maoin 3 - mentorbooks.iee9ipscript.pdf · an dara mír maolíosa: ach d’iarr an múinteoir...

22
Maoin 3 Téipscript

Upload: others

Post on 17-Oct-2019

10 views

Category:

Documents


1 download

TRANSCRIPT

Page 1: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Maoin 3Téipscript

Page 2: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Foilseacháin MENTOR43 Bóthar an Aitinn

Eastát Tionsclaíochta Áth an GhainimhBaile Átha Cliath 18www.mentorbooks.ie

email: [email protected]

© Cóipcheart – Foilseacháin Mentor 2010Gach Ceart ar Cosaint

Clóchur agus Leagan amach: Kathryn O’Sullivan

Page 3: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

ClárAonad 1 - Mé féin agus mo theaghlach . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 04

Aonad 2 – Mo cheantar féin . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 04

Aonad 3 – Ar scoil . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 05

Aonad 4 – Cúrsaí spóirt . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 06

Aonad 5 – Cúrsaí ceoil . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 07

Aonad 6 – Na meáin chumarsáide . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 08

Aonad 7 – Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu . . . . . . . . . 08

Aonad 8 – Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine . . . . 10

Aonad 10 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .11

Triail Chluastuisceana 1 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 11

Triail Chluastuisceana 2 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 13

Triail Chluastuisceana 3 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 16

Triail Chluastuisceana 4 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 18

Triail Chluastuisceana 5 . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 20

Page 4: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Aonad 1 - Mé féin agus mo theaghlach

An Chéad ChainteoirIs mise Ruaidhrí Ó Cinnéide. Táim cúig bliana déag d’aois. Is as Dún na nGall mé. Istréidlia é m’athair agus is dochtúir í mo mháthair. Tá mé sa tríú bliain sa phobalscoiláitiúil. Beidh an Teastas Sóisearach á dhéanamh agam i mbliana. Tá deartháir amháinagam atá níos óige ná mé. Pól is ainm dó. Tá sé deich mbliana d’aois agus tá sé sacheathrú rang sa bhunscoil. Is buachaill éirimiúil aclaí é agus imríonn sé iománaíochtagus peil Ghaelach le foireann na bunscoile. Anuraidh, chuamar ar saoire go Meiriceáar feadh coicíse agus thugamar cuairt ar chairde m’athar atá ina gcónaí i gcathair NuaEabhrac. Is breá liom spórt ach is é ceol an caitheamh aimsire is mó a thaitníonnliom. Ba mhaith liom a bheith i mo cheoltóir gairmiúil amach anseo.

An Dara CainteoirDia daoibh! Eoin Mac Fheorais is ainm domsa. Rugadh mé i gcathair Chorcaí achd’aistrigh mo theaghlach go dtí Contae Luimnigh nuair a bhí mé dhá bhliain d’aois.Tá beirt deirfiúracha agam, Aisling agus Éadaoin. Is í Aisling an duine is sine sachlann: tá sí naoi mbliana déag d’aois agus tá sí ag freastal ar Choláiste na hOllscoilei gCorcaigh. Tá Éadaoin dhá bhliain déag d’aois agus tá sí fós sa bhunscoil. Is gardaé m’athair agus is múinteoir bunscoile í mo mháthair. Is ball í den chlub reatha áitiúilagus tháinig sí sa tríú háit i Maratón na mBan i mBaile Átha Cliath anuraidh. Imrímcispheil agus sacar le foireann na scoile agus ba mhaith liom a bheith i mo thráchtairespóirt nuair a fhágfaidh mé an scoil.

Aonad 2 – Mo cheantar féin

FógraBeidh ceolchoirm ar siúl i Halla an Pharóiste, Seantrabh, Dé hAoine seo chugainn ara hocht a chlog. Beidh grúpaí ceoil éagsúla ón gceantar ag seinm ann agus bronnfarduais speisialta ar an ngrúpa is fearr. Tá sé euro ar an doras do dhéagóirí agus deicheuro do dhaoine fásta. Cuirfear an t-airgead a bhaileofar sa chiste tógála don díon nuadon halla. I rith an lae beidh ticéid ar díol do chrannchur mór agus beidh RobbieKeane i láthair chun an ticéad a tharraingt as an mála. Dhá chéad euro an duais agheobhaidh an buaiteoir.

Píosa nuachtaBeidh mion-mharatón Chathair Luimnigh ar siúl Dé Sathairn seo chugainn. Meastargo mbeidh níos mó ná míle reathaí páirteach sa rás a bheidh ag tosú ar a dó a chlog.Tá súil ag an gcoiste eagraithe go mbaileofar níos mó ná leath mhilliún euro doChumann Ailse na hÉireann leis an urraíocht atá faighte ag na reathaithe cheana féin.Bronnfar Corn Chlub Lúthchleasaíochta Luimnigh ar an mbuaiteoir agus táthar agsúil gurb í an lúthchleasaí cáiliúil, Derval O Rourke, a dhéanfaidh an bronnadh. Másmaith leat an maratón a fheiceáil, tar chuig lár na cathrach roimh a dó a chlog.

4

Page 5: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Aonad 3 – Ar scoil

Comhrá a haon

An Chéad MhírAntaine: Haló?Pádraig: Hi, a Antaine. Pádraig anseo. Is trua liom a bheith ag cur isteach ort ag

an deireadh seachtaine.Antaine: Tá sé sin ceart go leor, a Phádraig. Abair leat.Pádraig: Ní raibh mé sa rang Gaeilge maidin Dé hAoine mar bhí

réamhchleachtadh á dhéanamh agam le ceolfhoireann na scoile igcomhair na Nollag. An ndúirt Bean de Búrca aon rud faoin scrúdúGaeilge?

Antaine: Dúirt sí go mbeadh sé ar siúl sa rang maidin Dé Máirt.

An Dara MírPádraig: Dia idir sinn agus an t-olc! Tá fadhb mhór agam mar sin. Shocraigh an

múinteoir ceoil go mbeadh réamhchleachtadh breise againn maidinDé Luain agus maidin Dé Máirt freisin.

Antaine: Ba chóir duit labhairt le Bean de Búrca faoi sin ar an Luan.Pádraig: An dóigh leat go ligfidh sí dom an scrúdú a dhéanamh tráthnóna Dé

Máirt?Antaine: Ná bí róbhuartha, a Phádraig. Is duine lách, tuisceanach í Bean de

Búrca.Pádraig: Tá an ceart agat. Labhróidh mé léi faoin scrúdú maidin Dé Luain roimh

an réamhchleachtadh. Go raibh maith agat, a Antaine.Antaine: Tá fáilte romhat, a Phádraig. Slán.

Comhrá a dó

An Chéad MhírMaolíosa: Hi, a Cháit! Maolíosa anseo.

Cáit: Sea, a Mhaolíosa. Céard atá uait mar tá an t-uafás oibre le déanamhagam do na réamh-scrúduithe?

