clár comórtha céad bliain - ireland 2016

16
an cabh án / cavan clár comórtha céad bliain Centenary Programme

Upload: others

Post on 18-Nov-2021

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

1

an cabhán / cavan

clár comórtha céad bliainCentenary Programme

clár comórtha céad bliain an chabhán

2

The Seven Programme Strands Seacht Snáithe an Chláir

State and Local Ceremonial Searmanais Stáit agus Áitiúla

Historical Reflection Machnamh ar an Stair

The Living Language An Teanga Bheo

Youth and Imagination An Óige agus an tSamhlaíocht

Cultural Expression Léiriú Cultúrtha

Community Participation Rannpháirtíocht Phobail

Global and Diaspora Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra

CLÁR COMÓRTHA CEAD BLIAIN AN CHABHÁIN

3

the ireland 2016 centenary programme is built on Seven Programme Strands which, taken together, reflect the themes of Remembering, Reconciling, Presenting, Imagining and Celebrating. The programme will continue to grow and develop over the coming months. To see the updated programme, other county programmes and the national programme for 2016, please visit www.ireland.ie

tá éire 2016: clár comórtha céad bliain bunaithe ar Sheacht Snáithe an Chláir, agus nuair a thógtar iad sin i dteannta a chéile, léiríonn siad na téamaí Cuimhneamh, Athmhuintearas, Cur i Láthair, Samhlú agus Ceiliúradh. Leanfar ar aghaidh le fás agus forbairt na gclár sna míonna amach romhainn. Leis an gclár nuashonraithe a fheiceáil, chomh maith le cláir chontaetha eile agus an clár náisiúnta le haghaidh 2016, téigh chuig www.ireland.ie

Formal commemorative events, focused on remembering and honouring those who took part in the Easter Rising, and especially those who gave their lives.

Beidh imeachtaí foirmiúla comóraidh ann a bheidh dírithe ar na daoine a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, go háirithe iad siúd a thug a mbeatha lena linn, a thabhairt chun cuimhne agus a onórú.

A range of history-based activities and initiatives, designed to deepen and broaden our understanding of the events of 1916 and that pivotal period in our history.

Beidh réimse gníomhaíochtaí agus tionscnamh staire ann a cheapfar chun ár dtuiscint ar imeachtaí 1916 agus an tréimhse ríthábhachtach sin inár stair a dhoimhniú agus a leathnú.

Encouraging widespread citizen engagement in 1916 related events, involving the broadest possible community and voluntary sector participation in towns and villages throughout the country.

Saoránaigh a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí a bhainfidh le 1916, sa chaoi is go mbeidh an rannpháirtíocht is mó is féidir ag na hearnálacha deonacha agus pobail i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre.

Placing children and young people at the centre of the Ireland 2016 Centenary Programme and integrating historical exploration with a range of imaginative activities.

Cuirfear leanaí agus daoine óga i gcroílár Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain agus déanfar iniúchadh ar cheisteanna staire a chomhtháthú le réimse gníomhaíochtaí samhlaíocha.

Working with our creative community and arts organisations to reflect on our past, our present and our future, with a focus on 1916.

Oibriú lenár bpobal cruthaitheach agus eagraíochtaí ealaíon chun machnamh a dhéanamh ar an am atá thart in Éirinn, ar an saol atá ann faoi láthair agus ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo, agus béim faoi leith ar chuimhneachán 1916.

Inviting the global Irish family and friends of Ireland from all over the world to join us in remembering, reflecting and re-imagining.

Cuireadh a thabhairt do chlanna Gael ó gach cearn den domhan agus do chairde na hÉireann a bheith linn agus muid ag cuimhneamh, ag déanamh machnaimh agus ag athshamhlú.

Reflecting on the central place of the Irish language in the ideals of the Revolutionary Generation and celebrating the language through a diverse programme of events.

Cuirfear clár ilghnéitheach imeachtaí ar siúl mar léiriú ar áit lárnach na Gaeilge in idéil na glúine réabhlóidí agus chun an teanga a cheiliúradh.

clár comórtha céad bliain an chabhán

4

CLÁR COMÓRTHA CEAD BLIAIN AN CHABHÁIN

Ní raibh aon chorraíl armtha i gContae an Chabháin le linn na Cásca 1916 agus macasamhail áiteanna eile sa tír, bhíothas buartha faoin méid a bhí ag titim amach i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile. Nuair a cuireadh na ceannairí chun báis tháinig athrú intinne ar dhaoine agus luadh in eagarfhocal an nuachtáin áitiúil, The Anglo-Celt: ‘táthar báúil leis na híospartaigh anois cé go rabhthas dá gcáineadh go diomúch roimhe sin as a gcuid coiriúlachta’.

