forbairt phearsanta agus comhthuiscint aonad buí ......gach bliain, faigheann thart faoi 12,000...

24
Acmhainn A 24 Gníomhaíocht foghlama 2 : Colainn chothrom Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí Ar Cothrom

Upload: others

Post on 06-Mar-2020

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Acmhainn A24

Gníomhaíocht foghlama 2 : Colainn chothromForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Ar Cothrom

Page 2: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

25

éagothrom...gan go leor.... ró-éadrom!

ar cothrom...an méid ceart...

breá sásta!

éagothrom...barraíocht...

róthrom!

Page 3: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Acmhainn B26

Gníomhaíocht foghlama 2 : Colainn chothromForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Cothromaíocht na Dea-Shláinte Ábhar Tagartha Múinteoirí

Torthaí agus

glasraí

Arán,gránaigh eile agus prátaí

Feoil, iasc

, agus

roghanna eile Bia ina

bhfuil saill, bia inabhfuil siúcra

Bainne agus bia déiríochta

Page 4: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

27

Is treoir bia í Cothrom na Dea-Shláinte a léiríonn an méid agus na cineálacha bia atá de dhíth le haiste bia fholláin chothrom a dhéanamh. Is í an Ghníomhaireacht Caighdeáin Bia a tháirg Cothrom na Dea-Shláinte mar threoir a bhfuil sé d’aidhm aici cuidiú le daoine bia folláin a thuiscint agus sult a bhaint as.Síleann roinnt daoine nach dtig leo aiste bia fholláin a bheith acu cionn is nach bhfuil dúil acu i gcineál áirithe bia agus síleann roinnt eile go bhfuil bia áirithe go maith agus bia áirithe eile go holc. Léiríonn an treoir seo nach gcaithfidh daoine éirí as an bhia a bhfuil dúil acu ann agus go dtig le gach cineál bia bheith mar chuid d’aiste bia fholláin. Is é an rud is tábhachtaí dár sláinte ná aiste bia chothrom agus an éagsúlacht cheart.

Tá an treoir roinnte ina cúig chuid:- arán, gránaigh eile agus prátaí;- torthaí agus glasraí;- bainne agus bia déiríochta;- feoil, iasc, agus roghanna eile; agus- bia ina bhfuil saill agus bia ina bhfuil siúcra.

Ba chóir gur mhinice a itear bianna ó na grúpaí is mó, agus gurbh annamh a itear na bianna ón ghrúpa is lú. Tá cruth pláta ar an treoir, dearadh a chuidíonn le bia folláin a dhéanamh níos fusa a thuiscint.

Cad chuige a bhfuil an chothromaíocht tábhachtach?Ní in aon bhia amháin atá na cothaithigh uilig atá de dhíth ar an chorp le bheith folláin agus le feidhmiú go héifeachtach. Braitheann caighdeán cothaitheach aiste bia ar an mheascán, nó cothromaíocht, iomlán bianna a itear thar thréimhse ama agus ar riachtanais an duine aonair. Sin an fáth a mbíonn cuid mhór bianna eagsúla mar chuid d’aiste bia chothrom sa dóigh go mbíonn go leor de na cothaithigh uilig san áireamh.

Ta fuinneamh de dhíth orainn le bheith beo, ach caithfidh an chothromaíocht cheart idir carbaihiodráití, saill agus próitéin a bheith ann le muid a choinneáil folláin. Mura mbíonn go leor próitéine ann cuirfidh sé isteach ar fhás agus ar fheidhmeanna eile coirp. Saill is cúis le murtall agus le galar croí. Tá sé tábhachtach don tsláinte go n-ithimid go leor vitimíní, mianraí agus snáithín cothaitheach agus tá níos mó fianaise anois ann go bhfuil roinnt substaintí i dtorthaí agus i nglasraí atá tábhachtach don dea-shláinte.