Maolíosa: Ní chuirfidh mé moill ort ach ar chuala tú an dea-scéala?Cáit: Anois, a Mhaolíosa. Cén dea-scéala atá i gceist agat in ainm Dé?

Maolíosa: Go mbeidh aisteoirí ón sobaldráma Ros na Rún ag tabhairt cuairteorainn ar an gCéadaoin seo chugainn.

Cáit: An é sin an fáth ar ghlaoigh tú orm? Nach féidir liom breathnú orthuar TG4 pé uair is mian liom?

5

Page 6: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

An Dara MírMaolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí

liom dalta eile a fháil chun cabhrú liom.Cáit: Agus is dócha go scríobhfar alt fúinn sa pháipéar nuachta áitiúil agus

go dtabharfar cuireadh dúinn…….Maolíosa: Fan bog anois a chailín! Cad faoi do chuid staidéir? D’fhéadfainn

labhairt le hAisling faoin gcuairt muna dteastaíonn uait bualadh leo.Cáit: Ná déan, a Mhaolíosa. Is maith is eol duitse gurb aoibhinn liom an

sobaldráma Ros na Rún agus ní chaillfidh mé an deis seo ar ór nacruinne. Go raibh maith agat as ucht smaoineamh orm agus ba bhreáliom cabhrú leat.

Maolíosa: Tá go maith, a Cháit.Cáit: Slán agat, a Mhaolíosa.

Aonad 4 – Cúrsaí spóirt

(Triail chluastuisceana ghearr)

Cuid A (leagan giorraithe)

CainteoirCén chaoi a bhfuil sibh? Niall Mac Cárthaigh is ainm dom. Tá cónaí orm taobhamuigh de Bhaile Átha Í i gContae Chill Dara agus táim ag freastal ar an bpobalscoiláitiúil. Imrím peil Ghaelach agus tá mé ar fhoireann na scoile. D’imir mé i gcluicheceannais idirscoile i Mainistir Eimhín an tseachtain seo caite agus bhí an bua againn.Ghnóthaigh mé cúl agus dhá chúilín sa chluiche sin. Ba bhreá liom imirt le foireannan chontae amach anseo ach, mar a deir an seanfhocal, is maith an scéalaí an aimsir.

Cuid B (leagan giorraithe)

FógraBeidh díolachán saothair ar siúl i gclubtheach an chumainn ghailf Dé Sathairn seochugainn ar a trí a chlog. Cuirfear an t-airgead a bhaileofar sa chiste tógála donchlubtheach nua. I rith an lae beidh ticéid ar díol don chrannchur mór agus beidhPádraig Harrington ann chun an ticéad a tharraingt as an mála. Míle euro an duais agheobhaidh an buaiteoir chomh maith le cluiche gailf i gcuideachta Phádraig. Beidhdinnéar ar siúl an oíche sin do bhaill an chumainn.

Cuid C (leagan giorraithe)

Comhrá

An Chéad MhírSeán: Dia duit, a Phóilín. Seán anseo.

6

Page 7: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Póilín: Dia is Muire duit, a Sheáin. Thug mé faoi deara nach raibh tú ar scoilinniu. Cad tá cearr leat?

Seán: Nuair a dhúisigh mé bhí tinneas cinn uafásach orm agus lig momháthair dom fanacht sa bhaile. Ach táim ag glaoch ort faoin aisteGhaeilge atá le scríobh againn don Luan - ‘Éireannaigh cháiliúla abhfuil meas mór agam orthu’. Táim cráite ag iarraidh roinnt pointí abhreacadh síos agus, mar is eol do chách, is tusa is fearr chuige sin.

Póilín: N’fheadar faoi sin ach an bhfuil aon rud agat faoi cheoltóiríÉireannacha a bhain clú agus cáil amach ar fud an domhain?

Seán: Rinne mé dearmad glan orthu. Beidh mé in ann alt a cheapadh faoi U2agus Enya agus Na Cranberries agus go leor ceoltóirí eile.

An Dara MírPóilín: Tá sé ar intinn agamsa alt nó dhó a scríobh faoi réaltóga scannán

Éireannacha ar nós Colin Farrell, Jonathan Rhys Meyers agus CillianMurphy.

Seán: Nár laga Dia tú! Tá na moltaí sin thar cionn! D’fhéadfainn píosa eile ascríobh faoi scríbhneoirí clúiteacha a rugadh anseo, daoine ar nós OscarWilde, WB Yeats agus Seamus Heaney.

Póilín: Ba mhór ab fhiú duit laochra spóirt na linne seo a lua chomh maith. Tágaisce déanta ag cuid acu arís i mbliana.

Seán: Tá, go deimhin. An bhfuair sibh aon obair bhaile eile inniu?Póilín: Fuair, gan amhras! Stór focal le foghlaim sa Fhraincis, aiste i mBéarla

agus trí cheist eolaíochta. Má tá cabhair uait féadfaidh tú bualadhisteach chugam tar éis an dinnéir amarách.

Seán: Ó, go hiontach, a Phóilín! Feicfidh mé tú ar a trí. Slán go fóill.Póilín: Slán agat, a Sheáin.

Aonad 5 – Cúrsaí ceoil

An Chéad ChainteoirCad é mar atá sibh? Is mise Deirdre Ní Bhraonáin agus tá cónaí orm i nGaothDobhair i gContae Dhún na nGall. Rugadh agus tógadh m’athair sa cheantar seo achis as Ros Comáin do mo mháthair. Is maith liom saol na tuaithe. Tá teach tábhairnegleoite againn darb ainm ‘Dúlamán’ agus bíonn scata ceoltóirí ag seinm ann go rialta.Tá dúil ag an teaghlach ar fad sa cheol traidisiúnta. Is breá le mo thuismitheoirí abheith ag canadh agus seinnim féin an veidhlín agus an fheadóg mhór. Tá deirfiúramháin agam agus tá sí ag déanamh staidéir ar an eolaíocht in Ollscoil na Banríonai mBéal Feirste. Ba mhaith liom a bheith i mo cheoltóir gairmiúil amach anseo.

An Dara CainteoirDia daoibh! Tomás Seoighe is ainm dom. Is as Cathair Chorcaí mé agus tá mé agfreastal ar an meánscoil lánGhaeilge sa Mhainistir Thuaidh. Tá cónaí ar mosheanmháthair i nGaeltacht Bhaile Bhuirne atá in iarthar Chorcaí agus cuirim feabhas

7

Page 8: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

ar mo chuid Gaeilge nuair a chaithim tréimhse léi um Nollaig agus um Cháisc. Imrímiománaíocht le foireann na scoile agus ba mhaith liom imirt le foireann an chontaei gceann trí nó ceithre bliana eile. Is breá liom ceol agus is aoibhinn liom a bheith agféachaint ar chláracha ceoil ar an teilifís. Tá iúmar maith orm i láthair na huaire marchuir mo thuismitheoirí dhá thicéad in áirithe dom féin agus do chara liom docheolchoirm Razorlight a bheidh ar siúl in Amharclann an Point i rith an tsamhraidh.Ba mhaith liom a bheith i mo láithreoir teilifíse nuair a fhágfaidh mé an scoil.

