ga - european parliament · chód teorainneacha schengen – leasú teicniúil ar rialachán atá...

30
GA GA GA

Upload: vanlien

Post on 28-Feb-2019

222 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

GA GA

GA

GA GA

AN COIMISIÚN EORPACH

An Bhruiséil 10.3.2011 COIM(2011) 118 leagan deireanach

2011/0051 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear

gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), agus an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

GA 2 GA

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sa togra seo roinnt leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen). Is de thoradh ar an taithí a fuarthas le linn bhlianta tosaigh chur i bhfeidhm an Rialacháin sin na leasuithe seo. Áirítear sa togra freisin roinnt modhnuithe a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme.

Comhthéacs ginearálta

An 13 Deireadh Fómhair 2006 tháinig Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) i bhfeidhm.

Tar éis é a chur i bhfeidhm go praiticiúil thar cheithre bliana, is léir go bhfuil gá le roinnt leasuithe teoranta teicniúla. Is iad seo a leanas príomhfhoinsí na leasuithe sin:

– taithí phraiticiúil na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le Cód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear torthaí ar mheastóireachtaí ar Schengen mar aon le tuarascálacha agus iarrataí a chuir na Ballstáit isteach;

– tuarascáil ón gCoimisiún, Meán Fómhair 2009, maidir le hoibriú na bhforálacha i ndáil le doiciméid taistil náisiúnach tríú tír a stampáil i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 11 de Chód Teorainneacha Schengen (COIM(2009) 489);

– tuarascáil ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Theideal III (Teorainneacha Inmheánacha) de Chód Teorainneacha Schengen (COIM(2010)554);

– tuairimí maidir le comhsheasmhacht, nasctha le reachtaíocht eile a glacadh le déanaí, go háirithe an Cód Víosa (Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 an 13 Iúil 2009) agus an Treoir i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (Treoir 2008/115/CE an 16 Nollaig 2008).

Tá leasuithe sa togra seo a fheabhsaíonn soiléireacht agus a dhéanann an raon feidhme a chúngú i dtaobh léirmhínithe éagsúla ar an téacs atá ann cheana, chomh maith le leasuithe a théann i ngleic le fadhbanna praiticiúla a tháinig chun cinn le linn bhlianta tosaigh Chód Teorainneacha Schengen. Ina theannta sin, déanann sé foráil maidir le creat sainráite dlíthiúil i ndáil le comhaontuithe déthaobhacha a bhaineann le seiceálacha ag comhtheorainn ar thrácht ar bhóithre.

Beidh tograí sonracha a ndéanfar a phlé i leataobh dírithe ar thionscnaimh nua beartais, amhail Córas um Dhul Isteach/um Imeacht an AE agus Clár an AE um Chlárúchán Taistealaithe.

GA 3 GA

Forálacha atá ann cheana

Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) agus an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Ba iad na hathruithe beartaithe seo ábhar malartaithe tuairimí le saineolaithe ó na Ballstáit ag cruinniú an Ghrúpa um Inimirce agus Tearmann an 16 Márta 2010.

Thug cruinniú speisialta saineolaithe an 7 Bealtaine 2010 deis dianmhalartú tuairimí a dhéanamh maidir leis na leasuithe beartaithe. Thug saineolaithe na mBallstát tacaíocht den chuid is mó don mhéid a bhí sna hathruithe beartaithe agus don chur chuige i dtaobh leasuithe teicniúla a bheartú chun roinnt feabhsuithe teoranta praiticiúla agus teicniúla a dhéanamh ar Chód Teorainneacha Schengen. Leag roinnt saineolaithe béim ar an ngá práinneach praiticiúil atá ann aghaidh a thabhairt ar roinnt de na saincheisteanna a ardaítear sa togra seo ar bhealach pragmatach, agus chuir siad in iúl go raibh súil acu go bhféadfaí na leasuithe a ghlacadh go tapa.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre

Baineann na príomhleasuithe atá beartaithe leis na saincheisteanna seo a leanas:

– Modh ríomha "tréimhsí fanachta nach faide ná trí mhí in aon tréimhse sé mhí" (Airteagal 5) a shainiú go soiléir: tar éis an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an 3 Deireadh Fómhair 2006 i gCás C-241/05, Bot, (ECR 2006 p.I-09627) agus tar éis foráil ghaolmhar chomhthreomhar a ghlacadh in Airteagal 2(2)(a) den Chód Víosa, tá gá le Treoir reachtach shoiléirithe agus bharántúil i ndáil leis an tsaincheist seo do Chód Teorainneacha Schengen.

– Soiléiriú maidir leis an tréimhse bailíochta is gá le haghaidh doiciméad taistil daoine nach bhfuil víosa ina seilbh acu (Airteagal 5), mar fhreagra ar riachtanais phraiticiúla agus d'fhonn an téacs a ailíniú le hAirteagal 12 den Chód Víosa.

– An fhéidearthacht lánaí ar leith a chruthú le haghaidh taistealaithe gan víosa (Airteagal 9) d'fhonn breis solúbthachta a sholáthar agus d'fhonn rialú teorann a luathú i gcomhréir le riachtanais phraiticiúla.

– Oiliúint fheabhsaithe le haghaidh gardaí teorann d'fhonn cásanna atá leochaileach a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh gáinneála a bhrath (Airteagal 15); dearbhaíodh le déanaí i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Mionaoisigh Neamhthionlactha (2010 – 2014) COIM(2010) 213 leagan deireanach an 6.5.2010 an gá le díriú go sonrach ar oiliúint maidir le cásanna dá leithéidí a bhrath.

GA 4 GA

– An fhéidearthacht foráil a dhéanamh maidir le maoluithe a bhaineann le dul isteach agus imeacht ball de na seirbhísí tarrthála, póilíní agus briogáidí dóiteáin a bhíonn ag gníomhú i gcásanna éigeandála (Airteagal 19).

– Creat dlíthiúil sainráite le haghaidh trasnuithe ag comhtheorainn (Iarscríbhinn VI): chun go bhféadfaí comhaontuithe déthaobhacha a tabhairt i gcrích idir na Ballstáit agus tríú tíortha comharsanachta maidir le comhar i rialú teorann lena bhfuil pointí trasnaithe ag comhtheorainn i gceist, ní foláir Iarscríbhinn VI de Chód Teorainneacha Schengen a leasú d'fhonn cead sainráite a thabhairt maidir le comhaontuithe déthaobhacha i ndáil le seiceálacha ag comhtheorainn ar thrácht ar bhóithre agus d'fhonn creat dlíthiúil ar phríomh-shaincheisteanna áirithe a sholáthar, amhail cás daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á hiarraidh acu.

Bunús dlí

Airteagal 77(1) mar aon le hAirteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déanann an togra seo leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) a bhí bunaithe ar fhorálacha comhionanna an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, i.e. Airteagal 62(1) agus (2)(a). Déanann sé leasú freisin ar Airteagal 21 agus Airteagal 22 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme, Airteagail ar cinneadh le Treoir 1999/436/CE iad a bhunú ar Airteagal 62(3) CE, agus déanann sé leasú ar Airteagal 136 den Choinbhinsiún sin, ar cinneadh é a bhunú ar Airteagal 62(2) CE.

Prionsabal na coimhdeachta

Le hAirteagal 77(1)(a) agus (b), cumhachtaítear don Aontas beartas a fhorbairt d'fhonn a áirithiú nach ndéanfar rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha agus d'fhonn seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus monatóireacht éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú ag teorainneacha seachtracha.