Cuireann Cothromaíocht na Dea-Shláinte le hocht gcomhairle an Rialtais, a foilsíodh i nDeireadh Fómhair 2005, maidir le dea-aiste bia. Seo iad thíos:

1. Bunaigh do chuid béilí ar bhia stáirseach (slánghrán nuair is féidir).2. Ith cuid mhór torthaí agus glasraí.3. Ith níos mó iasc.4. Gearr anuas ar shaill sháithithe agus ar shiúcra.5. Ith níos lú salainn - is leor 6g sa lá.6. Bí gníomhach agus déan iarracht gan bheith róthrom.7. Ól neart uisce.8. Ná gabh gan bhricfeasta.

Cuir ‘Cothromaíocht na Dea-Shláinte’ ar taispeáínt leis an teachtaireacht a choinneáil ag dul.

Arna atáirgeadh le caoinchead Fhondúireacht Cothúcháin na Breataine.

Page 5: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

28

Cártaí Beagáin nó Móráin

Acmhainn CGníomhaíocht foghlama 3 : Beagán nó MóránForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Page 6: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Sailéad Im Meacain dhearga Seacláid

Gránaigh Caife Muisiriúin Iasc

Brioscáin phrátaí Grán milis Feoil dhearg Arán donn

Burgar Rís Salann Pasta

Úlla Uachtar reoite Sceallóga Bainne

Brocailí Sú torthaí Sicín Milseáin

Líreacáin Uibheacha Tae Bananaí

Síolta puimcíní Cáis Iógart Uisce

Arán bán Collchnónna Brioscaí Líreacáin reoite

Cnaipíní sicín Prátaí Deochanna súilíneacha Ispíní

29

Page 7: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Acmhainn D30

Gníomhaíocht foghlama 4 : Ag caitheamh tobacForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Ag Caitheamh sa PháircBhí gach duine ar ais ar scoil i ndiaidh laethanta saoire na Nollag.Ní raibh an ceathrar cairde ón mheánscoil i gcuideachta a chéile le tamall. D’iarr Seána agus Tomás ar Nicí agus Pól bualadh leo sa pháirc an tráthnóna sin. Bhí Pól, Tomás agus Seána ansin cheana nuair a tháinig Nicí. Thug sí faoi deara láithreach go raibh an triúr acu ag caitheamh toitíní.

Page 8: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

31

Sular oscail sí a béal, thairg Tomás toitín di. Ní raibh Nicí róchinnte. Thosaigh na daoine eile a rá, ‘Gabh ar aghaidh! Gabh ar aghaidh!’. Ar an taobh istigh, bhí Nicí trína chéile. Bhí sí ag dúil go mór le triail a bhaint as rud nua, rud faiseanta, ach bhí eagla uirthi fosta nó chuala sí go dtagann ailse ar dhaoine cionn is go gcaitheann siad tobac. Faoin am seo, bhí an chuid eile acu ag canadh a hainm, ‘Nic-í! Nic-í! Nic-í! ‘Maith go leor!’ ar sise.

Choinnigh sí greim ar an toitín mar a chonaic sí a haintín á dhéanamh. Bhí sí cineál ciotach agus bhí eagla uirthi go ligfeadh sí de titim. Bhí greim ar an lastóir ag Seána agus las Nicí an toitín. Dhiúl sí ar an toitín agus shéid sí an toit amach as a béal chomh gasta agus a thiocfadh léi. ‘Ní mar sin,’arsa Seána. ‘Ba chóir duit an toit a ionanálú mar seo.’ Agus thaispeáin sí do Nicí an dóigh lena dhéanamh. Bhain Nicí triail as. Dhiúl sí go láidir ar an toitín agus lig don toit dul isteach ina corp. Go tobann, ní raibh anáil ar bith aici. Bhí sí ag iarraidh casacht ach ní thiocfadh léi.Bhuail Pól ar a droim í agus thosaigh sí a chasacht. Bhí sí ag casacht léi go dtí go raibh linn uisce lena súile. Shíl sí go raibh sí ag dul a fháil bháis nó, ar a laghad, go raibh sí ag dul a chaitheamh amach. Stad an chasacht. Bhí sí ar a glúine agus bhí sí iontach lag. Bhí an toitín caillte aici. ‘Uch!’ ar sise. Mhothaigh sí tinn arís. ‘Níl mé go maith,’ ar sise. ‘Is fearr dom dul abhaile.’

