athbhreithniú polasaí agus luach ar airgead um … · 3 clár na nÁbhar gluais 6 achoimre...
TRANSCRIPT
1
Athbhreithniú Polasaí agus Luach ar Airgead um Fhordheontas
Ioncaim Leanaí agus Cláir Chaiteachais Bhainteacha
Samhain 2010
[PRN A10/1642]
2
3
Clár na nÁbhar
Gluais ......................................................................................... 6
Achoimre fheidhmeach ............................................................. 8
Réamhrá ................................................................................................................................ 8
Cuspóirí polasaí agus cláir ..................................................................................................... 8
Treochtaí agus tiománaithe caiteachais ............................................................................. 10
Comhtháiteacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht polasaí um an TIL ............................... 10
Torthaí níos leithne agus amach anseo. .............................................................................. 13
Ceachtanna ó thíortha eile .................................................................................................. 14
Próiseas comhairliúcháin .................................................................................................... 14
Feabhas a chur ar fhorthorthaí trí rátaí a chomhtháthú níos fearr agus trí leasú
struchtúrach ........................................................................................................................ 15
Fócas níos leithne ar leas an linbh; ..................................................................................... 17
Leibhéal agus comhsheasmacht tacaíochta ........................................................................ 17
Struchtúr tacaíochta ............................................................................................................ 19
Innéacs príomhthorthaí ........................................................... 23
Caibidil 1: Réamhrá .................................................................. 26
1.1 Cúlra do LAA agus tionscnamh athbhreithnithe polasaí ............................................... 26
1.2 LAA agus Tionscnamh Athbhreithnithe Polasaí agus an RCS ........................................ 27
1.3 Scóip an athbhreithnithe ............................................................................................... 28
1.4 Modhanna agus cur chuige a glacadh ........................................................................... 30
1.5 Gearrchuntas athbhreithnithe ...................................................................................... 31
Caibidil 2: Polasaí TIL - réasúnaíocht agus cuspóirí .................. 34
2.1 Cuspóirí cláir chaiteachais TIL ....................................................................................... 34
2.2 Cuspóirí comhdhlúite Polasaí TIL .................................................................................. 42
2.3 Réasúnaíocht do pholasaí agus íocaíochtaí TIL ............................................................. 53
2.4 An bhfuil cuspóirí polasaí agus réasúnaíocht TIL bailí go fóill? ..................................... 55
2.5 Polasaí TIL i gcomhthéacs polasaí poiblí níos leithne.................................................... 60
4
2.6 Achoimre ....................................................................................................................... 65
Caibidil 3: Cláir TIL – cur síos leathan agus treochtaí caiteachais
................................................................................................ 68
3.1 Cur síos ar chláir TIL....................................................................................................... 68
3.2 Treochtaí agus tiománaithe caiteachais........................................................................ 77
3.3 Achoimre ....................................................................................................................... 97
Caibidil 4: Polasaí TIL - éifeachtacht agus éifeachtúlacht
fhoriomlán ............................................................................... 99
4.1 Cúnamh le tógáil leanaí ................................................................................................. 99
4.2 Laghdú bochtaineachta leanaí .................................................................................... 115
4.3 Ról an chaithimh airgid ar thorthaí ............................................................................. 148
4.4 Tionchar meascáin mhalartacha chaiteachais ............................................................ 155
4.5 Comhbhabhtáil agus comhlántacht ............................................................................ 162
4.6 Achoimre ..................................................................................................................... 164
Caibidil 5: Cláir TIL – gnéithe íocaíochtaí ar leith ................... 166
5.1 Ó bheartas go clár ....................................................................................................... 166
5.2 Sochar Linbh: saincheisteanna ag leibhéal an chláir ................................................... 167
5.3 MLCanna: saincheisteanna ag léibhéal an chláir ........................................................ 177
5.4 FIt: saincheisteanna ag leibhéal an chláir ................................................................... 182
5.5 Idirghníomhaíocht le fostaíocht tuismitheoirí ............................................................ 195
5.6 Saincheisteanna maidir le bainistíocht agus seachadadh clár .................................... 205
5.7 Achoimre ..................................................................................................................... 221
Caibidil 6: Beartas TIL – éifeachtaí níos leithne agus níos
fadtéarmaí ............................................................................. 224
6.1 Éifeachtaí níos leithne ................................................................................................. 224
6.2 Éifeachtaí níos fadtéarmaí .......................................................................................... 232
6.3 Achoimre ..................................................................................................................... 234
Caibidil 7: Ceachtanna ó thíortha eile .................................... 237
7.1 TIL caiteachas i gcomhthéacs idirnáisiúnta ................................................................. 237
5
7.2 Comparáid idir gnéithe ar leith ................................................................................... 239
7.3 Torthaí bochtanas leanaí ............................................................................................. 243
7.4 Leasuithe úrnua in íocaíochtaí leanaí go hidirnáisiúnta .............................................. 245
7.5 Achoimre ..................................................................................................................... 251
Caibidil 8: Próiseas comhairliúcháin ...................................... 252
8.1 Saineolaithe polasaí .................................................................................................... 252
8.2 Comhairliúchán le grúpaí tacadóirí polasaí. ................................................................ 255
8.3 Achoimre ..................................................................................................................... 259
Caibidil 9: Caiteachas ar TIL – bainteacht leanúnach agus leasú
féideartha .............................................................................. 260
9.1 Fírinniú an leithdháilte leanúnaigh caiteachais ........................................................... 260
9.2 Méid agus meascán foriomlán an chaiteachais .......................................................... 265
9.3 Leasúcháin fhéideartha clár agus struchtúrtha ........................................................... 267
9.4 Comhthéacs níos leithne do leasú coimirce sóisialaí .................................................. 296
9.5 Táscairí feidhmíochta .................................................................................................. 299
9.6 Forbhreathnú ar mholtaí ............................................................................................. 303
9.7 Achoimre ..................................................................................................................... 308
Aguisíní .................................................................................. 310
Aguisín 1 – Ballraíocht an Ghrúpa Stiúrtha ....................................................................... 310
Aguisín 2 – Garspriocanna in éabhlóid chláir Tacaíochta Ioncaim Linbh .......................... 311
Aguisín 3 – Próiseas Comhairlithe ..................................................................................... 315
Aguisín 4 – Measúnú Tionchair Bochtaineachta ............................................................... 341
Leabharliosta ......................................................................... 351
6
GLUAIS
PD (BP) Pinsean na nDall LÉCSN (BtSCFA) Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ALMC (CEEU) Aonad Lárnach Measúnaithe Caiteachais - An Roinn Airgeadais LL (CA) Liúntas Linbh SL (CB) Sochar Linbh CASL (CBRC) Coiste Athbhreithnithe Sochar Linbh (1995) GASL (CBRG) Grúpa Athbhreithnithe Sochar Linbh (1995) BLCanna (CDAs) Breiseanna Linbh Cleithiúnaigh FP (CE) Fostaíocht Phobail TIL (CIS) Tacaíocht Ioncam Leanaí CC (COT) An Coimisiún um Chánachas IPT (CPI) Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí PS (CSO) An Phríomh-Oifig Staidrimh CLS (CSW) An Coimisiún um Leas Sóisialach CCL (CTC) Creidmheas Cánach Linbh LM (DA) Liúntas Míchumais DEIS Soláthar Comhdheiseanna sna Scoileanna RCS (DSP) An Roinn Coimirce Sóisialaí RLS (DSW) An Roinn Leasa Shóisialaigh LBT/SBT (DWA/DWB) Liúntas/Sochar Banchéile Thréigthe SCOL (ECCE) An Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige FLL (ECS) Forlíonadh Luathchúraim Leanaí RA (EFT) Ríomhaistriú Airgid CCIT (EIFT nó EIC) Creidmheas Cánach Ioncaim Thuillte TAC (ERI) Tionscnamh Athbhreithnithe Caiteachais ITES (ESRI) An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Shóisialta AE (EU) An tAontas Eorpach LCA (FCA) Liúntas Cúram Altramais FIT (FIS) Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh OTI (GDP) Olltáirgeacht Intíre OIN (GNI) Ollioncam Náisiúnta OTN (GNP) Olltáirgeacht Náisiúnta PC (GRO) An Phríomh-Oifig Chlárúcháin SBT (HBS) Suirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh CG (HRC) Coinníoll Gnáthchónaithe SB (IB) Sochar Breoiteachta EIS (ILO) An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair EILS (ISSA) An Eagraíocht Idirnáisiúnta Leasa Shóisialaigh SO (IWB) Sochar Oibre LLCF (JA) Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta SLCF (JB) Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta SMÉ (LIIS) An Suirbhé ar Mhaireachtáil in Éirinn MISSOC Córas Faisnéise Frithpháirteach um Choimirce Shóisialach Cuimsitheacht PGN An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta (NAPS Inclusion) 2007-2016 CNES (NESC) An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta ECFE (OECD) An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ÍTA (OFP) Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
7
OALGÓ (OMCYA) Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige LR (PRETA) Liúntas Réamhscoir MLCanna (QCIs) Méaduithe i leith Linbh Cháilithe SRNT (QNHS) An Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh BB (RoP) I mBaol Bochtaineachta RA (RR) Rátaí Athsholáthair SIDM (SILC) Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála TBS (SMI) Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí LS (SW) Leas Sóisialach LLF (SWA) Liúntas Leasa Forlíontach SWITCH Ionsamhladh Athruithe Leasa Shóisialaigh agus Cáin Ioncaim GOSCCLS (TWIG) Grúpa Oibre Saineolaithe um Chomhtháthú Cánach agus Leasa Shóisialaigh CLNA (UNICEF) Ciste Leanaí na Náisiún Aontaithe LAA (VfM) Luach ar Airgead CCTO (WFTC) Creidmheas Cánach Teaghlaigh ag Obair CCO (WTC) Creidmheas Cánach Oibre
8
ACHOIMRE FHEIDHMEACH
RÉAMHRÁ
Cuireann rialtais tacaíocht ar fáil do theaghlaigh agus leanaí ina lán de na tíortha forbartha
agus an tacaíocht sin ag méadú sna tíortha neamhfhorbartha. Is féidir le méid na tacaíochta
sin agus cibé an gcuirtear í ar fáil go díreach trí thacaíochtaí ioncaim nó go hindíreach tríd an
gcód cánach nó trí sheirbhísí poiblí a bheith fíoréagsúil de réir saibhreas tíre agus a traidisiún
um pholasaí sóisialta. Mar sin féin, cuireann an chuid is mó tíortha íocaíochtaí airgid ar fáil
chun cabhrú le teaghlaigh le costais leanaí a thógáil agus ní haon eisceacht í Éire ar chor ar
bith. Déantar an chuid is tábhachtaí de na híocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí (TIL) sin a
sheachadadh tríd an gcóras leasa shóisialaigh: Sochar Leanaí (SL), MLC (méaduithe i leith
linbh cháilithe um íocaíochtaí leasa shóisialaigh príomhúla), Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
(FIT), Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (LÉCSN) agus an Forlíonadh
Luathchúram Leanaí (FLL) atá éagtha anois 1. Tá caiteachas iomlán ar na tacaíochtaí sin an-
suntasach, ní hamháin i gcaiteachas leasa shóisialaigh ach i dtéarmaí fioscach macra freisin,
sé sin timpeall €3.3 billiún nó 2 faoin gcéad den OTI i 2010.
Go dtí sin ní raibh polasaí TIL ina ábhar athbhreithnithe polasaí agus luach ar airgead (LAA),
in ainneoin a bheith ina phríomhábhar ina lán tuarascálacha thar na tríocha bliain atá thart.
Mar chuid de chlár leanúnach an rialtais um athbhreithnithe caiteachais, chuir an Roinn
Coimirce Sóisialaí (RCS) tús le hathbhreithniú ag clúdach polasaí um na híocaíochtaí SL, MLC
agus FIT, i 2009, chomh maith le gnéithe de na híocaíochtaí um Liúntas LÉCSN agus FLL.
Rinne an RCS an t-athbhreithniú thar thréimhse 18 mí i 2009/10 faoi mhaoirsiú Grúpa
Stiúrtha bunaithe ag Ard-Rúnaí na RCS le cathaoirleach seachtrach. Cuireann an tuarascáil
seo an anailís, tátail agus moltaí an athbhreithnithe sin ar fáil; Imlínítear ann an cur chuige a
tógadh agus príomhthéamaí ag teacht aníos laistigh de chaibidilí ar leith. Ar aon dul le cur
chuige foriomlán an phróisis athbhreithnithe chaiteachais, níl sé den riachtanas gur léiriú iad
na tátail san athbhreithniú ar pholasaí an Rialtais sa réimse sin ach táthar ag súil go mbeidh
ról acu forbairt polasaí amach anseo a chur ar an eolas dírithe go háirithe ar airgead poiblí a
chaitheamh i slí níos comhtháití, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar theaghlaigh le
leanaí.
CUSPÓIRÍ POLASAÍ AGUS CLÁIR
An polasaí atá mar bhuntaca do chaiteachas ar íocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí tá sé
tagtha chun cinn thar thréimhse ama fhada. Mar sin féin, níl aon ráiteas faoi leith ar
chuspóirí an chaiteachais sin fós. Tá an claonadh ann go léiríonn polasaí TIL foriomlán suim a
1 Cuireadh An Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige in áit an Forlíonadh Luathchúram
Leanaí in Eanáir 2010.
9
chomhchodanna go léir agus tá sé tagtha chun cinn ar aon dul leis an tábhacht agus an cruth
ábhartha atá iontu. Cé go raibh roinnt íocaíochtaí leanaí ann cheana, is féidir tabhairt
isteach i 1944 agus leathnú na híocaíochta Liúntas Leanaí de réir a chéile a aithint mar
cheann de na chéad phríomhfhorbairtí. Leanadh é le leathnú forchéimitheach agus
coinbhéirseacht íocaíochtaí sonraithe ar nós MLC (Breiseanna i leith Linbh Chleithiúnaigh
roimhe seo) sna 1960í agus sna 1970í agus le tabhairt isteach an FIT sna 1980í. Cé go
ndeimhníonn na híocaíochtaí ar leithligh seo lena ngrúpaí sonraithe éagsúla agus
coinníollach an tírdhreacha pholasaí fós, thosaigh comhleanúnachas níos mó i gcur chuige
polasaí foriomláin ag teacht chun cinn ó na 1980í anall agus tá sé indéanta ó shin insint
chomhleanúnach ar theacht chun cinn treochtaí polasaí TIL agus an spreagadh polasaí a bhí
taobh thiar díobh a chur ar fáil.
Chun cuspóirí polasaí reatha a shainmhíniú maidir le polasaí TIL agus iad a chur ina
gcomhthéacs stairiúil, tugadh aird ar na sainchuspóirí mar bhun le gach íocaíochta TIL san
athbhreithniú i dtús báire agus baineadh úsáid as a gcomhghnéithe chun teacht ar dhá
pholasaí phríomhúla agus roinnt chuspóirí tánaisteacha.
Cuspóirí príomhúla: Cuireann íocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí (i) cabhair uilíoch
ar fáil le costas leanaí a thabhairt do theaghlaigh go léir (“athdháileadh
cothrománach”) agus (ii) cabhair shonraithe do leanaí bainteach le teaghlaigh atá i
mbaol bochtanais (“athdháileadh ingearach”).
Cuspóirí tánaisteacha: Tá cuspóirí eile tagtha chun cinn thar am de réir mar a bhí an
polasaí ag éabhlóid le tábhacht éagsúil ag baint leo. Ina measc seo, tá: laghdú ar
dhídhreasachtaí airgeadais do thuismitheoirí obair a fháil; cúnamh airgeadais le
costais faoi leith mar chostas cúram leanaí íoctha agus foinse ioncaim neamhspleách
do mhná ag baile a chur ar fáil. Ag cur san áireamh an bhaint idir fostaíocht
tuismitheora agus bochtanas, tá an chéad cheann díobh seo an-suntasach don
athbhreithniú reatha.
Tá tuiscint ar an dá chuspóir phríomhúla fíorthábhachtach don anailís ar struchtúr agus
leibhéal foriomlán an chaiteachais ar na cláir sin. Tá SL (agus ar feadh tamaill an íocaíocht
FLL) bainteach leis an gcuspóir “athdháileadh cothrománach” fad is atá na MLC agus an FIT,
dírithe mar atá siad ar theaghlaigh níos boichte, bainteach leis an gcuspóir “athdháileadh
ingearach”. Mar sin féin, tá ról uathúil ag SL i struchtúr tacaíochtaí ioncaim de bhrí gurb í an
t-aon íocaíocht uilíoch a íoctar faoi láthair agus mar sin ní chuireann sí le dídhreasachtaí an
mhargaidh shaothair. Deimhníonn athbhreithniú ar dhoiciméid pholasaí ábhartha go bhfuil
na cuspóirí príomhúla sin bailí fós2 chomh maith leis an gcuspóir tánaisteach dreasachtaí
fostaíochta a choinneáil. Mar sin féin, tá aird dírithe ag an ngéarchéim eacnamaíochta agus
airgeadais ar an gcothromaíocht idir ionstraimí uilíocha agus sonracha seachas na cláir
chaiteachais iad féin a bheith ann fós a cháineadh. Tá an chothromaíocht agus an struchtúr
íocaíochta chuí sin atá ag teastáil chun í a chur ar fáil go héifeachtach, go héifeachtúil agus
go comhtháiteach ag croí an athbhreithnithe.
2 Cuireann an staid eacnamaíochta agus fioscach reatha, cosc áfach, leis na spriocanna a bhaint amach
maidir leis na híocaíochtaí uilíocha agus go háirithe an íocaíocht SL.
10
TREOCHTAÍ AGUS TIOMÁNAITHE CAITEACHAIS
Rinne an t-athbhreithniú anailís ar threochtaí caiteachais agus na príomhthiománaithe mar
bhun leo. Méadaíodh caiteachas ar Thacaíochtaí Ioncam Leanaí3 go leanúnach beagnach
thar thréimhse an athbhreithnithe (méadú ó 1 faoin gcéad OTI i 1999 go 2.1 faoin gcéad i
2009 mar thoradh air) sular thit sé siar go timpeall 2 faoin gcéad i 2010. SL is ea an clár
caiteachais is mó cinnte ag léiriú a chur i bhfeidhm uilíoch agus méaduithe tapa i rátaí
íocaíochta thar roinnt mhór den tréimhse athbhreithnithe. Shroich comhréir chaiteachas
iomlán ar TIL caite ar íocaíochtaí uilíocha (SL agus FLL) buaicphointe i 2006 (85 faoin gcéad)
sular thit sí siar go 71 faoin gcéad i 2010. Is iad MLC an chomhchuid is mó ina dhiaidh sin ag
timpeall 20 faoin gcéad den chaiteachas ar TIL fad is go ndéanann an FIT agus an LÉCSN suas
an 7 faoin gcéad agus an 2 faoin gcéad faoi seach atá fágtha. Is iad na rátaí íocaíochta
mhéadaithe do SL is mó a thiomáin an méadú i gcaiteachas (breis agus 300 faoin gcéad). Bhí
ról suntasach ag fachtóirí déimeagrafacha freisin: tháinig meánmhéadú bliantúil ar líon
iomlán na leanaí (0-19 mbliana) timpeall 0.2 faoin gcéad in aghaidh na bliana (ó 1.19 milliún i
1997 go 1.22 milliún i 2009) leis an ráta méadaithe ag ardú i dtreo deireadh na tréimhse. Bhí
ardú ó bheagnach 53,000 i 1997 go 75,000 i 2008 i mbreitheanna bliantúla. Mar thoradh air
sin, tháinig méadú tapa ar líon na leanaí níos óige (0-14) i gcomparáid leis an ngrúpa d'aois
níos sine (15- 19) a thit 1.7 faoin gcéad in aghaidh na bliana thar an tréimhse.
COMHTHÁITEACHT, ÉIFEACHTACHT AGUS ÉIFEACHTÚLACHT POLASAÍ UM AN TIL
Gan sprioc ar leith ann ar an méid cúnaimh ba chóir a chur ar fáil do theaghlaigh go léir,
(athdháileadh cothrománach), scrúdaíodh san athbhreithniú teacht chun cinn na híocaíochta
SL i gcoinne líon táscairí ábhartha agus fuarthas amach gur tháinig méadú suntasach ar
leibhéal an chúnaimh i bhfíorthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon. Mar sin féin, gan
spriocanna polasaí soiléire ar an méid cúnaimh ba chóir a chur ar fáil, ní féidir measúnú
cuspóireach ceart a dhéanamh air. Níor tugadh san áireamh go mion san anailís an cuspóir
tabhairt faoi chostais chúram leanaí ach pléadh leis sin mar ghné ghinearálta um an costas
leanaí a thógáil. Tugadh an t-athbhreithniú freisin faoi éifeachtacht íocaíochtaí a scrúdú
chun bochtanas leanaí a laghdú (athdháileadh ingearach) agus a éifeacht ar tháscairí
dreasachta fostaíochta. Áiríodh leis seo anailísí ar leithligh chun measúnú a dhéanamh ar an
méid a bhí cuspóirí á mbaint amach: comparáid idir rátaí íocaíochtaí tacaíochta ioncam
leanaí agus táscairí ioncaim; ionsamhlú ioncam teaghlaigh chun éifeacht clár ar bhochtanas
agus ar dhreasachtaí fostaíochta a dheimhniú; agus ag ríomh éifeachtacht agus
éifeachtúlacht sheasta íocaíochtaí TIL ar fothorthaí bochtanais. Tá forbhreithniú ar thátail ón
anailís seo i bhFigiúr 1.
3 SL, LMLC, FIT, LÉCSN agus FLL.
11
Figiúr 1: Anailís ar chaiteachas TIL i gcoinne cuspóirí
12
Tá méadú suntasach ar comhchaiteachas ar chláir TIL, go háirithe in íocaíochtaí uilíocha, thar
thréimhse an athbhreithnithe agus dá dheasca sin tá méadú suntasach ar luach na
tacaíochta do theaghlaigh le leanaí. Ligeann é sin do chomhlíonadh an dá chuspóir polasaí
príomhúla araon (athdháileadh cothrománach agus ingearach) ar bhealach a chuireann
teorainn leis an gcomhbhabhtáil díriú ar theaghlaigh bochta agus dídhreasachtaí fostaíochta
a íoslaghdú ó thacaíocht ioncaim. Fad is atá rátaí bochtanas leanaí níos airde fós ná rátaí do
dhaoine fásta coibhéiseacha, tá an titim sna príomhtháscairí bochtanas leanaí níos mó mar
atá sna táscaire do dhaoine fásta thar thréimhse an athbhreithnithe - agus tá sé an treocht
sin le feiceáil níos mó le blianta beaga anuas. Chuir caiteachas ar thacaíochtaí ioncaim leanaí
leis an bhforbairt dhearfach sin, cé go bhfuil sé deacair pictiúr a fháil de mhéid chruinn na
ranníochaíocht sin mar gheall ar theorainneacha sonraí agus mar gheall ar éifeacht fachtóirí
indíreacha ar dhreasachtaí fostaíochta. D'eascair na héifeachtaí dearfacha sin de bharr gur
choinnigh luach pacáiste an Fhordheontais Ioncaim Leanaí suas leis an líne bhochtanais a bhí
ag éirí, gur sheachain an nádúr uilíoch fadbhanna poitéinsiúla le hionstraimí roghnacha (mar
dídhreasachtaí agus neamhthógáil suas) agus go raibh an pacáiste FIL measartha éifeachtúil
maidir le díriú ar acmhainní ag an leath íseal den dáileadh ioncaim in ainneoin ceannas an
chaiteachais ar SL agus ar FLL. Níos sonraíche, tá an chonclúid mar seo a leanas san
athbhreithniú:
Maidir le athdháileadh cothrománach, tá méadú suntasach ar luach na híocaíochta
Sochar Leanaí i bhfiorthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta thar thréimhse an
athbhreithnithe. Is dócha go bhfuil comhréir níos mó costais leanaí á íoc ag an
gcáiníocóir. Mar sin féin, gan tagarmharc oifigiúil follasach ar chostas linbh agus an
méid ba chóir don stát soláthar do gach teaghlach, ní raibh sé faoi scóip an
athbhreithnithe measúnú foirmiúil a dhéanamh ar chomh maith agus a cuireadh an
cuspóir sin i bhfeidhm.
Maidir le athdháileadh ingearach, thit bochtanas linbh thar thréimhse an
athbhreithnithe go háirithe ag na tréimhsí (den chuid is mó) inar ardaíodh an
leibhéal tacaíochta uilíoch. Chuir caiteachas tacaíochta ioncaim leanaí gan amhras le
laghdú i mbochtanas leanaí thar thréimhse an athbhreithnithe. Mar sin féin tá sé
deacair a bheith cinnte faoin méid a chuir sé leis nuair a thógtar san áireamh an
réimse fachtóirí thart ar bhochtanas leanaí a thomhas agus na tiomáinithe a bhí ann
dó araon. Fad is a dheimhnigh iad sin toradh dearfach de leibhéal agus struchtúr
tacaíochtaí ioncaim leanaí ar bhochtanas agus ar dhreasachtaí, dheimhnigh siad
freisin an toradh níos luaithe nach mbeadh ag a leithéid de thacaíochtaí ach ról
páirteach i laghdú bochtanas leanaí agus go raibh fachtóirí eile lena n-áirítear méadú
i bhfostaíocht agus struchtúir teaghlaigh tábhachtach i laghdú bochtanas leanaí.
Conas a baineadh amach na torthaí sin? Thar roinnt mhaith den tréimhse athbhreithnithe,
ba é an sprioc polasaí don phacáiste SL agus MLC ná luach 33-35 faoin gcéad den ráta leasa
shóisialaigh do dhaoine fásta a bhaint amach. Baineadh an sprioc sin amach in ainneoin
fíormhéaduithe an - suntasacha i luach íocaíochtaí do dhaoine fásta agus tá sé soiléir go
13
raibh sé sin tábhachtach luach ioncam a chothú i dteaghlaigh níos boichte le leanaí. Forbairt
an-tábhachtach ar fad eile thar thréimhse an athbhreithnithe ab ea an éabhlóid sa mheascán
polasaí (sé sin, an chothromaíocht tacaíochta idir ionstraimí roghnacha agus uilíocha go
ginearálta agus idir SL agus MLC go háirithe). Ag tús na tréimhse athbhreithnithe, d'fhéadfaí
cur síos a dhéanamh ar an meascán polasaí mar ‘roghnach den chuid is mó’ ( le MLC ag
déanamh suas trí cheathrún den phacáiste tacaíochta ioncaim do leanbh) Ó lár go deireadh
na 2000í, mar gheall ar mhéaduithe móra i luach Sochar Leanaí agus tabhairt isteach
Forlíonadh Luathchúraim Leanaí tháinig pacáiste polasaí chun cinn a raibh ‘uilíoch den chuid
is mó’ d'fhéadfaí a rá. Le teacht na géarchéime eacnamaíochta agus airgeadais tá an polasaí
ar ais go ‘cur chuige measctha’ d'fhéadfaí a rá ina bhfuil luach SL agus MLC mar an gcéanna.
Féadfaidh go raibh costas cláir níos airde ann ná mar a bhí riachtanach chun bochtanas a
laghdú de bhrí go rabhthas ag brath níos mó ar íocaíochtaí uilíocha, nuair a chuirtear san
áireamh roinnt chostas éifeachtúlachta nó marbhualaigh. Fad is gur chuir tacaíochtaí
uilíocha acmhainní breise ar fáil do theaghlaigh sa leath íochtar den dáileadh ioncaim gan
amhras, chuir sé acmhainní breise ar fáil freisin ( cé nach raibh siad chomh maith) do
theaghlaigh sa seachtú agus san ochtú deicíl ioncaim. Sa bhreis air sin, chuaigh na
méaduithe is mó do theaghlaigh sa cheathrú agus sa chúigiú deicíl ioncaim i gcomparáid le
méaduithe measartha sa deicíl íochtar ag léiriú roinnt fadhbanna le díriú ar na hionstraimí
roghnacha. Pléifear leis an gcaoi inar féidir tabhairt faoi na fadhbanna sin san athbhreithniú.
TORTHAÍ NÍOS LEITHNE AGUS AMACH ANSEO.
Ní féidir polasaí TIL a mheas gan chláir eile do leanaí a chur san áireamh. Ina ionad ba chóir
íocaíochtaí TIL a thuiscint mar chuid den straitéis níos leithne chun feabhas a chur ar
fhorthorthaí do leanaí agus go háirithe le leas leanaí. Díríonn an Straitéis Leanaí Náisiúnta ar
na torthaí níos leithne sin agus cuireann íocaíochtaí TIL ar a laghad le ceann amháin de na
torthaí dearfacha do leanaí sainaithnithe laistigh den straitéis sin (slándáil agus leas
eacnamaíoch); is féidir leo cláir a dhíríonn ar thorthaí dearfacha eile a sholáthar do leanaí
mar oideachas agus sláinte a chomhlánú freisin. Tá soláthar seirbhísí leanbh bainteach (go
háirithe oideachas agus áiseanna cúram leanaí) tábhachtach freisin d'fhostaíocht
tuismitheoirí agus féadfaidh sé slí as an mbochtanas a éascú do roinnt theaghlach agus a
leanaí. I dtéarmaí éifeacht chaiteachais sa téarma níos faide, is é is dóichí ná go mbíonn
ioncam íseal ag leanaí as teaghlaigh le hioncam íseal nuair a bhíonn siad ina ndaoine fásta.
D'fhéadfadh torthaí tarchur bochtanais idirghlúineach éifeacht theorainneach a bheith acu
ar dheiseanna leanaí níos déanaí ina saoil agus mar sin ar éifeachtúlacht fadtéarmach
íocaíochtaí TIL.
14
CEACHTANNA Ó THÍORTHA EILE
Chun tacaíochtaí ioncam leanaí in Éirinn a chur i gcomhthéacs níos leithne, chuir an t-
athbhreithniú an méid a tharlaíonn i dtíortha eile san áireamh freisin. Athraíonn córais
tacaíochta leanaí go mór trasna tíortha i dtéarmaí a luach absalóideach do theaghlaigh, méid
an dírithe/uilíochta agus modh seachadta (m.sh. an tacaíocht ioncaim nó na córais chánacha.
Mar sin féin, fad is gur féidir difríochtaí a aimsiú trasna tíortha, is féidir cosúlachtaí i gcuspóirí
polasaí a thabhairt faoi deara freisin: maolú bochtanais i measc teaghlach, feabhas a chur ar
leas leanaí go ginearálta agus saol an teaghlaigh a réiteach le bheith rannpháirteach sa
mhargadh saothair. Fad is go n-oibríonn an ECFE/OECD córas uilíoch ag leibhéal éigin
íocaíochta, cuireann a lán tíortha béim freisin ar íocaíochtaí sonraithe ( go háirithe an RA, na
Stáit Aontaithe agus An Astráil, a oibríonn foirmeacha córais chreidmheasa cánach). De réir
táscairí tá an treocht ann maidir le bearta idirnáisiúnta chun córais tacaíochta ioncaim leanaí
a leasú gluaiseacht i dtreo díriú ar agus feabhas a chur ar fhorthorthaí margaidh oibre do
thuismitheoirí.
Chuir an t-athbhreithniú éifeachtacht caiteachais ar thacaíocht ioncam leanaí i gcoinne
forthorthaí bochtanas leanaí san áireamh freisin. I lár na 2000í, bhí an ráta bochtanais in
Éirinn níos airde ná meán an ECFE/OECD in ainneoin leibhéil i bhfad níos airde caiteachais ar
shochair airgid. Sa bhreis air sin, éiríonn le roinnt tíortha mar an RA agus an Astráil
forthorthaí bochtanas leanaí níos fearr a bhaint amach leis an leibhéal caiteachais chéanna le
hÉirinn. Éiríonn le tíortha eile, Nordach go háirithe, rátaí bochtanais níos ísle a bhaint amach
le leibhéil chaiteachais níos ísle ar shochair airgid ach le leibhéil i bhfad níos airde caiteachais
ar sheirbhísí do leanaí, go háirithe ar thacaíochtaí, mar shampla um shaoire do
thuismitheoirí agus cúram leanaí.
PRÓISEAS COMHAIRLIÚCHÁIN
Rinneadh comhairliúchán mar chuid den phróiseas athbhreithnithe. Is éard a bhí anseo, ar
an gcéad dul síos ná cuireadh le haghaidh aighneachtaí scríofa ó na comhpháirtithe sóisialta
agus grúpaí pobail agus deonacha agus ansin cuireadh do shaineolaithe polasaí ionchur a
dhéanamh sa phróiseas. Mar gheall ar na haighneachtaí scríofa glacadh leis go ginearálta go
mba chóir na cuspóirí athdháileadh cothrománach agus ingearach araon um TIL a chothú.
Mar sin féin, ní raibh an méid céanna comhaontaithe mar gheall ar leibhéal cuí na n-
íocaíochtaí TIL le tabhairt don chuspóir athdháileadh cothrománach. Mar gheall ar an
gcuspóir athdháileadh ingearach, bhí tuairim ghinearálta ann nach raibh TIL éifeachtach go
hiomlán chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí. Chun feabhas a chur ar an éifeachtacht sin,
shainaithin aighneachtaí ar an iomlán réitigh do struchtúir reatha TIL, go háirithe maidir le
FIT agus moladh íocaíocht dara ciseal sonraithe a fhorbairt mar mhalairt chur chuige polasaí.
Fad is gur tugadh faoi théamacha cosúla sna moltaí ó na saineolaithe polasaí, áiríodh córas
leasa leanaí inchánaithe chomhtháite a fhorbairt mar mhalairt chur chuigí chun feabhas a
15
chur ar éifeachtacht TIL. Sainaithníodh freisin dreasachtaí oibre agus tionchar leasa ag an
obair, ar nós FIT mar réimsí gur chóir a chur san áireamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe.
FEABHAS A CHUR AR FHORTHORTHAÍ TRÍ RÁTAÍ A CHOMHTHÁTHÚ NÍOS FEARR
AGUS TRÍ LEASÚ STRUCHTÚRACH
Achoimre forbhreithnithe ar an gcaoi a nascann anailís níos luaithe leis an gcás leasú a
dhéanamh agus tá na roghanna ar fáil do leasú i bhFigiúr 2. Féachadh ar athruithe i roinnt
réimsí san athbhreithniú: fócas níos leithne ar leas an linbh; athruithe ar an leibhéal
tacaíochtaí; athruithe ar struchtúr na dtacaíochtaí.
16
Figiúr 2: Nasc idir anailís agus tátail
17
FÓCAS NÍOS LEITHNE AR LEAS AN LINBH;
Aithníodh san athbhreithniú gur gá féachaint ar chaiteachas iomlán um thacaíochtaí ioncam
leanaí mar chuid den iarracht níos leithne ag rialtais feabhas a chur ar fhorthorthaí do leanaí
agus dá gclanna. Is féidir le caiteachas bainteach le leanaí atá dea-dheartha forthorthaí
dearfa den chuid is mó a bheith acu go háirithe maidir le leas ábhartha agus slándáil
eacnamaíoch - ceann de na haidhmeanna toraidh ardleibhéil sa Straitéis Leanaí Náisiúnta.
Mar sin féin, chun feabhas a chur ar leas leanaí féadfaidh an-chuid idirghabhálaithe eile a
bheith riachtanach go háirithe seirbhísí bainteach le leanaí a chur ar fáil. Ag cur san áireamh
go bhfuil sé aitheanta nach bhfuil an chothromaíocht idir tacaíochtaí ioncaim agus seirbhísí
de réir an taithí i dtíortha eile ina bhfuil torthaí níos fearr do leanaí, féadfaidh sé torthaí níos
fearr a fháil trí roinnt acmhainní airgeadais a dhruid ó thacaíocht ioncaim i dtreo seirbhísí ag
tógáil srianta buiséadach san áireamh. Níor mhór nádúr na n-idirghabhálaithe sin a
shainaithint go cúramach agus tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh
saincheisteanna cosúil leo sin a cuireadh san áireamh san athbhreithniú seo ar íocaíochtaí
airgid a bheith i gceist maidir le hidirghabhálaithe seirbhíse den sórt sin(ar nós rogha
soláthar sonraithe nó uilíoch, modhanna sonraithe srl.) Leag an NESC amach, ina thuarascáil
ar an Stát Leasa Forbraíochta, a fhís um 'uilíochas saincheaptha' mar chóras ina “gcuirtear
seirbhísí ardcháilíochta trí rochtain uilíoch ar fáil mar tá an modh rochtana saincheaptha do
chúinsí ar leith daoine aonair.".4 Braithfidh cinntí faoi na modhanna rochtana sin ar nádúr an
idirghabhála agus a loighic chláir agus féadfaidh dul níos faide ná oibriú an chórais tacaíochta
ioncam leanaí agus an córas leasa shóisialaigh fiú. Is é an sampla is fearr de sin le blianta
beaga anuas ná an cinneadh deireadh a chur leis an bhForlíonadh Luathchúraim Leanaí
uilíoch i bhfabhair na scéime um Chúram agus Oideachais na Luath-Óige. Sa todhchaí,
féadfaidh saincheisteanna cosúla a theacht chun cinn agus go mbeidh páirt acu Straitéis
Leanaí Náisiúnta nua a ullmhú.
LEIBHÉAL AGUS COMHSHEASMACHT TACAÍOCHTA
Ag cur an dá chuspóir phríomhúla agus na trádmhalartaithe polasaí laistigh den struchtúr
íocaíochta san áireamh, d'fhéach an t-athbhreithniú ar cheist leibhéil tacaíochta idir
comhchodanna roghnacha agus uilíocha agus laistigh de gach ceann de na comhchodanna
sin.
Molann an anailís go bhféadfaí buntáistí suntasacha a bheith ag straitéis mheasctha ina
bhfuil gnéithe uilíocha agus roghnacha garbhchoibhéiseach ina luach thar a mhalairt de cur
chuigí. Is féidir le garbhphaireacht idir luach SL agus ionstraimí sonraithe tarraingt chun
déileáil le bochtanas leanaí agus cuspóirí comhthrománacha a chomhlíonadh araon a chur ar
fáil. Tá sé sin amhlaidh mar cuireann sé ardán fostaíochta/ioncam-neodrach agus forlíonta
4 The Developmental Welfare State, Comhairle Sóisialta agus Eacnamaíochta (Baile Átha Cliath, 2005).
18
do chlanna níos boichte araon ar fáil. Seachnaíonn straitéis mheasctha freisin an
féidearthacht stiogma a chur ar íocaíochtaí agus cuireann sé buntáistí seachadta agus
riaracháin shuntasacha ar fáil. Molann an t-athbhreithniú agus cúinsí fioscacha san áireamh
gur cheart straitéis mheasctha a leanúint amach anseo nuair is féidir seachas druidim i dtreo
roghnachais nó uilíochta níos mó.
Tógadh san áireamh freisin ceist chomhtháite agus comhsheasmhachta níos mó laistigh
d'ionstraimí uilíocha agus roghnacha araon:
Comhtháthú struchtúr íocaíochta SL: Ba chóir leibhéal an chúnaimh uilíoch a chinntiú trí (a)
chostais chuspóireacha leanaí a thógáil agus (b) ag an gcomhaontú polaitiúil agus an tsochaí
faoin méid de na costais sin ba chóir a roinnt idir an stát agus an teaghlach. I ndeireadh na
dála fad is gur cinneadh don phróiseas polasaí ann féin an méid deireanach, bheadh feabhas
i dtuiscint an mhéid a chuaigh roimhe trí mhonatóireacht níos rialta a dhéanamh ar chostas
leanaí agus ar chomhtháthú agus trédhearcacht laistigh de struchtúir íocaíochta SL. Dá bharr
sin, aithníodh san athbhreithniú go mbeadh sé tábhachtach monatóireacht rialta a
dhéanamh ar chostais bainteach le leanaí amach anseo. D'fhéadfaí barainneachtaí an
mhórscála bainteach le líon áirithe leanaí sa chlann a scrúdú sa chomhthéacs sin freisin, ós
rud é go réitíonn íocaíochtaí difriúla é sin i modhanna difriúla. Mar shampla, le SL íoctar níos
mó do chlanna níos mó, fad is atá FIT claonta i dtreo clanna níos lú agus féadfaidh níos lú a
íoc. Sa bhreis air sin, de bhrí go bhfuil an réasúnaíocht thart ar íocaíochtaí níos mó do
chlanna níos mó bainteach go minic le cuspóirí bochtanais (.i. bíonn clanna móra níos
boichte de ghnáth), d'fhéadfadh straitéis mheasctha chun bochtanas a laghdú trí ionstraimí
roghnacha ráta SL níos airde a laghdú de réir a chéile agus a chur ar ceal sa deireadh thiar, le
coigilteas curtha chuig ionstraimí roghnacha, faoi réir srianta buiséadaigh. Tugann anailís
mhicrionsamhlaithe doiciméadaithe san athbhreithniú le tuiscint gur dóichí go mbeidh
éifeacht mhaith aige sin ar bhochtanas a laghdú chomh maith leis an struchtúr SL é féin a
réasúnú. Réimse eile óna raibh anailís bhreise ag teastáil uaidh ná na costais iarbhír do
chlanna bainteach le ilbhreitheanna agus na haoiseanna ag ar tharla na costais sin. Tá sé seo
ann chun an struchtúr íocaíochta reatha Sochar Leanaí a dlisteanú go hoibiachtúil a
chuireann bónas mór airgeadais ar fáil d'ilbhreitheanna.
Comhtháthú ionstraimí roghnacha: Bhí sé soiléir ón anailís go raibh roinnt réimsí ann, go
háirithe maidir le FIT nár oibrigh ionstraimí roghnacha go comhtháiteach agus go seasta. Mar
shampla, íoctar LMLC leis an íocaíocht FIT do theaghlaigh áirithe ach ní íoctar é le teaghlaigh
eile; agus athraíonn ráta FIT go mór ag brath ar mhéid na clainne agus ioncaim. Tá roinnt
chéimeanna tógtha chun comhtháiteacht níos mó a chinntiú in íocaíochtaí roghnacha thar
thréimhse an athbhreithnithe. Áiríodh orthu sin, MLC a thabhairt chuig ráta íocaíochta singil
agus méid na héagsúlachta san íocaíocht FIT a laghdú trí mhéaduithe bliantúla
comhleantacha ar theorainneacha ioncaim do chlanna níos mó ó 2006 ar aghaidh. Mar sin
féin, rachadh cur chuige comónta do leibhéal na tacaíochta ar fáil do chlanna go léir ar
ísealioncam, chun leasa comhtháiteacht polasaí, is cuma faoi stádas fostaíochta na
dtuismitheoirí. Tá an méid gur féidir é sin a bhaint amach gan leasú bunúsach ar FIT
teoranta. Tá sé sin amhlaidh mar gheall ar ról déach FIT ( tacaíocht ioncam leanaí agus
19
fostaíochta ) agus níor mhór go dtógfaí aird ar leasú níos leithne in íocaíochtaí bainteach le
haois lucht oibre sa réimse leasaithe sin ( pléite i gCaibidil 9).
STRUCHTÚR TACAÍOCHTA
Pléadh ceist struchtúr tacaíochtaí ioncam leanaí san athbhreithniú (cáilítheacht agus
dearadh íocaíochtaí) ar mhaithe le bheith níos éifeachtaí bochtanas leanaí a laghdú trí dhíriú
ar acmhainní go comhtháiteach agus go seasta. Tiocfaidh tuairimí ar an gcothromaíocht idir
tacaíochtaí uilíocha agus roghnacha chun cinn thar am mar atá tarlaithe thar thréimhse an
athbhreithnithe. Ba chóir gurbh é cuspóir deiridh struchtúr FIT leasaithe ná ionstraimí a chur
ar fáil do lucht déanta polasaí amach anseo atá solúbtha a dhóthain chun cuspóirí polasaí a
chomhlíonadh go héifeachtach agus go héifeachtúil. Sainaithníodh san athbhreithniú roinnt
straitéis leasaithe chun an tsolúbacht sin a bhaint amach: cuid acu laistigh de na híocaíochtaí
reatha agus cuid acu a thugann leasú struchtúrtha suntasach íocaíochtaí le tuiscint.
Tá an méid inar féidir le hathruithe struchtúrtha feabhas a chur le comhtháiteacht agus
éifeachtacht laistigh de struchtúir reatha (sé sin, na coinníollacha leithne mar bhun le SL,
MLC agus FIT a chothú mar atá siad faoi láthair) teoranta ag forluíonna, grúpaí sonraithe
difriúla agus idirghníomhaíocht idir sochair agus ioncam. Mar sin féin, d'fhéadfaí feabhas
éigin a chur leis an gcóras trí:
Na príomhchoinníollacha cinntitheacha d'íocaíochtaí a ailíniú, go háirithe an
riachtanas aoise d'íocaíochtaí roghnacha. I bprionsabal, chiallódh sé sin an aois
uachtair d'íocaíochtaí go léir os cionn 18 mbliana d'aois a ailíniú, a cheadódh
d'acmhainní a bheadh sábháilte sa chaoi sin a chur isteach i dtacaíochtaí oideachais
chuí;
Sochar Leanaí a leasú trí cháin nó tástáil ioncaim. Fad is go mbeadh poitéinsiúil éigin
ag straitéis SL bunaithe caiteachas foriomlán a dhéanamh níos spriocdhírithe bheadh
sé thíos ag deacrachtaí suntasacha riaracháin, dlí agus polasaí gan aon dearbhú go
leanfadh feabhas ar thorthaí nó comhtháiteacht ionstraimí polasaí dá bharr;
Sainchoinníollacha do FIT a athbhreathnú chun é a dhéanamh níos éifeachtúla mar
íocaíocht tacaíochta ioncaim leanaí. Chomh maith leis na tairseacha a ailíniú chun
níos mó comhsheasmhachta a chur ar fáil idir íocaíochtaí in aghaidh an linbh do
chlanna ar ioncaim chosúla d'fhéadfaí leasú a dhíriú ar fhorluíonna idir MLC agus FIT
a chur ar ceal, athbhreithniú a dhéanamh ar an riachtanas um líon na n-uaireanta ag
20
teastáil agus bearta riaracháin bhreise a thógáil chun feabhas a chur le glactha FIT.
Mar sin féin, mar atá tugtha faoi deara níos luaithe, tá an méid inar féidir Forlíonadh
Ioncaim Leanaí a leasú chun torthaí níos fearr do leanaí a tháirgeadh srianta ag an
méid atá a mhalairt de chuspóirí fostaíochta ag FIT. Ní mór Forlíonadh Ioncaim
Teaghlaigh a leasú go bunúsach má tá sé chun cuspóirí ioncam leanaí agus
fostaíochta araon a bhaint amach.
Cuireadh roinnt cur chuige eile san áireamh san athbhreithniú bunaithe ar leasú
struchtúrach córais tacaíochtaí ioncam leanaí mar sin:
Creidmheas cánach inaisíocta;
Íocaíocht tacaíochta ioncaim leanaí dara ciseal;
Íocaíocht tacaíochta ioncaim leanaí comhtháite agus athchothromaithe.
Bhí céim níos mó imeasctha le riaradh cánach nó úsáid níos mó sonraí ioncaim intuigthe i
seachadadh na tacaíochta ná mar a bhí i gcás an chórais reatha. Bheadh an chéim is láidre
imeasctha i gceist le creidmheasanna cánach leanaí inaisíochtha. déantar creidmheasanna
den sórt sin a sheachadadh tríd an gcóras cánach mar a tharlaíonn i dtíortha eile (RA, na Stáit
Aontaithe). Fad is gur féidir a leithéid de chur chuige a bheith i gceist am éigin amach anseo
agus tá sé curtha ar aghaidh fiú mar mhalairt féideartha ar FIT ag an gCoimisiún um
Chánachas le déanaí ní dócha go mbeidh sé mar rogha indéanta sa ghearrthéarma go
meántéarma. Sa bhreis air sin, bheadh laghdú i dtacaíocht ioncaim do leanaí le feiceáil mar
thoradh air mar bheadh sé á seachadadh den chuid is mó trí phacáistí pá seachas trí
shainíocaíochtaí bainteach le leanaí. Tá íocaíocht tacaíochta leanaí dara ciseal molta mar
mhalairt féideartha in ionad MLC agus FIT ach léiríonn deacrachtaí riaracháin agus teicniúla
go dtógfadh sé an-chuid ama chun é a bhaint amach.
Sainaithníodh san athbhreithniú tríú cur chuige (íocaíocht tacaíochta leanaí imeasctha agus
athchothromaithe) a bheadh ag brath chomh mór agus ab fhéidir ar na gnéithe dearfacha
laistigh den chóras reatha ach a dhéanfadh a leibhéil agus idirghníomhaíocht choibhneasta a
athchothromú chun an córas foriomlán a dhéanamh níos comhtháití agus éifeachtaí.
D'fhéadfadh na comhchodanna seo a leanas a bheith in aon íocaíocht amháin in aghaidh an
linbh: comhchuid uilíoch (in ionad SL); móide forlíonadh roghnach a dhéantar a
sheachadadh i gcás go raibh teidlíocht d'íocaíocht leasa shóisialaigh á íoc (in ionad MLC) nó
mar fhorlíonadh ioncaim tástálaithe (in ionad FIT).
21
Bheadh a leithéid de chóras difriúil ón gcóras reatha i roinnt bhealaí. Gheobhadh teaghlaigh
íocaíocht comhtháite amháin in aghaidh an linbh. Do theaghlaigh go léir bheadh
buníocaíocht i gceist anseo fad is go bhfaigheadh roinnt teaghlach (ísealioncaim) forlíonadh
bunaithe ar a staid leasa shóisialaigh nó de bhun ísealioncaim. Neamhchosúil leis an gcaoi
ina bhfuil sé faoi láthair inar féidir FIT agus MLC araon a íoc ní bheadh feidhm ach le
forlíonadh amháin in aghaidh gach linbh ísealioncaim. Cheadódh an cur chuige sin ailíniú
incriminteach SL, MLC agus FIT in aon íocaíocht tacaíochta ioncaim leanaí amháin a
thabharfadh tacaíocht éigin do theaghlaigh go léir agus a thabharfadh tacaíocht shonraithe
bhreise do theaghlaigh ísealioncaim go léir trasna deighilte an leasa-na hoibre. In éineacht le
cur chuigí um leasú struchtúrach eile bheadh roinnt bhuntáistí aige sin ar an struchtúr reatha
agus rogha mhalartach an tástáil mhaoine nó cáin a chur ar shochar leanaí.
o Thabharfainn faoi chuspóirí athdháilte ingearacha agus cothrománacha a
réiteach in ionstraim amháin á déanamh níos infheicthe agus níos éasca a mheas
cibé an raibh sí ag comhlíonadh cuspóirí rialtais.
o Bheadh na gnéithe éagsúla níos trédhearcaí do theaghlaigh le leanaí agus
d'fhéadfaí neamhréireachtaí a sheachaint;
o Bheadh sé níos éasca an deighilt leasa-oibre a thrasnú agus ag laghdú
dídhreasachtaí fostaíochta ag an am céanna.
Is i dtéarmaí a indéantachta sa mheántéarma atá an buntáiste is mó ag an gcur chuige
íocaíocht athchothromaithe agus chomhtháite ar na cur chuigí struchtúracha eile. Ní
ghlactar leis go mbeidh sonraí ar ioncam teaghlaigh reatha ón gcóras reatha cánach nó leasa
shóisialaigh ar fáil níos éasca ná mar atá faoi láthair. Fad is gur príomhthionscnamh
leasaithe a bheadh ann thógfadh sé go hincriminteach ar na gnéithe dearfacha laistigh de
chóras reatha tacaíochtaí ioncaim leanaí chun struchtúr íocaíochta comhtháiteach níos mó a
chur ar fáil ag ceadú tacaíochta do theaghlaigh go léir le leanaí agus ag an am céanna ag cur
leibhéal tacaíochta seasta do theaghlaigh ísealioncaim i bhfeidhm gan dreasachtaí ioncaim a
lagú. Sainaithníonn an t-athbhreithniú caiteachais na príomhchéimeanna dá leithéid de
phróiseas leasaithe ach níor mhór indéantacht foriomlán an chur chuige sin a scrúdú níos
fearr má tá sé le cur ar aghaidh. Mar shampla, ní hamháin go mbeadh éifeacht ag leasú FIT
ar thacaíochtaí do leanaí ach bheadh éifeacht acu freisin ar íocaíochtaí aois oibre. Moltar
san athbhreithniú mar sin, go ndéanfaidh an RCS measúnú níos mionsonraithe ar pholasaí
agus indéantacht oibriúcháin dá leithéid de chur chuige go háirithe don íocaíocht FIT de bhrí
go mbeadh impleachtaí do thacaíocht ioncaim leanaí agus fostaíochta araon ag athruithe ar
FIT. Tá an todhchaí a d'fhéadfadh a bheith ag íocaíochtaí aois oibre á meas faoi láthair mar
chuid de thuarascáil eile na RCS.5 Tá forbhreathnú ar an gcaoi gur féidir struchtúr a chur ar
5 Report on the desirability and feasibility of introducing a single social assistance payment
for people of working age, An Roinn Coimirce Sóisialaí (2010).
22
an ardleibhéal ailtireachta d' íocaíocht chomhtháite nua mar sin agus í a nascadh léirithe i
bhFigiúr 3.
Figiúr 3: Ailtireacht Tacaíocht Ioncaim Leanaí agus íocaíochtaí Aois Oibre - reatha agus féideartha sa
todhchaí
Sainaithníodh san athbhreithniú freisin roinnt táscairí feidhmiúcháin trínar féidir
monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht caiteachas
tacaíochta ioncaim leanaí amach anseo. Tá siad seo bunaithe ar an dá phríomhchuspóir
chomh maith le dreasachtaí fostaíochta a chothú.
23
INNÉACS PRÍOMHTHORTHAÍ
Fionnachtain 2-1: Is féidir le nádúr uilíoch Sochar Leanaí ilchuspóirí a chur san áireamh. ... 39
Fionnachtain 2-2: Cuspóir MLC ............................................................................................... 40
Fionnachtain 2-3: Cuspóirí na híocaíochta FIT........................................................................ 42
Fionnachtain 2-4: Dhá phríomhchuspóir polasaí tacaíochta ioncam leanaí .......................... 43
Fionnachtain 2-6: Príomhchuspóir polasaí - bochtanas leanaí a laghdú ................................ 46
Fionnachtain 2-7: Cuspóirí polasaí tánaisteacha: ................................................................... 50
Fionnachtain 2-8: Tá ról uathúil ag Sochar Leanaí tabhairt faoin dá phríomhchuspóir araon 52
Fionnachtain 2-9: Réasúnaíocht eacnamaíoch do pholasaí TIL – athdháileadh eacnamaíoch agus seachtrachtaí tacaithe bainteach le leanaí ............................................................. 54
Fionnachtain 2-10: Dearbhaíonn ráitis pholasaí go leanann an dá phríomhchuspóir le bheith bailí fós fiú má tá béim aistrithe i dtreo cuspóir bochtanais. ......................................... 59
Fionnachtain 2-11: Tacaíocht ioncaim gan ach cuid amháin de straitéis chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí ........................................................................................................... 63
Fionnachtain 2-12: Éilítear peirspictíocht rialtais uile chun cuspóirí TIL a chomhlíonadh ..... 64
Fionnachtain 3-1: SL, MLCanna agus FIT sainaithnithe mar phríomhchláir bainteach le polasaí TIL. ...................................................................................................................... 76
Fionnachtain 3-2: Tá méadú suntasach ar chaiteachas ar íocaíochtaí TIL i dtéarmaí absalóideacha agus mar chéatadán OTI ......................................................................... 80
Fionnachtain 3-3: Tá an cuma ann go bhfuil méadú i gcaiteachas ar thacaíochtaí ioncam leanaí de réir teilgin déimeagrafacha úrnua. .................................................................. 86
Fionnachtain 3-4: Na fachtóir ba thábhachtaí sa mhéadú i gcaiteachas TIL ab ea an méadú i rátaí íocaíochtaí SL .......................................................................................................... 89
Fionnachtain 3-5: Treochtaí caiteachais do MLC nasctha le polasaí athraithe ar mhéaduithe rátaí agus le spleáchas sochair........................................................................................ 91
Fionnachtain 3-6: Méadú suntasach i gcaiteachas FIT nasctha le tiománaithe polasaí agus neamhpholasaí araon ..................................................................................................... 95
Fionnachtain 3-7: Méadú i gcaiteachas íocaíochta eile nasctha le cinntí polasaí .................. 97
Fionnachtain 4-1: Tá an leibhéal cúnaimh in aghaidh an linbh le haghaidh na dteaghlach go léir tar éis méadú in aghaidh na meastachán costas linbh ........................................... 114
Fionnachtain 4-2: Tá laghdú tagtha ar na príomhtháscairí bochtaineachta i measc leanaí i rith na tréimhse athbhreithnithe, go háirithe sa dara cuid, agus tháinig laghdú níos mó orthu ná mar a tháinig ar tháscairí na ndaoine fásta ................................................... 124
24
Fionnachtain 4-3: Chuir TIL go mór le laghdú na bochtaineachta a bhaineann le leanaí, cé go bhfuil roinnt buarthaí ann ............................................................................................ 141
Fionnachtain 4-4: D'éirigh aistriú sóisialta níos éifeachtaí i laghdú bochtaineachta i measc leanaí............................................................................................................................. 148
Fionnachtain 4-5: Bheadh buntáistí suntasacha ag baint le soiléire níos mó faoin gcothromaíocht chuí idir íocaíochtaí uilíocha agus roghnaitheacha sa phacáiste tacaíochta foriomlán ..................................................................................................... 151
Fionnachtain 4-6: Chuir íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí leis an laghdú ar mheastacháin bhochtaineachta i measc leanaí ar roinnt bealaí .................................. 153
Fionnachtain 4-7: In ainneoin an chiona dhearfaigh seo, d'fhéadfaí torthaí a fheabhsú trí chóras tacaí atá níos comhleanúnaí ............................................................................. 154
Fionnachtain 4-8: Léiríonn ionsamhlú meascáin éagsúla pholasaí comhbhabhtáil pholasaí agus tacaíonn sé le bealach cuir chuige measctha ....................................................... 161
Fionnachtain 4-9: Chinnteodh dearadh níos comhleanúnaí idir ionstraimí roghnaitheacha a chuirfeadh ceisteanna dreasachta san áireamh, chinnteodh sé comhlántacht pholasaí níos fearr ....................................................................................................................... 164
Fionnachtain 5-1: Gan athrú ar bith sna haoiseanna uathoibríocha agus coinníollacha chuig a n-íoctar SL ..................................................................................................................... 168
Fionnachtain 5-2: Tá éifeacht bheag dhearfach ag íocaíocht ráta níos airde sochair linbh ar bhochtaineacht ach d’fhéadfadh caiteachas a bheith níos éifeachtaí dá ndéanfaí é trí íocaíochtaí roghnaitheacha athchóirithe ...................................................................... 172
Fionnachtain 5-3: Tá leibhéal na tacaíochta breise d’ilbhreitheanna suntasach agus ba chóir é a fhíorú le taighde faoi na costais bhreise iarbhír a bhaineann le hilbhreitheanna .. 174
Fionnachtain 5-4: Fianaise láidir go bhféadfadh íocaíochtaí aois-bhunaithe níos airde agus tacaíochtaí níos airde a bheith cuí do leanaí níos aosta ag aoiseanna criticiúla faoi réir thaighde ar an ndifreálach idir aoisghrúpai leathana ................................................... 176
Fionnachtain 5-5: Argóintí measctha maidir le rátaí níos airde íocaíochta ag tráthanna den bhliain nuair atá na costais a bhaineann le leanaí níos airde; athbhreithniú a dhéanamh má ghlactar le cur chuige níos comhtháite maidir le tacaíocht. ................................... 177
Fionnachtain 5-6: Ní thugann íocaíocht MLCanna do leanaí os cionn 18 mbliana d’aois aghaidh ar sprioc bochtaineachta leanaí agus molann an t-athbhreithniú go ndéanfaí tacaíochtaí dá leithéid a sheachadadh tríd an chórais oideachais agus go bfheádfaí coinníollacha aoise TIL a ailíniú ..................................................................................... 178
Fionnachtain 5-7: Feabhsuithe a rinneadh le déanaí i rialacha a bhaineann le MLCanna .... 180
Fionnachtain 5-8: Ba chóir machnamh a dhéanamh ar fheabhas a chur ar an éifeachtacht a bhaineann le híocaíocht leanúnach MLCanna ar feadh 13 seachtaine chun dreasachtaí fostaíochta a fheabhsú ................................................................................................. 181
25
Fionnachtain 5-9: Réasúnaíocht le haghaidh na coinníollacha maidir le fostaíocht FIT agus uaireanta oibrithe ......................................................................................................... 185
Fionnachtain 5-10: Scóip chun íocaíocht FIT a chuíchóiriú le sochair eile ............................ 186
Fionnachtain 5-11: Laghdaigh ráta glactha íseal an FIT a éifeachtacht san am atá thart agus caithfear tionchar na dtionscnamh a chuireadh i gcrích le déanaí a chruthú fós ........ 188
Fionnachtain 5-12: Léiríonn teorainneacha ioncaim FIT comhréiteach idir cuspóirí maidir leis an mbochtaineacht agus le dreasachtaí ....................................................................... 192
Fionnachtain 5-13: Ráta aistarraingthe FIT .......................................................................... 195
Fionnachtain 5-14: Gineann idirghníomhaíocht idir ghnéithe den chóras sochair, lena n-áirítear MLCanna agus FIT castacht agus neamhchinnteacht airgeadais chomh maith le neamhréireachtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine dífhostaithe agus tuismitheoirí aonair. ........................................................................................................................... 204
Fionnachtain 5-15: Caighdeán seachadta seirbhíse .............................................................. 221
Fionnachtain 6-1: Comhlánaíonn TIL cláir agus seirbhísí chun torthaí níos fearr do leanaí a éascú ............................................................................................................................. 231
Fionnachtain 6-2: Féadann iarmhairtí níos fadtéarmaí a bheith ann do leanaí atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht ................................................................................. 234
Fionnachtain 7-1: Cuireann an chuid is mó tíortha tacaíocht airgeadais ar fáil do theaghlaigh agus leanann siad na cuspóirí céanna ach d'fhéadfadh cur chuigí a bheith difriúil. .... 251
Fionnachtain 9-1: Fírinniú leanúnach an chaiteachais ar TIL ............................................... 264
Fionnachtain 9-2: Torthaí níos fearr neamhdhóchúil ó chaiteachas breise TIL ................... 266
Fionnachtain 9-3: Cás láidir ar son féidearthacht leasaithe struchtúrtha ar pholasaí agus ar chláir TIL a scrúdú ......................................................................................................... 267
Fionnachtain 9-4: Acmhainneacht áirithe ann taobh istigh den chóras reatha TIL chun é a dhéanamh níos éifeachtaí maidir le baint amach cuspóirí, ach tá srianta suntasacha ann ...................................................................................................................................... 271
Fionnachtain 9-5: D'fhéadfadh iarmhairtí fabhracha dáilte a bheith ag baint le cánachas nó tástáil acmhainne SL, ach ní dhíreodh sé ach ar cheann amháin de na príomh-íocaíochtaí TIL ............................................................................................................... 277
Fionnachtain 9-6: Athruithe ar an gcóras TIL atá ann faoi láthair ......................................... 291
Fionnachtain 9-7: Réasúnaíocht láidir ar son leasú struchtúrtha a dhéanfaí go hincriminteach ...................................................................................................................................... 291
26
CAIBIDIL 1: RÉAMHRÁ
1.1 CÚLRA DO LAA AGUS TIONSCNAMH ATHBHREITHNITHE POLASAÍ
I 1996, shainaithin Grúpa Comhordaitheach Rúnaí na Roinne bunaithe faoi Thionscnamh
Bainistíochta Straitéiseach (TBS) ina dtuarascáil ar Rialtas Níos Fearr a Sheachadadh go raibh
gá le “anailís chórasach ar an méid atá á bhaint amach...(le) acmhainní rialtais…” Mhol siad
(gur chóir) do “chomhaontaithe idir an Roinn Airgeadais agus Ranna aonair ar údarás
tarmligthe do chláir chaiteachais sceideal athbhreithnithe caiteachais a chur ar fáil a bheadh
le déanamh le linn na gcomhaontaithe a bheith i bhfeidhm leis an aidhm a chinntiú go
mbeadh gach aon chlár caiteachais faoi réir athbhreithniú iomlán gach trí bliana ar a
laghad”.6 Ghlac an Rialtas leis an moladh sin agus d'fhaomhaigh siad sraith athbhreithnithe
faoin Tionscnamh Athbhreithnithe Caiteachais (TAC), leis an dá aidhm (i) anailís chórach a
chur ar fáil ar an bhfíormhéid atá á bhaint amach ag caiteachas agus (ii) bunús inar féidir níos
mó cinntí eolacha a dhéanamh ar thosaíochtaí laistigh agus idir cláir chaiteachais.
I 2006, rinne Aonad Measúnaithe Chaiteachais na Roinne Airgeadais (AMCRA) measúnú
mionsonraithe ar an bpróiseas Tionscnamh Athbhreithnithe Caiteachais (TAC), ag díriú ar an
bpróiseas i ngach Roinn, ar cháilíocht na n-athbhreithnithe a rinneadh agus ar na torthaí a
baineadh amach ó na hathbhreithnithe sin. Sa bhreis air sin, rinne An Eagraíocht um
Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE), mar chuid dá athbhreithniú ar an tseirbhís
phoiblí agus ar thionscnaimh leasaithe an próiseas athbhreithnithe chaiteachais a mheas
agus shainaithin siad ábhair chúraim faoi leith maidir le neamhspleáchas an phróisis,
acmhainneacht mheasúnaithe laistigh de ranna, an méid a chuir athbhreithnithe le próisis
bhuiséadaithe agus meastacháin agus easpa leanúint suas na moltaí athbhreithnithe. Rinne
athbhreithniú na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) roinnt
mholtaí chun feabhas a chur ar oibriú an phróisis athbhreithnithe.
I 2008, shocraigh an Rialtas gur chóir an próiseas a athdhíriú chun athbhreithniú na Roinne
Airgeadais agus moltaí na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) a
chur san áireamh. Go háirithe, chomhaontaigh an Rialtas go ndíreodh an clár
athbhreithnithe 2009-2011 níos mó ar réimsí móra caiteachais go háirithe sna rannóga
Sláinte, Oideachais, Leasa Shóisialaigh agus Dlí ina raibh 75% den ollchaiteachas iomlán i
2008. Chomh maith leis sin, comhaontaíodh go ndéanfadh gach ceann den cheithre Roinn
sin athbhreithniú amháin in aghaidh na bliana, fad is go ndéanfadh na Ranna eile go léir,
6 Delivering Better Government, Second Report to Government of the Co-ordinating Group of
Secretaries - A Programme of Change for the Irish Civil Service (Bealtaine, 1996), lth. 50.
27
Oifig na nOibreacha Poiblí agus Oifig na gCoimisinéiri Ioncaim dhá athbhreithniú an ceann
thar thréimhse trí bliana.
1.2 LAA agus Tionscnamh Athbhreithnithe Polasaí agus an RCS
Ó lainseáladh an Tionscnamh Athbhreithnithe Chaiteachais i 1997, tá 26 athbhreithniú/LAA
críochnaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí lena n-áirítear scéimeanna míchumais,
íocaíochtaí do thuismitheoirí aonair agus an scéim liúntas forlíonta. Faoi na socruithe nua
fógraithe i 2008, shocraigh an Roinn Coimirce Shóisialaí go mbeadh athbhreithniú ar
íocaíochtaí tacaíochta ioncaim leanaí cuí agus san am ceart ar chúiseanna éagsúla: bhí
méadú suntasach ar chaiteachas Shochar Leanaí, Méaduithe i leith Linbh Cháilithe agus
Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh le blianta beaga anuas ( ó bheagán níos mó ná €881 milliún i
1997 go breis agus €3 billiún i 2008); ní dhearna athbhreithniú ar na híocaíochtaí sin faoin
athbhreithniú caiteachais nó próisis LAA; ardaíodh ceisteanna maidir le chomh cuí agus
chomh héifeachtach is atá íocaíochtaí tacaíocht ioncaim leanaí reatha i roinnt staidéar níos
luaithe agus laistigh den phróiseas comhpháirtíochta sóisialta. Sa bhreis air sin, in ainneoin
acmhainní breise suntasacha dírithe ar íocaíochtaí tacaíochtaí ioncam leanaí go háirithe
Sochar Leanaí, ba iad leanaí 40% dóibh siúd go léir a bhí i mbochtanas comhsheasmhach
agus a raibh rátaí bochtanais níos airde acu ná daoine fásta den aois oibre nó daoine
scothaosta.
Níos ginearálta, bhí roinnt tiomantas an córas tacaíochtaí ioncam leanaí a choinneáil faoi
athbhreithniú curtha san áireamh i ráitis pholasaí. Áirítear sa Phlean Gníomhaíochta
Náisiúnta agus Cuimsiú Sóisialta 2007-2016 an tiomantas seo a leanas: “comhluach bearta
tacaíochta ioncam leanaí a chothú ag 33%-35% den ráta íocaíochta leasa shóisialaigh is lú
thar chúrsa an Phlean seo agus athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíochtaí ioncam leanaí atá
mar aidhm acu cabhrú le teaghlaigh ar ísealioncam.” 7 Liostálann an Comhaontú
Comhpháirtíochta Náisiúnta“I dTreo 2016” roinnt ghníomhaíochtaí atá mar aidhm acu an
cuspóir deireadh a chur le bochtanas leanaí lena n-áirítear tiomantas “breis oibre a chur chun
cinn, mar thosaíocht, leis an aidhm aici cabhrú le leanaí agus teaghlaigh ar ísealioncaim.”8
Go dtí seo ní raibh polasaí TIL ina ábhar athbhreithnithe polasaí agus LLA, in ainneoin é a
bheith ina phríomhábhar ina lán tuarascálacha thar na tríocha bliain atá thart. Mar chuid de
chlár leanúnach athbhreithnithe caiteachais an Rialtais, thionscain an Roinn Coimirce
7 An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta 2007-2016, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha
agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2007), lth. 33. 8 I dTreo 2016 Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta Deich mBliana 2006-2015, Roinn an Taoisigh
(Baile Átha Cliath, 2006), Mír 30.2.5, lth. 45-46.
28
Sóisialaí (RCS) i 2009, athbhreithniú ag clúdach polasaí timpeall SL, MLC, agus íocaíochtaí FIT
chomh maith le gnéithe den LÉCSN agus FLL. Rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí an t-
aithbhreithniú thar thréimhse 18 mí i 2009/10 faoi mhaoirsiú Gasra Stiúrtha bunaithe ag
Ard-Rúnaí na RCS. Imlíníonn an tuarascáil seo an cur chuige tógtha agus na príomhthéamaí
ag teacht chun cinn laistigh de chaibidilí faoi leith agus cuireann anailís, torthaí agus moltaí
an athbhreithnithe sin i láthair.
Tugann an t-athbhreithniú reatha mar sin deis dualgais na RCS a chomhlíonadh faoi
chinneadh an rialtais an próiseas athbhreithnithe chaiteachais a athdhíriú chomh maith le
tabhairt faoi shaincheisteanna polasaí níos leithne ag éirí as íocaíochtaí Tacaíochta Ioncam
Leanaí. Ar aon dul le cur chuige foriomlán an phróisis athbhreithnithe chaiteachais, níl sé
den riachtanas gur léiriú iad na tátail san athbhreithniú ar pholasaí an Rialtais sa réimse seo
ach táthar ag súil go mbeidh ról acu forbairt polasaí amach anseo a chur ar an eolas dírithe
go háirithe ar airgead poiblí a chaitheamh i slí níos comhtháití, níos éifeachtaí agus níos
éifeachtúla ar theaghlaigh le leanaí.
1.3 Scóip an athbhreithnithe
1.3.1 Tacaíochtaí Ioncam Leanaí agus polasaí níos leithne um Leanaí
Cuireann an rannóg phoiblí in Éirinn réimse leathan tacaíochtaí agus seirbhísí ar fáil do
theaghlaigh le leanaí. Síníonn siad sin trasna réimse fada seirbhísí rialtais mar oideachas
tacaíochtaí (rochtain saor ar scoileanna, córas iompair, cláir DEIS9, béilí scoile, leabhair agus
ábhair oideachais); cúram leanaí áiseanna agus tacaíochtaí; sláinte leanaí agus seirbhísí
péidiatraiceacha; seirbhísí cosanta leanaí agus seirbhísí agus áiseanna áitiúla (mar chlóis
scoile agus páirceanna). Cuireann forálacha áirithe laistigh den chód cánach tacaíocht do
theaghlaigh le leanaí freisin. Rachadh athbhreithniú cuimsitheach ar thacaíochtaí go léir do
theaghlaigh le leanaí maoinithe go poiblí go mór thar scóip an athbhreithnithe reatha agus
níor mhór dó, in éifeacht, tabhairt faoi réimse leathan saincheisteanna bainteach le scóip,
leorgacht agus meascán seirbhísí agus tacaíochtaí do theaghlaigh le leanaí. Go háirithe,
d'fhéadfadh go dtabharfadh sé faoin tsaincheist cibé an bhfuil gá lena leithéid de thacaíocht
ar chor ar bith, cibé ar chóir í a chur ar fáil trí sheirbhísí nó tacaíochtaí ioncaim, cibé ar chóir
iad a bheith ar fáil do theaghlaigh go léir (uilíoch) nó roinnt teaghlach (sonraithe) nó cibé ar
chóir dóibh suímh dheacra a chosc (urchosc) nó tabhairt faoi fhadhbanna teaghlaigh a bhfuil
deacrachtaí acu cheana. Féachann an t-athbhreithniú reatha go mionsonraithe ar chuid
9 Soláthar Comhdheiseanna sna Scoileanna
29
amháin den raon ceisteanna sin (tacaíochtaí ioncam leanaí) ag cur an phictiúir níos mó san
áireamh ( pléite níos mionsonraithe i gCaibidil 6).
1.3.2 Téarmaí Tagartha
Ar aon dul le cuspóirí foriomlána den tosaíocht athbhreithnithe chaiteachais scrúdófar san
athbhreithniú ar pholasaithe agus cláir thacaíochta ioncam leanaí cuspóirí polasaí tacaíochta
ioncam leanaí (TIL) féachaint an bhfuil siad bailí, má tá cláir chaiteachais agus costais
riaracháin bhainteacha cumraithe go maith chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh agus dá
mbeadh a mhalairt de chur chuigí in ann torthaí agus éifeachtaí níos fearr a bhaint amach.
Tá na téarmaí tagartha faoi leith don athbhreithniú leagtha síos mar seo a leanas:
1. Cuspóirí cláir agus polasaí tacaíochta ioncam leanaí a shainaithint, bailíocht cláir
thacaíochta agus polasaí a bhreathnú tacaíocht ioncaim a chur ar fáil do theaghlaigh le
leanaí, ról TIL sa straitéis chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí trí thacaíocht ioncaim agus
obair agus comhsheasmhacht na gcuspóirí sin le cuspóirí agus tiomantais rialtais agus
misean agus straitéis foriomlán na RGTS.
2. Aschuir bainteach le gníomhaíocht cláir ábhartha a shainmhíniú agus leibhéal agus
treocht na n-aschur sin a shainaithint. Leibhéil agus treocht costas agus acmhainní foirne
bainteach leis na cláir ábhartha a shainaithint agus tuairim a thabhairt ar an éifeachtúlacht
lena bhfuil a gcuspóirí bainte amach acu.
3. Déan an méid atá cuspóirí polasaí bainte amach a bhreathnú agus cibé arbh fhéidir
iad a bhaint amach níos éifeachtaí trína mhalairt de mheascán caiteachais cláir.
4. Déan an éifeacht níos leithne polasaí agus cláir bhainteacha don tsochaí thar an
meántéarma go fadtéarma a bhreathnú.
5. Déan measúnú ar an gcéim a bhfuil an leithdháileadh maoinithe phoiblí ar bhonn
reatha agus leanúnach dlite ag na cuspóirí agus scrúdaigh an scóip dá mhalairt de pholasaí
nó cur chuigí eagraíochtúla chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhonn níos éifeachtúla
agus/nó níos éifeachtaí (ar nós comparáid idirnáisiúnta a dhéanamh).
6. Táscairí feidhmíochta a d'fhéadfaí a úsáid chun monatóireacht níos fearr a
dhéanamh ar fheidhmiú polasaí FIL agus cláir bhainteacha a shainaithint.
30
1.3.3 Ceisteanna meastóireachta
Baineadh úsáid as an lámhleabhar LAA chun liosta ceisteanna meastóireachta le tabhairt
fúthu a dhíorthú agus taispeántar na ceisteanna sin in éineacht leis na téarmaí tagartha
ábhartha in Aguisín 3. Mar achoimre tugtar faoi éifeachtacht agus éifeachtúlacht polasaí
agus clár ag trí leibhéal difriúla ach bainteacha san athbhreithniú:
a) An mbaintear cuspóirí polasaí tacaíochta ioncam leanaí amach go héifeachtach agus
go héifeachtúil leis an leibhéal foriomlán caiteachais?
b) An bhfuil an meascán beart sonraithe agus uilíocha cuí fós sna cúinsí eacnamaíochta
agus fioscacha reatha ag cur príomhchuspóirí polasaí FIL agus cuspóirí eile ar nós
dreasachtaí an mhargaidh shaothair a choinneáil agus tabhairt faoi chostas cúram
leanaí san áireamh ? An mbainfeadh meascán polasaí difriúil torthaí níos fearr
amach?
c) An bhfuil sé riachtanach saincheisteanna ar leith deartha, feidhmíochta agus
riaracháin scéimeanna ar leith a athrú chun feabhas a chur ar fheidhmíocht polasaí?
1.3.4 Tréimhse ama clúdaithe
Clúdaíonn an t-athbhreithniú an tréimhse ó 1997 go dtí an lá atá inniu ann go príomhúil ag
cur san áireamh go bhfuil sonraí riaracháin ardleibhéil ar fáil (ag clúdach aschuir chláir) chun
cúrsaí reatha a léiriú ach níl sonraí ag clúdach torthaí agus éifeacht (go háirithe sonraí
suirbhéireacht teaghlaigh) ar fáil ach amháin le moilliú. Tá ionchas ann go mbeidh sé
riachtanach forbairtí sna tréimhsí níos luaithe a bhreathnú go háirithe chun na bunchuspóirí
polasaí tacaíochta ioncam leanaí a mheasúnú.
1.4 Modhanna agus cur chuige a glacadh
Éilíonn lámhleabhar treorach tosaíocht Athbhreithnithe Pholasaí agus LAA go sainmhíneofar
scóip an athbhreithnithe faoi roinnt cheannteideal (cláir chlúdaithe, tréimhse ama srl).
Baineadh úsáid as an lámhleabhar sin chun na réimsí athbhreithnithe a scóipeáil agus a
eagrú go háirithe na ceisteanna meastóireachta le breathnú.
31
Cuireadh Coiste Stiúrtha10 ar bun le cathaoirleach seachtrach agus ar a raibh comhaltaí mar
ionadaithe ó réimsí ábhartha na Roinne Coimirce Sóisialaí sé sin Pleanáil, Sochar Leanaí,
Ranna FIT agus Rannóg Cuimsiú Sóisialta (ó Feabhra 2010)11, chomh maith le hionadaithe ón
Roinn Airgeadais ( vóta leasa shóisialaigh agus an roinn mheastóireacht airgeadais lárnaigh
agus vóta leasa shóisialaigh).
Scrúdaíodh na foinsí seo a leanas san athbhreithniú :
reachtaíocht ábhartha agus faisnéis chúlra,
treoirlínte scéime agus saintuairisc ábhartha,
athbhreithnithe roimhe sin agus taighde ábhartha
Eolas ar sheachadadh eagraíochtúil na dtacaíochtaí reatha,
Cleachtas idirnáisiúnta,
Tuarascálacha staitistice ar sheirbhísí leasa shóisialaigh,
Tuarascálacha eolas bainistíochta,
Achomaireachtaí córas scéime ar leith de réir mar atá ag teastáil,
Staitisticí PS, go háirithe tuarascálacha AE- SIDM,
Uirlisí staitistice eile mar an tsamhail SWITCH na hITES.
1.5 Gearrchuntas athbhreithnithe
Scrúdaítear i gCaibidil 2 an réasúnaíocht pholasaí do chláir agus pholasaí TIL trí na cuspóirí
áirithe a bhaineann le gach scéim a shainaithint lena n-áirítear a ról tabhairt faoi bhochtanas
leanaí. Cuirtear cur síos leathan ar fáil i gCaibidil 3 ar na príomhíocaíochtaí TIL agus na
príomhfhorbairtí a bhaineann le gach scéim ó tugadh isteach iad. Scrúdaítear inti freisin
treochtaí i gcaiteachas ar na scéimeanna aonair chomh maith leis an líon tairbhithe ó 1997.
Sainaithnítear i gCaibidil 4 fianaise agus sonraí atá ar fáil ar an méid atá cuspóirí polasaí á
gcomhlíonadh agus breathnaítear cibé arbh fhéidir é sin a dhéanamh go héifeachtach trína
mhalairt de mheascán caiteachais chláir. Déantar meastóireacht ar éifeachtacht agus
éifeachtúlacht cláir ar leith TIL i gCaibidil 5 agus scrúdaítear éifeachtacht seachadta seirbhíse
agus riaracháin na n-íocaíochtaí TIL sin. Breathnaítear i gCaibidil 6 an éifeacht níos leithne
polasaí agus cláir bhainteacha do thairbhithe beartaithe thar an meántéarma go fadtéarma.
Féachtar i gCaibidil 7 ar thacaíochtaí ioncam leanaí i gcomhthéacs idirnáisiúnta chomh maith
le féachaint ar na treochtaí leasuithe is déanaí i dtíortha eile. Cuirtear forbhreathnú ar fáil i
gCaibidil 8 de na príomhthorthaí ón bhfeidhmiú comhairliúcháin déanta mar chuid den
athbhreithniú. Déantar measúnú i gCaibidil 9 ar an méid a bhfuil leithdháileadh maoinithe
dlite ag na cuspóirí ar bhonn reatha agus leanúnach agus scrúdaítear scóip dá mhalairt do
10
Comhaltaí in Aguisín 1. 11
Aistríodh feidhmeanna na Rannóige Cuimsiú Sóisialta go dtí An Roinn Pobail agus Gnóthaí Gaeltachta ó 2 Bealtaine 2010.
32
pholasaí nó cur chuige eagraíochtúil chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhonn níos
éifeachtaí agus/nó níos éifeachtúla Sainaithnítear i gCaibidil 9 freisin na táscairí
feidhmíochta a d'fhéadfaí a úsáid chun monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar fheidhmiú
polasaí FIL agus cláir bhainteacha.
33
34
CAIBIDIL 2: POLASAÍ TIL - RÉASÚNAÍOCHT AGUS CUSPÓIRÍ
Is é aidhm na caibidle seo ná cuspóiri agus polasaí poiblí leathana a bhunú atá mar bhun le
cláir a sheachadann tacaíocht ioncaim do theaghlaigh le leanaí. Iarrtar inti cibé an bhfuil na
cuspóiri sin bailí fós agus an bhfuil siad comhleanúnach le cuspóirí rialtais foriomlána agus
leis na cuspóirí i Ráiteas Straitéise na Roinne Coimirce Sóisialaí? Iarrtar inti freisin cibé an
bhfuil na cuspóirí sin comhleanúnach le cláir phoiblí eile a chuireann ioncam agus tacaíochtaí
eile ar fáil do theaghlaigh le leanaí. Sa deireadh iarrtar inti a bhunú conas a
idirghníomhaíonn polasaí agus cláir TIL leis an straitéis níos leithne chun bochtanas leanaí a
laghdú go háirithe trí fheabhas a chur ar dhreasachtaí fostaíochta agus iad a chothú.
2.1 Cuspóirí cláir chaiteachais TIL
Cad iad na cuspóirí polasaí poiblí leithne sin atá mar bhun le cláir a sheachadann tacaíocht
ioncaim do theaghlaigh le leanaí? Sainaithnímid ar dtús cuspóirí ag leibhéal cláir agus
úsáidimid é sin agus foinsí eile chun cuspóirí polasaí TIL níos leithne a aimsiú. (Mír 2.2).
2.1.1 Cuspóirí SL
Tabhairt isteach agus éabhlóid íocaíocht liúntas leanaí
Cé nach bhfuil an scéim SL ann ach ó 1986, is féidir eolas ar an scéimh a chuaigh roimpi, an
íocaíocht Liúntas leanaí (LL) a tugadh isteach i 1944 a fháil ó óráid dara céim an Aire ag an
am. “an cuspóir … cabhrú le deireadh a chur le bochtanas i dteaghlaigh móra”.12 Níor ghlac
an tAire le híocaíocht bunaithe ar árachas sóisialta a bheadh bunaithe ar thaifead
ranníocaíochta duine ar na forais nach gclúdódh an scéim ansin ach timpeall leath den
daonra. Níor ghlac sé ach oiread le tástáil mhaoine ar roinnt forais, lenar áiríodh an gá
stiogma an charthanachta a sheachaint a d'fhéadfadh a bheith bainteach lena leithéid
d'íocaíochtaí, agus leis sin ag cur isteach ró-mhór ar ghnóthaí airgeadais líon mhór teaghlach
agus ag íoslaghdú an mhéadaithe i gcostais riaracháin a bheadh an-suntasach ag an am agus
a bheadh de réir an Aire in éifeacht chomh mór le costas na n-íocaíochtaí iad féin. Rinneadh
cinneadh mar sin íocaíocht a thabhairt isteach nach raibh faoi réir tástáil mhaoine ní ar
12 Dáil Éireann - Historical Debates, Imleabhar 92, An Bille um Liúntas Leanaí, 1943, An Dara
Chéim, 23 Samhain, 1943, an tAire Tionscail agus Tráchtála.
35
fhorais tiomantais do phrionsabal uilíochta per se ach ar fhorais níos praiticiúla mar chostais
ollmhóra riaracháin sonraithe chomh maith leis an tuiscint turgnamhach gur dócha fós go
mbeadh bochtanas níos mó le brath i dteaghlaigh móra. Fuarthas gné de spriocdhíriú
foriomlán trí oibriú ‘aisghlámadh’ cáin ioncaim, a chiallaigh gur laghdaíodh liúntas cánach
linbh d'aon duine a fuair LL maidir leis an leanbh sin. Cuireadh deireadh leis an ngné sin thar
am, áfach. Tá uilíocht na híocaíochta ann fós mar chuid thábhachtach den tírdhreach ón tús.
Bhí an íocaíocht LL iníoctha i dtosach i ndáil leis an tríú leanbh agus leanaí ina dhiaidh sin ach
leathnaíodh í sin thar am chun leanaí go léir a chlúdach (an dara leanbh, 1952; an chéad
leanbh 1963). Is dealraitheach go léiríonn an méadú ar an méid a bhí clúdaithe ag na
híocaíochta an dearcadh athraithe a bhí ann ar a cuspóirí go háirithe le linn na 1960í. Bhí
leathnú na híocaíochta go dtí an dara leanbh i 1952 nasctha go sainráite le deireadh na
bhfóirdheontas bia sa bhliain sin agus “an cúiteamh is gá a thabhairt i gcásanna
riachtanacha”, 13 ag deimhniú de réir dealraimh an chéad réasúnaíocht taobh thiar den
scéim. Nuair a síníodh SL do leanaí go léir i 1963, níor tugadh aon réasúnaíocht cosúil leis sin
agus thug an tAire Leasa Shóisialaigh i 1965 le fios go bhfaca an Rialtas an íocaíocht mar a
bheadh ról i bhfad níos mó aici nuair a dúirt sé: “Tá Liúntais Leanaí deartha … chun an
éagothroime sa chaighdeán maireachtála a laghdú … idir an fear le clann a chothú agus an
fear leis an ioncam céanna agus gan aon leanaí cleithiúnacha. Tá an scéim liúntas leanaí
comhlántach le soláthar liúntais saor ó chánach faoin gcód cáin ioncaim. Tá sé níos simplí
agus níos ciallmhaire liúntas leanaí a íoc gan tástáil mhaoine seachas tástáil mhaoine
riaraithe go costasach agus liúntais saor ó cháin a mhéadú chun críocha cáin ioncaim..”14
Tabhairt isteach íocaíocht sochar leanaí
Cuireadh Sochar Leanaí (SL) in ionad na híocaíochta Liúntas Leanaí i 1986. Bhí an t-athrú
freisin i gcomhthéacs leibhéil íocaíochtaí níos fearr agus díothú liúntais cáin ioncaim sa chód
cáin ioncaim. Sa dara céim den bhille bhí sé de chlaonadh ag an Aire béim a chur ar
leanúnachas na scéime a bhí ann cheana ag léiriú go raibh an íocaíocht ag tógáil liúntais
chánach leanaí a bhí ar fáil d'íocóirí cánach roimhe sin agus mar sin ag comhdhlúthú
tacaíocht ioncaim do leanaí go ginearálta isteach san íocaíocht SL mar chuid de chlár
leasaithe ginearálta. Thug an tAire faoi deara “gurb é cuspóir na scéime an méid tacaíochta
airgid agus is féidir a chur ar fáil do mháithreacha in aon íocaíocht singil amháin. Mar sin
féin, ní féidir ar chúiseanna riaracháin agus teicniúla scéim inchánaithe go hiomlán a
thabhairt isteach i 1986 mar a bhí ar intinn i dtosach. Mar chéad chéim, mar sin, tá sé
socraithe ag an Rialtas scéim neamhinchánaithe sochar leanaí a thabhairt isteach le
13
Dáil Éireann - Historical Debates, Imleabhar 130 -, Ráiteas Airgeadais, Buiséad 1952, 02 Aibreán,
1952, An tAire Airgeadais. 14
Dáil Éireann - Historical Debates, Imleabhar 217 -, An Bille Leas Shóisialaigh1965, An Dara Chéim, 07
Iúil, 1965, An tAire Leasa Shóisialaigh.
36
héifeacht ó Aibreán 1986….Tá an scéim nua in ionad na scéime liúntas leanaí reatha agus tá
díothú an liúntais chánach leanaí £100 in aghaidh an linbh faoin gcód cáin ioncaim ag baint
léi freisin”.15 Tá struchtúr leathan na híocaíochta gan athrú fós ó shin.
Athbhreithnithe roimhe seo timpeall uilíocht sochar leanaí
Tá saincheist uilíocht na híocaíochta faoi chaibidil go minic idir an dá linn. Tá leibhéal
suntasach airde tugtha do staid Sochar Leanaí laistigh de chóras foriomlán tacaíochta ioncam
leanaí go háirithe ó na 1980í luatha anall. Mar shampla d'fhoilsigh An Chomhairle Náisiúnta
Eacnamaíochta agus Sóisialta (CNES) tuarascáil dar teideal ”Alternative Strategies for Family
Income Support” (A Mhalairt de Straitéisí do Thacaíocht Ioncam Leanaí) i 1980 inar luaigh an
Chomhairle “gur infheistíocht sa todhchaí cabhrú le tuismitheoirí ina dtascanna leanaí a
thógáil ” ach san fhadtéarma, “gur chóir féidearthacht ollchóiriú iomlán a dhéanamh ar na
córais reatha liúntais leanaí agus liúntas cánach leanaí a scrúdú le béim faoi leith ar an ngá
cabhrú le teaghlaigh ísealioncaim fad is ag cinntiú nach rachadh an toradh as compás chun
leasa teaghlaigh ar ioncam níos airde”.16
Cuireadh eisiúint nádúr agus cuspóirí SL san áireamh ag an gCoimisiún um Chánachas
bunaidh (céad tuarascáil 1982) agus an Coimisiún um Leas Shóisialach (1986). Chuir an
Coimisiún um Chánachas béim ar ról SL chun tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh go léir le
leanaí agus mar sin ní raibh siad i bhfabhar cáin a chur air. ”Tá argóint ann ar fhorais
chothromas cothrománach gan cháin a chur ar shochar leanaí. Tá sé sin amhlaidh mar
féachtar air mar is cóir mar mhodh idirdhealaithe ag leibhéil go léir ioncaim idir an
acmhainneacht cáin a íoc ag teaghlaigh le leanaí agus iad gan leanaí le tógáil. Intuigthe inár
n-árgóint i bhfabhar sochar leanaí aontaithe tá an dearcadh gur chóir go mbeadh difríocht
absalóideach seasmhach sa cháin iníoctha ag teaghlaigh le leanaí agus iad gan leanaí le
tógáil.…. Éilíonn sin gan cáin a chur ar shochar leanaí.”
Chuir Tuarascáil an Choimisiúin um Leas Sóisialach an bhéim freisin ar an gcuspóir sin ag lua:
“Ceapaimid go bhfuil sé cuí go roinneann an Stát costais leanaí a thógáil agus a chothú le
tuismitheoirí … go ndéantar ranníocaíocht d'ioncam teaghlaigh go léir agus go ndéantar
soláthar iomlán do leanaí sna teaghlaigh sin gan ioncaim”.17 Ardaíodh an féidearthacht go
gcuirfí cáin ar shochar leanaí i 1986, nuair a tugadh SL isteach agus nuair a chuir an tAire ag
an am in iúl “ní féidir scéim inchánaithe iomlán a thabhairt isteach i 1986 mar a bhí i gceist i
15
Dáil Éireann - Historical Debates, Imleabhar 364 -, An Bille Leasa Shóisialaigh1986, An Dara Céim, 11
Márta, 1986, An tAire Leasa Shóisialaigh. 16
Eithne Fitzgerald, Alternative Strategies for Family Income Support, Comhairle Náisiúnta agus Sóisialta, Tuarascáil Uimh. 47 (Baile Átha Cliath, 1980), lth. 16. 17
Commission on Social Welfare, An Roinn Leasa Shóisialaigh (Baile Átha Cliath, 1986), lth. 293.
37
dtosach, ar chúiseanna riaracháin agus teicniúla”. Tá roinnt tráchtairí i bhfabhar scéim
inchánaithe do shochar leanaí (m.sh.Callan et al, 2001).
Rinneadh tuilleadh athbhreithnithe ar staid SL sna 1990í. Rinne An Chomhairle Náisiúnta
Eacnamaíochta agus Sóisialta (CNES) ina tuarascáil “Straitéis do na nóchaidí” athbhreithniú
ar fhorálacha tacaíochta ioncam leanaí (sainmhínithe mar SL, BLCanna, FIT agus breiseanna
cáin leanaí ar na teorainneacha díolúine cánach) agus thug an tuairim “go bhfuil polasaí
fadtéarmach comhtháiteach maidir le tacaíocht ioncaim riachtanach ar roinnt chúiseanna”.
Thug An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta (CNES) faoi deara; “ní mór an
meascán inmhianaithe athdháileadh ingearach (ó ard go hísealioncam) i gcoinne
athdháileadh cothrománach (ó chineál amháin teaghlaigh go cineál eile ag aon leibhéal
ioncaim ar leith) a mhionléiriú. Rinne an Chomhairle an argóint go raibh SL go hiomlán
cothrománach ina éifeacht dáileach ach go raibh “meascán athdháilte ingearach (FIT,
BLCanna) agus athdháilte chothrománach (SL agus díolúintí cánach a bhaineann le leanaí) sa
phacáiste iomlán tacaíochta ioncaim leanaí”.18 Ní raibh an Coiste Athbhreithnithe SL (CASL),
bunaithe ag an Aire Leasa Shóisialaigh i 1995 chun comhairle a chur ar fáil maidir le forbairt
na híocaíochta, ar aon intinn go hiomlán leis an dearcadh sin maidir le Sochar Leanaí sa
mhéid is go ndearna siad an argóint gur chomhlíon íocaíocht SL “roinnt rólanna ,na cinn ba
thábhachtaí ná (1) cabhair do theaghlaigh go léir le leanaí in aitheantas ar na costais níos
airde a bheadh orthu agus (2) díothú bochtanas teaghlaigh bainteach le leanaí gan cur le
dídhreasachtaí an mhargaidh saothair”.19 Shainaithin an CASL roinnt chuspóirí eile freisin.
Mheas sé gur ceann de na cuspóirí ba thábhachtaí um shochar leanaí ná díothú bochtanas
teaghlaigh bainteach le leanaí gan cur le dídhreasachtaí an mhargaidh saothair.20 Chomh
maith leis sin, rinne an CASL pointe déanta a dhiúltú nuair a tugadh an Liúntas Leanaí
isteach, ag déanamh na hargóinte go bhféadfaí an íocaíocht SL a úsáid chun cabhrú le
bochtanas leanaí a dhíothú de bharr na rátaí íocaíochta níos airde do theaghlaigh níos mó
ina mbeadh sé níos dealraithí go mbeadh bochtanas le brath. Dúirt an CASL go
gcomhlíonann an íocaíocht SL ról aitheantais don obair a bhaineann le leanaí a thógáil agus
go bhféadfaidh go mbeadh tábhacht faoi leith aige seo do mháithreacha nach bhfuil ag fáil
aon íocaíochtaí díreacha eile.
Leis an méadú ar rannpháirtíocht ban sa lucht saothair agus an méadú dá réir san éileamh ar
chúram leanaí, sainaithníodh ról do SL tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh go léir i slí nár
smaoinigh siad go n-úsáidfeadh siad an tacaíocht sin go háirithe ó thús na ndeich mbliana
seo caite. I gcoinne glaonna ar spriocthacaíocht do chostais chúram leanaí a bhí ag éirí go
tapaidh trí, inter alia, chreidmheasanna cánach, thóg an Rialtas an rogha méaduithe
18 A Strategy for the Nineties: Economic Stability and Structural Change, An Chomhairle Náisiúnta agus
Sóisiallta (Baile Átha Cliath, 1990), lth. 215. 19
Child Benefit Review Committee, Report to the Minister for Social Welfare (Baile Átha Cliath, 1995), lth. 4. 20
Ibid., Achoimre Fheidhmeach, lth. 6.
38
suntasacha a chur i bhfeidhm i SL ar dtús agus ina dhiaidh sin scéim nua a thabhairt isteach
do leanaí go léir faoi 6 bliana d'aois (Forlíonadh Luathchúram Leanaí) - tacaíochtaí nach
mbeadh faoi thionchar rogha na dtuismitheoirí idir cúram leanaí baile nó íoctha. Ina ráiteas
airgeadais ar Bhuiséad 2001, d'fhógair an tAire Airgeadais go dtiománfadh cuspóir rogha
tuismitheoirí a shásamh polasaí maidir le tacaíocht ioncam leanaí:” Beidh an Teach go maith
ar an eolas faoin éagsúlacht tuairimí atá ann tabhairt faoin tsaincheist cúram leanaí. Is é
croíchuspóir an Rialtais tacaíocht a chur ar fáil a thabharfaidh fíor-rogha do thuismitheoirí
agus a bheidh chun leasa leanaí go léir. Is féidir é sin a dhéanamh trí Shochar Leanaí.“ 21
Thug sé clár ilbhliantúil méadaithe SL isteach á leanúint ina dhiaidh sin ag tabhairt isteach an
forlíonadh luathchúram leanaí. Sínigh an FLL an cur chuige uilíoch sochar leanaí ach dhírigh
siad an cur chuige níos mó ar chúram leanaí tríd an íocaíocht a theorannú do thuismitheoirí
leanaí 6 bliana d'aois nó níos óige.
Níos déanaí, áfach, tá athrú ar an gcur chuige sin agus in ionad an FLL tá córas díreach
tacaíochta d'áiteanna cúram leanaí a chur ar fáil. Ina óráid Bhuiséid 2009, dúirt an tAire
Airgeadais;t:” níl na teidlíochtaí uilíocha is cuma cén mhaoin atá acu dírithe orthu siúd den
riachtanas is mó. Creidim go bhfuil gá i roinnt cásanna difreálú a dhéanamh idir iad siúd atá
faoi ghanntanas agus iad siúd nach bhfuil. Táim ag moladh sa Bhuiséad i mbliana tús a chur
le gníomhú sa treo seo i réimsí áirithe agus díospóireacht níos leithne a chur chun cinn i
réimsí eile.”. Sa Bhuiséad Forlíonach in Aibreán 2009, d'fhógair an tAire go mbeadh cáin nó
tástáil mhaoine ar SL. D'iarr an tAire ar an gCoimisiún um Chánachas freisin saincheist
chánachas SL a scrúdú...... “Táim lánchinnte go scrúdóidh an Coimisiún um Chánachas
roghanna bainteach le déileáil le cánachas ar íocaíochtaí sochar leanaí uilíocha. Táim ag súil
le haon mholtaí forchéimitheacha a fhéadfaidh siad a dhéanamh sa réimse seo a bhreathnú
go cúramach.”.
Ceapadh an Grúpa Speisialta ar Uimhreacha Seirbhíse Poiblí agus Caiteachais le sainordú
caiteachas Státchiste reatha go léir a scrúdú trasna Ranna agus áisíneachtaí go léir ina
bhféadfar sábháilteachtaí foirne agus caiteachais a dhéanamh. Tuairiscíodh uaidh in Iúil 2009
agus moladh raon beart gearrtha costais lenar áiríodh laghdú 20% i rátaí sochar leanaí mar
mhodh chun sábháilteachtaí sa bhreis ar €500m a bhaint amach i gcaiteachas an Rialtais.
Mar sin, mhol an Grúpa ráta caighdeánach €136.00 in aghaidh na míosa a thabhairt isteach
do leanaí go léir.22 Bhí fócas breise ar Shochar Leanaí nuair a thuairiscigh an Coimisiún um
Chánachas (CC) i Meán Fómhair 2009. Mhol tuarascáil an Choimisiún um Chánachas cáin a
chur ar shochar leanaí ach luaigh gur chóir tagarmharc a dhéanamh ar an gcur chuige sin i
gcoinne roghanna malartacha lean n-áirítear tástáil mhaoine. Mhol sé freisin dá gcuirfí cáin
ar SL gur chóir creidmheas leanaí a thabhairt isteach chun an cháin bhreise iníoctha maidir le
21
Dáil Éireann Historical Debates, Imleabhar 679, Ráiteas Buiséadach Forlíontach 2009, 07 Aibreán, 2009, an tAire Airgeadais. 22
Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure, An Roinn Airgeadais (Baile Átha Cliath, 2009), Imlíne. 1, lth. 69.
39
SL a fhritháireamh dóibh siúd ar ioncam níos ísle.23 Ar aon nós , bheartaigh an Rialtas gan
cáin a chur nó tástáil mhaoine a dhéanamh ar an íocaíocht SL ach é a laghdú timpeall deich
faoi gcéad agus méaduithe cúiteacha a dhéanamh i MLC agus FIT.
Fionnachtain 2-1: Is féidir le nádúr uilíoch Sochar Leanaí ilchuspóirí a chur san áireamh.
Ceadaíonn nádúr uilíoch íocaíocht SL (agus LL roimhe seo) rólanna éagsúla a chomhlíonadh a
chiallaíonn gur féidir leis ilchuspóirí a chur san áireamh. Is féidir cothromaíocht na gcuspóirí
sin a athrú thar am. Tá sé feicthe ag cur ranníocaíochta do chostas leanaí a thógáil ar fáil go
háirithe i dteaghlaigh móra ina d'fhéadfadh rátaí bochtanais a bheith níos airde. Tá SL
aitheanta freisin mar shlí inar féidir le rialtas tacaíocht do theaghlaigh le leanaí a chur ar fáil
i slí neodrach vis-à-vis rannpháirtíocht sa mhargadh saothair. Níos déanaí tá béim curtha ar
ról SL tacaíocht a chur ar fáil i dtreo costas cúram leanaí ach an rogha idir cúram baile agus
cúram leanaí íoctha a fhágáil. Tá fócas níos mó anois ann ar luach ar airgead agus
spriocdhíriú níos fearr a athraíonn an fócas arís i dtreo an chuspóra bochtanas a laghdú.
2.1.2 Cuspóirí Méaduithe i leith Linbh Cháilithe
Íoctar Méaduithe i leith Linbh Cháilithe (MLC)24 mar fhorlíonta bainteach le leanaí leis an
gcuid is mó d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla agus tá siad mar chuid shuimeálach
de chóras leasa shóisialaigh teagmhasach-bhunaithe na hÉireann le fada. Íoctar iad sa bhreis
ar Shochar Leanaí. Ní scéim leasa shóisialaigh ar leith iad íocaíochtaí MLC iontu féin ach go
héifeachtach iarrann siad a chinntiú go bhfuil leibhéal tacaíochta ioncaim sonraithe nasctha
leis an líon cleithiúnaithe sa teaghlach. Fad is go bhféadfaí go bhfuil ról MLC íocaíochtaí
leasa shóisialaigh a choigeartú don líon sa teaghlach follasach anois ní hamhlaidh a bhí i
gcónaí. Tá éagsúlacht mhór i rátaí íocaíochta thar am. I gcásanna áirithe, sna céimeanna
tosaigh d'fhorbairt an chórais leasa shóisialaigh, níor íocadh aon fhorlíonta bainteach le
leanaí le sochair faoi leith:
Níor sholáthar an scéim dífhostaíochta teoranta tugtha isteach i 1911 do chleithiúnaigh go dtí gur tháinig scéim dífhostaíochta níos leithne isteach i 1921;
Níor sholáthar sochar breoiteachta faoin seanscéim árachais náisiúnta aon liúntas do chleithiúnaigh go dtí gur cuireadh Sochar Míchumais ina áit i 1952.
23
Commission on Taxation Report 2009 (Baile Átha Cliath, 2009), lth. 250. 24
Aitheanta roimhe seo mar bhreiseanna Linbh Cleithiúnaigh – (BLC).
40
Bhí sé molta sa Pháipéar Bán ar Leas Sóisialach i 1949 gur chóir Breiseanna i leith Linbh
Chleithiúnaigh (BLC – réamhtheachtaithe do MLC) a chaighdeánú don chuid is mó íocaíochtaí
leis an liúntas á íoc maidir leis an gcéad dá leanbh. 25 Ní raibh SL iníoctha ag an am sin ach
don tríú leanbh agus leanaí ina dhiaidh sin. Cuireadh an moladh sin i bhfeidhm i 1952 le
liúntais do dhaoine fásta agus leanaí cleithiúnaigh tugtha isteach do leanaí i scéimeanna go
léir ach amháin don phinsean seanaoise. Leathnaíodh na forálacha sin níos déanaí don tríú
leanbh agus leanaí ina dhiaidh sin i 1960 fad is gur cuireadh leanaí cleithiúnaigh pinsinéirí san
áireamh ó 1964. Thug an CSEN faoi deara agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar leibhéal
BLCanna “i gcás go raibh breiseanna linbh cleithiúnaigh iníoctha roimh 1952, ní raibh aon
phatrún cinnte i gceist– ráta comhréidh ab ea cuid acu in aghaidh an linbh, laghdaigh cuid
eile acu le méid an teaghlaigh agus bhí éagsúlachtaí mearbhlacha ar na cinn a bhí iníoctha le
cúnamh dífhostaíochta ag brath ar an líon sa teaghlach. Tá an sainmhíniú ar leanbh
cleithiúnach athruithe freisin.” 26
Níor lean coinbhéirseacht sna socruithe do BLC, áfach, ar íocaíochtaí nua thar na blianta a
thabhairt isteach. Sa bhliain 1986 d'aimsigh an Coimisiún um Leas Sóisialach 36 rátaí éagsúla
agus mhol siad réasúnaíocht. Fad is go ndearnadh dul chun cinn luath suntasach, an moladh
sin a chur i bhfeidhm agus gur laghdaíodh an líon rátaí go trí faoi lár na 1990í, ní go dtí 2006
go raibh MLC comhdhlúite in aon ráta singil amháin.27
Fionnachtain 2-2: Cuspóir MLC
Is é cuspóir MLC cumhacht cheannaigh íocaíochtaí leasa shóisialaigh príomhúla a oiriúnú de
réir an líon leanaí cleithiúnaigh i dteaghlach.
2.1.3 Cuspóirí FIT
Tugadh trí chuspóir don Forlionadh Ioncam Teaghlaigh ag an am a tugadh isteach é i 1984:
Ar an gcéad dul síos, le díothú na bhfóirdheontas bia i 1984, féachadh ar FIT mar
mhodh cúitimh ar an titim phoitéinsiúl i gcaighdeáin mhaireachtála do theaghlaigh
ar ísealioncam;
25
Mel Cousins, Explaining the Irish welfare state : an historical, comparative, and political analysis (Nua Eabhrach, 2005), lth. 39. 26 Eithne Fitzgerald, Alternative Strategies for Family Income Support, lth. 45. 27
Tá líon suntasach leathrátaí MLC ach tá siad sin á n-íoc ar bhonn ioncam teaghlaigh seachas an bunchoincheap go bhfuil difríocht ar an leibhéal tacaíochta trasna leanaí.
41
Sa dara dul síos, dearadh FIT mar shochar fostaíochta chun an dreasacht gluaiseacht
ó leas sóisialach go dtí fostaíocht (nó fanacht i bhfostaíocht) a choimeád i gcúinsí
nach mbeadh an fostaí ach beagán níos fearr as ná mar a bheadh sé agus é/í ag
éileamh íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile;
Sa tríú dul síos, samhlaíodh FIT mar bheart sealadach ag fanacht le leasú foriomlán
ar thacaíocht ioncam leanaí a thabhairt isteach. Níor leanadh leis an bplean leasaithe
sin ag an am agus tá FIT fós mar thacaíocht ioncam leanaí sonraithe do theaglaigh ar
ísealioncaim.
Molann Callan et al. gur tugadh an FIT isteach ag am nuair a bhí cúiteamh ard as fostaíocht i
gcomparáid le tuillimh phoitéinsiúla. Chonacthas go raibh sé sin ag déanamh damáiste don
dreasacht glacadh le fostaíocht agus chuir ráitis oifigiúla béim ar an ngá righneas sa
mhargadh saothair a mhaolú trí fheabhas a chur ar staid ioncaim teaghlaigh ísealioncaim á
dtacú ag fostaí. Cuireann siad in iúl ó na Cláir Chaiteachais Phoiblí Chuimsitheacha, 1984
gurb é “príomhchuspóir na scéime ná an dreasacht fostaíochta a chothú trí thacaíochtaí
airgid a chur ar fáil d'oibrithe le teaghlaigh atá ar ísealioncaim agus mar thoradh air sin ní
bheadh siad ach beagán níos fearr as ná mar a bheadh siad agus iad ag éileamh sochair
Leasa Shóisialaigh”. 28
Breathnaíodh go raibh sé an-ábhartha go deo tabhairt faoin ngné dídhreasachta de na
híocaíochtaí dífhostaíochta dóibh siúd a fhaigheann MLC mar bheadh siad sin caillte ar dhul
ar ais ag obair dóibh. Dúirt an tAire agus é ag cur na scéime i láthair i Dáil Éireann i 1984 go
“n-éiríonn an suíomh seo go páirteach ó struchtúr na scéimeanna sochair iad féin a
chuireann líon teaghlach san áireamh fad is go n-íoctar pá is cuma faoi stádas teaghlach nó
pósta. Éiríonn sé freisin mar gheall ar na méaduithe suntasacha a tháinig isteach le blianta
beaga anuas i rátaí sochair coibhneasta do ghlantuillimh. Cé gur minic a bhíonn oibreoirí ar
ísealioncam díolúine ó cháin ioncaim nó i dteideal faoiseamh imeallach d'fhéadfadh an
'gaiste bochtanais' a bheith amhlaidh go laghdaíonn sé an dreasacht dul i bhfostaíocht i
gcásanna áirithe … measaim go gcuirfidh an forlíonadh ioncam teaghlaigh méid suntasach
tacaíochta ar fáil don chuid sin den phobal nach féidir a riachtanais a chomhlíonadh a
dhóthain laistigh de scóip an chórais leasa shóisialaigh reatha nó laistigh den chóras cánach
mar atá sé struchtúrtha faoi láthair”.29
Maidir leis an dá chuspóir luaite eile i leith FIT fad is go bhfuil an suntas maidir le forlíonta
bia a chailliúint imithe le fada an lá, go dtí go dtabharfar isteach leasú cuimsitheach ar
28
Tim Callan, Mary Keeney, Brian Nolan, agus John R. Walsh, Reforming Tax and Welfare, Institiúid Taighde Sóisialta agus Eacnamaíochta (Baile Átha Cliath, 2001), lth. 38. 29
Díospóireachtaí Historical Debates, Imleabhar 348, an Bille Leasa Shóisialaigh 1984, 14 Márta, 1984, an tAire Leasa Shóisialaigh.
42
thacaíochtaí ioncam leanaí tá tabhairt isteach FIT mar bheart sealadach ábhartha fós. Fad is
atá roinnt athruithe déanta agus athruithe á moladh don scéim i roinnt tuarascálacha agus
moltaí, tá FIT fós beagnach slán ó tugadh isteach é. Mhol an Gasra Oibre Saineolaithe ar na
Córais Leasa Shóisialaigh agus Cánach a Chomhtháthú30 agus an gaiste bochtanais ag éirí as
FIT a tharraing siar, agus an fhadbh tógáil suas, sainaithnithe acu, go gcuirfear an sochar i
bhfostaíocht (SO) in ionad an FIT agus an liúntais cánach leanaí le híocaíocht shingil
chomhtháite (Forlíonadh Sochar Teaghlaigh). Ba é sin an seasamh a bhí ag an gCoimisiún um
Leas Sóisialach freisin. Níor cuireadh na moltaí sin ar aghaidh, cé go n-iarann athruithe ar an
íocaíocht FIT feabhas a chur ar a éifeachtacht. (féach ar Chaibidil 3 le haghaidh mionsonraí).
Rinneadh breathnú ar an tuairim MLC agus FIT a chomhtháthú freisin níos deireanaí i
ndoiciméad na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (CNES): Tacaíochtaí Ioncam
Leanaí na hÉireann: An cás le spriocdhíriú. 31
Fionnachtain 2-3: Cuspóirí na híocaíochta FIT
Tugadh FIT isteach mar shochar fostaíochta chun an dreasacht dul ó leas sóisialach go
fostaíocht (nó fanacht i bhfostaíocht) a choimeád slán i gcúinsí ina bhféadfadh an fostaí a
bheith níos fearr as ná mar a bheadh sé/sí agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh á n-éileamh
aige/aici. Níos déanaí, tá béim curtha ar ról FIT mar thacaíocht do theaghlaigh le leanaí ar
fhostaíocht ísealioncaim.
2.2 Cuspóirí comhdhlúite Polasaí TIL
Tháinig iontraimí tacaíochta ioncam leanaí na hÉireann chun cinn ag amanna éagsúla ag
freagairt ar riachtanais difriúla. Le linn an-chuid dá luathstair, is féidir an argóint a
dhéanamh go raibh ailtireacht chomhleanúnach in easnamh acu i dtéarmaí a gcuspóirí
foriomlána agus beachtas in easnamh timpeall bunchoincheapanna mar an leibhéal
tacaíochta le soláthar agus an tslí ina raibh sí le soláthar (mar atá le feiceáil san fhíoras gur trí
na córais sochair agus chánach a cuireadh tacaíocht ar fáil do theaghlaigh le leanaí go dtí na
1980í).
Mar sin féin, tá comhleanúnachas níos mó tagtha chun cinn sna tríocha bliain atá thart go
háirithe mar fhreagairt ar fhorbairtí sa mhargadh saothair. Fad is gur lean siad de bheith
scartha is féidir an argóint a dhéanamh gur tosaíodh ar na trí phríomhíocaíocht a fheiceáil
mar chuid de straitéis níos leithne tacaíochta ioncam leanaí. Mar shampla,
comhdhlúthaíodh na hionstraimí uilíocha araon (liúntais chánach do leanaí agus liúntas
30
Report of the Expert Working Group on the Integration of the Tax and Social Welfare System (Baile Átha Cliath, 1996), lth. 50. 31
Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, An Chomhairle Náisiúnta agus Sóisialta, Sraith Taighde Páipéar Uimh. 6 (Baile Átha Cliath, 2007).
43
leanaí) isteach in aon íocaíocht Sochar Leanaí i 1986; Thosaigh na rátaí íoctha ar leanaí
cleithiúnacha ag coinbhéirsiú ó na 1980í déanacha fiú murar baineadh ráta singil MLC amach
go dtí 2006; agus rinneadh athruithe suntasacha ar an íocaíocht FIT chun feabhas a chur ar a
éifeachtacht mar thacaíocht fostaíochta agus mar thacaíocht ioncam leanaí do theaghlaigh
ar ísealioncam.
B'fhéidir agus níos tábhachtaí, d'athraigh rialtais ó lár na 1990í, an chothromaíocht idir SL
agus BLC / MLC d'aon ghnó chun acmhainní breise a dhíriú ar theaghlaigh le leanaí ach gan
dídhreasachtaí fostaíochta a dhéanamh níos measa. Tá fás suntasach ar rátaí íocaíochta SL
agus athruithe sna rialacha a thugann buntaca do na scéimeanna sin (FIT) le roinnt bliana
anuas. Mar thoradh, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil dhá phríomhchuspóir ag baint
le polasaí agus íocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí.
Fionnachtain 2-4: Dhá phríomhchuspóir polasaí tacaíochta ioncam leanaí
Is iad an dá phríomhchuspóir atá le polasaí tacaíochta ioncam leanaí ná trí réimse
íocaíochtaí, cabhair a chur ar fáil do theaghlaigh go léir le leanaí in aitheantas ar na costais
níos airde a bhaineann le cúram leanaí agus leanaí a thógáil i slí a thugann rogha do
thuismitheoirí ar an tslí a úsáidfear é agus cúnamh sonraithe ar theaghlaigh ar ísealioncam
le leanaí a íoslaghdaíonn dídhreasachtaí margaidh nó a chuireann go dearfach le
rannpháirtíocht sa mhargadh saothair chun bochtanas ina leithéid de theaghlaigh a laghdú.
2.2.1 Ag rannchuidiú le costas cúram leanaí (“athdháileadh cothrománach”)
Cuireann Rialtais i roinnt tíortha forbartha tacaíocht ioncam leanaí ar fáil do theaghlaigh go
léir le leanaí pé acu go díreach trí shochair airgid nó go neamhdhíreach trí pholasaithe
cánachais.32 Athraíonn sainchuspóirí polasaithe TIL gach tíre go suntasach agus tá siad le
brath i struchtúr a gcuid íocaíochtaí. Mar sin féin, is dóigh go bhfuil prionsabal ginearálta
mar bhun le polasaithe mar sin go gcuireann tógáil leanaí costais shuntasacha bhreise ar
theaghlaigh agus gur chóir an chuid sin de a roinnt ar an tsochaí ar an iomlán. Thug an
Coimisiún um Leas Sóisialach (1986) faoin gceist sin i gcomhthéacs na hÉireann agus nuair a
chuirtear san áireamh go raibh coinne ag an gCoimisiún lena lán de na saincheisteanna a bhí
ann don athbhreithniú sin, is fiú cur síos réasúnta fada a thabhairt ar a gcuid tuairimí.
32
Féach mar shampla ar Jonathan Bradshaw agus Naomi Finch, A Comparison of Child Benefit Packages in 22 countries, Department for Work and Pensions Tuarascáil Taighde Uimh. 174 (Huddersfield, 2002).
44
Luíonn aon tuairimí faoi thacaíochtaí ioncam teaghlaigh ar fhoshuíomhanna faoi ról an Stáit
maidir leis an teaghlach. D'fhéadfaí argóint a dhéanamh cinnte nach bhfuil freagracht ar
bith ag an Stát ar leanaí agus go bhfuil an freagracht sin ar thuismitheoirí amháin. Ní
ghlacaimid leis an gcur chuige laissez-faire sin ar chor ar bith; is saoránaigh iad leanaí freisin
agus tá cearta agus riachtanais acu le cosaint. Chomh maith leis sin, tá sé aitheanta ag an
Stát leis na céadta bliain, fiú ag a thréimhse is iarmharaí, íosfeidhmeanna maidir le sláinte
agus cothú leanaí. Ná ní ghlacaimid lena mhalairt de thuairim go bhfuil freagracht iomlán
ag an Stát riachtanais ar fad leanaí go léir a chomhlíonadh lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil
go leor acmhainní ag a dteaghlaigh. Tá sé cuí dar linne go roinneann an Stát costas leanaí a
thógáil agus a chothú le tuismitheoirí. Ní chiallaíonn sin go ndéantar tacaíochtaí ioncam
leanaí i slí roghnaitheach dian do ghrúpa teaghlaigh ar ísealioncam amháin ach do thugtar
rannchuidiú d'ioncam teaghlaigh go léir agus go ndéantar soláthar iomlán do leanaí sna
teaghlaigh sin gan ioncam.33
Lean an Coimisiún ar aghaidh chun an cur chuige sin a chosaint:
Cabhraíonn tacaíochtaí ioncam leanaí le teaghlaigh ioncam agus tomhaltas a
chothromú thar a saolré. In éifeacht, cabhraíonn siad le dáileadh costais an chéad
ghlúin eile a thógáil thar an tsochaí ina hiomláine seachas a ligean do mhionlach
daoine fásta atá ag tógáil leanaí ag am áirithe seo iad a iompar;
De bhrí go mbaineann costais eacnamaíochta agus sóisialta don tsochaí ina
hiomláine le daonra agus fórsa oibre a atáirgeadh tá sé buntáisteach go
heacnamaíoch na costais cothaithe do theaghlaigh oibrithe a 'chomhthiomsú';
Tá an tábhacht atá inchurtha i leith an-chuid tíortha tacaíocht a chur ar fáil d'aonaid
teaghlaigh le brath i 'bpolasaí teaghlaigh' follasach. In Éirinn, tá ról an teaghlaigh
aitheanta sa Bhunreacht agus sa chreat níos leithne luachanna agus traidisiún a
chuireann polasaí sóisialta ar an eolas. Chríochnaigh an Coimisiún um Leas
Sóisialach go “n-éileodh na luachanna agus na traidisiúin sin córas inghlactha
tacaíochta ioncam teaghlaigh”.34
De réir réasúnaíocht an Choimisiúin, is féidir le polasaithe tacaíochta ioncam leanaí sochair
shóisialta agus eacnamaíochta araon a chur ar fáil. I dtéarmaí eacnamaíochta tá
athdháileadh cothrománach nasctha le coincheap teip an mhargaidh nó "seachtrachtaí"
chomh fada agus is féidir díbhéirseacht a bheith idir costais phriobháideacha an teaghlaigh
ag tógáil leanaí agus na leasa sóisialta don daonra ina iomláine ó leanaí a thógáil.35 Trí
chúnamh a sholáthar do theaghlaigh go léir dáiltear ioncam ó theaghlaigh gan leanaí
cleithiúnacha do theaghlaigh le leanaí. Athdháileann a leithéid d'aistrithe, in éifeacht,
acmhainní trasna shaolré duine agus dá réir ag smúdáil amach a gcuid ioncaim agus
33
Commission on Social Welfare, An Roinn Leasa Shóisialaigh (Baile Átha Cliath, 1986), lth. 293. 34
Ibid., lth. 294 35
Anthony McCashin, Social Security in Ireland, An Chéad Eagrán (Baile Átha Cliath, 2004), lth. 100.
45
tomhaltais. Dá bhrí sin is é an réasúnaíocht eacnamaíoch taobh thiar de thacaíochtaí ioncam
leanaí ná cuireann siad 'athdháileadh cothrománach' agus athdháileadh 'saolré' ar fáil. Tá sé
níos dóichí go mbeidh ról sóisialta athdháileadh cothrománach á bhunú ar dhearcadh an
tsochaí ar ról an teaghlaigh i gcothú agus atáirgeadh an tsochaí. Má fhéachtar ar an
teaghlach mar bhunaonad laistigh den tsochaí, ansin tá leasa sóisialta tábhachtacha mar a
fheictear ag sreabhadh ó chabhair a thabhairt do theaghlaigh trí thacaíocht ioncaim agus/nó
seirbhísí fiú dá bhféadfadh nádúr na tacaíochta sin a athrú thar am.
Fionnachtain 2-5: Príomhchuspóirí polasaí – cúnamh le costas leanaí a thógáil
Ceann de na príomhchuspóirí taobh thiar de thacaíochtaí ioncam leanaí a íoc ná cúnamh a
chur ar fáil do theaghlaigh go léir le leanaí in aitheantas ar na costais níos airde a bhaineann
le leanaí a thógáil i slí a thugann rogha do thuismitheoirí faoin tslí ina ndéantar é sin.
Sainmhínítear an cuspóir sin go minic i dtéarmaí "athdháileadh cothrománach" sa mhéid is
nach gcuirtear ioncam san áireamh. Fad is gur cuspóir comhsheasmhach é sin ó na 1940í, tá
an tslí ar leith ina shainmhínítear é athraithe ó thacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh faoi
leith do chúnamh níos ginearálta maidir le teaghlaigh go léir agus leanaí go léir. Níl an
leibhéal cúnaimh do theaghlaigh go léir sainmhínithe go sonrach.
2.2.2 Bochtanas leanaí a laghdú (“athdháileadh ingearach”)
I roinnt tíortha, lena n-áirítear Éire glactar leis nuair a bhíonn leanaí i dteaghlach go mbíonn
riosca níos airde bochtanais ann don teaghlach.36 Tarlaíonn sin mar gheall ar dhá
phríomhchúis. Baineann an chéad cheann le costas díreach leanaí i dteaghlach mar le
haghaidh aon uimhir leanaí, beidh ioncam níos airde ag teastáil chun paireacht tomhaltais a
chothabháil le teaghlaigh gan leanaí. Baineann sé sin le caiteachas laethúil atá ag teastáil do
leanaí mar bhia chomh maith le rudaí eile do leanaí mar oideachas srl. Ní thógtar an t-
ioncam sa bhreis atá ag teastáil chun paireacht tomhaltais a bhaint amach de ghnáth ar
bhonn 'duine le duine' (sé sin, níl costas dhuine fásta cothrom le costas linbh go díreach)
agus ina ionad baintear úsáid as coincheap “scálaí coibhéise”chun ioncam a ríomh ar bhonn
comparáideach. Cuirtear iad sin san áireamh san athbhreithniú.
Tá an dara cainéal bochtanais níos indírí. Féadfaidh éifeacht diúltach a bheith ag leanaí, agus
go háirithe an riachtanas cúram a thabhairt do leanaí óga, ar chinntí rannpháirtíochta san
fhórsa oibre go háirithe ar thuismitheoirí agus máithreacha. Féadfaidh éifeacht dhiúltach a
36
Mar shampla, de réir an Phríomh -Oifig Staidrimh SIDM 2008, bhí 18.0% de dhaoine san aoisghrúpa 0-17 faoi riosca bochtanais (60% ioncam coibhéisithe, lena n-áirítear aistrithe sóisialta) a bhí 3.6 faoin gcéad pointí níos airde ná an ráta do dhaoine go léir (14.4%).
46
bheith aige sin ar ioncam ó fhostaíocht agus bheadh riosca bochtanais níos airde mar
thoradh air mar sin.
Tá éifeacht an dá chainéal sin le brath san anailís riosca bochtanais foilsithe ag an PS. Ina
anailís ar shuirbhéirbheacht SIDM 2007, fuair an PS amach gur dúblaíodh beagnach an riosca
bochtanais sa teaghlach sin ina raibh 3 nó níos mó leanaí 37 ach do thuismitheoirí aonair le
leanaí faoi 18 mbliana d'aois bhí an riosca bochtanais 37.6% nó dhá oiread an mheáin
náisiúnta.
Tugann an nasc idir leanaí i dteaghlach agus rátaí bochtanais níos airde suntas do ról níos
leithne an Stáit tabhairt faoi athdháileadh bhochtanais agus ioncaim. Cuireann an bhaint atá
ag leanaí le rioscaí bochtanais níos airde príomhchuspóir “príomhathdháileadh ingearach”
do thacaíocht ioncam leanaí ar fáil. Bíonn bochtanas i dteaghlaigh gan leanaí ach más dócha
go gcuireann leanaí brúnna breise ar theaghlaigh agus méaduithe riosca bochtanais tá
réasúnaíocht shoiléir idirghabhála ann. Cinnte, má tá idirghábhálaithe Stáit le bheith
éifeachtach ní mór dóibh tabhairt faoi na cainéil sin go díreach (m.sh. trí fhorlíonta ioncaim a
chur ar fáil dá leithéid de theaghlaigh) nó go hindíreach (m.sh. trí dhídhreasachtaí
fostaíochta a sheachaint nó feabhas a chur ar dhreasachtaí airgeadais).
