an chairt e · web viewba chóir go mbeadh foireann na comhairle níos eolaí faoin tseirbhís...

68
Polasaí faoi Eagsúlacht Teanga Dréacht le haghaidh comhairliúcháin: 21 Aibreán 2017 Rochtain ar fhaisnéis Mar chuid den tiomantas againn an dea-chaidreamh agus an comhionannas deiseanna a chur chun cinn, is mian linn a chinntiú go mbeidh gach duine ábalta teacht ar na doiciméid againn. Bheimis sásta mar sin aon fhaisnéis sa doiciméad seo a chur ar fáil i bhformáidí eile ach sin a iarraidh. Má tá aon cheist agat faoin doiciméad seo agus é bheith ar fáil i bhformáidí eile (Braille, diosca agus caiséad fuaime, agus i dteangacha mionlaigh le riar orthu sin nach bhfuil líofacht sa Bhéarla acu) déan teagmháil le: Oifigeach Éagsúlachta agus Comhionannais, Seirbhísí Dlí agus Daonlathais, Comhairle Chathair Bhéal Feirste, Béal Feirste, Halla na Cathrach, BT1 5GS Líne dhíreach: 028 9027 0511 Saorfón: 080 0085 5412 Téacsfón: 028 9027 0405 1

Upload: hoangdien

Post on 21-Jul-2019

226 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Polasaí faoi Eagsúlacht Teanga

Dréacht le haghaidh comhairliúcháin: 21 Aibreán 2017

Rochtain ar fhaisnéis

Mar chuid den tiomantas againn an dea-chaidreamh agus an comhionannas deiseanna a chur chun cinn, is mian linn a chinntiú go mbeidh gach duine ábalta teacht ar na doiciméid againn. Bheimis sásta mar sin aon fhaisnéis sa doiciméad seo a chur ar fáil i bhformáidí eile ach sin a iarraidh. Má tá aon cheist agat faoin doiciméad seo agus é bheith ar fáil i bhformáidí eile (Braille, diosca agus caiséad fuaime, agus i dteangacha mionlaigh le riar orthu sin nach bhfuil líofacht sa Bhéarla acu) déan teagmháil le:

Oifigeach Éagsúlachta agus Comhionannais, Seirbhísí Dlí agus Daonlathais,

Comhairle Chathair Bhéal Feirste, Béal Feirste, Halla na Cathrach, BT1 5GS

Líne dhíreach: 028 9027 0511 Saorfón: 080 0085 5412 Téacsfón: 028 9027 0405

R-phost: [email protected]

1

Page 2: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

1. Feidhm na tuarascálaThóg an Chomhairle an Polasaí Teanga reatha i 2006. I 2013 d’aontaigh an Chomhairle gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an pholasaí agus tugadh faoi chomhairliúchán le hionadaithe ó earnálacha na Gaeilge, na hUltaise agus Grúpaí na nGorm agus na Mionlach Eitneach (BME) le tosaíochtaí a phlé i dtaca le teangacha mionlaigh a chur chun cinn. Rinneadh dréachtpholasaí a fhorbairt ansin agus cuireadh sin faoi bhráid na bpáirtithe polaitiúla ach níor tógadh aon chinneadh an t-am sin.

Leagann an páipéar seo amach an t-eolas cúlra agus mionsonraí faoi fhorbairtí a tharla le déanaí agus molann cur chuige i dtaca leis an athbhreithniú ar an Pholasaí Teanga ina bhfuil Creat uileghabhálacha Teanga faoina bhforbrófar trí pholasaí éagsúla ar an Ghaeilge, an Ultais agus ar Theangacha Eile (ar a n-áirítear teangacha comharthaíochta). Tá an chéad dréacht den Chreat uileghabhálach Teangacha faoi iamh in Aguisín 1.

2. An polasaí reathaMar thoradh ar threoir ó Roinn an Chomhshaoil, Rannóg an Rialtais Áitiúil, d’aontaigh an Chomhairle i Nollaig 2002 bearta faoi leith a dhéanamh a chinnteodh go rabhthas ag teacht le Cuid III (Airteagal 10) den Chairt um Theangacha Réigiúnacha no Mionlaigh (‘an Chairt Eorpach’), i dtaca le húsáid na Gaeilge. Orthu seo bhí seirbhísí aistriúcháin agus treoir don fhoireann. (Tá Airteagal 10 atáirgthe in Aguisín 2 mar thagairt).

Ina dhiaidh sin, i Meán Fómhair 2006, thóg an Chomhairle Polasaí leathan Teanga (féach Aguisín 3) a phléann le húsáid teangacha seachas an Béarla i ngnó na Comhairle, agus saintagairtí don Ghaeilge, don Ultais, do theangacha mionlaigh eile agus do theangacha comharthaíochta.

I 2013 phléigh an Chomhairle an Polasaí Teanga a athleasú agus a nuashonrú i ngeall ar bharúil dhlíthiúil an Uas. Richard Gordon AB maidir leis an oiread a d’fhéadfaí an polasaí faoi mar a bhí sé a cháineadh go bailí. Bhí forbairtí suntasacha ann maidir leis an dóigh ar pléadh le riachtanais lucht teangacha mionlaigh san idirlinn agus bhí cinntí breise déanta ag an Chomhairle a chuaigh i bhfeidhm ar lucht teangacha mionlaigh, ar a n-áirítear soláthar comharthaí dátheangacha taobh amuigh in ionaid agus i gcásanna áirithe (féach Aguisín 4).

2

Page 3: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

3. Na forbairtí is déanaíTá roinnt forbairtí ann a fhagann gur gá an polasaí reatha a athleasú agus a nuashonrú. Tá na mionsonraí leagtha amach go hachomair thíos agus tá eolas breise ar fáil in aguisíní.

3.1 An seasamh dlíthiúil(a) Barúil AbhcóideI 2013 lorg an Chomhairle barúil an Uas. Richard Gordon AB, a aithnítear mar abhchóide saineolach faoin dlí bunreachtúil, riaracháin, poiblí agus saoirsí sibhialta. Iarradh comhairle faoi na nithe seo a leanas ar an Uas. Gordon:

cé acu atá an Chomhairle ag teacht salach go dlíthiúil ar fhorálacha na Cairte Eorpaí nó cé acu atá na polasaithe reatha i dtaca leis an Ghaeilge ag teacht le spiorad agus le riachtanais na Cairte;

cé acu is féidir cáineadh bailí a chur i leith an pholasaí reatha.

Thug an tUas. Gordon comhairle go mbeadh an fhéidearthacht ann go ndéanfaí athbhreithniú breithiúnach i dtaca le líomhaintí nach bhfuil an Chomhairle ag déanamh de réir na Cairte Eorpaí agus mhol sé gur chóir don Chomhairle - ar a laghad - straitéis shoiléir a bheith aici ar féidir a léiriú gur féidir í a fheidhmiú leis an Ghaeilge a éascú le go mbeifear ag teacht le hAirteagal 10 den Chairt Eorpach. Rinne sé moladh gur chóir don Chomhairle an Polasaí Teanga a athfhoirmliú i riocht cuimsitheach agus so-rochtana, agus gur chóir di a shainmhíniú chomh soiléir agus is féidir cad é atáthar a dhéanamh leis an pholasaí a chur i bhfeidhm.