Bhuail siad le chéile seachtain ina dhiaidh sin. Bhí toitíní ag Pól an t-am seo. Thug sé toitín an duine do Sheána agus do Thomás. Thairg sé ceann acu do Nicí. ‘Ní inniu,’ arsa Nicí. I ndiaidh ar tharla di seachtain ó shin, shocraigh sí nach mbainfeadh sí do na toitíní go deo arís. Rinne an triúr eile iarracht brú a chur uirthi. Nuair nár oibrigh sé sin, thug siad cladhaire uirthi! Anois bhí eagla nua ag teacht ar Nicí - go dtitfeadh a cairde amach léi. Mhothaigh sí go millteanach.

Ansin chuimhnigh sí ar rud a dúirt a deartháir mór léi agus thuig sí nár chairde maithe iad nuair a bhí siad ag iarraidh brú a chur uirthi rud a dhéanamh nach raibh sí ag iarraidh a dhéanamh. Agus ar sise leo, ‘Níor mhaith, seans ar bith!’

‘Seans ar bith’

Page 9: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Acmhainn E32

Gníomhaíocht foghlama 4 : Ag caitheamh tobacForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Ábhar Tagartha do Mhúinteoirí:Caitheamh Tobac, na hIarmhairtí

Page 10: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

33

Caitheamh Tobac - na hIarmhairtí

Is ón phlanda tabacam nicitín, ar féidir a fhás i mbunús gach áite sa domhan, a dhíorthaítear an tobac. Tugadh an tobac chun na hEorpa ón Domhan Nua ag deireadh an chúigiú haois déag. Leath an nós go gasta agus ar feadh i bhfad measadh gur cógas a bhí ann. Is san fhichiú haois, áfach, a d’éirigh sé ina nós fhorleitheadach i measc na ndaoine agus is sna 1950í a tuigeadh na contúirtí a bhain leis.

Tá breis agus 4,000 ábhar ceimiceach i ngal tobac, bíodh siad ina ngáis nó ina gcaithníní beaga bídeacha. Astu siúd, is é an nicitín an ceimiceán is nimhiúla. Téann sé i bhfeidhm ar an chroí, ar na fuileadáin, ar na scamhóga, ar an ghoile, ar na duáin agus ar an néarchóras.

Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna atá le: ailse, galar croí, broincíteas, strócanna, othrais ghoile, leoicéime, morgadh, asma, roic agus drochanáil.Fágann an tobac muid ar gearranáil agus fágann sí sin an spórt agus an aclaíocht níos deacra.

Iarmhairtí Eile

Cuireann an nicitín daoine ar a suaimhneas. Cuireann sé seo ar chumas daoine a chaitheann aghaidh a thabhairt ar shuímh strusmhara bheith níos réidhe agus tascanna leadránacha a dhéanamh níos éifeachtaí. Tagann masmas agus urlacan ar dhaoine nuair a chaitheann siad den chéad uair. Tagann lamháltas ar iarmhairtí an nicitín gan mhoill agus níos minice ná a chéile, daoine a thosaíonn ag caitheamh, déanann siad nós de.

Caitheamh Fulangach Tobac

Daoine a bhfuil easord análaithe orthu, bíonn sé iontach deacair acu bheith ag análú i seomra lán gal toite. Tá an caitheamh fulangach ar na cúiseanna atá le hailse. Léiríonn torthaí pobalbhreitheanna nach dtuigeann daoine na contúirtí sláinte a bhaineann leis an chaitheamh agus le hiarmhairtí an chaithimh fhulangaigh.

