ciarán cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 níor mhaith liom luchóga a mharú - ba mhaith liom...

18
1 CIARÁN CAT Cat ba ea Ciarán - ach b'aisteach an cat é. Nó, murb ionann agus cait eile an cheantair, bhí Ciarán go maith do na luchóga. Ní dheachaigh sé sa tóir ar cheann acu riamh - déanta na fírinne, ba chairde dó iad. Chónaigh Ciarán lena mháistir, fear a raibh siopa fíona aige; agus, murb ionann agus Ciarán, ní raibh dúil ar bith ag an mháistir i luchóga! Bhíodh sé i gcónaí á ruaigeadh amach as an sileár. "Duitse ba cheart iad a ruaigeadh, agus chan domsa," a deireadh sé le Ciarán. "Nach sin an fáth a mbíonn cait ann? Níl ionat ach scraiste leisciúil, agus is mór an náire duit é!" Agus chromadh Ciarán a cheann agus náire an domhain air.

Upload: dinhtu

Post on 01-Dec-2018

221 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

1

CIARÁNCAT

Cat ba ea Ciarán - ach b'aisteach an cat é.

Nó, murb ionann agus cait eile an cheantair, bhí Ciarán go maith do na

luchóga. Ní dheachaigh sé sa tóir ar cheann acu riamh - déanta na fírinne,

ba chairde dó iad.

Chónaigh Ciarán lena mháistir, fear a raibh siopa fíona aige; agus,

murb ionann agus Ciarán, ní raibh dúil ar bith ag an mháistir i luchóga!

Bhíodh sé i gcónaí á ruaigeadh amach as an sileár.

"Duitse ba cheart iad a ruaigeadh, agus chan domsa ," a deireadh sé

le Ciarán. "Nach sin an fáth a mbíonn cait ann? Níl ionat ach scraiste

leisciúil, agus is mór an náire duit é!"

Agus chromadh Ciarán a cheann agus náire an domhain air.

Page 2: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

2

Lá amháin, tháinig an máistir ar Chiarán agus a chairde luchóg ag

caitheamh fleá agus féasta sa sileár - ag ól a chuidse fíona! D'éirigh sé

iontach feargach ar fad.

"Seo deireadh!" ar seisean. "As seo amach saothróidh tú do chuid ag

ceapadh luchóg, nó buailfidh tú an bóthar. Luchóga ar bith - bia ar bith!"

Bhí a sháith iontais ar Chiarán. "An bhfuil tú á mhaíomh, mura ndéana

mé seilg nach bhfaighidh mé bia?"

"Tá an ceart agat," arsa fear an tsiopa. "Faigh na luchóga, nó faigh

lóistín eile."

Bhí díomá mhór ar Chiarán. "Cad é eile slí beatha atá agam?" ar

seisean leis féin. "Ní rachaidh mé le múinteoireacht agus ní thig liom

tacsaí a thiomáint. Is cosúil go gcaithfidh mé luchóga a cheapadh."

Agus shiúil sé amach as an teach agus é ag canadh an amhráin bhig

seo:

Page 3: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

3

Níor mhaith liom luchóga a mharú -Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo.Níor mhaith liom iad a bheith marbh -B'fhearr liom iad a bheith beo!

Agus ar ndóigh, ní thiocfadh le Ciarán luchóga a cheapadh - ba chara

dó gach ceann deireanach acu. Bhíodh sé go fóill ag súgradh leo, agus

ag ithe leo, agus tráthnóna, shuíodh sé amuigh i gcearnóg a bhaile ag

canadh ceoil ina gcuideachta. Ba ghairid gur thuig sé go gcaithfeadh sé

an baile a fhágáil......

Agus ar ndóigh, chrothnódh ainmhithe na sráide é, nó bhí sé mór le

gach ceann acu. Fiú an tarbhghadhar a chónaigh i dteach an bhúistéara,

bheannaíodh sé gach maidin do Chiarán. Agus dá mbeadh ainmhí ar bith

ag iarraidh cuidithe, bhí a fhios aige go bhfaigheadh sé sin, agus fáilte, ó

Chiarán.

