar leathanach 8 iad. Tabhair dearcadh agus tasc an duine do na daltaí, agus déan seiceáil orthu ag deireadh na seachtaine féachaint conas mar a d’fhógair siad féin an Soiscéal i bhfocail nó in aigne.

Imígí faoi Shíocháin, leis an Tiarna a Ghlóiriú in bhur Saol Bainfear úsáid as an dara treoir a thugtar dúinn ag deireadh an Aifrinn leis na ranganna sinsearacha a stiúradh i rith Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha. Deir sé i ngach leabhar Beo go Deo gurb é glóir Dé é, a phobal a bheith beo bríomhar. Tagann an tuairim seo ó Naomh Irenaeus. Deir sé gurb é glóir Dé é, an duine a bhíonn beo bríomhar, agus go mbaineann an bheatha dhaonna le fís Dé. Cuirtear dualgas nach beag orainn mar Chríostaithe dá bharr, maireachtáil de réir na físe a bheadh ag Dia dúinn agus é a chur in iúl do chách. Bíonn na Soiscéil againn mar threochlár a chabhródh linn a leithéid a dhéanamh. Bímid ag brath ar an teagmháil a rinne Íosa féin leis na daoine ar bhuail sé leo, chun fís Dé a thaispeáint dúinn ar bhealach foirfe.

Page 8: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

6  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

an luan

Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6: : Léigh an scéal mar gheall ar an Samárach Maith - Beo go Deo 6. Is Cuma má bhíonn an scéal léite agus pléite cheana féin.Tá an scéal ar fad ar fáil i leabhar an mhúinteora leathanaigh 139–140. Tá trí rud i gceist sa scéal seo – na baill den tsochaí Ghiúdach a rinne neamhaird ar an bhfear a bhí sínte ar thaobh an bhóthair, cineáltas an tSamáraigh, agus gur tháinig an chabhair ó cheantair gan choinne, ba naimhde leis na Giúdaigh iad na Samáraigh, de réir tuairisce. Nílimid ag iarraidh ar na páistí feidhmiú díreach mar a rinne an Samárach, ach is féidir linn na trí eilimintí seo a scrúdú. Cuir ceist ar na leanaí an obair ar leathanach 9 a chomhlíonadh. D’fhéadfadh na mic léinn samplaí nua-aoiseacha de na smaointe seo a phlé i rith am ciorcail. Bheadh sé oiriúnach am urnaí faoi na téamaí seo a leanann tríd síos sa scéal, a chur ar fáil. Bheadh sé oiriúnach chomh maith an t-amhrán ‘Neighbour Song’ ó leathanach 140 de leabhar an oide a chanadh. Níl críoch ar bith leis an amhrán seo agus tugtar léiriú ann dúinn, nach mbíonn deireadh riamh le fíor-chairdeas ach oiread.

Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé: Faigh cóip de scéal Oscar Wilde, ‘The Devoted Friend’. D’fhéadfaí teacht air go héasca i mbailiúcháin síscéalta uaidh,agus tá sé ar fáil ar líne ag http://classiclit.about.com/library/bl-etexts/owilde/bl-owilde-defr.htm.

Baineann an scéal leis an Muilleoir agus le Hans Beag, agus is cur síos é ar bhunphrionsabail an chairdis. Cé go mbíodh an Muilleoir i gcónaí ag trácht ar shuáilce an chairdis, bhain croí maith le Hans Beag, duine smaointeach a bhí ann, ba eisean an cara dílis. Tá roinnt ceisteanna anseo a chabhródh le plé soiléir a dhéanamh ar an téama seo:

• Cén bhaint atá ag an scéal ‘Hans Beag agus an Muilleoir’ leis an luch uisce? An mbaineann sé linne?• Cad é an chéad tuairim a fhaighimid nach bhfuil an Muilleoir chomh cairdiúil agus a deir sé, le Hans

Beag? An bhfuil a thuilleadh samplaí den sórt seo ann?• Cad a cheapann sibh faoin gcuid den scéal ina ndeir an Muilleoir go bhfeidhmíonn go leor daoine ar

bhealaí maithe, ach nach labhraíonn mórán daoine go maith, rud a thugann le fios dó go mbíonn an chaint mhaith níos deacra le déanamh ná an gníomh maith, agus gur fearr an chaint dá bharr?

• Cén fáth nach bhféadfadh Hans Beag aire a thabhairt dá ghairdín, agus cén gheall a cheangail an Muilleoir i gcónaí air.

• Cad é an gníomh leithleach deireanach a rinne Muilleoir agus ba chúis le bás Hans Beag é?• Cén fáth go ndúirt an Muilleoir i gcónaí gurb é féin an cara a b’fhear a bhí ag Hans Beag, agus cén

tionchar ar chúrsaí a bhí ann nuair a d’fhógair an Muilleoir nár bhain luach ar bith riamh leis an mbarra rotha?

Ba é Oscar Romero ceann de na samplaí a b’fhearr den chara dílis a bhain leis an bhfichiú haois. Ar feadh a shaol bhí sé tiomanta do na bochtáin, agus don phobal a cuireadh faoi chois i bPoblacht na Salvadóire. D’imríodh feallmharú air agus an tAifreann á rá aige san Ardeaglais sa bhliain 1980. I mí Dheireadh Fómhair 2013, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn cuairt ar a thuama ag ardeaglais San Salvador nuair a bhí sé ar chuairt oifigiúil chun na tíre sin. Ba chuairt chorraitheach é dar leis, imeacht a mheabhródh do dhaoine gan dearmad riamh a dhéanamh ar chúrsaí dá leithéid. Mhol an tUachtarán Ó hUiginn chomh maith, an ról a bhain an Eaglais amach sna réigiúin sin, gur chraobhscaoil sí teachtaireacht Chríost: cearta agus ionannas do chách. Tá léargas ar shaol Oscar Romero sa líne ama ar leathanach 10.

CREIDEAMH

Page 9: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Ag Foghlaim

Ag Guí

Ag RoinntAg Súgradh

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  7

an lu

an

Iarrann ár gCreideamh Orainn Maireachtáil i gCeart: Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2

Ceangail na focail leis an ngníomh

Mairim mar a rinne Naomh Bríd nuair a bhím …

Page 10: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

8  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

an luan

Iarrann ár gCreideamh Orainn Maireachtáil i gCeart: Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4

Cad a dhéanfaidh mise i rith na seachtaine seo chun an Soiscéal a fhógairt?

Gnó Sheáin: Tascanna

Abair ‘Tá brón orm’ más rud é gur ghortaigh tú duine ar bith eile.

Tabhair cabhair do Mham agus do Dhaid gan iad á lorg uait.

Roinn do chuid milseán le duine eile.

Bí ullamh lámh chúnta a thabhairt leis an spidireacht.

Scríobh litir nó cuir glaoch ar Mhamó nó ar Dhaideo, nó ar chara thar chách.

Déan do chuid oibre scoile agus aoibh ort.

Abair an tAltú Roimh Bhia agus tabhair cuireadh do do theaghlach í a rá chomh maith.

Cabhraigh le glantachán an tí.

Bailigh an bruscar a bhíonn thart ort.

Tabhair cabhair le béile a ullmhú sa bhaile.

Bí sásta cabhrú sa bhaile.

Léigh an scéal faoi bhaisteadh Íosa (Matha 3:13-17).

Déan do sheomra féin a shlachtú.

Leag amach bia agus deoch do na héin.

