an plean gnÍomhaÍochta turasÓireachta...

20
AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021

Upload: others

Post on 03-Aug-2020

7 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA2019-2021

Page 2: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

© Tourism Ireland - Photographer: Brian Morrison

Page 3: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

3

Clár na nÁbhar

Ráiteas an Aire ............................................................................................................................ 4

Brollach ........................................................................................................................................ 6

Cúlra ..................................................................................................................................... 6

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2016-2018 ...............................................6

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021 ...............................................7

Gníomhaíochtaí .......................................................................................................................... 9Comhthéacs an Bheartais..............................................................................................10

Margaíocht a dhéanamh ar Éirinn mar Cheann Scríbe do Chuairteoirí ...............10

Eispéireas an Chuairteora a Fheabhsú .......................................................................11

Taighde in Earnáil Turasóireachta na hÉireann ..........................................................12

Tacú le Pobail Áitiúla maidir leis an Turasóireacht ....................................................12

Mórbheartas an Rialtais .................................................................................................13

An Comhthéacs Idirnáisiúnta ........................................................................................14

Struchtúir Chomhordaithe.............................................................................................14

Aguisín ........................................................................................................................................15

Aguisín 1 - Ballraíocht an Ghrúpa Ceannasaíochta Turasóireachta ......................16

Aguisín 2 - Gluais ............................................................................................................17

Page 4: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

4

Tionscal ríthábhachtach is ea an turasóireacht in Éirinn, tionscal uathúil, b’fhéidir, mar go sroicheann sé gach cuid den tír. Ní dabht ar bith ach gur tionscal é a thug cúnamh eacnamaíochta an-mhór le blianta beaga anuas. Bhí 2017 ar an mbliain ab fhearr riamh le haghaidh cuairteanna ón iasacht chun na tíre seo agus ba í an seachtú bliain as a chéile í inar tháinig fás ar líon na gcuairteoirí ón iasacht. Léiríonn an fás leanúnach ar líon na gcuairteoirí na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na gníomhaireachtaí turasóireachta go seasta, i gcomhar leis an tionscal, chun margaíocht a dhéanamh ar Éirinn i réimse margaí ina bhfuil an cumas is fearr maidir le hioncam a fhás. Léiríonn na sonraí tosaigh do 2018 go bhfuilimid ag fás i gcónaí, agus Mórthír na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh ag déanamh go maith arís eile.

In 2017, de réir sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), ghin cuairteoirí ón iasacht a tháinig go hÉirinn timpeall €4.9 billiún don gheilleagar. Ardaíonn an tsuim sin go dtí €6.5 billiún má chuirimid fáltais táillí na n-aerlínte agus na gcuideachtaí farantóireachta Éireannacha san áireamh. B’fhiú €1.9 billiún an turasóireacht intíre in 2017, rud a chiallaíonn gurbh fhiú timpeall €8.4 billiún an earnáil don gheilleagar in 2017, i gcaiteachas reatha amháin.

Ainneoin chomh maith agus atá ag éirí le tionscal na turasóireachta agus an rath atá air, ní féidir linn bheith réchúiseach maidir le rath na turasóireachta sa todhchaí. In 2015, d’fhoilsigh an Rialtas a Ráiteas Beartais don Turasóireacht: Daoine, Áit agus Beartas ina raibh cuspóirí fadtéarmacha chun an turasóireacht a fhás go dtí 2025. Rinneadh gníomhaíochtaí sonracha de na cuspóirí fadtéarmacha sin, ar gníomhaíochtaí iad a bheadh le baint amach tríd an bPlean Gníomhaíochta Turasóireachta 2016-2018.

Baineadh nithe suntasacha amach ag eascairt as an bPlean Gníomhaíochta Turasóireachta 2016-2018, agus léiríonn an rath thar na bearta a bhí ar earnáil na turasóireachta le dhá bhliain anuas gur tráth oiriúnach é seo chun iniúchadh a dhéanamh ar na spriocanna a leagadh amach sa ráiteas beartais d’fhonn athchalabrú a dhéanamh orthu. I ndiaidh na nithe atá tarlaithe le tamall anuas, go náisiúnta agus ar fud an domhain, tá athbhreithniú ar ár gcuid tosaíochtaí tráthúil freisin.

Measann Fáilte Éireann (FI) go dtacaíonn an turasóireacht anois le 260,000 post ar fud an gheilleagair.