Fionnachtain 2-6: Príomhchuspóir polasaí - bochtanas leanaí a laghdú
Príomhchuspóir eile um thacaíocht ioncam leanaí is ea cúnamh trí réimse íocaíochtaí
sonraithe ar theaghlaigh ar ísealioncam le leanaí a chur ar fáil i slí a íoslaghdaíonn
dídhreasachtaí an mhargaidh shaothair nó a chuireann go dearfach le dreasachtaí an
mhargaidh shaothair chun bochtanas a laghdú ina leithéid de theaghlaigh. Tá an cuspóir sin
nasctha leis an dearcadh go bhfuil leanaí bainteach le rioscaí bochtanais níos airde go
díreach trí na costais a bhaineann le leanaí a thógáil agus go hindíreach trína éifeacht ar
dhreasachtaí an mhargaidh shaothair.
2.2.3 Cuspóirí eile TIL
Tá seasamh maith ar son na híocaíochta sochar bainteach le leanaí uaireanta ar chúiseanna
seachas an dá cheann sainaithnithe thuas. Tá sé sin amhlaidh go háirithe leis an íocaíocht
Sochar Leanaí. Go deimhin, d'fhéadfadh argóint a dhéanamh go ndéanann nádúr na
híocaíochta uilíche ann féin é níos inchúisithe tabhairt faoi iliomad cuspóirí. Ní bheadh sé
37
An PS SIDM 2007, lth. 53.
47
neamhghnáth i dtéarmaí idirnáisiúnta go mbeadh iliomad cuspóirí ag polasaí teaghlaigh agus
tacaíochtaí ioncam leanaí. De réir na ECFE 38, tugtar tacaíocht ar roinnt chúiseanna agus
athraíonn nádúr agus cuspóirí na tacaíochta araon go suntasach idir tíortha. Áirítear sna
cuspóirí tacaíocht a chur ar fáil do chúram leanaí, athdháileadh ioncam laistigh den
teaghlach a athrú trí shruthioncaim a chur ar fáil do mhná agus dídhreasachtaí fostaíochta
tuismitheoirí a sheachaint. Cuspóir amháin – eadhon breith leanaí a chothú – pléite freisin
ach ní mheastar go bhfuil sé ábhartha go díreach do shuíomh na hÉireann.
Dídhreasachtaí fostaíochta tuismitheoirí a íoslaghdú
Ag leanúint ar aghaidh ó údair imní faoi ardleibhéil dífhostaíochta i lár na 1990í, bhí imní
shuntasach ann go raibh an príomhmhodh le tacaíocht ioncam a sheachadadh ag cur leis an
bhfadhb. Luaitear sa tuarascáil Sainghrúpa Oibre um Cháin agus Leas Sóisialach a
Chomhtháthú (Report of the Expert Working Group on the Integration of the Tax and Social
Welfare System) (1996)“inár foradharc ar an gcóras reatha um (thacaíocht ioncam leanaí)
shainaithníomar go raibh teaghlaigh le leanaí nochtaithe níos mó do "ghaistí" ag éirí as
Liúntais Leanaí Chleithiúnacha (a chuireann le gaistí dífhostaíochta) agus Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT) (a fhéadfaidh an gaiste bochtanais a chruthú ag leibhéil ioncaim áirithe)”.39
D'fhéadfadh go gciallódh cnuasach de thuillimh ísle phoitéinsiúla, teaghlaigh móra agus
struchtúr ioncam leanaí ag brath ar íocaíochtaí sonraithe go gcaillfeadh roinnt daoine
dífhostaithe leibhéil shuntasacha tacaíocht ioncaim dá rachadh siad i bhfostaíocht. Thug sé
le tuiscint freisin dá mba rud é go rachadh duine chun feabhas a chur ar a ioncam os cionn
tairseacha FIT bheadh siad thíos ag caillteanas substaintiúil FIT ag cruthú gaiste fostaíochta
suntasach dá réir. Lean fócas tacaíocht ioncam leanaí a sheachadadh trí SL agus leibhéil na
MLC (BLC roimhe sin) Ioncam Leanaí a chalcadh, moltaí an ghrúpa, curtha ar an eolas ag
taighde na ITES, Mar achoimre, mar sin, ní hé fostaíocht tuismitheoirí a éascú
príomhchuspóir tacaíocht ioncam leanaí a chur ar fáil. Mar sin féin, is cuid thábhachtach den
chóras um thacaíocht a sheachadadh do theaghlaigh i slite a sheachnaíonn dídhreasachtaí
d'fhostaíocht tuismitheoirí agus a chothaíonn fostaíocht tuismitheoirí é tacaíocht ioncam
leanaí.
Cúnamh le costas cúram leanaí a chur ar fáil do thuismitheoirí
Le blianta beaga anuas tá an cuspóir cúnamh díreach a chur ar fáil do theaghlaigh um
chostais cúram leanaí a íoc, curtha ar aghaidh mar réasúnaíocht don leibhéal sochar leanaí a
mhéadú. Tharla sé sin ag am a raibh fás mór ar éileamh áiteanna cúram leanaí nasctha ansin
le méadú rannpháirtíocht ban sa lucht saothair. Bhí méadú mear ar chostais chúram leanaí
38
Benefits and Wages 2007, ECFE (Páras, 2007). Bhí fócas ar leith an phlé ar thacaíocht tuistechúram tuismitheora agus neamhthuistechúram leanaí. 39
Report of the Expert Working Group on the Integration of the Tax and Social Welfare System, lth. 38.
48
mar thoradh ar shrianta gearrthéarmacha ar sholáthar áiteanna cúram leanaí, déanta níos
measa is dóigh le héifeacht riachtanais rialacháin níos déine. Fad is gur cuireadh acmhainní
ar fáil chun an méid áiteanna do chúram leanaí a mhéadú go díreach (tríd an gChlár
Comhdheiseanna Cúram Leanaí ) agus go hindíreach ( trí shocruithe cúram leanaí a áireamh
do cháin fabhair) rinneadh argóintí láidre gur chóir don Rialtas tacaíochtaí ar thaobh an
éilimh go príomha trí mheán creidmheasanna cánach do chaiteachas teaghlaigh ar chúram
leanaí íoctha a chur ar fáil.
Mar fhreagairt mhéadaigh an Rialtas an leibhéal Sochar Leanaí ar dtús agus thug siad isteach
an Forlíonadh Luathchúraim Leanaí do leanaí níos óige ina dhiaidh sin. Trí íocaíocht uilíoch a
roghnú dírithe ar leanaí go ginearálta seachas íocaíocht nó creidmheas cánach dírithe ar
chúram leanaí íoctha, chuir an Rialtas tacaíocht do gach sórt cúram leanaí ar fáil, pé acu ar
ceannaíodh é nó ar cuireadh ar fáil é laistigh den aonad teaghlaigh. Mar sin féin, tá cur
chuige níos spriocdhírithe curtha i bhfeidhm ag forbairtí ó shin (díothú Forlíonadh
Luathchúram Leanaí i bhfabhar na Scéime SCOL agus tá maolú ar na hargóintí a fheiceann
íocaíochtaí TIL mar mheicníocht chuí chun tacaíochtaí ginearálta a chur ar fáil do chúram
leanaí i bhfabhar chur chuige níos dírí.
Cá mhéid is gá cúram leanaí a chur san áireamh mar chuid den athbhreithniú? Go deimhin,
ní iarrann an t-athbhreithniú polasaí cúram leanaí an Rialtais a mheas go cuimsitheach.40
Níor mhór d'athbhreithniú mar sin, nádúr teipeanna sa mhargadh a tugadh faoi deara,
sainchuspóirí mar é sin san fhógra Barcelona ar spriocanna d'áiteanna cúram leanaí,41na
cineálacha idirghábhálacha sa mhargadh ( tacaíochtaí ar thaobh an éilimh) , tacaíochtaí ar
thaobh an tsoláthair, caiteachas cánach agus rialú rialála caighdeán), a mhalairt de chur
chuigí agus táscairí a chur san áireamh. Mar sin féin, ní mór a chur san áireamh san
athbhreithniú go bhfuil tacaíochtaí ioncam leanaí mar chuid de straitéis níos leithne chun
cabhrú le tuismitheoirí le costas cúram leanaí agus is féidir leis sin dá réir fostaíocht
tuismitheoirí a éascú agus mar sin feabhas a chur ar ioncam teaghlaigh. Tá an straitéis níos
leithne sin i gcomhréir leis an dá phríomhchuspóir sainaithnithe do thacaíocht ioncam leanaí.
In éifeacht, is féidir féachaint ar chúram leanaí íoctha mar ghné amháin den chostas a
bhaineann le leanaí a thógáil agus is féidir éifeachtacht tacaíocht ioncam leanaí chun an dara
chuspóir sin a sheachadadh a mheas sa chomhthéacs sin. I dtéarmaí aon mholtaí feabhas a
40
Value-for-Money Review of the Equal Opportunities Childcare Programme (EOCP), Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige (Baile Átha Cliath, 2007). 41
Mar chuid den mhodh oscailte comhordaithe, chomhaontaigh rialtais AE na spriocanna sin chun soláthar cúram leanaí oiriúnach a chinntiú mar "chéim riachtanach i dtreo comhdheiseanna fostaíochta idir mná agus fir". Sa bhliain 2002, ag Cruinniú Mullaigh Barcelona, leag An Chomhairle Eorpach síos spriocanna cúram leanaí a chur ar fáil roimh 2010 do 90% ar a laghad de leanaí idir 3 bliana d'aois agus an aois scoile éigeantach agus 33% de leanaí ar a laghad faoi 3 bliana d'aois. Féach ar an nasc seo a leanas http://europa.eu/rapid/pressReleasesAction.do?reference=MEMO/08/592&format=HTML&aged=0&language=EN&guiLanguage=en
49
chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n-íocaíochtaí sin, d'fhéadfadh éifeacht an
chuspóra tánaistigh sin a mheas.
Ag soláthar ioncam neamhspleách do mhná
Tá sé ráite san am atá thart go gcuireann íocaíocht Sochar Leanaí 'ioncam neamhspleách ar
fáil do mháithreacha' agus dá réir ag cur feabhas ar athdháileadh ioncaim laistigh den
teaghlach. Go dtí na 1970í luatha íocadh Liúntas Leanaí don athair go foirmiúil laistigh den
teaghlach cé gur síníodh é don mháthair ina lán cásanna.42 Ag leanúint ar mholadh i
dTuarascáil na Comhairle ar Stádas Ban (1972), athraíodh an reachtaíocht chun Liúntas
Leanaí a íoc trí mhainneachtain do mhná - bhí feidhm aige sin go háirithe le héilimh nua. Le
teacht isteach SL i 1986 bhí an próiseas sin críochnaithe go háirithe agus luach liúntais
chánach leanaí (íoctha de ghnáth le ceann firinn an teaghlaigh) comhchuimsithe isteach san
íocaíocht sochar leanaí. Tá aitheantas SL mar íocaíocht do mhná go mór i mbéal an phobail
fós inniu. Sa bhliain 2009, tuairiscíodh i bpobalbhreith an Irish Times / TNS MRBI “nuair a
iarradh orthu ar mheas siad gur íocaíocht speisialta an Stáit do mhná é Sochar Leanaí in
aitheantas a ról mar mháithreacha, dúirt 61 faoin gcéad gur mheas siad gurbh é agus 31
faoin gcéad nár mheas siad gurbh é; Bhí an dearcadh sin ag 66 faoin gcéad de mhná fad
gurbh é 56 faoin gcéad a bhí an figiúr i measc fear.”43 Ag cur an pacáiste leasa shóisialaigh i
láthair i mBuiséad 2010 ina dhiaidh sin, rinne an tAire Coimirce Sóisialaí an smaoineamh
taobh thiar den íocaíocht a shoiléiriú: “i gcás an-chuid ban is féidir leo obair a dhéanamh
lasmuigh den teach a bhuíochas do SL a chabhraíonn leo le costais chúram leanaí. Agus fiú
maidir le mná ó theaghlaigh ardioncaim féadfaidh gurbh é an t-aon airgead a íoctar go
díreach dóibh. Bheartaigh an Rialtas mar sin i gcoinne Sochar Leanaí a tharraingt siar go
hiomlán ó aon teaghlach ar bith.”44
Cén ábharthacht atá ag torthúlacht más ann dóibh.?
Tá sé pléite uaireanta go bhfuil sé ar leas na tíre breitheanna a chothú ós rud é go dtugann
leanaí modh trína atáirgeann sochaí iad féin agus trína gcothaítear fás eacnamaíoch. Ní
bhfuarthas aon léirchuspóirí natalacha d'íocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí san
athbhreithniú agus chun na fírinne a rá, fágadh amach an dearcadh polasaí sin ar theacht
isteach íocaíocht Liúntas Leanaí i 1944. Níor tugadh aird air sin mar chuspóir in aon cheann
de na hathbhreithnithe ar pholasaí tacaíochta d'ioncam leanaí ina dhiaidh sin. Ní dóigh go
mbeadh se cuí, mar sin, é sin a chur san áireamh mar chuspóir chun ar na híocaíochtaí ina
choinne a mheas.
42
Rinneadh suas go 90% d'íocaíochtaí LL a íoc le mhná. 43
The Irish Times -, Meán Fómhair 28, 2009. 44
Díospóireachtaí Historical Debates, Imleabhar 698, an Bille Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009, 10 Nollaig, 2009, an tAire Coimirce Sóisialaí.
50
Mar sin féin, is fiú tabhairt faoin gceist sin i slí dhifriúil. Cén tslí a gcuireann polasaí TIL le
polasaithe níos leithne teaghlaigh agus go háirithe le cinntí teaghlach líon leanaí
inmhianaithe a bheith acu? Féachann staidéar déanta ag an ECFE le déanaí ar éifeacht
íocaíochtaí tacaíochta ioncam teaghlaigh agus leanaí. Níor chuir an staidéar as an áireamh
ról éigin do pholasaí poiblí go ginearálta agus aistrithe airgid do theaghlaigh le leanaí sa
réimse sin de pholasaí teaghlaigh agus tháinig siad ar an gconclúid seo a leanas: “Fad is atá
laghdú suntasach ar rátaí torthúlachta thar na deich mbliana seo caite i dtíortha na hECFE,
tá luas an laghdaithe sin — agus sna leibhéil bainte amach — éagsúil trasna tíortha … Ag an
am céanna, tá fianaise de bhearna thábhachtach idir rátaí inmhianaithe torthúlachta agus
iad tugtha faoi deara agus de mhéadú sa bhearna sin thar am ann freisin... Is féidir na
hathruithe sin in iompar sna tréimhsí inar féidir le bean leanaí a shaolú a mhíniú go páirteach
trí athruithe i luachanna daoine maidir le rólanna teaghlaigh agus inscne … Laghdaíonn
creidmheasanna cánach, sochair airgid, agus tacaíocht chun cabhrú le teaghlaigh a gcostais
chúram leanaí a chomhlíonadh go léir costas díreach leanaí ach athraíonn a dtábhacht go
mór trasna tíortha. Tá an poitéinsiúil ag infhaighteacht cúram leanaí agus cead saoire na
deischostais a bhaineann le máthaireachas a mhaolú. Tugann anailís trastíre le tuiscint go
bhfuil rátaí torthúlachta níos airde i dtíortha na hECFE le hinfhaighteacht níos mó ar chúram
leanaí, costais dhíreacha níos lú do leanaí, infhaighteacht páirtaimsearachta níos airde agus
cead saoire níos faide … taispeánann meastacháin … go gcabhraíonn aistrithe do
theaghlaigh le leanaí, chomh maith le forálacha a cheadaíonn do mháithreacha déileáil níos
fearr le freagrachtaí gairme agus teaghlaigh fáil réidh le deacrachtaí leanaí a thógáil.” 45
Tá nasc déanta idir íocaíochtaí a bhaineann le leanaí agus leibhéil níos airde torthúlachta i
dtíortha áirithe. Níor glacadh go raibh a leithéid de nasc ann in Éirinn ag staid luath
d'fhorbairt na dtacaíochtaí sin agus ní raibh aon fhianaise ann gur imir sé ról díreach ar
pholasaí a dhéanamh. Mar sin féin, i dtíortha na ECFE tá claonadh ann ag treoshuíomhanna
polasaí úrnua béim a chur ar ról polasaí oifigiúil teaghlaigh a ligean an bhearna idir líon
leanaí inmhianaithe agus iarbhír a laghdú agus an ról tacaíochtaí ioncam teaghlaigh an
cuspóir sin a bhaint amach. Mar sin, féadfaidh tacaíochtaí ioncam leanaí ról a imirt laistigh
den réimse beart dírithe i dtreo an chuspóra pholasaí teaghlaigh sin níos leithne a bhaint
amach.
Fionnachtain 2-7: Cuspóirí polasaí tánaisteacha:
Shainaithníodh san athbhreithniú roinnt chuspóirí tánaisteacha le suntas éagsúil. Is cuspóir
tánaisteach suntasach é tacaíocht a sheachadadh do theaghlaigh i slí a sheachnaíonn
dídhreasachtaí dífhostaíochta tuismitheoirí. Tá cabhair tugtha ag íocaíochtaí Tacaíochta
Ioncam Leanaí le costais chúram leanaí in éineacht le costais eile a bhaineann le leanaí a
45
Anna Cristina D’Addio agus Marco Mira d’Ercole, Trends and Determinants of Fertility Rates in OECD Countries: The Role of Policies, Páipéir Oibre Sóisialta, Fostaíochta agus Imirce Uimh. 27, ECFE (Páras, 2005), lth. 4-5.
51
thógáil (príomhchuspóir). Bhí sé sin an-ábhartha go deo nuair a díríodh an fhreagairt polasaí
ar thacú le gach cineál roghanna cúram leanaí. Sa mhéid is go bhfuil polasaí cúram leanaí
dírithe anois ar thacaíocht níos dírí a chur ar fáil, tá lagú tagtha ar a réasúnaíocht mar
thacaíocht do chúram leanaí. Mar sin féin, ní mór do pholasaí TIL gan dearmad a dhéanamh
ar na himpleachtaí do cuspóirí cúram leanaí. Tá an íocaíocht SL aitheanta freisin le déanaí
mar shlí chun ioncam neamhspleách a chur ar fáil do mhná. Fad is go bhfuil torthúlacht
curtha as an áireamh go cinnte mar chuspóir díreach do thacaíocht ioncam leanaí, léiríonn
an taithí idirnáisiúnta go bhféadfaidh a leithéid de thacaíochtaí ról a imirt laistigh den réimse
leathan beart laistigh de pholasaí níos leithne teaghlaigh.
2.2.4 SL – tacaíocht chothrománach agus ingearach?
Go deimhin, imríonn MLC agus FIT ról tábhachtach bochtanas a laghdú agus mar sin in
athdháileadh ingearach. Le díothú na liúntas cánach sna 1980í, tá sé soiléir gurb é SL an
príomhionstraim in athdháileadh cothrománach do theaghlaigh le leanaí. Tá an cathú ann
b'fhéidir SL a mheas de réir a chuspóra athdháilte comhrománaigh amháin. Bheadh sé sin
neamhchuí ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos bíonn éifeacht dhíreach ag íocaíochtaí SL ar an
ioncam indiúscartha teaghligh go léir le leanaí agus mar sin bíonn ról substaintiúil acu
ísealioncam nó teaghlaigh gan aon ioncam a ardú chun go laghdófaí an dealraitheacht go
mbeidh taithí acu ar bhochtanas ioncaim. Fad is nach féidir le híocaíochtaí SL, ina n-aonar,
teaghlach le leanaí a thabhairt os cionn an líne bhochtanais, soláthraíonn siad, in éifeacht,
"ardán" ioncaim inar féidir le hionstraimí roghnacha an líne bhochtanais a shroicheadh go
poitéinsiúil; dá airde an ardán SL is ea is ísle is gá leis na hionstraimí roghnacha a bheith.
Sa dara dul síos, tá glactha leis gur chuid riachtanach chun bochtanas leanaí a laghdú ná a
chinntiú gur féidir le tuismitheoirí deiseanna fostaíochta a thógáil, ansin beidh an "pacáiste*
íocaíochta TIL atá ró-roghnach frith-tháirgiúil, ach braitheann é sin ar dhearadh agus cur i
bhfeidhm éifeachtach. Mar sin ról (indíreach) tábhachtach do SL is ea tacaíocht a
sheachadadh gan míbhuntáistí an roghnachais. Má ghlactar leis na hargóintí sin, d'fhéadfaí
argóint a chur ar aghaidh go bhféadfaí tabhairt faoi bhochtanas leanaí le pacáiste TIL atá
uilíoch ar fad (sé sin trí leibhéal ard go leor SL). Is é an frithargóint atá leis sin ná go bhfuil
costais shuntasacha mharbhualaigh nach mór a chur san áireamh ag an gcur chuige do
thacaíocht ioncam leanaí (sé sin, leibhéil chaiteachais atá níos mó ná mar atá ag teastáil
chun cuspóirí luaite a bhaint amach). In éifeacht bheadh an ráta SL atá ag teastáil chun an
líne bhochtanais a shroicheadh i bhfad níos airde ná aon leibhéal réasúnta tacaíochta do
theaghlaigh níos saibhre.
52
Taispeánann cothromaíocht na n-argóintí sin go gcuireann SL príomhábhar i bpacáiste
measctha de thacaíochtaí TIL ar fáil a thugann faoin riosca níos airde bochtanais i
dteaghlaigh le leanaí chomh maith le ról athdháilte cothrománaigh a bheith aige. Tá sé sin
léirithe i bhFigiúr 2-1. Is féidir le leibhéil níos airde íocaíochtaí sonraithe tabhairt faoi
chuspóirí bochtanais go héifeachtach ach ní féidir é dhéanamh gan dreasachtaí oibre a
dhéanamh níos measa mar tarraingítear siar a leithéid d'íocaíochtaí tar éis dul i bhfostaíocht
nó nuair atá tuillimh go hard. Is féidir le SL an comhbhabhtáil sin a bhriseadh go
héifeachtach trí íocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí a chur ar fáil trasna an speictream
leasa-oibre albeit le riosca níos airde costais mharbhualaigh.
Figiúr 2-1: Léiriú ar an gcaoi a bhaineann Sochar Leanaí torthaí níos fearr amach i gcás go mbíonn
comhbhabhtálacha polasaí i gceist.
Fionnachtain 2-8: Tá ról uathúil ag Sochar Leanaí tabhairt faoin dá phríomhchuspóir araon
Chomh maith le cabhair a chur ar fáil do theaghlaigh go léir le leanaí (ról athdháileadh
cothrománach) tá príomhpháirt ag SL chun cabhrú leis an gcostas leanaí a thógáil agus
tabhairt faoin riosca níos airde bochtanais i dteaghlaigh le leanaí araon. Is féidir le SL an
comhbhabhtáil idir cothromais agus éifeachtacht a laghdú go héifeachtach trí íocaíochtaí
tacaíochta ioncam leanaí a chur ar fáil trasna an speictrim leasa-oibre albeit le riosca níos
airde costais mharbhualaigh.
53
2.3 Réasúnaíocht do pholasaí agus íocaíochtaí TIL
Tá measúnú ag teastáil ón gcritéir mheastóireachta sna Téarmaí Tagartha curtha le chéile de
réir LAA agus teimpléid athbhreithnithe polasaí i réimse áirithe ar réasúnaíocht tacaíochta
ioncam leanaí nó chun é a chur ar bhealach eile, ar an bhfáth go bhfuil idirghabháil polasaí
poiblí riachtanach i réimse áirithe. Éilíonn é sin na cuspóirí polasaí poiblí cláir a chur san
áireamh agus na cúiseanna le foráil nó bainteach na rannóige poiblí. Tá sé nasctha go dlúth
le coincheap eacnamaíoch teip sa mhargadh. De réir na hECFE , is féidir teip sa mhargadh a
shainmhíniú i gceithre bhealach cé go dtugtar faoi deara sa lámhleabhar LAA nach bhfuil an
tuairim sin uileghabhálach.
1. Earraí Poiblí: i gcás earra nó seirbhís nach féidir nó nach caothúlach muirear
a ghearradh ar thairbhithe go léir dó nó di (m.sh. córas na mbóithre). Á chur
ar fáil do cheann amháin bheadh sé ar fáil do an-chuid;
2. Seachtrachtaí: i gcás go mbronnann duine amháin nó gnólacht leas ar
dhaoine eile ach nach bhfuil aon luach saothair ann dó nó di dá bharr;
3. Athdháileadh: i gcás gurb é aidhm an chaiteachais saibhris agus ioncaim
"cothrom" a dháileadh de réir dearcadh an tsochaí i measc a ball;
4. Earraí Fiúntais: éiríonn siad sin má thugann daoine aonair nó gnólachtaí
meas faoin luach ar na leasa pearsanta nó príobháideacha díoraithe ó earra
nó seirbhís a ídiú.
Is é an réasúnaíocht is mó ábhartha don athbhreithniú sin ná iad sin bainteach le
hathdháileadh agus seachtrachtaí/earraí fiúntacha. Mar a d'fhéadfaí a bheith ag siúl leis do
an-chuid chláir tacaíochta ioncaim, luíonn an phríomhréasúnaíocht leis an mian acmhainní a
athdháileadh trasna an tsochaí. Tarlaíonn an t-athdháileadh sin ar roinnt bhealaí.
Sa chéad áit, aistrítear acmhainní tríd an gcóras cánach ó theaghlaigh gan leanaí
cleithiúnacha go dtí iad siúd le leanaí. Léiríonn sé sin go dteastaíonn leibhéal níos
airde ioncaim ó theaghlaigh le leanaí chun taitneamh a bhaint as an gcaighdeán
maireachtála chéanna leo siúd gan leanaí (athdháileadh cothrománach).
Nasctha leis sin tá athdháileadh ioncaim thar shaolré duine. In éifeacht, íocann
duine cáin ag na céimeanna luatha dá shaolré (roimh leanaí) agus tugtar é sin ar ais
in aistrithe le linn tréimhse fhoirmithe teaghlaigh. Stopann aistrithe tar éis do leanaí
neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach.
Tá an tríú cainéal ó theaghlaigh atá go maith as go dtí na teaghlaigh sin nach bhfuil
chomh maith as le leanaí. Is don cheann sin is gaire atá an réasúnaíocht um chláir
thacaíochtaí ioncam leanaí do réasúnaíocht chláir aistrithe sóisialta eile. In éifeacht,
54
baintear úsáid as aistrithe tacaíochta ioncam leanaí chun ioncam a aistriú ó
theaghlaigh le hioncaim níos airde dóibh siúd le leibhéal ioncaim níos lú agus go
háirithe dóibh siúd faoi riosca bochtanais (athdháileadh ingearach).
Sa deireadh thiar, is aistriú é Sochar Leanaí do theaghlaigh le leanaí chun leasa na
leanaí sa teaghlach sin in aitheantas ar na héilimh bainteach le leanaí a thógáil. Mar
sin féin, de bhrí go dtugtar é don mháthair ina lán teaghlach, is éard atá ann ná in
éifeacht aistriú indíreach laistigh de theaghlaigh (ón gcáiníocóir go faighteoir SL)46 ag
glacadh leis go bhfuil an t-aistriú sin chun leasa na leanaí. Ag cur san áireamh gur
dócha go bhfuil ioncam díreach níos lú ag mná ná ag fir (ag léiriú inter alia éifeacht
am a thógáil as an bhfórsa saothair chun aire a thabhairt do leanaí) cuireann sé sin
feabhas ar chothromas an tsochaí go ginearálta.
Tá ábharthacht freisin ag coincheap seachtrachtaí agus earraí fiúntais in aon díospóireacht ar
bhonn eacnamaíoch do pholasaithe tacaíochta ioncam leanaí. I dtéarmaí airgeadais phoiblí,
tá athdháileadh cothrománach nasctha le coincheap teip an mhargaidh nó "seachtrachtaí"
chomh fada agus is féidir díbhéirseacht a bheith idir costais phriobháideacha an teaghlaigh
ag tógáil leanaí agus na leasa sóisialta don daonra ina iomláine ó leanaí a thógáil. Luann
McCashin go ndéanann “seachtrachtaí … tagairt do fhoshuíomhanna ina bhfuil
coinbhéirseacht idir… costais phríobháideacha agus sóisialta …. fad is nach mbíonn sé ráite i
gcónaí sna téarmaí sin, spreagann an-chuid den argóint faoi thacaíocht ioncam leanaí an
prionsabal (seachtrach) sin go follasach. …. Tá leasa don tsochaí ina hiomláine má bhíonn
leanaí ag daoine fásta a dtógann agus a gcothaíonn siad. Is iad leanaí an lae inniu oibreoirí
an lae amáraigh, de réir an loighce sin, iad ina dtomhaltóirí agus ina dtáirgeoirí …. Mura
dtugtar tacaíocht do thuismitheoirí le costais leanaí rachaidh an líon leanaí i laghad thar am,
a mbeidh aosú déimeagrafach agus níos lú daoine óga mar thoradh air. Níos ginearálta,
maítear gur dócha nach mbíonn sochaithe le líon na ndaoine óga ag laghdú chomh táirgiúil,
nuálach ná chomh dinimiciúil”.47
Fionnachtain 2-9: Réasúnaíocht eacnamaíoch do pholasaí TIL – athdháileadh eacnamaíoch
agus seachtrachtaí tacaithe bainteach le leanaí
Tá an réasúnaíocht eacnamaíoch taobh thiar de TIL bainteach le cuspóiri airgeadais phoiblí
timpeall athdháilte agus tacú le seachtrachtaí/earraí fiúntais. Tarlaíonn an t-athdháileadh
sin ar roinnt bhealaí: ó theaghlaigh gan leanaí cleithiúnacha go teaghlaigh le leanaí; thar
shaolré duine; ó theaghlaigh atá go maith as go dtí na teaghlaigh sin nach bhfuil chomh
maith as le leanaí; agus aistriú indíreach laistigh de theaghlaigh (ó cháiníocóir go faighteoir
46 Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhféadfaí faighteoirí SL a bheith ina gcáiníocóirí ina gceart féin go
minic.
47 Anthony McCashin, Social Security in Ireland, lth. 100.
55
SL) ag glacadh leis go bhfuil an t-aistriú sin chun leasa leanaí chomh maith le leas na mná sa
teaghlach sin. Cuireann tacaíochtaí ioncam leanaí tacaíocht ar fáil freisin "do sheachtrachtaí
" chomh fada agus a thugann siad faoin dibhéirseacht idir costais phríobháideacha
teaghlaigh leanaí a thógáil agus na leasa sóisialacha don daonra go hiomlán a thagann ó
leanaí.
2.4 An bhfuil CUSPÓIRÍ polasaí agus réasúnaíocht TIL bailí go fóill?
Is é an cheist meastóireachta atá le scrúdú sa mhír seo ná: an bhfuil na cuspóirí polasaí poiblí
leithne sin atá mar bhun le cláir a sheachadann tacaíocht ioncaim do theaghlaigh le leanaí
bailí go fóill? An bhfuil siad comhleanúnach le cuspóirí rialtais foriomlána agus leis na
cuspóirí i Ráiteas Straitéise na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh? Féachfaidh an
mhír seo ar cibé an bhfuil na cuspóirí sin bailí go fóill nó nach bhfuil trí scrúdú a dhéanamh ar
a gcomhleanúnachas le príomhráitis Rialtais sa réimse sin. Féachfaidh sí freisin i mír
fhorbhreithnithe ar an méid gur dócha le cuspóirí Rialtais iad féin a bheith bailí fós nuair a
chuirtear na cúinsí airgeadais agus eacnamaíochta san áireamh.
2.4.1 Comhleanúnachas le ráitis polasaí níos leithne
Tá polasaí an Rialtais timpeall tacaíochtaí ioncam leanaí luaite i réimse leathan doiciméad:
Cláir agus tosaíochtaí Rialtais
Comhaontaithe comhpháirtíochta sóisialta
Ráitis straitéise agus misin na roinne
Straitéis Náisiúnta um Leanaí
Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta
Cláir agus tosaíochtaí Rialtais Ní thugann an Clár Athnuachana Rialtais faoi shaincheist
tacaíochtaí ioncam leanaí go díreach. Tá na tiomantais ar leith i gclár don Rialtais roimhe seo
liostaithe sa Bosca 2-1. Tugadh dearbhú sa chlár leanúint leis an gcur chuige uilíoch
tacaíocht a chur ar fáil do leanaí trí mhéaduithe i Sochar Leanaí (agus an Forlíonadh
Luathchúram Leanaí). In éineacht leis an tacaíocht leathan sin do chur chuige uilíoch bhí an
mhian ann, áfach, córas na spriocthacaíochtaí a réasúnú ( MLC agus FIT) is dócha mar
fhorlíonadh do Shochar Leanaí. Bhí an dá phríomhchuspóir sainaithnithe comhleanúnach de
réir dealraimh leis an gClár don Rialtas.
56
Bosca 2-1: Tiomantais sa Clár don Rialtas 2007-2012 (Tacaíocht Ioncam Leanaí)
Comhaontaithe Comhpháirtíochta Sóisialta Tá tacaíocht ioncam leanaí aitheanta ag
comhaontuithe comhpháirtíochta leantacha, ina ndéanann an Rialtas agus na
comhpháirtithe sóisialta idirbheartaíocht agus comhaontú ar shaincheisteanna polasaí
eacnamaíoch agus sóisialta, mar cheann de na príomhréimsí le réiteach. Maidir leis sin, tá
tosaíochtaí speisialta aitheanta i ngach comhaontú le dul ina mbun le linn cúrsa na
gcomhaontuithe leis an bhforáil tacaíocht ioncam leanaí agus deireadh le bochtanas leanaí
mar phríomhthosaíochtaí.
An Clár um Rathúnas agus Cothroime (PPF) 2000: tiomantais ar leith ann maidir le leanaí
agus luaite go méadófar “Sochar Leanaí go suntasach thar thréimhse an Chláir um Rathúnas
agus Cothroime mar phríomhmheicníocht leibhéil bhochtanas leanaí a laghdú agus tacaíocht
ioncam leanaí a chur ar fáil, le fócas tosaíochta i dtreo €127 in aghaidh na míosa don tríú
leanbh agus do leanaí ina dhiaidh sin”.
Dul Chun Cinn a Chothú 2003 – 2005: béim curtha ar an tiomantas sin maidir le leanaí trí
chuspóir bochtanas a laghdú a leagan síos agus go hidéalach é a dhíothú in Éirinn, ag lua go
“bhfuil sé fós mar pholasaí an Rialtais an sprioc do na rátaí leasa shóisialaigh is lú agus
leibhéil chóibhéiseacha chuí do leanaí mar atá leagtha amach sa Straitéis Frithbhochtanais
Náisiúnta roimh 2007a chomhlíonadh.48
I dtreo 2016, (2006): Chuir an Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta (reatha) béim ar an
tiomantas leanúnach maidir le tacaíocht leanaí ag lua mar ghníomh tosaíochta “Dul chun
cinn i dtreo na sprice reatha an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta
(Cuimsitheacht PGN) dóibh siúd atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, a n-aontaíonn
48
Ag Coinneáil an Dul chun Cinn An Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta 2003-2005, Roinn an Taoisigh (Baile Átha Cliath, 2003), lth 65-66.
Shainaithníodh roinnt tiomantas sa Chlár don Rialtas 2007-2012 i réimse Tacaíocht Ioncam Leanaí (faoi réir infhaighteacht acmhainní rialtais foriomláin)
“Cúram Leanaí: Thar an gcéad chúig bliana le teacht …. Méadóimid an ráta Forlionadh Ioncaim Leanaí agus Sochar Leanaí.
“Ag tabhairt faoi Mhíbhuntáiste Leanaí: Méadóimid …. an ráta Forlíonadh Luathchúram Leanaí agus Sochar Leanaí agus fad is a mbeimid ag tógáil ar an Liúntas i leith Linbh Cháilithe.
Tacaíocht Ioncam Leanaí Leanfaidh an Rialtas ag tabhairt tosaíochta do leasa teaghlach le leanaí. Comhnascóidh an Rialtas.... Liúntais i leith Linbh Cháilithe agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh chun an dara chéim tacaíochta ioncaim a fhorbairt dírithe ar na teaghlaigh is boichte. Leanúint le Sochar Leanaí a mhéadú.”
Níor thug an Clár Athnuachana Rialtais faoi shaincheist tacaíochtaí ioncam leanaí go díreach.
57
na páirtithe atá bailí agus cuí fós – sé sin go leagtar comhluach na mbeart tacaíochta ioncam
leanaí ag 33% - 35% den ráta íocaíochta leasa shóisialaigh do dhaoine fásta."49
Ráiteas straitéise agus misin na RGST: Is é misean na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus
Teaghlaigh, mar atá sa Ráiteas Straitéise 2008 - 2010 ná "sochaí chomhbhách a chur chun
chinn trí ioncam agus seirbhísí tacaíochtaí eile, ag cumasú rannpháirtíocht ghníomhach sa
tsochaí ag cothú cuimsiú sóisialta agus ag tacú le teaghlaigh."50 Tá an Ráiteas Straitéise
curtha ar fáil timpeall seacht n-aidhmeanna ardleibhéil an chéad cheann díobh bainteach le
Leanaí agus Teaghlaigh: “cur le leas leanaí agus teaghlaigh trí ioncam agus tacaíochtaí eile
agus rannpháirtíocht i bhfostaíocht a éascú ”.51 Leanann an Roinn an cuspóir sin trína cláir
thacaíochta ioncam leanaí. Cuirtear Tacaíocht Ioncam Leanaí ar fáil go príomha ag trí
príomhíocaíochtaí leasa shóisialaigh Sochar Leanaí (SL), Méaduithe i leith Linbh Cháilithe
(MLC) agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT).
Tá Spriocanna 2, agus 5 ábhartha freisin (Sprioc 2: Ioncam agus tacaíochtaí eile a chur ar fáil
do dhaoine den aois oibre agus iad a éascú dul i bhfostaíocht, traenáil, oideachas nó
deiseanna forbartha; Sprioc 5: chun torthaí níos fearr ar thabhairt faoi bhochtanas a fháil
agus sochaí níos cuimsithí a bhaint amach trí ioncam agus seirbhísí tacaíochta eile agus
straitéisí Rialtais do chuimsiú sóisialta a chomhordú agus a chur i bhfeidhm). Ag iarraidh na
spriocanna sin a bhaint amach tá na gníomhartha seo a leanas sa Ráiteas Straitéise 2008 -
2010 an-ábhartha ar fad.
Polasaithe cuí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun réimse ioncaim agus tacaíochtaí eile a chur ar fáil do leanaí agus teaghlaigh,
Dul chun cinn i dtreo spriocanna tacaíochta ioncaim sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta do Chuimsiú Sóisialta a bhaint amach,
Tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar ísealioncam dul i bhfostaíocht nó fanacht i bhfostaíocht.
Tacaíochtaí a leathnú chun tabhairt faoi mhíbhuntáiste i measc leanaí den aois scoile.52
Straitéis Leanaí Náisiúnta: Áirítear sa Straitéis Leanaí Náisiúnta (2001) cuspóir “go gcuirfear
na tacaíochtaí ar fáil do leanaí chun bochtanas leanaí a dhíothú”. Aithnítear sa doiciméad
freisin an ról suntasach atá ag sochar leanaí bochtanas leanaí a laghdú agus tacú le leas
leanaí: “Tá Sochar Leanaí tábhachtach bochtanas leanaí a laghdú agus tacú le leas leanaí
49
Towards 2016 Ten -Year Framework Social Partnership Agreement 2006-2015, Roinn an Taoisigh (Baile Átha Cliath, 2006), lth. 45. 50
Statement of Strategy, 2008 – 2010, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2008), lth. 6. 51
Ibid., lth. 31. 52
Ibid., lth. 32.
58
mar gheall ar a chlúdach uilíoch agus gaolmhaireacht neodrach don dreasacht fostaíochta
agus do chinntí bainteach le foirmiú teaghlaigh”. 53
Plean Gníomhaíochta Náisiúnta do Chuimsiú Sóisialta 2007 – 2016 (Cuimsitheacht PGN):
Ceann de spriocanna ardleibhéil an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta
ná comhluach bearta tacaíochta ioncam leanaí a choinneáil ag 33-35% den íosráta íocaíochta
leasa shóisialaigh.54
2.4.2 An bhfuil na cuspóirí luaite bailí fós?
Iarrann scéimeanna athbhreithnithe agus LAA scrúdú a dhéanamh ar cibé an bhfuil na
cuspóirí taobh thiar de chláir bailí fós i bhfianaise roinnt ráiteas Rialtais (go háirithe an Clár
don Rialtas, comhaontuithe comhpháirtíochta agus straitéisí frithbhochtanais). Fad is gur
féidir na ráitis Rialtais sin a athlua (mar thuas) tá deacracht praiticiúil ann don athbhreithniú
bailíocht leanúnach ráitis Rialtais a bhreith agus mar sin breathnú a dhéanamh ar cibé an
bhfuil na cuspóirí mar bhun le tacaíocht ioncam leanaí bailí fós nó nach bhfuil. Tar éis
athbhreithniú a dhéanamh ar na ráitis agus na tiomantais sin i gcomhthéacs na gcuspóirí
sainithe mar bhun le polasaí tacaíochta ioncam leanaí tá dhá cheist tábhachtach chun a
mbailíocht a bhreathnú. Ar an gcéad dul síos, an bhfuil na cuspóirí polasaí comhleanúnach le
ráitis pholasaí ? Ansin, cá mhéad atá sé riachtanach a leithéid de ráitis a léirléamh ag cur na
ndeacrachtaí fioscacha agus eacnamaíochta urghnácha reatha san áireamh?
Dealraíonn sé go ndéanfadh an Clár don Rialtas agus ráitis eile an cuspóir mar bhuntaca do
pholasaí agus cláir thacaíochta ioncam leanaí a bhailíochtú go ginearálta. Tacaíonn na ráitis
sin le tacaíochtaí a chur ar fáil do theaghlaigh go léir le leanaí (trí SL chomh maith le
tacaíocht sonraithe araon a chur ar fáil chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí. Téama
leanúnach ag rith trí na doiciméid sin is ea an réasúnaíocht do thacaíocht shonraithe
b'fhéidir trí MLC agus FIT a chomhdhlúthú chun torthaí níos fearr a bhaint amach.
Comhaontaíodh an Clár don Rialtas ar an bhfoshuíomh go mbeadh meánfás 4.5% ann in
aghaidh na bliana thar thréimhse an chláir.55 De réir teilgean eacnamaíoch is déanaí, táthar
ag súil go gcrapfaidh OTI go suntasach, áfach. Tá strus an-mhór curtha ag an gcrapadh in
aschur ar airgeadas poiblí trí intitim in ioncam cánach agus méadú i gcostais bainteach le
fostaíocht. Mar thoradh tá sé fógraithe ag an Rialtas go dtógfar bearta thar thréimhse an
chláir chun an t-airgeadas poiblí a chothromú lena n-áirítear bearta chun caiteachas a
srianadh go dian. Beidh laghdú sa leibhéal struchtúrtha caiteachas poiblí, ag cur teorainn
53
National Children’s Strategy Our Children – Their Lives, An Roinn Sláinte agus Leanaí (Baile Átha Cliath, 2000), lth. 63. 54
An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta 2007-2016, lth. 33. 55
An Clár don Rialtas, 2007 – 2012 (Baile Átha Cliath, 2007), lth. 7.
59
gan amhras leis an méid inar féidir cuspóirí áirithe a bhaint amach. Go deimhin, tá roinnt
bearta buiséadacha curtha i bhfeidhm cheana go háirithe bainteach le híocaíochtaí
tacaíochta ioncam leanaí:
D'fhógair an Rialtas díothú na híocaíochta Forlíonadh Luathchúram Leanaí ó 2010 ar
aghaidh agus cuireadh An Scéim um Chúram agus Oideachais na Luath-Óige (SCOL)
do leanaí go léir idir 3 bliana 3 mhí agus 4 bliana 4 mhí d'aois ina ionad. Beidh
deontas caipitíochta iníoctha do sholáthróiri seirbhíse a chuireann seirbhísí
réamhscoile ar fáil saor in aisce.
Sa Bhuiséad 2010, d'fhógair an Rialtas laghduithe i luach SL in éineacht le méaduithe
cúiteacha i dtairseacha MLC agus FIT.
Tá glactha leis san athbhreithniú nach bhfuil na cuspóiri ginearálta mar bhun le polasaí agus
cláir TIL thíos de bharr crapadh dian na heacnamaíochta agus a éifeacht ar airgeadas poiblí
iontu féin, cé go molann sé gur cóir athbhreithniú a dhéanamh ar thiomantais ar leith. Fad is
go bhfuil na cuspóirí bailí fós, i bhfianaise timpeallacht eacnamaíoch athraitheach agus an gá
caiteachas a shrianadh chun airgeadas poiblí a chothromú tá sé curtha in iúl ag an Rialtas go
bhféadfar tarlú gur aistríodh an chothromaíocht idir na cuspóirí sin le níos mó béime ar ról
acmhainní a dhíriú ar bhochtanas leanaí a laghdú. Is cinneadh do na próisis mheastacháin
agus bhuiséadacha é an cinneadh ar leith sin ar an gcaoi inar féidir é sin a bhaint amach. Is é
ról an phróisis athbhreithnithe chaiteachais ná na saincheisteanna struchtúrtha timpeall
polasaí agus cláir thacaíochta ioncam leanaí a mheas agus an chaoi inar féidir iad a leasú
chun luach níos fearr ar airgead a chinntiú agus na cuspóirí sin á mbaint amach. Cuirtear iad
sin san áireamh níos déanaí san athbhreithniú.
Fionnachtain 2-10: Dearbhaíonn ráitis pholasaí go leanann an dá phríomhchuspóir le bheith bailí
fós fiú má tá béim aistrithe i dtreo cuspóir bochtanais.
Téama athfhillteach is ea tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh le leanaí trasna
réimse leathan ráitis pholasaí. Tá tacaíocht curtha in iúl maidir le tacaíocht a thabhairt do
theaghlaigh go léir agus tacaíocht do theaghlaigh níos boichte araon. Tacaíonn an chuid is
mó de ráitis pholasaí le straitéis mheasctha i dtreo leasa a chur ar fáil (teaglaim tacaíochtaí
uilíocha agus roghnacha) cé go bhfuil neamhchinnteacht faoin meascán cruinn leis an
ngéirchéim fioscach agus eacnamaíoch san áireamh. Cuireann spriocanna a thugann faoi
leorgacht tacaíochtaí ioncam leanaí béim ar chomhluach íocaíochtaí sonraithe agus uilíocha.
Níl na cuspóirí ginearálta mar bhun le polasaí agus clár TIL thíos mar thoradh ar an
ngéirchéim fhioscach agus eacnamaíochta déine iad féin. Mar sin féin, tugann sé le tuiscint
nach mór tabhairt faoi thiomantais ar leith, go háirithe faoi luach íocaíochtaí uilíocha,
spriocanna agus straitéisí ar leith. Fad is a leanann na cuspóirí TIL de bheith bailí fós, tá
curtha in iúl ag an Rialtas go bhféadfadh sé tarlú go bhfuil an chothromaíocht idir na cuspóirí
sin aistrithe le béim níos mó ar an ról acmhainní a dhíriú ar bhochtanas leanaí a laghdú.
60
2.5 Polasaí TIL i gcomhthéacs polasaí poiblí níos l eithne
Tugann an mhír seo in éineacht le Caibidil 6 faoi na ceisteanna meastóireachta: an bhfuil
cuspóirí polasaí TIL comhleanúnach le cláir eile agus cén chaoi inar féidir le cuspóirí polasaí
TIL cur le straitéis níos leithne chun bochtanas leanaí a laghdú?
2.5.1 Fostaíocht tuismitheoirí agus ioncaim indiúscartha
Ag cur nádúr iltoiseach bochtanas leanaí san áireamh, ní mór do Rialtais brath ar réimse
polasaithe agus cláir chun tabhairt faoi, lena n-áirítear polasaithe nach mbaineann go
leithleach le leanaí. Tá ról tábhachtach ag tacaíochtaí ioncaim (FIL agus eile) sa straitéis
foriomlán sin ag cur san áireamh an cuspóir frithbhochtanais atá acu agus an leibhéal
suntasach acmhainní leithdháilte dóibh. Sa díospóireacht um TIL a leasú , thug rúnaíocht na
CNES faoi deara “go bhfuil an claonadh ann ag tíortha le ráta bochtanais íseal gan brath ar
urchar draíochtach ach ar rannchuidithe carnacha réimse polasaithe: seirbhísí maithe do
leanaí agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh maithe do dhaoine fásta Baineann siadsan amach
rátaí bochtanais íseal go tipiciúil do dhaoine fásta chomh maith le leanaí”.56
Tá coincheapú agus tomhas bochtanais pléite níos mionsonraithe i gCaibidil 4, agus mar sin
is leor ag an bpointe seo "faoi riosca bochtanais" a shainmhíniú mar bheart
phríomhfhothoraidh. Tá an táscaire sin sainmhínithe ag an bPS mar “an chion daoine le
hioncam coibhéisithe faoi bhun céadatáin tugtha (de ghnáth 60%) den mheánioncam
náisiúnta …. Aon duine le hioncam coibhéiseach faoi bhun (an chéatadáin sin) táthar faoi
riosca bochtanais ag leibhéal 60%”. Go deimhin, ní bhíonn ioncaim indiúscartha dá gcuid
féin ag leanaí agus deimhnítear an ráta bochtanais ar an iomlán trí ioncam diúscartha an
aonaid teaghlaigh lena mbaineann siad agus mar sin tá tréithe eile ábhartha mar ioncam ó
fhostaíocht tuismitheoirí agus an chaoi ina ndéileálann an córas cánach le teaghlaigh. In
éifeacht, má bhíonn an teaghlach ina mbíonn leanaí mar chuid de ag maireachtáil faoi bhun
an líne bhochtanais ansin déantar an bhreith go bhfuil leanaí i mbochtanas. Déantar ioncam
teaghlaigh a choigeartú do líon teaghlaigh bunaithe ar "scálaí comhionannais" ionas gur
féidir comparáidí suntasacha a dhéanamh.57 Nuair a bhíonn tomhas bochtanais i gceist
56
Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, lth. 11. 57
Mar shampla, ní féidir comparáid a dhéanamh i gceart idir dhá theaghlach leis an ioncam céanna go ginearálta ach amháin má bhíonn an líon chéanna daoine fásta agus leanaí iontu agus ceadaíonn scálaí comhionannais dó sin. De réir cleachtas idirnáisiúnta, roinneann an PS ioncam teaghlaigh indiúscartha “tríd an líon teaghlaigh chomhionannais chun an t-ioncam comhionannais a ríomh do gach duine agus is neastomhas é sin ar an méid den ioncam gur féidir a chur síos do gach ball den teaghlach.” (PS, SCMI, 2008, lth. 98)
61
déileáiltear le híocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí mar an gcéanna le hioncam eile is cuma
faoin bhfoinse ónar tháinig sé.
Tá ollioncam an teaghlaigh déanta suas den ioncam ó fhostaíocht agus foinsí eile chomh
maith le haistrithe sóisialta lena n-áirítear íocaíochtaí bainteach le leanaí. Is éard is ioncam
glan ann ná glanioncam atá fágtha mar ioncam indiúscartha don teaghlach tar éis cánacha
díreacha a bhaint as. Fiú do theaghlaigh sa leath thíos den dáileadh ioncaim d'fhéadfadh
ioncam díreach agus cánacha díreacha a bheith suntasach mar is féidir a thabhairt faoi deara
i dTábla 2-1 ina léirítear na codanna ioncam indiúscartha do theaghlaigh le leanaí i dtóin an
dáilte ioncaim i 2008. Sna deichílí 3, 4 agus 5 atá riachtanach don áireamh bochtanais
chinnlíne a shainmhíniú, seasann cáin ag 7%, 11% agus 14% faoi seach den ghlanioncam
indiúscartha.
Tábla 2-1: Codanna ioncam indiúscartha do theaghlaigh ar ioncam níos ísle, 2008
Deichíl 1 2 3 4 5 Iomlán
Tairseach seachtainiúil (€) <€437.32 <€578.26 <€751.24 <€965.24 <€1138.60 Teaghlaigh le Leanaí
Meánioncam Seachtainiúil Teaghlaigh € € € € € €
Ioncam díreach iomlán (féach ar nóta) 69.42 167.72 352.57 593.79 766.74 1,135.88 Aistrithe sóisialta iomlána 239.25 336.48 308.23 266.73 295.09 235.45 - Aistrithe bainteach le leanaí (féach ar nóta)
49.62 73.82 92.37 96.40 81.25 77.79
- Aistrithe sóisialta eile 189.63 262.66 215.86 170.33 213.84 157.66 Ollioncam iomlán 308.67 504.20 660.80 860.51 1061.83 1,371.33
Ranníocaíochtaí Sóisialta agus Cánach Iomlána
-8.90 -13.30 -42.58 -87.97 -130.17 -271.27
Glanioncam Indiúscartha 299.77 490.90 618.22 772.54 931.65 1,100.06
Céatadán de Ghlanioncam Indiúscartha - Ioncam díreach iomlán 23% 34% 57% 77% 82% 103% - Aistrithe bainteach le leanaí (féach ar nóta)
17% 15% 15% 12% 9% 7%
- Aistrithe sóisialta eile 63% 54% 35% 22% 23% 14% Ranníocaíochtaí Sóisialta agus Cánach Iomlána
-3% -3% -7% -11% -14% -25%
Nithe meabhráin:
Líon duine sa teaghlach 2.30 3.18 3.72 3.76 3.98 3.73 - Leanaí <18 1.8 1.8 1.9 2.0 1.9 1.9 - Daoine Fásta 18+ 1.2 1.7 2.1 2.1 2.4 2.2 Riosca Líne Bhochtanais Mheasta do mheánlíon teaghlaigh i ndeichíl 415.52 489.18 555.40 567.27 611.47 572.80
Foinse Díorthaithe ó shonraí curtha ar fáil ag an PS ag baint úsáide as SCMI 2008 Nótaí Áirítear san ioncam díreach fostaíocht, ioncam féinfhostaíochta, ranníocaíochtaí árachas sóisialta fostóirí agus ioncam eile. Tagraíonn íocaíochtaí bainteach le leanaí do Shochar Leanaí, FIT, liúntais don scoilbhliain nua.
62
Rinne aistrithe ó liúntais bainteach le leanaí (sochar leanaí agus FIT go príomha) suas le 19% -
25% den ioncam iomlán do theaghlaigh le leanaí sa leath thíos ar an dáileadh ioncaim. Tá sé
sin níos lú ná an t-ioncam fostaíochta do gach ceann de na deichíl sin agus i bhfad níos lú ná
ioncam ó aistrithe sóisialta eile. Chun na fírinne a rá, ní dhéanann tacaíochtaí ioncam leanaí
ach éifeacht diúltach cánacha díreacha agus ranníocaíochtaí árachas sóisialta a díchur do
theaghlaigh ar an gceathrú deichíl, fad is atá an luach faoin gcéad dá leithéid d'íocaíochtaí do
theaghlaigh díchurtha sa bhreis ag éifeacht cánacha. Tá sé sin suntasach, nuair a chuirtear
san áireamh gur díothaíodh liúntais chánach leanaí sna 1980í agus gur cuireadh méadú i
luach na híocaíochta Sochar Leanaí ina n-áit. Féadfaimid teacht ar an gconclúid nach
bhféadfadh caiteachas agus polasaí TIL ach páirtéifeacht a bheith acu ar bhochtanas ioncam
leanaí a laghdú. Ba é sin an chúis gur tháinig rúnaíocht CNES ar an gconclúid gurb “ é fós an
bealach amháin is fearr leanaí a choinneáil ó bhochtanas ná a chinntiú go bhféadfaidh
tuismitheoirí tuilleamh gan faillí a dhéanamh ar a gcuid freagrachtaí cúraim …. Bíonn an
tionchar ag íocaíochtaí leasa shóisialaigh um dhaoine fásta ar ‘ioncaim leanaí chomh mór,
nó níos mó, ná tacaíochtaí ioncam leanaí” (béim curtha air).58
Ní chuireann cláir agus polasaí TIL agus aghaidh a thabhairt acu ar bhochtanas leanaí ach
cuid amháin den straitéis chuimsitheach foriomlán ar airgeadais phoiblí i láthair áfach.
Áireofar i straitéis níos leithne dá leithéid fócas ar an méid seo a leanas:
Socruithe tacaíochta ioncaim do dhaoine fásta le freagrachtaí cúram leanaí;
Socruithe cánachas díreach agus a n-éifeacht ar ioncaim theaghlaigh le leanaí
curtha san áireamh,
Tacaíocht fostaíochta agus cláir ghníomhaíochta do thuismitheoirí lena n-áirítear
bearta chun a chinntiú go bhféadfaidh tuismitheoirí freagrachtaí oibre agus
cúram leanaí a chomhlíonadh ag an am céanna, go háirithe do theaghlaigh ar
ísealioncam.
Rachadh scrúdú díreach ar na ceisteanna níos leithne sin i bhfad thar scóip an
athbhreithnithe reatha ach moltar nach mór do roinnt cheisteanna lasmuigh de scóip
díreach an athbhreithnithe a chur san áireamh, eadhón: ról íocaíochtaí tacaíochta ioncam
leanaí tabhairt faoi bhochtanas i dteaghlaigh le leanaí; idirghníomhaíocht córais tacaíochta
ioncaim agus chánachais le hioncaim theaghlaigh go háirithe ag leibhéil ioncaim níos ísle;
agus éifeacht an chórais tacaíochta ioncaim ar ghnéithe shocheacnamaíoch mar dheasachtaí
oibre agus cúram leanaí a dheimhníonn fostaíocht tuismitheoirí agus ioncaim.
58 Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, lth. 20.
63
Fionnachtain 2-11: Tacaíocht ioncaim gan ach cuid amháin de straitéis chun tabhairt faoi
bhochtanas leanaí
Ní ach cuid amháin de straitéis chuimsitheach agus leorgacht chun tabhairt faoi bhochtanas
leanaí tacaíochtaí éifeachtúla agus éifeachtacha a chur ar fáil do theaghlaigh. Teastaíonn
cur chuige iltoiseach ag díriú ar ioncaim fhostaíochta tuismitheoirí le cúltaca ó thacaíochtaí
cuí ioncaim leanaí chun bochtanas leanaí a laghdú.
2.5.2 Seirbhísí bainteach le leanaí a chur ar fáil
Is fadhb chasta agus iltoiseach é an bochtanas agus bochtanas ioncaim mar aon toiseach
amháin di cé gur toiseach tábhachtach di é. Cuireann rochtain ar sheirbhísí bainteach le
leanaí slí eile ar fáil trínar féidir leis an Stát feabhas a chur ar leas leanaí faoi bhochtanas. Tá
an tsaincheist sin mar ghné riachtanach de straitéis éifeachtach chun tabhairt faoi
bhochtanas leanaí agus ba théama athfhillteach é sin ina lán de na haighneachtaí bailithe
mar chuid den phróiseas comhairliúcháin (Caibidil 9). Ba chóir go n-áireofar na seirbhísí sin a
bhreathnú i measúnú cuimsitheach ar an gcaoi le tabhairt faoi bhochtanas leanaí. Tá a
leithéid de chuimsitheacht thar scóip an athbhreithnithe seo ach féadfaidh sé a bheith
cabhrach forthorthaí tacaíochta ioncaim a chur i gcomhthéacs rochtana níos leithne ar
sheirbhísí.
Déantar forbhreathnú ar na saincheisteanna a tháinig aníos i gcomhthéacs comparáideach i
"gcárta tuairisce" rialta a táirgíodh ag CLNA. Cumascann an cárta tuairisce táscairí ar an-
chuid tíortha ECFE agus tíortha lasmuigh den ECFE trasna roinnt ghnéithe leasa leanaí agus
déanann sé monatóireacht air go rialta. Is é 2007 an bhliain dheireanach a foilsíodh é ag
baint úsáide as sonraí ó bhlianta níos luaithe. Bailíonn an tuarascáil sonraí ó réimse cuspóirí
ardleibhéil bainteach le leas leanaí ( leas ábhartha, sláinte agus sábháilteacht, leas
oideachais, gaolmhaireachtaí teaghlaigh agus piarghaolmhaireacht, iompraíocht agus rioscaí,
leas suibiachtúil i réimsí mar shláinte, sásamh pearsanta agus oideachas). Ríomhtar
scóranna ó shonraí náisiúnta agus comhbhailithe chun cárta tuairisce achoimre a
tháirgeadh.59 Tábla 2-2 atáirgeann an tábla rangaithe foriomláin foilsithe sna tuarascálacha
do 2007. Taispeánann sé go mbaineann Éire rangú lár-thábla amach i measc 21 tír
fhorbartha ar an scór comhbhailithe. (Ba í An Olainn an tír leis an rangú is fearr fad is gurbh
é an RA ba mheasa). Sna ranguithe sin tá éagsúlacht an-mhór trasna na dtoisí difriúla. Go
deimhin, bhain Éire ranguithe ard go leor amach sna toisí iompraíochta agus riosca (4ú), leas
suibiachtúil (5ú), leas oideachasúil agus staid ghaolmhaireachtaí teaghlaigh agus
59
CLNA, Child Poverty in Perspective: An overview of child well being in rich countries, Innocenti Report Card 7, 2007, Ionad Taighde Innocenti CLNA, (Florence, 2007).
64
phiarghaolmhaireacht (7ú). Mar sin féin, bhí Éire beagnach ag an mbonn maidir le leas
ábhartha agus sláinte agus sábháilteacht (19ú staid sa dá cheann).
Tábla 2-2: Rangú achoimre ar tháscairí leas leanaí i dtíortha forbartha
Staid rangaithe idirnáisiúnta do tháscairí roghnaithe
Meánrangú
Leas ábhartha
Sláinte agus sábháilteacht
Leas oideachasúil
Gaolmhaireachtaí
Teaghlaigh agus
Piarghaolmhaireachtaí
Iompraíochtaí agus rioscaí
Leas suibiachtúil
An Ísiltír 4.2 10 2 6 3 3 1
An tSualainn 5.0 1 1 5 15 1 7
An Danmhairg 7.2 4 4 8 9 6 12
An Fhionlainn 7.5 3 3 4 17 7 11
An Spáinn 8.0 12 6 15 8 5 2
An Eilvéis 8.3 5 9 14 4 12 6
An Iorua 8.7 2 8 11 10 13 8
An Iodáil 10.0 14 5 20 1 10 10
Éire 10.2 19 19 7 7 4 5
An Bheilg 10.7 7 16 1 5 19 16
An Ghearmáin 11.2 13 11 10 13 11 9
Ceanada 11.8 6 13 2 18 17 15
An Ghréig 11.8 15 18 16 11 8 3
An Pholainn 12.3 21 15 3 14 2 19
Poblacht na Seice
12.5 11 10 9 19 9 7
An Fhrainc 13.0 9 7 18 12 14 18
An Phortaingéil
13.7 16 14 21 2 15 14
An Ostair 13.8 8 20 19 16 16 4
An Ungáir 14.5 20 17 21 12 20 20
SA 18.0 17 21 12 20 20 -
An RA 18.2 18 12 17 21 21 20
Tabhair faoi deara: Tíortha ECFE gan sonraí a dhóthain le cur san áireamh san fhorbhreathnú: An Astráil, An Íoslainn, An tSeapáin, Lucsamburg, Meicsiceo, An Nua-Shéalainn, Poblacht na Slóvaice, An Chóiré Theas, An Tuirc. Baineann meánrangú leis na sé thoiseacht ar fad. Foinse: CLNA 2007
Fionnachtain 2-12: Éilítear peirspictíocht rialtais uile chun cuspóirí TIL a chomhlíonadh
Tá comhlántachtaí agus comhbhabhtálacha idir caiteachas comhbhailithe ar thacaíochtaí
ioncaim agus caiteachas ar sheirbhísí bainteach le leanaí agus an éifeacht dheiridh ar
fhothorthaí bochtanas leanaí. Taispeánann anailís chomparáideach nach gciallaíonn
fothorthaí d'ardchaighdeán i ngné amháin de leas leanaí go mbíonn sé amhlaidh trasna gach
gné. Bhainfeadh na cuspóirí mar bhun le tacaíochtaí ioncam leanaí tairbhe as cur chuige
rialtais uile do cheist leasa leanaí. Molann an t-athbhreithniú go mba chóir cuspóirí
65
tacaíochta ioncam leanaí a thuiscint laistigh den chomhthéacs níos leithne feabhas a chur ar
leas leanaí trína ligean do theaghlaigh fothorthaí níos fearr a dhaingniú dá leanaí
cleithiúnacha. Tá roinnt mheicníochtaí ann cheana chun é sin a éascú go háirithe cur i
bhfeidhm na straitéise leanaí náisiúnta agus aird mhéadaithe ar tháscairí leasa leanaí ach ba
chóir níos mó airde a thabhairt ar an gcaoi a chuireann fothorthaí tacaíochta ioncam leanaí
le leas leanaí.
2.6 Achoimre
Iarrtar cuspóirí agus réasúnaíocht polasaí a bhunú do Thacaíocht Ioncam Leanaí agus cláir
thacaithe i gCaibidil 2 trí na cuspóirí mar bhuntaca don pholasaí sin a shainaithint agus foinse
na dtacaíochtaí ioncam leanaí éagsúla agus a bhforbairt thar am a scrúdú. Ag éirí as an
scrúdú sin, agus an t-athbhreithniú ag aithint gur éirigh príomhionstraimí tacaíochta ioncam
leanaí ag amanna difriúla mar fhreagairt ar riachtanais éagsúla, tagann sé ar an gconclúid
gurb iad na príomhchuspóirí seo a leanas do raon na n-íocaíochtaí sin ná: chun cúnamh a
chur ar fáil do theaghlaigh go léir le leanaí trí raon íocaíochtaí in aitheantas ar na costais níos
airde a bhaineann le cúram leanaí agus leanaí a thógáil , i slí a thugann rogha do
thuismitheoirí ar an gcaoi a úsáidfear é. agus cúnamh sonraithe do theaghlaigh ar
ísealioncam le leanaí ar bhealach a íoslaghdaíonn dídhreasachtaí an mhargaidh shaothair nó
a chuireann go dearfach le dreasachtaí an mhargaidh shaothair chun feabhas a chur ar
ioncam poitéinsiúil tuismitheoirí agus bochtanas i dteaghlaigh le leanaí a laghdú.
Chomh maith leis sin, tagann an t-athbhreithniú ar an gconclúid go bhfuil roinnt chuspóirí
‘tánaisteacha’ i gceist lena n-áirítear: dídhreasachtaí fostaíochta tuismitheoirí a sheachaint;
cúnamh díreach a chur ar fáil do theaghlaigh le costais cúram leanaí íochtha; agus feabhas a
chur ar dháileadh ioncaim laistigh den teaghlach trí ioncam neamhspleách a chur ar fáil do
mháithreacha agus sa chaoi sin ag méadú an dóchúlachta go rachadh ioncam teaghlaigh
chun leasa a chuid leanaí.
Agus na cuspóirí leithne sainaithnithe scrúdaítear ansin a gcuid ábharachta leanúnaigh i
gcomhthéacs cuspóirí polasaí agus tiomantais an Rialtais mar atá leagtha amach i
gcomhaontaithe comhpháirtíochta sóisialta comhleantacha, i straitéisí um chuimsiú sóisialta
agus frithbhochtanais náisiúnta agus na cuspóirí polasaí leagtha amach sa Ráiteas Straitéise
2008 2010 na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, le tagairt ar leith do thrí cheann
dá spriocanna ardleibhéil - ag táirgeadh tacaíocht ioncaim, ag tabhairt faoi bhochtanas agus
ag cur cuimsiú sóisialta chun cinn agus ag cur tacaíochtaí ar fáil chun daoine ag dul i mbun
fostaíochta a éascú. Tar éis na bpríomhdhoiciméid thuas a scrúdú tagann an t-athbhreithniú
ar an gconclúid go bhfuil na cuspóirí leithne atá mar bhuntaca do pholasaí tacaíochta ioncam
66
leanaí bailí chomh fada is a mholann na doiciméid sin tacaíochtaí a chur ar fáil do
theaghlaigh go léir le leanaí chomh maith le tacaíochtaí a spriocdhíriú chun tabhairt faoi
bhochtanas leanaí. Mar sin féin, fad is a leanann na cuspóirí sin le bheith bailí fós, tugann an
t-athbhreithniú ar aird leis an timpeallacht eacnamaíoch athraithe atá ann agus an
riachtanas caiteachas a ghearradh siar chun an t-airgeadas poiblí a chobhsú, go bhféadfaidh
an chothromaíocht idir an dá chuspóir sin a bheith aistrithe le béim níos mó ar acmhainní a
spriocdhíriú ar bhochtanas leanaí a laghdú.
Maidir le ceann amháin de phríomhchuspóirí polasaí tacaíochta ioncam leanaí - laghdú
bochtanas leanaí - tugann an t-athbhreithniú ar aird de bhrí go bhfuil bochtanas casta agus
iltoiseach nach féidir tabhairt faoi trí thacaíocht ioncaim amháin ach teastaíonn uaidh
teaglaim de sheirbhísí inrochtana bainteach le leanaí agus tacaíochtaí tuismitheoirí in
éineacht le soláthar tacaíochta ioncam leanaí. Tá measúnú mionsonraithe ar réimse iomlán
na saincheisteanna casta sin thar scóip an athbhreithnithe seo.
67
68
CAIBIDIL 3: CLÁIR TIL – CUR SÍOS LEATHAN AGUS TREOCHTAÍ CAITEACHAIS
Is é cuspóir na caibidle seo ná na haschuir bainteach le gníomhaíocht chláir ábhartha a
shainmhíniú agus leibhéal agus treocht na n-aschur sin agus leibhéil agus treocht na gcostas
a shainaithint.
3.1 Cur síos ar chláir TIL
Tugann an mhír seo faoi cheist an mheasúnaithe: Cad iad na híocaíochtaí a bhaineann le cláir
thacaíochta ioncam leanaí?
3.1.1 Scóip TIL polasaí agus cláir
Is é cuspóir an athbhreithnithe polasaí poiblí a scrúdú um thacaíocht ioncaim a chur ar fáil do
theaghlaigh le leanaí. Fad is go bhfuil sé i gceist gnéithe áirithe de chláir aonair TIL a
bhreathnú, go háirithe iad siúd a dheimhníonn a n-éifeachtacht cuspóirí polasaí foriomlána a
bhaint amach, tá an fócas ar an bpictiúr níos mó agus an chaoi a gcuireann a leithéid de
chláir le cuspóirí polasaí foriomlána agus cibé an idirghníomhaíonn siad go cuimsitheach
agus go comhleanúnach nó nach ngníomhaíonn. Tá an cur chuige sin cosúil leo sin in
athbhreithnithe caiteachais eile mar shampla an t-athbhreithniú ar íocaíochtaí breoiteachta
agus míchumais.60
Tá roinnt mhór clár ann a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil maidir le leanaí (Féach ar
Thábla 3-1) agus tá an-chuid éagsúlachta i meicníochtaí seachadta (íocaíochtaí airgid,
díolúintí cánach, tacaíocht do sholáthróirí seirbhíse) maidir le céim an spriocdhírithe agus i
méid na coinníollacha. Bheadh sé neamhphraiticiúil na cláir sin go léir san athbhreithniú
caiteachais a chlúdach. Mar sin féin, níl sé éasca sainmhíniú a dhéanamh go cruinn ar cad
atá i gceist le tacaíocht airgeadais do theaghlaigh le leanaí. Mar shampla, áiríonn an ECFEF
íocaíochtaí do thuismitheoirí aonair, costas seirbhísí bainteach le leanaí agus faoisimh
chánach dírithe ar theaghlaigh le leanaí (féach ar Bosca 3-1) ach ní áirítear méaduithe i
bpríomhíocaíochtaí leasa shóisialaigh nasctha le leanaí cleithiúnacha (Méaduithe i leith Linbh
Cháilithe - MLCanna).
60
Report of the Working Group on the Review of the Illness and Disability Payment Schemes, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2003).
69
Tábla 3-1: Forbhreathnú ar thacaíochtaí airgeadais do theaghlaigh le leanaí 61
Cineál tacaíochta
Ainm na tacaíochta
Íocaíocht airgid tríd an gcóras leasa shóisialaigh
Sochar Linbh Forlíonadh Luathchúram Leanaí (SCOL curtha ina ionad i 2010 - féach thíos) MLCanna (méaduithe ar íocaíochtaí leasa shoisialaigh príomhúla nasctha le leanaí cleithiúnacha) Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh Íocaíochtaí Caomhnóirí (íocaíochtaí dílleachtaí roimhe sin) Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora Sochar Sláinte & Sábháilteachta Mháithreachais Liúntas Cúram Baile Deontas do Thuismitheoir ar Baintreach (Fir) é/í
Tacaíocht coibhéiseach airgid curtha ar fáil tríd an gcóras cánach
Creidmheas Cánach um Chúramóirí Baile Díolúine SL ó cháin ioncaim Díolúine íocaíochtaí cúram altramais ó cháin ioncaim Cáin chreidmheas teaghlaigh aon tuismitheora Creidmheas cánach tuismitheora ar Bhaintreach (Fir) é/í
Tacaíochtaí eile (lena n-áirítear íocaíochtaí bainteach le cúram leanaí)
An Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (SCOL) Fóirdheontas Cúram Leanaí Pobail 2008-2010 (SFCP). Clár Béilí Scoile Liúntas Cúram Altramais Liúntais Chaipitil d'áiseanna cúram leanaí Díolúine cáin ioncaim do sholáthróirí seirbhíse cúram leanaí Díolúine cúram leanaí soláthraithe ag fostóir ó mhuirear sochar comhchineáil.
Tógann an t-athbhreithniú cur chuige pragmatach ar an gceist sin trí dhíriú ar
phríomhíocaíochtaí airgid a chuireann tacaíochtaí ar fáil do theaghlaigh le leanaí (Sochar
Leanaí, Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh agus MLCanna). Breathnaíonn an t-athbhreithniú
saincheisteanna ábhartha polasaí maidir le híocaíochtaí airgid eile bainteach le leanaí a
bhfuil éifeacht acu ar ioncaim theaghlaigh thar an tréimhse (Forlíonadh Luathchúram
Leanaí62 agus Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua63). Ní bhreathnaíonn an t-
61
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfaigheann teaghlaigh go léir le leanaí na tacaíochtaí go léir leagtha amach sa tábla seo. 62
Forlíonadh Luathchúram Leanaí Is éard a bhí san fhorlíonadh sin ná íocaíocht ó Oifig an Aire Leanaí, nach raibh faoi réir tástáil mhaoine tugtha isteach i mBuiséad 2006 chun cabhrú le costas cúram leanaí do leanaí níos óige ná sé bliana d'aois in aitheantas ar na costais níos airde bainteach le cúram a thabhairt do leanaí sna blianta réamhscoile. Díothaíodh an scéim sin ag deireadh 2009 agus cuireadh bliain réamhscoile saor um Luathchúram agus Oideachas ina ionad in Eanáir 2010 do leanaí go léir idir 3 bliana agus 6 mhí agus 4 bliana agus 6 mhí d'aois. Riaradh an scéim ar bhonn gníomhaireachta ar son an Aire Leanaí ag An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. 63
LÉCSN: Tá an scéim sin mar chuid de chlár Liúntas Leasa Forlíonta níos leithne, a riarann an rannóg leasa phobail d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Maoiníonn an RCS Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua Is é aidhm na scéime cabhrú le teaghlaigh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh le
70
athbhreithniú díolúintí cánach maidir le leanaí ná ní bhreathnaíonn sé na híocaíochtaí sin
nasctha le costas cúram leanaí (ar nós sochair mháithreachais nó íocaíochtaí caomhnóra).
Bosca 3-1: Sainmhíniú ar pholasaithe teaghlaigh ECFE
Fad is nach cuid den tionscnamh athbheithnithe caiteachais go dtí seo é polasaí TIL, b'ábhar
é do roinnt mhór athbhreithnithe agus tuarascálacha sa tríocha bliain nó mar sin atá thart.
Tá achoimre déanta ar scóip leathan príomhthuarascálacha ábhartha i dTábla 3-2 ag
taispeáint ábhar na tuarascála, bliain foilsithe agus na cláir a áiríodh i sainmhíniú tacaíochtaí
ioncam leanaí. Don chuid is mó de na staidéir sin (CNES (1980), an CLS agus an GOSCCLS),
chlúdaigh na réimsí polasaí tacaíochta ioncam leanaí trí phríomhchlár: An clár Sochar Leanaí
costais éidí scoile agus choisbhirt do leanaí den aois scoile. Bhí an scéim sin féin ina ábhar athbhreithnithe caiteachais níos luaithe i 2004. Review of the Back to School Clothing and Footwear Allowance, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2004).
De réir bunachar sonraí polasaí teaghlaigh ECFE, áirítear i gcaiteachas poiblí ar leasa teaghlaigh tacaíocht airgeadais atá go heisiatach do theaghlaigh agus leanaí. Cabhraíonn caiteachas taifeadta i réimsí polasaí sóisialta eile mar shláinte agus tithíocht le teaghlaigh freisin, ach ós rud é nach bhfuil sé dírithe go heisiatach ar theaghlaigh, níl sé áiithe i gcaiteachas ar theaghlach. Go ginearálta tá trí chineál caiteachais phoiblí ar shochair theaghlaigh. 1. Aistrithe airgid bainteach le leanaí do theaghlaigh le leanaí: áirítear leis sin liúntais leanaí, le leibhéil íocaíochta a athraíonn de réir aoise an linbh i dtíortha áirithe agus uaireanta atá faoi réir tástáil mhaoine: íocaíochtaí tacaíochta ioncam poiblí le linn tréimhsí saoire tuismitheoirí; tacaíocht ioncaim do thuismitheoirí aonair (a chuireann de réir an ECFE caiteachas ar leasa teaghlaigh níos airde in Éirinn ná i dtíortha eile); agus tacaíocht cúram leanaí phoiblí trí íocaíochtaí curtha in áirithe le dul do thuismitheoirí. 2. Caiteachas poiblí ar sheirbhísí do theaghlaigh le leanaí: áirítear leis sin maoiniú díreach agus fóirdheonú soláthróirí cúram leanaí agus áiseanna luathoideachais, caiteachas poiblí ar chúnamh do dhaoine óga agus áiseanna cónaitheacha agus caiteachas poiblí ar sheirbhísí teaghlaigh lena n-áirítear áiseanna ionadbhunaithe agus seirbhísí cúnamh baile do theaghlaigh nuair is gá. 3. Tacaíocht airgeadais do theaghlaigh curtha ar fáil tríd an gcóras cánach. Áirítear díolúintí cánach i gcaiteachais chánach ar theaghlaigh (m.sh. ioncam ar shochair leanaí nach n-áiritear sa bhonn cánach); liúntais chánach leanaí (méideanna do leanaí a bhaintear as ollioncam agus nach n-áirítear in ioncam inchánaithe), creidmheasanna cánach leanaí agus méideanna a bhaintear as an ndliteanas cánach. Foinse: ECFE http://www.oecd.org/dataoecd/45/46/37864391.pdf
71
(SL), Méaduithe i leith Linbh Cháilithe64 (MLCanna) go príomhíocaíochtaí tacaíochta ioncam
agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT).
Tábla 3-2: Scóip cláir thacaíochta ioncam leanaí clúdaithe i staidéir níos luaithe
Tuarascáil Bliain foilsithe
Cláir curtha san áireamh
CNES Uimh. 47 – Alternative Strategies for Family Income Support (A mhalairt de straitéisí do thacaíocht ioncam teaghlaigh)
1980 Liúntais chánach leanaí, Liúntas Leanaí, Liúntas Linbh Chleithiúnaigh
An Coimisiún um Leas Sóisialach (CLS) 1986 Liúntas Leanaí, BLCanna, Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
Grúpa Athbhreithnithe Sochar Leanaí 1995 Sochar Leanaí
Grúpa Oibre Saineolaithe um Chomhtháthú Cánach agus Leasa Shóisialaigh (GOSCCLS)
1996 SL, BLCanna, FIT
CNES Uimh. 113 – Stát Leasa Forbraíochta
2005 SL, BLCanna, FIT
Sraith taighde páipéar uimh. 6 - Tacaíochtaí Ioncam Leanaí na hÉireann: An cás le foirm nua spriocdírithe
2007 SL, Forlíonadh Luathchúram Leanaí, BLC, LÉCSN
3.1.2 Sochar Leanaí – cur síos agus príomhfhorbairtí
Tháinig an íocaíocht Sochar Leanaí 65 in ionad na híocaíochta Liúntas Leanaí i 1986.
Íocaíochtaí míosúla is ea iad saor ó cháin iníoctha do thuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí
agus níl/ní raibh aon cheann acu sin faoi réir tástáil mhaoine. Tá an aois is sine do leanaí
incháilithe athraithe thar am ach faoi láthair leanaí faoi16 bliana d'aois nó faoi 18 66 d'aois
atá i gceist má tá siad in oideachas lánaimseartha, ar scéimeanna traenála áirithe nó má tá
an leanbh faoi mhíchumas. I gcás ilbhreitheanna, tá an ráta sochar leanaí do chúplaí iníoctha
64
Fad is go n-íoctar MLCanna mar fhorlíonadh don chuid is mó de na príomhíocaíochtaí leasa shóisialaigh agus nach clár ar leith é mar sin, bhí MLCanna mar chuid sainaitheanta agus foinse inchainníochtúil de shruthanna caiteachais a raibh éifeacht orthu ó dhearadh níos leithne an chórais leas shóisialaigh. Mar sin bhí MLCanna oiriúnach le cur san áireamh laistigh den athbhreithniú. Maidir leis an téarmaíocht a úsáideadh san athbhreithniú beidh sé caothúlach tagairt a dhéanamh do MLCanna amhail is dá mba chlár ar leith iad. 65
Tá na príomhfhorálacha bainteach le Sochar Leanaí le fáil i gcuid 4 den Acht Comhdhlúithe Leasa Shóisialaigh, 2005 (míreanna 219 go 223). 66
I mBuiséad 2009 íslíodh an teorainn aoise is airde a bhain ó 19 mbliana go 18 mbliana d'aois. Tá éifeacht an bhearta sin á tabhairt isteach de réir a chéile, le híocaíocht do leanaí incháilithe reatha agus amach anseo á gearradh ina leath ó Eanáir 2009 agus íocaíocht ag teacht chun deiridh ó Eanáir 2010 ón 18ú breithlá. Tugadh bearta fuascailte páirtaimseartha speisialta isteach dóibh siúd ar ísealioncam agus i dteaghlaigh cleithiúnacha leasa shóisialaigh.
72
ag uair go leith an ghnáthráta míosúil do gach leanbh agus ag dhá uair an ghnáthráta míosúil
do gach leanbh i gcás tríríní nó níos mó leanaí. Tá deontas iníoctha freisin d'ilbhreitheanna
ag breith na leanaí, ag aois 4 agus aois 12 bhliain.
Tá achoimre ar phríomhfhorbairtí in íocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí san áireamh in
Aguisín 2 ach tá na forbairtí seo a leanas an-suntasach ar fad.
Tugadh isteach réamhtheachtaí don scéim SL (Liúntas Leanaí) i 1944.67 Agus an bille á chur i láthair, dúirt an tAire “i gcóras eacnamaíoch mar atá againne … níl an méid pá is féidir le duine a thuilleamh a dhóthain go minic chun soláthar do riachtanais réasúnta teaghlach mór”.
Leathnaíodh an liúntas i 1952 go teaghlaigh le beirt nó níos mó leanaí agus ó 1963 do theaghlaigh le leanbh amháin nó níos mó le rátaí íocaíochta ag athrú ag brath ar líon na leanaí sa teaghlach.
I 1974, leathnaíodh an teorainn aoise ó 16 go 18 agus sa bhliain chéanna rinne reachtaíocht foráil go ndéanfaí íocaíocht don mháthair. Déantaí í go foirimiúil leis an athair roimhe sin, cé go n-íoctaí í leis an máthair ina lán cásanna go praiticiúil.
I 1986, tugadh isteach SL in ionad Liúntas Leanaí agus Liúntais Chánach Leanaí. Ó lár na 1990í, méadaíodh rátaí Sochar Leanaí go mear go háirithe sa chéad leath den aois seo.
I mBuiséad 2009 íslíodh an teorainn aoise a bhain ó 19 mbliana go 18 mbliana d'aois. Tugadh an beart sin isteach de réir a chéile le híocaíocht á gearradh ina leath ó Eanáir 2009 agus deireadh le híocaíocht dóibh siúd den aois 18 ó Eanáir 2010. Ó Bhuiséad 2010 laghdaíodh rátaí míosúla do SL €16 mar fhreagairt ar na deacrachtaí móra fioscacha agus eacnamaíocha.
3.1.3 Méaduithe i leith Linbh Cháilithe – cur síos agus príomhfhorbairtí
Íoctar MLCanna68 (aitheanta mar Bhreiseanna i leith Linbh Cháilithe roimhe seo – BLCanna)
mar fhorlíonta do shochair agus liúntais leasa shóisialaigh go seachtainiúil in aitheantas ar an
riachtanas d'ioncaim níos mó i measc teaghlaigh le leanaí cleithiúnacha a bhraitheann ar
shochair. Tá siad mar chuid shuimeálaí de chóras leasa shóisialaigh teagmhasbhunaithe na
hÉireann le fada ach mar atá tugtha faoi deara i gCaibidil 2, tá cur chuige comhleanúnach do
na híocaíochtaí sin tagtha chun cinn le déanaí. Cuireadh laghdú de réir a chéile ar 36 rátaí
difriúla MLCanna de réir an mholta ó Thuarascáil an Choimisiúin um Leas Shóisialach. Sa
deireadh comhdhlúthaíodh arís na trí híocaíochtaí ar leithligh fágtha a bhí ann i 2006 in
íocaíocht singil in Eanáir 2007. Íoctar iad faoi láthair ag ráta €29.80 in aghaidh na seachtaine
67
Níor cuireadh an An Roinn Leasa Shóisialaigh ar bun go dtí 1947. 68
Is iad seo a leanas na príomhfhorálacha reachtacha d'íocaíocht méadaithe do Leanbh Cáilithe: Cuid 1 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh, 2005, arna leasú, féach ar Alt 2(3) go háirithe. Cuid 1 den Acht Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Éilimh Chomhdhlúite Íocaíochtaí agus Rialú, 2007 (I.R.142/2007).
73
do gach leanbh cleithiúnach arna mhéadú le blianta beaga anuas tar éis tréimhse shuntasach
reoite i luach. Tá achoimre ar phríomhfhorbairtí in íocaíochtaí ioncam leanaí san áireamh in
Aguisín 2. Tá suntas faoi leith ag baint leis na forbairtí seo a leanas:
Sa bhliain 1985 bhí leath den ghnáthráta tugtha isteach in íocaíocht MLC maidir le
leanbh cáilithe i gcás ar bith nach aosach cleithiúnach an céile/páirtí.69
Tabhairt isteach Íocaíocht Linbh Leanúnach i 1996 (leanúint leis na híocaíochtaí MLC
do thréimhse 13 seachtaine tar éis na híocaíochta príomhúil a stopadh) mar mhodh
chun dídhreasachtaí fostaíochta a laghdú.70
Sa bhliain 2000, leanadh leis an ráta iomlán MLC a íoc a fhad is nach raibh tuillimh
sheachtainiúil an chéile níos mó ná € 171.40. Sular tháinig an t-athrú sin i bhfeidhm,
níor íocadh ach leath den ráta MLC i gcás go raibh tuillimh an chéile níos mó ná €76
in aghaidh na seachtaine.
Sa bhliain 2001 leathnaíodh íocaíocht MLC chun leanaí in oideachas lánaimseartha a
chur san áireamh suas go dtí 22 bhliain d'aois agus méadaíodh an t-uasmhéid
tuilleamh seachtainiúil chun an ráta iomlán MLC a choinneáil ó €171.00 go €184.00.
3.1.4 Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh – cur síos agus príomhfhorbairtí
Íocaíocht í an scéim Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh 71 (FIT) atá faoi réir tástáil mhaoine a
tugadh isteach i 1984 agus a chuireann tacaíocht ioncaim ar fáil d'fhostaithe ar ísealioncam
le leanaí. Éilíonn cáilíocht d'íocaíocht faoin scéim sin nach mór do dhuine a bheith i
bhfostaíocht inárachais ar feadh 38 uaire ar a laghad in aghaidh na coicíse nó 19 uaire in
aghaidh na seachtaine. Tá an íocaíocht ar fáil do thuismitheoirí aonair. Féadfaidh lánúin a
gcuid uaireanta fostaíochta a chur le chéile chun na critéir cháilíochta a chomhlíonadh.
Ríomhtar FIT ar bhonn 60% den difríocht idir teorainn ioncaim do líon an teaghlaigh agus
ioncam inrochtana an duine nó na ndaoine ag tógáil na leanaí. Cuirtear comhioncam an
lánúin san áireamh. Deartar na teorainneacha ioncaim chun a chinntiú go bhfuil na leasa
srianta d'fhostaithe le hísealioncam i gcoibhneasta le líon na ndaoine ina dteaghlaigh.
Déantar measúnú ar ioncam glan ó cháin agus ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tá an
69
Alt 4 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985. 70 Chun tacú leis an trasdul sin ó leas sóisialach go fostaíocht, rinne an grúpa GOSCCLS aighneacht rémhbhuiséid ag moladh don Bhuiséad 1996 go gcoinneodh daoine aonair an chuid MLC (roimhe seo Liúntais Linbh Cháilithe) de na híocaíochtaí dífhostaíochta do thréimhse suas go 13 seachtaine ina dhiaidh dóibh a bheith sínithe as. Is é an cuspóir a bhí leis sin ná a chinntiú go raibh cinnteacht ioncaim mhéadaithe ann don duine aonair ag druidim ón dífhostaíocht go fostaíocht. 71
Tá na príomhfhorálacha bainteach le Forlíonadh Ioncam Leanaí (FIT) le fáil i gcuid 6 den Acht Comhdhlúithe Leasa Shóisialaigh, (Comhdhlúthú) 2005 (Ailt 227 go 233).
74
íosíocaíocht FIT sheachtainiúil €20 iníoctha dóibh siúd a bheadh cáilithe seachas sin do ráta
níos ísle.
Is cuid shuimeálaí den scéim é go leanann sí ar aghaidh le bheith iníoctha ag an leibhéal sin
do thréimhse 52 sheachtain chomh luath agus a dheimhnítear leibhéal na híocaíochtaí FIT is
cuma faoi aon athrú i gcúinsí teaghlaigh ( m.sh. méadú nó laghdú i dtuillimh) ar choinníoll go
leanann an duine le coinníoll na fostaíochta a shásamh. Cinntíonn an ghné sin den scéim
cobhsaíocht ioncaim d'fhaighteoirí chomh maith leis an éifeacht riaracháin a íoslaghdú.
Áitítear i bpríomhfhorbairtí maidir leis an scéim FIT:
Méadú san iolraitheach ó 50% go 60% den bhearna idir in ioncam iarbhír agus an
méid is airde (1989).
Leathnaigh Rialacháin FIT scóip na scéime chun lánúin chomhchónaitheacha le leanaí
a chur san áireamh le héifeacht ó 24 Deireadh Fómhair, 1991.
An méid is lú ionchais fostaíochta laghdaithe ó sé mhí go trí mhí.
Laghdú sna híosuaireanta fostaíochta ag teastáil chun cáilithe ó 20 in aghaidh na
seachtaine go 38 in aghaidh na coicíse (1996).
Forálann an tAcht Leasa Shóisialaigh 1998 an bonn reachtach don laghdú cánach ó
ollioncaim agus an figiúr ioncam inrochtana chun críocha FIT á ríomh. Tá sé sin de
réir tiomantais tugtha i gComhpháirtíocht 2000 Comhaontú Comhpháirtíochta
Sóisialta (1997) inar luadh: "I gcomhthéacs na tosaíochta dídhreasachtaí fostaíochta
a bhaint, tabharfar tosaíocht do FIT mar mhodh chun an glantoradh ó fhostaíocht do
theaghlaigh le leanaí a mhéadú". 72
Méaduithe i mbuiséid leantacha sna tairseacha ioncaim sheachtainiúil le cáiliú do FIT
agus méadú €20 in aghaidh na seachtaine san íosíocaíocht.
Athdhíriú ar thairsigh ioncaim chun gnóthachain bhreise do theaghlaigh níos mó a
chur san áireamh. Roimh 2006, méadaíodh tairsigh ioncaim sheachtainiúla faoi
mhéid chinnte ba chuma faoi mhéid an teaghlaigh. Bhí laofacht i bhfabhar
teaghlaigh níos lú mar thoradh air sin. Chuimsigh Buiséad 2006 agus buiséid ina
dhiaidh sin acmhainní breise ar theaghlaigh níos mó.
72
Partnership 2000, Roinn an Taoisigh (Baile Átha Cliath, 1998), lth. 15.
75
3.1.5 Cláir eile bainteach agus ábhartha do leanaí - cur síos agus
príomhfhorbairtí
Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (LÉCSN)73
Tá an scéim seo a tugadh isteach sna 1990í agus atá maoinithe ag an RCS faoi théamaí
tagartha na Scéime Liúntas Leasa Shóisialaigh Forlíonta agus riarann an rannóg leasa phobail
d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Is éard atá i gceist leis an scéim ná cabhrú le
teaghlaigh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh i dtreo costas éidí scoile agus coisbhirt do leanaí
den aois scoile agus oibríonn sí ó thús Mheithimh go deireadh Mheán Fómhair gach bliain.
Níl sé i gceist leis an liúntas costais iomlána éadaí scoile agus coisbhirt a chlúdach ach
cúnamh a thabhairt leis na costais sin. Féadfaidh duine cáiliú d'íocaíocht liúntais má tá sé/sí
ag fáil íocaíochta Leasa Shóisialaigh (lena n-áirítear Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh), nó
íocaíocht Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte nó má tá sé/sí rannpháirteach i scéim
fostaíochta fhaomhaithe nó ag freastal ar chúrsa traenála agus oideachais aitheanta agus
ioncam teaghlaigh acu ag leibhéil leagtha síos áirithe nó faoin leibhéal sin.
Is iad na príomhchlocha míle atá mar bhun leis an scéim seo ná iad seo a leanas:
Sa bhliain 1995 leathnaíodh an scéim chun daltaí suas go 22 bhliain d'aois a chur san
áireamh a bhí in oideachas lánaimseartha.
Tá méadú suntasach ar rátaí íocaíochta le blianta beaga anuas. Ón mbliain 2005, tá
an liúntas méadaithe ó €80 go €200 maidir le leanaí cáilithe den aois 2 go 11 agus
€150 go €305 dóibh siúd den aois 12 go 22. Is méaduithe150% agus 103% iad sin faoi
seach.
Beart speisialta a tugadh isteach i mBuiséad 2009 ná an liúntas breise €125 iníoctha
le lucht 18 mbliana d'aois in oideachas lánaimseartha a bhfuil an leathráta Sochar
Leanaí anois i bhfeidhm dóibh. Is é €520 an íocaíocht iomlán don scoilbhliain nua
maidir le leanaí 18 mbliana d'aois.
Maolú €50 ar an tairsigh ioncaim um theidlíocht don liúntas i mBuiséad 2009.
Cumasaíonn sé sin timpeall 18,000 teaghlach breise leas a bhaint as an scéim.
73
Scéim riaracháin is ea an scéim LÉCSN agus níl aon fhoráil di i reachtaíocht Leasa Shóisialaigh. Tá ciorclán ag leagan amach na rialacha ag rialáil na scéime eisithe go bliantúil don rannóg leasa phobail FSS in éineacht le treoirlínte chun measúnú a dhéanamh ar acmhainní.
76
Forlíonadh Luathchúram Leanaí (FLL)
Íocaíocht ó Oifig an Aire Leanaí chun cabhair a thabhairt le costais cúram leanaí do leanaí
faoi sé bliana d'aois ab ea an íocaíocht sin saor ó cháin gan tástáil mhaoine uirthi, a tugadh
isteach i mBuiséad 2006. Íocadh í in aitheantas ar na costais níos airde bainteach le cúram a
thabhairt do leanaí ina mblianta réamhscoile. Ón gcéad lá de Mhárta 2009, níor íocadh an
FLL ach maidir le leanaí faoi 5 bliana d'aois. Sa Bhuiséad Forlíonta in Aibreán 2009, fógraíodh
go ndíothófaí an scéim sin ag deireadh 2009.
Bhí an scéim sin á riaradh ag An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar bhonn
gníomhaireachta ar son an Aire Leanaí. Bhí íocaíocht uathoibríoch dóibh siúd le leanaí níos
lú ná sé bliana d'aois a bhfuair siad sochar leanaí dóibh. Nuair a tugadh isteach í, íocadh an
FLL faoi riaráistí go ráithiúnach agus den mhéid €1,000 in aghaidh na bliana (iníoctha i
dtráthchodanna ráithiúnacha €250). Tugadh roinnt athruithe don íocaíocht isteach sular
díothaíodh í mar seo a leanas:
Méadaíodh ar an méid FLL iníoctha, ó tugadh isteach é, le héifeacht ó 8 Márta ó
€1,000 go €1,100 in aghaidh na bliana íoctha i dtráthchodanna ráithiúnacha €275;
Ó Eanáir 2009 athraíodh aois chun FLL a fháil ó 6 bliana go 5 bhliain d'aois agus 6
mhí. Athraíodh an méid iníoctha freisin go €1,104 in aghaidh na bliana iníoctha i
dtráthchodanna míosúla €92;
Rinneadh athrú aoise a thuilleadh chun FLL a fháil le teidlíocht ó 5 bliana 6 mhí go 5
bliana tugtha isteach le héifeacht ó 1 Márta 2009. Athraíodh an méid freisin ó €1,104
go €996 in aghaidh na bliana iníoctha i dtráthchodanna míosúla €83;
Laghdaíodh an méid FLL iníoctha a thuilleadh le héifeacht ó 1 Bhealtaine 2009 ó
€996 go €498 in aghaidh na bliana le híoc i dtráthchodanna míosúla €41.50.
Díothaíodh FLL ag deireadh 2009 agus cuireadh bliain saor réamhscoile An Scéim um
Chúram agus Oideachas na Luath-Óige do leanaí go léir idir 3 bhliain agus 6 mhí agus
4 bhliain agus 6 mhí ina ionad.
Fionnachtain 3-1: SL, MLCanna agus FIT sainaithnithe mar phríomhchláir bainteach le
polasaí TIL.
Tá raon leathan íocaíochtaí agus tacaíochtaí do theaghlaigh le leanaí cleithiúnacha. In
ainneoin díothú liúntais chánach leanaí sna 1980í tá forálacha laistigh den chóras cánach a
chuireann tacaíocht ar fáil do theaghlaigh le leanaí. Mar sin, tá sainaitheantas íocaíochtaí ar
leith mar íocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí aondeonach ar bhealach agus féadfaidh
difríocht scóip a bheith mar thoradh air sin mar scóip idir a bhfuil curtha san áireamh agus
nach bhfuil. Glactar cur chuige pragmatach san athbhreithniú agus clúdaítear na
77
príomhíocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí laistigh den chóras leasa shóisialaigh, eadhon,
Sochar Leanaí, méaduithe i leith linbh cháilithe do na príomhíocaíochtaí leasa shóisialaigh
don aosach agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh. Breathnaíonn an t-athbhreithniú freisin
roinnt ghnéithe den liúntas éadaí agus coisbhirt don scoilbhliain nua agus forlíonadh
luathchúram leanaí (díothaithe anois) mar ábhartha do léirmhíniú treochtaí caiteachais agus
bochtanais. Tugtar faoi deara san athbhreithniú go bhfuil an méid sin comhsheasmhach ar
an iomlán le cur chuici níos luaithe athbhreithniú a dhéanamh ar íocaíochtaí agus polasaí
tacaíochta ioncam leanaí.
3.2 Treochtaí agus tiománaithe caiteachais
Tugann an mhír seo faoi cheist an mheasúnaithe: Cé mhéad atá an caiteachas meascán cláir
athraithe thar am? Tar éis an treochta iomláin i gcaiteachas TIL a bhreathnú (3.2.1),
féachann an t-athbhreithniú ansin ar (an líon leanaí incháilithe do thacaíocht) a mheastar a
bheidh ar cheann de na príomhthionánaithe caiteachais, trí athbhreithniú a dhéanamh ar
threochtaí déimeagrafacha thar an tréimhse (3.2.2) sula dtéitear go treochtaí i gcaiteachas
ar chláir ar leith thar an tréimhse chun éifeacht athruithe i rátaí agus fachtóirí eile thar an
tréimhse a bhreathnú (3.2.3).
3.2.1 Treocht i gcaiteachas foriomlán TIL 1997 -2010
Sa bhliain 1997, bhí an comhchaiteachas ar SL, MLCanna, FIT agus LÉCSN beagán faoin €900
milliún. Faoi 2008, bhí an caiteachas sin (a raibh FLL faoin am sin san áireamh) €3.6 billiún –
méadú faoi cheathair i ndeich mbliana nó mar sin. Taispeánann Figiúr 3-1 gur tharla an-chuid
den mhéadú sin sa tréimhse tar éis 2000 nuair a thiomáin méaduithe móra i gcaiteachas SL
an t-iomlán suas. Bhí méaduithe suntasacha ann idir 2006 agus 2008 tiomáinithe den chuid
is mó ag FLL. Tá méaduithe láidre léirithe ag FIT ó 2006 cé gur ó bhonn níos ísle iad.
78
Figiúr 3-1: Caiteachas iomlán ar chláir TIL agus cláir bhainteacha
€0
€500
€1,000
€1,500
€2,000
€2,500
€3,000
€3,500
€4,000
1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
€m
illiú
n
LÉCSN
Forlíonadh Luathchúraim Leanaí
Breiseanna ForbairtLeanaí
Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Sochar Leanaí
Taispeánann Figiúr 3-2 caiteachas iomlán TIL mar chéatadan de OTI agus OTN agus freisin
céatadán caiteachais iomláin léirithe mar íocaíochtaí uilíocha (SL,FLL). Ag tús na tréimhse
athbhreithnithe thit caiteachas go dtí a phointe ab ísle do 2000 (1.0% de OTI, agus 1.1% de
OTN) go dtí pointe ard 2.1% i 2009 (OTI) agus 2.6% de OTN. Mar thoradh ar na laghduithe ar
rátaí SL agus díothú FLL, tá ionchas ann go dtitfidh ioncam i 2010 go 2.0% (OTI) agus 2.5%
(OTN) nó gar dá leibhéil i 2008. Tá athrú suntasach ar chaiteachas iomlán ar íocaíochtaí
uilíocha thar am. De na híocaíochtaí iomlána TIL bhí an meánchaiteachas ar íocaíochtaí
uilíocha sa chéad cúpla bliain den tréimhse faoi athbhreithniú gar do 60% ach mhéadaigh sé
go tapa go dtí 85% i 2006 a phointe ab airde spreagtha ar aghaidh ag na rátaí íocaíochta SL
agus teacht isteach na híocaíochta FLL. Mar thoradh ar na méaduithe ar rátaí íocaíochtaí
roghnacha (go háirithe MLCanna agus FIT) in éineacht le díothú FLL de réir a chéile agus an
laghdú ar rátaí SL i 2010 tá ionchas ann go dtitfidh caiteachas iomlán ar íocaíochtaí uilíocha
71% i 2010, coibhéiseach a bheag nó a mhór leis an leibhéal i 2001.
79
Figiúr 3-2: Treochtaí i luach iomlán agus comhdhéanamh caiteachas tacaíochta ioncam leanaí 1997-2010
0.0%
0.5%
1.0%
1.5%
2.0%
2.5%
3.0%
0%
10%
20%
30%
40%
50%
60%
70%
80%
90%
1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
Caiteachas uilíoch mar % iomlán (lhs) Caiteachas iomlán % OTI (rhs) Caiteachas iomlán % OTN (rhs)
TaispeánannTábla 3-3 na príomhathruithe i gcomhdhéanamh caiteachais na dtrí
phríomhíocaíocht agus cláir bhainteacha thar an tréimhse. Léirítear sa tábla an méadú ar
chaiteachas iomlán agus gur tháinig a lán de sin ó chláir uilíocha (le Sochar Leanaí ina chúis le
76% den mhéadú sin). Ba iad ionstraimí roghnacha ba chúis le beagán níos lú ná a cheathrú
cuid den iomlán.
Tábla 3-3: Comhchodanna méaduithe caiteachais TIL (1997-2010)
Clár 1997 2010 (meastachá
n)
Athrú 1997 – 2010 Ranníocaíocht d'athrú iomlán
€ milliún € milliún € milliún % méadú Méadú % bliantúil
SL 506 2,308 1,802 356% 12.4% 76%
FIT 33 215 182.1 554% 15.5% 8%
MLCanna/BLCanna
342 659 317.1 93% 5.2% 13%
FLL - - - - -
LÉCSN 14.9 80 65.1 437% 17.3% 3%
TIL iomlán 895 3,262 2,367 264% 10.5% 100%
80
Fionnachtain 3-2: Tá méadú suntasach ar chaiteachas ar íocaíochtaí TIL i dtéarmaí
absalóideacha agus mar chéatadán OTI
Tá méadú suntasach ar chaiteachas foriomlán TIL thar thréimhse an athbhreithnithe i
dtéarmaí iomlána agus mar chéatadán den ioncam náisiúnta/aschur. In ainneoin laghdú ar
chaiteachas i 2010, tá caiteachas iomlán measta ag 2 faoin gcéad de OTI i gcomparáid le
timpeall 1 faoin gcéad ag tús na ndeich mbliana atá thart. Thiomáin íocaíochtaí uilíocha
(sochar leanaí agus forlíonadh luathchúram leanaí mar a thugtaí air) an chuid is mó de na
méaduithe go háirithe sa tréimhse luath den athbhreithniú a chiallaigh gur ardaigh an
comhréir den mhéid iomlán a caitheadh ar íocaíochtaí uilíocha go 85% i 2006 sular thit siad
siar go timpeall 70% de chaiteachas iomlán. Tá sé sin i bhfad níos airde ná an céatadán
(beagán os cionn 55%) ag tús an athbhreithnithe i 1997.
3.2.2 Tiománaithe déimeagrafacha agus sóisialta
Cé go bhfuil páirt ag factóirí polasaí (féach ar mhír 3.2.3), tá raon factóirí déimeagrafacha
agus sóisialta le chéile ag tiomaint suas an leibhéal foriomlán caiteachais thar thréimhse an
athbhreithnithe. Bhí factóirí déimeagrafacha mar bhreitheanna agus imirce tábhachtach
maidir le líon na leanaí a mhéadú agus dá bharr caiteachas. Déanann an mhír seo comparáid
freisin idir uimhreacha tairbhithe leanaí agus uimhreacha daonra chun ciall cuimsithe a fháil.
81
Factoirí déimeagrafacha
D'fhás daonra na hÉireann ó 3.66 milliún i 1997 go 4.46 milliún i 2009 (Tábla 3-4). Ar an
meán, ba é an meánráta fáis 1.6% in aghaidh na bliana ceann de na cinn ab airde sa domhan
forbartha. Mhéadaigh an líon leanaí níos óige (0-14) go tapa ach ag ráta níos ísle (ar an
meán 0.9% in aghaidh na bliana) agus go príomha sa chuid deiridh den tréimhse. Mar
thoradh thit comhréir an daonra beagán a bhí 14 bliana nó níos óige ó 23.1% i 1997 go 21.0%
i 2009. Thit an grúpa leanaí den aois níos sine (15-19 bliana)(atá suntasach do na
príomhíocaíochtaí TIL go léir nuair atá leanbh ina chleithiúnach nó in oideachas
lánaimseartha), go hiarbhír thar an tréimhse (ar an meán 1.7% in aghaidh na bliana) a
chiallaigh gur thit an céatadán foriomlán dóibh siúd a bhí 19 mbliana nó níos óige sa daonra
ó 32.5% i 1997 go 27.3% i 2009. Bhí "díbhinn déimeagrafach" mar thoradh ar an laghdú dá
bharr ar chomhspleáchas leanaí a chuir go mór le caighdeán maireachtála níos fearr thar an
tréimhse.74 Ar an iomlán, bhí méadú 0.2% in aghaidh na bliana iar líon na leanaí den aois 0-
19 thar an tréimhse, a d'fhéadfadh éifeacht a bheith aige ar líon sochar leanaí.
.
Tábla 3-4: Treochtaí sa daonra aosaigh agus leanaí 1997-2009
1997 2000 2003 2006 2009
Meastúcháin daonra d'aois ghrúpaí (000í)
Aoiseanna go léir 3,664.3 3,789.5 3,979.9 4,232.9 4,459.3
Faoi 1 bhliain 50.5 53.6 60.4 61.1 73.5
0 - 4 bliana 250 266.2 284.3 302.3 341.6
1 - 4 bliana 199.5 212.5 223.9 241.3 268.1
5 - 9 bliana 277.9 266.7 268.7 288.5 308
10 - 14 bliana 318 295.1 281.7 274.2 288.1
15 - 19 bliana 343.7 329.4 304.7 290.9 278.6
0 - 14 bliana 846 828 834.7 865.1 937.8
0 - 19 mbliana 1,189.7 1,157.4 1,139.4 1,156.0 1,216.4
Céatadán den daonra iomlán
0 - 14 bliana 23.1% 21.8% 21.0% 20.4% 21.0% 15 - 19 bliana 9.4% 8.7% 7.7% 6.9% 6.2% 0 -19 bliana 32.5% 30.5% 28.6% 27.3% 27.3%
Meánathrú bliantúil
1997-2000 2000-3 2003-6 2006-9 1997-2009 Aoiseanna go léir 1.1% 1.6% 2.1% 1.8% 1.6% 0 - 14 bliana -0.7% 0.3% 1.2% 2.7% 0.9% 15 - 19 bliana -1.4% -2.6% -1.5% -1.4% -1.7% 0 -19 bliana -0.9% -0.5% 0.5% 1.7% 0.2%
Foinse: PS
Tabhair faoi deara: Tá an dáta do 2007 go 2009 mar réamhdháta.
74
Morgenroth, Edgar L., John Fitzgerald, Ex-ante Evaluation of the Investment Priorities for the National Development Plan 2007-2013, Institiúid Eacnamaíoch agus Sóisialta (Baile Átha Cliath, 2006), lth. 22 – 23.
82
Léiríonn treochtaí i líon na leanaí rátaí breithe ag éirí agus treochtaí imirce araon:
Rátaí breithe: Tá éifeacht dhíreach ag líon na mbreitheanna in aon bhliain ar bith ar
chaiteachas TIL. Bhí 64,000 breitheanna ar an meán in aghaidh na bliana idir 1997 agus 2007.
Mhéadaigh é sin go seasta thar an tréimhse (52,331 breitheanna i 1997 i gcomparáid le
74,278 i 2009). Is é an líon níos airde ban in aois breith linbh (meánuimhir 1.2 milliún thar an
tréimhse) is cúis leis an méadú sin trí fheabhas ar thorthúlacht (ó 2000 go 2004 agus ó 2005
go 2008) a thabharfadh spreagadh don treocht sin (féach ar Figiúr 3-3).
Figiúr 3-3: Líon na mbreitheanna agus ráta torthúlachta 1999-2008
1.75
1.80
1.85
1.90
1.95
2.00
2.05
2.10
2.15
0
10,000
20,000
30,000
40,000
50,000
60,000
70,000
80,000
Líon na mBreitheanna i gcomparáid le Ráta Torthúlachta go bliantúil
Breitheanna Ráta Torthúlachta Tréimhse Iomlán
Imirce: Thar an tréimhse 2003-2008, tá sé measta ag an PS gur chuir glanimirce ar an meán
49,200 duine leis an daonra arbh iad leanaí den aois 0-14 bhliain 8,200 díobh. Cé go
dtaispeánann é sin go raibh éifeacht dhíreach inimirce ar an líon leanaí teoranta go leor, ní
mór éifeacht indíreach imirce ar an líon leanaí (trí bhreitheanna ban a tháinig ar imirce go
hÉirinn) a chur san áireamh freisin. Is féidir an éifeacht foriomlán ar an líon leanaí (agus an
líon ar SL go háirithe) a thabhairt faoi deara i bhFigiúr 3-4. Fad is gur mhéadaigh daonra na
leanaí (0-19 bliana) beagán thar an tréimhse 1997 go 2009, bhí laghdú suntasach i dtosach
na tréimhse ar líon na leanaí. Ag leanúint ar líon na leanaí níos óige (0-14 bliana) a theacht
chuige féin i dtosach agus méadú níos déanaí i líon na leanaí níos sine (15-19), chobhsaigh na
huimhreacha i lár na ndeich mbliana atá thart agus ansin mhéadaigh siad go tapa. Don
chéad chuid den tréimhse, bhí an líon tairbhithe Sochar Leanaí mar scáthán ar threochtaí
daonra níos leithne ach thosaigh sé sin ag athrú ón gcuid luath de na deich mbliana atá thart
83
nuair a chobhsaigh uimhreach SL agus ansin thapaigh siad níos tapúla ná daonra na leanaí.
Tá roinnt mhíniúchán dóchúil air sin le níos mó eolais ar an gcéad dá cheann thíos:
Méadú suntasach ar líon na leanaí óga (níos lú ná 15) a bhfuil uaththeidlíocht acu ar
SL agus leanaí níos sine (15-19) in oideachas lánaimseartha a choinneáil;
Éifeacht ar oibreoirí imirce le teaghlaigh cleithiúnacha ina dtír dhúchais;
Feabhsaithe i mbainistíocht an chórais íocaíochta SL a nasc íocaíochtaí go
huathoibríoch le clárúchán breitheanna agus mar sin cuireadh deireadh le
moilleanna in íocaíocht. Thosaigh an córas nua sin i Meán Fómhair 2003 agus
pléitear le 30,000 éileamh um leanaí breise ar an meán go díreach faoin gcóras.
Figiúr 3-4: Daonra leanaí iomlán; Tairbhithe sochar leanaí 1997-2009
900,000
950,000
1,000,000
1,050,000
1,100,000
1,150,000
1,200,000
1,250,000
Daonra Faoi 20 vs daonra ar Shochar Leanaí
Leanaí go Léir
Ar SL
Coinneáil mhéadaithe i rannóg an oideachais: Críochnaíonn uaththeidlíocht do SL nuair a
shroicheann leanbh 16 bliana d'aois. Is féidir leanúint ar aghaidh leis an íocaíocht má tá an
leanbh in oideachas lánaimseartha nó faoi mhíchumas. Bheadh ionchas ann go méadódh
uimhreacha SL dá bhfanfadh níos mó leanaí sa rannóg oideachais. In Aibreán 1997, bhí
76.5% de dhaoine den aois 15-19 in oideachas lánaimseartha. Sa bhliain 2008, bhí méadú 6
phointe faoin gcéad air sin go 82.5% daoine den aois 15-19.
Méadaithe in oibreoirí imirceacha ann go leitheadúil: Faoi chúinsí áirithe féadfaidh oibreoir
imirceach in Éirinn a bheith i dteideal íocaíochtaí bainteach le leanaí a éileamh dá leanaí
cleithiúnacha fiú mura bhfuil siad sa dlínse. Cuirfear a leithéid d'íocaíochtaí san áireamh sa
staitistic íocaíochta ach ní áireofar iad sa staitistic leanbh -dhéimeagrafach. Roimh Fheabhra
84
2009, measadh go raibh10,0000 íocaíochtaí Sochar Leanaí sa mhéid sin i gcomparáid le
leibhéil neamhbhríocha ag tús na tréimhse. Bheadh sé de thoradh air sin líon na n-éileamh
Sochar Leanaí a mhéadú (agus FIT go poitéinsiúil) vis-à-vis an líon daonra.
Líon leanaí i ngach teaghlach
Is é is cúis leis an treocht i dtreo teaghlaigh níos lú ná go bhfuil an méadú ar éilimh de réir
teaghlaigh méadaithe fiú níos tapúla ná líon na leanaí. Sa bhliain 1997, bhí 502,318 éileamh
SL (teaghlaigh) maidir le 1,053,401 leanaí – ar an meán 2.1 leanaí in aghaidh gach éilimh.
Mhéadaigh an líon éileamh go 602,932 maidir le 1,156,917 leanaí roimh 2009, ar an meán
1.9 leanaí in aghaidh an éilimh. Tugadh an treocht sin faoi deara freisin i bhFigiúr 3-5 a
thaispeánann líon na leanaí in aghaidh an teaghlaigh i 1996, 2002 agus 2006. Mhéadaigh
líon na leanaí go láidir i dteaghlaigh nach raibh iontu ach leanbh amháin nó beirt fad is nach
bhfuil mórán athraithe le feiceáil i dteaghlaigh 3 leanaí agus tá titimí i líon na dteaghlach níos
mó. Bheadh éifeacht dhiúltach ag an treocht sin ar chaiteachas leis na rátaí níos airde
d'íocaíocht SL íoctha maidir le teaghlaigh níos airde.
Figiúr 3-5: Comhdhéanamh teaghlaigh de réir líon na leanaí 1996-2006
0
50,000
100,000
150,000
200,000
250,000
300,000
350,000
1996 2002 2006
Miondealú teaghlaigh de réir líon na leanaí 1996-2006
0
1
2
3
4
5
6+
Clúdach íocaíochtaí
Ba é 1.216 milliún an daonra measta in Aibreán 2009 don aoisghrúpa 0-19. Is comparáid é
sin le 1.157 milliún tairbhithe SL (coigeartaithe síos ag líon na leanaí neamhchónaitheacha -
measta ag 10,000 in Aibreán 2009) ag cur ráta 97% tógáil suas sa réigiún in iúl. Go deimhin
ní cháilíonn leanaí os cionn 16 bliana d'aois go huathoibríoch don íocaíocht agus cuirfear an
85
clúdach measta sin san áireamh ar leithligh dóibh siúd faoi 16 bliana d'aois agus os cionn.
Nuair atá an coigeartú sin déanta tá in éifeacht clúdach iomlán. Meastar go gclúdaíonn MLC
maidir le leanaí faoi 16 bliana d'aois 34% den daonra. Do FIT, ba é 7% an uimhir
choibhéiseach. Ós rud é go bhfaighidh roinnt teaghlach íocaíocht MLC agus íocaíocht FIT
maidir leis an leanbh céanna ní mór é sin a chur san áireamh chun comhaireamh dúbailte a
sheachaint. Ag cur san áireamh go n-íoctar 20% de na híocaíochtaí FIT sa bhealach sin, is
féidir a mheas go réasúnta go bhfuil an clúdach iomlán do spriocíocaíochtaí don ghrúpa faoi
16 timpeall 40%.
Athruithe déimeagrafacha fortheilgthe
Tá an cuma ar an scéal go dtaispeánann na teilgin daonra is déanaí gur dealraitheach go
leanfaidh an treocht i dtreo líon leanaí méadaithe tugtha faoi deara sa chuid deireanach den
tréimhse 1997-2009 isteach sa mheántéarma (Figiúr 3-6). Faoi na cnámhscéalta go léir tá
ionchas ann go méadóidh an líon daoine óga (0-19) sa tréimhse 2006 -2016, lena n-áirítear
faoi na (náid ghlan) foshuímh imirce M0. Faoi na foshuímh ardtorthúlachta agus imirce
isteach (M1F1) tá ionchas ann go méadóidh na huimhreacha go dtí beagnach 1.6 milliún
roimh 2026 ach go gcobhsóidh siad ina dhiaidh sin. Faoin bhfoshuíomh imirce isteach níos
ísle (M2), tá sé fortheilgthe go gcobhsóidh uimhreacha thíos faoi 1.5 milliún75. Tá an cuma ar
an scéal gurb iad coinníollacha reatha is gaire do chnámhscéal an M0F1 a fhortheilgeann
méadú bliantúil 3,000 i líon na leanaí idir 2006 agus 2026. Méadú 2.5% atá san fhás sin i líon
na leanaí roimh 2016 agus 5.2% roimh 2026 le méadú dá bharr i gcaiteachas SL má fhanann
gach rud eile mar atá.
75 Samhlaíonn an foshuíomh ardtorthúlachta (F1) an torthúlacht iomlán (RTI) sé sin, an meánlíon
leanaí do gach bean, ag fanacht ag 1.9 an leibhéal do 2006 ar feadh saolré na dteilgean. Bheadh
laghdú sa RTI/TFR le feiceáil ón bhfoshuíomh íseal (F2) óna leibhéal reatha1.9 go 1.65 roimh 2016, ag
fanacht buan ina dhiaidh sin. Tá glactha leis go mbeidh méadú in ionchas saoil ón leibhéal reatha 76.7
bliain d'fhir go 86.5 bliain roimh 2041. Is iad 81.5 agus 88.2 bliain na figiúirí comhfhreagracha do
mhná. Glacann an cnámhscéal ardimirce (M1) le hinimirce glan 39,000 in aghaidh na bliana thar an
tréimhse teilgin fad is go nglacann cnámhscéal imirce M2 le hinsreabhadh glan measartha 21,400 in
aghaidh na bliana go 2041. Glactar leis go mbeidh méaduithe beaga fir níos sine i rátaí
rannpháirtíochta an lucht saothair agus gnóthachain bhreise do mhná óga.
86
Figiúr 3-6: daonra fortheilgthe 0-19 mbliana faoi chnámhscéalta éagsúla
800
900
1000
1100
1200
1300
1400
1500
1600
1700
2006 2011 2016 2021 2026 2031 2036 2041
M1F1
M1F2
M2F1
M2F2
M0F1
M0F2
Fionnachtain 3-3: Tá an cuma ann go bhfuil méadú i gcaiteachas ar thacaíochtaí ioncam
leanaí de réir teilgin déimeagrafacha úrnua.
Bhí ról suntasach ag factóirí déimeagrafacha agus sóisialta in éabhlóid íocaíochtaí tacaíochta
ioncam leanaí. Mhéadaigh an líon leanaí 0.2% in aghaidh na bliana thar thréimhse an
athbhreithnithe leis an ráta athraithe ag tapú i dtreo deiridh den tréimhse. Bhí méadú sa
ráta breithe agus sna treochtaí imirce mar sin. Bhí ról ag factóirí eile, go háirithe rátaí
coinneála in oideachas. Leanfadh caiteachas níos lú le gach rud eile comhionann ó threocht i
dtreo teaghlaigh níos lú mar gheall ar rátaí níos airde don tríú leanbh agus do leanaí ina
dhiaidh sin. Bheadh an claonadh ann, mar sin féin, de réir teilgin déimeagrafacha go
mbeadh méadú i gcaiteachas amach anseo ag glacadh leis go bhfanfadh rátaí íocaíochta gan
athrú.
3.2.3 Treocht i gcláir chaiteachais TIL ar leith
Sochar Leanaí
Mar is léir óTábla 3-3, d'fhás caiteachas ar SL 356% sa tréimhse 1997-2010, sé sin trí
cheathrún den fhás beagnach i gcaiteachas iomlán TIL agus atá lárnach mar sin d'éabhlóid an
chaiteachais ar thacaíocht ioncam leanaí thar an tréimhse a thuiscint. Mar is amhlaidh leis
an gcuid is mó d'íocaíochtaí aistrithe, tá an treocht i gcaiteachas iomlán ar SL á thiomáint ag
rátaí íocaíochtaí agus an líon daoine ag fáil íocaíochta. Taispeánann an treocht i rátaí
87
íocaíochta SL ó 1997 (Figiúr 3-7) gur mhéadaigh a luach thar an gcuid is mó den tréimhse le
méadú an-ard ar fad sa tréimhse 2000-2002, sular thit sé i 2010. In éifeacht, idir 1997 agus
2009, mhéadaigh rátaí don ráta níos airde agus níos lú 336% agus 310% faoi seach. Cé gurb
iad méaduithe rátaí ba chúis lena lán den mhéadú i gcaiteachas iomlán SL, bhí ról ag factóirí
eile freisin.
Figiúr 3-7: Treocht i rátaí íocaíochta Sochar Leanaí, 1997-2010
38.09 4043.81
53.96
85.8
117.6
125.6131.6
141.6
150
160166 166
150
49.5253.33
58.41
71.11
109.2
147.3
157.3
165.3
177.3
185
195
203 203
187
0
50
100
150
200
250
1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
€-
luach
ío
caío
ch
t m
hío
sú
il
SL (ráta íseal –tabhair faoi deara)
SL (ráta ard)
Taispeánann Tábla 3-5 gur mhéadaigh an uimhir éileamh (teaghlaigh) 20% sa tréimhse idir
1997 agus 2009, fad is nár mhéadaigh líon na leanaí ach 10%, ag cur laghdú beagnach 9% i
meánlíon na leanaí incháilitheacha in aghaidh an teaghlaigh in iúl don tréimhse chéanna.
Chun é sin a léiriú, 71% de theaghlaigh iomlána gan ach beirt leanaí incháilitheach acu a bhí
ann i 1998 ach mhéadaigh é sin go 76% faoi 2009.76 D'fhéadfadh go mbeadh ionchas ann go
leanfadh laghdú ar mheánchaiteachas in aghaidh an teaghlaigh,laghdú i líon na leanaí in
aghaidh an teaghlaigh, le gach rud eile mar an gcéanna.
76
Staitisticí um Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh, An Roinn Coimirce Soisialaí (Baile Átha Cliath, 1997 – 2010).
88
Tábla 3-5: Treochtaí caiteachais Sochar Leanaí, 1997 go 2009
Bliain Teaghlaigh 2000=100 Leanaí 2000=100 Leanaí in aghaidh an teaghlaigh
2000=100
1997 502,318 100.0 1,053,401 100.0 2.10 100.0
1998 504,811 100.5 1,039,746 98.7 2.06 98.2
1999 508,504 101.2 1,028,877 97.7 2.02 96.5
2000 510,840 101.7 1,018,175 96.7 1.99 95.0
2001 514,919 102.5 1,014,340 96.3 1.97 93.9
2002 522,441 104.0 1,019,551 96.8 1.95 93.1
2003 534,009 106.3 1,034,851 98.2 1.94 92.4
2004 540,911 107.7 1,051,005 99.8 1.94 92.7
2005 547,540 109.0 1,060,740 100.7 1.94 92.4
2006 562,860 112.1 1,083,980 102.9 1.93 91.8
2007 579,612 115.4 1,110,715 105.4 1.92 91.4
2008 596,108 118.7 1,141,938 108.4 1.92 91.3
2009 602,932 120.0 1,156,917 109.8 1.92 91.5
Foinse Tuarascáil Staitistiúil RCS
Is cosúil go bhfuil sé soiléir ón anailís seo go raibh an caiteachas an-mhór ar SL thar
thréimhse an athbhreithnithe mar thoradh díreach ar mhéaduithe rátaí agus líon leanaí; líon
na leanaí de bharr méadú i líon na mbreitheanna agus inimirce. Mar sin féin bhí roinnt
fachtóirí níos lú eile le cur san áireamh. Taispeánann anailís dhianscaoilte go bhféadfaí 93%
den mhéadú i gcaiteachas SL idir 1997 agus 2008 a chur síos do mhéaduithe i rátaí, 4% do
líon éileamh níos airde agus an 3% fágtha d'fhachtóirí eile. Is de bharr comhéifeacht an
mhéadaithe 8% i gcaiteachas ar theaghlaigh níos lú (2 leanaí nó níos lú) á fhritháireamh ag
níos lú teaghlaigh móra atá an méadú ar an líon éileamh níos airde ann. Taispeánann Tábla
3-6 an briseadh síos de réir líon na leanaí ar rátaí níos airde agus níos ísle.
Tábla 3-6: Sochar Leanaí - líon na leanaí ag rátaí níos ísle agus níos airde (1997 and 2009)
1997 2009 Líon na
leanaí % den iomlán
Líon na leanaí % den iomlán
Ráta níos Ísle 821,365 78% 957,323 83% Ráta níos Airde 232,036 22% 199,594 17% Iomlán 1,053,401 100% 1,156,917 100% Foinse Tuarascáil Staitistiúil RCS
89
Fachtóirí eile a mhéadaigh caiteachas go bliantúil:
Éifeacht aon uaire an athraithe ar dháta feidhmithe na méaduithe sa bhuiséad. Go dtí 2000, cuireadh méaduithe i rátaí SL a fógraíodh sa bhuiséad roimhe sin i bhfeidhm i Meán Fómhair de gach bliain. Tugadh é sin siar go Meitheamh i 2001. Ó 2003, tugadh méaduithe isteach in Aibreán a thugann caiteachas cúig mhí breise le tuiscint.