Bhí an náisiúnachas le sonrú go tréan sa chontae cheana, áfach. Ba chóir a chuimhneamh gur ghríosaigh an Coirnéal Edward Saunderson, a raibh eastát a theagh-laigh taobh amuigh de Bhéal Tairbirt agus a bhí ina bhall suntasach den Ord Oráisteach, Oráistigh tráth chun ‘druileáil, armáil agus éidí a chaitheamh’ in aghaidh an fheachtais ar son Rialtas Dúchais. Leag an nuachtán náisiúnach, The Anglo-Celt, agus an Irish Post, a thacaigh leis an dearcadh aontachtach, béim ar an deighilt idir an dá ghrúpa a bhí ag éirí níos mó. Níorbh ábhar iontais é mar sin gur mháirseáil John Kevin O’Reilly, a rugadh in Achadh an Iúir, Contae an Chabháin, lena chúigear mac i dtreo Ard-Oifig an Phoist chun ról gníomhach a imirt sa troid. Ba é John Kevin a scríobh Wrap the Green Flag Around Me Boys in onóir an Mhaoir John McBride a cui-readh chun báis tar éis an éirí amach. Gabhadh Francis Sheehy-Skeffington, a rugadh i gCoill an Chollaigh agus a raibh aithne mhaith air mar shíochánaí, Máirt Chásca agus é ag iarraidh creachadh a chosc. Dúnmharaíodh é ina dhiaidh sin Dé Céadaoin an 26 Aibreán. Bhí Úna Ní Fhaircheallaigh, a bhí i gceannas ar chruinniú tionsc-naimh Chumann na mBan, ina dlúthchara le Ruairí Mac Easmainn. Rugadh í i Rafanaigh in aice le hAchadh an Iúir, Contae an Chabháin.

Foreword Brollach

There was no armed unrest in County Cavan during Easter 1916 and like in other parts of the country the happenings in Dublin and elsewhere were regarded with alarm. When the leaders were executed opinion changed and the local Anglo-Celt newspaper stated in its editorial ‘sympathy is being aroused for the victims where nothing but indignant condemnation of their criminal enterprise previously existed’.

Nationalistic feelings were already prominent in the county however. It should be remembered that Colonel Edward Saunderson, whose family seat was outside Belturbet and who was a prominent member of the Orange Order, had once urged Orangemen ‘to drill, arm and don uniforms’ against the campaign for Home Rule. The Anglo Celt which was nationalist in tone and the Irish Post which supported the unionist view highlighted the growing polarisation between both groups. It was no surprise therefore that John Kevin O’Reilly who was born in Virginia, County Cavan marched with his five sons to the GPO and played an active role in the fighting. It was John Kevin who wrote Wrap the Green Flag Around Me Boys, in honour of Major John McBride who was executed after the Rising. Francis Sheehy-Skeffington, who was born in Bailieborough and was a well known pacifist, was arrested on Easter Tuesday while trying to prevent

looting and subsequently murdered on Wednesday 26th of April. Agnes O’Farrelly, who presided at the inaugural meeting of Cumann na mBan, was a close friend of Roger Casement: and she was born at Raffony near Virginia, Co Cavan.

5

cluas éisteachta a thabhairt domhuintir an chabháin

Tháinig lear mór smaointe chun cinn maidir le ceiliúradh agus comóradh a chlúdaíonn na seacht dtéama den Chlár Comórtha Céad Bliain ag an gcruinniú comhair-liúcháin phoiblí an 11 Meitheamh 2015 chun pleananna a phlé do 2016.

Bhíothas den tuairim láidir sa chruinniú gur deis den scoth é an Comóradh Céad Bliain chun machnamh a dhéanamh ar thuras an náisiúin ón mbliain 1916 agus gur cheart dúinn na híobairtí a rinneadh a chomóradh agus na héachtaí a baineadh amach ón am sin i leith a cheiliúradh. Ba cheart go dtabharfaí faill dár n-óige na himeachtaí ba chúis le bunú an stáit a thuiscint agus ba chóir go ndéanfaí iniúchadh ar Fhorógra na Poblachta ina chomhthéacs bunaidh. Ba chóir go dtabharfaí áiméar do leanaí machnamh a dhéanamh ar an bhForógra agus a fheiceáil conas mar atá ag éirí leis an tír na hidéil, na prionsabail agus na mianta atá ann a bhaint amach. Bhí éirí amach armtha ar siúl agus cé gurbh fhir agus mná míleata iad na ceannairí, b’fhilí, mhúinteoirí agus dhaoine spioradálta iad freisin agus ba chóir go léireofaí an méid sin inár gceiliúradh. Ba chóir go mbeadh cuimsitheacht sa chomóradh a chuimsíonn na saoránaigh uile in Éirinn an lae inniu. Níor cheart d’aon ghrúpa polaitíochta seilbh a ghlacadh ar an ócáid agus, mar gheall ar shuíomh an Chabháin, ba chóir go mbeadh naisc le tionscnaimh trasteorann nuair is féidir.

roinnt buaicphointí de chuid an chláir

Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa chlár an

chontae: Seoladh áitiúil an Chláir Comórtha Céad Bliain lena n-áireofar léacht faoi Úna Ní Fhaircheallaigh a luaitear thuas.

‘Beatha a Thabhairt: Taispeántas’ a sheolfar i Lár-Leabharlann Mhic Sheáin agus ina ndéanfar in-iúchadh ar ghnéithe d’Éirí Amach 1916, ar na himeachtaí a tharla roimhe agus ar an méid a tharla ina dhiaidh.

listening to the people of cavan

The public consultation meeting on the 11th June 2015 to discuss plans for 2016 produced a wide range of ideas for celebration and commemoration which cover the seven themes of the Centenary Programme.

The overwhelming feeling from the meeting was that the Centenary is a once-in-a-generation opportunity to take stock of the nation’s journey from 1916 and that we should commemorate the sacrifices made and celebrate the achievements of the intervening years. Our youth should be given an opportunity to understand the events surrounding the foundation of the state and the Proclamation of the Republic should be explored in its original context. Children should be given the opportunity to reflect on the Proclamation and to see how the country has lived up to its ideals, principles and aspirations. An armed rising took place yet the leaders as well as being military men and women were poets, teachers and spiritual people and our celebrations should reflect this. There should be inclusiveness about the commemoration which encompasses all citizens in the Ireland of today. No political group should try to take ownership of the occasion and because of Cavan’s location there should be linkage where possible in cross border initiatives.

some highlights of our programme

The programme will include the following: A local launch of the centenary programme to include a lecture on Úna Ní Fhaircheallaigh (Agnes O’Farrelly) who is referred to above.