Aonad 6 – Na meáin chumarsáide

FógraAn príomhoide anseo. Tá fógra agam daoibh tráthnóna faoi chrannchur mór na scoilea bheidh ar siúl i halla an chlochair Dé Céadaoin seo chugainn. Beidh na ticéid ándíol ag roinnt daltaí ar fud na scoile Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn ar a dóa chlog. Dhá euro a bheidh ar na ticéid agus úsáidfear an t-airgead a bhaileofar chunleabhair Ghaeilge nua a cheannach do leabharlann na scoile chomh maith le neartfíseán agus dlúthdhioscaí Gaeilge. Beidh Hector Ó hEochagáin i láthair Dé Céadaoinchun an ticéad a tharraingt as an mála. Dhá chéad euro a gheobhaidh an buaiteoir.

Píosa nuachtaMaraíodh fear ar an toirt agus gortaíodh beirt bhan go dona i dtimpiste bhóthair goluath maidin inné. Deir na Gardaí gur tharla an timpiste idir leathuair tar éis a séagus a seacht dhá mhíle ó Bhaile an Chollaigh, Contae Chorcaí. Deir na Gardaí goraibh na bóithre an-sleamhain ar fad nuair a tharla an timpiste. Ceaptar go raibh antiománaí ag dul róthapa agus go ndeachaigh an carr ó smacht. Fuair tiománaí leoraía bhí ag dul thart bun os cionn é ar thaobh an bhóthair. Chuir sé fios ar na seirbhísíéigeandála agus tógadh corp an fhir mhairbh agus na hothair go dtí Ospidéal nahOllscoile i mBaile an Easpaig.

Aonad 7 – Poist, daoine óga agus sochaí an lae inniu

Comhrá a haon

An Chéad MhírBean Uí Chléirigh: Gaelscoil Uí Dhireáin. Eibhlín Bean Uí Chléirigh ag caint.

Tadhg Ó Máille: Dia duit, a dhuine uasail. Is mise Tadhg Ó Máille agus táimag freastal ar Choláiste Mhuire sa bhaile seo. Ba mhaithliom a bheith i mo mhúinteoir bunscoile amach anseoagus mhol mo mhúinteoir dom glao fóin a chur ort.

Bean Uí Chléirigh: Cén aois tú, a Thaidhg?Tadhg Ó Máille: Tá mé sé bliana déag d’aois agus beidh an idirbhliain á

déanamh agam i mbliana.Bean Uí Chléirigh: Bhuel, ar an gcéad dul síos caithfidh tú céim a bhaint

amach i gcoláiste oiliúna. Más mian leat é sin a dhéanamh

8

Page 9: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

caithfidh tú torthaí maithe a ghnóthú sanArdteistiméireacht.

Tadhg Ó Máille: Beidh orm taithí oibre a dhéanamh i rith na hidirbhliana.Aon seans go bhféadfá cabhrú liom?

An Dara MírBean Uí Chléirigh: Gach seans, a Thaidhg, ach cén fáth ar mhaith leat bheith

i do mhúinteoir bunscoile?Tadhg Ó Máille: Bhuel, measaim gur post iontach é agus is breá liom a

bheith ag cuidiú le daoine óga.Bean Uí Chléirigh: An mar sin é? Bhuel, caithfidh mé labhairt leis na

múinteoirí eile ar dtús agus tá súil agam go mbeidh tú inann cuidiú linn anseo i rith na scoilbhliana.

Tadhg Ó Máille: Tá sin iontach. Dúirt mo mhúinteoir liom go bhfuilleabhrán eolais faoin scoil agaibh. An féidir leat é sin achur chugam le do thoil?

Bean Uí Chléirigh: Is féidir liom, a Thaidhg. Tabhair dom do sheoladh le dothoil.

Tadhg Ó Máille: Tadhg Ó Máille, ‘Ard Álainn,’ Bóthar an Phiarsaigh,Ceatharlach.

Bean Uí Chléirigh: Tá go maith, a Thaidhg. Beidh mé i dteagmháil leat ar ball.Slán.

Comhrá a dó

An Chéad MhírAisling: Haileo.Conall: Dia duit, a Aisling. Conall anseo. An ndearna tú machnamh ar an rún

díospóireachta ‘gur beag tuiscint atá ag tuismitheoirí agus daoine ógadá chéile’?

Aisling: Ó, a thiarcais, rinne mé dearmad ar an díospóireacht agus tá mo chuidnótaí faoi i mo thaisceadán sa seomra ranga. Beidh Bean Uí Chionnaithar buile liom.

Conall: Fan bog anois, a Aisling. Ní gá duit a bheith buartha mar ní bheidh séar siúl go ceann seachtaine.

Aisling: Bhain tú geit asam, a Chonaill. Cad atá uait, mar sin?Conall: Tá mé ag iarraidh roinnt nótaí a bhreacadh síos ar son an rúin. An

bhféadfá cuidiú liom?

An Dara MírAisling: Fan go bhfeice mé. D’fhéadfá rud éigin a rá faoin mbrú a bhíonn ar

dhaoine óga ar scoil, go mbíonn ar an-chuid daltaí a bheith ag staidéaró mhaidin go hoíche agus mar sin de.

Conall: Díreach é agus d’fhéadfainn tagairt a dhéanamh do na daoine óga atáag casadh ar an ólachán agus ag tógáil drugaí agus……

9

Page 10: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Aisling: (ag cur isteach air) Bhuel, tá an méid sin luaite agam i mo chaint féin.Conall: Cad a déarfaidh mise, mar sin? Beidh Bean Uí Chionnaith le ceangal!Aisling: Féach, a Chonaill. Buailfidh mé leat sa leabharlann tar éis scoile

amárach agus tabharfaidh mé mo chuid nótaí liom. Beimid in ann anrún a phlé i gceart ansin. Slán!

Conall: Tá go maith, a Aisling. Slán.

Aonad 8 – Laethanta saoire, an dúlra agus sláinte an duine

(Triail chluastuisceana ghearr)

Cuid A (leagan giorraithe)

CainteoirBail ó Dhia oraibh! Raonaid Ní Fhlatharta anseo. Táim ceithre bliana déag d’aois agustá súile donna agam agus tá dath dubh ar mo chuid gruaige. Táim cúig troithe agusseacht n-orlaí ar airde. Is mise an páiste is óige agus tá beirt deartháireacha agam atáníos sine ná mé. Tá cónaí orainn i mbungaló sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara. Isas an gceantar seo do m’athair ó dhúchas agus is as Gaeltacht Chiarraí do momháthair. Tá cónaí ar mo sheanmháthair sa Daingean agus beidh sí nócha bliaind’aois i gceann coicíse. Is é an ceol an caitheamh aimsire is fearr liom. Seinnim anfhidil, an fheadóg stáin agus an bodhrán agus is é Kíla an grúpa ceoil is fearr liom.