Tabhairt isteach leibhéil níos airde íocaíochtaí aon uaire ar ilbhreitheanna i 1998. Íoctar cúplaí ag uair go leith an ráta míosúil caighdeánach fad is go n-íoctar tríríní nó níos mó ag dhá uair an ráta míosúil. Íoctar roinnt deontas aon uaire ag aoiseanna éagsúla freisin. I Meán Fómhair 2009, bhí,125 leanaí a bhain leis an gcatagóir ilbhreitheanna (nó beagnach 3% den iomlán) agus meastar caiteachas bliantúil maidir le ilbhreitheanna ag €34m nó beagán faoi bhun 2% den chaiteachas SL bliantúil iomlán. Tá briseadh síos ar an gcatagóir sin i dTábla 3-7 thíos.
Tábla 3-7: Íocaíochtaí SL - briseadh síos de réir breitheanna singlí agus ilbhreitheanna (2009)
Líon na leanaí % den iomlán
Singil 1,096,980 97.2%
Cúplaí 30,963 2.7%
Tríríní 1,086 0.1%
Ceathrairíní nó níos mó 76 0.0%
Teaghlaigh go léir 1,129,105 100.0%
Tabhair faoi deara: Meán Fómhair 2009
Fionnachtain 3-4: Na fachtóir ba thábhachtaí sa mhéadú i gcaiteachas TIL ab ea an méadú i
rátaí íocaíochtaí SL
Fad is gur mhéadaigh caiteachas SL mar thoradh ar fhachtóirí déimeagrafacha agus sóisialta
ba é an príomhfhachtóir taobh thiar den mheánmhéadú bliantúil os cionn 12% ná an méadú i
rátaí íocaíochta go háirithe sa tréimhse 2000-2002. Taispeánann meastacháin gurb iad
méaduithe i rátaí ba chúis le 93% den mhéadú i gcaiteachas SL idir 1997 agus 2008, 4% de
bharr líon éileamh níos airde agus an 3% fágtha ag fachtóirí eile. Ceann de na fachtóirí eile a
mhéadaigh caiteachas ná íocaíochtaí níos airde maidir le hilbhreitheanna. Tá an treocht i
dtreo teaghlaigh níos lú ag éascú an méadú a mhaolú.
Méaduithe i leith Linbh Cháilithe
Tá an treocht i gcaiteachas MLC difriúil go radacach uaidh sin i SL thar a lán de thréimhse an
athbhreithnithe. Mar atá le feiceáil i dTábla 3-8, mhéadaigh caiteachas ar an meán 5.2% in
aghaidh na bliana thar an tréimhse. Thit caiteachas bliantúil sa chéad leath de na deich
90
mbliana atá thart de réir an laghdaithe i líon na leanaí cáilithe agus titim sa dífhostaíocht
thar an tréimhse. Mar sin féin mhéadaigh caiteachas go géar sa tréimhse 2007 go 2009 a
léiríonn go páirteach méadú i líon na gcleithiúnaithe a bhí ina dhiaidh sin nasctha leis an
uimhir íocaíochtaí príomhúla. Mínítear an treocht i gcaiteachas iomlán go ginearálta de réir
an treochta i rátaí íocaíochta seachtainiúla MLC gur féidir a fheiceáil i dTábla 3-8 (ag dul siar
go 1984 chun an comhthéacs stairiúil a thaispeáint). Ba chóir a choimeád i gcuimhne, fad is
go dtaispeánann na figiúirí ráta níos airde agus níos ísle tá 36 rátaí difriúla sa chuid luath den
tréimhse agus ag leanúint ar mhéid suntasach réasúnaíochta thar an tréimhse thit an líon
rátaí difriúla faoi 2006 go 3 agus sa deireadh go ráta singil amháin i 2007.
Tábla 3-8: Treochtaí i gcaiteachas ar MLC (1997-2010)
Líon Leanaí Cáilithe (Ráta Iomlán)
Líon Leanaí Cáilithe (Leathráta)
Caiteachas Bliantúil Measta
€ milliún 1997 296,564 124,378 341.8 1998 282,572 124,237 330.1 1999 298,455 130,715 299.8 2000 288,993 114,610 313.7 2001 274,680 129,338 312.7 2002 278,077 127,081 317.7 2003 272,419 129,877 308.2 2004 263,895 93,144 290.5 2005 255,966 83,348 284.0 2006 258,790 82,546 287.2 2007 266,449 77,236 349.0 2008 300,726 87,011 443.6 2009 345,117 195,309 552.2 2010* 363,343 128,645 659.0
1997 -2010** 1.6% 0.3% 5.2%
* Meastachán ** Meánathrú bliantúil
Is féidir an chobhsaíocht choibhneasta i gcaiteachas MLC thar an tréimhse a thuiscint den
chuid is mó mar gheall ar (i) cobhsaíocht nó laghduithe i líon na leanaí cleithiúnacha (nasctha
le híocaíochtaí príomhúla) agus (ii) luach na rátaí íocaíochta MLC ag fanacht seasmhach ar
feadh an-chuid den tréimhse. Is féidir an cur chuige do rátaí íocaíochta MLC a fheiceáil mar
chantrapháirt den mhéadú mear i rátaí SL thar an tréimhse mar dhírigh an Rialtas ar
íocaíocht tacaíochta ioncam leanaí d'aon ghnó chun tabhairt faoi shaincheisteanna
bochtanas leanaí agus cúram leanaí trí SL fad is ag coinneáil amach ó na gaistí dífhostaíochta
agus bochtanais bainteach le MLC. Bhí fachtóirí eile ann lena n-áirítear an dáta íocaíochta a
thabhairt ar aghaidh d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh príomhúla agus tabhairt isteach
leathrátaí íocaíochta do roinnt leanaí i gcás go raibh céile an fhaighteora i bhfostaíocht.
91
Figiúr 3-8: Rátaí íocaíochta seachtainiúla do MLC ó 1984
13.71
15.3616.44
17.5217.5218.03
18.5418.9219.0519.81
20.5720.9521.60 21.60 21.60 21.60 21.60 21.6022
24
26
29.8
5.906.48
6.92 7.36 7.36 7.62
10.16
12.70
13.97
15.2415.8716.25
16.8016.80 16.80 16.80 16.80 16.80 16.80
22.00
0
5
10
15
20
25
30
35
€in
ag
haid
h a
n l
inb
h g
ach
seach
tain
Ráta níos Airde (agus comhshuite ó 2007) € Ráta níos Ísle €
Fionnachtain 3-5: Treochtaí caiteachais do MLC nasctha le polasaí athraithe ar
mhéaduithe rátaí agus le spleáchas sochair
Fad is go raibh cobhsaíocht choibhneasta i gcaiteachas ar MLC le linn chéad chuid den
tréimhse athbhreithnithe nó b'fhéidir meath ann tá an leibhéal caiteachais ar MLC i 2010
níos mó ná dhá chuid an leibhéil i 2005. Is féidir an chobhsaíocht choibhneasta i gcaiteachas
MLC a thuiscint den chuid is mó mar gheall ar chobhsaíocht nó laghduithe i líon na leanaí
cleithiúnacha (nasctha le híocaíochtaí príomhúla) agus an polasaí, luach na rátaí íocaíochta
MLC a choinneáil seasmhach ar feadh an-chuid den tréimhse. Lean an méadú i gcaiteachas
MLC scaoileadh na bhfachtóirí déimeagrafacha agus fachtóirí eile ó shin.
Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Tá méadú ar chaiteachas FIT ó €33 milliún i 1997 go €215 milliún measta i 2010 – méadú
15.5% in aghaidh na bliana thar thréimhse an athbhreithnithe. Tá na fachtóiri ag tiomáint an
mhéadaithe i gcaiteachas FIT níos casta ná iad sin do MLC agus SL ag léiriú athruithe in
éagsúlachtaí polasaí (athruithe sa chóras cánach, íosuaireanta a oibríodh, sainmhíniú ar
ioncam measúnaithe, luach tairsigh FIT, íosíocaíochtaí srl.), fachtóirí déimeagrafacha (líon
leanaí, inimirceacht srl.), fachtóirí sóisialta (ós rud é go gcinntíonn líon an teaghlaigh an
leibhéal íocaíochta), rátaí tógáil-suas agus fachtóirí an mhargaidh shaothair (íosphá, leibhéil
92
eile pá, rátaí rannpháirtíochta, rátaí dífhostaíochta). Níl ach iarracht ann chun achoimre
forbhreathnaithe den éifeacht atá ag na príomhfhachtóirí sin a thabhairt san athbhreithniú
seo.
Tá mionsonraí achoimreach den chaiteachas bliantúil léirithe i dTábla 3-9 agus taispeánann
siad sin gur tharla an méadú suntasach i gcaiteachas FIT sa chuid deireanach den tréimhse
(go háirithe ó 2003). Tugann an líon méadaithe teaghlaigh cáilitheacha (6.5% ar an meán in
aghaidh na bliana) agus méadú sa mheáníocaíocht in aghaidh an teaghlaigh (8.8% ar an
meán in aghaidh na bliana) míniú ar an gcaiteachas iomlán. Is féidir éabhlóid an dá
phríomhthiománaí a fheiceáil níos soiléire i bhFigiúr 3-9. Mhéadaigh meáníocaíochtaí in
aghaidh an teaghlaigh le linn na tréimhse (albeit le luasghéarú tar éis 2005) cé nár
mhéadaigh líon na dteaghlach go dtí 2002. Tá na treochtaí is dócha atá mar bhun leis na
fachtóirí sin pléite níos faide thíos.
Tábla 3-9: FIT - caiteachas, éilimh agus meáníocaíocht in aghaidh an teaghlaigh (1997-2009)
Bliain Caiteachas
Líon Teaghlach Caiteachas bliantúil in aghaidh an teaghlaigh
€ milliún 1997=100 000 1997=100 €000 1997=100
1997 33.0 100.0 13.0 100.0 2.5 100.0
1998 36.3 110.3 13.3 102.2 2.7 107.9
1999 41.1 124.7 14.7 113.2 2.8 110.1
2000 39.4 119.4 13.2 101.6 3.0 117.5
2001 37.1 112.4 11.9 91.6 3.1 122.8
2002 42.4 128.6 12.0 92.8 3.5 138.5
2003 45.4 137.5 12.3 94.9 3.7 144.8
2004 55.8 169.1 14.7 113.5 3.8 149.0
2005 72.2 218.6 17.5 134.5 4.1 162.6
2006 107.1 324.7 21.8 168.0 4.9 193.2
2007 140.0 424.3 22.8 175.9 6.1 241.2
2008 170.3 516.0 27.8 214.3 6.1 240.8
2009 167.1 506.5 26.0 200.1 6.4 253.1
Meán 1997-2009
15.9% 6.5% 8.8%
Foinse Tuarascáil Staitistiúil RCS
93
Figiúr 3-9: FIT- treocht i gcaiteachas, líon na dteaghlach agus meánchaiteachas bliantúil in aghaidh
an teaghlaigh 1997-2009
0
100
200
300
400
500
600
1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009
1997=
100
Caiteachas 1997=100 Líon na dTeaghlach 1997=100 Caiteachas bliantúil in aghaidh an teaghlaigh 1997=100
Líon na dteaghlach
Cén fachtóirí a mbeadh méadú i líon na dteaghlach ag fáil íocaíocht FIT mar thoradh orthu?
Tá go leor féidearthachtaí:
Fás i bhfostaíocht: D'fhás fostaíocht iomlán go láidir sna tréimhsí 1997-2001 agus 2003-2007
sular thit sé go drámatúil ó 2008 (féach ar Figiúr 3-3). Ag a buaicphointe i 2007, bhí
fostaíocht iomlán os cionn 40% níos airde ná a leibhéal deich mbliana níos luaithe. Bhí fás i
méadú uimhreacha ag fáil FIT ag tús na chéad tréimhse ach níor cothaíodh é sin agus thit
faighteoirí FIT sna blianta luatha de na deich mbliana atá thart. Chomhthit an laghdú i bhfás
fostaíochta i 2002-3 le cobhsú agus ina dhiaidh sin méadú in uimhreacha FIT. Mar sin féin
nuair a tháinig fostaíocht chuige féin go mear ó 2003 luathaigh fás FIT go láidir i
gcodarsnacht leis an bpátrún níos luaithe. Cad is cúis leis sin? Míniú poitéinsiúil amháin is
ea an tábhacht níos mó le fostaíocht le pá níos ísle77 sa tréimhse níos déanaí nuair a bhí fás
eacnamaíoch ag brath níos mó ar rannóg na seirbhísí á tiomáint ag éileamh intíre. Is dócha
go bhfuil sé réasúnta teacht ar an tuairim gur fachtóir rannpháirteach é an fás níos airde ná
an meán i bpostanna le pá níos ísle (i 2007 bhí sé 60% os cionn a leibhéil deich mbliana níos
77
Sainmhínítear pá níos ísle ón aicmiú de réir gairme na PS mar dhíolacháin agus gairmeacha eile san áireamh, ag a raibh an pá airmheánach is ísle de na hacmuithe go léir acu araon i 2007 (PS, National Employment Survey (Suirbhéireacht Fostaíochta Náisiúnta)).
94
luaithe) don mhéadú seasmhach in uimhreacha FIT. Sa bhreis air sin, thaispeáin anailís ar
uimhreacha FIT ó mhí Iúil 2005-Márta 2007 go raibh 46% d'fhaighteoirí nua FIT ina
neamhnáisiúnaigh na hÉireann ag dearbhú nasc láidir idir fórsa oibre agus forbairtí inimirce
agus treochtaí FIT.
Figiúr 3-10: Innéacs fostaíochta ráithiúil agus faighteoirí FIT, 1997 to 2009
80
100
120
140
160
180
200
220
1997Q
4 =
100
Faighteoirí FIT Fostaíocht - Iomlán Fostaíocht – díolacháin agus eile
Éifeacht tairseacha FIT ar incháilitheacht: Is dócha freisin gur mhéadaigh na huimhreacha
dóibh siúd a bhí incháilithe mar bhí an treocht ann gur sháraigh méaduithe sna rátaí
tairseacha FIT méaduithe i rátaí pá go háirithe mar bhí éifeacht aige ar theaghlaigh níos mó
sa chuid dheiridh den tréimhse (pléite i gCaibidil 5);
Níos mó glactha FIT laistigh de dhaonra incháilitheach: Tá an féidearthacht ann freisin gur
mhéadaigh rátaí tógáil suas FIT thar an tréimhse ag léiriú éifeacht charnach feabhsúchán sa
scéim in éineacht le feachtais mhargaíochta agus feasachta. Tá an tsaincheist tógáil suas FIT
pléite san athbhreithniú.
Meáníocaíocht FIT in aghaidh an éilimh
Mínítear an méadú i gcaiteachas FIT iomlán go páirteach leis an méadú sa mheáníocaíocht in
aghaidh an teaghlaigh (8.8% in aghaidh na bliana) agus meáníocaíocht in aghaidh an linbh
95
(11.7% in aghaidh na bliana) (féach ar Tábla 3-10). Tá na cúiseanna leis an méadú sin casta ina
bhfuil roinnt fachtóirí i gceist lena n-áirítear fachtóirí polasaí (mar rátaí tairsigh FIT) ach
treochtaí níos leithne freisin i bpá agus cánacha díreacha. Tá anailís níos mionsonraithe i mír
5.4 a thugann faoi shaincheisteanna FIT ar leith. Is leor a thabhairt faoi deara ag an gcéim
seo gur méadaíodh tairseacha FIT (agus dá réir meáníocaíochtaí FIT) go bliantúil ar aon dul le
rátaí íocaíochta dífhostaíochta a chiallaigh gur mhéadaigh siad i bhfad níos tapíula ná boilsciú
agus tuillimh araon sa tréimhse ó 2002-2008. Chomh maith leis sin ó 2006 méadaíodh go
suntasach tairseacha FIT do theaghlaigh níos mó chun iarracht a dhéanamh éifeachtacht na
híocaíochta a mhéadú mar thacaíocht do theaghlaigh níos mó.
Tábla 3-10: FIT - meáníocaíocht in aghaidh an teaghlaigh agus an linbh
Caiteachas bliantúil in aghaidh an teaghlaigh (€)
1997=100 Caiteachas bliantúil in aghaidh an linbh (€)
1997=100
1997 2,544 100.0 886.5 100.0
1998 2,744 107.9 1091.6 123.1
1999 2,801 110.1 1151.4 129.9
2000 2,988 117.5 1259.4 142.1
2001 3,123 122.8 1403.9 158.4
2002 3,523 138.5 1599.0 180.4
2003 3,683 144.8 1717.6 193.7
2004 3,790 149.0 1861.0 209.9
2005 4,135 162.6 2124.9 239.7
2006 4,915 193.2 2442.6 275.5
2007 6,135 241.2 2946.0 332.3
2008 6,126 240.8 2935.1 331.1
2009 6,437 253.1 2999.7 338.4
Meán 1997-2009
8.8% 11.7%
Foinse Tuarascáil Staitistiúil RCS
Fionnachtain 3-6: Méadú suntasach i gcaiteachas FIT nasctha le tiománaithe polasaí agus
neamhpholasaí araon
Tá caiteachas ar FIT méadaithe 15.5% in aghaidh na bliana thar an tréimhse athbhreithnithe.
Tá na fachtóiri ag tiomáint an mhéadaithe i gcaiteachas FIT níos casta ná iad sin do MLC
agus SL ag léiriú athruithe in éagsúlachtaí polasaí (athruithe sa chóras cánach, íosuaireanta
a oibríodh, sainmhíniú ar ioncam measúnaithe, luach tairseacha FIT, íosíocaíochtaí srl.),
fachtóirí déimeagrafacha (líon leanaí, imirce srl.), fachtóirí sóisialta (líon sa teaghlach), rátaí
tógáil suas agus fachtóirí an mhargaidh shaothair (íosphá, leibhéil eile pá, rátaí
96
rannpháirtíochta, rátaí dífhostaíochta). Fad is gur dócha gur chuir fachtóirí déimeagrafacha
agus eacnamaíoch (mar fás i líon na leanaí agus i bhfostaíocht) leis an méadú sin, is dócha
gurb iad méaduithe bainteach le polasaí i dtairseacha FIT a raibh an éifeacht ba mhó acu ar
mheáníocaíochtaí agus mar sin ar chaiteachas iomlán.
Íocaíochtaí eile bainteach le leanaí
LÉCSN: Mhéadaigh caiteachas ar an LÉCSN go suntasach le linn na tréimhse ó 1997 go 2009
ag méadú ó €14.9m i 1998 go €49.6m i 2008 ag léiriú an mhéadaithe i líon na dtairbhithe (ó
2003 ar aghaidh) agus an méadú sa mheáníocaíocht (féach ar Tábla 3-11). Ó 1997 go 2001 bhí
laghdú i líon na leanaí cáilithe ag léiriú na titime sna leibhéil dífhostaíochta. Sna blianta 2002
agus 2003 bhí méaduithe i líon na leanaí go 155,811 agus 172,123 faoi seach. Is dócha gur
féidir an méadú sin a chur síos do (i) mhaolú sa tástáil mhaoine i 2002 le cáilitheacht
mhéadaithe dá bharr agus (ii) méadú i líon na bhfaighteoirí íocaíochta teaghlach
aontuismitheora. Is de bharr méaduithe i luach ainmniúil na híocaíochta i 2007 atá an
méadú i gcaiteachais in aghaidh an linbh nuair a méadaíodh an ráta do gach leanbh den aois
2-11 ó €120 go €180 agus ó €190 go €285 do gach leanbh den aois 12-17.
Tábla 3-11: LÉCSN - caiteachas, leanaí agus caiteachas in aghaidh an linbh (1997-2009)
Caiteachas € milliún
Leanaí ag baint tairbhe as (000s)
Caiteachas in aghaidh an linbh
€ 1997 14.9 231.0 64.6 1998 13.1 209.3 62.8 1999 11.6 183.7 63.0 2000 13.8 158.8 86.9 2001 12.8 143.0 89.6 2002 15.2 155.8 97.7 2003 17.7 172.1 102.9 2004 17.0 153.4 111.0 2005 16.7 157.3 106.3 2006 24.9 161.5 154.2 2007 40.2 180.3 222.9 2008 49.6 200.2 247.9 2009 67.2 277.7 241.9 1997 – 2009 350% 20% 275%
Foinse Tuarascáil Staitistiúil RCS
FLL Óna tugadh isteach é in Aibreán 2006 mhéadaigh caiteachas ar an scéim sin ó €292
milliún i 2006 go €477 milliún i 2008 sular thit sé siar go €231 milliún measta i 2009.
Taispeánann Tábla 3-12 gur shroich an mheáníocaíocht in aghaidh an linbh agus an meánlíon
97
leanaí buaicphointe i 2008. Léiríonn an laghdú i gcaiteachas i 2009 laghduithe i líon agus i
rátaí íocaíochta de réir mar a bhí an scéim á tabhairt chun críche.
Tábla 3-12: Forlíonadh Luathchúram Leanaí - faighteoirí agus caiteachas (2006-2009)
Bliain
Meánlíon leanaí Meáníocaíocht FLL
bliantúil in aghaidh an linbh
Caiteachas iomlán
000 2006=100 € 2006=100 €m 2006=100
2006 367.3 100.0 795 100.0 292 100.0 2007 382.3 104.1 1,091 137.2 417 142.8 2008 398.7 108.5 1,196 150.5 477 163.4 2009 340 92.6 679 85.5 231 79.1
Tabhair faoi deara: meastachán do 2009
Fionnachtain 3-7: Méadú i gcaiteachas íocaíochta eile nasctha le cinntí polasaí
Tá méadú suntasach i gcaiteachas ar LÉCSN thar thréimhse an athbhreithnithe albeit ó
bhonn beag. I dtosach is ó mhéaduithe i rátaí íocaíochta a tháinig an méadú go príomhúil
mar thit líon na leanaí sa tréimhse suas go 2006. Ó shin tá líon na leanaí ag baint tairbhe as
an liúntas ag méadú go suntasach ag léiriú an líon teaghlach níos mó atá cáilitheach iarratas
a chur isteach ar an liúntas de bharr fachtóirí eacnamaíochta. Bhí méadú mór i gcaiteachas
mar thoradh ar an FLL a thabhairt isteach thar an gcuid deiridh den tréimhse athbhreithnithe
ach cuireadh críoch iomlán leis sin faoi 2010 mar cuireadh deireadh leis an íocaíocht.
3.3 Achoimre
Tugann an chaibidil seo cur síos ginearálta ar na príomhíocaíochtaí tacaíochta ioncam leanaí:
Sochar Leanaí, Méaduithe i leith Linbh Cháilithe agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh agus
cláir eile bainteach le leanaí mar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua agus an
Forlíonadh Luathchúram Leanaí. Shainaithin an t-athbhreithniú freisin líon príomhfhorbairtí i
saolré na scéime. Breathnaítear sa chaibidil seo na treochtaí i gcaiteachas i ngach ceann de
na cláir agus aibhsítear gur méadaíodh faoi cheathair caiteachas iomlán ar íocaíochtaí TIL ó
1997 go 2008 (ó bheagnach €900 milliún go €3.6 billiún nuair a chuirtear FLL agus LÉCSN san
áireamh) ag léiriú an mhéadaithe i leibhéal na n-íocaíochtaí le blianta beaga anuas go
háirithe i SL agus an méadú i líon na dtairbhithe á dtiomáint ag fachtóirí déimeagrafacha
agus fachtóirí eile. Leanadh leis an treo polasaí díriú den chuid is mó ar íocaíochtaí Sochar
Leanaí a mhéadú thar na deich mbliana atá thart i gcoibhneas le breiseanna i leith linbh
98
sonraithe d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh leis na cuspóirí tabhairt faoi bhochtanas leanaí,
feabhas a chur ar dhreasachtaí fostaíochta agus tabhairt faoi mhéaduithe i gcostas cúram
leanaí. Mar thoradh ar mhéaduithe sna deich mbliana reatha tá méadú ar chaiteachas ar na
trí phríomhchár TIL agus cláir bhainteacha óna ísealphointe 1.0%/1.1% de OTI/OIN i 2000 go
2.1%/2.6% i 2009 leis an gcuid is mó den chaiteachas curtha ar fáil go méadaitheach trí na
príomhíocaíochtaí uilíocha (Sochar Leanaí agus cláir FLL) a chlúdaigh 77% de chaiteachas
iomlán TIL i 2009 fad is gur chlúdaigh íocaíochtaí sonraithe an fuílleach. Is é an éifeacht atá
ag cúrsaí buiséadach i 2010 ná caiteachas iomlán mar chéatadán de OTI/OIN a laghdú go
2.0%/2.5% le 71% den chaiteachas sin ag teacht trí Shochar Leanaí uilíoch.
99
CAIBIDIL 4: POLASAÍ TIL - ÉIFEACHTACHT AGUS ÉIFEACHTÚLACHT FHORIOMLÁN
Is é cuspóir Chaibidil 4 ná breithniú a dhéanamh ar an oiread cuspóirí polasaí a baineadh
amach agus dá bhféadfaí a leithéid a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí trí mheascán
malartach caiteachais ar chláir. Tá fócas tosaigh na caibidle ar thógáil ar an anailís cuspóirí a
rinneadh roimhe seo i gCaibidil 2, trí tháscairí cuí a aithint agus a chainníochtú d'fhonn
torthaí na gclár a iniúchadh. Seo an fócas atá ann i gcodanna 4.1 (soláthar cúnaimh le tógáil
leanaí) agus 4.2 (deireadh a chur le bochtaineacht leanaí agus díriú ar dhreasachtaí oibre).
Cuireann Cuid 4.3 creat loighciúil measúnaithe na gclár i bhfeidhm ar na táscairí seo, trí phlé
a dhéanamh ar an oiread is féidir leis an athbhreithniú na torthaí seo a lua leis an bpolasaí
agus na cláir TIL iad féin. Déanann Cuid 4.4 breithniú ar an oiread is féidir le meascáin
éagsúla clár (go háirithe idir cláir uilíocha agus roghnaitheacha) torthaí comhchosúla nó níos
fearr a bhaint amach agus díríonn Cuid 4.5 ar chomhlántach agus comhbhabhtáil idir
thorthaí. Soláthraíonn Cuid 4.6 achoimre caibidlí.
4.1 Cúnamh le tógáil leanaí
Tugadh faoi deara i gCaibidil 2 go raibh cuspóir foriomlán na gclár tacaíochta ioncaim do
leanaí ina chuspóir dúbailte. Ba iad sin, (i) cúnamh a sholáthar do gach teaghlach ina bhfuil
leanaí trí réimse íocaíochtaí, mar aitheantas ar chostais níos airde a bheith ar thógáil leanaí
agus cúram leanaí, ar bhealach a thugfadh rogha do na tuismitheoirí maidir leis an gcaoi a
ndéanfaí é seo, agus (ii) cúnamh spriocdhírithe do theaghlaigh ar bheagán ioncaim ina bhfuil
leanaí, ar bhealach a d'íoslaghdódh dídhreasachtaí margadh saothair nó a chuirfeadh go
dearfach le dreasachtaí margadh saothair, d'fhonn ioncam féideartha tuismitheoirí a
fheabhsú agus chun bochtaineacht a laghdú i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí. Is iad na
ceisteanna measúnaithe ar leith a bhfuiltear chun díriú orthu sa chuid seo agus sa dá chuid
ina dhiaidh sin ná: “Céard iad na táscairí iomchuí torthaí ar féidir feidhmíocht a mheasúnú
ina n-aghaidh?” agus “Cén forás a tháinig ar na táscairí seo i rith thréimhse an
mheasúnaithe?”
4.1.1 Forbhreathnú ar tháscairí féideartha
Agus measúnú á dhéanamh ar an gcuspóir ar leith maidir le cúnamh a sholáthar leis an
gcostas tógála leanaí, cuirtear constaic le measúnóirí polasaí le heaspa ráitis oibiachtúil ar (a)
an gcostas tógála leanaí agus (b) an oiread is mian leis an tsochaí íoc as an gcostas sin. Go
100
héifeachtach, cé go bhfuil cuspóir ann atá luaite go leathan chun roinnt ioncaim a
athdháileadh ar theaghlaigh ina bhfuil leanaí, níl aon chaighdeán cainníochtúil ann ar féidir
measúnú a dhéanamh ar an gcuspóir seo ina aghaidh. Níor shonraigh an Coimisiún um Leas
Sóisialach (1986) cé mhéad is chóir a sholáthar, cé gur mhol sé gur chóir don Stát costas
iomlán na leanaí i dteaghlaigh ar bheagán ioncaim a íoc.78 Ina theannta sin, nuair a bhí
leathnú mór á fhógairt ag an Aire Airgeadais ar chaiteachas ar an scéim Sochar Linbh i 2001,
shocraigh an tAire an phríomhsprioc i dtéarmaí méadú ar leibhéal foriomlán an chaiteachais
ainmniúil, in áit spriocanna leibhéal na híocaíochta é féin.79 Ní hionadh mar sin go raibh sé
mar chonclúid ag rúnaíocht an CNES (NESC) nár díríodh in aon doiciméad mór polasaí
Éireannach ar an oiread cúnaimh is cóir a sholáthar.80
Agus cuspóir sainráite in easnamh, tá sé i gceist ag an athbhreithniú díriú ar an gceist go
hindíreach, trí athbhreithniú a dhéanamh ar an ráta íocaíochta SL in aghaidh réimse táscairí
cuí. Maidir leis na teaghlaigh sin a fhaigheann íocaíochtaí eile TIL (FIT/MLCanna), tá an
cúnamh iomlán níos mó ná mar a bheadh ó Shochar Linbh amháin. Tá an bealach cuir chuige
seo inchomparáide le bealach cuir chuige an Choimisiúin um Leas Sóisialach (1986), rud a
d'fhiosraigh réimse leathan táscairí eile a bhféadfaí é a thomhas ina n-aghaidh, ó ba rud é
nach raibh tagarmharcáil le haghaidh ráta "imleor" leasa shóisialaigh do dhuine fásta ar fáil.
Ach ba chóir a aithint go bhfuil an cleachtadh seo beagán difriúil, mar bheadh an cion ba
chóir don tsochaí i gcoitinne a íoc nó is mian leis an tsochaí i gcoitinne a íoc don chostas seo
gan socrú go fóill, fiú dá mbeadh an "costas iomlán linbh" dearbhaithe go hoibiachtúil.
D'áirigh an réimse táscairí a roghnaíodh na cinn seo a leanas:
Bealaí cuir chuige atá bunaithe ar chostas nó ar chaiteachas: Cuimsíonn siad seo
dearbhú costas ciseán earraí a bhaineann le leanaí agus anailís ar an tSuirbhéireacht
78
Is ionann an sprioc Cuimsitheacht PGN atá ann faoi láthair gur chóir go mbeadh SL agus MLCanna thart ar 33%-35% de na príomh-rátaí pearsanta leasa shóisialaigh nuair a chuirtear le chéile iad,
is
ionann é agus léargas intuigthe ar an méid cúnaimh is cóir don stát a sholáthar do theaghlaigh ar bheagán ioncaim. 79
Ina ráiteas ar Cháinaisnéis 2001, bhí an méid seo le rá ag an Aire Airgeadais “Is áthas liom a fhógairt mar sin, go bhfuil na rátaí Sochar Linbh le haghaidh an chéad agus an dara leanbh á méadú £25 go £67.50 in aghaidh na míosa agus £30 go £86 in aghaidh na míosa le haghaidh an tríú leanbh agus leanaí eile ina dhiaidh sin. Beidh na rátaí nua á n-íoc ó Mheitheamh seo chugainn, dáta atá trí mhí níos luaithe ná mar is gnách. Is ionann an méadú seo de bhreis is 50 faoin gcéad ar rátaí íocaíochta reatha agus an chéad chéim de chlár trí bliana. Ag deireadh an phróisis seo, beidh aon bhilliún punt breise infheistithe go díreach i leas ár leanaí. Beidh íocaíochtaí míosúla Sochar Linbh £117.50 agus £146 i gceist, méideanna atá i bhfad os cionn na ngealltanas sa CRC. Ciallóidh sé seo go mbeidh suas le £90 breise in aghaidh na míosa ar fáil le haghaidh leanaí ag deireadh trí bliana. Faoin am sin, beidh teaghlach ina bhfuil ceathrar leanaí ag fáil méid is comhionann le breis is £120 in aghaidh na seachtaine mar thacaíocht Sochar Linbh.” - Díospóireachtaí Stairiúla Dháil Éireann, Imleabhar 527, Rúin Airgeadais 2000, Ráiteas Cáinaisnéise 2000, 06 Nollaig, 2000, 80
Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, lth. 5.
101
ar Bhuiséad Teaghlaigh, chun comparáid a dhéanamh idir caiteachas na dteaghlach
ina bhfuil leanaí agus caiteachas na dteaghlach nach bhfuil aon leanaí iontu;
Bealaí cuir chuige atá bunaithe ar thuillimh/phraghsanna: Cuimsíonn siad seo
comparáid idir an leibhéal SL agus táscairí tuillimh agus praghsanna;
Bealaí cuir chuige atá bunaithe ar thagarmharcáil riaracháin: Cuimsíonn siad seo
comparáid luach na híocaíochta SL le luach creidmheas cánach agus íocaíochtaí a
bhaineann le leanaí, amhail an Íocaíocht Caomhnóra agus an Liúntas Cúram
Altramais;
Bealaí cuir chuige atá bunaithe ar chomparáid: Cuimsíonn siad seo comparáid idir
leibhéal na tacaíochta ioncaim do leanaí agus rátaí coibhéiseacha go hidirnáisiúnta.
4.1.2 Táscairí ar ‘chostas linbh’
Coincheapa agus modhanna
Tá roinnt modhanna éagsúla á n-úsáid chun costas linbh a ríomh, rudaí a mbíonn réimse
meastachán éagsúla mar thoradh orthu. Is é an mhodheolaíocht is coitianta a úsáidtear in
Éirinn ná bealach cuir chuige na gcaighdeán buiséid, rud a chruthaíonn "ciseán tomhaltais",
earra i ndiaidh earra, maidir le leanaí agus déanann sé scrúdú ar an gcostas a bheadh ar an
gciseán tomhaltais seo. Soláthraíonn an chuid is mó tuarascálacha staidéir a úsáideann an
mhodheolaíocht seo meastacháin le dhá chaighdeán maireachtála éagsúla: caighdeán
bunúsach íosta nó ar chostas íseal agus caighdeán measartha ach imleor. Cuimsíonn
leaganacha éagsúla den bhealach cuir chuige i leith caighdeáin bhuiséid an modh
miondealaithe, rud a bhaineann le haithint na n-earraí seo a bhaineann le leanaí agus a
gcostáil, chomh maith leis an modh difríochta, rud a mheasann an difríocht idir buiséad
teaghlaigh ina bhfuil leanaí agus teaghlach gan leanaí. Dar le Corrigan (2004) go bhfuil
caighdeáin bhuiséid ‘á n-úsáid go forleathan, trédhearcach, á mbailíochtú go cúramach,
solúbtha, inoiriúnaithe agus tuigthe go héasca’. Ach glacann sí leis gur féidir go mbíonn a
ndíorthú am-íditheach agus suibiachtúil agus go mbíonn sé deacair comhréir de chuid
mhaith costas a lua le leanaí. Tá sampla den bhealach cuir chuige caighdeáin buiséid san
áireamh i Carney et al (1994) (féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí). Tá an bealach cuir
chuige seo úsáidte ag an gComhpháirtíocht Uinseannach um Cheartas Sóisialta chomh maith,
chun buiséid íosta riachtanacha a ríomh le haghaidh cumraíochtaí éagsúla teaghlaigh. Cé go
gcuimsíonn cuid de na cineálacha teaghlaigh leanaí, amhail tuismitheoir aonair a bhfuil beirt
leanaí aige/aici, níl imdhealú déanta ar thorthaí na hanailíse chun costas linbh a ríomh go
baileach.
102
Bealach cuir chuige eile atá ann ná úsáid "scálaí coibhéise" a bhíonn bunaithe ar
shuirbhéanna ar chaiteachas agus ar thomhaltas de ghnáth. Úsáidtear dhá mhodheolaíocht
éagsúla chun meastacháin a chruthú ina leith seo: modh Engels agus modh Rothbarth.
Déanann modh Engels meastachán ar chostas linbh tríd an ioncam breise a bheadh ag
teastáil le cur ar chumas teaghlaigh ina bhfuil leanaí an méid céanna dá acmhainní a
chaitheamh ar bhia leis na teaghlaigh sin nach bhfuil aon leanaí iontu a ríomh. Ar mhaithe le
cur i gcoinne cáineadh go ndéanann an modh seo rómheas ar an bhfíorchostas leanaí, ós rud
é go bhfuil níos mó barainneachtaí scála i gceist i dtáirgeadh bia i gcomparáid le hearraí agus
seirbhísí eile a bhaineann le leanaí, is féidir an ciseán earraí a úsáidtear chun an costas linbh
a mheas a shíneadh chun earraí eile a chuimsiú, amhail éadaí. Úsáideann modh Rothbarth
pátrúin chaithimh earraí na ndaoine fásta chun costas an linbh a ríomh. Tá an modh seo
bunaithe ar an mbonn go mbeidh tionchar diúltach ag láithreacht leanaí sa teaghlach ar
chaitheamh earraí daoine fásta ag na tuismitheoirí. Ach d'fhéadfadh sé a bheith deacair
earra cuí duine fhasta a aithint agus is gnách don mhodheolaíocht seo gannmheas a
dhéanamh ar chostas linbh. Ar na tuarascálacha staidéir Éireannacha a d'úsáid modh
Rothbarth tá Garvey (2007) agus Bargain et al. (2010) agus tá bailchríoch á cur ar staidéar ar
chostas linbh le bealach cuir chuige Engels faoi láthair.
Bealach cuir chuige deiridh atá ann ná an modh córais éilimh, rud a dhíorthaíonn costas linbh
tríd an éileamh i dteaghlach a mheas maidir le roinnt tráchtearraí áirithe, agus caiteachas nó
ioncam iomlán an teaghlaigh, praghsanna agus comhdhéanamh an teaghlaigh á gcur san
áireamh. Is gnách go mbíonn modheolaíocht mhatamaiticiúil an bhealaigh cuir chuige seo
níos sofaisticiúla. D'úsáid ceann de na tuarascálacha staidéir Éireannacha ba luaithe ar
chostas linbh an bealach cuir chuige seo, mar a bhí, Coniffe agus Keogh (1988). Tá achoimre
ar mheastacháin éagsúla ar an gcostas linbh i gcomhthéacs Éireannach leis na modhanna
éagsúla a bhfuil cur síos orthu thuas, i Tábla 4-1.
103
Tábla 4-1: Meastacháin ar "chostais linbh" (méideanna seachtainiúla)
1. Úsáid caighdeáin bhuiséid
Modh Údar Meastacháin Bealach cuir chuige miondealaithe
Carney et al (1994) ag úsáid sonraí a díorthaíodh ó 1992.
Leanaí de réir aoise
Íoschaighdeán Bunúsach
Caighdeán atá measartha ach imleor
Costas Coibhéiseach le hioncam teaghlaigh
Faoi Bhun 1 €28.94 €31.62 Faoi Bhun 1 0.17 1-2 €27.81 €32.51 2 – 4 0.13
3-4 €21.08 €34.54 5 – 7 0.18 5-6 €28.83 €40.51 8 – 10 0.22 7-8 €33.78 €46.10 9-10 €35.05 €47.37 11 – 12 0.25 11-12 €39.75 €53.84 13-14 €46.35 €59.31 13 – 15 0.29 15-16 €48.64 €62.61 17-18 €47.50 €62.23 16 – 18 0.30
Bealach cuir chuige miondealaithe
Corrigan (2004), rud atá bunaithe ar Carney et al (1994) agus a nuashonraíodh leis an IPT.
Leanaí de réir aoise
Íoschaighdeán Bunúsach
Caighdeán atá measartha ach imleor
Breith – 6 €36.41 €48.20 7 – 12 €50.15 €64.57 13 agus níos sine
€65.80 €84.98
2. Úsáid iompraíochta caiteachais chun scálaí coibhéise a dhíorthú
Modh Údar Foinse Sonraí Meastacháin Bunaithe ar éileamh
Conniffe agus Keogh (1988)
Bunaithe ar shonraí an tSuirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh ó 1980 agus nuashonraithe go 1987 leis an IPT
1 Leanbh Amháin < 5 bliana 12% 1 Leanbh Amháin 5-15 bliana 16% 2 Leanaí < 5 bliana 15% 2 Leanaí 5-15 bliana 27% 1 Leanbh Amháin <5, 1 Leanbh Amháin 5-15 20%
Táscairí neamhairgeadaíochta ar chaighdeáin mhaireachtála
Conniffe et al (1999) Bunaithe ar shonraí suirbhéireachta 1994 ar Mhaireachtáil in Éirinn
1 Leanbh Amháin < 5 bliana 13% 1 Leanbh Amháin 5-15 bliana 23% 2 Leanaí < 5 bliana 21% 2 Leanaí 5-15 bliana 44% Meastachán comhiomlán 18%
Bunaithe ar Rothbarth
Garvey (2007) Bunaithe ar Shuirbhéireacht ar Bhuiséad Teaghlaigh, 1994 agus 1999
11% - 18% faoi réir aoise, inscne agus stádas ioncaim an teaghlaigh
Bunaithe ar Rothbarth
Bargain et al (2010)
Bunaithe ar shonraí ó Shuirbhéireacht ar Bhuiséad Teaghlaigh, 2005
13% - 18% faoi réir aoise, inscne agus stádas ioncaim an teaghlaigh
Engels Anaithnid (2010) Bunaithe ar shonraí ón tSuirbhéireacht ar Bhuiséad Teaghlaigh, 2004
Catagóirí Níos Leithne Meastachán comhiomlán 23%, ach d'fhéadfadh sé a bheith idir 18% agus 28% agus é faoi réir aoise, inscne agus stádas ioncaim an teaghlaigh Bia Meastachán comhiomlán 32%
104
Bealach cuir chuige an chaighdeáin buiséid
Rinne Carney agus Fitzgerald (1994) an chéad tuarascáil staidéir Éireannach ina ndearnadh
meastachán ar chostas linbh, le bealach cuir chuige an chaighdeáin buiséid. Bhí an tuarascáil
seo ullmhaithe ag an Ionad Staidéar Teaghlaigh ag COBÁC (UCD) ar son na Gníomhaireachta
do Chomhrac na Bochtaineachta le sonraí ó 1992 agus rinneadh meastachán inti ar an
gcostas linbh de réir an dá chaighdeán. Rinne an caighdeán bunúsach íosta buiséid soláthar
le haghaidh aiste bhia bhunúsach, feisteas measartha, costais riachtanacha scolaíochta agus
caiteachas teoranta ar chaitheamh aimsire, turais, laethanta saoire agus bronntanais. Rinne
an caighdeán buiséid a bhí measartha ach imleor soláthar le haghaidh aiste bhia níos
ilghnéithí, caiteachas breise ar bhréagáin agus bronntanais agus caiteachas breise oideachais
amhail rannpháirtíocht réamhscolaíochta agus cuairt ar an nGaeltacht. Is é an costas measta
a bhí ar na ciseáin seo i rith 2009 nuair a rinneadh mionathrú le haghaidh boilsciú
praghsanna81 ná thart ar €43 go €73 in aghaidh na seachtaine (caighdeán bunúsach íosta)
agus €49 go €97 in aghaidh na seachtaine (caighdeán measartha ach imleor) agus d'ardaigh
sé in éineacht le haois an linbh de ghnáth (féach Figiúr 4-1); bhí an costas a bhain le
haoisghrúpa 15 - 16 níos mó ná dhá oiread chostas an aoisghrúpa ó 3-4. Tá an fáth atá leis
seo faoi réir chomhdhéanamh an chiseáin; b’ionann bia agus an t-earra ba mhó do leanaí
óga, ach tháinig laghdú ar a thábhacht choibhéiseach ó thart ar shé bliana d'aois. Tháinig
laghdú ar chostais cúraim phearsanta i gcomhréir le dul in aois, ach bhí tábhacht níos mó le
costais oideachais i rith na mblianta scoile (féach Tábla 4-2 chun miondealú a fheiceáil).
Cé chomh bainteach is atá na caighdeáin seo i láthair na huaire? D'fhéadfaí a mhaíomh go n-
athraíonn an dearcadh atá ann ar céard is íosmhéid bunúsach ann de réir a chéile, go
háirithe tar éis tréimhse athruithe tapa sóisialta déimeagrafacha agus eacnamaíocha. Agus
cleachtadh "costas linbh" le déanaí in easnamh, is dócha go bhfuil ionchais an phobail i leith
caighdeán íosta imleor níos gaire don chaighdeán buiséid 'measartha ach imleor' anois.
81
Caithfear cuimhneamh go bhfuil an seans ann nach léireodh an IPT comhiomlán gluaiseachtaí coibhéiseacha phraghsanna na n-earraí sa chinseán go hiomlán.
105
Tábla 4-2: Costas measta seachtainiúil linbh i 1992 agus é nuashonraithe le haghaidh 2009 leis an
innéacs praghsanna do thomhaltóirí
Íoschaighdeán Bunúsach
Measartha ach imleor
Íoschaighdeán Bunúsach
Measartha ach imleor
IE£ 1992
IE£ 1992
€ 2009
€ 2009
Faoi Bhun 1 22 (€27.93) 25 (€31.74) 44 49 1-2 bhliain 22 (€27.93) 26 (€33.01) 43 51 3-4 bliana 17 (€21.59) 27 (€34.28) 33 54 5-6 bliana 23 (€29.20) 32 (€40.63) 45 63 7-8 mbliana 27 (€34.28) 36 (€45.71) 53 72 9-10 mbliana 28 (€35.55) 37 (€46.98) 55 74 11-12 bhliain 31 (€39.36) 42 (€53.33) 62 84 13-14 bliana 37 (€46.98) 47 (€59.68) 72 92 15-16 bliana 38 (€48.25) 49 (€62.22) 76 97 17-18 mbliana 37 (€46.98) 49 (€62.22) 74 97 Foinse: Carney agus Fitzgerald (1994); IPT ó www.cso.ie
Figiúr 4-1: Miondealú costas seachtainiúil linbh de réir aoisghrúpa (Íoschaighdeán Bunúsach, 1992)
0%
10%
20%
30%
40%
50%
60%
70%
80%
90%
100%
FaoiBhun 1
1-2bhliain
3-4bliana
5-6bliana
7-8mbliana
9-10mbliana
11-12bhliain
13-14bliana
15-16bliana
17-18mbliana
Airgead Póca, bréagáin agusbronntanais
Turais agus laethanta saoire
Breosla
Earraí marthanacha teaghlaigh
Cúram Pearsanta
Oideachas
Éadaí
Bia
106
Cén chaoi ar tháinig athrú ar rátaí íocaíochta SL i gcomparáid leis na meastacháin seo ar
"chostas linbh"? Taispeánann Figiúr 4-2 rátaí coibhéiseacha seachtainiúla íocaíochta SL mar
chéatadán de na caighdeáin mheánacha leorgachta agus iad mionathraithe le haghaidh
boilsciú, i rith na tréimhse ó 1992 go dtí 2010.82 Mhéadaigh rátaí SL níos tapúla ná
praghsanna tomhaltais i rith na tréimhse agus is ionann iad agus céatadán i bhfad níos airde
anois den chostas linbh le haghaidh an dá chaighdeán ná mar a bhí beagnach scór bliain ó
shin, mar thoradh air sin. Meastar gur íoc an ráta SL atá níos airde (do thriúr leanaí nó níos
mó) breis is 80% den chostas (caighdeán bunúsach) i rith 2010, i gcomparáid le níos lú ná
20% i 1992. Maidir leis an gcaighdeán measartha ach imleor, íocann an ráta SL (le haghaidh
1-2 leanaí) atá níos ísle thart ar leath den chostas linbh anois, i gcomparáid le haon deichiú i
1992. Taispeánann Figiúr 4-3: na rátaí SL atá níos ísle mar chéatadán de na meastacháin
shuasrátaithe costas linbh de réir aoisghrúpa i rith 2010. Maidir leis an gcaighdeán
bunúsach, tá siad os cionn 100% i gcás an aoisghrúpa 3-4, go leibhéal faoi bhun 50% i gcás na
ndéagóirí atá níos sine. Maidir leis an gcaighdeán measartha, tá siad thart ar 70% i gcás an
aoisghrúpa is óige go leibhéal faoi bhun 40% i gcás na ndéagóirí atá níos sine.
Figiúr 4-2: Rátaí SL mar chéatadán den mheastachán suasrátaithe ar chostas meánach linbh (1992
go dtí 2010)
0%
10%
20%
30%
40%
50%
60%
70%
80%
90%
100%
1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
Ce
ata
dá
n c
os
tas l
inb
h
Ráta íseal SL mar % den chaighdeán bunúsach meánach Ráta íseal SL mar % den chaighdeán measartha meánach
Ardráta SL mar % den chaighdeán bunúsach meánach Ardráta SL mar % den chaighdeán measartha meánach
82 Úsáid réamhaisnéis na Roinne Airgeadais i gCáinaisnéis 2010 maidir leis an IPT; ní dhéantar an
meán a mheá idir na haoisghrúpaí éagsúla.
107
Figiúr 4-3: Ráta SL níos ísle mar chéatadán den mheastachán suasrátaithe ar chostas linbh de réir
aoisghrúpa (2010)
0%
20%
40%
60%
80%
100%
120%
Faoi Bhun 1 1-2 bhliain 3-4 bliana 5-6 bliana 7-8 mbliana 9-10 mbliana 11-12 bhliain 13-14 bliana 15-16 bliana 17-18 mbliana
Meas
tach
áin
ar
% c
osta
s s
uasrá
tait
he l
inb
h (
201
0)
Íoschaighdeán Bunúsach 2010 Measartha ach imleor 2010
Tá gá le focal rabhaidh speisialta faoi bhealach cuir chuige na gcaighdeán buiséid i leith
costas linbh a mheas agus go háirithe maidir le rogha na gcostas is cóir a bheith san áireamh
sa chaighdeán. Ní dhearna bealach cuir chuige na gcaighdeán buiséid mar a cuireadh i
bhfeidhm é i gcás thuarascáil staidéir Carney et al. (1994) ach tomhas ar chostais dhíreacha
linbh. Ach níor fhéach sé le díriú ar na costais dhíreacha cúram íoctha leanaí ná ar chostais
indíreacha tógála leanaí, amhail an "costas deise" tuillimh tharscaoilte nuair atáthar
fostaithe le haghaidh airgid. Ní heol dúinn cén fáth nach raibh na costais cúram leanaí san
áireamh sa staidéar seo, cé gur dócha go raibh níos lú eolais ann faoi na costais dhíreacha
cúram leanaí ag an am. Nuair a chuirtear an fócas atá dírithe ar an gceist seo sa dioscúrsa
poiblí agus sa pholasaí poiblí araon san áireamh, is dóchúil go mbeadh costais cúram leanaí
san áireamh ina leithéid de chleachtadh dá ndéanfaí anois é. Cé go bhfuil sé úsáideach
breithniú a dhéanamh ar fhorás na n-íocaíochtaí SL in aghaidh ríomh suasrátaithe 1992, tá sé
deacair teacht ar chonclúidí cinnte maidir le leorgacht a leithéid d'íocaíochtaí sa chás atá ann
faoi láthair. Déantar tuilleadh plé ar cheist chostais an chúraim leanaí sa chéad chuid eile.
Costais cúram leanaí
Réimse amháin de chostas linbh ar díríodh aird ar leith air le roinnt blianta anuas ná costas
an chúraim leanaí íoctha. Tá nasc soiléir idir seo agus rannpháirtíocht tuismitheoirí sa lucht
108
oibre, go háirithe máithreacha. Tá rannpháirtíocht na mban sa lucht oibre tar éis méadú ar
ráta duine amháin in aghaidh deichniúir san aoisghrúpa 35-44 agus duine amháin in aghaidh
cúigir san aoisghrúpa 45-54 le deich mbliana anuas (féach Figiúr 4-4).
Figiúr 4-4: Rannpháirtíocht san EIS; ráta rannpháirtíochta na mban ó 1997 (SRNT)
40
45
50
55
60
65
70
75
80
85
25 - 34 bliain
35 - 44 bliain
45 - 54 bliain
Cén oiread ar chóir costais cúram leanaí a chur san áireamh in anailís ar chostas foriomlán
linbh? D'fhéadfaí a mhaíomh gur chóir cúram leanaí a chur san áireamh i gcostas ciseán
linbh agus curtha san áireamh sa táscaire roimhe seo i bhfianaise an chostais cúram íoctha
leanaí ar líon caighdeánach uaireanta, ós rud é gurb ionann é agus costas a bhaineann le
leanaí, amhail ceann ar bith eile (m.sh. costais oideachais). Mar shampla, d'fhoilsigh an PS
modúl speisialta ar chúram leanaí íoctha mar chuid dá sraith Suirbhéanna Ráithiúla Náisiúnta
ar Theaghlaigh. D'aimsigh sé gurbh ionann costas meánach an chúraim leanaí íoctha in
aghaidh an teaghlaigh maidir leis an teaghlaigh go léir agus €97.53 in aghaidh na seachtaine i
2002 agus gur tháinig méadú air sin go €120.64 in aghaidh na seachtaine i rith 2005.
D'aimsigh sraith mhíosúil an innéacs praghsanna do thomhaltóirí maidir le cúram leanaí gur
tháinig méadú breise 13.5% ar chostais cúram íoctha leanaí idir 2005 agus 2008, rud a
thugann le fios go raibh costais sheachtainiúla cúram leanaí thart ar €134 faoi 2008 (má
dhéantar talamh slán de nach raibh aon athrú mór ar na huaireanta).
109
Cé na conclúidí is féidir a bhaint uaidh seo? Thug polasaithe an rialtais ar chúram leanaí le
deich mbliana anuas le fios go soiléir go bhfuil suim ag an bpobal cúnamh a sholáthar do
thuismitheoirí leis an gcostas cúram leanaí. Bhí cuid mhaith turgnamh á ndéanamh le
leibhéal na tacaíochta seo agus leis an gcaoi ar chóir é a sholáthar. Bhí tionscnaimh ann a
bhí dírithe ar mhéadú soláthair (clár cúram leanaí comhdheiseanna, faoiseamh cánach do
sholáthraithe) agus tacaíocht dhíreach do thuismitheoirí, ar bhonn uilíoch le haghaidh gach
linbh faoi bhun sé bliana d'aois (Forlíonadh Luathchúram Leanaí) agus ar bhonn níos
spriocdhírithe, le soláthar bliain réamhscoile saor in aisce do leanaí d'aois áirithe (SCOL).
Scálaí coibhéise
Is é an bealach indíreach a chuirtear chuig costas linbh a thomhas ná comparáid a dhéanamh
idir pátrúin chaiteachais na dteaghlach ina bhfuil leanaí agus nach bhfuil leanaí iontu agus
conclúidí a bhaint aisti sin ar chostas linbh, ó bhreathnú ar dhifríochtaí idir an dá chás. Cé go
bhfuil sé réasúnta simplí le coincheapú, is minic go mbíonn anailís shofaisticiúil de dhíth ar
an mbealach cuir chuige seo chun caitheamh earraí áirithe agus líon na leanaí i dteaghlach a
chur san áireamh i gceart.
Is gnách go léiríonn tuarascálacha staidéir a úsáideann an bealach indíreach cuir chuige seo
an costas linbh mar chomhréir de chostas lánúine gan leanaí. Mar atá le feiceáil i dTábla 4-1,
soláthraíonn na modheolaíochtaí éagsúla a úsáideann modhanna iompraíochta caiteachais
chun scálaí coibhéise a dhíorthú meastacháin idir 12% i gcás linbh faoi bhun cúig bliana
d'aois agus 32% i bhfianaise na bpátrún caithimh bia. D'fhéadfadh meastacháin éagsúla a
bheith i gceist faoi réir aoise, líon na leanaí agus inscne/stádas ioncaim an teaghlaigh.
Tugann an fhianaise idirnáisiúnta le fios chomh maith gurb ionann costas coibhéiseach linbh
agus meán 20% go dtí 30% de bhuiséad lánúine gan leanaí83 agus tá an chuma ar an scéal go
bhfuil an fhianaise ó thuarascálacha staidéir Éireannacha i gcomhréir maidir leis seo.
Anailís ar chaitheamh airgid an teaghlaigh
Taispeánann Figiúr 4-5 caiteachas ag cineálacha difriúla teaghlach ón tSuirbhéireacht ar
Bhuiséad Teaghlaigh (SBT) le haghaidh 2004-2005. Mar a bheifí ag súil leis, tá gaol soiléir
ann idir páistí a bheith ann agus leibhéil chaiteachais níos airde. Úsáideadh anailís staidrimh
83 Marie-Thérèse Letablier, Angela Luci, Antoine Math, agus Olivier Thévenon, The costs of raising
children and the effectiveness of policies to support parenthood in European countries: a Literature
Review, An Coimisiún Eorpach (2009), lch. 21.
110
chun scrúdú a dhéanamh ar an ngaol idir caiteachas meánach teaghlaigh, líon na leanaí agus
líon na ndaoine fásta chomh maith le glanioncam. Tugann na torthaí le fios go gcaitheann
teaghlaigh €54 ar gach leanbh in aghaidh na seachtaine ar an meán, nuair a chuirtear rialú
ioncaim agus líon na ndaoine fásta san áireamh. Tá sé seo réasúnta gar don chostas
suasrátaithe linbh €50 in aghaidh na seachtaine a measadh le haghaidh na tréimhse céanna.
Ba é an ráta seachtainiúil SL a bhí níos ísle ná €33 nó thart ar 60% den mhéid a caitheadh ar
an meán ar gach leanbh i rith 2005.
Figiúr 4-5: Caitheamh airgid an teaghlaigh de réir chineál an teaghlaigh, 2004/2005
€0
€200
€400
€600
€800
€1,000
€1,200
€1,400
1 DuineFásta Amháin
Beirt Fhásta 1 duine fástaamháin a bhfuilleanaí aige/aici
Beirt fhástaa bhfuil
1-3 leanaí acu
Triúr Fásta + Daoine Eilea bhfuil leanaí acu
Gach teaghlach
Cait
heam
h a
irg
id s
each
tain
iúil i
rit
h 2
004/5
(€)
Foinse: An PS, Suirbhéireacht ar Bhuiséad Teaghlaigh
4.1.3 Táscairí a úsáideann praghsanna agus tuilleamh
Tháinig méadú 336% ar rátaí íocaíochta SL (ráta níos ísle) agus 310% (ráta níos airde) ó 1997
go dtí 2009. Nuair a dhéantar comparáid le boilsciú praghsanna tomhaltóirí 42% i rith na
tréimhse céanna, tugtar ardú ollmhór ar chumhacht ceannaigh iarbhír le fios. Is cleachtas
fadbhunaithe é léiriú méid airgid thirim ainmniúil mar chéatadán de thuilleamh tionsclaíoch i
measúnú fhíorluach an mhéid sin de réir a chéile. Is féidir leis forás caighdeáin
mhaireachtála a rianú go garbh de réir a chéile. Tá sé de bhuntáiste ag an mbealach cuir
chuige seo chomh maith gur sraith fhadbhunaithe é tuilleamh tionsclaíoch a shíneann siar ar
feadh thréimhse iomlán íocaíocht an tSochair Linbh (agus a réamhtheachtaí, an Liúntas
111
Leanaí). Ach tá roinnt buarthaí ann faoina úsáid. Is minic nach léiríonn tuilleamh tionsclaíoch
ach aon dream amháin sa tsochaí (na daoine sin atá ag gabháil d'fhostaíocht san earnáil
thionsclaíoch) agus d'fhéadfadh sé éagsúlachtaí suntasacha a cheilt mar mheán, fiú taobh
istigh den earnáil thionsclaíoch. Tá teorainn leis chomh maith mar thomhas ar ioncam
indiúscartha, ós rud é go n-úsáideann sé tuilleamh comhlán in áit glantuillimh. D'fhéadfadh
athruithe ar na huaireanta oibre srl. dul i bhfeidhm air chomh maith agus d'fhéadfadh
neamhleanúnachas eile fadhbanna a chruthú dó. Cailleann sé athruithe móra ar an
gcothromaíocht idir ioncam oibre agus brabús ioncaim náisiúnta, chomh maith le tionchar
líon méadaithe na dteaghlach ina bhfuil beirt saothraithe ar ioncam indiúscartha meánach
na dteaghlach. Ina ainneoin sin, is ionann é agus an chéad chéim úsáideach i measúnú forás
sochar airgid thirim ainmniúil.
Agus iad ag breathnú ar an táscaire seo i dtéarmaí stairiúla ar dtús, rinne an Coimisiún um
Leas Sóisialach (1986) breithniú ar fhorás na n-íocaíochtaí Liúntas Leanaí mar chéatadán de
thuilleamh comhlán meánach i rith na tréimhse 1976/7 go dtí 1985/6 le haghaidh
méideanna éagsúla teaghlaigh. Maidir le teaghlaigh ina raibh beirt leanaí, d'aimsigh sé gur
ardaigh leibhéal na n-íocaíochtaí ó 1.75% de thuilleamh comhlán go 2.8% i rith na tréimhse
(ardú atá beagán os cionn 1 phointe céatadáin i rith na tréimhse). Tugadh méaduithe
comhchosúla faoi deara maidir le teaghlaigh ina raibh ceathrar leanaí (móide 0.8 an duine)
agus seisear leanaí (móide 1.3 an duine).
Taispeánann Figiúr 4-6 go leantar den treocht seo i rith blianta ina dhiaidh sin, cé go n-
úsáidtear na rátaí SL atá níos airde agus níos ísle in áit na ngnáth-íocaíochtaí teaghlaigh agus
an t-athrú ar struchtúr na híocaíochta SL ón am sin san áireamh. I rith na tréimhse ó 1994 go
dtí 2008, tháinig méadú an-mhór ar na rátaí SL i gcoibhneas le tuilleamh (4.3 an duine i gcás
na híocaíochta a bhí níos ísle agus 5.3 an duine i gcás an chinn a bhí níos airde). Bhí an
méadú seo réasúnta céimseach ar feadh cuid mhaith den chuid luath den tréimhse seo. Ó
1998 go dtí 2001, chuaigh fás sárthapa an SL os cionn an fháis tuillimh (rud a bhí ag méadú
go tapa é féin san am sin). Ó shin i leith, tá méadú réasúnta beag tagtha air, rud a
chiallaíonn go raibh na rátaí SL atá níos ísle agus níos airde ar chóiméid le 6% agus 7.3% de
thuilleamh faoi seach i rith 2008.
112
Figiúr 4-6: Ráta íocaíochta SL (cóimhéid seachtainiúil) mar % de Thuilleamh Comhlán Tionsclaíoch,
1985 - 2009
0%
1%
2%
3%
4%
5%
6%
7%
8%
Có
imh
éid
seach
tain
iúil
SL
mar
ch
éata
dán
de t
hu
ille
am
h s
each
tain
iúil
o
ibri
the t
ion
scla
íoch
a
SL (ráta íseal)
SL (ráta ard)
4.1.4 Táscairí a úsáideann creidmheasanna cánach pearsanta
Déanann an bealach cuir chuige seo meas ar fhorás agus ar leibhéal reatha na n-íocaíochtaí
SL in aghaidh luach na gcreidmheasanna pearsanta cánach. Socraítear na creidmheasanna
seo go bliantúil mar chuid den phróiseas buiséid. Is ionann creidmheas pearsanta cánach
agus méid na n-acmhainní a chuireann an córas cáin ioncaim do shochar don cháiníocóir tar
éis dá d(h)liteanas cánach a bheith ríofa.
Ar an gcéad amharc, seans nach bhfuil an chuma air seo gur táscaire cuí é ar chóir comparáid
a dhéanamh leis le forás na híocaíochta sochar linbh. Ach is ionann é agus táscaire indíreach
ar an íosmhéid ioncaim a mheastar a bheith le coinneáil ag duine óna t(h)uilleamh ó thaobh
riaracháin de. D'úsáid an Coimisiún um Leas Sóisialach 1986 réasúnaíocht chomhchosúil
nuair a d'úsáid siad liúntais chánach i bpróiseas ríofa na híocaíochta íosta leasa shóisialaigh a
bheadh imleor do dhaoine fásta. Dúradh i dtuarascáil an Choimisiúin “nach bhfuiltear á
mhaíomh … go bhfuil an cóimhéid seachtainiúil de liúntas cánach bunúsach … bunaithe ar
ríomh sainráite oifigiúil maidir le hioncam atá imleor go híosta, ach is gá go léireodh na
figiúirí na breithiúnais oifigiúla atá ann cheana faoi leorgacht ioncaim ar bhealach éigin; …
d'fhéadfaí struchtúr na liúntas (cánach) a mheas mar mhodh le hathruithe 'cothrománacha'
a dhéanamh ar ghlanioncam ar fud na dteaghlach de mhéideanna agus de chomhdhéanamh
113
difriúil”.84 Pointe eile atá ann ar son an bhealaigh cuir chuige seo ná gur ionchorpraíodh na
liúntais chánach do leanaí go sainráite san íocaíocht Sochar Linbh nuair a cuireadh ar ceal iad
i 1986, rud a thugann le fios go bhfuil sé beartaithe go bhfuil luach an SL mar chúiteamh
indíreach as easnamh creidmheas cánach do leanaí.
Taispeánann Tábla 4-3 luach na gcreidmheasanna cánach bliantúla pearsanta ó tugadh
isteach iad i 2002, chomh maith le taispeáint luach an SL agus é sainráite mar choibhéis
creidmheas cánach. Tá méadú i bhfad níos tapúla tagtha ar luach na híocaíochta SL i
gcomparáid leis an gcreidmheas pearsanta cánach. Go deimhin, sháraigh an ráta SL a bhí
níos ísle agus níos airde araon luach an chreidmheasa chánach phearsanta cuid mhaith go dtí
gur laghdaíodh na rátaí SL i 2010. Sa bhliain 2010, tá an ráta íocaíochta SL atá níos ísle
beagnach ar chomhchéim leis an gcreidmheas cánach pearsanta agus tá an ráta atá níos
airde 23% níos airde.
Tábla 4-3: Luach phacáiste an tSochair Linbh mar chéatadán den chreidmheas pearsanta cánach
(2002-2010)
Creidmheas cánach (Duine singil €)
Ráta míosúil SL (€) SL mar choibhéis Creidmheas Cánach
Bliantúil Cóimhéid míosúil
An chéad bheirt leanaí
Leanaí eile An chéad bheirt leanaí
Leanaí eile
2002 1,520 126.67 117.60 147.30 93% 116% 2003 1,520 126.67 125.60 157.30 99% 124% 2004 1,520 126.67 131.60 165.30 104% 131% 2005 1,580 131.67 141.60 177.30 108% 135% 2006 1,630 135.83 150.00 185.00 110% 136% 2007 1,760 146.67 160.00 195.00 109% 133% 2008 1,830 152.50 166.00 203.00 109% 133% 2009 1,830 152.50 166.00 203.00 109% 133% 2010 1,830 152.50 150.00 187.00 98% 123% Foinse: Arna dhíorthú ó shonraí ag www.revenue.ie
4.1.5 TÁSCAIRÍ NA TACAÍOCHTA IONCAM LEANAÍ I DTÍORTHA EILE
Chonaiceamar i gCaibidil 3 go bhfuil an caiteachas ar shochair airgid thirim do theaghlaigh
réasúnta ard in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile, ach go bhfuil an caiteachas ar sheirbhísí a
bhaineann le leanaí réasúnta íseal go contrártha. Sa chuid seo, breathnaítear ar an
gcomparáid idirnáisiúnta seo ar leibhéal na híocaíochta ar leith. Ar ndóigh, is gá go mbeadh
a leithéid de chomparáidí garbh sa chaoi nach gcuireann siad difríochtaí ioncaim náisiúnta ná
leibhéil phraghsanna san áireamh agus tugann siad neamhaird ar dhifríochtaí móra
84 Commission on Social Welfare, lch. 472.
114
struchtúrtha idir na córais TIL. Tá sonraí comhordaithe ag an ECFE ar shochair teaghlaigh i
dtíortha san ECFE i 2008 agus tá achoimre tugtha ar thorthaí ráta na sochar linbh i Figiúr . Is
féidir a thabhairt faoi deara ón bhfigiúr seo go bhfuil na rátaí SL in Éirinn ar na rátaí is airde i
dtíortha an ECFE (OECD). Sa bhliain 2009, bhí an ráta a bhí i bhfeidhm in Éirinn, mar a bhí,
€166 in aghaidh na míosa, bhí sé i bhfad os cionn an mheáin i measc thíortha an ECFE, mar a
bhí, €93.52 in aghaidh na míosa. Tá na rátaí SL is "flaithiúla" ann i Lucsamburg, sa Danmhairg
agus sa Nua-Shéalainn, tíortha a raibh a rátaí i bhfad os cionn an mheáin. Bhí na rátaí ab ísle
ann sa Ghréig, sa Pholainn agus sa tSlóvaic.
Fionnachtain 4-1: Tá an leibhéal cúnaimh in aghaidh an linbh le haghaidh na dteaghlach go
léir tar éis méadú in aghaidh na meastachán costas linbh
Mhéadaigh leibhéal an chúnaimh leis an gcostas tógála leanaí do gach teaghlach ina bhfuil
leanaí i rith thréimhse an athbhreithnithe, ní hamháin i dtéarmaí ainmniúla, ach i
bhfíorthéarmaí chomh maith (coigeartaithe le haghaidh boilsciú) agus i gcoibhneas le táscairí
ioncaim eile. Is rídhóchúil gur mhéadaigh an cúnamh seo mar chomhréir den chostas tógála
leanaí, fiú nuair a chuirtear san áireamh go bhféadfaí nach bhfuil na meastacháin roimhe seo
ar an gcostas linbh ag léiriú ionchais shochaíocha go hiomlán anois maidir le costais réasúnta
tógála leanaí. Má theastaíonn uainn measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith is a
bhaintear an cuspóir soláthair cúnaimh do theaghlaigh leis an gcostas tógála leanaí amach,
ba ghá go mbeadh tagarmharcáil ann (a) a thabharfadh tomhas oibiachtúil ar chostas linbh,
agus (b) sprioc fhoirmiúil pholasaí don mhéid den chostas seo ba ghá don stát a íoc agus cé
mhéad ba ghá don teaghlach a íoc. Cé go bhfuil tomhais áirithe déanta ar an gcostas
díreach tógála leanaí, tá siad as dáta anois agus léiríonn siad tuairimí suibiachtúla ar na
nithe is cóir a chur san áireamh agus a fhágáil as an áireamh. Fiú sa chás go ndearbhófaí an
costas linbh ar bhonn a shásódh gach duine, níl an cheist maidir le cén chomhréir is cóir a íoc
le haistriú dearbhaithe. Ionas go bhféadfaí seachtháscairí ar an treocht fhoriomlán sa
tacaíocht do gach teaghlach a thabhairt, rinne an t-athbhreithniú breithniú ar an treocht i
rátaí SL le roinnt comparadóirí (bunaithe ar chostas nó caiteachas, bealaí cuir chuige atá
bunaithe ar thuilleamh/ioncam, tagarmharcáil riaracháin agus bealaí cuir chuige
idirnáisiúnta atá bunaithe ar chomparáidí). Taispeánann na comparáidí seo go bhfuil rátaí SL
tar éis méadú in aghaidh na coda is mó de na táscairí de réir a chéile, rud a chiallaíonn gur
dóchúil gur ardaigh cúnamh foriomlán le tógáil leanaí. Ionas gur féidir tuiscint níos fearr a
fháil ar fhorbairt pholasaí amach anseo, molann an t-athbhreithniú gur chóir don Roinn
Coimirce Sóisialaí féachaint le cinntiú go ndéantar na meastacháin maidir leis an gcostas
linbh a nuashonrú leis an modh díreach caighdeáin bhuiséid (le buiséad comhaontaithe íosta,
chomh maith le caighdeáin níos airde) agus na modhanna atá níos indírí, amhail anailís ar an
suirbhé buiséad teaghlaigh. Ba chóir go ndéanfaidís seo soláthar do thuiscint níos fearr ar na
naisc idir scálaí coibhéise (a úsáidtear i dtomhas ioncam teaghlaigh agus bochtaineachta)
agus meastacháin dhíreacha ar an gcostas linbh agus go soláthróidís tuiscint níos fearr ar an
oiread a sholáthraíonn Sochar Linbh cúnamh le tógáil leanaí dá bharr.
115
4.2 Laghdú bochtaineachta leanaí
4.2.1 Forbhreathnú
Tá na fachtóirí a shocraíonn bochtaineacht i measc leanaí ilghnéitheach agus casta agus
bheadh sé róshimplí talamh slán a dhéanamh de gur féidir linn breathnú a dhéanamh ar
chaidreamh díreach duine ar dhuine idir caiteachas agus torthaí tacaíochta ioncaim do
leanaí. Tá tábhacht le cuid mhaith fachtóirí eile idir dhíreach agus indíreach, amhail
comhdhéanamh teaghlaigh, fostaíocht tuismitheoirí agus tuilleamh comhlán, cánachas
ioncaim, dreasachtaí airgeadais agus aistriú sóisialta seachas tacaí ioncaim do leanaí chun (i)
tuiscint a fháil ar fhorás bochtaineachta i measc leanaí agus (ii) measúnú a dhéanamh ar an
ról ar leith atá ag íocaíochtaí TIL. Tá achoimre scéimreach ar chuid de na táscairí is
tábhachtaí agus ar an gcaoi ina bhfuil nasc eatarthu i bhFigiúr 4-7. Soláthraíonn
meastacháin ar bhochtaineacht tar éis aistriú atá bunaithe ar shuirbhéanna, soláthraíonn
siad príomhtháscairí torthaí. Tá na torthaí seo i gcomparáid leis na rátaí bochtaineachta
réamh-aistrithe atá á stiúradh go príomha ag cás ioncaim na dteaghlach dá mbeadh orthu a
bheith ag brath ar a dtuilleamh féin agus ar aistriú príobháideach ó fhoinsí daonchairdiúla.
Feabhsaítear cás na dteaghlach seo le hionchur/gníomhaíochtaí an chórais tacaíochta
ioncaim do leanaí agus trí íocaíochtaí leasa shóisialaigh do dhaoine fásta, rudaí arb ionann
iad agus tionchar an chórais leasa shóisialaigh ar laghdú bochtaineachta ina iomláine le
chéile.
Agus muid ag breathnú go speisialta ar an gcóras TIL, tá suim ar leith againn i dtrí réimse: (i)
leorgacht na n-íocaíochtaí i gcoibhneas leis an méid atá de dhíth chun teaghlaigh a ardú os
cionn na líne bochtaineachta; (ii) cuimsiú an chórais, rud a shocraíonn cé na teaghlaigh atá
cáilithe le haghaidh tacaí; agus (iii) oiread spriocdhírithe an chórais, rud a shocraíonn an
oiread a thugann an caiteachas seo teaghlaigh os cionn na líne bochtaineachta (.i. laghdú ar
líon na ndaoine atá thíos le bochtaineacht) nó a laghdaíonn sé an bhearna bhochtaineachta
(.i. laghdú ar ghéire na bochtaineachta). Socraíonn an chéad dá ghné leibhéal iomlán an
chaiteachais ar thacaí ioncaim do leanaí (féach Caibidil 3) agus socraíonn an tríú ceann acu
an chomhréir a íoctar mar íocaíochtaí uilíocha nó roghnaitheacha (díríodh air seo i gCaibidil 3
chomh maith) agus dírítear uirthi sin tuilleadh sa chaibidil seo.
Tá ról tábhachtach ag gach ceann de na gnéithe seo i laghdú bochtaineachta i measc leanaí
agus is féidir iad a chur le chéile chun torthaí éifeachtacha agus éifeachtúla a chruthú. Fiú sa
chás go bhfuil cuimsiú 100% ag baint leis an gcóras, beidh tionchar teoranta foriomlán ann ar
bhochtaineacht má tá na híocaíochtaí ró-íseal i gcoibhneas leis an líne bhochtaineachta. Ní
116
éireoidh le córas ina bhfuil ardleibhéil tacaíochta ach cuimsiú teoranta ach méid áirithe i
laghdú bochtaineachta i measc cuid bheag teaghlach amháin. D'fhéadfadh tionchar
dearfach a bheith ag an dá ghné seo ar thorthaí bochtaineachta nuair a chuimsíonn
íocaíochtaí imleora an daonra leochaileach go héifeachtach, ionas gur féidir linn a bheith ag
súil leis i ndeireadh na dála go bhfaighimis torthaí níos éifeachtaí nuair a mhéadaítear
caiteachas iomlán, trí mhéadú ar rátaí nó trí mhéadú ar chuimsiú. Ach ní hionann sin is a rá
nach féidir torthaí níos éifeachtúla a bhaint amach; maidir le méid áirithe caiteachais, is
féidir le spriocdhíriú éifeachtúlacht an chaiteachais seo a fheabhsú trína dhíriú tuilleadh ar
theaghlaigh ar bheagán ioncaim.
Is gá dúinn a bheith aireach, áfach, gur féidir le spriocdhíriú dreasachtaí oibre,
rannpháirtíocht agus fostaíocht a laghdú chomh maith agus go bhféadfadh laghdú
iarmhartach teacht ar ioncam réamh-aistrithe. I bhfocail eile, d'fhéadfadh bealach cuir
chuige ró-roghnaitheach lúb aischothaithe diúltach a chruthú a chuireann teorainn le
héifeachtacht an spriocdhírithe, rud a thugann gá le cothromaíocht idir spriocdhíriú agus
uilíochas le fios. Is féidir teacht ar bharúil chomhchosúil maidir le híocaíochtaí leasa
shóisialaigh le daoine fásta, cé go mbaineann sé seo le gach teaghlach agus ní leosan ina
bhfuil leanaí amháin.
Nuair a fhéachtar "in aghaidh an tsrutha" ón gcóras íocaíochtaí, ba chóir go mbeadh tionchar
dearfach ag ioncam feabhsaithe teaghlaigh ar leas foriomlán leanaí, ach tá tábhacht le
fachtóirí eile, amhail teacht ar sheirbhísí a bhaineann le leanaí agus fachtóirí atá níos
doláimhsithe, amhail comhleanúnachas agus caighdeán na scileanna tuistithe. Déantar
tuilleadh plé i gCaibidil 6 ar na ceisteanna seo atá níos leithne agus níos fadtéarmaí.
117
Figiúr 4-7: Aithint táscairí a nascann caiteachas TIL agus torthaí bochtaineachta i measc leanaí
118
Tá tábhacht na bhfachtóirí seo i socrú torthaí bochtaineachta i measc leanaí tar éis a bheith
deimhnithe i dtuarascáil staidéir a rinneadh an ITES85 le déanaí, ina ndearnadh anailís ar
shonraí ioncam teaghlaigh le haghaidh na tréimhse 2004 go dtí 2007, chun na fachtóirí sin a
théann i bhfeidhm ar líon na ndaoine i mbaol bochtaineachta agus atá thíos le bochtaineacht
chomhsheasmhach a dhearbhú. Aithníodh na fachtóirí seo a leanas chomh maith:
Ní bhíonn aon tionchar ag aois na leanaí ar rátaí priacal bochtaineachta, ach is
mó an seans go mbíonn leanaí atá níos sine thíos le bochtaineacht
chomhsheasmhach;
Bhí níos mó ná dhá oiread an seans go mbeadh leanaí i dteaghlaigh a bhfuil
daoine nach as Éirinn iad mar cheann orthu i mbaol bochtaineachta, ach níor
tugadh aon difear faoi deara maidir le bochtaineacht chomhsheasmhach;
I gcás go raibh an teaghlach faoi cheannas duine nach raibh ag obair (toisc
dífhostaíocht, dualgais bhaile, dul ar scor, breoiteacht nó míchumas), bhí idir dhá
agus cúig oiread an bhaoil de bhochtaineacht i measc leanaí ann; bhí
bochtaineacht chomhsheasmhach níos airde ann chomh maith i gcásanna
breoiteachta nó míchumais go háirithe. Ar an iomlán, bhí breis is cúig oiread an
seans ann go mbeadh leanaí i dteaghlaigh nach bhfuil éinne fostaithe iontu thíos
le bochtaineacht.
Bhí rátaí baol bochtaineachta agus bochtaineachta comhsheasmhaí i measc
leanaí nasctha le leibhéil oideachais níos ísle i measc chinn na dteaghlach;
Bhí níos mó bochtaineachta ann i measc daoine féinfhostaithe agus daoine den
lucht oibre;
Bhí rátaí bochtaineachta níos airde ag baint le comharthaí sóirt teaghlaigh
áirithe: líon mór leanaí agus teaghlaigh aontuismitheora. Bhí rátaí
bochtaineachta comhsheasmhaí cúig huaire níos airde ná an meán sna
teaghlaigh seo.
Tá an múnla i bhFigiúr 4-7 i gcomhréir go leathan le hanailís an ITES agus d'fhéadfadh sé
bunús aithint na dtáscairí atá cuí le haghaidh mheasúnú an chaiteachais ar TIL maidir leis na
cuspóirí bochtaineachta a sholáthar:
CAIBIDIL 1: Táscairí torthaí bochtaineachta réamh-aistrithe agus iar-aistrithe i
measc leanaí (go háirithe céatadán na leanaí faoi bhun na líne baol
bochtaineachta (BB), agus céatadán na leanaí atá thíos le bochtaineacht
chomhsheasmhach) – Cuid 4.2.2;
CAIBIDIL 2: Táscairí a thaispeánann leibhéal leorgachta na n-íocaíochtaí TIL i
gcoibhneas leis an líne baol bochtaineachta, chomh maith le táscairí leibhéal
85 Russell, Helen, Bertrand Maitre, agus Brian Nolan, Monitoring Poverty Trends in Ireland 2004 -
2007: Key Issues for Children, People of Working Age and Older People, An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Baile Átha Cliath, 2010).
119
foriomlán an aistrithe go teaghlaigh bhochta, trí íocaíochtaí eile leasa
shóisialaigh – Cuid 4.2.3;
CAIBIDIL 3: Táscairí torthaí bochtaineachta réamh-aistrithe i measc leanaí agus
éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chórais TIL i laghdú líon na ndaoine bochta
agus na bearna bochtaineachta – Cuid 4.2.4;
CAIBIDIL 4: Táscairí a thaispeánann treochtaí fachtóirí tacaíochta
neamhioncaim, amhail comhdhéanamh teaghlaigh, fostaíocht tuismitheoirí,
ioncam agus dreasachtaí – Cuid 4.2.5.
4.2.2 TORTHAÍ BOCHTAINEACHTA I MEASC LEANAÍ
Tá aithint agus monatóireacht na dtorthaí bochtaineachta riachtanach chun an bonn fianaise
le haghaidh mheasúnú na gclár aistrithe a sholáthar. Mar shampla, is é sprioc fhoriomlán an
Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta (Cuimsitheacht PGN) a tugadh
isteach i bhFeabhra 2007 ná laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine atá thíos le
“bochtaineacht chomhsheasmhach” go leibhéal idir 2 faoin gcéad agus 4 faoin gcéad faoi
2012 agus í a dhíchur faoi 2016.
Tá tomhas agus anailís na bochtaineachta fadbhunaithe in Éirinn agus i dtíortha eile.
Aithníodh roinnt táscairí. Mínítear na coincheapa bochtaineachta atá mar bhonn leis an
anailís go mionsonraithe i mBosca 4-1. Is príomhtháscaire é an tomhas “i mbaol
bochtaineachta” (BB) ann féin agus úsáidtear go minic é le haghaidh comparáid idirnáisiúnta.
Ach is comhchuid é chomh maith de ríomh an tomhais bochtaineachta comhsheasmhaí, rud
atá ina phríomhsprioc náisiúnta pholasaí. Is díol suime iad tomhais bochtaineachta eile
chomh maith, amhail an 'bhearna bhochtaineachta' (rud a thomhaiseann cé chomh híseal
faoin líne baol bochtaineachta is atá teaghlach ar leith) agus 'bochtaineacht
chomhsheasmhach' (fad na bochtaineachta), cé nach bhfuil ach sonraí teoranta ar fáil maidir
leis an dara ceann acu sin.
Ó 2003 i leith, tá an tsraith Suirbhéanna ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SIDM) á bailiú ag
an PS agus baineann na torthaí is déanaí a foilsíodh le 2008. Rinneadh meastacháin éagsúla
ar bhochtaineacht teaghlaigh roimh 2003, go háirithe ag an ITES agus Suirbhé Painéil
Teaghlaigh an Chomhphobail Eorpaigh agus an suirbhé ar Mhaireachtáil in Éirinn (MÉ) á n-
úsáid acu. Cé go bhfuil roinnt difríochtaí modheolaíocha agus oibríochtúla ann idir an SIDM
agus an suirbhé ar MÉ roimhe sin, tá na sonraí ioncaim ón dá shuirbhé agus ón anailís atá
bunaithe orthu comhchosúil lena chéile cuid mhaith. Mar sin, tá treochtaí sna táscairí atá
bunaithe ar ioncam, amhail 'i mbaol bochtaineachta', tá siad inchomparáide cuid mhaith. Ar
an láimh eile, níl na leibhéil díothachta a tuairiscíodh sa dá shuirbhé inchomparáide, rud a
120
léiríonn íogaireacht na dtáscairí díothachta i leith athruithe ar mhodheolaíocht
suirbhéireachta. Mar thoradh air sin, ní féidir na hathruithe ar na rátaí bochtaineachta
comhsheasmhaí idir an dá shuirbhé a mhíniú go cruinn. Is féidir táscairí a thaispeáint le
haghaidh an daonra iomláin nó le haghaidh foghrúpaí ar leith (amhail aoisghrúpaí) agus tá
siad seo mar bhonn le táscairí bochtaineachta i measc leanaí (sainmhínithe mar dhaoine san
aoisghrúpa 0-17).
Baol bochtaineachta (comhaireamh daoine)
Measadh go raibh baol bochtaineachta 18.0% ann i measc leanaí i rith 2008 (Tábla 4-4). Tá
laghdú beagnach 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta ó 1994. Cé gur tháinig laghdú
comhsheasmhach ar an mbaol bochtaineachta i measc leanaí i rith na tréimhse, tá sé i bhfad
níos mó ná an baol bochtaineachta i measc an daonra i gcoitinne. Is díol suntais é an laghdú
ar bhochtaineacht i measc leanaí sa chéad chuid den tréimhse (go dtí 2001), go háirithe ós
rud gur tharla sé nuair a bhí méadú ag teacht ar rátaí bochtaineachta i measc na dteaghlach
in aois oibre. Tá luainiú mór tagtha ar an mbearna idir bochtaineacht in aois oibre agus
bochtaineacht i measc leanaí ó 2003 agus bhí céatadán 4.5 i gceist i rith 2008. Taispeánann
anailís an PS ar thorthaí SIDM maidir le 2008 chomh maith go bhfuil céatadán leanaí
réasúnta mór ann i gcomparáid le dreamanna eile. Is ionann iad agus 26.0% den daonra, ach
thart ar aon trian (32.7%) de na daoine i mbaol bochtaineachta.86
Tábla 4-4: Rátaí baol bochtaineachta maidir le haoisghrúpaí saolré (1994-2008)
1994 1997 2001 2003 2005 2007 2008 Rátaí Baol Bochtaineachta RB - Gach Duine 15.6 18.2 21.9 19.7 18.5 16.5 14.4 RB - Leanaí 24.5 23.5 23.4 21.0 23.1 19.9 18.0 RB - Aois oibre 12.1 14.7 17.1 17.3 16.2 15.0 13.5 Farasbarr leanaí ar an aois oibre 12.4 8.8 6.3 3.7 6.9 4.9 4.5 Ioncam Meánach Seachtainiúil Teaghlaigh €164.33 €209.23 €313.06 €292.96 €321.23 €379.77
€397.82
Foinse: 1994 – 2001, Suirbhéireacht an ITES ar Mhaireachtáil in Éirinn; 2003 – 2008, An PS, SIDM Tabhair faoi deara: Ioncam Meánach Seachtainiúil Teaghlaigh 1994 – 1997 - Meán, 2003 – 2008 - Airmheán.
86 An PS, SIDM 2008, lth. 41.
121
Bosca 4-1: Coincheapanna agus sainmhínithe bochtaineachta
Díorthaítear eolas ar staidreamh bochtaineachta ón tSuirbhéireacht ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SIDM/SILC), rud a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh go bliantúil. Is suirbhé samplach é an SIDM a bhailíonn eolas ar ioncam agus dálaí maireachtála na gcineálacha difriúla teaghlach. Bhí 5,247 teaghlach agus 12,551 duine mar mhéid sampla i 2008. Soláthraíonn an tsuirbhéireacht eolas ar réimse táscairí bochtaineachta, díothachta agus eisiata shóisialta, lena n-áirítear na bearta 'i mbaol bochtaineachta' agus bochtaineachta comhsheasmhaí.
I mBaol Bochtaineachta: Meastar duine a bheith “I mBaol Bochtaineachta” nuair a thiteann a (h)ioncam faoi bhun tairseach réamhdhearbhaithe. Tuairiscítear é mar 60% den airmheán de ghnáth sa chás gur luach ioncaim é an t-airmheán sa chaoi go bhfaigheann leath den daonra ioncam faoi bhun an luacha sin agus leath acu ioncam os a chionn, ach déantar scrúdú ar thairseacha 70% agus 50% chomh maith ar mhaithe le comparáid. Tugtar an comhaireamh daoine atá thíos le bochtaineacht ar líon na ndaoine a dtiteann a n-ioncam faoi bhun na líne baol bochtaineachta agus tugtar an ráta "baol bochtaineachta" nuair a thaispeántar é seo mar chéatadán den daonra. Ach ba chóir a thabhairt faoi deara nach gá go bhfuil daoine i mbaol bochtaineachta thíos le bochtaineacht. Tá fachtóirí eile ann is gá a chur san áireamh sula ndearbhaítear stádas bochtaineachta duine, amhail cé chomh híseal is atá an duine faoi bhun na tairsí, an fad a bhfuil sé/sí faoi bhun na tairsí agus seilbh sócmhainní eile.
Díothacht: Tá na táscairí díothachta bunaithe ar innéacs 11 ní a cruthaíodh chun cuimsiú agus rannpháirtíocht shóisialta sa tsochaí a léiriú. Is ionann an oiread díothachta a bhfuil duine thíos léi agus líon na n-earraí ar an innéacs nach bhfuil aige/aici toisc nach bhfuil sé/sí in acmhainn iad a cheannach. Cé go bhféadfadh fáthanna eile a bheith ann nach bhfuil na nithe seo ag daoine, is é an chaoi nach bhfuil siad inacmhainne a bhfuil suim againn ann anseo. Seo a leanas na nithe:
1. Dhá phéire bróg láidir 2. Cóta mór te uiscedhíonach 3. Ceannach éadaí nua in áit éadaí athláimhe 4. Itear béilí ina mbíonn feoil, sicín, iasc (nó rud is comhionann do veigeatóir) gach dara lá 5. Spóla feola rósta nó rud comhchosúil uair amháin in aghaidh na seachtaine 6. Níorbh fhéidir teas a fháil i rith na bliana deireanaí mar gheall ar easpa airgid 7. An teach a choinneáil te go leor 8. Ceannaítear bronntanais don teaghlach nó do chairde uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad 9. Athsholáthraítear aon troscán seanchaite 10. Muintir nó cairde ag teacht ar cuairt le haghaidh dí nó béile uair amháin in aghaidh na míosa 11. Maidin, tráthnóna nó oíche amuigh le coicís anuas ar mhaithe le siamsaíocht
Bochtaineacht Chomhsheasmhach: Meastar duine a bheith thíos le bochtaineacht go comhsheasmhach má tá dhá cheann nó níos mó de na nithe san innéacs díothachta in easnamh orthu agus má tá sé/sí 'I mBaol Bochtaineachta' chomh maith. Is í Bochtaineacht Chomhsheasmhach an tomhas oifigiúil formheasta bochtaineachta de chuid an Rialtais a úsáidtear in Éirinn agus tá sé mar bhonn le sprioc fhoriomlán an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta 2007 – 2016 (PGN um Chuimsiú).
Bochtaineacht Dhiansheasmhach: Meastar duine a bheith thíos le bochtaineacht dhiansheasmhach má tá cónaí air/uirthi le trí bliana as an gceithre bliana deireanacha i dteaghlaigh atá ‘I mBaol Bochtaineachta’
Bearna Choibhéiseach Baol Bochtaineachta: Seo an difear idir ioncam airmheánach coibhéise na ndaoine atá i mBaol Bochtaineachta agus an tairseach baol bochtaineachta agus é léirithe mar chéatadán den tairseach baol bochtaineachta. Breathnaítear uirthi uaireanta mar thomhas ar ‘cé chomh bocht is atá na bochtáin’.
Foinse: Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála
122
Bochtaineacht chomhsheasmhach
Sainmhínítear duine a bheith thíos le ‘bochtaineacht chomhsheasmhach’ (i) má aithnítear é/í
a bheith i mbaol bochtaineachta agus (2) ina c(h)ónaí i dteaghlach a bhfuil dhá cheann nó
níos mó den aon ní bunúsach déag díothachta de dhíth air/uirthi, amhail éadaí, earraí bia,
earraí teaghlaigh. Taispeánann Tábla 4-5 treocht na rátaí bochtaineachta comhsheasmhaí
idir 1994 agus 2008 (le briseadh sa tsraith agus ardú breathnaithe i 2003, rud is féidir a
mhíniú le hathrú ón suirbhé roimhe seo ar Mhaireachtáil in Éirinn go dtí an SIDM).87
Tábla 4-5: Bochtaineacht Chomhsheasmhach agus a comhchodanna maidir le cineálacha difriúla
teaghlach: 1994 go dtí 2001 (suirbhé ar MÉ) agus 2003 go dtí 2008 (suirbhé SIDM)
Gach duine Leanaí Aois oibre Bearna idir leanaí agus aois oibre
1994 (MÉ) 17.4 25.3 1997 (MÉ) 8.3 11.7 7.0 3.4 2001 (MÉ) 4.7 6.6 4.1 1.9 2003 (SIDM) 8.2 11.7 7.1 3.5 2005 (SIDM) 7.0 10.8 6.1 3.8 2007 (SIDM) 5.1 7.4 4.7 2.3 2008 (SIDM) 4.2 6.3 3.9 2.1 Athrú 1997-2001 (MÉ) -3.6 -5.1 -2.9 2003-2008 (SIDM) -4.0 -5.4 -3.2
Tháinig laghdú ar an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí i measc leanaí i rith na tréimhse
agus bhí roinnt cóineasaithe ann idir an ráta sin agus ráta na ngrúpaí in aois oibre. Mar sin
féin, bhí bearna de bhreis is 2 faoin gcéad ann go fóill idir na grúpaí i rith 2008. D'aimsigh an
PS gurbh ionann leanaí agus 38.7% den ghrúpa atá thíos le bochtaineacht
chomhsheasmhach, in ainneoin nach raibh iontu ach 26.1% den daonra i gcoitinne. Ina
theannta sin, bhí breis is 75% de na daoine go léir a bhí thíos le bochtaineacht
87
Athraíodh an tomhas bochtaineachta comhsheasmhaí i 2007 nuair a athraíodh é ó bheith bunaithe
ar cheann amháin nó níos mó nithe ó innéacs ocht n-earra a bheith in easnamh ar dhuine, go dhá ní
nó níos mó a bheith in easnamh ar dhuine ó innéacs aon ní dhéag. Ina theannta sin, rinneadh
nuashonrú ar shraith na dtáscairí díothachta, chun fócas níos mó a dhíriú ar nithe a bhaineann le
cuimsiú agus rannpháirtíocht shóisialta sa tsochaí.
123
chomhsheasmhach ina gcónaí i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí, i gcomparáid le 57.3% den
daonra iomlán. Tugann an uimhir an-mhór sin le fios go mbíonn tionchar soiléir ag leanaí i
dteaghlach ar dhócúlacht na díothachta.88 Bíonn an cás seo ann go háirithe i gcás teaghlaigh
aontuismitheora, dream a chuimsigh breis is 29% de na teaghlaigh go léir a bhí thíos le
bochtaineacht chomhsheasmhach, cé nach bhfuil iontu ach 6.1% den daonra i gcoitinne.
(Déantar breithniú breise ar cheist an naisc idir cineál an teaghlaigh agus an baol
bochtaineachta thíos).
Géire na bochtaineachta (bearna bhochtaineachta)
Cuireann an bhearna bhochtaineachta leis an tomhas daoine, tríd an oiread faoin líne BB atá
ioncam na dteaghlach bocht a ríomh. Dar le SIDM 2008 gurbh é an t-ioncam meánach
daoine i mbaol bochtaineachta ná €10,060. Bhí sé seo 19.2% faoi bhun na tairsí RB €12,455.
Mar sin, bhí bearna bhochtaineachta 19.2% i gceist i rith 2008 agus tá laghdú áirithe tagtha
air seo ó 2003 (cé go raibh 17.4% i gceist i rith 2007). Bhí bearna bhochtaineachta 19.2% ann
i rith 2008 maidir le teaghlaigh ina raibh leanaí chomh maith. Bhí ráta bearna
bhochtaineachta 27.3% ann sna teaghlaigh sa deicíl ioncaim is ísle ina raibh leanaí agus bhí
rátaí 7.8% agus 4.7% ag baint leis an dara agus an tríú deicíl. Taispeánann anailís ar shonraí
SIDM a rinne an ITES agus atá macasamhlaithe i dTábla 4-6 gur laghdaíodh an bhearna
bhochtaineachta i measc leanaí 6.2%, ó 23.9% i 2004 go dtí 17.7% i 2007. Bhí sé seo beagán
níos ísle ná bearna na ndaoine in aois oibre, dream a raibh a n-ioncam airmheánach 18.4%
faoi bhun na líne bochtaineachta i rith 2007.
Tábla 4-6: Bearna bhochtaineachta leanaí agus na haoise oibre (2004-2007)
2004 2005 2006 2007
Gach duine 19.8 20.8 17.5 17.4 Leanaí 23.9 23.6 18.7 17.7 Daoine in aoise oibre 21.1 21.0 17.8 18.4 Daoine scothaosta 7.7 9.8 10.1 9.3
Foinse: An ITES, Monatóireacht ar Threochtaí Bochtaineachta in Éirinn, 2004 – 2007.
88 An PS, SIDM 2008, lth. 75.
124
Fionnachtain 4-2: Tá laghdú tagtha ar na príomhtháscairí bochtaineachta i measc leanaí i
rith na tréimhse athbhreithnithe, go háirithe sa dara cuid, agus tháinig laghdú níos mó
orthu ná mar a tháinig ar tháscairí na ndaoine fásta
Go hachomair, tá laghdú tagtha ar na príomhtháscairí bochtaineachta i measc leanaí, go
háirithe sa chuid is déanaí den tréimhse athbhreithnithe. Bhí líon na leanaí bochta thíos 5.5%
(23.5 i 1997 go dtí 18.0 i 2008) agus tharla titim thar a bheith suntasach idir 2005 agus 2008,
mar a bhí, 5.1%. Tháinig laghdú suntasach ar bhochtaineacht chomhsheasmhach i measc
leanaí (-5.4%) idir 2003 agus 2008 (11.7 i rith 2003 go 6.3 i rith 2008). Bhí briseadh ann leis
an tsraith a bhí ann níos luaithe (idir 1997 agus 2001) ach bhí laghdú mór tagtha ar
bhochtaineacht chomhsheasmhach i measc leanaí roimhe seo (Tábla 4-5). Tugann an laghdú
ar bhochtaineacht chomhsheasmhach i measc leanaí le fios gur tháinig fíorlaghduithe ar
dhíothacht teaghlaigh (fiú nuair a chuirtear san áireamh go mbíonn táscairí díothachta
dírithe go príomha ar dhaoine fásta/teaghlaigh in áit leanaí). Tá laghdú tagtha ar ghéire na
bochtaineachta i measc leanaí chomh maith (ó 23.9 i rith 2004 go dtí 17.7 i rith 2007, uimhir
arb ionann é agus laghdú 6.2%). Ina theannta sin, tháinig laghdú níos mó uirthi ná na
táscairí bochtaineachta inchomparáide le haghaidh daoine fásta sa tréimhse 2005 go dtí
2008. Bhí líon na ndaoine in aois oibre a bhí i mbaol bochtaineachta thíos 2.7% i rith na
tréimhse 2005 go dtí 2008 agus bhí an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí i measc daoine
in aois oibre thíos 3.2% (2003 go dtí 2008). Bhí géire na bochtaineachta i measc daoine in
aois oibre thíos 2.7% (2004-8) i gcomparáid le 6.2%. Is é fírinne an scéil ná go raibh géire na
bochtaineachta in aois oibre aon phointe céatadáin iomlán níos airde i gcás na haoise oibre i
2007 ná mar a bhí sé i gcás leanaí, i gcomparáid le bearna beagnach 3% sa treo eile i rith
2004.
4.2.3 CION AN AISTRITHE IONCAIM
Dhearbhaigh an chuid roimhe seo gur tháinig laghdú ar bhochtaineacht i measc leanaí, go
háirithe sa chuid is déanaí den tréimhse athbhreithnithe. Déanann an chuid seo scrúdú ar
tháscairí a d'fhéadfadh a aithint cé mhéad den laghdú sin is féidir a lua leis an gcóras
tacaíochta ioncaim do leanaí. Sula ndéanfar breithniú air seo, ba chóir cuimhneamh go
mbíonn sé deacair pictiúr atá go hiomlán soiléir a fháil toisc:
Teorainneacha sonraí: Is gá dúinn brath ar shonraí suirbhéireachta in áit sonraí
caiteachas scéimeanna chun tionchar na n-íocaíochtaí a mheasúnú. Ina theannta
sin, níl sonraí comhsheasmhacha ar fáil ach ó 2004, tréimhse a bhí ann tar éis an
mhéadaithe ollmhóir ar na rátaí SL.
Éifeachtaí indíreacha íocaíochtaí: Ní féidir linn breathnú díreach a dhéanamh ar
thionchar TIL ach trína héifeacht ar ioncam teaghlaigh; Tá sé níos deacra breathnú a
125
dhéanamh ar éifeacht indíreach trí dhreasachtaí, fostaíocht, tuilleamh agus ioncam
ar deireadh.
Is iad na príomhtháscairí is cóir a bhreithniú ná tionchar an chórais aistrithe ar ioncam,
leorgacht na n-íocaíochtaí aistrithe i gcoibhneas leis an líne bhochtaineachta, chomh maith
le héifeachtacht agus éifeachtúlacht an chórais aistrithe in aistriú na n-íocaíochtaí sin ina
dtorthaí dearfacha bochtaineachta.
Tionchar córas aistrithe ar ioncam
Is féidir sonraí an PS a úsáid chun tionchar na n-íocaíochtaí a bhaineann le leanaí ar gach
deicíl ioncaim agus a athrú de réir a chéile a ríomh. Ar an drochuair, níl na sonraí seo ar fáil
ach ó 2004 agus ní féidir MLCanna ar leith a aithint. Mar sin, cuimsíonn na sonraí SL, FLL, FIT
agus LÉCSN. Taispeánann an suirbhé gur tháinig méadú 48% ar leibhéal foriomlán na n-
acmhainní TIL a taifeadadh in ioncam teaghlaigh idir 2004 agus 2008. Tá sé seo i gcomparáid
leis an méadú 71% ar chaiteachas i gcás na gceithre íocaíocht seo, de réir sonraí riaracháin,
rud a thugann roinnt easpa taifeadta ioncaim le fios. Fiú sa chás go gcuirtear é seo san
áireamh, rinne caiteachas méadaithe ar TIL méadú ar leibhéal na n-acmhainní i ngach
teaghlach, lenar áiríodh teaghlaigh ar bheagán ioncaim agus bheadh sé tar éis bochtaineacht
a laghdú fiú dá mbeadh an méid seo dáilte go cothrom ar gach teaghlach ina raibh leanaí. Is
é fírinne an scéil ná gur tháinig méadú i bhfad níos mó ar acmhainní TIL i dteaghlaigh sa
chuid íochtair den dáileadh ioncaim, go háirithe sa cheathrú agus sa chúigiú deicíl ioncaim
(2004-2008). Ós rud é go raibh comhaireamh réamh-aistrithe na ndaoine bochta ag 43% i
rith 2008, i gcomparáid leis an bhfigiúr iar-aistrithe de mhéid 14.4%, tá an chuma air go
bhfuil sé soiléir go mbíonn tionchar dearfach ag an gcaiteachas ar TIL ar an táscaire seo.
Má theastaíonn uainn tuiscint níos fearr a fháil air seo, is gá dúinn breithniú a dhéanamh ar
leorgacht na n-íocaíochtaí agus na ngnéithe struchtúrtha sa chóras TIL, rudaí a dtabharfaimid
aghaidh orthu sna codanna seo a leanas.
126
Figiúr 4-8: Ioncam coibhéise seachtainiúil ó íocaíochtaí a bhaineann le leanaí do theaghlaigh de réir
deicílí ioncaim, 2004 agus 2008
€0
€5
€10
€15
€20
€25
€30
€35
€40
€45
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10
Íoca
íoch
taí s
eac
hta
iniú
la a
tá b
ain
teac
h le
lean
aí
Deicílí
2004
2008
Leorgacht an aistrithe
Is é an sprioc pholasaí le haghaidh leorgacht na n-íocaíochtaí TIL faoin bPlean Gníomhaíochta
Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta (Cuimsitheacht PGN) ná gur chóir gurb ionann Sochar Linbh
agus MLCanna agus leibhéal idir 33% agus 35% den phríomhráta leasa shóisialaigh do dhuine
fásta nuair a chomhcheanglaítear iad. Taispeánann Tábla 4-7 luach an táscaire seo i 2010 leis
an sainmhíniú caighdeánach (SL móide MLC) agus sainmhíniú níos leithne (rud a chuimsíonn
LÉCSN). Tá an sainmhíniú caighdeánach díreach thíos faoin réimse sprice. Nuair a chuirtear
an íocaíocht LÉCSN san áireamh do leanaí níos sine (sainmhíniú níos leithne), ardaíonn sé seo
go leibhéal taobh istigh den réimse sprice le haghaidh leanaí atá 3-11 bliana d'aois agus
beagán níos airde ná an réimse sprice le haghaidh leanaí atá 12 bliana d'aois nó níos sine.
127
Tábla 4-7: Luach comhchodach na n-íocaíochtaí TIL; comparáid le sprioc leorgachta TIL
Cuimsitheacht PGN (2010)
Aois blianta an Linbh
0-2 3 go 11 12 +
Sochar Linbh – cóimhéid seachtainúil (€) 34.52 34.52 34.52 Méadú Seachtainiúil do Leanbh Cáilithe (€) 29.80 29.80 29.80 Sainmhíniú "caighdeánach" ar íocaíocht TIL (€)
64.32 64.32 64.32
Coibhéis sheachtainiúil de LÉC na Scoilbhliana Nua (€)
0 3.85 5.87
Sainmhíniú "níos leithne" ar íocaíocht TIL (€) 64.32 68.17 70.19 TIL mar % den ráta pearsanta is ísle (2009) sainmhíniú "caighdeánach" 32.8% 32.8% 32.8% sainmhíniú “níos leithne” 32.8% 34.8% 35.8%
Meabhrán: An ráta Pearsanta LS is ísle (€) 196 196 196
Taispeánann Tábla 4-8 na pacáistí TIL atá caighdeánach agus níos leithne mar chéatadán den
leas sóisialach is ísle do dhuine fásta le haghaidh blianta roghnaithe i rith na tréimhse ó
1994-2010. Ní bhaineann an sprioc leis an gcuid is mó den chuid luath den tréimhse agus tá
na sonraí ar taispeáint mar chomhartha den luach íocaíochta i rith na tréimhse. D'ardaigh an
táscaire caighdeánach go suntasach ó 29% (1994) go dtí 37% (2003), ach tá laghdú tagtha air
ó shin go leibhéal díreach faoi bhun an réimse sprice. D'ardaigh an pacáiste atá níos leithne
chomh maith, ach d'ardaigh sé go dtí 45% i 2007, rud a léiríonn an íocaíocht FLL. Tá laghdú
tagtha air ó shin chomh maith, ach tá sé os cionn an réimse sprice go fóill.
Tábla 4-8: Pacáiste seachtainiúil TIL mar chéatadán den líne baol bochtaineachta (euro
seachtainiúil) (1994-2008)
1994 1997 2001 2003 2005 2007 2010
An ráta leasa shóisialaigh is ísle do dhuine fásta €
77.45 85.71 108.94 124.8 148.8 185.8 196.00
Pacáiste caighdeánach TIL (BLC+SL) €
22.67 25.62 36.69 46.01 49.73 59.21 64.32
Pacáiste TIL níos leithne (BLC+SL+FLL+LÉCSN) €
23.52 27.04 38.60 48.89 52.61 83.92 70.19
% den ráta LS do dhuine fásta Gnáthphacáiste TIL
29.3% 29.9% 33.7% 36.9% 33.4% 31.9% 32.8%
Pacáiste TIL 'níos leithne' 30.4% 31.5% 35.4% 39.2% 35.4% 45.2% 35.8%
Tabhair faoi deara: FLL i bhfeidhm ó 2006-2009; Úsáidtear ráta fadtéarmach LLCF/LD maidir le 1994, 1997 agus 2001.
128
Ligeann comparáid mhalartach leis an tairseach BB dúinn a fheiceáil cé acu an bhfuil nó nach
bhfuil luach na híocaíochta imleor chun teaghlach ina bhfuil leanaí agus gan ioncam seachas
aistriú a thabhairt chuig an líne BB (féach Tábla 4-9). Is gá do theaghlach ina bhfuil leanaí
ioncam breise ar chóimhéid 33% den líne BB a fháil maidir le gach leanbh, ionas nach dtitfidh
siad faoi bhun na líne BB. 89 Tháinig laghdú beagnach cúig faoin gcéad ar luach na bpacáistí
SL/MLC ó 1994 go dtí 2001 (27.1% go dtí 22.3%). Ach mar léiriú ar an ardú ar rátaí SL,
d'ardaigh sé go dtí thart ar 26% i 2003 agus tá sé tar éis fanacht thart ar an leibhéal seo.
Chiallaigh sé seo gur éirigh leis an ráta comhcheangailte SL/MLC fanacht i gcomhréir leis an
tairseach ardaitheach ioncaim BB, i gcodarsnacht leis an tréimhse roimhe sin. Ach ós rud é
gur fhan an pacáiste comhcheangailte i bhfad faoi bhun 33% den líne BB i rith na tréimhse, is
dócha nár leor é chun na teaghlaigh sin ina raibh leanbh faoi bhun na líne bochtaineachta a
shaoradh ó bhochtaineacht. Ní hamhlaidh an scéal ag gach teaghlach ar tugadh teacht dóibh
ar an bpacáiste leathan TIL agus roinnt teaghlach a d'fhéadfadh MLCanna agus FIT araon a
éileamh.
Tábla 4-9: Pacáiste seachtainiúil tacaíochta ioncaim do leanaí - ainmniúil agus mar chéatadán den
líne baol bochtaineachta (1994-2008)
1994 1997 2001 2003 2005 2008
Líne baol bochtaineachta € 83.38 102.44 164.28 175.00 192.74 238.69 MLC móide SL seachtainiúil € 22.67 25.62 36.69 46.01 49.73 62.20 MLC/SL mar % den líne BB 27.2% 25.0% 22.3% 26.3% 25.8% 26.1% Nóta 1: Ó 2003, tharla briseadh ar an leanúnachas mar gheall ar an athrú ón SMÉ go dtí an SIDM.
Nóta 2: Maidir le 2007, d'athraigh an PS sainmhíniú linbh go 0-17 mbliana agus d'athraigh siad go dtí an tomhas nua bochtaineachta comhsheasmhaí i rith 2007
Déantar tuilleadh forbartha ar an anailís seo trí bhreathnú ar fhorás na n-íocaíochtaí
comhcheangailte leasa shóisialaigh i ngnáth-theaghlaigh, i rith blianta roghnaithe idir 1994
agus 2008. Cuimsíonn na teaghlaigh atá á léiriú dhá theaghlach arb é leas sóisialach an t-aon
ioncam atá acu (tuismitheoir aonair, liúntas do lucht cuardaigh fostaíochta) agus aon
teaghlach amháin ar bheagán ioncaim (dhá thrian den tuilleamh meánach tionsclaíoch). Ós
rud é go ndéantar talamh slán de go bhfuil leanaí ann, tá leibhéal na tacaíochta ioncaim do
leanaí suntasach i dtéarmaí ioncam foriomlán na dteaghlach seo, méid arb ionann é agus
beagán faoi bhun ceathrú d'ioncam an teaghlaigh sa chás go bhfuil leanbh amháin ann sa
teaghlach agus beagán níos mó i gcás beirt leanaí (
89
Tá sé seo bunaithe ar an scála coibhéise a d'úsáid an PS chun ioncam teaghlaigh a ríomh agus a mhéid á chur san áireamh. Luann an scála coibhéise náisiúnta a úsáideadh sa SIDM meáchan 1 leis an gcéad duine fásta, 0.66 le gach duine fásta ina dhiaidh sin (14+ bliana d'aois) agus 0.33 le gach leanbh. Déantar meáchain gach teaghlaigh a shuimiú ansin chun an méid teaghlaigh coibhéise a ríomh.
129
Tábla 4-10). Taispeánann Figiúr 4-9 go raibh ioncam na dteaghlach tipiciúil a bhí ag brath ar
leas sóisialach i 1994 gar don líne baol bochtaineachta, cé gur léirigh sé seo ioncam
indiúscartha níos ísle in áit rátaí leasa shóisialaigh a bhí níos airde i gcomparáid le blianta ina
dhiaidh sin.
Figiúr 4-9: Forás ioncam na dteaghlach "tipiciúil" ina raibh leanaí i gcomparáid leis an líne baol
bochtaineachta i rith na mblianta roghnaithe (1994 go 2008)
0.00
50.00
100.00
150.00
200.00
250.00
300.00
1994 1997 2001 2003 2005 2007 2008
Ion
cam
Se
ac
hta
iniú
il C
oib
hé
ise
ac
h (
€)
Líne baol bochtaineachta Ioncam LS – tuismitheoir aonair agus leanbh
Faighteoir LD, LDFC (QAA), beirt leanaí 2ú/3ú saothraí meánphá thionsclaíoch, FIT, beirt leanaí
Bhí an spleáchas ar leas sóisialach go hard sna teaghlaigh ina raibh leanaí san am sin, cás a
raibh sé mar thoradh air go raibh leibhéil bhochtaineachta réasúnta ard ann i measc leanaí:
Bhí 41.1% de na daoine i mbaol bochtaineachta i 1994 ina gcónaí i dteaghlaigh ina raibh
ceann an teaghlaigh dífhostaithe, i gcomparáid le 7.3% i 2001. Tháinig méadú ar an líon sin
arís go 23% i rith 2008. Bhí sé mar thoradh ar an méadú mór ar ioncam indiúscartha chomh
maith gur ardaigh an líne BB go mór agus osclaíodh 'bearna' mhór bhochtaineachta mar
gheall air sin idir 1997 agus 2001. Bhí an bhearna seo le tabhairt faoi deara go fóill i 2008, in
ainneoin méaduithe móra ar thacaíocht ioncaim do leanaí agus ar rátaí leasa shóisialaigh do
dhaoine fásta i rith na tréimhse, rud a chabhraíonn le míniú cén fáth nár tháinig mórán
d'athrú ar na rátaí bochtaineachta i measc leanaí.
130
Tábla 4-10: Ioncam teaghlaigh le haghaidh teaghlaigh roghnaithe i gcomparáid leis an líne
bhochtaineachta (1994-2008)
1994 1997 2001 2003 2005 2008
Teaghlach 1 - tuismitheoir aonair agus leanbh
Ioncam (ÍTA, SL) 100.14 111.35 145.25 170.81 198.53 260.40
Ioncam coibhéise 75.29 83.72 109.21 128.43 149.27 195.79
Bearna ioncaim in aghaidh na líne BB (Géire na bochtaineachta)
-8.09 -18.72 -55.07 -46.57 -43.47 -42.90
'Pacáiste linbh' mar % den ioncam 23% 23% 25% 27% 25% 24%
Teaghlach 2 – Faighteoir LD/LLCF, LDFC, beirt leanaí
Ioncam (Íocaíocht LD/LLCF, SL) 169.27 187.76 250.52 299.62 346.96 454.31
Ioncam coibhéise 72.96 80.93 107.98 129.15 149.55 195.82
Bearna ioncaim in aghaidh na líne BB (Géire na bochtaineachta)
-10.41 -21.51 -56.30 -45.85 -43.19 -42.87
'Pacáiste linbh' mar % den ioncam 27% 27% 29% 31% 29% 28%
Teaghlach 3 - 2ú/3ú saothraí meánphá thionsclaíoch, FIT, beirt leanaí
Ioncam (glanioncam, FIT, SL) 259.65 288.03 376.88 443.67 503.28 591.41
Ioncam coibhéise LS 111.92 124.15 162.45 191.24 216.93 254.92
Bearna ioncaim in aghaidh na líne BB (Géire na bochtaineachta)
28.54 21.71 -1.83 16.24 24.19 16.23
'Pacáiste linbh' mar % den ioncam 17% 18% 19% 21% 20% 21%
Nithe meabhráin:
Líne baol bochtaineachta 83.38 102.44 164.28 175.00 192.74 238.69
Tuilleamh Meánach Tionsclaíoch 344.06 371.42 470.96 535.74 580.88 648.76
Íosphá - - 208.95 222.25 267.75 290.50
Nóta 1: Ó 2003, tharla briseadh ar an leanúnachas mar gheall ar an athrú ón SMÉ go dtí an SIDM.
Nóta 2: Maidir le 2007, d'athraigh an PS sainmhíniú linbh go 0-17 mbliana agus d'athraigh siad go dtí an tomhas nua bochtaineachta comhsheasmhaí i rith 2007
Go dtí seo, tá an tAthbhreithniú tar éis díriú go príomha ar chás ioncaim na dteaghlach atá
ag brath ar ioncam leasa shóisialaigh agus a fhaigheann tacaíocht spriocdhírithe ioncaim do
leanaí trí MLCanna. Ach is fiú breithniú a dhéanamh chomh maith ar leorgacht na n-
íocaíochtaí FIT i laghdú na bochtaineachta i measc daoine ag obair. Déantar plé níos
mionsonraithe ar fhorás na dtairseach ioncaim TIL i gcuid 5.4. Is leor a thabhairt faoi deara
ag an bpointe seo go raibh an tairseach FIT le haghaidh teaghlaigh aon leanbh amháin i 2001
i gcomhréir leis an líne bhochtaineachta coibhéise ach go raibh sé ag dul níos faide síos faoi
bhun na líne i gcás na dteaghlach a bhí níos mó. Ó shin i leith, tá éirithe go han-mhaith ag na
tairsí FIT fanacht i gcomhréir leis an líne baol bochtaineachta maidir le teaghlaigh atá níos lú
(1-3 leanaí) agus aisiompaíodh an claonadh a bhí ann roimhe sin in aghaidh na dteaghlach a
bhí níos mó agus sáraíonn siad seo an líne baol bochtaineachta maidir leis an gcuid is mó
teaghlach atá níos mó anois.
131
Éifeachtacht agus éifeachtúlacht an aistrithe 90
Coincheapa
Cé go bhfuil leorgacht na tacaíochta ioncaim do leanaí agus íocaíochtaí aistrithe eile ina
bpríomh-chinntitheach ar cé chomh maith is a laghdaíonn an córas aistrithe shóisialaigh
bochtaineacht i measc leanaí, is fachtóir tábhachtach eile é éifeachtacht agus éifeachtúlacht
fhoriomlán dhearadh an aistrithe ioncaim agus an chórais chánach is gá a mheasúnú.
Soláthraíonn Figiúr 4-10 léiriú ar an gcaoi a dtéann an córas aistrithe i bhfeidhm ar dháileadh
ioncaim agus ar an gcaoi a laghdaíonn sé líon na ndaoine bochta agus an bhearna
bhochtaineachta.
Taispeánann an figiúr staid réamh-aistrithe agus iar-aistrithe (agus iar-chánach) na
dteaghlach go léir de réir ioncaim. Tá comhchodanna an ioncaim sheachtainiúil i ngach deicíl
ar taispeáint ar an ais ingearach. Taispeánann an graf an líne baol bochtaineachta (60% den
ioncam meánlíne). Má tá ioncam deicíle áirithe faoi bhun na líne baol bochtaineachta, beidh
an deicíl sin mar chuid de líon na ndaoine bochta agus beidh géire na bochtaineachta
(bearna bhochtaineachta) á socrú ag cé chomh fada faoin bhun na líne BB is atá an t-ioncam.
Soláthraíonn an córas aistrithe ioncam breise do theaghlaigh ar bheagán ioncaim, rud a
thugann aníos i dtreo na líne bochtaineachta iad (agus a laghdaíonn an bhearna
bhochtaineachta tríd sin) agus d'fhéadfadh sé a bheith imleor chun iad a thabhairt os a cionn
(rud a laghdódh líon na ndaoine bochta).
Nuair a thosaítear le dáileadh ioncam réamh-aistrithe, feicimid go bhfuil ioncam ag méid
áirithe teaghlach faoi bhun na líne BB, rud a thugann líon na ndaoine bochta (líon na
dteaghlach faoi bhun na líne) agus bearna bhochtaineachta dúinn (áit faoi bhun na líne).
Méadaítear ioncam teaghlaigh leis an gcóras aistrithe agus beidh an t-aistriú i bhfad níos mó
maidir le teaghlaigh ar bheagán ioncaim i gcóras forásach. Ardaíonn sé seo cuid mhaith
teaghlach os cionn na líne BB agus laghdaíonn sé líon na ndaoine bochta agus an bhearna
bhochtaineachta. Socróidh méid agus acmhainn foráis an chórais aistrithe oiread an
athraithe seo agus an cion a dhéanann an córas aistrithe chun bochtaineacht a laghdú mar
thoradh air sin.
90 Taispeánann an chuid seo leagan simplithe de bhealach cuir chuige Peter Saunders “Éifeachtúlacht
agus Éifeachtacht i bPolasaithe Sóisialta: Dearcadh idirnáisiúnta” i T.P. Hardiman agus Michael
Mulreany Efficiency and Effectiveness in the Public Domain, An Foras Riaracháin (Baile Átha Cliath,
1991).
132
Figiúr 4-10: Léiriú thionchar an chórais aistrithe ar laghdú líon na ndaoine bochta agus na bearna
bochtaineachta
Tá na héifeachtaí seo (laghdú líon na ndaoine bochta agus na bearna bochtaineachta) mar
dhá phríomhtháscaire ar éifeachtacht fhoriomlán an chórais aistrithe i laghdú na
bochtaineachta.91 Sa chás go bhfuil sonraí ioncam teaghlaigh ar fáil, is féidir an creat thuas a
úsáid chun na tionchair seo a chainníochtú. Is ionann Réimse A agus méid na bearna
bochtaineachta a laghdaíodh trí aistriú, agus is ionann Réimse B agus an méid atá fágtha den
bhearna nuair atá an t-aistriú go léir íoctha. Is ionann Réimse C agus an t-ioncam aistrithe do
theaghlaigh atá os cionn na líne bochtaineachta cheana féin. Nuair a úsáidtear na
coincheapa seo, is féidir linn tomhas a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an
chórais aistrithe ar bhealach ‘statach’ (féach Tábla 4-11 chun achoimre a fháil).
91
Is féidir linn comhbhabhtáil idir éifeachtacht agus éifeachtúlacht clár a fheiceáil chomh maith. D'fhéadfaí éifeachtacht an aistrithe i laghdú bochtaineachta (Réimse B) a fheabhsú trí aistriú níos mó, rud a bhogfadh an ghlanlíne indiúscartha níos airde maidir leis na deicílí go léir. Ach mhéadódh sé seo Réimse C chomh maith, rud a laghdódh éifeachtúlacht.
133
Tábla 4-11: Éifeachtacht agus éifeachtúlacht an aistrithe shóisialta - príomhchoincheapa agus
tomhas
Táscaire An rud a thomhaiseann sé An chaoi a ríomhtar é
Éifeachtacht (na n-íocaíochtaí aistrithe)
Céatadán na bearna bochtaineachta roimh an aistriú, rud a laghdaítear le haistriú sóisialta
Réimse A/ (Réimse A+ Réimse B) * 100 %
Éifeachtúlacht (na n-íocaíochtaí aistrithe)
Céatadán an chaiteachais iomláin aistrithe, rud a chaitear ar laghdú na bearna bochtaineachta
Réimse A (Réimse A + Réimse C) * 100 %
Ba chóir smaoineamh ar nithe áirithe maidir leis an mbealach cuir chuige seo:
Tá na bearta seo statach sa chaoi go ndéanann siad talamh slán de go bhfanfadh an cás ioncaim roimh cháin/aistriú mar an gcéanna ina n-éagmais (.i. gan éifeacht an aistrithe agus na gcánacha ar dhreasachtaí fostaíochta agus rannpháirtíocht a chur san áireamh). Chuirfeadh tomhas éifeachtachta agus éifeachtúlachta níos dinimiciúla cáin agus aistriú a d'fhéadfadh an bonn a bhaint de dhreasachtaí oibre san áireamh. Mar shampla, de réir na hanailíse stataí, is é an comhcheangal éifeachtachta agus éifeachtúlachta is fearr a d'fhéadfadh a bheith ann ná tabhairt an dáilte ioncam iar-aistrithe suas go dtí na líne bochtaineachta agus go mbeadh ráta aistarraingte 100% ann maidir leis an ioncam go léir os cionn na líne bochtaineachta. Bheadh éifeachtacht agus éifeachtúlacht 100% mar thoradh ar a leithéid de bhealach cuir chuige go teoiriciúil. Ach is dócha go mbeadh na daoine faoin bhun na líne bochtaineachta thíos le bochtaineacht go fóill, ós rud go dtugann siad freagra diúltach ar mhéid mór d'aistarraingt sochar.
Is dóchúil go bhfuil cás iarbhír na dteaghlach luaineach agus bheadh sé deacair cás iarbhír na dteaghlach a aithint agus monatóireacht a dhéanamh air ar bhealach a d'uasmhéadódh an éifeachtacht seo gan socruithe cuimsitheacha agus costasacha riaracháin.
Dhéanfadh bealach cuir chuige a bheadh bunaithe ar uasmhéadú éifeachtúlachta agus éifeachtachta stataí talamh slán de go bhféadfaí spriocdhíriú feabhsaithe íocaíochtaí a bhaint amach fad is a chinnteofaí nach ndéanfaí díobháil do ghlacadh na sochar. Dá mbeadh sé mar thoradh indíreach ar spriocdhíriú go mbeadh 'stiogma' ag baint le fáil na sochar, rud a chiallódh nach mbeadh na daoine atá ina dteideal ag cur isteach orthu (glacadh beag), lagófaí éifeachtacht leathan an chláir dá bharr.
134
Ar na fáthanna seo, tá roinnt tráchtairí ag maíomh go bhféadfadh níos lú éifeachtachta a
bheith ag baint le cláir de réir tástáil acmhainne ná bealaí cuir chuige árachais shóisialaigh nó
uilíocha, in ainneoin go bhfuil siad spriocdhírithe.92
Sonraí – laghdú ar chomhaireamh daoine bochtaineachta
Mar chuid dá dtuairisciú ar bhearta coibhéiseacha bochtaineachta ioncaim, déanann an PS
ríomh ar thionchar an aistrithe go léir ar líon na ndaoine bochta i measc aoisghrúpaí éagsúla
agus tá na torthaí le haghaidh 2003 agus 2008 ar taispeáint i dTábla 4-12 (ní dhéantar aistriú
a mhiondealú, ach amháin i gcás íocaíochtaí seanaoise agus marthanóirí). (Tabhair faoi deara
gur úsáideadh an aoisghrúpa 0-14 sa tréimhse a bhí níos luaithe agus úsáideadh 0-17 sa
tréimhse a bhí níos déanaí).