Déan paidir a chumadh faoi Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha agus cuir san Ionad Urnaí í.

Gnó Sheáin: Dearcadh

Caith cúig nóiméad go ciúin ag machnamh faoi na daoine is ansa leat.

Bíodh aoibh go dtí na cluasa ort le duine éigin.

Caith cúig nóiméad go ciúin ag machnamh ar na rudaí maithe a bhaineann le do shaol agus gabh buíochas le Dia astu.

Léirigh cineáltas le duine atá ina éagmais.

Bí go deas le duine nach mbíonn cairdiúil leat de ghnáth.

Léirigh an grá atá agat do dhuine de do mhuintir féin.

Cuir paidir in airde ar mhaithe leo san atá uaigneach.

Más rud é gur ghortaigh tú duine ar bith eile, léirigh dóibh go bhfuil aiféala ort.

Bí go deas cabhrach le cách inniu.

Beir barróg bhreá mhór ar dhuine éigin sa bhaile.

Tabhair maithiúnas don duine a ghortaigh tú.

Caith níos mó ama ag gáire.

Imir de réir na rialacha.

Déan do chuid oibre gan cnáimhseáil ar bith.

Page 11: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  9

an lu

an

Iarrann ár gCreideamh Orainn Maireachtáil i gCeart: Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6

An Samárach Maith

Cuir dath ar an bpictiúr agus inis an scéal i d’fhocail féin

Page 12: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Ná santaigh flúirse an tsaoil, ach bí mar fhlúirse sa SAOL

10  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

an luan

Iarrann ár gCreideamh Orainn Maireachtáil i gCeart: Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé

Oscar Romero1917 Oscar Arnulfo Romero: rugadh mar dhuine de dheichniúr clainne ar an 15 Lúnasa 1917 i Ciudad Barrios, El Salvador é. Fear poist ab ea athair Oscar, agus chabhraigh Romero óg leis, na litreacha a sheachadadh. Rinneadh siúinéir boird, cathaoireacha, agus doirse d’Oscar.

1930 Chuaigh sé chuig cliarscoil nuair a bhí ceithre bliana dhéag slánaithe aige. Bhí tinneas ar a mháthair agus d’fhág Oscar an coláiste ar feadh thrí mhí nuair a bhí airgead uaithi chun leigheas a cheannach. D’oibrigh sé sa mhianach óir i Potosi. Bhí naoi cent in aghaidh an lae á thuilleamh aige.

1937 Chuaigh Oscar ag staidéar sa Róimh. Chuaigh sé le Diagacht, agus ba ann dó le linn an Dara Chogadh Domhanda. Faigheann a athair agus a dheartháir bás agus é sa Róimh.

1942 Oirníodh mar shagart é ar an 4 Aibreán 1942. Tháinig sé abhaile sa bhliain 1944 rinne an chéad Aifreann a cheiliúradh i Ciudad Barrios leis an gcuid eile dá mhuintir.

1944 Ar feadh 20 bliain stiúir sé deoise San Miguel. Chónaigh a mháthair in éineacht leis. Fuair sise bás sa bhliain 1961. Bhí ainm in airde air as na seanmóirí a thug sé uaidh. Rinne sé go leor oibre sa pharóiste, thug cuairteanna ar na príosúin, d’eagraigh ranganna teagasc creidimh, obair le gníomhaíocht Chaitliceach Caritas a chuir bia ar fáil do na bochtáin.

1967 Rinneadh moinsíneoir de agus bhog sé go San Salvador. Is ansin a rinne sé cairdeas dlúth leis an athair Rutilio Graguse.

1970 Rinneadh Easpag Cúnta de, agus thug sé cuireadh d’Uachtarán Phoblacht na Salvadóire bheith i láthair ag an searmanas. Chuir sé seo olc ar dhaoine áirithe. Cheap siad go raibh Oscar ag tacú le rialtas a bhí ag imirt cos ar bolg ar an bpobal.

1974 Ceapadh mar Easpag ar Santiago

de Maria é.

1975 Mharaigh an t-arm triúr i sráidbhaile Tres Calles. Thug Oscar sólás dá muintir, agus scríobh sé litir agóide chuig an Uachtarán Molina ag cáineadh na maruithe.

1977 I mí Feabhra ceapadh mar Ardeaspag ar Shan Salvador é. Bhí daoine áirithe ón Eaglais agus i measc lucht an rachmais sásta toisc gur mheasadar go gcuirfeadh sé stop leis an gcúnamh a bhí á thabhairt ag na sagairt do na bochtáin. Ar an 12 Márta 1977, lámhachadh agus maraíodh an tAthair Rutilio Graguse agus beirt a bhí ag taisteal in éineacht leis. Chuir Romero gach Aifreann ar ceal an Domhnach ina dhiaidh sin seachas ceann os comhair na hArdeaglaise, d’fhreastal 100,000 air. Dhiúltaigh sé d’imeacht rialtais ar bith go dtí go réiteofaí na dúnmharuithe.

1980 Cé gur cuireadh bagairtí bháis chuige, rinne an tArdeaspag Romero an rialtas a cháineadh as na polasaithe smachtúla a bhí á gcur i bhfeidhm acu. ‘In ainm Dé’ ar sé ‘agus in ainm an chaointe a ardaítear in aghaidh an lae ón bpobal faoi leatrom, iarraim ort, impím ort, deirim leat in ainm De, éirí as an leatrom seo ar na boicht. (23-03-80) Ar an 24 Márta 1980, lámhachadh Romero agus é ag rá an Aifrinn. Déanann na mílte freastal ar an tsochraid. Scaoil an t-arm leis na daoine a bhí i láthair. Maraíodh tríocha duine agus gortaíodh na céadta acu. De réir fiosrúcháin 1992 dúradh gur ordaigh an t-iar-mhéara, an Ginearál Roberto D’Aubuisson, go marófaí Romero.

2000D’fhógair an Pápa Eoin Pól II go pearsanta go raibh Romero i measc na mairtíreach ón bhfichiú haois, ag ócáid cheiliúrtha sa Róimh. Toisc gur mairtíreach a bhí ann, ceaptar nach mbeidh gá ar bith le míorúilt le go bhfógrófaí mar naomh é.

2009Maireann Romero i measc a mhuintir go fóill. Ar an 15 Márta 2009, toghadh Mauricio Funes mar Uachtarán ar Phoblacht na Salvadóire. D’fhógair sé go leanfadh an rialtas teachtaireacht Romero agus go dtabharfaí tús áite do na boicht.

2013D’fhógair an tArdeaspag Vincenzo Paglia, a bhí ag obair ar son naomhú an Ardeaspaig Oscar Romero, ar an 20 Aibreán go raibh gach aon bhac á bhaint den phróiseas, le cead ón bPápa Proinsias, is cosúil.