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021 gníomhaíochtaí a shainaithin an Grúpa Ceannasaíochta Turasóireachta (TLG) mar thosaíochtaí atá le cur chun cinn idir seo agus 2021 chun fás inbhuanaithe a choinneáil san ioncam agus san fhostaíocht ó thurasóireacht ón iasacht. Tá páirtithe leasmhara faoi leith bainteach le gach gníomhaíocht, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, agus táimid ag súil go n-oibreoidh siad sin ar fad go réamhghníomhach chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích laistigh den achar ama atá sonraithe.

Margadh idirnáisiúnta atá thar a bheith iomaíoch is ea an turasóireacht agus déanann Turasóireacht Éireann (TI) sárjab agus margaíocht á déanamh acu ar oileán na hÉireann thar lear. Tá sé mar fhís sa phlean seo Turasóireacht Éireann a chumasú chun Branda Turasóireachta Éireann a athnuachan, a gcuid straitéisí i gcomhair fáis a fheidhmiú sna margaí seanbhunaithe agus i margaí nua agus i margaí atá ag teacht chun cinn agus na buntáistí réigiúnacha agus séasúracha a bhaineann le turasóireacht ón iasacht a leathnú.

Tá an-rath ar na brandaí a bhaineann le heispéireas réigiúnach, ar brandaí iad a d’fhorbair Fáilte Éireann (FI), agus tá Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Sean-Oirthear na hÉireann ag baint leas as an eolas atá orthu go hidirnáisiúnta bheith ag fás. Ceapadh an branda turasóireachta is déanaí, Croíthailte Ceilte na hÉireann, a seoladh in 2018, chun an turasóireacht a fhás ar fud réigiún Lár na Tíre. Tá an Rialtas, trí Fháilte Éireann, ag leanúint de bheith ag tacú le heispéireas na turasóireachta ar

© Tourism Ireland – Grianghrafadóir: Chris Hill

RÁITEAS AN AIRE

Page 5: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

5

an talamh agus tacaíocht á tabhairt acu d’fhorbairt táirge chomh maith le féilte. I roinnt príomhghníomhaíochtaí de chuid an Phlean, díreofar ar na príomhshócmhainní turasóireachta atá ann faoi láthair a bharrfheabhsú agus ar eispéiris turasóireachta bhreisithe a fhorbairt, ar thurasóireacht a bhaineann le bia a fhorbairt tuilleadh, agus ar leanúint leis an nGrúpa Maoirseachta do Ghairmeacha san Fháilteachas agus sa Turasóireacht.

Tá taighde éifeachtach ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht agus ar thionchar na turasóireachta ar ár ngeilleagar. Tá an Plean tiomanta d’fhorbairt cuntais satailíte don turasóireacht a chur chun cinn, d’fhaireachán a dhéanamh ar iomaíochas in aghaidh ár dtacair iomaíochta, agus tuiscint níos fearr a fháil ar na tosca a bhaineann le feidhmíocht na turasóireachta agus an méid a chuireann an turasóireacht leis an ngeilleagar.

Tá an tábhacht a bhaineann leis an turasóireacht mar gheall ar an méid a chuireann sí leis an ngeilleagar áitiúil aitheanta ag na hÚdaráis Áitiúla (LA) le fada an lá agus tá siad tar éis bheith rannpháirteach go gníomhach le pobail áitiúla, gnólachtaí turasóireachta agus fáilteachais agus le gníomhaireachtaí Stáit chun a n-eispéiris turasóireachta áitiúla a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an bPlean seo tuilleadh a chur leis an méid atá bainte amach agus a áirithiú go mbeidh ról lárnach ag na hÚdaráis Áitiúla sa turasóireacht.

Tá réimse leathan beartas ann a bhfuil tionchar acu ar an turasóireacht, ar an leibhéal intíre agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus tá mórán sócmhainní turasóireachta faoi chúram comhlachtaí stáit. Leanfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta, agus Spóirt (DTTAS) agus na gníomhaireachtaí turasóireachta de bheith ag obair chun deiseanna teacht le chéile idir an turasóireacht agus gnéithe eile de bheartas an Rialtais a shainaithint agus a leas a bhaint astu.

Tá Brexit tar éis dul i bhfeidhm ar an turasóireacht cheana féin agus tá maoiniú curtha ar fáil do na gníomhaireachtaí turasóireachta lena chinntiú go mbeidh earnáil na turasóireachta réidh do Brexit. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh Fáilte Éireann clár i bhfeidhm ina ndíreofar ar ghnó ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain a choinneáil agus ag an am céanna tacaíocht a thabhairt d’fhiontair chun iad a ullmhú don mhargadh iar-Brexit. Cuirfidh Turasóireacht Éireann na moltaí a d’eascair as athbhreithniú ar a chuid oibríochtaí i margadh na Breataine a rinneadh le déanaí a chur i bhfeidhm agus déanfaidh sí An Scéim Rochtana ar an Margadh Comhoibritheach Réigiúnach a leathnú.