“The Ultimate Sacrifice: an exhibition” which will be launched in Johnston Central Library exploring aspects of the 1916 Rising, the events leading up to it and its aftermath.

clár comórtha céad bliain an chabhán

6

CLÁR COMÓRTHA CEAD BLIAIN AN CHABHÁIN

Beidh sé sin mar chuid den ócáid, ‘An Cabhán agus an tÉirí Amach: Comhdháil’ i Lár-Leabharlann Mhic Sheáin lena n-áireofar léacht faoi Francis Sheehy-Skeffington lena ghariníon, Micheline Sheehy-Skeffington, agus Maurice O’Keeffe ón tsraith, ‘Irish Life & Lore’ a thaifead scéalta ó ghaolta na ndaoine a ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Labhróidh an Dr Brendan Scott faoin mbaint a bhí ag an gCabhán leis an Éirí Amach.

Nochtfar plaic chuimhneacháin in ómós Francis Sheehy-Skeffington ina fhód dúchais i gCoill an Chollaigh. Nochtfar ceann eile ag iar-Scoil Thulaigh na Maoile in aice leis an Damhshraith, áit ar fhreastail Seán Mac Diarmada chun Gaeilge a fhoghlaim. Beidh deis ag grúpaí paróiste imeachtaí a óstáil fosta ina ndéantar daoine ón gceantar áitiúil a chomóradh trí dheontais a fháil ón gComhairle.

Tugtar aitheantas don tábhacht a bhaineann leis an Diaspóra sa Chlár Comórtha Céad Bliain mar go bhfuil 70 milliún duine de bhunadh na hÉireann thar lear. Reáchtálfar comhdháil ina léireofar tionchar na heisimirce agus na deoraíochta ar an daonra, srl.

Déanfar taighde ar leabhar don chontae ar nós ‘Liosta na Laochra’ de chuid an Chabháin sa Chogadh Mór idir 1916 agus 1922 agus cuirfear i gcló é.

Beidh ócáid ar siúl i mBaile an Chabháin Dé Sathairn, an 23 Aibreán 2016 dar teideal ‘An Cabhán in 1916 a Athchruthú’. Beidh ócáid searmanais ar siúl ag Teach Cúirte an Chabháin sa tráthnóna fosta. Beidh cuma 1916 ar chuid den bhaile agus beidh lucht trádála agus grúpaí leasmhara i láthair agus cuirfidh siad siamsaíocht ar fáil. Tabharfaidh sé faill don phobal mór a bheith páirteach sa cheiliúradh.

Athchruthóidh Músaem Contae an Chabháin radharc ó Bhaile Átha Cliath i 1916 i nGairdín na Síochána atá ann cheana féin. Beidh macasamhail d’Ard-Oifig an Phoist ann chomh maith le painéil eolais a chlúdaíonn ábhair na tréimhse. Cuireann Gairdín na Síochána go maith le heispéireas trinse an Chogaidh Mhóir sa mhúsaem. Is é sin an trinse macasamhlach is mó amuigh faoin spéir atá in Éirinn nó i Sasana.

Beidh tionscadal taighde faoi stair an Lucht Siúil sa Chabhán i 1916 sa chlár freisin.

This will form part of “Cavan and the Rising: A Conference” in Johnston Central Library which includes a lecture on Francis Sheehy-Skeffington by his granddaughter Micheline Sheehy-Skeffington and Maurice O’Keeffe from “Irish Life & Lore” who has documented the stories of relatives of those involved in the 1916 Rising. Dr Brendan Scott will speak on Cavan involvement in the Rising.

A commemorative plaque in honour of Francis Sheehy-Skeffington will be unveiled in his native Bailieborough as will one at the former Tullynamoyle School near Dowra where Sean Mac Diarmada attended to learn the Irish language. Parish groups will also have an opportunity to host events commemorating individuals from the local area through the provision of Council grants.

The significance of the diaspora is recognised in the centenary programme as there are 70 million people abroad of Irish extraction. A conference will take place reflecting the effect of emigration and exile on the popu-lation through music, drama, literature, and poetry etc.

A book similar to Cavan’s Great War ‘Roll of Honour’ covering the period 1916-1922 for the county will be researched and published.

An event “Re-imagining Cavan in 1916” will take

place in Cavan town on Saturday 23rd April 2016 which will include a ceremonial event at Cavan Courthouse in the evening. A section of the town will revert to a 1916 likeness with engagement and entertainment from traders and interested groups. It will give the general public an opportunity to be involved in the celebrations.

Cavan County Museum will recreate a 1916 Dublin scene within the existing Peace Garden to include a replica of the GPO with information panels covering topics of the period. The Peace Garden complements the Great War trench experience at the museum. This is the largest outdoor replica trench in Ireland or England.

The programme will also include a research project on the history of the Traveller Community in Cavan in 1916.