(b) Rialú na hArd-ChúirteI mí na Nollag 2014, thug an Ard-Chúirt rialú maidir le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach ó Eileen Reid i dtaca le cinneadh a rinne Comhairle Chathair Bhéal Feirste gan fógra sráidainm Gaeilge breise a chur suas ag Céide Bhaile Uí Mhurchú, Béal Feirste. Bhí ceithre bhunús leis an iarratas, agus orthu sin bhí an bunús go raibh polasaí sráidainmniúcháin na Comhairle ar neamhréir lena dtiomantas déanamh de réir na Cairte Eorpaí. Dúirt an rialú nach féidir, mar mholadh ginearálta, conarthaí nó comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm nach bhfuil inchorpraithe sa dlí náisiúnta agus lean leis sin:

'ní féidir a thabhairt ar údarás poiblí caitheamh leis féin amhail go bhfuil ceangal air déanamh de réir oibleagáide idirnáisiúnta. Sa chás féin go ndéanann sé sin is soiléir ó na húdaráis nach ndéanfaidh na cúirteanna ach athbhreithniú éadrom nach rachaidh chomh fada le rialú faoi bhrí ná faoi éifeacht an Chonartha Idirnáisiúnta'

3

Page 4: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

(c) Oibleagáidí agus caighdeáin baile agus idirnáisiúntaAnuas ar an Chairt Eorpach, tá roinnt caighdeán agus oibleagáidí idirnáisiúnta agus baile a bhaineann le húsáid teangacha mionlaigh, mar atá:

Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta Acht um Thuaisceart Éireann (Comhaontú Chill Rímhin) 2006; Creat-Choinbhinsiún um Mhionlaigh Náisiúnta a Chosaint Cairt AE um Bhunchearta Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine

Tá mionsonraí leagtha amach go hachomair in Aguisín 5.

(d) Iarratas ar Athbhreithniú Breithiúnach ó Chonradh na Gaeilge Márta 2017

Fuair an Ard-Chúirt nár éirigh le Feidhmeannas Thionól Thuaisceart Éireann oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an Acht TÉ 1998 a thug air stráitéis a ghabháil i dtaca leis an Ghaeilge agus nár leor an smaointeoireacht amháin leis an dualgas a chomhlíonadh a d'eascair as an Acht.

3.2 Éileamh ar theangacha mionlaighTá faisnéis faoi na teangacha is mó a labhraíonn daoine a chónaíonn i mBéal Feirste, agus a n-eolas ar an Ghaeilge agus ar an Ultais, ar fáil i nDaonáireamh 2011, agus tugann Daonáireamh Scoileanna 2014/15 faisnéis faoi líon na scoileanna i gceantar Chomhairle Chathair Bhéal Feirste a dhéanann teagasc trí Ghaeilge. Léiríonn na figiúirí (a bhaineann le teorainn shínte na Comhairle) an méid seo a leanas:

tá cumas éigin sa Ghaeilge ag 13.45% de dhaonra Bhéal Feirste (dar aois 3+), i gcomparáid le 10.65% de dhaonra iomlán Thuaisceart Éireann;

tá 16,000 duine i mBéal Feirste a bhfuil labhairt, léamh, scríobh agus tuiscint na Gaeilge acu;

díreach faoi 3,000 dalta an líon a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantar na Comhairle;

tá cumas éigin san Ultais ag 5.23% de dhaonra Bhéal Feirste, i gcomparáid le 8.08% de dhaonra iomlán Thuaisceart Éireann;

tá líon díreach os cionn 2000 duine i mBéal Feirste a bhfuil labhairt, léamh, scríobh agus tuiscint na hUltaise acu;

5.47% an líon de dhaonra i mBéal Feirste atá bodhar nó a bhfuil páirtchaillteanas éisteachta orthu;

4.94% an líon tithe i mBéal Feirste ina bhfuil aon duine ar a laghad iontu nach é an Béarla an príomhtheanga aige/aici, agus i 2.71% de thithe Bhéal Feirste, níl an Béarla mar phríomhtheanga ag aon duine iontu;

4

Page 5: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Seachas an Béarla agus an Ghaeilge, seo a leanas na teangacha is mó a labhraítear i mBéal Feirste: an Pholainnis, an tSínis, an Tagálaigis/an Fhilipínís agus an tSlóvaicis.1

Tá na sonraí ábhartha leagtha amach in Aguisín 6.

Ba chóir a thabhairt faoi deara fosta go bhfuil an Chomhairle ag comhoibriú leis an RFS (DSD) maidir le teifigh de chuid na Siria agus tíortha máguaird a athlonnú faoi Scéim Athlonnaithe Daoine Leochaileacha na Siria. Tháinig an chéad ghrúpa 51 teifeach ón Liobáin go Béal Feirste ar an 15 Nollaig 2015. I gcás an chuid is mó de na teifigh, is í an Araibis an phríomhtheanga; léirigh taighde a rinne an Multi-Cultural Resource Centre i 2006 gurb í an Araibis, i ndiaidh theangacha na Síne, an dara teanga mionlaigh eitnigh is mó a úsáidtear i dTuaisceart Éireann, agus an líon cainteoirí ag druidim le 1000 i mBéal Feirste.

3.3 Aiseolas ó chomhairliúchánMar chuid d'athbhreithniú ar pholasaí teanga na Comhairle i 2013, bhuail an Comhghrúpa Éagsúlachta le hionadaithe ó earnáil na Gaeilge agus ó earnáil na hUltaise agus fuair an Coiste Straitéiseach Polasaí agus Acmhainní cur i láthair ó POBAL faoi úsáid na Gaeilge sa saol poiblí. Bhuail oifigigh le hionadaithe fosta ó na hearnálacha ábhartha le saincheisteanna teangacha mionlaigh a phlé. Bhí mar chuspóir ag gach cruinniú barúlacha a lorg ó na grúpaí éagsúla maidir leis na feidhmeanna ba dhóigh leo ba chóir bheith chun tosaigh ag an Chomhairle maidir le teangacha mionlaigh a chur chun cinn.

Ba iad seo a leanas na pointí ba thábhachtaí a ardaíodh: tá gá le soiléiriú faoi na seirbhísí is féidir leis an Chomhairle a chur ar fáil i

dteangacha mionlaigh; is mian go mbeadh tacaíocht níos fearr ann (ar a n-áirítear rochtain ar ionaid na

Comhairle) d'imeachtaí teangacha mionlaigh agus cultúrtha; is gá go mbeadh níos mó den fhoireann eolach ar shaincheisteanna teangacha

mionlaigh. Tá mionsonraí breise ar fáil in Aguisín 7.