An Dlí

Is é an tobac an t-aon táirge amháin a mharaíonn daoine nuair a úsáidtear é mar is mian le lucht a tháirgthe. Tá sé in éadan an dlí toitíní a dhíol le páistí atá faoi bhonn 16 bl. Tháinig dlí a chuireann cosc ar fhógraíocht agus ar urraíocht tobac i bhfeidhm i bhFeabhra 2003 agus tá cosc ar an tobac in ionaid oibre agus in áiteanna poiblí ar fud na hÉireann ó bhí 2007 ann.

Page 11: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Acmhainn F34

Gníomhaíocht foghlama 4 : Ag caitheamh tobacForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Cártaí MuileataNaoi

Page 12: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

35

Tá caitheamh tobac ar na cúiseanna atá le bréan-anáil

Tá caitheamh tobac ar na cúiseanna atá le hailse na scamhóg

D’fhéadfadh tobac dochar a dhéanamh d’orgáin páistí, orgáin atá ag forbairt leo

Tá caitheamh tobac ar na cúiseanna atá le galar croí

Fágann tobac drochbholadh ar éadaí

Fágann tobac smál ar mhéara agus ar fhiacla

Tá caitheamh tobac iontach costasach

Is deacair éirí as an tobac cionn is andúil sa nicitín

Thig le lucht caite tobaccéadfa an bholaithe agus an bhlais a chailleadh

Page 13: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Acmhainn G36

Cóla

Mianraí meisciúlaCreatháin bhainne

Bainne

Tae

Uisce

Oráiste shúilíneach

Líomanáid

Caife

Sú torthaí

Uisce sóide

Leann úll

Cineálacha Deochanna

Fíon

Licéar

Vodca

Tia Maria

Leann

Uisce beatha

Martini

Sú Oráiste

Gníomhaíocht foghlama 5 : Ag ólForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Cártaí deochanna

Page 14: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

37

Critéir Sórtála

baineann daoine fásta AGUS páistí sult astu

súilíneach

mífholláin

folláin

neamhalcólach

alcólach

baineann páistí sult astu

deochanna teo

baineann daoine fásta sult astu

eile

Page 15: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

38

Ae Laoi Eoin anseo, ag tuairisciú ó mo mhisean chuig an tríú pláinéad ís cóngaraí do réalta darb ainm Sola smórsas Péir . ‘An Domhan’ a thugann muintir an phláinéid seo air. ‘Daoine’ an t-ainm atá ar mhuintir an phláinéid. Tá trí ghrúpa daoine ann; páistí, mná agus fir.

Tuairisc ónDomhan

Acmhainn HForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht foghlama 5 : Ag ól

Page 16: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

39

Mar is cuimhin leat, rinne muid fiosrúchán ar an phláinéad seo cionn is go bhfuil sé, cosúil lenár bpláinéad féin, déanta de chuid mhór leachtanna agus tá na daoine, cosúil linn féin, déanta de chuid mhór leachtanna. Taobh amuigh de sin, níl siad cosúil linne ar chor ar bith. Táimidne inár gcónaí sa leacht ach maireann siadsan i ngás darb ainm aer agus bogann siad thart ar an talamh. Ach ólann siad méid dochreidte leachtanna. Téann siad isteach ar pholl ag barr an choirp agus tagann siad amach as poll níos faide síos. A leithéid de chur amú!

Tá cuid de na leachtanna seo iontach folláin. Agus cuid acu nach bhfuil. Tá leacht amháin ann, a bhfuil dath dorcha air, atá lán bolgán agus iontach milis. Páistí is mó a ólann an leacht seo agus lobhann sé na rudaí beaga crua bána sa pholl ag barr an choirp. Ach tá leacht eile ann agus nuair a ólann na fir agus na mná é déanann siad rudaí aisteacha contúirteacha. Ní thugann siad do na páistí é nó ní thiocfadh leo é a láimhseáil ar chor ar bith.

