msc i ngnó & i dteicneolaíocht an eolais

8
Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dublin City University

Upload: fiontar-dcu

Post on 20-Feb-2017

102 views

Category:

Education


5 download

TRANSCRIPT

Page 1: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

MSc i nGnó agusi dTeicneolaíocht an Eolais

Ollscoil Chathair Bhaile Átha CliathDublin City University

Page 2: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

FáilteScoil idirdhisciplíneach is ea Fiontar atá lonnaithe in DCU agus atá aitheanta go hidirnáisiúnta as caighdeán na gclár a sholáthraítear inti agus as nuálacht an teagaisc, an taighde agus an tsaothair atá ar bun ag an bhfoireann acadúil agus ag foireann na dtionscadal digiteach. Tá céimeanna Fiontar deartha i dtreo is go dtreiseofar scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe, agus le go gcuirfear lena bhforás leanúnach gairmiúil.

2

Page 3: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

Aidhm an Chláir

Is é aidhm an chláir seo ná oiliúint i réimsí an ghnó, na bainistíochta agus teicneolaíocht an eolais a chur ar chéimithe le gur féidir leo tabhairt faoi phoist bhainistíochta agus forbartha san earnáil phríobháideach nó phoiblí, an t-oideachas san áireamh.

Struchtúr an Chláir

Is clár páirtaimseartha é a mhaireann thar dhá bhliain agus atá ag Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Bíonn léachtaí ar siúl ar dheich Satharn sa bhliain acadúil i mBliain 1 agus dhá Shatharn déag i mBliain 2. Tá dhá sheimeastar i ngach bliain acadúil – ó dheireadh Mheán Fómhair go dtí an Nollaig agus ó thus Feabhra go deireadh mhí Aibreáin. Chomh maith leis seo, cuirtear tacaíocht foghlama ar fáil trí chóras foghlama ar líne agus trí theagmháil ríomhphoist idir léachtóirí agus mic léinn. Cuirtear béim ar mheasúnachtaí leanúnacha, rud a chiallaíonn nach gá do mhic léinn scrúduithe a dhéanamh.

Tá an deis ag mic léinn Dioplóma i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais a bhaint amach má éiríonn leo sna modúil mhúinte agus má roghnaíonn siad gan an tráchtas a dhéanamh i mBliain 2.

Modúil a Mhúintear ar an gClár• Bainistíocht Acmhainní Daonna• Bainistíocht Tionscadal• Bunachair Sonraí agus Bainistiú

Acmhainní Digiteacha• Margaíocht• Modhanna Taighde• Bainistíocht Straitéiseach• Airgeadas agus Scairbhileoga• Líonraí agus Forbairt Gnó• Na hIlmheáin• Ceannaireacht• Ríomhthráchtáil agus

Feidhmiúcháin Idirlín • Tráchtas

“I ndiaidh dom bunchéim a bhaint amach i dteangacha, bhí sé mar sprioc agam obair san earnáil ghnó ach gan taithí ar bith agam ar a leithéid. Ba dheis iontach an MSc le tusicint a fháil ar réimse leathan ábhar gnó agus ar theicneolaíocht an eolais. Anois tá mé ag obair le comhairleacht teicneolaíochta agus is cinnte, gan an cháilíocht sin agus an taithí a fuair mé ar an chúrsa, nach mbeadh an post seo faighte agam.”

Doireann McCombe Accenture

Ár gCuid Céimithe

3

Page 4: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

Riachtanais Iontrála

• Grád 2:2 i mbunchéim ónóracha (Leibhéal 8) in aon ábhar.

• Caighdeán ard i labhairt agus scríobh na Gaeilge ach ní gá bunchéim sa Ghaeilge.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine gan bunchéim ónóracha a bhfuil an taithí ghairmiúil chuí acu ina hionad sin.

Fáiltítear, freisin, roimh iarratais ó mhúinteoirí atá ag smaoineamh ar phoist bhainistíochta agus forbartha a lorg in earnáil an oideachais.

Is féidir go gcuirfear agallamh ar iarratasóirí agus tig iarraidh orthu scrúdú scríofa a dhéanamh, má bhraitear gur gá a leithéid.