Cuid B (leagan giorraithe)

Píosa nuachtaSeo chugaibh réamhaisnéis na haimsire. Beidh an aimsir inniu tirim ar fud na tíre.Amárach beidh sé fuar agus scamallach ar fud na tíre i dtús an lae. Beidh ceo goforleathan i ndeisceart agus in iarthar na tíre ach glanfaidh sé sin de réir a chéile.Titfidh an teocht faoin reophointe agus beidh sé ag cur seaca sa tuaisceart agus sanoirthear istoíche amárach. Moltar do thiománaithe a bheith fíorchúramach ar nabóithre mar is cosúil go mbeidh siad an-sleamhain ar fad. Tá seans ann go leathfaidhceathanna báistí ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine.

Cuid C (leagan giorraithe)

Comhrá

An Chéad MhírAoife: Dia duit, a Cháitín! Aoife anseo. Níor chuala mé uait le fada. Cá raibh

tú?Cáitín: Bhí mé sa Fhrainc le mí anuas. Cheannaigh mo thuismitheoirí teach

saoire ann anuraidh.Aoife: Nach méanar daoibh, a Cháitín! Cén chuid den Fhrainc ina bhfuil an

10

Page 11: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

teach saoire agaibh?Cáitín: I gCannes. Tá sé díreach in aice na trá agus tá neart áiseanna in aice

láimhe.Aoife: Cad faoi mhuintir na háite?

Cáitín: Tá siad an-chairdiúil. Bhí sé deacair an Fhraincis a thuiscint ar dtús achchuaigh mé i dtaithí uirthi de réir a chéile.

An Dara MírAoife: Is dócha go raibh an aimsir go diail ann i gcónaí.

Cáitín: Bhí sé an-te i rith an lae ach bhí sé fionnuar ann istoíche.Aoife: An mbeidh sibh ag filleadh ar ais roimh dheireadh an tsamhraidh?

Cáitín: Beidh, go deimhin. Dála an scéil, an ndeachaigh tusa ar saoire i mliana?Aoife: Chuaigh, cinnte. Bhíomar san Iodáil ar feadh seachtaine agus bhain mé

an-taitneamh as.Cáitín: Cogar a Aoife. Táim ar tí dul amach ach cuirfidh mé glao ort anocht.

Slán!

Aonad 10

Triail Chluastuisceana 1

Cuid A

An Chéad ChainteoirHi, a chairde. Cormac Ó Tuairisc ag caint libh. Táim i mo chónaí i gCionn Caslach igContae Dhún na nGall ach caithim mí sa Spidéal gach samhradh, mar a bhfuil cónaíar mo sheanathair fós. Rugadh agus tógadh m’athair i nGaeltacht Chonamara achd’aistrigh sé go dtí iarthuaisceart na tíre nuair a fuair sé post ann mar mhúinteoirmeánscoile. Is banaltra í mo mháthair agus tá beirt deartháireacha agam, Dónall agusAodh. Is é Dónall an páiste is sine; ta sé ocht mbliana déag d’aois. Is breá liom ceolagus seinnim an fhidil agus an bosca ceoil. Ba mhaith liom a bheith i mo léiritheoirceoil nuair a fhágfaidh mé an scoil.

An Dara CainteoirBail ó Dhia oraibh go léir! Is mise Caitríona Ní Earcáin agus tá cónaí orm i gCluainMeala i gContae Thiobraid Árann. Táim ar mhuin na muice inniu mar bhí mobhreithlá ann inné. Tá mé cúig bliana déag anois agus ní fada go mbeidh anIdirbhliain á déanamh agam sa chlochar áitiúil. Chuaigh mé ag siopadóireacht igCathair Chorcaí le mo dheirfiúracha inné agus cheannaigh mé éadaí agus cumhránann. D’itheamar béile breá i mbialann i lár na cathrach sular thugamar aghaidh artheach m’aintín. Tá cónaí uirthi i dteach scoite ar imeall na cathrach agus thug mothuismitheoirí cead dúinn fanacht léi aréir. Thángamar abhaile ar an traein maidininniu agus táim spíonta tar éis an turais.

11

Page 12: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

12

Cuid B

FógraBeidh díolachán earraí ar siúl i gClub na nÓg Dé Sathairn seo chugainn ar a dó achlog. Cuirfear an t-airgead a bhaileofar sa chiste tógála don chlubtheach nua abheidh á thógáil an bhliain seo chugainn. Táthar ag súil go mbeidh slua mór i láthairar an Satharn. Chomh maith leis an díolachán earraí, beidh ceolchoirm ar siúl abheidh á heagrú ag baill an chlub. Tosóidh an cheolchoirm ar a sé a chlog agus tátuilleadh eolais ar fáil ó rúnaí an chlub ag an uimhir 01-7888965. Ocht euro an táilledo dhaoine fásta agus cúig euro do pháistí agus do phinsinéirí. Bígí ann gan teip!

Píosa nuachtaD’oscail an tAire Spóirt ionad spóirt nua sa Bhaile Dubh le déanaí. Dúirt sí go raibháthas uirthi a bheith i láthair don ócáid agus gurbh eol di go raibh ionad spóirt nua álorg ag muintir na háite le fada an lá. Bhí easpa áiseanna do dhaoine óga sa cheantaragus bhí sé níos measa i rith an tsamhraidh nuair a bhí na laethanta saoire acu. Tá neartáiseanna san ionad nua agus ní hiad na daoine óga amháin a bhainfidh tairbhe as achan pobal ar fad. Beidh sé ar oscailt óna naoi a chlog ar maidin go dtí leathuair tar éis anaoi istoíche. Beidh táille deich euro ar dhaoine fásta agus cúig euro ar dhaoine óga.

Cuid C

Comhrá a haon

An Chéad MhírSéamas: Haileo.Treasa: Tá tú i do shuí, bail ó Dhia ort!

Séamas: Dia duit, a Threasa. Cén chaoi a bhfuil tú?Treasa: Tá mé i mo shuí anseo ag an mbord sa chistin. Anois díreach a d’éirigh

mé.Séamas: Ó nach breá duit é. Bhí ormsa éirí ag a leathuair tar éis a seacht!Treasa: Cad ina thaobh gur éirigh tú chomh luath sin?

Séamas: Gheall mé do Bhean de Búrca go rachainn síos chun an Caife Litearthaa oscailt. Bhí mé ann go dtí ceathrú uair a chloig ó shin. Tháinig síisteach ansin agus lig sí dom sos gearr a thógáil le haghaidh cupán tae.Táim á ól anois taobh amuigh den chaife agus deirimse leat godteastaíonn sé uaim.

An Dara MírTreasa: Cén sórt oibre a bhíonn á déanamh agat, a Shéamais?

Séamas: Ní obair dhian í i ndáiríre. Bíonn orm na boird a leagan sula dtagannna custaiméirí isteach ag lorg leabhar agus díolaim cupáin tae agus caifeleo. Bíonn orm na seilfeanna a líonadh le leabhair nua chomh maith.