Nuair a ólann daoine an leacht seo, bíonn siad ag gáire leo agus ag caint os ard. Nuair a ólann siad níos mó agus níos mó cailleann siad smacht ar a gcorp. Titeann siad. Cailleann cuid acu an leacht a d’ól siad nuair a dhoirteann sé amach as an pholl ag barr an choirp. Tá cuid acu a dhéanann iarracht, i ndiaidh bheith ag ól an leachta seo, meaisíní móra darb ainm carranna a bhogadh. Tá sé seo iontach contúirteach mar bualann siad in éadan rudaí agus in éadan daoine eile agus déanann siad dochar mór dóibh féin agus do na daoine eile. Má leanann daoine ar aghaidh ag ól an leachta seo ar feadh tamall mór fada, gortaíonn sé an taobh istigh dá gcorp, go háirithe an chuid den chorp a choinníonn smacht orthu agus a dhéanann cliste iad. Is é an rud is iontaí faoi seo go dtugann daoine cuid mhór de na duaiseanna a bhaineann siad as obair chrua a dhéanamh do dhaoine eile leis an leacht amaideach seo a fháil.

Sin deireadh leis an chuid seo de mo thuairisc. Tá mé ag iarraidh ar na hAe Laoi Eoinacha eile gan an leacht seo a dhéanamh ar an phláinéad s’againne mar níor mhaith linn bheith cosúil leis na ‘daoine’ sin.

Tá Nósanna aisteacha ar ‘An Domhan’.

Page 17: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

40

Ábhar doChuairteoiríMá chuir tú cuireadh ar thuismitheoir/chaomhnóir agus babaí teacht ar cuairt, d’fhéadfadh cuid de na ceisteanna seo a leanas bheith úsáideach.Ba chóir achoimre a thabhairt don chuairteoir roimhré faoi na ceisteanna a bheidh á gcur:

Acmhainn IGníomhaíocht foghlama 6 : Ag ullmhú don leanbh Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Page 18: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

41

Cad é an t-ainm atá ar an bhabaí?

Cad chuige ar tugadh an t-ainm sin air/uirthi?

Cén aois atá an babaí?

Cén mhéid agus meáchan a bhí ann/inti nuair a rugadh é/í?

Cad é an chéad rud a dúirt tú nuair a chonaic tú do leanbh nua?

Cad é a rinne nó a dúirt daoine eile?

Cad é a rinne an babaí?

Cén mhéid agus meáchan atá ann/inti anois?

Ar athraigh an babaí mórán ó rugadh é/í?

Cá raibh an babaí sular rugadh é/í?I mbroinn a m(h)áthar.

Cá fhad a bhí sé/sí i mbroinn a m(h)átharThart faoi naoi mí.

Cén cineál bia a thugann tú do bhabaí nua? Má tá an mháthair ag cothú leis an chíoch, b’fhéidir gur mhaith léi a mhíniú cad chuige a bhfuil bainne cíche iontach folláin.

Cad é a d’ith an babaí sular rugadh é/í?Tháinig bia agus ocsaigin tríd an tsrincne nó feadán cothaithe, ón mháthair go dtí corp an bhabaí. Chuaigh an bia thart ar chorp an bhabaí agus ar ais chuig corp na máthar. Ar an bhealach ar ais tháinig fuíollábhar ó chorp an bhabaí ar ais chuig corp na máthar.

Nuair a rugadh an babaí, ní raibh an feadán cothaithe seo de dhíth níos mó. Cad é a tharla dó?Ghearr an bhanaltra é den bhabaí san ospidéál. Tugaimid an t–ainm ‘imleacán’ ar an pholl bheag ar do bholg a bhíonn fágtha ina dhiaidh.