Tá an togra seo leagtha amach faoi na teorainneacha a leagtar síos leis na forálacha sin. Is é cuspóir an togra seo tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na bearta de Chód Teorainneacha Schengen maidir leis na seiceálacha a dhéantar ar dhaoine atá ag trasnú teorainneacha seachtracha agus maidir leis an easpa rialaithe ar dhaoine agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha, agus na bearta sin a fheabhsú ón taobh teicniúil de. Ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú leo féin toisc nach féidir ach leis an Aontas gníomh de chuid an Aontais atá ann cheana (Cód Teorainneacha Schengen) a leasú.

Prionsabal na comhréireachta

Dearbhaítear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Ní foláir modh a roghnú le haghaidh na gníomhaíochta seo lenar féidir cuspóir an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme a éifeachtaí agus is féidir.

Nuair a cruthaíodh Cód Teorainneacha Schengen in 2006, níorbh fholáir é a bheith i bhfoirm rialacháin, d'fhonn a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm é ar an mbealach céanna sna Ballstáit ar fad

GA 5 GA

ina gcuirtear acquis Schengen i bhfeidhm. Is éard atá sa tionscnamh atá beartaithe – leasú ar Chód Teorainneacha Schengen – leasú teicniúil ar rialachán atá ann cheana agus ní féidir é sin a bhaint amach ach trí bhíthin rialacháin. Ó thaobh an inneachair de, tá an tionscnamh seo teoranta d'fheabhsuithe ar an rialachán atá ann cheana agus tá sé bunaithe ar threoshuíomh na mbeartas atá sa rialachán sin. Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

Rogha na hionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann aon impleachtaí do bhuiséad an AE leis an leasú atá beartaithe.

5. FAISNÉIS BHREISE

Na hiarmhairtí atá ag na prótacail éagsúla atá i gceangal leis na Conarthaí agus ag na comhaontuithe comhlachais a cuireadh i gcrích le tríú tíortha

Tá an bunús dlí atá leis an togra seo le fáil i dTeideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bharr sin, tá feidhm ag an gcóras 'geoiméadracht athraitheach' dá bhforáiltear sna prótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe, na hÉireann agus na Danmhairge agus i bprótacal Schengen. Is forbairt é an togra seo ar acquis Schengen. Ní foláir na hiarmhairtí maidir le prótacail éagsúla a mheas i ndáil leis an Danmhairg, le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe; leis an Íoslainn agus an Iorua; leis an Eilvéis agus Lichtinstéin. Déantar cur síos mionsonraithe ar chás gach ceann de na stáit sin in aithrisí 7-12 den togra seo.

Achoimre ghonta ar na leasuithe atá beartaithe

– Airteagal 1 – Leasuithe ar Chód Teorainneacha Schengen:

Athruithe cothrománacha

– Síos tríd an téacs, beartaítear roinnt athruithe a leanann as teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin ('AE' in ionad 'CE'; 'an tAontas Eorpach' in ionad 'an Comhphobal Eorpach'; tagairtí nuashonraithe d'fhorálacha an Chonartha).

Airteagal 2, Sainmhínithe

– Pointe 1: Leasú a leanann as na hathruithe atá beartaithe i bpointe 4 agus pointe 4a.

– Pointe 4: Soiléiriú, a leagann béim ar phointe 4 d'Airteagal 2 a bheith bainteach le naisc bád farantóireachta idir na Ballstáit amháin.

– Pointe 4(a): De réir an tsainmhínithe nua, ceadófar d'oibreoirí inmheánacha lasta tairbhe a bhaint as an easpa rialuithe ar theorainneacha inmheánacha ar an mbealach céanna le hoibreoirí inmheánacha bád farantóireachta.

– Pointe 15.: Déantar athchóiriú ar an sainmhíniú ar chead cónaithe. D'fhonn aon bhaol míthuisceana a sheachaint, sonraítear nach ionann riamh víosaí (idir víosaí fadfhanachta

GA 6 GA

agus víosaí gearrfhanachta) agus 'ceadanna cónaithe' laistigh de bhrí phointe 15(b). Baintear amach an tagairt do 'dul isteach in athuair' ar téarma as dáta é. Déantar soiléiriú freisin gur gá ceadanna náisiúnta a fhógairt agus a fhoilsiú faoi Airteagal 34 chun go n-aithneofar mar cheadanna náisiúnta iad.

Airteagal 4, Teorainneacha seachtracha a thrasnú

D'fhonn iarracht a dhéanamh struchtúr foriomlán agus soiléireacht an téacs a fheabhsú, baintear amach na maoluithe mionsonraithe atá i bpointe (a) agus pointe (b). D'fhonn substaint na bhforálacha atá scriosta a choimeád, leasaítear Airteagal 18 agus Airteagal 19 d'fhonn maoluithe ar Airteagal 4 a cheadú maidir le cineálacha éagsúla teorainneacha agus catagóirí daoine go ginearálta, in éineacht leis an bhfriotal atá ann cheana in Iarscríbhinn VI 3.2.5.-9. (bádóireacht áineasa agus iascaireacht chósta) agus Iarscríbhinn VII 3.1 (maraithe). Tá an tagairt do 'teorainneacha seachtracha a thrasnú ó am go ham' i mír 2 dírithe ar idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na heisceachtaí a údaraítear faoin bhforáil seo ó chórais áitiúla tráchta ag an teorainn a cheadaíonn 'trasnú rialta' (arna rialú le hAirteagal 35 agus Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006). Ina theannta sin, údaraítear go sainráite i mír 2 comhaontuithe déthaobhacha le tríú tíortha comharsanachta sa réimse sin.

Airteagal 5, Coinníollacha dul isteach le haghaidh náisiúnach tríú tír

– Mír 1: Tréimhse fanachta: tar éis an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an 3 Deireadh Fómhair 2006 i gCás C-241/05, Bot, agus tar éis foráil ghaolmhar chomhthreomhar a ghlacadh in Airteagal 2(2)(a) den Chód Víosa, tugtar Treoir reachtach shoiléir d'fhonn "trí mhí in aon tréimhse sé mhí" a ríomh do Chód Teorainneacha Schengen tríd an bhfriotal a ailíniú leis an gCód Víosa. Doiciméid bhailí taistil: mar fhreagra ar riachtanais phraiticiúla, tá an téacs ailínithe le hAirteagal 12 den Chód Víosa, lena n-áirítear an fhéidearthacht do na gardaí teorann eisceachtaí a cheadú i gcásanna éigeandála a bhfuil bonn cuí leo.

– Mír 4: An frása 'víosa dul isteach in athuair' atá as dáta agus míthreorach a bhaint amach. Tagairt don Chód nua Víosa a chur in ionad na tagartha do Rialachán (CE) Uimh. 415/2003 in Airteagal 5(4)(b). Ós rud é go gceanglaítear in Airteagal 46 agus Iarscríbhinn XII den Chód Víosa go dtiomsófar staidreamh maidir le víosaí i gcás gach áit a n-eisíonn na Ballstáit víosaí (áirítear sa sainmhíniú sin pointí trasnaithe teorann áit a n-eisítear víosaí), níl feidhm leis an dara mír d'Airteagal 5(4)(b) a thuilleadh agus ba cheart tagairt d'fhorálacha ábhartha an Chóid Víosa a chur ina hionad.

Airteagal 7, Seiceálacha teorann ar dhaoine

– Mír 5: Soiléiriú ar an oibleagáid atá ann cheana faisnéis i scríbhinn a sholáthar.

– Mír 8 nua: Ós rud é go bhféadfadh gá a bheith ann, sa chleachtas, foráil a dhéanamh maidir le maoluithe áirithe ar Airteagal 7 de bharr na ndálaí eisceachtúla a liostaítear in Airteagal 4(2) (riachtanais de chineál speisialta agus cásanna éigeandála), ceadaítear an méid sin go sainráite.