Treasa: An bhféadfainn bualadh isteach chugat tráthnóna, a Shéamais?Séamas: D’fhéadfá cinnte. Beidh cupán caife againn agus taispeánfaidh mé na

Page 13: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

leabhair is fearr duit.Treasa: Ó, go raibh maith agat, a Shéamais. Feicfidh mé tú sa chaife ar a trí a

chlog mar sin. Slán leat go fóill, a Shéamais.Séamas: Slán, a Threasa.

Comhrá a dó

An Chéad MhírEimear: Céad fáilte romhaibh isteach chuig clár raidió na scoile. I mo theannta

inniu tá Rónán Ó Dúill. Tá fáilte is fiche romhat chuig an gclár, aRónáin.

Rónán: Go raibh maith agat, a Eimear.Eimear: Inis dom i dtús báire faoin ngaisce a rinne tú ag Lá Spóirt na Scoile

inné.Rónán: Bhuel, bhuaigh mé bonn óir sa rás céad méadar agus sa rás dhá chéad

méadar don dara bliain as a chéile.Eimear: Togha fir, a Rónáin. Dála an scéil, cé a mhúscail do chuid spéise sa

lúthchleasaíocht?Rónán: Mo mháthair, is dócha, mar tá an-spéis go deo aici sa reathaíocht agus

ba lúthchleasaí den scoth í nuair a bhí sí óg.

An Dara MírEimear: Cé hé an lúthchleasaí is fearr leat?Rónán: Tá ardmheas agam ar an reathaí Dearbhail Ní Ruairc as Cathair Chorcaí.Eimear: Cad atá ar bun agat i láthair na huaire?Rónán: Bhuel, táim ag traenáil de ló is d’oíche mar beidh mé ag glacadh páirte

i roinnt comórtas náisiúnta ar ball agus tá súil agam go roghnófar méle haghaidh na gCluichí Oilimpeacha.

Eimear: Nár laga Dia thú! Go raibh maith agat as ucht labhairt liom ar an gclár,a Rónáin, agus thar cheann scoláirí na scoile guím rath ort.

Rónán: Fáilte romhat, a Eimear.

Triail Chluastuisceana 2

CUID A

An Chéad ChainteoirCén chaoi a bhfuil sibh? Eimear de Faoite anseo as Tuaim i gContae na Gaillimhe. Támé sé bliana déag d’aois agus titeann mo bhreithlá ar an gcéad lá de mhí Iúil. Is breáliom féin ceol traidisiúnta agus is é Altan an grúpa is mó a thaitníonn liom. Seinniman fheadóg stáin agus an fhidil agus bhí mé i láthair ag Fleadh Cheoil an domhainsa Tulach Mhór, Contae Uíbh Fháilí, anuraidh. Rugadh m’athair i mBaile Locha Riachsa chontae seo ach is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge do mo mháthair. Múinteoiríbunscoile atá iontu. Tá beirt deirfiúracha agam, Muireann, a imríonn peil Ghaelachagus haca ar fhoireann na scoile, agus Clíodhna atá dhá bhliain déag d’aois.

13

Page 14: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

An Dara CainteoirCad é mar atá sibh? Piaras Ó Cinnéide anseo as Gaoth Dobhair i gContae Dhún nanGall. Tá mé cúig bliana déag d’aois agus titeann mo bhreithlá ar an séú lá de mhíFeabhra. Tá mé ag freastal ar an bpobalscoil áitiúil agus beidh scrúduithe an TeastaisShóisearaigh á ndéanamh agam i mbliana. Tá dhá ábhar déag á ndéanamh agam donscrúdú. Stair agus tíreolaíocht na hábhair is fearr liom. Nílim go maith ag anmatamaitic agus is fuath liom eolaíocht agus staidéar gnó. Ba mhaith liom a bheithi mo shaighdiúir nuair a fhágfaidh mé an scoil.

Cuid B

FógraGabhaim pardún agaibh a lucht éisteachta ach seo fógra práinneach ó na GardaíSíochána. Rinne stoirmeacha mórán damáiste ar fud an cheantair seo aréir. Tá anbóthar idir An Teampall Mór agus Durlas Fhéile faoi uisce i láthair na huaire agusthit cúpla crann ar an mbóthar go Ros Cré i rith na hoíche. Ceaptar go mbeidh an dábhóthar dúnta go ceann dhá lá ar a laghad mar tógfaidh sé tamall iad a ghlanadh.Moltar do thiománaithe a bheidh ag taisteal sa cheantar a bheith an-chúramach godeo ar na bóithre toisc go leanfaidh an drochaimsir go ceann cúpla lá eile.

Píosa nuachtaComhghairdeas leis na filí óga, Cillín Mac Suibhne, as Baile Phámar agus Deirdre NíCheallaigh as an Muileann gCearr a bhuaigh na príomhdhuaiseanna i gcomórtasfilíochta náisiúnta le déanaí lena ndánta ‘Ealaí ar an Life’ agus ‘Ar scáth a chéile’. Bhían comórtas oscailte do dhaltaí bunscoile agus meánscoile agus bronnadh cúig chéadeuro ar an dán ab fhearr sa dá aoisghrúpa. Dánta gearra simplí i nGaeilge a bhí agteastáil ó na moltóirí agus chuir níos mó ná trí mhíle dalta isteach ar an gcomórtas imbliana. Bhronn an tAire Oideachais agus Eolaíochta na duaiseanna ar na buaiteoiríi mBaile Átha Cliath inné.

Cuid C

Comhrá a haon

An Chéad MhírÁine: Haileo.

Pádraig: Hi, a Áine. Pádraig anseo. Táim ag glaoch ort ón ionad spóirt nua.Áine: Ó, haileo, a Phádraig. Ón ionad spóirt nua, ab ea?

Pádraig: Ó ’sea, a Áine. Is breá liom é mar ionad iontach atá ann. Isfoirgneamh ollmhór é agus tá halla spóirt agus linn snámha caogaméadar ann!

Áine: Ó, an bhfuil anois?Pádraig: Tá, agus tá sé suite ar imeall an bhaile. Téim ann ’chuile lá le Dónall

agus Máirín.

14

Page 15: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

An Dara MírÁine: Cad iad na háiseanna eile atá ann, a Phádraig?

Pádraig: Ó, tá faiche imeartha spóirt ann, tá cúirteanna scuaise agus cispheileann chomh maith le bialann mhór thuas staighre.

Áine: Ach, cogar a Phádraig, cén fáth ar chuir tú glaoch ormsa?Pádraig: Bhuel, an dtiocfaidh tú in éineacht linn anocht? Bainfidh tú sult as.

Áine: Ní thiocfaidh, a Phádraig, mar bím ag traenáil gach oíche sa chlubdornálaíochta. An traenálaí nua bíodh a fhios agat, bíonn sé dianorainn ach is mór is fiú é. Seans go mbeidh mé ag dornálaíocht snaCluichí Oilimpeacha amach anseo!

Pádraig: Ó, an mar sin atá?Áine: ’Sea, sin mar atá, a Phádraig. Slán.