Page 4: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

4

Dá siúlfadh madadh coimhthíoch síos an tsráid, ní imeodh Ciarán mar

a dhéanfadh na cait eile. Ba chuma cé a thiocfadh, brocaire, nó gadhar

fola, púdal, nó seachránaí féin, bheannódh Ciarán dó go béasach.

"Dia duit ar maidin," a deireadh sé, "nach luath ar do chois atá tú! Tar

isteach ar cuairt chugam am ar bith a thagann tú an bealach seo."

Agus ba ghairid go raibh aithne ag gach madadh sa cheantar air.

Bheannaíodh sé dóibh uilig agus iad ag siúl an bóthar.

"Is é do bheatha, a Mhil!"

"Cad é mar atá Fionn inniu?"

"Tá lá deas ann, a Bhrain!"

Agus riamh, níor chuir sé an tóir ar luchóg........

Page 5: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

5

Gan amhras, is é a bhí mór le gach duine; agus bhí cait uilig na sráide

i dtrioblóid am éigin, ach amháin é féin.

Bhí ainm agus sloinne na luchóg uilig ar a theanga aige, agus ní raibh

teaghlach ar bith acu nach dtug cuireadh chun dinnéir dó.

Bhí aithne aige ar mhuintir Uí Néill a chónaigh i gcúl an chaife ag uimhir

a 10; agus na Dálaigh as siopa na mbróg ag uimhir a 12; agus muintir Mhic

Eoin a bhí ina gcónaí i seantolg i lofta uimhir 20, beirt déag acu; agus

muintir Mhic Gabhann a chónaigh os cionn an tsiopa cáise agus muiceola

ag uimhir a 16.

Bhí aithne aige orthu uilig.

Page 6: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

6

Bhí béile aige gach oíche Aoine i gcuideachta mhuintir Mhic

Gabhann. Ghoideadh na luchóga cáis, agus muiceoil, agus ispíní, agus

picilí ón siopa; agus nuair a thagadh Ciarán, spréadh siad an bia uilig

amach ar an tábla agus thosaíodh siad ag ithe. Agus nístadadh siad go

dtí go raibh an ghrabhróg dheireanach ite acu!

"Is é an rud atá a dhíth orainn anois, deoch bheag fíona," a deireadh

duine de na luchóga - agus thugadh Ciarán ar ais chun an tsiopa fíona iad,

agus síos sa sileár, áit a raibh an fíon.

Page 7: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

7

Ritheadh na luchóga ó bhuidéal go buidéal, ag blaiseadh anseo, agus

ag blaiseadh ansiúd; agus níorbh fhada go mbíodh an t-urlár clúdaithe le

fíon........

Ach, bheadh deireadh leis sin anois, a dúirt sé leis féin go brónach.

Chaithfeadh sé an siopa fíona agus a chairde a fhágáil, agus gan a fhios

aige cad é a bhí i ndán dó.

Ansin bhuail smaoineamh é. Bhí aithne aige ar dhuine amháin a

chuideodh leis, slán a bheadh sé. Shocraigh sé láithreach cuairt a

thabhairt air.......

Page 8: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

8

Shiúil sé leis fhad le huaimh bheag a bhí suite ar imeall an bhaile.

Taobh istigh, fuair sé seanluchóg aosta ina shuí ar chathaoir bheag

dhearg luasctha. Ba é seo Learaí Luchóg, an luchóg ba chríonna orthu

uilig.

"Tá fadhb le réiteach agam," arsa Ciarán. "An gcuideoidh tú liom?"

"Má thig liom," arsa Learaí. "Inis dom."

Mhínigh Ciarán dó go raibh a mhásitir lena chaitheamh amach i mbéal

a chinn mura gceapfadh sé luchóga. Agus ba mhaith a bhí a fhios ag

Learaí nach ndéanfadh Ciarán sin go deo."

"Tá fadhb mhór agat, gan amhras," arsa Learaí. "Lig dom mo

mhachnamh a dhéanamh tamall."