3.4 Straitéisí an Rialtais Láir

I ngeall ar athruithe ar struchtúr an rialtais láir is é an Roinn Phobail atá ag stiúradh na hoibre seo.

(a) Straitéis Ghaeilge

1 Thug NISRA le fios gur cuireadh na teangacha Síneacha ar fad san aon ghrúpa chun críche Dhaonáireamh 2011.

5

Page 6: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

I mí Eanáir 2015, d'fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Cultúr agus Fóillíochta (DCAL/RCEF) Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint don tréimhse 2015-2035.

Seo a leanas príomhaidhmeanna na straitéise: tacú le sealbhú agus le foghlaim inmharthanach ardcháilíochta na Gaeilge; stádas agus sofheictheacht na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn; gréasáin agus pobail Gaeilge inmharthanacha ardcháilíochta a chur ar fáil; agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach a chuirfidh leis an mhian pobal láidir

comónta a thógáil.

Maidir le soláthar seirbhísí poiblí, tá mar fhís ag an straitéis go n-éascóidh údaráis phoiblí úsáid na Gaeilge labhartha agus scríofa agus go gcuirfidh sé ar fáil Cód Cúirtéise, agus go gcloífidh sí leis, a riarann ar a riachtanais siúd lenar mian a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tugann an straitéis le fios gur gá cláir feasachta agus oiliúna teanga a chur ar fáil le gur mó an rannchuid d'fhoireann na seirbhíse poiblí ar féidir leo seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí a iarrann iad.

Beifear ag súil leis na nithe a leanas ó chomhairlí áitiúla:

polasaithe agus pleananna Gaeilge a thionscnamh agus oifigigh Ghaeilge a cheapadh; áiseanna a shocrú nó a leathnú le haghaidh an Ghaeilge a úsáid ina gcruinnithe

comhairle agus coiste; cur le sofheictheacht na Gaeilge trí fhógraíocht a dhéanamh faoina seirbhísí Gaeilge

bheith ar fáil; leagan Gaeilge nó dátheangach a chur ar fáil de dhoiciméid oifigiúla, d'fhoirmeacha

agus d'fhoilseacháin chun teacht le cur chuige na Straitéise agus na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh;

caomhnú ceart agus fógraíocht logainmneacha Gaeilge a éascú agus ainmneacha a thabhairt ar fhorbrúcháin nua tithíochta;

tionscnaimh chultúrtha agus turasóireachta trí Ghaeilge a spreagadh

(b) Comhairliúchán faoi reachtaíocht Gaeilge moltaDe réir na Straitéise, tá RCEF ag obair i dtreo reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh slánú ar chosaint reachtúil na Gaeilge agus cuireadh doiciméad comhairliúcháin amach i mí Feabhra 2015 a leag amach na forálacha a d'fhéadfadh bheith san áireamh in Acht Gaeilge. Tháinig deireadh le tréimhse an chomhairliúcháin i mí Bealtaine 2015 ach níor foilsíodh na torthaí go fóill. Tá cuid de na moltaí is mó san achoimre seo thíos.

Beidh sainmmhíniú mar Theanga Oifigiúil ag an Ghaeilge le go mbeidh rathaíocht ann faoi sheirbhísí Gaeilge ar aon dul leo sin atá ar fáil trí Bhéarla.

Déanfar foráil faoi Choimisinéir Gaeilge a chruthú a mbeadh feidhm aige scéimeanna teanga a fhaomhadh agus comhairle a chur ar fáil don phobal agus d'eagrais phoiblí.

6

Page 7: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Bheadh de chumhacht ag an Choimisinéir Gaeilge treoir a thabhairt d'eagrais phoiblí scéimeanna Gaeilge a dhréachtadh.

Beidh dualgas reachtúil ar eagrais phoiblí, comhairlí ceantair san áireamh, i leith na nithe a leanas:

- a chinntiú go dtugtar freagra ar chomhfhreagras Gaeilge gan mhoill mhíchuí;- a chinntiú, nuair a chuirtear eolas ar fáil don phobal, gur i nGaeilge agus i

mBéarla ar aon atá an chumarsáid sin;- doiciméid a leagann amach moltaí polasaí, tuarascálacha bliantúla, cuntais

iniúchta nó ráitis airgidis srl. a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla;

- scéimeanna teanga a chomhaontú leis an Choimisinéir Teanga agus tiomantais i leith scéimeanna reachtúla dá leithéid a fheidhmiú; agus

- tabhairt faoi ghníomhaíochtaí comhairliúcháin a chabhróidh le scéimeanna teanga a ullmhú.

(c) Straitéis UltaiseI mí Eanáir 2015 d'fhoilsigh an RCEF Straitéis le Cultúr, Oidhreacht agus Teanga na Ultaise a Fheabhsú agus a Fhorbairt thar an tréimhse 2015-2035 (Roadin furtae Brïng Forrits an Graith tha Ulstèr-Scotch Leid, Heirskip an Cultùr).

Tá ceithre mhórchuspóir ag an straitéis:

stádas chultúr, oidhreacht agus theanga na hUltaise, agus meas orthu, a chosaint agus a chur chun cinn;

inmharthanacht, infreastruchtúr agus acmhainn phobal na hUltaise a thógáil suas; agus

tuiscint áiritheach fhorleathan ar an Ultais a chothú, ar bhealach a chuirfidh le pobal láidir comónta a thógáil.

I dtaca le seirbhísí poiblí, tugann an straitéis le fios gur gá do Ranna, do chomhairlí agus d'eagrais phoiblí na nithe a leanas a dhéanamh:

úsáid na hUltaise a éascú agus a spreagadh sa saol poiblí; feasacht agus sofheictheacht seirbhísí Ultaise a chuireann siad ar fáil a mhéadú; tionscnaimh turasóireachta agus cultúrtha Ultaise a chur chun tosaigh; a chinntiú gur cuid dá dtiomantas don dea-chaidreamh é meas a bheith ar an Ultais i

gcomhthéacs na héagsúlachta cultúrtha; caomhnú ceart agus fógraíocht logainmneacha Ultaise a éascú.

Dar leis an straitéis fosta gur gá go mbeadh an oiliúint feasachta do bhaill ábhartha foirne ina riachtanas faoin dea-chleachtas.