GA 7 GA

Airteagal 9, Lánaí ar leith agus faisnéis ar chomharthaí

– Mír 2: Tá sé i gceist go soláthróidh an fhéidearthacht lánaí ar leith a chruthú le haghaidh taistealaithe gan víosa breis solúbthachta agus go luathóidh sí rialú teorann i gcomhréir le riachtanais phraiticiúla.

Airteagal 10, Doiciméid taistil náisiúnach tríú tír a stampáil

– Mír 2: Botún teanga sa leagan Béarla den téacs a cheartú.

– Mír 3: Tá cás chriúnna na dtraenacha a oibríonn ar naisc idirnáisiúnta inchurtha le cás píolótaí nó maraithe toisc go leanann na traenacha sin sceideal seasta. D'fhógair an Coimisiún cheana féin sa 'tuarascáil stampála' (COIM(2009) 489 leagan deireanach) ón gCoimisiún, Meán Fómhair 2009, go dtabharfadh sé isteach díolúine ó stampáil don chatagóir seo daoine.

Airteagal 11, Toimhde maidir le coinníollacha i ndáil le fad na tréimhse fanachta a chomhlíonadh

– Mír 3: Oiriúnú teicniúil a leanann as reachtaíocht nua a ghlacadh (Treoir 2008/115/CE i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais).

– Mír 4 nua: Oiriúnú teicniúil chun bearna sa téacs seo a líonadh (fianaise imeachta in éagmais stampa imeachta).

Airteagal 12, Faireachas ag an teorainn

– Modhnú a bhaineann le cumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 13, Dul isteach a dhiúltú

– Mír 5: Oiriúnú teicniúil a leanann as reachtaíocht nua a ghlacadh (Rialachán maidir le staidreamh i ndáil le hImirce 862/2007).

Airteagal 15, Rialuithe a chur chun feidhme

– Mír 1: Déantar tagairt shainráite do lárchuraclaim choiteanna le haghaidh gardaí teorann arna bhforbairt ag FRONTEX. Leagadh béim le déanaí i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Mionaoisigh Neamhthionlactha (COIM 2010(213) leagan deireanach an 6.5.2010) ar an ngá le díriú go sonrach ar oiliúint maidir le cásanna atá leochaileach a bhrath.

Airteagal 18, Rialacha sonracha maidir leis na cineálacha éagsúla teorainneacha agus na modhanna éagsúla iompair a úsáidtear chun teorainneacha seachtracha a thrasnú

– An abairt dheireanach: Mar chomhlánú ar na leasuithe a rinneadh ar Airteagal 4(2), soláthraítear bonn comhtháite córasach le haghaidh maoluithe ar Airteagal 4 maidir le gach cineál teorann agus gach modh iompair a luaitear in Iarscríbhinn VI.

GA 8 GA

Airteagal 19, Rialacha sonracha maidir le seiceálacha a dhéanamh ar chatagóirí áirithe daoine

– Mír 1(g) nua: D'fhonn maoluithe a bhaineann le dul isteach agus imeacht ball de na seirbhísí tarrthála, póilíní agus briogáidí dóiteáin a bhíonn ag gníomhú i gcásanna éigeandála a cheadú, tá gá le creat sainráite dlíthiúil (catagóir nua a chur le hAirteagal 19) agus forálacha gaolmhara ag gabháil leis sin in Iarscríbhinn VII) lena n-áirítear an fhéidearthacht comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích ar an tsaincheist seo.

– Mír 1(h) nua: Déantar díolúine speisialta i gcás oibrithe amach ón gcósta (amhail oibrithe ar ardáin ola nó ar pháirceanna gaoithe mara) i bpointe 8 d'Iarscríbhinn VII, ina ndéantar foráil maidir le rialacha atá inchurtha leis na rialacha atá ann d'iascaireacht chósta (Iarscríbhinn VI, pointe 3.2.8. agus pointe 9).

– Mír 1, an dara habairt: Mar chomhlánú ar na leasuithe a rinneadh ar Airteagal 4(2), soláthraítear bonn comhtháite córasach le haghaidh maoluithe ar Airteagal 4 maidir le gach catagóir duine a luaitear in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 21, Seiceálacha laistigh den chríoch

– Pointe d: Ní chuireann neart Ballstát chun feidhme Airteagal 22 den Choinbhinsiún chun Schengen a chur chun feidhme (oibleagáid tuairiscithe do náisiúnaigh tríú tír atá ag dul isteach i mBallstáit eile agus a fhanfaidh go dleathach iontu). Glactar leis go forleathan go mbeidh deacrachtaí praiticiúla ann maidir le comhlíonadh na hoibleagáide tuairiscithe ginearálta sin a fhíorú agus ní fhéadfaí a rá go diongbháilte maidir le costas agus sochar de, go bhfuil iarmhairt shuntasach ag an riail sin ar inimircigh atá ag fanacht go mídhleathach a aithint. Moladh, dá bhrí sin, sa tuarascáil ón gCoimisiún a rinneadh le déanaí maidir le cur i bhfeidhm Theideal III (Teorainneacha Inmheánacha) de Chód Teorainneacha Schengen (COM(2010) 554), Airteagal 22 den Choinbhinsiún chun Schengen a chur chun feidhme agus an tagairt chomhfhreagrach di in Airteagal 21(d) de Chód Teorainneacha Schengen a aisghairm. Ní dhéanann an leasú atá beartaithe difear do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le seiceálacha spriocdhírithe chun inimirce mídhleathach a chomhrac ina gcríoch, laistigh de na teorainneacha atá leagtha amach in Airteagal 21, pointí a go c.

Airteagal 32, Leasuithe ar na hIarscríbhinní

– Modhnú a bhaineann le cumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 33, An tarmligean a fheidhmiú

– Ní foláir an chumhacht maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean go sonrach chuig an gCoimisiún. Leanann an togra an friotal caighdeánach atá molta i ndréacht Chomhthuiscint Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh ina leagtar amach modh oibre i measc na n-institiúidí maidir le hAirteagal 290 a chur chun feidhme. Féadfaidh go mbeidh tuilleadh modhnuithe ag teastáil maidir leis an bhfriotal chun torthaí na gcaibidlíochtaí leanúnacha idirinstitiúideacha a áireamh.

GA 9 GA

Airteagal 34, Fógra

– Mír 1: Soiléiriú atá bainteach leis na leasuithe ar Airteagal 2(15). I bhfianaise na n-éifeachtaí dlíthiúla a bhaineann le cártaí cónaithe a eisítear faoi Threoir 2004/38/CE de réir Chód Teorainneacha Schengen, níorbh fholáir a léiriú go soiléir an cineál ceada atá i gceist.

Airteagal 37, Fógra faisnéise arna dhéanamh ag na Ballstáit

– Na hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú, agus oibleagáid á cur go sainráite ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi gach comhaontú déthaobhach arna údarú ag Cód Teorainneacha Schengen.

Iarscríbhinn III

– Oiriúnú a leanann as an leasú ar Airteagal 9(2) chun lánaí ar leith le haghaidh taistealaithe gan víosa a cheadú.

Iarscríbhinn IV

– Mír 3: Oiriúnú teicniúil. I bhfianaise mhéid caighdeánach an doiciméid taistil (126 x 88 mm), an ghreamáin víosa (105 x 74 mm) agus an stampa dul isteach/imeachta (43 x 30 mm), tá sé dodhéanta cloí leis an riail gur cheart na stampaí a ghreamú ar an leathanach céanna leis an ngreamán víosa gan baol cur isteach ar sholéiteacht na dtásc ar an víosa.

