Download - Tuama Tutankhamun
Is scéal fada casta é seo a thosaigh na blianta sular tháinig aon duine ar an tuama.
Chaith fear darbh ainm Theodore Davis blianta ag cuardach tuama an Rí
Tutankhamun.
Ach sa deireadh d’éirigh sé as!
Lord Carnarvon
Howard Carter
Bhí fear amháin ann áfach a chreid go raibh an tuama ann i nGleann na Ríthe fós agus go mbeadh sé ábalta é a aimsiú.
Thug Lord Carnavon an t-airgead do Carter chun leanúint leis an toraíocht – mar go raibh sé féin ag iarraidh an t-or agus aon rud eile a bhí ann a fháil dó féin!
Suíomh an Tuama
Rinne Howard Carter go leor staidéir ar mhapaí Ghleann na Ríthe agus ar na háiteanna ina raibh tuamaí na ríthe eile. Cheap sé go raibh seans ann go ndearna gach duine dearmad ar áit bheag amháin sa ghleann agus gur ansin a bhí an tuama!
Nuair a thosaigh an obair tháinig siad ar cúpla bothán faoin ngaineamh.
Nuair a leag siad an chéad bhothán céard a bhí ann ach céimeanna!
Lean siad na céimeanna síos chuig doras – doras a raibh ainm Tutankhamun air.
?
Outside the tomb of King Tut shortly after it was opened in 1922.
Cuireadh fios ar Carnavon láithreach. Ach níor osclaíodh an doras go dtí go raibh sé ann!
Nuair a chuaigh siad isteach ann bhí sé soiléir go raibh daoine ansin rompu!
Cheap siad nach mbeadh aon rud luachmhar fágtha ann!
Ach tháinig siad ar dhoras rúnda eile sa phasáiste. Nuair a bhuail Carter poll beag tríd níor chreid sé cad a bhí os a chomhair amach san Antechamber, mar a thug sé air.
Antechamber
Cé gur tháinig Carter ar a thuama - níl móran ar eolas againn faoi Rí Tutankhamun. Tháinig sé chun na corónach i ndiaidh an Rí Smenkhkare. D’fhás sé aníos sa phálás ag Akhetaten.
Tá an chónra déanta go hiomlan as ór! Tá sé 74" ar fad, 20" ar leithead agus 20" ar airde. Tá an rí ina luí mar Osiris (Rí na beatha agus an bháis) leis an “crook” agus “flail” ar a bhrollach.