Is mian linn buíochas a ghlacadh leis an nGrúpa Ceannasaíochta Turasóireachta agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir a bhí páirteach i bhforbairt an Phlean Gníomhaíochta Turasóireachta seo. Bhí an léargas a chuir ionadaithe earnáil na turasóireachta, na gníomhaireachtaí turasóireachta, ionadaithe ó Ranna Rialtais éagsúla agus an Grúpa Ceannasaíochta Turasóireachta thar a bheith luachmhar agus an plean seo á fhorbairt. Creidimid go gcinnteoidh críochnú na ngníomhaíochtaí seo go dtiocfaidh fás inbhuanaithe ar earnáil turasóireachta na hÉireann agus go gcuirfear leis an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir leis na spriocanna a leagtar síos sa Ráiteas Beartais don Turasóireacht a bhaint amach.

Shane Ross T.D.Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Brendan Griffin T.D.Aire Stáit don Turasóireacht agus don Spórt

Page 6: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

6

Cúlra

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta

2016-2018

I mí an Mhárta 2015, d’fhoilsigh an Rialtas a Ráiteas Beartais don Turasóireacht: Daoine, Áit agus Beartas – Ag Forbairt na Turasóireachta go dtí 2025. Tá sé mar chuspóir ag an ráiteas beartais seo go mbeadh earnáil turasóireachta ann atá beoga agus tarraingteach agus a chuireann go suntasach leis an bhfostaíocht ar fud na tíre; atá inbhuanaithe go heacnamaíoch, go sóisialta agus i dtaca leis an gcomhshaol; a chuidíonn le híomhá dhearfach d’Éirinn a chur chun cinn thar lear agus ar earnáil í a bhfuil daoine ag iarraidh oibriú inti.

Leagtar síos sa Ráiteas Beartais don Turasóireacht trí cinn de spriocanna príomha atá le baint amach faoin mbliain 2025:

• €5 billiún d’ioncam in aghaidh na bliana ó thurasóireacht ón iasacht glan ó bhoilsciú agus gan fáltais iompróirí san áireamh;

• 250,000 duine fostaithe sa turasóireacht;• 10 milliún cuairteoir ón iasacht ag teacht go hÉirinn

gach bliain.

Bhí rath i bhfad níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis ar an turasóireacht ón iasacht in Éirinn le linn thréimhse an Phlean Gníomhaíochta. In 2015, thug cuairteoirí ón iasacht 8.6 milliún cuairt ar Éirinn i gcomparáid le 9.9 milliún cuairt in 2017, arb ionann é agus méadú 14.9% sa tréimhse dhá bhliain sin. Blianta a bhí thar a bheith rathúil maidir le cuairteanna ón iasacht ar Éirinn a bhí sna blianta 2016 agus 2017. Léiríodh an rath sin san ioncam a gineadh ó chuairteoirí ón iasacht a tháinig go hÉirinn. In 2015 b’ionann agus €4.2 billiún an caiteachas gaolmhar ó chuairteoirí ón iasacht i gcomparáid le €4.8 billiún in 2017, sin méadú 15.8% sa tréimhse dhá bhliain sin.

Leagadh amach sa Phlean Gníomhaíochta Turasóireachta 2016-2018 23 gníomhaíocht a shainaithin an Grúpa Ceannasaíochta Turasóireachta mar cheisteanna tábhachtacha, a raibh aghaidh le tabhairt orthu le linn shaolré an phlean sin, d’fhonn fás leanúnach a bhaint amach san ioncam agus san fhostaíocht ó thurasóireacht ón iasacht.