Iarscríbhinn VI

– Pointe 1.1.4. nua: D'fhonn tabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha a cheadú idir Ballstáit agus tríú tíortha comharsanachta maidir le comhar i rialú teorann lena bhfuil pointí trasnaithe ag comhtheorainn i gceist, tá gá le creat sainráite dlíthiúil a chumhdóidh roinnt príomh-shaincheisteanna amhail cás daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á hiarraidh acu. Ceadaíonn an leasú beartaithe do Bhallstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích (údarú laistigh de bhrí Airteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) ach ní chuireann sé d'oibleagáid orthu an méid sin a dhéanamh.

– Féach Pointe 1.2.1. agus pointe 1.2.2.: Ar mhaithe le comhsheasmhacht, tá na rialacha maidir le tabhairt i gcrích comhaontuithe déthaobhacha i ndáil le seiceálacha teorann ar thrácht ar iarnróid ailínithe leis an gcreat dlíthiúil arna bheartú i bpointe 1.1.4. maidir le trácht ar bhóithre. De bharr an athraithe beartaithe ar Airteagal 37, níl aon fheidhm leis an abairt dheireanach i bpointe 1.2.1. a thuilleadh agus ba cheart í a scriosadh. Déantar foráil maidir le breis solúbthachta i ndáil leis an áit ina bhféadfar na seiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais phraiticiúla.

– Pointe 3.1.1-3.1.5: Oiriúnaithe teicniúla a dhéanann an friotal a ailíniú leis an téarmeolaíocht arna húsáid i gCoinbhinsiún FAL (Coinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú) agus Treoir 2010/65/AE maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag bealach isteach agus ag bealach amach ó

GA 10 GA

chalafoirt na mBallstát1, lena n-áirítear an fhéidearthacht a thabhairt isteach liostaí criú agus paisinéirí a chur isteach go leictreonach; tagairt don fhaisnéis arna ceangal ag liostaí Choinbhinsiún FAL mar atá formhuinithe le Treoir 2002/6/CE a thabhairt isteach; an fhéidearthacht liostaí a chur isteach chuig na húdaráis calafoirt a chuirfidh ar aghaidh chuig na poist teorann iad; spriocdhátaí i dtaobh na liostaí a tharchur; Treoir níos sonraí i dtaobh na liostaí a bheith á seiceáil ag lucht riaracháin; agus soiléiriú ar an ngá le seiceáil a dhéanamh ar dhaoine atá ag fanacht ar bord gan teacht i dtír.

– Pointe 3.2.1: Oiriúnaithe a leanann as modhnuithe ar phointe 3.1.

– Pointe 3.2.2: Oiriúnú, i gcomhréir leis na hathruithe atá beartaithe i bpointe 3.1.4.

– Pointe 3.2.4: D'fhonn forluí le pointe 3.1.2 mar atá leasaithe a sheachaint, ba cheart pointe 3.2.4. a scriosadh.

– Pointe 3.2.9.: Tá foráil déanta cheana féin i bpointe 3.1.2. maidir le hoibleagáid athruithe a chur in iúl agus ní gá í a lua arís i bpointe 3.2.9.

– Pointe 3.2.10.(i) nua: Soiléiriú ar an ngá le liostaí criú agus paisinéirí a chur isteach i gcás nasc bád farantóireachta, ailínithe le forálacha Threoir 98/41/CE maidir le Sábháilteacht Mhuirí.

– Pointe 3.2.11. nua: Soiléiriú maidir leis an gcóras is infheidhme i ndáil le báid farantóireachta ó thríú tír a stopann níos mó ná uair amháin laistigh de chríoch na mBallstát, ag cloí le loighic agus le friotal na forála comhthreomhaire atá ann cheana maidir le teorainneacha aeir (pointe 2.1.2.(b)(iii)).

Iarscríbhinn VII

– Pointe 3.1.: Botún eagarthóireachta a cheartú: tá Coinbhinsiún na Maraithe maidir le Doiciméid Aitheantais Uimh. C 108 daingnithe ag formhór na mBallstát; níl Coinbhinsiún na Maraithe maidir le Doiciméid Aitheantais Uimh. C 185 daingnithe ach ag trí Bhallstát (LT, HU, FR). Ba cheart an dá Choinbhinsiún a lua dá bhrí sin. Feabhas eagarthóireachta: tugtar le tuiscint leis an bhfrása 'dul i dtír' ag calafort ní amháin an dul isteach ach an fhéidearthacht dul ar ais ar bord (imeacht) a luaithe is a bheidh an fanacht ar an mórthír críochnaithe.

– An abairt dheireanach i bpointe 3.1 agus pointe 3.2. a scriosadh: Pléann Pointe 3 le maoluithe ar Airteagal 4 agus Airteagal 7 amháin, ní phléann sé le maoluithe ar Airteagal 5. Tá an téacs míthreorach, dá bhrí sin, agus ba cheart é a scriosadh.

– Pointe 6.4 agus pointe 6.5.: Ní foláir anois liosta na bpointí teagmhála náisiúnta a bhunú chun críoch comhairliúcháin maidir le mionaoisigh (faoi láthair bunaítear iad ar bhonn deonach faoi roinn 3.7 agus Iarscríbhinn 37 de Lámhleabhar Schengen) agus é a chur d'oibleagáid an liosta sin a úsáid

– Pointe 7 nua: Féach an trácht ar Airteagal 19(1)(g) thuas.

1 Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir

le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag bealach isteach agus/nó ag bealach amach ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE; IO L 283, 29.10.2010, lch. 1

GA 11 GA

– Pointe 8 nua: Féach an trácht ar Airteagal 19(1)(h) thuas.

Iarscríbhinn VIII

– Oiriúnú a leanann as modhnú ar Airteagal 11.

Airteagal 2 – Leasuithe ar an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme:

– Airteagal 21(3) a aisghairm: I bhfianaise na n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 34 de Chód Teorainneacha Schengen, níl feidhm leis an bhforáil seo a thuilleadh agus is gá í a aisghairm.

– Airteagal 22 a aisghairm: Féach na tráchtaí ar Airteagal 21(d) de Chód Teorainneacha Schengen thuas.

– Airteagal 136 a aisghairm: Comhchuibhíodh na rialacha maidir le seiceálacha teorann le dlí an AE. Déanann sé sin difear do chumhacht na mBallstát conarthaí a thabhairt i gcrích sa réimse seo. Bheadh tionchar ar dhlí an AE laistigh de bhrí Airteagal 3(2) agus Airteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ag comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích idir Ballstát agus tríú tír maidir le seiceálacha teorann in éagmais cead sonrach a bheith i gCód Teorainneacha Schengen an méid sin a dhéanamh. Tá Airteagal 136 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme ar neamhréir leis an bprionsabal sin. Ba cheart é a aisghairm dá bhrí sin.

GA 12 GA

2011/0051 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear

gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), agus an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is éard is aidhm do bheartas an Aontais i ndáil le teorainneacha seachtracha, bainistiú comhtháite a dhéanamh lena n-áiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeach rialaithe agus faireachais, rud a bhfuil gá leis do shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas Eorpach agus ar gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Chun na críche sin, bunófar rialacha coiteanna maidir le caighdeáin agus le nósanna imeachta d'fhonn na teorainneacha seachtracha a rialú.

(2) An 13 Deireadh Fómhair 2006 tháinig Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)2 i bhfeidhm.

(3) Tar éis é a chur i bhfeidhm go praiticiúil thar cheithre bliana, is léir go bhfuil gá le roinnt leasuithe, bunaithe ar thaithí phraiticiúil na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le Cód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear torthaí ar mheastóireachtaí ar Schengen mar aon le tuarascálacha agus iarrataí a chuir na Ballstáit isteach.