7

Programme An Clár

Ceremonial Searmanais

23.04.16

Cavan townBaile an Chabháin

Ceremonial event

A formal and solemn marking of the 100th anniversary of 1916 to include an Ecumenical Ceremony, Reading of the Proclamation and Raising of the Flag to full mast at Cavan Courthouse on the evening of the 23rd April 2016. The family members of Cavan people involved in the Rising, elected members, representatives from the Defence Forces, the local reserve defense force, Comhaltas groups, St. Conleth’s Pipe Band, Castletown Accordion Orchestra and the Cavan Singers will be present

Ócáid searmanais

Ceiliúradh foirmiúil sollúnta ar chomóradh 100 bliain d’Éirí Amach 1916 lena n-áireofar Searmanas Éacúiméineach, Léamh an Fhorógra agus Ardú na Brataí ar Lánchrann ag Teach na Cúirte an Chabháin tráthnóna an 23 Aibreán 2016. Beidh daoine muinteartha na ndaoine ón gCabhán a raibh baint acu leis an Éirí Amach, comhaltaí tofa, ionadaithe ón arm, na hÓglaigh Cúltaca Áitiúla, grúpaí Chomhaltas, Banna Píob Naomh Conlao, Ceolfhoireann Cairdíní Bhaile an Chaisleáin agus Amhránaithe an Chabháin i láthair.

Historical Reflection Machnamh ar an Stair

june 2016 meitheamh 2016

Cavan townBaile an Chabháin

Cavan and the Rising, A Conference:

A 1916 themed conference will take place in Johnston Central Library. Programme to include a lecture on Francis Sheehy-Skeffington by his granddaughter Micheline Sheehy-Skeffington, and Maurice O’Keeffe from “Irish Life & Lore” who has documented the stories of relatives of those involved in the 1916 Rising. Dr Brendan Scott will speak on Cavan involvement in the Rising.

An Cabhán agus an tÉirí Amach:

Comhdháil:

Tionólfar comhdháil faoi théama 1916 i Lár-Leabharlann Mhic Sheáin. Áireofar sa Chlár léacht faoi Francis Sheehy-Skeffington lena ghariníon, Micheline Sheehy-Skeffington, agus Maurice O’Keeffe ón tsraith, ‘Irish Life & Lore’ a thaifead scéalta ó ghaolta na ndaoine a ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Labhróidh an Dr Brendan Scott faoin mbaint a bhí ag an gCabhán leis an Éirí Amach.

clár comórtha céad bliain an chabhán

8

CLÁR COMÓRTHA CEAD BLIAIN AN CHABHÁIN

june 2016 meitheamh 2016

Cavan townBaile an Chabháin

The Ultimate Sacrifice

An exhibition in Johnston Central Library exploring aspects of the 1916 Rising, the events leading up to it and its aftermath.

Beatha a Thabhairt

Taispeántas i Lár-Leabharlann Mhic Sheáin ina ndéanfar iniúchadh ar ghnéithe d’Éirí Amach 1916, ar na himeachtaí a tharla roimhe agus ar an méid a tharla ina dhiaidh.

march/april 2016 márta/aibreán 2016

BallyjamesduffBaile Shéamais Dhuibh

1916: An Exhibition Changed Utterly

Cavan County Museum will recreate a 1916 Dublin scene within the existing Peace Garden to include a replica of the GPO with information panels covering topics including the 1913 Lockout, Foundation of the Citizen Army, Cumann na mBan, the Proclamation, the volunteer split and infiltration of the IRB, Leaders of the Rising, defeat and executions, Cavan and 1916. The exhibition will also explore the journey to the Battle of the Somme. The Peace Garden will include a designated area of remembrance and reflection.

1916: Taispeántas Athraithe as Cuimse

Athchruthóidh Músaem Contae an Chabháin radharc ó Bhaile Átha Cliath i 1916 i nGairdín na Síochána atá ann cheana féin. Beidh macasamhail d’Ard-Oifig an Phoist ann chomh maith le painéil eolais a chlúdaíonn ábhair ar leith lena n-áirítear Frithdhúnadh 1913, Bunú Arm Cathartha na hÉireann, Cumann na mBan, an Forógra, Deighilt na nÓglach agus Insíothlú IRB, Ceannairí an Éirí Amach, briseadh agus básuithe, an Cabhán agus 1916. Déanfar iniúchadh sa taispeántas freisin ar an turas go dtí ‘Cath an Somme’. Beidh limistéar sainithe i nGairdín na Síochána le haghaidh cuimhnimh agus machnaimh.

throughout the year i gcaitheamh na bliana

Ballyjamesduff Baile Shéamais Dhuibh

Exhibition of Memorabilia:

1916-1922

A commemorative exhibition of archival documents, photographs and memorabilia of the period 1916-1922 will be exhibited in Cavan County Museum.

Taispeántas d’Earraí Cuimhneacháin:

1916-1922

Cuirfear taispeántas comórtha de cháipéisí cartlainne, grianghraif agus earraí cuimhneacháin ón tréimhse idir 1916 agus 1922 i láthair i Músaem Contae an Chabháin.

throughout the year i gcaitheamh na bliana

Ballyjamesduff Baile Shéamais Dhuibh

1916 The Rising: Lecture series.

The annual Museum lecture series for 2016 will focus on Easter 1916.

Éirí Amach 1916: Sraith Léachtaí

Beidh sraith bhliantúil léachtaí an Mhúsaeim don bhliain 2016 ag díriú ar Cháisc na bliana 1916.

may bealtaine

Cavan townBaile an Chabháin

One of the most Dangerous Men

in the Rebel Movement: Peter Paul

Galligan

Lecture on Peter Paul Galligan by his grandson Kevin Galligan. Peter Paul Galligan, reared in Crosserlough Parish, was the Chief Organiser of the Rising in Enniscorthy, Co. Wexford. A tour of the Galligan residence and the place of his arrest will be included in the programme.