I measc na bpríomhnithe a baineadh amach le linn na tréimhse sin bhí:

• printíseachtaí cócaireachta a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh in oideachas turasóireachta agus fáilteachais;

• infheistíocht Rialtais sa Chiste Margaíochta Turasóireachta a spreagadh; • an straitéis don fhás ó mhargaí Nua agus ó mhargaí atá ag Forbairt curtha i gcrích ag

Turasóireacht Éireann; • dul chun cinn déanta maidir le hÉirinn a fhorbairt mar cheann scríbe don turasóireacht bhia; • comhar níos mó leis na hÚdaráis Áitiúla, lena n-áirítear comhdháil rathúil turasóireachta

leis na hÚdaráis Áitiúla agus Ráitis Straitéise agus Pleananna Gníomhaíochta don turasóireacht ó na hÚdaráis Áitiúla;

• Fáilte Éireann i gcomhar le OFAanna agus le BOOanna chun clár faisnéise comhroinnte agus tacaíochtaí gnó a sholáthar;

• Infheistíocht Rialtais i Margaíocht Chomhoibritheach Réigiúnach le haerlínte agus aerfoirt.

© Tourism Ireland – Grianghrafadóir: Chris Hill

BROLLACH

I mí Iúil 2015 bunaíodh Grúpa Ceannasaíochta Turasóireachta chun maoirseacht a dhéanamh ar cheapadh Plean Gníomhaíochta trí bliana chun na spriocanna beartais a leagadh amach i Ráiteas Beartais an Rialtais don Turasóireacht a chur i bhfeidhm.

Page 7: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

7

Chun an rath atá ar an turasóireacht le déanaí a choinneáil, tá Plean Gníomhaíochta Turasóireachta forbartha don tréimhse trí bliana 2019-2021. Le linn an tsamhraidh agus i dtús an fhómhair in 2018, tionóladh trí cinn de cheardlanna chun dul i mbun comhairliúcháin le baill an Ghrúpa Ceannasaíochta Turasóireachta, leis na gníomhaireachtaí turasóireachta agus le príomhpháirtithe leasmhara eile in earnáil na turasóireachta.

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta

2019-2021

Pictiúr ón dara ceardlann de chuid an Phlean Gníomhaíochta

Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de cheardlanna agus thug siad cúnamh chun na 27 gníomhaíocht atá san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta Turasóireachta a sholáthar.

Tá 27 gníomhaíocht ina ndírítear ar na réimsí seo a leanas sa Phlean a d’eascair astu sin:

• Comhthéacs an Bheartais• Margaíocht a dhéanamh ar Éirinn mar Cheann Scríbe do Chuairteoirí• Eispéireas an Chuairteora a Fheabhsú• Taighde in Earnáil Turasóireachta na hÉireann• Tacú le Pobail Áitiúla maidir leis an Turasóireacht• Mórbheartas an Rialtais• An Comhthéacs Idirnáisiúnta• Struchtúir Chomhordaithe

Beidh gá le hionchur ó pháirtithe leasmhara in earnáil na turasóireachta ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach má táthar chun an Plean Gníomhaíochta Turasóireachta a fheidhmiú go rathúil. Beidh próiseas tuairiscithe tráthrialta i bhfeidhm chun an dul chun cinn i dtreo na ngníomhaíochtaí sainaitheanta a thaifeadadh, chomh maith le próiseas ceartaitheach nuair nach sásaíonn an dul chun cinn na hionchais.

Page 8: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

8

© clearskiesahead

Page 9: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

© Tourism Ireland - Grianghrafadóir: Brian Morrison

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Page 10: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

10

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Comhthéacs an Bheartais

Margaíocht a dhéanamh ar Éirinn mar Cheann Scríbe do Chuairteoirí

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

1. Tá grúpa oibre bunaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht reatha na turasóireachta agus an fhéidearthacht a bhaineann le spriocanna fáis athchalabraithe agus díriú fós féin ar ioncam ó chuairteoirí ón iasacht. Cuirfidh an Grúpa a gcuid moltaí faoi bhráid an TLG.

DTTAS, FI, TI, ITIC

Ráithe1 2019

2. Bunaíodh grúpa oibre chun athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas idirnáisiúnta agus ar an dea-chleachtas sa turasóireacht inbhuanaithe agus chun treoirphrionsabail a mholadh don turasóireachta inbhuanaithe in Éirinn. Cuirfidh an Grúpa a gcuid moltaí faoi bhráid an TLG.

DTTAS, FI, TI, ITIC

2019

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

3. Soláthróidh Turasóireacht Éireann feachtas do bhranda nua turasóireachta d’Oileán na hÉireann chun tuilleadh feabhais a chur ar íomhá turasóireachta na hÉireann thar lear. Cuirfear béim níos mó san fheachtas seo ar fhás réigiúnach agus ar shíneadh a chur leis an séasúr trí ghníomhaíochtaí taobh amuigh a chur chun cinn chomh maith heispéiris bhia na hÉireann agus iad sin ag forbairt, agus cuideoidh sé leis an tarraingteacht a bhaineann le cuid de na nithe suimiúla agus le cuid de na réigiúin nach bhfuil mórán aithne idirnáisiúnta orthu a mhéadú.