(4) Tá moltaí nithiúla i dtaobh leasuithe teicniúla ar Chód Teorainneacha Schengen i dtuarascáil ón gCoimisiún, Meán Fómhair 2009, maidir le hoibriú na bhforálacha i ndáil le doiciméid taistil náisiúnach triú tíortha a stampáil i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 11 de Chód Teorainneacha Schengen (COIM(2009) 489) agus i

2 IO L 105, 13.4.2006, Lch. 1.

GA 13 GA

dtuarascáil ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Theideal III (Teorainneacha Inmheánacha) de Chód Teorainneacha Schengen (COIM(2010) 554).

(5) Ceanglaíonn reachtaíocht a glacadh le déanaí, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosa)3 agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais4, roinnt leasuithe ar Chód Teorainneacha Schengen.

(6) D'fhonn forálacha Chód Teorainneacha Schengen a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart an chumhacht maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le bearta breise a ghlacadh chun faireachas a rialú i gcomhréir le hAirteagal 12(5) chomh maith le leasuithe ar na hiarscríbhinní i gcomhréir le hAirteagal 32. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin oiriúnacha le linn na réamhoibre, agus é sin ar leibhéal na saineolaithe freisin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(7) Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir le leasuithe teicniúla ar na rialacha atá ann cheana a bhaineann le Cód Teorainneacha Schengen, a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin freisin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(8) Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt5, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin6.

(9) Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le aquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de

3 IO L 243, 15.9.2009, Lch. 1. 4 IO L 348, 24.12.2008, Lch. 98. 5 IO L 176, 10.7.1999, Lch. 36. 6 IO L 176, 10.7.1999, Lch. 31.

GA 14 GA

Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh7.

(10) Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar acquis Schengen laistigh de bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle8.

(11) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(12) Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen9. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13) Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen10. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cód Teorainneacha Schengen a leasú

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de phointe 1:

7 IO L 53, 27.2.2008, Lch. 1. 8 IO L 83, 26.3.2008, Lch. 5. 9 IO L 131, 1.6.2000, Lch. 43. 10 IO L 64, 7.3.2002, Lch. 20.

GA 15 GA

"(c) calafoirt farraige, abhann agus locha na mBallstát i gcás nasc inmheánach rialta bád farantóireachta agus nasc inmheánach lasta;";

(b) i bpointe 4, cuirtear an frása "nasc rialta inmheánach bád farantóireachta" in ionad an fhrása "nasc rialta bád farantóireachta";

(c) cuirtear isteach pointe 4a seo a leanas:

"4a ciallaíonn "nasc inmheánach lasta" nasc lasta ar bith idir an dá chalafort céanna, nó níos mó ná dhá chalafort, atá lonnaithe i gcríoch na mBallstát, nach stopann ag calafort ar bith lasmuigh de chríoch na mBallstát;";

(d) i bpointe 5 cuirtear an frása "daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais" isteach in ionad an fhrása "daoine a bhfuil ceart an Chomhphobail chun saorghluaiseachta acu";

(e) i bpointe 5(a) cuirtear an frása "Airteagal 20(1)" in ionad an fhrása "Airteagal 17(1)";

(f) i bpointe 5(b), cuirtear na focail "an tAontas" in ionad na bhfocal "an Comhphobal";

(g) i bpointe 6 cuirtear an frása "Airteagal 20(1)" in ionad an fhrása "Airteagal 17(1)";

(h) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

ciallaíonn "cead cónaithe":

(a) gach cead cónaithe arna eisiúint ag na Ballstáit de réir na formáide aonfhoirmí arna leagan síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír agus cártaí cónaithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(b) aon doiciméad eile arna eisiúint ag Ballstát chuig náisiúnaigh tríú tír a údaraíonn tréimhse fanachta ina chríoch, doiciméid a bhí faoi réir fógra agus foilsithe ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 34, cé is moite de:

(i) ceadanna sealadacha a eisíodh ar feitheamh an chéad iarratas ar chead cónaithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó iarratas ar thearmann a scrúdú agus

(ii) víosaí arna n-eisiúint ag na Ballstáit san fhormáid aonfhoirmeach atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95* ón gComhairle

____________________

IO L 105, 13.4.2006, Lch. 1–”;

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 3:

"(a) cearta daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;"

GA 16 GA

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 4:

"2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar eisceachtaí a cheadú ón oibleagáid teorainneacha seachtracha a thrasnú ag pointí trasnaithe teorann amháin agus ag na huaireanta oscailte seasta amháin:

(a) i gcás daoine aonair nó grúpaí daoine, nuair atá gá speisialta le teorainneacha seachtracha a thrasnú lasmuigh de phointí trasnaithe teorann ó am go ham nó lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chomh fada agus go bhfuil na ceadanna atá de cheangal orthu de réir dlí náisiúnta ina seilbh acu, agus nach bhfuil coimhlint ann le leasanna bheartas phoiblí agus slándáil inmheánach na mBallstát. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a dhéanamh i gcomhaontuithe déthaobhacha;

(b) le haghaidh daoine aonair nó grúpaí daoine i gcás éigeandála gan choinne."

(4) Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an réamhrá agus phointe (a) de mhír 1:

"I gcás tréimhsí fanachta atá beartaithe i gcríoch na mBallstát ar tréimhsí iad nach faide ná trí mhí in aon tréimhse sé mhí ó dháta an chéad dul isteach i gcríoch na mBallstát, is iad seo a leanas na coinníollacha dul isteach le haghaidh náisiúnach tríú tír:

(a) doiciméad taistil bailí a bheith ina seilbh acu nó doiciméad lena n-údaraítear dóibh an teorainn a thrasnú agus na critéir seo a leanas á sásamh aige:

(i) beidh sé bailí fós trí mhí ar a laghad tar éis an dáta beartaithe imeachta ó chríoch na mBallstát. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás éigeandála a bhfuil bonn cuí leis.

(ii) doiciméad a eisíodh sna deich mbliana roimhe sin."

(b) leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha ar fad atá leagtha síos i mír 1 ach a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, údarófar iad le dul isteach i gcríocha na mBallstát eile chun críocha idirthurais ionas gur féidir leo críoch an Bhallstáit inar eisíodh an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a bhaint amach, mura rud é go bhfuil a n-ainmneacha ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit arb iad a theorainneacha seachtracha atá uathu a thrasnú agus go bhfuil treoracha ag gabháil leis an bhfoláireamh á rá nach mór dul isteach nó idirthuras a dhiúltú;"

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír de phointe (b):

GA 17 GA

"maidir le náisiúnaigh tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1, seachas na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (b), agus a chuireann iad féin in iúl ag an teorainn, féadfar iad a údarú le dul isteach i gcríocha na mBallstát, má eisítear víosa ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 35 agus Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

Cuirfidh na Ballstáit staidreamh le chéile maidir leis na víosaí arna n-eisiúint ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 46 agus Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

____________________

IO L243, 15.9.2009, lch.1 "

(5) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Sa dara fomhír de mhír 2 cuirtear an frása "daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais" in ionad an fhrása "daoine a bhfuil ceart an Chomhphobail chun saorghluaiseachta acu".

(b) Sa tríú fomhír de mhír 2 cuirtear an frása "daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais" in ionad an fhrása "daoine a bhfuil ceart an Chomhphobail chun saorghluaiseachta acu".

(c) Sa cheathrú fomhír de mhír 2 cuirtear an frása "daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais" in ionad an fhrása "daoine a bhfuil ceart an Chomhphobail chun saorghluaiseachta acu".

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 5:

"Tabharfar faisnéis i scríbhinn do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir seiceála cuimsithí ar an dara líne maidir le cuspóir agus nós imeachta na seiceála sin."