Cad é mar a thug an mháthair aire speisialta di féin sular rugadh an babaí?Rinne sí cinnte nár thóg sí meáchain throma nó nach raibh sí ina seasamh ar feadh tamall fada.

Cad é mar a thug an mháthair aire speisialta di féin nuair a bhí sí ag ithe?D’ith sí bia úr, mar shampla, torthaí agus glasraí. Chinntigh sí go raibh aiste chothrom bia aici.

Cé na dóigheanna eile ar thug sí aire di féin?Is dócha nár ghlac sí mórán cógas ná alcóil mar rachadh cuid den druga tríd an fheadán cothaithe chuig an bhabaí. B’fhéidir gur stad sí den chaitheamh tobac agus gur choinnigh sí ar shiúl ó áiteanna ina mbíonn daoine ag caitheamh. B’fhéidir gur iarr sí ar bhaill eile teaghlaigh gan bheith ag caitheamh in aice léi.

Cad é a rinne sí faoi aclaíocht agus faoi scíth a ligean?

Cad é mar a chuidigh daoine eile sa teaghlach?

I ndiaidh bheith sa bhroinn ar feadh naoi mí, cad é mar a tháinig an babaí amach?Tríd an fhaighean. Sin an oscailt as a n-imíonn an babaí ó bhroinn na máthar.

Page 19: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

42

Ceisteanna Cásanna

Acmhainn JForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Gníomhaíocht foghlama 7: Bím ag fás agus ag athrú

Page 20: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

43

Cad é mar a chaitheann tú do chuid ama?Dá dtabharfainn bronntanas duit, cad é a dhéanfá?Cad é mar a bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil tú sásta?Cad iad na rudaí is maith leat faoin aois atá tú anois?Dá ndéanfainn trup ard, cad é a dhéanfá?Cad é an rud a bhaineann an gáire is mó asat?Cad é an bia is fearr leat?Cad é an deoch is fearr leat?Cad iad na héadaí is fearr leat?Cad é mar a bhíonn a fhios agdaoine nach bhfuil tú sásta?Cad é a dhéanfá dá ndéanfadhduine meangadh gáire leat?

Page 21: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

Acmhainn K44

Gníomhaíocht foghlama 7: SábháilteachtForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Cártaí Dá dtarlódhsé...

Page 22: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

45

Dá dtarlódh sé... iarrann grúpa páistí atá níos sine ná tú ort bheith ag smúrthacht as buidéal agus gan fios agat cad é atá istigh ann.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... ar an bhealach abhaile ón scoil, stopann páistí móra thú agus iarrann siad do chuid leabhar ort. Stróiceann siad iad agus caitheann ar shiúl iad agus deir siad go mbuailfidh siad thú má insíonn tú do dhuine ar bith. Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... agus túar thuras scoile iarrann duine as do ghrúpa ort rud éigin a ghoid ón siopa.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé...ar an bhealach abhaile ón scoil, feiceann tú mála ar an talamh agus rud éigin istigh ann.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... tá tú ag na siopaí le do theaghlach sa chathair agus cailleann tú iad. Ní aithníonn tú na siopaí ná na daoine. Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... tá tú ag siúl sa pháirc, cluineann tú scairteanna ag teacht ón linn agus feiceann tú duine ag streachailt san uisce.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... feiceann tú do chairde ag súgradh sa bhosca gutháin; cluineann tú iad ag déanamh scairteanna bréige ar an bhriogáid dóiteáin.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... tá tú ag imirt peile le do chairde agus imíonn an liathróid amach ar an bhealach mhór. Deir duine éigin leat an liathróid a fháil.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... ag am lóin, iarrtar ort an seomra a ghlanadh. Deir cúpla duine eile leat súil a choinneáil amach agus cuardóidh siad airgead i bpócaí chóta an mhúinteora.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... tá do cairde ag caint ar gan dul ar scoil amárach. Tá siad ag caint ar dhul chuig an pháirc.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... tá tú sa bhaile nuair a thagann cara ar cuairt. Scairteann tú ar do mhamaí lena rá léi cá bhfuil tú ag dul, ach ní thugann sí freagra. Deir do chara leat deifir a dhéanamh.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... ar an bhealach abhaile ó theach cara, stadann carr agus cuireann an tiománaí ceist ort cá bhfuil an garáiste is cóngaraí.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... nuair atá an sos ann tá grúpa cailíní ag magadh ar chailín eile agus ag tabhairt droch-ainmneacha uirthi. Tá tú ag siúl chuig an chlós nuair a fheiceann tú seo ag tarlú.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... i ndiaidh scoile deir duine nach bhfuil mórán aithne agat air go ndúirt do mhamaí go gcaithfidh tú dul abhaile leis. Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé... tá grúpa páistí móra ag brú ort toitín a chaitheamh. Deir siad go mbeidh siad cairdiúil leat má chaitheann tú é.Cad é a dhéanfá?