Page 9: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

9

Bhrúigh Learaí a cheann idir a dhá lapa, agus mhachnaigh sé go dian.

"Tá sé agam!" ar seisean i ndiaidh cúpla bomaite. "Smaoinigh mé ar

dhóigh le do chás a réiteach."

"Mar atá a fhios agat," arsa Learaí, "caithfidh gach duine bás a fháil am

éigin."

"Caithfidh," arsa Ciarán.

"Bhal, nuair a gheobhas luchóg bás, déarfaidh mise lena mhuintir an

corp a thabhairt chugatsa. Tabharfaidh tusa chuig do mháistir é, agus

sílfidh seisean gur tú féin a mharaigh é. Agus ní chaithfidh tú seilg ar bith

a dhéanamh!"

"Bhal, Dia ár sábháil!" arsa Ciarán. "Níor chuala mé plean níb fhearr

ná sin riamh i mo shaol!"

Page 10: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

10

Agus as sin amach, nuair a fuair luchóg bás de sheanaois, nó cionn

is barraíocht a ithe - agus na luchóga a chónaigh ar shráid Chiaráin, d'ith

siad a sáith! - tugadh an corp marbh go dtí sileár an tsiopa fíona.

Ansin, maidin lá ar na mhárach, d'iompraíodh Ciarán an corp go

bródúil fhad lena mhásitir; agus dá mbeadh an t-ádh leis, gheobhadh sé

slis mhór éisc agus babhla bainne mar dhuais.

"Maith mo ghasúr!" a deireadh fear an tsiopa leis. "Anois, a Chiaráin,

ná habair liom nach dtig leat luchóga a cheapadh. Tá tú go han-mhaith ina

cheann. Lean ort, a mhic! Lean ort!"

Bhí go maith agus ní raibh go holc. Bhí na luchóga marbha á dtabhairt

chuig Ciarán, agus bhí Ciarán á dtabhairt chuig a mháistir. Ach roimh i

bhfad, d'éirigh an máistir amhrasach......

Page 11: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

11

"Cad chuige," ar seisean leis féin, "nach dtugann Ciarán chugam ach

seanluchóga? B'fhéidir nach bhfuil sé ag fáil a sháith bia."

As sin amach ní bhfuair Ciarán ach an chuid ba bhlasta den bhia, agus

neart de, ach go fóill féin ní thug sé ach seanluchóga chuig a mháistir.

Lá amháin, bheartaigh an máistir go rachadh sé féin i bhfolach sa

sileár go bhfeicfeadh sé Ciarán i mbun seilge.

In ionad seilg a dhéanamh, is é rud a rinne Ciarán, suí síos sa

choirnéal; agus nuair a tháinig luchóga, thosaigh sé a dhéanamh a

chomhrá leo! Bhí tuilleadh agus a sháith iontais ar fhear an tsiopa! Ansin

tugadh isteach corp marbh luchóige, agus thuig an máistir cad é a bhí ar

bun ag Ciarán!

"A chladhaire lofa!" ar seisean, agus léim sé amach as cúl bairille

mhóir fíona. "Ag cleasaíocht orm a bhí tú i rith an ama! Diabhal seilg ná

seilg a rinne tú riamh!"

Page 12: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

12

Thuig Ciarán anois go bhfuarthas ciontach é, agus nach raibh gar dó

féachaint le leithscéal a dhéanamh.

"Seo deireadh an róid," arsa fear an tsiopa. "Gabh amach as mo

theach, agus ná feicim arís go deo thú!"

Agus chuir sé an deargruaig ar Chiarán, síos an tsráid agus amach as

an bhaile ar fad; agus níor stad sé den tóir nó gur shroich siad na

páirceanna ar imeall an bhaile. Chroith sé dorn bagarthach air, agus

thiontaigh ar a shál. Agus bhí Ciarán bocht fágtha lena bhealach a

dhéanamh sa saol chomh maith agus a thiocfadh leis.