Bhí ráta céatadáin líon leanaí bochta (0-14 bliana) 34.2% ann i 2003 roimh aistriú
sóisialach agus bhí céatadán 21.0% ann tar éis aistriú, rud a thugann le fios go
ndearna an t-aistriú sóisialach iomlán laghdú 13.2 pointe céatadáin ar an mbaol
bochtaineachta nó beagnach 40%.
Sa bhliain 2008, bhí ráta céatadáin líon leanaí bochta (0-17 bliana) (roimh aistriú
sóisialach) 42.3% ann agus bhí ráta iar-aistrithe 18.0% ann, rud a thugann le fios go
ndearna an t-aistriú sóisialach iomlán laghdú 24.3 pointe céatadáin ar an mbaol
bochtaineachta nó beagnach 60%.
Taispeánann an réamh-anailís seo gur tháinig laghdú ar bhochtaineacht i measc leanaí idir
2003 agus 2008 in ainneoin méadú 8% ar bhochtaineacht roimh aistriú agus tugann sí le fios
go bhfuil an córas aistrithe ina iomláine réasúnta éifeachtach i laghdú bochtaineachta i
measc leanaí. Tháinig feabhsú mór ar éifeachtacht idir 2003 agus 2008. Is dócha gur tharla
sé seo mar thoradh ar ardú ar chaiteachas aistrithe agus/nó éifeachtacht fheabhsaithe an
chaiteachais sin ar laghdú bochtaineachta.
92
Saunders “Efficiency and Effectiveness in Social Policies: An international perspective”.
135
Tábla 4-12: Tionchar an chaiteachais aistrithe ar laghdú an ráta bochtaineachta idir 2003 agus 2008
Ráta baol bochtaineachta (gan aistriú sóisialta san áireamh)
Ráta baol bochtaineachta (aistriú sóisialta do sheanóirí agus marthanóirí san áireamh)
Ráta baol bochtaineachta (an t-aistriú sóisialta go léir san áireamh)
Laghdú ar an mbaol bochtaineachta de bharr aistriú sóisialta (céatadán)
seanóirí agus marthanóirí
Aistriú sóisialta eile
Gach aistriú sóisialta
2003
0-14 34.2 33.2 21.0 1.0 12.2 13.2
15-64 30.1 27.0 17.6 3.1 9.4 12.5
65+ 86.1 48.0 29.8 38.1 18.2 56.3
Iomlán 37.2 30.6 19.7 6.6 10.9 17.5
2008
0-17 42.3 41.5 18.0 0.8 23.5 24.3
18-64 35.8 32.5 13.5 3.3 19.0 22.3
65-74 84.0 29.8 12.1 54.2 17.7 71.9
75+ 88.6 31.0 9.9 57.6 21.1 78.7
Iomlán 43.0 34.6 14.4 8.4 20.2 28.6
Foinse: Díorthaithe ón PS, SIDM 2004 agus 2008 Tabhair faoi deara: Tá difríochtaí ann sa mhiondealú aoise, ós rud é go léiríonn sé cén chaoi ar taispeánadh an t-eolas seo sna heisiúintí staidrimh faoi seach. Ní hionadh nach bhfuil mórán tábhachta ag baint le haistriú do sheanóirí i laghdú na bochtaineachta i measc leanaí, ós rud é gur dóchúil go mbeadh daoine fásta atá mar cheann teaghlaigh ina bhfuil leanaí in aois oibre.
Taispeánann Figiúr 4-11 an dáileadh ioncaim maidir le teaghlaigh ina raibh leanaí
cleithiúnacha (0-17) i rith 2008 agus ioncam roimh aistriú, ach tar éis cánachas díreach (gan
aistriú) á chur san áireamh; ioncam (gach aistriú) indiúscartha; ioncam indiúscartha nuair a
fhaightear SL/FIT/LÉCSN (aistriú TIL) amháin; agus an líne baol bochtaineachta. Ar an gcéad
dul síos, feicimid nach bhfuil an t-ioncam roimh aistriú ard go leor ach chun an líne BB a
bhaint amach thart ar an gceathrú deicíl ioncaim. Ciallaíonn sé seo go bhféachfaí ar thart ar
cheithre dheichiú den daonra a bheith 'i mbaol bochtaineachta' mura mbeadh aistriú leasa
shóisialaigh i gceist agus tá sé seo i gcomhréir le meastachán 2008 roimh aistriú maidir le
leanaí, céatadán arbh ionann é agus 42% (féach Figiúr 4-10). Ardaíonn an córas aistrithe ina
iomláine gach ioncam, go háirithe ioncam na ndaoine ag bun an dáilte agus bíonn sé
d'éifeacht aige seo go mbíonn an t-ioncam indiúscartha meánach le haghaidh an dara deicíl
mórán mar an gcéanna leis an líne BB. Tá sé seo i gcomhréir go leathan leis an ráta
bochtaineachta iar-aistrithe foilsithe 18% i measc na dteaghlach ina bhfuil leanaí.
Is féidir an tionchar ar leith a bhíonn ag íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí a fheiceáil
chomh maith. Ardaíonn na híocaíochtaí seo an leibhéal ioncaim i ngach deicíl ioncaim, go
háirithe na deicílí sin atá ag bun agus lár an dáilte ioncaim. Is é an toradh atá ann ná laghdú
ar líon na dteaghlach faoi bhun na líne bochtaineachta agus sa bhearna bhochtaineachta. Is
136
ionann Tacaí Ioncaim do Leanaí (gan MLCanna san áireamh, ós rud nach féidir iad seo a
aithint go díreach ón SIDM) agus páirt shuntasach den "iarracht" fhoriomlán aistrithe mar sin
i laghdú bochtaineachta, fiú má tá aistriú eile níos suntasaí go comhiomlán.
Figiúr 4-11: Éifeacht an aistrithe ar ioncam seachtainiúil na dteaghlach ina bhfuil leanaí ó 0-17 bliain
d'aois, 2008
52.29 59.25
138.52
211.18
265.27
340.55
395.58
482.95
595.07
1006.94
165.37
235.02
274.27
314.64
364.13
422.91
466.19
544.73
646.87
1081.68
0
400
800
1200
Ion
ca
m s
ea
ch
tain
iúil (
eu
ro)
Gan aistriú ar bith
Gach aistriú
Líne baol bochtaineachta(60%)
Aistriú TIL amháin
Taispeánann Tábla 4-13 tionchar ar leith an aistrithe tacaíochta ioncaim do leanaí (gan
MLCanna san áireamh) ar dheicílí ioncaim. Is ionann an t-aistriú seo agus páirt an-suntasach
den ioncam sa chéad deicíl (23%) agus is ionann é agus breis agus 10% den ioncam
indiúscartha sa chúigiú deicíl, in ainneoin go bhfuil laghdú ag teacht ar a thábhacht. I gcás an
ceathrú agus cúigiú deicíl ioncaim, tá íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí ar chóimhéid
leis an laghdú ar ioncam mar gheall ar an gcóras cánachais. Díríonn sé seo aird ar ról
tábhachtach an aistrithe TIL i gcur mhéid an teaghlaigh agus bearta teoranta sa chóras
cánach san áireamh.
137
Tábla 4-13: Comhchodanna roghnaithe an ioncaim mheánaigh indiúscartha sheachtainiúil de réir
deicíle, 2008
Ioncam Díreach (go háirithe ó fhostaíocht
Teaghlach/Leanbh (SL/FIT/LÉCSN)
Níos Lú Cánacha
Glanioncam Indiúscartha
Teaghlach/Leanbh - as % GII (NDI)
Cánacha mar % GII
Deicíl 1 57.07 37.94 4.78 165.37 22.9% 2.9%
Deicíl 2 66.33 40.43 7.08 235.01 17.2% 3.0%
Deicíl 3 157.51 36.78 18.99 274.27 13.4% 6.9%
Deicíl 4 250.31 42.48 39.13 314.63 13.5% 12.4%
Deicíl 5 316.82 37.25 51.55 364.13 10.2% 14.2%
Deicíl 6 419.08 33.58 78.53 422.92 7.9% 18.6%
Deicíl 7 508.00 32.57 112.42 466.92 7.0% 24.1%
Deicíl 8 633.99 26.20 151.04 544.74 4.8% 27.7%
Deicíl 9 798.56 27.51 203.49 646.87 4.3% 31.5%
Deicíl 10 1453.17 27.98 446.23 1081.68 2.6% 41.3%
Iomlán 465.18 34.29 111.09 451.01 7.6% 24.6%
Foinse: Díorthaithe ón PS, SIDM 2008
Is féidir breathnú go grinn ar thionchar an aistrithe/cánacha ar an leath íochtair den dáileadh
ioncaim i bhFigiúr 4-12. Nuair a thosaítear le hioncam roimh chánacha agus aistriú díreach
(ioncam díreach), feicimid go bhfuil an ceathrú agus an cúigiú deicíl os cionn na líne
bochtaineachta. Ach is é tionchar na gcánacha ná go n-íslítear an ceathrú deicíl faoi bhun na
líne bochtaineachta agus go n-ardaítear an cúigiú deicíl díreach os a chionn. Athbhunaíonn
íocaíocht an aistrithe tacaíochta ioncaim do leanaí an status quo. Leagann sé seo béim ar an
tábhacht atá le TIL i seachaint bochtaineachta i gcás nach bhfuil liúntais ná creidmheasanna
uilíocha leanaí mar ghné den chóras cánach.
138
Figiúr 4-12: Tionchar aistrithe agus cánacha ar an leath íochtair den dáileadh ioncaim, 2008
0
100
200
300
400
Deicíl 1 Deicíl 2 Deicíl 3 Deicíl 4 Deicíl 5
Ion
ca
m s
ea
ch
tain
iúil (
eu
ro)
Ioncam Díreach
Cánacha
Ioncam Díreach lúide cánacha
Teaghlach/Leanbh - SL/FIT/LÉCSN
Ioncam Díreach lúide cánacha agus móideaistriú
Líne baol bochtaineachta (60%)
Is féidir sonraí SIDM a úsáid chomh maith chun tionchar laghdaithe na bearna
bochtaineachta a mheas. Ba ghá do bhealach cuir chuige cuimsitheach úsáid a bhaint as
mionsonraí suirbhéireachta chun tionchar an aistrithe ar gach duine nó ar gach teaghlach a
ríomh, chomh maith le comhiomlánú na dtorthaí. Bealach cuir chuige níos cóngaraí atá ann
ná úsáid a bhaint as ioncam agus aistriú meánach i ngach deicíl, rud a bhaintear ó shonraí
SIDM, ar mhaithe le ríomh na ranníocaíochta a dhéantar chun bochtaineacht a laghdú
(maidir le gach deicíl faoi bhun na líne bochtaineachta) roimh agus tar éis aistriú. Rinneadh
an ríomh seo le sonraí SIDM 2008 le haghaidh gach aistriú ioncaim chuig teaghlaigh ina raibh
leanaí cleithiúnacha (0-17 bliana), lena n-áirítear aistriú tacaíochta ioncaim do leanaí sa
mhéid is gur féidir iad seo a aithint ó shonraí an tsuirbhé (gan MLCanna san áireamh). Tá
achoimre ar na torthaí i dTábla 4-14.
139
Tábla 4-14: Anailís ar thionchar na n-íocaíochtaí aistrithe ar theaghlaigh ina bhfuil leanaí
% an aistrithe iomláin
Éifeachtacht laghdú na
bearna bochtaineachta
Éifeachtúlacht laghdú na
bearna bochtaineachta
Aistriú dífhostaíochta 16% 19% 61% Aistriú seanaoise 9% 6% 32% Aistriú Teaghlaigh/Linbh (SL/FIT/LÉCSN)
35% 29% 42%
Aistriú Teaghlaigh/Linbh (eile) 19% 25% 68% Aistriú tithíochta 4% 5% 74% Aistriú sóisialta eile 17% 20% 59% Gach aistriú 100% 84% 43%
Foinse: Arna ríomh ó tháblú an PS ar ioncam seachtainiúil coibhéise de réir deicíle do dhaoine i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí ó 0-17 mbliana agus ar chomhdhéanamh an ioncaim choibhéise, SIDM 2008 Tabhair faoi deara: Is ionann na táscairí éifeachtachta agus níos mó ná an éifeacht iomlán ar ráta 84%, ós rud é go ndéanann siad tomhas ar thionchar aonair na gclár caiteachais in áit an chórais chomhiomláin, rud a thugann forluí áirithe le fios.
Nuair a úsáideadh an modh seo, rinne íocaíochtaí comhcheangailte aistrithe laghdú 84% dá
leibhéal réamh-aistrithe ar an mbearna bhochtaineachta, rud a thugann ardleibhéal
éifeachtachta le fios. Taispeánann an táscaire “éifeachtúlachta” go gcaitear 43% den
chaiteachas iomlán ar theaghlaigh a thabhairt aníos chuig an líne baol bochtaineachta.
Meastar gurb ionann aistriú tacaíochta ioncaim do leanaí agus suas le 35% den aistriú seo.
Laghdaigh an t-aistriú TIL (gan MLCanna san áireamh a chuirtear leis na príomh-íocaíochtaí
do dhaoine fásta) an bhearna bhochtaineachta roimh aistriú ar ráta 29% ina n-aonar agus
caitear 42% den chaiteachas TIL ar theaghlaigh a thabhairt os cionn na líne bochtaineachta.
Tá sé seo réasúnta comhchosúil le meastachán na n-íocaíochtaí go léir. D'fhéadfaimis a
bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh éifeachtúlacht MLCanna comhchosúil go leathan
leis an táscaire éifeachtúlachta maidir le híocaíochtaí dífhostaíochta (61%), rud a
thabharfadh an ráta éifeachtúlachta foriomlán íocaíochtaí TIL níos gaire do 50%. Tá na
torthaí éifeachtúlachta seo níos ísle ná mar atá siad i gcás íocaíochtaí eile atá níos
spriocdhírithe - go háirithe aistriú tithíochta, íocaíochtaí teaghlaigh nach mbaineann le TIL
agus aistriú sóisialta eile.
Tá éifeachtacht an aistrithe TIL i laghdú na bearna bochtaineachta an-suntasach (29% den
laghdú ar an mbearna bhochtaineachta). Tá dáileadh iarbhír na n-íocaíochtaí TIL ar fud na
ndeicílí ioncaim ar taispeáint i bhFigiúr 4-13 agus deimhníonn sé seo go dtagann laghdú ar
íocaíochtaí meánacha i ngrúpaí ioncaim atá níos airde, in ainneoin uimhreacha comhchosúla
leanaí i ngach deicíl. Tá sé seo ag teacht salach ar na hionchais go bhfanfadh tionchar SL agus
FLL ar ioncam teaghlaigh réasúnta cobhsaí i rith an dáilte ioncaim, nuair a chuirtear san
140
áireamh gur íocaíochtaí uilíocha iad agus nach bhfuil dáileadh nasctha go díreach le hioncam
mar sin. Tá roinnt míniúchán féideartha air seo:
Cuimsíonn méid iomlán an aistrithe TIL FIT agus LÉCSN, dhá íocaíocht atá
spriocdhírithe, cé nach ionann an caiteachas ar na scéimeanna seo ach sciar beag
den chaiteachas foriomlán ar TIL;
Baineann leibhéil bhochtaineachta níos mó le teaghlaigh atá níos mó go fóill agus
d'fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar íocaíochtaí níos mó in aghaidh an duine do
theaghlaigh atá níos mó go mbeadh aistriú meánach níos airde chuig teaghlaigh ar
bheagán ioncaim i gceist;
Is ionann íocaíochtaí uilíocha a bhaineann le leanaí amhail SL agus FLL agus dáileadh
i rith saolré duine, ó thréimhsí nuair nach bhfuil leanaí acu go dtí tréimhsí nuair atá
leanaí acu. Tá siad in ann tomhaltas a chothromú i rith na saolré. Ós rud é gur minic
go mbíonn na blianta cúram leanaí i gcomhthráth le cumas tuillimh níos lú toisc (a)
níos lú blianta taithí ag gabháil d'fhostaíocht, agus (b) am saor ó obair le haghaidh
breith agus tógáil leanaí, d'fhéadfadh ioncam níos lú a bheith ag teaghlaigh ina bhfuil
leanaí cleithiúnacha i gcomparáid le teaghlaigh eile agus is mó an seans go mbeidh
siad sa leath íochtair den dáileadh ioncaim dá bharr.
141
Figiúr 4-13: Aistriú meánach seachtainiúil coibhéise sóisialta chuig teaghlaigh ina raibh leanaí, de
réir deicíl ioncaim i 2008
0
10
20
30
40
50
Deicíl 1 Deicíl 2 Deicíl 3 Deicíl 4 Deicíl 5 Deicíl 6 Deicíl 7 Deicíl 8 Deicíl 9 Deicíl 10
Ion
cam
seach
tain
iúil (
eu
ro)
Dífhostaíocht
Seanaois
Teaghlach/Leanbh(SL/FIT/LÉCSN)
Teaghlach eile
Tithíocht
Rud eile
Fionnachtain 4-3: Chuir TIL go mór le laghdú na bochtaineachta a bhaineann le leanaí, cé
go bhfuil roinnt buarthaí ann
Mar fhocal scoir, taispeánann na táscairí go ndearna TIL cion suntasach chun bochtaineacht i
measc leanaí a laghdú i rith thréimhse an athbhreithnithe go díreach, trí athdháileadh
ioncaim i dtreo na dteaghlach a bhí níos boichte. Is amhlaidh an scéal toisc: d'fhan luach an
phacáiste TIL i gcomhréir leis an líne ardaitheach bhochtaineachta; sheachain an nádúr
uilíoch fadhbanna, amhail glacadh níos lú agus cuimsiú neamhiomlán a bhaineann le
hionstraimí roghnaitheacha; bhí an pacáiste TIL measartha éifeachtúil in acmhainní a dhíriú
ar an leath íochtair den dáileadh ioncaim, in ainneoin fhorlámhas an chaiteachais uilíoch ar
SL agus FLL toisc éifeacht saolré. Chruthaigh an córas TIL torthaí bochtaineachta níos fearr go
hindíreach chomh maith (i) trína chúiteamh as cánacha díreacha ar ioncam níos lú agus (ii) a
éifeacht dhearfach ar dhreasachtaí fostaíochta don chuid is mó teaghlach ina bhfuil leanaí, i
gcomparáid le pacáiste níos roghnaithí (rud a ndéantar breithniú breise air i gCaibidil 5).
Taispeánann na táscairí roinnt fadhbanna chomh maith le cur i bhfeidhm na tacaíochta TIL i
rith thréimhse an athbhreithnithe. Cé gur tugadh na méaduithe tacaíochta is mó don leath
íochtair den dáileadh ioncaim, bhí méaduithe suntasacha tugtha chomh maith sa chuid
uachtair, go háirithe sa séú agus sa seachtú deicíl ioncaim. Tugann sé seo roinnt
marbhualaigh nó costais éifeachtúlachta le fios sa chás go soláthraítear an méadú tacaí trí
íocaíochtaí uilíocha (cé nach bhfuil an oiread i gceist is a cheapfaí). Ina theannta sin,
d'fhéadfadh fadhbanna cuimsithe a bheith ann leis an ioncam is ísle de réir mar a laghdaigh
142
ioncam SL mar chéatadán d'ioncam seachtainiúil indiúscartha sa deicíl íochtair. Seans gur
léiriú páirteach é seo ar fhadhbanna tomhais ioncaim, mar shampla, bíonn ioncam
féinfhostaíochta níos airde mar chomhréir den ioncam iomlán sa deicíl íochtair ná mar a
bhíonn sa dara deicíl, ach seans gur léiriú é chomh maith ar roinnt easpa cuimsithe
d'ionstraimí roghnaitheacha ag bun an dáilte ioncaim (m.sh. oibrithe féinfhostaithe).
4.2.4 TÁSCAIRÍ EILE: COMHDHÉANAMH TEAGHLAIGH, DREASACHTAÍ AGUS
FOSTAÍOCHT
Comhdhéanamh teaghlaigh
Taispeánann Tábla 4-15 ráta bochtaineachta na gcineálacha éagsúla teaghlach agus é faoi réir
líon na ndaoine fásta agus aois na ndaoine fásta, chomh maith le láithreacht nó
neamhláithreacht leanaí faoi bhun 18 mbliana d'aois.93 Taispeánann an tábla gur gnách go
mbíonn rátaí bochtaineachta níos airde i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí, ach baineann sé sin go
háirithe le teaghlaigh ina bhfuil duine fásta amháin. Bíonn cásanna éagsúla ag leanaí i
dteaghlaigh ina bhfuil beirt fhásta in aois oibre. Tá an baol bochtaineachta níos ísle i
bhfírinne i dteaghlaigh ina bhfuil 1-3 leanaí ná mar atá sé i measc an daonra iomláin (11.0%
in aghaidh 14.2%) ach tá an ráta beagán níos airde ná seo i gcás na dteaghlach atá níos mó
agus ina bhfuil leanaí, ag 16.0%. Tá na fionnachtana seo i gcomhréir leis an anailís ar shonraí
SIDM 2007 ina bhfuair an PS amach go raibh beagnach dhá oiread an baol bochtaineachta
ann sa chás go raibh níos mó ná beirt leanaí sa teaghlach.94 Agus arís, nuair a chuirtear
fachtóirí eile san áireamh, níor mhéadaigh leanbh amháin ná beirt leanaí a bheith i
dteaghlach dóchúlacht baol bochtaineachta an teaghlaigh sin.
93
Ba é an tairseach baol bochtaineachta ar bhonn bliantúil i gcás duine fhásta shingil i rith 2008 ná €12,455 agus €28,895 i gcás teaghlaigh ina raibh beirt fhásta agus beirt leanaí. (An PS, SIDM 2008, lth. 33).
94 An PS, SIDM 2007, lth. 53.
143
Tábla 4-15: Rátaí baol bochtaineachta de réir comhdhéanamh teaghlaigh leathan, 2008
Líon na ndaoine fásta
Aois na ndaoine fásta
Baol bochtaineachta
Gan leanaí faoi bhun 18 mbliana
Leanaí faoi bhun 18 mbliana i gceist
1 65+ 11.0 - <65 25.7 36.4 2 65+ 10.0 - <65 14.2 11.0* 3 8.7 Cás eile 16.0** Luaigh 14.4
* Cuimsítear teaghlaigh ina bhfuil 1-3 leanaí * Cuimsítear teaghlaigh eile ina bhfuil leanaí faoi bhun 18 mbliana Foinse: Tábla 2.1, An PS, SIDM 2008
Dreasachtaí airgeadais
Tá roinnt táscairí ann is féidir a úsáid chun anailís a dhéanamh ar thionchar an pholasaí
aistrithe ar dhreasachtaí (féach Bosca 4-2). Bíonn roinnt tionchar éagsúil ag dreasachtaí
fostaíochta ar éifeachtacht an pholasaí agus na n-íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí.
Ar an gcéad dul síos, má sholáthraítear íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí mar chuid
d'íocaíocht sochair a tharraingítear siar go hiomlán nuair a thosaítear ag gabháil
d'fhostaíocht, beidh na dreasachtaí airgeadais níos lú ná íocaíocht a choinnítear nó a
tharraingítear siar ar ráta níos ísle. Maidir le duine a bhfuil acmhainneacht tuillimh bheag
agus teaghlach níos mó aige/aici, d'fhéadfadh na dreasachtaí airgeadais le glacadh le
fostaíocht a bheith go híseal. Ar an dara dul síos, d'fhéadfaí dreasachtaí a fheabhsú trí
fhorlíontaí ioncam oibre a íoc, rudaí a d'fhéadfadh a bheith difriúil agus iad faoi réir mhéid
an teaghlaigh. Ar an tríú dul síos, d'fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an ngá atá le
cúram leanaí go bhféadfadh fostaí féideartha costais shuntasacha a thabhú agus é/í ag
gabháil d'fhostaíocht, rud a mbeadh tionchar aige ar an dreasacht atá ann le glacadh le
fostaíocht.
Ar feadh cuid mhaith de thréimhse an athbhreithnithe, is dóchúil gur fheabhsaigh
dreasachtaí fostaíochta,95 rud a léiríonn réimse polasaithe agus fachtóirí eile. Mar shampla,
95
Má theastaíonn uait fianaise ar fheabhsuithe sa mhargadh saothair i rith na tréimhse seo a fheiceáil, féach ar Philip J. O’Connell agus Helen Russell, ‘Employment and the Quality of Work’, i Tony Fahey, Helen Russell, Christopher T. Whelan, The Best of Times? The Social Impact of the Celtic Tiger, An Foras Riaracháin (Baile Átha Cliath, 2007), lth 43 – 66.
144
mhéadaigh an t-ardú ar rátaí tuillimh an dreasacht airgeadais le glacadh le fostaíocht. Bhí ról
ag athruithe polasaí sa chóras cánach (amhail laghdú ar rátaí cánach agus athrú i dtreo
indibhidiúlú méadaithe an chórais chánach) agus sa chóras leasa shóisialaigh (úsáid
mhéadaithe neamhairde ar ioncam) chomh maith. Maidir le polasaí TIL, is dóchúil go raibh
ról ag an athrú ó thacaí ioncaim roghnaitheacha do leanaí (agus comhréir tacaíochta níos lú
ag teacht trí íocaíocht spriocdhírithe) i rith na tréimhse chomh maith. Ar an láimh eile,
áfach, tháinig méadú mór ar chostais cúram leanaí.
Bosca 4-2: Táscairí dreasachtaí airgeadais le glacadh le fostaíocht
Tomhaiseann an ding chánach ar chostas oibre an t-ualach cánach coibhéiseach ar dhuine fostaithe atá ar bheagán tuillimh. Is iad “Rátaí athsholáthair” (RA) an táscaire is mó a úsáidtear chun méid na ndreasachtaí airgeadais do dhuine dífhostaithe nó neamhghníomhach chun glacadh le fostaíocht a thaispeáint. Sainmhínítear na RA mar chóimheas an ioncaim gan obair le hioncam oibre. D'fhéadfadh duine dífhostaithe ioncam indiúscartha €203 in aghaidh na seachtaine a fháil, mar shampla. Dá bhfaigheadh an duine seo ioncam (indiúscartha) glan €350 in aghaidh na seachtaine agus é/í á f(h)ostú, bheadh RA €203/€350 nó 0.58 aige/aici. Soláthraíonn an ríomh seo tomhas inláimhsithe ar an dreasacht airgeadais don duine sin tairiscint fostaíochta a lorg agus glacadh léi. Tugann RA íseal ardleibhéal dreasachta le fios, ach laghdaíonn an dreasacht de réir mar a ardaíonn sé go dtí go mbaineann sé 1.00 amach nó méid os a chionn, nuair nach fiú don duine glacadh le fostaíocht ó thaobh airgeadais de. Ach go praiticiúil, d'fhéadfadh RAnna atá i bhfad faoi bhun 1.00 fadhbanna a chruthú, toisc gur dócha go dtabhóidh duine costais bhreise agus iad ag gabháil d'fhostaíocht (cúram leanaí, taisteal chuig agus ón obair srl.) agus is minic a ghlactar le RAnna atá thart ar 0.80 mar luach criticiúil. I gcásanna áirithe, beidh dídhreasacht an-mhór i gceist go fóill le RAnna faoi bhun 0.80, ach beidh oiread na dídhreasachta sin faoi réir an méid atá san áireamh sa ríomh RA agus ar dhálaí an duine ar leith. Is iad na príomh-eilimintí a chuireann le ríomh RA ná (i) an pá a d'fhéadfadh duine a fháil sa mhargadh saothair, (ii) an chaoi a gcaithfí leis an bpá sin ó thaobh cánach de agus (iii) comhcheangal na n-íocaíochtaí tacaíochta ioncaim a fhaigheann duine dífhostaithe agus an rud a tharlaíonn dóibh má ghlacann an duine le post. Bheifí ag súil leis go mbeadh RAnna níos airde le haghaidh daoine ar ioncam a d'fhéadfadh a bheith beag. Tomhaiseann an gaiste pá ísil (nó an gaiste bochtaineachta) tionchar na gcóras cánach agus sochar nuair a mhéadaítear tuilleamh comhlán saothraí ar bheagán pá, mar gheall ar mhéadú ar líon na n-uaireanta oibre, mar shampla. Bíonn sé á socrú ag an ráta imeallach cánach ar ioncam fostaíochta agus ag tionchar aistharraingt an aistrithe. Tarlaíonn gaiste bochtaineachta ag tairseach ioncaim ar leith, nuair a fhágann an éifeacht cáin ioncaim agus aistharraingt na sochar oibre níos lú airgid ag an oibrí, i gcomparáid leis an am a bhí sé/sí ag tuilleamh pá comhlán níos ísle. Tarlaíonn gaiste dífhostaíochta nuair a chruthaíonn an idirghníomhaíocht idir an córas leasa shóisialaigh agus an córas cánachais cás nach bhfuil aon dreasacht airgeadais ann don duine athrú ó leas sóisialach go hobair.
145
Taispeánann Figiúr 4-14 an treocht sa ding chánach agus sa ghaiste pá ísil i rith thréimhse an
athbhreithnithe. Taispeánann sé gur tháinig laghdú ar an ding chánach (cé go raibh sé íseal
cheana go hidirnáisiúnta) i rith na tréimhse, rud a dheimhníonn gur fheabhsaigh dreasachtaí
le glacadh le hobair i rith na tréimhse go ginearálta. Maidir leis na daoine sin atá ag gabháil
d'fhostaíocht cheana, áfach, bhí an gaiste pá ísil go hard de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta
agus d'ardaigh sé i rith na tréimhse fiú. Tá ráite ag an ECFE go bhfuil rannpháirtíocht na
mban á coinneáil siar in Éirinn ag easpa cúram leanaí inacmhainne agus dídhreasachtaí sa
chóras cánach-sochar, in ainneoin méadú mór uirthi seo le blianta beaga anuas agus tá sí
faoi bhun mheán an AE go fóill. Mhol an ECFE feabhsú ar spriocdhíriú na tacaíochta ioncaim
do leanaí, le tacú le dreasachtaí fostaíochta do na dara saothraithe agus do thuismitheoirí
aonair a bhfuil leanaí óga acu agus mhol sé méadú ar sholáthar na n-áiteanna cúram leanaí
chomh maith.96
Figiúr 4-14: Ding chánach agus táscairí gaiste pá ísil: Éire, an RA agus Limistéar an Euro, 1997-2008
0
10
20
30
40
50
60
70
80
90
100
1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008
Fao
in g
Céad
Gaiste pá ísil – Éire
Gaiste pá ísil – An RA
Gaiste pá ísil -Limistéar an Euro
Ding chánach – Éire
Ding chánach – An RA
Ding chánach –Limistéar an Euro
96 Economic Policy Reforms: Going for Growth 2009, An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt
Eacnamaíochta (Páras, 2009), lgh 80 - 81. http://www.oecd.org/dataoecd/22/10/42225005.pdf
146
Rannpháirtíocht tuismitheoirí agus rátaí fostaíochta
Taispeánann Tábla 4-16 stádas lucht saothair na gcineálacha éagsúla teaghlach i ráithí
inchomparáide i 1998 agus 2009. Tá sonraí 2009 camtha ag an méadú mór ar dhífhostaíocht
i rith na bliana roimhe sin, ach tá sé úsáideach le díriú ar na rátaí fostaíochta agus
neamhghníomhaíochta.
Tábla 4-16: Stádas lucht saothair chineálacha éagsúla comhdhéanaimh na dteaghlach
(1998 agus 2009)
R2-1998 R2-2009 Fireann Baineann Fireann Baineann Lánúineacha gan leanaí - ag gabháil d'fhostaíocht 53.8% 40.7% 54.8% 49.4% - dífhostaithe 2.6% 2.1% 6.8% 2.8% - neamhghníomhach 43.7% 57.2% 38.5% 47.8% Lánúineacha a bhfuil a leanaí go léir faoi bhun 15 bliana - ag gabháil d'fhostaíocht 86.9% 48.5% 83.0% 60.0% - dífhostaithe 6.7% 3.6% 11.2% 4.2% - neamhghníomhach 6.4% 47.9% 5.8% 35.8% Tuismitheoirí aonair a bhfuil a leanaí go léir faoi bhun 15 bliana - ag gabháil d'fhostaíocht 63.2% 47.5% 63.6% 47.4% - dífhostaithe 3.5% 9.3% 13.0% 7.0% - neamhghníomhach 31.6% 43.2% 24.7% 45.6%
Foinse: SRNT
Maidir le fir i lánúineacha a raibh leanaí acu, tháinig laghdú ar an ráta neamhgníomhaíochta,
rud a bhí íseal cheana (ó 6.4% go dtí 5.8%). Maidir le mná i lánúineacha a raibh leanaí óga
acu (faoi bhun 15 bliana), bhí an laghdú ar an ráta neamhghníomhaíochta (ó 47.9% go dtí
35.8%) i rith na tréimhse thar a bheith suntasach, rud a léirigh an t-ardú mór ar a ráta
fostaíochta (ó 48.5% go dtí 60%).
Tá staid na dtuismitheoirí aonair ar mná iad thar a bheith difriúil le staid na máithreacha atá i
lánúineacha. Tá an ráta neamhghníomhaíochta tar éis méadú méid áirithe i bhfírinne maidir
leis an gcéad dream sin (ó 43.2% go dtí 45.6%) agus tá an ráta fostaíochta ar an leibhéal
céanna is a bhí sé 11 bliana roimhe sin. Tá treocht seo na rátaí rannpháirtíochta agus
fostaíochta i gcomhréir leis an dearcadh go mbíonn torthaí bochtaineachta na dteaghlach
aontuismitheora níos measa ná torthaí na coda is mó de na teaghlaigh eile.
Tá na feabhsuithe ar rannpháirtíocht tuismitheoirí sa lucht saothair i rith na tréimhse atá faoi
athbhreithniú le feiceáil chomh maith i bhfigiúirí Eurostat ar chomhréir na ndaoine atá 0-17
mbliana d'aois agus atá ina gcónaí i dteaghlaigh gan fostaíocht. Sa bhliain 1997, b’ionann
147
comhréir na dteaghlach gan fostaíocht ina raibh leanaí agus 15.7%. Laghdaigh sé seo go
11.2% i 2006, ach tá méadú tagtha air ó shin go 13.1% faoi 2008, rud a léiríonn an méadú ar
dhífhostaíocht a bhaineann leis na deacrachtaí eacnamaíocha atá ann faoi láthair.
4.2.5 Forbhreathnú ar tháscairí
Tugann Tábla 4-17 forbhreathnú trialach ar na táscairí éagsúla a bhfuil ról acu i ndearbhú
bochtaineachta i measc leanaí. Tá an pictiúr foriomlán réasúnta measctha, ina bhfuil táscairí
áirithe ag taispeáint treochtaí dearfacha agus cinn eile ag taispeáint treochtaí measctha nó
diúltacha. Pléitear tionchar foriomlán na dtreochtaí seo ar bhochtaineacht i measc leanaí go
mion i gcuid 4.5.
Tábla 4-17: Forbhreathnú ar tháscairí a mbíonn tionchar acu ar threochtaí bochtaineachta i measc leanaí
Treocht Tionchar dóchúil táscaire ar bhochtaineacht i measc leanaí sa tréimhse athbhreithnithe
Córas TIL
Leorgacht na n-íocaíochtaí D'fhan rátaí comhcheangailte i gcomhréir leis, ach d'fhan siad i bhfad faoi bhun na líne bochtaineachta coibhéise i measc leanaí. D'ardaigh tairseacha FIT os cionn na líne bochtaineachta.
Neodrach nó beagán dearfach
Rátaí LS do dhaoine fásta Comhchosúil le híocaíochtaí TIL Neodrach nó beagán dearfach Éifeachtacht Fócas/spleáchas níos mó ar
íocaíochtaí uilíocha Dearfach toisc cuimsiú níos fearr
Éifeachtúlacht Fócas níos lú ar íocaíochtaí roghnaitheacha/spriocdhírithe
Dearfach toisc dídhreasacht níos lú; diúltach toisc go bhfuil níos lú acmhainní á gcaitheamh ar laghdú na bearna bochtaineachta
Córas nach mbaineann le TIL
Ioncam díreach teaghlaigh D'ardaigh na rátaí bochtaineachta i measc leanaí roimh aistriú
Diúltach
Dreasachtaí airgeadais Feabhsú áirithe le glacadh le hobair ach dul in olcas féideartha na ndreasachtaí le glacadh le tuilleadh uaireanta
Measctha
Comhdhéanamh teaghlaigh Leitheadúlacht mhéadaithe na dteaghlach ina bhfuil tuismitheoir aonair; leitheadúlacht laghdaithe na dteaghlach ina bhfuil líon mór leanaí
Measctha
Rátaí fostaíochta Costais cúram leanaí
Méadaithe i rith na tréimhse, seachas i gcás tuismitheoirí aonair Ardaithe i rith na tréimhse
Measctha Diúltach
148
Fionnachtain 4-4: D'éirigh aistriú sóisialta níos éifeachtaí i laghdú bochtaineachta i measc
leanaí
Is iad na príomhtháscairí atá ann chun tuiscint a fháil ar fhorás na bochtaineachta i measc
leanaí ná na táscairí 'baol bochtaineachta' agus bochtaineachta comhsheasmhaí.
Taispeánann an dá tháscaire feabhsú i rith thréimhse an athbhreithnithe, cás a léiríonn
ioncam feabhsaithe i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí, in ainneoin gur ardaigh na rátaí
bochtaineachta réamh-aistrithe i measc leanaí go mór idir 2003 agus 2008. I bhfocail eile,
d'éirigh an t-aistriú sóisialta níos éifeachtaí ina iomláine i laghdú bochtaineachta i measc
leanaí i rith na tréimhse, fiú má díríodh cuid den iarracht seo ar chosc dhul in olcas na
bochtaineachta i measc leanaí. Díríonn sé seo aird ar an gcaoi go bhfuil gá le réimse táscairí
níos leithne chun tuiscint iomlán a fháil ar thorthaí bochtaineachta i measc leanaí. Is gá do
na táscairí seo nithe áirithe a chur san áireamh, amhail (i) fachtóirí taobh istigh den chóras
tacaí ioncaim do leanaí - go háirithe leorgacht na n-íocaíochtaí, éifeachtúlacht an chórais i
laghdú bochtaineachta agus a éifeachtúlacht i spriocdhíriú acmhainní, agus (ii) fachtóirí
taobh amuigh de chóras na dtacaí ioncaim do leanaí, lena n-áirítear íocaíochtaí aistrithe do
dhaoine fásta, fachtóirí indíreacha a shocraíonn ioncam díreach teaghlaigh (lena n-áirítear
dreasachtaí fostaíochta) agus fachtóirí díreacha amhail rátaí fostaíochta.
4.3 Ról an chaithimh airgid ar thorthaí
Díríonn an chuid seo ar an gceist measúnaithe: “Cé chomh fada is féidir na treochtaí i
dtorthaí a mhíniú le treochtaí san aschur clár bainteach?” Déantar breithniú orthu faoin dá
phríomhchuspóir a aithníodh roimhe seo, is iad sin, soláthar cúnaimh do theaghlaigh leis an
gcostas tógála leanaí agus laghdú bochtaineachta i measc leanaí.
4.3.1 Soláthar cúnaimh do theaghlaigh le costas tógála leanaí
Agus toradh sprice polasaí ar leith in easnamh maidir le cúnamh leis an gcuspóir costas
tógála leanaí, ní féidir ach conclúidí teoranta a bhaint ón bhfianaise thuas. Is é an chéad
cheann atá ann ná go bhfuil méadú mór tagtha ar leibhéal na tacaíochta le deich mbliana
anuas, i gcomparáid leis an gcostas linbh agus an tuilleamh tionsclaíoch. Ar an dara dul síos,
tá méadú tagtha ar an leibhéal tacaíochta in aghaidh táscairí inchomparáide riaracháin
chomh maith, amhail an creidmheas cánach pearsanta. Ar deireadh, tá leibhéal na
tacaíochta uilíche níos airde ná mar atá sé sa chuid is mó tíortha forbartha eile.
149
Soláthraíonn íocaíochtaí SL cúnamh suntasach leis an gcostas tógála leanaí do theaghlaigh
ina bhfuil leanaí agus bíonn ról tábhachtach acu mar sin i smúdáil ioncaim i rith saolré duine.
Tá dhá phríomhcheist ann nuair a dhéantar measúnú ar an gceist measúnachta seo. Ar an
gcéad dul síos, an bhfuil a spriocghrúpaí á mbaint amach ag SL? Ar an dara dul síos, an bhfuil
an leibhéal cúnaimh ceart, an bhfuil méid rómhór nó róbheag i gceist? Déanaimid breithniú
sa chuid seo ar na ceisteanna seo taobh istigh de théarmaí an chláir féin, ós rud é go
ndírítear ar na ceisteanna níos leithne maidir le polasaí tacaíochta ioncaim do leanaí i
gCaibidil 9 (‘bainteach leanúnach an chaiteachais phoiblí’).
Cuimsiú
I gcás roinnt cláir aistrithe spriocdhírithe, tagann ceisteanna chun cinn go minic maidir le cé
acu an bhfuil nó nach bhfuil spriocdhíriú á dhéanamh ar na teaghlaigh chearta nó cé acu an
bhfuil nó nach bhfuil na critéir cháilíochta nó easpa feasachta ag eisiamh méid áirithe den
daonra ar a bhfuil spriocdhíriú á dhéanamh. Maidir le híocaíochtaí uilíocha, ní thagann a
leithéid de cheisteanna chun cinn de ghnáth, ach amháin sa chás go bhfuil an glacadh sochar
níos ísle ná mar ba chóir nó sa chás go bhfuil an sochar á íoc le teaghlaigh nach bhfuil ina
theideal. Mar a breithníodh i gCaibidil 3, níl mórán fianaise ann ar fhadhbanna glactha
maidir le SL, go háirithe san aoisghrúpa faoi bhun 16 bliana, sa chás go bhfuil íocaíocht
uathoibríoch i gceist, nach mór, ón am a rugtar duine. Dírítear ar cheist na n-íocaíochtaí
míchearta i gCaibidil 5 (bearta rialaithe SL).
Leibhéal na tacaíochta a sholáthraítear
Baineann an dara ceist leis an leibhéal cuí tacaíochta do theaghlaigh ina bhfuil leanaí.
Tugadh faoi deara roimhe seo nach bhfuil aon sprioc iomlán ann le haghaidh leibhéal na
tacaíochta atá le bheith soláthartha a d'fhéadfadh a bheith nasctha (a) leis an gcostas linbh
agus/nó (b) sprioc pholasaí maidir le cé mhéad den chostas sin is cóir do theaghlaigh a roinnt
leis an bpobal. Is féidir cainníochtú cuspóirí a dhéanamh ar an gcéad cheann acu seo (amhail
an cleachtadh costas linbh), fiú má tá eilimint shuibiachtúil ag baint le cinntí ar na hearraí atá
le bheith curtha san áireamh sa chiseán. Ach is cinneadh don phróiseas polaitiúil é an dara
ceann acu seo i ndeireadh na dála, chun cóireáil chuí na dteaghlach ina bhfuil leanaí agus gan
leanaí a shocrú. Mar thoradh air seo, tá teorainn leis an oiread freagraí oibiachtúla is féidir
le measúnú polasaí a sholáthar ar an gceist seo.
Thug an t-athbhreithniú roimhe seo faoi deara nár moladh aon tagarmharcáil in ainneoin
roinnt deiseanna a bheith ann chun sprioc chuí a shocrú le haghaidh SL (go háirithe an
150
Coimisiún um Leas Sóisialach 1986 agus an Grúpa Athbhreithnithe ar rátaí Leasa Shóisialaigh
2001). Ach tar éis dó breithiúnas a thabhairt ar an ráta SL in aghaidh réimse leathan táscairí,
thug an t-athbhreithniú faoi deara go mbeadh an ráta íocaíochta SL tar éis ardú go mór in
aghaidh tagarmharcáil ar bith a d'fhéadfaí a shamhlú. Mar shampla, nuair a dhéantar
comparáid le costas linbh (suasrátaithe le haghaidh boilsciú), d'íoc an ráta SL atá níos ísle
leath den chostas linbh, fiú nuair a úsáideadh an caighdeán "measartha". Nuair a dhéantar
comparáid le táscaire eile "cothrománach" (leibhéal an chreidmheasa chánach phearsanta),
tá an ráta SL i bhfad níos airde. Go hidirnáisiúnta, tá an chuma air go bhfuil SL mar íocaíocht
uilíoch socraithe ar ráta níos airde ná íocaíochtaí inchomparáide chomh maith.
Mar fhocal scoir, tá "costas deise" ar chaiteachas ar SL chun cuspóir athdháilte
chothrománaigh a bhaint amach, sa chaoi nach bhfuil caiteachas aistrithe sochar linbh ar fáil
le haghaidh caiteachais ar sheirbhísí a bhaineann le leanaí. Ós rud é go bhfuil leibhéil
chaiteachais réasúnta ard in Éirinn ar thacaí ioncaim do leanaí (á léiriú ag íocaíochtaí uilíocha
atá réasúnta ard), ach leibhéil ísle chaiteachais ar sheirbhísí a bhaineann le leanaí, is dóchúil
go bhféadfaí feabhsú foriomlán ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n-acmhainní atá
dírithe ar leas leanaí a bhaint amach trí chaiteachas a athrú ó thacaí ioncaim go seirbhísí.97
Ina theannta sin, taobh istigh den pholasaí tacaíochta ioncaim do leanaí é féin, cé go
bhféadfadh caiteachas ar íocaíochtaí uilíocha an cuspóir cúnaimh leis an gcostas leanaí a
bhaint amach agus acmhainní breise a sholáthar do theaghlaigh ar bheagán ioncaim,
d'fhéadfaí a éifeachtacht choibhéiseach a fheabhsú trí roinnt acmhainní atá dírithe ar an
gcuspóir athdháilte cothrománaigh a aistriú chuig na cuspóirí athdháilte ingearaigh
spriocdhírithe.
Déantar breithniú mionsonraithe ar phríomhcheist oiread a leithéid d'aistriú i gCaibidil 9. Ba
chóir a thabhairt faoi deara ag an bpointe seo, áfach, go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh
ar mhalartú rómhór go mbeadh laghdú ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an dá chuspóir.
Mar shampla, d'fhéadfadh béim rómhór ar ionstraimí roghnaitheacha glacadh sochar a
laghdú nó dreasachtaí fostaíochta a lagú. Bhí sé mar chonclúid ag tuarascáil a rinneadh don
Choimisiún Eorpach le déanaí gur “minic a bhíonn cláir sochar uilíoch níos éifeachtúla ná
tacaíocht spriocdhírithe do theaghlaigh ar bheagán ioncaim, nuair a chuirtear an cuspóir i
leith bochtaineacht teaghlach a laghdú (nó míchothromaíocht a laghdú) san áireamh. Fáth
amháin atá ann ná go bhfaigheann cláir uilíocha tacaíocht ó réimse ranníocóirí níos mó agus
tá an méid tacaíochta níos mó mar gheall air sin. Is dochúil gur lú an seans go ndéanfar
ciorrú ar chláir uilíocha i gcáinaisnéis a chuirtear i bhfeidhm i rith tréimhsí géarchéime nó
déine chomh maith. Fáth eile atá ann ná go bhféadfadh a bheith ag teipeadh ar chláir
spriocdhírithe na teaghlaigh a bhfuil na riachtanais is mó orthu a bhaint amach mar gheall ar
ilchostais idirbheart agus toisc go gcuireann eolas neamhfhoirfe isteach ar dhearadh
97
Maidir le leibhéil chaiteachais ar thacaí ioncaim i gcomparáid le seirbhísí, féach ar chuid 7.1 ar chaiteachas TIL i gcomhthéacs idirnáisiúnta i gCaibidil 7.
151
éifeachtúil sprice. Chomh maith leis sin, faightear go mbíonn polasaithe a thugann
spreagadh do thuismitheoirí post a fháil, bídís i bpáirtnéireacht nó ina n-aonar, faightear gur
modh éifeachtúil iad chun an baol bochtaineachta a laghdú.” 98
Fionnachtain 4-5: Bheadh buntáistí suntasacha ag baint le soiléire níos mó faoin
gcothromaíocht chuí idir íocaíochtaí uilíocha agus roghnaitheacha sa phacáiste tacaíochta
foriomlán
Bheadh buntáistí suntasacha ag baint le soiléire níos mó maidir leis an gcuspóir soláthair
cúnaimh le costas tógála leanaí agus maidir leis an gcothromaíocht chuí idir an eilimint
uilíoch agus roghnaitheach sa phacáiste foriomlán tacaíochta ioncaim do leanaí. Ach mar
aitheantas ar an gcaoi go bhféadfadh sé a bheith deacair sprioc a shocrú, ós rud é go bhfuil
easpa toilithe ann faoin méid a mheasfaí a bheith mar mhéid réasúnta cúnaimh, measann an
t-athbhreithniú go bhfuil an méid cuí tacaíochta á léiriú ar an gcaoi is fearr i gcóras
measctha, ina mbeadh ionstraimí uilíocha agus roghnaitheacha cothrom lena chéile nach
mór de réir a chéile (i réimse thart ar 40% -60%).
4.3.2 Laghdú bochtaineachta leanaí
An bhfuil pictiúr soiléir á chruthú le réimse na dtáscairí a ndearnadh machnamh orthu
roimhe seo? Taispeánann na táscairí gur tháinig laghdú ar rátaí na leanaí 'i mbaol
bochtaineachta' de réir a chéile le deich mbliana anuas, ach bhí siad ard go fóill i gcomparáid
leis na haoisghrúpaí níos sine atá 'i mbaol bochtaineachta' agus leis an gcás idirnáisiúnta
(féach Caibidil 7). Bhí an bhearna idir bochtaineacht aois oibre agus bochtaineacht i measc
leanaí ag laghdú, ach tá cobhsú tagtha uirthi ó shin ag thart ar 5 faoin gcéad. Chonacthas na
treochtaí seo chomh maith i dtáscairí bochtaineachta comhsheasmhaí.
Tugadh faoi deara i dtuarascáil de chuid an ITES a rinneadh le déanaí ar mhonatóireacht
treochtaí bochtaineachta idir 2004 agus 2007 gurbh iad leanaí an aoisghrúpa a raibh an 'baol
bochtaineachta' is mó ag baint leo go fóill, chomh maith leis na rátaí bochtaineachta
comhsheasmhaí is mó, in ainneoin gur tháinig laghdú ar an leibhéal bochtaineachta i measc
leanaí i rith na tréimhse seo. Ina theannta sin, ní raibh an laghdú ar rátaí bochtaineachta i
measc leanaí chomh tapa i rith na tréimhse seo leis an laghdú a tharla i measc daoine in aois
oibre agus daoine scothaosta. Bhí céatadán leanaí i bhfad rómhór ann i gcomhdhéanamh an
daonra a bhí thíos le bochtaineacht chomh maith. Cé gurbh ionann leanaí agus 27% den
98
Marie-Thérèse Letablier, Angela Luci, Antoine Math agus Olivier Thévenon, The costs of raising children and the effectiveness of policies to support parenthood in European countries: a Literature Review, lch. 12.
152
daonra ina iomláine, b’ionann iad agus 33% de na daoine sin 'i mbaol bochtaineachta' agus
39% díobhsan a bhí thíos le bochtaineacht chomhsheasmhach. D'fhan na comhréireanna
seo cobhsaí, a bheag nó a mhór, idir 2004 agus 2007. Thug an tuarascáil faoi deara chomh
maith go raibh bochtaineacht i measc leanaí comhchruinnithe go mór i measc na dteaghlach
aontuismitheora i rith na tréimhse: b’ionann leanaí i dteaghlaigh aontuismitheora agus 51%
de na leanaí a bhí thíos le bochtaineacht chomhsheasmhach i 2004. Bhí an chomhréir seo tar
éis méadú go dtí 65% faoi 2007, rud a míníodh go páirteach le méadú líon na leanaí i
dteaghlaigh aontuismitheora sa daonra.99
Cén oiread is féidir na treochtaí seo a mhíniú le polasaithe agus cláir tacaíochta ioncaim do
leanaí agus é á chur san áireamh go síneann na cinntithigh bhochtaineachta i bhfad níos
faide ná tacaíocht ioncaim? Tugann sonraí ioncaim le fios go mbíonn ról an-suntasach ag
aistriú a bhaineann le teaghlaigh agus leanaí i bhfeabhsú ioncaim sa chuid íochtair den
dáileadh ioncaim agus i laghdú líon na ndaoine bochta agus na bearna bochtaineachta dá
bhrí sin. 100 Tugann an anailís le fios go mbíonn tionchar ag liúntais linbh/teaghlaigh ar an
ráta bochtaineachta i dtrí bhealach.
Ar an gcéad dul síos, laghdaíonn siad líon na ndaoine bochta, in éineacht le haistriú
eile, trí theaghlaigh a thabhairt os cionn na líne 'baol bochtaineachta' (go háirithe na
daoine sin sa dara deicíl ioncaim).
Ar an dara dul síos, laghdaíonn siad 'géire na bochtaineachta' i measc daoine ar
ioncam atá fíorbheag, fiú murar leor iad chun líon na ndaoine bochta a laghdú (go
háirithe maidir leis an gcéad deicíl ioncaim).
Ar an tríú dul síos, fritháiríonn siad tionchar na gcánacha ar ioncam indiúscartha, rud
a tharraingeodh ioncam faoi bhun na líne 'baol bochtaineachta' murach sin, ós rud é
nach bhfuil creidmheasanna cánach ann le haghaidh leanaí (cosúil le
creidmheasanna daoine fásta).
Tugann na táscairí a aithníodh sa chuid luath den athbhreithniú le fios gur tháinig méadú
níos tapúla ar ioncam go ginearálta i dteaghlaigh inar tuilleadh airgead i gcomparáid leis na
teaghlaigh sin a bhí ag brath ar íocaíocht leasa shóisialaigh nó a bhí ag gabháil d'fhostaíocht
ar bheagán ioncaim agus teacht acu ar FIT. Tharla sé seo ar fháthanna nach raibh mórán
99
Helen Russell, Bertrand Maitre agus Brian Nolan, Monitoring Poverty Trends in Ireland 2004 -2007: Key Issues for Children, People of Working Age and Older People, lth 30 – 51. 100
Cuireann an PS SL, FLL, FIT agus LÉCSN san áireamh san aistriú seo, ach bíonn MLCanna san áireamh in aistriú eile (is é sin, leis na príomh-íocaíochtaí do dhaoine fásta). Dá bhrí sin, tá ranníocaíocht iomlán na n-íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí réasúnta ganniontráilte san anailís, go háirithe i gcás na ndeicílí ioncaim atá níos ísle.
153
smachta ag an bpolasaí TIL orthu agus bhain sé le treochtaí fostaíochta agus tuillimh,
rannpháirtíocht mhéadaithe dara saothraithe agus athruithe ar an gcóras cánachais dhírigh.
Ach chuir an t-ardú tapa ar thacaíocht ioncam leanaí (trí SL go príomha) sa chuid luath den
deichbhliain cosc le dul in olcas na treochta seo a bhí ann roimhe sin, rud a chiallaigh gur
laghdaigh na rátaí bochtaineachta i measc leanaí go mall i gcomhréir leis na rátaí
bochtaineachta i gcoitinne. Tá sé le feiceáil ó na táscairí gur léirigh an laghdú ar
bhochtaineacht i measc leanaí an laghdú ar rátaí bochtaineachta go ginearálta agus nach
féidir é a lua leis an tionchar tacaíochta ioncam do leanaí amháin. Mar shampla, in ainneoin
an ardaithe mhóir ar rátaí SL, is ar éigean a d'athraigh an ráta comhcheangailte de thacaíocht
ioncaim do leanaí dóibhsean a fuair leas sóisialach agus níor bhain sé 33% den líne BB amach
- an leibhéal a bheadh de dhíth chun rátaí bochtaineachta i measc leanaí a chur i gcomhréir
le rátaí bochtaineachta daoine fásta go ginearálta.
Is dóchúil gur chabhraigh struchtúr an chaiteachais TIL le próiseas laghdaithe na
bochtaineachta, trí dhul in olcas na ngaistí fostaíochta a chosc, go háirithe tábhacht SL, rud
atá iniompartha ar fud na deighilte leasa shóisialaigh/oibre. Ach seans gur lagaigh ardrátaí
de tharraingt siar ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh amhail ÍTA agus FIT dreasachtaí chun
uaireanta a mhéadú agus ioncam ó fhostaíocht dá bhrí sin.
Thug tuarascáil an ITES ar mhonatóireacht treochtaí bochtaineachta idir 2004 agus 2007 le
fios go bhféadfaí an pátrún laghdaithe bochtaineachta ar fud catagóirí éagsúla leanaí a lua ní
hamháin le fás eacnamaíoch leanúnach i rith na tréimhse ach le forbairtí ar pholasaí TIL
chomh maith, le tabhairt isteach roinnt tacaí breise stáit do theaghlaigh ina bhfuil leanaí. Ar
na forbairtí sin a d'imir tionchar ar leith, bhí méadú luach an SL i gcomhréir le méaduithe ar
an bpá meánach tionsclaíoch, méaduithe suntasacha ar an Liúntas Teaghlach
Aontuismitheora agus tabhairt isteach an Fhorlíonta Luath-Chúram Leanaí ag deireadh na
tréimhse. Bhí tuairim ann sa tuarascáil gur dócha gur chuir tabhairt isteach an FLL le laghdú
níos mó ar bhochtaineacht i measc leanaí faoi bhun cúig bliana d'aois, i gcomparáid le leanaí
a bhí níos sine. Bhí sé de chonclúid ag an tuarascáil go bhfuil gá le seirbhísí nach mbaineann
le hairgead chomh maith chun an cuspóir seo a bhaint amach, cé go bhfuil ról suntasach ag
tacaí ioncaim i laghdú na bochtaineachta i measc leanaí.
Fionnachtain 4-6: Chuir íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí leis an laghdú ar
mheastacháin bhochtaineachta i measc leanaí ar roinnt bealaí
Bhí roinnt rólanna tábhachtacha ag tacaí ioncam leanaí i mbaint amach an laghdaithe ar
bhochtaineacht i measc leanaí. In éineacht le haistriú eile, laghdaigh siad líon na ndaoine
bochta i measc na dteaghlach ina bhfuil leanaí ar ráta 24 pointe céatadáin agus rinne siad
laghdú 84% ar an mbearna bhochtaineachta (laghdú ar chuir bearta tacaíochta ioncaim do
leanaí 29% leis). Aithníonn an anailís ról tábhachtach d'aistriú tacaíochta ioncaim do leanaí
154
chomh maith i bhfritháireamh thionchar na gcánacha ar dheicílí meánioncaim, rud a
thugann le fios go bhfuil ról tábhachtach ann don aistriú seo i laghdú bochtaineachta, nuair a
chuirtear san áireamh nach bhfuil meicníocht sa chóras cánach atá freagrach do leanaí i
dteaghlaigh (trí chreidmheasanna cánach pearsanta a bhainfeadh le leanaí, mar shampla).
Mar fhocal scoir, bhí ról níos dinimiciúla ag struchtúr na dtacaí ioncam leanaí chomh maith,
trí laghdú a dhéanamh ar thionchar na ndídhreasachtaí airgeadais a bhaineann le bearta
roghnaitheacha. Tugann an anailís le fios chomh maith go bhfuil roinnt costais
éifeachtúlachta (nó mharbhualaigh) ag teacht aníos ó íocaíochtaí atá uilíoch go príomha,
toisc luach na tacaíochta sa chuid uachtair den dáileadh ioncaim. Seans nach bhfuil siad seo
chomh mór is a cheapfaí, ós rud é go dtugann dáileadh na n-íocaíochtaí liúntas
linbh/teaghlaigh ar fud na bpointí dáilte ioncaim méid réasúnta spriocdhírithe le fios. Ach
léiríonn bochtaineacht i measc leanaí cuid mhaith fachtóirí eile nach bhfuil faoi thionchar
íocaíochtaí TIL agus an chórais leasa shóisialaigh i gcoitinne. Is maith an seans go raibh
tionchar na n-íocaíochtaí TIL mar fhritháireamh in aghaidh roinnt fachtóirí diúltacha níos
leithne i rith na tréimhse agus seans gurb é seo is cúis leis an gcaoi nach raibh laghdú níos
mó ar bhochtaineacht i measc leanaí, in ainneoin an mhéadaithe mhóir ar chaiteachas.
Fionnachtain 4-7: In ainneoin an chiona dhearfaigh seo, d'fhéadfaí torthaí a fheabhsú trí
chóras tacaí atá níos comhleanúnaí
Nuair a chuirtear na fachtóirí seo san áireamh, an bhféadfaí torthaí bochtaineachta a
fheabhsú? Tá roinnt fadhbanna ann leis an straitéis atá 'uilíoch go príomha' a cuireadh i
bhfeidhm i rith thréimhse an athbhreithnithe. Ar an gcéad dul síos, is straitéis chostasach é
spleáchas ar shochair uilíocha, fiú i dtréimhsí fáis eacnamaíoch agus i gcás géarchéime
fioscaí go speisialta. Ciallaíonn na brúnna ar chaiteachas poiblí nach féidir brath ar phacáiste
a bhfuil íocaíochtaí uilíocha mar phríomhchuid de. Ar an dara dul síos, tá baol ann chomh
maith go mbeidh roinnt costais éifeachtúlachta nó mharbhualaigh ann. Cé gur mhéadaigh
an t-aistriú ar bhonn níos tapúla sa leath íochtair den dáileadh ioncaim, mhéadaigh sé sa
chuid uachtair chomh maith, go háirithe sa séú agus sa seachtú deicíl, cé gur tharla sé ar
bhonn níos lú. Ar an tríú dul síos, tá an seans ann gur fhág an straitéis roinnt bearnaí sa deicíl
ioncaim is ísle, ós rud é gur tháinig laghdú ar ioncam SL mar chéatadán den ioncam
indiúscartha seachtainiúil sa deicíl íochtair. Seans go léiríonn sé seo fadhbanna tomhais
ioncaim go páirteach, ach b'fhéidir go bhfuil easpa cuimsithe i gceist chomh maith maidir le
hionstraimí roghnaitheacha ag bun an dáilte ioncaim. Is iad na heilimintí foriomlána a
d'fhéadfadh a bheith ag baint le bealach cuir chuige feabhsaithe ná: níos lú spleáchais ar
uilíochas ach deimhniú buntáistí láidre bealach cuir chuige atá measctha
(uilíoch/roghnaitheach), chomh maith le bearta chun soláthar na tacaíochta a fheabhsú sna
deicílí ioncaim is ísle, rudaí ab fhearr dá mbeidís á ndéanamh i gcomhréir le feabhsú
idirghníomhaíocht na dtacaí oibre le tacaí taobh amuigh den obair. Déanfar machnamh ar
an gcaoi a bhféadfaí díriú ar na feabhsuithe seo sa tuarascáil seo ar ball.
155
4.4 Tionchar meascáin mhalartacha chaiteachais
Díríonn an chuid seo ar an gceist measúnaithe: “an bhféadfaí torthaí comhchosúla nó níos
fearr a bhaint amach trí mheascán difriúil d'ionchur clár?” Ar mhaithe le díriú ar an gceist
seo ar an gcéad dul síos, is gá don athbhreithniú réimse meascáin clár is féidir a oibriú a
aithint (agus aird ar an réimse féideartha an-leathan atá ar fáil). Ar an dara dul síos, is gá
don athbhreithniú na ceannteidil leathna torthaí ar féidir comparáid a dhéanamh leis na
meascáin seo ina n-aghaidh a aithint. Dírítear orthu seo sa dá chuid seo a leanas
4.4.1 Réimse na meascán malartach clár
I gcás plé ar an bpolasaí tacaíochta ioncaim do leanaí, baineann an speictream is úsáidí ar ar
féidir meascáin mhalartacha clár a bhreithniú, baineann sé leis an gcothromaíocht idir
íocaíochtaí uilíocha agus spriocdhírithe. D'fhéadfaí breithniú a dhéanamh chomh maith ar
thionchar meascáin clár eile (amhail meascáin idir cineálacha difriúla íocaíochtaí
spriocdhírithe), ach ós rud é go bhfuil difríochtaí móra idir na coinníollacha bunúsacha
cáilitheacha a bhaineann le híocaíochtaí spriocdhírithe (tá ceann amháin mar bhreis le
híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus tá an ceann eile ina thaca d'fhostaithe ar bheagán
ioncaim), tá fadhb níos mó ag baint lena leithéid de chomparáid.
Measann an t-athbhreithniú an dá chás fhoircneacha ina bhfuil cláir tacaíochta ioncaim do
leanaí go hiomlán uilíoch nó go hiomlán roghnaitheach mar chéad chéim. Déanann an t-
athbhreithniú breithniú ansin ar bhealaí cuir chuige malartacha ar an leanúntas idir an dá
phointe seo.
D'íocfadh córas atá go hiomlán uilíoch an méid céanna TIL maidir le gach leanbh, gan dul i
muinín ionstraimí roghnaitheacha. Leagann a leithéid de chórais béim mhór ar chuspóirí
cothromais chothrománaigh agus ba ghá do na leibhéil íocaíochta a bheith réasúnta ard
d'fhonn dul i ngleic le bochtaineacht ioncaim. Bealach cuir chuige amháin dá leithéid atá
ann ná an córas Bunioncaim do Leanaí, coincheap a fiosraíodh go mion in obair an Ghrúpa
um Chomhtháthú Leas Cánach agus i bPáipéar Uaine an Rialtais ar Bhunioncam.101 Ag taobh
eile an speictrim, tá córas atá roghnaitheach go hiomlán, rud a sholáthraíonn tacaíocht
ioncaim do leanaí trí ionstraimí spriocdhírithe amháin. Soláthródh córas a bheadh go
101
Bun-Ioncam: Páipéar Glas, Roinn an Taoisigh (Baile Átha Cliath, 2002).
156
hiomlán roghnaitheach tacaíocht do gach leanbh faoi bhun na líne bochtaineachta agus
tharraingeofaí siar an íocaíocht de réir mar a d'ardódh ioncam an teaghlaigh os cionn na líne
bochtaineachta. Sa chás antoisceach seo, chaithfí gach euro caiteachais ar laghdú
bochtaineachta, gan tacaíocht ar bith do theaghlaigh ina bhfuil leanaí atá díreach os cionn na
líne bochtaineachta Is léir go mbeadh sé an-deacair córas atá tarraingthe chomh teann sin a
mhionsonrú agus a chur i bhfeidhm agus go praiticiúil, is dóchúil go mbeidh leibhéal áirithe
de chostais "mharbhualaigh" ann i ngach córas roghnaitheach. Idir an dá fhoirceann seo, níl
teorainn le líon na gcomhcheangal. Ach aithníodh trí mheascán córais léiritheacha ar fud an
speictrim seo - uilíoch go príomha, measctha agus roghnaitheach go príomha (féach Tábla
4-18).
Tábla 4-18: Léiriú meascáin pholasaí TIL reatha agus malartacha
Cineál an chórais TIL Cothromaíocht idir íocaíochtaí uilíocha agus roghnaitheacha % an phacáiste iomláin TIL
Breac-chuntas bunúsach ar an gcóras
Córas atá go hiomlán uilíoch
100/0 Téann íocaíocht bhunioncaim do Leanaí in áit Sochar Linbh agus gach íocaíocht roghnaitheach agus faoiseamh cánach
Córas atá uilíoch go príomha
75/25 Spleáchas mór ar Shochar Linbh, ach roinnt íocaíochtaí spriocdhírithe chun bochtaineacht a laghdú i measc na dteaghlach ina bhfuil leanaí
Córas caithimh mheasctha
50/50 An bhéim chéanna leagtha ar chaiteachas ar íocaíochtaí uilíocha agus ar chaiteachas ar íocaíochtaí spriocdhírithe
Córas atá roghnaitheach go príomha Córas lánroghnaitheach
25/75 0/100
Bunleibhéal éigin d'íocaíocht uilíoch, ach an chuid is mó acmhainní á ndíriú ar theaghlaigh ar bheagán ioncaim Íocaíochtaí á ndíriú ar theaghlaigh ar bheagán ioncaim amháin
Cá háit a bhfuil forás na n-íocaíochtaí ar an speictream seo? Taispeánann Figiúr 4-15 an
íocaíocht Sochar Linbh mar chéatadán den phacáiste seachtainiúil TIL (Sochar Linbh,
MLCanna, agus LÉCSN) ó 1990 go dtí 2010.102 Maidir leis an tréimhse 2006 – 2009, cuireadh
an Forlíonadh Luathchúram Leanaí san áireamh chomh maith mar íocaíocht uilíoch. Ach ós
rud é go raibh an scéim seo faoi theorainn leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois, tá an ról a bhí ag
an íocaíocht seo in íocaíochtaí uilíocha luaite ar an ngraf leis an líne treochta briste. Tá rátaí
iarbhíre na n-íocaíochtaí comhcheangailte TIL ar taispeáint chomh maith. I rith na tréimhse
1990 go dtí 1999, d'fhéadfaí cur síos ar pholasaí TIL, de réir na tíopeolaíochta atá leagtha
amach i dTábla 4-18, d'fhéadfaí cur síos air mar chóras a bhí roghnaitheach go príomha agus
102
Úsáideadh na rátaí íocaíochta is ísle le haghaidh na scéimeanna seo go léir sa ríomh seo. Fágadh FIT as seo, ós rud é go bhfuil sé mar thoradh ar nádúr barrchaolaithe na híocaíochta nach féidir aon ráta singil seachtainiúil a sholáthar.
157
an chothromaíocht idir an íocaíocht uilíoch sochar linbh agus na híocaíochtaí TIL a bhí níos
roghnaithí claonta i dtreo íocaíochtaí a bhí dírithe ar theaghlaigh ar bheagán ioncaim.
Tháinig córas caiteachais mheasctha chun cinn i rith tréimhse réasúnta gearr ó 2000 go dtí
2002, nuair a leagadh an bhéim chéanna ar na híocaíochtaí uilíocha agus spriocdhírithe.
Sa bhliain 2003, bhí spleáchas níos mó ann ar íocaíochtaí uilíocha, nuair ab ionann
íocaíochtaí Sochar Linbh agus breis is 60% de na híocaíochtaí seachtainiúla tacaíochta
ioncaim do leanaí. Bhain an treocht i dtreo córais atá uilíoch go príomha buaicphointe amach
i 2006. Tugadh isteach an Forlíonadh Luath-Chúram Leanaí i rith na bliana sin. Nuair a
chomhcheanglaíodh an FLL le Sochar Linbh, b’ionann na híocaíochtaí uilíocha seo agus 74%
de na híocaíochtaí TIL go léir. Tá éifeacht an FLL le tabhairt faoi deara chomh maith sa
mhéadú ar rátaí iarbhíre íocaíochta na n-íocaíochtaí TIL go léir ó €50.92 i 2005 go €72.80 i
2006. Mar thoradh air sin, d'fhéadfaí cur síos ar an gcóras íocaíochta TIL faoi 2006 mar
chóras ina raibh spleáchas mór ar íocaíochtaí uilíocha, ach go raibh roinnt íocaíochtaí
spriocdhírithe ann chun bochtaineacht a laghdú, go háirithe i gcás leanaí faoi bhun 6 bliana
d'aois. Ina dhiaidh sin, laghdaigh comhréir na n-íocaíochtaí uilíocha seo go dtí 65% i rith
2009. Ba chomhartha é cealú an FLL i 2010 ar athrú i dtreo córas caiteachais mheasctha. Bhí
sé mar thoradh ar Cháinaisnéis 2010, nuair a rinneadh laghdú €16 ar na rátaí Sochar Linbh in
aghaidh na míosa agus méadú €3.80 in aghaidh na seachtaine ar rátaí MLCanna, bhí sé mar
thoradh air seo gur laghdaíodh luach an tSochair Linbh mar chomhréir d'íocaíochtaí
seachtainiúla TIL go leibhéal thart ar 50%. Má fhágtar FLL as an áireamh, ós rud é nach
mbaineann sé ach le leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois, cás a bhainfeadh leis an gcuid is mó
íocaíochtaí a bhaineann le leanaí, is féidir a fheiceáil gur thosaigh an t-aisiompú go córas
caiteachais mheasctha go luath - bhí SL níos lú ná 60% i rith 2007 mar chomhréir
d'íocaíochtaí seachtainiúla TIL, den chéad uair ó 2001.
158
Figiúr 4-15: Sochar Linbh mar chéatadán d'íocaíochtaí seachtainiúla TIL (gan FIT san áireamh), 1990 -
2010
19.2
0
20.4
7
21.3
3
22.9
4
23.4
9
25.6
7
26.3
3
26.6
2
27.0
6
27.9
4
30.7
5
38.0
8
45.4
0
47.2
4
48.6
2
50.9
2
72.8
0
81.4
5
87.1
3
84.8
3
68.1
6
24%23% 22%
25% 25%
31%32% 33%
34%36%
40%
52%
60%61%
62%64% 64%
59%58%
56%
74%
69% 68%
65%
51%
€0
€10
€20
€30
€40
€50
€60
€70
€80
€90
€100
0%
10%
20%
30%
40%
50%
60%
70%
80%
1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
Comhcheangal TIL Níos Ísle (Ais láimhe deise) SL mar % de TIL (Rátaí Ísle) SL + FLL mar % de TIL (Rátaí Ísle)
4.4.2 Táscairí torthaí ar féidir comparáid a dhéanamh le roghanna malartacha leo
Tá sé soiléir gur chóir don tagarmharcáil ar féidir comparáid a dhéanamh le roghanna
malartacha leis, gur chóir dó na príomhchuspóirí polasaí a léiriú chomh fada agus is féidir, go
háirithe na táscairí torthaí a aithníodh roimhe seo sa chaibidil seo. Soláthraíonn múnla
SWITCH an ITES modh chun meascáin clár malartacha a ionchur (rátaí íocaíochta difriúla go
bunúsach) agus breithniú a dhéanamh ar na torthaí faoi roinnt ceannteideal éagsúil.103 Ós
rud go gcuimsíonn an t-aschur ó SWITCH na príomh-impleachtaí buiséadacha, impleachtaí
dáilte, an éifeacht bhochtaineachta agus an tionchar ar dhreasachtaí fostaíochta, is
ionstraim úsáideach é chun an anailís seo a dhéanamh. Ní féidir ach codán beag den anailís
fhoriomlán a thaispeáint anseo mar riachtanas. Déanann Tábla 4-19 achoimre ar na
príomhtháscairí torthaí ar díol suime iad agus iad nasctha leis na príomhchuspóirí agus
príomhthorthaí polasaí.
103
Is múnla micrea-ionsamhlúcháin é SWITCH (Simulating Welfare and Income Tax CHanges) de chórais chánach agus sochar in Éirinn a d'fhorbair an ITES. Ionsamhlaíonn SWITCH tionchar athraithe polasaí ar ioncam agus ar dhreasachtaí oibre mar mhúnla sochar cánach. Tá an múnla bunaithe ar shonraí a tógadh ó Shuirbhé an PS ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála agus bíonn sé athraithe agus suasrátaithe chun an cás sa bhliain bhuiséadach reatha a léiriú. Is féidir an múnla a úsáid chun pacáistí fadtéarmacha leasaithe a fhiosrú agus scrúdú a dhéanamh ar chonairí malartacha ansin i dtreo an chuspóra fhadtéarmaigh roghnaithe.
159
Tábla 4-19: Táscairí torthaí a díorthaíodh ó anailís SWITCH
Cuspóir/Toradh Táscaire torthaí
Cúnamh le costas tógála leanaí
Luach "malartach" SL mar chéatadán den luach faoi láthair
Laghdú bochtaineachta leanaí
Luach an phacáiste iomláin TIL (SL agus MLC) Líon na ndaoine i mbaol bochtaineachta Bearna bhochtaineachta
Leibhéal foriomlán an chaithimh airgid
Glanchostas/glanchoigilteas státchiste
Dreasachtaí fostaíochta Líon na ndaoine a bhfuil leanaí acu, a bhfuil rátaí athsholáthair de bhreis is 70% agus 80% ag baint leo
4.4.3 Torthaí anailíse
Rinneadh anailís ar thionchair na gcineálacha tagarmharcála difriúla seo le múnla SWITCH
(Iúil 2010) agus tá achoimre ar na torthaí i dTábla 4-20. D'úsáid an t-athbhreithniú SWITCH
ar dtús chun anailís a dhéanamh ar thionchar an pholasaí atá ann faoi láthair i gcomparáid le
tagarmharcáil mhalartach nach bhfuil aon chaiteachas TIL inti (.i. tá luach an SL agus
MLCanna socraithe ag náid). Sa chás foircneach seo, thitfeadh luach na híocaíochta SL agus
an phacáiste TIL go dtí náid, rud a mbeadh sé mar thoradh air go dtiocfadh feabhsú de bhreis
is €2,488 milliún ar ghlanstaid an státchiste (caiteachas laghdaithe €2,504 milliún agus
cánacha níos ísle ar luach €16m). Thiocfadh dul in olcas 10.5 pointe céatadáin ar na táscairí
bochtaineachta ar leibhéal 60% agus 6 phointe céatadáin ar leibhéal 40%. Ar an láimh eile,
bheadh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí poiblí áirithe a cheannaíonn daoine faoi láthair
leis an ioncam óna n-íocaíochtaí TIL dá mbeadh easnamh caiteachas TIL i gceist.
Tábla 4-20: Comparáid na dtorthaí (an polasaí faoi láthair i gcomparáid le deireadh le caiteachas TIL)
An córas reatha Gan chaiteachas ar TIL
Dáileadh cothrománach: Luach "malartach" SL mar chéatadán den luach faoi láthair
€34.52 (100%)
- -
Dáileadh ingearach Pacáiste caighdeánach TIL (SL móide MLCanna) €64.32 (100%) €0(0%)
Bochtaineacht Leanaí (leibhéal 60%) 11.57% 22.04%
Bochtaineacht Leanaí (leibhéal 40%) 2.71% 8.76% Tionchar ar ghlanchaiteachas (€ milliún) - lúide €2,504 milliún
Gan teaghlaigh ina bhfuil leanaí a bhfuil Rátaí Athsholáthair ag baint leo
>70% 52.9% 39.7% >80% 29.0% 22.6%
Foinse: Ríofa le múnla SWITCH ag an RCS Tabhair faoi deara: Úsáideann RAnna bonn tuisceana íosphá
160
Ba é an chéad chéim eile a bhí ann ná tionchar na meascán éagsúil clár a thaispeáint i
gcomparáid leis an tagarmharcáil pholasaí nach bhfuil aon chaiteachas TIL i gceist léi. Is éard
a bhí i gceist leis seo ná mionsonrú na bpríomhpharaiméadar scéime sna meascáin
mhalartacha (trí athrú na rátaí SL agus MLCanna agus comparáid a dhéanamh leo seo leis an
gcéad tagarmharcáil). Tá achoimre thíos ar na meascáin dhifriúla clár a fiosraíodh:
Córas atá go hiomlán uilíoch: Méadaítear luach an SL do chách go dtí luach an
phacáiste TIL atá ann cheana. Socraítear luach na MLCanna go náid.
Córas measctha: Laghdaítear luach an SL agus méadaítear luach na MLCanna go
leath den phacáiste reatha TIL.
Córas atá roghnaitheach go príomha: Laghdaítear luach an SL tuilleadh agus
méadaítear MLCanna d'fhonn a chinntiú go soláthraítear an chuid is mó den TIL
trí ionstraimí roghnaitheacha.
Córas lánroghnaitheach: Méadaítear luach na MLCanna chun leibhéal an
phacáiste reatha TIL a shroiceadh. Tá íocaíochtaí SL socraithe go náid.
Rinneadh measúnú ar na meascáin éagsúla le múnla SWITCH 2010 agus tá na torthaí á léiriú i
bhFigiúr 4-16. Léiríonn an figiúr an éifeacht ar thrí phríomhthoradh (méid caiteachais, rátaí
baol bochtaineachta agus dreasachtaí fostaíochta) faoi bhoinn tuisceana éagsúla i
gcomparáid le tagarmharcáil nach bhfuil aon chaiteachas TIL i gceist leis. Taispeánann na
barraí ingearacha (ais na láimhe clé) leibhéal iomlán an chaiteachais faoi gach meascán
(meascán 2010 faoi láthair san áireamh) agus taispeánann na ceithre líne an t-athrú measta
ar tháscairí líon na ndaoine i mbaol bochtaineachta (agus leibhéil baol bochtaineachta 60%
agus 40% á n-úsáid), chomh maith leis na táscairí dreasachta (agus céatadán fostaithe os
cionn RAnna 70% agus 80% á úsáid).
Mar a bheifí ag súil leis, bheadh an caiteachas is mó i gceist faoi chóras a bheadh go hiomlán
uilíoch agus níos lú i gcás córais a bheadh go hiomlán roghnaitheach (€3.6 agus €1.2 billiún
faoi seach, i gcomparáid le deireadh le caiteachas ar TIL). Tá costas measta an chórais reatha
gar don chóras measctha, mar a bhíothas ag súil leis. Léiríonn an figiúr go laghdaíonn na
meascáin chórais go léir líon na leanaí atá i mbaol bochtaineachta. Tá laghdú thart ar 10/11
faoin gcéad i gceist ar leibhéal 60%. I gcás bochtaineachta níos géire (leibhéal 40%), éiríonn
leis na bealaí cuir chuige uilíocha laghdú 4/6 faoin gcéad a bhaint amach. Tagann laghdú ar
shuntas an laghdaithe leis na bealaí cuir chuige níos roghnaithí, nuair a úsáidtear ceachtar de
na táscairí. Léiríonn an figiúr tionchar na meascán éagsúil caiteachais ar TIL ar dhreasachtaí
fostaíochta chomh maith, trí chéatadán na dteaghlach ina bhfuil leanaí a bhfuil ardrátaí
athsholáthair rompu a thaispeáint, i gcomparáid leis an gcás nuair nach bhfuil aon
chaiteachas á dhéanamh ar chláir TIL. Taispeánann an anailís go dtéann an éifeacht
dídhreasachta in olcas ar leibhéal ráta athsholáthair 80% leis na meascáin atá níos roghnaithí
161
agus tá an chuma air go n-éiríonn siad réidh thart ar an leibhéal céanna ar leibhéal ráta
athsholáthair 70% maidir le gach ceann de na meascáin pholasaí. Léiríonn an anailís seo an
chomhbhabhtáil pholasaí a pléadh i gCaibidil 2. Is iad bealaí cuir chuige uilíocha na bealaí is
costasaí chun tacaíocht ioncam do leanaí a sholáthar. Ach tá siad chomh maith leis sin ar a
laghad mar ionstraimí roghnaitheacha i laghdú bochtaineachta i measc leanaí. Chomh maith
leis sin, seachnaíonn siad an éifeacht dídhreasachta ar leibhéal RA 80% a bhaineann le
hionstraimí roghnaitheacha.
Figiúr 4-16: Éifeacht na "meascán" malartach clár TIL ar thorthaí caiteachais, bochtaineachta agus
dreasachtaí i rith 2010
-15
-10
-5
0
5
10
15
0
500
1,000
1,500
2,000
2,500
3,000
3,500
4,000
Gan chaiteachasar TIL
Go hiomlánuilíoch
Uilíochgo príomha
An polasaíreatha (2010)
Córas measctha Roghnaitheachgo príomha
Lánroghnaitheach
Ath
rú a
r p
ho
intí
céata
dáin
€m
illiú
n
Tionchar ar chaitheamh Baol bochtaineachta i measc leanaí (60%) Méadú ar RAnna - 70%Baol bochtaineachta i measc leanaí (40%) Méadú ar RAnna - RA 80%
Fionnachtain 4-8: Léiríonn ionsamhlú meascáin éagsúla pholasaí comhbhabhtáil pholasaí
agus tacaíonn sé le bealach cuir chuige measctha
Is féidir tionchar na meascán éagsúil polasaí a bhreithniú, trí luach an phacáiste
chomhcheangailte SL/MLC a choinneáil go seasmhach ar na rátaí atá ann faoi láthair agus
breithniú a dhéanamh ar thionchar na gcomhcheangal éagsúil ar (a) an airgeadas poiblí, (b)
torthaí bochtaineachta agus (c) torthaí dreasachta. Mar a bhíothas ag súil leis, bheadh an
costas iomlán is airde ar an bpacáiste dá mbeadh sé ag brath ar bhealach cuir chuige a bhí
go hiomlán uilíoch agus thiocfadh laghdú mór air dá mbeadh an pacáiste go hiomlán
roghnaitheach. Bhí na torthaí bochtaineachta réasúnta comhchosúil ar fud an speictrim, ach
bhí na cinn ba dhearfaí ann faoin mbealach cuir chuige a bhí go hiomlán uilíoch, rud a
léiríonn an chaoi go raibh cuimsiú na dteaghlach ar bheagán ioncaim níos fearr le
híocaíochtaí uilíocha, is dócha. D'éirigh fadhbanna dreasachta níos measa ar leibhéal 80%,
162
ach taifeadadh feabhsú beag ar leibhéal 70%, de réir mar a bogadh an pacáiste
comhcheangailte níos gaire don bhealach cuir chuige atá go hiomlán roghnaitheach, rud a
thugann comhbhabhtáil agus nascálacha idir cuspóirí bochtaineachta agus dreasachta le
fios. Ionas gur féidir an chomhbhabhtáil idir cuspóirí bochtaineachta agus dreasachta a
uasmhéadú, fad is a choinnítear costais fhoriomlána na gclár TIL taobh istigh de
theorainneacha réasúnta, ba chóir bealach cuir chuige measctha a choinneáil amach anseo
agus aird ar struchtúr na n-íocaíochtaí faoi láthair (SL, MLCanna agus FIT) agus an
neamhleanúnachas gaolmhar idir ionstraimí roghnaitheacha. Ligeann bealach cuir chuige
measctha don chothromaíocht idir uilíoch agus roghnaitheach athrú chomh maith, agus í
faoi réir dálaí fioscacha san am sin, chomh maith leis an meascán inmhianaithe idir
athdháileadh cothrománach agus ingearach.
4.5 Comhbhabhtáil agus comhlántacht
Is é aidhm na coda seo ná díriú ar an gceist measúnaithe seo a leanas “An mbíonn
comhbhabhtáil agus/nó comhlántacht idir comhchodanna éagsúla na tacaíochta ioncaim do
leanaí”? Tarlaíonn comhbhabhtáil nuair a bhíonn torthaí dearfacha ar chuspóir ar leith ó
chlár amháin fritháirithe ag torthaí diúltacha ar chuspóir eile. Tarlaíonn comhlántacht nuair
a threisíonn toradh dearfach ó chlár gnóthú torthaí dearfacha ar chuspóirí eile. Beidh
polasaí agus clár atá deartha go maith ag iarraidh íoslaghdú a dhéanamh ar thionchar na
comhbhabhtála chomh maith le comhlántacht a uasmhéadú. Baineann sé seo go speisialta
leis an bpolasaí tacaíochta ioncaim do leanaí ina bhfuil roinnt cuspóirí agus clár. Ar ndóigh, is
príomh-aincheist é in airgeadas poiblí na torthaí/cuspóirí is fearr a bhaint amach taobh istigh
de leibhéal áirithe acmhainní airgeadais (an “srian buiséid”) agus socróidh sé seo an meascán
foriomlán clár. Leagann Tábla 4-21 amach an chaoi a mbaineann na príomhchláir TIL leis na
cuspóirí a aithníodh i gCaibidil 2 agus aithníonn sé cé acu an dócha nó nach dócha go
mbeadh toradh dearfach ag teacht ón gclár ar leith le haghaidh an chuspóra ar leith. Tá gach
ceann de na cláir nasctha le trí chuspóir ardleibhéil, trí chur síos ar an tionchar dóchúil
caiteachais ar gach ceann de na torthaí. Socraítear torthaí a bheith dearfach, neodrach nó
diúltach. Nuair a dhéanaimid breithniú ar an gcuspóir sa chéad cholún ar dtús (cúnamh le
costas tógála leanaí), feicimid go mbíonn na trí chlár go léir ag cur lena chéile, trí thorthaí
dearfacha a bhaint amach. Is léir go mbíonn an tionchar is leithne ag SL mar íocaíocht
uilíoch, ach treisítear a éifeacht do theaghlaigh ar bheagán ioncaim tríd an dá chlár eile.
163
Tábla 4-21: Nascadh cláir TIL le cuspóirí polasaí TIL níos leithne
Cúnamh le costas tógála leanaí
Laghdú bochtaineachta leanaí
Cothabháil dreasachtaí oibre
SL Toradh dearfach le haghaidh na dteaghlach go léir a bhfuil leanaí iontu
Toradh dearfach toisc go laghdaíonn an íocaíocht an bhearna bhochtaineachta le haghaidh teaghlaigh ina bhfuil leanaí.
Toradh neodrach toisc go ndéantar an íocaíocht beag beann ar an éilitheoir a bheith fostaithe nó gan a bheith
MLCanna Toradh dearfach do theaghlaigh áirithe a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Toradh an-dearfach ar ioncam do theaghlaigh gan obair
Toradh diúltach d'fhaighteoirí áirithe, ós rud é go dtarraingítear an íocaíocht siar nuair a chailltear an phríomh-íocaíocht
FIT Toradh dearfach do theaghlaigh atá ag gabháil d'fhostaíocht ar bheagán pá
Toradh dearfach do theaghlaigh bhochta áirithe ina bhfuil leanaí agus atá ag obair agus é faoi réir glacadh
Toradh dearfach an chinnidh bogadh ó dhífhostaíocht/ neamhghníomhaíocht go dtí obair (gaiste dífhostaíochta). Ach d'fhéadfadh toradh diúltach a bheith ann chomh maith nuair a mhéadaítear líon na n-uaireanta oibre, toisc aistarraingt sochair, in éineacht le cáin agus ÁSPC méadaithe (gaiste bochtaineachta).
Tá torthaí dearfacha ar an dara cuspóir (laghdú bochtaineachta i measc leanaí) chomh maith
ó gach clár, ós rud é go dtugann siad ioncam do theaghlaigh ar bheagán ioncaim. Maidir le
leibhéal áirithe acmhainní airgeadais, tá MLCanna an-éifeachtach i soláthar ioncaim dhírigh
do theaghlaigh. Ach is gá tionchar na n-íocaíochtaí MLC ar ioncam indíreach a bhreithniú
maidir le dreasachtaí oibre a choinneáil. Cailltear na híocaíochtaí seo má éiríonn duine as
príomhshochair leasa shóisialaigh a fháil de bhua glacadh le hobair, ach tá an tionchar
beacht ar ioncam gaolmhar leis an difreálach idir an íocaíocht leasa shóisialaigh agus an
sochar féideartha a bhainfí ó mhéadú ar ioncam mar gheall ar fhostaíocht. Tá sé seo i
gcodarsnacht le toradh neodrach le haghaidh SL, ós rud é go bhfuil sé iniompartha ar fud na
deighilte oibre-leasa shóisialaigh, agus toradh dearfach maidir le FIT a thugann sochar
airgeadais do theaghlach a ghlacann le fostaíocht (a bhfuil leibhéal áirithe tuillimh i gceist
léi). Ach d'fhéadfadh éifeacht gaiste bochtaineachta a bheith ag baint le FIT (m.sh. dreasacht
laghdaithe chun uaireanta oibre a mhéadú chomh luath is a ghabhann duine d'fhostaíocht).
164
Fionnachtain 4-9: Chinnteodh dearadh níos comhleanúnaí idir ionstraimí roghnaitheacha a
chuirfeadh ceisteanna dreasachta san áireamh, chinnteodh sé comhlántacht pholasaí níos
fearr
Tá na cláir SL, MLC agus FIT comhlántach faoin dá phríomhchuspóir polasaí: soláthar
cúnaimh le costas tógála leanaí agus laghdú bochtaineachta i measc leanaí. Ach
d'fhéadfadh comhbhabhtáil tarlú d'fhonn dreasachtaí oibre a choinneáil. Is féidir torthaí
diúltacha a sheachaint trí úsáid na huirlise SL gan na cuspóirí eile a lagú. Ach is straitéis
réasúnta costasach é seo, ós rud é gur gá SL a íoc le gach teaghlach ina bhfuil leanaí agus ní
leo siúd atá thíos le bochtaineacht amháin. D'fhéadfadh dearadh níos comhleanúnaí idir
ionstraimí costas na straitéise seo a laghdú. Níor chóir go ndíreodh an measúnú ar
chaiteachas poiblí ar thacaí ioncaim do leanaí ar an oiread a chomhlíontar an dá
phríomhchuspóir (cúnamh le costas tógála leanaí agus laghdú bochtaineachta i measc
leanaí) amháin. Is gá go gcuimseodh sé breithniú ar thionchar na ndreasachtaí airgeadais
agus na rátaí fostaíochta chomh maith.
4.6 Achoimre
D'aithin Caibidil 4 an fhianaise agus na sonraí a bhí ar fáil agus rinne sé machnamh ar an
oiread cuspóirí polasaí a baineadh amach agus an bhféadfaí é seo a dhéanamh go
héifeachtach trí mheascán caiteachas cláir malartach. Rinne Cuid 4.1 forbairt ar an anailís
táscairí a rinneadh roimhe seo i gCaibidil 2, trí tháscairí cuí a aithint agus a chainníochtú
d'fhonn solas a chaitheamh ar an gcuspóir polasaí atá ann cúnamh a sholáthar le tógáil
leanaí. Agus táscaire toraidh ar leith in easnamh maidir le cé mhéad de chúnamh do chostas
linbh is cóir a sholáthar, is féidir conclúidí trialacha a bhaint ó chomparáid idir luach na
híocaíochta sochar linbh agus réimse táscairí malartacha. Is é an chéad cheann acu seo ná
gur mhéadaigh an leibhéal tacaíochta go suntasach i gcomparáid le gach táscaire atá
bunaithe ar am. Bhí an chaoi ar mhéadaigh oiread an athdháilte chothrománaigh deimhnithe
trí chomparáid a dhéanamh idir SL agus táscairí riaracháin. Tá an leibhéal tacaíochta uilíche
níos airde i gcomparáid leis an gcuid is mó tíortha forbartha eile.
Bhí sé i gceist i gCodanna 4.2 agus 4.3 roinnt táscairí a aithint a d'fhéadfadh a bheith
bainteach leis an gcuspóir laghdaithe bochtaineachta i measc leanaí. Níl an pictiúr foriomlán
simplí in aon chor, ós rud é nach bhfuil an nasc idir caiteachas cláir ar thorthaí díreach agus
go mbíonn torthaí á socrú ag réimsí fachtóirí eile nach bhfuil faoi raon an pholasaí tacaíochta
ioncaim do leanaí. Léiríonn na táscairí go bhfuil na rátaí bochtaineachta i measc leanaí in
Éirinn réasúnta ard go hidirnáisiúnta, ach tá laghdú tagtha orthu (ag leibhéal 60%) le blianta
beaga anuas. Bhí an bhearna idir bochtaineacht aois oibre agus bochtaineacht i measc
165
leanaí ag laghdú, ach tá cobhsú tagtha uirthi ó shin ag thart ar 5 faoin gcéad. Mínítear an
bhearna go páirteach tríd an gcaoi nach bhfuil an pacáiste tacaíochta ioncaim do leanaí mór
go leor chun teaghlach nach bhfuil aon ioncam eile acu a thabhairt os cionn na líne 'i mbaol
bochtaineachta'. Mínítear é chomh maith leis an gcaoi go bhfuil na rátaí bochtaineachta i
dteaghlaigh aontuismitheora i bhfad níos mó ná an meán. Agus sonraí suirbhé teaghlaigh á
n-úsáid, is féidir conclúidí trialacha a bhaint astu go mbíonn éifeacht statach ag íocaíochtaí
uilíocha fiú ar laghdú rátaí bochtaineachta, in ainneoin roinnt neamhéifeachtúlachta agus
gur dócha go bhfuil an tionchar foriomlán níos mó nuair a chuirtear fachtóirí dinimiciúla
amhail dreasachtaí le glacadh le fostaíocht agus luaineacht ioncaim san áireamh. Mar sin
féin, is dóchúil go bhféadfaí torthaí níos fearr a bhaint amach trí athmhachnamh a
dhéanamh ar an gcothromaíocht fhoriomlán idir íocaíochtaí spriocdhírithe agus uilíocha.
D'úsáid Cuid 4.4 anailís mhicrea-ionshamhlaithe chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na
meascán éagsúil caiteachais ar thorthaí deiridh. Chuir Cuid 4.5 deireadh leis an gcaibidil trí
bhreithniú a dhéanamh ar chomhbhabhtáil agus comhlántacht an pholasaí agus na gclár TIL.
166
CAIBIDIL 5: CLÁIR TIL – GNÉITHE ÍOCAÍOCHTAÍ AR LEITH
Comhlánaíonn Caibidil 5 an anailís sa chaibidil roimhe seo trí aghaidh a thabhairt ar cheist an
mheasúnaithe ag leibhéal an chláir: “Cén athruithe ag leibhéal an chláir a d’fhéadfaí a
dhéanamh chun a n-éifeachtacht agus a n-éifeachtúlacht a fheabhsú?” Tugann Alt 5.1
forbhreathnú gairid ar an gcineál saincheisteanna a thagann i gceist de réir mar a dhruitear ó
bheartas níos leithne chuig gnéithe de chláir ar leith. Cuireann na trí halt seo a leanas (5.2 –
5.4) é seo i bhfeidhm maidir le SL, MLCanna agus FIT faoi seach.104 Féachann Alt 5.5 ar an
gcaoi a idirghníomhaíonn gnéithe de chláir ar leith leis an riosca go mbeifí faoi thairseach na
bochtaineachta agus le hioncam fostaíochta agus dreasachtaí. Tugann Alt 5.6 aghaidh ar
shaincheisteanna a bhaineann le seachadadh agus riarachán na gclár éagsúla fad is a
chuireann an t-alt deiridh achoimre den chaibidil ar fáil.
5.1 Ó bheartas go clár
Agus é ag dul ón mheasúnú ar an mbeartas maidir le taca ioncaim leanaí ina iomláine chuig
gnéithe de scéimeanna ar leith, díríonn an t-athbhreithniú ar na gnéithe sin atá lárnach do
dhearadh beartais san iomlán agus a bhfuil tionchar suntasach acu ar chaiteachas poiblí. Tá
ceisteanna a bhaineann le cumhdach (.i. na hairíonna a chinneann cáilitheacht don íocaíocht
aistritheach agus an ráta ag a nglacann teaghlaigh incháilithe leis) agus le luach na
híocaíochta féin (.i. an ráta (na rátaí) atá iníoctha agus a struchtúr, lena n-áirítear
idirghníomhaíochtaí le hioncam, aois nó airíonna eile). Ar ndóigh, tá na gnéithe seo nasctha
leis na príomhthiomántóirí caiteachais a imlíníodh i gCaibidil 3, eadhon, líon na bhfaighteoirí
agus méid na meaníocaíochta.
104
Tugadh aghaidh sách mionchruinn ar shaincheisteanna a bhaineann leis an LÉCSN mar chuid den athbhreithniú caiteachais ar an scéim sin.
167
5.2 Sochar Linbh: saincheisteanna ag leibhéal an chláir
5.2.1 Cumhdach le haghaidh íocaíochta
Ag féachaint dá nádúr uilíoch, is é an t-eochairchritéir a shainmhíníonn cáilitheacht le
haghaidh Sochair Linbh ná an uasaois ag an ndéantar an íocaíocht.105 Faoi reachtaíocht leasa
shóisialaigh tá leanbh cáilithe chun críocha sochair linbh más rud é go bhfuil sé/sí faoi bhun
16 bliana d’aois nó 16, 17 nó 18 mbliana d’aois agus ag fáil oideachais lánaimseartha nó go
bhfuil sé éagumasach ar é féin a chothú de dheasca míchumas fadtéarmach fisiceach nó
meabhrach a bheith air.106 Óna blianta tosaigh, bhí an cheist maidir leis an uasaois
cáilitheachta ag a raibh an leanbh cáilithe nasctha le rannpháirtíocht in oideachas. Sna luath
1950í, stop íocaíocht uathoibríoch ag 14 agus níor lean íocaíocht ar aghaidh go dtí 16 bliana
d’aois ach amháin do leanaí a bhí in oideachas lánaimseartha. Ó shin i leith ardaíodh na
haoisteorainneacha uathoibríocha agus coinníollacha araon le himeacht aimsire sa chaoi is
go raibh siad ag 16 bliana agus 19 mbliana faoi seach, go dtí le déanaí. Ón mbliain 2009
áfach, íslíodh an aois choinníollach go dtí 18 mbliana agus cuireadh roinnt socruithe
sealadacha i bhfeidhm ar feadh tréimhse dhá bhliain.
Tá an aois uathoibríoch i gcomhréir leis na haoisteorainneacha le haghaidh oideachais agus
margadh an tsaothair. Maidir leis an gcóras oideachais, caithfidh leanbh a bhfuil 6 bliana
d’aois sroichte aige agus nach bhfuil 16 bliana d’aois sroichte aige, nó nach bhfuil 3 bliana
d’iarbhunoideachas críochnaithe aige, cibé acu is déanaí a tharlóidh, freastal ar scoil. Éilíonn
reachtaíocht mhargadh an tsaothair aois íosta de 16 i gcoitinne le haghaidh oibre rialta.107
Dá bhrí sin tá an aois uathoibríoch i gcomhréir leis an toimhde go bhfuil leanaí cleithiúnach
ar a dtuismitheoirí nó ar a gcaomhnóirí ó thaobh na heacnamaíochta de suas go 16 bliana.
105
Is gá freisin go mbeadh duine ina ghnáthchónaí sa Stát, ach amháin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Rialacháin shlándála sóisialaí an AE agus go sáraíonn siad an riachtanas seo. Ós rud é áfach, go mbaineann an CG le scéimeanna eile sa chód leasa shóisialaigh, níl athbhreithniú á dhéanamh air mar chuid den athbhreithniú seo. 106
Déantar Oideachas Lánaimseartha a shainmhíniú mar fhreastal ar bhonn lánaimseartha ar chúrsa teagaisc lánaimseartha i rith an lae ag institiúid oideachais. Ní áirítear ina measc cúrsaí: a reáchtálann FÁS má tá liúntas iníoctha (seachas cúrsaí “Ógtheagmhála"); atá mar chuid de chlár fostaíochta nó printíseachta nó taithí oibre; a tharlaíonn mar gheall ar fhostaíocht; nuair a sháraíonn an tréimhse i dtaithí oibre íoctha an t-am a chaitear sa seomra ranga; a reáchtálann Teagasc nuair a sháraíonn an tréimhse i dtaithí oibre an t-am a chaitear sa seomra ranga, i mbliain acadúil. 107
Is féidir le fostóirí daoine óga 14 agus 15 bliana d’aois a fhostú chun obair éadrom a dhéanamh i gcúinsí áirithe: ar bhonn páirtaimseartha i rith an téarma scoile (os cionn 15 bliana amháin); mar chuid de chlár um thaithí oibre nó oideachasúil formheasta; i rith na laethanta saoire ón scoil ar choinníoll go mbíonn saoire ón obair de thrí sheachtain ar a laghad sa samhradh.
168
Níl sé chomh glan soiléir cén aois choinníollach (sé sin an aois uasta ag a n-íoctar SL faoi réir
deimhniú go bhfuil an leanbh in oideachas lánaimseartha) ba chóir a bheith ann ós rud é go
gcríochnaíonn leanaí oideachas lánaimseartha ag aoiseanna éagsúla. Nuair a íslíodh an aois
seo ó 19 go 18 le déanaí cáineadh an cinneadh go mór go háirithe i gcásanna ina raibh
idirbhliain déanta ag daltaí agus ina raibh siad fós sa chóras oideachais suas go 19 mbliana
d’aois dá bharr. Baineann Figiúr 5-1 úsáid as sonraí ón gcóras oideachais agus ón
daonáireamh chun céatadán na leanaí idir 12 bhliain agus fiche bliain atá in oideachas lán-
aimseartha a léiriú agus taispeánann sé gur léiriú réasúnta den staid dlíthiuil é an staid
iarbhír de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht beagnach uilíoch in oideachas lánaimseartha don
aoischohórt suas go 16 bliana. Titeann an ráta rannpháirtíochta go suntasach ina dhiaidh sin
ach fanann sé níos airde dóibh siúd atá ag an dara leibhéal ná an tríú leibhéal suas go 18
mbliana d’aois. Ní nach ionadh, athraíonn an scéal ag 19 mbliana, nuair a thiteann céatadán
na ndaoine atá ag an dara leibhéal go dtí timpeall 10 faoin gcéad.
Figiúr 5-1: Daoine in oideachas lánaimseartha (2006/7) mar chéatadán den aoisghrúpa daonáirimh
2006
0%
20%
40%
60%
80%
100%
120%
12 13 14 15 16 17 18 19 20 Aois i mblianta
Rá
ta r
an
np
há
irtío
ch
ta in
oid
ea
ch
as lá
na
imseart
ha
(%
den
da
onra
)
Iomlán Céad leibhéal
Dara leibhéal Triú leibhéal
Fionnachtain 5-1: Gan athrú ar bith sna haoiseanna uathoibríocha agus coinníollacha chuig
a n-íoctar SL
Tacaíonn pátrún reatha rannpháirtíochta leanaí in oideachas leis na huasteorainneacha
aoise uathoibríocha/coinníollacha reatha le haghaidh SL. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil
deontais oideachais tríú leibhéal ann, tá an réasúnaíocht gur ceart tacaíocht uilíoch a
sholáthar do theaghlaigh a bhfuil leanaí in oideachas tríú leibhéal acu níos laige ná mar atá i
169
gcás leanaí ag an dara leibhéal. Tá an aois choinníollach chuig a n-íoctar SL (18 mbliana) i
gcomhréir leis an bhfíric gur 18 mbliana an aois cháilitheach le haghaidh cuid mhaith de na
sochair leasa shóisialaigh d’aosaigh. Faoi dheireadh, dírítear iarrachtaí chun bochtaineacht
leanaí a laghdú ar leanaí faoi bhun 18 de ghnáth mar is léir ón bhfíric gurb é an
príomhtháscaire a úsáideann an PS le haghaidh bochtaineacht leanaí ná an táscaire don
aoisghrúpa 0-17. Ní mholann an t-athbhreithniú go ndéanfaí athruithe do na
huasteorainneacha aoise uathoibríocha (16 bliana) agus coinníollacha (18 mbliana) do
Shochar Linbh faoi láthair.
5.2.2 Struchtúr rátaí íocaíochta
Is ionann ráta caighdeánach íocaíochta SL agus €150 don leanbh in aghaidh na míosa (ó
Eanáir 2010). Ní dhéantar an cheist maidir le cad ba chóir don ráta cuí de SL a bheith a phlé
san alt seo mar tá an cheist seo fite fuaite leis an díospóireacht níos leithne faoin leibhéal
cúnaimh ar chóir a sholáthar do theaghlaigh le leanaí (saincheisteanna a chlúdaítear i
gCaibidil 4 agus 7). Is cuí áfach, machnamh a dhéanamh ar ghnéithe de struchtúr na rátaí
nach bhfuil ar aon dul leis an ráta caighdeánach, sé sin rátaí níos airde d’ord beireatais níos
airde (tríú leanbh nó níos déanaí) agus do theaghlaigh le hilbhreitheanna. Is cuí freisin
féachaint ar chóir go mbeadh rátaí SL aois-choibhneasa agus/nó ar chóir leibhéil éagsúla
tacaíochta a íoc ag amanna éagsúla i rith na bliana nó i rith saoil an linbh.
Íocaíochtaí níos airde oird bheireatais
Íoctar SL ag an leibhéal níos airde de €187 in aghaidh na míosa don tríú leanbh nó do leanaí
ina dhiaidh sin in ord beireatais. Tá leibhéal níos airde íocaíochta le haghaidh leanaí níos
déanaí ag baint le híocaíocht SL agus le híocaíocht an Liúntais Leanaí a bhí an roimhe (féach
Caibidil 2) le fada an lá. Nuair a tugadh isteach é sa bhliain 1944, bhí LL iníoctha i dtaca leis
an tríú leanbh agus le leanaí níos déanaí agus cé gur leathnaíodh an íocaíocht chuig don dara
leanbh agus don chéad ghin sna blianta 1952 agus 1963 faoi seach, leanadh ar aghaidh le
híocaíochtaí ar leibhéil níos airde do leanaí in ord beireatais níos airde. Taispeánann Figiúr
an treocht sa mhéid a íocaíodh préimh ó 1963. Suas go dtí 1982, íocadh dhá ráta níos airde:
ráta amháin nuair a bhí beirt leanbh sa teaghlach, agus ráta eile le haghaidh an tríú leanbh
nó leanaí d’ord beireatais níos airde. Bhí an dá ráta seo giota maith níos airde ná an ráta
caighdeánach agus d’ardaigh sé seo le himeacht aimsire go dtí gur shroich sé iolra de 3 agus
4.5 ag deireadh na 1960í agus go luath sna 1970í. Thit na préimheanna seo ar bhealach an-
suntasach sa bhliain 1973 go thart ar 1.5 agus 2 faoi seach ach chuaigh siad in airde diaidh ar
ndiaidh go dtí 1982, nuair a tugadh ráta amháin níos airde isteach don séú leanbh agus do
leanbh ar bith ina dhiaidh sin. Leanadh leis seo go dtí an bhliain 1990 nuair a íocadh an
phréimh don chúigiú leanbh agus do leanaí ina dhiaidh sin. Idir an dá linn, tharla athruithe
170
eile agus dá thoradh sin is éard a tharlaíonn sa lá atá inniu ann ná go n-íoctar an ráta níos
airde i dtaca leis an tríú leanbh agus leanaí ina dhiaidh sin. Thit an phréimh beagáinín (1.25
sa bhliain 2010 ó 1.33 ag deireadh na 1990í) ach tá sé i gcónaí cuibheasach beag i dtéarmaí
stairiúla.
Bhí an réasúnaíocht le haghaidh íocaíochtaí níos airde d’ord beireatais nasctha leis an sprioc
a bhí ag SL chun an bhochtaineacht a laghdú seachas leis an sprioc chun cúnamh a sholáthar
le costas linbh (dáileadh cothrománach). Nuair a thosaíodh ag íoc an Liúntais Leanaí don tríú
leanbh bhí sé seo nasctha go sainráite le bochtaineacht i dteaghlaigh níos líonmhaire (féach
Caibidil 2). Siúd is gur creimeadh an argóint seo beagáinín nuair a leathnaíodh cúram na
liúntas leanaí san 1950í agus sna 1960í, bhí sé le feiceáil i gcónaí sna híocaíochtaí níos airde
d’ord beireatais a chuir acmhainní níos mó ar fáil do theaghlaigh níos líonmhaire agus
leanann an cur chuige seo ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann. Is sampla í úsáid an ráta níos
airde de “chlibeáil” a thagraíonn d’úsáid chritéir indírigh amhail líon an teaghlaigh chun
acmhainní a dhíriú ar laghdú na bochtaineachta.
Figiúr 5-2: Rátaí íocaíochta Liúntais Leanaí agus Sochair Linbh le haghaidh leanaí d’ord beireatais
níos airde mar chéatadán den phríomhráta (1963-2010)
1.00
2.00
3.00
4.00
5.00
Mar
iolr
aí
den
ráta
is ísle
/caig
hd
eán
ach
Ráta níos airde (1)
Ráta níos airde (2)Briseadh i struchtúr na híocaíochta – ráta níos airde íoctha ag an nú leabbh
n=6+n=5
n=4 n=3
n=6+
n=3+
n=2
Chuir an Coiste Athbhreithnithe ar Shochar Linbh an argóint seo ar aghaidh freisin chun tátal
a bhaint as an athbhreithniú gur chóir an difreálach a choinneáil ag an am. Bhain a
thuarascáil de thátal as na sonraí go bhfuil “luach ag an struchtúr atá ann cheana féin, le
ráta níos airde don tríú leanbh agus do gach leanbh ina dhiaidh sin, chun acmhainní a dhíriú
ar na daoine sin is mó atá i mbaol bochtaineachta, agus gur féidir leis cuidiú chun
dreasachtaí a fheabhsú dóibh siúd ar ró-dhóigh go mbeadh orthu aghaidh a thabhairt ar
171
dhífhostaíocht dhian agus ar sháinneacha na bochtaineachta”. Chuir an Coiste in iúl freisin,
áfach, nach gcaithfeadh feidhm a bheith de riachtanas ag an loighic seo i gcónaí – “ós rud é
go dtugann na treochtaí reatha déimeagrafacha le tuiscint go bhfuil teaghlaigh ag éirí níos lú
ní bheidh sé seo chomh tábhachtach agus b’fhéidir gur fiú an cheist seo a athbhreithniú
amach anseo”.108
Conas is féidir linn a fháil amach an bhfuil údar i gcónaí leis an seasamh seo i dtaca le
híocaíochtaí níos airde d’ord beireatais? Ar an gcéad dul síos, an é go gcuidíonn an ráta níos
airde chun an bhochtaineacht a laghdú ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a dhéanann
íocaíocht ar ráta comhréidh (sé sin, an bhfuil toimhde na clibeála bailí)? Ar an dara dul síos,
fiú má tá clibeáil bailí i gcónaí, an n-aimseofaí an sprioc ar bhealach níos fearr trí spriocdhíriú
ar theaghlaigh ar ioncam íseal?
Maidir leis an gcéad cheist, leanann teaghlaigh níos líonmhaire (triúr leanaí nó níos mó) de
bheith ag fulaingt rátaí níos airde bochtaineachta agus bheifear ag súil dá bhrí sin go mbeadh
tionchar dearfach ag acmhainní méadaithe do theaghlaigh dá leithéid ar rátaí
bochtaineachta leanaí. Baineadh úsáid as an tsamhail SWITCH chun tionchar ar leith an ráta
níos airde ar bhochtaineacht leanaí a mheas tríd an toradh iarbhír a chur i gcomparáid leis na
torthaí a bheadh ann dá mbeadh ráta amháin SL de €155109 in aghaidh na míosa do gach
leanbh.110 Thabharfadh ráta comhréidh le tuiscint go n-ardódh an ráta bochtaineachta
beagáinín, 0.1 pointe céatadáin, rud a dheimhníonn go leanann an ráta níos airde de bheith
ag imirt róil éigin i laghdú na bochtaineachta cé gur beag is fiú é seo i gcónaí ag ráta
bochtaineachta 60%. Tá ról níos suntasaí aige ag leibhéil bochtaineachta níos doimhne
(leibhéal 40% ) áit a bhfuil laghdú de 0.7 pointe céatadáin i mbaol na bochtaineachta.
Ag tabhairt aghaidh ar an dara cheist, an mbeadh torthaí bochtaineachta níos fearr ann dá n-
aistreofaí ó spriocadh indíreach go spriocadh díreach? Má bhreathnaítear níos grinne ar
anailís SWITCH tugtar le tuiscint go bhféadfadh sé tarlú. Is é an chúis atá leis seo ná nach
bhfuil na héifeachtaí thar na deicílí ioncaim chomh glan soiléir, cé gurb í an éifeacht
chomhiomlán atá ag an ráta níos airde ná chun líon na ndaoine atá faoi bhochtaineacht (mar
a thaispeáinadh thuas) a laghdú. Cé gur gnáth do na gnóthachain ó ráta níos airde a bheith
comhchruinnithe i ndeicílí na n-íseal ioncam, tá líon suntasach de theaghlaigh atá níos lú
agus níos boichte sna deicílí seo nach mbaineann tairbhe as. Tugann sé seo le tuiscint go
mbeadh buntáiste i gceist dá n-aistreofaí chuig spriocadh níos dírí (de réir ioncaim seachas
de réir líon na leanaí) nó dá méadófaí an pointe san ord beireatais ag a n-íoctar an phréimh
108
Child Benefit Review Committee, Report to the Minister for Social Welfare (Baile Átha Cliath, 1995), para. 3.15. 109
Meastachán de chuid Rannán Buiséid na RCS. 110
Seo an leibhéal ráta ag a bhfanfadh an caiteachas iomlán measta ar SL seasmhach.
172
(go dtí abair an cheathrú nó an cúigiú leanbh). Is amhlaidh a bheadh an scéal go háirithe dá
ndéanfaí a leithéid de spriocadh ar bhealach nár chuir le dídhreasachtaí airgeadais.
Figiúr 5-3: Líon na dteaghlach de réir deicíle ioncaim atá ag gnóthú agus ag cailliúint toisc an
íocaíocht SL d’ord beireatais níos airde a bheith ann (meastachán SWITCH gan iarmhairtí ioncaim)
0
10
20
30
40
50
60
70
80
1 (is ísle) 2 3 4 5 6 7 8 9 10 (is airde)
Mílte
te
ag
hla
ch
Deicílí ioncaim (ar bhonn teaghlaigh)
Caillteanas>€0.50 pw
Gnóthachan> €0.50 pw
Fionnachtain 5-2: Tá éifeacht bheag dhearfach ag íocaíocht ráta níos airde sochair linbh ar
bhochtaineacht ach d’fhéadfadh caiteachas a bheith níos éifeachtaí dá ndéanfaí é trí
íocaíochtaí roghnaitheacha athchóirithe
Dúradh go raibh údar leis an ráta níos airde íocaíochta don tríú leanbh nó do leanaí níos
déanaí mar gheall ar an airí “clibeála” atá aige, sé sin, an tionchar atá aige ar theaghlaigh
níos líonmhaire ina bhfuil rátaí bochtaineachta níos airde. Dealraíonn sé go bhfuil tionchar
beag dearfach ag an ráta níos airde ar tháscaire bhaol na bochtaineachta. Tá poitéinseal
ann, áfach, chun spriocadh na n-acmhainní seo a fheabhsú agus dá bhrí sin chun leanúint leis
an treocht níos fadtéarmaí maidir leis an difreálach a laghdú a thuilleadh nó fiú é a chur ar
ceal agus ráta amháin SL a chur ina ionad. Is mar seo a bheadh an scéal go háirithe dá
bhféadfaí dídhreasachtaí fostaíochta a sheachaint. Ba chóir an íocaíocht SL níos airde a
laghdú de réir mar a thagann laghdú ar an difreálach idir rátaí bochtaineachta do
mhéideanna difriúla teaghlaigh agus de réir mar a éiríonn an pacáiste caiteachais iomlán do
Thaca Ioncaim Leanaí níos cothromaithe idir na comhcodanna roghnaitheacha agus uilíocha.
Dá bhféadfaí na heilimintí roghnaitheacha de thaca ioncaim leanaí a athchóiriú chun
dídhreasachtaí fostaíochta a laghdú nó a íoslaghdú nó chun dreasachtaí fostaíochta a
fheabhsú, ba chóir préimh an SL a chur ar ceal ar an mbonn nach mbeadh ról a thuilleadh aici
i laghdú na bochtaineachta.
173
Íocaíochtaí níos airde d’ilbhreitheanna
Tá na préimheanna a íoctar do theaghlaigh le hilbhreitheanna suntasach ó thaobh méide do
na teaghlaigh i gceist cé nach ionann iad ach cuid cuibheasach bheag den chaiteachas iomlán
ar Shochar Linbh. Is ionann ráta an tSochair Linbh a íoctar le haghaidh cúpla agus 1.5 oiread
an gnáthráta míosúil do gach leanbh. Nuair atá triúr nó níos mó leanaí i gceist in aon bhreith
amháin, tá ráta an tsochair a íoctar dhá oiread an ráta míosúil do gach leanbh, ar choinníoll
go leanann ar a laghad triúr de na leanaí de bheith cáilithe. Ina theannta sin, íoctar deontais
‘aonuaire’ de €635 i gcás gach ilbhreithe agus nuair atá na leanaí 4 bliana agus 12 bhliain
d’aois.
Téann na rátaí speisialta íocaíochta a sholáthraítear do leanaí ilbhreithe siar go dtí an bhliain
1965 nuair a tugadh isteach íocaíocht an liúntais leanaí ag ráta dúbailte do mharthanóirí
ilbhreithe, seachas cúpla, nuair a bhí triúr marthanóirí ar a laghad ann. Níor tugadh míniú
mionsonraithe den smaointeoireacht a bhí taobh thiar den bheart seo nuair a tugadh isteach
an reachtaíocht ach dealraíonn sé go raibh eisiamh cúplaí ag teacht leis an mbeartas a bhí i
bhfeidhm ag an am chun íocaíochtaí a dhíriú ar theaghlaigh níos líonmhaire. D’athraigh an
scéal seo níos déanaí, de réir cosúlachta mar gheall ar an treocht chuig teaghlaigh níos lú,
nuair a tugadh isteach deontas aonuaire sa bhliain 1993 iníoctha ar bhreith cúpla agus
leathnaíodh é sa bhliain 1996 chun íocaíochtaí a chur san áireamh tráth a mbeadh 4 bliana
agus 12 bhliain slánaithe ag na leanaí. Sa bhliain 1998, leathnaíodh na híocaíochtaí aonuaire
chun teaghlaigh le hilbhreitheanna de thriúr leanaí nó níos mó. Ag an am céanna,
méadaíodh ráta an SL a bhí iníoctha le haghaidh cúpla go dtí 150% den ghnáthráta SL.
Leagann Tamach luach na n-íocaíochtaí i gcás ilbhreitheanna i gcomparáid leo siúd a
bhaineann le breitheanna caighdeánacha. Is ionann luach SL i rith óige linbh amháin agus
€32,400. I gcás cúplaí, is ionann luach SL i rith óige na leanaí agus €48,600 an leanbh agus is
ionann é agus €64,800 an leanbh i gcás tríríní. Nuair a chuirtear luach na n-íocaíochtaí
aonuaire le linn óige na leanaí san áireamh méadaíonn na méideanna deiridh seo go dtí
€50,505 agus €66,705 faoi seach. Déantar na préimheanna a sheachadadh go príomha mar
íocaíochtaí tréimhsiúla. I gcás cúplaí, déantar thart ar an deichiú cuid d’iomlán na
bpréimheanna a sheachadadh mar íocaíochtaí aonuaire, ach titeann sé seo go dtí díreach
faoi bhun 6% i gcás ilbhreitheanna eile. Bhí an réasúnaíocht a bhí taobh thiar de na rátaí
speisialta seo nasctha le cúnamh i dtaca leis na costais bhreise a bhaineann le
hilbhreitheanna agus aithníonn na deontais thréimhsiúla na buaicphointí caiteachais a
bhíonn i gceist ag an mbreith agus nuair a bhíonn leanaí ag dul isteach sa bhunscoil agus sa
mheánscoil. Tagann roinnt ceisteanna chun cinn don athbhreithniú. Ar an gcéad dul síos, an
féidir a rá go hoibiachtúil go bhfuil bonn cirt leis na préimheanna seo mar gheall ar na costais
mhéadaithe a bhaineann le leanaí a thógáil i gcás ilbhreitheanna? Ar an dara dul síos, an
léiríonn an chothromaíocht idir cúnamh tréimhsiúil agus cúnamh aonuaire nádúr aon
chostais bhreise dá leithéid?
174
Tábla 5-1: Luach na híocaíochta ilbhreithe i gcomparáid leis an íocaíocht chaighdeánach, 2010
Míosúil in
aghaidh an linbh Bliantúil in
aghaidh an linbh
Luach thar thréimhse na hóige
(18 mbliana) in aghaidh an linbh
Míosúil – breith linbh shingil €150 €1,800 €32,400
Míosúil - cúpla €225 €2,700 €48,600
Míosúil – trírín nó níos airde €300 €3,600 €64,800
Luach Líon íocaíochtaí
Luach go dtí 18 mbliana d’aois
Tréimhsiúil – breith linbh shingil €0 0 €0
Tréimhsiúil - cúpla €317.50 3 €953
Tréimhsiúil - trírín nó níos airde €211.67 3 €635
Luach go dtí 18
mbliana d’aois in aghaidh an linbh
Préimh dhíorthaithe le
haghaidh ilbhreitheanna
Íocaíocht thréimhsiúil mar
% den iomlán
Míosúil – breith linbh shingil €32,400 0% 0%
Míosúil - cúpla €49,553 53% 5.6%
Míosúil – trírín nó níos airde €65,435 102% 1.9%
Nóta: I gcás íocaíochtaí míosúla, déantar neamhaird d’éifeacht ord beireatais níos airde ar mhaithe le léiriúcháin
Tá sé follasach ann féin de réir dealraimh go mbaineann costais bhreise le cúplaí agus
ilbhreitheanna eile nach bhfuil le n-íoc ag teaghlaigh eile a bhfuil an líon céanna leanaí acu
ach ar aoiseanna éagsúla. Bhainfeadh na costais seo le hearraí a bhíonn ag teastáil toisc
nach féidir na hearraí seo (amhail pramanna, bugaithe, cliabháin, suíocháin ghluaisteáin,
éadaí agus coisbheart, leabhair scoile srl.) a athchúrsáil sa teaghlach nuair atá na leanaí ar an
aois chéanna. Glactar leis go bunúsach dá bharr sin nach bhfuil na barainneachtaí scála ar
fáil do theaghlaigh le hilbhreitheanna agus atá ar fáil do theaghlaigh den líon céanna ach le
próifíl aoise eile. Cé gur cosúil gur mar seo a bheidh an scéal, ba chóir go mbeadh gaol éigin
idir méid na n-íocaíochtaí níos airde atá ar fáil agus na costais iarbhír a bhaineann le
hilbhreitheanna. Ina theannta sin, dealraíonn sé gur costais aonuaire atá i gcuid mhaith de
na costais seo agus b’fhéidir nach mbeifeá ag súil go mbeadh an chothromaíocht idir
thacaíocht thréimhseach agus tacaíocht aonuaire ualaithe chomh mór sin i bhfabhar an
chéad chinn.
Fionnachtain 5-3: Tá leibhéal na tacaíochta breise d’ilbhreitheanna suntasach agus ba
chóir é a fhíorú le taighde faoi na costais bhreise iarbhír a bhaineann le hilbhreitheanna
Baineann an t-athbhreithniú de thátal as na sonraí go bhfuil an leibhéal níos airde tacaíochta
a thugtar do thuismitheoirí leanaí ilbhreitheanna an-suntasach go háirithe nuair a
175
bhreathnaítear air thar óige iomlán an linbh. Glacann an t-athbhreithniú leis go bhfuil costais
níos airde i gceist do thuismitheoirí dá leithéid toisc nach féidir leo leas a bhaint as
“athchúrsáil” an chaiteachais a bhaineann le leanaí. Ní raibh an t-athbhreithniú in ann
fianaise oibiachtúil a aimsiú go raibh údar maith leis na leibhéil níos airde tacaíochta
bunaithe ar na costais seo. Molann an t-athbhreithniú gur chóir taighde eimpíreach a
dhéanamh chun a fháil amach cad iad na difríochtaí iarbhír idir a dteaghlaigh agus
teaghlaigh eile den líon céanna. Molann an t-athbhreithniú freisin gur chóir go dtabharfadh
taighde dá leithéid buntaca do chintí maidir le méid iomlán na tacaíochta d’ilbhreitheanna.
Ina theannta sin, molann an t-athbhreithniú gur chóir go léireodh cothromaíocht na
tacaíochta a chuirtear ar fáil idir thacaíocht aonuaire agus tacaíocht thréimhsiúil nádúr na
gcostas atá le híoc ag tuismitheoirí.
Rátaí íocaíochta aois-choibhneasa SL
Ardaíodh an cheist faoi cé acu ar chóir nó nár chóir go mbeadh ráta íocaíochta SL i
gcoibhneas le haois an linbh ar roinnt ócáidí san am atá thart. Bíonn baint aige i gcoitinne
aige leis an tuairim go n-éiríonn an costas díreach a bhaineann le leanaí a thógáil le haois de
ghnáth agus go mbíonn an t-ardú seo an-suntasach le linn na ndéaga. Mar shampla, fuair an
tuarascáil ar chostas linbh (Carney et al., 1994) gur éirigh na costais le haois agus mhol sí go
mbeadh rátaí na n-íocaíochtaí níos airde do leanaí níos aosta (féach Caibidil 4).
Mar thaca lena n-argóint ar son rátaí níos airde do leanaí níos aosta, chuir an Coimisiún
Leasa Shóisialaigh (1986) in iúl go bhfuil fianaise ann atá ‘glactha go huilíoch’ go bhfuil na
costais a bhaineann le hóganaigh níos airde ar bhealach suntasach ná na costais a bhaineann
le leanaí níos óige agus le naíonáin. Mhol siad go dtabharfaí isteach forlíonadh aoise i dtaca
le gach leanbh 12 bhliain (nó mar mhalairt 13 bliana) d’aois nó os a cionn. Thabharfadh an
forlíonadh seo aitheantas don oibleagáid chostasach atá ar thuismitheoirí a leanaí a fhágáil
ar scoil go dtí an aois íosta fágála scoile agus d’fhéadfadh sé cuidiú chun rannpháirtíocht
oideachasúil i measc leanaí i dteaghlaigh ar ioncam íseal a chothú. Rinne an CLS argóinteacht
freisin go n-oibreodh forlíonadh dá leithéid mar uirlis úsáideach chun spriocdhíriu ar
chaiteachas ar bhonn riachtanais agus nach mbeadh gá ann dul i muinín tástála acmhainne.