Dá dtarlódh sé...

Page 23: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

46

Cás 1Tugann Sandra barra seacláide léi ar scoil gach lá don sos. Ag am sosa téann sí isteach sa chlós lena ithe, ach gach lá bíonn cailín níos sine ag fanacht léi agus baineann sí an barra di. Deir sí go mbuailfidh sí Sandra má insíonn sí do dhuine ar bith. Ansin, baineann sí liomóg as Sandra lena thaispeáint di go bhfuil sí dáiríre. Feiceann cara le Sandra, Rónán, an rud a tharlaíonn agus ba mhaith leis cuidiú léi. Tá eagla ar an bheirt acu go dtarlóidh drochrud dóibh.

Leideanna- Cad é a thiocfadh le Sandra a dhéanamh? Cé dó a dtiocfadh léi a insint? Cad é a thiocfadh le Rónán a dhéanamh?- An bulaíocht atá i gceist?- Cad iad na cineálacha eile bulaíochta atá ann?- Cad chuige a mbíonn daoine ag bulaíocht ar dhaoine eile?- Cad chuige a dtarlaíonn bulaíocht do dhaoine?- Cad é a thiocfadh le daoine nach bhfuil páirteach sa bhulaío- cht a dhéanamh? Cad é a tharlaíonn mura gcuidíonn siad?- Cad é ba chóir don scoil a dhéanamh le cosc a chur ar an bhulaíocht?- Ar léigh tú polasaí frithbhulaíochta na scoile?

Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí

Cártaí Cásanna

Acmhainn LGníomhaíocht foghlama 9 : Ag plé le bulaíocht

Page 24: Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Buí ......Gach bliain, faigheann thart faoi 12,000 duine bás in Éirinn de dheasca chaitheamh an tobac. Tá an caitheamh ar na cúiseanna

47

Leideanna- Cad é a thiocfadh le Séamas a dhéanamh? Cé dó ar chóir dó a insint? Cad é a thiocfadh le Melanie agus le Mairéad a dhéanamh?- An bulaíocht atá i gceist?- Cad iad na cineálacha eile bulaíochta atá ann?- Cad chuige a mbíonn daoine ag bulaíocht ar dhaoine eile?- Cad chuige a dtarlaíonn bulaíocht do dhaoine?- Cad é a thiocfadh le daoine nach bhfuil páirteach sa bhulaíocht a dhéanamh? Cad é a tharlaíonn mura gcuidíonn siad?- Cad é ba chóir don scoil a dhéanamh le cosc a chur ar an bhulaíocht?- Ar léigh tú polasaí frithbhulaíochta na scoile?