7

Page 8: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

(d) Teangacha ComharthaíochtaChuir an RCEF Grúpa Páirtnéireachta Teanga Comharthaíochta ar bun i 2005 a chuir treoir faoin dea-chleachtas amach faoi sheirbhísí poiblí a chur ar fáil do na bodhair a úsáideann Teanga Chomharthaíochta Bhriotanach (BSL) nó Teanga Chomharthaíochta Éireannach (ISL). In óráid sa Tionól ar an 1 Nollaig 2015, dúirt an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta gur chuir an Grúpa Páirtnéireachta go mór le saol lucht teangacha comharthaíochta agus a dteaghlaigh a fheabhsú ach go raibh sí suite de go raibh gá ann tuilleadh mór a dhéanamh. Thug sí le fios go raibh pobal na mBodhar soiléir gur mhian leo reachtaíocht a bheith ann a shlánódh a gcearta mar mhionlach cultúrtha agus teanga. Dúirt an tAire go nglacfadh sí céimeanna tosaigh le tabhairt faoin tsaincheist seo sula n-aistreofaí freagracht chuig an Roinn Phobail i 2016. Osclaíodh Creat Teanga Chomharthaíochta le haghaidh comhairliúcháin phoiblí i 2016.

3.5 Treoir ó Fhoras na GaeilgeI mí an Mhárta 2015 d'fhoilsigh Foras na Gaeilge (an foras reachtúil ar a bhfuil an dualgas an Ghaeilge a chur chun cinn) Treoircháipéis: Seirbhísí Gaeilge sna Comhairlí Nua. Tá Foras na Gaeilge ag cabhrú le comhairlí a soláthar seirbhísí i nGaeilge a fhorbairt ó 2006, trí Scéim na nOifigeach Gaeilge den chuid is mó. Faoin scéim seo, tugtar có-mhaoiniú trí bliana ar fáil le haghaidh tuarastail d'Oifigeach Gaeilge, ar acht go n-ullmhaítear Plean Gnímh Comhairle i gcomhar le Foras na Gaeilge. Ritheadh an scéim is déanaí ó 2013-2016. Tá comhairle tugtha ag Foras na Gaeilge gur tosaíodh ar athbhreithniú ar an Scéim i ngeall ar an timpeallacht dhifriúil a tháinig le hathstruchtúrú an rialtais áitiúil. Déanfar comhairliúchán faoin Scéim go luath i 2017.

Molann Foras na Gaeilge gur chóir do gach comhairle an Ghaeilge a bheith san áireamh ina bPlean Pobail, straitéis láidir Gaeilge a thionscnamh agus straitéis a thionscnamh le haghaidh an Ghaeilge a fhorbairt taobh istigh den chomhairle agus sa phobal. Molann gur chóir forbairt cur chuige straitéiseach a bhunú ar na nithe a leanas:

comhairliúchán le pobail Ghaeilge na háite le heolas a bhailiú faoi cé na seirbhísí Gaeilge a bheadh úsáideach acu agus cé is mó a d'úsáidfeadh siad; agus

iniúchadh a dhéanamh ar scileanna Gaeilge na foirne atá ann cheana.

Leagann an Treoircháipéis amach samplaí den dea-chleachtas maidir le tacaíocht do theangacha mionlaigh agus tugann comhairle phraiticiúil faoi bhealaí leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú; tá siad seo leagtha amach ina 'roghchlár' ó ghníomhartha simplí go dtí cur chuige níos cuimsithí. (Tá an chuid seo den treoircháipéis atáirgthe in Aguisín 8.)

8

Page 9: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

3.6 Treoir ó Ghníomhaireacht na hUltaiseD'aibhsigh Gníomhaireacht na hUltaise go bhfuil sé barr-riachtanach, nuair a bhíonn údaráis phoiblí ag tabhairt faoi bheartais leis an Ultais a chur chun cinn, go dtugann siad macalla ar chás na teanga, de réir na Cairte Eorpaí. Tá múnla Fishman, leis an aistriú teanga a aisiompú, tarraingthe chuige féin ag Gníomhaireacht na hUltaise, ina bhfuil 8 gcéim leagtha amach d'fhorbairt teanga. Luann an múnla gur chóir go mbeadh iarrachtaí dírithe ar na céimeanna is luaithe den athshlánú go dtí go mbeidh siad daingnithe sula rachfaí ar aghaidh go dtí na céimeanna déanacha. Seo a leanas na céimeanna:

1. Sealbhú na teanga ag daoine fásta, ar geall le printísigh teanga iad ansin (molta nuair is seanóirí iad a bhfuil ann de lucht labhartha na teanga nó nuair a bhíonn siad scartha go sóisialta ó chainteoirí eile).

2. Grúpa cainteoirí (nó úsáideoirí) gníomhacha na teanga a chruthú atá imeasctha go sóisialta (is fearr ag an chéim seo díriú ar an teanga labhartha seachas ar an teanga scríofa).

3. In áiteanna a bhfuil líon réasúnta daoine a úsáideann an teanga mar ghnás, úsáid neamhfhoirmiúil na teanga a spreagadh i measc daoine ar gach aois agus taobh istigh de theaghlaigh agus tacú lena húsáid laethúil tríd institiúidí áitiúla a bhunú ina ndéantar an teanga a spreagadh, a chosaint agus, i gcomhthéacsanna áirithe ar a laghad, gan a úsáid iontu ach í.

4. In áiteanna inar baineadh amach cumas i labhairt na teanga i measc gach aoisghrúpa, litearthacht sa teanga a spreagadh ach ar bhealach nach bhfuil ag brath ar chúnamh, nár ar dhea-thoil, chóras oideachais an stáit.

5. Nuair a cheadaíonn an stát é, agus nuair a bhíonn líon leordhóthanach ann, úsáid na teanga a spreagadh in oideachas éigeantach an stáit.

6. I gcásanna gur baineadh amach na céimeanna thuas agus gur daingníodh iad, úsáid na teanga a spreagadh sa láthair íochtarach oibre.

7. I gcásanna gur baineadh amach na céimeanna thuas agus gur daingníodh iad, úsáid na teanga a spreagadh i seirbhísí rialtais áitiúil agus sna meáin chumarsáide.

8. I gcásanna gur baineadh amach na céimeanna thuas agus gur daingníodh iad, úsáid na teanga a spreagadh san ardoideachas, sa rialtas, srl.

3.6 Polasaithe comhairlí eileBa chóir a thabhairt faoi deara, ó Aibreán 2014, gur thóg trí chomhairle polasaithe foirmiúla teanga agus tá ceann amháin á dhéanamh faoi láthair:

thóg Comhairle Cheantar Fhear Manach agus na hÓmaí Polasaí uileghabhálach Éagsúlachta Teanga;

9

Page 10: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

thóg Comhairle Cheantar Dhoire agus an tSrátha Báin polasaithe difriúla faoin Ghaeilge agus faoin Ultais;

thóg Comhairle Cheantar an Iúir, Mhúrna agus Dúin Polasaí Comharthaíochta Dátheangach le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla a chur chun cinn agus a éascú i gceantar na Comhairle;

thóg Comhairle Cheantar Lár Uladh Polasaí Gaeilge i Nollaig 2015 agus rinne sí measúnacht tionchar ar chomhionannas faoi pholasaí Ultaise atá molta.

Tá eolas cúlra in Aguisín 9 faoi pholasaithe teanga sa Bhreatain Bheag, in Albain agus i bPoblacht na hÉireann.