Cad é a dhéanfadh sé? Ní raibh baile ar bith aige. Agus cá bhfaigheadh

sé obair eile?

Page 13: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

13

Tharla an t-am sin go raibh sorcas ag dul tríd an bhaile. Ní raibh mórán

ag cur spéise ann, agus bhí an bainisteoir, Senor Luigi, ag éirí iontach

buartha.

Na leoin agus na tíogair, ní raibh fíoch ar bith fágtha iontu - ba chosúil

le piscíní cait iad. Bhí na gleacaithe ag titim thart go leisciúil; agus na

cleasaithe! Ní bhainfeadh siad gáire as aonduine!

Thosaigh an lucht féachana ag béiceach agus ag greadadh cos. "Níl

maith ar bith ionaibh!" a scairt siad. "Tabhair taispeántas ceart dúinn, nó

tabhair ar ais ár gcuid airgid!"

Níorbh iontas é Senor Luigi bheith buartha. Roimh i bhfad, ní bheadh

lucht féachana ar bith fágtha aige. Is é a bhí a dhíth air, rud éigin úr a

tharraingeodh na sluaite isteach sa sorcas.

Page 14: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

14

Bhí sé ag siúl an tsráid lá, ag machnamh go domhain, nuair a chonaic

sé rud a bhain stad as.

Ní thiocfadh leis a shúile a chreidbheáil - cat ag caint le luchóg! Agus

ní raibh an cat ag iarraidh an luchóg a cheapadh! "Ní chuardóidh mé a

thuilleadh!" arsa Senor Luigi leis féin. "Seo an rud a chuirfeas mo shorcas

arís ar a bhoinn!"

Chuir sé é féin in aithne do Chiarán, agus d'inis seisean scéal a

bheatha dó. "Tá dúil agam i ngach cineál ainmhí," ar seisean, "fiú na

madaí!"

"Is maith mar a casadh orm thú," arsa Senor Luigi. "Ar mhaith leat dul

ag obair sa sorcas? Ní fhacthas a leithéid seo riamh - cat, luchóg agus

madadh ar an aon ardán. Beidh trácht go brách air!"

Page 15: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

15

Agus bhí an ceart ag Senor Luigi.

Bhí ráchairt mhór ar an tríréad. Gúna fada de shíoda gorm a bhí ar

Chiarán, luchóg bheag ina shuí ar a ghualainn, agus a gcara Micheál

Madadh agus seanhata ard bándearg air. Is iad a bhí maith.

Dhamhsaigh siad, agus cheol siad, agus sheinn siad uirlisí, agus fiú

gur shuigh siad síos ag tábla ag imirt cluiche táiplise!

Bhí an lucht féachana i ngrá leo! Bhí gach bualadh bos agus greadadh

cos acu ag deireadh an tseó. Bhí Ciarán breá sásta anois go raibh post

úr faighte aige a bhí ag fóirstin dó. Agus Senor Luigi - ní thiocfadh leat

drochfhonn a chur air!

Page 16: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

16

Leath a gclú ar fud an domhain, agus bhí Ciarán agus a chairde ag cur

taispeántas ar fáil ó cheann ceann na bliana.

Agus do bharúil, cad é a tharla nuair a thug an sorcas cuairt ar bhaile

dúchais Chiaráin?

Chruinnigh scuaine fhada daoine ag iarraidh síniú Chiaráin, nó ba

dhuine mór le rá anois é. Agus cé an duine deireanach a sheas sa scuaine

agus a leabhar beag síniúchán ina láimh aige? Seanmháistir Chiaráin,

fear an tsiopa fíona!

Ní raibh maith i gCiarán riamh ag ceapadh luchóg; ach an croí cineálta

a bhí ann, bhain sé clú agus cáil amach dó sa deireadh!

Page 17: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

17

CIARÁNAN CAT CINEÁLTA

Page 18: Ciarán Cat - stmarys-belfast.ac.uk · 3 Níor mhaith liom luchóga a mharú - Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo. Níor mhaith liom iad a bheith marbh - B'fhearr liom iad a bheith

18

1992