Comhrá a dó

An Chéad MhírSorcha Ní Dhúláin: Haileo.Bean Uí Chonaola: Dia duit. Bean Uí Chonaola anseo. An bhféadfainn

labhairt le Sorcha Ní Dhúláin le do thoil?Sorcha Ní Dhúláin: Sorcha Ní Dhúláin ag labhairt leat.Bean Uí Chonaola: Dia duit, a Iníon Uí Dhúláin. Mise máthair Antaine atá ar

an bhfoireann iománaíochta agat.Sorcha Ní Dhúláin: Dia is Muire duit, a Bhean Uí Chonaola. Chuala mé faoin

timpiste a bhí aige ón bpríomhoide. Cad é mar atá sé anois?Bean Uí Chonaola: Tá sé ag dul i bhfeabhas de réir a chéile ach tá lámh leis

an-tinn go fóill. Dúirt an dochtúir linn go raibh an t-ádhdearg air nár bhris sé í.

Sorcha Ní Dhúláin: Bhí an-mhí-ádh air go ndearnadh feall air díreachroimh dheireadh an chluiche.

An Dara MírBean Uí Chonaola: Bhí, go deimhin ach deir an dochtúir go mbeidh sé in ann

dul ag traenáil arís le foireann iománaíochta na scoile igceann coicíse.

Sorcha Ní Dhúláin: Beidh áthas ar na himreoirí eile nuair a chloisfidh siad gombeidh captaen na foirne in ann imirt sa chluicheceannais.

Bean Uí Chonaola: Is dócha go mbeidh ach tá súil agam go dtabharfaidh séaire dó féin idir an dá linn.

Sorcha Ní Dhúláin: Tá súil agamsa leis. ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte,’ mar adeir an seanfhocal.Bean Uí Chonaola: Ní chuirfidh mé moill ort, a Iníon Uí Dhúláin. Slán tamall.Sorcha Ní Dhúláin: Go raibh maith agat as glaoch a chur orm a Bhean Uí

Chonaola. Abair le hAntaine go raibh gach duine anseo agcur a thuairisce. Slán.

15

Page 16: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Triail Chluastuisceana 3

CUID A

An Chéad ChainteoirDia daoibh. Seán Ó Coileáin is ainm dom. Rugadh i Londain mé ach d’fhill mé arÉirinn le mo chlann nuair a bhí mé trí bliana d’aois. Tá mé i mo chónaí i mBaile naCoille i gContae Laoise. Is as Port Laoise do mo mháthair agus is as Baile Shláine igContae na Mí do m’athair. Is aoibhinn liom a bheith ar scoil. Gaeilge agusmatamaitic na hábhair is fearr liom. Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoirbunscoile nuair a fhágfaidh mé an scoil.

An Dara CainteoirDairine Ní Dhubhda an t-ainm atá orm. Tá cónaí orm i gCathair Chill Chainnigh. Isinnealtóir é m’athair agus is cuntasóir í mo mháthair. Táim cúig bliana déag d’aois.Imrím haca agus cispheil agus táim ar fhoireann cispheile na scoile i mbliana. Nímaith liom obair scoile ach táim go maith ag an nGaeilge. Beidh an Teastas Sóisearachá dhéanamh agam i gceann cúpla mí ach ní fhéadfainn a rá go bhfuilim ag tnúth leis.

Cuid B

FógraAn múinteoir corpoideachais ag labhairt libh anseo. Tá cúpla fógra spóirt agamdaoibh inniu. Comhghairdeas le foireann haca shinsearach na scoile a bhuaighcraobh an chontae in aghaidh Scoil Éanna i gCill Iníon Léinín inné. D’imir ár gcúlbáire, Sinéad Ní Laoi, as a craiceann agus d’éirigh léi dhá bhuille pionóis a shábháil.Comhghairdeas freisin le foireann sacair na scoile a bhuaigh cluiche leathcheannaisan chontae i nDún Laoghaire aréir. Beidh an fhoireann ag dul ar aghaidh anois chuigan gcluiche ceannais a bheidh ar siúl i Ráth Éanaigh ag deireadh na míosa seo. Gon-éirí go geal leo uilig!Go raibh maith agaibh.

Píosa nuachtaTá na Gardaí ag lorg eolais i dtaobh eachtra a tharla i lár an bhaile mhóir Dé Céadaoinseo caite. Shiúil gadaí isteach i siopa seodóra agus d’ordaigh sé don úinéir antaisceadán a oscailt. Tar éis dó mála mór spóirt a líonadh le hairgead ón taisceadán,sciob sé fáinní, uaireadóirí, bráisléid agus muince sular thug sé na sála leis. Níorgortaíodh éinne ach má tá aon eolas agat faoin gcoir seo, cuir glaoch fóin ar na Gardaíi mBaile Átha Luain ag an uimhir 090-6445634.

16

Page 17: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Cuid C

Comhrá a haon

An Chéad MhírFiachra: Hi, a Fhionnuala. Fiachra anseo. Ní fhaca mé le fada tú.

Fionnuala: Dé do bheatha, a Fhiachra. Cad é mar atá tú?Fiachra: Ní gearánta domsa in aon chor a Fhionnuala ach chuala mé gur bhain

timpiste duit le déanaí.Fionnuala: Bhain. Baineadh barrthuisle asam nuair a bhí mé ag siúl abhaile ón

scoil agus ghortaigh mé cos liom. Dúirt an dochtúir liom go raibh morúitín leonta.

Fiachra: Cén uair a bheidh tú ag teacht ar ais ar scoil?Fionnuala: Bhuel, táim ag dul i bhfeabhas diaidh ar ndiaidh agus beidh mé ag

teacht ar ais ar scoil an Luan seo chugainn.

An Dara MírFiachra: Tá áthas orm go bhfuil tú agat féin arís.

Fionnuala: Mise leis, a Fhiachra, ach ní bheidh mé in ann cluiche ar bith a imirt goceann coicíse nó mar sin.

Fiachra: Dála an scéil, rinneadh físeán ar scoil den seó faisin a d’eagraigh daltaína tríú bliana ar son muintir Darfur. Ar mhaith leat féachaint air?

Fionnuala: Ba bhreá liom é a fheiceáil, a Fhiachra.Fiachra: Buailfidh mé isteach chugat tar éis scoile inniu agus tabharfaidh mé an

físeán liom. Slán go fóill.Fionnuala: Ó go hiontach, a Fhiachra! Táim ag tnúth go mór le tú a fheiceáil. Slán!

Comhrá a dó

An Chéad MhírAntaine: Hi, a Órlaith. Antaine anseo.Órlaith: ’Sea, a Antaine. Céard atá uait mar tá m’obair bhaile á déanamh agam.Antaine: Tá brón orm a Órlaith ach ní chuirfidh mé moill ort. Is dócha gur

chuala tú an dea-scéala faoin dtráth seo.Órlaith: Anois, a Antaine. Cén dea-scéala atá i gceist agat in ainm Dé?Antaine: Go mbeidh baill d’fhoireann rugbaí na hÉireann ag tabhairt cuairte ar

an scoil ar an Aoine seo chugainn.Órlaith: An é sin an fáth ar ghlaoigh tú orm? Nach bhfuil a fhios agatsa nach

bhfuil suim dá laghad agamsa i gcúrsaí spóirt.