Tugtar aitheantas do na costais seo ar shlí laistigh den chóras leasa shóisialaigh trí íocaíocht
rátaí níos airde de LÉCSN do leanaí níos aosta.
Siúd is go n-admhaítear go bhfuil bunús leis na hargóintí a rinne an CLS, is amhlaidh freisin
go mbaineann costais bhreise le leanaí níos óige nach mbíonn ann i gcónaí i gcás leanaí níos
aosta. Ní hionann na riachtanais chúraim leanaí atá acu, d’fhéadfá a rá nach bhfuil siad seo
176
chomh solúbtha agus go gcosnaíonn siad níos mó dá bharr sin; bíonn níos mó tinnis i gceist
sa luath-óige agus dá bhrí sin bíonn cúram sláinte agus freagrachtaí maidir le cúram sa
teaghlach níos mó; tá riachtanais chothaithe ar leith ag leanaí óga agus féadann costais
theaghlaigh níos airde a bheith i gceist dá bharr. Déanta na fírinne, aithníodh go sonrach go
bhfuil costais bhreise ann a bhaineann le cúram leanaí i gcás leanaí níos óige trí fhorlíonadh
sochar linbh a íoc ó 2006 go dtí 2009.
Go deireanach, d’fhéadfaí argóint a dhéanamh go bhféadfaí maolú a dhéanamh ar éifeacht
phraiticiúil na rátaí éagsúla íocaíochta ós rud é go mbíonn an toradh céanna ag leathadh
aoiseanna na leanaí in aon teaghlach amháin agus a bhíonn ag íocaíocht rátaí éagsúla
d’aoiseanna éagsúla.
Fionnachtain 5-4: Fianaise láidir go bhféadfadh íocaíochtaí aois-bhunaithe níos airde agus
tacaíochtaí níos airde a bheith cuí do leanaí níos aosta ag aoiseanna criticiúla faoi réir
thaighde ar an ndifreálach idir aoisghrúpai leathana
Is féidir argóintí agus frith-argóintí bailí a chur chun cinn maidir le rátaí níos airde íocaíochta
do leanaí níos aosta. D’fhéadfaí argóint a dhéanamh go bhfuil buaicphointí caiteachais ann
ag céimeanna éagsúla i dtimthriall na hóige agus gur chóir go gcuideodh íocaíocht amháin
socraithe ag leibhéal cuí leis na costais seo i rith an timthrialla. B’fhéidir go dtabharfaidh
nádúr na gcostas seo le tuiscint, áfach, go bhféadfaí íocaíochtaí breise dá leithéid a íoc mar
íocaíochtaí tréimhsiúla níos airde ag aoiseanna criticiúla, mar a dhéantar leis an LÉCSN. Ní
mholann an t-athbhreithniú go dtabharfaí íocaíochtaí SL aois-choibhneasa isteach ag an
bpointe seo. Ina ionad sin, molann sé go ndéanfar an tuarascáil ar chostas linbh a nuashonrú
chun méid an difreálaigh idir aoisghrúpaí leathana (réamhscoil, deireadh na bunscoile, luath-
dhéagóir, déagóir déanach) a nuashonrú chun tionchair na rátaí éagsúla íocaíochta ar
chostais iarbhír a mheas. Molann an t-athbhreithniú go ndéanfadh an Roinn Coimirce
Sóisialaí machnamh, idir an dá linn, féachaint, ón taobh teicniúil den scéal, an bhféadfaí
íocaíochtaí aois-choibhneasa a dhéanamh i dtaca leis na híocaíochtaí taca ioncaim leanaí go
léir. Go deireanach, molann an t-athbhreithniú, más rud é go bhfuiltear chun forlíonta aois-
choibhneasa a thabhairt isteach, go ndéanfaí machnamh, ar an gcéad dul síos, ar aghaidh a
thabhairt ar nádúr na gcostas le híocaíocht dá leithéid (sé sin, costais aonuaire bainteach le
híocaíocht aonuaire; costais thréimhsiúla bainteach le híocaíochtaí thréimhsiúla).
Leibhéil níos airde tacaíochta ag tráthanna éagsúla den bhliain
Cé go bhfuil SL nasctha le costas tógála leanaí, níl aon argóintí glan-soiléire ann faoi chathain
ar chóir é a íoc. Tá cuid de na costais a bhaineann le tógáil leanaí séasúrach sa mhéid is go
ngabhann siad le míonna áirithe den bhliain, amhail tús na scoilbhliana i Meán Fómhair nó
177
caiteachas a bhaineann leis an Nollaig i Mí na Nollag.111 Tagann míreanna eile caiteachais i
gceist ar eatraimh chothroma i rith na bliana agus, déanta na fírinne, rinneadh argóint san
am atá thart gur chóir SL a íoc ar bhonn seachtainiúil mar a tharlaíonn i gcás na n-íocaíochtaí
leasa shóisialaigh d’aosaigh chun buiséadú teaghlaigh a éascú.
Fionnachtain 5-5: Argóintí measctha maidir le rátaí níos airde íocaíochta ag tráthanna den
bhliain nuair atá na costais a bhaineann le leanaí níos airde; athbhreithniú a dhéanamh má
ghlactar le cur chuige níos comhtháite maidir le tacaíocht.
Dá n-íocfaí rátaí níos airde íocaíochta ag tráthanna áirithe sainaithnithe criticiúla, chuirfeadh
sé seo an bhéim ar aidhm na híocaíochta chun cúnamh a chur ar fáil le costas tógála leanaí.
Dhéanfadh sé buiséadú níos éasca freisin do thuismitheoirí ar ioncam íseal. Bheadh
deacracht ann dá ndéanfaí é seo laistigh de leibhéal reatha na híocaíochta sochar linbh mar
thabharfadh sé le tuiscint go gcaithfí leibhéal an tsochair sa chuid eile den bhliain a ísliú. Sa
timpeallacht reatha, níltear ag moladh go n-athrófaí na socruithe reatha. Dá ndéanfaí
cinneadh, áfach, chun aistriú chuig foirm d’íocaíocht chomhtháite taca sochar leanaí, molann
an t-athbhreithniú go ndéanfaí machnamh tréan ar rátaí níos airde íocaíochta ag tráthanna
áirithe den bhliain, faoi réir ag sriantachtaí buiséid. D’fhéadfadh athrú dá leithéid ionsúchán
LÉCSN in íocaíocht chomhtháite a éascú.
5.3 MLCanna: saincheisteanna ag léibhéal an chláir
5.3.1 Cáilitheacht agus cumhdach
Is éard atá i bhformhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh ná ráta pearsanta agus méaduithe
d’aosaigh agus leanaí cáilithe. Chun go ndéileálfaí leis mar leanbh cáilithe ní mór do leanbh
bheith cónaitheach sa Stát (ach amháin nuair a fhorálann rialacháin an AE a mhalairt), níor
chóir dó bheith i gcoimeád dlíthiúil, agus ní mór dó an coinníoll maidir le haois a bhaineann
leis an íocaíocht ar leith a shásamh agus bheith ina chónaí leis an éilitheoir.
111 Is scéim mar seo í LÉCSN atá bunaithe ar an ngá atá ann le haghaidh leibhéal níos airde tacaíochta
do theaghlaigh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh chun cuidiú leis na costais a bhaineann leis an
scoilbhliain nua.
178
Mar a tharlaíonn i gcás SL, is í aois an linbh chleithiúnaigh an eochaircheist a chineann
cumhdach na hiocaíochta taca ioncaim leanaí seo. De ghnáth tagraíonn ‘leanbh
cleithiúnach’ do leanbh suas go dtí 18 mbliana d’aois. Féadann íocaíocht an MLC leanúint ar
aghaidh suas go dtí 22 bhliain d’aois nó go dtí deireadh na bliana acadúla ina shroicheann an
leanbh 22 i gcás na n-íocaíochtaí fadtéarmacha agus freisin i gcás na n-íocaíochtaí
gearrthéarmacha atá á n-íoc ar feadh 156 lá ar a laghad. Cuirtear an cheist cé acu an bhfuil
22 bhliain d’aois ró ard mar aois nó nach bhfuil? Is féidir argóint a dhéanamh go mbíonn
costais shuntasacha bhreise a bhaineann le hoideachas le híoc ag teaghlaigh ar ioncam íseal
a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu in oideachas lánaimseartha agus go mbíonn orthu freisin
déileáil leis an ndeischostas nuair atá leanbh acu ag freastal ar oideachas lánaimseartha.
Nuair a éascaítear rannpháirtíocht daoine atá ar ioncam íseal in oideachas lánaimseartha tríú
leibhéal is léir go bhfuiltear ag fáil tairbhe dearfach ón gcaiteachas seo.
Ach tá ceist le réiteach, áfach, faoi cé acu an mbeadh sé níos fearr an tacaíocht seo a chur ar
fáil trí thacaíochtaí oideachais nó nach mbeadh. Ní áirítear na “leanaí” atá ag fáil tacaíochta
ón gcaiteachas seo mar leanaí i dtomhas na bochtaineachta agus ó pheirspictíocht an
aschuir/toraidh theicniúil amháin ní théann na hacmhainní i ngleic go díreach le
bochtaineacht leanaí.
Fionnachtain 5-6: Ní thugann íocaíocht MLCanna do leanaí os cionn 18 mbliana d’aois
aghaidh ar sprioc bochtaineachta leanaí agus molann an t-athbhreithniú go ndéanfaí
tacaíochtaí dá leithéid a sheachadadh tríd an chórais oideachais agus go bfheádfaí
coinníollacha aoise TIL a ailíniú
Cuireann íocaíocht leanúnach MLCanna suas go dtí 22 bhliain d’aois i gcás faighteoirí
fadtéarmacha íocaíochtaí leasa shóisialaigh tacaíocht ar fáil do thorthaí oideachasúla
feabhsaithe. Is beag an éifeacht dhíreach a bhíonn aige, áfach, ar an sprioc shainráite atá
taobh thiar de chaiteachas mar seo, sé sin chun bochtaineacht leanaí a laghdú, toisc go n-
áirítear daoine os cionn 18 mbliana mar aosaigh. Tá an t-athbhreithniú den tuairim gur fiú
an t-uaschoinníoll aoise a chuíchóiriú agus go bhféadfaí gach íocaíocht um thaca ioncam
leanaí a ailíniú faoi dheireadh ar na coinníollacha aoise a bhaineann le Sochar Linbh. Dá
nglacfaí le cur chuige dá leithéid, d’fhéadfaí na hacmhainní a shábhálfaí mar seo a chur
isteach i dtacaíochtaí oideachasúla cuí.
179
5.3.2 Rátaí íocaíochta
Mar a phléadh i gCaibidil 2, ní raibh ráta íocaíochta caighdeánach amháin ann maidir le
leanaí cáilithe go dtí le déanaí. Tá an ráta caighdeánach socraithe ag €29.80 faoi láthair
(2010) nuair atá an ráta iomlán iníoctha agus ag €14.90 nuair atá leath-ráta iníoctha. Anois
go bhfuil ráta aonair bainte amach ciallaíonn sé seo nach bhfuil le déanamh ach aghaidh a
thabhairt ar cheist amháin ina leith seo, sé sin oiriúnacht na n-íocaíochtaí MLC leath-ráta le
haghaidh roinnt faighteoirí leasa shóisialaigh. Faoi láthair íoctar an ráta iomlán i dtaca le
thart ar 360,000 leanbh agus íoctar an leath-ráta i dtaca le díreach os cionn 126,000.112
Téann an réasúnaíocht a bhí taobh thiar de MLCanna leath-ráta siar go dtí na 1980í nuair a
tugadh isteach reachtaíocht náisiúnta chun éifeacht a thabhairt do Threoir an AE (79/7/EEC).
D’éiligh an Treoir seo go gcuirfí an prionsabal um chóir comhionann d’fhir agus mná i slándáil
shóisialach i bhfeidhm de réir a chéile. Sular tugadh an reachtaíocht seo isteach bhí córas
leasa shóisialaigh na hÉireann bunaithe ar shamhail an tsaothraí fir nuair a fuair mná pósta
rátaí níos ísle sochar ar feadh tréimhsí níos giorra agus nuair nach raibh siad in ann cúnamh
dífhostaíochta a fháil ach amháin nuair a bhí a fear céile éagumasach ar é féin a chothabháil.
Faoin gcóras seo, glacadh leis go raibh mná pósta i gcleithiúnas ar a fhir céile agus dá bharr
sin fuair an fear céile méaduithe cleithiúnaithe dá bhean agus dá leanaí de ghnáth.
Nuair a tugadh isteach reachtaíocht chun an Treoir a chur i bhfeidhm, ní raibh méaduithe
d’aosaigh chleithiúnacha iníoctha ach amháin nuair a bhí an céile ag fáil ioncaim faoi bhun
teorann sonraithe agus nach raibh sé/sí ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh ina c(h)eart féin.
Áit nach raibh an céile cleithiúnach, íocadh aon mhéaduithe i dtaca le leanbh cleithiúnach ag
leath an ráta iomláin. I gcás ina raibh éilitheoir agus a c(h)éile/p(h)airtéir i dteideal íocaíocht
leasa shóisialaigh a fháil ina c(h)eart féin fuair gach duine acu méadú i leith linbh
chleithiúnaigh de leath den ráta iomlán. Tugadh na bearta nua seo isteach i Mí na Samhna
1986.
Siúd is gur tugadh athruithe éagsúla do scéimeanna agus struchtúir íocaíochta isteach ó 1986
i leith, tá feidhm i gcónaí ag an bprionsabal bunúsach faoin a n-íoctar méadú iomlán do
leanaí nuair atá méadú iníoctha i dtaca le haosach cáilithe agus leath-ráta nuair nach bhfuil
méadú iníoctha i dtaca le haosach nach bhfuil cáilithe. Go hiondúil, dá bhrí sin, is féidir le
duine méadú a fháil d’aosach cáilithe mura bhfuil an céile/páirtnéir ag fáil íocaíocht leasa
shóisialaigh ina cheart féin nó má tá tuillimh nó ioncam aige laistigh de theorainneacha
áirithe. Faoi na socruithe reatha, má tá ioncam níos lú ná €100 in aghaidh na seachtaine ag
112
Bunaithe ar staitiscticí a bhí ar fáil ag deireadh Aibreáin 2010.
180
an gcéile/páirtnéir íoctar méadú i dtaca leis an gcéile ag an ráta iomlán (athraíonn na rátaí
seo de réir ag brath ar an gcineál íocaíochta). Nuair a sháraíonn an t-ioncam €310 in aghaidh
na seachtaine níl aon mhéadú iníoctha i dtaca leis an gcéile fad is atá ráta barrchaolaithe
iníoctha do leibhéil éagsúla ioncaim os cionn €100 agus suas go dtí €310. I gcás go n-íoctar
méadú i dtaca le haosach cáilithe ag an ráta iomlán nó ag ráta barrchaolaithe, íoctar an
méadú i dtaca le leanbh cáilithe ag an ráta iomlán. Nuair a sháraíonn an t-ioncam €310,
íoctar an méadú i dtaca le leanbh cáilithe ag leath an ráta, ach amháin nuair atá an t-
éilitheoir ag fáil Sochair do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, Sochar Breoiteachta, Sochar
Sábháilteachta agus Sláinte, Sochar Díobhála nó Pinsean Míchumais. Sna cásanna seo ní
íocfar aon mhéadú i dtaca le leanbh cáilithe nuair a sháraíonn ioncam an chéile/an
pháirtnéara teorainn áirithe. Tugadh an uasteorainn ioncaim do na híocaíochtaí seo isteach
sa bhliain 2004 agus tá sí socraithe ag €400 in aghaidh na seachtaine faoi láthair.
Sa bhliain 2007 cuireadh deireadh leis an gcoincheap maidir le tástáil ioncaim a dhéanamh ar
an teidlíocht do mhéadú i dtaca le haosach cáilithe le haghaidh íocaíochtaí áirithe. Siad na
híocaíochtaí atá i gceist ná Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, Cúnamh Feirme, Liúntas
Réamhscoir agus Liúntas Míchumais.113 Sna cásanna seo bíonn feidhm ag ráta teaghlaigh
lúide acmhainní nuair nach mbíonn íocaíocht leasa shóisialaigh ina cheart féin ag an
gcéile/páirtnéir. Bíonn an ráta teaghlaigh bunaithe ar ráta pearsanta, ráta iomlán d’aosach
cáilithe agus liúntas iomlán do leanbh cleithiúnach lúide acmhainní. Má tá an céile/páirtnéir
i bhfostaíocht inárachais baineann neamhaird de €20 in aghaidh an lae ar feadh 3 lá ar a
mhéad agus déantar measúnú ar an iarmhéid ag 60%. Bhí sé mar aidhm ag an mbeart seo
measúnú tuillimh an chéile/pháirtnéara a athchóiriú agus a shimpliú chun obair a chúiteamh
agus chun deireadh a chur leis na dídhreasachtaí agus sáinneacha na bochtaineachta a bhí
ann faoin sean réimeas.
Fionnachtain 5-7: Feabhsuithe a rinneadh le déanaí i rialacha a bhaineann le MLCanna
Cé go bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair a bhaineann le méaduithe i dtaca le daoine fásta
cáilithe agus leanaí cáilithe casta, tá siad amhlaidh mar gheall ar na feabhsuithe éagsúla a
tugadh isteach le blianta beaga anuas. Go háirithe, ceapadh an t-athchóiriú, a tugadh
isteach sa bhliain 2007 ag cur deireadh le coincheap na tástála ioncaim chun bheith i dteideal
Méadú i leith Duine Aosaithe Cáilithe le haghaidh íocaíochtaí áirithe de réir tástála
acmhainne, go sonrach chun dídhreasachtaí chun dul I mbun oibre agus sáinneacha
bochtaineachta a chur ar ceal. Rinneadh iarrachtaí freisin chun na rátaí íocaíochta thar na
scéimeanna a chuíchóiriú. Ní mholann an t-athbhreithniú athrú ar bith a dhéanamh don
struchtúr seo. Chaithfí an scéal seo a athbhreithniú i gcomhthéacs íocaíochta comhtháite TIL
nó córais den dara chiseal, áfach.
113
I bhfeidhm ó 26 Meán Fómhair 2007 le clásáil chosanta do chásanna áirithe.
181
5.3.3 Saincheisteanna eile MLC – íocaíocht leanúnach MLC ar feadh 13
seachtaine
Is féidir le faighteoirí an Liúntais do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus an tSochair do Lucht
Cuardaigh Fostaíochta atá ag fáil MLC lán-ráta agus atá ag fáil an tsochair ar feadh 12 mhí ar
a laghad leanúint de bheith ag fáil an MLC ar feadh 13 seachtaine ar dhul i mbun oibre dóibh
(seachas obair shéasúrach nó FP) a meastar a mhairfidh ar feadh 4 sheachtain ar a laghad.
Má tá an duine i dteideal FIT a fháil féadann sé/sí roghnú go n-íocfar an MLC dó/di don
tréimhse 13 seachtaine in ionad an FIT má tá sé seo níos tairbhí.
Tugadh an riail seo isteach sa bhliain 1996114 mar thoradh ar mholadh ón nGrúpa Oibre
Saineolaithe um Chomhiomlánú na gCóras Cánach agus Leasa Shóisialaigh. Chuir an Grúpa
béim ar an bhfíric gur ceann de na dídhreasachtaí a d’fhág go raibh leisce ar dhaoine glacadh
le fostaíocht ná go gcaillfeadh siad na MLCanna láithreach. Chuir an Grúpa in iúl freisin gur
cailleadh na MLCanna láithreach ach nár íocadh an FIT go ceann cúpla seachtain, toisc gur
thóg sé roinnt ama chun fianaise maidir le tuillimh a chur ar fáil. Chun aghaidh a thabhairt ar
an bhfadhb seo d’fhoráil an tAcht Leasa Shóisialaigh go bhféadfaí MLCanna a choimeád ar
feadh tréimhse 13 seachtaine agus sa tslí sin ioncam ráthaithe a sholáthar don tréimhse
tosaigh fostaíochta go dtí go ndéanfaí cinneadh maidir le hiarratas duine ar FIT. Feabhsaíodh
an riail a thuilleadh san Acht Leasa Shóisialaigh, 1997 a lig do dhaoine a bhí ag aistriú ó FP go
fostaíocht na MLCanna a choimeád.
Fionnachtain 5-8: Ba chóir machnamh a dhéanamh ar fheabhas a chur ar an éifeachtacht a
bhaineann le híocaíocht leanúnach MLCanna ar feadh 13 seachtaine chun dreasachtaí
fostaíochta a fheabhsú
Tá sé de chuspóir phríomhúil ag íocaíocht leanúnach MLCanna dídhreasachtaí a mhaolú
nuair atáthar ag aistriú ó íocaíocht dífhostaíochta go fostaíocht. Ní airbheartaíonn sí aghaidh
a thabhairt go díreach ar mhaolú na bochtaineachta (cothromas ingearach) nó cuidiú le
costas tógála leanaí (cothromas cothrománach). Dealraíonn sé ar an gcéad amharc go bhfuil
teorainn leis an gcaoi a n-éiríonn leis an mbeart a chuspóir phríomhúil a bhaint amach mar
gheall ar a laghad daoine a ghlacann leis agus leibhéil ísle feasachta i measc an
spriocghrúpa. Ag féachaint dá luach ardaithe agus don ardú mór atá tagtha ar líon na
ndaoine dífhostaithe, dealraíonn sé go bhfuil argóint láidir ann chun an beart a athchóiriú
mar chuid d’athchóiriú níos leithne de thacaí ioncaim leanaí nó chun a chuspóir bhunaidh a
neartú, b’fhéidir in éineacht le híocaíocht athchóirithe FIT, chun dreasachtaí fostaíochta a
dhaingniú. Molann an t-athbhreithniú go ndéanfaí machnamh ar éifeachtacht an bhirt seo a
fheabhsú, ag féachaint don tábhacht a bhaineann leis an bhfostaíocht mar bhealach chun
114
Alt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1996 agus arna leasú ag Alt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1997.
182
éalú ón mbochtaineacht, agus sa chás go bhfanann struchtúr reatha thaca ioncaim leanaí
gan athrú.
5.4 FIT: saincheisteanna ag leibhéal an chláir
Tá cur síos déanta cheana féin in Alt 3.1.4 ar na híocaíochtaí agus eochairfhorbairtí a
bhaineann le scéim an FIT. Tá sé mar chuspóir ag an alt seo athbhreithniú a dhéanamh, i
dtéarmaí leathana ar eochairghnéithe na scéime reatha FIT a chinneann (i) an chaoi a
chumhdaíonn sé teaghlaigh le leanaí agus (ii) na fachtóirí a chinneann leibhéal na tacaíochta
a sholáthraítear do theaghlaigh dá leithéid. Níl sé mar chuspóir aige athbhreithniú a
dhéanamh ar an scéim FIT ina iomláine ach chun scrúdú a dhéanamh ar eochairghnéithe a
chinneann cé chomh héifeachtach is atá an íocaíocht chun cuspóirí foriomlána thaca ioncaim
leanaí a bhaint amach.115
5.4.1 Cáilitheacht agus cumhdach
Tá dhá choinníoll ann atá thar a bheith tábhachtach chun cháilitheacht le haghaidh na
scéime FIT a chinneadh. Is éard atá sa chéad ceann ná go gcaithfidh éilitheoir féideartha
bheith i bhfostaíocht íoctha thar líon íosta uaireanta. Is éard atá sa dara ceann ná gur féidir
an FIT a íoc i gcomhthráth le híocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe (agus dá bhrí sin le
MLCanna i dtaca leis na leanaí céanna) ach nach féidir é seo a dhéanamh le híocaíochta leasa
shóisialaigh eile.
Éifeacht na fostaíochta agus coinníollacha na n-uaireanta oibrithe
Coinníoll fostaíochta: Tá an coinníoll maidir le fostaíocht “lán-aimseartha” ina chuid
bhunúsach den íocaiocht FIT ó tugadh isteach é cé gur laghdaíodh líon na n-uaireanta
oibrithe chun an choinníoll seo a shásamh (féach thíos). Is é an tionchar atá ag na
coinníollacha seo ná go gcuirtear taca ioncaim atá bainteach le leanaí ar fáil (atá
leordhóthanach chun dreasacht a choimeád chun fanacht i bhfostaíocht nó glacadh le
115
Ní dhéantar trácht san athbhreithniú ar an saincheist gur chóir go mbeadh an FIT ina thaca ginearálta fostaíochta do gach fostaí, trí dheireadh a chur leis an gcoinníoll nach n-íoctar FIT ach amháin do theaghlaigh le leanaí, mar a mholann roinnt tráchtairí, toisc go bhféachann an t-athbhreithniú ar éifeachtacht FIT mar thaca ioncaim leanaí seachas mar thaca fostaíochta go sonrach. B’fhéidir go mbeadh ar athbhreithniú níos cuimsithí ar íocaíocht an FIT machnamh a dhéanamh ar FIT sa chomhthéacs seo.
183
fostaíocht) acht go n-eisiatar dhá ghrúpa oibrithe: iad siúd atá ag obair níos lú ná 19 n-uaire
in aghaidh na seachtaine; agus oibrithe féinfhostaithe ar ioncam íseal mar thoradh ar
thearcfhostaíocht neamhdheonach agus nach bhfuil ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh.
I gcás oibrithe (nó oibrithe féideartha) ar ioncam íseal le níos lú ná na huaireanta
íosta fostaíochta nó dream atá ag obair ar bhonn fánach, tugtar aghaidh ar
chaillteanas na sochar leasa shóisialaigh de bharr glacadh le fostaíocht trí na
híocaíochtaí dífhostaíochta iad féin (trí neamhairdeanna laethúla agus tríd an
íocaíocht a tharraingt siar ar bhealach barrchaolaithe). Áirithíonn gnéithe seo na
scéime go mbíonn duine le leanaí, níos fearr as, chomh minic lena athrach, mar
gheall ar ghlacadh le hobair.
Nuair a tugadh FIT isteach, beartaíodh nach gcuimseofaí lucht féinfhostaithe ina
raon ar thrí chúis. Ar an gcéad dul síos, bheadh sé deacair cáilitheacht lucht
féinfhostaithe a chinntiú mar bheadh sé deacair a n-acmhainní agus a n-
uaireanta oibre a chinntiú agus a rialú. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh oibrithe
féinfhostaithe nach raibh lánfhostaithe agus a raibh ioncam íseal acu a bheith
cáilithe le haghaidh cúnaimh dífhostaíochta. Ar an tríú dul síos, is beag an
dreasacht a bhí ag oibrithe féinfhostaithe éirí as an obair agus íocaíocht
dífhostaíochta a éileamh toisc nach raibh siad i dteideal sochar dífhostaíochta a
fháil agus go raibh cúnamh dífhostaíochta faoi réir ag tástáil acmhainne.
I ndáiríre, is éard a dhéanann coinníoll na fostaíochta íoctha ná oibrithe féinfhostaithe a
eisiamh ó FIT a fháil fad is nach féidir freisin leis na hoibrithe úd a bhfuil leanaí acu agus atá
ar ioncam íseal mar gheall ar thearcfhostaíocht neamhdheonach ach nach bhfuil ag fáil
íocaíocht leasa shóisialaigh116 rochtain a fháil ar fhorlíonadh a bhaineann le leanaí. Bheadh
athrú mór sna coinníollacha a bhaineann le fostaíocht agus leis na huaireanta oibrithe chun
an scéim FIT a fhorleathnú agus d’athródh sé seo nádúr na scéime FIT go bunúsach. Bheadh
coinníoll eile ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar riosca na tearcfhostaíochta deonaí
agus/nó ganndearbhú ioncaim agus bheadh deacrachtaí móra praiticiúla ann maidir le
coinníoll malartach seachas coinníoll na n-uaireanta oibrithe a shainmhíniú agus a rialú. Ina
theannta sin, bheadh sé sách costasach an scéim a leathnú chuig daoine féinfhostaithe, go
háirithe sa timpeallacht reatha. Dá bhrí sin, ní bheadh sé indéanta nó inmhianaithe an FIT a
leathnú chuig daoine féinfhostaithe ina fhoirm reatha. Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil
easpa cumhdaigh ann i gcónaí do theaghlaigh áirithe ar ioncam íseal agus déanfar
machnamh níos déanaí sa tuarascáil ar mhodhanna eile chun aghaidh a thabhairt ar an
gceist seo.
116 Is dhá íocaíocht iad an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus Cúnamh Feirme a ngabhann
forlíonta atá bainteach le leanaí leo agus atá ar fáil do dhaoine féinfhostaithe ar ioncam íseal.
184
Líon na n-uaireanta oibrithe: Faoi láthair ciallaíonn fostaíocht lánaimseartha go gcaithfidh
duine a bheith fostaithe ar feadh 19 n-uaire ar a laghad gach seachtain (nó 38 uair gach
coicís) agus gur cosúil go mairfidh an post 3 mhí ar a laghad. Gné tábhachtach den choinníoll
seo ná go ndéanann sé iarracht cinntiú nach bhfuil an scéim chomh struchtúrtha sin go
mbeidh dreasacht ag daoine chun fostaíocht fhánach a ghlacadh díreach chun cáiliú don
bhforlíonadh. Tá an riachtanas maidir le ‘huaireanta oibrithe’ laghdaithe go suntasach ó
tugadh scéim an FIT isteach. I dtosach, bhí an riachtanas socraithe ag 30 uair in aghaidh na
seachtaine (ar aon dul leis an sainmhíniú ar fhostaíocht lánaimseartha a úsáideadh sa scéim
LLF). Laghdaíodh é diaidh ar ndiaidh áfach, ó 30 uair sa bhliain 1984 go dtí 24 uair (1986), 20
(1989) agus ar deireadh go dtí 19 n-uaire in aghaidh na seachtaine (1996). Rinneadh
leasuithe eile a bhain leis na huaireanta íosta oibrithe, mar shampla, ligeadh do lánúin a n-
uaireanta oibrithe a chomhiomlánaigh chun an riachtanas a shásamh (1989) agus
leathnaíodh an scéim chuig lucht postroinnte (1996). Léirigh an laghdú ar líon na n-
uaireanta oibrithe an tábhacht méadaithe a bhain le hobair pháirtaimseartha i margadh an
tsaothair.
Ós rud é go bhfuil íocaíocht mhalartach atá bainteach le leanaí (sé sin íocaíocht phríomhúil
leasa shóisialaigh amhail Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta le MLCanna) ar fáil faoi
láthair do dhaoine ar ioncam íseal a bhfuil suas le comhluach trí lá fostaíochta acu, de ghnáth
ní fhágann an coinníoll maidir le líon íosta na n-uaireanta oibrithe ann féin nach féidir le
teaghlaigh ar ioncam íseal a bhfuil leanaí acu taca a fháil. Déantar aon chúis imní atá ann ina
leith seo a mhaolú ós rud é gur féidir le líon suntasach d’fhaighteoirí FIT é seo agus íocaíocht
phríomhúil leasa shóisialaigh a fháil (féach thíos). Ina áit sin baineann formhór na
gcúiseanna imní faoi choinníoll na n-uaireanta oibrithe leis an gceist maidir le cibé an
mbíonn dreasacht ann don fhostaí gan líon na n-uaireanta oibrithe a mhéadú thar thairseach
na n-uaireanta íosta nuair a tharraingítear siar íocaíocht an FIT de réir mar a théann an t-
ioncam i méid. Mar shampla, d’oibrigh dhá thrian d’fhaighteoirí ÍTA a fhaigheann FIT níos lú
ná 20 uair in aghaidh na seachtaine agus níor oibrigh ach 15% níos mó ná 30 uair.117
117
Staitisticí inmheánacha na RCS, bliain thagartha, 2009/2010.
185
Fionnachtain 5-9: Réasúnaíocht le haghaidh na coinníollacha maidir le fostaíocht FIT agus
uaireanta oibrithe
Imríonn FIT ról tábhachtach maidir le seachadadh tacaí forlíontaigh le haghaidh teaghlaigh
ar ioncam íseal nach bhfuil ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh mar gheall ar fhostaíocht. In
éineacht le feidhmiú neamhairdeanna agus tarraingt siar an Liúntais do Lucht Cuardaigh
Fostaíochta, cuireann an FIT taca breise airgeadais ar fáil do mhórán teaghlaigh ar ioncam
íseal. I measc na n-eochairdhúshlán a bhaineann leis an idirghníomhaíocht idir na forlíontaí
seo áfach, caithfear a chinntiú go mbeidh teaghlaigh in ann aistriú ó dhífhostaíocht go hobair
agus b’fhéidir ar ais arís agus san am céanna leibhéal soiléir comhsheasmhach de thaca
ioncaim leanaí a choimeád. Ina theannta sin, is iad na príomhghrúpaí atá eisiata anois ó
thaca dá leithéid ná daoine fostaithe ar ioncam íseal (nach bhfuil ag fáil íocaíocht leasa
shóisialaigh) agus daoine féinfhostaithe le leanaí atá ar ioncam íseal mar gheall ar
thearcfhostaíocht neamhdheonach. Tá ábhar spairne eile ann a bhaineann leis an mbealach
ina ndéantar coinníoll na n-uaireanta oibrithe a chinneadh go cruinn. Ceadaíonn athruithe ar
íocaíochtaí dífhostaíochta taca a choimeád ar feadh suas le trí lá fostaíochta a lagaíonn an
argóint gur chóir coinníoll na n-uaireanta oibrithe a laghdú. Déanta na fírinne, tá baol ann
go mbreathnóidh oibrithe ar choinníoll na 19 n-uaire mar uaschoinníoll seachas íoschoinníoll.
I gcroílár na saincheisteanna seo d’fhéadfaí a rá go bhfuil ról déach ag an FIT chun aghaidh a
thabhairt ar dhreasachtaí oibre d’aosaigh agus cuspóirí maidir le bochtaineacht leanaí.
Táthar den tuairim go mbeadh athchóiriú níos bunúsaí den FIT ag teastáil chun aghaidh a
thabhairt ar an dá shaincheist. Go dtí go ndéantar an scrúdú seo, molann an t-athbhreithniú
go gcoimeádfaí coinníoll na fostaíochta agus go gcoinneofaí líon na n-uaireanta faoi
athbhreithniú chun a chinntiú go bhfuil sé seo i gcomhréir le feidhmiú na scéime LLCF agus go
laghdaíonn sé an baol go bhfeictear 19 n-uaire mar choinníoll uasta chomh maith le coinníoll
íosta.
Íocaíocht FIT le híocaíochtaí eile
Faoi láthair is féidir FIT a íoc i gcomhthráth le roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile (go
háirithe le tuismitheoirí aonair) ach ní féidir é seo a dhéanamh le híocaíochtaí eile (go
háirithe le daoine dífhostaithe). Cé go léiríonn sé seo ar shlí bunús agus éabhlóid na
scéimeanna éagsúla, léiríonn sé freisin na buntoimhdí maidir leis an gcoinníollacht a
bhaineann le hobair i gcás na n-íocaíochtaí dífhostaíochta agus do thuismitheoirí aonair. 118
118
Sainaithníodh an gné seo mar limistéar ina bhféadfaí cuíchóiriú a dhéanamh agus caiteachas a spáráil ag an nGrúpa Speisialta ar Líon Pearsanra na Seirbhíse Poiblí agus Caiteachas, a bhain de thátal as an taighde a rinne siad nár chóir FIT a íoc in éineacht le híocaíocht leasa shóisialaigh eile. Is éard a mholann an Grúpa Aithbhreithnithe ná gur chóir an t-eisiamh maidir le híocaíocht FIT in éineacht le híocaíocht dífhostaíochta a leathnú chuig na híocaíochtaí leasa shóisialaigh eile ar fad (go háirithe ÍTA, SBT, Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir agus LM/PD) – Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure, iml. 1, l. 69.
186
Mar shampla, baineann na híocaíochtaí nach féidir a íoc in éineacht le FIT go formhór leis na
híocaíochtaí úd a thoimhdíonn go mbeidh neamh-fhostaíocht mar chuid den cháilitheacht,
amhail íocaíochtaí do lucht cuardaigh fostaíochta, an pinsean stáit (eatramhach) agus an LR.
Tá FIT iníoctha áfach, in éineacht le híocaíochtaí pearsanta eile amhail an ÍTA. I nDeireadh
Fómhair 2010, bhí 7,783 ag fáil an FIT agus an ÍTA (29% d’fhaighteoirí FIT). Éiríonn an cheist
maidir le cé chomh cuí is atá sé bheith ag íoc FIT i gcomhthráth le híocaíochtaí leasa eile.
Dá gcuirfí deireadh le teidlíocht do FIT in éineacht le haon íocaíocht leasa shóisialaigh eile
d’fhéadfaí barainneachtaí cláir agus riaracháin a bhaint amach; agus dhéanfadh sé
caiteachas níos éifeachtúla trí acmhainní ganna a dhíriú ar dhaoine a bhí ag fáil íocaíocht TIL
(MLC) cheana. Bhainfeadh sé cur chuige níos comhsheasmhaí amach maidir le seachadadh
taca ioncaim leanaí agus chuirfeadh sé deireadh le haon aimhrialtachtai féideartha a
thiocfadh chun cinn maidir leis na bealaí éagsúla ina gcaitear le tuismitheoirí aonair agus
lucht cuardaigh fostaíochta.
Ar an láimh eile, cé go seachnaíonn an córas leasa shóisialaigh de ghnáth, níos mó ná sochar
amháin a íoc le duine amháin i gcomhthráth, tá roinnt imthosca ann ina bhféadfadh údar
maith oibiachtúil a bheith leis seo (mar shampla, nuair a dhéanann íocaíocht freastal ar
chostas míchumais, nó ar chostais chúram leanaí nó ar na costais a bhaineann le
rannpháirtíocht i bhfostaíocht). Bhainfeadh formhór na n-argóintí seo le teaghlaigh ina
bhfuil duine aonair atá ag obair ina cheann ar an teaghlach (m.sh. baintreacha, tuismitheoirí
colscartha, idirscartha nó aonair) áit a d’fhéadfadh na costais chúram leanaí go háirithe a
bheith substainteach. Ach bheadh roinnt teaghlaigh eile i gceist, áfach, freisin (m.sh. daoine
atá ag fáil íocaíochtaí míchumais áirithe). Cé go mbeadh barainneachtaí an chláir beag go
leor i dtéarmaí an chaiteachais foriomláin ar leas shóisialach, bheadh tionchar suntasach acu
ar ioncam do na teaghlaigh i gceist. Mar shampla, i gcás faighteora FIT le triúr leanbh agus
glantuilleamh seachtainiúil de €180, bheadh caillteanas ioncaim de €152.64 i gceist.
Fionnachtain 5-10: Scóip chun íocaíocht FIT a chuíchóiriú le sochair eile
Léiríonn íocaíocht comhthráthach FIT le roinnt faighteoirí íocaíochtaí príomhúla nuair nach n-
íoctar é le daoine eile toimhde na coinníollachta atá taobh thiar den íocaíocht phríomhúil
d’aosaigh seachas an chuspóir chun bochtaineacht leanaí a laghdú. Lagaíonn an chóir
dhifreálach seo an méid is a thugann an FIT aghaidh go soiléir agus go leanúnach ar
bhochtaineacht i measc daoine atá ag obair agus ar ioncam íseal do theaghlaigh a bhfuil
leanaí acu. Cé go mbeadh cur chuige níos leanúnaí agus níos comhtháite ann mar thoradh ar
dheireadh a chur le híocaíochtaí comhthráthacha (mar a mholadh i dTuarascáil Mhic
Cárthaigh), imríonn FIT ról tábhachtach chun dreasacht a thabhairt d’aosaigh glacadh le
hobair agus féadann tionchar dearfach a bheith aige ar dhreasachtaí oibre trí chuidiú chun
freastal ar chostais chúram leanaí. Dá bhrí sin, dá gcuirfí deireadh le híocaíochtaí
187
comhthráthacha d’fhéadfadh sé cumas an chóras leasa shóisialaigh chun bochtaineacht
leanaí a ísliú sa bhfadtéarma a lagú. Ba chóir go gcuirfeadh aon chinntí chun na gnéithe seo
a chuíchóiriú éifeachtaí ioncaim agus dreasachta le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal a
bhfuil leanaí acu, go háirithe tuismitheoirí aonair, san áireamh, agus b’fhearr é seo a
dhéanamh mar chuid de chur chuige comhtháite a chuimsíonn íocaíochtaí d’aosaigh.
Ráta glactha FIT
Is cuma cé chomh deacheaptha is atá coinníollacha cáilitheachta sochair, mura nglacann
mórán daoine leo, is féidir leis seo dochar a dhéanamh d’éifeachtacht an tsochair chun a
chuspóirí a bhaint amach. Murab ionann agus an dá íocaíocht taca ioncaim leanaí eile,
rinneadh tagairt arís agus arís eile don ráta íseal ag ar ghlacadh le híocaíocht FIT mar
bhacainn thromchúiseach ar éifeachtacht na scéime. Chomh fada siar le 1989, fuair obair a
rinne Blackwell ar son na RLS (na RCS) go raibh an ráta glactha de 26% íseal i gcomparáid le
scéimeanna dá shamhail sa RA (50-60%) agus san Astráil (30%). Fuair Blackwell go raibh
roinnt fachtóirí a d’fhéadfadh bheith i gceist agus a d’fhág nár éiligh teaghlaigh ar ioncam
íseal an forlíonadh:
Easpa eolais faoin scéim
Braistint mícheart maidir le cáilitheacht (ag freastal ar dhaoine dífhostaithe amháin)
An t-am agus an mhíchaothúlacht a bhaineann le hiarratas a chur isteach
Daoine ag bogadh isteach agus amach ó fhostaíocht ar phá íseal
Eagla go gcaillfí an cárta leighis
Eagla go mbeadh sé deacair obair ar feadh 24 uair (uaireanta íosta ag an am) go háirithe do thuismitheoirí aonair
Mearbhall maidir leis an tástáil ioncaim
Thug taighde a rinne an ITES sa bhliain 1997, a bhí bunaithe ar an Suirbhé Ag Maireachtáil in
Éirinn 1994, le tuiscint go raibh níos lú ná duine amháin as gach triúr éilitheoirí incháilithe ag
fáil na híocaíochta i ndáiríre cé go raibh an ráta glactha beagán níos airde ar bhun
caiteachais. Sa bhliain 2005, rinneadh tuilleadh scrúduithe a rinne an ITES ar an scéim nach
bhfuair ach beagán fianaise go raibh feabhas tagtha ar an scéal.
D’aithin CNES fachtóirí diúltacha eile a théann i gcion ar an ráta glactha ina tuarascáil dar
teideal Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting. Cuimsíonn
siad seo an fíric nach bhfuil íocaíocht FIT uathoibríoch agus go gcaithfidh an fostaí gníomhú
go hiomlán ar a chonlán féin agus go bhfuil comhoibriú an fhostóra nó bheirt fostóirí, nuair
atá an céile/páirtnéir ag tuilleamh freisin, ag teastáil chun foirm fhairsing a líonadh. Dúirt an
CNES freisin go bfhéadfadh an próiseas iarratais féin drogall a chur ar dhaoine atá i
gcaidreamh oibre nua, go háirithe nuair a bheadh fostaithe ag iarraidh fostóir nua a
shásamh. I ndáiríre, caithfidh an fostóir agus an fostaí a bheith ar aon intinn nach bhfuil
188
ioncam an fhostaí dóthanach chun freastal ar riachtanais an teaghlaigh. Ina theannta sin,
chuir an tuarascáil in iúl go bhfuil FIT iomasach ag leibhéal amháin (caithfear tuillimh fostóirí
ar ioncam íseal a fhorlíonadh má tá siad chun bheith in ann teaghlaigh líonmhara a chothú),
ach go bhfuil sé deacair an méid is cosúil go bhfaighidh daoine a chur in iúl agus nach bhfuil
an bonn ar a ndéantar na tairsigh a ríomh chomh trédhearcach agus a bhí ó 2005 i leith.
Dúirt tuarascáil CNES freisin go bhféadfadh aineolas, stiogma agus próisis iarratais chasta
leisce a chur a oibrithe chun iarratas a chur isteach ar an sochar. 119
Mar fhreagra ar an mbraistint gur bhain easpa glactha leis an FIT, chuir an RCS tús le feachtas
feasachta ar fud an náisiúin i Márta 2006 chun ráta glactha na scéime a chur chun cinn agus
a spreagadh. Chuimsigh an feachtas forleathan a mhair ar feadh seachtaine fógraíocht ag
leibhéal náisiúnta agus áitiúil. Ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar líon FIT ó shin i leith agus
gur cosúil go bhfuil an fás seo níos tapúla ná fostaíocht ar ioncam íseal (féach Figiúr 3-10), is
cosúil go bhfuil feabhas tagtha ar ráta glactha an FIT. Choimisiúnaigh an RCS staidéar eile le
déanaí chun machnamh a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an ráta glactha
(Millward Brown) agus fuair sé seo go mb’fhéidir nach bhfuil na fadhbanna glactha chomh
tromhchúiseach agus a ceapadh roimhe seo. Níl measúnú suas chun dáta ar an ráta glactha
ar fáil chun fianaise go bhfuil feabhas tagtha ar an ráta glactha a dhearbhú nó chun agóid a
dhéanamh ina choinne.
Fionnachtain 5-11: Laghdaigh ráta glactha íseal an FIT a éifeachtacht san am atá thart agus
caithfear tionchar na dtionscnamh a chuireadh i gcrích le déanaí a chruthú fós
Ó tugadh isteach é, táthar den bharúil go bhfuil ráta glactha an FIT íseal, rud a chuir isteach
ar a éifeachtacht mar ionstraim chun taca a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal a bhfuil
leanaí acu. Chuidigh anailís a rinneadh roimhe seo chun a dhearbhú gurb amhlaidh atá an
scéal, cé nach bhfuil sé soiléir le blianta beaga anuas cibé acu an léiríonn an fás a tháinig ar
líon éileamh an FIT go bhfuil níos mó daoine ag baint leasa as nó an é go bhfuil linn
fostaíochta níos mó ann. Tugann obair a choimisiúnaigh an RCS le déanaí go bhféadfadh
feabhas a bheith tagtha ar an fhadhb seo, ar bhealach mar gheall ar thionscnaimh chun
faisnéis a fheabhsú agus chun na híocaíochtaí a dhéanamh níos tarraingtí. Molann an t-
athbhreithniú go ndéanfaí ath-scrúdú ar na saincheisteanna ina leith seo nuair atá toradh na
hanailíse nua seo ar fáil.
119
Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, lgh. 37 – 42.
189
5.4.2 Rátaí íocaíochta agus struchtúr FIT
Siúd is go gcinntear luach íocaíochtaí leasa shóisialaigh de ghnáth trí ráta pearsanta a chur i
bhfeidhm a bhraitheann ar líon na ranníocaíochtaí árachas shóisialta nó ar acmhainní
measúnaithe, cinntear luach íocaíocht FIT ar bhealach eile ar fad. Cuireann FIT raon níos
leithne fachtóirí san áireamh, go háirithe cé acu an bhfuil faighteoir féideartha i bhfostaíocht
inárachais agus líon na leanaí atá i gceist chomh maith leis na paraméadair bheartais atá
leabaithe sa chlár féin amhail an líon íosta uaireanta oibrithe, an sainmhíniú ar ioncam
inmheasúnaithe, leibhéal na dteorainneacha ioncam a bhaineann le híocaíocht FIT agus an
ráta asbhainte nó barrchaolú. Pléann an t-athbhreithniú tionchar na dtairseach seo agus an
bharrchaolaithe sna dá alt seo a leanas.
Teorainneacha ioncaim FIT
Déantar luach íocaíocht FIT do theaghlach ar leith a chinneadh le comhréir socraithe den
difríocht idir a ghlanioncam agus teorainn ioncaim don teaghlach sin a shocraítear gach
bliain. Pléadh éabhlóid teorainneacha ioncaim FIT roimhe seo in Alt 3.2.3 (tiomántóirí
caiteachais) agus Alt 4.2.3 (éabhlóid teorainn ioncaim FIT i gcoibhneas le tairseach na
bochtaineachta) áit a chuireadh in iúl go raibh scrúdú níos mionsonraithe curtha in áirithe
don alt seo. I gcomhthéacs an bhealaigh ina chuidíonn íocaíocht FIT chun bochtaineacht
leanaí a laghdú, tá roinnt eochaircheisteanna ann. Ar an gcéad dul síos cén saghas athrú atá
tagtha ar theorainneacha ioncaim le himeacht aimsire? Ar an dara dul síos, cén gaol atá idir
na teorainneacha ioncaim agus tairsigh na bochtaineachta faoi láthair? Ar an tríú dul síos,
cad a chiallaíonn na teorainneacha ioncaim i dtéarmaí íocaíochta in aghaidh an linbh?
Éabhlóid teorainneacha ioncaim FIT: Léirítear luach na dteorainneacha ioncaim in aghaidh
comparadóirí éagsúla (íocaíochtaí leasa shóisialaigh gearrthréimhseacha agus meántuillimh
thionsclaíocha) i bhFigiúr . Roimh 2006, d’ardaigh teorainneacha ioncaim céim ar chéim a
bheag nó a mhór le rátaí coibhéiseacha leasa shóisialaigh d’fhonn a luach a choimeád i
gcoibhneas le híocaíochtaí dífhostaíochta. Chiallaigh sé seo nuair a thosaigh rátaí íocaíochta
leasa shóisialaigh ag dul in airde i bhfad níos tapúla na tuillimh ón mbliain 2003, gur ardaigh
teorainneachta ioncaim FIT freisin i gcomparáid le tuillimh, go háirithe do theaghlaigh níos
lú. Tharla sé seo mar thoradh indíreach ar an reo i rátaí BLC/MLC. D’fhás teorainneacha
ioncaim FIT níos moille do theaghlaigh níos líonmhaire mar thit an eilimint a bhí bainteach le
leanaí in ioncaim leasa shóisialaigh mar chéatadán den íocaíocht thipiciúil. Ón mbliain 2006,
mhéadaigh na teorainneacha ioncaim do theaghlaigh níos líonmhaire i bhfad níos tapúla ná
rátaí leasa shóisialaigh, rátaí a bhí ag ardú go tréan, agus thit teorainneacha ioncaim FIT do
theaghlaigh níos lú beagán in aghaidh rátaí leasa shóisialaigh (cé go raibh sé fós os cionn
tuillimh). Ba é an toradh a bhí leis an gcur chuige seo ná gur tháinig na teorainneacha
190
ioncaim do theaghlaigh níos líonmhaire suas leis an ardú i rátaí leasa shóisialaigh (do
theaghlaigh le ceathrar leanaí) agus sháraigh sé é i gcás teaghlaigh an-líonmhara (ochtar
leanaí).
Figiúr 5-4: Treocht i dteorainneacha ioncaim FIT do mhéideanna éagsúla teaghlaigh i gcoinne
tuillimh agus rátaí leasa shóisialaigh (1997-2010)
80
130
180
230
280
1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
1997=
100
1 leanbh 4 leanaí
8+ leanaí Tuilleamh
Innéacs rátaí íocaiochta gearrthéarmacha – Duine aonair Innéacs rátaí íocaíochta gearrthéarmacha (Lánúin)
Luach teorainneacha ioncaim FIT i gcomparáid le tairseach na bochtaineachta: Taispeánann
Figiúr luach theorainneacha ioncaim FIT do mhéideanna éagsúla teaghlaigh sna blianta 2001
agus 2007 i gcoinne tairsí BB coigeartaithe le haghaidh méid an teaghlaigh ag baint úsáide as
scálaí caighdeánacha coibhéise (náisiúnta) na PS.120 Sa bhliain 2001, i gcás teaghlaigh le níos
mó ná leanbh amháin, bhí teorainneacha ioncaim FIT faoi bhun na tairsí BB do theaghlaigh
den mhéid comhfhreagrach, agus bhí an bearna ag éirí níos mó do theaghlaigh níos
líonmhaire.121 Bhí an t-ailíniú seo ar cheann de na nithe a tharla mar thoradh ar reo na rátaí
BLC/MLC ó lár na 1990í nuair a méadaíodh teorainneacha ioncaim ar aon dul le rátaí
d’aosaigh. Sa bhliain 2007, d’ardaigh an tairseach BB do gach cineál teaghlaigh (rud a léirigh
120
Níl aon FIT iníoctha muna bhfuil leanai ann. Toghadh an bhliain 2001 toisc go raibh tairseach do bhaol na bochtaineachta ar fáil don bhliain sin agus toisc gur ríomhadh FIT ar an nglanbhonn céanna a úsáideadh i mbliainta níos déanaí. Sa bhliain 2007 bhí cúigear leanbh i 4.7% de theaghlaigh a bhí ag fáil íocaíocht FIT. 121
Ós rud é go n-íoctar FIT le hioncam fostaíochta, ní chiallaíonn ioncam atá teoranta faoi thairseach na bochtaineachta de riachtanas go raibh teaghlaigh FIT faoi thairseach na bochtaineachta. Mhéadaigh sé an chosúlacht, áfach, go mbeadh teaghlaigh níos líonmhaire i measc na mbocht a bhí ag obair fiú le híocaíocht FIT ná mar a tharlódh dá n-ardódh na teorainneacha ioncaim leis an tairseach do bhaol na bochtaineachta.
191
méaduithe i dtuillimh, leitheadúlacht lánúineacha ina raibh beirt saothraithe agus laghduithe
i rátaí cánach). D’ardaigh teorainneacha ioncaim FIT i bhfad níos tapúla ná an tairseach BB
go háirithe do theaghlaigh níos líonmhaire, rud a léirigh an t-athrú sa chur chuige maidir le
FIT a uasrátú ó 2006. Mar shampla, d’ardaigh íocaíocht do leanbh aonair nuair a bhí an
tuismitheoir ar an bpá íosta le haghaidh 19 n-uaire 80% idir 2000 agus 2010. Ardú de
thimpeall 103%, 148% agus 210% a bhí i gceist do theaghlaigh ina raibh beirt, ceathrar agus
ochtar leanbh faoi seach. Faoin mbliain 2007, bhí teorainneacha ioncaim FIT beagáinín os
cionn na tairsí BB do theaghlaigh le triúr leanbh nó níos lú agus bhain sé seo le formhór mór
d’íocaíochtaí FIT (88% de na héilimh agus 73% de na leanaí). Bheifeá ag súil go gcuirfeadh an
méadú i dteorainneacha ioncaim thar thréimhse an athbhreithnithe feabhas ar a
éifeachtacht chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí toisc (i) gur mhéadaigh siad
beagáinín níos tapúla ná an tairseach do bhaol na bochtaineachta agus (ii) gur ardaigh siad i
bhfad níos tapúla ná na tairsigh do bhaol na bochtaineachta do theaghlaigh níos líonmhaire
ina raibh rátaí na bochtaineachta níos airde go stairiúil de ghnáth.
Figiúr 5-5: Comparáid idir theorainneacha ioncaim FIT agus tairseach na bochtaineachta do
mhéideanna éagsúla teaghlaigh (2001 agus 2007)
€0
€10,000
€20,000
€30,000
€40,000
€50,000
€60,000
€70,000
Aosach 1 Aosach 2 Leanbh 1 Leanbh 2 Leanbh 3 Leanbh 4 Leanbh 5 Leanbh 6 Leanbh 7 Leanbh 8 Leanbh 9 Leanbh 10
Tairseach do bhaol na bochtaineacha 2007
Tairseach FIT 2007
Tairseach do bhaol na bochtaineachta 2001
Tairseach FIT 2001
Teorainneacha ioncaim agus leibhéil íocaíochta in aghaidh an linbh: Léiríonn na
teorainneacha ioncaim reatha roinnt áirithe treochtaí thar thréimhse ama agus sé an toradh
air seo ná go bhfuil an íocaíocht in aghaidh an linbh an-athraitheach anois agus nach bhfuil
ceangailte go díreach le luach na híocaíochta MLC (mar a thaispeánann Tábla ). Athraíonn an
mheáníocaíocht in aghaidh an linbh go mór ag brath ar líon na leanaí sa teaghlach, leibhéal
an tuillimh in aghaidh na huaire agus líon na n-uaireanta oibrithe. Go hiondúil, nuair atá
192
ioncam ó fhostaíocht íseal, tá na híocaíochtaí do theaghlach le leanbh amháin i bhfad níos
airde ná i gcás teaghlaigh níos líonmhaire. Iompaíonn sé seo droim ar ais go dtí go sáraíonn
íocaíochtaí do theaghlaigh níos líonmhaire íocaíochtaí do theaghlaigh níos lú. De ghnáth ní
thagann na meánrátaí le chéile ach amháin de réir mar a ardaíonn ioncam rud atá frith-
iomasach de bhrí go bhfuil baol na bochtaineachta níos airde do ghrúpaí ar ioncaim níos ísle.
Tugadh aghaidh ar an díbhéirseacht seo ar bhealach le hathruithe i gcleachtais uasrátála le
blianta beaga anuas ach bheadh scála na n-athruithe a bheadh ag teastáil chun leibhéil
íocaíochta dá samhail do gach leanbh a chinntiú beag beann ar na cúinsí an-mhór agus
bheadh athrú radacach ar theorainneacha ioncaim FIT ag teastáil.
Tábla 5-2: Íocaíocht sheachtainiúil FIT do theaghlaigh de mhéideanna agus próifíleanna tuillimh
éagsúla (2010)
Líon na leanaí
Próifíl Tuillimh 1 2 4 8
1*Pá Íosta - 19 n-uaire €205 €131 €99 €85
2*Pá Íosta - 19 n-uaire €106 €82 €74 €73
3*Pá Íosta - 19 n-uaire €20 €33 €50 €60
1*Pá Íosta - 38 uair €106 €82 €74 €73
2*Pá Íosta - 38 uair €25 €48
3*Pá Íosta - 38 uair €23
Mar mheabhráin : ráta seachtainiúil MLC €29.8; Bhí coibhéis BB do leanbh sa bhliain 2008 thart ar €79 in aghaidh na seachtaine Nóta: Déantar na ríomhanna ar an toimhde nach bhfuil an teaghlach i dteideal íocaíocht eile leasa shóisialaigh, amhail ÍTA a fháil
Fionnachtain 5-12: Léiríonn teorainneacha ioncaim FIT comhréiteach idir cuspóirí maidir
leis an mbochtaineacht agus le dreasachtaí
Socraíodh teorainneacha ioncaim FIT i dtús báire chun a chinntiú go mbeadh duine
dífhostaithe beagáinín níos fearr as dá dtógfadh sé suas fostaíocht íoctha i gcomparáid le
fanacht ar íocaíocht dífhostaíochta. Ó shin i leith, tá méadú tagtha orthu i mbuiséid
comhleanúnacha chun cuspóirí déacha FIT a léiriú: dreasachtaí fostaíochta a choimeád agus
aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht i measc daoine atá ag obair a bhfuil leanaí acu. Suas
go dtí 2005, d’ardaigh gach teorainn ioncaim ar aon dul le rátaí íocaíochta d’aosaigh agus ó
1997 i leith, d’ainneoin go raibh rátaí leasa shóisialaigh ag ardú níos tapúla ná tuillimh,
chinntigh sé seo gur choinnigh teorainneacha FIT suas le tairseach bochtaineachta a bhí ag
méadú go tapa do theaghlaigh níos lú agus san am céanna choimeád sé dreasachtaí chun
dul i mbun fostaíochta. Ón mbliain 2005, áfach, d’athraigh an fócas i mbuiséid
chomhleantacha go dtí laghdú i mbochtaineacht leanaí agus méadaíodh na teorainneacha
ioncaim do theaghlaigh níos líonmhaire chun an éagothromaíocht i luachanna íocaíochta in
aghaidh an linbh a laghdú. Dá bhrí sin léiríonn na teorainneacha ioncaim reatha roinnt
193
áirithe cuspóirí: chun a dreasacht chun dul i mbun fostaíochta a choimeád; chun baol
bochtaineachta teaghlaigh a laghdú; agus chun leibhéal níos comhsheasmhaí de thaca in
aghaidh an linbh agus do theaghlaigh bhochta a sholáthar. Dáiríre, léiríonn na
teorainneacha ioncaim comhréiteach idir chuspóirí beartais seachas cur chuige optamach
maidir le cuspóir ar leith. Dealraíonn sé gur chuir méaduithe i dteorainneacha ioncaim FIT
feabhas ar dhreasachtaí agus ar éifeachtacht araon agus aghaidh á thabhairt ar
bhochtaineacht leanaí mar a léiríodh sa mhéadú suntasach i gcaiteachas ach is cosúil go
gcaithfear aghaidh a thabhairt ar chomhbhabhtálacha amach anseo mar gheall ar
shriantachtai fioscacha. Ba chóir teorainneacha ioncaim FIT a choinneáil faoi athbhreithniú
rialta ag cur treochtaí i dtuilleamh, rátaí leasa shóisialaigh agus tairsigh bochtaineachta san
áireamh.
Dá mba rud é nach raibh san FIT ach comhpháirt leanbh-bainteach amháin, bheadh sé níos
fearr teorainneacha ioncaim a mhéadú ar aon dul leis an treocht i rátaí íocaíochta MLC chun
cur chuige níos comhsheasmhaí a bhaint amach thar ionstraimí roghnaitheacha. Ní féidir é
seo a dhéanamh faoi láthair, áfach, mar gheall ar nádúr déach na híocaíochta FIT. Ar an
láimh eile, d’fhéadfadh comhbhabhtálacha dá leithéid tabhairt le tuiscint go bhfuil gá le
hathchóiriú níos bunúsaí de struchtúir FIT má táthar chun aghaidh a thabhairt go
héifeachtach ar an gcomhbhabhtáil idir dhreasachtaí agus bochtaineacht leanaí. Déantar
machnamh ar bhealaí éagsúla chun é seo a dhéanamh níos déanaí sa tuarascáil.
Ráta aistarraingthe FIT
Déantar FIT a ríomh ag 60% den difríocht idir ioncam seachtainiúil agus an teorainn ioncaim
do mhéid an teaghlaigh.122 Is eochairghné de struchtúr an tsochair é ráta aistarraingthe an
FIT (ar a dtugtar “barrchaolú” freisin) agus chineann sé ní hamháin méid na híocaíochta ach
freisin an Ráta Imeallach Aistarraingthe Sochair Chánach (RIASC) sé sin cion an ioncaim
bhreise a thuilleann duine atá laghdaithe (nó a bhfuil cáin gearrtha air). Bíonn gníomh
cothromúcháin ag teastáil chun an ráta aistarraingthe a shocrú: tugann ráta ró-ard le
tuiscint go mbeidh RIASC an-ard ann agus dá bharr sin is beag an dreasacht a bheidh ann do
dhuine chun a thuilleamh a mhéadú trí níos mó uaireanta a oibriú; laghdaíonn ráta ró-íseal
an dreasacht chun dul i mbun fostaíochta sa chéad áit toisc go bhfuil an toradh airgeadais a
fhaightear nuair a ghlactar le fostaíocht níos lú. Roimh 2000, rinneadh FIT a mheasúnú ar
bhonn ollioncaim rud a chiallaigh go raibh RIASC ard ann nuair a cuireadh é i
gcomchcheangal le rátaí cánach. Laghdaíodh iad seo, áfach, nuair a athraíodh an FIT go
bonn glanioncaim.
122
Nuair a fógraíodh FIT ar dtús, bhí sé ar intinn go mbeadh an ráta aistarraingthe socraithe ag 50%. Nuair a tugadh an scéim isteach iarbhír sa bhliain 1984 agus chun caiteachas a laghdú, socraíodh méid an fhorlíon ag leibhéal níos ísle ag 25%. Nuair a chonacthas go raibh ráta glactha FIT níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis, méadaíodh é seo go dtí 33⅓% (1986), 50% ó (1987) agus 60% (1991).
194
Is féidir tionchar FIT agus go háirithe an ráta aistarraingthe a fheiceáil sna ríomhaireachtaí
sách casta atá mar bhun le holltuilleamh agus glantuilleamh, caillteanas an liúntais do lucht
cuardaigh fostaíochta agus cáilitheacht le haghaidh FIT do theaghlach le beirt leanbh (Figiúr ).
Taispeánann sé seo an tionchar ar dhuine a théann isteach i bhfostaíocht ar feadh líon
áirithe uaireanta (ais chothrománach) ag meántuilleamh tionsclaíoch. Mura n-oibríonn siad
uair ar bith bíonn siad ag brath go hiomlán ar ioncam leasa shóisialaigh nach bhfuil
dóthanach chun iad a thabhairt go dtí tairseach coibhéisithe na bochtaineachta. Tar éis
dóibh dul i mbun oibre, gnóthaíonn siad ioncam agus cé go dtosaíonn siad ag cailliúint roinnt
den íocaíocht LLCF ar dhul i mbun fostaíochta dóibh, éiríonn leo mar sin féin tairseach na
bochtaineachta a shroicheadh tar éis dóibh bheith ag obair ar feadh 11 uair. Tabhair faoi
deara go bhfuil fána na líne ioncaim indiúscartha suntasach toisc go léiríonn sé cumas
teaghlaigh greim a choinneáil ar a olltuilleamh (RIASC). Dá réidhe í líne an ioncaim
indiúscartha sea is mó a ghnóthaíonn siad ón ollioncam breise. Ag 24 uaire fostaíochta,
cailleann siad an teideal a bhí acu don LLCF rud a chuirfeadh iad faoi thairseach na
bochtaineachta (murach FIT) agus b’ionann é seo agus sáinn bochtaineachta an-dian sa
chóras leasa shóisialaigh. Ag an bpointe seo, áfach, tá teidlíocht acu do FIT agus cé nach
gcúitíonn sé seo go hiomlán as cailliúint an LLCF, tá sé thar a bheith dóthanach chun iad a
choinneáil os cionn tairsí na bochtaineachta. Déantar FIT a aistarraingt ag ráta imeallach atá
cosúil leis an ráta a bhaineann le LLCF, rud a thugann le tuiscint go bhfuil baol sáinn na
bochtaineachta ann go dtí go bhfuil teidlíocht do FIT ídithe.
Figiúr 5-6: Léiriú ar thionchar FIT ar ioncam indiúscartha do dhuine ag dul isteach i bhfostaíocht le
haghaidh uaireanta éagsúla oibrithe
€0
€100
€200
€300
€400
€500
€600
€700
€800
Méid
seach
tain
iúil
(€)
Uaireanta oibre
Ioncam indiúscartha seachtainiúil d’uaireanta oibrithe ag faighteoir LLCF/FIT: pá san uair = €16.58(Meántuilleamh Tionsclaíoch); 2 leanbh
Olltuilleamh
Glantuilleamh
LLCF iníoctha (coigeartaithe le haghaidh
acmhainní)
Íocaíocht FIT
Sochar Linbh (seachtainiúil)
BB do mhéid an teaghlaigh (luach 2008) le hAC
Ioncam indiúscartha seachtainiúil iomlan (gan
FIT)
Ioncam indiúscartha seachtainiúil iomlan (FIT ag
30%)
Ioncam indiúscartha seachtainiúil iomlán
195
Taispeánadh an líne ioncaim indiúscartha (i) gan an íocaíocht FIT, agus (ii) le ráta barúlach
aistarraingthe FIT de 30%. Gan FIT, tugaimid sáinn dífhostaíochta an-dian faoi deara a
thugann le tuiscint go bhfuil an duine níos fearr as ó thaobh airgeadais mura bhfuil sé ag
obair go lánaimseartha. Maidir le ráta aistarraingthe FIT de 30%, níl sáinn na bochtaineachta
chomh dian agus atá ag 60% ach sé an t-aon fháth atá leis seo ná nach leor íocaíocht an FIT
anois chun cosc a chur ar ioncam an teaghlaigh titim faoi thairseach na bochtaineachta.
Fionnachtain 5-13: Ráta aistarraingthe FIT
Is cuid bhunúsach den íocaíocht é ráta aistarraingthe an FIT agus ní féidir breathnú air leis
féin gan gnéithe eile den chóras leasa shóisialaigh a chur san áireamh, go háirithe na leibhéil
tairsí, uaireanta íosta agus ceist na híocaíochta i gcomhthráth le sochair eile leasa
shóisialaigh. Laghdódh ísliú sa ráta aistarraingthe, agus gach ní eile mar a chéile, éifeachtaí
sháinn na bochtaineachta de réir mar a mhéadaíonn olltuilleamh (trí uaireanta méadaithe nó
pá níos airde) ach ní fhéadfaí é sin a dhéanamh gan an baol go ndéanfadh sé na sáinneacha
bochtaineachta a bhaineann le cailliúint íocaíochtaí lucht cuardaigh fostaíochta níos measa.
Go hiondúil, bheadh sé níos fearr go mbeadh ráta níos ísle aistarraingthe do FIT ann ar
choinníoll go dtabharfaí aghaidh ar chaillteanas na comhpáirte aosaí d’íocaíochtaí lucht
cuardaigh fostaíochta ar bhealach eile agus go ndéanfaí é a dhíchúpláil ó na heilimintí a
bhaineann le taca ioncaim leanaí san FIT. Ina theannta sin, cuireann sé seo taca ar fáil chun
íocaíocht an FIT a athdhearadh ar bhealach níos bunúsaí chun a chuspóirí maidir le taca a
thabhairt d’fhostaíocht agus d’ioncam leanaí araon a chomhlíonadh.
Molann an t-athbhreithniú go mba chóir breathnú ar an laghdú i ráta aistarraingthe an FIT
mar chuspóir fadtéarmach, ar mhaithe le sáinneacha na bochtaineachta sa chóras reatha a
laghdú agus freisin b’fhéidir chun feabhas a chur ar ráta glactha na híocaíochta. Chun é seo
a bhaint amach gan sáinneacha dífhostaíochta a dhéanamh níos measa, molann an t-
athbhreithniú freisin go ndéanfaí meicníochtaí a shainaithint chun na comhpháirteanna den
FIT a bhaineann le taca ioncaim leanaí agus le taca fostaíochta a scoilt, rud a ligfeadh do
ráta níos ísle aistarraingthe a bheith curtha i bhfeidhm i dtaca leis an gcomhpháirt a
bhaineann leis an dtaca ioncaim leanaí. Chinnteodh sé seo go mbeadh cailliúint íocaíochtaí
dírithe ar leanaí níos céimnithe dóibh siúd atá i bhfostaíocht. Cheadódh sé freisin an FIT nó a
íocaíocht chomharbais a Ieathnú de réir a chéile chuig teaghlaigh le leanaí nach bhfuil
cumhdaithe faoi láthair le híocaíocht dírithe ar leanaí faoi réir acmhainní buiséadacha.
5.5 Idirghníomhaíocht le fostaíocht tuismitheoirí
Déantar an anailís san alt roimhe seo a fhorbairt trí mhachnamh a dhéanamh ar an tionchar
ar ioncaim teaghlaigh, agus go háirithe na heilimintí TIL, bochtaineacht agus dreasachtaí mar
thoradh ar idirghníomhaíocht oibre le híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
196
Anailís ag leibhéil an teaghlaigh ag baint úsáide as “samhail”
Mar a léiríodh i gCaibidil 4, is uirlis fhíorluachmhar é micrionsamhlú a úsáideann SWITCH
toisc go gcuireann sé bealach ar fáil chun idirghníomhaíocht chasta thacaí ioncaim, tuilleamh
agus ioncaim teaghlaigh a scrúdú. Is féidir an idirghníomhaíocht seo a shoiléiriú a thuilleadh
trí mhachnamh a dhéanamh (maidir le cinéalacha éagsúla “samhlacha” de theaghlaigh) ar an
tionchar a bhíonn ag athruithe sna huaireanta oibrithe ar thuilleamh agus ar thacaí ioncaim
do leibhéil éagsúla tuillimh. Cuireann an tsamhail ar a bhfuil an measúnú seo déanta roinnt
áirithe paraiméadar san áireamh agus déantar iad seo a achoimriú i dTábla .
Tábla 5-3: Comhpháirteanna samhaltaithe d’ioncam teaghlaigh de réir uaireanta oibrithe
Comhpháirt Conas a ríomhtar é Tionchar uaireanta oibrithe méadaithe
Olltuilleamh fostaíochta Ráta measta pá Líon na n-uaireanta oibrithe
Méadú le huaireanta oibrithe
Glantuilleamh Olltuilleamh lúide cáin, ÁSPC agus tobhaigh
Méadú le huaireanta oibrithe ach tá an méadú seo níos lú ná an méadú san olltuilleamh nuair atá cánachas forchéimnitheach ann
Luach íocaíochta príomha leasa shóisialaigh – comhpháirteanna aosaigh agus aosaigh chleithiúnaigh
Laghdaithe ar aon dul le tuilleamh (coigeartaithe le haghaidh neamhairdeanna) de réir méid céatadáin (barrchaolú)
Is féidir é a choimeád i dtús báire le haghaidh leibhéil tuillimh ach ansin laghdaítear é le huaireanta oibrithe ag brath ar neamhairdeanna agus barrchaolú le haghaidh sochair ar leith
Luach íocaíochta príomha leasa shóisialaigh – comhpháirteanna MLC
Cosúil leis an bpríomhíocaíocht d’aosach ach athraíonn ag brath ar an saghas íocaíochta
Is féidir é a choimeád i dtús báire le haghaidh leibhéil tuillimh ach ansin laghdaítear é de réir mar a mhéadaíonn uaireanta oibrithe ag brath ar neamhairdeanna agus barrchaolú le haghaidh sochair ar leith
Teidlíocht don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus a luach
Méid an teaghlaigh Luach tairseach FIT Ráta barrchaolaithe Íocaíocht íosta Idirghníomhaíocht le sochar eile LS
Caithfear an coinníoll príomhúil maidir le 19 n-uaire a oibriú a chomhlíonadh ar dtús Ina dhiaidh sin titfidh íocaíocht ar aon dul le tuilleamh agus ag brath ar cibé an féidir í a íoc in éineacht le híocaíocht phríomhúil leasa shóisialaigh
Teidlíocht do Shochar Linbh agus a luach
Líon leanaí Rátaí íocaíochta
Gan tionchar ar bith
197
Má ghlactar le ráta pá san uair agus ag baint úsáide as na comhpháirteanna seo agus an
idirghníomhaíocht atá acu lena chéile, is féidir linn scrúdú a dhéanamh maidir leis na
huaireanta éagsúla a oibríodh chun a fháil amach:
(a) cibé an bhfuil ioncam indiúscartha an teaghlaigh os cionn nó faoi bhun tairsigh na
bochtaineachta a bhaineann le teaghlach den mhéid sin;
(b) an cion atá déanta ag íocaíochtaí TIL (SL, MLCanna agus FIT) maidir le cibé an bhfuil
an teaghlach faoi bhun tairsigh na bochtaineachta nó nach bhfuil;
(c) an éifeacht atá ag pacáistí iarbhír agus hipitéiseacha TIL ar dhreasachtaí fostaíochta
(cóimheasanna athsholáthair).
D’fhéadfaí raon leathan de chineálacha faighteoirí sochair agus socruithe teaghlaigh a chur
san áireamh ach ar mhaithe le scrúdú a dhéanamh ar na heochairghnéithe den
idirghníomhaíocht idir thuilleamh agus sochar, roghnaíodh an dá chineál teaghlaigh seo a
leanas:
Teaghlach dífhostaithe (beirt aosach agus beirt leanbh cleithiúnach) le haosach
amháin ar an Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus an duine eile ina aosach
cleithiúnach123;
Tuismitheoir Aonair ar íocaíocht um Theaghlach Aontuismitheora le leanbh amháin.
Úsáideann an anailís an pá íosta náisiúnta (€8.65 an uair sa bhliain 2010) ach is féidir rátaí pá
eile a úsáid. Baineann na ríomhaireachtaí a thaispeáintar leis an mbliain 2010 ach is é an
leibhéal do bhaol na bochtaineachta (BB) a úsáidtear ná an ceann don bhliain 2008.
Teaghlach dífhostaithe
Taispeánann Figiúr an tionchar a bhíonn ag dul i mbun fostaíochta ar phá íseal (pá íosta) ar
ioncam indiúscartha an teaghlaigh do theaghlach nach bhfuil d’ioncam teaghlaigh eile aige
ach amháin an Liúntas do Luch Cuardaigh Fostaíochta (LLCF) agus Sochar Linbh. Gan
uaireanta ar bith oibre, tá ioncam indiúscartha an teaghlaigh de thart ar €326 níos lú ná
tairseach baol an bochtaineachta do theaghlagh de bheirt aosach agus beirt leanbh (thart ar
€554 sa bhliain 2008) ag fágáil bearna bochtaineachta de €228 in aghaidh na seachtaine. De
réir mar a théann an teaghlach I mbun fostaíochta, ardaíonn tuilleamh agus cé go n-
123
Socrú é seo atá níos simplí ná léirithe eile a úsáideann an RCS ina bhfuil an bheirt aosach ag fáil LLCF. Cé go bhféadfaí i bprionsabal an anailís ar na huaireanta oibrithe a leathnú go dtí teaghlach den chineál seo, bheadh sé níos deacra mar gheall ar líon na gcomhcheangal féideartha oibriú bunúsach na samhla a thaispeáint.
198
aistarraingtear cuid den LLCF, cinntíonn oibriú barrchaolaithe an LLCF agus neamhairdeanna
tuillimh go dtagann méadú ar ioncam indiúscartha, agus sa raon 18-14 uaire oibre, tá ioncam
an teaghlaigh ardaithe os cionn tairsigh na bochtaineachta. I ndiaidh fostaíochta 24 uair (trí
lá oibre ag 8 n-uaire in aghaidh an lae), áfach, tagann deireadh le teidlíocht do LLCF agus mar
thoradh air seo bíonn titim mhór san ioncam i dtosach. Feidhmíonn teidlíocht do FIT chun
an caillteanas ioncaim seo a mhaolú go substainteach cé nach leor é chun stop a chur le
hioncam an teaghlaigh titim faoi BB ar dtús sula n-ardaíonn sé arís os cionn tairsigh na
bochtaineachta má oibrítear seachtain iomlán. Taispeánann an léiriú seo conas a laghdaíonn
TIL (a) líon na ndaoine atá beo bocht trí theaghlaigh bhochta atá ag obair a thabhairt os
cionn tairsigh na bochtaineachta (b) bearna na bochtaineachta do theaghlaigh eile atá faoi
bhun tairsigh na bochtaineachta agus (c) conas a thugann sé aghaidh go suntasach ar an
tionchar a bhíonn ag sáinn dhian bochtaineachta ar theaghlaigh a chailleann teidlíocht do
LLCF agus sa chaoi sin cuireann sé ar a gcumas fanacht i bhfostaíocht.
Figiúr 5-7: Tionchar na n-uaireanta oibrithe ar thoradh na bochtaineachta do theaghlach
dífhostaíthe 2010
€-
€100
€200
€300
€400
€500
€600
€700
Mé
id s
ea
ch
tain
iúil (
€)
Uaireanta oibrithe
Faighteoir LLCF/FIT: pá san uair = €8.65(PÍN); 2 leanbh
Glantuilleamh
LLCF d’aosach coigeartaithe
LLCF do leanbh coigeartaithe
FIT
SL
BB 2008
Ioncam gan TIL
Ioncam indiúscartha teaghlaigh
Is féidir pátrún comhchosúil a fheiceáil do theaghlach atá in ann an meánphá tionsclaíoch a
thuilleamh (Figiúr ). Ligeann tacaí ioncaim leanaí d’ioncam an teaghlaigh ardú os cionn
tairsigh na bochtaineachta dóibh siúd atá ag obair níos mó ná 12 uair fiú munar féidir leo
cosc a chur ar ioncam an teaghlaigh titim tar éis 24 uair. Déanann íocaíochtaí TIL cúiteamh
199
freisin ar an bhfíric go bhfágfadh an córas cánach go mbeadh sé níos deacra do theaghlach é
féin a chur os cionn tairsigh na bochtaineachta trí ioncam ó obair.
Figiúr 5-8: Tionchar tuillimh níos airde ar fhaighteoir LLCF
€300
€500
€700
€900
Mé
id s
ea
ch
tain
iúil (
€)
Uaireanta oibrithe
Faighteoir LLCF/FIT: pá san uair = €8.65(MTT); 2 leanbh
BB 2008
Ioncam gan TIL
Ioncam indiúscartha teaghlaigh
Léiríonn Figiúr tionchar chomhdhéanaimh pacáiste an TIL ar dhreasachtaí airgeadais chun
dul i mbun oibre tríd an cóimheas idir ioncam as-obair agus ioncam ag-obair (ráta
athsholáthair) ag baint úsáide as trí athróg den phacáiste comhcheangailte SL/MLC:
an pacáiste reatha TIL (nuair is ionann SL agus thart ar 54% de luach SL agus MLC le
chéile),
pacáiste atá lánuilíoch (nuair is ionann SL agus 100%)
pacáiste atá lánroghnaitheach (nuair nach n-íoctar SL agus nuair atá an pacáiste
déanta suas de MLCanna amháin).
Cuimhneofar ón díospóireacht a bhí ann cheana (Bosca 4-2) go dtógtar RAnna de thimpeall
80% go minic mar luach criticiúil. Taispeánann na torthaí i bhFigiúr go bhfuil sé seo fíor i
200
gcás fostaíochtaí ag an bpá íosta suas go 20 uair cé go dtagann feabhas mór ar na RAnna de
réir mar a mhéadaíonn na huaireanta oibre. Méadaíonn caillteanas LLCF ag 24 uair (3 lá)
oibre RAnna fiú ainneoin feidhmiú FIT. Bíonn tionchar ríthábhachtach ag an saghas pacáiste
de TIL atá ann ar mhéid an mhéadaithe a thagann ar na RAnna. Dá n-íocfaí an pacáiste de
TIL ag baint úsáide as MLCanna amháin (an cur chuige lánroghnaitheach), d’ardódh na
RAnna go dtí os cionn 100% mar thoradh ar na MLCanna a chailliúint agus thitfeadh siad ina
dhiaidh sin go dtí beagáinín os cionn 90% do sheachtain iomlán oibre. Tá sé seo i
gcontrárthacht le cur chuige lánuilíoch a mbeadh meath leanúnach sna RAnna mar thoradh
air. Taispeánann an pacáiste reatha de SL/MLC go dtéann RAnna chun donachta ach nach n-
ardaíonn siad os cionn 90% agus go sroicheann siad 80% do sheachtain iomlán oibre (thart ar
40 uair).
Figiúr 5-9: Rátaí athsholáthair ag baint úsáide as pacáistí éagsúla TIL, 2010
60%
65%
70%
75%
80%
85%
90%
95%
100%
105%
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40
Ion
ca
m a
s o
ba
ir m
ar
% d
’io
nc
am
ag
ob
air
Uaireanta oibrithe
Faighteoir LLCF/FIT d’uaireanta oibrithe: pá san uair = €8.65(PÍN); 2 leanbh
RA- Pacáistereatha TIL
RA – Pacáiste lánuilíoch
RA – Pacáiste lanroghnaitheach
Teaghlach aontuismitheora
Léiríonn Figiúr ríomhaireachtaí comhchosúla d’ioncam teaghlaigh do theaghlach
aontuismitheora. De réir mar a théann tuismitheoir aonair i mbun fostaíochta ní laghdaítear
tionchar an tuillimh toisc go gcailltear íocaíocht éigin láithreach (amhail i gcás an LLCF).
Ciallaíonn sé seo gur féidir le tuismitheoir aonair ardú os cionn tairsigh na bochtaineachta tar
éis 7 n-uaire oibre fiú ar phá íosta. Tagann feabhas níos mó ar an scéal ag 19 n-uaire nuair a
thagann an teidlíocht do FIT i bhfeidhm. Siúd is go bhfuil dreasacht leanúnach ann chun
bheith ag obair os cionn an phointe seo, tugann maoile na líne ioncaim le tuiscint go bhfuil
rátaí arda aistarraingthe sochair ann.
201
Feicimid ón léiriú go n-imríonn TIL ról an-tábhachtach chun líon na n-uaireanta is gá a oibriú
chun éirí os cionn tairsigh na bochtaineachta a laghdú (ó 14 huaire go 7 n-uaire) agus freisin
chun bearna na bochtaineachta a ísliú faoi bhun 7 n-uaire oibre. Tá tuismitheoirí aonair níos
fearr as ná an dream atá ar LLCF ar chúiseanna éagsúla: (i) íocaíocht iomlán an ráta aosaigh
suas go dtí tuilleamh de €146.50 in aghaidh na seachtaine; (ii) ráta níos ísle aistarraingthe
(50% versus 60%) (iii) leantar de bheith ag íoc MLCanna os cionn an tairsigh ag an ráta
iomlán ar choinníoll go bhfuil teidlíocht bhunúsach ann d’íocaíocht aosaigh; (iv) tá FIT
iníoctha le ÍTA ó 19 n-uaire rud a chuireann feabhas ar an ioncam thar an raon 19-24 uair i
gcomparáid le LLCF sna samplaí seo. Ar ndóigh, ní chuireann an anailís san áireamh an fíric
go mbeadh ar thuismitheoirí aonair socruithe a dhéanamh do chúram leanaí leis an
gcaiteachas a thiocfadh as seo rud nach mbeadh ag teastáil b’fhéidir i gcás an teaghlaigh
dífhostaithe le beirt tuismitheoir a luadh thuas. Tá sé mar aidhm ag an léiriú seo taispeáint
go bhféadann tionchair an-éagsúla a bheith ag na meicníochtaí taca ioncaim leanaí do
chineálacha éagsúla faighteoirí leasa shóisialaigh.
Figiúr 5-10: An tionchar a bhíonn ag fostaíocht ar phá íseal ar ioncam tuismitheora aonair, 2010
€0
€100
€200
€300
€400
€500
€600
Méid
seach
tain
iúil
Uaireanta oibrithe
Faighteoir ITA/FIT: pá san uair = €8.65(PÍN); 1 leanbh
Glantuilleamh
ÍTA aosach coigeartaithe
ÍTA leanbh
FIT
SL
Ioncam gan TIL
BB
Ioncam indiúscartha teaghlaigh
Taispeántar tionchar chóras eile TIL (reatha, lánuilíoch agus lánroghnaitheach) ar
athsholáthar d’fhaighteoirí íocaíocht tuismitheora aonair i bhFigiúr . Taispeánann sé toradh
atá an-difriúil leis an toradh d’fhaighteoirí LLCF. Siúd is go mbíonn ar thuismitheoirí aonair
aghaidh a thabhairt ar RAnna arda (>80%) d’fhostaíochtaí de níos lú ná 7 n-uaire ar an bpá
íosta, titeann RAnna go dtí timpeall 50% arna gcuidiú ag teidlíocht do FIT ag timpeall 19 n-
202
uaire. Tagann feabhas beag ar RAnna i ndiaidh an phointe sin. Rud tábhachtach, murab
ionann agus faighteoirí LLCF, athraíonn sé seo go mór is cuma cé acu an bhfuil an pacáiste
TIL lánuilíoch nó lánroghnaitheach mar thoradh ar na gnéithe a luadh cheana
(neamhairdeanna ÍTA, coinneáil MLC iomlán ar choinníoll go bhfuil teidlíocht bhunúsach ann,
íocaíocht ÍTA in éineacht le FIT).
Figiúr 5-11: Rátaí athsholáthair do thuismitheoirí aonair faoi phacáistí éagsúla TIL, 2010
40%
50%
60%
70%
80%
90%
100%
110%
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39
Có
imh
eas i
dir
as o
bair
ag
us i
on
cam
io
ncam
(%
)
Uaireanta oibrithe
Faighteoir ÍTA/FIT: pá san uair = €8.65(PÍN); 1 leanbh
RA- 2010 SL
RA SL = 100%
RA SL = 0%
Athruithe le himeacht aimsire – laghdú i mbearna na bochtaineachta
Is féidir an anailís ag leibhéal an teaghlaigh a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar
athruithe in éifeachtacht an phacáiste taca ioncaim leanaí thar thréimhse ama. Taispeánann
Figiúr an líne buiséid/ioncaim d’fhaighteoir LLCF/FIT (le haosach amháin agus beirt leanbh
cleithiúnach) arna shloinneadh mar chion de BB do theaghlach den mhéid seo do 2000124
agus 2010. Sa bhliain 2000, thit an líne faoi thairseach na bochtaineachta don raon iomlán
d’uaireanta oibrithe. Bhí ardú suntasach tagtha ar líne an bhuiséid/ioncaim faoin bhliain
2010. Léiríonn sé seo méaduithe i leibhéal an phacáiste SL/MLC, na hathruithe
struchtúracha a mhéadaigh tábhacht choibhneasta SL, agus an ranníocaíocht feabhsaithe atá
déanta ag FIT mar thoradh ar na méaduithe i luach na dtairseach i gcoibhneas le tairseach na
bochtaineachta.
124
Idirshuite ag baint úsáide as meastacháin baol na bochtaineachta do 1997 agus 2001.
203
Figiúr 5-12: Léiriú ar thionchar an chóras taca ioncaim ar bhearna na bochtaineachta d’uaireanta
oibrithe ar phá íosta, 2000 (meast.) agus 2010125
-
0.20
0.40
0.60
0.80
1.00
1.20
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40
% L
íne b
hao
l n
a b
och
tain
each
ta
Uaireanta oibrithe
Ioncam fhaighteoir LLCF/FIT i gcoibhneas le tairseach Baol na Bochtaineachta, 2000 (meast.) agus 2010
Ioncam 2010 FIT 2010 SL/MLC2010 Ioncam 2000 FIT 2000 CB/QCI 2000
Athruithe le himeacht aimsire – rátaí athsholáthair
Déantar ríomh na rátaí athsholáthair do raon na n-uaireanta oibrithe d’fhaighteoirí
íocaíochtaí dífhostaíochta don bhliain 2000 (Cúnamh Dífhostaíochta) agus don bhliain 2010
(Liúntas Lucht Cuardaigh Fostaíochta) a achoimriú i bhFigiúr . Tháinig feabhas beag ar
dhreasachtaí d’fhostaíocht de níos lú ná 25 uair nuair atá teidlíocht do LLCF/CD ann thar an
tréimhse (RAnna níos ísle) d’ainneoin gur mhéadaigh rátaí leasa shóisialaigh d’aosaigh i
bhfad níos tapúla ná tuilleamh (106% i gcomparáid le 55%). Éascaíodh an feabhas seo i
ndreasachtaí mar thoradh ar fheabhsuithe i neamhairdeanna an LLCF chomh maith leis an
athrú i gcomhdéanamh an taca ioncaim leanaí i bhfabhar an tsochair linbh uilígh. Ní bhíonn
feidhm ag an bhfeabhsú seo ach amháin nuair atá teidlíocht do LLCF (24 uair oibre nó níos
lú) ann. Ní raibh na méaduithe i dtairsigh FIT do theaghlach le beirt leanbh dóthanach chun
cúiteamh a dhéanamh as caillteanas an LLCF, rud a chuir in iúl go raibh RAnna agus
dreasachtaí fostaíochta do theaghlaigh bheaga i bhfostaíocht lánaimseartha ag dul chun
donachta thar an tréimhse.
125
Paraiméadair scéime na mblianta 2000 agus 2010 curtha i gcomparáid leis an mbliain 2008 ag tairseach baol na bochtaineachta.
204
Figiúr 5-13: RAnna d’fhaighteoirí LLCF/FIT sna blianta 2000 agus 2010
60%
65%
70%
75%
80%
85%
90%
95%
100%
105%
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40
Ion
cam
as o
bair
mar
% d
’io
ncam
ag
ob
air
Uaireanta oibrithe
Faighteoir LLCF/FIT d’uaireanta oibrithe: pá san uair = €8.65(PÍN); 2 leanbh
RA – 2010 SL
RA - 2000
Fionnachtain 5-14: Gineann idirghníomhaíocht idir ghnéithe den chóras sochair, lena n-
áirítear MLCanna agus FIT castacht agus neamhchinnteacht airgeadais chomh maith le
neamhréireachtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine dífhostaithe agus tuismitheoirí aonair.
Taispeánann an anailís go bhfuil an idirghníomhaíocht idir fhostaíocht ag an bPá Íosta
Náisiúnta agus fostaíocht eile ar phá íseal agus an córas sochair (lena n-áirítear MLCanna
agus FIT) casta agus go mbíonn easpa soiléireachta ann maidir le dreasachtaí airgeadais
chun dul i mbun fostaíochta mar thoradh air. Cé go bhféadann FIT feidhmiú chun cúiteamh a
dhéanamh as caillteanas íocaíochtaí dífhostaíochta nuair a théann duine isteach i
bhfostaíocht lánaimseartha, tarlaíonn sé go gcailltear ioncam teaghlaigh i gcás teaglamaí
áirithe d’uaireanta oibrithe agus leibhéil arda d’aistarraingt sochair ina dhiaidh sin. Ina
theannta sin, tá difríochtaí an-suntasacha sa chaoi a n-idirghníomhaíonn FIT le híocaíochtaí
dífhostaíochta agus íocaíochtaí do thuismitheoirí aonair. Is féidir le FIT sáinn dífhostaíochta
a shárú maidir leis an gcéad ceann acu seo ach san am céanna dreasachtaí airgeadais a
fhágáil lag i gcúinsí áirithe. Maidir leis na cinn is deireanaí a luadh, cuireann FIT go mór le
dreasachtaí chun dul i mbun oibre ach ní féidir leas a bhaint astu ach amháin suas go dtí an
líon íosta uaireanta. Ina dhiaidh sin laghdaíonn aistarraingt sochar na dreasachtaí chun
uaireanta oibrithe nó tuilleamh san uair a mhéadú. Tá teorainn leis an méid is féidir a
dhéanamh chun FIT sa riocht ina bhfuil sé anois a athrú chun aghaidh a thabhairt ar chuid de
na saincheisteanna seo, rud a thugann le tuiscint go bhfuil gá le hathchóiriú níos radacaí.
205
5.6 Saincheisteanna maidir le bainistíocht agus seachadadh clár
Seo í an cheist mheastóireachta atá le plé san alt seo: Cé mhéad a chosnaíonn sé chun na
tacaí seo a sheachadadh agus cén comparáid is féidir a dhéanamh idir iad seo agus costas
clár coibhéiseach in áiteanna eile? Tugtar faoin anailís ó pheirspictíocht na n-aschur agus na
n-ionchur. Is ionann príomhtháscaire an aschuir do gach ceann de na trí clár ná líon na n-
éileamh íoctha agus i gcás MLCanna, líon na n-íocaíochtaí bainteacha i dtaca le leanaí
cáilithe. Seo é príomh-dheitéarmanant an iarrachta riaracháin is gá (aschuir) ach tá cinn eile
ann, lena n-airítear nádúr cuibheasach casta an phróisis cinnteoireachta agus na costais
riaracháin ghinearálta a bhaineann leis na cláir. Déantar plé níos mionsonraithe ar na
haschuir seo sna hailt seo a leanas sula ndéantar machnamh ar leibhéal na n-ionchur (go
háirithe acmhainní foirne) agus ar tháscairí barrfheabhais na scéime. Anuas ar sin, imlínítear
feabhsuithe a rinneadh i bpróisis na scéime le déanaí agus roinnt áirithe feabhsuithe
trasghearrthacha. I gcás gach ceann de na cláir ábhartha, leagann fo-alt na príomhtháscairí
maidir le bainistíocht na gclár amach agus scrúdaíonn sé treochtaí thar thréimhse ama.
Déanann fo-alt eile athbhreithniú orthu siúd i gcomhthéacs foriomlán chlár na RCS agus
baineann sé roinnt tátalacha astu.
5.5.1 Sochar Linbh – bainistíocht agus seachadadh
Aschuir na scéime
Éilimh íoctha
Taispeánann Tábla 5-4 gur mhéadaigh líon na n-éileamh íoctha ó 522,441 sa bhliain 2002 go
602,932 ag deireadh na bliana 2009. Mhéadaigh líon na leanaí a ndéantar íocaíocht ina leith
ó 1,019,551 go 1,156,917 le luasmhéadú sa treocht le blianta beaga anuas. Tharla cuid den
mhéadú seo mar gheall ar an méadú i líon na n-oibrithe imirceacha a tháinig go hÉirinn tar
éis leathnaithe an AE sa bhliain 2004; tá na héifeachtaí a bhaineann leis seo le feiceáil i
dTábla 5-5.
206
Tábla 5-4: Sochar Linbh – staitisticí éilimh 2002-2009
Éilimh Nua Éilimh Linbh Breise
Éilimh O/16 Éilimh Iomlána Éilimh Íoctha
2002 32,746 37,082 109,080 178,908 522,441
2003 35,814 37,277 105,618 178,709 534,009
2004 36,072 39,819 117,220 193,111 540,911
2005 41,327 38,003 105,379 184,709 547,540
2006 43,467 38,343 106,532 188,342 562,860
2007 45,647 39,426 98,944 184,017 579,612
2008 44,673 42,248 99,108 186,029 596,108
2009 39,253 40,134 87,543 166,930 602,932
Tábla 5-5: Staitisticí a bhaineann le breitheanna agus éilimh a dhéantar do leanaí a rugadh
lasmuigh d’Éirinn 2002-2008
Breitheanna in Éirinn
Éilimh Breitheanna lasmuigh d’Éirinn
Breitheanna lasmuigh d’Éirinn
mar % d’éilimh
2002 60,503 69,828 9,307 13% 2003 61,529 73,091 11,574 16% 2004 61,972 75,891 14,207 19% 2005 61,372 79,330 18,288 23% 2006 64,237 81,810 17,573 21% 2007 70,620 85,073 15,073 17% 2008 75,065 82,260 12,047 15%
Foinse: Taifid Áitiúla Rannóg SL
Is iad Rialacháin leasa shóisialaigh an AE (883/2004 & 987/2009) na príomhionstraimí um
chomhordú scéimeanna leasa shóisialaigh laistigh den AE agus tugann siad cosaint do
chearta leasa shóisialaigh oibrithe atá ag gluaiseacht laistigh den AE. Chun críocha na
Rialachán seo, aicmítear Sochar Linbh mar shochar teaghlaigh, rud a chiallaíonn go bhfuil
oibrithe imirceacha i dteideal sochair teaghlaigh a fháil in Éirinn i dtaca le daoine
muinteartha nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Toisc go bhfuil forálacha sna Rialacháin chun
rialacha cónaithe a tharscaoileadh, ní féidir dá bharr sin coinníollacha cónaithe cosúil leis an
gcoinníoll gnáthchónaithe i reachtaíocht na hÉireann a chur i bhfeidhm do theidlíocht
oibrithe imirceacha le leanaí do SL. Chuaigh an líon méadaithe d’oibrithe imirceacha in
Éirinn i gcion go suntasach ar líon na n-éileamh agus taispeánann Tábla 5-6 líon na leanaí
nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn a bhfuil Sochar Linbh á íoc ina leith.
207
Tábla 5-6: Staitisticí ar Shochar Linbh i dtaca le leanaí nach bhfuil cónaí orthu sa Stát 2004-2009
2004 2005 2006 2007 2008 Iúil 2009
Líon 806 725 1,444 4,311 9,909 11,517 Costas iomlán
€0.7m €1.6m €2.9m €4.77m €20.9m €22.1m
Foinse: An Roinn Coimirce Sóisialaí (Rannóg SL)
Nóta: Taispeánann 2009 meastachán don bhliain iomlán
Riarachán an phróisis iarratais
Iarratais: Tá sonraí beireatais ríomhairithe anois ar chóras na PC. Nuair atá an bhreith
cláraithe agus an fhaisnéis riachtanach maidir leis an gcustaiméir agus an leanbh curtha ar
fáil, is féidir an próiseas iarratais a chríochnú laistigh de dheich lá. Cuimsíonn an fhaisnéis
atá ag teastáil uimhir PSP an chustaiméara, dáta breithe, réamhainm agus sloinne, seoladh
agus sloinne breithe na máthar. I gcás an chéad linbh eiseofar foirm iarratais
pháirtchomhlánaithe agus níl le déanamh ag an gcustaiméir ach seiceáil go bhfuil na sonraí
pearsanta ceart; cúpla ceist a fhreagairt; modh íocaíochta a roghnú agus an fhoirm a shíniú
agus a sheoladh ar ais.
I gcás éilimh do leanaí breise, nuair a rugadh na leanaí in Éirinn agus nuair is ionann na sonraí
pearsanta a tugadh don Chláraitheoir Breitheanna agus na sonraí atá cheana féin ag Oifig an
tSochair Linbh, níl gá le foirm iarratais nua nó le teastas breithe. Eiseofar litir laistigh de
sheachtain ó chlárú bhreith an linbh ag cur in iúl don chustaiméir cathain a dhéanfar an
íocaíocht bhreise. Tá Sochar Linbh iníoctha go huathoibríoch suas go dtí 16 bliana d’aois
agus tá gá le deimhniú oideachais do leanaí de 16 bliana nó 17 mbliana d’aois. I gcás
iarratais ó chustaiméirí le leanaí a rugadh lasmuigh d’Éirinn tá gá le teastas breithe, fianaise
ó scoil, Garda nó dochtúir go bhfuil gach leanbh cónaitheach, cruthúnas fostaíochta agus i
gcásanna áirithe foirm CG chomhlánaithe. I gcás náisiúnaigh neamh-LEE tá gá freisin le
deimhniú clárúcháin (Cárta BNGSI). Más dídeanaí é an t-iarratasóir tá gá le fianaise gur
cuireadh iarratas ar stádas dídeanaí isteach chuig an údarás ábhartha.
Scrúdú an iarratais: Is éard atá i gceist sa phróiseas cinnteoireachta ná an fhaisnéis go léir a
chuir an custaiméir ar fáil ar an bhfoirm iarratais a sheiceáil. Déantar seiceáil chun a chinntiú
go bhfuil an fhaisnéis ábhartha go léir maidir lena sonraí pearsanta féin, sonraí a chéile nó a
pháirtnéara agus uimhreacha PSP agus sonraí a leanaí curtha ar fáil ag an gcustaiméar.
Déantar an fhaisnéis atá curtha ar fáil ag an gcustaiméir a chros-seiceáil leis na taifid atá ag
an Roinn cheana féin, más féidir.
Ceadú agus cothabháil éilimh: Déanann an t-oifigeach breithiúnachta sonraí an cheadaithe
a thaifeadadh ar chomhad an chustaiméara agus cuireann sé a shíniú leo agus freisin
iontrálann sé na sonraí ar chóras ríomhaireachta na Roinne trína n-íoctar na custaiméirí ar
bhonn míosúil.
208
An fad ama a thógann an próiseas cinnteoireachta: Ní thógann sé ach cúpla nóiméad
d’oifigeach breithiúnachta chun déileáil le cásanna tipiciúla (PC) ina bhfuil faisnéis ábhartha
curtha ar fáil. Tá mionlach suntasach de chásanna ann atá níos casta, áfach, mar shampla
nuair atá cúinsí a bhaineann leis an AE i gceist agus nuair atá faisnéis ag teastáil i dtaca le
leanaí a rugadh thar lear nó atá ina gcónaí thar lear nó nuair is gá cinneadh CG. I Mí na
Samhna 2009, bhí 192 náisiúntachtaí éagsúla ag fáil SL. Cé gurb ionann líon na leanaí
neamhchónaitheacha atá ag fáil SL agus 11,387 nó díreach faoi bhun 1% de na leanaí ar fad
atá ag fáil íocaíochta (Meitheamh 09), caithfear teidlíocht do shochar linbh a chinneadh de
láimh agus chuige sin ní foláir teagmháil agus seiceáil a dhéanamh leis na húdaráis thar lear
chun sonraí a fhíorú agus chun a fháil amach cad iad na sochair, más aon sochar é, atá
iníoctha ansin sular féidir SL a íoc in Éirinn. Is próiseas fadálach é seo agus táthar den tuairim
go bhfuil an méid uaireanta a chaitear ar chásanna dá leithéid go mór as compás. Mar gheall
ar an bpróiseas seo bíonn moill shuntasach i gceist go dtí gur féidir na héilimh a thabhairt
chun críche. Cuireadh caoi sheolta éifeachtach ar an bpróiseas cinnteoireachta d’éilimh i
dtaca le leanaí idir 16 agus 17 mbliana d’aois le blianta beaga anuas le foirm iarratais níos
giorra nach bhfuil chomh mionsonraithe. Is féidir an fhoirm éilimh a scanadh agus déantar
formhór mór na n-éileamh seo a phróiseáil go huathoibríoch.
Achomhairc: Is féidir achomhairc custaiméirí in aghaidh cinntí a rinneadh maidir lena n-
éilimh a thaisceadh le hOifig neamhspleách na n-Achomharc Leasa Shóisialaigh. Baintear
úsáid as córas soiléirithe sula gcuirtear an próiseas foirmeálta achomhairc ar siúl. Oibríonn
an córas soiléirithe seo go maith agus tugtar líon suntasach de chásanna chun críche ag an
gcéim seo den phróiseas agus ar an mbealach seo laghdaítear líon na gcásanna a théann ar
aghaidh go céim an achomhairc iomláin. Taispeántar staitisticí do na hachomhairc i dTábla
5-7. Tá méadú suntasach tagtha ar líon iomlán na n-achomharc ach tá sé an-íseal mar
chéatadán de líon na n-éileamh. Is léir freisin go bhfuil cion na n-achomharc a cheadaítear
nó a cheadaítear go páirteach cuibheasach íseal. Bhí éifeacht dhrámatúil ag líon agus
castacht na n-éileamh ó chustaiméirí san AE, ó chustaiméirí lasmuigh den AE agus ó
chustaiméirí sa phróiseas tearmann ar líon na n-achomharc agus n-uiríoll ón mbliain 2004.
209
Tábla 5-7: Achomhairc Shochair Linbh, 2003-2009
Achomhairc ceadaithe
Achomhairc ceadaithe
go páirteach Achomhairc Dícheadaithe
Iomlán na n-Achomharc
Achomhairc ceadaithe nó ceadaithe go
páirteach mar % den
iomlán
Iomlán na n-achomharc
mar % d’ionchur na
n-éileamh
2003 1 0 38 39 3% 0.1% 2004 10 0 157 167 6% 0.5% 2005 52 1 170 223 24% 0.5% 2006 28 3 201 232 13% 0.5% 2007 40 4 197 241 18% 0.5% 2008 58 4 625 687 9% 1.5% 2009 40 11 547 598 9% 1.5%
Foinse: Taifid áitiúla rannóg SL
Forchostais riaracháin
Cuimsíonn forchostais riaracháin eile déileáil le fiosrúcháin ghinearálta, éilimh i dtaca le
leanaí breise agus cothabháil ghinearálta ar sheoltaí custaiméirí agus modhanna íocaíochta,
lena n-áirítear feidhm rialúcháin, ar éilimh maidir le híocaíocht agus déileáil le haisghabháil
ró-íocaíochtaí. Déantar thart ar 60% de na híocaíochtaí go léir trí RA chuig chuntais
custaiméirí anois i gcomparáid le 2005 nuair nár íocadh ach 48% ar an mbealach seo.
Ionchuir na scéime
Is ionann am agus iarrachtaí na foirne agus an príomh-ionchur i riarachán na scéime.
Imlínítear leibhéil foirne ó 2002-2009 i dTábla 5-8 agus tá miondealú de réir feidhme ar líon
na foirne achoimrithe i bh Figiúr 5-14. Go luath sa bhliain 2009 thosaigh Rannóg an SL ag
déileáil le riarachán na híocaíochta cúití d’fhaighteoirí leasa shóisialaigh a raibh a sochar
linbh i dtaca le leanaí 18 mbliana d’aois laghdaithe go dtí leath-ráta.
Tábla 5-8: Sochar Linbh – acmhainní foirne 2004 -2009
2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
Caidre 72 72 96.1 98.4 98.4 105.7 106.5
Foinse: Taifid áitiúla rannóg SL
210
Figiúr 5-14: Foireann Sochair Linbh de réir limistéir feidhme (2010)
31.8
1816.2
22.55
2
6.6
Miondealú ar fhoireann SL 2010
Cothabháil Éileamh
Éilimh Nua
Éilimh AE
Rialú
Ró-íocaíochtaí
Líonraí/Stait/Taca
Saincheisteanna eile
Sochar Linbh agus Coinníoll Gnáthchónaithe (CG): Bhí tionchar ag an gcoinníoll
gnáthchónaithe a tugadh isteach i mBealtaine 2004 ar an iarracht riaracháin a bhaineann leis
an bpróiseas cinnteoireachta. Cuireann an coinníoll seo de cheangal ar iarratasóirí do raon
scéimeanna leasa shóisialaigh lena n-áirítear sochar linbh cruthú go bhfuil gnáthchónaí orthu
sa Stát. D’éirigh cur chun feidhme an choinníoll gnáthchónaithe níos casta toisc go raibh sé
riachtanach tionchar reachtaíocht an AE a chur san áireamh i ngach cás ina raibh
tuismitheoir fostaithe agus ina bhféadfaí é a aicmiú mar oibrí imirceach.
Caighdeán Seachadta: Suas go dtí 2002 próiseas láimhe a bhí i gceist nuair a bhí duine ag
éileamh Sochair Linbh agus faoin bpróiseas sin bhí ar an gcustaiméir an bhreith a chlárú; an
teastas a fháil; foirm iarratais a líonadh agus na páipéir a sheoladh ar ais chuig an Roinn. Ba
ghnách an íocaíocht a eisiúint idir dhá sheachtain agus trí mhí i ndiaidh na breithe. Maidir le
héilimh do leanaí 16 bliana d’aois is éard a bhí i gceist ná na mílte éileamh a phróiseáil de
láimh gach bliain. Tugadh isteach trí athruithe móra nuálacha sa rannóg Sochar Linbh le
blianta beaga anuas. Tugadh ríomhchóras nua – Samhail Seachadta Seirbhíse (SSS) – isteach
i Mí na Samhna 2002. Cuireadh uathoibriú i bfheidhm sa Phríomh-Oifig Chlárúcháin (PC) mar
chuid de Thionscadal REACH i Meán Fómhair 2003. Tugadh leagan nuashonraithe den SSS
isteach in Eanáir 2007. Is éard atá sna teastais ná foirmeacha códaithe fiosrúcháin, agus
nuair a scantar iad, is féidir sonraí a ghabháil go huathoibríoch agus an fhaisnéis a phróiseáil
ar an bhfoirm. Tógann sé idir trí lá agus cúig lá dhéag ar an meán tar éis breith an chéad
linbh agus idir trí lá agus deich lá i gcás linbh breise chun éileamh a íoc.
211
Rialú: San am atá thart ní raibh aon athbhreithniú córasach ar éilimh SB chun críocha
rialaithe. Bhí Aonad Rialaithe Seachtrach i bhfeighil ar ghníomhaíochtaí rialaithe agus bhí an
t-aonad seo ag plé le mí-úsáid na scéime agus le tionscadail speisialta. Rinneadh
athbhreithnithe nuair a fuarthas faisnéis ó chustaiméirí, cigirí, rannóga eile sa Roinn,
tuarascálacha gan ainm ón bpobal agus post a cuireadh ar ais mar phost nár seachadadh.
Rinneadh 17,802 athbhreithniú san iomlán sa bhliain 2006 agus sábháileadh €17.9 milliún
san iomlán. Tá méadú suntasach tagtha ar scéim an tSochair Linbh le blianta beaga anuas
maidir le méid na n-éileamh a fuarthas, na rátaí íocaíochta agus ilchineálacht bhonn na
gcustaiméirí. In aghaidh an chúlra seo, rinneadh athbhreithniú ar an mbeartas rialaithe don
scéim chun a chinntiú go leanann na rialúcháin in aghaidh calaoise agus mí-úsáid na scéime
de bheith éifeachtach agus ábhartha. Mar chuid den phróiseas seo déanann an Roinn
teagmháil le faighteoirí Sochair Linbh ag iarraidh orthu deimhniú go bhfuil an fhaisnéis atá ag
an Roinn bailí i gcónaí chun críocha teidlíochta leantaí do Shochar Linbh. I rith na bliana
2008, rinneadh 100,000 athbhreithniú ar Shochar Linbh ag baint úsáide as an bpróiseas
deimhnithe agus sábháileadh €47.015m. Críochnaíodh 269,369 athbhreithniú sa bhliain
2009 agus sábháileadh €86m. Déanfar 300,000 athbhreithniú sa bhliain 2010 agus táthar ag
súil go sábháilfear thart ar €100m.
5.5.2 MLCanna – bainistíocht agus seachadadh
Aschuir na scéime
Cuimsíonn formhór na bpríomhíocaíochtaí leasa shóisialaigh forálacha do mhéaduithe i
dtaca le leanaí cáilithe. Beag beann ar a fháil amach cé acu an bhfuil teidlíocht ann don
íocaíocht phríomhúil nó nach bhfuil, eilimint eile ar leithligh sa phróiseas cinnteoireachta
maidir le héilimh atá sna cinntí a bhaineann le híocaíocht méaduithe do leanaí. Cuimsíonn
na tosca a chinneann na méaduithe seo fíorú raon eilimintí a bhaineann leis an leanbh – aois,
áit gnáthchónaithe, rannpháirtíocht in oideachas, agus fíorú tuilleamh an chéile, rudaí a
théann i gcion ar a seal ar an ráta iníoctha i dtaca leis an leanbh. Cé gur féidir mórán díobh
seo a fhíorú trí fhaisnéis atá ar chórais thaifead na Roinne cheana féin, ní foláir don éilitheoir
doiciméadúchán ó thríú pháirtithe a chur ar fáil le haghaidh eilimintí éagsúla, go háirithe iad
siúd a bhaineann le rannpháirtíocht in oideachas. Is iad seo na príomhthosca a chineann an
iarracht riaracháin atá ag teastáil sa phróiseas cinnteoireachta (ionchuir). Áirítear i measc
tosca eile an fíric go bhfuil an próiseas cinnteoireachta cuibheasach casta agus
saincheisteanna ginearálta riaracháin. Is ionann príomhtháscaire an aschuir d’íocaíocht
MLCanna agus líon na n-éileamh íoctha (faighteoirí) agus an líon bainteach d’íocaíochtaí i
dtaca le leanaí cáilithe (Féach Tábla 3-8).
212
Líon na n-aschur agus na n-éileamh íoctha agus treochtaí ó 1997 i leith
D’fhan líon na n-íocaíochtaí i dtaca le leanaí thar na cláir cuibheasach statach ó 1997 go
2003, le líon beagáinín os cionn 400,000 á ndéanamh i ngach ceann de na blianta seo. Idir
na blianta 2004 go 2008, tharla laghdú i líon na n-íocaíochtaí i dtaca le leanaí le meán de
bheagáinín os cionn 353,000 íocaíocht sna blianta seo. Sa bhliain 2009, bhí méadú de 78,560
(20.3%) i líon na n-íocaíochtaí i dtaca le leanaí i gcomparáid le 2008. Seo an méadú is mó
bliain ar bhliain sa tréimhse atá faoi athbhreithniú agus is léiriú é ar an gcor chun donais sa
gheilleagar ag an am sin. Baineann na méaduithe is mó i líon na n-íocaíochtaí i dtaca le
leanaí sa bhliain 2009 le tacaí do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus leis na catagóirí
Breoiteacht, Míchumas & Cúram.
Cur Síos ar an bpróiseas Riaracháin
Iarratais: Déanann an t-éilitheoir éilimh ar mhéaduithe i dtaca le leanaí ar an bhfoirm
iarratais a bhaineann leis an gclár ar leith. Go hiondúil, iarrtar ar iarratasóirí sonraí a
sholáthar maidir le hainm an linbh, a dháta breithe, a ghaolmhaireacht leis an iarratasóir,
sonraí maidir le cén áit agus cé leis a bhfuil an leanbh ina chónaí agus, más iomchuí, sonraí
maidir le haon cothabháil atá á íoc. I gcás éilimh do leanbh os cionn 18 mbliana d’aois atá in
oideachas lánaimseartha, tá ráiteas scríofa ón scoil ag teastáil freisin.
Scrúdú an iarratais: Is éard atá i gceist sa phróiseas cinnteoireachta ná an fhaisnéis go léir
atá curtha ar fáil ag an gcustaiméir ar an bhfoirm iarratais a sheiceáil. Déantar faisnéis a
sholáthraíonn an custaiméir maidir le méaduithe i dtaca le leanaí a chros-seiceáil le taifid na
Roinne, más féidir. I gcás éileamh a thagann laistigh de raon Rialachán leasa shóisialaigh an
AE (m.sh. oibrí ón AE in Éirinn a bhfuil cónaí ar a theaghlach i mBallstát eile) ní mór
comhthadhall a dhéanamh, ag baint úsáide as nós imeachta a bunaíodh go dleathach ag
leibhéal an AE, leis an institiúid inniúil sa Bhallstát eile chun sonraí, lena n-áirítear aon
íocaíochtaí atá á ndéanamh i dtaca leis an leanbh, a fhíorú.
Ceadú agus cothabháil éilimh: Ní féidir íocaíocht i dtaca le leanbh a cheadú ach amháin
nuair atá an príomh-éilitheoir cáilithe chun an íocaíocht a d’éiligh sé/sí a fháil agus, mar a
imlíníodh i gcodanna éagsúla den athbhreithniú seo, tá an ráta íocaíochta (ráta iomlán nó
leath-ráta) i dtaca le leanbh nasctha leis an gceadú i dtaca le haosach cáilithe. Go hiondúiI,
má tá an t-uasmhéadú iníoctha i dtaca le haosach cáilithe, íoctar an méadú do leanbh
cáilithe ag an ráta iomlán freisin. Nuair atá teideal ag aosach cáilithe d’íocaíocht leasa
shóisialaigh ina cheart/ceart féin nó nuair atá ioncam aige/aici ó fhostaíocht os cionn
teorainneacha áirithe, íoctar an méadú i leith linbh cháilithe ag leath-ráta. Déantar sonraí
213
cinntí a thaifeadadh ar an taifead agus ar ríomhchóras na Roinne agus cuireann an t-
oifigeach breithiúnachta a ainm leo.
Folaíonn an fheidhm um chothabháil éileamh aon athruithe i gcúinsí a d’fhéadfadh dul i
gcion ar an gcéad ceadú, m.sh. athrú seolta, athrú i gcomhdhéanamh an teaghlaigh nó san
ioncam. Maidir le híocaíocht MLCanna, cuimsíonn na príomhthosca a fhéadann dul i gcion ar
ráta na híocaíochta 18 mbliana d’aois a bheith sroichte ag an leanbh agus i gcás leanaí os
cionn 18 mbliana atá in oideachas lánaimseartha tá deimhniú ag teastáil ón scoil nó ón
gcoláiste. Athraíonn na rialacha a bhaineann le híocaíocht MLCanna i dtaca le leanaí os
cionn 18 ag brath ar an gcineál cláir agus ar an bpointe sa timthriall acadúil ag a mbíonn lá
breithe an linbh.
An fad ama a thógann an próiseas cinnteoireachta: Tá sé deacair am faoi leith a luadh le
haghaidh an chuid seo den phróiseas cinnteoireachta ach mar shampla b’fhéidir gur fiú
tagairt a dhéanamh do thoradh cleachtaidh a rinne Aonad Seirbhísí Bainistíochta (ASB) na
Roinne sa bhliain 2001. Ag baint úsáide as córas ar a dtugtar Oiliúint i dTáirgiúlacht
Riaracháin (OTR) chuir an t-aonad roimhe an t-am a thóg sé chun éilimh do leanaí breise a
phróiseáil a thomhas. Thug an staidéar seo le tuiscint gur thóg cás a bhí cuibheasach simplí 3
nóiméad ar an meán agus gur thóg cásanna níos casta timpeall 8 nóiméad. Fuair an staidéar
amach freisin go bhféadfaí timpeall 66 de na cásanna a fuarthas in aghaidh na seachtaine a
aicmiú mar shimplí agus go raibh 122 níos casta. ó rinneadh an cleachtadh seo d’éirigh na
tascanna níos casta agus gan amhras níos am-ídithí mar gheall ar an measúnú acmhainne a
tugadh isteach sa bhliain 2004.
Achomhairc: Is féidir achomhairc custaiméirí in aghaidh cinntí a rinneadh maidir lena n-
éilimh a thaisceadh leis an Oifig neamhspleách Achomharc Leasa Shóisialaigh. Baineann
formhór na n-achomharc a thaisctear leis an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh le cinntí
maidir leis na príomhchoinníollacha a ghabhann leis an gclár ar leith agus cé nach
gcoimdeádtar sonraí maidir le líon na n-achomharc a bhaineann le híocaíocht MLCanna, is
féidir a rá go mbíonn fíorbheagán achomharc dá leithéid i gceist.
Costas riaracháin
Cuimsíonn forchostais riaracháin eile déileáil le fiosrúcháin ghinearálta, éilimh i dtaca le
leanaí breise, cothabháil éileamh agus feidhm rialuithe maidir le héilimh atá á n-íoc agus
déileáil le haisghabháil ró-íocaíochtaí.
214
Ionchuir na scéime
Is ionann am agus iarrachtaí na foirne agus an príomh-ionchur in íocaíocht MLCanna. Toisc
nach gcuirtear an cinneadh a bhaineann le híocaíocht MLCanna i bhfeidhm beag beann ar
eilimintí eile an éilimh ní féidir líon na foirne a bhíonn ag obair ar an gcuid seo den phróiseas
cinnteoireachta nó an bhreis ama a chaitear air a chainníochtú ar bhealach bríoch. Ag baint
úsáide, áfach, as torthaí an staidéir a rinneadh sa Roinn sa bhliain 2001, is féidir a mheas go
gcinnfeadh triúr ball foirne lán-aimseartha 100,000 éileamh sa bhliain, má ghlactar le meán
am próiséala de 5 nóiméad. Cé go bhféadann sé tarlú go mbíonn an tasc simplí agus dá bhrí
sin nach dtógann sé mórán ama de ghnáth, bíonn cásanna níos casta ann ó am go ham, go
hiondúil cásanna ina bhfuil na leanaí os cionn 18 agus in oideachas lán-aimseartha. Is é an
príomh rud a bhíonn le déanamh sna cásanna seo ná fáil amach an bhfuil an cúrsa ar a
bhfuiltear ag freastal ina chúrsa aitheanta chun críocha reachtaíochta leasa shóisialaigh.
Baineann cásanna deacra eile le héilimh a thagann laistigh de raon reachtaíochta leasa
shóisialaigh an AE agus is é an rud is mó a bhíonn le déanamh sna cásanna seo ná fáil amach
an bhfuil an leanbh/na leanaí, a d’fhéadfadh bheith ina chónaí/gcónaí lasmuigh den Stát, ina
leanaí cáilithe faoi reachtaíocht leasa shóisialaigh na hÉireann.
5.5.3 FIT – bainistíocht agus seachadadh
Aschuir na scéime
Éilimh íoctha
D’fhan líon na ndaoine atá ag fáil FIT i rith na 1990í agus go luath sna 2000í cuibheasach
statach ag timpeall 11,000 go 12,000. Mhéadaigh líon na bhfaighteoirí ó 12,000 sa bhliain
2002 go 25,963 ag deireadh na bliana 2009 (Tábla 5-9), áfach, leis an treocht ag luathú le
blianta beaga anuas. Tharla an méadú seo ar bhealach mar gheall ar an méadú i líon na n-
oibrithe imirceacha a tháinig go hÉirinn i ndiaidh méadaithe an AE sa bhliain 2004 (le
himpleachtaí do chastacht próiseas na scéime) agus freisin mar gheall ar fheachtas mór
bolscaireachta a rinne an Roinn i Márta 2006. Freisin, cuimsíonn na tosca a théann i gcion ar
líon na n-éileamh laghduithe pá agus méaduithe i gcánacha agus tobhaigh (éileamh
méadaithe ar FIT) agus cailleadh post (ag méadú an líon atá ag fágáil na scéime agus ag dul
ar aghaidh go dtí íocaíochtaí eile Leasa Shóisialaigh). Tá fás níos tapúla tagtha ar iontógáil
éileamh nua, a d’ardaigh go dtí os cionn 46,000 faoi 2009, ná mar atá tagtha ar líon na n-
éileamh, rud a thugann le tuiscint go bhfuil méadú tagtha ar tháscaire an “athéilimh” freisin
le himeacht aimsire.
215
Tábla 5-9: FIT – staitisticí riaracháin roghnaithe
Iontógáil éileamh126 Líon na n-éileamh
Táscaire na n-athéileamh (iontógáil éileamh roinnte ar líon
na n-éileamh)
2002 16,127 12,043 1.34
2003 17,847 12,469 1.43
2004 19,676 14,727 1.34
2005 23,222 17,448 1.33
2006 30,996 21,800 1.42
2007 36,868 22,823 1.62
2008 42,940 27,798 1.54 2009 46,542 25,963 1.79
Foinse: RCS- Rannóg FIT
Riarachán an phróisis iarratais
Tá riarachán na scéime FIT casta i gcomparáid le formhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh
eile, rud a léiríonn nádúr na híocaíochta.
Iarratais: Glactar le hiarratais nua ar fhoirm iarratais FIT 1. Gabhann an fhoirm iarratais
uimhreacha PSP agus sonraí pearsanta an teaghlaigh atá i gceist. Lorgtar eolas freisin faoi
uaireanta oibrithe agus tuilleamh don iarratasóir agus dá chéile nó pháirtnéir. Tá sé de
cheangal ar an bhfostóir an fhoirm a stampáil mar fhíorú ar na sonraithe fostaíochta.
B’fhéidir go mbeidh doiciméadú tacaíochta ar thuilleamh, amhail foirmeacha P60 agus
duillíní pá ag teastáil freisin. Caithfear iarratais FIT a athnuachan go bliantúil agus glactar le
hiarratais athnuachana ar fhoirm athnuachana níos giorra (FIS2) a eisítear go díreach chuig
custaiméirí sula dtéann a n-íocaíocht reatha in éag.
Scrúdú an iarratais: Is éard atá i gceist sa phróiseas cinnteoireachta ná an fhaisnéis ar fad
atá soláthraithe ag an gcustaiméir a sheiceáil ar fhoirm iarratais an FIT. Déantar seiceáil
chun a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir lena sonraí pearsanta féin,
sonraí a chéile nó a pháirtnéara agus uimhreacha PSP agus sonraí a leanaí curtha ar fáil ag an
gcustaiméir. Ansin déantar líon na n-uaireanta oibrithe a sheiceáil toisc go gcaithfidh an t-
éilitheoir a bheith ag obair 19 n-uaire in aghaidh na seachtaine nó 38 uair in aghaidh na
coicíse ar a laghad chun cáiliú. Déantar faisnéis atá soláthraithe ag an gcustaiméir a chros
seiceáil le taifid reatha na Roinne, más féidir. Deimhníonn an fostóir/na fostóirí sonraí
126
Baineann na figiúirí atá tugtha le hiontógáil foriomlán éileamh lena n-áirítear athnuachain.
216
tuillimh ar an bhfoirm iarratais agus is féidir iad seo a thacú freisin le P60 nó le duillíní pá a
fuarthas le déanaí. Cuirtear glanioncam an éilitheora agus a chéile nó pháirtneara san
áireamh.
Ceadú agus cothabháil éilimh: Déantar sonraí an cheadaithe agus na n-achmainní
measúnaithe a thaifeadadh ar chomhad an chustaiméara agus cuireann an t-oifigeach
breithiúnachta a shíniú leo agus iontrálann sé na sonraí ar ríomhchóras Comhiomlánaithe
um Scéimeanna Gearrthréimhseacha (CSG) na Roinne trína n-íoctar a FIT le custaiméirí ar
bhonn seachtainiúil.
An fad ama a thógann an próiseas cinnteoireachta: Faoi láthair, tógann sé 40 nóiméad ar
an meán ar oifigeach breithiúnachta chun éileamh FIT a phróiseáil. Cuireann an meán-am
próiseála seo réimse fairsing na gcásanna idir na cásanna simplí ina bhfuil faisnéis ábhartha
curtha ar fáil agus na cinn atá níos casta (m.sh. cásanna ina bhfuil féinfhostaíocht nó ina
bhfuil gné AE i gceist) san áireamh. Eisítear an fhoirm níos giorra seo go díreach chuig
custaiméirí mí sula dtéann a n-íocaíocht reatha in éag. Sé príomhfhócas na foirme seo ná
chun faisnéis nuashonraithe ar shonraí fostaíochta lena n-áirítear líon na n-uaireanta atá á n-
oibriú agus tuilleamh agus athrú ar bith eile sna cúinsí a fháil.