Page 13: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  11

an m

hái

rt

An Mháirt: Iarrann ár gCreideamh Orainn FoghlaimDon Mhúinteoir: Iarrtar orainn foghlaim … Mar gheall ar phearsa Íosa Mar gheall ar an gCreideamh Conas maireachtáil i gCreideamh

Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2: Labhair leis na paistí mar gheall ar phearsa Íosa. Bhí go leor oibre le déanamh aige. Treoraigh plé agus comhrá na leanaí leis na noda seo leanas, maidir leis an obair a rinne sé. Nuair a bhí sé óg, thug sé cabhair do Naomh Iósaf a bhíodh ag obair mar shiúinéir. Nuair a d’fhás sé aníos d’fhág sé an baile le dul chun obair Dé a chomhlíonadh. Leigheas sé daoine a bhí tinn, thug sé maithiúnas do na daoine a rinne drochghníomhartha, agus rinne sé míorúiltí chomh maith. Ba ghné thábhachtach dá shaol d’Íosa bheith mar theagascóir. Labhair sé le daoine maidir le Dia agus an grá a bhí ag Dia dóibh. Mhúin sé do dhaoine conas saol fiúntach a chaitheamh agus go raibh gá le go léireoidís grá dá chéile. Caith súil ar an obair a rinne Íosa mar theagascóir ag:http://www.biblewise.com/archives/2005/may/kids_korner/bible_characters/bible_characters.htmIarr ar na daltaí an pictiúr ar leathanach 12 a dhathú agus imlíniú a dhéanamh ar na focail ‘Is é Íosa Ár nOide’ faoi. (D’fhéadfadh na Naíonáin Mhóra/Bunscoil 2 na focail ‘Is é Íosa Ár nOide’ a scríobh chomh maith, nó abairtí beaga a scríobh i gcóipleabhar mar gheall ar Íosa mar Oide.)

Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4: Ceann de na rudaí ba mhó a mhúin Íosa dúinn ná conas guí a dhéanamh. Labhair leis na daltaí faoi na paidreacha éagsúla atá ar eolas acu, agus faoi cén uair a bhainimid úsáid as na paidreacha sin. Scríobh amach liosta de na paidreacha atá ar eolas acu, agus de phaidreacha a d’fhoghlaimeoidís amach anseo i mbliana, le haghaidh Lá na Chéad Comaoineach b’fhéidir.Cuir ceist ar na daltaí ciall a bhaint as na teidil mheasctha de na paidreacha ar an leathanach saothair 13. Ar mhaith leis an rang na paidreacha a rá lena chéile nuair a aimsíonn siad an t-ainm i gceart? Iarr ar na daltaí an phaidir is ansa leo, ceann a d’fhoghlaim siad ar scoil nó sa bhaile, agus í a scríobh sa spás ceart.

Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6: Mhúin Íosa iliomad rudaí dúinn. Dúirt sé linn go mbíonn Dia linn i gcónaí, agus go léiríonn sé grá síoraí dúinn. Is eiseamláir é Íosa den bhealach cóir agus ceart le saol a chaitheamh. Chaith seisean a shaol ar son an ghrá agus ar son na beatha.Ceistigh na daltaí maidir leis an tuiscint atá acu faoi phearsa Íosa. Breac síos na freagraí a bhíonn acu mar liosta nó mar léaráid (duine cneasta a bhí in Íosa, duine grámhar, duine cabhrach, comhbhách agus araile)Tá go leor samplaí ag baint le saol Íosa a thabharfadh leid dúinn faoin sórt duine a bhí ann. D’inis Íosa scéalta nó parabail chomh maith, agus teachtaireachtaí iontu ag teagasc dúinn conas saol Críostaí a chaitheamh. Iarr ar na leanaí cuid de na scéalta a chuala siad faoi shaol Íosa a thabhairt chun cuimhne, nó na scéalta a d’inis sé a thug léargas dúinn ar an mbealach ceart lenár saol a chaitheamh. Bain úsáid as na samplaí seo leis na habairtí ar leathanach 14 a chríochnú.

Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé: Tá cuid scéalta le léamh ag: http://www.jesusandkidz.com/ agus ag http://kids.christiansunite.com/biblestories_jesus.shtml Is minic nach mbíonn sé éasca ghníomhú mar a rinne Íosa. Tugaimid aghaidh uaireanta ar ócáidí agus ar chúinsí dheacra, agus caithimid roghanna a dhéanamh maidir leis an rud atá ceart le déanamh. Déanadh an rang na cúinsí sin ar leathanach 15 a phlé lena chéile nó i ngrúpaí beaga agus déan amach cad é an beart ceart le cur i ngníomh, de réir mar a dhéanfadh Íosa é.

Page 14: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

12  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

an mh

áirt

Iarrann ár gCreideamh Orainn Foghlaim: Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2

Jesus is our Teacher

Page 15: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  13

an m

hái

rt

ine. dir na Pai Maid _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ .

air. Ár nAth _ _ _ _ _ _ _ _ _ .

a Mhuire. Sé atha do Bhe _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ , _ _ _ _ _ _ _ .

óir. Ghl An _ _ _ _ _ _ _ _ .

che. hOí Na Guí _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ .

tú mh Bhia. Roi Al _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ .

Iarrann ár gCreideamh Orainn Foghlaim: Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4

Múineann Íosa dúinn conas guí a dhéanamhDéan ciall as na paidreacha measctha seo

An Phaidir is Ansa Liom______________________________________________________________

______________________________________________________________

______________________________________________________________

______________________________________________________________

______________________________________________________________

______________________________________________________________

______________________________________________________________

Page 16: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

14  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

an mh

áirt

Iarrann ár gCreideamh Orainn Foghlaim: Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6Is é Íosa an Máistir!Foghlaimímid óna shaol agus óna shaothar

Bain úsáid as samplaí ó shaol Íosa leis na habairtí seo a chríochnú

Bíonn Íosa cineálta nuair: ___________________________________________

___________________________________________

___________________________________________

Tugann Íosa aire nuair: ___________________________________________

___________________________________________

___________________________________________

Maitheann Íosa nuair: ___________________________________________

___________________________________________

___________________________________________

Bíonn Íosa grámhar nuair: ___________________________________________

___________________________________________

___________________________________________

Bíonn Íosa cabhrach nuair: ___________________________________________

___________________________________________

___________________________________________

Féach saol Íosa, sin a lorgaíonn sé uainne chomh maith!

Page 17: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  15

an m

hái

rt

Iarrann ár gCreideamh Orainn Foghlaim: Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé

Foghlaimímid faoin gCreideamh … mairimid i gCreideamh

Déan na ceisteanna seo a phlé leis an rang nó i ngrúpaí beaga

Cad a dhéanfadh Íosa?

1. Insíonn do chara bréag duit. Bíonn tú feargach agus gortaithe.

2. Tugann tú faoi deara go bhfuil buachaill nó cailín gan cara ar bith sa chlós imeartha.

3. Tá bosca peann luaidhe daite úrnua agat. Níl ceann ar bith ag Emma ó do rang, agus dháil an múinteoir pictiúr le dathú ar chách.

4. Phléasc an tsip ar a mhála scoile nuair a bhí dalta áirithe ar an mbealach isteach ar scoil. Tá a chuid leabhar agus a chuid pinn scaipthe ar fud na háite.

5. Tá Mam an-ghnóthach sa bhaile, an dinnéar á ullmhú aici agus an teach á ghlanadh aici ag an am céanna.

6. Bíonn tú ag breathnú ar an teilifís i dteach Mhamó, agus ní féidir léi a cuid spéaclaí a aimsiú. Tá a fhios aici go maith go bhfuil siad thart in áit éigin.