10

Page 11: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

4. MoltaíTá an t-ionchas cruthaithe ag an Chomhairle anois, i ngeall ar choimitmintí a tugadh i 2002 agus 2006, go gcuirfidh sí i bhfeidhm na caighdeáin ábhartha in Airteagal 10 den Chairt Eorpach maidir leis an Ghaeilge. Tá stádas ag an Ultais faoi chuid 2, Airteagal 7 den Chairt maidir le teanga agus cultúr a chur chun cinn. Tá straitéisí 20 bliain don Ghaeilge agus don Ultais araon ag Feidhmeannas TÉ. Le blianta beaga anuas rinne an Chomhairle cinntí ad hoc a théann thar fheidhm Airteagal 10, go háirithe i dtaca leis an chomharthaíocht dhátheangach.

I ngeall ar na forbairtí seo ó shin, tá riachtanas soiléir ann don Chomhairle a Polasaí Teanga a athleasú agus a nuashonrú le riar ar riachtanais gach úsáideora teangacha mionlaigh agus teacht roimh na riachtanais is dócha a bheidh i reachtaíocht amach anseo. Tá an deis ann mar sin soiléiriú a chur ar fáil faoi na seirbhísí a chuirfidh an Chomhairle ar fáil i dteangacha mionlaigh agus ráiteas soiléir coimitminte riachtanais gach úsáideora teangacha mionlaigh a aithint agus cultúir agus oidhreachtaí bainteacha a chur chun cinn. Moltar go bhforbródh an Chomhairle Creat uileghabhálach Teanga a leagfaidh an choimitmint seo amach agus na prionsabail a thagann léi, agus trí pholasaí dhifriúla a fhorbairt ansin, ar an Ghaeilge, ar an Ultais agus ar theangacha mionlaigh eile (teangacha comharthaíochta san áireamh). Ba chóir go mbeadh macalla sna polasaithe agus sa Chreat ar na prionsabail atá leagtha amach i straitéisí RCEF, mianta úsáideoirí agus páirtithe leasmhara agus ba chóir treoir ón dea-chleachtas a chur san áireamh.

Ba chóir trí pholasaí éagsúla a fhorbairt le riar ar na riachtanais reatha agus ar na tosaíochtaí do gach earnáil mar a bunaíodh agus mar a fuarthas amach le linn chomhairliúchán na Comhairle le páirtithe barrthábhachtacha leasmhara. Díríonn an Polasaí Gaeilge ar chosaint agus ar chur chun cinn na teanga ach is ar chur chun cinn na teanga agus gnéithe cultúrtha agus oidhreachta na teanga a dhíríonn polasaí na hUltaise, seachas ar an ghá le doiciméid a aistriú nó seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil. Díríonn an tríú polasaí, ar theangacha mionlaigh eile ar an dea-chumarsáid a chinntiú agus feasacht agus tuiscint faoi chultúir mhionlaigh a chur chun tosaigh.

Cheadódh creat uileghabhálach agus 3 pholasaí éagsúla a fhorbairt don Chomhairle a tiomantas a chur in iúl tacú le teangacha mionlaigh agus in éineacht le sin tabhairt go héifeachtach faoi riachtanais dhifriúla lucht na Gaeilge, na hUltaise agus teangacha mionlaigh eile. Léirigh an comhairliúchán a rinneadh i 2013, agus teagmháil ó shin, go bhfuil riachtanais agus tosaíochtaí difriúla ag na hearnálacha difriúla. Tabharfaidh sé soiléiriú fosta faoi na seirbhísí a chuirfidh an Chomhairle ar fáil i dteangacha mionlaigh.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go gclúdaítear an sráidainmniú i bpolasaí eile a thagann leis na hoibleagáidí a leagadh amach san Ordú (TÉ) um Rialtas Áitiúil (Forálacha Éagsúla) 1995. D'fhéadfaí plé a dhéanamh faoi fhorbairt treoracha breise comhlántacha polasaí maidir le

11

Page 12: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

hainmniú sráideanna nó ionad/ceantar ag a bhfuil nasc le húsáideoirí teangacha mionlaigh gan na tairsigh chomhdhearcaidh a chur i bhfeidhm a éilíonn an Chomhairle faoi láthair maidir leis an ainmniú dátheangach sráideanna.

5. Dréacht-Chreat Teanga Tá Creat Teanga molta faoi iamh in Aguisín 1.

Tá sé molta gur chóir don Chomhairle Creat Teanga a ghabháil agus dul ar aghaidh le trí pholasaí a fhorbairt go comhthreomhar. Faoi fhorálacha Scéim Chomhionannais na Comhairle, beidh sé riachtanach scagadh a dhéanamh ar an Chreat Teanga agus ar na polasaithe aonair, agus moltar gur thairbheach na trí pholasaí a scagadh le chéile seachas ceann ar cheann.

6. Eolas breiseTá mionsonraí faoi chúlra na saincheisteanna liostaithe thuas leagtha amach in Aguisíní 2-9 mar atá a leanas:

Aguisín 2: An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh Aguisín 3: Beartas Gaeilge Chomhairle Chathair Bhéal Feirste 2006Aguisín 4: Polasaithe agus cinntí Comhairlí eileAguisín 5: Oibleagáidí dlíthiúla idirnáisiúnta agus baileAguisín 6: Éileamh ar theangacha mionlaighAguisín 7: Aiseolas ó chomhairliúchán (2013)Aguisín 8: Samplaí den dea-chleachtas ó Threoircháipéis Fhoras na GaeilgeAguisín 9: Reachtaíocht teanga sa RO agus i bPoblacht na hÉireann

12

Page 13: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 1

An Creat Teanga Molta

1. Prionsabail uileghabhálacha1.1 Tá meas ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste ar an éagsúlacht teanga atá sa chathair agus aithníonn sí tábhacht na hurraime, na tuisceana agus na caoinfhulaingthe i dtaca leis an éagsúlacht teanga. Aithnímid gur riachtanach an chaoinfhulaingt agus an comhphlé a chruthú le go mbeidh an éagsúlacht chultúrtha ina foinse shaibrithe dár sochaí seachas ina foinse easaontais.

1.2 Tá an Chomhairle tiomanta aitheantas agus meas a thabhairt do chearta, do thraidisiúin agus do chultúr lucht úsáide teangacha mionlaigh, do chur chun cinn na dteangacha sin agus tacú leo, agus feasacht a ardú ar oidhreacht agus ar chultúr na mionlach teanga.

1.3 Is é an Béarla príomhtheanga na Comhairle agus bunaítear an cur chuige againn i dtaca le teangacha eile i ngnó na Comhairle ar fhreagairt chomhréireach ar riachtanais agus ar éilimh lucht úsáide na dteangacha sin. Glacfaidh an Chomhairle gach céim réasúnta riar ar na riachtanais agus na héilimh sin, leis na hacmhainní atá ar fáil.