Achomhairc: Is féidir achomhairc custaiméirí in aghaidh cinntí a rinneadh maidir lena n-
éilimh a thaisceadh leis an Oifig neamhspleách Achomharc Leasa Shóisialaigh. Baintear
úsáid as córas soiléirithe sula gcuirtear an próiseas foirmeálta achomhairc ar siúl. Oibríonn
an córas soiléirithe seo go maith agus tugtar líon suntasach de chásanna chun críche ag an
gcéim seo den phróiseas agus ar an mbealach seo laghdaítear líon na gcásanna a théann ar
aghaidh go céim an achomhairc iomláin. Taispeántar staitisticí do na hachomhairc i dTábla 5-
10. Tá líon iomlán na n-achomharc an-íseal mar chéatadán den líon na n-éileamh. Thit líon
na n-achomharc ceadaithe nó ceadaithe go páirteach mar chéatadán den iomlán le himeacht
aimsire go dtí ceathrú nó trian den iomlán.
217
Tábla 5-10: achomhairc FIT - 1997 go 2009
Achomhairc ceadaithe
Achomhairc ceadaithe i
bpáirt
Achomhairc dícheadaithe
Iomlán na n-achomharc
Achomhairc ceadaithe
nó ceadaithe
go páirteach
mar % den iomlán
Iomlán na n-
achomharc mar %
d’iontógáil na n-
éileamh
1997 18 3 34 55 38%
1998 19 4 24 47 49%
1999 21 3 29 53 45%
2000 11 2 16 29 45%
2001 12 3 28 43 35%
2002 17 3 35 55 36% 0.3%
2003 14 1 17 32 47% 0.2%
2004 5 3 15 23 35% 0.1%
2005 16 0 23 39 41% 0.2%
2006 15 1 23 39 41% 0.1%
2007 14 2 38 54 30% 0.1%
2008 14 1 66 81 19% 0.2%
2009 24 0 65 89 27% 0.2%
Foinse: RCS –Rannóg FIT
Forchostais riaracháin
Cuimsíonn forchostais riaracháin eile déileáil le fiosrúcháin ghinearálta, éilimh i dtaca le
leanaí breise agus cothabháil ghinearálta, lena n-áirítear feidhm rialuithe maidir le héilimh
atá á n-íoc agus déileáil le haisghabháil ró-íocaíochtaí. D’fhan leibhéil fiosrúchán agus
achomhairc ón ombudsman ag leibhéil sách íseal le blianta beaga anuas (Tábla 5-11). Tá
méadú tagtha ar líon na n-uiríoll agus gceisteanna parlaiminte i gcomhréir leis an méadú i
ráta glactha na scéime. Tugann leibhéal íseal na n-achomharc agus na bhfiosrúchan ón
ombudsman chomh maith le torthaí dearfacha ó shuirbhé custaiméirí go bhfuil caighdeán na
seirbhísí a chuirtear ar fáil go maith.
218
Tábla 5-11: FIT – táscairí riaracháin eile
Ombudsman Ceisteanna parlaiminte ar riarachán FIT
Uiríolla
2002 N/B N/B N/B
2003 N/B 24 N/B
2004 N/B 58 N/B
2005 1 38 87
2006 0 106 180
2007 0 157 221
2008 6 166 176
Foinse: Taifid áitiúla rannóg FIT
Ionchuir na scéime
Is ionann am agus iarrachtaí na foirne agus an príomh-ionchur i riarachán an chláir.
Imlínítear leibhéil foirne ó 2002-2009 i dTábla (arna gcoigeartú le haghaidh ragoibre) agus
arna léiriú mar chéatadán d’iontógáil na n-éileamh. Taispeánann iontógáil na n-éileamh in
aghaidh caidre foirne coigeartaithe méadú a thugann le tuiscint gur ardaigh táirgiúlacht
(aschuir mar chéatadán d’ionchuir) 57% sa tréimhse seacht mbliana atá thart. Taispeánann
Figiúr 5-15 miondealú d’fhoireann FIT don bhliain 2010 le formhór mór na foirne gníomhach
in athnuachain agus éilimh nua.
Tábla 5-12: FIT – acmhainní foirne agus líon na n-éileamh do gach ball foirne coibhéiseach
lánaimseartha
Caidre foirne Caidre foirne móide CLA ragoibre)
Iontógáil éileamh in aghaidh caidre
foirne coigeartaithe
2002 24 25.12 642 2003 24 25.80 692 2004 23.3 24.63 799 2005 33.5 34.37 676 2006 34 36.19 856 2007 39.8 42.09 876 2008 43.2 45.92 935 2009 43.7 46.15 1009 Foinse: Taifid áitiúla rannóg FIT
219
Figiúr 5-15: Miondealú ar fhoireann FIT, 2010
25
1
6
14.3
13.8
Clárú Éileamh
Cothabháil Éileamh
Ró-íocaíochtaí
ForchostaisBainistíochta/Riaracháin
Athnuachain
Éilimh Nua
Caighdeán seachadta
Sa bhliain 2003, aistríodh scéim an FIT ó ríomhchóras aonair FIT go dtí ríomhchóras
Comhiomlánaithe um Scéimeanna Gearrthréimhseacha (CSG) na Roinne. Chuir sé seo ar
chumas na Roinne feabhsuithe a dhéanamh ar sheirbhísí do chustaiméirí amhail rogha an
dochair dhírigh le haghaidh íocaíochtaí agus eisiúint uathoibríoch litreacha admhála
d’iarratasóirí. Sa bhliain 2008, tugadh isteach foirm athnuachana shimplithe agus treoirlínte
próiseála nua chun próiseáil éileamh athnuachana a luathú.
I rith 2009 tugadh feabhsuithe próiseála eile isteach go sainráite chun an líon foirne atá ar
fáil chun breitheanna a thabhairt ar éilimh ar bhonn lánaimseartha agus chun an líon foirne
atá gafa le gníomhaíochtaí tacaíochta amhail cothabháil éileamh a laghdú. Áirítear ina
measc seo feabhsuithe ar phróisis chun déileáil le custaiméirí FIT atá ag fáil Sochar
Breoiteachta, leanaí ag sroicheadh 18 mbliana d’aois agus ag leanúint in oideachas
lánaimseartha, liostuithe de dhaoine atá ag dul i mbun fostaíochta agus nuashonrú ar an
áireamhán acmhainne.
Cuimsíonn próisis feabhsaithe eile a tugadh isteach banc fóin tiomnaithe a bhunú, foirne ar
leith a chur ar bun le haghaidh éilimh nua agus athnuachana, aontú ar threoirlínte
caighdeánacha maidir le héilimh nua agus athnuachana a phróiseáil ar an mbealach is
éifeachtaí agus athruithe próisis in iontráil sonraí sa ríomhchóras. Tá próisis nua curtha i
bhfeidhm freisin chun rití fionraí a ghlanadh agus chun éilimh a dhúnadh ar an ríomhchóras.
220
Téitear i mbun feabhsuithe próisis ag baint úsáide as an gcur chuige ar a dtugtar
‘Barainneach agus Sé Sigma’ a forbraíodh go ceannródaíoch i dtimpeallachtaí déantúsaíochta
ach a úsáidtear go rathúil anois chun próisis ghnó thrasghníomhaíochta a fheabhsú. Is
ionann ‘Barainneach agus Sé Sigma’ agus foireann uirlisí cruthaithe chun próisis ghnó a
fheabhsú. Cuireann an uirlis ‘Barainneach’ deireadh le diomailt i bpróisis fad is a chuireann
‘Sé Sigma’ deireadh le hathrúchan i bpróisis. Comhneartaíonn siad a chéile sa mhéid is go
mbaintear táirgiúlacht níos fearr amach leis an luas a thagann ón uirlis ‘Barainneach’ agus
cumasaíonn ‘Sé Sigma’ an luas seo trí lochtanna a laghdú.
Thaispeáin suirbhé custaiméirí ar chaighdeán na seirbhíse a sholáthraíonn rannóg an FIT, a
rinneadh sa bhliain 2002, go bhfuil formhór mór na gcustaiméirí (os cionn 90%) an-sásta le
caighdeán na seirbhíse a sholáthraíonn an Roinn.
Caighdeán an tseachadta – roinnt tionscnaimh chrosghearrthacha
Bhí dea-thionchar ag tionscnaimh éagsúla laistigh den Roinn agus lasmuigh di ar chumas na
Roinne chun caighdeán an tseachadta a fheabhsú. Chuaigh cuid acu seo a luadh i
gcomhthéacs SL agus FIT (m.sh. uathoibriú na PC, Barainneach agus Sé Sigma á gcur i
bhfeidhm faoin NSS) i gcion freisin ar chinntí a bhaineann le MLCanna. Táthar ag tabhairt
faoi thionscnaimh éagsúla eile laistigh de chreatlach Oifigí Áitiúla na Roinne agus is é an
cuspóir foriomlán atá acu ná chun éifeachtacht níos fearr agus feabhsuithe i dtréimhse
próiséala a bhaint amach.
Mar a imlíníodh san alt seo, nuair a thagann éileamh duine ar íocaíocht leasa shóisialaigh
laistigh de raon Rialachán an AE, féadann deacrachtaí agus moilleanna a bheith i gceist. Sna
cásanna seo, ní foláir do na Ballstáit faisnéis a mhalartú lena chéile chun a chinntiú go
bhfaigheann an duine a theidlíocht cheart. Faoi láthair, déantar an fhaisnéis seo a mhalartú
trí fhoirmeacha páipéar-bunaithe ar a dtugtar foirmeacha E. Ar an 1 Bealtaine 2010, tháinig
sraith nua de Rialacháin AE i bhfeidhm a ceapadh chun na rialacha a rialaíonn éilimh le gné
trasteorann a nuachóiriú agus a shimpliú. Ceann de na príomh-nuálaíochtaí agus dúshláin a
tugadh isteach leis na Rialacháin nua is ea an oibleagáid ar Bhallstáit chun faisnéis faoi
shlándáil shóisialach a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha. Chun é seo a bhaint amach,
tá córas comhtháite a sholáthróidh comhchreat slán á bhunú a chuirfidh ar chumas na n-
institiúidí náisiúnta a bhfaisnéis ar oibrithe imirceacha a mhalartú trí chomhchreat slán.
Nuair atá an córas lán-oibríochtúil ba chóir go dtiocfadh feabhsú substaintiúil sna seirbhísí do
chustaiméirí a fhaigheann sochair ar bhealach níos tráthúla agus níos beaichte mar thoradh
as. Cuirfidh an córas feabhas ar nósanna imeachta rialuithe freisin mar beifear in ann
athruithe i gcúinsí duine a chur in iúl don Bhallstát inniúil níos tapúla.
221
Fionnachtain 5-15: Caighdeán seachadta seirbhíse
Leagann an chuid seo den athbhreithniú amach na príomhcheisteanna a théann i gcion ar
riarachán agus seachadadh seirbhíse na gclár éagsúla. D’ainneoin líon méadaithe agus
castacht na n-éileamh, tá a cuid oibríochtaí agus córas forbartha agus feabhsaithe ag an
Roinn chun freastal ar na héilimh mhéadaithe sin. Tugann na táscairí atá ar fáil le tuiscint go
bhfuil caighdeán seachadta na seirbhíse laistigh de pharaiméadair réasúnta.
5.7 Achoimre
Scrúdaíonn Caibidil 5 saincheisteanna agus gnéithe sonracha ag leibhéal an chláir agus
tugann sí aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le cáilitheacht, cumhdach agus struchtúr
íocaíochta laistigh de gach clár.
Scrúdaigh Alt 5.2 saincheisteanna ag leibhéal an chláir a bhaineann le Sochar Linbh agus
bhain sé de thátal as an scrúdú go bhfuil an aois uathoibríoch (16) i gcomhréir le
teorainneacha aoise d’oideachas agus chun dul isteach i margadh an tsaothair agus go bhfuil
an aois choinníollach mar an gcéanna leis an aois cháilitheach d’fhormhór na n-íocaíochtaí
leasa shóisialaigh. Dá réir sin, ní mholann an t-athbhreithniú go ndéanfaí aon athruithe ar na
teorainneacha aoise seo. Maidir leis na préimheanna do leanaí in ord níos airde beireatais
cinneann an t-athbhreithniú go bhfuil poitéinseal ann chun spriocadh na n-acmhainní seo a
fheabhsú agus gur chóir na préimheanna a laghdú nó deireadh a chur leo le himeacht
aimsire más féidir struchtúrú taca ioncaim leanaí a athchóiriú chun dídhreasachtaí
fostaíochta a sheachaint. Baineann an t-athbhreithniú de thátal as an scrúdú go bhfuil
leibhéal na bpréimheanna a íoctar le tuismitheoirí ilbhreitheanna an-suntasach agus molann
sé go ndéanfaí taighde breise chun a fháil amach cad iad na difríochtaí i gcostais idir
theaghlaigh le hilbhreitheanna agus teaghlaigh den mhéid céanna agus, idir an dá linn, go
ndéanfaí an cothromaíocht idir íocaíochtaí aonuaire agus íocaíochtaí tréimhsiúla a
choigeartú ar bhealach a fhreagródh níos fearr do na costais a bhaineann le hilbhreitheanna.
Díríonn Alt 5.3 ar shaincheisteanna ag leibhéal an chláir a bhaineann go díreach le híocaíocht
méaduithe i leith linbh chailithe. Is é ceann de phríomhthátail an ailt seo ná nach mbíonn
tionchar ag íocaíocht MLCanna dóibh siúd atá idir 18 mbliana agus 22 bhliain d’aois ar
bhochtaineacht leanaí a laghdú, cé go dtacaíonn sé le torthaí oideachasúla. Molann an t-
athbhreithniú, dá bhrí sin, go ndéanfaí an coinníoll aoise le haghaidh íocaíochta MLCanna a
ailíniú leis an gcoinníoll aoise le haghaidh Sochair Linbh. D’fhéadfaí aon airgead a shábháifaí
a chur isteach sna tacaí oideachasúla iomchuí. Ní mholann an t-athbhreithniú go ndéanfaí
aon athrú i struchtúr na rátaí agus nótálann sé gur choinbhéirsigh na rátaí thar na cláir
222
éagsúla mar thoradh ar na hathruithe suntasacha a tharla i struchtúr na rátaí in imeacht na
mblianta.
Tá saincheisteanna ag leibhéal an chláir a bhaineann le FIT leagtha amach in Alt 5.4.
Taispeánann an t-athbhreithniú go bhfuil baint ag coinníoll na fostaíochta in FIT le cuspóir
dreasacht na fostaíochta seachas le spriocanna chun bochtaineacht leanaí a laghdú.
Ardaíonn sé seo an cheist cibé acu ar chóir FIT a athchóiríú go bunúsach chun aghaidh a
thabhairt ar spriocanna bochtaineachta leanaí agus ar chóir bearta níos fócasaithe a
fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí maidir le hobair d’aosaigh. Agus é ag
tabhairt aitheantais don ról tábhachtach a imríonn FIT d’fhaighteoirí áirithe leasa
shóisialaigh, molann an t-athbhreithniú go ndéanfaí machnamh laistigh den Roinn ar
dheireadh a chur le haimhrialtachtaí idir na híocaíochtaí leasa shóisialaigh éagsúla. Táthar
den tuairim maidir le FIT, murab ionann agus SL agus MLCanna, go raibh an ráta glactha
íseal. Beifear in ann amach anseo leas a bhaint as torthaí na hanailíse nua a rinne an ITES
amach anseo nuair a bheidh machnamh á dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann leis
an ráta glactha. Maidir le teorainneacha ioncaim, molann an t-athbhreithniú go mba chóir
teorainneacha ioncaim FIT a choimeád faoi léirmheas rialta, ag cur treochtaí i dtuilleamh,
rátaí leasa shóisialaigh agus tairsigh bochtaineachta san áireamh. Ba chóir go mbeadh rátaí
aistarraingthe FIT ina sprioc fadtéarmach agus ba chóir é seo a dhéanamh i gcomhthéacs ina
ndéanfaí na comhpháirteanna taca ioncaim leanaí agus taca fostaíochta an FIT a dheighilt
óna chéile.
Déanann Alt 5.5 machnamh ar thionchar íocaíochtaí TIL ar ioncam teaghlaigh agus ar
dhreasachtaí fostaíochta. Is léir ón anailís seo go bhfuil idirghníomhaíocht fostaíochta agus
an córas sochair, lena n-áirítear MLCanna agus FIT, lena chéile, casta agus go bhféadann
neamhchinnteacht airgeadais chomh maith le neamhréireachtaí sa chaoi a chaitear le
tuismitheoirí dífhostaithe agus tuismitheoirí aonair teacht as. Breathnaíonn Alt 5.6 ar
tháscairí bainistíochta an chláir agus scrúdaíonn sé treochtaí le himeacht aimsire. Is léir ní
hamháin go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-éileamh a próiseáladh, ach freisin go bhfuil
méadú tagtha ar chastacht na gcásanna. Aithníodh gur chuir cur i bhfeidhm an choinníll
gnáthchónaithe agus na rialacha a eascraíonn ónar ndualgais faoi Rialacháin an AE leis an
gcastacht seo. Mar sin féin, tá líon na n-éileamh agus na n-uiríoll cuibheasach íseal i gcónaí,
rud a thugann le tuiscint go bhfuil ardleibhéal sástachta leis an tseirbhís ann. Leanann an
Roinn de bheith ag iarraidh teacht ar bhealaí chun a sheirbhís a fheabhsú agus tá sí i mbun
oibre faoi láthair ar roinnt tionscadal atá ceaptha chun an cuspóir seo a bhaint amach.
Comhlánaíonn tabhairt isteach córas leictreonach um malartú sonraí ag leibhéal an AE obair
na Roinne sa limistéar seo.
223
224
CAIBIDIL 6: BEARTAS TIL – ÉIFEACHTAÍ NÍOS LEITHNE AGUS NÍOS
FADTÉARMAÍ
Tá sé mar aidhm ag Caibidil 6 machnamh a dhéanamh ar an tionchar níos leithne a bheidh
ag an mbeartas agus ag na cláir ghaolmhara ar an tsochaí thar an meántéarma agus anonn
san fhadtéarma. Cuireann sé roimhe éifeachtaí níos leithne agus níos fadtéarmaí thacaí
ioncaim leanaí don tsochaí ina iomláine a shainaithint; a mhéid a d’éirigh le beartas TIL a
spriocanna níos leithne a bhaint amach; agus an é go bhfuil faisnéis níos fearr ag teastáil ón
bpróiseas measúnaithe agus monatóireachta beartais chun ár dtuiscint ar thionchar an
bheartais a fheabhsú. Cuireann an chaibidil leis an anailís a rinneadh roimhe seo i gCaibidil 4
a dhírigh ar thorthaí trí mhachnamh a dhéanamh ar thionchair níos leithne agus níos
fadtéarmaí. Tugann Alt 6.1 aghaidh ar an gcaoi a réitíonn beartas agus cláir TIL le cláir
bheartais phoiblí ábhartha eile fad is a dhéanann Alt 6.2 breithniú ar fhianaise a bhaineann
le tionchair níos fadtéarmaí caiteachais.
6.1 Éifeachtaí níos leithne
Pléann an t-alt seo ceist an tionchair níos leithne a bheidh ag torthaí TIL agus tugann sé
aghaidh freisin ar an gceist measúnaithe: “cén chaoi a réitíonn na cláir le cláir bheartais
phoiblí ábhartha eile?” Díríonn measúnú an tionchair ar éifeachtaí socheacnamaíocha níos
fadtéarmaí caiteachais lena n-áirítear an tionchar meántéarmach go fadtéarmach ar sprioc-
thairbhithe, an pháirt a imríonn an clár i gcur i bhfeidhm foriomlán an bheartais agus an
tionchar atá ag creatlacha beartais eile. Tá na cláir atá faoi bhreithniú mar chuid den
chreatlach tacaíochta níos leithne a sholáthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí agus den
bheartas poiblí i leith teaghlach i gcoitinne (achoimrithe cheana féin i gCaibidil 2).
Comhthéacs Níos Leithne
Tá an comhthéacs níos leithne do thorthaí atá dírithe ar leanaí leagtha amach sa Straitéis
Náisiúnta Leanaí (2000) a shainmhíníonn an fhís fhoriomlán d’ “Éire ina mbíonn meas ar
leanaí mar shaoránaigh óga atá in ann cur leis an tsochaí ar dhóigh luachmhar agus ina
mbeidh guth suaithinseach acu; áit a dtugann a muintir féin agus an tsochaí i gcoitinne grá
agus tacaíocht do gach leanbh; áit a mbeidh siad in ann óige shásta a chaitheamh agus áit a
mbeidh siad ábalta a bpoitéinseal a bhaint amach’.” 127 Bunaíodh Oifig an Aire Leanaí agus
Gnóthaí Óige (OALGÓ) i 2005 chun ceapadh beartais do leanaí a dhéanamh níos comhtháití.
127
National Children’s Strategy Our Children – Their Lives, l. 4.
225
Tá an oifig dírithe ar cheisteanna beartais a théann i gcion ar leanaí i limistéir amhail cúram
na luath-óige agus oideachas, ceartas óige, leas agus cosaint leanaí, rannpháirtíocht leanaí
agus daoine óga, taighde ar leanaí agus daoine óga, agus tionscnaimh chrosghearrthacha do
leanaí. Freisin, déanann an OALGÓ maoirseacht straitéiseach ghinearálta ar chomhlachtaí
atá freagrach as seirbhísí do leanaí a fhorbairt agus a sheachadadh.
Tá clár oibre beartais leagtha amach ag an Oifig128 a shainmhíníonn torthaí maithe do leanaí
mar seo a leanas:
sláintiúil, go fisiceach agus ó thaobh sláinte mheabhrach de
á thacú i bhfoghlaim ghníomhach
sábháilte ó dhíobháil de thaisme nó d’aon ghnó
slán go heacnamaíoch
slán sa timpeallacht láithreach agus sa mhórthimpeallacht fhisiceach
mar chuid de ghréasáin dhearfacha de mhuintir, chairde, chomharsana agus an
phobail i gcoitinne
san áireamh agus páirteach sa tsochaí
Léirítear forbhreathnú de thorthaí TIL sa chreatlach beartais níos leithne seo i Figiúr 6-1. In
éineacht le híocaíochtaí eile leasa shóisialaigh, cuidíonn TIL chun slándáil eacnamaíoch níos
fearr a chur ar fáil do theaghlaigh le leanaí cleithiúnacha. Comhlánaítear an tslándáil
eacnamaíoch seo le torthaí ó chláir eile chun tionchar níos leithne a imirt ar shaolta leanaí.
Siúd is go mbíonn an tionchar is luaithe ar dhea-bhail ábhartha leanaí agus ar rochtain ar na
nithe is gá chun freastal ar a riachtanais ó lá go lá, tá gá le slándáil eacnamaíoch níos mó
chun a chinntiú go mbeidh leanaí in ann:-
tairbhe a bhaint as cinntí tuismitheoireachta níos fearr toisc nach bhfuil tuismitheoirí
ag fulaingt an oiread céanna struis is straidhne airgeadais,
páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí a meastar a bheith normalach sa
tsochaí,
tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí eile a fheabhsaíonn a ndeiseanna sa saol (go
háirithe na córais oideachais agus sláinte).
128
An Clár Oibre do Sheirbhísí Leanaí: Lámhleabhar an Bheartais, Oifig an Aire Leanaí (Baile
Átha Cliath, 2007), l. 12.
226
Figiúr 6-1: Forbhreathnú ar thacaí ioncaim leanaí laistigh de chreatlach beartais níos leithne
Ba chóir machnamh a dhéanamh freisin ar éifeachtaí níos leithne agus níos fadtéarmaí TIL i
gcomhthéacs tuarascála CNES The Developmental Welfare State,129 a leagann amach
creatlach d’fhonn coimirce shóisialach don phobal a fheabhsú. Cé go gcuireann an tuarascáil
in iúl go bhfuil tacaí dóthanacha ioncaim riachtanach chun bheith in ann páirt shásúil a
ghlacadh sa tsochaí, ní coinníoll dóthanach iontu féin iad. Maíonn an tuarascáil go bhfuil
soláthar seirbhísí riachtanach agus leagann sí béim ar an ngá atá le bearta gníomhaíocha a
chinntíonn go dtarlaíonn nuálaíocht shóisialta agus go bhfoghlaimítear ceachtanna uaithi.
Eilimint bhunúsach de chur chuige comhtháite maidir le soláthar coimirce sóisialaí is ea
“uilíochas saincheaptha”. Ciallaíonn sé seo go gcuirtear seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil trí
rochtain uilíoch ach go mbíonn na bealaí rochtana saincheaptha le haghaidh cúinsí ar leith an
duine aonair. Dá bhrí sin, úsáideann formhór mór na ndaoine an tsraith chéanna de
sheirbhísí, rud a neartaíonn comhtháthú sóisialta agus a mbíonn ‘díbhinn seirbhísí’ mar
thoradh air.
Freisin, léiríonn tuarascáil CNES gur gá measúnú a dhéanamh ar an riosca agus na guaiseacha
a mbíonn ar dhaoine aonair aghaidh a thabhairt orthu agus na tacaí atá ar fáil dóibh tríd an
gcur chuige saolré. Maidir le leanaí, maíonn an tuarascáil nár chóir rochtain ar na seirbhísí
atá ag teastáil uaidh a dhiúltú do leanbh ar bith mar gheall ar chúinsí ioncam a
thuismitheoirí. Ina theannta sin, deir tuarascáil NESC go mbíonn luach straitéiseach
129 The Developmental Welfare State, An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (Baile
Átha Cliath, 2005).
227
eacnamaioch agus sóisialta i gceist nuair a áirithítear rochtain éasca ar sheirbhísí do gach
leanbh, go háirithe dóibh siúd atá ina ngátar. Molann an tuarascáil go dtabharfar tosaíocht
do na leanaí is boichte sa Stát agus tuilleadh acmhainní do thacaí ioncaim leanaí á
leithdáileadh. Mar chríoch, molann tuarascáil NESC go ndíreofar aire ar leith ar fhreastal ar
riachtanais leanaí óga (0-6 bliana).
Comhlántachtaí féideartha idir chláir
Cé go bhféadann cláir aistrithe torthaí níos fearr (seachas sláine eacnamaíoch) a éascú ag
leibhéal an teaghlaigh, is cosúil go bhfónann sineirgí idir chláir TIL agus cláir eile don chuspóir
seo freisin. Má tá tuismitheoirí agus leanaí níos sláine go heacnamaíoch agus go bhfuil níos
lú struis airgeadais ag cur isteach orthu is cosúla go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as
cláir eile agus go mbeidh sláinte agus torthaí oideachais níos fearr acu. Dírímid thíos ar thrí
limistéar inar sainaithníodh an nasc idir thaca ioncaim agus torthaí eile.
Rannpháirtiocht in oideachas/rochtain ar sheirbhísí sláinte
Tá rochtain dhóthanach ar sheirbhísí sláinte agus ar dheiseanna oideachais riachtanach chun
aosaigh féintuilleamaíocha a fhorbairt. Dá bhrí sin, féadann an t-eispéireas a bhíonn ag
leanaí maidir le rannpháirtíocht in oideachas agus rochtain ar sheirbhísí sláinte iarmhairtí a
bheith aige níos déanaí sa tsaolré agus féadann sé cuidiú chun a n-infhostaitheacht agus a
dtáirgiúlacht nuair a shroicheann siad aois oibre a fheabhsú.
Léiríonn taighde a rinne an ITES ar airíonna teaghlach ina raibh leanaí ag maireachtáil sa
bhochtaineacht agus atá bunaithe ar shonraí SILC 2007, go bhfuil gaol suntasach idir
bhochtaineacht agus gnóthachtáil oideachasúil. Áit a raibh aosach gan cháilíocht mar
cheann an teaghlaigh, bhí 35% de na leanaí i mbaol bochtaineachta fad is a fuarthas go raibh
16% acu i mbochtaineacht leanúnach. Do gach leibhéal breise cáilíochta tá titim
forchéimnitheach i leibhéil bochtaineachta leanaí. A oiread agus go raibh níos lú ná 3% de
leanaí ‘i mbaol bochtaineachta’ agus nach raibh duine ar bith acu i mbochtaineacht
leanúnach i dteaghlaigh ina raibh cáilíocht tríú leibhéal ag an aosach a bhí mar cheann an
teaghlaigh. Baineadh de thátal as an anailís gurb ionann cáilíochtaí ísle agus fáistineoir láidir
bochtaineachta leanaí agus tugtar le tuiscint go bhfuil oideachas íseal ar cheann de na próisis
trína ngintear míbhuntáiste.
Maidir le torthaí oideachasúla na leanaí féin, léiríonn léirmheas ar an litríocht agus ar chinntí
an taighde ar threochtaí sóisialta rinne an CNES, go bhfuil dlúthghaol idir an aicme shóisialta
agus rannpháirtíocht in oideachas. Thaispeáin anailís ar lucht fágála scoile ó 2007 gur tháinig
228
12% den chohórt a d’fhág an scoil gan cháilíocht ar bith ó chúlra na dífhostaíochta siúd is nár
tháinig ach 2% nó níos lú ó chúlra sóisialta níos airde. Taispeánann an Tuarascáil ar Staid
Leanaí an Náisiúin don bhliain 2008 freisin go bhfuil comhghaol idir mhíbhuntáiste sóisialta
agus freastal scoile. De réir sonraí a bhaineann leis an scoilbhliain 2004/2005, chaill 34.8% de
scoláirí iar-bhunscoile sna scoileanna is mó atá faoi mhíbhuntáiste 20 lá nó níos mó
laethanta scoile sa bhliain acadúil, i gcomparáid le 9.2% de scoláirí iar-bhunscoile sna
scoileanna is lú atá faoi mhíbhuntáiste. Mar an gcéanna, chaill scoláirí iar-bhunscoile sna
scoileanna is mó atá faoi mhíbhuntáiste 21 lá scoile ar an meán fad is gur chaill an dream atá
sna scoileanna is lú atá faoi mhíbhuntáiste 10 lá.
Léirítear iarmhairt an fhreastail níos ísle i measc daoine a thagann ó chúlra sóisialta níos ísle i
leibhéal a ngnóthachtála oideachasúla. De réir Clár Idirnáisiúnta Measúnaithe Daltaí an
ECFE, a thomhasann cumas léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta daltaí 15 bliana
d’aois, chruthaigh daltaí Éireannacha ón aicme shóisialta is ísle níos measa ar bhealach
suntasach i gcomparáid leo siúd a tháinig ó chatagóir d’aicme shóisialta níos airde.130 Ina
theannta sin, is cosúla nach rachaidh daltaí a thagann ó chúlra sóisialta níos ísle ar aghaidh
go dtí ardoideachas. Tugann taighde a rinne an tÚdarás um Ard-Oideachas ar threochtaí i
rannpháirtíocht in ard-oideachas le tuiscint gur thit an ráta rannpháirtíochta do leanaí na
ndaoine a thagann ó chúlra socheacnamaíoch neamhláimhe ó 29% i 1998 go dtí idir 25%
agus 27% i 2004. Tá sé suntasach gurb é seo an t-aon ghrúpa socheacnamaíoch amháin a
chláraigh titim le linn na tréimhse seo nuair a mhéadaigh an ráta rannpháirtiochta foriomlán
ó 44% go 55%.131 Mar thoradh ar na droch-thorthaí oideachais seo tagann méadú ar an
gcosúlacht go mbeidh leanaí ó chúlraí socheacnamaíocha níos ísle dífhostaithe go
fadtéarmach nó go mbeidh siad ina bhfostaithe ar bheagán oiliúna nó ar phá íseal.
Féadann sláinte agus forbairt choirp leanaí, b’fhéidir mar thoradh ar bhochtaineacht a
d’fhulaing siad sa luath-óige, dul i gcion freisin ar dheiseanna fadtéarmacha saoil.
Taispeánann anailís a rinne an ITES ar shonraí SILC ar stádas sláinte freagróirí an tsuirbhé, i
gcásanna ina bhfuil fadhb sláinte ag ceann an teaghlaigh a chuireann teorainn mhór leis an
ngníomhaíocht laethúil, go mbíonn an ‘ráta i mbaol bochtaineachta’ do leanaí 58% i
gcomparáid le ráta de 17% i measc daoine nach bhfuil riocht ainsealach acu. Ina theannta
sin, tá rátaí bochtaineachta leanúnacha do leanaí naoi n-uaire níos airde nuair atá fadhb
sláinte ag ceann an teaghlaigh a chuireann teorainn mhór le gníomhaíocht i gcomparáid leo
130
Well-being Matters: A Social Report for Ireland, Iml. 2 An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (Baile Átha Cliath, 2009), lgh. 29 – 31. State of the Nation’s Children, Ireland 2008, Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige (Baile Átha Cliath, 2008), lgh. 77 – 90. 131
Selina McCoy, Delma Byrne, Philip J. O’Connell, Elish Kelly & Cliona Doherty, Hidden Disadvantage? A Study on the Low Participation in Higher Education by the Non-Manual Group, An tÚdarás um Ard Oideachas (2010), lgh. 2 – 3.
229
siúd nach bhfuil riocht ainsealach acu (46% i gcomparáid le 5%).132 Tugann sonraí a luadh sa
tuarascáil ar Staid Leanaí an Náisiúin le tuiscint go bhfuil comhghaol idir ioncam íseal agus
droch-thorthaí sláinte. Tomhas amháin is féidir a chomhcheangal le forbairt fhisiciúil,
mheabhrach agus iompraíochta linbh is ea ísealmheáchan breithe agus téann folláine na
máthar i gcion air seo. Thaispeáin sonraí ó 2005 gur rugadh an chomhréir is airde de
naíonáin ísealmheáchain do mháithreacha a bhí dífhostaithe (8.1%). I gcomparáid leis seo,
thaifeadaigh gairmithe ar ardghrád, bainisteoirí agus gairmithe ar ísealghrád go léir faoi bhun
5% fad is b’ionann an meán don stát agus 5.3%. 133
Fostaíocht tuismitheoirí agus íocaíocht as costais chúram leanaí
Bealach tábhachtach chun éalú ó bhochtaineacht do theaghlaigh agus dá leanaí is ea
fostaíocht íoctha tuismitheoirí. Léiríonn taighde an ITES ar mhonatóireacht ar threochtaí
bochtaineachta idir 2004 agus 2007 an dlúthghaol atá idir dífhostaíocht agus leibhéil
bochtaineachta leanaí. Taispeánann anailís chúlchéimnithe ar shonraí SILC 2007 go bhfuil
cosúlacht dhá uair déag níos mó ann go mbeidh leanbh atá ag maireachtáil le ceann
teaghlaigh atá dífhostaithe i mbaol bochtaineachta agus cosúlacht ceithre huaire níos mó
ann go mbeidh sé i mbochtaineacht leanúnach ná leanbh atá ag maireachtáil le ceann
teaghlaigh fostaithe. Baineadh de thátal as sin sa tuarascáil go raibh leanaí i dteaghlaigh
dífhostaíochta an leochaileach don dá thomhas den bhochtaineacht. Ciallaíonn sé seo gur
féidir le hioncam íseal teaghlaigh dochar a dhéanamh d’fhorbairt leanaí agus dul i gcion ar a
dtorthaí. Is éard atá i gceist i gcónaí maidir leis an dúshlán chun a chinntiú nach bhfuil leanaí
ag maireachtáil i dteaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta ná dúshlán chun a chinntiú go
bhfuil ioncam a dtuismitheoirí dóthanach.
Go minic, brathann fostaíocht tuismitheoirí, go háirithe fostaíocht na mban, ar sholáthar
áiseanna cúraim leanaí atá oiriúnach agus cuí. Cé go ndearnadh infheistíocht shuntasach
chun breis áiteanna cúraim leanaí a chruthú sna deich mbliana atá thart, d’fhan costais
chúraim leanaí ard i gcoibhneas le costais idirnáisiúnta.134 Tugadh le fios i gceann de na
haighneachtaí don Athbhreithniú mar chuid den phróiseas comhairliúcháin go mbaineann
buntáistí soiléire le luathchúram agus oideachas ardchaighdeáin leanaí i dtéarmaí forbartha
leanaí agus go n-imríonn siad ról tábhachtach chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí.
132
Helen Russell, Bertrand Maitre, agus Brian Nolan, Monitoring Poverty Trends in Ireland 2004 -2007: Key Issues for Children, People of Working Age and Older People, lgh. 44, 49. 133
The State of the Nation’s Children, Ireland 2008, lgh. 94 – 95. 134
Well-being Matters: A Social Report for Ireland, Iml. 2, p. 28.
230
Ceist choinníollacht na n-íocaíochtaí
An bhféadfaí na comhlántachtaí a neartú trí nasc díreach a chruthú idir íocaíochtaí airgid a
fháil agus rannpháirtíocht i dtorthaí eile? I mórán tíortha i mbéal forbartha, tá íocaíochtaí
teaghlaigh agus íocaíochtaí a bhaineann le leanaí á dtabhairt isteach mar aistrithe airgid
thirim coinníollacha áit nach bhfaigheann tuismitheoirí tacaíocht airgeadais ach amháin má
bhaineann siad leas as “coinníollachtaí an chaipitil dhaonna” atá ceaptha chun torthaí níos
fearr a aimsiú do bhochtaineacht agus leochaileachtai eacnamaíocha. Mar shampla,
d’fhéadfadh riachtanais cosúil le freastal scoile, gnóthachtálacha acadúla de chuid leanaí,
cuairteanna ar chlinic, aimsiú spriocanna beathaithe, oideachas aosach, srl.., a bheith ina
measc.135 Sampla de chlár mar seo is ea Bolsa Familia na Brasaíle, a íocann timpeall $12 in
aghaidh na míosa an leanbh do cheann an teaghlaigh ar choinníoll go bhfanann an leanbh in
oideachas agus go bhfaigheann sé scrúdú sláinte go rialta. Deirtear gur imir an clár seo ról
mór chun leibhéil na bochtaineachta a laghdú sa Bhrasaíl, go háirithe i gceantair tuaithe, siúd
is go bhfuil an bhochtaineacht ina fhadhb an-mhór i gcónaí i limistéir uirbeacha.136
Is annamh a dhéantar tograí chun a leithéid de choinníollachtaí a thabhairt isteach i dtíortha
forbartha amhail Éire ach is rud é a tharlaíonn ó am go chéile agus is minic a bhíonn sé
nasctha le rannpháirtíocht i gcláir oideachais nó sláinte. Mar shampla, chun bheith i dteideal
íocaíochtaí sochair chúram leanaí a fháil san Astráil, ní mór do leanaí riachtanais áirithe
imdhíonta a chomhlíonadh má tá an leanbh faoi bhun seacht mbliana d’aois. Chuidigh an
beartas seo chun líon na ndaoine a fhaigheann vaicsaíniú a mhéadú i dtír ina raibh an líon
seo i gcónaí íseal.137 I gcomparáid le stáit fhorbartha eile, tá rátaí imhdhíonadh óige níos ísle
ag Éirinn. Thaispeáin an tuarascáil ar Staid Leanaí an Náisiúin go raibh an ráta vaicsaínithe
don aoisghrúpa ábhartha in Éirinn i 2006 idir 86% agus 91% do vacsaíní éagsúla. Ar bhonn na
bhfigiúirí seo, tá Éire fós faoi sprioc na hÉagraíochta Domhanda Sláinte d’imdhíonadh 95%
do leanaí.138 Mar is léir, áfach, ó na haighneachtaí a rinneadh mar chuid den phróiseas
comhairliúcháin, is beag fonn atá ar an bpobal chun íocaíochtaí TIL a nascadh le
rannpháirtíocht i gcláir eile a d’fhéadfadh torthaí leanaí a fheabhsú. Ina ionad sin bhí an
fócas ar rochtain ar sheirbhísí atá bainteach le leanaí a fheabhsú.
135
Michael Samson, Ingrid van Niekerk, Kenneth Mac Quene, Designing and Implementing Social Transfer Programmes, Economic Policy Research Institute (Cape Town, 2006). 136
http://www.economist.com/node/16690887, rochtain faighte ar 9 Lúnasa 2010. 137 http://www.familyassist.gov.au/payments/family-assistance-payments/child-care-
benefit/immunisation-requirements.html, rochtain faighte ar 30 Lúnasa 2010. 138 The State of the Nation’s Children, Ireland 2008, lgh. 191 – 99.
231
Comhbhabhtálacha féideartha idir chláir
Níl aon fhianaise ann go lagódh íocaíochtaí TIL rannpháirtíocht i gcláir eile atá ag iarraidh
torthaí leanaí a fheabhsú. Má tá comhbhabhtálacha ann is cosúil go bhfeicfear iad ag
leibhéal foriomlán airgeadais áit a chuireann caiteachas ar chlár amháin cosc ar chaiteachas
ar chlár eile. Mar shampla, an bhféadfaí an sprioc ginearálta chun torthaí do leanaí a
fheabhsú a bhaint amach ar bhealach níos fearr trí acmhainní airgeadais a aistriú ó thaca
ioncaim leanaí chuig cláir eile atá ceaptha chun leas leanaí a fheabhsú (amhail seirbhísí atá
bainteach le leanaí)? Ag leibhéal soláthar seirbhísí, d’fhéadfaí ceist a chur chun a fháil
amach cad iad na seirbhísí ar leith atá bainteach le leanaí a bhfuil an poitéinseal is mó acu
chun tuismitheoirí a fhuascailt ó chostais a bhaineann le tógáil leanaí rud a chuirfeadh ar ár
gcumas acmhainní a athleithroinnt ó thaca ioncaim go seirbhísí? Sampla mar seo a bheadh i
gceist dá gcuirfí an SCOL in ionad an FLL.
Ina athbhreithniú ar threochtaí bochtaineachta le linn na tréimhse 2004 – 2007, thug an ITES
dá aire siúd is go bhfuil tábhacht ag baint le taca ioncaim do leanaí in Éirinn go bhfuil ról
freisin ag an gcóras leasa níos leithne, lena n-áirítear seirbhísí neamhairgid, agus tacaí
fostaíochta níos leithne do thuismitheoirí, chun bochtaineacht leanaí a laghdú. Agus iad ag
déanamh trácht ar an fhianaise idirnáisiúnta, fuair siad amach nach raibh ardleibhéil
íocaíochtaí taca ioncaim leanaí de riachtanas ag na tíortha is feidhmiúla maidir le
bochtaineacht leanaí a laghdú. Ina ionad sin fuair siad amach nach mbaineann na réitigh níos
éifeachtaí chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí le leas amháin, nó le fostaíocht amháin,
ach leis an dá rud in éineacht lena chéile.
Fionnachtain 6-1: Comhlánaíonn TIL cláir agus seirbhísí chun torthaí níos fearr do leanaí a
éascú
Cé go gcuireann cláir TIL le sláine eacnamaíoch teaghlach, díorthaítear torthaí dearfacha do
leanaí ó réimse clár níos leithne. Tá fianaise den phoitéinseal do chomhlántachtaí idir thaca
ioncaim agus soláthar seirbhísí chun torthaí níos fearr do leanaí a éascú le fáil sa taighde ar
an ngaol idir bhochtaineacht agus gnóthachtáil oideachasúil íseal agus stádas sláinte.
Féadann rochtain dhóthanach ar sheirbhísí dá leithéid le linn óige an duine cuidiú chun
deiseanna sa saol agus infhostaitheacht a fheabhsú nuair a shroichtear aosacht. Léiríodh
freisin an tábhacht a bhaineann le fostaíocht tuismitheoirí mar bhealach chun éalú ón
mbochtaineacht do leanaí agus dá dteaghlaigh, ach tarlaíonn sé go mbíonn fostaíocht
tuismitheoirí ag brath ar sholáthar seirbhísí cúraim leanaí. Ag féachaint d’airíonna
iltoiseacha bhochtaineacht leanaí, ní leor cláir TIL iontu féin chun bochtaineacht leanaí a
laghdú. Chun an toradh seo a bhaint amach caithfear sineirgí éifeachtacha idir sheirbhísí,
tacaí ioncaim agus tacaí fostaíochta níos leithne a chruthú. Níl sé soiléir go mba chóir go
rachfaí chomh fada le rannpháirtíocht i gcláir eile a chur de choinníoll ar íocaíochtaí TIL ag an
bpointe seo.
232
6.2 Éifeachtaí níos fadtéarmaí
Tá sé mar aidhm ag an alt seo aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna measúnaithe ar leith: Cad
iad na tionchair mheántéarmacha go fadtéarmacha ar thairbhithe beartaithe?
Má bhíonn leanaí ag maireachtáil i mbochtaineacht cén éifeacht a bhíonn aige seo ar a
ndeiseanna níos faide anonn sa saol? Is féidir teacht ar roinnt freagraí ar an gceist seo i
modul de shuirbhé ar sheachadadh na bochtaineachta ó ghlúin go glúin a bhí mar chuid de
shuirbhé SILC na bliana 2005. Sa mhodúl seo, cuireadh ceisteanna ar dhaoine idir 25-65
bliain maidir le struchtúr an teaghlaigh agus na cúinsí socheacnamaíocha a raibh taithí acu
orthu mar dhéagóirí. Dá bharr sin clúdaíonn an fhaisnéis a fuarthas ó na ceisteanna seo
tréimhse 40 bliain ó na luath-1950í go dtí na luath-1990í. Seo cuid de na torthaí:
Bhí cosúlacht níos mó ann go mbeadh taithí ar an mbochtaineacht ag aosaigh a raibh deacrachtaí airgeadais acu ‘an chuid is mó den am nó go minic’ i mblianta na ndéaga.
Bhí sé dhá oiread níos cosúla go mbeadh daoine a raibh deacrachtaí airgeadais acu ‘an chuid is mó den am nó go minic’ i mblianta na ndéaga ‘i mbaol bochtaineachta’ sa bhliain 2005, ná daoine nach raibh deacrachtaí airgeadais ‘riamh’ acu mar dhéagóirí. Bhí sé ceithre huaire níos cosúla freisin go mbeadh na freagróirí seo i mbochtaineacht leanúnach.
Bhí cosúlacht níos mó ann freisin go mbeadh freagróirí a raibh deacrachtaí
airgeadais acu ‘an chuid is mó den am nó go minic’ i mblianta na ndéaga dífhostaithe
sa bhliain 2005 (32.8%) agus gan ach 16% den ghrúpa seo ag tuairisciú go raibh siad
ag obair.
Bhí tionchar freisin ag méid an teaghlaigh agus iad ina ndéagóirí ar leibhéil na
bochtaineachta a d’fhulaing na freagróirí mar aosaigh. Bhí cosúlacht níos mó ann go
mbeadh taithí ag daoine ó theaghlaigh níos mó ar an mbochtaineacht mar aosaigh
agus tuairiscíodh go raibh 22.9% díobh siúd a mhair le seachtar nó níos mó siblíní
mar dhéagóirí ‘i mbaol bochtaineachta’ i gcomparáid le 14.6% díobh siúd a mhair le
níos lú na triúr siblíní.
Taispeánann stádas eacnamaíoch tuismitheora comhghaolú láidir le taithí ar an
mbochtaineacht. Bhí sé beagnach trí huaire níos cosúla go mbeadh daoine a mhair
mar dhéagóirí i dteaghlaigh ina raibh an bheirt tuismitheoir as obair ‘i mbaol
bochtaineachta’ sa bhliain 2005 ná daoine a mhair i dteaghlaigh ina raibh an bheirt
233
tuismitheoir ag obair. Chonacthas treocht dá samhail maidir leo siúd a bhí i
mbochtaineacht leanúnach.
Tá roinnt difríochtaí suntasacha laistigh den cohórt 40 bliain seo, a léiríonn na hathruithe
socheacnamaíocha a tharla in Éirinn thar an tréimhse seo. Bhí cosúlacht níos lú ann go raibh
taithí ar dheacrachtaí airgeadais ag an aoisghrúpa níos óige, daoine idir 25 agus 34 bliain
d’aois, ‘an chuid is mó den am nó go minic’ i mblianta a ndéaga ná an t-aoisghrúpa níos
aosta díobh siúd a bhí 50 – 65 bliain d’aois: 14.6% i gcomparáid le 27.2%. I dtéarmaí
tuismitheoirí ag obair, bhí 32.7% den cohórt a bhí 25 – 34 blian d’aois ina gcónaí i
dteaghlaigh ina raibh an bheirt tuismitheoir ag obair i gcomparáid le 12.9% den cohórt a bhí
50 – 65 bliain d’aois.
Is féidir roinnt conclúidí trialacha a bhaint as na torthaí seo. Sé an rud is tábhachtaí a
fuarthas amach ná go méadaíonn an dóchúlacht go mairfidh duine i mbochtaineacht mar
aosach más rud é gur mhair sé i mbochtaineacht roimh 18 mbliana d’aois. Is deacair a aithint
ón suirbhé seo cén ról a d’imir TIL chun deacracht airgeadais a mhaolú. Ar aon nós, is féidir a
rá gur tháinig laghdú ar leibhéal na ndeacrachtaí airgeadais a bhí ag freagróirí an tsuirbhé
mar gheall ar thosca éagsúla, agus go háirithe mar gheall ar rochtain níos fearr ar oideachas
agus forleathnú mhargadh an tsaothair ó dheireadh na 1960í ar aghaidh. Ar an láimh eile,
thabharfadh an fhianaise seo le tuiscint go bhfuil lagú éigin ag teacht ar sheachadadh
bochtaineachta ó ghlúin go glúin.
Tá na torthaí seo i gcomhréir le hanailís a rinne an ECFE a thaispeáinann nach ndealraíonn sé
go bhfuil an gaol idir ioncaim tuismitheoirí agus ioncaim a leanaí ag éirí níos láidre le
himeacht aimsire ar fud limistéir an ECFE. Tugann taighde an ECFE le tuiscint, áfach, go bhfuil
neamhionannas ó ghlúin go glúin, coincheap atá níos leithne ná bochtaineacht, níos airde ná
mar a ceapadh glúin ó shin. Thairis sin, ní hioncaim tuismitheoirí a bheith níos ísle an t-aon
rud amháin is cúis le seachadadh neamhionannais ó ghlúin go glúin, ach téann réimse cúinsí
amhail sláinte, suíomh geografach agus gréasáin shóisialta i gcion air. Déanta na fírinne, tá
sé an deacair a rá go sonrach gurb é an tionchar a bhí ag easpa ioncaim i rith óige an duine
ná easpa deiseanna níos déanaí sa saol.
Ina theannta sin, cinneadh gurb í an ionstraim dhíreach pholasaí is tábhachtaí atá ar fáil de
réir dealraimh chun neamhionannas ó ghlúin go glúin a laghdú ná an t-oideachas. Ar an
taobh eile den scéal, má táthar i gcleithiúnas ar íocaíochtaí leasa éigníomhacha, amhail
sochair fhadtéarmacha aontuismitheora nach bhfuil de réir tástála oibre, is cosúil gurb é an
toradh a bheidh air seo ná go leanfar ar aghaidh ó ghlúin go glúin de bheith ag i gcleithiúnas
234
ar shochair agus go ndéanfar an bhochtaineacht a sheachadadh ó ghlúin go glúin.139 Mar sin
féin, tá sé soiléir gurb í óige an duine an tréimhse sa saolré ina mbíonn an tionchar is mó ag
infheistíochtaí an teaghlaigh agus an rialtais ar an méid neamhionannais a tharlaíonn ó
ghlúin go glúin.
Fionnachtain 6-2: Féadann iarmhairtí níos fadtéarmaí a bheith ann do leanaí atá ag
maireachtáil faoi bhochtaineacht
Is léir ó thaighde ar na héifeachtaí a leanann ó bheith ag maireachtáil faoi bhochtaineacht
gur cosúla go mbeidh ioncam íseal acu féin ag páistí atá ag maireachtáil i dteaghlaigh ar
ioncam íseal, nuair a shroichfidh siad aosacht. Thairis sin, taispeánadh go raibh tionchar ag
na deacrachtaí airgeadais a bhí ag tuismitheoirí ar a leanaí, agus go raibh éifeacht
theorantach aige seo ar a ndeiseanna níos déanaí sa saol. Tá sé ríthábhachtach gur
aithníodh go raibh tionchar níos leithne ag seirbhísí amhail oideachas mar idirghabháil
thábhachtach pholasaí a fhéadann cuidiú chun seachadadh na bochtaineachta agus an
neamhionnanais ó ghlúin go glúin a laghdú.
6.3 Achoimre
Rinne Caibidil 6 breithniú ar an tionchar níos leithne atá ag beartas TIL agus cláir ghaolmhara
ar an tsochaí thar an meántéarma agus san fhadtéarma, ag díriú ar na torthaí do leanaí thar
réimse toisí. Thug Alt 6.1 aghaidh ar an gceist faoin chaoi a réitíonn beartais agus cláir TIL le
cláir bheartais phoiblí ábhartha eile. Tá comhthéacs níos leithne thacaí TIL suite laistigh de
raon na Straitéise Náisiúnta Leanaí agus clár oibre beartais Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí
Óige. Leagann an clár oibre beartais seo sláine eacnamaíoch amach mar ceann de na torthaí
maithe do leanaí agus comhlánaíonn sé torthaí ó chláir eile chun tionchar níos leithne a imirt
ar shaolta leanaí. Rinneadh athbhreithniú ar an nasc idir thacaí ioncaim agus torthaí eile i
gcomhthéacs na rannpháirtíochta in oideachas/rochtain ar sheirbhísí sláinte; fostaíocht
tuismitheoirí agus costais chúraim leanaí; agus ceist coinníollacha na n-íocaíochtaí. Cé go
dtugann an fhianaise le tuiscint go bhfuil droch-thorthai oideachasúla agus sláinte ann dóibh
siúd atá i mbaol bochtaineachta leanaí agus go gcuireann sé in iúl go soiléir gur féidir le
rochtain dhóthanach ar sheirbhísí dá leithéid cuidiú chun deiseanna saoil agus
infhostaitheacht a fheabhsú nuair a shroicheann leanann aosacht, dealraíonn sé gur beag an
fonn atá ar an bpobal chun cláir TIL a dhéanamh coinníollach ar rannpháirtíocht i gcláir a
bhaineann leis na seirbhísí seo. Ar an láimh eile de, féadann an tábhacht a bhaineann le
fostaíocht íoctha tuismitheoirí mar bhealach chun éalú ón mbochtaineacht do theaghlaigh
agus dá leanaí a bheith teagmhasach ar sholáthar áiseanna cúraim leanaí. Bhain Alt 6.1 de
139
Simon Chapple and Dominic Richardson, Doing Better for Children, ECFE (Páras, 2009), lgh. 147 – 162.
235
thátal as an anailís seo nach bhfuil cláir TIL dóthanach as a gceart féin chun dul i ngleic le
nádúr iltoiseach bochtaineachta leanaí agus go mba chóir go gcomhlánódh íocaíochtaí TIL
soláthar seirbhísí a bhaineann le leanaí.
Déanann Alt 6.2 machnamh ar an fhianaise maidir le tionchair níos fadtéarmaí caiteachais
agus taispeánann sé go raibh cosúlacht níos mó ann go mbeadh ioncam íseal acu féin ag
leanaí a bhí ag maireachtáil i dteaghlaigh ar ioncam íseal, nuair a shroich siad aosacht. Is
féidir a fheiceáil go bhfuil éifeacht theorantach ag seachadadh na bochtaineachta ó ghlúin go
glúin ar dheiseanna leanaí níos déanaí sa saol agus ba chóir machnamh a dhéanamh ar
éifeachtacht TIL, agus go deimhin éifeachtacht na gclár níos leithne i dtaca leis seo.
236
237
CAIBIDIL 7: CEACHTANNA Ó THÍORTHA EILE
Moltar sa lámhleabhar athbhreithnithe pholasaí agus LAA go bhféadfaí an taithí i dtíortha
eile a bhreithniú mar chuid den phróiseas athbhreithnithe. Is é an aidhm atá ag Caibidil 7 ná
(i) caiteachas ar thacaíochtaí ioncam leanaí in Éirinn a thaispeáint i gcomhthéacs
idirnáisiúnta (Mír 7.1); (ii) roinnt ghnéithe ar leith den chóras a léiriú i dtíortha eile mar rátaí
íocaíochta agus aoise (Mír 7.2); (ii) forthorthaí comparáideacha do bhochtanas i gcoibhneas
le haschuir i dtéarmaí leibhéil chaiteachais a thaispeáint (Mír 7.3); agus (iv) tabhair
gearrchuntas ar threo leathan leasuithe go hidirnáisiúnta agus i dtíortha roghnaithe chomh
maith (Mír 7.4).
7.1 TIL caiteachas i gcomhthéacs idirnáisiúnta
Cuireann tíortha forbartha go léir beagnach agus líon méadaithe tíortha níos lú forbartha
tacaíochtaí airgeadais ar fáil do theaghlaigh le leanaí. Athraíonn an réimse córas go mór i
dtéarmaí a luacha absalóidigh do theaghlaigh cibé an bhfuil siad uilíoch nó sonraithe nó fiú
cibé an ndéantar iad a sheachadadh trí chóras tacaíochta ioncaim nó tríd an gcóras cánach.
Is féidir fás cláir shochair theaghlaigh a rianadh go dtí an tréimhse iarChogadh Domhanda II
sa chuid is mó de thíortha forbartha. Iarradh tabhairt faoi na riachtanais bainteach le
gnáthstruchtúir theaghlaigh ag an am leis na cláir sin. Mar atá imlínithe i gCaibidil 2 nuair a
tugadh Liúntas Leanaí isteach go hÉirinn i 1944 ba é an cuspóir luaite a bhí aige ná
“modhanna a chur ar fáil chun cabhrú le díothú teastála i dteaghlaigh”, ag léiriú ansin an
gnáthstruchtúr agus na noirm a bhí in Éirinn ag an am sin. Mar sin féin tá sé léirithe i gcaibidlí
eile nár fhan cláir TIL statach ach go raibh bunathraithe déanta orthu le linn na mblianta mar
fhreagairt ar chúinsí eacnamaíochta agus sóisialta agus riachtanais shóisialta éagsúla. Tá an
scéal amhlaidh freisin i dtíortha eile ach is féidir a rá freisin go bhfuil cosúlachtaí áirithe in
aidhm na gclár TIL - feabhas a chur ar leas leanaí ina iomláine agus timpeallacht a chruthú
inar féidir le tuismitheoirí dul i bhfostaíocht agus na tiomantais sin a chothromú le saol an
teaghlaigh.
Mar chuid dá bunachar sonraí teaghlaigh,140 d'fhoilsigh an ECFE sraith tháscairí
chomparáideach go hidirnáisiúnta bainteach le polasaithe teaghlaigh lena n-áirítear cláir
140
http://www.oecd.org/document/4/0,3343,en_2649_34819_37836996_1_1_1_1,00.html Clúdaíonn na cineálacha caiteachas poiblí ar shochair leanaí atá mar bhunús d'anailís na hECFE go
ginearálta trí réimsí: aistrithe airgid bainteach le leanaí do theaghlaigh le leanaí caiteachas poiblí ar
238
aistrithe agus chánach. Fad is nach bhfuil siad comparáideach go hiomlán leis an sainmhíniú
ar thacaíocht ioncam leanaí a úsáideadh níos luaithe taispeánann na táscairí sin go bhfuil
caiteachas i gcláir thacaíochta ioncam leanaí ard go leor i dtéarmaí idirnáisiúnta. Bhí
caiteachas airgid mheasta i 2005 ag 2.2% de OTI i gcomparáid le 1.3% ar an meán de OTI don
ECFE-26. Mar sin féin, ní raibh caiteachas iomlán ar shochair theaghlaigh in Éirinn ag 2.6%
de OTI ach beagán os cionn meánleibhéil 2.3% na hECFE-26 mar gheall ar an gcaiteachas
íseal in Éirinn ar sheirbhísí agus díolúintí cánach (m.sh. ioncam ó shocair leanaí nach bhfuil
san áireamh sa bhonn cánach). Ní raibh caiteachas in Éirinn ar sheirbhísí sochair leanaí
(m.sh. áiseanna cúram leanaí agus oideachas luath-óige) ach 0.3% de OTI i gcomparáid leis
an méanchaiteachas 0.8% de OTI na hECFE-26 agus tá sé i bhfad níos ísle ná tíortha PE-15
eile mar An Fhrainc, An Dainmhairg agus An tSualainn (1.6%, RA 1.0%) agus An Ghearmáin
(0.7%). Bhí an caiteachas 2.2% in Éirinn ar thacaíochtaí airgid cosúil leis sin sa RA agus san
Astráil in ainneoin struchtúir sochair dhifriúla.
Figiúr 7-1: Caiteachas Poiblí ar Shochair Theaghlaigh i dtíortha ECFE
0.0
0.5
1.0
1.5
2.0
2.5
3.0
3.5
4.0
Fra
nce
Luxem
bo
urg
United
Kin
gd
om
Denm
ark
Sw
ed
en
Belg
ium
Hung
ary
Germ
any
Fin
land
Icela
nd
No
rway
Austr
ia
Austr
alia
New
Zeala
nd
Irela
nd
Neth
erland
s
Cze
ch R
ep
ub
lic
Slo
vak R
ep
ub
lic
Cyp
rus 1
,2
Slo
venia
Po
rtug
al
Esto
nia
Ro
mania
Sw
itze
rland
Italy
Latv
ia
Jap
an
United
Sta
tes
Sp
ain
Lithuania
Po
land
Canad
a
Gre
ece
Bulg
aria
Mexic
o
Malta
Ko
rea
Airgead Tirim Seirbhísí Faoisimh chánach i dtreo an teaghlaigh
ECFE -26 Meán =2.3%
An
Fh
rain
cLu
csam
bu
rgA
n R
íoch
t A
on
tait
he
An
Dan
mh
airg
An
tSu
alai
nn
An
Bh
eilg
An
Bh
eilg
An
Gh
ear
mái
nA
n F
hio
nla
inn
An
Íosl
ain
nA
n Io
rua
An
Ost
air
An
Ast
ráil
An
Nu
a-Sh
éal
ain
nÉi
reA
n Ís
iltír
Po
bla
cht n
a Se
ice
Po
bla
cht n
a Sl
óva
ice
An
Ch
ipir
1,2
An
tSló
véin
An
Ph
ort
ain
géil
An
Eas
tóin
An
Ró
mái
nA
n E
ilvé
isA
n Io
dái
lA
n L
aitv
iaA
n tS
eap
áin
Na
Stái
t A
on
tait
he
An
Sp
áin
nA
n L
iotu
áin
An
Ph
ola
inn
Ce
anad
aA
n G
hré
igA
n B
hu
lgái
rM
eic
sice
oM
álta
An
Ch
óir
é
sheirbhísí do theaghlaigh le leanaí agus tacaíocht airgeadais do theaghlaigh tríd an gcóras cánach. Féach freisin ar Bosca 3-1.
239
7.2 Comparáid idir gnéithe ar leith
Sa mhír seo scrúdaítear córais sochair leanaí trasna na hECFE faoi thrí cheannteideal:
cibé an gcuirtear an sochar ar fáil ar bhonn uilíoch nó tastála;
an aois is airde ag a ndéantar íocaíochtaí;
an leibhéal íocaíochta.
7.2.1 Sochar teaghlaigh príomhúil uilíoch nó faoi thastáil ioncaim
Sainaithníonn anailís ar fhoinsí MISSOC na tíortha a oibríonn córas uilíoch seachas ceann
tastála ioncaim. Mar atá imlinithe i dTábla 7-1 roghnaíonn an chuid is mó de thíortha na
hECFE córas uilíoch. Chun críocha na hanailíse seo baineann na sainmhínithe seo a leanas:
Sochair Leanaí Uilíocha: (sochair theaghlaigh tugtha orthu freisin nó liúntais leanaí
nó teaghlaigh): íocaíochtaí do theaghlaigh le leanaí is cuma faoi ioncam tuistí.
D'fhéadfadh an méid sochair a athrú de réir ord an linbh sa teaghlach agus/nó staid
fostaíochta an tuismitheora.
Sochair Leanaí Bainteach le hIoncam : athraíonn leibhéil chailítheachta de réir
ioncaim agus de ghnáth bíonn siad teoranta do theaghlaigh le leanaí a bhfuil a n-
ioncam faoi bhun méid áirithe.
240
Tábla 7-1: Tíortha rangaithe ag cibé an bhfuil tastáil mhaoine acu don sochar teaghlaigh príomhúil
agus uasmhéid sochair do 1 leanbh mar % den mheánphá coibhéiseach
Uasmhéid sochair do leanbh amháin mar % den Mheánphá coibhéiseach
Líon tíortha gan tastáil mhaoine nó ioncaim do shochar teaghlaigh príomhúil
Tíortha le tastáil mhaoine nó ioncaim
0 % de Mheánphá 1 (An Ghréig)
1 % de Mheánphá 2 (An tSeapáin, An Spáinn)
2 % de Mheánphá 3 (An Chipir, An Fhrainc, Laitvia) 2 (An Pholainn, An Phortaingéil)
3 % de Mheánphá 9 (An Bheilg, Eastóin, An Fhionlainn, An Liotuáin, An Ísiltír, An Iorua, Poblacht na Slóvaice, An tSualainn, RA)
4 (Poblacht na Seice, Ceanada, An Phortaingéil, SAM)
4 % de Mheánphá 4 (An Ostair, An Dainmhairg, An Ghearmáin, An tSualainn)
5 % de Mheánphá 2 (An Iodáil, Íoslainn)
6 % de Mheánphá 2 (Lucsamburg, Éire)
7 % de Mheánphá 1 (An Ungáir)
8 % de Mheánphá 2 (An Astráil, An tSlóivéin)
9 % de Mheánphá 1 (Málta) 10 % de Mheánphá 1 • An Nua-Shéalainn Áireamh Iomlán 20 14
Tabhair faoi deara: Dáta do 2007; Níl aon dáta don Chóiré nó don Tuirc; Tá íocaíochtaí forlíonta ag roinnt tíortha. San Astráil, Ceanada, sa Ghearmáin agus Nua Séalainn féadfaidh aistrithe a bheith i bhfoirm creidmheasanna in-aisíochta cánach atá cosúil le sochair airgid mar níl siad teoranta do mhéideanna cánach ioncaim. Foinse: díorthaithe ó ECFE (2008) PF3.1 Sochair Airgid Theaghlaigh
Mar atá le feiceáil ó Tábla 7-1, de na 34 tíortha a scrúdaíodh d'oibrigh 20 ina n-áiríodh Éire
córas uilíoch agus cuireann 14 tastáil mhaoine/ioncaim i bhfeidhm. Mar sin féin, cuireann
roinnt tíortha a oibríonn córas uilíoch méid áirithe tastáil ioncaim i bhfeidhm freisin m. sh.
san Íoslainn fad is nach bhfuil sé léirithe sa Tábla thuas íoctar bunliúntas do leanaí go léir faoi
7 mbliana d'aois nach bhfuil nasctha le hioncam. Is é 3-4 faoi gcéad leibhéal sochair an
mheánphá i 13 de na 20 tíortha nach bhfuil aon tastáil mhaoine nó ioncaim acu don sochar
teaghlaigh príomhúil. Tá an leibhéal is airde de na híocaíochtaí uilíocha ag 7% den
mheánphá le fáil san Ungáir. Tá an méid íocaíochta d'Éirinn ag 6% den mheánphá táirgthe141
níos airde mar sin ná an meán idirnáisiúnta. Bhí an leibhéal tacaíochta uilíoch is comónta idir
3% agus 4% den mheánphá (10 dtíortha) do leanbh amháin beagán faoi bhun é sin.
141
Tá figiúr na hECFE don mheán Oibreoir Táirgthe difriúil ón táscaire níos luaithe bunaithe ar phá tionsclaíoch. É sin ráite tá figiúr (6%) na hECFE d'Éirinn comparáideach le meastacháin an athbhreithnithe seo do 2005 ag úsáid Ollioncaim Thionsclaíochta (5.6% do ráta SL níos ísle).
241
7.2.2 An aois uasta lena ndéantar íocaíocht
Níl mórán éagsúlachta sa ghnáthleibhéal uasta maidir leis an sochar a íoc. Tá na leibhéil aois
uasta chéanna ag tíortha go léir sa chairt thíos (ach amháin sa tSeapáin – 12 bhliain d'aois) ó
15 – 20 bliain d'aois. Is é an aois normalach do 14 de na 27 tíortha ná 18 mbliana agus tá aois
normalach 16 bliana ag 7 de na tíortha. Is é 17.24 bliana d'aois an meán do thíortha go léir
beagán níos mó ná an aois normalach in Éirinn - 16 bliana d'aois. Maidir leis an aois shínithe
ní chuireann 11 de na 27 tíortha áis dá leithéid ar fáil. Sna16 tír eile tá an aois shínithe idir 19
agus 27 mbliana d'aois. Is é 22.73 bhliain d'aois an meán do thíortha go léir. Is é 18 mbliana
d'aois an aois shínithe normalach in Éirinn.
Figiúr 7-2: Aois normalach agus shínithe d'íocaíocht leanaí i dtíortha na hECFE.
0
5
10
15
20
25
30
An
tSe
ap
áin
Po
bla
ch
t na
Se
ice
Éir
e
An
Nu
a-S
hé
ala
inn
An
tSu
ala
inn
An
Eilvé
is
An
Río
ch
t Ao
nta
ith
e
An
Ph
ort
ain
gé
il
An
tSló
va
ic
An
Fh
ion
lain
n
S.A
.M.
An
Ph
ola
inn
An
Gh
réig
An
Un
gá
ir
An
Bh
eilg
An
Gh
ea
rmá
in
An
Osta
ir
Lu
csa
mb
urg
Ce
an
ad
a
An
Da
nm
ha
irg
An
Íosla
inn
An
Iod
áil
An
Ioru
a
An
Sp
áin
n
An
Ísiltír
An
Fh
rain
c
An
Astr
áil
Ao
is i m
blia
nta
Aois normalta
Aois shínithe
Dáta foinsithe: Dálaí MISSOC ar an 01/07/2009 maidir le SL; Ach amháin: Ceanada– dáta
foinsithe – Gníomhaireacht Ioncaim Cheanada - http://www.cra-
arc.gc.ca/bnfts/cctb/fq_qlfyng-eng.html; An tSeapáin – dáta foinsithe 2007 - Aire Sláinte,
Oibreachas na Seapáine - www.mhlw.go.jp/english/topics/child-support/index.html;
Tabhair faoi deara: níl aon dáta don Chóiré agus An Tuirc.
242
7.2.3 Leibhéal íocaíochta – ainmniúil
Athraíonn an méid míosúil a fhaigheann teaghlach ó thír go tír ag brath ar choinníollacha
eacnamaíochta agus an tábhacht a chuireann siad ar íocaíochtaí sochar leanaí. Tá roinnt
tíortha forbartha ag a bhfuil ráta SL íseal de bharr go n-oibríonn siad scéimeanna eile
bainteach le leanaí agus/nó go bhfeiceann siad SL mar íocaíocht shiombalach. Ag féachaint
ar Éirinn feicimid go bhfuil a rátaí Sl ard i gcomparáid le tíortha ECFE. Is é €93.52 in aghaidh
na míosa an meánráta SL trasna tíortha ECFE. Tá Éire i bhfad os cionn an mheáin sin ag €166
in aghaidh na míosa. Tá na rátaí SL is flaithiúla sa Lucsamburg, Dainmhairg agus sa Nua
Séalainn, atá níos faide fós os cionn an mhéanráta fiú. Taispeánann sonraí comparáideach ó
2002 go 2009 laistigh de na tíortha ECFE gur fhás rátaí SL go han-tapa in Éirinn le linn na
mblianta sin. Sa bhliain 2002 bhí Éire gar do mheán na hECFE (€71.99 in aghaidh na míosa)
ag €85.7 in aghaidh na míosa ach faoi 2009 méadaíodh é faoi dhó beagnach agus bhí sé go
maith os cionn meán na hECFE (€93.52 in aghaidh na míosa) ag €166 in aghaidh na míosa.
Figiúr 7-3: Rátaí íocaíochtaí leanaí uilíocha i dtíortha ECFE – 2009 agus 2002
0
20
40
60
80
100
120
140
160
180
200
Méid
mío
sú
il (eu
ro)
-2009
2009
2002
Foinse: díorthaithe ó bhunachar sonraí MISSOC
Tabhair faoi deara: níl aon dáta don Chóiré agus An Tuirc; Braitheann córas SL na SAM ó stát
go stát; Athraíonn rátaí na Sualainne de réir cantúin. An Astráil, Ceanada, Poblacht na Seice,
243
An Íoslainn, An Iodáil, An tSeapáin, Nua Séalainn, An Pholainn, An Phortaingéil agus An
Spáinn – níl córas uilíoch acu sin - sa tábla thuas tá meánráta againn do na tíortha sin. Tá
sonraí Cheanada agus Nua Séalainn ó 2008. Athraíonn rátaí na Dainmhairge, na Seapáine,
na Polainne, agus na hÍsiltíre le haois an linbh - sa tábla thuas tá meánráta againn do na
tíortha sin. Níl SL ag An Fhrainc don chéad leanbh; ráta don 2ú leanbh;
7.3 Torthaí bochtanas leanaí
Úsáidtear an riosca bochtanais go hidirnáisiúnta mar phríomhtháscairí chun measúnú a
dhéanamh ar éifeachtacht bearta bochtanais.
Taispeánann Figiúr 7-4 (a) rátaí bochtanas leanaí trasna tíortha ECFE trí thorthaí i lár 2000 a
bhreacadh i gcoinne caiteachais ar (a) shochair airgid agus (b) seirbhísí. Taispeánann na
sonraí go raibh an ráta bochtanais in Éirinn níos airde ná an meán ECFE in ainneoin leibhéil i
bhfad níos airde caiteachais ar shochair airgid. Deimhníonn na sonraí go bhfuil nasc
dearfach ann idir torthaí caiteachais agus bochtanais cé go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha i
nádúr an naisc sin do thíortha aonair. Tá an taithí ag Éirinn cosúil mar shampla leis an
suíomh sa RA agus san Astráil ina bhfuil torthaí níos fearr le fáil as leibhéil chosúla
caiteachais agus leis na tíortha Nordaca ina bhfuil rátaí bochtanais níos ísle is cuma faoi
chaiteachas níos ísle (ag cur san áireamh go bhfuil na sonraí d'Éirinn beagán díchumtha de
bhrí go bhfuil íocaíochtaí do thuismitheoirí aonair áirithe).
Taispeánann Figiúr 7-4(b) go bhfuil an ghaolmhaireacht sin ann freisin do sheirbhísí agus go
bhfuil an taithí in Éirinn gar dó sin a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis ó thaithí idirnáisiúnta.
Caitheann na tíortha Nordacha i bhfad níos mó ar sheirbhísí leanaí go háirithe ar thacaíochtaí
do theaghlaigh le leanaí óga le saoire tuistí íoctha go maith agus soláthar ard seirbhísí cúram
leanaí.142
142 Marie-Thérèse Letablier, Angela Luci, Antoine Math, agus Olivier Thévenon, The costs of raising
children and the effectiveness of policies to support parenthood in European countries: a Literature
Review, lth. 10.
244
Figiúr 7-4: Caiteachas poiblí ar (a) sochair airgid agus (b) seirbhísí i gcoinne torthaí bochtanas
leanaí - lár na 2000
An Astráil
An Ostair
An Bheilg
Ceanada
Poblacht na Seice
An Danmhairg
An Fhionlainn
An Fhrainc
An Eastóin
An Ghréig
An Ungáir An Íoslainn
ÉireAn Iodáil
An tSeapáin
An Chóiré
An Liotuáin
Meicsiceo
An Ísiltír
An Nua-Shéalainn
An Iorua
An Pholainn
An Phortaingéil
Slóvaice
An Spáinn
An tSualainn
An Eilvéis
An Tuirc
An Ríocht Aontaith
Na Stáit Aontaithe
ECFE - 26
R² = 0.3048
0
10
20
30
0.0 0.5 1.0 1.5 2.0 2.5
Ráta
í b
och
tan
as le
an
aí
(lár
2000id
í)
Caiteachas poiblí ar shochair airgid do leanaí mar % OTI, 2005
An Astráil
An Ostair
An Bheilg
Ceanada
Poblacht na Seice
An Danmhairg
An Fhionlainn
An Fhrainc
An Eastóin
An Ghréig
An Ungáir An Íoslainn
ÉireAn Iodáil
An tSeapáin
An Chóiré
An Liotuáin
Meicsiceo
An Ísiltír
An Nua-Shéalainn
An Iorua
An Pholainn
An Phortaingéil
Slóvaice
An Spáinn
An tSualainn
An Eilvéis
An Tuirc
An Ríocht Aontaithe
Na Stáit Aontaithe
ECFE - 26
R² = 0.4473
0
10
20
30
0.0 0.2 0.4 0.6 0.8 1.0 1.2 1.4 1.6 1.8 2.0
Ráta
í b
och
tan
as le
an
aí
(lár
2000id
í)
Caiteachas poiblí ar sheirbhísí do leanaí mar % OTI, 2005
245
7.4 Leasuithe úrnua in íocaíochtaí leanaí go hidirnáisiúnta
Fad is go bhféadfaidh cosúlachtaí a bheith ann in aidhmeanna clár tá difríochtaí sna cur
chuigí glactha chun éifeacht a thabhairt do na haidhmeanna sin trasna tíortha. I dtíortha
áirithe cuirtear béim níos mó ar chur chuigí sonraithe fad is go leantar le cuspóirí TIL trí
sholáthar uilíoch i roinnt eile. Laistigh den dá chur chuige sin, is féidir difríochtaí clár a
aimsiú sna cuspóirí a leantar. Aibhsíonn An Eagraíocht Idirnáisiúnta Leasa Shóisialaigh (EILS) 143 roinnt rólanna agus cuspóirí comónta i measc clár ag cur sochair ar fáil do theaghlaigh atá
ábhartha i gcomhthéacs an athbhreithnithe seo. Ar an iomlán tagann an EILS ar an gconclúid
go bhfuil fianaise ann go ndeartar cláir shochair theaghlaigh d'fhonn a bheith níos
réadghníomhaí sa tóir ar thorthaí polasaí intomhaiste.
Is eilimint mhór iad cláir shochair theaghlaigh laistigh de chur chuigí institiúide
chomhtháite deartha sa téarma láithreach chun bochtanas a fhuascailt i measc
teaghlach agus sa téarma níos faide táscairí feabhsaithe sláinte agus gnóthachtáil
oideachais a bhaint amach i measc leanaí agus mar sin iad mar uirlis
réadghníomhach le haghaidh caipiteal daonna a infheistiú.
Tá cláir shochair theaghlaigh ag iarraidh brúnna an teaghlaigh agus an saol oibre a
réiteach níos fearr lena chéile ar a laghad chun leibhéil níos airde gníomhaíochtaí an
mhargaidh shaothair i measc an daonra atá i bhfostaíocht a spreagadh.
Tá cláir shochair theaghlaigh ag éascú céim níos mó comhionannais inscne maidir le
freagrachtaí cúram leanaí idir an mháthair agus an athair a roinnt.
Tá cláir shochair theaghlaigh ag tairiscint níos mó tacaíochta do theaghlaigh gur
mhian leo leanaí a bheith acu.
Iarrann cláir shochair choinníollacha tionchar a bheith acu ar dhaoine fásta patrúin
iompair a athrú go háirithe chun tacú níos fearr le leasanna níos fadtéarmaí a gcuid
leanaí.
De réir a chéile féachtar níos dearfaí ar chumais aistrithe airgid chun tacú le leanaí,
tuismitheoirí agus an ghlúin níos sine leis an bpoitéinsil cabhrú troid in aghaidh fás
eisiamh sóisialta agus tacú le haonaid teaghlaigh/clann aitíopúla atá leochaileach go
minic.
143
An Eagraíocht Idirnáisiúnta Leasa Shóisialaigh Eagraíocht Slándála, Social Policy Highlight, Eisiúnit Uimh.. 14, Meitheamh 2010.
246
7.4.1 Cur chuigí creidmheas cánach in -aisíoctha i roinnt tíortha
Mar atá imlínithe thuas tá béim níos mó curtha ag roinnt tíortha ar chur chuigí sonraithe.
Mar gheall air sin, is fiú breithniú ar na cur chuigí glactha ag roinnt tíortha tacaíocht ioncam
leanaí a struchtúrú trí mheán creidmheasanna cánach. Tá suim faoi leith ag baint leis na
córais a n-oibrítear sna SA, san Astráil agus sa RA.
Na Stáit Aontaithe
Oibríonn na SA creidmheas cánach inaisíoctha ar a dtugtar Creidmheas Cánach Ioncaim
Thuillte (CCIT nó CIT), a chiallaíonn go bhfuil sé tástáilte agus deartha chun dreasacht
fostaíochta do theaghlaigh ar íseal go meánioncam a sholáthar. Athraíonn an méid
creidmheasa ag brath ar an leibhéal ioncaim agus an líon leanaí cáilitheacha á dtacú. Tá
riachtanais aoise agus chónaitheacha le comhlíonadh le bheith glactha mar leanbh
cáilitheach. Is féidir le hoibreoirí gan leanaí cáiliú do CCIT má chomhlíonann siad na
riachtanais ioncaim agus eile. Tá struchtúr trí chéim mar chuid lárnach den chreidmheas ina
bhfuil céim isteach, ardchéim agus céim amach. Léirítear i bhFigiúr 7-5 an méid creidmheasa
ag brath ar líon an teaghlaigh agus ioncaim bunaithe ar an mbliain chánach 2009
(coibhéiseach in euro).
Ciallaíonn sé sin mar shampla do dhuine le beirt leanbh cháilitheacha go bhfuil an
creidmheas 40% den chéad $12,570 (€10,095) d'ioncam tuillte ag sroicheadh ardchéim
$5,028 agus ag fanacht ansin go dtí go méadaíonn tuillimh thar $16,420 (€13,001) ag an
bpointe a thosaíonn an creidmheas ag céimiú amach ag 21.06% agus ag sroicheadh náid
nuair a sháraíonn tuillimh $40,295 (€31,904). Tá na teorainneacha níos airde do lánúin
phósta a dhéanann comhthuaraisceán cánach (ag comhchomhdach) agus ardaítear na
hardchéimeanna $5,000 (€4,065) níos mó.
247
Figiúr 7-5: Léaráid de ríomhadh CCIT d'ioncaim agus líon an teaghlaigh (2009)
€0
€500
€1,000
€1,500
€2,000
€2,500
€3,000
€3,500
€4,000
€4,500
€5,000
€0 €7,086 €10,095 €13,001 €28,078 €31,904 €34,267
Ion
cam
bli
an
túil
(in
eu
ro)
Íocaíocht CCIT bliantúil (in euro)
CCS (1 Leanbh)
CCS (2 leanbh)
CCS (3 leanbh)
An Astráil
Tá sampla eile idirnáisiúnta tugtha ag Sochar Cánach Teaghlaigh na hAstráile. Níl íocaíocht
Sochar Leanaí uilíoch ag an Astráil. Tá dhá pháirt i Sochar Leanaí Teaghlaigh – Cuid A (do
thuismitheoirí nó cúramóirí chun cabhrú le costas leanaí a thógáil) agus Cuid B ( a thugann
cúnamh do theaghlaigh aontuismitheora agus do theaghlaigh dhá thuismitheora le
príomhioncam amháin sa chás go roghnaíonn tuismitheoir amháin fanacht sa bhaile nó
roinnt oibre ar phá a chothromú le cúram a thabhairt do leanaí. Tá teidlíocht don sochar
bunaithe ar ioncam incánaithe an teaghlaigh sa bhliain airgeadais luaite. Is féidir íocaíocht a
dhéanamh tar éis do dhuine tuairisceán cánach a chur ar aghaidh nó go roimh ré bunaithe ar
mheastachán ioncam inchánaithe le linn na bliana airgeadais le próiseas réitigh ag deireadh
na bliana airgeadais. Tá feidhmiú Creidmheas Cánach Teaghlaigh na hAstráile léirithe i
bhFigiúr 7-6 agus Figiúr 7-7.144
144 Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, lth. 65.
248
Figiúr 7-6: An Astráil – creidmheas cánach A, 2005
Figiúr 7-7: An Astráil – creidmheas cánach B, 2005
An Ríocht Aontaithe
Cuireann Creidmheas Cánach Leanaí (CCL) sa RA léargas níos mó ar fáil ar fheidhmiú agus
struchtúr córas creidmheas cánach/aisíocaíochta bunaithe tacaíochta ioncam leanaí. Tugadh
Creidmheas Cánach Leanaí (CCL) isteach sa RA in Aibreán 2003 ag an am céanna le
Creidmheas Cánach Oibre (CCO). Tháinig an dá chreidmheas sin in ionad sochar Creidmheasa
Cánach Teaghlaigh ag Obair (CCTO). Tá FIT na hÉireann an-chosúil le CCTO an RA. I
gcomhthéacs an athbhreithnithe sin tá forbhreithniú an dá chreidmheas araon ábhartha. Tá
CCL atá iníoctha sa bhreis ar SL bunaithe ar ioncam agus iníoctha cibé an bhfuil duine i
bhfostaíocht nó nach bhfuil. Is féidir le teaghlaigh go léir le leanaí le hioncam suas le £58,000
(€67,200) in aghaidh na bliana (nó suas le £66,000 (€76,500) in aghaidh na bliana má tá
leanbh faoi 1 bhliain d'aois i gceist) éileamh a dhéanamh. Tá iliomad eilimintí i CCL.
Taispeánann Tábla 7-2 uasluach gach eiliminte ach braitheann an méid a fhaigheann duine ar
ioncam.
Íocaíocht choicíse in aghaidh an linbh, $
Ioncam Teaghlaigh Bliantúil, $
Íocaíocht choicíse in aghaidh an linbh, $
Saothraí Tánaisteach
Tuismitheoir aonair
249
Tábla 7-2: Comhchodanna creidmheas cánach leanaí (2009-2010)
Eilimint Méid Bliantúil 2009-2010
Eilimint teaghlaigh (ceann amháin in aghaidh an teaghlaigh) £545 (€632) Eilimint teaghlaigh, leanbh nua saolaithe (íoctha le teaghlaigh le leanbh faoi 1 bhliain d'aois sa bhreis ar an eilimint teaghlaigh
£545 (€632)
Eilimint linbh (lena n-áirítear iad siúd faoi 1 bhliain d'aois íoctha ar gach leanbh)
£2,235 (€2,590)
Eilimint leanbh faoi mhíchumas (íoctha sa bhreis ar an eilimint linbh)
£2,670 (€3,094)
Eilimint leanbh faoi dhianmhíchumas (íoctha sa bhreis ar an eilimint linbh agus an eilimintí leanbh faoi mhíchumais)
£1,075 (€1,245)
Bunaithe ar an mbliain chánach 2009-2010 d'fhéadfadh duine le beirt leanaí agus ioncam
bliantúil £15,000 (€17,400) ach neamhcháilitheach do chreidmheas cánach oibre creidmheas
cánach linbh $5,020 (€5,819) - a fháil - coibhéiseach le £96.32 (€111.65) in aghaidh na
seachtaine. Is íocaíocht é CCO chun breis a chur le tuillimh lucht oibre ar ísealphá (cibé i
bhfostaíocht nó féinfhostaithe) lena n-áirítear iad siúd gan leanaí. Cosúil le CCL, tá an-chuid
eilimintí i CCO agus áirítear méideanna breise maidir le costas cúramleanaí 'cláraithe' nó
'faomhaithe' mar shampla – clúdaítear suas le 80% de chostais chúramleanaí cháilitheacha
suas go méid uasta ag brath ar líon na leanaí. Is fiú $140 (€162) in aghaidh na seachtaine
(uasmhéid £175 x 80%) an eilimint chúramleanaí do theaghlaigh le leanbh amháin agus €240
(€278) in aghaidh na seachtaine (uasmhéid £300 x 80%) do theaghlaigh le beirt nó níos mó
leanaí.
Íoctar CCO sa bhreis ar CCL. Bunaithe ar an mbliain chánach 2009-2010 d'fhéadfadh
aontuismitheoir nó lánúin le beirt leanaí ag obair 30 uaire in aghaidh na seachtaine agus le
hioncam £10,000 (€11,590) in aghaidh na bliana creidmheas cánach £8,155 (€9,453) a fháil.
Tá feidhmiú Creidmheas Cánach Teaghlaigh an RA léirithe i bhFigiúr 7-8.
250
Figiúr 7-8: RA - Tacaíocht ioncaim bhliantúil don chéad leanbh (2010)
€0
€500
€1,000
€1,500
€2,000
€2,500
€3,000
€3,500
€4,000
Eilimint linbh
Eilimint Teaghlaigh
Iomlán CCL
I Meán Fómhair 2010 d'fhógair Comhrialtas na RA nua athruithe dá scéim Sochar Leanaí mar chuid dá nAthbhreithniú Caiteachais ilbhliantúil. Cosúil le hÉirinn tá teaglaim de chláir uilíocha agus roghnacha ag an RA do theaghlaigh le leanaí. Faoi shocruithe reatha is íocaíocht uilíoch é Sochar Leanaí RA agus íoctar í suas go 19 mbliana d'aois dóibh siúd in oideachas lánaimseartha nó 16 i gcásanna eile agus íoctar é ag an ráta £20.30 (€23.53) in aghaidh na seachtaine do leanaí eile – a chiallaíonn go bhfaigheann teaghlach le 3 leanbh beagnach £2,500 (€2,898) in aghaidh na bliana. Leis an Athbhreithniú Caiteachais tá imeacht ó phrionsabal uilíochais i dtéarmaí Sochar Leanaí tríd an íocaíocht a tharraingt siar ó theaghlaigh le cáiníocóir ráta níos airde ó Eanáir 2013 (sé sin iad siúd a íocann cáin ag ráta 40 nó 50 faoin gcéad, is é an pointe gearrtha ná £44,000 (€51,000) in aghaidh na bliana). In éifeacht is é aidhm an RA ná tastáil mhaoine a dhéanamh ar Shochar Leanaí tríd an gcóras cánach. Tá an beart sin deartha chun £2.5 billiún a shábháil in aghaidh na bliana faoi 2014-15. Samhlaítear go n-úsáidfear cuid de na coigiltis chun roinnt mhéaduithe thar innéacs a mhaoiniú sa Chreidmheas Cánach Leanaí do theaghlaigh ar ísealioncam le linn na tréimhse 2011 -2013. Tá sé deimhnithe ag Ciste an RA nach mbeadh aon éifeacht tomhaiste ag na bearta sin ar rátaí bochtanas leanaí bunaithe ar anailís ó shamhail mhicrinsamhlúcháin shochair chánach.145
Tá impleachtaí an chur chuige sin beagán neamhshoiléir cé go bhfuil roinnt saincheisteanna aithnithe ag Institiúid Staidéir Fhioscacha na RA lena n-áirítear tarraingt siar Sochar Leanaí nuair is cáiníocóir ag an ráta níos airde duine de lánúin is cuma faoi chomhioncam an lánúin agus an éifeacht ar dhreasachtaí do theaghlaigh le leanaí. Mhol an Institiúid go raibh
145
Spending Review 2010, HM Treasury (2010), lth. 99 – 98.
251
saincheist na ndreasachtaí tábhachtach go háirithe i gcásanna go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh daoine fásta le leanaí a gcuireann a n-ioncam iad faoi bhun tairsigh cánach ioncaim ráta níos airde, níos measa as le méadú beag in ioncam. D'fhéadfadh an chaoi lena ndéileáiltear leis na saincheisteanna teicniúla sin a bheith mar chúis leis an bhfad ama a thógtar chun na bearta sin a chur i bhfeidhm.146
Fionnachtain 7-1: Cuireann an chuid is mó tíortha tacaíocht airgeadais ar fáil do
theaghlaigh agus leanann siad na cuspóirí céanna ach d'fhéadfadh cur chuigí a bheith
difriúil.
Cuireann tíortha go léir beagnach tacaíocht airgeadais ar fáil do theaghlaigh. Fad is gur féidir
difríochtaí sna cur chuigí a fheiceáil tá na cuspóirí polasaí a leantar cosúil lena chéile.
Forbraíodh tacaíocht airgeadais do theaghlaigh thar am agus léiríonn siad coinníollacha
sóisialta agus eacnamaíochta atá ag athrú. Taispeánann anailís go bhfeidhmíonn i bhfad os
cionn leath de thorthaí na ECFE córas uilíoch. Níl mórán éagsúlachta sa leibhéal aoise
normalaí ag a n-íoctar sochar. Tá éagsúlachtaí sa mhéid a íoctar trasna tíortha. Tá ráta
íocaíochta na hÉireann ard go coibhneasta agus méadaíodh é go suntasach sa tréimhse ó
2002 go 2009. In ainneoin caiteachais níos airde tá rátaí bochtanais in Éirinn ard go
coibhneasta agus mar sin tá Éire mar asluiteach i gcomparáid le roinnt tíortha go háirithe na
Stáit Nordacha. Tá caiteachas ar sheirbhísí tábhachtach agus tá éifeacht dhearfach aige ar
thorthaí bochtanais.
7.5 Achoimre
Tugann an chaibidil seo forbhreathnú ar thaithí tíortha eile i dtéarmaí caiteachais ar
thacaíochtaí ioncam leanaí. I Mír 7.1 rinneadh breithniú ar chaiteachas TIL sa chomhthéacs
idirnáisiúnta agus ag aithint go bhfuil saincheisteanna sainmhínitheacha ann idir stáit difriúla
ar a bhfuil i gceist le tacaíochtaí ioncam leanaí tá caiteachas na hÉireann ar a leithéid de
chláir ard go coibhneasta. Scrúdaíodh i Mír 7.2 córais sochair leanaí trasna na hEFCE agus
taispeántar go raibh éagsúlachtaí ann idir stáit i dtéarmaí cibé ar íocadh sochair ar bhonn
uilíoch nó roghnach agus leibhéal na híocaíochta. Ní raibh an méid sin éagsúlachta i dtéarmaí
na haoise is airde lena raibh íocaíochtaí á ndéanamh. Breithníodh i Mír 7.3 torthaí bochtanas
leanaí trasna na hECFE agus taispeánadh gur chaith Éire leibhéil shuntasacha níos airde
caiteachais ar shochair airgid ach dá ainneoin sin bhí an ráta bochtanais in Éirinn níos airde
ná meán na hECFE. Sa deireadh féachadh i Mír 7.4 ar na leasuithe úrnua in íocaíochtaí leanaí
sa chomhthéacs idirnáisiúnta. Breithníodh ar an treocht béim níos mó a chur ar bhonn
sonraithe le tagairt do na córais chreidmheasa cánach mar a feidhmíodh iad sna SA, san
Astráil agus sa RA.
146
http://www.ifs.org.uk/publications/5297 (arna rochtain 29 Deireadh Fómhair, 2010).
252
CAIBIDIL 8: PRÓISEAS COMHAIRLIÚCHÁIN
Príomhriachtanas sa phróiseas athbhreithnithe LAA is ea comhairliúchán a dhéanamh le
scairshealbhóirí a thugann deis do páirtithe leasmhara agus saineolaithe sa réimse ionchur a
dhéanamh sa phróiseas. Ar aon dul leis an bpróiseas sin rinneadh próiseas comhairliúcháin
don athbhreithniú sin. Sa phróiseas comhairliúcháin rinne saineolaithe polasaí anailís atá
clúdaithe i mír 8.1, agus aighneachtaí scríofa ó ghrúpaí tacadóirí a ndéileáiltear leo i mír 8.2.
8.1 Saineolaithe polasaí
Chun tuiscint an Ghrúpa Stiúrtha ar na saincheisteanna timpeall cláir agus polasaí TIL a
leathnú agus chun a mbreithniúcháin a chur níos mó ar an eolas tugadh cuireadh do thriúr
saineolaithe polasaí ionchur a sholáthar don phróiseas. Ba iad Dr. John Sweeney ó CNES, Dr.
Olivier Bargain ó OÉ Bhaile Átha Cliath agus an tOllamh Tim Callan na hITES na saineolaithe.
Chuir Dr. Sweeney forbhreathnú ar litríocht reatha ar fáil bainteach le tacaíochtaí ioncam
leanaí agus an ról a bhí ag na tacaíochtaí sin cabhrú le costas leanaí a thógáil (athdháileadh
cothrománach) agus bochtanas leanaí a laghdú (athdháileadh ingearach). Bunaithe ar
thorthaí na taighde sin áitíodh gur chóir tosaíocht a thabhairt do ról TIL tabhairt faoi
bhochtanas leanaí ar na forais go bhfuil cás morálta le déanamh deireadh a chur le
bochtanas leanaí chomh maith le cás eacnamaíoch mar is féidir le hinfheistíochtaí a dhéantar
i bhforbairt luath-óige torthaí thar chúrsa an tsaolré a éascú. Thug an Dr Sweeney faoi deara
gur féidir srian a chur leis an tosaíocht pholaitiúil sannaithe chun deireadh a chur le
bochtanas leanaí a bhaint amach leis an mhian ghinearálta um chomhréir uilíoch íocaíochtaí
TIL a choinneáil.
Molann torthaí na litríochta freisin ag leibhéal áirithe ioncam teaghlaigh nach bhfuil feabhas
suntasach ar fhorbairt linbh trí mhéaduithe breise ar an leibhéal sin ioncaim. Mar sin éiríonn
an cheist cad eile atá ag teastáil chun leibhéil bhochtanas leanaí a laghdú. Tugann fianaise
idirnáisiúnta aird ar an bhfíric cé go gceapann tíortha ar fad forbartha go bhfuil sé deacair
bochtanas leanaí a laghdú, gan trácht ar bhochtanas leanaí a dhíothú, baineann roinnt stát
go príomhúil iad sin lonnaithe sa Chríoch Lochlann rátaí níos ísle bochtanas leanaí amach. Go
ginearálta cuireann na stáit sin a bhaineann rátaí ísle bochtanas leanaí amach cur chuige
ilghnéithe agus leis sin sa bhreis ar TIL infheistíonn an stát freisin i soláthar seirbhísí
bainteach le leanaí.
253
Cé go bhfuil ardleibhéal caiteachais ag Éirinn ar TIL tá rochtain ar sheirbhísí bainteach le
leanaí lag go leor i dtéarmaí idirnáisiúnta agus tá leibhéil ard leanaí faoi riosca bochtanais.
Do na teaghlaigh sin atá ar leibhéil ísle ioncaim tá rochtain acu ar sheirbhísí riachtanacha ach
méadaíonn costais do sheirbhísí go mear de réir mar a thagann feabhas ar ioncam
teaghlaigh. Ag leanúint ar aghaidh ón bhfianaise sin d'áitigh an Dr Sweeney gur chóir TIL a
fheiceáil i dtéarmaí cion tairbhe a dhéanamh bochtanas leanaí a laghdú agus go bhfuil
rochtain ar sheirbhísí cáilíochta riachtanach do theaghlaigh ar ísealioncaim fad is a mbíonn
siad ar ísealioncam. Sa bhreis air sin is é an chosaint is fearr i gcoinne bochtanas leanaí ná
tuillimh thuismitheoirí agus tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh aosaigh chomh tábhachtach le
TIL maidir le tionchar a imirt ar 'ioncam leanaí'. Tháinig an Dr Sweeney ar an gconclúid ag
tabhairt na comhairle bunúsaí seo a leanas maidir le tabhairt faoi bhochtanas leanaí: cuir
cárta míochaine ar fáil do leanaí go léir; tógáil ar an scéim Luathchúram agus Oideachas
Leanaí trí í a fadú siar bliain amháin; agus tabhairt isteach íocaíocht dara shraith do TIL.
Tharraing an Dr. Bargain ar a chuid oibre ar chostas linbh agus barainneacht mhórscálach.
Don chéad uair eile sainaithníodh ról polasaí TIL in athdháileadh cothrománach agus
ingearach mar chúrsaí tábhachtacha le cur san áireamh. Ó thaobh dearcadh cothromas
cothrománach de tá glactha leis go gciallaíonn cúnamh do theaghlaigh ionramháil
chomhionann ar bhonn cothrom. Tugann é sin aird ar úsáid bharainneacht mhórscálach do
mheastachán costas linbh. Mar sin féin d'fhéadfadh úsáid bharainneacht mhórscálach a
bheith neamhchruinn de bhrí go mbíonn éagsúlachtaí idir theaghlaigh. Moltar i dtaighde
úrnua a bhaineann úsáid as teicníochtaí modheolaíochta bunaithe ar thomhaltas earraí ag
daoine fásta i dteaghlaigh go bhféadfaí costas linbh a bheith éagsúil ó thimpeall 10% go níos
mó ná 20% de chostas dhuine fásta. Mar sin féin is féidir leis an gcur chuige sin
formheastachán a dhéanamh ar fhíorchostas linbh de bhrí nach bhfuil am tugtha do
chúramleanaí curtha san áireamh sna ríomhaireachtaí. Is é an rud is fiú tabhairt faoi deara ná
an toradh go méadaíonn costais leanaí de réir mar a theann duine suas an athdháileadh
ioncaim.
Chuir an Dr Bargain scrúdú ar éifeacht polasaithe sochair ag an obair ar bhochtanas agus
bochtanas leanaí mar shampla ar éifeachtacht ionstraimí athdháilte ingearaigh. Mhol a
anailís go bhfuil FIT éifeachtach bochtanas a laghdú i measc an daonra oibre ní hamháin de
bharr éifeacht athdháilte na híocaíochta ach freisin de bharr na héifeachta dreasachta i
measc grúpaí áirithe faoi riosca ó bhochtanas go háirithe teaghlaigh aontuismitheora. Mar
sin féin níl an íocaíocht ar fáil do gach duine ar ísealioncam agus ba chóir FIT a roinnt in
eilimintí linbh agus neamhlinbh a chur san áireamh in argóintí cothromais agus
éifeachtúlachta araon. Ba é an chomhairle a thug an Dr. Bargain mar chonclúid don Ghrúpa
ná breithniú ar bharainneacht mhórscálach i gcomhthéacs athdháileadh inteaghlaigh agus
éifeacht mhéaduithe ar rátaí TIL ar phátrúin tomhaltais dhaoine fásta.
254
Thug an tOllamh Callen forbhreithniú ar fhorbairtí polasaí maidir le TIL. An phríomhcheist a
sainaithníodh ná cérbh iad na bearta polasaí a choinneáil leanaí ó bhochtanas. Fad is gur
ionstraim é TIL sonraithe ar leanaí tá ioncam tuistí cibé ó fhostaíocht nó leas sóisialach
lárnach do bhochtanas leanaí a réiteach. Rinneadh tagairt do ról íocaíochtaí TIL maidir le
cuspóirí athdháilte chothrománaigh agus ingearaigh araon. I dtéarmaí athdháileadh
cothrománach bhí dhá ghné de TIL gur fiú a thabhairt faoi deara. ag roinnt costas leanbh a
thógáil níos leithne idir na glúinte agus ag athdháileadh acmhainní agus ioncaim thar chúrsa
an tsaoilré. Mar sin féin tá sé deacair éifeachtacht na ngnéithe sin d'íocaíochtaí TIL a
thomhas. I gcodarsnacht tá sé i bhfad níos éasca cuspóirí athdháilte ingearaigh a thomhas
mar is féidir leis an táscaire ‘ eolas a chur ar fáil ar cé chomh héifeachtach is atá na
híocaíochtaí sa troid i gcoinne bochtanas leanaí.
Cé go bhfuil roinnt gearradh siar i TIL mar íocaíocht uilíoch níor chóir don íocaíocht dul
rófhada i dtreo íocaíocht roghnach mar bheadh impleachtaí aige sin ar dhreasachtaí oibre. Ar
an láimh eile tá impleachtaí macreacnamaíochta don chothromas idir SL agus MLC agus mar
sin tá sé riachtanach ní hamháin an suíomh fioscach a chur san áireamh ach an suíomh
fostaíochta agus leibhéil na n-íocaíochtaí sin á dheimhniú. Maidir leis na hionstraimí TIL eile
tá fadhbanna ag baint le FIT fós go háirithe i dtéarmaí tógáil suas. Fad is atá taighde déanta
sa réimse sin tá níos mó oibre ag teastáil chun méid na faidhbe a dheimhniú.
Maidir le conas is féidir TIL a leasú mhol an tOllamh Callen go dtabharfadh córas sochar
leanaí inchánaithe agus comhtháite torthaí bochtanais leanaí feabhsaithe. Mar sin féin tá
saincheisteanna teicníochta agus riaracháin a d'fhéadfadh bac a chur leis an bhforbairt sin cé
gurbh fhéidir déileáil leo sin thar am. Ar an láimh eile, murar féidir a leithéid d'fhadbhanna a
réiteach ansin d'fhéadfadh forlíonadh sochar leanaí nó creidmheas cánach inaisíoctha a
mhalairt de réiteach a chur ar fáil.
Thug an tOllamh Callen conclúid le roinnt mholtaí ar conas monatóireacht a dhéanamh ar
dhul chun cinn tabhairt faoi bhochtanas leanaí. Cur chuige amháin ná meicníocht ilsrathach a
úsáid a dhéanfadh gluaiseachtaí i bhfíorioncaim a rianadh chomh maith le hathruithe i
mbochtanas comhleanúnach agus rátaí ‘faoi riosca bochtanais ’araon. Go háirithe b'ancaire
maith fadtéarmach an táscaire ‘faoi riosca bochtanais’ chun forbairtí thar am a thomhas. Ach
de bharr íogaireacht an táscaire sin d'athruithe in ioncam go ginearálta bhreiseodh
meicníocht mhonatóireachta srathach an tuiscint ar éifeachtacht cur chuigí polasaí.
255
8.2 Comhairliúchán le grúpaí tacadóirí polasaí.
D'fhreagair cúig scairshealbhóir déag ó na comhpháirtithe sóisialta agus grúpaí pobail agus
deonacha d'iarratas ar aighneachtaí scríofa ar na saincheisteanna leagtha amach sna
Téarmaí Tagartha don athbhreithniú.147 Sna haighneachtai bhí doiciméid ghearra leathanach
nó dhó go haighneachtaí cuimsitheacha 12 go 15 leathanach. Go ginearálta chuir
scairshealbhóirí fáilte roimh an deis aighneacht a chur ar fáil agus bhí aitheantas ann gur am
cuí é chun athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí Tacaíochta Ioncam Leanaí. Áitíodh i roinnt
aighneachtaí gur chóir go mbeadh an t-athbhreithniú leathan ina scóip agus éifeachtacht
polasaí TIL laistigh de chomhthéacs polasaí níos leithne a chur san áireamh go háirithe ó
pheirspictíocht tacaíochtaí ioncaim do dhaoine fásta agus seirbhísí do leanaí. Shainaithin
roinnt de na haghneachtaí freisin na prionsabail ar chóir TIL a bhunú lena n-áirítear an
riachtanas tabhairt faoi bhochtanas leanaí agus ag an am céanna gan dearmad a dhéanamh
go bhfuil gá le héifeachtúlacht acmhainne. Aithníodh freisin an riachtanas do chóras leasa
shóisialaigh chothromais a thugann tús áite do leasa leanaí i roinnt aighneachtaí.
Réasúnaíocht do chaiteachas
Bhí comhaontas láidir sna haighneachtaí de thábhacht Sochar Leanaí mar íocaíocht uilíoch a
chabhraíonn le costas leanaí a thógáil. Aithníodh tábhacht an phrionsabail chothromais
cothrománaigh agus léirigh sé an luach a chuir sochaí na hÉireann ar leanaí agus an
riachtanas do chúnamh an Stáit chun leanaí a thógáil. Dá bharr áitíodh gur chóir uilíocht na
híocaíochta Sochar Leanaí a chothú. Bhí aitheantas ann freisin go raibh ról ag Sochar Leanaí
in athdháileadh ingearach sé sin i mbochtanas leanaí a laghdú. Mar thoradh ar ilchuspóirí a
bheith ann mhol aighneacht amháin go mbeidh sé deacair i gcónaí do TIL a chinntiú go
gcomhlíonfar na cuspóirí sin go léir.
Sa bhreis air sin chonacthas nach raibh polasaí TIL a dhóthain ina cheart féin chun tabhairt
faoi bhochtanas leanaí agus léirigh roinnt aighneachtaí an tábhacht a bhain le tacaíochtaí
ioncam daoine fásta mar chuid den réiteach chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí. Áitíodh go
raibh córas cosanta sóisialta comhtháite riachtanach agus ba chóir é sin a chur san áireamh i
gcomhthéacs an athbhreithnithe.
147
Is iad seo a leanas na grúpaí: Barnardos, Comhairle Náisiúnta na mBan, Open, Clann Amháin, INOU, Comhpháirtíocht Vincentian um Cheartas Sóisialta, Treoir, Cuimsiú Éireann, Comhaontas Cearta Leanaí, Curam, Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí, Naomh Uinseann de Pól, Start Strong, Focus Ireland and Cónaidhm Fhostóirí agus Ghnó na hÉireann (BEC). Chuir Barnardos, an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus Naomh Uinseann de Pól forlíonta dá n-aighneachtaí mar bhaill de Comhghuaillíocht um Dheireadh a chur le Bochtanas Leanaí ar fáil.
256
Éifeachtúlacht chaiteachais
Ag déanamh trácht ar chomh éifeachtúil is a bhí a gcuid cuspóirí bainte amach ag cláir TIL,
bhí an tuairim ann nach raibh na scéimeanna éifeachtach i dtabhairt faoi bhochtanas leanaí.
Cé gur aithníodh buntáistí Sochar Leanaí mar íocaíocht uilíoch in aghneachtaí cuireadh
teorainn ar éifeachtacht na híocaíochta tacaíocht a chur ar fáil do leanaí sna teaghlaigh is
boichte de bhrí nár díríodh í ar theaghlaigh ar ísealioncam. Ar an láimh eile tugadh faoi deara
in aighneacht amháin nach bhfuil aon chomhaontú ar an leibhéal costais bainteach le leanaí
a thógáil ba chóir a shóisialú. Rinneadh trácht in aighneacht eile gur theip Sochar Leanaí
idirdhealú a dhéanamh idir aois leanaí mar bhain costais éagsúla le grúpaí éagsúla. Sa
deireadh thiar glaodh ar Shochar Leanaí a íoc do thuismitheoirí leanaí ag iarraidh tearmainne
i gcúpla aighneachtaí ionas go dtabharfadh sé tacaíocht do leanaí go léir sa Stát.
Maidir le MLC bhí ábhair imní ann i roinnt aighneachtaí cé gur díríodh an íocaíocht sin ar na
leanaí is boichte sa stát d'fhéadfadh sé a bheith ina dhídhreasacht oibre go háirithe dá
mbeadh méadú san íocaíocht. Bhí ábhair imní ann freisin go gcaillfí an íocaíocht dá n-
aistreodh an faighteoir ó leas sóisialach go dtí an obair agus ní raibh aon uathaistriú i gceist
d'íocaíocht tacaíochta leanaí ag an obair ar nós an FIT. Dibhéirsíodh ar an leibhéal cuí
íocaíochta do MLC in aighneachtaí. iarradh i gceann amháin go méadófar an íocaíocht fad is
gur iarradh cur chuige níos dúshlánaí i gceann eile seachas na rátaí íocaíochta amháin a
mhéadú.
Sna haighneachtaí bhí cáineadh go ginearálta ar FIT ag tabhairt faoi deara gur íocaíocht
choimpléascach agus trioblóideach é. Dá bharr bhí tógáil suas íseal aige ó fhaighteoirí
poitéinsiúla agus dá réir ag laghdú a héifeachtachta a chuspóirí a chomhlíonadh. Féachadh ar
an bpróiseas iarratais ina raibh ról ag an bhfostóir sa phróiseas iarratais mar bhac. Cáineadh
eisiamh lucht féinfhostaithe freisin. Glaodh in aighneacht amháin ar an íocaíocht a
dhéanamh níos solúbtha agus níos inoiriúnaithe do choinníollacha oibre daoine sna cúinsí
eacnamaíochta reatha go háirithe i dtéarmaí an choinníolla faoin méid uaireanta a oibríodh.
Áitíodh in aighneacht eile ar mhéaduithe níos flaithiúla do theaghlaigh beaga ar FIT agus ar
na tairsigh tarraingt siar a laghdú. Glaodh san aighneacht sin freisin ar na tairsigh FIT a
choigeartú chun cúiteamh a dhéanamh d'athruithe i ráta nó critéir cháilitheachta do Shochar
Leanaí nó sa chóras cáin ioncaim.
Sainaithníodh i gcúpla aighneachtaí an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua mar
thacaíocht úsáideach do chostas leanaí a thógáil. Mar sin féin tugadh faoi deara go raibh an
scéim sin éifeachtach costais mhéadaithe in oideachas a chomhlíonadh agus glaodh sna
haighneachtaí ar scéim cíosa leabhar a bhunú. Pléadh in aighneacht amháin ról an Forlíonta
257
Luathchúram Leanaí mar thacaíocht ioncam leanaí agus rinneadh trácht gur iarracht é a
theip tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh le costas luathchúram agus seirbhísí oideachais.
Cuireadh fáilte roimh an mBliain Scoile saor in aisce mar chéim dhearfach cé gur ceapadh go
raibh teorainn lena héifeacht
Éifeachtacht cláir reatha a fheabhsú
Fuarthas amach éagsúlacht freagairtí ag breithniú ar na hathruithe gur féidir a dhéanamh do
na cláir reatha chun feabhas a chur ar a n-éifeachtacht agus ar a n-éifeachtúlacht. Moladh in
aighneacht amháin gur féidir leibhéal na híocaíochta a nascadh le hinnéacsanna áirithe mar
atá leagtha amach in I dTreo 2016, a d'fhéadfaí a mhaolú de réir mar a tháinig feabhas ar na
hinnéacsanna sin. Moladh in aighneacht eile córas riaracháin níos lárnaí agus níos uilíoch a
chruthú. Chonacthas go raibh sé inmhianaithe in aighneacht eile leanaí agus a gcuid
riachtanas a chur ag croílár na dtacaíochtaí. Bhí glaonna freisin do spriocthacaíochtaí níos
fearr.
Pléadh i roinnt aighneachtaí leorgacht íocaíochtaí TIL agus leibhéal na tacaíochta go
ginearálta. Bhí mian ghinearálta ann leibhéil reatha íocaíochta a chothú. Áitíodh in
aighneacht amháin gur chóir rátaí Sochar Leanaí a athshuitiú ag leibhéil 2009 murar tugadh
isteach leasuithe eile. Áitíodh in aighneacht eile i gcoinne moladh laghdaithe 20% ar Shochar
Leanaí i dtuarascáil McCarthy. Glaodh ar fhorluach MLC a chothú in aighneacht eile tríd an
íocaíocht chun cúiteamh a dhéanamh ar aon athruithe sa ráta nó critéir cháilitheachta do
Shochar Leanaí nó íocaíochtaí eile leasa shóisialaigh a choigeartú. Ar an láimh eile iarradh
athbhreithniú in aighneacht eile chun breithniú a dhéanamh ar cibé arbh fhéidir cláir
chaiteachais TIL a leasú chun leibhéil níos fearr tacaíochta a chur ar fáil fad is ag cothú nó fiú
ag soláthar sábháiltí don státchiste.
A mhalairt de chur chuigí polasaí nó eagraíochtúla
Bhí comhaontú ginearálta sna haighneachtaí faoin gceist ar a mhalairt de pholasaí nó cur
chuigí eagraíochtúla gur príomhrogha leasaithe é íocaíocht shonraithe dara shraith ar chóir a
bhreithniú go hiomlán. Leis sin is éard a bheadh i gceist ná FIT agus MLC a chónascadh in aon
íocaíocht amháin do theaghlaigh go léir ar ísealioncam ar aon dul le moladh na CNES. D'íocfaí
é sin ba chuma ar tháinig an t-ioncam ó leas sóisialaigh nó obair. Bheadh an beart nua sin
comhuaineach leis an íocaíocht Sochar Leanaí. Ba chóir an íocaíocht nua a chur ar bun chun
dreasacht a chur le fostaíocht agus deimhin a dhéanamh de nach gcrutheofar gaistí
bochtanais.
258
Mar sin féin áitíodh in aighneacht amháin nach ndeimhneodh íocaíocht dara shraith a
thabhairt isteach go mbeadh leanaí go léir i dteaghlaigh ísealioncam cosanta ó bhochtanas
mar ní bheadh sé a dhóthain chun dul in ionad an ioncaim a thagann ó FIT mar atá sé
struchtúrtha dóibh siúd ar ioncaim an-íseal. Dá bharr, d'fhéadfadh dídhreasachtaí
fostaíochta a bheith mar thoradh ar íocaíocht dara shraith. Ina ionad, glaodh ar
fhíorluachanna MLC, FIT agus rátaí leasa shóisialaigh dhaoine fásta a chothú agus an scéim
FIT a bhreisiú san aighneacht sin. Tacar polasaí níos éifeachtúla ó thaobh costais de a bheadh
ansin a dúradh san aighneacht deartha chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí.
Áiríodh i gcur chuigí eile molta in aighneachtaí ná na córais Leasa Shóisialaigh agus Cánach
Ioncaim a indibhidiúlú go hiomlán a mbeadh comhtháiteach dhá chóras i gceist chun a
chinntiú go gcuirfear tacaíocht suntasach shingil ar fáil do leanaí go léir go cothrom. Moladh
córas Creidmheasanna Cúraim a dhearfaí chun feabhas suntasach a chur ar thorthaí
bainteach le leanaí a thógáil in aighneacht eile.
Éifeacht níos leithne polasaí – seirbhísí a chur ar fáil
Bhí aitheantas ginearálta ann sna haighneachtaí nach raibh tacaíochtaí ioncam leanaí iontu
féin a dhóthain chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí agus is éard atá ag teastáil ná feabhas a
chur ar sheirbhísí poiblí do leanaí agus teaghlaigh. Áitíodh in aighneacht amháin gur féidir é
sin a dhéanamh trí cuid de chaiteachas TIL a athdhíriú isteach i soláthar seirbhísí.
Sainaithníodh réimse croísheirbhísí le feabhsú. Áiríodh iontu sin tacaíochtaí cúramleanaí
agus fostaíochta chun cabhrú le tuismitheoirí imeacht ó leas sóisialach agus isteach i
bhfostaíocht.
Sainaithníodh luathchúram agus oideachas luath-óige mar thacaíocht thábhachtach a
chabhródh i bhforbairt agus leas leanaí.. Sainaithníodh tacaíochtaí sláinte agus tithíochta
freisin ag imirt ról tábhachtach bochtanas leanaí a laghdú. Áiríodh i moltaí faoi na catagóir
sin teidlíocht do chártaí míochaine a leathnú do theaghlaigh go léir le leanaí faoin aois 8
mbliana d'aois; coinneáil siar an chárta leighis dóibh siúd go léir ag cáiliú d'íocaíocht dara
shraith is cuma faoi fhoinse an ioncaim go dtí go mbeidh a leanaí 18 d'aois; agus teaghlaigh a
aistriú atá ina gcónaí i gcóiríocht ar cíos ó Fhorlíonadh Cíosa go Scéim um Chóiríocht ar Cíos
tar éis sé mhí in ionad bliain amháin.
Forbhreithniú
Tugadh faoi shaincheisteanna leagtha amach sna Téarmaí Tagartha don athbhreithniú go
ginearálta sna haighneachtaí fad is gur léiríodh ábhair imní agus leasa scairshealbhóirí a n-
259
eagraíochtaí féin. Glacadh leis go ginearálta sna haighneachtaí go raibh dhá phríomhchuspóir
i bpolasaithe TIL: ag rannchuidiú le costas leanaí a thógáil agus ag cabhrú le bochtanas leanaí
a laghdú. Fad is gur aontaíodh sna haighneachtaí gur chóir an ghné íocaíochta uilíoch de
Sochar Leanaí a chothú bhí tuairimí éagsúla ann maidir leis an leibhéal cuí íocaíochta ba chóir
a bheith ann do leanaí nó comhréir na n-íocaíochtaí TIL ba chóir a chur chuig an ionstraim
íocaíochta uilíoch. Aontaíodh freisin sna haighneachtaí nach raibh íocaíochtaí TIL mar a bhí
siad struchtúrtha faoi láthair éifeachtach chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí. Sainaithníodh
fadhbanna i roinnt aighneachtaí leis an gcóras reatha go háirithe maidir le FIT. Mar sin féin,
seachas fadhbanna áirithe a shainaithint gur chóir a réiteach ní dheachaigh aighneachtaí go
ginearálta chomh fada le moltaí comhtháite a chur ar fáil maidir le conas a d'fhéadfaí cláir
reatha a athrú chun feabhas a chur ar a n-éifeachtacht agus a n-éifeachtúlacht.
Maidir le moltaí dá mhalairt de chur chuigí polasaí bhí tacaíocht shuntasach ann íocaíocht
dara shraith shonraithe a fhorbairt cé gur imíodh in aighneacht amháin ó chomhdhearcadh
tuairime ar an gcur chuige sin ag áiteamh struchtúir agus cláir reatha a fheabhsú.
Breithníodh sna haighneachtaí freisin ar éifeacht níos leithne polasaithe TIL don tsochaí agus
bhí aontú ginearálta ann go raibh sé riachtanach feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí dá mba
rud é go bhféadfaí tabhairt faoi bhochtanas leanaí go héifeachtach. Ar an láimh eile níor
breithníodh i mórán de na haighneachtaí conas ba chóir acmhainní reatha a dháileadh chun
na seirbhísí sin a sholáthar. Ar an iomlán tagann na saincheisteanna a sainaithníodh sna
doiciméid aighneachta leis na saincheisteanna a ndéileáladh leo san athbhreithniú.
8.3 Achoimre
Tugann an chaibidil seo forbhreathnú ar na torthaí ón bpróiseas comhairliúcháin. Tá sé
soiléir ón bpróiseas seo go bhfuil polasaí láidir agus tacaíocht scairshealbhóirí ann do
leanúint ar aghaidh le caiteachas ar thacaíochtaí ioncam leanaí. Glacadh go ginearálta freisin
le tábhacht prionsabal cothromais cothrománmaigh cabhrú le teaghlaigh um leanaí a thógáil.
Sa bhreis air sin aontaíodh go ginearálta nach raibh scéimeanna tacaíochta ioncam leanaí
chomh héifeachtach maidir le bochtanas leanaí a laghdú is a d'fhéadfadh siad a bheith.
Sainaithníodh réimse leasuithe chun feabhas a chur ar thorthaí bochtanas leanaí ó leasuithe
struchtúrtha cláir reatha go dtí a mhalairt de chur chuigí mar an íocaíocht tacaíochta leanaí
dara shraith nó cáin a ghearradh ar shochar leanaí. Sa deireadh thiar ba theachtaireacht
chomónta é an riachtanas feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí do leanaí agus teaghlaigh mar
mhodh chun tabhairt faoi bhochtanas leanaí a bhí le feiceáil sna haighneachtaí scríofa agus ó
na grúpaí tacadóirí polasaí araon agus ó thuairimí agus anailís ó na saineolaithe polasaí.
260
CAIBIDIL 9: CAITEACHAS AR TIL – BAINTEACHT LEANÚNACH AGUS LEASÚ
FÉIDEARTHA
Is é sprioc leathan Chaibidil 9 ná breithniú a dhéanamh ar an oiread a fhírinníonn na cuspóirí
leithdháileadh maoinithe phoiblí agus scrúdú a dhéanamh ar an scóip atá ann le haghaidh
bealaí cuir chuige malartacha polasaí nó eagraíochtúla, chun na cuspóirí seo a bhaint amach
ar bhonn níos éifeachtúla agus/nó níos éifeachtaí. Déanann Cuid 9.1 breithniú ar cé acu an
bhfuil nó nach bhfuil fírinniú leanúnach ann le haghaidh leithdháileadh caiteachais.
Fiosraíonn Cuid 9.2 an méid caiteachais cuí agus an meascán caiteachais. Déanann Cuid 9.3
breithniú ar leasú ar chláir ar leith agus ar na tionchair airgeadais agus eile a bhíonn ag leasú.
Déanann Cuid 9.4 cur síos ar íocaíochtaí TIL i gcomhthéacs leasaithe ar íocaíochtaí aois oibre
agus déanann Cuid 9.5 plé ar aithint na dtáscairí feidhmíochta a d'fhéadfaí a úsáid chun
monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na bpolasaithe agus na gclár TIL. Soláthraíonn
Cuid 9.6 forbhreathnú ar na moltaí sa tuarascáil agus cuireann cuid 9.7 bailchríoch ar an
gcaibidil le hachoimre.
9.1 Fírinniú an leithdháilte leanúnaigh caiteachais
Díríonn an chuid seo ar an gceist measúnaithe: “Céard é fírinniú an leithdháilte leanúnaigh
cistí poiblí ar pholasaí tacaíochta ioncaim do leanaí agus ar chláir bhainteacha?” Agus €2.3
billiún measta i gceist i rith 2010, tá an caiteachas ar thacaí ioncaim do leanaí an-suntasach ó
thaobh an bhuiséid iomláin leasa shóisialaigh €21.1 billiún agus an caiteachas reatha poiblí
go ginearálta (thart ar €50 billiún). Is ionann é agus athdháileadh suntasach cumhacht
cheannaigh ar theaghlaigh ina bhfuil leanaí cleithiúnacha agus ar theaghlaigh atá ar bheagán
airgid go háirithe. I gcomhréir leis an modheolaíocht a bhaineann leis an bpróiseas
athbhreithnithe LAA agus polasaí, déanann fírinniú leanúnach an chaiteachais seo talamh
slán de go bhfuil comhcheangal de thacaíocht ón bpobal dá leithéid d'athdháileadh,
easnamh meicníochtaí féideartha eile chun an méid seo a bhaint amach agus cumas na gclár
éagsúil comhchoda a leithéid d'athdháileadh a sholáthar go héifeachtúil agus go
héifeachtach.
9.1.1 Tacaíocht pholasaí agus páirtithe leasmhara
Mar a taispeánadh sa phróiseas comhairliúcháin, tá an chuma air go bhfuil tacaíocht láidir
pholasaí agus páirtithe leasmhara ann do leanúint de chaiteachas ar thacaí ioncaim do
261
leanaí. Ina theannta sin, tugann an anailís ar na ráitis pholasaí éagsúla maidir le tacaíocht
ioncaim do leanaí a ndearnadh breithniú orthu i gCaibidil 2, tugann sí le fios go bhfuil (faoi
réir rabhaidh áirithe faoin gcothromaíocht idir an leibhéal tacaíochta do thacaíocht uilíoch in
áit tacaíochta spriocdhírithe) tacaíocht láidir ann go fóill do mhéid áirithe athdháilte ar
theaghlaigh ina bhfuil leanaí agus do laghdú bochtaineachta i measc leanaí.
9.1.2 Fáil ar mheicníochtaí eile
Meicníochtaí féideartha eile atá ann trínar féidir acmhainní a athdháileadh ar theaghlaigh ina
bhfuil leanaí ná (a) tríd an gcóras cánachais, (b) trí dhearbháin nó trí sholáthar seirbhísí poiblí
"comhchineáil" a thiocfadh roimh an ngá a bheadh le tacaíocht airgid thirim nó (c) trí
eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna).
An córas cánach mar mheicníocht mhalartach
Rinne an córas cánachais soláthar le haghaidh athdháileadh ioncaim indiúscartha ar
theaghlaigh ina raibh leanaí trí oibriú liúntais chánach do leanaí suas go dtí lár na 1980idí.
Ach cuireadh deireadh lena leithéid de liúntais i 1986 nuair a tugadh isteach an íocaíocht
sochar linbh agus mar chuid de straitéis fhoisteanach rialtais chun bealach cuir chuige níos
comhtháite a chur i bhfeidhm ar sholáthar tacaíochta do theaghlaigh. Fágadh eilimint áirithe
d'athdháileadh spriocdhírithe ar theaghlaigh ar bheagán ioncaim i bhfeidhm, trí oibriú
breiseanna a bhain le leanaí agus a bhí curtha le tairseacha díolúine cánach, ach tá laghdú
mór tagtha ar thábhacht na nithe seo le blianta beaga anuas (tagairt riachtanas). Mar sin, cé
go bhféadfaí méid áirithe athdháilte a bhaint amach do theaghlaigh áirithe taobh istigh den
chóras cánach, ní bheadh baint ag an gcóras cánachais leis na teaghlaigh sin nach bhfuil
ioncam acu.