TI

2019-2021

4. I gcomhthéacs an tionscnaimh de chuid an Rialtais ar a dtugtar Éire Dhomhanda 2025, cuirfidh Turasóireacht Éireann, le tacaíocht ó Fháilte Éireann, na straitéisí i gcomhair fáis atá foilsithe i bhfeidhm, ar straitéisí iad atá bunaithe ar mheasúnuithe fadréimseacha ar mhargaí a cuireadh i gcrích leis an tionscal sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus i Margaí Nua agus i Margaí atá ag teacht Chun Cinn.

TI, FI

2019-2021

5. Mar chuid chreat foriomlán atá acu chun athbhreithniú a dhéanamh ar mhargaí cuirfidh Turasóireacht Éireann, le tacaíocht ó Fháilte Éireann, an straitéis i gcomhair fáis don Bhreatain Mhór i bhfeidhm, ar straitéis í atá bunaithe ar an athbhreithniú ar mhargadh na Breataine Móire atá curtha i gcrích, agus aird á tabhairt ar thionchar Brexit.

TI, FI

2019-2021

6. Cuireann an Scéim Rochtana ar an Margadh Comhoibritheach Réigiúnach rochtain dhíreach aeir agus farraige ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus ar Shean-Oirthear na hÉireann chun cinn agus tá sí á riar ag Turasóireacht Éireann agus cuireann aerlínte, iompróirí farraige, aerfoirt, calafoirt agus páirtithe leasmhara sa turasóireacht réigiúnach, lena n-áirítear na hÚdaráis Áitiúla, maoiniú meaitseála ar fáil. I bhfianaise an tionchair is dócha a bheidh ag Brexit ar na réigiúin, cuirfear síneadh leis an Scéim Rochtana ar an Margadh Comhoibritheach Réigiúnach do 2019 agus déanfar athbhreithniú uirthi ina dhiaidh sin.

TI, DTTAS, aerfoirt agus cuideachtaí calafoirt las-

muigh de Bhaile Átha Cliath, Údaráis Áitiúla, páirtithe

leasmhara a bhaineann leis an turasóireacht áitiúil

2019

Page 11: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

11

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

7. Agus é ag tógáil ar na comhpháirtíochtaí atá ann cheana féin, agus ag feidhmiú laistigh de chreat Thionscadal Éireann 2040, leanfaidh Fáilte Éireann de bheith ag forbairt eispéiris turasóireachta feabhsaithe. Déanfaidh sé é sin chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na príomhshócmhainní ar mhaithe le forbairt na turasóireachta agus an gheilleagair tríd an scaipeadh réigiúnach a mhéadú, trí fhad a chur leis an séasúr agus trí bhainistíocht ar fhás inbhuanaithe a chur chun cinn. I dtús báire, beidh iniúchadh ar eispéiris nua turasóireachta i gceist leis sin agus/nó uasmhéadú ar eispéiris nó ar bhraislí turasóireachta atá ann cheana féin.

FI

2019-2021

8. Leanfaidh Fáilte Éireann agus Bord Bia (BB) de bheith ag obair i gcomhar maidir le heispéiris a bhaineann le bia a fhorbairt do thurasóirí agus maidir le hÉirinn a fhorbairt mar cheann scríbe don turasóireacht bhia. Déanfar forbairt ar an gclár bliantúil ‘Séasúr Bia’, ach go háirithe, a iniúchadh chun feasacht agus tuiscint níos fearr ar thairiscint bhia na hÉireann a chur chun cinn.

FI, TI, BB, EI, BIM

2019-2021

9. Tá sé luaite ag an nGrúpa Ceannasaíochta Turasóireachta go dtiocfaidh an Grúpa Maoirseachta don Fháilteachas agus do Scileanna (HSOG) le chéile arís mar an Grúpa Maoirseachta do Ghairmeacha san Fháilteachas agus sa Turasóireacht (HTCOG), faoi chathaoirleacht Fháilte Éireann i dtús báire, chun leanúint ag tacú le fostaíocht inbhuanaithe in Earnáil an Fháilteachais agus na Turasóireachta. Tuairisceoidh Fáilte Éireann ar an dul chun cinn atá á dhéanamh, lena n-áirítear an obair leanúnach atá ar siúl acu leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta maidir le fáil a bheith ar cheadúnais fostaíochta do Thionscal na Turasóireachta.