(e) i mír 6, cuirtear an frása "duine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais" in ionad an fhrása "duine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta an Chomhphobail aige";

(f) cuirtear isteach mír 8 seo a leanas:

"8. I gcás ina bhfuil feidhm ag pointí (a) nó (b) d'Airteagal 4(2), féadfaidh na Ballstáit freisin maoluithe ar na rialacha atá leagtha amach san Airteagal sin a sholáthar.""

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 9:

"2. (a) Maidir le daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, tá siad i dteideal na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gCuid A d'Iarscríbhinn III ("AE, LEE, CH"). Féadfaidh siad freisin na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gcuid B1 ("gan víosa") agus B2 ("gach cineál pas") d'Iarscríbhinn III.

GA 18 GA

Maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, féadfaidh siad na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gcuid B1 d'Iarscríbhinn III ("gan víosa") a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh siad freisin na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gcuid B2 d'Iarscríbhinn III ("gach cineál pas") a ghabhann leis an Rialachán seo.

(b) Úsáidfidh gach duine eile na lánaí a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gcuid B2 d'Iarscríbhinn III.

Féadfar an fhaisnéis atá ar na comharthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír a léiriú i bpé teanga nó teangacha a mheasfaidh gach Ballstát a bheith oiriúnach.

Is rogha de chuid na mBallstát é lánaí ar leith a sholáthar a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gcuid B1 d'Iarscríbhinn III ("gan víosa") agus níl an oibleagáid sin orthu. Cinnfidh siad féin an ndéanfaidh siad a leithéid agus ag cé acu pointí trasnaithe teorann a dhéanfaidh siad é i gcomhréir le riachtanais phraiticiúla."

(7) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Déanfar doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha ar baill iad de theaghlach saoránaigh an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, ach nach dtíolacann an cárta cónaithe dá bhforáiltear sa Treoir sin a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht.

Déanfar doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha ar baill iad de theaghlach náisiúnach tríú tíortha a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais ach nach dtíolacann an cárta cónaithe dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38/CE a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht. "

(b) Cuirtear pointe (f) agus pointe (g) seo a leanas le mír 3:

"(f) doiciméid taistil chriúnna traenacha paisinéirí agus earraí do naisc idirnáisiúnta;

(g) doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha a thíolacann cárta cónaithe dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38/CE."

(8) Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

I gcás nach mbréagnaítear an toimhde dá dtagraítear i mír 1, féadfar an náisiúnach tríú tír a chur ar ais i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*".

Cuirtear mír 4 nua leis:

GA 19 GA

"Beidh feidhm ag forálacha ábhartha mhír 1 agus mhír 2 mutatis mutandis in éagmais stampa imeachta".

____________________

*IO L 348, 24.12.2008, Lch. 98."

(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 d'Airteagal 12:

"5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 maidir le bearta breise i ndáil le faireachas a rialú.";

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 d'Airteagal 13:

"5. Baileoidh na Ballstáit staidreamh ar líon na ndaoine a ndiúltaítear dul isteach dóibh, ar an mbonn leis an diúltú sin, ar náisiúntacht na ndaoine a ndiúltaítear dóibh agus ar an gcineál teorann (teorainn ar thalamh, san aer, cois farraige) ag a ndiúltaítear dul isteach dóibh agus cuirfidh siad isteach an staidreamh sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*."

____________________

∗ IO L 199, 31.7.2007, Lch. 23.

(11) In Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil oiliúint speisialaithe ghairmiúil chuí ar na gardaí teorann, agus cuirfear san áireamh lárchuraclaim choiteanna le haghaidh gardaí teorann arna mbunú agus arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle. Áireofar sna curaclaim oiliúna, oiliúint speisialaithe chun cásanna atá leochaileach a bhrath, ar cásanna iad a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh gáinneála. Spreagfaidh na Ballstáit na gardaí teorann chun teangacha a fhoghlaim, go háirithe na teangacha sin atá riachtanach chun a gcúraimí a chur i gcrích."

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 18: "Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 4 agus Airteagal 5 agus Airteagail 7 go 13 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin."

(13) Leasaítear an chéad mhír d'Airteagal 19 mar seo a leanas:

(a) cuirtear pointí (g) agus (h) seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

"(g) seirbhísí tarrthála, póilíní agus briogáidí dóiteáin;

(h) oibrithe amach ón gcósta."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: "Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 4 agus Airteagal 5 agus Airteagail 7 go 13 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin."

(14) Scriostar pointe (d) d'Airteagal 21.

GA 20 GA

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

"Airteagal 32

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinní III, IV agus VIII.";

(16) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

"Airteagal 33

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(5) agus Airteagal 32 ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón X.X.2011 (Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo).

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(5) agus Airteagal 32 a aisghairm uair ar bith. I gcás cinnidh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

5. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(5) agus Airteagal 32 i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle."

(17) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 34(1):

"(a) liosta na gceadanna cónaithe agus idirdhealú á dhéanamh idir iad siúd arna gclúdach le pointe (a) de phointe 15 d'Airteagal 2 agus iad siúd arna gclúdach le pointe (b) de phointe 15 d'Airteagal 2 agus a bhfuil sampla le haghaidh ceadanna arna gclúdach le pointe (b) de phointe 15 d'Airteagal 2 ag gabháil leo. Maidir le cártaí cónaithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE léireofar go soiléir gurb é an cineál sin ceada atá i gceist."

(18) In Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

GA 21 GA

"Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi fhorálacha náisiúnta a bhaineann le hAirteagal 21(c), na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus na comhaontuithe déthaobhacha arna n-údarú leis an Rialachán seo."

(19) Leasaítear Iarscríbhinní III, IV, VI, VII agus VIII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

Leasaítear an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme mar seo a leanas:

(1) Scriostar mír 3 d'Airteagal 21;

(2) Scriostar Airteagal 22;

(3) Scriostar Airteagal 136;

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh [...],

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle, An tUachtarán An tUachtarán

GA 22 GA

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn III, IV, VI, VII agus VIII mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Iarscríbhinn III mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid B:

"CUID B1: 'gan víosa';

VISA FREE

CUID B2: 'gach cineál pas'."

GA 23 GA

ALL PASSPORTS

"

(b) I gCuid C, cuirtear na comharthaí seo a leanas idir na comharthaí "AE, LEE, CH" agus na comharthaí "GACH CINEÁL PAS".

GA 24 GA

VISA FREE = GAN VÍOSA CARS = GLUAISTEÁIN VISA FREE = GAN VÍOSA BUSES = BUSANNA VISA FREE = GAN VÍOSA LORRIES = LEORAITHE (2) I bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Ar dhul isteach agus imeacht náisiúnach tríú tír atá faoi réir na hoibleagáide víosa, cuirfear an stampa ar an leathanach ar aghaidh an leathanaigh ar a bhfuil an víosa greamaithe."

(3) Leasaítear pointe 1 d'Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

(a) cuirtear isteach pointe 1.1.4. seo a leanas:

"1.1.4. Pointí trasnaithe comhtheorann

1.1.4.1. Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha comharsanachta maidir le pointí trasnaithe comhtheorann a bhunú ag a ndéanann gardaí teorann ó pháirtí amháin seiceálacha ar dhul isteach agus/nó seiceálacha ar imeacht, i gcomhréir lena reachtaíocht, ar chríoch an pháirtí eile. Féadfaidh pointí trasnaithe comhtheorann a bheith suite ar chríoch an Bhallstáit nó ar chríoch tríú tír.

1.1.4.2. Pointí trasnaithe comhtheorann suite ar chríoch Ballstáit: Beidh údarú do ghardaí teorann tríú tír a gcúraimí a fheidhmiú sa Bhallstát sna comhaontuithe déthaobhacha lena mbunaítear pointí trasnaithe comhtheorann ar chríoch Ballstáit, agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:

(b) Cosaint idirnáisiúnta: Tabharfar rochtain ar nósanna imeachta na mBallstát ábhartha do náisiúnach tríú tír atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta ar chríoch Ballstáit, fiú amháin mura bhfuil an náisiúnach tríú tír tar éis dul thar an rialú imeachta arna fheidhmiú ag gardaí teorann atá i láthair ag an bpointe trasnaithe comhtheorann.