7. Tugann tú éan faoi deara sa ghairdín, nach féidir leis eitilt de bharr sciathán gonta.

Page 18: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

16  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

anch

éadaoin

An Chéadaoin: Iarrann ár gCreideamh Orainn Roinnt lena ChéileAn Méid a Thuigimid An Méid atá Ionainn An Méid atá Againn

Don Mhúinteoir: Inniu ‘Lá na Seantuismitheoirí’ agus beidh go leor scoileanna ag déanamh ceiliúradh as na sochair a bhaineann na páistí, an teaghlach, agus an pobal i gcoitinne as na Seantuismitheoirí a chónaíonn ina measc. Tá Searmanas Urnaí ar fáil ag www.catholicschools.ie a chabhróidh le scoileanna ceiliúradh ar bhealach cráifeach a dhéanamh leis na Seantuismitheoirí a thiocfaidh ar scoil chucu.

Tá gníomhaíochtaí anseo thíos a chabhróidh leis na daltaí sna ranganna éagsúla bheith ag machnamh ar an mbealach ina n-iarrann ár gCreideamh orainn an méid atá ar eolas againn, an méid atá ionainn, an méid atá againn, a roinnt lenár gcairde, lenár muintir féin, leis an bpobal ina mairimid, leosan ar domhan a bheadh uireasach. Baisteadh mar chlann an tsolais sinn agus tugtar cuireadh dúinn an solas sin a roinnt ar domhan. Mar lucht an chreidimh iarrtar orainn a thuiscint go dtagann gach a bhfuil againn mar bhronntanas ó Dhia, le roinnt ar gach aon duine a bhuaileann linn. Uaireanta baintear úsáid as an bhfocal ‘Misean’ le míniú a thabhairt ar an mbealach ina roinnimid ar chách.

Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2: Inis an scéal faoi Íosa agus na bollóga agus na héisc leis na ranganna (Eoin 6:1-15). Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar fhíseán YouTube a insíonn an scéal seo:http://www.youtube.com/watch?v=vKW-iuwhY3wSa scéal seo tugann gasúr cabhair d’Íosa cúig mhíle duine a chothú, trí chúig bhollóg agus dhá iasc a roinnt eatarthu. Cabhraíonn flaithiúlacht an ghasúir leis na daoine tuiscint bheith acu faoi Íosa, agus dá bharr san is féidir leo dul ar aghaidh agus scéal Íosa agus an tslí mhaireachtála a lorgaíonn sé uainn a rá le daoine eile. Cabhróidh an obair ar leathanach 17, an dathú agus an comhaireamh leis an smaoineamh seo a bhuanú sna páistí.

Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4: Labhair leis na daltaí mar gheall ar an mBaisteadh. Cuir i gcuimhne dóibh go ndearnadh cairde ar leith le hÍosa astu leis an mBaisteadh.Taispeáin coinneal bhaiste dóibh, agus abair leo gur las a dtuismitheoirí siúd coinneal mar sin ar an lá a baisteadh iad. Is comhartha é seo gur bronnadh solas Íosa orthu. Caithfidh gach duine acu an solas seo ón mBaisteadh a scaipeadh trí é a roinnt in aghaidh an lae. Cuir ceist ar na leanaí ainm a scríobh ar an gcoinneal ar leathanach 18, agus machnamh a dhéanamh ar na bealaí ina bhféadfaidís solas Íosa a roinnt.

Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6: Labhair leis na daltaí mar gheall ar an mbriathar ‘Misean’. Cén bhrí a bhaineann siad as? Ar tugadh misean ar leith do dhuine ar bith acu? Faighimid misean speisialta ó Dhia an dea-scéala go ngránn Íosa sinn, agus go n-iarrann sé orainne an grá céanna a léiriú do chách, a scaipeadh i measc an phobail. Roinnimid an grá ar bhealaí éagsúla sa bhaile, ar scoil agus i measc an phobail. Labhair leis na daltaí faoi conas is féidir leo an soiscéal a roinnt. Iarr orthu an obair ar leathanach a 19 a dhéanamh obair a thaispeánann conas is féidir a leithéid a dhéanamh sa bhaile, ar scoil agus i measc an phobail.

Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé: Bhí lucht leanúna fairsing ag Íosa, daoine a thug éisteacht dó, a chreid ann, a bhí ag iarraidh maireachtáil cosúil leis. Deisceabail a bhí iontu, bhreathnaigh siad ar Íosa mar raibí nó mar theagascóir, agus d’fhoghlaim siad uaidh. Bhí dáréag cara chomh maith aige, daoine a roghnaigh sé ó na deisceabail agus ó na cairde ab’fhearr a bhí aige. Tugadh ‘Aspail’ ina dhiaidh sin orthu. Ciallaíonn ‘Aspal’ ‘duine a seoladh amach’. Ba mhaith le hÍosa go scaipfeadh na hAspail amach ar fud an domhain agus an teachtaireacht maidir le grá Dé dúinn a roinnt leis an uile chine. Is é seo díreach an rud a rinne na hAspail tar éis bháis agus aiséirí Íosa. Bhí aspail eile ann ar nós Naomh Pól, daoine a chaith a saol ag iarraidh an soiscéal a scaipeadh. Nuair a baisteadh sinn, rinneadh baill de lucht leanúna Íosa dínn, agus ar nós na nAspal, iarrtar orainn an soiscéal a roinnt. Bíodh comhrá mar gheall ar na hAspail agat leis na daltaí. Féach cé mhéad díobh a d’éireodh leo a ainmniú.Roinn i mbuíonta beaga iad agus iarr orthu taighde a dhéanamh mar gheall ar na hAspail, agus ar Naomh Pól chomh maith. Is foinse mhaith eolais don obair seo an suíomh www.catholic.org. Nuair a bhíonn an taighde seo déanta acu, tabhair cuireadh dóibh na torthaí a chur i láthair an ranga. Bain úsáid as an ngníomhaíocht ar leathanach 20 chun an tasc seo a thosú.

Page 19: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  17

anch

éada

oin

Iarrann ár gCreideamh Orainn Roinnt lena Chéile: Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2

An Cuimhin Leat?Cá mhéad bollóg?

Cá mhéad iasc?

Page 20: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

18  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

anch

éadaoin

Iarrann ár gCreideamh Orainn Roinnt lena Chéile: Ranganna a hAon is a Dó/Bunscoil 3 agus 4

Roinnim Solas Íosa trí bheith

Roinnim Solas Íosa trí bheith

Roinnim Solas Íosa trí bheith

Page 21: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  19

anch

éada

oin

Iarrann ár gCreideamh Orainn Roinnt lena Chéile: Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6

Tá Misean agam an Soiscéal a Roinnt …

Sa Bhaile

Ar Scoil

I Measc

an Phobail

Page 22: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

20  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

anch

éadaoin

Iarrann ár gCreideamh Orainn Roinnt lena Chéile: Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé

Déan ciall as na focail thíos le hainmneacha na ndeisceabal a aimsiú

Tá trí chur síos sa Bhíobla maidir le roghnú an dáréag aspal. Léigh iad agus ansin freagair na ceisteanna.

Matha 10:2-4Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agusAindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, Pilib agus Parthalán,Tomás agus Matha poibleacánach, Séamas mac Ailfáias agus Tadáias, SíomónDíograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é.

Marcas 3:14-19Agus cheap sé dháréag mar chompánaigh aige féin agus chun go gcuirfeadhsé uaidh iad ag seanmóir, agus údarás acu chun na deamhain a chaitheamh amach.Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm, Séamas mac Zeibidé agusEoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní, Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón anCananáiach, agus Iúdás Isceiriót an fear a bhraith é.

Lúcás 6:13-16Agus nuair a bhí ina lá, ghoir sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail: Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán, Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaoitear an díograiseach, Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Isceiriót a d’iompaigh ina bhrathadóir.