1.4 Tá an bharúil ag an Chomhairle nár chóir gur le haimhleas an Bhéarla agus an ghá é a fhoghlaim cosaint agus cur chun cinn teangacha mionlaigh.

1.5 Is mian leis an Chomhairle a chinntiú go bhfuil gach duine a úsáideann a cuid seirbhísí ábalta cumarsáid a dhéanamh agus teacht ar eolas ina rogha féin teanga, agus go mbeidh comhionannas deiseanna ag lucht úsáide teangacha mionlaigh. Aithnímid gur fearr is féidir le daoine a ndearcadh agus a riachtanais a chur i bhfriotal ina rogha féin teanga.

1.6 Tá an Chomhairle aireach gur ceart neamh-inchoimhthithe é teanga mhionlaigh nó réigiúnach a úsáid go príobháideach, agus gur ceart é a thagann leis na prionsabail atá i gcorp an dlí idirnáisiúnta agus intíre, dlí chearta an duine san áireamh. Táimid tiomanta do na riachtanais sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chur i bhfeidhm sa soláthar seirbhísí poiblí do lucht úsáide na Gaeilge agus maidir le cuidiú a thabhairt forbairt a dhéanamh ar theanga, ar chultúr agus ar oidhreacht na hUltaise sa mhéid go bhfuil macalla air sin sa pholasaí teanga. Táimid tiomanta fosta do mheas a bheith ar fhéiniúlacht eitneach, chultúrtha, theanga agus chreidimh gach duine i mBéal Feirste atá mar chuid de mhionlach eitneach de réir an Chreat-Choinbhinsiúin um Chosaint na Mionlach

13

Page 14: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Náisiúnta agus d'fheasacht agus do thuiscint faoi chultúir mhionlaigh a ardú tráth atá méadú ag teacht ar éagsúlacht na cathrach.

2. Príomhtheangacha agus teangacha mionlaigh2.1 Cuimsíonn an téarma 'teangacha mionlaigh' gach teanga eile a labhraíonn daoine a chónaíonn i mBéal Feirste, a oibríonn ann nó a thugann cuairt air, bíodh siad ina bpríomhtheanga nó ina teanga roghnach acu. Tá aird ag an Chomhairle ar an líon daoine i mBéal Feirste a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, go háirithe in iarthar na cathrach mar a bhfuil ceantar Gaeltachta. Tá an Chomhairle aireach faoi stádas theanga, oidhreacht agus chultúr na hUltaise sa chathair agus an líon daoine atá báúil léi. Tá an Chomhairle feasach fosta go bhfuil céatadán suntasach daoine sa chathair nach é an Béarla a bpríomhtheanga agus go labhraítear réimse leathan teangacha sa chathair.

2.2 Aithníonn an Chomhairle gur teanga aisti féin í an teanga chomharthaíochta agus tabharfaidh sí faoina riachtanais siúd a úsáideann Teanga Chomharthaíochta Bhriotanach (BSL) agus Teanga Chomharthaíochta Éireannach (ISL) mar phríomh-mheán cumarsáide.

2.3 Aithníonn an Chomhairle sainriachtanais na ndaoine a bhfuil fadhbanna litearthachta acu agus daoine nach mbeidh rochtain i dtólamh acu ar an teanga scríofa.

3. Cuspóirí an Chreata Teanga3.1 Tacar prionsabal trédhearcach a bhunú le héagsúlacht teanga na cathrach a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú.

3.2 Sofheictheacht teangacha mionlaigh a mhéadú agus tuiscint agus feasacht a ardú faoi chultúir agus thraidisiúin na mionlach.

3.3 Freagairt mar is cuí do phobail áitiúla teanga maidir le forbairt agus imeascadh teangacha mionlaigh isteach sa ghnáthshaol sibhialta.

3.4 Dea-chaidrimh a leasú taobh istigh den chathair tríd an éagsúlacht teanga a chur chun cinn agus trí cheiliúradh a dhéanamh ar thábhacht teangacha mionlaigh i stair agus i gcultúr na cathrach.

4. Cur chuige corparáideach i dtaca leis an éagsúlacht teanga4.1 Leanfaidh an Chomhairle de thacaíocht a thabhairt do réimse de thraidisiúin, de ghníomhaíochtaí cultúrtha agus de theangacha ó thaobh na Gaeilge, na hUltaise agus na mionlach eile de ar bhealaí praiticiúla, ar nós, mar shampla, úsáid Halla na Cathrach a chur

14

Page 15: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

ar fáil, nó deontas i gcabhair a thabhairt le haghaidh imeachtaí agus tionscnaimh shuntasacha nuair a thagann siad leis na critéir mhaoinithe.

4.2 Cuardóidh an Chomhairle deiseanna bheith ag obair leis na hearnálacha Gaeilge, Ultaise agus mionlaigh le traidisiúin na mionlach a chur chun cinn trí thaispeántais agus trí fhoilseacháin.

4.3 Coinneoidh an Chomhairle meas ar cheart an phobail, ar Chomhaltaí Comhairle agus na foirne a n-ainm a úsáid ina rogha féin teanga agus a bhféiniúlacht teanga a chur in iúl.

4.4 Pléifidh an chomhairle an éagsúlacht teanga nuair a bheifear ag pleanáil imeachtaí agus cuirfidh sé an t-ionchuimsiú chun cinn agus an rannpháirtíocht ag daoine ó phobail éagsúla teanga ag na himeachtaí seo.

4.5 Spreagfaidh an Chomhairle tionscnaimh turasóireachta agus chultúrtha a thugann macalla ar éagsúlacht teanga na cathrach.

4.6 Leanfaidh an Chomhairle den eolas fáilte do chuairteoirí ar Bhéal Feirste a chur ar fáil a thabharfaidh eolas faoi sheirbhísí na Comhairle ar bhealach cairdiúil agus aistreoidh seo go teangacha eile de réir mar a iarrfar sin.

4.7 De réir mar a thiocfaidh deiseanna chun tosaigh fógraíocht agus comharthaíocht a athnuachan in ionaid ar leis an Chomhairle iad, déanfar an téacs a fhorlíonadh le comharthaíocht phictiúrtha agus tadhaill.

4.8 Leanfaidh an Chomhairle de bheith ag cur turas i nGaeilge ar fáil thart ar Halla na Cathrach agus déanfaidh turais ar ionaid eile de chuid na Comhairle a fhorbairt i nGaeilge agus i dteangacha eile de réir mar is cuí.

5. Polasaithe tacaíochta a fhorbairt5.1 Taobh istigh de chomhthéacs iomlán an Chreata Teanga, forbróidh agus feidhmeoidh an Chomhairle trí pholasaí éagsúla ar an Ghaeilge, ar an Ultais agus ar Theangacha Eile (teanga chomharthaíochta san áireamh). Beidh plean gnímh le gach polasaí, a dhéanfar a athbhreithniú ar bhonn bliantúil, agus tabharfar acmhainní cuí dó.