Is é an phríomhfhadhb atá ann le soláthar athdháilte do theaghlaigh tríd an gcóras
cánachais, go háirithe teaghlaigh ar bheagán ioncaim, ná nach bhfuil ioncam inchánach ar
bith acu nó ioncam inchánach neamhleor chun go n-oibreodh córas creidmheasanna cánach
"nach bhfuil in-aisíoctha". Ba ghá córas creidmheasanna cánach "in-aisíoctha" a thabhairt
isteach chun an fhadhb seo a réiteach. Sholáthair sé seo an bunús atá le moltaí éagsúla
leasaithe sa RA le blianta beaga anuas, áit arbh é an bealach cuir chuige i leith tacaíocht
spriocdhírithe do theaghlaigh ina bhfuil leanaí a leasú ná trí é a bhogadh ó scéim
chaiteachais (Creidmheas Cánach Teaghlaigh ag Obair) go dtí an córas cánachais
(Creidmheas Cánach Linbh). Go héifeachtach, bhí tacaíocht á soláthar do theaghlaigh tríd an
gcóras cánach in áit an chórais leasa shóisialaigh. B’ionann seo agus leasú bunúsach ar an
262
modh seachadta tacaíochta do theaghlaigh148 agus déantar breithniú ar na himpleachtaí níos
leithne a bhainfeadh le leasú den chineál seo níos faide anonn sa chaibidil seo.
Athsholáthar le dearbháin nó seirbhísí comhchineáil
Dá bhfaighfí amach go mbeadh torthaí níos fearr ann mar gheall air seo, d'fhéadfaí rud eile a
chur in áit íocaíochtaí airgid thirim mar thacaíocht ioncaim do leanaí, trí sholáthar dearbhán
a d'fhéadfaí a fhuascailt ar cheannach na n-earraí cuí nó trí sheirbhísí a chabhraíonn le costas
tógála leanaí nó a laghdaíonn bochtaineacht i measc leanaí.
Tá roinnt argóintí ann ar son úsáid dearbhán in áit íocaíochtaí airgid thirim. Mar shampla, dá
mbeidís nasctha le ceannach earraí áirithe nó i siopaí áirithe, d'fhéadfaí iad a nascadh go
sainráite le caiteachas a bhaineann le leanaí. D'fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar
dhearbháin go ndéanfaí "lipéadú" níos fearr ar an tairbhe, ar mhaithe le leanaí cleithiúnacha.
Ar thaobh eile na seithe, tá roinnt míbhuntáistí ag baint leis an gcur chuige seo chomh maith.
Bhainfeadh sé solúbthacht ó thuismitheoirí agus iad ag cinneadh ar an rud is mó atá chun
leas a leanaí. D'fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air chomh maith go ngabhfadh na
soláthraithe luach na cumhachta caiteachais a thugtar do theaghlaigh agus d'fhéadfadh
praghsanna a bheith curtha as a riocht mar thoradh air. Mar fhocal scoir, meastar córais
dearbhán a bheith níos costasaí le reáchtáil i gcomparáid le córais airgid thirim agus
d'fhéadfadh stiogma a bheith ag baint leo chomh maith. Ar na fáthanna seo, cuireadh
deireadh le córais dearbhán sa chóras leasa shóisialaigh de réir a chéile (m.sh. bhí dearbháin
ime mar ghné den chóras go dtí 1999, nuair a cuireadh deireadh leo).
Is léir go bhfuil seirbhísí áirithe, go háirithe sna hearnálacha oideachais agus sláinte, go bhfuil
siad á soláthar cheana féin agus an cuspóir ar leith seo i gceist, mar shampla, an scéim béilí
scoile san earnáil oideachais agus seirbhísí péidiatraiceacha san earnáil sláinte. Tá sé seo cuí
go háirithe do sheirbhísí a sholáthraítear i dteannta a chéile, ar dócha nach soláthródh an
margadh iad go himleor chun an t-éileamh a shásamh nó a mbeadh iarmhairtí doghlactha
dáilte mar thoradh orthu (amhail vacsaíniú agus príomhsheirbhísí cúram sláinte). Ina
theannta sin, d'fhéadfaí a mhaíomh go bhféadfadh roinnt comhsheirbhísí áirithe
barainneacht scála (nó scóipe) a bhaint amach trí sholáthar díreach ina áit tacaíocht ioncaim
a sholáthar do thuismitheoirí chun iad a cheannach ar son a leanaí (amhail clóis súgartha do
leanaí nó áiseanna caithimh aimsire nó cúram leanaí).
148
Jane Millar, ‘Making work pay, making tax credits work: An assessment with specific reference to lone-parent employment’, International Social Security Review, Imleabhar 61, (2008), lch 21 – 37.
263
D'fhéadfaí breithniú a dhéanamh chomh maith ar sholáthar tacaíochta do theaghlaigh ina
bhfuil leanaí, trí sheirbhísí a bhaineann le leanaí. Go deimhin, taispeánann comparáidí
idirnáisiúnta go bhfuil caiteachas na hÉireann ar thacaíocht airgid thirim i bhfad níos airde ná
caiteachas ar sheirbhísí a bhaineann le leanaí (go háirithe i gcomparáid leis na tíortha sin ina
mbaintear torthaí bochtaineachta níos fearr amach). D'fhéadfaí a mhaíomh mar sin go
bhféadfadh roinnt caiteachais ar shochair airgid thirim do leanaí toradh níos fearr a bhaint
amach, má úsáidtear iad chun seirbhísí áirithe a sholáthar ar an leibhéal comhiomlán. Ach tá
cuid mhaith de na costais a bhaineann le tógáil leanaí (bia, éadaí, tithíocht srl.) níos oiriúnaí
do chinntí taobh istigh den aonad teaghlaigh agus cuireann an fhíric seo teorainneacha
suntasacha leis an oiread a d'fhéadfaí íocaíochtaí airgid thirim a athsholáthar le seirbhísí
comhchineáil ar leith a bheadh dírithe ar theaghlaigh ar leith.
Féidearthacht an tsoláthair ag ENRanna
An bhféadfaí breithniú a dhéanamh ar íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí a sholáthar
trí eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna)? Cé go bhfuil go leor eagraíochtaí
neamhrialtasacha ann a bhfuil sainordú nó guth láidir polasaí acu maidir le leanaí,149 nó a
sholáthraíonn roinnt forlíontaí ioncaim do theaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ina bhfuil
leanaí, ní bheadh sé féideartha ná cuí a bheith ag brath ar ENRanna chun córas náisiúnta
aistrithe a sholáthar do theaghlaigh ina bhfuil leanaí. Ní bheadh teacht ag a leithéid
d'eagraíochtaí ar an méid acmhainní ná ar an eolas agus na hacmhainní riaracháin a bheadh
de dhíth chun scéim mhór tacaíochta ioncaim a reáchtáil.
9.1.3 Athbhreithniú rialta ar bhainteacht pholasaí
Tarraingítear an cheist anuas go minic maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an caiteachas
ar thacaí ioncaim do leanaí cumraithe ar an mbealach is fearr. Cé gurb é seo an chéad uair a
rinneadh athbhreithniú ar an bpolasaí TIL (nó ar cheann ar bith dá phríomhchláir
chomhdhéanaimh) mar chuid den chlár luacha ar airgead agus athbhreithnithe polasaí, tá
athbhreithniú rialta déanta ar an bpolasaí tacaíochta ioncaim do leanaí é féin ó tugadh
isteach é. Déanta na fírinne, bhí sé mar chonclúid ag Tony McCashin ina leabhar ar an gcóras
leasa shóisialaigh in Éirinn go bhfuil sé "suntasach gurb é an cineál tionscnamh polasaí is
coitianta (maidir le tacaíocht ioncaim do leanaí) ná an iarracht chun an córas de thacaíocht
ioncaim do leanaí a dhíriú níos mó ar theaghlaigh ar bheagán airgid. I ngach aon
deichbhliain ó na 1940í, tá ceannairí polaitiúla agus tráchtairí polasaí tar éis ceist uilíocht an
tSochair Linbh a tharraingt anuas agus an gá atá le cáin a ghearradh air nó tástáil
149 Féach mar shampla na heagraíochtaí a dhéanann an chomhghuaillíocht ar son Deireadh a Chur Le Bochtaineacht i Measc Leanaí ionadaíocht ar a son http://www.endchildpoverty.ie/about/index.html
264
acmhainne a dhéanamh air ionas go mbainfidh teaghlaigh ar bheagán ioncaim an leas is mó
as. Níor aistríodh na moltaí seo ina bpolasaí riamh."150
Le roinnt deichbhlianta anuas, tá an polasaí ar TIL á bhreithniú ag an gCoimisiún um Leas
Sóisialach (1986), an CNES (1990), an grúpa athbhreithnithe SL, an Grúpa Oibre ar
Chomhtháthú na gcóras Cánach agus Leasa Shóisialaigh (1996) agus an CNES (2007). Tá na
tuarascálacha athbhreithnithe seo go léir tar éis glacadh le bainteacht leanúnach an
chaiteachais ar thacaíocht ioncaim do leanaí ann féin agus ba ghnách don chuid is mó den
anailís agus moltaí a bheith dírithe ar an gcothromaíocht idir uirlisí uilíocha agus
spriocdhírithe. Níor cheistigh na tuarascálacha seo cén fáth a bhfuil an íocaíocht SL ann, ach
leag siad béim ina áit sin ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar réimse na n-uirlisí
roghnaitheacha mar dara ciseal íocaíochtaí chun torthaí níos fearr a bhaint amach maidir le
bochtaineacht i measc leanaí.
Pléadh ceisteanna maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht an chaiteachais go mion i
gCaibidil 4. De réir na hanailíse seo agus an ionchuir sa phróiseas comhairliúcháin, tá an
chuma air go mbíonn sé de nós ag tráchtairí nó páirtithe leasmhara ar bith a bhfuil buarthaí
orthu aird níos mó a dhíriú ar leasú ar an bpolasaí tacaíochta ioncaim do leanaí ina cheart
féin, in áit a bheith ag ceistiú cén fáth a bhfuil an caiteachas á dhéanamh go leanúnach in
aon chor.
9.1.4 Oibleagáidí idirnáisiúnta
Tá roinnt coinbhinsiún idirnáisiúnta daingnithe ag Éirinn mar aon le cuid mhaith tíortha
forbartha eile, ina bhfuil soláthar le haghaidh cosaint leasa shóisialaigh. Cuireann na
coinbhinsiúin seo ceangal ar an tír dhaingniúcháin coimirce shóisialach a sholáthar le
haghaidh teagmhais áirithe, amhail dífhostaíocht nó breoiteacht. Tá Éire páirteach i
gcoinbhinsiún Uimh. 102 de chuid an EIS agus i gCód comhchosúil Eorpach ar Leas Sóisialach
a chuimsíonn caighdeáin íosta áirithe maidir le híocaíochtaí do leanaí agus do theaghlaigh.
Tá tacaí á soláthar ag Éirinn faoi láthair atá i bhfad os cionn na gcaighdeán sin agus bheadh
sé tábhachtach go mbeadh aon athruithe a dhéanfaí ar TIL i gcomhréir lenár ngealltanais
idirnáisiúnta faoi na coinbhinsiúin seo.
Fionnachtain 9-1: Fírinniú leanúnach an chaiteachais ar TIL
Tá sé mar chonclúid ag an athbhreithniú gur féidir leanúint den chaiteachas chun tacaíocht a
sholáthar do theaghlaigh a fhírinniú, le béim ar leith ar theaghlaigh ar bheagán ioncaim.
150
Anthony McCashin, Social Security in Ireland, lth. 104.
265
Agus aird ar an tacaíocht láidir páirtithe leasmhara agus an fháil theoranta atá ar
mheicníochtaí malartacha chun aschur comhchosúil a bhaint amach, athbhreithniú rialta ar
an réimse polasaí agus oibleagáidí idirnáisiúnta, tá sé mar chonclúid ag an athbhreithniú gur
féidir caiteachas acmhainní poiblí ar chláir thacaíochta ioncaim do leanaí a fhírinniú go
leanúnach.
9.2 Méid agus meascán foriomlán an chaiteachais
Is é aidhm na coda seo agus an dá chuid ina dhiaidh sin ná díriú ar na ceisteanna
measúnaithe seo a leanas: “Cé na hathruithe ar (i) pholasaí foriomlán maidir le TIL, (ii) an
meascán idir cláir ar leith, agus (iii) dearadh agus oibriú na gclár ar leith a d'fheabhsódh
éifeachtúlacht agus tionchar an pholasaí agus na gclár sa réimse seo?” Díríonn Cuid 9.2 ar an
gcéad cheann acu seo, trí bhreithniú a dhéanamh ar mhéid foriomlán an chaiteachais ar
thacaíocht ioncaim do leanaí agus díríonn Cuid 9.3 ar na himpleachtaí le haghaidh dhearadh
agus oibriú na gclár ar leith.
Nuair a chuirtear a ilchuspóirí san áireamh, an bhfuil an Rialtas ag caitheamh méid rómhór,
méid róbheag nó méid atá díreach ceart ar chláir TIL? Tá na daoine atá ag argóint nach bhfuil
go leor á chaitheamh againn ag díriú ar an bhfíric go bhfuil leibhéil bhochtaineachta níos mó
ann i measc leanaí agus go bhfuil méadú mór tagtha ar na costais a bhaineann le tógáil
leanaí, go háirithe na costais sin a bhaineann le cúram íoctha leanaí, i rith na tréimhse atá
faoi athbhreithniú, in ainneoin méadú mór ar a leithéid de thacaí. Go hidirnáisiúnta, tá sé
soiléir go bhfuil an caiteachas foriomlán ar thacaíocht ioncaim do leanaí réasúnta ard in
Éirinn, fiú nuair a dhéantar comparáid leis na tíortha sin ina mbaintear torthaí níos fearr
amach.
Agus easpa ráitis shoiléir faoi shainroghanna sochaíocha agus rialtais ann maidir le
fíorleibhéal na tacaíochta do theaghlaigh ina bhfuil leanaí, d'fhéadfaí leas sóisialach
foriomlán a fheabhsú in ainneoin laghdú ar chaiteachas tacaíocht ioncaim do leanaí i
gcásanna áirithe.
Ar an gcéad dul síos, tugann an leibhéal caiteachais réasúnta íseal ar sheirbhísí a
bhaineann le leanaí le fios go bhféadfadh torthaí suntasacha a bheith ann do leas
leanaí ó chaiteachas breise spriocdhírithe.
266
Ar an dara dul síos, ós rud é go bhfuil an pacáiste tacaíochta ioncaim do leanaí níos
ísle ná an líne baol bochtaineachta, dhíreodh meascán tacaí atá níos airde agus níos
roghnaithí ar chuid den bhearna seo.
Ar an tríú dul síos, tá na leibhéil ísle ioncam fostaíochta, go háirithe i measc
tuismitheoirí aonair, ina fhachtóir tábhachtach maidir leis an ioncam íseal teaghlaigh
seo agus d'fhéadfadh tionchar níos mó a bheith ag tacaí nó ionchur breise atá dírithe
go speisialta orthu seo ar leas leanaí.
Tugann na pointí seo le fios nach gá go mbeadh torthaí agus tionchair níos fearr ar leanaí
mar thoradh ar chaiteachas méadaithe ar thacaí airgid thirim faoin struchtúr íocaíochtaí atá
ann faoi láthair. Déanta na fírinne, dá n-athrófaí struchtúr na n-íocaíochtaí le díriú ar bhonn
níos fearr ar an gcomhbhabhtáil pholasaí atá pléite san athbhreithniú, d'fhéadfaí torthaí níos
fearr a bhaint amach do leanaí trí chaiteachas comhiomlán níos ísle ar thacaí ioncaim agus
an coigilteas á chaitheamh ar fheabhsú na seirbhísí a bhaineann le leanaí, sa chás go bhfuil
sé i gcomhréir le srianta buiséadacha. Thug cuid mhaith de na tráchtanna a rinneadh mar
chuid den phróiseas comhairliúcháin le fios gur gá go mbeadh seirbhísí níos fearr do leanaí
agus leasú ar an gcóras íocaíochtaí in éineacht le caiteachas ar thacaí ioncaim.
Fionnachtain 9-2: Torthaí níos fearr neamhdhóchúil ó chaiteachas breise TIL
Tháinig méadú suntasach ar an méid caiteachais ar thacaí ioncaim do leanaí i rith thréimhse
an athbhreithnithe agus tá sé suntasach go fóill in ainneoin ciorrú a rinneadh le déanaí.
Bheadh sé níos éasca conclúid chinnte ar leibhéal foriomlán an chaiteachais a dhéanamh dá
mbeadh léargas soiléir ann ar cén méid breise a bheadh ar leanbh agus cuspóir soiléir polasaí
maidir le cé mhéad den chostas seo a roinnfí idir teaghlaigh ar láimh amháin agus an tsochaí
i gcoitinne ar an láimh eile. Ach i bhfianaise na hanailíse san athbhreithniú, níl an chuma ar
an scéal go mbainfí amach torthaí níos fearr do leanaí ó chaiteachas méadaithe ar thacaí
ioncaim amháin. Sa chás go n-atreofaí acmhainní reatha agus amach anseo chuig seirbhísí a
bhaineann le leanaí nó chuig íocaíochtaí a bheadh níos spriocdhírithe taobh istigh de
struchtúir leasaithe TIL, d'fhéadfaí torthaí do leanaí a choinneáil nó a fheabhsú fiú le laghdú
réasúnta beag ar chaiteachas. Is é an tuairim atá san athbhreithniú ná go bhféadfaí torthaí
comhchosúla nó níos fearr a bhaint amach leis na hacmhainní atá ann cheana, má dhéantar
leasú struchtúrtha spriocdhírithe ar sheirbhísí do leanaí.
Agus "imchlúdach caiteachais" luaite in easnamh, is léir go bhfuil ceist an mheascáin chuí de
bhearta uilíocha agus spriocdhírithe ríthábhachtach. I rith thréimhse an athbhreithnithe,
laghdaíodh méid na comhbhabhtála trí spleáchas mór ar íocaíochtaí uilíocha. An bhfuil an
bealach cuir chuige seo cuí go fóill sa chás eacnamaíoch agus fioscach atá ann faoi láthair,
nuair a chuirtear na príomhchuspóirí polasaí TIL agus cuspóirí eile san áireamh, amhail
coinneáil dreasachtaí margadh saothair agus díriú ar chostas an chúraim leanaí? An mbeadh
267
meascán polasaí eile de bhealaí cuir chuige uilíocha agus roghnaitheacha níos éifeachtaí i
mbaint amach cúnaimh do gach teaghlach ina bhfuil leanaí cleithiúnacha agus i ndul i ngleic
le bochtaineacht i measc leanaí, chomh maith le dreasachtaí le glacadh le hobair íoctha a
choinneáil nó a fheabhsú ag an am céanna? Tugann an anailís i gCaibidil 4 agus sa chéad
chuid eile le fios nach féidir mórán d'fheabhsú a dhéanamh ar an gcothromaíocht sa
struchtúr íocaíochta atá ann faoi láthair. D'fhéadfaí tuilleadh acmhainní a dhíriú trí uirlisí
roghnaitheacha agus d'éascódh leasú na n-uirlisí atá ann faoi láthair ar an gcaoi atá pléite i
gCaibidil 5 é seo, ach rachadh dídhreasachtaí airgeadais in olcas de bharr róspleáchais ar
uirlisí roghnaitheacha atá ann faoi láthair agus ghéaródh sé neamhréireanna idir uirlisí
roghnaitheacha chomh maith (go háirithe MLCanna agus FIT).
Fionnachtain 9-3: Cás láidir ar son féidearthacht leasaithe struchtúrtha ar pholasaí agus ar chláir TIL
a scrúdú
Tá sé mar chonclúid ag an athbhreithniú gur féidir cás láidir a dhéanamh ar son leasú
struchtúr na dtacaí i bhfianaise (i) staid an airgeadais phoiblí faoi láthair, (ii) athrú féideartha
ar an gcothromaíocht idir an dá phríomhchuspóir atá mar bhonn leis an tacaíocht seo agus
(iii) tuilleadh buartha ghinearálta faoi éifeachtacht an chaiteachais ar laghdú bochtaineachta
i measc leanaí. Bheadh an chonclúid seo níos láidre fiú i gcás go raibh níos lú acmhainní ar
fáil, ach baineann sé le méid na n-acmhainní faoi láthair chomh maith. Ina ainneoin seo, is
an tuairim mheáite atá san athbhreithniú ná go bhfuil tairbhí ag baint le straitéis mheasctha
agus aithnítear ann go gcuireann sé seo teorainn leis an oiread athchothromaithe is féidir a
thriail. Laghdófaí cuid de na srianta sin trí leasú féideartha ar struchtúir íocaíochta. Molann
an t-athbhreithniú go mbeadh an straitéis fhoriomlán á stiúradh le múnla measctha soláthair
a sheachnaíonn míbhuntáistí na mbealaí cuir chuige a bhí ann roimhe seo (mídhreasachtaí
fostaíochta an bhealaigh cuir chuige sna 1980í/1990í a bhí roghnaitheach go príomha agus
costais mhóra an chórais atá uilíoch go príomha le deich mbliana anuas). Go praiticiúil,
d'fhéadfadh an chomhchuid uilíoch a bheith níos lú ná an chomhchuid roghnaitheach i rith
blianta áirithe, ach má tá luach an SL le bogadh i bhfad faoi bhun na heiliminte roghnaithí,
molann an t-athbhreithniú gur chóir breithniú mór a dhéanamh ar leasú struchtúrtha a chur
chun cinn ar na bealaí a ndéantar breithniú orthu sna moltaí seo a leanas.
9.3 Leasúcháin fhéideartha clár agus struchtúrtha
Is é aidhm na coda seo ná díriú ar na ceisteanna measúnaithe: “Céard iad na hathruithe i …
ndearadh agus oibriú na gclár ar leith a d'fheabhsódh éifeachtacht agus tionchar polasaí
agus clár sa réimse seo?” Is féidir réimse bealaí cuir chuige malartacha chun éifeachtacht
agus éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach i gcaiteachas TIL a aithint. Agus na critéir ar
féidir leasuithe a mheasúnú ina n-aghaidh leagtha amach, (9.3.1), déanann an chuid
athbhreithniú ar chuid de na bealaí cuir chuige seo a d'fhéadfadh bealach cuir chuige
268
measctha (rud a thugann spleáchas níos mó ar ionstraimí spriocdhírithe ná mar a bhí ann
roimhe seo le fios) a chomhcheangal le híoslaghdú an tionchair fhéideartha dhiúltaigh ar
dhídhreasachtaí oibre a eascraíonn ó leibhéal spriocdhírithe níos mó. Is féidir na bealaí cuir
chuige seo a mhiondealú go garbh ina dtrí phríomhchatagóir agus tá achoimre déanta orthu i
dTábla 9-1:
fanacht taobh istigh de na struchtúir TIL atá ann faoi láthair, le leasú féideartha ar
eilimintí áirithe (9.3.2): Déanann sé seo talamh slán de go bhféadfaí bealach cuir
chuige measctha a bhaint amach taobh istigh den struchtúr íocaíochtaí atá ann faoi
láthair go príomha (SL, MLCanna agus FIT) trí luach coibhéiseach gach íocaíochta a
athrú le leasú féideartha ar leibhéal scéime chun a éifeachtacht agus a
éifeachtúlacht a fheabhsú;
athruithe taobh istigh den scéim SL amháin chun roghnaitheacht níos mó a bhaint
amach (9.3.3): Díríonn sé seo ar leasú na híocaíochta sochar linbh trí mheicníocht
cánachais nó tástála acmhainne amháin;
Bealaí cuir chuige comhtháite i leith leasú (9.3.3): Díríonn sé seo ar thrí bhealach cuir
chuige i leith leasú, a bhfuil nádúr struchtúrtha ag baint leo, trí iarracht a dhéanamh
réimse reatha na n-íocaíochtaí a chomhtháthú.
Tábla 9-1: Cur chuige straitéiseach leathan i leith leasú íocaíochtaí Tacaíochta Ioncaim do Leanaí
Catagóirí Bealaí cuir chuige féideartha
Fanacht taobh istigh de na struchtúr reatha TIL
1. Athchothromú caiteachais taobh istigh de na struchtúir clár atá ann faoi láthair nó atá leasaithe
Athruithe taobh istigh den scéim SL chun roghnaíocht mhéadaithe a chinntiú
2. Sochar Linbh a dhéanamh inchánach 3. Sochar Linbh a chur faoi réir tástáil ioncaim nó acmhainne
Leasú a dhéanamh ar chóras na n-íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí
4. Creidmheas cánach in-aisíoctha a thabhairt isteach maidir le leanaí 5. Íocaíocht tacaíochta ioncaim dara ciseal a chur in áit MLCanna agus FIT 6. Comhtháthú íocaíochtaí TIL le comhchodanna uilíocha agus roghnaitheacha
9.3.1 Leasú polasaí TIL - critéir le haghaidh measúnú
Is é aidhm na coda seo ná na critéir leathana atá mar bhonn le leasú polasaí TIL is féidir a
úsáid chun measúnú a dhéanamh ar na bealaí cuir chuige éagsúla i leith leasú a aithint.
Baineann an pointe tosaigh le cé acu an bhfeabhsaíonn nó nach bhfeabhsaíonn leasuithe an
éifeachtacht agus an éifeachtúlacht lena gcomhlíontar na cuspóirí le haghaidh íocaíochtaí
tacaíochta do leanaí le cláir chaiteachais. Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh sé mar
chuspóir ag leasúcháin ar bith ar an gcóras tacaí ioncaim do leanaí:
269
Méid réasúnta cúnaimh a sholáthar do theaghlaigh le costais tógála leanaí
cleithiúnacha ar bhealach a chinntíonn cúnamh do leanaí (m.sh. infheictheacht na
híocaíochta mar thaca do leanaí)
Torthaí níos fearr a bhaint amach in aghaidh bochtaineachta i measc leanaí
Dídhreasachtaí airgeadais in aghaidh glacadh le fostaíocht a sheachaint
Cur le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí
A bheith féideartha ó thaobh a gcostas agus a n-iarracht feidhmiúcháin de
Nithe eile a chomhlíonadh de réir mar is cuí m.sh. rialacháin an AE a chomhlíonadh,
ualach rómhór ar chustaiméirí a sheachaint)
9.3.2 Athchothromú taobh istigh de na struchtúir TIL atá ann cheana
Cur chuige leathan
Is é an cur chuige a bheadh ann sa chás seo ná an meascán caiteachais a athrú ó mheascán
uilíoch go meascán roghnaitheach, taobh istigh den struchtúr atá ann faoi láthair go
príomha. Chuimseodh sé seo (mar a rinneadh i gcáinaisnéisí le déanaí) coinneáil na
struchtúr atá ann cheana le haghaidh tacaíocht TIL, ach athchothromú caiteachais ó SL go
MLCanna agus FIT trí athruithe rátaí nó trí mheicníocht éigin eile. I bhfocail eile, laghdófaí an
ráta íocaíochta SL i gcomhréir le leibhéal foriomlán caiteachais ar TIL, in éineacht le
méaduithe cúiteacha ar MLCanna (d'fhonn luach an phacáiste TIL a choinneáil) agus ar
thairseacha FIT.151 Cé go bhfuil an seans ann go gceapfaí nach bhfuil an bealach cuir chuige
seo i leith leasú chomh radacach le bealaí cuir chuige eile a ndéantar breithniú orthu thíos,
d'fhéadfadh athruithe móra a bheith i gceist leis ar an gcaoi a bhféadfadh gach ceann de na
comhchuideanna oibriú agus idirghníomhú lena chéile, d'fhonn díriú ar chuid de na
heasnaimh a léiríodh faoi na cláir seo i gCaibidil 5.
Mar shampla, d'fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar laghdú foriomlán ar íocaíochtaí SL, in
éineacht le comhdhlúthú rátaí, ós rud é nach bhfuil gá le ról "lipéadaithe bochtaineachta" na
n-íocaíochtaí atá níos airde do theaghlaigh atá níos mó a thuilleadh, i gcás ina bhfuil suntas
níos mó ag baint le híocaíochtaí roghnaitheacha. Agus breis acmhainní á soláthar
d'íocaíochtaí roghnaitheacha, tá na hargóintí polasaí ar son íocaíochtaí SL níos mó don tríú
leanbh nó do leanaí ina dhiaidh sin níos laige agus d'fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar an
mbearna eatarthu seo a laghdú. Ina theannta sin, d'fhéadfaí breithniú a dhéanamh chomh
151
Mar shampla, mhéadódh méadú ar an MLC seachtainiúil gach tairseach FIT de mhéideanna difriúla agus é faoi réir líon na leanaí. Dhéanfadh méadú €10 in aghaidh na seachtaine ar luach an MLC méadú €14 in aghaidh na seachtaine ar an tairseach le haghaidh teaghlaigh ina bhfuil aon leanbh amháin agus méadú €72 in aghaidh na seachtaine le haghaidh teaghlaigh ina bhfuil ceathrar leanaí.
270
maith ar athruithe móra ar an gcaoi a n-oibríonn an córas FIT taobh istigh den chomhthéacs
seo (amhail breithniú arís ar choinníoll leibhéal na n-uaireanta a oibrítear agus íocaíocht
chomhuaineach FIT in éineacht le MLCanna i gcásanna áirithe). Bheadh cuspóirí
comhchosúla ag baint lena leithéid de leasú ar leibhéal cláir leis na bealaí cuir chuige atá níos
dírithe ar leasú córasach atá breithnithe thíos (is é sin, spriocdhíriú bochtaineachta níos
éifeachtaí, fad is a dhéantar íoslaghdú ar thionchar na ndídhreasachtaí fostaíochta).
Leagan eile de seo a bheadh ann ná leasú a dhéanamh ar ghnéithe ar leith de gach ceann de
na scéimeanna comhdhéanaimh, d'fhonn a n-éifeachtacht agus a n-éifeachtúlacht a
fheabhsú. D'fhéadfaí breithniú a dhéanamh chomh maith ar athruithe ar FIT (amhail: cealú
na n-íocaíochtaí comhthráthacha i gcomhréir le tuarascáil McCarthy; athchalabrú na tairsí
FIT chun leibhéal na tacaíochta do theaghlaigh atá níos lú a laghdú; méadú líon na n-
uaireanta le cáiliú le haghaidh FIT). Cé go bhféadfadh a leithéid de leasúcháin oibriú
scéimeanna ar leith a fheabhsú, ní dócha go réiteoidh siad príomhfhadhb dhul in olcas na
ndreasachtaí fostaíochta.
Cúnamh le costas tógála leanaí
Is é an phríomh-éifeacht a bhainfeadh leis an gcur chuige seo ná go laghdófaí an méid
cúnaimh le costas tógála leanaí a sholáthraítear go huilíoch do gach teaghlach. Maidir le
teaghlaigh ar bheagán ioncaim, choinneofaí (nó mhéadófaí) an méid tacaíochta trí uirlisí
roghnaitheacha eile a leanfaí dá n-oibriú.
Laghdú bochtaineachta leanaí
Tá sé d'acmhainneacht ag an gcur chuige seo acmhainní a aistriú chuig na daoine is mó a
bhfuil siad de dhíth orthu agus tá sé d'acmhainneacht aige tionchar dearfach a imirt ar
bhochtaineacht i measc leanaí chomh maith dá bharr.
Seachaint dídhreasachtaithe airgeadais
Bheadh an tionchar ar dhídhreasachtaí airgeadais faoi réir athchothromú an mheascáin
caiteachais a baineadh amach idir SL, MLCanna agus FIT go príomha agus an oiread is féidir
na híocaíochtaí deireanacha seo a struchtúrú, chun an dreasacht a choinneáil le glacadh le
nó le fanacht ag obair. Ach bheifí ag súil leis go ngéaródh sé seo na dídhreasachtaí
fostaíochta, ós rud é go gcaillfí MLCanna nuair a ghlacfadh faighteoir leasa shóisialaigh le
post agus theipfeadh air díriú ar chuid mhaith de na fadhbanna struchtúrtha a bhaineann leis
na híocaíochtaí reatha.
271
Tionchar ar airgeadas poiblí
Bheadh an tionchar ar airgeadas poiblí faoi réir an oiread athchothromaithe a dhéanfaí ar an
meascán caiteachais. Bhí glanchoigilteas €122 milliún mar thoradh ar na bearta a fógraíodh i
gCáinaisnéis 2010, nuair a rinneadh laghdú €16 in aghaidh na míosa ar rátaí SL, ach go
ndearnadh méadú coibhéiseach ar MLCanna agus FIT.
Féidearthacht an chuir i bhfeidhm
Bheadh sé de bhuntáiste ag an gcur chuige seo go bhfuil sé éasca é a thuiscint (simplíocht)
agus réasúnta éasca le riar, ós rud é go mbeadh sé ag brath go príomha ar na struchtúir
riaracháin atá ann cheana le bheith curtha i bhfeidhm.
Nithe eile
Ní bheadh aon impleachtaí ag baint leis an mbealach cuir chuige seo maidir leis an gcás atá
ann faoi láthair faoi Rialacháin an AE um leas sóisialach. Choinneodh na híocaíochtaí a
bheadh i gceist a n-aicmiú reatha ar mhaithe le comhordú faoi na Rialacháin seo. Ar an gcaoi
chéanna, leanfadh faighteoirí na híocaíochta de bheith ag ionannú leis na snáitheanna ar
leith ina n-íocaíocht iomlán, cé go bhfuil baol ann nach mbeidh faighteoirí ag ionannú leis an
bpacáiste iomlán TIL agus go mbeidh siad ag ionannú leis an SL laghdaithe amháin. Ach tá sé
de bhuntáiste ag an mbealach cuir chuige seo go leanann sé den lipéadú reatha agus níor
chóir go mbeadh aon tionchar diúltach suntasach ag baint leis ina leith seo.
Fionnachtain 9-4: Acmhainneacht áirithe ann taobh istigh den chóras reatha TIL chun é a
dhéanamh níos éifeachtaí maidir le baint amach cuspóirí, ach tá srianta suntasacha ann
Tá na hathruithe a rinneadh le déanaí ar chaiteachas TIL tar éis an córas a athrú ó bheith
uilíoch go príomha go bheith measctha. Tá acmhainneacht ann go fóill chun an córas a
dhéanamh níos éifeachtaí taobh istigh den chóras tacaí ioncaim atá ann faoi láthair i ndíriú
ar bhochtaineacht i measc leanaí, gan lagú suntasach a dhéanamh ar léibhéal an chúnaimh
do gach teaghlach. Bhainfeadh roinnt leasuithe struchtúrtha amhail cealú an ráta SL atá
níos airde agus é a dhíriú ar íocaíochtaí roghnaithe (i gcomhréir le srianta buiséadacha),
bhainfidís torthaí amach a bheadh pas beag níos fearr maidir le bochtaineacht i measc
leanaí. Cé go mbeadh laghdú breise ar an ráta caighdeánach d'íocaíocht SL in éineacht le
méaduithe ar ionstraimí spriocdhírithe i réimse córais mheasctha go fóill, méadaíonn sé an
baol go lagóidh ionstraimí roghnaitheacha na fachtóirí indíreacha (dreasachtaí fostaíochta)
agus fachtóirí díreacha (rátaí fostaíochta) a chuir leis an laghdú ar bhochtaineacht i measc
272
leanaí le blianta beaga anuas. Mar sin, tá teorainn leis an oiread is féidir torthaí níos fearr a
bhaint amach anseo leis an struchtúr atá ann faoi láthair. Molann an t-athbhreithniú roinnt
athruithe ar an gcóras atá ann faoi láthair (Caibidil 5) a bhféadfaí breithniú a dhéanamh
orthu mar mhodh feabhsaithe torthaí, go háirithe i laghdú bochtaineachta i measc leanaí
agus nach mbeadh neamhréireach le leasú níos bunúsaí, d'fhonn torthaí níos fearr a bhaint
amach.
9.3.3 Caiteachas SL a dhéanamh níos roghnaithí
Déanann an t-athbhreithniú breithniú ar bhealaí cuir chuige atá níos bunaithe ar struchtúr i
leith leasú faoin dara ceannteideal seo, ach baineann siad leis an íocaíocht SL amháin.
SL inchánach
Cur síos leathan
Ní fhéachtar ar ioncam SL mar ioncam inchánach faoi láthair agus ní bhíonn sé san áireamh
sa bhonn cánach dá bharr. Bealach cuir chuige amháin i leith leasú TIL atá ann i bplé polasaí
ó na 1970í ar a laghad ná méadú a dhéanamh ar luach na n-íocaíochtaí SL (mar mhalairt ar
MLCanna), ach cáin a ghearradh air d'fhonn an glanchostas ar an stát maidir leis seo a
laghdú. I ndeireadh na dála, méadaíodh luach an SL go suntasach le deichbhliain anuas ach
níor gearradh cáin air. Bhí an easpa cánachais a ghearrtar ar SL aicmithe ag an gCoimisiún
um Chánachas (2009) mar chaiteachas cánach, rud a bhíonn chun sochair go díréireach do
theaghlaigh ardioncaim agus tá sé seo mar bhonn le moladh a rinne an Coimisiún cáin a
ghearradh ar SL, ach creidmheas cánach do leanaí a thabhairt isteach do theaghlaigh sa
chuid íochtair den dáileadh ioncaim chomh maith. Níor dhírigh an Coimisiún go díreach ar
an argóint cothromaíochta cothrománaí a úsáideadh sa chéad Choimisiún um Chánachas i
gcoinne gearradh cánach ar SL (tagairt ó Chaibidil 1).
Cúnamh le costas tógála leanaí
Sholáthródh an bealach cuir chuige cánachais méid íocaíochta go fóill do gach teaghlach ina
bhfuil leanaí. D'athródh aithint luach na híocaíochta go suntasach agus é faoi réir na caoi a
gcuirfí cánachas i bhfeidhm.
273
Laghdú bochtaineachta leanaí
Ní bheadh tionchar suntasach ag an mbealach cuir chuige seo ann féin ar bhochtaineacht i
measc leanaí agus bheadh sé ag brath ar an oiread acmhainní a d'infheisteofaí in uirlisí
roghnaitheacha. Tá sé d'acmhainneacht ag an mbealach cuir chuige seo acmhainní a
spriocdhíriú ar na daoine is mó a bhfuil siad de dhíth orthu san aon chás go mbeadh na
hacmhainní seo dírithe ar chaiteachas roghnaitheach agus go mbeadh sé d'acmhainneacht
acu bochtaineacht i measc leanaí a laghdú dá bharr (agus an fhéidearthacht ann go mbeadh
torthaí diúltacha dreasachtaí fostaíochta i gceist do na daoine sa chóras cánach agus na
daoine sin atá ag brath ar leas sóisialach araon – féach an chéad chuid eile).
Seachaint dídhreasachtaithe airgeadais
Bheadh an tionchar ar dhídhreasachtaí airgeadais faoi réir cé acu an mbeadh nó nach
mbeadh leasú i réimsí eile de TIL comhcheangailte le cánachas SL go príomha. Ina éagmais
seo, tá sé d'acmhainneacht ag an mbealach cuir chuige seo a bheith mar éifeacht
dídhreasachta, ós rud go gcuirfeadh sé le rátaí imeallacha cánach, go háirithe i gcás dara
saothraithe. Mura mbainfear an chothromaíocht cheart amach, tá an seans ann go rachaidh
na dídhreasachtaí fostaíochta in olcas.
Tionchar ar airgeadas poiblí
Bheadh tionchar dearfach ag an mbealach cuir chuige seo ar airgeadas poiblí ós rud é go
méadódh sé ioncam cánach, in ainneoin nach laghdódh sé caiteachas.
Féidearthacht an chuir i bhfeidhm
Bhainfí cánachas SL amach i bprionsabal trí asbhaint SL trí aisbhaint ar ioncam eile ("códú
isteach") nó trí asbhaint cánach ó íocaíocht SL ag an bhfoinse. Baineann na deacrachtaí a
bhaineann le cáin ar SL leis an sainmhíniú ar agus comhiomlánú ioncaim a shocródh an
chóireáil chánach chuí. Príomhcheist eile a bheadh ann ná cén chaoi a mbaileofaí an cháin .i.
ag an bhfoinse nó trí chódú isteach. Tá sé soiléir go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le
cánachas SL.
Nithe eile
Ní bheadh aon impleachtaí ag baint leis an mbealach cuir chuige seo maidir leis an gcás atá
ann faoi láthair faoi Rialacháin an AE um leas sóisialach. Choinneodh SL a aicmiú reatha ar
274
mhaithe le comhordú faoi na Rialacháin seo. Ach cé go bhféadfadh faighteoirí leanúint dá n-
ionannú leis na snáitheanna ar leith ina n-íocaíocht iomlán, tá an baol ann nach ndéanfaidh
siad ionannú ach leis an SL laghdaithe, rud a laghdódh infheictheacht na híocaíochta.
Tástáil ioncaim nó acmhainne ar íocaíocht SL
Cur síos leathan
Íoctar íocaíochtaí de réir tástáil acmhainne maidir leis na príomhrioscaí sóisialta (m.sh.
dífhostaíocht, míchumas, seanaois, baintreacht, tuistiú aonair) sa chás go bhfuil acmhainn an
chustaiméara measúnaithe a bheith faoi bhun leibhéal áirithe agus sa chás nach bhfuil go
leor ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh aige/aici le cáiliú le haghaidh an chóimhéid
ranníocaigh. Déantar laghdú áirithe ar an íocaíocht i gcás tuillimh atá os cionn na méideanna
seo, ach tarraingítear an íocaíocht siar go hiomlán os cionn pointe ioncaim áirithe maidir leis
na sochair go léir atá de réir tástáil acmhainne. D'fhéadfadh oibriú praiticiúil na tástála
acmhainne a bheith difriúil i gcás íocaíochtaí éagsúla, ach is gnách go gcuireann tástáil
acmhainne de chuid an RCS na nithe seo a leanas san áireamh:
méid agus comhdhéanamh an teaghlaigh;
réadmhaoin, ioncam airgid thirim, acmhainn páirtnéara agus daoine eile sa
teaghlach, chomh maith le híocaíochtaí eile leasa shóisialaigh;
ráta tarraingthe siar a laghdaíonn íocaíochtaí ar fud réimse ioncaim atá réasúnta
caol.
Bheadh sé d'acmhainneacht ag tástáil acmhainne feabhsú a dhéanamh ar spriocdhíriú
sochair, trí thairseach a chur i bhfeidhm maidir le hioncam teaghlaigh agus tríd an sochar a
bhaint go hiomlán nó ar ráta céatadáin áirithe (barrchaolú) i gcás an ioncaim go léir, rud a
spriocdhíreodh na hacmhainní atá ar fáil dóibh siúd atá ar bheagán ioncaim agus a bheadh ar
na daoine is mó i mbaol bochtaineachta dá bharr. Ach baineann na príomh-mhíbhuntáistí le
(a) leibhéal na n-acmhainní atá de dhíth chun riar agus cloí leis na rialacha a chinntiú maidir
le hacmhainn, (b) dídhreasachtaí a bheith ann maidir le glacadh le nó méadú oibre íoctha (c)
an chastacht a bhaineann léi i dtuiscint a fháil ar theidlíocht agus na himpleachtaí atá ann do
ghlacadh sochar agus laghdú bochtaineachta agus (d) an stiogma féideartha a bhaineann le
híocaíochtaí de réir tástáil acmhainne.
Cúnamh le costas tógála leanaí
Sholáthródh an bealach cuir chuige seo méid íocaíochta go fóill do gach teaghlach ina bhfuil
leanaí. Bheadh an oiread cúnaimh a sholáthródh sé le costas tógála leanaí faoi réir dhearadh
275
na tástála acmhainne agus an oiread eilimintí ar leith a bhaineann le costas tógála leanaí a
chuirfí san áireamh sa tástáil acmhainne.
Laghdú bochtaineachta leanaí
Tá sé d'acmhainneacht ag an mbealach cuir chuige seo acmhainní a dhíriú ar na daoine is mó
a bhfuil siad de dhíth orthu agus tá sé d'acmhainneacht aige tionchar dearfach a imirt ar
laghdú bochtaineachta i measc leanaí dá bharr. Ní bheadh tionchar suntasach aige seo ann
féin ar bhochtaineacht i measc leanaí agus bheadh sé ag brath ar an oiread coigiltis a
d'infheisteofaí arís in uirlisí roghnaitheacha.
Seachaint dídhreasachtaithe airgeadais
Tá an seans ann go mbeadh éifeacht dídhreasachta thar a bheith suntasach i gceist ar
shaothraithe ioncaim, ós rud é go gcuirfeadh sé le rátaí imeallacha cánach, go háirithe i gcás
dara saothraithe sna teaghlaigh.
Tionchar ar airgeadas poiblí
Tá éiginnteacht an-mhór ann faoin tionchar baileach a bheadh ag tástáil ioncaim nó
acmhainne. Bheadh na himpleachtaí ar leith do leibhéal an chaiteachais faoi réir na
ngnéithe éagsúla deartha a bhainfeadh leis an gcaoi a ndéanfaí sainmhíniú ar ioncam
inmheasúnaithe, an tairseach ag an laghdófaí íocaíochtaí agus an ráta ag a dtarlódh sé seo.
Ba ghá cinneadh a dhéanamh ar cheisteanna tábhachtacha eile, amhail an chaoi ar chóir
caitheamh le teaghlaigh ina bhfuil líonta difriúla leanaí, chomh maith leis an gcaoi le díriú ar
an gceist ioncaim athraithe nó dálaí teaghlaigh athraithe taobh istigh den tréimhse
mheasúnaithe. Ba ghá ceisteanna maidir le dóchúlacht dearbhaithe an ioncaim bhaintigh go
léir agus bailiú riaráistí agus aisíocaíocht ganníocaíochtaí a chur san áireamh chomh maith.
Ina theannta sin, is féidir go mbeadh éifeacht 'dhinimiciúil' i gceist, sa chaoi go bhféadfadh
daoine a n-iompraíocht a athrú (amhail a n-uaireanta oibre) d'fhonn an laghdú ar a n-
íocaíocht sochar linbh a íoslaghdú.
Féidearthacht an chuir i bhfeidhm
Tá ceisteanna móra riaracháin agus costais ag baint le riar na rogha seo – baintear úsáid as
cuid mhaith acmhainní nuair a dhéantar tástáil acmhainne a riar. Tá deacrachtaí suntasacha
ag baint le bailiú sonraí ioncam teaghlaigh agus nuashonrú na sonraí seo. Tá na fadhbanna
seo méadaithe ag scála na n-íocaíochtaí SL agus an chaoi go n-íoctar cuid mhaith íocaíochtaí
276
le haghaidh leanaí a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den stát. I gcuid mhaith cásanna,
d'fhéadfadh tuismitheoir amháin a bheith ina c(h)ónaí agus/nó ag tuilleamh ioncaim taobh
amuigh den stát chomh maith. Tarraingíonn an bealach cuir chuige seo ceisteanna anuas
chomh maith maidir le nósanna imeachta rialaithe. Tá dhá phríomh-eilimint ag baint le
tabhairt isteach tástáil ioncaim nó acmhainne. Is í an chéad cheann atá ann ná an fháil atá ar
shonraí ioncaim nó acmhainne atá cruinn agus réasúnta nuashonraithe, le haghaidh na
dteaghlach go léir atá ag éileamh. Is é an dara ceann ná sonraíocht phríomhpharaiméadair
na tástála acmhainne/ioncaim is féidir a chur i bhfeidhm ar shonraí an éilitheora le ríomh cé
acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-éilitheoir i dteideal na híocaíochta agus luach na teidlíochta
sin.
Mar ghaol leis an gcéad cheann acu sin, thug an Grúpa Stiúrtha faoi deara nach raibh aon
tástáil ioncaim ann taobh istigh den tseirbhís phoiblí ina bhfuil an scóip atá ann faoi láthair
chun measúnú a dhéanamh ar na teaghlaigh go léir ina bhfuil leanaí (tá thart ar 600,000
teaghlach i gceist leis an ualach éilimh SL). Níl ach sciar an-bheag de na tástálacha
acmhainne seo á dhéanamh ag an RCS dá príomh-íocaíochtaí de réir tástáil acmhainne faoi
láthair. Is é an réimse eile a bheadh le breithniú ná sonraí ioncaim ag an Coimisinéirí
Ioncaim. Ach ós rud é go mbailítear na sonraí seo ar bhonn aonad cánach (nó ar
chomhbhonn i gcás na coda is mó lánúineacha pósta) in áit bonn teaghlaigh agus go bhfuil
ceanglas ann sa Chód Cánach go seolfaí é chuig na Coimisinéirí Ioncaim tar éis dheireadh na
bliana ina dtuilltear é (m.sh. beagnach dhá mhí dhéag tar éis dheireadh na bliana do dhaoine
féinfhostaithe), ba ghá obair bhreise a dhéanamh ionas go mbeadh sé inúsáidte ar mhaithe
le tástáil ioncaim. Bhí sé mar mheastachán ag cleachtadh a rinne an RCS i 2009 go
bhféadfadh gá a bheith le 300-500 ball foirne le haghaidh córas íocaíochta SL a bheadh de
réir tástáil acmhainne. Maidir leis an dara pointe, fiú dá mbeadh bunachar sonraí aonair
teaghlach atá cothrom le dáta ar fáil, níor chinnte go mbeadh na paraiméadair (scoitheadh
ioncaim, ráta aistarraingthe) i bhfeidhm ná ag aistriú go córas SL, agus aird ar na cuspóirí
éagsúla taobh thiar de na scéimeanna agus an gá atá le dídhreasachtaí airgeadais a
sheachaint.
Nithe eile
Ní bheadh aon impleachtaí ag baint leis an mbealach cuir chuige seo maidir leis an gcás atá
ann faoi láthair faoi Rialacháin an AE um leas sóisialach. Choinneodh SL a aicmiú reatha ar
mhaithe le comhordú faoi na Rialacháin seo. Ach tá baol ann go bhféadfadh faighteoirí
íocaíochtaí TIL ionannú a dhéanamh leis an SL laghdaithe amháin, in ainneoin go
bhféadfaidís leanúint d'ionannú leis na snáitheanna ar leith dá n-íocaíocht iomlán. Dá gcuirfí
íocaíocht bhreise atá de réir tástáil acmhainne leis an gcód leasa shóisialaigh, tá an baol ann
go gcuirfí le castacht an chórais ina iomláine. Cáintear an córas reatha leasa shóisialaigh go
minic as a bheith róchasta agus bíonn sé mar thoradh air go ndéanann daoine drochchinntí -
dá gcuirfí íocaíocht eile de réir tástáil acmhainne leis an gcóras seo, ní dhéanfaí ach an cás
277
seo a chur in olcas, go háirithe i gcás na ndaoine a fhaigheann íocaíocht eile atá de réir tástáil
acmhainne.
Fionnachtain 9-5: D'fhéadfadh iarmhairtí fabhracha dáilte a bheith ag baint le cánachas nó
tástáil acmhainne SL, ach ní dhíreodh sé ach ar cheann amháin de na príomh-íocaíochtaí
TIL
Rinne an t-athbhreithniú breithniú ar thionchar an chánachais ar SL (le húsáid SWITCH) agus
fuarthas go bhféadfadh iarmhairtí dáilte fabhracha a bheith ag baint leis. Agus talamh slán
á déanamh de go mbeadh na hacmhainní a thiomsófaí caite ar íocaíochtaí spriocdhírithe,
d'fhéadfaí tuilleadh acmhainní SL a chaitheamh chun bochtaineacht i measc leanaí a laghdú,
chomh maith le cúnamh a sholáthar do gach teaghlach ina bhfuil leanaí cleithiúnacha. Ach
tugann an t-athbhreithniú faoi deara chomh maith go ndearnadh breithniú cuimsitheach ar
mholtaí chun cáin a ghearradh ar nó tástáil acmhainne/ioncaim a dhéanamh ar SL i rith
2009, ach nár leanadh ar aghaidh leo, ós rud é go bhfuil fadhbanna lóistíochúla agus dlíthiúla
suntasacha ag baint leis an dá rogha seo. Bíonn deacrachtaí coiteanna ag baint le cánachas
SL, tástáil acmhainne nó tástáil ioncaim SL maidir le hioncam, an t-aonad measúnaithe agus
scála na hiarrachta riaracháin a bheadh de dhíth a shainmhíniú. Ina theannta sin, dá
dtabharfaí isteach tástáil ioncaim/acmhainne le haghaidh SL, ba ghá é a thabhairt isteach
mar mheicníocht nua agus bheadh iarmhairtí suntasacha riaracháin ag baint lena leithéid.
Gné eile níos tábhachtaí a bheadh i gceist ná nach ndíreodh cánachas ná tástáil acmhainne
ar SL ach ar cheann amháin de na príomh-íocaíochtaí TIL agus ní bheadh aon tairbhe i gceist
maidir le dearadh feabhsaithe an chórais fhoriomláin de thacaí ioncaim do leanaí. Cé go n-
aithnítear go bhféadfadh impleachtaí dearfacha a bheith ag baint le gearradh cánach ar SL
do thorthaí a bhaineann leis an íocaíocht SL é féin, ní mholann an t-athbhreithniú cánachas
SL mar mhodh feabhsaithe éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais
d'íocaíochtaí TIL.
9.3.4 Bealaí cuir chuige comhtháite i leith leasú
Tarraingíodh anuas ceist leasaithe an chórais de thacaí ioncaim do leanaí (i gcodarsnacht le
híocaíochtaí ar leith) cuid mhaith uaireanta. Aithníodh réimse leathan de mhodhanna
leasaithe. Agus aird ar an tábhacht atá leis an gcaoi a bhfuil an tacaíocht iniompartha ar fud
íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus obair, tá bealach tábhacht amháin ann chun breithniú a
dhéanamh ar réimse na roghanna, is é sin, scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann sé
tacaíocht taobh istigh agus taobh amuigh d'obair agus oiread an chomhordaithe atá de dhíth
idir na córais chánach agus leasa shóisialaigh le haghaidh cur i bhfeidhm. Leagann Figiúr 9-1
amach réimse na n-íocaíochtaí. Nuair a thosaítear ón gcóras atá ann faoi láthair ar an taobh
clé, feicimid go mbíonn tacaíocht faoin gcóras atá ann faoi láthair á soláthar go ginearálta trí
278
chomhcheangal SL (rud a thrasnaíonn an deighilt leasa shóisialaigh agus oibre), MLCanna
agus LÉCSN (rud a íoctar de ghnáth nuair nach bhfuil an duine fostaithe) agus FIT (rud a
íoctar go ginearálta nuair atá an duine fostaithe). Dá soláthrófaí creidmheasanna cánach le
haghaidh leanaí sa chóras cánach ar an mbonn céanna le creidmheasanna pearsanta eile,
bheidís suite sa réimse seo chomh maith.
Figiúr 9-1: Léiriú ar an réimse roghanna leasaithe agus an chaoi a bhfuil siad idirghaolmhar
Nuair a bhogtar go dtí taobh deas an scála, feicimid Creidmheasanna Cánach Inaisíoctha a
bhíonn ag brath go mór ar an gcóras cánach in áit an chórais leasa shóisialaigh.
Chuimseoidís seo creidmheasanna cánach in-aisíoctha do leanaí (CCILanna) a d'íocfaí le
teaghlaigh in éineacht le hioncam mar chreidmheasanna cánach agus iad "in-aisíoctha" mar
íocaíochtaí airgid thirim do theaghlaigh nach bhfuil aon ioncam inchánach acu nó ioncam
inchánach nach bhfuil imleor. Chuimseodh leaganacha eile den bhealach cuir chuige seo
Creidmheasanna Cánach le haghaidh Leanaí a íoctar le teaghlaigh ar bheagán ioncaim ina
bhfuil leanaí sa RA. Ar an taobh clé de seo, aimsímid an íocaíocht dara ciseal TIL atá molta
ag rúnaíocht an CNES, rud a sholáthródh forlíon de réir tástáil ioncaim do theaghlaigh ar
bheagán ioncaim agus ar mheánioncam ina bhfuil leanaí, le dul in áit FIT agus MLCanna. Cé
go bhfanfadh sé ina íocaíocht leasa shóisialaigh go bunúsach, bheadh méid réasúnta mór de
chomhtháthú leis an gcóras cánach de dhíth ar an mbealach cuir chuige seo (féach tuarascáil
279
an CNES). Má bhogtar i dtreo thaobh clé an scála (i dtreo an chórais atá ann faoi láthair), tá
bealach cuir chuige ann atá bunaithe ar Íocaíocht Chomhtháite Tacaíochta Ioncaim do
Leanaí a sholáthar. Réasúnaíonn an bealach cuir chuige seo an córas atá ann faoi láthair
d'íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí, ach tá a oibriú ag fanacht neamhspleách go
príomha ar an gcóras cánach (agus níos gaire don chóras de thacaí ioncaim do leanaí atá ann
faoi láthair ó thaobh coincheapa de dá bharr). Dhéanfaí breithniú ar íocaíocht a sholáthar ina
bhfuil comhchodanna uilíocha agus roghnaitheacha le dul in áit SL, MLCanna agus FIT sa
chomhthéacs seo. Déantar breithniú breise ar na trí bhealach cuir chuige seo sna codanna
seo a leanas.
Creidmheasanna cánach in-aisíoctha le haghaidh leanaí
Cur síos leathan
I ndlínsí áirithe, soláthraítear tacaíocht do theaghlaigh i bhfoirm creidmheas cánach in-
aisíoctha. Cé go bhféadfadh difríochtaí móra a bheith ann eatarthu seo ar fud na dtíortha
éagsúla maidir leis an gcaoi a n-oibrítear iad, is é an smaoineamh bunúsach atá ann ná go
bhfaigheann cáiníocóir creidmheas cánach maidir lena leanaí, rud a d'fhéadfaí a tharraingt
siar de réir mar a ardaíonn ioncam an duine agus é seo faoi réir cé acu an bhfuil nó nach
bhfuil sé dírithe ar cháiníocóirí ar bheagán ioncaim agus ar mheánioncam nó measta mar
chreidmheas uilíoch do na cáiníocóirí go léir. Is é an smaoineamh bunúsach atá ann ná go
bhfaigheann gach teaghlach creidmheas cánach maidir le gach leanbh, rud is féidir a
fhritháireamh in aghaidh a ndliteanas cánach. Pointe níos tábhachtaí atá ann ná nach féidir
an creidmheas cánach a chur amú, is é sin, go mbeadh sé forghéillte sa chás nach bhfuil aon
ioncam teaghlaigh ann, ach d'fhéadfaí é a íoc go díreach leis na teaghlaigh sin nach bhfuil
dliteanas cánach orthu, rud a chiallaíonn go mbeadh sé ar aon dul le haistriú beagán ioncaim
in áit creidmheas cánach. Sholáthair a leithéid de chórais an bonn atá leis an gCreidmheas
Cánach Ioncaim Thuillte i SAM, Sochar Cánach Teaghlaigh san Astráil agus Creidmheas
Cánach Linbh sa RA. Sholáthair sé an bonn atá le moltaí leasaithe na dtacaí ioncaim do
leanaí a rinne tráchtairí seachtracha (Ceartas Sóisialta na hÉireann)152 agus rinne grúpa oibre
CRC ar chreidmheasanna cánach in-aisíoctha breithniú ar cheisteanna maidir le
creidmheasanna cánach (nach bhfuil foilsithe).
152 Building a fairer tax system, the working poor and the cost of refundable tax credits, Social Justice
Ireland Policy Research Series (Baile Átha Cliath, 2010).
280
Cúnamh le costas tógála leanaí
Bheadh an oiread cúnaimh a sholáthródh an bealach cuir chuige seo leis an gcostas tógála
leanaí faoi réir dhearadh an chórais agus ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil eilimintí ar leith a
bhaineann le tógáil leanaí curtha san áireamh i struchtúr an chórais. I dtíortha áirithe ina
riartar córais creidmheasanna cánach, tugtar liúntais don chostas cúram leanaí. Mar
shampla, déanann córas an RA soláthar don chostas cúram leanaí atá cláraithe nó ceadaithe
taobh istigh den chóras Creidmheas Cánach Oibre (ar aon dul le FIT). Tugann Sochar Cánach
Teaghlaigh na hAstráile cúnamh breise le haghaidh tógáil leanaí chomh maith.
Laghdú bochtaineachta leanaí
Tá sé d'acmhainneacht ag creidmheas cánach in-aisíoctha dul i bhfeidhm go dearfach ar
bhochtaineacht i measc leanaí, ach tá sé seo faoi réir leibhéal an chreidmheasa agus oiread
an spriocdhírithe. Ar an taobh diúltach de, tá an baol ann go mbíonn infheictheacht na
híocaíochta caillte taobh istigh de dhliteanas cánach an fhaighteora agus go bhfuil an seans
ann nach n-úsáidfí an t-airgead a thuilleadh ar mhaithe le leas an linbh.
Seachaint dídhreasachtaithe airgeadais
Tá an bealach cuir chuige seo faoi réir comhtháthú níos mó idir an córas cánach agus leasa
shóisialaigh agus tá sé d'acmhainneacht aige aird a dhíriú ar dhídhreasachtaí cánach atá ann
cheana agus díriú orthu seo a éascú dá bharr.
Tionchar ar airgeadas poiblí
Tá sé d'acmhainneacht ag an mbealach cuir chuige seo glanchaiteachas ar thacaíocht
ioncaim do leanaí a laghdú agus é faoi réir dhearadh an chórais, trí íocaíochtaí níos
spriocdhírithe a dhéanamh. Ach tugann an bealach cuir chuige le fios go bhfaigheadh na
daoine sin ar ardioncam creidmheas cánach níos lú agus go bhfaigheadh daoine ar ioncam
íseal nó meánach creidmheas cánach níos mó.
Féidearthacht an chuir i bhfeidhm
Is leasú thar a bheith suntasach é seo agus bheadh athruithe suntasacha de dhíth ar na
córais leasa shóisialaigh agus ioncaim araon. Cé go bhfuil sé féideartha, bheadh forbairt
281
shuntasach de dhíth ar an dá chóras. Braitheann sé ar shonraí ioncaim atá cothrom le dáta
chomh maith, rudaí nach bhfuil ar fáil ós rud é nach bhfuil siad de dhíth ar an gcóras cánach
faoi láthair. Go deimhin, níor chóir gannmheas a dhéanamh ar oibriú agus riar éifeachtach a
leithéid de chóras. Tá an cás seo ann sa RA go háirithe, áit ar chruthaigh na deacrachtaí
riaracháin fadhbanna suntasacha do theaghlaigh ar bheagán ioncaim.
Nithe eile
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ag baint leis an mbealach cuir chuige seo do rialacháin
leasa shóisialaigh an AE agus iad faoi réir na n-eilimintí TIL atá ann faoi láthair a
d'ionchorprófaí sa chreidmheas cánach - tá SL agus FIT aicmithe faoi láthair mar shochair
teaghlaigh agus is féidir iad a easpórtáil mar gheall air sin, murab ionann agus MLCanna. Mar
sin, baineann an cheist le híoc sochar maidir le leanaí ina gcónaí thar lear, ach bheadh líon
réasúnta beag i gceist. Ceist amháin eile a bhaineann le creidmheas cánach ná
infheictheacht na híocaíochta. De réir na socruithe atá ann faoi láthair, is féidir le faighteoirí
ionannú soiléir a dhéanamh lena n-íocaíochtaí a bhaineann le leanaí. I gcóras
creidmheasanna cánach, níl sé seo chomh hinfheicthe - d'fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar
roghanna na bhfaighteoirí in úsáid na híocaíochta ar mhaithe le leas leanaí.
Íocaíocht tacaíochta ioncaim dara ciseal do leanaí
Cur síos leathan
Bhí an bealach cuir chuige seo i leith leasú molta roinnt uaireanta san am atá caite agus i
bpáipéar taighde le déanaí a rinne rúnaíocht an CNES.153 Tháinig an páipéar chun cinn mar
gheall ar ghealltanas de chuid an Rialtais sa chomhaontú comhpháirtíochta a bhí ann roimhe
seo darbh ainm ‘Dul Chun Cinn a Chothú’ i leith athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíocht
ioncaim do leanaí agus ar chumasc féideartha an fhorlíonta ioncam teaghlaigh (FIT) agus an
mhéadaithe do leanbh cáilithe (liúntas cleithiúnach linbh roimhe seo, nó LCL) ina n-íocaíocht
tacaíochta ioncaim "dara ciseal" do leanaí a d'íoslaghdódh dídhreasachtaí fostaíochta go
háirithe.
D'aithin an páipéar laigí sna bearta tacaíochta ioncaim do leanaí atá ann faoi láthair. Is é an
príomh-mholadh atá sa tuarascáil ná cealú na n-íocaíochtaí FIT agus BLC atá ann faoi láthair
agus tabhairt isteach íocaíocht tacaíochta ioncaim do leanaí atá neodrach ó thaobh
fostaíochta agus bunaithe ar acmhainn. Mhol an páipéar go ndéanfaí an t-iarratas tosaigh
153
http://www.nesc.ie/dynamic/docs/Child%20Income%20Report%20with%20cover.pdf 153
Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, Páipéar Sraith Taighde Uimh. 6 (Baile Átha Cliath, 2007).
282
tríd an bhfoirm iarratais SL agus go seolfadh an RCS an t-eolas bainteach ar aghaidh go dtí na
Coimisinéirí Ioncaim, dream a bhronnfadh creidmheas cánach tacaíochta ioncaim do leanaí
ar a n-uain. Sa chás nach mbeadh teaghlach in ann leas a bhaint as an gcreidmheas iomlán
nó cuid de, chuirfeadh na Coimisinéirí Ioncaim ar ais go dtí an RCS iad, áit a ndéanfaí an
íocaíocht go díreach tar éis measúnú mionsonraithe acmhainne. Tá an bealach cuir chuige
atá molta ag an CNES léirithe i bhFigiúr 9-2.
Figiúr 9-2: Paraiméadair bhunúsacha na híocaíochta beartaithe dara ciseal
Cúnamh le costas tógála leanaí
Bheadh an chéad chiseal den íocaíocht statach i gcoibhneas le comhdhéanamh an teaghlaigh
agus sholáthródh sé leibhéal ioncaim do gach teaghlach agus bheadh sé ina léargas soiléir
agus trédhearcach ar an méid iníoctha mar sin. D'íocfadh an dara ciseal a bheadh bunaithe
ar ioncam teaghlaigh as cuid den chostas tógála leanaí chomh maith, ach ní bhfaigheadh
roinnt teaghlach íocaíocht bhreise má tá ioncam ard acu.
Laghdú bochtaineachta leanaí
Tá sé d'acmhainneacht ag an mbealach cuir chuige seo acmhainní a dhíriú ar na daoine is mó
a bhfuil siad de dhíth orthu agus tá sé d'acmhainneacht aige tionchar dearfach a imirt ar
laghdú bochtaineachta i measc leanaí dá bharr. Dhéanfadh an dara ciseal soláthar le díriú ar
theaghlaigh ar bheagán ioncaim thar na teaghlaigh ar mheánioncam nó hardioncam go
háirithe. Deir an CNES gurb é ceann de na príomhchuspóirí agus cuspóirí sáraitheacha atá
ann chun dearadh an bhealaigh cuir chuige seo a stiúradh a bhfuil gá leis ná dul i ngleic le
bochtaineacht ioncaim i measc leanaí in Éirinn.
Tacaíocht ioncaim sheachtainiúil in aghaidh an linbh €
(Ráta tarraingthe)
(leibhéal) Íocaíocht dara caiseal
Sochar leanaí
€’000, Ioncam Teaghlaigh (tairseach)
283
Seachaint dídhreasachtaithe airgeadais
Cuimsíonn an bealach cuir chuige seo cónascadh na MLCanna agus an FIT atá ann faoi láthair
in aon fhorlíonadh amháin atá de réir tástáil ioncaim. Is é an cuspóir a bheadh ann ná a
chinntiú go n-íocfaí an íocaíocht dara ciseal le teaghlaigh ina bhfuil leanaí, i gcás go bhfuil
ioncam an teaghlaigh faoi bhun tairsí agus go mbeadh sí aistarraingthe ar leibhéil ioncaim
níos airde. D'fhéadfadh dídhreasacht a bheith mar thoradh ar an tarraingt siar agus
d'fhéadfadh sé tarlú go n-athródh faighteoirí a n-iompar ar mhaithe le seachaint laghdú na
híocaíochta. Ach d'fhéadfadh an cás seo a bheith ann maidir le híocaíochtaí atá ann cheana.
Tionchar ar airgeadas poiblí
Is deacair an tionchar ar airgeadas poiblí a mheas go cinnte, ós rud é go mbeadh cuid mhaith
faoi réir na cumraíochta deiridh agus na gcinntí deiridh maidir leis an tairseach agus na
socruithe barrchaolaithe. Is é an meastachán a rinne an CNES a bhí bunaithe ar choinneáil
leibhéal reatha an SL ná glanchaiteachas breise €775 milliún. Nuair a chuirtear an chonclúid
a bhí déanta roimhe seo gur chóir go dtarlódh leasú taobh istigh den chaiteachas atá á
dhéanamh faoi láthair san áireamh, ba ghá a leithéid a mhaoiniú trí laghdú ar luach na
híocaíochta SL, mar shampla.
Féidearthacht an chuir i bhfeidhm
Tá roinnt ceisteanna suntasacha ann a bhaineann leis an mbealach cuir chuige seo, lena n-
áirítear deacrachtaí le bailiú sonraí ar ioncam teaghlaigh agus nuashonrú na sonraí seo agus
socrú na tairsí ag an méid cuí chun an tionchar is fearr ar bhochtaineacht i measc leanaí a
bhaint amach. Deir an CNES gurb é an dúshlán is deacra atá ann i riar íocaíochta dara ciseal
ná aimsiú tomhais ar ioncam teaghlaigh ar ar féidir an íocaíocht a bhunú. Bheadh cealú
MLCanna agus FIT ina dhúshlán chomh maith. Tá comhoibriú níos mó de dhíth chomh maith
idir an RCS agus na Coimisinéirí Ioncaim ar an mbealach cuir chuige agus bheadh forbairtí
suntasacha córais de dhíth ar an dá eagraíocht. Tá an chuma ar an dearadh atá molta ag an
CNES agus oiread na hidirghníomhaíochta idir an dá údarás go bhfuil siad neamhéasca, go
háirithe don fhaighteoir féideartha.
Nithe eile
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ag baint leis an mbealach cuir chuige seo do Rialacháin
leasa shóisialaigh an AE - tá SL agus FIT aicmithe faoi láthair mar shochair teaghlaigh murab
284
ionann agus MLCanna. Baineann ceisteanna anseo le híoc sochar maidir le leanaí a bhfuil
cónaí orthu thar lear – ní mheastar gur méadú suntasach é seo. D'fhéadfadh mearbhall a
bheith mar thoradh ar na céimeanna atá beartaithe sa bhealach cuir chuige seo agus
d'fhéadfaidís drogall a chur ar fhaighteoirí féideartha, chomh maith le tionchar a imirt ar an
nglacadh sochar. Bheadh tionchar aige seo ar infheictheacht na híocaíochta chomh maith
agus maidir le faighteoirí áirithe (.i. daoine a íoctar trí na Coimisinéirí Ioncaim), bheadh a
dtacaíocht ioncaim do leanaí comhchuimsithe ina ndliteanas cánach.
Íocaíocht chomhtháite TIL ina bhfuil comhchodanna uilíocha agus roghnaitheacha
Cur síos leathan
Ionas gur féidir a bheith ag oibriú go héifeachtach, bheadh leibhéil i bhfad níos airde de
chomhoibriú/chomhtháthú idir na córais cánachais phearsanta agus leasa shóisialaigh de
dhíth ar an dá bhealach cuir chuige a bhí ann roimhe seo.154 D'fhéadfadh forás i dtreo na n-
íocaíochtaí seo tógáil go céimnitheach ar an gcineál leasuithe ar an gcóras atá ann faoi
láthair a pléadh roimhe seo. Thosódh a leithéid de bhealach cuir chuige taobh istigh den
chóras leasa shóisialaigh é féin, ar mhaithe le tréithe sásúla an struchtúir íocaíochta atá ann
faoi láthair a chomhcheangal (comhtháthú), ach athrú a dhéanamh ar a leibhéil
choibhéiseacha, ionas go mbeadh an íocaíocht fhoriomlán níos roghnaithí agus a n-
idirghníomhaíocht níos comhleanúnaí (athchothromú). D'fhéadfadh trí chomhchuid a bheith
i gceist le hailtireacht fhoriomlán a leithéid d'íocaíocht chomhtháite:
(1) Íocaíocht Bhunúsach Tacaíochta Ioncaim do Leanaí: D'íocfaí méid seasta in aghaidh an
linbh maidir leis na leanaí go léir. Ba ghá an ráta beacht a shocrú, ach is dócha go mbeadh sé
níos ísle ná an leibhéal SL atá ann faoi láthair, ós rud é go mbeadh sé mar fheidhm aige
tacaíocht ghinearálta a léiriú do theaghlaigh in áit ról sainráite laghdaithe bochtaineachta a
bheith aige. Ach tá loighic láidir oibríochtúil lena leithéid d'íocaíocht bhunúsach chomh
maith. Go bunúsach, sholáthródh sé scéim "ardáin" ar ar féidir íocaíochtaí a dhíriú ansin ar
theaghlaigh ar bheagán ioncaim.
(2) Forlíonadh Tacaíochta Ioncaim do Leanaí (Cineál A): I gcás go bhfuil duine den teaghlach
ag fáil príomh-íocaíochtaí leasa shóisialaigh, bheadh an bhreis atá ann faoi láthair a
bhaineann le leanaí (MLC) á athchur le forlíon leis an íocaíocht bhunúsach TIL a íoctar ag an
am, ach bheadh sé curtha in iúl don teaghlach trí ráitis rialta ar an rud atá faighte acu.
Bheadh MLCanna á n-athchur le forlíon (cineál A) go héifeachtach agus bheadh sé á íoc ar
ráta níos airde ná mar atá faoi láthair, ar mhaithe le cúiteamh a dhéanamh ar son an
154
Ibid., lth. 76
285
laghdaithe ar SL. San am atá caite, bhítí ag súil leis go dtéadh dídhreasachtaí fostaíochta
chun donais go mór mar gheall ar an mbealach cuir chuige seo, go háirithe do na daoine sin
ar bheagán ioncaim agus a bhfuil teaghlaigh mhóra acu, ós rud é go mbeadh na daoine a
bheadh ag éirí as íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil laghdaithe le roinnt gnéithe atá pléite
thíos, go háirithe le tabhairt isteach fhorlíon malartach Chineál B.
(3) Forlíonadh Tacaíochta Ioncaim do Leanaí (Cineál B): D'íocfaí an forlíonadh seo le
teaghlaigh ar bheagán ioncaim ina bhfuil leanaí nach raibh ag fáil príomh-íocaíocht leasa
shóisialaigh. Maidir leis na daoine sin a bheadh ag éirí as príomh-íocaíocht leasa shóisialaigh
a fháil, d'eiseofaí fógra le rá go dtiocfaidh deireadh le forlíonadh Chineál A tar éis tréimhse
eatraimh, ach go bhfuil cuireadh á thabhairt don éilitheoir iarratas a chur isteach ar
fhorlíonadh malartach (cineál B) má tá sé/sí ar bheagán ioncaim. Bheadh an forlíonadh ar an
ráta céanna in aghaidh an linbh le forlíonadh TIL chineál A, suas go dtí tairseach ioncaim
áirithe agus é á laghdú i gcás leibhéil ioncaim a bheadh níos airde. Bheadh FIT á athchuir leis
an bhforlíon seo go héifeachtach, ach bheadh airíonna thar a bheith difriúil ag baint leis.
Tá forbhreathnú ar an gcaoi a nascfadh na comhchodanna éagsúla le chéile ar taispeáint i
dTábla 9-2. Bheadh bealach cuir chuige ar an gcaoi seo ag iarraidh na cuspóirí a
chomhcheangal le haghaidh soláthar tacaíochta do gach teaghlach ina bhfuil leanaí agus
tacaíocht spriocdhírithe do theaghlaigh atá ag brath ar leas sóisialach nó atá ar bheagán
ioncaim, le híocaíocht amháin ina bhfuil trí chomhchuid. Ba ghá breithniú breise a
dhéanamh ar na ceisteanna feidhmiúcháin ar ghá díriú orthu leis an mbealach cuir chuige
seo agus ar cén chaoi a mbainfí iad seo amach de réir a chéile trí athrú incriminteach ar an
gcóras atá ann faoi láthair, i gcomhthéacs staidéar féidearthachta a chuimseodh ceisteanna
airgeadais, teicniúla agus oibríochtúla (féach Cuid 9.4).
286
Tábla 9-2: Forbhreathnú ar íocaíocht athchothromaithe agus chomhtháite TIL
Athchuir SL le Íocaíocht Tacaíochta Ioncaim do Leanaí ar ráta comhréidh in aghaidh an linbh Á íoc le gach teaghlach ina bhfuil leanaí ar ráta seasta in aghaidh an linbh, ach ar ráta ar dóchúil go mbeadh sé níos ísle ná mar atá faoi láthair
Athchuir MLC le Forlíonadh Tacaíochta Ioncaim do Leanaí (Cineál A) Íocaíocht fhorlíontach in aghaidh an linbh le teaghlaigh ina bhfuil príomh-íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil a bheadh á híoc mar fhorlíon leis an bpríomh-íocaíocht tacaíochta TIL. Choinneofaí an íocaíocht ar feadh 13 seachtaine tar éis do dhuine éirí as príomh-íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil (amhail an cás maidir le MLCanna go teoiriciúil).
Athchuir an chomhchuid FIT a bhaineann le leanaí le Forlíonadh Tacaíochta Ioncaim do Leanaí (Cineál B) Íocaíocht fhorlíontach in aghaidh an linbh do theaghlaigh nach bhfaigheann aon phríomh-íocaíocht leasa shóisialaigh, ach go bhfuil an teaghlach measúnaithe a bheith ar bheagán ioncaim. D'athchuirfí Cineál A do theaghlach leis an íocaíocht tar éis 13 seachtaine, tar éis don iarratas a bheith próiseáilte. Tharraingeofaí an íocaíocht siar ar ráta céatadáin áirithe os cionn na tairsí.
Tabhair faoi deara: D'fhéadfaí LÉCSN a ionchorprú in íocaíocht fhorlíonta, ach é a bheith íoctha mar íocaíocht bhreise ag amanna ríthábhachtacha le teaghlaigh ina bhfuil leanaí (m.sh. Meán Fómhair agus Nollaig)
Cúnamh le costas tógála leanaí
Sholáthródh an chomhchuid bhunúsach den íocaíocht leibhéal ioncaim do gach teaghlach
agus bheadh sí ina léargas soiléir agus trédhearcach ar an méid iníoctha mar sin. Bheadh na
forlíonta a bheadh bunaithe ar íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith á fáil nó ar ioncam
teaghlaigh, bheidís ag íoc as cuid den chostas tógála leanaí chomh maith, ach ní bhfaigheadh
teaghlaigh áirithe íocaíocht ar ardleibhéil ioncaim.
Laghdú bochtaineachta leanaí
Tá sé d'acmhainneacht ag an mbealach cuir chuige seo acmhainní a dhíriú ar na daoine is mó
a bhfuil siad de dhíth orthu agus tá sé d'acmhainneacht aige tionchar dearfach a imirt ar
laghdú bochtaineachta i measc leanaí dá bharr. Dhéanfadh na forlíonta atá nasctha le
híocaíochtaí leasa shóisialaigh nó beagán ioncaim soláthar do spriocdhíriú ar theaghlaigh ar
bheagán ioncaim thar na teaghlaigh meánioncaim nó ardioncaim go háirithe.
287
Seachaint dídhreasachtaithe airgeadais
D'fhéadfadh an rogha seo díriú ar chuid mhaith de na ceisteanna a bhaineann le hathrú ó
íocaíocht leasa shóisialaigh go FIT, ós rud é go mbeadh an leibhéal céanna íocaíochta á
dhéanamh, beag beann ar cé acu an bhfuil duine ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh nó ar
bheagán ioncaim. Déanta na fírinne, chuirfeadh a leithéid d'íocaíocht cosc leis an ngá atá le
daoine a bhíonn ag athrú go rialta idir fostaíochta agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh (m.sh.
oibrithe fánacha) cur isteach arís ar an leibhéal céanna íocaíochta. Ar ndóigh, de réir mar a
tharraingeofaí siar an íocaíocht, bheadh dídhreasachtaí féideartha ann, go háirithe ós rud é
gur dóchúil go mbeadh an ráta aistarraingthe íocaíochtaí ag idirghníomhú le cánachas
ginearálta. Mar sin, tá ceanglas ann go mbeadh an íocaíocht iníoctha suas go dtí leibhéal
ioncaim réasúnta agus nach bhfuil an ráta tarraingthe siar ró-ard, ar mhaithe le
dídhreasachtaí airgeadais a sheachaint.
Tionchar ar airgeadas poiblí
Bheadh an tionchar foriomlán ar an airgeadas poiblí casta. Fad is go ndéanfaí ionchorprú na
híocaíochta Sochar Linbh ar ráta bunúsach níos ísle ná mar atá ann faoi láthair (bogadh go
dtí bun réimse 40/60%, b'fhéidir), bheadh acmhainneacht ann chun íocaíocht a mhaoiniú
taobh istigh den leibhéal reatha caiteachais nó chun coigilteas foriomlán a chruthú, fiú. Ach
ba ghá an tionchar beacht a mhúnlú ar bhonn níos beaichte agus mionscagadh a dhéanamh
ar an éifeacht atá i gceist. Ba ghá ceisteanna maidir leis an aois ar chóir na híocaíochtaí seo a
dhéanamh chuige a réiteach, ós rud é go n-íoctar SL go dtí 18 mbliana d'aois (nuair atáthar
ag gabháil d'oideachas lánaimseartha), ach íoctar MLCanna d'íocaíochtaí fadtéarmacha go
dtí 22 bliain d'aois (féach Caibidil 5).
288
Tábla 9-3: Príomhfhachtóirí a shocraíonn tionchar féideartha ar airgeadas poiblí na híocaíochta
comhtháite agus athchothromaithe TIL
Coigilteas Caiteachas poiblí
SL Laghdú ar an íocaíocht uilíoch Comhdhlúthú na n-íocaíochtaí SL ar ráta níos airde in aon ráta amháin
—
MLCanna Srian íocaíochta dóibhsean os cionn aois áirithe, má chinntear an aois a chaighdeánú ag 16/18 mbliana.
Rátaí níos airde chun sprioc 33% a choinneáil. Chuimsigh sé coinneáil íocaíochta ar feadh tréimhse, tar éis do dheireadh teacht le príomh-íocaíocht Síneadh na híocaíochta chuig na daoine sin atá eisiata ó MLCanna faoi láthair mar gheall ar ioncam níos airde
FIT Díbirt na gcomhchodanna ráta phearsanta agus ráta daoine fásta Díbirt an chlaonta ar son na dteaghlach atá níos lú
Glacadh níos mó Cuimsiú daoine féinfhostaithe agus oibrithe eile ar bheagán ioncaim a bhfuil leanaí acu agus nach bhfaigheann íocaíochtaí FIT
Féidearthacht an chuir i bhfeidhm
Ba ghá anailís agus tástáil chríochnúil a dhéanamh ar dhearadh mionsonraithe agus ar chur i
bhfeidhm praiticiúil na comhchoda tástála ioncaim. Ba ghá cinntí maidir le bonn an
mheasúnaithe ioncaim, na sainmhínithe ioncaim, cé chomh minic ar chóir é a nuashonrú,
chomh maith le faighteoirí agus cailliúnaithe féideartha faoi na socruithe atá ann faoi láthair
a aithint agus a dhearbhú. Ós rud é go mbeadh sé beartaithe go mbeadh forlíon Chineál B ag
athchur chaillteanas forlíon Chineál A nó á athchur go páirteach ar fud réimse ioncaim,
bheadh íocaíochtaí i bhfad níos lú i gceist (go háirithe do theaghlaigh bheaga) ná na
híocaíochtaí TIL faoi láthair, rud a tharraingíonn ceist anuas maidir le cé acu an mbeadh nó
nach mbeadh sé beartaithe leis an leasú cúiteamh a íoc as a leithéid de chaillteanais, fiú má
tá na gnóthachain atá ann cheana spriocdhírithe go dona. Ach is maith an seans nach féidir
cúiteamh a íoc le gach duine a bhféadfadh tionchar a bheith imeartha orthu in aon phróiseas
leasaithe, ós rud é go bhféadfadh sé seo an bonn a bhaint ó rún an leasaithe.
Ba ghá breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí díriú ar an gcaillteanas dreasachta
fostaíochta a d'eascródh ó chaillteanas an phríomh-ráta phearsanta FIT agus an ráta duine
fhásta chleithiúnaigh ar bhealach eile. Ba ghá cinneadh agus anailís a dhéanamh ar éifeacht
chaillteanas na gcomhchodanna FIT nach mbaineann le leanaí, le teacht ar réiteach cuí. Is é
289
an rud is gá a bhreithniú ina leith seo ná cén chaoi is fearr is féidir an chomhchuid de FIT a
bhaineann le fostaíocht a chomhlíonadh le haghaidh na ngrúpaí aois oibre go léir, amhail
neamhaird ar na príomh-íocaíochtaí nó sochar oibre a bheadh nasctha leis an iarracht
fostaíochta nó creidmheas cánach.
D'fhéadfaí athchur MLCanna i gcórais íocaíochtaí reatha le Forlíon Sochar Linbh chineál A a
dhéanamh mar chuid den straitéis TFC ina mbogtar an fheidhmiúlacht scéimeanna go léir go
dtí córas nua Múnlaithe Cuspóir Gnó (MCG) na Roinne. Ba ghá feidhmiúlacht scéime nua a
dhearadh go háirithe le déileáil le cásanna beagán ioncaim; ba ghá díriú ar chaighdeán agus
ar thráthúlacht an tsrutha sonraí ioncaim ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Nithe eile
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ag baint leis an mbealach cuir chuige seo do rialacháin
leasa shóisialaigh an AE agus iad faoi réir na n-eilimintí TIL atá ann faoi láthair a
d'ionchorprófaí san fhorlíon - tá SL agus FIT aicmithe faoi láthair mar shochair teaghlaigh
murab ionann agus MLCanna. Baineann ceisteanna anseo le híoc sochar maidir le leanaí a
bhfuil cónaí orthu thar lear – ní mheastar gur méadú suntasach é seo.
Murab ionann agus an íocaíocht dara ciseal, sholáthrófaí TIL ón taobh istigh de chóras
amháin, rud a chiallódh go mbeadh níos lú mearbhaill ar fhaighteoirí féideartha agus bheadh
tionchar níos lú ar ghlacadh sochar chomh maith. Bheadh pointe amháin teagmhála ag
faighteoirí chomh maith maidir lena n-íocaíocht agus tá an córas níos trédhearcaí agus níos
éasca le tuiscint, cé go bhfuil sé cosúil leis an mbealach cuir chuige dara ciseal ar go leor
bealaí.
9.3.5 Leasú polasaí TIL – tionchair airgeadais agus eile
Tá deacrachtaí suntasacha ag baint le hiarracht a dhéanamh tionchair airgeadais,
bhochtaineachta agus dreasachta na mbealaí cuir chuige éagsúla a pléadh sa chuid roimhe
seo a shocrú. Tá na deacrachtaí seo ann go príomha mar gheall ar réimse na mbonn
tuisceana ba ghá a dhéanamh i socrú na bparaiméadar le haghaidh na roghanna éagsúla
leasaithe. Ar an láimh eile, tá roinnt anailís saineolaithe déanta ar an éifeacht cánachais ar SL
agus ar thabhairt isteach íocaíocht dara ciseal do leanaí.Léiríonn an méid seo a leanas
achoimre ar an anailís seo.
290
Gearradh cánach ar SL: Tá scrúdú déanta ag an ITES ar an éifeacht chánachais ar SL lena
múnla micrea-ionsamhlúcháin darb ainm SWITCH. I bhfianaise mhúnla 2009, ríomh an ITES
go bhféadfaí €370 milliún sa bhreis d'ioncam cánach a thabhairt isteach dá mbeadh SL san
áireamh in ioncam inchánach. Mar a bheifí ag súil leis, bheadh sé mar thoradh ar an éifeacht
chánachais ar SL go mbeadh laghdú níos mó ar an ioncam indiúscartha sna deicílí is airde, i
gcomparáid leis na deicílí is ísle (0.4% i gcomparáid le 0.2%). Maidir leis an ráta 'baol
bochtaineachta', fuarthas gurbh é an toradh ar cháin a ghearradh ar SL ná go raibh méadú
0.6 pointe céatadáin i gceist. Agus an tomhas bearna bhochtaineachta á úsáid, rud a
fhiosraíonn géire na bochtaineachta, bhí sé mar thoradh ar cháin a ghearradh ar SL go raibh
méadú 3% i gceist. 155
Íocaíocht Dara Ciseal do Leanbh: Sa tuarascáil a rinne siad ar an gcás ar son foirm nua
d'íocaíocht spriocdhírithe TIL, sholáthair an CNES costáil léiritheach d'íocaíocht dara ciseal a
bhainfeadh le hioncam. Sa chás a taispeánadh, is é an luach comhcheangailte a bhí ar SL
agus ar an íocaíocht dara ciseal ná €69.22, méid a raibh leath de cionroinnte ar an ionstraim
roghnaitheach. Úsáideadh an múnla SWITCH arís chun éifeacht an leasaithe seo a aimsiú.
San ionsamhlú seo, úsáideadh an dáileadh deicílí chun tairseach na híocaíochta a shocrú,
ionas go bhfaigheadh na trí dheicíl ioncaim is ísle an íocaíocht ina hiomláine. Socraíodh ráta
tarraingthe siar 20% do gach ceann de na deicílí a bhí níos airde, rud a chiallaigh nach bhfuair
na trí dheicíl ioncaim ab airde aon íocaíocht dara ciseal in aon chor. I bhfianaise na
bparaiméadar seo, mheas múnla SWITCH gurb é an glanchostas uasta a bheadh ar an rogha
leasaithe ná €775 milliún, tar éis do €344 milliún a bheith asbhainte ó chaiteachas ar
MLCanna agus FIT.156
9.3.6 Leasú polasaí TIL – conclúidí leathana
Agus roinnt bealaí cuir chuige féideartha aitheanta agus pléite sa chuid roimhe seo i leith
leasú, tá sé mar aidhm ag an gcuid seo an cheist measúnaithe a fhreagairt "Céard iad na
hathruithe i ndearadh agus oibriú na gclár ar leith a d'fheabhsódh éifeachtacht agus tionchar
an pholasaí agus na gclár sa réimse seo?” Aithníodh príomhriachtanais a leithéid
d'fheabhsuithe i gcodanna roimhe seo agus baineann siad le bheith níos soiléire maidir le
cuspóirí dáilte chothrománaigh a bhaint amach, fad is a chinntítear gur féidir tacaí
spriocdhírithe a dhéanamh níos éifeachtaí i laghdú bochtaineachta i measc leanaí agus i
spreagadh fostaíochta i measc tuismitheoirí. Mar a pléadh i gcodanna roimhe seo, tá roinnt
bealaí cuir chuige ann i leith na gceisteanna leasaithe a bhí tarraingthe anuas ag an réimse
155
T. Callan, C. Keane, J.R. Walsh, ‘Tax reform; selected issues’, i T. Callan et al., Budget Perspectives 2010, An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Shóisialta (Baile Átha Cliath, 2009), lgh 11 – 13. 156
Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, lgh. 66 - 68.
291
caiteachais mór seo atá casta agus tá difríochtaí móra ann idir tarraingteacht na roghanna
éagsúla agus iad faoi réir chothromaíocht na gcuspóirí agus an réimse ama atá á bhreithniú.
Fionnachtain 9-6: Athruithe ar an gcóras TIL atá ann faoi láthair
Go gearrthéarmach, is dóchúil nach bhfuil ach na hathruithe sin a dhíríonn ar na híocaíochtaí
atá ann cheana féideartha. Bhí gluaiseacht ann i gCáinaisnéis 2010 i dtreo córais a bheadh
measctha nó roghnaitheach go príomha, trí laghdú a dhéanamh ar SL agus trí chúiteamh a
íoc le teaghlaigh ar bheagán ioncaim trí MLCanna agus FIT, ionas nach rachadh na rátaí
bochtaineachta i measc leanaí chun donais. D'fhéadfadh leasuithe breise gnéithe a réasúnú
sa struchtúr íocaíochta atá ann faoi láthair agus pléadh réimse rudaí féideartha i gCaibidil 5.
Ach seans nach mbeidh na bearta cúitimh seo go hiomlán éifeachtach (nuair a chuirtear
bearna sa chuimsiú agus glacadh FIT san áireamh, mar shampla) agus nuair a chuirtear treo
an pholasaí le blianta beaga anuas san áireamh, tá an baol ann go méadófar na
dídhreasachtaí fostaíochta, rud a chiallaíonn go mbeadh sé deacair laghdú a dhéanamh ar
dhífhostaíocht amach anseo.
Fionnachtain 9-7: Réasúnaíocht láidir ar son leasú struchtúrtha a dhéanfaí go
hincriminteach
Nuair a chuirtear an fhéidearthacht torthaí feabhsaithe agus na srianta ar athrú atá ann
taobh istigh den chóras atá ann faoi láthair, tá sé réasúnta breithniú a dhéanamh ar leasú
níos bunúsaí. Cé go mbeadh sé mar thoradh ar chánachas ar nó tástáil acmhainne/ioncaim
ar SL go ndéanfaí athchothromú ar leibhéal iomlán na n-acmhainní poiblí a chaithfí ar
theaghlaigh ina bhfuil leanaí, ní dhíreodh sé go sonrach ar cheisteanna a bhaineann leis an
gcóras tacaí ioncaim do leanaí, go háirithe ceisteanna aistrithe ó MLCanna go dtí FIT.
Bheadh costais mhóra bunaithe agus riaracháin leanúnaigh ag baint le cur i bhfeidhm na
rogha seo, gan aon ráthaíocht a bheith ann go mbeadh an córas foriomlán de thacaí ioncaim
do leanaí níos comhleanúnaí agus cuimsithí. Bheadh roinnt buntáistí ag baint le bealach cuir
chuige a bheadh bunaithe ar leasú na dtacaí ioncaim go léir do leanaí mar chóras (bíodh sé
tríd an gcreidmheas cánach in-aisíoctha, íocaíocht dara ciseal nó an íocaíocht chomhtháite
atá pléite thuas), i gcomparáid leis an struchtúr atá ann faoi láthair agus an rogha
mhalartach atá ann de thástáil acmhainne nó gearradh cánach ar shochar linbh. Dhíreodh sé
ar chuspóirí athdháilte cothrománacha agus ingearacha in aon ionstraim amháin, rud a
chiallódh go mbeadh sé níos infheicthe agus níos éasca measúnú a dhéanamh ar cé acu an
bhfuil nó nach bhfuil sé ag baint chuspóirí an rialtais amach. Bheadh na heilimintí éagsúla
níos trédhearcaí do theaghlaigh ina bhfuil leanaí agus d'fhéadfaí neamhréireanna a
sheachaint ar bhonn níos fearr. Bheadh sé níos éasca an deighilt idir leas sóisialach agus
obair a thrasnú fad is a íoslaghdaítear dídhreasachtaí oibre, cás a mbeadh pointe scoite
ioncaim de dhíth air, ina dtarraingeofaí íocaíochtaí siar go céimnitheach nuair a shárófaí an
pointe sin. Is é an príomhdhifear a bheadh ann idir na roghanna leasaithe seo ná a
292
bhféidearthacht go meántéarmach. D'fhéadfadh sé a bheith d'acmhainneacht ag an
gcreidmheas cánach in-aisíoctha maidir le leanaí agus an íocaíocht dara ciseal tacaí a
spriocdhíriú ar bhonn níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí. Ach déanann siad talamh slán de
go bhfuil eolas ar ioncam reatha teaghlaigh ar fáil ar bhonn níos éasca ná mar atá i ndáiríre
ón gcóras cánachais nó leasa shóisialaigh atá ann faoi láthair. Thógfadh an bealach cuir
chuige íocaíochta comhtháite ar struchtúir íocaíochta atá ann faoi láthair, le bogadh diaidh
ar ndiaidh i dtreo íocaíocht aonair a bhainfeadh le leanaí agus a mbeadh comhchodanna
uilíocha agus spriocdhírithe inti.
293
Tábla 9-4: Comparáid ar fud na bpríomhroghanna leasaithe straitéisigh de réir torthaí dóchúla
Cúnamh le costas tógála leanaí
Laghdú bochtaineachta leanaí
Dreasachtaí Tionchar ar airgeadas poiblí
Féidearthacht an chuir i bhfeidhm
Nithe eile
Fanacht taobh istigh de na struchtúir TIL atá ann faoi láthair (a d'fhéadfadh a bheith leasaithe)
Laghdú ar an ráta SL agus laghdú ar chúnamh do theaghlaigh i gcoitinne dá bharr.
Acmhainneacht ann chun acmhainní a aistriú chuig ionstraimí spriocdhírithe le tionchar den chéad bhabhta ar ioncam.
Acmhainneacht go gcuirfí an dídhreasacht fostaíochta chun donais d'oibrithe ar bheagán ioncaim D'fhéadfaí é a fhritháireamh go páirteach le méaduithe ar FIT, ach ní sháródh sé na fadhbanna a bhaineann leis an íocaíocht FIT.
D'fhéadfaí glanchaiteachas a laghdú ar Thacaíocht Ioncaim do Leanaí, chomh maith le cuspóirí bochtaineachta a bhaint amach (má dhéantar talamh slán de nach bhfuil aon éifeacht dhiúltach fostaíochta ann mar gheall ar dhídhreasachtaí ag dul in olcas).
Réasúnta díreach, ach é faoi réir nádúr na méaduithe ar íocaíochtaí roghnaitheacha agus leasú (más ann dó).
Ní bheadh aon impleachtaí nua ann do Rialacháin leasa shóisialaigh an AE agus choinneofaí an leibhéal infheictheachta atá ann faoi láthair.
Gearradh cánach ar SL
Sholáthródh sé seo íosmhéid íocaíochta go fóill do gach teaghlach ina bhfuil leanaí. Ach bheadh an méid ag athrú go héifeachtach, i gcomhréir le hioncam an aonaid inchánach.
Ní bheadh tionchar suntasach aige seo ar bhochtaineacht i measc leanaí leis féin. Is é an phríomhcheist atá ann ná an oiread a chaithfí na hacmhainní ar ionstraimí roghnaitheacha.
Bheadh sé d'acmhainneacht aige éifeacht dídhreasachta a imirt ar shaothraithe ioncaim, ós rud é go gcuirfeadh sé le rátaí cánach imeallacha, go háirithe i gcás dara saothraithe.
Dearfach. Ní bheadh laghdú ar chaiteachas mar thoradh air go baileach, ach bheadh méadú ar ioncam cánach i gceist.
Tá roinnt ceisteanna i gceist. Baineann cuid mhaith acu seo le sainmhíniú agus comhiomlánú na cánach ioncaim, rud a shocródh an chóireáil chuí cánach. Príomhcheist eile a bheadh ann ná cén chaoi a mbaileofaí an cháin (ag an bhfoinse nó trí chódú isteach).
Ní bheadh aon impleachtaí nua ann do Rialacháin leasa shóisialaigh an AE agus choinneofaí an leibhéal infheictheachta atá ann faoi láthair.
294
SL de réir tástáil ioncaim
Bheadh sé seo faoi réir dhearadh na tástála ioncaim - ach sa chás go leanfadh tástáil ioncaim nach bhfuil aon scoitheadh iomlán ag baint leis de chúnamh a sholáthar.
Ní bheadh tionchar suntasach aige seo ar bhochtaineacht i measc leanaí leis féin. Is é an phríomhcheist atá ann ná an oiread a chaithfí an coigilteas ar ionstraimí roghnaitheacha.
Bheadh sé d'acmhainneacht aige éifeacht dídhreasachta a imirt ar shaothraithe ioncaim, ós rud é go gcuirfeadh sé le rátaí cánach imeallacha, go háirithe i gcás dara saothraithe. Ní dhíreodh sé ar cheisteanna atá ann faoi láthair maidir le caillteanas cáilithe MLCanna/FIT.
Athraitheach. Tá comhbhabhtáil mar ionchas. Bhainfeadh tairseach íseal ioncaim coigilteas suntasach amach, ach bheadh costais ollmhóra forbartha agus oibrithe riaracháin i gceist.
Tá fadhbanna móra i gceist nuair a chuirtear scála na n-íocaíochtaí SL, na deacrachtaí a bhaineann le bailiú sonraí ioncam teaghlaigh agus nuashonrú na sonraí sin san áireamh.
Ní bheadh aon impleachtaí nua ann do Rialacháin leasa shóisialaigh an AE agus choinneofaí an leibhéal infheictheachta atá ann faoi láthair.
Creidmheas cánach in-aisíoctha
Bheadh sé faoi réir nádúr na n-athruithe. Go héifeachtach, sholáthrófaí tacaíocht chothrománach tríd an gcóras cánach, rud a d'fhéadfadh infheictheacht na híocaíochta a bhainfeadh le leanaí a laghdú.
Bheadh sé faoi réir leibhéal na híocaíochta agus oiread an spriocdhírithe.
Bheadh sé d'acmhainneacht aige leasú a dhíriú ar fheabhsú dreasachtaí toisc comhtháthú níos mó idir cáin agus sochair, ach bheadh an toradh deiridh faoi réir nádúr an leasaithe.
Bheadh sé faoi réir nádúr an leasaithe.
Leasú an-suntasach ar chórais ioncaim agus leasa shóisialaigh araon.
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann do Rialacháin leasa shóisialaigh an AE. Tá tionchar aige chomh maith ar infheictheacht na híocaíochta, rud a bhféadfadh impleachtaí a bheith ag baint leis do roghanna a dhéanann faighteoirí in úsáid na híocaíochta chun sochar leanaí.
295
Íocaíocht tacaíochta ioncaim dara ciseal do leanaí
Sholáthródh “an chéad chiseal” léargas soiléir agus trédhearcach ar an méid cuí a bheadh i gceist.
Dhéanfadh an dara ciseal soláthar do spriocdhíriú ar theaghlaigh ar bheagán ioncaim i gcomparáid le réimsí ioncaim níos ísle agus meánacha.
Dhéanfaí MLCanna agus FIT a chomhdhlúthú in aon fhorlíon amháin de réir tástáil ioncaim. Ba ghá é seo a tharraingt siar os cionn réimse ioncaim áirithe agus d'fhéadfadh roinnt dídhreasachtaí a bheith mar thoradh air.
Bheadh sé seo faoi réir na cumraíochta deiridh. Ach rinne an CNES meastachán faoi chumraíocht amháin (i bhfianaise choinneáil an leibhéil SL a bhí ann cheana) go mbeadh glanchaiteachas breise €775 milliún i gceist.
Ba ghá FIT agus MLCanna a athchur le forlíon de réir measúnú ioncaim. Baineann an chuid is mó ceisteanna leis an gcaoi le hioncam teaghlaigh a shocrú agus a nuashonrú.
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann do Rialacháin leasa shóisialaigh an AE. Bearta neamhéasca i gceist. Tionchar díobhálach ar infheictheacht na híocaíochta.
Íocaíocht chomhtháite TIL á cur i bhfeidhm go hincriminteach
Sholáthródh comhchuid bhunúsach léargas soiléir agus trédhearcach ar an méid cuí a bheadh i gceist
Ligfeadh forlíonta a bheadh nasctha le híocaíocht leasa shóisialaigh nó le beagán ioncaim do spriocdhíriú acmhainní ar theaghlaigh ar bheagán ioncaim tarlú.
D'fhéadfaí díriú ar chuid de na ceisteanna a bhaineann le hathrú ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh go dtí FIT. Ba ghá forlíon ioncaim ísil a aistharraingt go fóill, rud a bheadh mar chúis le dídhreasachtaí áirithe dá bharr.
Bheadh sé seo faoi réir na cumraíochta deiridh. Bheadh gá le comhchuid bhunúsach athchothromaithe (SL níos ísle go héifeachtach) le híoc as leibhéal níos airde d'fhorlíon Chineál A (MLC roimhe seo) agus síneadh fhorlíon Chineál B (FIT athdhearadh) chuig grúpaí nach raibh cuimsithe roimhe seo faoi FIT.
Bheadh an phríomhcheist ag baint leis an gcaoi chun ioncam do ghrúpaí ar bheagán ioncaim nach bhfaigheann forlíon Chineál A (MLC roimhe seo) a shocrú. Tá acmhainneacht ann úsáid níos mó a bhaint as sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim ná mar a rinneadh roimhe seo, ach ní bheifí ag brath ar nasc ioncaim uathoibríoch leis an íocaíocht, mar a dhéantar i gcás íocaíocht dara ciseal.
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann do Rialacháin leasa shóisialaigh an AE. Próiseas nach bhfuil chomh neamhéasca leis an mbealach cuir chuige dara ciseal. Níos trédhearcaí agus níos éasca le tuiscint ag faighteoirí, rud a laghdaíonn aon tionchar diúltach ar ghlacadh na sochar.
296
9.4 Comhthéacs níos leithne do leasú coimirce sóisialaí
Rinneadh cur síos i gcodanna roimhe seo ar bhealaí cuir chuige chun íocaíochtaí tacaíochta
ioncaim do leanaí a leasú. Tá cuid acu neamhspleách go príomha ach bheadh impleachtaí
móra ag baint le cinn eile taobh amuigh d'íocaíochtaí TIL, go háirithe d'íocaíochtaí aois oibre.
Go sonrach, bheadh an moladh atá ann go mbeadh íocaíocht chomhtháite TIL ann ag
tabhairt le fios (i) go n-íocfaí MLCanna trí íocaíocht shainiúil do leanaí in áit trí íocaíochtaí do
dhaoine fásta mar atá á dhéanamh faoi láthair, agus (ii) go mbeadh FIT á athdhíriú mar
íocaíocht a bhaineann le leanaí atá le bheith íoctha trí íocaíocht shainiúil do leanaí in áit trí
íocaíocht do dhuine fásta. Ba ghá leasú ar íocaíochtaí TIL a chomhordú go dlúth le leasú ar
íocaíochtaí na haoise oibre mar sin.
Tá an RCS ag scrúdú na féidearthachta a bhaineann le híocaíocht aonair do gach duine in aois
oibre. Bheadh a leithéid d'íocaíocht ag dul in áit réimse na n-íocaíochtaí cúnaimh
shóisialaigh atá ann faoi láthair i bprionsabal (amhail na híocaíochtaí do dhaoine dífhostaithe
agus do thuismitheoirí aonair) agus é mar chuspóir cóireáil an ioncaim oibre ar ríomh sochar
a réasúnú agus dreasachtaí do dhul chun cinn san fhostaíocht ag daoine in aois oibre a
fheabhsú. Agus é ina íocaíocht atá mar dhroichead idir dreasacht fostaíochta agus cuspóirí
bochtaineachta i measc leanaí, tá suntas ar leith ag baint le ról an FIT.
Taispeánann Figiúr 9-3 cumraíocht fhéideartha amháin den chaoi a bhféadfaí leasú a
chomhordú. Taispeánann an chuid uachtair den fhigiúr na trí phríomhchomhchuid a
bhaineann le leanaí (SL, MLCanna agus FIT) agus iad á n-athchumrú ina n-íocaíocht
chomhtháite do leanaí, ina bhfuil comhchodanna uilíocha agus roghnaitheacha. I gcomhréir
le loighic an leasaithe a míníodh roimhe seo, bheadh comhchuid forlíon TIL Chineál B (atá ag
dul in áit FIT) bunaithe ar bheagán ioncaim amháin, gan coinníoll fostaíochta a bheith ag
baint leis. Dá dtarlódh sé seo ina aonar, chaillfí an ról atá ag FIT i soláthar dreasachtaí le
glacadh le fostaíocht. I gcomhthéacs leasú níos leithne ar íocaíochtaí aois oibre, d'fhéadfaí
an chomhchuid seo de FIT (an eilimint do dhuine fásta go bunúsach) a athchumrú i
gcomhthéacs íocaíochta amháin mar thástáil acmhainne athbhreithnithe agus/nó forlíon
dóibh siúd a ghlacann le fostaíocht.
297
Figiúr 9-3: Forbhreathnú ar an idirghníomhaíocht idir leasú na dtacaí ioncaim do leanaí agus do
lucht na haoise oibre
Bheadh impleachtaí éagsúla ag baint leis an bpróiseas leasaithe dá chomhchodanna éagsúla
agus tá achoimre orthu seo thíos.
Impleachtaí do Shochar Linbh
- Bunú SL mar íocaíocht ardáin le haghaidh TIL nua bunúsach
- Coinneáil luach na híocaíochta thart ar 50% de ráta sprice Cuimsitheacht PGN
- Réasúnú luach na híocaíochta d'ord breithe níos airde agus ilbhreitheann ar an gcaoi atá
molta sa tuarascáil
298
Impleachtaí do MLCanna
- Coinneáil luach an SL móide MLCanna ag céatadán den ráta sprice Cuimsitheacht PGN
- Aois uasta na MLCanna a chur i gcomhréir le SL (18 mbliana). Coigilteas á athúsáid trí
thacaí oideachais
- Íoc MLCanna mar fhorlíon TIL le híocaíocht mhíosúil SL seachas mar bhreis sheachtainiúil
in éineacht le híocaíochtaí do dhaoine fásta
- Cinn bealach cuir chuige maidir le MLCanna leathráta (ioncam céile á chur san áireamh)
ar an mbonn nár cheart ach forlíon amháin a íoc. Is gá measúnú a dhéanamh maidir le
cé acu an íocfar forlíon mar Chineál A nó B sa chás sin le haghaidh an chinnidh
Impleachtaí do FIT
- Staidéar féidearthachta teicniúil, oibríochtúil agus airgeadais ar athdhearadh FIT le
comhchuid linbh (bainteach le hioncam) agus coinníoll oibre agus (coinníoll oibre agus
bainteach le hioncam)
- Cinneadh maidir le cé acu ar chóir é a íoc trí scéim aonair nó trí dhá scéim
Impleachtaí do LÉCSN
- Cealú na scéime ar mhaithe le ráta íocaíochta níos airde den fhorlíon Linbh in Iúil/Lúnasa
Impleachtaí d'íocaíochtaí aois oibre
- Athchumrú na n-íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh atá ann cheana ina n-íocaíocht aonair
do dhaoine in aois oibre
- Bunú paraiméadair íocaíochta aonair – lena n-áirítear coinníollacha, rátaí íocaíochta,
neamhaird agus socruithe barrchaolaithe
- Cinneadh maidir le cé acu an mbeidh nó nach mbeidh an íocaíocht ina híocaíocht
bhunúsach ina mbeidh comhchodanna breise le glacadh le hobair nó le fanacht ag obair
299
9.5 Táscairí feidhmíochta
Tá sé mar aidhm ag an gcuid seo na táscairí feidhmíochta a d'fhéadfaí a úsáid chun
monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht polasaí TIL agus na gclár gaolmhar a
aithint. Soláthraíonn Cuid 9.5.1 forbhreathnú ar na táscairí feidhmíochta i gcomhthéacs an
athbhreithnithe ar Luach ar Airgead agus déanann sé iarracht na táscairí feidhmíochta a
aithníodh agus a úsáideadh sna caibidlí roimhe seo san athbhreithniú seo a aithint. Déantar
breithniú i gCuid 9.5.2 ar na gnéithe praiticiúla ina bhféadfaí an mhonatóireacht ar
fheidhmíocht leanúnach polasaí agus clár a fheabhsú.
9.5.1 Táscairí feidhmíochta i gcomhthéacs athbhreithniú LAA
De réir an lámhleabhair LAA, is pointí sonraí iad táscairí feidhmíochta a úsáidtear chun
ionchur, gníomhaíochtaí, aschur nó torthaí a thomhas. Tá ceithre chineál de tháscairí
feidhmíochta aitheanta i modheolaíocht athbhreithnithe LAA, mar atá, táscairí ionchuir,
aschuir, toraidh agus tionchair:
Is ionann na hacmhainní a úsáideann clár agus an t-ionchur, rud a d'fhéadfadh fíorchostas an chláir, líon na foirne agus am foirne a chuimsiú.
Is ionann an t-aschur clár agus na hearraí agus seirbhísí a sholáthraítear go hiarbhír, mar shampla, líon na n-íocaíochtaí a dhéantar.
Baineann táscairí toraidh le héifeacht ghearrthéarmach a bhíonn ann mar gheall ar thionscadal/clár agus
Is ionann táscairí tionchair agus an éifeacht, idir mheántéarmach agus fhadtéarmach, a bhíonn ag an gclár, amhail an éifeacht ar tháscairí eacnamaíocha nó sóisialta.
Táscairí feidhmíochta a úsáideadh san athbhreithniú TIL
Aithníodh agus úsáideadh réimse táscairí feidhmíochta i rith chúrsa an athbhreithnithe ar an
gclár TIL. Déanann Figiúr 9-4 achoimre ar na táscairí feidhmíochta seo agus déanann sé
imdhealú orthu de réir na tíopeolaíochta atá leagtha amach sa lámhleabhar LAA.
D'fhéadfadh catagórú na dtáscairí feidhmíochta de réir na tíopeolaíochta seo a bheith
réasúnta treallach, ós rud é go bhféadfadh teorainneacha soiléire idir na catagóirí éagsúla de
tháscairí feidhmíochta a bheith in easnamh, .i. ionchur go haschur, aschur go torthaí srl. Seo
an cás atá ann go háirithe mura bhfuil loighic cláir clár caiteachais sainmhínithe chomh
soiléir sin is a bhíonn sí i gcláir chaipitil, mar atá i gcás tacaí ioncaim do leanaí. Mar sin, tá
deacrachtaí bunúsacha ag baint le táscairí feidhmíochta a struchtúrú a bhaineann le
híocaíochtaí aistrithe, amhail íocaíochtaí tacaíochta ioncaim do leanaí. In ainneoin na
300
ndeacrachtaí seo, leagtar amach na táscairí feidhmíochta i bhFigiúr 9-4 de réir loighic an
chláir, mar atá leagtha amach sa chlár seo.
Figiúr 9-4: Achoimre ar na táscairí clár a aithníodh san athbhreithniú TIL
9.5.2 Cén chaoi ar féidir linn monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht
leanúnach polasaí agus clár ar bhonn níos fearr?
Taispeánann an forbhreathnú ar tháscairí feidhmíochta i bhFigiúr 9-4 go bhfuil réimse leathan
sonraí ann atá ar fáil faoi láthair chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht. Níor ghá
na táscairí seo go léir a úsáid chun monatóireacht éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmíocht
polasaí agus clár. Ina n-áit sin, bealach cuir chuige amháin a bhféadfaí breithniú a dhéanamh
air ná ceann a chuimseodh cinntiú teacht le chéile le Ráiteas Straitéise na Roinne Coimirce
Sóisialaí agus an próiseas monatóireachta a bhíonn in éineacht leis sin, lena n-áirítear ullmhú
Ráitis Bhliantúla Aschuir. Tá na táscairí feidhmíochta a bhaineann le leanaí a ndearnadh
301
breithniú orthu i gcomhthéacs ullmhú an Ráitis Straitéise is déanaí leagtha amach i dTábla 9-
5. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil táscairí tionchair in easnamh ar an liosta
seo, ós rud é gur chóir tagarmharcanna cuí ina leith seo a chumadh i gcomhthéacs níos
leithne na dtáscairí leas leanaí.
Tábla 9-5: Táscairí a bhaineann le leanaí
Cineál Fearann Táscaire Foinse/Tréimhsiúlacht
Toradh Cúnamh a sholáthar
do gach teaghlach leis an gcostas tógála leanaí Cúnamh breise spriocdhírithe a sholáthar do theaghlaigh ar bheagán ioncaim chun bochtaineacht i measc leanaí a laghdú
Luach an ráta íocaíochta de Shochar Linbh (atá níos ísle) mar chomhréir den 'chostas linbh' measta Rátaí líon na leanaí bochta Rátaí bochtaineachta comhsheasmhaí i measc leanaí Géire na bochtaineachta Rátaí bochtaineachta i measc daoine fásta in aghaidh leanaí
Tá meastacháin ar fáil agus iad bunaithe ar chostas linbh na gCaighdeán Buiséid (tógáil ciseáin inghlactha d'earraí a bhaineann le leanaí). SIDM - Bliantúil
Fostaíocht mhéadaithe do theaghlaigh ina bhfuil leanaí Bearta rialaithe
Rátaí fostaíochta na dteaghlach ina bhfuil leanaí i gcomparáid le teaghlaigh gan leanaí Beirt fhásta, beirt leanaí Beirt fhásta, ceathrar leanaí nó níos mó Tuismitheoirí aonair Leanaí ina gcónaí i dteaghlaigh gan phoist Rátaí calaoise agus earráide Leibhéil ró-íocaíochta Coigilteas in aghaidh leibhéil sprice
SRNT - Ráithiúil SRNT - Ráithiúil
Aschur Luach na
n-íocaíochtaí Luach na híocaíochta SL (níos ísle agus níos airde)
Luach SL (níos ísle) móide MLC mar 33% -35% den ráta do dhuine fásta (sprioc Cuimsitheacht PGN)
Luach an ráta SL atá níos ísle, % SL móide MLC
302
Tionchar an aistrithe buiséid
TIL a rinneadh le déanaí ar (i) chás gan chaiteachas, agus (ii) cás na bliana roimhe sin
Anailís SWITCH - Bliantúil
Cuimsiú íocaíochtaí
Líon na dteaghlach agus na leanaí a bhaineann leas as íocaíochtaí TIL
Líon na leanaí a bhaineann leas as íocaíochtaí TIL mar % den daonra
MLCanna agus SL mar % den daonra ó 0-18 mbliana d'aois
Líon na leanaí a bhaineann leas as íocaíocht
SL amháin
SL móide MLC amháin
SL móide MLC móide FIT
LÉCSN
Tionchar ar chuspóirí fostaíochta
Líon na gcásanna idirghabhála do theaghlaigh a fhaigheann MLCanna
Le bheith forbartha
Fad ag fáil na n-éileamh reatha in éineacht le MLCanna Fad iomlán ag fáil sochar lena n-áirítear MLCanna
Le bheith forbartha
Rátaí athsholáthair do theaghlaigh ina bhfuil leanaí Buillí céatadáin ar TF (COE) ag cohóirt le MLCanna
Le bheith forbartha
Ionchur Éifeachtúlacht an
tseachadta Ceadanna in aghaidh leibhéil sprice
Staidreamh roinne - Míosúil
Ar feitheamh anailís éileamh
Céatadán bronnta taobh istigh den ambhonn fráma
Bearta rialaithe Athbhreithniú in aghaidh
leibhéil sprice
Soláthar foirne Leithdháileadh buiséid
Céatadán na hinfhaighteachta foirne in aghaidh na míosa Caiteachas in aghaidh próifíle in aghaidh na míosa
303
Forbairt táscairí nua
Cuireann próiseas an athbhreithnithe scóip ar fáil do mholadh na dtáscairí feidhmíochta
féideartha amach anseo, le díriú ar bhearnaí sonraí atá ann, rudaí a d'fhéadfadh bac a chur
leis an monatóireacht feidhmíochta. Réimse amháin ina n-aithníonn an t-athbhreithniú seo
go bhfuil táscairí in easnamh ná costas linbh. Déanann Fionnachtain 4-1 den athbhreithniú
seo soláthar do thaighde a dhéanfaí ar an gceist seo agus d'fhéadfaí táscairí féideartha le
haghaidh na todhchaí a fhorbairt ina leith seo mar thoradh ar an taighde sin.
9.6 Forbhreathnú ar mholtaí
Soláthraíonn an chuid seo forbhreathnú ar an moladh atá ann san fhionnachtain ar fud an
athbhreithnithe. Is féidir teacht ar bhreac-chuntas ar na príomh-mholtaí san Achoimre
Feidhmiúcháin agus déantar formhíniú orthu anseo.
Molann an t-athbhreithniú gur chóir na cuspóirí tacaíochta ioncaim do leanaí a thuiscint
taobh istigh de chomhthéacs níos leithne d'fheabhsú leas leanaí, trí ligean do theaghlaigh
torthaí níos fearr a bhaint amach dá leanaí cleithiúnacha. Tá roinnt meicníochtaí ann cheana
chun é seo a éascú, go háirithe cur i bhfeidhm na straitéise náisiúnta do leanaí agus aird níos
mó ar tháscairí leas leanaí, ach ba chóir breithniú níos mó a dhéanamh ar an gcaoi a
gcuireann torthaí tacaíochta ioncaim do leanaí le leas leanaí. (Fionnachtain 2-12)
Ionas gur féidir tuiscint níos fearr a fháil ar fhorbairt pholasaí amach anseo, molann an t-
athbhreithniú gur chóir don Roinn Coimirce Sóisialaí féachaint le cinntiú go ndéantar na
meastacháin maidir leis an gcostas linbh a nuashonrú leis an modh díreach caighdeáin
bhuiséid (le buiséad comhaontaithe íosta, chomh maith le caighdeáin níos airde) agus na
modhanna atá níos indírí, amhail anailís ar an suirbhé buiséad teaghlaigh. Ba chóir go
ndéanfaidís seo soláthar do thuiscint níos fearr ar na naisc idir scálaí coibhéise (a úsáidtear i
dtomhas ioncam teaghlaigh agus bochtaineachta) agus meastacháin dhíreacha ar an gcostas
linbh agus go soláthróidís tuiscint níos fearr ar an oiread a sholáthraíonn Sochar Linbh
cúnamh le tógáil leanaí dá bharr. (Fionnachtain 4-1)
Bheadh buntáistí suntasacha ag baint le soiléire níos mó maidir leis an gcuspóir soláthair
cúnaimh le costas tógála leanaí agus maidir leis an gcothromaíocht chuí idir an eilimint
uilíoch agus roghnaitheach sa phacáiste foriomlán tacaíochta ioncaim do leanaí. Ach mar
aitheantas ar an gcaoi go bhféadfadh sé a bheith deacair sprioc a shocrú, ós rud é go bhfuil
easpa toilithe ann faoin méid a mheasfaí a bheith mar mhéid réasúnta cúnaimh, measann an
t-athbhreithniú go bhfuil an méid cuí tacaíochta á léiriú ar an gcaoi is fearr i gcóras
304
measctha, ina mbeadh ionstraimí uilíocha agus roghnaitheacha cothrom lena chéile nach
mór de réir a chéile (i réimse thart ar 40% -60%). (Fionnachtain 4-5)
Ionas gur féidir an chomhbhabhtáil idir cuspóirí bochtaineachta agus dreasachta a
uasmhéadú, fad is a choinnítear costais fhoriomlána na gclár TIL taobh istigh de
theorainneacha réasúnta, ba chóir bealach cuir chuige measctha a choinneáil amach anseo
agus aird ar struchtúr na n-íocaíochtaí faoi láthair (SL, MLCanna agus FIT) agus an
neamhleanúnachas gaolmhar idir ionstraimí roghnaitheacha. Ligeann bealach cuir chuige
measctha don chothromaíocht idir uilíoch agus roghnaitheach athrú chomh maith, agus í
faoi réir dálaí fioscacha san am sin, chomh maith leis an meascán inmhianaithe idir
athdháileadh cothrománach agus ingearach. (Fionnachtain 4-8)
Ní mholann an t-athbhreithniú athruithe ar na teorainneacha aoise uasta uathoibríocha (16
bliana) agus coinníollacha (18 mbliana) maidir le Sochar Linbh i láthair na huaire.
(Fionnachtain 5-1)
Ba chóir an íocaíocht SL atá níos airde a laghdú de réir mar a laghdaíonn an difreálach idir
rátaí bochtaineacht na méideanna teaghlaigh éagsúla agus de réir mar a éiríonn an pacáiste
iomlán caiteachais ar Thacaíocht Ioncaim do Leanaí níos cothromaithe idir comhchodanna
roghnaitheacha agus uilíocha. Dá bhféadfaí na heilimintí roghnaitheacha de thacaíocht
ioncaim do leanaí a leasú chun dídhreasachtaí fostaíochta a laghdú nó dreasachtaí
fostaíochta a fheabhsú, ba chóir an phríomh-íocaíocht SL a chur ar ceal ar an mbonn nach
mbeadh ról aige a thuilleadh i laghdú bochtaineachta. (Fionnachtain 5-2)
Molann an t-athbhreithniú gur chóir taighde eimpíreach a dhéanamh chun na
fíordhifríochtaí costas idir a dteaghlaigh agus teaghlaigh eile atá ar chóimhéid a dhearbhú go
hoibiachtúil. Chomh maith leis sin, molann an t-athbhreithniú gur chóir go mbeadh a
leithéid de thaighde mar thaca ag cinntí faoi mhéid iomlán na tacaíochta d'ilbhreitheann.
Idir an dá linn, molann an t-athbhreithniú chomh maith gur chóir go léireodh an
chothromaíocht tacaíochta a sholáthraítear, idir aonuaire agus atréimhseach, go léireodh sí
nádúr na gcostas ar thuismitheoirí. (Fionnachtain 5-3)
Ní mholann an t-athbhreithniú go dtabharfaí isteach íocaíochtaí SL a bhaineann le haois i
láthair na huaire. Ina n-áit sin, molann sé gur chóir nuashonrú a dhéanamh ar thuairisc
costas linbh, chun measúnú a dhéanamh ar oiread an difreálaigh idir aoisghrúpaí leathana
(naíonra, bunscolaíocht dhéanach, tús bhlianta an déagóra, deireadh bhlianta an déagóra),
chun measúnú a dhéanamh ar impleachtaí na rátaí íocaíochta éagsúla ar na fíorchostais.
Molann an t-athbhreithniú gur chóir don Roinn Coimirce Sóisialaí breithniú a dhéanamh ó
305
dhearcadh teicniúil ar cé acu an féidir nó nach féidir íocaíochtaí éagsúla a bhaineann le haois
a dhéanamh maidir le gach íocaíocht tacaíochta ioncaim do leanaí san idirlinn. Mar fhocal
scoir, molann an t-athbhreithniú go ndéanfaí breithniú ar an gcéad dul síos ar dhíriú ar nádúr
na gcostas maidir le híocaíocht chomhchosúil (is é sin, costais aonuaire a bhaineann le
híocaíocht aonuaire; costais atréimhseacha maidir le híocaíochtaí atréimhseacha) dá
dtabharfaí isteach forlíonta a bhaineann le haois. (Fionnachtain 5-4)
Sa timpeallacht atá ann faoi láthair, níltear ag moladh go n-athrófaí na socruithe atá ann faoi
láthair [maidir le rátaí íocaíochta níos airde ag amanna den bhliain nuair a bhíonn costais a
bhaineann le leanaí níos airde]. Ach i gcás cinnidh maidir le hathrú go foirm íocaíochta
chomhtháite de thacaíocht ioncaim do leanaí, molann an t-athbhreithniú gur chóir breithniú
domhain a dhéanamh ar rátaí íocaíochta níos airde ag amanna áirithe den bhliain, faoi réir
srianta buiséid. D'éascódh a leithéid d'athrú ionsú LÉCSN in íocaíocht chomhtháite.