Conas iarratas a dhéanamhTéigh go: www.pac.ie/dcu

Cód PAC: DC627

Breis eolais: www.dcu.ie/fiontar

An Dr Ciarán Mac Murchaidh

Tá an Dr Ciarán Mac Murchaidh ina Cheann Scoile ar Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ó Shamhain 2013. Sular ceapadh sa ról sin é bhí sé ina Dhéan Taighde & Léinn Dhaonna i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Tá sé ina chathaoirleach ar chlár an MSc. Chaith sé tréimhsí fada ag teagasc i Roinn na Nua-Ghaeilge, OÉ Má Nuad agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Tá spéis ar leith aige i gcúrsaí teanga agus bíonn síor-éileamh ar a leabhar gramadaí, Cruinnscríobh na Gaeilge (Cois Life, 2013; cúigiú heagrán). Seachas sin, is é traidisiún an phróis chráifigh an mór-réimse taighde atá aige, go háirithe san 18ú haois in Éirinn. I bpáirt leis an Ollamh James Kelly (Coláiste Phádraig, Droim Conrach), d’fhoilsigh sé Irish and English: essays on the Irish linguistic and cultural frontier, 1600-1900 (Four Courts Press) sa bhliain 2012.

Ceann Scoile

4

Page 5: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

Deiseanna Gairme

Poist bhainistíochta i réimsí éagsúla san earnáil phríobháideach nó phoiblí e.g. airgeadas, craoltóireacht, margaíocht, fiontraíocht, foilsitheoireacht, forbairt na Gaeilge, iriseoireacht, teicneolaíocht an eolais, agus oideachas (múinteoirí agus príomhoidí).

Samplaí de na heagraíochtaí ina bhfuil céimithe an MSc ag obair ná:

• An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

• Coláiste na bhFiann• Conradh na Gaeilge• Foras na Gaeilge• Gaelchultúr• Gael Linn• Gaillimh le Gaeilge• Google• Accenture• RTÉ• Irish Farmers Journal• Údarás Craolacháin na hÉireann• Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Déan Teagmháil Linn

Cuirimid fáilte i gcónaí roimh fhiosrúcháin ó dhaoine a bhfuil spéis acu sa chlár. Déan teagmháil linn ar an nguthán, de rphost nó buail isteach chuig Oifig na Scoile.

Sonraí Teagmhála:

(01) 7005614 [email protected]/fiontar@fiontar

‘Má thagann tú amach as DCU, tuigeann comhlachtaí go bhfuil céim mhaith agat agus obair mhór déanta agat. Thug an mháistreacht na bunscileanna gnó seo a leanas dom: conas tuairiscí a scríobh, conas cur i láthair a dhéanamh, agus conas do ghnó féin a bhainistiú go laethúil. Bhí na léachtóirí an-chabhrach agus bhí an cúrsa an-nuálaíoch. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa agus thug sé scileanna iontacha dom le húsáid i mo shaol gnó agus i mo shaol féin.’

Tomás Madigan Múinteoir MeánscoileSt. Mary’s College, Ráth Maoinis

Ár gCuid Céimithe

5

Page 6: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

An Dr Peadar Ó Flatharta

Léachtóir Sinsearach é an Dr Peadar Ó Flatharta agus tá spéis ar leith aige i staidéar eagraíochtaí, cúrsaí gnó agus bainistíochta, mar aon le suim i gcúrsaí polasaí agus sa phleanáil teanga. Chaith sé seal mar Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina bhall de Choimisiún na Gaeltachta agus ina Leas-Uachtarán ar an mBiuró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathna, agus ba bhall é de Choimisiún na Gaeltachta ar feadh tréimshe. Bhí sé i gceannas ar ghrúpa idirnáisiúnta saineolaithe a d’ullmhaigh dréacht don Rialtas don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá taithí fhairsing aige ar go leor gnéithe de cheisteanna teanga náisiúnta agus idirnaisiúnta.

An Dr Ciarán Mac an Bhaird

Is léachtóir le Gnó agus Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é an Dr Ciarán Mac an Bhaird. Bhain sé PhD amach i gColáiste na Tríonóide, chomh maith le BComm. agus céim LLB in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus MSc san Airgeadas in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Déanann Ciarán taighde ar ghnéithe éagsúla ar nós struchtúr agus bainistíocht airgeadais i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith leis an bhfiontraíocht, an fhorbairt réigiúnach, agus polasaithe tacaíochta forálacha do SMEs. Scríobh sé leabhar ar an ábhar seo, Resourcing Small and Medium Sized Enterprises (Springer-Verlag, 2010), a sheol an tAire Fiontair, Trádála agus Nuálaíochta ar a shon. Le déanaí, ghlac sé ról lárnach i mbunú ciste síolchaipitil de €1m chun gnólachtaí a mhealladh chuig an lár tíre. Tá sé ina stiúrthóir bunaidh ar UStart, an chéad luasaire do mhic léinn in Éirinn. Tá sé ina bhall de bhord an ISBE, agus ina chathaoirleach ar bhord stiúrtha Gael Linn.