1. Cén dara ainm a bhí ar Shíomón? _____________________________________________

2. Cérbh é mac Alfáias? _______________________________________________________

3. Cad a d’iarr Íosa ar na deisceabail? ____________________________________________

4. Cén t-ainm a bhí ar athair Shéamais agus Eoin? __________________________________

5. Cén ainm eile a thug Íosa ar Shéamas agus Eoin agus cén bhrí a bhí leis? ____________

6. Cérbh é deartháir Pheadair? __________________________________________________

7. Cé mhéad bailitheoir cánach a bhí ina measc? Ainmnigh iad. ______________________

8. Cé a rinne Íosa a bhraith? ____________________________________________________

9. Conas a chuirtear síos ar Shíomón? ____________________________________________

10. Cad is brí le ‘díograiseach’? __________________________________________________

Page 23: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  21

and

éard

aoin

An Déardaoin: Iarrann ár gCreideamh Orainn Ceiliúradh a DhéanamhDon Mhúinteoir: Déanaimid iniúchadh inniu ar na bealaí éagsúla ina nglaoitear orainn an Creideamh a cheiliúradh mar bhaill den phobal Críostaí.

Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2: Cuir i gcuimhne do na leanaí go bhfuil grá thar na bearta ag Dia dúinn. Bronnann Dia buanna orainn ar fad, buanna a chiallaíonn gur duine uathúil gach duine againn.Labhair le Dia faoi na buanna a bhronn Dia orthu. Can an t-amhrán ‘I Am Special’ (Beo go Deo, leathanach 76). Déan na bealaí ina ndéanaimid ceiliúradh air nuair a éiríonn go maith le duine sa rang. An mbuailimid bosa, ‘Maith Thú’ a rá? Lig dóibh an obair ar leathanach 22 a dhéanamh, obair a chabhróidh leo ábhar ceiliúrtha a aimsiú a bhainfeadh leo féin nó lena gcairde. Nuair a bhíonn an obair seo comhlánaithe ag cách, agus an pictiúr daite acu, iarr orthu cur síos a dhéanamh leis an rang maidir leis na buanna atá acu féin, agus spreag an rang le ceiliúradh a dhéanamh leo agus leis an méid a deir siad. Cuir deireadh leis an imeacht seo agus sibh ag rá an phaidir: ‘Gabhaimid buíochas leat a Dhia as na buanna uile a bhronn tú orainn. Áiméan.’

Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4: Bí ag caint leis na páistí faoin mbealach ina mbímid ag ceiliúradh an chreidimh san Aifreann, nuair a bhailímid le chéile sa séipéal. Meabhraigh an scéal, ‘An Suipéar Déanach’ dóibh, nuair a d’iarr Íosa ar na deisceabail: ‘Déanaigí é seo mar chuimhne orm.’ Mar sin, gach uair a théimid ar Aifreann bíonn ceiliúradh á dhéanamh againn ar a ndearna Íosa ag an Suipéar Déanach, agus ag freagairt don chuireadh ‘Déanaigí é seo mar chuimhne orm.’ Bain úsáid as an obair ar leathanach 23 leis an gceacht seo a dhaingniú.

Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6: Cuir an focal ceiliúradh ar an gclár agus ransaigh na bríonna a thugann na leanaí ón fhocal. Cad iad na rudaí a bhíonn á cheiliúradh againn? Scríobh trí liosta díobh:

Sa Bhaile Ar Scoil Sa Séipéal

Ansin críochnaigh an obair atá le déanamh ar leathanach 24.

Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé: Déanaimid ár gCreideamh a cheiliúradh ar iliomad bealaí. Cabhraíonn an Eaglais linn a leithéid a dhéanamh i rith na bliana le Laethanta Naofa, Féilte na Naomh, Laethanta Féile agus ar an Domhnach. Roinntear bliain na hEaglaise nó an Bhliain Liotúirgeach i séasúir áirithe. Ar leathanach 25 luaitear bealaí le cabhrú leis na daoine óga dathanna agus séasúir na Bliana Liotúirgeach a thuiscint. Bain úsáid as an obair ar leathanach 26 maidir le tuiscint na leanaí faoi dhathanna agus faoi shéasúir na Bliana Liotúirgeach a dhaingniú.

ce�iúradh

Page 24: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

22  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

andéardao

in

Iarrann ár gCreideamh Orainn Ceiliúradh a Dhéanamh: Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2

Is mise . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

Duine ar leith mé toisc . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

An cara is ansa liom ná . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

Is cara ar leith . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .

Page 25: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  23

and

éard

aoin

Arsa Íosa linn: _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ .

Ag an Aifreann _________ muid le Briathar _________.

_________ le hÍosa, Arán na _________.

_________ amach sinn chun maireachtáil mar a rinne Íosa.

Banc Focal

Roinnimid éisteann Cuirtear Beatha Dé

Banc Focal

seo orm. é Déanaigí chuimhne mar

Iarrann ár gCreideamh Orainn Ceiliúradh a Dhéanamh: Ranganna a hAon is a Dó/Bunscoil 3 agus 4

Bain úsáid as na bainc focal thíos chun na spásanna a líonadh

Page 26: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

24  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

andéardao

in

Déanaim Ceiliúradh ar Leith

Iarrann ár gCreideamh orainn Ceiliúradh a Dhéanamh: Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6

Glac Sos Chun Guí Cheiliúrtha a DhéanamhDún na súile agus suigh go compordach ar an gcathaoir, tabhair faoi deara d’anáil ag teacht is ag imeacht agus bíodh tuiscint agat gur am ar leith atá anseo bheith i dteagmháil le do chara Íosa, in áit shábháilte, i dteannta an mhúinteora, i measc do chairde féin ar scoil.

Tabhair chun cuimhne ceiliúradh lena raibh baint agat le déanaí. Cá raibh tú? Cad a bhí á cheiliúradh? Cé hiad na daoine a bhí i láthair? Cad a rinne sibh mar cheiliúradh? Bí ag smaoineamh ar na daoine eile a bhí i láthair. Conas mar a mhothaigh siad san? An cuimhin leat rud ar bith eile ón gceiliúradh?

Anois, i gciúnas an chroí istigh, bí ag machnamh ar na daoine speisialta eile a bhí i láthair. Smaoinigh ar an tábhacht a bhaineann leo, cé chomh mór agus atá siad leat féin, le do mhuintir agus le do chairde.

I d’fhocail féin, agus faoi choimirce Íosa a bhíonn taobh linn i gcónaí, iarr air aire a thabhairt do na daoine seo a bhfuil tábhacht acu i do shaol, agus go ndéanfadh sé cúram ar leith díobh. Gabh buíochas leis as na daoine seo a threorú isteach i do shaol, agus go gcabhraíonn siad leat ceiliúradh a dhéanamh ar ócáidí speisialta i do shaol. Anois i gciúnas an chroí istigh deirimid paidir áirithe a rá le Muire, máthair Íosa. Rinne sí ceiliúradh nuair a rugadh Íosa sa stábla, agus rinne sí comóradh go minic chomh maith le hÍosa ar na míorúiltí éagsúla a d’oibrigh sé ar dhaoine: Sé do Bheatha a Mhuire …

Nuair a bhíonn an ghuí seo déanta ag na daltaí tabhair cuireadh dóibh giota a scríobh mar gheall ar an gceiliúradh sin a ndearna siad machnamh air níos luaithe. Is féidir na scéalta seo a chur i láthair an ranga nó d’fhéadfaí iad a chur ar taispeáint in áit ar scoil a bheadh oscailte do chách, le go mbeadh daoine eile páirteach sa cheiliúradh áirithe seo chomh maith.