FI, DTTAS, HTCOG, DBEI

2019

10. Leanfar den athbhreithniú agus den uasdátú ar chóiríocht do thurasóirí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar ionchais turasóirí agus iad sin ag athrú, agus forbairtí amhail an fás ar an tomhaltas comhoibríoch. Tabharfar tosaíocht, ach go háirithe, do rialacháin nua agus leasaithe do chóiríocht ghearrthréimhseach turasóireachta ar cíos agus do champaí saoire.

FI, DTTAS

2019

11. Déanfaidh na gníomhaireachtaí turasóireachta athbhreithniú ar bheartas idirnáisiúnta agus ar an de-chleachtas maidir le turasóireacht inrochtana d’fhonn sainaithint a dhéanamh ar an mbealach a dtéann Éire in iomaíocht go hidirnáisiúnta do mhargadh na turasóireachta inrochtana. Chun níos mó cuairteoirí ón iasacht a mhealladh, cuirfidh Fáilte Éireann clár píolótach ar bun i dtús báire leis na hÚdaráis Áitiúla agus le tionscail áitiúla maidir le hÉirinn a fhorbairt mar cheann scríbe ardchaighdeáin i gcomhair turasóireacht inrochtana.

FI, TI, Tionscail Áitiúla, LA

2019 - 2021

12. Déanfaidh Fáilte Éireann iniúchadh ar scéimeanna dearbhaithe cáilíochta atá cheana féin in earnáil na cóiríochta nó a d’fhéadfadh bheith inti agus spreagfaidh sí rannpháirtíocht ó ghnólachtaí nuabhunaithe agus seanbhunaithe i réimse na cóiríochta do thurasóirí.

FI

2019 - 2021

Eispéireas an Chuairteora a Fheabhsú

Page 12: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

12

Taighde in Earnáil Turasóireachta na hÉireann

Tacú le Pobail Áitiúla maidir leis an Turasóireacht

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

13. Tá an phríomhpháirt ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) i dtaca le staitisticí a bhaineann le gníomhaíocht turasóireachta ón iasacht agus intíre a bhailiú agus a fhoilsiú. Cuirfidh an CSO forbairt Cuntais Satailíte don Turasóireacht chun cinn, chun an tuiscint atá ar fheidhmíocht na turasóireachta agus an méid a chuireann sí le geilleagar na hÉireann a fheabhsú.

CSO, DTTAS, FI, TI

2019

14. Tuairiscíonn an Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais don Rialtas ar na príomhcheisteanna iomaíochais atá roimh Gheilleagar na hÉireann. Chun cur leis an eolas tábhachtach sin, tuairisceoidh na gníomhaireachtaí turasóireachta don TLG ar bhonn bliantúil maidir le hiomaíochas earnáil turasóireachta na hÉireann i leith a tacair iomaitheoirí.

DTTAS, NCC, TI, FI

2019-2021

15. Leanfaidh Fáilte Éireann, Turasóireacht Éireann agus an Phríomh-Oifig Staidrimh de bheith ag obair le chéile chun foinsí breise sonraí agus uirlisí nua a shainaithint ar féidir iad a úsáid chun tuiscint níos fearr a sholáthar ar threochtaí sa turasóireacht agus an tionchar atá acu ar fheidhmíocht na turasóireachta.

FI, TI, CSO, DTTAS

2019-2021

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

16. Déanfaidh an Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA) Clár Cumais na nÚdarás Áitiúla i dtaca le hOifigigh Thurasóireachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun eolas agus príomh-chroíchumais/inniúlachtaí maidir leis an turasóireacht a chur chun cinn. Bainfidh an Clár feidhm as Comhdháil Turasóireachta débhliantúil na nÚdarás Áitiúil mar ardán chun an dea-chleachtas a roinnt agus grúpaí pobail eile a spreagadh.

CCMA, FI, TI

2019-2021

17. Agus aitheantas á thabhairt don ról lárnach atá ag an bpobal áitiúil maidir leis an turasóireacht, déanfaidh na hÚdaráis Áitiúla gníomhaíocht phobail agus rannpháirtíocht i scéimeanna gradaim amhail an clár pobail ‘Mórtas Áite’ a spreagadh agus tabharfaidh siad tacaíocht dóibh.