Eolas Eile Fúinn

Is é an misean lárnach atá againn in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ná oideachas tríú leibhéal den scoth trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dár gcuid mac léinn. Is féidir bunchéimeanna a bhaint amach linn sa Ghnó agus Gaeilge (DC118) agus san Iriseoireacht agus Gaeilge (DC239), agus tá clú agus cáil ar an iarchéim a thairgimid freisin, an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Tá réimse modúl tarraingteach ar fáil ag mic léinn ar na cláir sin go léir, a fhágfas go mbeidh an saol faoina réir acu nuair a chríochnóidh siad an chéim.

Ár gCuid Léachtóirí

6

Page 7: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

An Dr Emer Ní Bhrádaigh

Is léachtóir le Fiontraíocht í an Dr Emer Ní Bhrádaigh. I measc na n-ábhar a mhúineann sí tá an fhiontraíocht, an cheannaireacht agus an mhargaíocht. Tá a cuid taighde ar fhorbairt na fiontraíochta sa Ghaeltacht foilsithe in irisí idirnáisiúnta piarmheasúnaithe. D’fhorbair sí an chéad chúrsa creidiúnaithe in oideachas na fiontraíochta do léachtóirí in institiúidí ardoideachais na hÉireann. Tá spéis ar leith aici freisin sa bhfiontraíocht shóisialta. Déanann sí obair ar leith le Clann Credo, ciste d’infheistíocht i bhfiontair shóisialta, agus le Enactus, comórtas idirnáisiúnta do mhic léinn ar spéis leo an fhiontraíocht shóisialta. Tá sí ina ceannaire i bhforbairt DCU mar chuid den ghréasán idirnáisiúnta Ashoka U Changemaker Campus. Sular tháinig an Dr Ní Bhrádaigh go DCU, chaith sí tamall de bhlianta ag obair le margaíocht, bainistíocht, traenáil agus tiomsú airgid le comhlachtaí bogearraí, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus le UCD.

An Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl

Is Déan Comhlach Teagaisc agus Foghlama i nDámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta agus léachtóir le Teicneolaíocht an Eolais in DCU í an Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl. Is í an Príomhthaighdeoir ar an togra taighde SpeakApps í atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Sa togra seo tá Mairéad ag obair le comhpháirtithe ar fud na hEorpa agus iad i mbun taighde ar an bhfoghlaim ar líne. Tá tréimhsí caite aici i róil airgeadais agus ríomhaireachta le comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nós Goodbody, Murex agus Merrill Lynch. I measc na spéiseanna taighde atá aici, tá an nuatheicneolaíocht, cúrsaí foghlama agus teagaisc, mar aon le polasaithe agus athrú eagrais san ardoideachas. Is ball í de chumainn acadúla naisiúnta agus idirnáisiúnta sna réimsí seo. Is iar-bhall de Bhord Fhoras na Gaeilge í. Bhain sí dochtúireacht amach in Ollscoil Durham i Sasana agus tá céimeanna aici san airgeadas, ríomhaireacht, fiontraíocht agus ríomhthráchtáil.

An Dr Brian Ó Raghallaigh

Léachtóir é an Dr Brian Ó Raghallaigh in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil bainistiú agus forbairt theicniúil na dtionscadal ainm.ie, dúchas.ie, focal.ie, gaois.ie agus logainm.ie faoina chúram aige. Roimhe sin, bhí sé ag obair ar an tionscadal sintéise Gaeilge abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sa ríomheolaíocht, sa teangeolaíocht, agus sa Ghaeilge atá a chúlra oideachais agus taighde. Foinéimiú ilchanúnach don Ghaeilge ba ea ábhar a thráchtais PhD i gColáiste na Tríonóide. Tá téacsleabhar ar fhoghraíocht agus ar fhóineolaíocht na Gaeilge scríofa aige, Fuaimeanna na Gaeilge (Cois Life, 2013). Tá spéis taighde aige san fhoghraíocht, san fhoclóireacht, sna daonnachtaí digiteacha, agus sa teicneolaíocht teanga. Tá sé ar Choiste Bainistíochta Fhoclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann.

‘Bhain mé an-taitneamh as mo chuid ama ar an gcúrsa; thug sé deis dom bualadh le daoine éagsúla, ábhair nua a fhoghlaim agus mo chuid scileanna gairmiúla a fhorbairt. D’fhreastail mé ar an MSc ar bhonn páirtaimseartha agus mé ag obair i gcomhlacht margaíochta ag an am. Ba bhuntáiste mór é an deis a bheith agam bheith ag staidéar agus ag obair ag an am céanna mar thug an cúrsa deis dom an fhoghlaim phraiticiúil ón gcúrsa a chur in oiriúint do mo shaol oibre laethúil.’

Maria Ní Shúilleabháin Stiúrthóir CCS

Ár gCuid Céimithe

7

Page 8: MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais

FiontarOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Glas NaíonBaile Átha Cliath 9

www.dcu.ie/fiontar (01) 700 5614

[email protected]

www.facebook.com/fiontar@fiontar