Page 27: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  25

and

éard

aoin

Iarrann ár gCreideamh orainn Ceiliúradh a Dhéanamh: Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé

Fíorais mar Gheall ar an mBliain Liotúirgeach• Cuirtear tús le bliain úr na hEaglaise ar an gcéad Domhnach den Aidbhint agus críochnaíonn sí ar Fhéile

Chríost Rí. • Baineann séasúir éagsúla le bliain na hEaglaise, díreach mar a bhaineann leis an mbliain fhéilire.• Tuigimid cén séasúr atá ann ó dhathanna éagsúla na héide a chaitheann an sagart le linn an Aifrinn.

I rith na hAidbhinte caitear éide atá corcra, an dath ríoga. Meabhraíonn sé seo dúinn go bhfuilimid ag súil le fáilte a chur roimh theacht Chríost,

an Rí. Caitear an dath céanna i rith an Charghais.

Caitear éide bhán nó órga i rith shéasúir na Nollag agus na Cásca, amanna

lúcháir i saol na hEaglaise. Caitear na dathanna céanna ar laethanta féile Ár dTiarna, Baisteadh Íosa mar shampla, agus ar fhéilte Mhuire, ar nós Fhéile Muire gan Smál, cé go

ndéantar an lá seo a cheiliúradh in Aidbhint.

In Am Saor caitheann an sagart éide atá glas. Is siombail den bheatha agus den dóchas é an

dath glas. Caitear dath na fola, dearg, ar Dhomhnach na Pailme

agus ar Aoine an Chéasta, nuair a bhíonn Páis Íosa á cheiliúradh againn. Dath na tine é an dearg chomh maith, rud a

chuireann an Naomhspiorad i gcuimhne dúinn. Is dá bharr

san a gcaitear éide dhearg ar Dhomhnach Cincíse, agus nuair a bhronntar Sacraimint an Chóineartaithe.

Page 28: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

26  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

andéardao

in

Tugtar an Bhliain Liotúirgeach ar bhliain na hEaglaiseBíonn trí bhliain liotúirgeach ann, A, B agus C. I rith gach aon bhliain acu cloisimid scéal Íosa, a bhreith, a shaol, a bhás, agus a Aiséirí, agus an scéal á insint óna dhearcadh féin ag scríbhneoirí éagsúla na Soiscéal. Sa bhliain A is é Soiscéal Mhatha is mó a úsáidtear, sa bhliain B tagann na léachtaí ó Mharcas agus i mbliain C tógtar ó Lúcás iad. Bíonn soiscéal Eoin le cloisteáil i ngach aon cheann den trí bhliain seo, um Cháisc is mó.In Aidbhint na bliana seo beidh tús á chur againn le Bliain A.

Dathanna na Bliana LiotúirgeachCuir dath ar an éide a chaithfidh an sagart ar an gcéad Domhnach d’Aidbhint, agus ar Dhomhnach Cincíse

Tarlaíonn lá fhéile Naomh Tomás Acain ar an 28 Eanáir. Cén dath éide a chaithfidh an sagart ar an lá sin?

Cén dath éide a chaithfidh an sagart ar an gCéad Domhnach den Charghas?

Tarlaíonn Féile Muire Gan Smál ar an 8 Nollaig. Cén dath éide a chaithfidh an sagart ar an lá sin?

Ar an 13 Nollaig beimid ag ceiliúradh Lá Fhéile Naomh Laoiseach mairtíreach. Cén dath a chaithfidh an sagart ar an lá sin?

Cén dath éide a chaithfidh an sagart ar Dhomhnach na Cásca?

Page 29: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  27

anao

ine

An Aoine: Iarrann ár gCreideamh Orainn Freastal ar DhaoineDon Mhúinteoir: Ón uair a toghadh é, bíonn An Pápa Proinsias ag caint go rialta gur gá go mbeadh na Críostaithe ag freastal ar a chéile. Threisigh sé leis an teachtaireacht seo nuair a bhris sé nós ar Déardaoin an Chéasta, agus go ndearna sé ionladh na gcos ag príosún na hóige sa Róimh, in ionad a leithéid a dhéanamh ag Baisleac Pheadair. Thug an Pápa le fios go soiléir go bhfuil nasc ann idir an Creideamh agus an freastal, má theastaíonn uainn treoir Íosa a leanúint agus grá a léiriú dá chéile. Tá Seachtain na Scoileanna Caitliceacha ag druidim chun deiridh, agus is tráthúil an rud é gach aon bhall de phobal na scoile – tuismitheoirí, mic léinn, múinteoirí agus gach ball foirne eile – a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar an fhreagairt a thabharfaidís ar Nua-Aithne Íosa agus ‘ionladh na gcos’ a dhéanamh ina saol féin. Is féidir úsáid a bhaint as na nótaí ranga agus na hAcmhainní a leanann iad chun na smaointe seo a dhaingniú.

Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2: Bí ag caint leis na daltaí mar gheall ar na daoine sin a thugann aire dóibh – sa bhaile, ar scoil agus i measc an phobail. Canaigí an t-amhrán ‘They Care for Me’ (Beo go Deo 2, leathanach. 82) nó abair an dán ‘Caring’ (Beo go Deo 2, leathanach. 80). Cuir ceist orthu ansin an ndéanann siad féin cúram de dhuine nó de rud ar bith. Bain úsáid as na pictiúir thíos mar chabhair daoibh. Mínigh do na leanaí go mbíonn grá Dé á roinnt ar a chéile againn nuair a thugaimid aire do dhuine éigin, nó do rud éigin. Tabhair cuireadh do na páistí na pictiúir ar leathanach 28 a dhathú, pictiúr díobh féin ag cabhrú tabhairt aire do dhuine nó do rud áirithe a chur leo. Cuir deireadh le cúrsaí leis an Searmanas Urnaí ar na leathanaigh 98–99 i lámhleabhar an Oide: Beo go Deo 2.

Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4: Can an t-amhrán ‘Déanaigí é Seo’ (Beo go Deo 4, leathanaigh. 393–394). Tabhair aire do na focail i véarsa a dó a deir linn gur gá síocháin agus glóir Dé a scaipeadh i measc an phobail. Cuir ceist ar na leanaí faoi bhrí na bhfocal sin,agus déan ransú ar na bealaí ina roinneann siad grá Dé leis an saol. Cuir liosta de na tuairimí ar an gclár, agus scaip cóipeanna de leathanach 29 ina measc. Tá áit ar an leathanach seo le cur síos a dhéanamh ar bhealach inar féidir leo féin grá Dé a roinnt leis an saol in aghaidh an lae, idir chríoch Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha agus tús an tsosa lárthéarmaigh. Tugtar roinnt leideanna faoina leithéid.

Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6: Léigh an scéal mar gheall ar Naomh Proinsias agus an chaora (Beo go Deo 6, lth. 54–5). Bígí ag caint faoin mbealach inar thug Proinsias aire do na caoirigh agus do na huain sa scéal seo. Cuir ceist ar na leanaí an bhfuil peataí acu féin, nó an dtugann siad aire d’ainmhithe. Leathnaigh an plé amach chun díospóireacht a dhéanamh ar an mbealach ina n-iarrann Dia orainne aire a thabhairt don domhan agus a bhfuil ann. Taispeáin an bláth ar leathanach 30 dóibh. Roinn na mic léinn i ngrúpaí de thriúr nó de cheathrar agus bíodh gach aon ghrúpa acu ag smaoineamh ar shé bhealach éagsúla ina bhféadfaidís aire don domhan a léiriú. Is féidir na bealaí seo a scríobh ar pheitil an bhlátha. Sa bhosca faoin mbláth iarr ar na páistí paidir dá gcuid féin a chumadh agus a scríobh, paidir a lorgaíonn cabhair Dé dúinn aire a thabhairt don domhan. Cuir na bláthanna ar taispeáint sa rang nó i halla na scoile, agus cuir teideal leo: ‘Iarrann ár gCreideamh orainn Freastal ar Ríocht Dé ar Talamh’.

Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé: Léigh an scéal maidir leis an Suipéar Déanach ó shoiscéal Eoin, an scéal a thugtar ar leathanach 31. Bí ag caint leis na páistí maidir leis an gcleachtadh ‘ionladh na gcos’ a cuireadh i bhfeidhm in aimsir Íosa. Tasc suarach a bhí ann, rud a d’fhágadh faoi na seirbhísigh. Bí ag caint leis na mic léinn faoin bhfáth nach raibh Peadar sásta go nífeadh Íosa a chuid cosa, agus faoin bhfáth le gur chuir Íosa iallach air glacadh leis an ní. Dírigh ar an treoir a thug Íosa go nífeadh na haspail cosa a chéile. An raibh bunbhrí le baint acu as an ordú, nó an bhfuil bealach eile ann chun ‘ionladh na gcos’ a dhéanamh? Roinn na daltaí ina mbeirteanna, agus iarr ar gach aon bheirt saol agus saothar na ndaoine atá luaite ar leathanach 31 agus 32 a mheas. Is féidir taighde bhreise a dhéanamh ar an idirlíon mar gheall orthu. Cuir an cheist seo leanas orthu ansin: ‘Conas mar a leanann an duine seo dea-shampla Íosa faoi bheith ag freastal ar dhaoine eile ?’ Tabhair cuireadh do na leanaí machnamh a dhéanamh ar na bealaí ina bhféadfaidís féin dea-shampla Íosa a leanúint, agus dea-shampla na ndaoine ar leathanaigh 31 agus 32 a leanúint ina saol féin.

Page 30: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

28  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

anao

ine

Iarrann ár gCreideamh Orainn Freastal ar Dhaoine: Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra/Bunscoil 1 agus 2

Is féidir liom grá Dé a roinnt ar dhaoine eile nuair …

Page 31: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  29

anao

ine

Iarrann ár gCreideamh Orainn Freastal ar Dhaoine: Ranganna a hAon agus a Dó/Bunscoil 3 agus 4

Is féidir liom grá Dé a roinnt ar dhaoine eile …

An Luan3 Feabhra

An Mháirt4 Feabhra

An Chéadaoin5 Feabhra

An Déardaoin6 Feabhra

An Aoine7 Feabhra

An Satharn8 Feabhra

An Domhnach9 Feabhra

Beidh mé buíoch de gach duine a

chabhraíonn liom inniu. ‘Go raibh

maith agat!’

Déarfaidh mé an tAltú

Roimh Bhia ag

am dinnéir inniu

An Luan10 Feabhra

An Mháirt11 Feabhra

An Chéadaoin12 Feabhra

An Déardaoin13 Feabhra

An Aoine14 Feabhra

Leagfaidh mé bia do na héin sa ghairdín

Go raibh maith agat!

Page 32: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

30  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

anao

ine

Iarrann ár gCreideamh Orainn Freastal ar Dhaoine: Ranganna a Trí agus a Ceathair/Bunscoil 5 agus 6

Is féidir linn freastal ar phobal Dé …

A Dhia Ghrámhar,

Áiméan

Page 33: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Acmhainní Bunscoile  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  31

anao

ine

Iarrann ár gCreideamh Orainn Freastal ar Dhaoine: Rang a Cúig/Bunscoil 7 agus Rang a Sé

Soiscéal Naofa Íosa Críost de réir Eoin (13:1, 4-9, 12-15): Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an t-athair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta. D’éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim. Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: “Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!” D’fhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.” Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!”D’fhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.” Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!” Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh? Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin. Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna.”

Conas mar a dhéanann na daoine seo leanas dea-shampla Íosa a leanúint agus freastal ar dhaoine eile?

An Pápa Proinsias: Rugadh Jorge Mario Bergoglio san Airgintín sa bhliain 1936. Agus é in aois dhá bhliain agus fiche dó, rinne sé cinneadh dul le sagartacht. Nuair a oirníodh é, thosaigh sé ag obair mar mhúinteoir, chomh maith le bheith ina shagart i bparóiste. Sa bhliain 1992, shocraigh an Pápa Beannaithe Eoin Pól II go ndéanfaí easpag den Athair Bergoglio, agus ceapadh mar easpag cúnta é ar Buenos Aires. Sa bhliain 2001, bronnadh onóir bhreise air nuair a rinneadh cairdinéal de, ceann de na poist ba mhó san Eaglais. D’iarr an tArdeaspag Bergoglio ar mhuintir na hAirgintíne gan teacht chun na Róimhe leis an gceapachán mar chairdinéal a cheiliúradh, ach

an t-airgead a bheadh á chaitheamh acu ar an turas a bhronnadh ar na boicht. Cé gur duine mór le rá a bhí i gCairdinéal Bergoglio, chaith sé a shaol go simplí i mBuenos Aires agus bhí cion an domhain ag an bpobal air. Thaisteal sé ar an iarnród faoi thalamh agus ar an mbus, in ionad carr agus tiománaí bheith aige. Chónaigh sé in árasán in ionad dul chuig teach an Ardeaspaig, agus d’ullmhaigh sé a chuid béilí féin in ionad cócaire a fhostú. I Márta na bliana 2013 toghadh mar Phápa é. Roghnaigh sé an t-ainm Proinsias in onóir Naomh Proinsias Assisi, duine nach raibh maoin an tsaoil ar bith aige, agus duine a rinne freastal ar na boicht agus ar na heasláin. Ba mhaith leis an bPápa Proinsias go mbeadh eaglais a bhí bocht inti féin ann, eaglais a d’fheidhmigh ar son na mbocht.

©Mazur/www.catholicnews.org.uk

Page 34: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

32  |  An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus Foghlama  |  Acmhainní Bunscoile

anao

ine

An tSiúr Stanislaus Kennedy: Is ball í an tSiúr Stanislaus, nó an tSiúr Stan mar a thugtar uirthi, den chuallacht ‘Siúracha na Carthanachta.’ Bhunaigh Mary Aikenhead Siúracha na Carthanachta sa bhliain 1815. Ba Chorcaíoch í Mary Aikenhead, duine a ghlac an misean chuici bheith ag obair leis na boicht, agus ar a son chomh maith. Agus í ina hóige, thug an tSiúr Stan faoi deara go raibh bearna ollmhór idir lucht an rachmais agus na bochtáin. In aois ocht mbliana déag di rinne sí cinneadh aithris a dhéanamh ar shaol Mary Aikenhead, agus dul ag obair ar son na mbocht, i mbailte agus i gcathracha na hÉireann. Tháinig sí chun cónaithe i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí agus thug sí faoin fhadhb ba mhó a bhí ann ag an am, a bhain le daoine gan dídean. Sa bhliain 1985, bhunaigh

an tSiúr Stan ‘Focus Point’ a dtugtar ‘Focus Ireland’, air anois, an eagraíocht dheonach is mó a chabhraíonn le daoine dídean a lorg, a thógáil agus a chothabháil. Sa bhliain 2001, bhunaigh an tSiúr Stan dhá thionscnamh eile, an Chomhairle um Inimircigh na hÉireann (ICI), a bhíonn ag obair ar son cearta na n-inimirceach, agus Tionscadal na Nuálaithe Sóisialta Óga (YSI), a chuireann deiseanna ar fáil do dhaoine óga bheith páirteach i gceisteanna sóisialta ar nós bochtaineacht agus easpa dídine. Bíonn an tSiúr Stan i gcónaí ag iarraidh sochaí chothrom a thógáil.