15

Page 16: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

5.2 Tá an Chomhairle feasach faoi straitéisí an Fheidhmeannais i dtaca leis an Ghaeilge2 agus leis an Ultais3 agus cuirfidh sí iad seo san áireamh go hiomlán nuair a bheifear ag forbairt polasaithe faoin Chreat seo. Cuirfimid san áireamh fosta treoir faoin dea-chleachtas cosúil leis an mhéid a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

5.3 Trí pholasaithe aonair a fhorbairt, beifear ábalta riachtanais dhifriúla cainteoirí Gaeilge, Ultaise agus teangacha mionlaigh eile a chur faoi chaibidil go héifeachtach. Cuimseofar sa phróiseas forbartha comhairliúchán agus teagmháil le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé san áireamh dearcaidh a cuireadh in iúl don Chomhairle le blianta beaga anuas.

6. Polasaí Gaeilge6.1 Déanfar an Polasaí Gaeilge a fhorbairt de réir na moltaí i Straitéis an Fheidhmeannais agus cuirfidh sé treoracha dea-chleachtais san áireamh, a d'fhoilsigh Foras na Gaeilge.

6.2 D'fhéadfadh nithe mar seo a leanas bheith mar chuspóirí ag an Pholasaí Gaeilge:

sofheictheacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i mBéal Feirste mar is cuí, trí sheirbhísí, áiseanna agus imeachtaí Comhairle;

a fhógairt go n-éascóidh an Chomhairle úsáid na Gaeilge, mar is cuí, i soláthar a cuid seirbhísí;

tionscnaimh chultúir agus thurasóireachta trí Ghaeilge a chur chun cinn.

6.3 I ngeall ar fhorbairt an pholasaí beifear in ann plé a dhéanamh ar chur chuige na Comhairle maidir leis na seirbhísí a leanas:

Doiciméid - cuirtear doiciméid ar fáil go dátheangach (Béarla agus Gaeilge) ach sin a iarraidh, nó de ghnáth nuair is dócha go n-úsáidfidh pobal na Gaeilge iad.

Cumarsáid - déantar freagairt i nGaeilge ar chomhfhreagras agus ar ghlaonna teileafóin a fhaightear i nGaeilge.

Aistriúchán agus ateangaireacht - beidh fáilte roimh iarratais ó phobal na Gaeilge an Ghaeilge a úsáid i bplé idir daoine, ach fógra a thabhairt sa dóigh go mbeifear in ann seirbhísí ateangaireachta comhuainí a chur ar fáil.

2 Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint), DCAL Eanáir 2015 3 Roadin furtae Brïng Forrits an Graith tha Ulstèr-Scotch Leid, Heirskip an Cultùr), DCAL Eanáir 2015

16

Page 17: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Comharthaíocht agus brandáil - úsáid na Gaeilge nuair a bheidh teideal agus suaitheantas na Comhairle ar stáiseanóireacht, ar fhoilseacháin, ar fhógraí, ar fhoirgnimh agus i gcomhthéacsanna eile ar dócha gur lucht úsáide na Gaeilge is mó a fheicfidh iad.

Cruinnithe Comhairle - cleachtas labhairt na Gaeilge a aithint i Seomra na Comhairle. Tá cead ag Comhaltaí aonair labhairt i nGaeilge agus aistriúchán ina dhiaidh a thabhairt, á aithint gurb é an Béarla príomhtheanga na Comhairle. Éascóimid úsáid na Gaeilge ag cruinnithe Comhairle agus Coiste ag toscaireachtaí poiblí, soláthar seirbhísí ateangaireachta san áireamh.

Suíomh idirlín / meáin shóisialta a fhorbairt - sa chéad dul síos, mionláithreán Gaeilge agus ábhar Gaeilge ar Facebook, mar is cuí.

Meáin Ghaeilge - leagan Gaeilge nó leagan dátheangach de phreasráitis a chur ar fáil do na meáin Ghaeilge mar is cuí.

Gaeilge sa phobal - tacaíocht d'úsáid na Gaeilge taobh istigh de phobail i mBéal Feirste, leis na hacmhainní atá ar fáil, soláthar faisnéise san áireamh.

Tacaíocht le scoileanna Gaeilge - leaganacha Gaeilge a chur ar fáil d'eolas a thugtar de ghnáth do scoileanna maidir le seirbhísí agus le himeachtaí na Comhairle.

Foireann na Comhairle - ag brath ar an toradh a bheidh ar athbhreithniú le Foras na Gaeilge, ceapachán Oifigigh Gaeilge a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn taobh istigh den Chomhairle agus de cheantar na Comhairle, agus freagrach as plean gnímh a fhorbairt a chinnteoidh gur féidir leis an Chomhairle cur chun cinn na Gaeilge a dhéanamh go héifeachtach, ardú feasachta agus oiliúint teanga san áireamh.

Gaeilge sa phobal - Tabharfaidh an Chomhairle tacaíocht do ghníomhaíochtaí cultúrtha, oideachasúla, oidhreachta agus turasóireachta Gaeilge trí imeachtaí a éascú taobh istigh d'fhoirgnimh agus d'ionaid na Comhairle nuair is praiticiúil de réir pholasaí na Comhairle.

Cuirfidh Comhairle Chathair Bhéal Feirste deiseanna chun tosaigh leis an Ghaeilge a chur chun cinn tríd iarratais ar dheontais a spreagadh ar imeachtaí Gaeilge, sna scéimeanna reatha agus amach anseo chomh maith.

7. Polasaí Ultaise7.1 Déanfar Polasaí na hUltaise a fhorbairt de réir na moltaí atá i Straitéis an Fheidhmeannais agus cuirfear san áireamh comhairle ó Ghníomhaireacht na hUltaise.

17

Page 18: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

7.2 D'fhéadfadh nithe mar seo a leanas bheith mar chuspóirí ag Polasaí na hUltaise:

sofheictheacht agus úsáid na hUltaise i mBéal Feirste a mhéadú mar is cuí a fhógairt go n-éascóidh an Chomhairle úsáid na hUltaise mar is cuí cur chun cinn tionscnaimh chultúrtha, oidhreachta, oideachasúla agus turasóireachta

Ultaise a spreagadh;

7.3 I ngeall ar fhorbairt an pholasaí beifear in ann plé a dhéanamh ar chur chuige na Comhairle maidir leis na seirbhísí a leanas:

Doiciméid - soláthar doiciméad dátheangach (Béarla agus Ultais) mar ghnás nuair is dócha gur pobal na hUltaise a bheidh á n-úsáid.

Cumarsáid - glacfaidh an Chomhairle le comhfhreagras scríofa Ultaise agus nuair is féidir, tabharfaidh freagra in Ultais.

Aistriúchán agus ateangaireacht - beidh fáilte roimh iarratais ó phobal na hUltaise an Ultais a úsáid i bplé idir daoine ach fógra bheith tugtha le gur féidir seirbhísí ateangaireachta comhuainí a chur ar fáil.