An Dara MírAntaine: Ach d’iarr an príomhoide orm mar chaptaen fhoireann rugbaí na scoile

fáilte a chur roimh Bhrian agus na himreoirí eile. Dúirt sé liom daltaeile a roghnú chun cuidiú liom.

17

Page 18: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Órlaith: Ná habair liom go mbeidh Brian O’ Driscoll ag teacht.Antaine: Beidh, cinnte, ach, os rud é nach bhfuil suim dá laghad agat ann,

d’fhéadfainn labhairt le cailín eile mura dteastaíonn uait bualadh leis.Órlaith: Ná déan, a Antaine. Tá tú ag spochadh asam anois mar is maith is eol

duitse gurb é Brian mo rogha pearsa spóirt. Ní chaillfinn an deis seo arór na cruinne. Go raibh maith agat as ucht smaoineamh orm.

Antaine: Tá go maith, a Órlaith. Beidh mé ag caint leat ar scoil amárach.Órlaith: Slán anois, a Antaine.

Triail Chluastuisceana 4

CUID A

An Chéad ChainteoirSíle Ní Chonghaile ag labhairt libh anseo, a chairde. Cén chaoi a bhfuil sibh? Is asBaile Átha Buí i gContae na Mí mé. Tá mé ag freastal ar an gclochar áitiúil agus isaoibhinn liom é. Beidh an-bhrón orm nuair a bheidh mo laethanta scoilecríochnaithe agus nílim ag súil leis an lá sin ar chor ar bith. Ba mhaith liom a bheithi mo bhainisteoir óstáin amach anseo agus tá post páirtaimseartha faighte agam donsamhradh in óstán atá suite i lár an bhaile seo.

An Dara CainteoirBail ó Dhia oraibh. Is mise Méabh Nic Suibhne. Tá mé i mo chónaí i mBiorra igContae Uíbh Fháilí. Tá mé sé bliana déag d’aois. Táim i mo bhall den chlubcamógaíochta áitiúil agus imrím leadóg ar fhoireann na scoile. Tá ceithre chúirtleadóige sa scoil agus bíonn traenáil agam tar éis scoile trí huaire sa tseachtain. Bamhaith liom a bheith i mo thráchtaire spóirt nuair a bheidh mé fásta suas.

Cuid B

FógraA chairde, cathaoirleach an Chlub Óige anseo. Léireofar an ceoldráma Scrooge sachlubtheach ón dara lá déag go dtí an ceathrú lá déag de mhí na Nollag . Beidh naticéid ar díol ag an doras ar ocht euro do dhaoine fásta agus cúig euro do pháistí agusdo phinsinéirí. Is ceoldráma corraitheach é seo atá bunaithe ar leabhar cáiliúil dechuid Charles Dickens. Má tá ticéid uait, nó tuilleadh eolais faoin gceoldráma, cuirglaoch ar Philib Ó Riain ag an uimhir 8778273 nó is féidir ríomhphost a chur chuigeag an seoladh ríomhphoist Clubó[email protected].

Píosa nuachtaD’fhreastail daltaí, iardhaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ar ócáid speisialta imeánscoil Mhuire in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman, le déanaí. Bhí siad agtabhairt ómóis don mhúinteoir, Pádraig Mac Gearailt, a bhí ag éirí as a phost marmhúinteoir ceoil ann. Ní nach ionadh, bhí ceol agus siamsaíocht den scoth le

18

Page 19: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

cloisteáil ann chomh maith le bia blasta le hithe a d’ullmhaigh na daltaí don ócáid.Bronnadh feadóg mhór nua ar Phádraig ag deireadh na hoíche agus thug sé óráidiontach uaidh sular chas sé cuid de na foinn is ansa leis féin.

Cuid C

Comhrá a haon

An Chéad MhírSinéad: Haileo.

Seosamh: Hi, a Shinéad. Seosamh anseo. Cén fáth nach raibh tú ag an triailaisteoireachta aréir?

Sinéad: Cén triail, a Sheosaimh?Seosamh: An ceann i halla na scoile don cheoldráma a bheidh ar siúl um Nollaig!

Sinéad: Ó níor bhac mé leis in aon chor mar cheap mé go mbeadh nahiarrthóirí eile i bhfad níos fearr ná mise.

Seosamh: Ach mheas mé go raibh an-spéis go deo agat san aisteoireacht. Náréirigh go seoigh leat anuraidh i gceoldráma an bhaile?

An Dara MírSinéad: Ní raibh ar mo chumas a bheith ann faoi mar a tharla sé.

Seosamh: Anois, a Shinéad, caithfidh tú é seo a mhíniú dom. Cá raibh tú, mar sin?Amuigh ar an mbaile leis an raicleach sin, Bairbre Ní Chofaigh, an ea?

Sinéad: Ní hea, a Sheosaimh. Chun na fírinne a rá bhí tinneas goile orm agusmhol mo mháthair dom fanacht sa bhaile. Bhí eagla orm glaoch a churort mar cheap mé go mbeifeá ar buile liom tar éis dúinn socrú adhéanamh bualadh le chéile ann.

Seosamh: Cén fáth a mbeinn ar buile leis an gcara is fearr atá agam? Táan t-ádh dearg ort, a Shinéad, mar ní mó ná sásta a bhí na moltóirí leisna hamhránaithe a bhí ag cur isteach ar an bpríomhpháirt aréir. Dúirtsiad go leanfaidís siad ar aghaidh leis na trialacha ar scoil maidinamárach.

Sinéad: Go hiontach. Beidh mé ann gan teip. Slán go fóill, a Sheosaimh.

Comhrá a dó

An Chéad MhírGráinne: Haileo.

Muiris: A Ghráinne, Muiris anseo.Gráinne: A Mhuiris. Is fada ó chonac go déanach tú! Chuir mé glao ort cúpla

uair le coicís anuas ach ní bhfuair mé aon fhreagra uait.Muiris: Bhí m’fhón póca briste agus d’imíomar ón seanteach trí

seachtaine ó shin. Cheannaigh mo mhuintir teach breá faoin tuath.Gráinne: Cheap mé go raibh tú an-cheanúil ar an seancheann a bhí agaibh. Teach

breá ba ea é sin chomh maith.

19

Page 20: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Muiris: ’Sea, ach bhí mo mháthair dubh dóite den saol sa bhaile mór.Theastaigh uaithi filleadh ar a ceantar dúchais faoin tuath agusthugamar cead a cinn di.

An Dara MírGráinne: Céard é do mheas féin ar shaol na tuaithe, a Mhuiris?

Muiris: Caithfidh mé a admháil nach n-airím saol an bhaile mhóir uaim archor ar bith. Tá an t-aer i bhfad níos folláine ann, ní bhímid gafa idtranglam tráchta ar maidin agus agus tá sé i bhfad níos ciúine ann irith an lae.