One of the Most Dangerous Men in the

Rebel Movement: Peter Paul Galligan

Léacht faoi Peter Paul Galligan lena gharmhac, Kevin Galligan. Ba é Peter Paul Galligan, a tógadh i bParóiste Chill Droim Feartáin, Príomheagraí an Éirí Amach in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman. Rachfar ar thuras theach chónaithe Galligan agus rachfar chuig an áit inar gabhadh é mar chuid den Chlár.

9

The Living Language An Teanga Bheo

november 2015 samhain 2015

Cavan townBaile an Chabháin

Launch of the local Centenary

Programme with Lecture Agnes

O’Farrelly - Cabhánach den scoth.

Madeleine Uí Mhéalóid will present a lecture on Úna Ní Fhaircheallaigh (Agnes O’Farrelly) from Raffony, Mullagh, Co. Cavan who presided at the inaugural meeting of Cumann na mBan and was a close friend of Roger Casement and Professor of Modern Irish in UCD from 1932 until 1947.

Seoladh an Chláir Chomórtha Céad Bliain

áitiúil le Léacht faoi Úna Ní Fhaircheallaigh

– Cabhánach den Scoth

Cuirfidh Madeleine Uí Mhéalóid léacht i láthair faoi Úna Ní Fhaircheallaigh as Rafanaigh, an Mullach, Contae an Chabháin, a bhí i gceannas ar chruinniú tionscnaimh Chumann na mBan. Ba dhlúthchara le Ruairí Mac Easmainn í agus b’Ollamh na Nua-Ghaeilge í sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath idir 1932 agus 1947.

march 2016 márta 2016

CountywideAr fud an chontae

Gaeltacht Scholarships: Secondary

School competition

Cavan County Council will offer two €500 scholarships to the Gaeltacht in Rosmuc, Co. Galway. This competition will be held during Seachtain na Gaeilge.

Scoláireachtaí na Gaeltachta: Comórtas

Meánscoile

Cuirfidh Comhairle Chontae an Chabháin dhá scoláireacht dar luach €500 ar fáil chun dul go dtí an Ghaeltacht i Ros Muc, Contae na Gaillimhe. Beidh an comórtas sin ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge.

Central library and participating SchoolsLeabharlann agus scoileanna rannpháirteacha

Casadh an tSúgáin (Twisting the

Rope): A Play by Douglas Hyde

Cavan Library Service, Glór Bhréifne and Transition Year Students will perform Douglas Hyde’s play Casadh an tSúgáin (Twisting the rope).

Casadh an tSúgáin: Dráma le Dubhghlas

de hÍde

Cuirfidh Seirbhís Leabharlainne an Chabháin, Glór Bhréifne agus daltaí idirbhliana dráma Dhubhghlais de hÍde, Casadh an tSúgáin, ar an ardán.

throughout the year i gcaitheamh na bliana

CountywideAr fud an chontae

Éiri Amach : A 1916 Exhibition

Cavan Library Service will present an exhibition on the key Dublin locations and participants of the 1916 Rising. The exhibition will tour the county through the Branch Library network.

Éirí Amach: Taispeántas 1916

Cuirfidh Seirbhís Leabharlainne an Chabháin taispeántas i láthair ar láithreacha tábhachtacha Bhaile Átha Cliath agus ar na rannpháirtithe in Éirí Amach 1916. Cuirfear an taispeántas i láthair ar fud an chontae trí ghréasán na Leabharlann Brainse.

march/april márta/aibreán

CavanAn Cabhán

Seachtain na Gaeilge 2016

Cavan Library Sevice will explore the Nuachtáin of the day “An Claidheamh Soluis” eagathóir Pádraig Mac Piarias.

Seachtain na Gaeilge 2016

Déanfaidh Seirbhís Leabharlainne an Chabháin iniúchadh ar nuachtán an lae, An Claidheamh Soluis, a raibh Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir air ar feadh seala.

clár comórtha céad bliain an chabhán

10

Youth and Imagination An Óige agus an tSamhlaíocht

april 2016 aibreán 2016

Cavan TownBaile an Chabháin

The Celtic Twilight, Irish Writers and

Cultural Nationalism:

A series of literature workshops with National Schools which will allow children the opportunity to examine the writings of Ireland’s past poets and writers and enable them to articulate similar ideas based on their own experiences and feelings. The finished work will be showcased at a launch in Johnston Central Library in April 2016.

An Clapsholas Ceilteach, Scríbhneoirí na

hÉireann agus an Náisiúnachas Cultúrtha

Sraith de cheardlanna litríochta le scoileanna náisiúnta a bhéarfaidh faill do na leanaí scrúdú a dhéanamh ar scríbhinní na bhfilí agus na scríbhneoirí Éireannacha san am atá thart agus a chuirfidh ar a gcumas smaointe den chineál céanna a chur in iúl atá bunaithe ar a dtaithí agus ar a mothúcháin féin. Cuirfear an saothar críochnaithe ar taispeáint ag seoladh i Lár-Leabharlann Mhic Sheáin in Aibreán 2016.

throughout the year i gcaitheamh na bliana

#Cavan2016:

A Social Media campaign using Facebook and Twitter to capture the imagination of our young people so that they may better understand the events of 1916 as well as the stories of their own communities during that period of our history.