CCMA, FI

2019-2021

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Page 13: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

13

Mórbheartas an Rialtais

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

18. Trína cuid rannpháirtíochta i bhfóraim idir-rannacha, leanfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt de bheith ag iniúchadh deiseanna laistigh de mhórthimpeallacht bheartas an rialtais chun tacú le forbairt na turasóireachta inbhuanaithe. Mar shampla, de bhrí go ndírítear ar cháilíocht agus ar iomaíochas i dtaca le poist in earnáil na turasóireachta, leanfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt de bheith ag moladh go gcuirfí é sin san áireamh i dTionscnamh an Rialtais um Poist sa Todhchaí.

DTTAS

2019-2021

19. Leanfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, oibreoirí na n-aerfort Stáit agus na n-aerfort réigiúnach, agus na gníomhaireachtaí turasóireachta de bheith ag obair le chéile chun nascacht dhíreach le hÉirinn a mhéadú laistigh de chreat Bheartas Eitlíochta an Rialtais. Díreofar go háirithe ar cháilíocht eispéireas na gcuairteoirí ag ár n-aerfoirt.

DTTAS, TI, FI, Aerfoirt Stáit agus Aerfoirt Réigiúnacha

Leanúnach

20. Chuir imeachtaí spóirt agus imeachtaí cultúrtha go suntasach leis an rath atá ar thurasóireacht na hÉireann. Beidh mórimeachtaí mar chuid thábhachtach den méid atá le tairiscint ag Turasóireacht na hÉireann agus áiritheoidh an Rialtas go mbeidh na struchtúir agus na tacaíochtaí cuí i bhfeidhm chun imeachtaí mór le rá a mhealladh, ar imeachtaí iad a ghineann ioncam breise ó thurasóirí ón iasacht agus a chuidíonn le cur chun cinn na hÉireann.

DTTAS, FI, TI

Ongoing

21. Leanfaidh Fáilte Éireann ar aghaidh ag obair le gníomhaireachtaí stáit eile amhail Oifig na nOibreacha Poiblí agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na sócmhainní atá acu féin ar mhaithe le turasóirí agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar an méid a d’fhéadfadh na cláir oibre atá acu faoi seach a chur le forbairt earnáil na turasóireachta.

FI, OPW, NPWS

2019-2021

22. Cuireann córas víosaí atá inrochtana agus éifeachtach ar chumas na hÉireann turasóirí a mhealladh ó mhargaí atá ag teacht chun cinn. Leanfaidh Turasóireacht Éireann agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ag obair i gcomhar le Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) agus leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (DJE) chun aon cheisteanna maidir le víosaí, ar ceisteanna iad a bhfuil tionchar acu ar an turasóireacht, a chur chun cinn agus spreagfaidh siad daoine chun feidhm a bhaint as scéimeanna atá ann cheana féin amhail Scéim Víosaí na Breataine-na hÉireann.

TI, DTTAS, INIS, DJE

2019

Page 14: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

14

An Comhthéacs Idirnáisiúnta

Struchtúir Chomhordaithe

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

23. Tá cur chuige uile-Rialtais á ghlacadh chun ullmhú do Brexit agus chun freagairt dó. Glacfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus na gníomhaireachtaí turasóireachta páirt ghníomhach sna pleananna chun freagairt do Brexit agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad agus chomh maith leis sin déanfaidh siad faireachán ar an tionchar a bheidh ag Brexit ar an earnáil.

DTTAS, FI, TI

2019

24. Tá an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus a cuid gníomhaireachtaí turasóireachta ina mbaill d’Fhóraim Turasóireachta Idirnáisiúnta éagsúla. Déanfar athbhreithniú ar na ballraíochtaí sin d’fhonn buntáistí na ballraíochta a uasmhéadú ar mhaithe le fás inbhuanaithe na turasóireachta in Éirinn.

DTTAS, FI, TI

2019

Uimhir Gníomhaíocht Páirtithe Leasmhara Freagracha

25. Agus é ag cur le héifeachtacht na gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus leis an gcaidreamh láidir oibre atá bunaithe idir na gníomhaireachtaí turasóireachta agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Stáit, bunóidh Fáilte Éireann grúpaí comhordaithe réigiúnacha a mbeidh sé mar chuspóir acu cur chuige atá seasmhach agus struchtúrtha a fhorbairt chun gníomhaíochtaí forbartha turasóireachta a chomhordú, lena n-áirítear na príomhpháirtithe leasmhara, ar bhealach atá oiriúnach agus éifeachtach.