(Fionnachtain 5-5)
Measann an t-athbhreithniú go bhfuil ciall le cuíchóiriú an choinníll aoise uasta agus go
bhféadfaí gach íocaíocht tacaíochta ioncaim do leanaí a ailíniú faoi dheireadh leis na
coinníollacha aoise maidir le Sochar Linbh. Dá gcuirfí chuige ar an mbealach seo, d'fhéadfaí
na hacmhainní a bheadh coigilte a chaitheamh ar thacaí oideachais cuí. (Fionnachtain 5-6)
Cé go bhfuil siad casta, tá na rialacha atá ann faoi láthair maidir le méaduithe do dhaoine
fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe mar thoradh ar fheabhsuithe éagsúla a tugadh isteach le
blianta beaga anuas. Go háirithe, dearadh an leasú a tugadh isteach i 2007 inar cuireadh
coincheap na tástála ioncaim le haghaidh teidlíocht MDFC maidir le híocaíochtaí áirithe de
réir tástáil acmhainne ar ceal go speisialta chun dídhreasachtaí oibre agus gaistí
bochtaineachta a bhaint. Rinneadh iarrachtaí chomh maith na rátaí íocaíochta a chuíchóiriú
ar fud scéimeanna. Ní mholann an t-athbhreithniú aon athruithe ar an struchtúr seo. Ach ba
ghá athbhreithniú a dhéanamh ar an seasamh seo i gcomhthéacs íocaíocht TIL atá
comhtháite nó córas dara ciseal. (Fionnachtain 5-7)
Moltar san athbhreithniú go ndéanfaí breithniú ar fheabhsú éifeachtacht an bhirt seo
[Íocaíocht leanúnach MLCanna ar feadh 13 seachtaine], nuair a chuirtear tábhacht na
fostaíochta mar bhealach éalaithe ó bhochtaineacht san áireamh agus sa chás go bhfanfadh
an struchtúr de thacaíocht ioncaim do leanaí atá ann faoi láthair gan athrú. (Fionnachtain 5-
8)
Tá ról déach ag FIT i ndíriú ar dhreasachtaí oibre do dhaoine fásta agus cuspóirí
bochtaineachta i measc leanaí araon. Meastar go mbeadh gá le leasú níos bunúsaí ar FIT le
306
díriú ar an dá cheist seo. Go dtí go ndéanfar an scrúdú seo, molann an t-athbhreithniú gur
chóir an coinníoll fostaíochta a choinneáil agus gur chóir líon na n-uaireanta a choinneáil faoi
athbhreithniú le cinntiú go bhfuil siad i gcomhréir le hoibriú na scéime LLCF agus go
laghdaíonn sé an baol go bhféachfaí ar 19 n-uaire mar uasmhéid agus mar choinníoll íosta
araon. (Fionnachtain 5-9)
Is léiriú í an íocaíocht chomhthráthach FIT le faighteoirí príomh-íocaíochta áirithe, rud nach
n-íoctar le faighteoirí eile, is léiriú í ar an mbonn tuisceana coinníollachta atá mar bhonn leis
an bpríomh-íocaíocht do dhaoine fásta, in áit an chuspóra laghdaithe bochtaineachta i measc
leanaí. Lagaíonn an chóireáil dhifreálach seo an oiread a dhíríonn FIT go soiléir agus go
comhsheasmhach ar bhochtaineacht oibre agus ioncam íseal teaghlach ina bhfuil leanaí. Cé
go mbeadh sé mar thoradh ar chealú íocaíochtaí comhthráthacha (mar atá molta i
dtuarascáil McCarthy) go mbeadh bealach cuir chuige níos comhsheasmhaí agus níos
comhleanúnaí i gceist, tá ról tábhachtach ag FIT i ndreasacht a thabhairt do dhaoine fásta le
glacadh le hobair agus d'fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aige ar dhreasachtaí oibre trí
chabhrú le costais cúram leanaí a íoc. D'fhéadfadh baint na n-íocaíochtaí comhthráthacha
cumas an chórais leasa shóisialaigh bochtaineacht i measc leanaí a laghdú a lagú go
fadtéarmach mar sin. Ba chóir do chinntí ar bith a dhéantar chun na gnéithe seo a réasúnú
éifeacht ioncam agus dreasachta do theaghlaigh ar bheagán ioncaim ina bhfuil leanaí a chur
san áireamh, go háirithe tuismitheoirí aonair agus b'fhearr iad a dhéanamh mar chuid de
bhealach cuir chuige comhtháite a chuimseodh íocaíochtaí do dhaoine fásta. (Fionnachtain
5-10)
Ó tugadh isteach é, tá aireáchtáil de ghlacadh lag tar éis bac a chur le héifeachtacht FIT mar
ionstraim soláthair tacaíochta do theaghlaigh ar bheagán ioncaim ina bhfuil leanaí. Bhíodh
sé de nós ag anailís roimhe seo an tuairim seo a dheimhniú, ach le blianta beaga anuas, níl sé
soiléir cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fás ar an ualach éilimh FIT ag léiriú glacadh níos mó
nó linn fostaíochta níos mó. Tugann obair a choimisiúnaigh an RCS le déanaí le fios go bhfuil
seans ann go bhfuil feabhsú tagtha ar an bhfadhb glactha, rud a bheadh tarlaithe go
páirteach mar gheall ar thionscaimh chun eolas a fheabhsú agus chun an íocaíocht a
dhéanamh níos tarraingtí. Molann an t-athbhreithniú go ndéanfaí scrúdú eile ar na
ceisteanna a bhaineann le glacadh nuair a bheidh toradh na hanailíse nua seo ar fáil.
(Fionnachtain 5-11)
Ba chóir athbhreithniú rialta a dhéanamh ar theorainneacha ioncaim FIT agus treochtaí
tuillimh, rátaí leasa shóisialaigh agus línte bochtaineachta á gcur san áireamh. (Fionnachtain
5-12)
Moltar san athbhreithniú gur chóir breithniú a dhéanamh ar laghdú an ráta tarraingthe siar
FIT mar chuspóir fadtéarmach, ar mhaithe le gaistí bochtaineachta a laghdú sa chóras atá
307
ann faoi láthair agus le cur le glacadh feabhsaithe íocaíochta chomh maith, b'fhéidir. Ionas
gur féidir a leithéid a bhaint amach gan gaistí dífhostaíochta a chur chun donais, moltar san
athbhreithniú go n-aithneofaí meicníochtaí chun na comhchodanna tacaíochta ioncaim do
leanaí agus tacaíochta fostaíochta de FIT a dheighilt chomh maith, rud a ligfeadh do ráta
aistarraingthe níos ísle a bheith curtha i bhfeidhm ar an gcomhchuid tacaíochta ioncaim do
leanaí. Chinnteodh sé seo go gcaillfeadh daoine atá ag gabháil d'fhostaíocht íocaíochtaí
spriocdhírithe do leanaí ar bhonn níos céimnithí. Ligfeadh sé do shíneadh céimnitheach FIT
nó a íocaíocht iartheachtaí a bheith déanta chuig teaghlaigh ina bhfuil leanaí nach bhfuil
cuimsithe faoi láthair le híocaíocht spriocdhírithe do leanaí chomh maith, faoi réir acmhainní
buiséid. (Fionnachtain 5-13)
Tá sé mar chonclúid ag an athbhreithniú gur féidir cás láidir a dhéanamh ar son leasú
struchtúr na dtacaí i bhfianaise (i) staid an airgeadais phoiblí faoi láthair, (ii) athrú féideartha
ar an gcothromaíocht idir an dá phríomhchuspóir atá mar bhonn leis an tacaíocht seo agus
(iii) tuilleadh buartha ghinearálta faoi éifeachtacht an chaiteachais ar laghdú bochtaineachta
i measc leanaí. Bheadh an chonclúid seo níos láidre fiú i gcás go raibh níos lú acmhainní ar
fáil, ach baineann sé le méid na n-acmhainní faoi láthair chomh maith. Ina ainneoin seo, is
an tuairim mheáite atá san athbhreithniú ná go bhfuil tairbhí ag baint le straitéis mheasctha
agus aithnítear ann go gcuireann sé seo teorainn leis an oiread athchothromaithe is féidir a
thriail. Laghdófaí cuid de na srianta sin trí leasú féideartha ar struchtúir íocaíochta. Molann
an t-athbhreithniú go mbeadh an straitéis fhoriomlán á stiúradh le múnla measctha soláthair
a sheachnaíonn míbhuntáistí na mbealaí cuir chuige a bhí ann roimhe seo (mídhreasachtaí
fostaíochta an bhealaigh cuir chuige sna 1980í/1990í a bhí roghnaitheach go príomha agus
costais mhóra an chórais atá uilíoch go príomha le deich mbliana anuas). Go praiticiúil,
d'fhéadfadh an chomhchuid uilíoch a bheith níos lú ná an chomhchuid roghnaitheach i rith
blianta áirithe, ach má tá luach an SL le bogadh i bhfad faoi bhun na heiliminte roghnaithí,
molann an t-athbhreithniú gur chóir breithniú mór a dhéanamh ar leasú struchtúrtha a chur
chun cinn ar na bealaí a ndéantar breithniú orthu sna moltaí seo a leanas: (Fionnachtain 9-3)
Tá na hathruithe a rinneadh le déanaí ar chaiteachas TIL tar éis an córas a athrú ó bheith
uilíoch go príomha go bheith measctha. Tá acmhainneacht ann go fóill chun an córas a
dhéanamh níos éifeachtaí taobh istigh den chóras tacaí ioncaim atá ann faoi láthair i ndíriú
ar bhochtaineacht i measc leanaí, gan lagú suntasach a dhéanamh ar léibheál an chúnaimh
do gach teaghlach. Bhainfeadh roinnt leasuithe struchtúrtha amhail cealú an ráta SL atá níos
airde agus é a dhíriú ar íocaíochtaí roghnaithe (i gcomhréir le srianta buiséadacha), bhainfidís
torthaí amach a bheadh pas beag níos fearr maidir le bochtaineacht i measc leanaí. Cé go
mbeadh laghdú breise ar an ráta caighdeánach d'íocaíocht SL in éineacht le méaduithe ar
ionstraimí spriocdhírithe i réimse córais mheasctha go fóill, méadaíonn sé an baol go lagóidh
ionstraimí roghnaitheacha na fachtóirí indíreacha (dreasachtaí fostaíochta) agus fachtóirí
díreacha (rátaí fostaíochta) a chuir leis an laghdú ar bhochtaineacht i measc leanaí le blianta
beaga anuas. Mar sin, is beag seans atá ann torthaí níos fearr a bhaint amach sa todhchaí
leis an struchtúr atá ann faoi láthair. Molann an t-athbhreithniú roinnt athruithe ar an
308
gcóras atá ann faoi láthair (Caibidil 5) a bhféadfaí breithniú a dhéanamh orthu mar mhodh
feabhsaithe torthaí, go háirithe i laghdú bochtaineachta i measc leanaí agus nach mbeadh
neamhréireach le leasú níos bunúsaí, d'fhonn torthaí níos fearr a bhaint amach.
(Fionnachtain 9-4)
Cé go n-aithnítear go bhféadfadh impleachtaí dearfacha a bheith ag baint le cánachas SL do
thorthaí a bhaineann leis an íocaíocht SL í féin, ní mholann an t-athbhreithniú cánachas SL
mar mhodh feabhsaithe éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais d'íocaíochtaí
TIL. (Fionnachtain 9-5)
Nuair a chuirtear an fhéidearthacht torthaí feabhsaithe agus na srianta ar athrú atá ann
taobh istigh den chóras atá ann faoi láthair, tá sé réasúnta breithniú a dhéanamh ar leasú
níos bunúsaí... Bheadh roinnt buntáistí ag baint le bealach cuir chuige a bheadh bunaithe ar
leasú na dtacaí ioncaim go léir do leanaí mar chóras (bíodh sé tríd an gcreidmheas cánach in-
aisíoctha, íocaíocht dara ciseal nó an íocaíocht chomhtháite atá pléite thuas), i gcomparáid
leis an struchtúr atá ann faoi láthair agus an rogha mhalartach atá ann de thástáil acmhainne
nó gearradh cánach ar shochar linbh... Is é an príomhdhifear idir na roghanna leasaithe seo
ná a bhféidearthacht go meántéarmach. D'fhéadfadh sé a bheith d'acmhainneacht ag an
gcreidmheas cánach in-aisíoctha maidir le leanaí agus an íocaíocht dara ciseal tacaí a
spriocdhíriú ar bhonn níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí. Ach déanann siad talamh slán
de go bhfuil eolas ar ioncam reatha teaghlaigh ar fáil ar bhonn níos éasca ná mar atá i
ndáiríre ón gcóras cánachais nó leasa shóisialaigh atá ann faoi láthair. Thógfadh an bealach
cuir chuige íocaíochta comhtháite ar struchtúir íocaíochta atá ann faoi láthair, le bogadh
diaidh ar ndiaidh i dtreo íocaíocht aonair a bhainfeadh le leanaí agus a mbeadh
comhchodanna uilíocha agus spriocdhírithe inti. (Fionnachtain 9-7)
9.7 Achoimre
Déantar measúnú i gCaibidil 9 ar an oiread a fhírinníonn na cuspóirí leithdháileadh maoinithe
phoiblí ar bhonn láithreach agus leanúnach, agus déantar scrúdú ar an scóip atá ann le
haghaidh bealaí cuir chuige malartacha polasaí nó eagraíochtúla, chun na cuspóirí seo a
bhaint amach ar bhonn níos éifeachtúla agus/nó níos éifeachtaí. Go hachomair, tá sé mar
chonclúid ag an athbhreithniú go bhfuil bainteacht leanúnach ag caiteachas acmhainní ar
thacaíocht ioncaim do leanaí, ach i bhfianaise (i) chás an airgeadais phoiblí faoi láthair, (ii)
athrú féideartha ar an gcothromaíocht idir an dá phríomhchuspóir atá mar bhonn leis an
tacaíocht seo agus (iii) buairt níos ginearálta faoi éifeachtacht an chaiteachais ar laghdú
bochtaineachta i measc leanaí, tá cás láidir ann ar son leasú leis an méid acmhainní atá ann
faoi láthair. Bheadh an cás seo níos láidre fiú dá mbeadh níos lú acmhainní ar fáil. Déantar
breithniú ar chruth féideartha a leithéid de leasú agus ar na ceisteanna a d'fhéadfadh a
309
bheith tarraingthe anuas, i gCuid 9.2 agus 9.3. Aithníonn an tuarascáil roinnt critéar leathan
a bhféadfaí roghanna eile bainteacha leasaithe a bhreithniú ina n-aghaidh, is iad sin: soláthar
trédhearcachta níos mó do thorthaí sa chuspóir athdháilte chothrománaigh, torthaí níos
fearr a bhaint amach do bhochtaineacht i measc leanaí, seachaint dídhreasachtaí oibre,
measúnú ar an tionchar ar airgeadas poiblí agus féidearthacht an chuir i bhfeidhm.
Tugann Cuid 9.3 breac-chuntas ar na bealaí cuir chuige straitéiseacha i leith leasú polasaí,
ionas gur féidir éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chaitheachais a fheabhsú. D'aithin an t-
athbhreithniú roinnt bealaí cuir chuige straitéiseacha maidir le hathrú an mheascáin
caiteachais ó bhealaí cuir chuige uilíocha go bealaí cuir chuige roghnaitheacha. Ina measc
seo, tá úsáid na struchtúr íocaíochta atá ann faoi láthair, cé go mbeadh roinnt leasuithe ar
chláir i gceist, chomh maith le bealaí cuir chuige níos córasaí i leith leasú, amhail gearradh
cánach nó tástáil ioncaim ar SL, tabhairt isteach íocaíocht tacaíochta ioncaim dara ciseal do
leanaí, creidmheas cánach in-aisíoctha do leanaí nó bealach cuir chuige incriminteach i leith
tacaíocht ioncaim do leanaí, ina bhfuil comhchodanna uilíocha agus roghnaitheacha. Bhí
impleachtaí éagsúla ag baint le gach ceann acu seo agus ba ghá breithniú cúramach a
dhéanamh ar na himpleachtaí ar leith a bheadh i gceist maidir leis an airgeadas poiblí,
torthaí agus riarachán. Fiosraíodh leasú ar íocaíochtaí TIL i gCuid 9.4 i gcomhthéacs leathan
leasuithe ar choimirce shóisialach, go háirithe maidir le híocaíochtaí aois oibre agus
impleachtaí éagsúla leagtha amach do réimse na n-íocaíochtaí a bheadh i gceist.
Rinne Cuid 9.5 breithniú ar an gcaoi a bhféadfaí monatóireacht fheidhmíocht an pholasaí TIL
agus na gclár bainteach a fheabhsú, trí aithint agus úsáid táscairí cuí feidhmíochta. Aithníodh
réimse na dtáscairí feidhmíochta a úsáideadh san athbhreithniú seo agus leagadh amach iad
de réir na tíopeolaíochta a úsáideadh sa phróiseas LAA. D'aithin an cleachtadh seo réimse
leathan pointí sonraí a bhféadfaí leas a bhaint astu le haghaidh monatóireachta agus
measúnú amach anseo. Rinneadh breithniú ar réimsí praiticiúla na monatóireachta chomh
maith agus cinneadh go bhféadfaí bealach cuir chuige amháin a úsáid chun ailíniú a
dhéanamh leis na struchtúir atá ann cheana, ar mhaithe le monatóireacht na n-eilimintí i
Ráiteas Straitéise an RCS a bhaineann le leanaí.
310
AGUISÍNÍ
Aguisín 1 – Ballraíocht an Ghrúpa Stiúrtha
Cathaoirleach Phil Ryan An Roinn Airgeadais – Rannóg Vótála RCS Fred Foster (Go Meitheamh 2009) John Conlon (Ó Mheán Fómhair 2009) Pat Leahy Joan O’Shea (Ó Mheitheamh 2010) An Roinn Airgeadais – An tAonad Luachála Caiteachais Láir Cormac Gilhooly (Go Nollaig 2009) Ed Hearne An Roinn Coimirce Sóisialaí – Polasaí TIL John Bohan Dan Harty (Go Nollaig 2009) Joan Gordon (Ó Mhárta 2010) Ciaran Diamond (Ó Feabhra 2010) An Roinn Coimirce Sóisialaí – Athbhreithniú LAA agus Polasaí Dearbháil Nic Giolla Mhicíl Siobhán Doyle An Roinn Coimirce Sóisialaí – Aonad Staitisticí Paul Morrin Barry Sobey An Roinn Coimirce Sóisialaí – Riarachán Sochar Linbh Seamus O'Fearghail An Roinn Coimirce Sóisialaí– Riarachán Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh Eoin Power An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta–An Rannán um Chuimsiú Sóisialta Jim Walsh (Ó Feabhra 2010)
311
Aguisín 2 – Garspriocanna in éabhlóid chláir Tacaíochta Ioncaim Linbh
Bliain Clár Forbairt
1944 Sochar Linbh (SL) Tugadh isteach an réamhtheachtaí ar Scéim SL (Liúntas Leanaí).
Íoctha don tríú páiste agus páistí a leanann faoi 16.
1952 Sochar Linbh (SL) Leathnaíodh an liúntas chuig teaghlaigh le beirt pháiste nó níos
mó.
1952 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Mhol an Páipéar Bán ar Leasa Shóisialta i 1949 go ndéanfaí
caighdeánú ar MLCanna maidir le formhór na níocaíochtaí agus go
n-íocfaí liúntas don chéad bheirt pháistí. Cuireadh an moladh seo i
bhfeidhm i 1952.
1960 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Leathnaíodh forálacha MLCanna chun an tríú páiste agus páistí
níos óige ná sin a thabhairt san áireamh.
1963 Sochar Linbh (SL) Leathnaíodh an liúntas arís chuig teaghlaigh le páiste amháin nó
níos mó le rátaí íocaíochta athraitheach ag brath ar an líon páistí
sa teaghlach.
1964 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Leathnaíodh forálacha MLCanna chun páistí pinsinéirí a thabhairt
san áireamh.
1965 Sochar Linbh (SL) Tugadh isteach dúbailt an ghnáthráta maidir le marthanóirí
ilbhreitheanna, seachas cúplaí, nuair a mhairfeadh triúr ar a
laghad.
1973 Sochar Linbh (SL) Ardaíodh an uas-theorainn aoise ó 16 go 18 agus an bhliain
chéanna tugadh an íocaíocht anois do mháithreacha in ionad
aithreacha, mar a dhéantaí.
1984 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Scéim a tugadh isteach chun tacaíocht ioncaim a thabhairt do
theaghlaigh ar phá íseal a raibh clann acu.
312
1985 Méadú do Leanbh
Cáilithe (MLCanna)
Tugadh isteach íocaíocht MLCanna maidir le páiste cáilithe ag
leath an ghnáth ráta i gcásanna nach cleithiúnaí fásta is ea an
céile/páirtí.
1986 Sochar Linbh (SL) Tugadh isteach SL in ionad Liúntas Leanaí agus Liúntas Cáin Linbh.
1986 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Laghdú ar an íos-líon uaireanta oibre sa tseachtain ó 30 go dtí 24.
1989 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Ardú ar an iolraitheoir ó 50% go 60% den bhearna idir an fíor-
ioncam agus an síleáil. Laghdú ar an íos-líon uaireanta oibre sa
tseachtain ó 24 go 20.
1990 Liúntas Éadaí agus
Coisbhirt don
Scoilbhliain Nua
(LÉCSN)
Is é an R/GPCG a thug an scéim seo isteach agus a rinne maoiniú
air, agus tá sé faoi tharchuir rannóg leasa pobail
Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
1990í Sochar Linbh (SL) Bhí sé mar sprioc rátaí SL a mhéadú le go dtiocfadh ardú ar an
leibhéal sochair go leanúnach ag sroicheadh meán ardú de 56%
faoin mbliain 2001. Mar thoradh bhí rátaí SL thart ar cheithre
huaire chomh hard i 2001 agus a bhí siad i 1990.
1990í Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Cáilitheacht leathnaithe chuig páistí aois 20 bliain in oideachas
lánaimseartha.
1991 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna))
Tháinig laghdú de réir a chéile ar 36 ráta difriúil na MLCanna i
gcomhar leis an moladh ó Thuarascáil an Choimisiúin Leasa
Shóisialaí. Faoin mbliain 1991 bhí trí ráta difriúil MLCanna ann.
Leathnaíodh cáilitheacht chuig páistí aois 20 bliain in oideachas
lánaimseartha.
1991 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Leathnaíodh an Forlíonadh chuig teaghlaigh le páistí in aois 18-21
in oideachas lánaimseartha. An bhliain chéanna leathnaíodh an
scéim chuig cúplaí a bhí ag cónaí le chéile agus a raibh páistí acu.
1993 Sochar Linbh (SL) Deontas speisialta aon uaire le híoc ar bhreith cúplaí.
1995 Sochar Linbh (SL) Leathnaithe amach chuig páistí os cionn 18 agus faoi 19.
313
1995 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Rátaí MLCanna reoite.
1995 Liúntas Éadaí agus
Coisbhirt don
Scoilbhliain Nua (LÉCSN)
Leathnaithe chun mic léinn suas go haois a 22 in oideachas
lánaimseartha a thabhairt san áireamh.
1996 Sochar Linbh (SL) Deontas speisialta do chúplaí iníoctha nuair a shroichfeadh na
páistí aois a 4 agus 12.
1996 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Íocaíocht leanúnach do pháistí tugtha isteach i 1996 (leanúint le
híocaíocht MLCanna ar feadh tréimhse trí seachtainí déag tar éis
deireadh a theacht le príomhíocaíocht) mar bhealach le
dídhreasachta ó thaobh fostaíochta a laghdú.
1996 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Laghdú ar íosmhéid an líon uaireanta a bhfuil gá oibriú ó 20 uair
sa tseachtain go dtí 38 uair sa choicís. Laghdú ar an tréimhse
fostaíochta cáilithe ó 6 mhí go dtí 3 mhí
1997 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Modh chun méid an FIT a athraítear ó ollioncam go hioncam glan
de ranníocaíochtaí PRSI agus tobhaigh sláinte agus fostaíochta a
ríomh.
1998 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Modh chun méid FIT a athraíodh i leith ioncam glan tar éis cáin,
tobhaigh agus aoisliúntas a ríomh.
1998 Sochar Linbh (SL) Íocaíochtaí speisialta aon-uaire leathnaithe chun teaghlaigh le
ilbhreitheanna triúr nó níos mó a thabhairt san áireamh. Ráta SL
iníoctha le cúplaí ardaithe go 150% den ghnáth ráta SL.
2000 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Leanfar ag íoc an MLCanna iomlán le teacht isteach sheachtainiúil
céile ardaithe ó €76.00 go €171.40. Roimhe seo ní íoctaí ach leath
an ráta nuair a bheadh teacht isteach os cionn €76.00.
2001 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Cáilitheacht leathnaithe chuig páistí in aois 22 bliain a bheadh in
oideachas lánaimseartha. Leanúint ag íoc MLCanna iomlán agus
teacht isteach sheachtainiúil ardaithe ó €171.40 go €184.
2006 Forlíonadh Ioncam
Teaghlaigh (FIT)
Athdhíriú ar thairseacha ioncaim chun méaduithe breise do
theaghlaigh móra a thabhairt san áireamh.
314
2006 Forlíonadh
Luathchúram Leanaí
(FLL)
Forlíonadh saor ó cháin de €1000 sa bhliain, gan fiosrú maoine
tugtha isteach chun cabhrú le costas cúraim linbh do pháistí faoi 6
bliana d’aois.
2007 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Rinneadh caighdeánú ar rátaí MLCanna ag ráta níos airde de €22.
2008 Forlíonadh
Luathchúram Leanaí
(FLL)
An forlíonadh ardaithe ó €1000 go €1100.
2009 Sochar Linbh (SL) Leath-ráta sochair do pháistí ocht mbliana déag, an chéad chéim
le deireadh a chur le cáilitheacht do pháistí ocht mbliana déag ó
2010 ar aghaidh, agus bearta cúitimh idirthréimhseach dá
dtabhairt isteach do theaghlaigh ar ioncam íseal.
2009 Liúntas Éadaí agus
Coisbhirt don
Scoilbhliain Nua
(LÉCSN)
Tugadh beart speisialta isteach sa Bhuiséad i 2009 le liúntas breise
de €215 a íoc le mic léinn ocht mbliana déag a bheadh in
oideachas lánaimseartha, agus tá leath-ráta SL i bhfeidhm dóibh
sin anois.
2009 Forlíonadh
Luathchúram Leanaí
(FLL)
Cáilitheacht íslithe ó 6 bliana go 5 bhliana agus 6 mhí agus ansin
go 5 bhliana.
2010 Sochar Linbh (SL) Mar gheall ar an staid chrua eacnamaíochta agus airgeadais, chuir
Buiséad 2010 laghdú €16 ar rátaí míosúil SL.
2010 Méadú i leith Linbh
Cháilithe (MLCanna)
Tháinig ardú €3.80 ar MLCanna i mBuiséad 2010 chun cúiteamh a
thabhairt do theaghlaigh le páistí a bhíonn ag brath ar íocaíochtaí
leasa shóisialaí mar gheall ar an laghdú ar íocaíochtaí Sochair
Linbh.
2010 Forlíonadh
Luathchúram Leanaí
(FLL)
Deireadh le híocaíocht agus feidhm leis ó 1 Eanáir agus bliain
réamhscoile saor in aisce Luathchúraim agus Oideachais Leanaí do
pháistí idir 3 bliana agus 6 mhí agus 4 bliana agus 6 mhí curtha in
a áit.
315
Aguisín 3 – Próiseas Comhairlithe
Mar chuid den phróiseas comhairlithe ar Athbhreithniú LAA agus Tacaíocht Ioncaim Linbh
d’iarr an Grúpa Stiúrtha ar eagraíochtaí a raibh suim acu i bpolasaí poiblí i réimse pholasaí
leanaí agus teaghlaigh aighneachtaí scríofa a chur chucu. Aithníodh na heagraíochtaí sin ar
bhun saincheisteanna a ardaíodh in Aighneachtaí Réamh-Bhúiséad a raibh baint acu leis an
athbhreithniú. Tugadh deis freisin d’eagraíochtaí páirtíochta sóisialta aighneachtaí a chur
isteach. Fuair 18 eagraíocht ar fad cuireadh le páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairlithe.
Ghlac cúig cinn déag de na heagraíochtaí leis an gcuireadh sin. Is iad seo a leanas na
heagraíochtaí sin:
Barnardos
Comhghuaillíocht um Chearta Leanaí
Cúram
Fócas Éireann
Cuimsiú Éireann
Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann
Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí
Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe
Comhairle Náisiúnta na mBan
One Family
Open
Cumann Naomh Uinseann de Pól
Start Strong
Treoir
An Chomhpháirtíocht Uinseannach um Cheartas Sóisialta.
Cúram
Fuarthas aighneachtaí breise ó Barnardos, Comhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus
Cumann Naomh Uinseann de Pól ar son na Chomhghuaillíochta um Dheireadh a chur le
Bochtaineacht Linbh, atá mar pháirtíocht seacht n-eagraíocht neamhrialtais.
Iarradh ar eagraíochtaí díriú go háirithe ar Théarma Tagartha an athbhreithnithe agus iad ag
ullmhú a gcuid aighneachtaí. Thug roinnt de na haighneachtaí aird ar fhormáid na dTéarmaí
Tagartha agus chuir siad aighneachtaí cuimsitheacha ar fáil, a bhí idir 12 agus 15 leathanach
ar fhad. Bhí cáipéisí níos giorra in aighneachtaí eile agus bhí siad sin teoranta do réimse
saineolais na heagraíochta. Chuir cúig cinn de na heagraíochtaí comhaighneacht isteach.157
Go ginearálta ghlac na geallghlacadóirí go fonnmhar leis an deis aighneacht a chur isteach
agus glacadh leis gur am cuí é chun athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí Tacaíochta
Ioncaim Linbh. Déanann an tábla seo a leanas achoimre ar na príomhcheisteanna a ardaíodh
sna haighneachtaí agus nascann sé na pointí sin leis na Téarmaí Tagartha agus le ceisteanna
sonracha luachála a athbhreithniú.
157
Is iad na heagraíochtaí seo a leanas a rinne an chomhaighneacht: Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe, OPEN, Comhairle Náisiúnta na mBan One Family agus Treoir.
316
Tábla – Comhairlithe
Téarmaí Tagartha Ceisteanna luachála sonracha
RÉAMH-ÁBHAR
Raon an Athbhreithnithe,
modhanna srl.
An cur chuige ginearálta ba chóir a bheith ag an Athbhreithniú
Ba chóir raon leathan a bheith leis an athbhreithniú ar thacaíochtaí ioncaim linbh, de bharr na n-ilchuspóirí atá leis na tacaíochtaí sin. Tá sé tábhachtach nach mbreathnófaí ar TIL mar rud ann féin, ach go mbreathnófaí air i gcomhthéacs níos leithne thacaíochtaí ioncaim do dhaoine fásta agus seirbhísí do pháistí. (Start Strong)
Ba chóir don Athbhreithniú cuspóirí pholasaí thacaíochtaí ioncaim linbh a athbhreithniú agus a shoiléiriú. (SVP)
158 Ní mór don Athbhreithniú luach ar airgead a mheas laistigh de chomhthéacs polasaí níos
leithne. (Joint)159
A. Réasúnaíocht polasaí:
Aithin cuspóirí polasaí agus
cláir TIL, meáigh bailíocht
chláir polasaí agus
tacaíochtaí ar thacaíochtaí
ioncaim a sholáthar do
theaghlaigh le páistí, an ról
atá ag TIL le dul i ngleic le
bochtaineacht linbh trí
thacaíochtaí ioncaim agus
Cérbh iad na cuspóirí polasaí poiblí
leathan faoi bhun cláir a
sheachadann tacaíochtaí ioncaim
do theaghlaigh le páistí?
Na prionsabail ar chóir TIL a bheith bunaithe orthu
Ba chóir aon chineál córais leasa shóisialaí a bheith bunaithe ar seo a leanas– o Prionsabail leorgachta, cothromais, comhsheasmhachta agus inacmhainneachta o Aitheantas gurb é leas na bpáistí é dá mbeadh an bheirt thuismitheoir bainteach lena saol
chomh fada agus is féidir é, agus dá réir sin nach mbeadh aon dídhreasacht airgeadais dá chur ar aontíos céileachais, nó go deimhin ar phósadh
o Tá gá ann dúshlán a thabhairt don chultúr cleithiúnais chomh maith leis an tsiocair le caimiléireacht laistigh den chóras mar gheall ar mhí-chothromaíocht. (Treoir)
Aird chuí a thabhairt ar bhochtaineacht linbh a laghdú sa phlé maidir le leasuithe sa chóras ioncaim linbh; ní mór dearcadh fadtéarmach a bheith le haon athruithe a mholfaí agus go mbeadh leas na bpáistí mar phríomh aidhm nuair a bheifí ag breathnú ar éifeacht acmhainne.
158
SVP – St Vincent De Paul. 159
Joint – Irish National Organisation for the Unemployed, OPEN, National Women’s Council of Ireland, One Family and Treoir.
317
trí obair; agus cé chomh
comhsheasmhach is atá na
cuspóirí sin le cuspóirí agus
gealltanais an rialtais agus
le misean agus straitéis
iomlán an R/GPCG.
(Barnardos)
Aghaidh a thabhairt ar an ról agus an tábhacht a bhíonn ag tacaíocht agus seirbhísí tacaíochta ar thacaíochtaí páistí atá ag maireachtáil i mbochtaineacht nó i gcontúirt a bheith. (Barnardos)
Go mbeadh sé mar phríomh pholasaí ag aon leasú ar pholasaithe Tacaíochtaí Ioncaim Linbh bochtaineacht linbh a laghdú. (Alliance)
160
Níl rialtais ag baint an úsáid is fearr as acmhainní poiblí chun feabhas a chur ar na príomhréimsí a mbíonn tionchar acu ar shaol páistí; go háirithe bochtaineacht agus neamhionannais, agus mar thoradh tá siad ag caitheamh níos mó ná ba chóir dóibh ar fhadhbanna sóisialta a bhféadfaí iad a chosc, ar nós coiriúlacht, míchumas meabhrach, cliseadh teaghlaigh, drugaí agus beathaitheacht a leigheas. Cé gur réimse ábhair níos leithne é, a bhfuil ceangal aige le gach polasaí a bhfuil tionchar aige ar pháistí, agus ní Tacaíocht Ioncaim Linbh amháin, ba chóir go mbreithneofaí luach polasaithe agus cláir idirghabhála agus coisctheacha i gcomhthéacs an Athbhreithnithe seo. (Alliance)
Bheadh toradh níos fearr do pháistí de bharr cur chuige níos leithne agus níos straitéisí agus bheadh luach níos fearr ar airgead mar thoradh air le himeacht aimsire. (Joint)
Tá sé aitheanta go bhfuil na straitéisí, na cláir agus na pleananna seo cuí i gcomhair
Athbhreithnithe
An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta 2007 – 2016 o Sprioc le Bochtaineacht Comhsheasmhachta a laghdú (SVP) (Joint) (Alliance) o Sprioc TIL – ba chóir go mbeadh rátaí SL & MLCanna ar leibhéal 33% go 35% de ghnáth ráta
dhuine fásta. (Joint) (Alliance)
I dTreo 2016 o Fís do pháistí (Joint) (Alliance) o Sprioc TIL – ba chóir go mbeadh rátaí SL & MLCanna ar leibhéal 33% go 35% de ghnáth ráta
dhuine fásta.. (Alliance) o Ag cur tuilleadh oibre chun cinn leis an aidhm cabhrú le páistí i dteaghlaigh ar ioncam íseal.
(Alliance)
An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta(CNES) o Forbairt radacach ar sheirbhísí mar an bealach is tábhachtaí le cosaint shóisialta a
160
Alliance – Children’s Rights Alliance.
318
fheabhsú. (Joint)
Ráiteas Straitéise DSFA 2008 – 2010: Sprioc ardleibhéal do pháistí agus do theaghlaigh. (Alliance)
Clár Rialtais 2007 – 2012: Méaduithe i leith Linbh Cháilithe agus Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh a chónascadh chun leibhéal eile de thacaíocht ioncaim a fhorbairt a bheadh dírithe ar na teaghlaigh is boichte. (Alliance)
Ba chóir go dtabharfadh polasaithe TIL aird ar Choinbhinsiún na Náisiúin Aontaithe
Alt 27 de Choinbhinsiún na Náisiúin Aontaithe ar chearta an linbh. Tá sé do cheart ag gach páiste “an caighdeán maireachtála is gá a bheith aige/aici i gcomhair forbairt fhisiceach, mheabhrach, spioradálta, mhorálta agus shóisialta.” (Alliance)
Ba chóir do pholasaithe TIL ailt an Choinbhinsiúin na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Linbh a sholáthraíonn creatlach do leasa an linbh agus a bhfuil gach páiste i dteideal, a choinneáil i gcuimhne. (ISPCC)
161
RÉASÚNAÍOCHT
(Eacnamaíochta)MAIDIR LE
CAITEACHAS
An bhfuil na cuspóirí éifeachtach
fós? An bhfuil siad
comhsheasmhach le cuspóirí iomlán
an rialtais agus le cuspóirí i Ráiteas
Straitéise na Ranna Gnóthaí
Sóisialaí agus Pobail?
Prionsabal Uilíoch – Comhionannas Cothrománach
Is infheistíocht ag an rialtas i bpáistí iad na tacaíochtaí ioncaim linbh, a thugann aitheantas don luach a thugann ár sochaí do pháistí. Mar gheall gur íocaíocht uilíoch é Sochar Linbh taispeánann sé an luach atá ar gach páiste. Tugann tacaíochtaí ioncaim linbh aitheantas freisin do na costais bhreise a chuireann páistí ar theaghlaigh. (Start Strong)
Ba chóir uilíochas na híocaíochta Sochar Linbh a choinneáil. Ní fheiceann an dearcadh nach dteastaíonn an íocaíocht seo ó roinnt tuismitheoirí an pointe gur i gcomhair páistí atá an íocaíocht. Má tá leibhéil arda ioncaim ag tuismitheoirí, ansin ba chóir breathnú ar seo i dtéarmaí roghanna ó thaobh cáin a ghearradh in áit an íocaíocht sochar linbh a bhaint do pháistí. (ISPCC)
Tá roinnt torthaí dearfacha le Sochar Linbh o Cuireann sé líon sábháilteachta uilíoch ar fáil o Cothaíonn sé dlúthpháirtíocht idir glúine
161
ISPCC – Irish Society for the Prevention of Cruelty to Children.
319
o Ós rud é gur íocaíocht chaighdeánach é, bíonn i bhfad níos mó sochair ann dóibh siúd ar ioncam íseal ná ar ioncam ard.
o Níl aon smál ag baint le cur isteach ar an íocaíocht seo o Chosnódh sé níos mó tástáil maoine a dhéanamh ar Sochar Linbh ná mar a shábhálfaí trí
gan scéim uilíoch a bheith ann. o Tugann sé cineál slándáil bhunúsach ioncaim do theaghlaigh o Cabhraíonn sé leis na costais bhreise atá ag daoine a bhfuil teaghlaigh mhóra acu a
mhaolú. (Cúram)
D’fhéadfaí SL a athrú le go ndéanfadh sé freastal níos fearr ar pháistí a dteastaíonn níos mó tacaíochta uathu. Mar sin féin más é an mian atá ann ná laghdú a chur ar bhochtaineacht , ansin ba chóir cuid de na tacaíochtaí bunúsacha ioncaim teaghlaigh a choinneáil uilíoch.. (Cúram)
Ba chóir don Stát ranníocaíocht a dhéanamh le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh le páistí. Tá an íocaíocht Shochar Linbh bunaithe ar phrionsabal an chomhionannais cothrománach: déantar dáileadh ar ioncam uathu siúd nach bhfuil páistí acu dóibh siúd a bhfuil, bunaithe ar an tuiscint go bhfuil costais níos airde orthu siúd a bhfuil páistí acu ná mar atá orthu siúd nach bhfuil, agus mar sin go dteastaíonn tacaíochtaí airgeadais breise uathu. Léiríonn an íocaíocht seo na luachanna atá againn mar shochaí: taispeánann a cuid uilíochta go bhfuil meas ar pháistí agus go gcreideann sochaí na hÉireann gur chóir dúinn breathnú ina ndiaidh. (Alliance)
Is é an prionsabal atá taobh thiar den íocaíocht sochar linbh ná go gcuireann an Stát tacaíochtaí bhreise ar fáil do theaghlaigh le páistí, ar an mbealach sin ag tabhairt aitheantais do na costais bhreise a bhaineann le leanbh a thógáil. (Inclusion Ireland)
Comhlíonann SL roinnt cuspóirí. Ar an gcéad dul síos déanann sé sóisialú ar chostas tógáil linbh. An dara rud, tugann sé aitheantas don tábhacht atá le ról tuismitheoirí i dtógáil páistí, agus an tríú rud tá sé dírithe ar fhaoiseamh a thabhairt ar bhochtaineacht páistí. Mar sin féin bíonn sé deacair i gcónaí ag uirlis polasaí a bhfuil go leor spriocanna aige a chinntiú go mbaineann sé amach na cuspóirí atá socruithe aige. (IBEC)
An bhfuil na cuspóirí
comhsheasmhach le cláir polasaí
poiblí eile a sholáthraíonn ioncam
Tacaíochtaí Ioncaim Dhaoine Fásta – Teaghlaigh níos Boichte
Ní féidir breathnú ar dhul i ngleic le bochtaineacht linbh mar pholasaí a bheadh deighilte ó thacaíochtaí ioncaim dhaoine fásta. Tá rátaí leasa shóisialaí mar chuid den fhreagra le deireadh
320
agus tacaíochtaí eile do theaghlaigh
le páistí? Cén idirghníomhaíocht atá
idir polasaí agus cláir TIL agus an
straitéis níos leithne chun
bochtaineacht linbh, go háirithe a
laghdú trína chinntiú go leanfaí le
nó go gcuirfí feabhas ar
dhreasachta oibre?
a chur le bochtaineacht linbh agus ba chóir é a aithint mar bheart frith-bhochtaineachta linbh. (SVP)
Bíonn páistí bochta ina gcónaí i dteaghlaigh bochta. Tá gá le déileáil le híocaíochtaí leasa shóisialaí do dhaoine fásta chun tacú le páistí atá ina gcónaí sna teaghlaigh sin. Teastaíonn córas aistrithe sóisialta forásach a fhorbairt leis an gcóras reatha a leasú, fáil réidh le gaistí bochtaineachta agus tacú le dul chun cinn agus forbairt a sholáthraíonn riachtanais tuismitheoirí agus a gcuid páistí. (Barnardos)
Chun go mbeidh cosaint éifeachtach shóisialaí ann ní mór duail dhifriúla leasa shóisialaí a fhorbairt ar bhealach iomláine. Ní mór an idirghníomhaíocht idir tacaíochtaí ioncam linbh agus bearta polasaí eile (tacaíocht aontuismitheora, rátaí leasa shóisialaí do dhaoine fásta, tacaíochtaí oideachais, bearta gníomhaíochta agus tacaíochtaí tithíochta) a mheas i gcomhthéacs an Athbhreithniú ar Thacaíochtaí Ioncam Linbh, mar go mbeadh tionchar ag athrú ar cheann amháin acu ar na cinn eile. (Alliance)
D’fhéadfadh an costas a bhaineann le teacht ar sheirbhísí ar leibhéal pobail – seirbhísí ar nós cúram sláinte agus spraoi linbh a bheith toirmeascach. Ciallaíonn sé seo, i dteannta le Tacaíochtaí Ioncam Linbh nach leor iad agus nach bhfuil siad dírithe, go bhfuil bochtaineacht linbh ag fanacht ró-ard. Tá sé soiléir go dteastaíonn tacaíochtaí airgeadais bhreise ó pháistí atá ag fás suas i dteaghlaigh bochta. (Alliance)
B. Eacnamaíocht agus
Inniúlacht: Sainmhínigh na
táirgí a bhfuil baint acu le
gníomhaíochtaí cláir
ábhartha agus aithnigh
leibhéal agus claonadh na
dtáirgí sin. Aithin leibhéal
agus claonadh costais agus
acmhainní foirne a bhfuil
baint acu leis na cláir
ábhartha agus tabhair
Cé na híocaíochtaí a bhfuil baint acu
le cláir TIL?
D’aithin gach aighneacht SL, MLCanna agus FIT.
Thagair cúpla ceann do LÉCSN, ECS.
321
tuairim ar an inniúlacht
lenar bhain siad amach a
gcuid cuspóirí.
Cé chomh mór is a d’athraigh
meascán an chaiteachais cláir le
tamall?
Claonta ó 1994
Chuir an Stát ardú mór ar an méid a chaith siad ar Sochar Linbh. Ba é MLCanna an íocaíocht ba mhó ann féin i 1994. Tháinig ardú ar íocaíochtaí leasa ó 6.9% den OTI i 1994 go dtí 9.6% den OTI i 2008. (IBEC)
Ina iomláine, ó 1994 tá roinnt claonta i dTacaíochtaí Ioncam Linbh gur fiú aird a thabhairt orthu: o Ardú suntasach ar thacaíochtaí nach bhfuil dírithe ar pháistí tríd an íocaíocht Sochar Linbh
(ar bhealach le heaspa seirbhísí do pháistí a thaispeáint); o Ardú sa líon a ghlacann FIT, go háirithe ó 2004 (tá ceangal aige seo le tionscnaimh DSFA
chun cur le heolas); mar sin féin tá an líon a dhéanann iarratas ar FIT íseal go fóill; o Tabhairt isteach na híocaíochta MLCanna an athuair, agus gur ardaíodh é i mBuiséad na
bliana 2010 le cúiteamh ar ioncam a cailleadh de bharr laghdú ar íocaíocht Ioncam Sochar Linbh; agus
o Laghdú ar ráta bochtaineacht linbh de níos mó ná 4%, idir 2005 agus 2008, ó 10.7% go dtí 6.3%. (Alliance)
Claonta sonracha 1994-2004 o Tugadh Sochair Cánach (Cúramóir Teaghlaigh & Teaghlach Aontuismitheora) isteach chun
cabhrú le cineálacha áirithe teaghlaigh le costais páistí; o Tháinig níos mó ná dúbailt ar aistrithe airgid teagmhasacha linbh i dtéarmaí réalacha
(ainneoin laghdú ar dhaonra iomlán pháistí na tíre); o D’ardaigh an cion de chaiteachas iomlán an DSFA a caitheadh ar aistrithe airgid
teagmhasacha linbh ó 16% go dtí 20%. o Bhíothas ag caitheamh níos mó ar MLCanna i 1994 ná ar Sochar Linbh ach ní raibh sé ach
cothrom le 17% den chaiteachas ar Sochar Linbh i 2004 agus 21% i 2009. (Alliance)
322
Ó pholasaí go hanailís leibhéal
cláir: Cé na hathruithe sonracha a
d’fhéadfaí a dhéanamh ag leibhéal
cláir chun feabhas a chur ar a n-
éifeacht agus a n’inniúlacht?
Cé go gcomhlíonann SL roinnt cuspóirí, d’fhéadfadh leasú agus nascáil le hioncam teaghlaigh na cuspóirí atá socruithe a bhaint amach agus ag an am céanna níos mó acmhainní a chur ar fáil do sheirbhísí linbh nó go mbeadh na hacmhainní seo dírithe ar theaghlaigh le hioncam íseal. Leis an gcur chuige seo d’fhéadfadh comhábhar a bheith i SL a íocfaí le gach teaghlach (ag tabhairt aitheantais don tábhacht atá sa tsochaí le tógáil páistí) agus an chuid eile den íocaíocht a bheith de réir ioncaim. (IBEC)
D’fhéadfadh nasc a bheith ag an leibhéal íocaíochta le hinnéacsanna áirithe, cosúil lena raibh leagtha amach sa chomhaontas i dTreo 2016, agus go bhféadfaí athrú a dhéanamh air de réir mar a thiocfadh feabhas ar na hinnéacsanna sin. (IBEC)
FIT agus MLCanna a chónascadh in aon íocaíocht amháin, agus go bhféadfaí iad a dhíriú ansin ar na teaghlaigh is mó a bheadh i ngátar. Chiallódh sé seo go bhfaigheadh teaghlaigh a bheadh ar ioncam íseal tacaíochtaí is cuma iad a bheith fostaithe nó ag fáil íocaíochtaí leasa. Modh níos cothroime a bheadh anseo lena chinntiú go bhfaigheadh an dream a mbeadh an gá is mó acu le hairgead an tacaíocht airgid a theastaíonn. (ISPCC)
Tá sé deacair an struchtúr reatha a chur i bhfeidhm, tá sé costasach ó thaobh ama agus riaracháin de agus ba chóir scrúdú a dhéanamh ar chórais a bheadh níos lárnaí agus uilíoch. (ISPCC)
Níor chóir aon tacaíocht ioncaim a bhfuil glactha leis go bhfuil sé éifeachtach agus inniúil a athrú nó go mbeifear cinnte cén bealach lena dhéanamh níos éifeachtaí agus níos inniúla. Ba chóir aon athruithe a bheadh molta a chur faoi bhráid na gcineálacha cláir samplacha socheacnamaíocha atá dá n-úsáid i dtíortha eile, ar nós na Stáit Aontaithe, chun torthaí costais tairbhe díreacha agus indíreacha a bheadh ar athruithe ar ioncaim, a mheas. (Cúram)
Ní mór toil pholaitiúil dearfa a bheith le haon leasú lena chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán na hathruithe a thabharfaidh an córas aistrithe sóisialaí a bhfuil baint ar leith aige le páistí agus teaghlaigh cothrom le dáta, ag cur an pháiste agus a c(h)uid riachtanais i lár na dtacaíochtaí a forbraíodh. (Barnardos)
Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras íocaíochta iomlán le súil íocaíochtaí TIL a leasú. (IBEC) o Leasú a dhéanamh ar íocaíocht Sochar Linbh chun go mbeidh gaol aige leis an leibhéal
ioncaim atá ag an teaghlach. (IBEC) o Íocaíocht amháin a chur in áit MLCanna agus FIT do theaghlaigh atá ar ioncam íseal, agus
gur féidir leo teacht air fiú má bhíonn siad ag obair. (IBEC)
323
Tuairim ar an inniúlacht lenar bhain
siad (na cláir) amach a gcuid
cuspóirí.
Forbhreathnú
Ní meicníochtaí cuí iad na huirlisí reatha a dhíríonn tacaíocht ioncam linbh ar líonta tí ar ioncam íseal chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht linbh go hinniúil agus go héifeachtach.. (Alliance)
Sochar Linbh
Buntáistí Uilíochta
o Faigheann gach teaghlach sochar linbh is cuma cén t-ioncam atá ag an teaghlach. Ós rud é go bhfuil sé uilíoch ghlacfadh níos mó teaghlaigh leis mar níl aon smál ag baint le sochar linbh a fháil. (IBEC)
o Íoctar sochar linbh is cuma an bhfuil an ball teaghlaigh fostaithe nó nach bhfuil. (IBEC) o Is aitheantas é gur coinníodh Sochar Linbh mar íocaíocht uilíoch ar an luach agus costas a
bhaineann le páistí a thógáil. Is íocaíocht mhíosúil í do theaghlaigh le páistí, bunaithe ar chomhionannas cothrománach, rud a théann chun sochair do gach páiste sa tír, nach mór. (Barnardos)
o Tá sé éasca do dhaoine é a thuiscint agus níl aon smál ag baint leis. (Alliance) o Tá an ráta céanna le fáil ag daoine atá ag obair nó ar leasa shóisialaí, agus
d’aontuismitheoir nó do lánúineacha. (Alliance) o Íoctar é mar íocaíocht airgid díreach. (Alliance) o Caithfear cur isteach air ach ní cosúil gur aon bhac é an próiseas iarratais. (Alliance)
Míbhuntáistí Uilíochta
o Cé go bhfuil ardú suntasach tagtha air le roinnt blianta, b’fhéidir go bhfuil an tionchar atá aige ar bhochtaineacht linbh teoranta, de bharr ar bhealach, an nádúr uilíoch atá leis an íocaíocht, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé dírithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal. (IBEC)
o Ní dhíríonn na tacaíochtaí ioncam linbh mar atá siad faoi láthair ar na páistí is boichte laistigh dár sochaí. Ní thugann Sochar Linbh leis féin dóthain tacaíochta do pháistí i dteaghlaigh ar ioncam íseal. (Inclusion Ireland)
o Ní thugann Sochar Linbh leis féin dóthain tacaíochta do pháistí i dteaghlaigh ar ioncam
324
íseal. (Alliance) o Ní leor ann féin é mar bheart frith-bhochtaineachta. (Alliance) o Mar gheall ar an nádúr atá le SL, nach bhfuil sé dírithe ar aon dream, ciallaíonn sé nach
dtugann sé tacaíocht dáiríre do pháistí sna teaghlaigh is boichte. (Alliance)
Leibhéal Íocaíochta/Costais
o Níl aon aontú ar cén leibhéal costais a bhaineann le tógáil páistí ar chóir sóisialú a dhéanamh air. (IBEC)
Gearradh Cánach
o Mhol roinnt tuairiscí gur chóir leasú a dhéanamh ar an gcóras sochar linbh. Mhol tuairisc an choimisiúin ar cháin gur chóir sochar linbh a bheith inchánaithe. (IBEC)
HRC
o Ba chóir breathnú ar an ngnáth choinníoll cónaitheach arís chun go dtabharfaí tacaíocht do gach páiste sa Stát. (ISPCC)
o Ba chóir gur íocaíocht uilíoch a bheadh i Sochar Linbh agus go dtabharfaí é do thuismitheoirí páistí atá ag lorg tearmainn. (SVP)
Coinníollacha a bhaineann le haois
o Tá sé soiléir go dteipeann ar Sochar Linbh idirdhealú a dhéanamh idir aoiseanna na bpáistí atá i gceist, go deimhin clúdaíonn sé páistí nua bheirthe, lapadáin, páistí réamhscoile, bunscoile agus dara leibhéal. Caithfidh tuiscint a bheith ann go mbíonn costais dhifriúla ar theaghlach le cailín deich mbliana agus buachaill cúig bliana déag. (VPSJ)
162
Oideachas
o Tá deis ann le sochar linbh teaghlach atá ar ioncam íseal a spreagadh le go gcoinneoidís
162
VPSJ – Vincentian Partnership for Social Justice.
325
páiste laistigh den chóras oideachais in ionad dul isteach san fhórsa oibre sula mbeadh an Ardteistiméireacht críochnaithe aige/aici. (VPSJ)
o Cabhraíonn Sochar Linbh le tuismitheoirí ó thaobh costais oideachais de agus mar sin b’fhéidir nach mór a aithint go bhfuil gá le cabhrú le páiste scoile as teaghlach ar ioncam íseal. Tá oideachas ar cheann de na bealaí chun éalú as gaiste na bochtaineachta agus mar sin tá gá le tacaíocht nó córas a fhorbairt. Ba chóir cultúr na tacaíochta chun fanacht in oideachas a bheith ag rith i gcomhar le tacaíochta roghnacha eile atá ar fáil ar nós liúntas éadach agus bróga. (VPSJ)
MLCanna
Íocaíocht Dírithe
o Tá na MLCanna dírithe go maith má ghlactar leis go n-íoctar é ar son formhór na bpáistí is boichte sa Stát. (IBEC)
o Ba chóir MLCanna a leathnú chun gach teaghlach ar ioncam íseal a chur san áireamh in áit a bheith dírithe ar theaghlaigh laistigh den chóras leasa amháin. (ISPCC)
Dídhreasacht oibre
o B’fhéidir go mbeadh dídhreasacht ann dul ag obair mar go mbeadh gá ag teaghlaigh móra le pá níos mó chun cúiteamh a fháil de bharr MLCanna a chailleadh. (IBEC)
o San am a caitheadh bhí baint ag MLCanna le gaistí bochtaineachta a chruthú agus mar dídhreasachta do dhaoine le páistí a bheadh ag athrú ó leasa go hobair. (SVP)
o Dá gcuirfí ardú ar Mhéaduithe i leith Linbh Cháilithe, d’fhéadfadh sé dídhreasacht a chruthú. (Inclusion Ireland)
o Tá contúirt ann dá gcuirfí ardú ar MLCanna go gcruthódh sé dí dhreasacht fostaíochta. (Alliance)
o D’fhéadfadh MLCanna dídhreasacht fostaíochta a chruthú agus mar gheall ar sin bhí a luach reoite ar feadh roinnt mhaith blianta. Tá laghdú tagtha ar an tábhacht a bhaineann le MLCanna mar fhoinse iomlán ioncaim teaghlaigh ó na naoi déag nóchaidí. (Alliance)
Ó Leasa go hobair – Níl aon aistriú uathoibríoch go FIT
326
o Nuair a fhágann duine fásta an córas leasa shóisialaí stopfar an íocaíocht (níl aon aistriú uathoibríoch go FIT ). (IBEC)
o Ní íoctar MLCanna ach nuair atá duine fásta a bhfuil páiste faoina c(h)úram incháilithe d’íocaíocht leasa shóisialaí. Má athraíonn an duine seo ó leasa shóisialaí chun glacadh le fostaíocht tagann deireadh leis an MLCanna. Níl aon idirthréimhse uathoibríoch chuig FIT nó aon chineál tacaíochta ioncaim linbh eile. (Alliance)
Leibhéal íocaíocht
o Ba chóir ardú a chur ar MLCanna mar íocaíocht dírithe ar pháistí i dteaghlaigh atá ag brath ar leasa shóisialaí. Ba chóir arduithe i MLCanna a bheith i gcomhréir le harduithe ar thairseach an Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh chun luach saothair a thabhairt do theaghlaigh atá ag obair ar ioncam íseal. (SVP)
o Tá gá le cur chuige difriúil seachas amháin MLCanna a ardú. D’fhéadfadh sé seo gaistí bochtaineachta a chruthú agus mí chothromaíocht a chruthú idir cineálacha difriúla teaghlaigh. (Focus)
FIT
Castacht Íocaíochta
o Tá sé deacair é a thuiscint agus tá fadhbanna le cumarsáid. (IBEC) o Tá sé casta agus tá sé deacair a ríomh cé mhéad a gheobhaidh duine. (IBEC) o Tá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh casta agus ní chuireann mórán isteach air. (Inclusion
Ireland) o Tá sé deacair a dhéanamh amach cé mhéid gur féidir le daoine a fháil ó FIT. Ó 2005, tá an
ríomh ar thairseacha faighte níos casta. (Alliance)
Iarratas íseal
o Tá an t-iarratas air íseal mar gheall ar bhealach nach íocaíocht uathoibríoch é FIT agus mar gheall go mb’fhéidir nach mbeadh foireann sásta iarratas a phlé lena gcuid fostóirí. (IBEC)
o Tá an scéim anásta go maith, agus mar sin ní mórán a dhéanann iarratas air. Caithfidh fostaithe dul chuig a gcuid fostóirí agus iarratais atá sonraitheach go maith a fhorlíonadh i
327
gcomhair an fhorlíonadh ioncaim. (ISPCC) o Is deacair teacht air, níl aon solúbthacht ann agus níl mórán ag cur isteach air, rud a
laghdaíonn ar an éifeacht a bhaineann leis lena chuid cuspóirí a bhaint amach. D’fhéadfadh an cumas a bheith leis an íocaíocht laghdú suntasach a chur ar bhochtaineacht linbh dá gcuirfeadh gach a mbeadh i dteideal isteach air. Ba chóir FIT a íoc go huathoibríoch do thuismitheoirí incháilithe. D’fhéadfaí é seo a úsáid mar bhealach píolótach le heolas a roinnt idir an córas cánach agus an córas leasa. (SVP)
o Tá FIT casta ón nádúr atá leis agus níl mórán ag cur isteach air. (Alliance) o Níl mórán ag cur isteach fós ar FIT, cé go bhfuil feabhas air ó 2003 (mar thoradh ar
thionscnaimh le méadú ar eolas a rinne an Roinn Gnóthaí Sóisialaí agus Teaghlaigh). (Alliance)
Eisiatacht dhaoine féin-fhostaithe
o Ní féidir le daoine féin-fhostaithe cur isteach air is cuma cén t-ioncam atá acu. (IBEC) o Níl gach oibrí ar ioncam íseal i dteideal FIT. Ní féidir le daoine féin-fhostaithe, mar shampla,
cur isteach air. (Alliance)
Coinníoll Líon Uaireanta
o Is íocaíocht thábhachtach í FIT do theaghlaigh ar ioncam íseal. Mar sin féin níl an cuntar go gcaithfidh duine a bheith ag obair 19 uair sa tseachtain ar a laghad oiriúnach san aeráid eacnamaíochta atá ann faoi láthair. Ba chóir d’aon tacaíochtaí ioncam linbh cuimhneamh ar an nádúr neamhchinnte atá le fostaíocht i láthair na huaire. Ní mór tacaíochtaí ioncaim a bheith curtha ar fáil a mbeidh solúbthacht leo agus a chabhraíonn le teaghlaigh a bhfuil laghdú tagtha ar a gcuid uaireanta oibre. Ní mór do thacaíochtaí ioncaim a bheith solúbtha agus a bheith in oiriúint do choinníollacha oibre dhaoine agus don aeráid eacnamaíochta reatha. (VPSJ)
Leibhéal íocaíochta
o Trí FIT a ghearradh go háirithe orthu siúd a oibríonn go lánaimseartha (agus) a íocann táillí cúram linbh príobháideach lánaimseartha laghdófar ar na sochair a bhaineann le hobair agus fágfar roinnt mhaith tuismitheoirí aonair i ngaiste bochtaineachta sa chaoi go mbeidh
328
siad níos fearr as a bheith ar leasa shóisialaí ná ag obair. (VPSJ) o Dreasacht atá ann do thuismitheoirí ar ioncam íseal le glacadh leis nó sin fanacht ag obair, i
gcúinsí go mb’fhéidir go mbeidís beagán beag níos fearr as ná dá mbeidís ar leasa shóisialaí. (Alliance)
Próiseas iarratais – ról an fhostóra
o Níl íocaíochtaí FIT uathoibríoch. Caithfidh an fostaí cur isteach air agus ansin caithfidh siad an fostóir a fháil le foirm iarratais fada a fhorlíonadh. (Alliance)
o Níl FIT leochaileach maidir le caidrimh fostóir/fostaí, go háirithe i luath staid na fostaíochta: caithfidh fostaithe nua eolas a chur ar fáil dá bhfostóir ar riachtanais agus maoin a dteaghlach, agus iarraidh ar an bhfostóir glacadh leis an bpróiseas iarratais ar FIT. (Alliance)
Forlíonadh Luathchúraim Leanaí o Iarracht a theip air a bhí san Fhorlíonadh Luathchúraim Leanaí le tacú le teaghlaigh le
costas seirbhísí oideachais agus luathchúram. Ba chéim dhearfach a bhí sa Réamhscoilbhliain Saor a tháinig ina áit. Mar sin féin, bhí an tionchar iomlán a bhí ag an Réamhscoilbhliain Saor ar inacmhainneacht teoranta. (Start Strong)
Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua o Cé go dtugann an LECSN roinnt cúnaimh do thuismitheoirí le híoc as earraí riachtanacha ar
nós cultacha agus bróga scoile, níl dóthain ann leis na costais sin atá ag ardú i gcónaí a ghlanadh. Bíonn dúshlán sách mór ag cuid mhaith tuismitheoirí íoc as leabhair scoile. Ba chóir Scéim Uilíoch Iasachta Leabhar a thabhairt isteach a chuirfeadh leabhair ar fáil do gach páiste scoile le go mbeadh na seansanna céanna ag páistí atá ina gcónaí faoi mhíbhuntáiste. (Barnardos)
o Tá fáilte roimh na n-arduithe ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua agus ar an Scéim Béile Scoile. Mar sin féin tá cáineadh ar an easpa tacaíochta inmharthana le
329
costais scoile (m.sh Scéim Iasachta Leabhar). (Alliance)
Cén costas a bhaineann leis na
tacaíochtaí sin a sheachadadh agus
cén chomparáid atá eatarthu sin le
costas cláir coibhéiseacha in
áiteanna eile?
C. Éifeachtacht: Meáigh cé
chomh maith is a baineadh
amach cuspóirí polasaí agus
an bhféadfaí iad a bhaint
amach níos éifeachtaí trí
mhalairt meascán
caiteachais cláir.
Céard iad na táscairí cuí ar thorthaí
a bhféadfaí feidhmíocht a mheas
ina aghaidh?
Íocaíochtaí TIL mar chion de chostas páiste. (SVP)
Cur chuige Íosmhéid Buiséid Riachtanach. (VPSJ)
Cén chaoi ar tháinig athrú ar na
táscairí sin thar thréimhse an
mheasúnaithe?
I gcomhthéacs an fháis láidir eacnamaíochta agus fostaíochta in Éirinn ó 1995 agus na n-arduithe móra i dTacaíochtaí Ioncam Linbh ó 2001, níl na torthaí maidir le bochtaineacht linbh sásúil. (Alliance)
An bhfuil malartú agus/nó
comhfhreagracht idir na
comhábhair difriúla?
An bhféadfaí torthaí cosúil leo a
330
bhaint amach ó mheascán difriúil
ionchuir cláir?
Cé chomh mór is a bheadh claonta
sna hionchuir cláir cuí mar mhíniú ar
na claonta sin?
D. Tionchar: Meáigh an
tionchar níos leithne a
bheadh ag polasaí agus ag
cláir a bhaineann leo don
sochaí thar an meán téarma
nó go fadtéarmach.
Cén chaoi a luíonn na cláir
isteach le cláir polasaí poiblí cuí
eile?
Ba chóir go mbeadh tacaíochtaí ioncam linbh mar chuid de phlé níos leithne ar an riachtanas ar réímse leathan tacaíochtaí do pháistí agus dá dteaghlaigh – plé a chlúdódh seirbhísí do pháistí agus do theaghlaigh. (Start Strong)
Ba chóir an t-athbhreithniú TIL reatha a bheith mar chuid de phlé níos leithne timpeall an riachtanais ar réimse iomlán tacaíochta do pháistí agus dá dteaghlaigh ach ní mór dó freisin a bheith mar chuid den phlé ar an gcruth a bheadh ar Phlean Náisiúnta Luathóige. (Start Strong)
Tá gá le tacaíochtaí ioncam linbh agus daoine fásta i gcomhar le rochtain ar sheirbhísí ar chaighdeán maith i dtithíocht, in oideachas, i sláinte agus i gcúram linbh chun deireadh a chur le bochtaineacht linbh. (SVP)
Céard iad na tionchair
fadtéarmacha a bheadh ar
thairbhithe ceaptha?
Céard iad na héifeachtaí
socheacnamaíocha níos leithne a
bheadh ar pholasaí agus cláir a
ghabhann leis?
An bhfuil fothorthaí nach raibh
ceaptha leis an gclár?
Céard iad na tionchair polasaí cuí
Seirbhísí Uilíocha a Chur ar Fáil
Ní mór díriú ar sheirbhísí uilíocha a chur ar fáil. B’fhéidir go gcuirfeadh tacaíocht ioncaim atá dírithe maolú ar an gcruatan atá faoi láthair ar theaghlaigh bochta sa ghearrthéarma, mar sin féin ní leigheas fadtéarmach é agus ní thabharfaidh sé luach ar airgead go fadtéarmach maidir leis an toradh a bheadh ann do pháistí in Éirinn. (Joint)
Tá seans ann cuid den mhaoiniú atá dá úsáid chun seirbhís a chur ar SL a athdhíriú isteach i soláthar seirbhíse. (IBEC)
Tá sé soiléir go bhfuil gá ann le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí do pháistí agus do theaghlaigh. Má chuirtear seirbhísí inrochtana atá dírithe ar an bpáiste ar fáil do pháistí chomh maith le seirbhísí tacaíochta teaghlaigh, leibhéil mhaith íocaíochtaí leasa shóisialaigh do dhaoine fásta, tithíocht chuí, roghanna ar chúram maith leanaí agus áiseanna oideachais cabhróidh sé seo le páistí a thabhairt amach as ghaiste na bochtaineachta. (ISPCC)
331
eile?
Tacaíochtaí Cúram Linbh, Oideachais agus Fostaíochta
Á mbeadh ardú suntasach ar infheistíocht phoiblí i seirbhísí cúraim agus oideachais d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar an gcuspóir le ‘bochtaineacht a laghdú ar bhealach a dhéanfadh íoslaghdú ar dhí-dhreasacht chun fostaíochta’ chomh maith leis an gcuspóir cabhrú le teaghlaigh maidir le costais cúram linbh. (Start Strong) o Ba chóir go mbeadh, ní amháin seirbhísí luathchúraim agus luathoideachais lasmuigh den
teach ann do pháistí ach ba chóir go mbeadh tacaíochtaí ann do theaghlaigh freisin, ó tá an fhianaise ann go bhfuil an timpeallacht foghlamtha baile ar cheann de na fachtóirí is tábhachtaí le forbairt páistí a chinntiú. (Start Strong)
o Tá sé riachtanach go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta poiblí i seirbhísí cúraim agus oideachais do pháistí óga má táthar le cabhair éifeachtach a thabhairt do theaghlaigh faoi choinne costais seirbhísí luathchúraim agus luathoideachais. (Start Strong)
Bheifí in ann an cuspóir le tacaíocht i gcomhair costais cúram linbh a thabhairt chun críche níos fearr dá gcuirfí cúram linbh a bheadh ar fáil go huilíoch, a bheadh inacmhainne, a bheadh inrochtana agus a bheadh ar chaighdeán maith, chomh maith le cúraim tar éis-scoile, dá gcuirfí iad seo ar fáil do gach páiste. Thabharfadh sé seo deis do shochar linbh díriú níos mó ar an gcuspóir frithbhochtaineachta atá aige. (SVP)
Ba chóir go mbeadh luathchúram agus luathoideachas linbh dírithe ar sheirbhís ar ardchaighdeán a thacaíonn le forbairt agus dea-bhail páistí. Tá an easpa cúram linbh inacmhainne do pháistí faoin aois a mbeidís cáilithe don bhliain saor réamhscoile mar cheann de na dúshláin is mó do thuismitheoirí atá ag iarraidh dul isteach sa mhargadh oibre. Ní mór seirbhísí cúram linbh a bheidh cuimsitheach, uilíoch, saor agus ar chaighdeán ard a fhorbairt do pháistí uileis na hÉireann chun freastal ar riachtanais pháistí agus a dteaghlaigh. (Barnardos)
Níl baol ar dóthain córais tacaíochta ann in Éirinn le deis a thabhairt d’aontuismitheoir ar ioncam íseal dul isteach san fhórsa oibre nó dul ar ais chuig oiliúint nó oideachas gan cur isteach ar shochair rialtais atá ann cheana. Tá tacaíochtaí cúram linbh bunúsach: moladh amháin ná go bhféadfaí cáin ar féidir a éileamh ar ais a chur ar chostais cúram linbh nuair is aontuismitheoir ar ioncam íseal í/é an duine. (VPSJ)
Leathnaigh amach soláthar réamhscoile chun páistí 3 bliana nó os a chionn a chlúdach. (Joint)
332
Tabhair aghaidh ar na gaistí bochtaineachta, ar chúram linbh agus ar chonstaicí eile a chuireann bac ar chuid mhaith aontuismitheoirí aistriú ó leasa chuig obair inmharthana; agus ná tabhair isteach gníomhachtú éigeantach ar aontuismitheoir nó go mbeidh na constaicí sin ar a laghad tógtha as an mbealach agus go gcuirfear go mór le deiseanna fostaíochta. (Joint)
Cinntigh go bhfuil dóthain áiteanna ar fáil i gcomhair traenála, ath-traenála agus oideachais chun tacú leo siúd atá dífhostaithe faoi láthair chun teacht ar na scileanna cuí a chabhróidh leo fostaíocht inmharthana a fháil. (Joint)
Tacaíochtaí eile m.sh sláinte, tithíocht srl.
Glao le plé-pháipéar tras-ranna ar ‘Torthaí Dearfacha a Bhaint Amach do Pháistí trí Bhochtaineacht agus Eisiatacht Sóisialta a Laghdú’ a ullmhú, rud a bheadh mar bhunús ar phlé réimse leathan le páirtithe sóisialta, le hEagraíochtaí Neamhrialtais agus leis an sochaí sibhialta mar gheall ar cén treo a bhfuil Éire ag dul chun todhchaí dearfach a chinntiú do pháistí uileis na tíre. Chiallódh sé seo breathnú ar pholasaí teaghlaigh agus páistí, ar an margadh oibre, ar shláinte agus ar pholasaithe eile ar bhealach comhordaithe. (Joint)
Ba chóir acmhainní a chur isteach i dtacaíochtaí coisctheacha do thuismitheoirí, le gur féidir leibhéal struis thuismitheoirí a laghdú agus gur féidir somheanma teaghlaigh a fhorbairt. (ISPCC)
Tá sé bunúsach tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thacaíochtaí maidir le hoideachas, sláinte agus tithíocht agus feabhas a chur orthu chun dul i ngleic le bochtaineacht linbh in Éirinn. (Barnardos)
Tagann cuid mhaith gaistí bochtaineachta do theaghlaigh de bharr srianta ar chártaí leighis agus cuireann sé cosc ar roinnt mhaith teaghlaigh imeacht ó leasa shóisialaí go hobair. Ba chóir, go hidéalach an cárta leighis a leathnú le páistí faoi bhun 8 mbliana as gach teaghlach a chlúdach. (Barnardos)
Aistrigh teaghlaigh atá ina gcónaí i lóistín ar cíos ó Fholíonadh Cíosa go dtí an Scéim Lóistín Cíosa tar éis sé mhí in ionad bliana. (Barnardos)
Cáin agus Leas
Ba shampla ar Rialtas ag gníomhú a mbeadh ceangal ann a bheadh i gcomhtháthú (páirt) straitéiseach cánach agus leasa. (Alliance)
333
A mbeadh na córais cánach agus leasa ag obair le chéile thaispeánfadh sé tiomantas an Rialtais don timthriall saoil, ba chomhartha é ar imeacht ón déscaradh traidisiúnta ar dhaoine mar ‘cáin íocóirí’ nó ‘faighteoirí leasa’ agus in áit sin, a thaispeáint go mbíonn daoine sa dá staid in amanna difriúla ina saol. (Alliance)
E. Ábharthacht Leanúnach:
Déan measúnú ar cé chomh
mór is atá sé tuillte ag na
cuspóirí maoiniú poiblí a
dháileadh ar bhunús reatha
agus leanúnach agus
scrúdaigh an scóip i
gcomhair malairt polasaí nó
an cur chuige eagraíochtúil
leis na cuspóirí sin a bhaint
amach ar bhunús níos
inniúla nó níos éifeachta (ar
nós trí chomparáid
idirnáisiúnta.)
Cén chosaint atá le déanamh ar
dháileadh leanúnach mhaoiniú
poiblí ar pholasaí TIL agus cláir a
bhaineann leis?
Tá tacaíocht do pháistí i ngach teaghlach riachtanach ach teastaíonn tacaíocht bhreise ó theaghlaigh ar ioncam íseal. (SVP)
Tá gá le hairgead poiblí a dháileadh ar Thacaíocht Ioncam Linbh ar bhunús reatha agus leanúnach mar: o Ba chóir go n-íocfadh an Stát cion de chostas thógáil páistí. o Teastaíonn tacaíocht airgid bhreise ó pháistí atá ag fás suas i dteaghlaigh bochta. o Má dhéanann an Rialtas infheistíocht i dtacaíochtaí dírithe ar pháistí sábhálfaidh sé airgead
a chaithfí ag déileáil le fadhbanna sóisialta thar am, agus tabharfaidh sé sochar níos leithne don tsochaí. (Alliance)
Cé na hathruithe i (i)bpolasaí iomlán
i leith TIL, (ii) i meascán idir cláir
sonracha (iii)i ndearadh agus in
oibríocht chláir ar leith a chuirfeadh
feabhas ar éifeachtacht agus ar
thionchar polasaí agus cláir sa
réimse seo?
Éifeachtacht úsáid reatha acmhainní
Níl an córas reatha chun tacú le páistí ag obair chomh maith is a d’fhéadfadh sé. Dá ndéanfaí athruithe beaga ar an gcóras atá ann cheana d’fhéadfadh neamhchomhsheasmhachta agus torthaí nach dteastódh a bheith i réimsí eile. (SVP)
D’fhéadfaí a rá go bhfuil SL ag iarraidh an iomarca a dhéanamh. Níl sé inniúil mar bheart frith-bhochtaineachta agus níl dóthain ann leis féin le tionchar suntasach a bheith aige ar an ráta bochtaineachta linbh. (SVP)
Ba chóir aon athruithe eile ar thacaíochtaí ioncam linbh a dhéanamh mar chuid de phróiseas
334
leasaithe níos leithne le súil fáil réidh le bochtaineacht linbh, cosc a chur ar ghaistí bochtaineachta do theaghlaigh ar ioncam íseal agus luach a fháil ar airgead i gcaiteachas poiblí sa réimse seo. Ní bheadh muid i bhfabhar sochar linbh a ghearradh. Pé ar bith cé na tairbhí eile a d’fhéadfadh a bheith le sochar linbh a ardú, ní hé an bealach is inniúla ná is éifeachtaí é chun fáil réidh le bochtaineacht linbh.. (Focus)
Níl an chuid is mó de chaiteachas reatha an Rialtais ar Thacaíochtaí Ioncam Linbh (trí scéim sochair linbh) dírithe agus mar sin ní bhaineann sé amach na cuspóirí seo a leanas de chuid na Roinne: o Tosaíocht a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal maidir le hacmhainní breise a
dháileadh. o Cóir comhionann a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal. (Inclusion Ireland)
Leorgacht nó leibhéal íocaíochta/tacaíochta
Sochar linbh a choinneáil ag an leibhéal a bhfuil sé ann faoi láthair nó go dtarlóidh an t-athbhreithniú atá molta againn le gealltanas é a thabhairt ar ais go dtí leibhéal 2009 mura ndéanfar leasuithe eile. (Joint)
Machnaigh ar féidir na cláir caiteachais a leasú chun leibhéal tacaíochta níos fearr a thabhairt, agus ag an am céanna leanúint leis an tsábháil nó ag cur sábháil ar fáil don státchiste. (IBEC)
Níor chóir laghdú a dhéanamh ar an leibhéal iomlán infheistíochta i dtacaíochtaí ioncam linbh mar bheart ghearrthéarmach chun costais a shábháil. (Start Strong)
Ní thugann an moladh i dtuairisc McCarthy 20% laghdú a dhéanamh ar Sochar Linbh (á laghdú ó €166 sa mhí go €136 sa mhí) san áireamh go bhfuil easnamh seachtainiúil ar chuid mhaith teaghlaigh cheana, go mór mór teaghlaigh le hógánaigh. Bheadh tionchar diúltach ag laghdú i Sochar Linbh díreach ar theaghlaigh atá ag streachailt le cóipeáil cheana ainneoin gur thit praghsanna earraí agus seirbhísí i 2009. Nuair a bheidh an Rialtas ag meas cé na réimsí inar féidir leo sábháil a dhéanamh tá súil againn nach ndíreoidh siad orthu siúd nach bhfuil an tÍoschaighdeán Maireachtála atá riachtanach acu. (VPSJ)
Ba chóir go mbeadh gach íocaíocht leasa shóisialaí agus beart tacaíochta ioncaim bunaithe ar an bhfíor chostas maireachtála. (VPSJ)
Ba chóir go mbeadh íocaíochta tacaíochta ioncam linbh dóthaineach do theaghlaigh ar ioncam íseal má tá siad le dul i ngleic le bochtaineacht linbh. (SVP)
335
Íocaíocht Dara Sraith
FIT agus MLCanna a chónascadh isteach in aon íocaíocht amháin, agus go bhféadfaí ansin é a dhíriú ar na teaghlaigh a bhfuil an riachtanas is mó orthu. Chiallódh sé seo go bhfaigheadh teaghlaigh ar ioncam íseal tacaíocht is cuma dá mbeidís fostaithe nó ar íocaíochtaí leasa shóisialaí. Bealach cothrom a bheadh anseo chun a chinntiú go bhfaigheadh an dream is mó a mbeadh ganntanas orthu ó thaobh airgid den tacaíocht airgid a bhfuil gá leis. (ISPCC)
Ba chóir íocaíocht amháin – an dara sraith- a bheith ann do theaghlaigh le páistí a bhfuil a n-ioncam faoi leibhéal áirithe. D’fhéadfadh an t-ioncam seo a theacht ó obair ar phá íseal nó ó íocaíocht leasa shóisialaí. Dhéanfadh an íocaíocht dara sraith seo forlíonadh ar an íocaíocht sochar linbh atá ann cheana agus thiocfadh sé in áit an Méaduithe i Leith Linbh Cáilithe agus an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh. Is é an t-údar atá leis an íocaíocht singil seo ná acmhainní breise a dhíriú ar an áit is mó a bhfuil gá leo, sé sin, ar pháistí sna teaghlaigh is boichte. D’íocfaí an íocaíocht seo le gach teaghlach ar ioncam íseal is cuma ar as obair nó leasa shóisialaí a thiocfadh an t-ioncam íseal sin. Léireodh íocaíocht dara sraith úsáid airgead phoiblí a bheadh níos dírithe agus céim i dtreo aidhm an Rialtais le deireadh a chur le bochtaineacht linbh. (Inclusion Ireland)
Fuair taighde a ndearna End Child Poverty Coalition coimisiúnú air amach dá dtabharfaí isteach íocaíocht dara sraith le cur in áit an Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus Méaduithe i Leith Linbh Cáilithe nach mbainfeadh sé amach na cuspóirí a bhí aige, sé sin a chinntiú go mbeadh gach páiste i líonta tí ar ioncam íseal slán ó bhochtaineacht mar:
Ní chuirfeadh sé feabhas ar dhreasachta oibre; bheadh gá le scéim iarmharach FIT chun iad siúd ar ioncam íseal a chosaint.
D’fhéadfaí tionchar dearfach a fháil do líonta tí ar leasa shóisialaí ar chostas níos éifeachtaí trí íocaíochtaí a bheadh dírithe..
D’fhéadfaí sochair níos mó a fháil do theaghlaigh ar phá íseal trí scéim FIT a fheabhsú. (End Child Poverty Coalition)
336
Ag díriú TIL ar theaghlaigh ar ioncam íseal
Ba chóir tacaíochtaí ioncaim linbh a dhíriú ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus cosaint a thabhairt do pháistí a bhfuil bochtaineacht ag bagairt orthu. Is é an t-easnamh i sochar linbh maidir le díriú den príomhchúram. Cé go bhfuil acmhainní suntasacha curtha ar fáil do shochar linbh tá sé tábhachtach go mbeidh sé seo dírithe ar ioncaim íseal lena chinntiú go mbeidh tionchar ag acmhainní ar bhochtaineacht linbh agus teaghlaigh. (IBEC)
Dreasachta oibre
Cinntigh nach gcruthaíonn an córas leasa shóisialaí dídhreasachta le dul ar ais ag obair. I gcúinsí áirithe, d’fheadfadh sé a bheith mar thoradh ar MLCanna nach rachadh oibrithe dóchúla ar ais chuig an margadh oibre mura dtabharfaí deiseanna fostaíochta tuarastail le cúiteamh a dhéanamh ar shochair leasa shóisialaí. Tá gá le leasú phráinneach ar an gcóras leasa shóisialaí lena chinntiú go mbeidh dreasacht láidir ann le dul ag obair nuair a thosóidh an eacnamaíocht ag feabhsú. (IBEC)
Indibhidiúlú an Chórais Cánach agus Leasa
Indibhidiúlú iomlán san fhadtéarma ar chórais Cánach Ioncaim agus Leasa Shóisialaigh. (Treoir)
Ba chóir tacaíocht Rialtais a bheith dírithe ar pháistí. Faoi láthair tá tacaíocht sa chóras Cánach Ioncaim dírithe ar theaghlaigh agus tá sé éagsúil ar bhun stádas pósta, páirtí agus eacnamaíochta. Bheadh roinnt coigilt ann dá ndéanfaí indibhidiúlú iomlán ar an gcóras cánach ioncaim. Tá tacaíocht do pháistí leathnaithe amach thar Sochar Linbh , Méaduithe i Leith Linbh Cáilithe agus Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh sa chóras leasa shóisialaí. Trí indibhidiúlú a dhéanamh ar an dá chóras chuirfí tacaíocht shuntasach singil ar fáil go cothrom do pháistí. (Treoir)
D’fhéadfaí an íocaíocht nua atá molta d’ioncam íseal a chur ar aghaidh ar roinnt bealaí. Bealach amháin lena dhéanamh ná sochair cánach bhreise dóibh siúd atá ag obair faoi láthair agus íocaíocht díreach dóibh siúd ar sochar. Bheadh an íocaíocht gaolmhar leis an ioncam agus chaithfeadh sé a bheith de réir an ardaithe in ioncam teaghlaigh. D’fhéadfaí measúnú bliantúil
337
a dhéanamh air. Bheadh cur chuige ar trí staid ag baint leis ag an mbun leibhéal: o Ag baint úsáide as an iarratas SL reatha chun sonraí a fháil a dhéanfadh nasc idir
tuismitheoirí agus páistí, o D’oibreodh an R/GST agus an Státchiste le chéile chun an íocaíocht a riaradh mar shochar
canach do theaghlaigh a bheadh ag obair, o Dhéanfadh an R/GST riaradh ar an íocaíocht do theaghlaigh nach mbeadh ag obair. (IBEC)
Ní mór costais a mbeadh baint acu le córais riaracháin nua a bhreithniú i gcomhthéacs na gcostais fadtéarmacha a bhainfeadh le faillí a dhéanamh maidir le bochtaineacht linbh. (Alliance)
Tá gá le himeascadh straitéiseach nó páirt-imeascadh ar chórais cánach agus leasa le córas leasa shóisialaí a bheadh níos solúbtha agus níos freagartha a bheith ann. (Alliance)
FIT agus íocaíochtaí Leasa Shóisialaí eile
Chiallódh moladh McCarthy “nár cheart go mbeadh éilitheoirí a bheadh ag fáil buníocaíocht leasa shóisialaí gach seachtain incháilithe do scéim [Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh] ag teacht leis an bprionsabal, nuair is féidir é, gur aon bhuníocaíocht amháin a bheadh éilitheoirí ar leasa shóisialaí a fháil” dá gcuirfí i bhfeidhm é seo chiallódh sé nach mbeadh aontuismitheoirí a bheadh in obair lánaimseartha (ag an Íosrata náisiúnta pá) agus a mbeadh a gcuid páistí ag freastal ar chúram phríobháideach leanaí lánaimseartha in acmhainn Íoschaighdeán Maireachtála atá riachtanach a bheith acu. (VPSJ)
Go mbeadh teaghlaigh a bheadh ag fáil buníocaíocht leasa shóisialaí gach seachtain fós i dteideal an Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh. Murar amhlaidh ní bheadh aontuismitheoirí a bheadh ag obair go lánaimseartha (ag ráta an I.N.P.) agus a mbeadh a gcuid páistí i gcúram príobháideach lánaimseartha in acmhainn an íoschaighdeán maireachtála atá riachtanach a bheith acu. (VPSJ)
Athruithe eile
Tá sé deacair an córas reatha a chur i bhfeidhm, tá sé costasach ó thaobh ama agus riaracháin de agus caithfear córais uilíocha a scrúdú. (ISPCC)
In áit rochtain ar Sochar Linbh a bheith srianta, ba chóir é a athrú agus a leathnú le tacaíocht níos fearr a thabhairt do pháistí agus do theaghlaigh. Dá mbeadh an córas reatha níos
338
freagartha do na páistí agus do na teaghlaigh atá rannpháirteach ann, b’fhéidir go bhféadfaí feabhas mór a chur ar na torthaí a bhaineann le tógáil páistí. Chuige sin moladh córas Sochair Cánach chun torthaí agus sábháilteacht do pháistí a fheabhsú agus deiseanna a thabhairt i gcomhair taighde. (Cúram)
Ba chóir Liúntas Tuismitheora a thabhairt isteach i lár-téarma mar atá molta i bPlécháipéis an Rialtais – Moltaí chun Tacú le Aontuismitheoirí. (Treoir)
Go mbeadh ceangal ag Sochar Linbh agus Méaduithe i Leith Linbh Cáilithe le haois mar atá an íocaíocht don scoilbhliain nua – mura mbeadh ní bheidh aon rogha ag daoine óga as líonta tí ar ioncam íseal ach an scoil a fhágáil go luath. (VPSJ)
TAITHÍ IDIRNÁISIÚNTA
Feictear na torthaí is fearr do pháistí maidir le bochtaineacht linbh i dtíortha a bhfuil leibhéal ard de thacaíochtaí uilíocha do pháistí agus do theaghlaigh iontu i gcomhar le seirbhísí ar ardchaighdeán atá inrochtaine i sláinte, i gcúram leanaí agus in oideachas. Léiríonn an tsamhail Lochlannach luach ar airgead ó thaobh torthaí do pháistí as gach teaghlach. (Joint)
Sochair cánach dírithe ar pháistí sa Ríocht Aontaithe. (Alliance)
F. Táscairí feidhmíochta :
Aithnigh táscairí a
d’fhéadfaí a úsáid chun
monatóireacht níos fearr a
dhéanamh ar fheidhmíocht
pholasaí TIL agus cláir a
bhaineann leis.
Cé na táscairí atá dá n-úsáid faoi
láthair chun monatóireacht a
dhéanamh ar éifeachtacht agus
tionchar polasaí sa réimse seo?
Cén chaoi a bhféadfaí iad a úsáid
níos fearr chun dearadh polasaí
agus riaracháin cláir a fheabhsú?
Ba chóir cuspóirí níos soiléire a ghiniúint ón athbhreithniú i gcomhar polasaí tacaíochta ioncaim linbh. Ansin beifear in ann táscairí feidhmíochta a fhorbairt do gach cuspóir. Ba chóir cuspóir frith-bhochtaineachta a bheith mar chroí-lár polasaí tacaíochta ioncaim linbh. Ba chóir gur leor na tacaíochtaí ioncaim linbh agus go mbeadh siad struchtúrtha ar bhealach le gaistí bochtaineachta agus dídhreasachta a sheachaint. (SVP)
339
Tá siad seo a leanas ar na táscairí feidhmíochta a d’fhéadfaí a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht pholasaí tacaíochta ioncaim linbh: o Acmhainn ioncaim
Ráta riosca bochtaineachta do pháistí Ráta bochtaineachta comhsheasmhach do pháistí Easnamh i measc páistí Bearta tacaíochta ioncaim linbh mar chéatadán den ráta leasa shóisialaí is ísle do
dhaoine fásta An cion de chostas linbh a chlúdaíonn tacaíochtaí ioncaim linbh.
o Gaistí bochtaineachta Rátaí cánach imeallacha éifeachtacha (aistarraingt sochair san áireamh) d’fhaighteoirí
leasa i gcomparáid le daoine ar ioncam ard. Cion de pháistí i dteaghlaigh gan aon duine fásta fostaithe Cion do pháistí i dteaghlaigh le daoine ag obair ach bocht. (SVP)
Chun monatóireacht a dhéanamh ar dul chun cinn i leith na gcuspóirí sin ba chóir táscairí a bheith dírithe ar thorthaí (in áit ionchur agus aschur). Tá táscairí a d’fhéadfadh a úsáid ar Thacaíochtaí Ioncaim Linbh imlínithe thíos: o Táscairí dírithe ar ioncam:
Ráta bochtaineachta comhsheasmhach do pháistí Ráta riosca bochtaineachta do pháistí Bearta Tacaíochta Ioncaim Linbh (le chéile) mar chéatadán den ráta leasa shóisialaí is
ísle do dhaoine fásta Cion den chostas le páiste a thógáil atá clúdaithe ag Tacaíochtaí Ioncaim Linbh
(Alliance) o Táscairí atá dírithe ar ghaistí bochtaineachta:
Rátaí cánach imeallacha éifeachtacha (aistarraingt sochair san áireamh) d’fhaighteoirí leasa i gcomparáid le daoine ar ioncam ard.
Cion de pháistí i dteaghlaigh gan aon duine fásta fostaithe Cion do pháistí i dteaghlaigh le daoine ag obair ach bocht. (Alliance)
Tá sé tábhachtach a bheith cúramach nuair atáthar ag úsáid rátaí bochtaineachta mar thomhais ar éifeachtacht Thacaíochtaí Ioncaim Linbh, mar níl an Tacaíocht Ioncaim Linbh ar an aon fhachtóir atá ann chun bochtaineacht linbh a laghdú. (Alliance)
340
Ar chóir táscairí nua a thabhairt
isteach agus an bhfuil sé ceart
leanúint ag dáileadh maoin phoiblí
ar pholasaí TIL agus ar chláir a
bhaineann leis?
Ba chóir don Rialtas sprioc a shocrú le bochtaineacht linbh a laghdú, agus na táscairí atá aontaithe a úsáid le monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn leis an sprioc sin a bhaint amach. Tá sprioc iomlán ag an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta 2007-2016 maidir le bochtaineacht a laghdú, ach níl sprioc ar leith aige maidir le bochtaineacht linbh. (Alliance)
341
Aguisín 4 – Measúnú Tionchair Bochtaineachta
STAID 1 Scagadh– Cuirfidh sé seo in iúl don té atá ag déanamh an pholasaí an bhfuil sé
riachtanach measúnú tionchair bochtaineachta iomlán a dhéanamh. Ba chóir forbhreathnú nó cúlra
gearr den mholadh a leagan amach ag an staid seo.
An bhfuil an polasaí, an clár nó an moladh tábhachtach i dtéarmaí an:
TÁ NÍL B’FHÉIDIR GO BHFUIL
Polasaí Iomlán Náisiúnta/Roinne T
An leibhéal agus/nó an cion de chaiteachas atá i gceist. T
An t-athrú a dhéanfaidh sé ar pholasaí nó modh imeachta atá ann cheana (sonraigh). Ba chóir a lua gur Measúnú ar Thionchair Bochtaineachta de chuid Athbhreithniú LAA ar Pholasaithe agus Cláir Tacaíochtaí Ioncaim Linbh é seo seachas ar na moltaí atá leagtha amach laistigh den athbhreithniú. Tá an próiseas athbhreithnithe deartha de réir nádúir chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar inniúlacht chuspóirí an chláir, agus sa chás seo tá laghdú a chur ar bhochtaineacht linbh san áireamh.
T
An ábharthacht atá leis do na grúpaí saolré nó grúpaí leochaileacha eile nó do chuid díobh Grúpaí saolré Páistí agus daoine óga Daoine in aois oibre Daoine scothaosta Daoine faoi mhíchumas Samplaí de dhaoine leochaileacha Mná Teaghlaigh aontuismitheora Teaghlaigh le líon mór páistí Daoine faoi mhíchumas Daoine dífhostaithe Baill den Lucht Siúil Daoine faoi mhíbhuntáiste tuaithe Daoine i mbochtaineacht uirbeach Daoine gan dídean Imircí agus mionlaigh Eitneacha Ní mór tionchair ar neamhionannas a bhféadfadh bochtaineacht a bheith mar thoradh orthu a mheas freisin.
T T T T T T
N N N N N N N N
342
Céim 1: Comhairliú
Céim 2: Sonraigh Aidhmeanna Polasaí agus Spriocghrúpaí
2.1 Cén príomhchuspóir atá ag an moladh polasaí/cláir/caiteachais seo?
Rinneadh cleachtadh comhairlithe mar chuid den phróiseas athbhreithnithe. Is é a bhí anseo, ná ar
dtús iarratas ar aighneachtaí scríofa a fháil ó na páirtithe sóisialta agus ó ghrúpaí pobail agus grúpaí
deonacha, agus ansin tugadh cuireadh do shaineolaithe polasaí chun ionchur a dhéanamh sa
phróiseas. Tugadh cuireadh do 18 eagraíochtaí ar fad páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairlithe
agus fuarthas 15 aighneacht scríofa chomh maith le haighneacht bhreise. Chomh maith leis an modh
comhairlithe foirmiúil, chuathas i gcomhairle le geallsealbhóirí eile ar a raibh oifigí ón Roinn
Airgeadais, a bhí freisin mar chuid den Ghrúpa Stiúrtha, na Coimisinéirí Cánach agus Oifig an Aire
Leanaí agus Gnóthaí Óige
Tá an próiseas athbhreithnithe LAA deartha chun cuspóirí polasaí poiblí leathan atá mar bhunús ar
chláir a chur i bhfeidhm, agus i gcás an athbhreithnithe seo, sin tacaíocht ioncaim a sheachadadh do
theaghlaigh le páistí. Tá faoin athbhreithniú freisin a shocrú cén chaoi a mbíonn idirghníomhaíocht
ann idir polasaí agus cláir TIL agus an straitéis níos leithne le bochtaineacht linbh ach go háirithe a
laghdú trína chinntiú go leanfar le nó go gcuirfear feabhas ar dhreasachta oibre. Leanann an t-
athbhreithniú ar aghaidh chun éifeacht agus inniúlacht chuspóirí an pholasaí a mheas agus cé
mhéad díobh siúd atá bainte amach
D’aithin an t-athbhreithniú gurb iad na príomhchuspóirí polasaí atá mar bhunús le híocaíochtaí TIL
ná soláthar a dhéanamh ar
Chabhair uilíoch a thabhairt ó thaobh costais tógáil clainne do gach teaghlach (“athdháileadh cothrománach” agus
Chabhair atá dírithe ar pháistí do theaghlaigh roghnaithe atá i gcontúirt bhochtaineachta (“athdháileadh ingearach”)
Leis an éabhlóid pholasaí tá cuspóirí tánaisteacha eile ag teacht aníos a bhfuil tábhacht éagsúil leo.
Orthu sin tá: laghdú ar dídhreasachta airgeadais do thuismitheoirí chun glacadh le hobair; cabhair
airgeadais i leith costais sonraithe ar nós costas cúram leanaí íoctha agus foinse ioncaim
neamhspleách a sholáthar do mhná ag baile. De bharr an bhaint atá ag fostaíocht tuismitheora agus
bochtaineacht tá tábhacht ar leith ag an gcéad cheann díobh seo.
Tá measúnú déanta ar íocaíochtaí TIL i gCaibidil 2 den tuairisc agus scrúdaítear éifeachtacht agus
inniúlacht íocaíochtaí TIL i gCaibidil 4.
Staid 2 Measúnú Iomlán Tionchair Bochtaineachta – Achoimre 1/2
343
2.2 Cé hiad na spriocghrúpaí agus cén chaoi a bhfaigheadh na grúpaí sin an moladh?
Tá gach teaghlach a bhfuil páistí acu faoi bhun aoiseanna sonraithe agus a bhfuil íocaíocht TIL dá íoc
thar a gceann ináirithe i measc na spriocghrúpaí a ndearna an t-athbhreithniú iad a mheas. Is dócha
go bhféadfaí an chuid is mó de chuspóirí TIL a bhaint amach trí chur chuige straitéise “measctha” in
áit a bhfuil leibhéal an TIL do theaghlaigh ar ioncam íseal déanta suas d’íocaíochtaí uilíoch agus
íocaíochtaí roghnaithe ar thart ar an luach céanna, (in áit cur chuige a bhíodh “roghnaithe go
príomha” agus “uilíoch go príomha” san am a caitheadh). Measann an t-athbhreithniú freisin go
bhfuil gá na huirlisí reatha a réasúnú chun díriú ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus chun fostaíocht a
spreagadh.
Tá na roghanna leasuithe éagsúla a ndearnadh iad a mheas san athbhreithniú sonraithe i rannóg 9.3,
áit a bhfuil luacháil ar gach ceann de na roghanna leasuithe ó thaobh na gcuspóirí i gcomhair
íocaíochtaí TIL curtha ar fáil freisin.
2.3 Cé na difríochtaí atá ann laistigh den spriocghrúpa/idir na spriocghrúpaí le go mbeadh siad ag fáil tairbhe ón bpolasaí/clár ar bhealaí difriúla agus cén chaoi a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu?
D’aithin an t-athbhreithniú cur chuige leasa a bheadh ag brath chomh fada agus is féidir ar na
gnéithe dearfacha atá sa chóras reatha ach a dhéanfadh athchothromú ar a gcuid leibhéil agus a
gcuid idirghníomhaíochta choibhneasta chun an córas a dhéanamh níos comhleanúnaigh agus níos
éifeachtaí. Bheadh córas mar sin difriúil ón gcóras reatha ar roinnt bealaí. Gheobhadh teaghlaigh
íocaíocht slánaithe amháin ar gach leanbh. Bheadh sé seo mar íocaíocht bhunúsach do gach
teaghlach ach gheobhadh teaghlaigh eile (ar ioncam íseal) forlíonadh bunaithe ar a stádas leasa
shóisialaí nó sin an bhfuil siad ar ioncam íseal nó nach bhfuil.. Ní íocfaí ach forlíonadh amháin i leith
páiste ar ioncam íseal, ní hionann agus an staid faoi láthair nuair a d’fhéadfaí FIT agus MLCanna
araon a íoc. Leis an gcur chuige seo d’fhéadfaí ailíniú breise a dhéanamh ar SL, MLCanna agus FIT
isteach in aon íocaíocht tacaíochta ioncaim linbh amháin a thabharfadh tacaíocht éigin do gach
teaghlach agus a thabharfadh tacaíocht bhreise dírithe ar gach teaghlach ar ioncam íseal is cuma
leasa nó obair. Bheadh roinnt buntáistí anseo thar an struchtúr reatha agus a mhalairt, tástáil
maoine nó cáin a ghearradh ar sochar linbh rud a bheadh i gcoiteann leis na cuir chuige eile ar leasú
struchtúrach:
Thabharfadh sé aghaidh ar chuspóirí athdháileadh cothrománacha agus ingearacha in aon uirlis amháin, rud a dhéanfadh níos feiceálaí é agus a dhéanfadh níos éasca a mheas an bhfuil sé ag baint amach cuspóirí rialtais;
Bheadh na heilimintí éagsúla níos trédhearcaí do theaghlaigh le páistí agus bheifí in ann neamhchomhsheasmhachta a sheachaint níos fear;
Bheadh sé níos éasca an deighilt leasa go hobair a thrasnú agus ag an am céanna dídhreasachta oibre a íoslaghdú, chuige sin bheadh gá le pointe ag a stopfaí ioncam agus nach ndéanfaí íocaíochtaí thar an bpointe sin.
344
Céim 3: Breathnaigh ar na Sonraí agus an Taighde atá ar fáil
Breathnaigh ar na sonraí atá ar fáil laistigh de d’eagraíocht féin, ó ranna nó gníomhaireachta eile nó
ó mhalairt foinsí. Aithin sonraí nó táscairí ar féidir a úsáid chun dul chun cinn a thomhais.
Baineadh úsáid as réimse leathan foinsí ar shonraí chun anailís chainníochtúil a fháil ar chláir TIL. Bhí siad seo ar na príomhfhoinsí sonraí ar baineadh úsáid astu:
Eolas Staitistiúla ón RSP ar Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh
Suirbhé ar Ioncam agus Coinníollacha Maireachtála
Sonraí daonáirimh agus daonra
Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta Líon Tí
Suirbhé Buiséid Líon Tí Rinneadh anailís ar impleachtaí na meascáin caiteachais cláir éagsúla ar chaiteachas, agus ar éifeacht agus tionchar atá ag bochtaineacht ar dhreasachta fostaíochta ag baint úsáide as micreasamhail insamhalta sochar cánach SWITCH de chuid ITES. Scrúdaíodh an idirghníomhaíocht idir tacaíochtaí ioncaim, teacht isteach agus ioncaim teaghlaigh trí húsáid a bhaint as anailís ‘samhail’ leibhéil líon tí. Scrúdaíodh réimse tuairiscí agus staidéir a bhain leis an ábhar ar a bhfuil siad seo a leanas:
Reachtaíocht chuí agus eolas cúlra,
Treoirlínte scéime agus saintuairisc chuí,
Athbhreithnithe roimhe seo agus taighde cuí ar bhochtaineacht linbh agus costas a bhaineann le páistí,
Eolas ar sheachadadh eagraíochtúil na dtacaíochtaí reatha,
Cleachtais idirnáisiúnta,
Tuairiscí eolais bainistíochta
Tá tuilleadh sonraí ar na tuairiscí sin le fáil sa leabharliosta.
Tugann Caibidil 3 agus 5 anailís ar shonraí leibhéal cláir, claonta caiteachais agus próisis riaracháin san áireamh. Baineann Caibidil 4 úsáid as sonraí chun cuspóirí TIL a mheas, cuspóirí a bhfuil baint acu le cabhrú le páistí a thógáil agus bochtaineacht linbh a laghdú. Déanann Caibidil 7 caiteachas agus torthaí TIL a mheas i gcomhthéacs idirnáisiúnta ag baint úsáid as sonraí ón AE agus ón ECFE.
345
Céim 4: Measúnaigh Tionchair agus Breathnaigh ar Mhalairtí
4.1 Cén cineál tionchair ar bhochtaineacht (i dtéarmaí líon daoine faoi bhochtaineacht nó
leibhéil bochtaineachta) a bheadh ag an moladh ar gach grúpa leochaileach atá liostaithe sa
tábla?
Grúpa Leochaileach
An tionchar gur dócha a bheadh ag an gclár/togra ó thaobh téarmaí bochtaineachta
Ní bheadh aon Féach C.4.2
Dearfach Féach C.4.3
Diúltach Féach C.4.4
Grúpaí saolré
Páistí agus daoine óga √
Daoine in aois oibre √
Daoine scothaosta √
Daoine faoi mhíchumas √
Grúpaí Leochaileacha Eile
Mná √
Teaghlaigh aontuismitheora √
Teaghlaigh le líon mór páistí √
Daoine dífhostaithe √
Baill den Lucht Siúil √
Príosúnaigh agus Iar-phríosúnaigh √
Daoine faoi mhíbhuntáiste tuaithe √
Daoine i mbochtaineacht uirbeach √
Imircí √
Mionlaigh Eitneacha √
Daoine eile: (sonraigh le do thoil)
4.2 Mura mbeadh aon éifeacht ag an moladh ar bhochtaineacht cé na roghanna a d’fhéadfaí a
aithint chun éifeacht dhearfach a fháil?
Níl feidhm leis
346
4.3 Dá mbeadh éifeacht dearfach leis an moladh an gcabhródh sé le daoine a choinneáil as
gaiste na bochtaineachta, an leibhéal (maidir le líon agus doimhne) bochtaineachta a laghdú
nó maolú a dhéanamh ar éifeacht na bochtaineachta?
Cé go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le hiarracht a dhéanamh amach cé na tionchair bochtaineachta a bheadh ag roghanna leasuithe éagsúla atá aitheanta san athbhreithniú, mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann leis an réimse tuairimí a chaithfí a dhéanamh nuair a bheifí ag leagan amach na roghanna leasuithe éagsúla, taispeánann staidéir a rinne anailís ar éifeachtaí cuid de na roghanna leasuithe, ar nós íocaíocht linbh dara sraith a thabhairt isteach, tionchar dearfach ar bhochtaineacht linbh a laghdú. Ina theannta sin, trí leanúint leis an straitéis “mheasctha” ina mbeadh leibhéal tacaíochta do líonta tí ar ioncam íseal déanta suas as íocaíochta uilíocha agus íocaíochta roghnaithe araon ar thart ar an luach céanna agus réasúnú na n-uirlisí reatha roghnaithe chun díriú ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus fostaíocht a spreagadh bhainfí amach cuspóirí TIL den chuid is mó, laghdú a chur ar bhochtaineacht linbh ina measc.
Féach rannóg 9.3.5. i gcomhair sonraí breise ar an tsaincheist seo.
4.4 Dá mbeadh tionchar diúltach (.i. chuirfeadh sé ardú ar an líon daoine faoi bhochtaineacht nó
ar an leibhéal bochtaineachta) ar an moladh cé na roghanna a bhreathnófaí orthu chun
maolú a dhéanamh ar an éifeacht sin?
Níl feidhm leis
4.5 An gcabhródh an moladh le haidhmeanna agus spriocanna chuimsiú PGN a bhaint amach?
Táthar ag súil go mbeadh laghdú ar rátaí bochtaineachta linbh mar chuid de na torthaí maithe don leanbh a thiocfadh de bharr na leasuithe atá imlínithe san athbhreithniú. Chabhródh laghdú mar sin leis an sprioc iomlán i laghdú bochtaineachta atá sa Chuimsiú PGN a bhaint amach. Tá an sprioc ardleibhéil i gCuimsiú PGN freisin le luach bhearta tacaíochta ioncaim linbh comhcheangailte a shocrú ag 33-35% d’íosráta íocaíochta leasa shóisialaí dhuine fásta feadh chúrsa an phlean. Cé go bhfuil cuspóirí leathain TIL bailí fós, luann an t-athbhreithniú go bhfuil an Rialtas ag tabhairt comhartha go mb’fhéidir gur athraigh an cóimheá idir na cuspóirí sin agus go bhfuil béim níos mó ar an ról díriú ar acmhainní chun bochtaineacht linbh a laghdú. Féach rannóg. 2.4.2. i gcomhair sonraí breise ar an tsaincheist seo.
347
STAID 2 Measúnú Tionchair Bochtaineacht Iomláin– Achoimre 2/2
4.6 An dtabharfadh an moladh aghaidh ar na héagothromaíochta a bhféadfadh bochtaineacht a bheith mar thoradh orthu?
Ba chóir a thuiscint gur cuid den straitéis níos leithne chun torthaí do pháistí agus go háirithe dea-bhail pháistí a fheabhsú iad cláir TIL. Tá an Straitéis Náisiúnta Leanaí dírithe ar na torthaí níos leithne sin agus cabhraíonn íocaíochtaí TIL le ceann amháin ar a laghad de na torthaí dearfacha do pháistí atá aitheanta laistigh den straitéis sin (slándáil agus dea-bhail eacnamaíochta). Comhlánaíonn íocaíochtaí TIL cláir freisin a dhíríonn ar thionchair dhearfacha eile a thabhairt ar shaol páistí ar nós gnóthachtáil oideachais agus stádas sláinte. Mar sin féin, chun dea-bhail páiste a fheabhsú, d’fhéadfadh roinnt mhaith idirghabhála a bheith ag teastáil, go háirithe le seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an bpáiste. Maidir le héagothromaíocht ar bhun reachtaíocht chomhionann i leith na naoi n-ábhar atá aitheanta in Éirinn (inscne, stádas teaghlaigh, stádas pósta, aois, míchumas, claonadh gnéis, cine, creideamh, agus ballraíocht den Lucht Siúil), tá tábhacht faoi leith ag an athbhreithniú maidir le hinscne mar go n-aithníonn sé gur cuspóir thánaisteach le Sochar Linbh é foinse ioncaim neamhspleách a sholáthar do mhná. Ag glacadh leis gur dócha go mbeidh ioncam díreach níos ísle ag mná ná ag fir (ar bhealach ag taispeáint an tionchar a bhíonn ag am a thógáil ón obair chun breathnú i ndiaidh na bpáistí) cabhraíonn an íocaíocht seo leis an máthair le comhionannas a fheabhsú sa tsochaí go ginearálta. Maidir leis na hábhair eile ní fheictear go mbeadh aon tionchar ag na moltaí atá le fáil san athbhreithniú ar na grúpaí sin.
348
Céim 5: Tóg Cinneadh agus Socraigh Monatóireacht
5.1 An nglacfar leis an moladh seo?
5.2 Má ghlactar leis an moladh, cén chaoi a ndéanfar monatóireacht ar an tionchar a bheidh aige ar bhochtaineacht?
Céim 6: Foilsiú Torthaí
Foilseofar tuairisc an athbhreithnithe LAA at thacaíocht ioncam linbh agus chláir caiteachais a
bhaineann leis, ar a bhfuil an PIA ar shuíomh idirlín na Roinne: www.welfare.ie
Tá sé suas don Roinn/Rialtas a shocrú an gcuirfear na moltaí atá san athbhreithniú i bhfeidhm
Tabharfaidh sonraí ó Shuirbhé an PS ar Ioncam agus Coinníollacha Maireachtála staitisticí do na táscairí seo a leanas:
Rátaí ar líon bochtaineachta linbh
Rátaí comhsheasmhacha bochtaineachta linbh
Doimhne bochtaineachta
Rátaí bochtaineachta dhuine fásta i gcoinne rátaí bochtaineachta linbh
349
MEASÚNÚ TIONCHAIR BOCHTAINEACHTA – BILEOG ACHOIMRE
Ba chóir an bhileog achoimre seo a fhorlíonadh agus í a chur ar ais chuig oifigeach teagmhála
chuimsiú sóisialta na roinne, nuair atá measúnú tionchair bochtaineachta iomlán, nó an staid
scagtha, mar is cuí, chríochnaithe. Mura bhfuil aon oifigeach teagmhála ann ba chóir cóip den
bhileog seo a sheoladh díreach chuig Oifig um Chuimsiú Sóisialta.
Ainm na Roinne: Cuimsiú Sóisialta
Teideal Cláir/Polasaí: Athbhreithniú Luach ar Airgead ar pholasaí agus cláir gaolmhara TIL
Dáta ar cuireadh an polasaí i bhfeidhm:
Cur síos gonta ar chlár/polasaí (sonraigh an spriocghrúpa le do thoil):
Bunaíodh an t-athbhreithniú ar pholasaithe Tacaíochta Ioncam Linbh agus cláir gaolmhara i 2009 le cuspóirí pholasaí TIL a scrúdú, a mheas an bhfuil siad fós bailí, an bhfuil caiteachas cláir agus costais riaracháin gaolmhara cumraithe sách maith chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus an mbeadh torthaí agus tionchair níos fearr le fáil óna mhalairt de chur chuige. Is iad na príomhchláir de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí a chlúdaíonn an t-athbhreithniú ná Sochar Linbh, Méadú i leith Linbh Cháilithe, arduithe ar na príomhíocaíochtaí do dhaoine fásta agus Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh, ach bhreathnaigh an t-athbhreithniú freisin ar ghnéithe den Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua agus an Forlíonadh Luathchúraim Leanaí (tá an scéim SCOL atá dá sheachadadh ag an OALGÓ tagtha in ionad seo anois).
An dáta ar rinneadh an measúnú tionchair bochtaineachta: Deireadh Fómhair 2010
An staid ag a ndearnadh an measúnú tionchair bochtaineachta (m.sh dearadh, athbhreithniú):
Athbhreithniú
350
Achoimre gonta ar thorthaí:
Breathnaíonn an t-athbhreithniú ar thionchar dhearadh iomlán íocaíochtaí TIL ar thorthaí níos fearr do pháistí agus do thorthaí níos fearr sa mhargadh oibre dá dtuismitheoirí. Déantar scrúdú agus comparáid ar réimse cur chuige indéanta chun éifeachtacht agus inniúlacht níos fearr a bhaint amach i gcaiteachas thacaíochtaí ioncaim linbh. Go hachomair is iad príomhchinntí an athbhreithnithe ná
Is iad cuspóirí íocaíochtaí thacaíocht ioncaim linbh ná roinnt cúnaimh a thabhairt do líonta tí le páistí, cúnamh fhorlíonta do líonta tí ar ioncam íseal ar bhealach a laghdódh dídhreasachta do thuismitheoirí ar ioncam íseal a bheadh ag glacadh le fostaíocht.
Mar gheall ar an leibhéal suntasach caiteachais agus na cúinsí airgeadais reatha, ní mórán seans go bhféadfaí torthaí níos fearr a bhaint amach le tuilleadh caiteachais, agus cé nach mbeidh torthaí níos fearr ar chaiteachas níos lú, b’fhéidir go bhféadfaí iad sin a bhaint amach dá mbeadh seirbhísí níos fearr ann a bhaineann le páistí nó trí chomhardú arís idir caiteachas uilíoch agus roghnach.
Is dócha go mbainfí amach na cuspóirí chomh maith agus is féidir trí straitéis “mheasctha” ina mbeadh leibhéal tacaíochta do líonta tí ar ioncam íseal déanta suas d’íocaíochtaí uilíoch agus roghnach ar thart ar an luach céanna (seachas cur chuige “roghnach go príomha” nó “uilíoch go príomha” mar a bhí roimhe seo).
Tá gá leis na huirlisí roghnacha reatha a réasúnú chun díriú ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus chun fostaíocht a spreagadh. Breathnaíonn an t-athbhreithniú ar mholtaí a rinneadh cheana chun é seo a dhéanamh ach tá sé i bhfabhar comhtháthú breise ar na príomhíocaíochtaí tacaíochtaí ioncaim linbh go meántéarmach nó fadtéarmach.
Go mbeadh na leibhéil íocaíochta is cuma uilíoch nó roghnach níos comhleanúnaí agus níos comhsheasmhaí sa mhéid is a léiríonn siad cabhair le costas leanaí.
Má foilsíodh na torthaí sin sonraigh le do thoil cá bhfuil siad ar fáil. Murar foilsíodh iad, mínigh le
do thoil cén fáth.
Torthaí PIA a cuireadh ar fáil mar chuid den athbhreithniú foilsithe.
351
Leabharliosta
An Clár Oibre do Sheirbhísí Leanaí: Lámhleabhar an Bheartais, Oifig an Aire Leanaí (Baile Átha Cliath,
2007).
Bargain, Olivier, Olivier Donni agus Monnet Gbakou, ‘The Measurement of Child Costs: Evidence
from Ireland’, The Economic and Social Review, Imleabhar 41, Uimh. 1 (2010), lth. 1 – 20.
Bun-Ioncam: Páipéar Glas, Roinn an Taoisighh (Baile Átha Cliath, 2002).
Benefits and Wages 2007, Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Páras, 2007).
Bradshaw, Jonathan agus Naomi Finch, A Comparison of Child Benefit Packages in 22 countries,
Department for Work and Pensions Tuarascáil Taighde Uimh. 174 (Huddersfield, 2002).
Bradshaw, Jonathan, Naomi Finch agus Tony Eardley, ‘How does the Australian child benefit package
compare internationally?’, Páipéar don seisiún Australian Transfers and Inequality in Comparative
Context, Australian Social Policy Conference, University of New South Wales, Sydney, Iúil 2003.
http://www.sprc.unsw.edu.au/ASPC2003/papers/Paper7.doc
Building a fairer tax system, the working poor and the cost of refundable tax credits, Social Justice
Ireland Policy Research Series (Baile Átha Cliath, 2010).
Callan, Tim, Mary Keeney, Brian Nolan, agus John R. Walsh, Reforming Tax and Welfare, An Institiúid
um Thaighde Eacnamaíochta Sóisialta (Baile Átha Cliath, 2001).
Callan, Tim, Kieran Coleman, Brian Nolan, agus John R. Walsh, ‘Child Poverty and Child Income
Supports: Ireland in Comparative Perspective’ i Tim Callan (ed.) Budget Perspectives 2007, An
Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta Sóisialta (Baile Átha Cliath, 2006).
Callan, Tim, Brian Nolan, agus John R. Walsh, Christopher T. Whelan agus Bertrand Maitre, Tackling
Low Income and Deprivation: Developing Effective Policies, An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta
Sóisialta (Baile Átha Cliath, 2008).
Carney, Claire, Eithne Fitzgerald, Gabriel Kiely, agus Paul Quinn, The Cost of a Child, A Report on the
Financial Cost of Raising a Child in Ireland, An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine
Tuarascálacha Taighde Uimh. 17 (Baile Átha Cliath, 1994).
http://www.cpa.ie/publications/TheCostOfAChild_1994.pdf
Chapple, Simon agus Dominic Richardson, Doing Better for Children, Eagraíocht um Chomhar agus
Fhorbairt Eacnamaíochta (Páras, 2009).
Child Benefit Review Committee, Report to the Minister for Social Welfare (Baile Átha Cliath, 1995).
352
Child Poverty and Child Well-being in the EU, Report of the Indicator’s Sub-Group of the Social
Protection Committee (2008).
Christensen, Karen Sejersdal, Children in new family structures. Adjusting family benefits to the new
family structure: The Scandinavian model, International Social Security Association (An Ghinéiv,
2004).
Combating Poverty and Social Exclusion, a Statistical Portrait of the European Union 2010, Eurostat
(Lucsamburg, 2010).
Commission on Social Welfare, An Roinn Leasa Shóisialaigh (Baile Átha Cliath, 1986).
Commission on Taxation Report 2009 (Baile Átha Cliath, 2009).
Conniffe, Denis agus Gary Keogh, Equivalence Scales and Costs of Children, An Institiúid um Thaighde
Eacnamaíochta Sóisialta (Baile Átha Cliath, 1988).
Corak, Miles, Christine Lietz agus Holly Sutherland, The Impact of Tax and Transfer Systems on
Children in the European Union, Páipéar Oibre Innocenti CLNA Uimh. 2005-04 (Florence, 2005).
Corrigan, Carmel, An Income Adequacy Standard for Children, An Ghníomhaireacht do Chomhrac na
Bochtaine Sraith Páipéir Oibre 04/02 (Baile Átha Cliath, 2004).
Cousins, Mel (ed.), Welfare Policy and Poverty, An Foras Riaracháin agus An Ghníomhaireacht do
Chomhrac na Bochtaine (Baile Átha Cliath, 2007).
Cousins, Mel, Explaining the Irish welfare state : an historical, comparative, and political analysis
(Nua Eabhrach, 2005).
D’Addio, Anna Cristina agus Marco Mira d’Ercole, Trends and Determinants of Fertility Rates in OECD
Countries: The Role of Policies, Páipéir Oibre Sóisialta, Fostaíochta agus Imirce Uimh. 27 ECFE,
Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Páras, 2005).
Daly, Mary, Tackling Child Poverty and Promoting the Social Inclusion of Children: A study of National
policies – Ireland, An Coimisiún Eorpach (2007).
Daly, Mary agus Sara Clavero, Contemporary Family Policy: A comparative review of Ireland, France,
Germany, Sweden & the UK, An Foras Riaracháin (Baile Átha Cliath, 2002).
Daly, Mary, agus Madeline Leonard, Against All Odds: Family Life on a Low Income in Ireland, An
Foras Riaracháin agus An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine (Baile Átha Cliath, 2002).
Delivering Better Government, Second Report to Government of the Co-ordinating Group of
Secretaries - A Programme of Change for the Irish Civil Service (Bealtaine, 1996).
The Developmental Welfare State, An Chomhairle Náisiúnta agus Sóisialta (Baile Átha Cliath, 2005).
353
Dunne, Alison, Tony Fahey, Bertrand Maitre, Brian Nolan, Emer Smyth agus Christopher T. Whelan, A
Social Portrait of Children in Ireland, An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta Sóisialta (Baile Átha
Cliath, 2007).
Duncan, Greg J., Income and Child Well-Being, An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta Sóisialta
(Baile Átha Cliath, 2006).
Economic Policy Reforms: Going for Growth 2009, Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt
Eacnamaíochta (Páras, 2009).
EU Survey on Income and Living Conditions (EU-SILC), Fuascailt Bliantúil Staitisticí, An Phríomh-Oifig
Staidrimh (Corcaigh, 2003 – 2008).
EU Survey on Income and Living Conditions (EU-SILC) Intergenerational Transmission of Poverty 2005,
An Phríomh-Oifig Staidrimh (Corcaigh, 2007).
Final Report of the Social Welfare Benchmarking & Indexation Group (2001).
Fitzgerald, Eithne, Alternative Strategies for Family Income Support, Comhairle Náisiúnta agus
Sóisialta, Tuarascáil Uimh. 47 (Baile Átha Cliath, 1980).
Healy, Jonathan agus Rod Hick, Ending Child Poverty, Combat Poverty Agency Policy Statement, An
Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine (Baile Átha Cliath, 2005).
International Social Security Association, Social Policy Highlight Issue, Uimh. 14 (Meitheamh, 2010).
Ireland’s Child Income Supports: The Case for a New Form of Targeting, An Chomhairle Náisiúnta
agus Sóisialta, Páipéar Sraith Taighde Uimh. 6 (Baile Átha Cliath, 2007).
Lohmann, Henning, Frauke H. Peter, Tine Rostgaard, agus C. Katharina Spiess, Towards a Framework
for assessing Family Policies in the EU, Páipéir Oibre Sóisialta, Fostaíochta agus Imirce Uimh. 27 ECFE,
Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Páras, 2009).
Letablier, Marie-Thérèse, Angela Luci, Antoine Math, agus Olivier Thévenon, The costs of raising
children and the effectiveness of policies to support parenthood in European countries: a Literature
Review, An Coimisiún Eorpach (2009).
McCashin, Anthony, Social Security in Ireland, An Chéad Eagrán (Baile Átha Cliath, 2004).
Selina McCoy, Delma Byrne, Philip J. O’Connell, Elish Kelly & Cliona Doherty, Hidden Disadvantage? A
Study on the Low Participation in Higher Education by the Non-Manual Group, An tÚdarás um Ard-
Oideachas (2010).
Measuring Ireland’s Progress, 2008, An Phríomh-Oifig Staidrimh (Corcaigh, 2009).
Millar, Jane, ‘Making work pay, making tax credits work: An assessment with specific reference to
lone-parent employment’, International Social Security Review, Imleabhar. 61, (2008), lth. 21 – 37.
354
Morgenroth, Edgar L., John Fitzgerald, Ex-ante Evaluation of the Investment Priorities for the
National Development Plan 2007-2013, An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta Sóisialta (Baile
Átha Cliath, 2006).
An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta 2007-2016, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha
agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2007).
National Employment Survey, 2007, An Phríomh-Oifig Staidrimh (Corcaigh, 2009).
National Children’s Strategy Our Children – Their Lives, An Roinn Sláinte agus Leanaí (Baile Átha
Cliath, 2000).
Nolan, Brian, Child Poverty in Ireland, Oak Tree Press i gcomhar leis an Ghníomhaireacht do
Chomhrac na Bochtaine (Baile Átha Cliath, 2000).
Nolan, Brian, Richard Layte, Christopher T. Whelan, agus Bertrand Maître, Day in Day Out:
Understanding the Dynamics of Child Poverty, An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine (Baile
Átha Cliath, 2006).
Oberlin, Ernesto Murro et al., Family allowances: Policy, practice and the fight against poverty in
Europe and Latin America? Technical Report 2, International Social Security Association (An Ghinéiv,
2008).
Partnership 2000, Roinn an Taoisigh (Baile Átha Cliath, 1998).
An Clár don Rialtas 2007-2012 (Baile Átha Cliath, 2007).
Renewed Programme for Government (Baile Átha Cliath, 2009).
Report of the Expert Working Group on the Integration of the Tax and Social Welfare System (Baile
Átha Cliath, 1996).
Report of the Special Group on Public Service Numbers and Expenditure, Imleabhar 2 An Roinn
Airgeadais (Baile Átha Cliath, 2009).
Report of the Working Group on the Review of the Illness and Disability Payment Schemes, An Roinn
Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2003).
Review of the Supplementary Welfare Allowance Scheme, Phase II, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha
agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2006).
Review of the Back to School Clothing and Footwear Allowance, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus
Teaghlaigh (Baile Átha Cliath, 2004).
Russell, Helen, Bertrand Maitre, agus Brian Nolan, Monitoring Poverty Trends in Ireland 2004 -2007:
Key Issues for Children, People of Working Age and Older People, An Institiúid um Thaighde
Eacnamaíochta Sóisialta (Baile Átha Cliath, 2010).
355
Samson, Michael, Ingrid van Niekerk, Kenneth Mac Quene, Designing and Implementing Social
Transfer Programmes, Economic Policy Research Institute (Cape Town, 2006).
Saunders, Peter, ‘Efficiency and Effectiveness in Social Policies: An International Perspective’, i T.P.
Hardiman agus Michael Mulreany, Efficiency and Effectiveness in the Public Domain, An Foras
Riaracháin (Baile Átha Cliath, 1991).
Spending Review 2010, HM Treasury (2010).
State of the Nation’s Children, Ireland 2008, Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige (Baile Átha Cliath,
2008).
Statement of Strategy, 2008 – 2010, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Baile Átha Cliath,
2008).
Staitisticí um Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh, An Roinn Coimirce Sóisialaí (Baile Átha Cliath,
1997 – 2010).
A Strategy for the Nineties: Economic Stability and Structural Change, Chomhairle Náisiúnta agus
Sóisialta (Baile Átha Cliath, 1990).
Ag Coinneáil an Dul chun Cinn An Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta 2003-2005, Roinn an
Taoisigh (Baile Átha Cliath, 2003).
Sweeney, John, Ending Child Poverty in Rich Countries: What Works?, Children’s Right Alliance (Baile
Átha Cliath, 2002).
I dTreo 2016 Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta Deich mBliana 2006-2015, Roinn an Taoisigh
(Baile Átha Cliath, 2006).
UNICEF (CLNA), Child Poverty in Perspective: An overview of child well being in rich countries,
Innocenti Report Card 7, 2007, Ionad Taighde Innocenti CLNA (Florence, 2007).
UNICEF (CLNA), The child care transition, Innocenti Report Card 8, 2008, Ionad Taighde Innocenti
CLNA (Florence, 2008).
Well-being Matters: A Social Report for Ireland, 2 Imleabhar, An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch
agus Shóisialta (Baile Átha Cliath, 2009).
Whiteford, Peter agus Willem Adema, What Works Best in Reducing Child Poverty: A Benefit or Work
Strategy?, Páipéir Oibre Sóisialta, Fostaíochta agus Imirce, ECFE – Uimh. 51, Eagraíocht um Chomhar
agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Páras, 2007).