#Cavan2016:

Feachtas ar na meáin shóisialta ina mbainfear leas as Facebook agus Twitter chun samhlaíocht ár ndaoine óga a ghabháil ionas go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar imeachtaí 1916 agus ar na scéalta óna bpobal féin sa tréimhse sin inár stair.

throughout the year i gcaitheamh na bliana

Cavan SchoolsScoileanna an Chabháin

Cavan Ireland 1916

An exhibition of selected artworks of the 2016 commemoration which will tour schools. An artist facilitator will work with teachers and children to provide context and relevance. The artworks will offer young people the opportunity to reflect on the ideals of the poets and dreamers at the foundation of the state, ideals that are at the core of the Proclamation.

An Cabhán, Éire 1916

Tabharfar taispeántas de shaothair ealaíne roghnaithe de chomóradh 2016 ar camchuairt go scoileanna. Oibreoidh éascaitheoir ealaíontóra le múinteoirí agus leanaí chun comhthéacs agus ábharthacht a chur ar fáil. Tabharfaidh na saothair ealaíne deis don aos óg machnamh a dhéanamh ar idéil na bhfilí agus na gceannródaithe tráth bhunú an stáit, tá na hidéil sin i gcroílár an Fhorógra.

throughout the year i gcaitheamh na bliana

CountywideAr fud an chontae

Explore 1916 through your local

Library

Cavan Library Service Children’s Programme for 2016 will focus on the Rising through key events: World Book Day, Bealtaine Festival, Children’s Book Festival and Schools History Quiz.

Iniúchadh ar 1916 trí do Leabharlann Áitiúil

Díreofar i gClár na bPáistí 2016 de chuid Sheirbhís Leabharlainne an Chabháin ar an Éirí Amach trí phríomhimeachtaí: Lá Domhanda na Leabhar, Féile na Bealtaine, Féile Leabhar na bPáistí agus Tráth na gCeist do Scoileanna ar an Stair.

CLÁR COMÓRTHA CEAD BLIAIN AN CHABHÁIN

11

23.04.16

CavanAn Cabhán

Cavan Comhairle na nÓg

Commemorate 1916

Cavan Comhairle na nÓg will play a key role in the Ceremonial Event on the 23rd of April 2016 through Music, Poetry Reading and the Raising of the Flag.

1916 á Chomóradh ag Comhairle na nÓg

sa Chabhán

Beidh ról ríthábhachtach ag Comhairle na nÓg sa Chabhán ag an Ócáid Searmanais an 23 Aibreán 2016 trí Cheol, Léamh Filíochta agus Ardú na Brataí.

february 2016 feabhra 2016

BallyjamesduffBaile Shéamais Dhuibh

1916 History Week for Primary and

Secondary Schools

Cavan County Museum will co-ordinate ‘History Week’ for primary and secondary schools with a special focus on 1916. Copies of the 1916 Exhibition Panels will be available to schools to encourage and assist children in developing their own 1916 exhibitions.

Seachtain Staire faoi 1916 do

Bhunscoileanna agus Meánscoileanna

Comhordóidh Músaem Contae an Chabháin ‘Seachtain Staire’ do bhunscoileanna agus meánscoileanna a dhíreoidh ar 1916. Beidh cóipeanna de Phainéil Taispeántais 1916 ar fáil do scoileanna chun leanaí a spreagadh agus chun cabhrú leo a gcuid taispeántais 1916 féin a fhorbairt.

Cultural Expression Léiriú Cultúrtha

april 2016 aibreán 2016

Ramor Theatre, Virginia on the 1st and 2nd AprilCavan Town Hall Theatre on the 21st AprilAmharclann Ramhar, Achadh an Iúir, an 1 agus an 2 AibreánAmharclann Halla Baile an Chabháin, an 21 Aibreán

“Who Fears to Speak of Easter

Week”: The Rising – A Cavan

Perspective

The Ramor Theatre will present a show celebrating the past and future in a lively night of

song, story and dance featuring the best of Cavan Talent.

“Who Fears to Speak of Easter Week”: An

tÉirí Amach – Dearcadh an Chabháin

Cuirfear seó i láthair in Amharclann Ramhar ina ndéanfar ceiliúradh ar an am atá thart agus ar an am atá fós le teacht le linn oíche bhríomhar amhránaíochta, scéalaíochta

agus damhsa ina mbeidh an chuid is fearr de bhua an Chabháin páirteach.

CountywideAr fud an chontae

An Oral History of Cavan

Cavan Library Service in collaboration with Maurice O’Keeffe from Irish Life and Lore will record and produce an archive of interviews with Cavan people and their memories of history and lore. This project is similar to the work ‘Witness to Independence’

produced by the same company which captures the atmosphere of the revolutionary period in a series of interviews with individuals connected to the 1916 period and how this impacted on young minds and imaginations.

Stairsheanchas an Chabháin

Déanfaidh Seirbhís Leabharlainne an Chabháin, i gcomhar le Maurice O’Keeffe ón tsraith ‘Irish Life & Lore’, cartlann agallamh le muintir an Chabháin agus a gcuid cuimhní ar an stair agus an seanchas a thaifeadadh agus a tháirgeadh. Tá an tionscadal sin ar nós an tsaothair, ‘Witness

to Independence’ a tháirg an dream céanna ina bhfaightear léargas ar an tréimhse réabhlóideach i sraith agallamh le daoine a raibh baint acu le tréimhse 1916 agus ar an dóigh a ndeachaigh sé sin i bhfeidhm ar intinní agus ar shamhlaíocht na n-óg.

clár comórtha céad bliain an chabhán

12

april–december 2016 aibreán–nollaig 2016

Countywide Ar fud an chontae

1916 Commemorative Paintings

Local artist Paul Galligan presents a series of paintings on the Rising including portraits of the seven signatories of the Proclamation, scenes of the destruction of Dublin and Cavan’s involvement in the Rising including portraits of Francis Sheehy-Skeffington, Peter Paul Galligan and Agnes O’Farrelly.