Gráinne: Bhuel, an fáth gur chuir mé glao ort ná go mbeidh dioscó ar siúl ag andeireadh seachtaine i gclub na n-óg. An dtiocfaidh tú in éineacht liom,a Mhuiris?

Muiris: Tiocfaidh, cinnte, a Ghráinne. Ní chaillfinn é ar ór na cruinne.Gráinne: An-mhaith, a Mhuiris. Cuirfidh mé glaoch ort arís oíche Dé hAoine.

Slán.Muiris: Slán, a Ghráinne.

Triail Chluastuisceana 5

Cuid A

An Chéad ChainteoirGearóidín Nic an tSaoir ag caint libh. Táim i mo chónaí le mo thuismitheoirí agus lemo bheirt deirfiúracha óga i nDún Dealgan i gContae Lú. Rugadh mé ansin cúigbliana déag ó shin. Is as Baile Átha Fhirdia do m’athair agus is meicneoir é. Tháinigsé go Dún Dealgan lena mhuintir nuair a bhí sé ina dhéagóir. Oibríonn sé i ngaráisteáitiúil agus bíonn sé iontach gnóthach ó cheann ceann na seachtaine ann. Rugadh momháthair sa bhaile seo agus is tiománaí bus í. Is breá liom an drámaíocht ar scoilagus ba mhaith liom a bheith i m’aisteoir amach anseo.

An Dara CainteoirCén chaoi a bhfuil sibh? Is mise Cathal de Barra. Tá cónaí orm le mo theaghlach imBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Is mise an duine is sine sa chlann. Tádeirfiúr amháin agam atá dhá bhliain níos óige ná mé. Bláithín is ainm di agus tá anbheirt againn ag freastal ar scoileanna cónaithe i gContae Luimnigh. Is aoibhinn liomcluichí spóirt go háirithe rugbaí agus sacar. Is é an t-imreoir rugbaí Paul O’Connell anphearsa spóirt is rogha liom. Tá an-suim agam sa bhanna ceoil Coldplay agus bhí méi láthair ag ceolchoirm dá gcuid i mBaile Átha Cliath anuraidh. Sin rud nachdtuigeann m’athair ar chor ar bith mar níl suim dá laghad aige i gcúrsaí ceoil!

20

Page 21: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Cuid B

FógraLéireofar an dráma Mol an Óige le Sorcha Ní Fhloinn in Amharclann an Phobail, Bailean Iúir, Corcaigh, ón deichiú go dtí an t-aonú lá is fiche de Bhealtaine. Beidh na ticéidar díol san amharclann nó is féidir suíocháin a chur in áirithe ar an Idirlíon. Is drámaspéisiúil é seo atá bunaithe ar laethanta scoile an drámadóra féin. Pléitear téamaíéagsúla a bhaineann le saol an dalta scoile ann. Má tá greis eolais uait faoin dráma,cuir glaoch ar Eithne ag an uimhir 021-4385720 nó féach ar an suíomh idirlínwww.Amharclann an Phobail. Baile an Iúir.ie

Píosa nuachtaA chairde, Cathaoirleach chlub dornálaíochta na hUaimhe anseo. Beidh comórtasmór dornálaíochta ar siúl san ionad spóirt Dé hAoine seo chugainn, ag tosú ar ahocht a chlog. Beidh babhtaí ar siúl do dhornálaithe óga faoi ocht mbliana déagd’aois agus, más maith leat d’ainm a chur isteach don chomórtas, ba chóir duit teachtgo dtí an club ar an Déardaoin roimh a seacht a chlog. Bronnfar duaiseanna ar nabuaiteoirí agus ceannófar trealamh nua leis an airgead a bhaileofar. Má tá tuilleadheolais uait cuir glaoch ar rúnaí an chlub ag an uimhir 22879654.

Cuid C

Comhrá a haon

An Chéad MhírÉamonn: Hi, a Phádraigín. Éamonn anseo. Níor chuala mé uait le fada.

Pádraigín: Ó, haileo, a Éamonn. Bhí mé i Meiriceá le coicís anuas.Éamonn: Cad a bhí idir lámha agat ansin?

Pádraigín: Nach ndúirt mé leat tamall ó shin go mbeadh foireann cispheile nascoile ag tabhairt cuairte ar roinnt meánscoileanna in Orlando.

Éamonn: Ó rinne mé dearmad glan air sin. Conas a d’éirigh libh ann?Pádraigín: D’éirigh go geal linn ann. D’imríomar cúig cinn de chluichí ar fad agus

bhuamar ceithre cinn díobh.

An Dara MírÉamonn: Caithfidh go raibh an-saoire agaibh, mar sin.

Pádraigín: Chaitheamar oiread ama agus ab fhéidir linn ar an trá mar bhí sé an-tei rith an lae.

Éamonn: An ndearna sibh mórán taistil fad is a bhí sibh ann?Pádraigín: Thugamar cuairt ar chathair Nua Eabhrac agus d’fhanamar ann ar feadh

dhá lá. Bhí an turas sin go sármhaith. D’fhéadfainn bualadh isteachchugat um thráthnóna chun na grianghraif a thaispeáint duit.

Éamonn: Bheadh sé sin go hiontach. Slán go fóill, a Phádraigín.Pádraigín: Slán agat, a Éamonn.

21

Page 22: Maoin 3 - mentorbooks.ieE9ipscript.pdf · An Dara Mír Maolíosa: Ach d’iarr an múinteoir Gaeilge orm fáilte a chur rompu agus dúirt sí liom dalta eile a fháil chun cabhrú

Comhrá a dó

An Chéad MhírAn príomhoide: A Mháire-Éilis, cén fáth a bhfuil tú i do sheasamh anseo in

oifig an phríomhoide arís?Máire-Éilis: Chuir Bean Uí Cheallaigh amach as an seomra mé agus

d’ordaigh sí dom dul chugat láithreach bonn.An príomhoide: Inis dom, i dtús báire, cén fáth a raibh sí míshásta leat?

Máire-Éilis: Rug sí orm ag cur téacsteachtaireachta chuig cara liom.An príomhoide: Níl mé sásta leat ar chor ar bith. Beidh ort fanacht siar tar

éis scoile amárach.Máire-Éilis: Ó ná déan é sin, mura miste leat!

An Dara MírAn príomhoide: Cad ina thaobh nach ndéanfainn?

Máire-Éilis: Mar beidh mé ag imirt ar fhoireann haca na scoile tar éisscoile amárach agus beidh an traenálaí le ceangal murambeidh mé ann.

An príomhoide: Scaoilfidh mé leat an babhta seo, a Mháire-Éilis.Máire-Éilis: Geallaimse duit nach dtarlóidh sé arís.

An príomhoide: Tá go maith ach caithfidh tú a rá le Bean Uí Cheallaigh gobhfuil aiféala ort.

Máire-Éilis: Táim an-bhuíoch díot, a dhuine uasail. Slán agat.

22