An Grúpa Gníomhú Sóisialta: Tharla lá gur iarr múinteoir in Iar-bhunscoil ar na mic léinn ón gcúigiú bhliain a bhí faoina chúram aige cén rud a bhí á dhéanamh acu chun grá a léiriú dá gcomharsana. ‘Tabhair deis dúinn rud a dhéanamh agus déanfaimid é,’ arsa duine acu. Jeremiah O’Donoghue a b’ainm don mhúinteoir sin, agus is as an díospóireacht tosaigh sin a d’eascair An Grúpa Gníomhú Sóisialta. Bunaíodh ar an Ráth Mhór i gContae Chiarraí é sa bhliain 1975 agus tá sé ar an saol go fóill. I dtosach báire cuireadh gairm chun cruinnithe ar dhaoine le go bhféadfaidís ullmhúcháin a dhéanamh maidir le glasraí a chur nó le móin a bhaint. Ina dhiaidh sin d’eagraigh An Grúpa Gníomhú Sóisialta cóisir do dhaoine den tríú haois, agus thug siad cuairteanna ar ospidéal síciatrach Naomh

Fionnán i gCill Áirne, áit inar thóg siad cairdeas agus inar leag siad baic, mar a déarfá. Déanann na baill troscadh in aghaidh na Nollag le hairgead a bhailiú a chabhródh leis an dea-obair atá idir lámha sna tíortha i mbéal forbartha. Beagnach daichead bliain ar aghaidh, tá breis agus 1,500 ball nó iarbhall ag an eagras. Tá ceathrú milliúin cruinnithe acu ar mhaithe le tionscadail sa Tríú Domhan.D’oibríodar lena chéile chun seacht dteach agus fiche faoi scáth, agus ionad cúram lae a thógáil do dhaoine den tríú haois. Cuireann siad béilí ar rothaí ar fáil agus seirbhís níocháin ar fáil do dhaoine aosta chomh maith. Tá ionad don chruthaitheacht agus don óige tógtha ag An Grúpa Gníomhú Sóisialta chomh maith, ionad ina bhfuil bialann, giomnáisiam, seomra na gcluichí, halla dioscó, agus cúpla seomra cruinnithe. Is é misean an Ghrúpa Gníomhú Sóisialta ná bheith ag tabhairt uathu gan an costas a chomhaireamh, agus eagras a chur ar fáil don aos óg trína bhféadfaidís dul i bhfeidhm ar an saol áitiúil agus ar an saol domhanda, ar bhealach a chuirfidh feabhas ar chúrsaí do chách.

Page 35: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

Machnamh Críostaí do PháistíLe blianta beaga anuas, tháinig forbairt ar an mhachnamh Chríostaí urnaitheach ar bhealach a chiallaíonn go bhfuil teacht isteach éasca taitneamhach ag na páistí chuige. Is féidir an machnamh a dhéanamh le pobal na scoile ina iomláine, nó le ranganna indibhidiúla. Tá clár píolótach á chur i bhfeidhm ag Christian Meditation Ireland maidir leis an machnamh Críostaí a dhéanamh le páistí le blianta beaga anuas, agus meastar ón aiseolas go mbeidh rath ar an obair seo sna ranganna.

Tá breis eolais ag http://www.christianmeditation.ie/index.php?q=meditation_and_children.

Tá sampla den mhachnamh Críostaí thíos. Cuireadh é seo i bhfeidhm i rang bunscoile in Éirinn.

1. Déan socrú faoin am ab oiriúnaí le machnamh a dhéanamh sa rang. Ó thaobh Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014 de, moltar go roghnófaí am oiriúnach scoile i ndiaidh Machnamh an Lae.

2. Moltar gur ionann aois na ndaltaí i mblianta agus an méid nóiméad a chaitheann siad ag machnamh. Nóta: Tá seans ann go mbeidh sé deacair do na leanaí leanúint leis an machnamh ar feadh thréimhse níos faide ná dhá nó thrí nóiméad nuair a mhínítear dóibh i dtosach báire é. Is féidir cur leis an méid ama a chaitheann siad ag machnamh de réir a chéile.

3. Cuir tús le cúrsaí agus na páistí á chiúnú agat. Iarr orthu suí suas go díreach agus na cosa socair ar talamh acu. Cuiridís na lámha anuas ar na glúine acu, agus bíodh na súile dúnta acu.

4. Abair leis na páistí go bhfuil deis acu leis an urnaí chiúin seo bheith go síochánta i bhfochair Dé. Táimid chun a leithéid a dhéanamh trí ‘mantra’ nó briathar naofa a rá go ciúin os ard i dtosach báire, agus ansin trína rá go hinmheánach inár gceann istigh a fhad is a bhímid ag machnamh. Is é an mantra ná MA-RA-NA-THA (Tar a Thiarna).

5. Iarr ar na páistí sa rang, trí anáil dhomhain a ghlacadh agus abair an mantra go ciúin trí nó ceithre huaire leo. Ansin iarr ar na daltaí leanúint leis an mantra a rá go hinmheánach a fhad is a bhíonn an machnamh á dhéanamh acu.

6. Déan deimhin de go mbíonn an rang ciúin a fhad is a bhíonn an machnamh ag dul ar aghaidh, is cuma má bhíonn gach aon pháiste ag gabháil dó nó nach mbíonn.

7. Nuair a bhíonn an t-am istigh, iarr ar na daltaí na súile a oscailt go mall, agus d’fhéadfá síneadh agus luail na ngéag a dhéanamh leo chomh maith.

Page 36: na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste An Scoil …education.dublindiocese.ie/wp-content/uploads/sites/5/2013/12/CSW... · Bailímid eolas faoin gCreideamh sa bhaile, ar

An Scoil Chaitliceach: Lárionad Creidimh agus FoghlamaAcmhainní le haghaidh Pobal na Bunscoile: Sa Bhaile, Ar Scoil & Sa Pharóiste26 Eanáir–2 Feabhra 2014

D’ullmhaigh Mícheál Kilcrann, Elaine Mahon, Maeve Mahon, Hazel O’Connor agus an tAthair John Paul Sheridan an pacáiste acmhainní seo i gcomhar le Coiste Stiúrtha Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha 2014.

Is iad baill an Choiste Stiúrtha ná:Jim Cassin; Colette Dower; Martin Delaney; Brenda Drumm; Michael Drumm; Bríd Dunne; Paul Farren; Sean Goan; Maura Hyland; Ferdia Kelly; Martin Long; Elaine Mahon; Maeve Mahon; Anna Maloney; Tony McCann; Michael Redmond; Maria Spring; Eithne Woulfe.