Leideanna- Cad é a thiocfadh le Nuala a dhéanamh? Cén dóigh, dar leat, a mothaíonn sí faoi seo? Cad é ba chóir don ghrúpa a dhéanamh?- An bulaíocht atá i gceist?- Cad iad na cineálacha eile bulaíochta atá ann?- Cad chuige a mbíonn daoine ag bulaíocht ar dhaoine eile?- Cad chuige a dtarlaíonn bulaíocht do dhaoine?- Cad é a thiocfadh le daoine nach bhfuil páirteach sa bhulaíocht a dhéanamh? Cad é a tharlaíonn mura gcuidíonn siad?- Cad é ba chóir don scoil a dhéanamh le cosc a chur ar an bhulaíocht?- Ar léigh tú polasaí frithbhulaíochta na scoile?

Leideanna- Cad é a thiocfadh le hAlan a dhéanamh? Cé dó ar chóir dó a insint? Cad é a thiocfadh le Caoimhín a dhéanamh?- An bulaíocht atá i gceist?- Cad iad na cineálacha eile bulaíochta atá ann?- Cad chuige a mbíonn daoine ag bulaíocht ar dhaoine eile?- Cad chuige a dtarlaíonn bulaíocht do dhaoine?- Cad é a thiocfadh le daoine nach bhfuil páirteach sa bhulaíocht a dhéanamh? Cad é a tharlaíonn mura gcuidíonn siad?- Cad é ba chóir don scoil a dhéanamh le cosc a chur ar an bhulaíocht?- Ar léigh tú polasaí frithbhulaíochta na scoile?

Cás 2Suíonn Séamas ar an suíochán céanna ar scoil, leis an ghrúpa chéanna páistí, gach lá. Inniu, deir beirt de na páistí, Lúsaí agus Seán, nár mhaith leo suí in aice leis níos mó. Tá siad ag rá drochrudaí le Séamas, ag rá go bhfuil drochbholadh air, nach mbíonn na bróga cearta spóirt air agus gur peata an mhúinteora é. Deir Séamas leo a mbéal a dhruidim, ach ní éisteann siad. Cluineann Melanie agus Mairéad gach rud agus ba mhaith leo a insint don mhúinteoir, ach tá siad mór le Lúsaí agus le Seán. Tá gach duine mór le Lusaí agus le Seán. Níl siad ag iarraidh titim amach leo.

Cás 3Suíonn Eoin, Ruth agus Nuala le chéile mar chuid de ghrúpa mór sa rang. Níl Eoin agus Ruth chomh cairdiúil agus ba ghnách leo. Cluineann Nuala iad ag cogarnach agus ag gáire. Síleann sí go bhfuil siad ag caint uirthi. Faigheann sí amach go raibh Ruth ag cúlchaint uirthi agus go raibh Eoin ag gáire uirthi. Feiceann an chuid eile den ghrúpa an méid a tharlaíonn ach níl siad páirteach ann. Roimh an rang corpoideachais, cuardaíonn Nuala a chuid éadaí spóirt ach ní thig léi teacht orthu. Iarann an múinteoir ar gach duine cuidiú léi. Tá an rang mall ag tosú. Faigheann an múinteoir éadaí Nuala i gcófra. Cuireann Eoin agus Ruth an locht ar Nuala nach raibh rang ceart corpoideachais acu agus anois níl duine ar bith sa ghrúpa cairdiúil léi.

Cás 5Caoimhín an duine deireanach amach as an seomra ranga; tá sé ar a bhealach abhaile. Tá sé leis féin. Feiceann sé Alan, gasúr as a rang. Tá grúpa de thriúr buachaillí agus beirt chailíní ag tabhairt drochama d’Alan. Tá siad ag tabhairt drochainm air agus á bhrú nuair a dhéanann sé iarracht siúl thart leo. Glacann siad a mhála agus caitheann isteach i lár an bhóthair é. Níl a fhios ag Caoimhín cad é ba chóir dó a dhéanamh. Tiontaíonn sé agus téann sé abhaile bealach eile. Deir sé leis féin go n-inseoidh sé don mhúinteoir ar maidin. Ní mhothaíonn sé go maith faoin rud a tharla.