Pictiúir Chomórtha 1916

Cuirfidh an t-ealaíontóir áitiúil Paul Galligan sraith pictiúr i láthair faoin Éirí Amach lena n-áireofar portráidí de sheachtar sínitheoirí an Fhorógra, an scrios i mBaile Átha Cliath agus rannpháirtíocht an Chabháin san Éirí Amach, portráidí de Francis Sheehy-Skeffington, Peter Paul Galligan agus Úna Ní Fhaircheallaigh ina measc.

23.04.16

Cavan townBaile an Chabháin

World Cinema 1916 @ Townhall Cavan

Townhall Cavan will present a series of world films and art films from the 1916 era as part of the “Re-imagining Cavan in 1916” event on the 23rd of April 2016.

Scannáin ón Iasacht ó 1916 @ Halla Baile an

Chabháin

Taispeánfar sraith scannán ón iasacht agus sraith scannáin ealaíne i Halla Baile an Chabháin ó thimpeall 1916 mar chuid den ócáid, ‘An Cabhán in 1916 a Athchruthú’, an 23 Aibreán 2016.

CountywideAr fud an chontae

Reading the Rising

A Reading Initiative with Cavan Library Reading Groups which will explore the literature of the period.

Léamh an Éirí Amach

Tionscnamh Léitheoireachta le Grúpaí Léitheoireachta Leabharlann an Chabháin ina ndéanfar iniúchadh ar litríocht na tréimhse.

Community Participation Rannpháirtíocht Phobail

23.04.16

Cavan townBaile an Chabháin

Re-imagining Cavan in 1916:

A Living History.

An historic re-enactment of Cavan town in 1916. This will offer an interactive experience featuring the Breffni Vintage Clu,b the ‘High Nelly’ Society, drama groups, music and dance. Walking tours will take place as well as lectures, film screenings and readings in the Johnston Central library.

An Cabhán in 1916 a Athchruthú: Stair Bheo

Athléiriú stairiúil ar Bhaile an Chabháin i 1916. Eispéireas idirghníomhach a bheidh i gceist. Beidh Cumann Seanfheithiclí Bhréifne, Cumann ‘High Nelly’, grúpaí drámaíochta, ceol agus damhsa le feiceáil ann. Beidh turais siúlóide ann chomh maith le léachtaí, scannáin agus léamha i Lár-Leabharlann Mhic Sheáin.

CLÁR COMÓRTHA CEAD BLIAIN AN CHABHÁIN

13

throughout the year i gcaitheamh na bliana

CountywideAr fud an chontae

The Role Of Women in History

Museum Quilters Group, Cavan Library Craft Groups and the ICA will design a unique quilt depicting the role of women in Irish History. This work will be exhibited throughout the county during 2016.

Ról na mBan sa Stair

Dearfaidh Grúpa Cuilteálaithe an Mhúsaeim, Grúpaí Ceardaíochta Leabharlann an Chabháin agus Bantracht na Tuaithe cuilt ar leith ina léireofar ról na mban i stair na hÉireann. Cuirfear an saothar sin ar taispeáint ar fud an chontae le linn na bliana 2016.

2016–2017 2016–2017

CountywideAr fud an chontae

Cavan and the Revolutionary Period,

1916-1922

Publication of a book, covering the period 1916 to 1922 of all those who served, died or were injured during the period.

An Cabhán agus an Tréimhse

Réabhlóideach, 1916-1922

Foilsiú leabhair a chlúdaíonn an tréimhse idir 1916 agus 1922 agus gach duine a rinne seirbhís, a fuair bás nó a gortaíodh sa tréimhse sin.

04.08.16

Cavan townBaile an Chabháin

Paths to Freedom

RTÉ broadcaster and historian Dr. Myles Dungan accompanied by leading academics and entertainers presents a unique package of lectures, presentations and shows to remember the Rising, 100 years on. This is a two-part commemorative project comprising a day-long programme of talks and presentations on 1916 and its legacy and an evening performance of the songs and music of the era.

Bealaí na Saoirse

Cuirfidh craoltóir RTÉ agus an staraí, an Dr Myles Dungan, i gcomhar le siamsóirí agus scoláirí clúiteacha, sraith uathúil léachtaí, láithreoireachtaí agus seónna i láthair chun cuimhneamh ar an Éirí Amach 100 bliain ina dhiaidh. Is tionscadal comórtha é seo lena ngabhann dhá pháirt: clár cainteanna agus láithreoireachtaí faoi 1916 agus faoin méid a d’eascair as i rith an lae agus amhráin agus ceol ón tréimhse sin tráthnóna.

march 2016 márta 2016

Blacklion An Blaic

Memorial Plaque to Sean Mac

Diarmada, Tullynamoyle, Dowra.

Sean Mac Diarmada, born in Kiltyclogher, Co Leitrim, was a signatory of the Proclamation and attended Tullynamoyle school, Killinagh Parish, in West Cavan to learn the Irish language. A plaque in remembrance will be unveiled at a commemoration ceremony. The text on the Plaque will be in Irish and English.