(c) Duine a ghabháil nó maoin a urghabháil: Má bhíonn gardaí teorann tríú tír ar an eolas faoi na fíricí ar údar iad leis an duine a ghabháil nó a chur faoi chosaint nó leis an maoin a urghabháil, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

- cuirfidh siad údaráis an Bhallstáit ar an eolas faoi na fíricí sin agus áiritheoidh údaráis an Bhallstáit go ndéanfar gníomh leantach i gcomhréir

GA 25 GA

leis an dlí náisiúnta, dlí an AE, agus an dlí idirnáisiúnta, go neamhspleách ó náisiúntacht an duine lena mbaineann, nó

- gníomhóidh siad i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Más amhlaidh atá, níor mhór rochtain ar chúirteanna na mBallstát a thairiscint don duine lena mbaineann, áfach, agus níor mhór réitigh a bheith ar fáil don duine sin ar leor iad chun cosaint dhlíthiúil a áirithiú sna réimsí arna gcumhdach ag dlí an Aontais d'fhonn an chosaint dhlíthiúil a fhaigheann daoine aonair faoi rialacha dhlí an Aontais a sholáthar agus d'fhonn a áirithiú go bhfuil na rialacha sin éifeachtúil ina n-iomláine.

(d) Daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais atá ag dul isteach i gcríoch an AE: Ní chuirfidh gardaí teorann tríú tír cosc ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais dul isteach i gcríoch an AE. Má tá cúiseanna ann ar údar iad le himeacht ón tríú tír lena mbaineann a dhiúltú, cuirfidh gardaí teorann tríú tír údaráis an Bhallstáit ar an eolas faoi na cúiseanna sin agus áiritheoidh údaráis an Bhallstáit go ndéanfar gníomh leantach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an AE agus leis an dlí idirnáisiúnta.

1.1.4.3. Pointí trasnaithe comhtheorann suite ar chríoch tríú tír: Beidh údarú do ghardaí teorann Ballstáit a gcúraimí a fheidhmiú sa tríú tír i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen sna comhaontuithe déthaobhacha lena mbunaítear pointí trasnaithe comhtheorann ar chríoch tríú tír, agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:

(a) Cosaint idirnáisiúnta: Ceadófar rochtain ar chríoch an Bhallstáit ábhartha do náisiúnach tríú tír atá imithe thar rialú imeachta arna fheidhmiú ag gardaí teorann tríú tír agus a iarann, ina dhiaidh sin, cosaint idirnáisiúnta ar na gardaí teorann Ballstáit atá i láthair sa tríú tír, chun críche na nósanna imeachta ábhartha a sheoladh. Glacfaidh údaráis tríú tír le haistriú an duine lena mbaineann go críoch an Bhallstáit.

(b) Duine a ghabháil nó maoin a urghabháil: Má bhíonn gardaí teorann Ballstáit ar an eolas faoi na fíricí ar údar iad leis an duine a ghabháil nó an duine a chur faoi chosaint nó an mhaoin a urghabháil, gníomhóidh siad i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme. Ní foláir d'údaráis tríú tír glacadh le haistriú an duine nó an ní lena mbaineann go críoch an Bhallstáit.

(c) Náisiúnaigh tríú tír ag dul isteach ina dtír shaoránachta: Ní chuirfidh gardaí teorann Ballstáit cosc ar shaoránaigh an tríú tír lena mbaineann dul isteach ina dtír shaoránachta. Má tá cúiseanna ann ar údar iad le himeacht ón mBallstát a dhiúltú faoi reachtaíocht an Bhallstáit, cuirfidh gardaí teorann an Bhallstáit údaráis an tríú tír ar an eolas faoi na cúiseanna sin agus áiritheoidh údaráis an tríú tír go ndéanfar gníomh leantach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta."

1.1.4.4. Sula dtugtar i gcrích nó sula leasaítear aon chomhaontú déthaobhach le tríú tír comharsanachta i ndáil le pointí trasnaithe ag comhtheorainn, rachaidh an Ballstát

GA 26 GA

lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht an Chomhaontaithe leis an Rialachán seo.

Más dóigh leis an gCoimisiún go bhfuil an Comhaontú ar neamhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Glacfaidh an Ballstát na céimeanna uile is iomchuí chun an Comhaontú a leasú laistigh de thréimhse réasúnta ionas go bhfaighfear réidh leis na neamh-chomhoiriúnachtaí sin."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2.1. agus phointe 1.2.2.:

"1.2.1. Déanfar seiceálacha ar phaisinéirí traenach agus ar fhoireann iarnróid araon ar thraenacha a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear traenacha earraí nó traenacha folmha. Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích maidir le conas na seiceálacha sin a dhéanamh agus na prionsabail atá leagtha amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú. Déanfar na seiceálacha sin ar cheann de na bealaí seo a leanas:

– sa chéad stáisiún a dtagann an traen isteach ann nó an stáisiún deireanach a n-imíonn sí uaidh ar chríoch Ballstáit,

– ar bord na traenach, le linn idirthurais idir an stáisiún deireanach a n-imíonn sí uaidh i dtríú tír agus an chéad stáisiún a dtagann sí isteach ann ar chríoch Ballstáit, nó a mhalairt,

– sa stáisiún deireanach a n-imíonn an traen uaidh nó sa chéad stáisiún a dtagann sí isteach ann ar chríoch tríú tír.

1.2.2. Ina theannta sin, d'fhonn sreafaí tráchta iarnróid na dtraenacha paisinéirí ardluais a éascú, féadfaidh na Ballstáit atá ar chúrsa taistil na dtraenacha sin ó thríú tíortha a chinneadh freisin, i gcomhaontú leis na tríú tíortha lena mbaineann agus na prionsabail atá leagtha amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú acu, seiceálacha ar dhul isteach a dhéanamh ar dhaoine i dtraenacha ó thríú tíortha ar cheann de na bealaí seo a leanas:

– sna stáisiúin i dtríú tír ag a dtéann daoine ar an traein,

– sna stáisiúin ag a dtuirlingíonn daoine den traein, laistigh de chríoch na mBallstát,

ar bord na traenach le linn idirthurais idir na stáisiúin ar chríoch an tríú tír agus na stáisiúin ar chríoch na mBallstát, chomh fada agus go bhfanann na daoine ar bord na traenach."

(4) Leasaítear pointe 3 d'Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

(a) i bpointe 3.1.1., cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

"Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích agus féadfar seiceálacha a dhéanamh freisin i gcomhréir leis na comhaontuithe sin le linn trasnuithe nó, ar theacht i dtír nó ar imeacht na loinge, i gcríoch tríú tír, agus na prionsabail atá leagtha amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú.

GA 27 GA

(b) cuirtear an méid seo a leanas i ionad phointí 3.1.2., 3.1.3., 3.1.4. agus 3.1.5.:

"3.1.2. Tarraingeoidh an máistir, nó duine ar bith eile arna údarú ag oibreoir na loinge (dá ngairfear, sa dá chás, an 'máistir' anseo feasta), suas liosta den chriú agus d'aon phaisinéirí, liosta ar a mbeidh an fhaisnéis atá de dhíth i bhfoirm 5 (liosta an chriú) agus foirm 6 (liosta na bpaisinéirí) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú mar aon le, i gcás inarb infheidhme, uimhir an víosa nó an cheada chónaithe:

– ar a dhéanaí 24 uair an chloig sula sroichfear an calafort, nó

– ar a dhéanaí, nuair a fhágfaidh an long an calafort roimhe sin más turas níos lú ná 24 uair an chloig atá i gceist, nó

– murab eol an calafort cuarda nó má athraítear le linn an turais é, a luaithe is atá an fhaisnéis sin ar fáil.