FI, TI

2019-2021

26. Cé go dtugtar aitheantas don neamhspleáchas dlínsiúil atá ag na trí chomhlacht turasóireachta ar oileán na hÉireann, ag an am céanna chuir an fhorbairt a rinneadh ar chóras nua don chomhar idir na gníomhaireachtaí creat straitéiseach ar fáil chun tuiscintí agus anailís a roinnt agus chun straitéisí a chur chun cinn ar féidir leo buntáistí a sholáthar d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann araon. Tuairisceoidh Turasóireacht Éireann agus Fáilte Éireann don TLG ar bhonn bliantúil maidir leis na buntáistí a fabhraíodh don Turasóireacht in Éirinn mar thoradh ar an struchtúr comhoibríoch atá ar na trí ghníomhaireacht.

TI, FI

2019-2021

27. Tacaíonn Rialtas na hÉireann leis an obair leanúnach atá ar siúl ag Turasóireacht Éireann mar eagraíocht a bunaíodh faoi Shraith a Dó de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh, i gcomhairle agus i gcomhpháirt le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann, ag iniúchadh agus ag spreagadh tionscadal agus bearta i gcomhar ar féidir leo cur le fás inbhuanaithe agus a mbainfidh an dá dhlínse leas astu. Tuairisceoidh Fáilte Éireann agus Turasóireacht Éireann, i gcomhar le DTTAS, don TLG maidir le deiseanna don chomhar amach anseo nó maidir le tionscadail chomhpháirteacha agus cuirfidh siad liosta le chéile de na ceisteanna oibríochta trasteorann chun tuilleadh iniúchta a dhéanamh orthu.

TI, FI, DTTAS

Leanúnach

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Page 15: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

AGUISÍN

© Tourism Ireland / Failte Ireland - Grianghrafadóir: Martin Fleming

Page 16: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

16

Ballraíocht an Ghrúpa Ceannasaíochta Turasóireachta

AGUISÍN 1

Paul KellyPOF Fáilte Éireann

Niall GibbonsPOF Turasóireacht Éireann

Anna-Marie DelaneyPríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí

Ruth AndrewsPríomhfheidhmeannach Chumann Nua na dTionscnóirí Turais

James McGinleyStiúrthóir McGinley Coaches

Stephen McNallyLeas POF ar Dalata Hotel Group

John McQuillanFiontraí Teicneolaíochta

Cormac Ó DonnchúBunaitheoir Experience Gaelic Games

Emma O’BrienAturnae, Collins Brooks & Associates, Stiúrthóir Chomhlachas Tráchtála Chloich na Coillte, Comhalta de Chomhairle Forbartha Aerfort Chorcaí

Deidre McGloneDílseánach Harvey’s Point Hotel

Ken SprattArd-Rúnaí Cúnta, Ceannasaí Turasóireachta agus Spóirt, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

© Tourism Ireland / Failte Ireland - Grianghrafadóir: Chris Hill

Page 17: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

17

AGUISÍN 2

BB Bord Bía

BIM Bord Iascaigh Mhara

CCMA An Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach

CSO An Phríomh-Oifig Staidrimh

DBEI An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta

DJE An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

DTTAS An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

EI Fiontraíocht Éireann

FI Fáilte Éireann

HSOG An Grúpa Maoirseachta don Fháilteachas agus do Scileanna

INIS Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

ITIC Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann

LA Údarás Áitiúil

NPWS An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

NCC An Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais

OPW Oifig na nOibreacha Poiblí

TI Turasóireacht Éireann

Gluais

© Fáilte Ireland

Page 18: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

© Chris Hill

Page 19: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

19

© Tourism Ireland – Grianghrafadóir: Brian Morrison

Tá sé mar aidhm againn earnáil turasóireachta atá beoga agus tarraingteach bheith againn, ar earnáil í a chuireann go suntasach leis an bhfostaíocht ar

fud na tíre, atá inbhuanaithe go heacnamaíoch, go sóisialta agus i dtaca leis an gcomhshaol, a chuidíonn le híomhá dhearfach d’Éirinn a chur chun cinn

thar lear, agus ar earnáil í a bhfuil daoine ag iarraidh oibriú inti.

Page 20: AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA TURASÓIREACHTA 2019-2021dttas.old.gov.ie/sites/default/files/publications/...Ghlac 25 eagraíocht a bhaineann leis an turasóireacht páirt i dtrí cinn de

An Plean Gníomhaíochta Turasóireachta 2019-2021

20

Department of Transport, Tourism and SportLeeson Lane, Dublin, D02 TR60Phone: + 353 1 670 7444

www.dttas.gov.ie