Plaic Chuimhneacháin in ómós Sheáin Mhic

Dhiarmada, Tulaigh na Maoile, Blaic

Chuir Seán Mac Diarmada, a rugadh i gCoillte Clochair, Contae Liatroma, a ainm leis an bhForógra. D’fhreastail sé ar scoil Thulaigh na Maoile, Paróiste Chill Laighneach in Iarthar an Chabháin, chun Gaeilge a fhoghlaim. Nochtfar plaic chuimhneacháin ag searmanas cuimhneacháin. Beidh an téacs ar an bplaic i nGaeilge agus i mBéarla.

clár comórtha céad bliain an chabhán

14

june 2016 meitheamh 2016

BailieboroughCoill an Chollaigh

Memorial Plaque to Francis Sheehy

Skeffington

Francis Sheehy-Skeffington was born on 23 December 1878 in Bailieborough, Co Cavan. He was Vice Chairman of the Irish Citizens Army, and a pacifist. On the evening of Tuesday 25th April 1916 he was in the city centre trying to prevent looting when he was arrested by Captain J.C. Bowen–Colthurst and was murdered the following morning. A plaque in commemoration will be unveiled at a ceremony at Bailieborough Library.

Plaic Chuimhneacháin in ómós Francis

Sheehy-Skeffington

Saolaíodh Francis Sheehy-Skeffington an 23 Nollaig 1878 i gCoill an Chollaigh, Contae an Chabháin. Bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar Arm Cathartha na hÉireann agus ba shíochánaí é. Bhí sé i lár na cathrach tráthnóna Dé Máirt, an 25 Aibreán 1916 ag iarraidh cosc a chur ar chreachadh nuair a ghabh an Captaen J.C. Bowen-Colthurst é. Dúnmharaíodh é an lá arna mhárach. Nochtfar plaic chuimhneacháin ag searmanas i Leabharlann Choill an Chollaigh.

History of the Traveller Community

in 1916

A research project on the history of the Traveller Community in Cavan in 1916 to include register of names, photographs and review of existing literature.

Stair an Lucht Siúil i 1916

Tionscadal taighde faoi stair an Lucht Siúil sa Chabhán i 1916 lena n-áireofar clár ainmneacha, grianghraif agus athbhreithniú ar an litríocht dá bhfuil ann.

Global and Diaspora Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra

october 2016 deireadh fómhair 2016

Cavan townBaile an Chabháin

Emigration And Exile: A Conference

A cross border conference in collaboration with the Mellon Centre for Migration Studies, Omagh, Co. Tyrone which will explore how emigrants from Ireland and their descendants have given expression to feelings of exile in prose, poetry, music, song, drama and film.

Eisimirce agus Deoraíocht: Comhdháil

Comhdháil trasteorann i gcomhar le hIonad Uí Mhealláin um Staidéar Imirce, an Ómaigh, Contae Thír Eoghain, ina ndéanfar iniúchadh ar an dóigh ar léirigh eisimircigh as Éirinn agus iadsan a shíolraigh uathu mothúcháin na deoraíochta i bprós, filíocht, ceol, amhránaíocht, drámaíocht agus scannáin.

CLÁR COMÓRTHA CEAD BLIAIN AN CHABHÁIN

15

coiste éire 2016 an chabháin:

Eoin Doyle

An Comhairleoir Madeline Argue

An Comhairleoir Eugene Greenan

An Comhairleoir Sean Smith

Charlie Boylan

Leslie McKeague

Jane Crudden

Caroline Brady

Joanne Hayes

Mary Hanley

Savina Donohoe

Catriona O’Reilly

Danielle Wilson-Higgins

Anne Marie Ward

Tom Sullivan

Teresa Treacy

comhordaitheoir éire 2016, an chabháin:

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gClár seo déan teagmháil, le do thoil, lenár gComhordaitheoir 2016: Eoin Doyle r: [email protected] g: 049 4378300 i: www.cavancoco.ie

cavan ireland 2016 committee:

Eoin Doyle

Cllr. Madeline Argue

Cllr. Eugene Greenan

Cllr. Sean Smith

Charlie Boylan

Leslie McKeague

Jane Crudden

Caroline Brady

Joanne Hayes

Mary Hanley

Savina Donohoe

Catriona O’Reilly

Danielle Wilson-Higgins

Anne Marie Ward

Tom Sullivan

Teresa Treacy

cavan ireland 2016 coordinator:

For further information about this Programme please contact our 2016 Coordinator:

Eoin Doyle e: [email protected] t: 049 4378300 w: www.cavancoco.ie

february 2016 feabhra 2016

VirginiaAchadh an Iúir

The Kings of the Kilburn High Road

Livin Dred theatre in association with the Ramor Theatre will perform ‘The Kings of the Kilburn High Road’, a play by Irish playwright Jimmy Murphy on the theme of emigration and exile. The name refers to the characters that frequent the Irish pubs of Kilburn High Road, London,

an area known for its large Irish population.

The Kings of the Kilburn High Road

Cuirfidh an compántas amharclannaíochta, Livin’ Dred, i gcomhar le hAmharclann Ramhar The Kings of the Kilburn High Road ar an ardán. Dráma leis an drámadóir Éireannach, Jimmy Murphy, é atá bunaithe ar théama na heisimirce agus na deoraíochta. Is tagairt é an t-ainm do na carachtair a fheictear i dtithe tábhairne

Éireannacha ar Kilburn High Road i Londain, ceantar a bhfuil aithne air de bharr líon mór na nÉireannach atá ann.

Farnham Street,Cavan,County CavanH12 R6V2

e: [email protected]: 049-4378300w: www.cavancoco.ie

Sráid Fhearnáin,An Cabhán,Contae an ChabháinH12 R6V2

r: [email protected]: 049-4378300i: www.cavancoco.ie

ireland.ie