Cuirfidh an máistir an liosta/na liostaí ar a shúile don údarás inniúil ábhartha arna cheapadh ag an mBallstát sin (gardaí teorann nó údaráis chalafoirt nó údaráis eile, a chuirfidh ar aghaidh chuig na gardaí teorann gan mhoill é).

3.1.3. Cuirfear daingniúchán ar ais chuig an máistir go bhfuarthas an liosta, agus soláthróidh sé é arna iarraidh sin agus an long sa chalafort.

3.1.4. Cuirfidh an máistir in iúl don údarás inniúil gan mhoill aon athrú ar chomhdhéanamh an chriú nó ar líon na bpaisinéirí.

Ina theannta sin, cuirfidh an máistir in iúl do na húdaráis inniúla gan mhoill, agus laistigh den teorainn ama atá leagtha amach i bpointe 3.1.2., má tá folachánaithe ar bord. Fanfaidh folachánaithe faoi fhreagracht an mháistir, áfach.

De mhaolú ar Airteagal 4 agus Airteagal 7, ní dhéanfar aon seiceálacha córasacha teorann ar dhaoine atá ag fanacht ar bord. Mar sin féin, déanfaidh na gardaí teorann cigireacht fhisiciúil ar an long agus seiceálacha pearsanta ar na daoine atá ag fanacht ar bord ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí.

3.1.5. Cuirfidh an máistir an t-údaras inniúil ar an eolas faoi imeacht na loinge in am cuí agus i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm sa chalafort lena mbaineann."

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.1.:

"3.2.1. Cuirfidh máistir na loinge cúrsála clár taistil agus clár na cúrsála chuig an údarás inniúil ábhartha, laistigh den teorainn ama atá leagtha amach i bpointe 3.1.2."

(d) i bpointe 3.2.2., cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Mar sin féin, ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí, déanfar seiceálacha ar chriú agus ar phaisinéirí na long sin."

GA 28 GA

(e) i bpointe 3.2.3(a) agus pointe 3.2.3.(b) cuirtear an tagairt "pointe 3.1.2." in ionad na tagartha "pointe 3.2.4.";

(f) i bpointe 3.2.3.(e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Mar sin féin, ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí, déanfar seiceálacha ar chriú agus ar phaisinéirí na long sin."

(g) scriostar pointe 3.2.4.;

(h) scriostar an dara fomhír i bpointe 3.2.9.

(i) cuirtear pointe (i) seo a leanas le pointe 3.2.10.:

"(i) Pointe 3.1.2. (oibleagáid liostaí paisinéirí agus criú a chur isteach) – níl feidhm aige. Más gá liosta na ndaoine atá ar bord a tharraingt suas i gcomhréir le Treoir 98/41/CE* ón gComhairle, cuirfidh an máistir cóip den liosta sin ar aghaidh tráth nach déanaí ná tríocha nóiméad tar éis imeachta ó chalafort tríú tír chuig údarás inniúil an chalafoirt a dtiocfaidh an long i dtír ann i gcríoch na mBallstát

____________________

* IO L 188, 2.7.1998, Lch. 35."

(j) cuirtear isteach pointe 3.2.11. seo a leanas:

"3.2.11. I gcás ina dtógann bád farantóireachta ó thríú tír, a stopann níos mó ná uair amháin laistigh de chríoch na mBallstát, ar bord paisinéirí don chéim dheireanach den turas laistigh den chríoch sin amháin, beidh na paisinéirí sin faoi réir seiceála ar imeacht ag an gcalafort a n-imíonn an bád uaidh agus faoi réir seiceála ar dhul isteach ag an gcalafort a dtagann sé i dtír ann.

Maidir le paisinéirí atá ar bord an bháid farantóireachta cheana féin ag na stopanna sin agus nár tháinig ar bord i gcríoch na mBallstát, déanfar seiceálacha orthu ag an gcalafort ina dtagann an bád i dtír."

(5) Leasaítear pointe 3 d'Iarscríbhinn VII mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1. agus phointe 3.2:

"De mhaolú ar Airteagal 4 agus Airteagal 7, féadfaidh Ballstáit maraithe a bhfuil doiciméad aitheantais maraí acu, arna eisiúint i gcomhréir leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, Coinbhinsiún na Maraithe maidir le Doiciméid Aitheantais Uimh. 108 (1958) agus Uimh. 185 (2003), le Coinbhinsiún Londan an 9 Aibreán 1965 agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, a údarú le dul isteach i gcríoch na mBallstát agus imeacht ó chríoch na mBallstát trí dhul i dtír chun fanacht i gceantar an chalafoirt chuarda nó i mbardais taobh leis, gan iad féin a chur in iúl ag pointe trasnaithe teorann, ar choinníoll go mbeidh a n-ainmneacha ar liosta chriú na loinge a mbaineann siad léi, liosta a bheidh curtha faoi bhráid na n-údarás inniúil cheana féin d'fhonn seiceálacha a dhéanamh.

GA 29 GA

De réir measúnaithe ar rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí, áfach, beidh maraithe faoi réir seiceála ag na gardaí teorann, i gcomhréir le hAirteagal 7, sula dtéann siad i dtír."

(6) Cuirtear pointe 6.4. agus pointe 6.5. seo a leanas le pointe 6 d'Iarscríbhinn VII:

"6.4. Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála náisiúnta sin ar fáil do na Ballstáit.

6.5. I gcás ina bhfuil amhras ann maidir le haon cheann de na himthosca atá leagtha amach i bpointí 6.1, 6.2 agus 6.3, bainfidh na gardaí teorann úsáid as liosta na bpointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh."

(7) Cuirtear pointe 7 agus pointe 8 seo a leanas le hIarscríbhinn VII:

"7. Seirbhísí tarrthála, póilíní agus briogáidí dóiteáin

Leagfar síos sa dlí náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe déthaobhacha, na socruithe maidir le dul isteach agus imeacht ball de sheirbhísí tarrthála, de na póilíní agus de bhriogáidí dóiteáin a bhíonn ag feidhmiú i gcásanna éigeandála. Féadfaidh na socruithe sin foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7.

8. Oibrithe amach ón gcósta

De mhaolú ar Airteagal 4 agus Airteagal 7, ní dhéanfar seiceáil chórasach ar oibrithe amach ón gcósta (oibrithe atá ag obair ar ardáin ola, páirceanna gaoithe mara etc.) a thagann ar ais go rialta ar muir nó trí aeriompar chuig críoch na mBallstát murar fhan siad i gcríoch tríú tír.

Mar sin féin, cuirfear san áireamh measúnú ar na rioscaí i dtaobh inimirce mídhleathaí, go háirithe i gcás ina bhfuil imeallbhord tríú tír suite go díreach in aice le hionad amach ón gcósta, d'fhonn minicíocht na seiceálacha a bheidh le déanamh a chinneadh."

(8) San fhoirm chaighdeánach in Iarscríbhinn VIII, cuirtear an frása "stampa dul isteach nó imeachta" in ionad an fhrása "stampa dul isteach" agus cuirtear an frása "Maidir leis an bhfianaise i ndáil lena thréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát, meastar go ndeachaigh sé isteach i gcríoch Bhallstát.../gur imigh sé ó Bhallstát..." in ionad an fhrása "Maidir leis an bhfianaise i ndáil lena thréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát, meastar go ndeachaigh sé isteach i gcríoch Bhallstát..."