Comharthaíocht agus Brandáil - an Ultais a úsáid sa chás go mbeidh suaitheanas agus teideal na Comhairle le feiceáil ar stáiseanóireacht, fhoilseacháin, chomharthaí, fhoirgnimh agus i gcomhthéacsanna eile inar cainteoirí Ultaise is mó a fheicfidh iad.

Cruinnithe Comhairle - labhairt na hUltaise a aithint mar chleachtas sa Seomra Comhairle. Cead ag comhaltaí aonair labhairt as Ultais agus aistriú Béarla a thabhairt ina dhiaidh (taobh istigh dá gcuid ama), mar aitheantas gurb é an Béarla príomhtheanga na Comhairle. Éascóimid úsáid na hUltaise ag cruinnithe Coiste agus Comhairle ag toscaireachtaí poiblí, soláthar seirbhísí ateangaireachta san áireamh.

Suíomh gréasáin/meáin shóisialta a fhorbairt - mionláithreán gréasáin agus ábhar Facebook as Ultais a fhorbairt mar is cuí

Meáin Ultaise - leagan Ultaise nó leagan dátheangach de phreasráitis a chur ar fáil do na meáin Ultaise mar is cuí.

Ultais sa phobal - tacóidh an Chomhairle le gníomhaíochtaí cultúrtha, oideachasúla, oidhreachta agus turasóireachta Ultaise tríd imeachtaí a éascú in bhfoirgnimh agus in ionad de chuid na Comhairle nuair is praiticiúil de réir pholasaí na Comhairle.

18

Page 19: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Cuirfidh Comhairle Chathair Bhéal Feirste deiseanna ar fáil leis an Ultais a chur chun cinn trí spreagadh a thabhairt d'iarratais ar dheontais le haghaidh tionscnaimh Ultaise faoi scéimeanna reatha agus amach anseo chomh maith.

Foireann na Comhairle - plean gnímh a fhorbairt a chinnteoidh go mbeidh an Chomhairle ábalta seirbhísí Ultaise a chur ar fáil go héifeachtach, ardú feasachta agus oiliúint teanga san áireamh.

8. Polasaí Teangacha Eile (teanga chomharthaíochta san áireamh)8.1 Déanfar an Polasaí Teangacha Eile a fhorbairt de réir comhairle faoin dea-chleachtas ó fhoinsí cuí, agus cuirfear san áireamh éagsúlacht éiritheach eitneach na cathrach, chomh maith le riachtanais chumarsáide daoine míchumasacha. Mar sin féin, cuirfidh sé béim ar an Bhéarla ghlan a úsáid i dtólamh i soláthar seirbhísí, earraí agus áiseanna.

8.2 D'fhéadfadh nithe mar iad seo a leanas bheith mar chuspóirí ag an Pholasaí Teangacha Eile:

a chinntiú nach mbeidh áitreoirí agus custaiméirí, a bhfuil deacrachtaí cumarsáide as Béarla acu, faoi mhíbhuntaiste ó thaobh rochtana ar sheirbhísí tábhachtacha Comhairle;

a chinntiú go mbeifear ag teacht leis an dea-chleachtas maidir le heolas a tháirgeadh do dhaoine a bhfuil míchumas céadfaí orthu agus soláthar cuí a dhéanamh dóibh siúd ar a bhfuil míchumas foghlama;

tacú le comhtháiteacht phobail agus leis an dea-chaidreamh trí iarracht a dhéanamh constaicí a chartadh le forbairt an dea-chaidrimh a eascraíonn as easpa acmhainne cumarsáid a dhéanamh i dteanga chomónta;

fógraíocht a dhéanamh go mbeidh an Chomhairle sásta úsáid teangacha mionlaigh a éascú mar is cuí le tionscnaimh chultúrtha, turasóireachta agus oidhreachta teangacha agus traidisiún mionlaigh a chur chun cinn.

8.3 I ngeall ar fhorbairt an pholasaí beifear in ann plé a dhéanamh ar chur chuige na Comhairle maidir leis na seirbhísí a leanas:

Doiciméid - leanúint de phoiblíocht a dhéanamh faoi thiomantas Scéim Chomhionannais na Comhairle eolas a chur ar fáil i rogha formáidí ach sin a iarraidh, nuair is praiticiúil, trína chinntiú go bhfuil eolas cuí faoi seo san áireamh i ngach doiciméad. Gach soláthróir seirbhíse machnamh a dhéanamh faoin riachtanas doiciméad a aistriú, i dtaca leis an chineál seirbhíse a chuireann siad ar fáil.

Aistriúchán agus ateangaireacht - cuirfear fáilte roimh iarratais ó chainteoirí teangacha mionlaigh maidir le teangacha mionlaigh a úsáid i bplé idir daoine, ach fógra a bheith tugtha le go mbeifear in ann seirbhísí ateangaireachta comhuainí a chur ar fáil.

19

Page 20: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Cruinnithe comhairle - úsáid teangacha mionlaigh a éascú ag toscaireachtaí poiblí ag cruinnithe Comhairle agus Coiste, soláthair seirbhísí ateangaireachta san áireamh.

Suíomh gréasáin - a chinntiú go mbeidh suíomh gréasáin na Comhairle scríofa i mBéarla glan, go mbeidh an uirlis Google Translate ar láimh, agus go mbeidh eolas ar an suíomh faoi sheirbhísí, imeachtaí agus faoi thionscnaimh na Comhairle i dtaca le teangacha mionlaigh.

Fáilte - eolas cothrom le dáta a chur ar fáil faoi sheirbhísí na Comhairle do chuairteoirí/dhaoine isteach, i réimse teangacha.

Imeachtaí - ionchuimsiú agus rannpháirtíocht a chur chun cinn i measc daoine ó phobail éagsúla teanga in imeachtaí de chuid na Comhairle agus ateangaireacht a chur ar fáil nuair is cuí.

Foireann na Comhairle - plean gnímh a fhorbairt a chinnteoidh go mbeidh an Chomhairle ábalta seirbhísí teangacha mionlaigh a chur ar fáil go héifeachtach nuair is cuí, treoirlínte agus feasacht éagsúlachta teanga, oiliúint teanga agus cártaí aitheantais teanga agus clos-lúb ionduchtaithe a chur ar fáil ag deascanna fáilte do chustaiméirí.

Fóram teangacha mionlaigh - fóram eagraíochtaí a bhunú le hionadaíocht a dhéanamh ar son daoine ó chúlraí mionlach eitneach agus daoine faoi mhíchumas.

9. Forfheidhmiú an Chreata Teanga9.1 Déanfaidh an Chomhairle trí pholasaí mar iad seo thuas a fhorbairt gan mhoill. Déanfaidh an Chomhairle comhairliúchán agus teagmháil le páirtithe leasmhara lena chinntiú go dtéitear i ngleic mar is cóir leis na himpleachtaí a bhaineann le comhionannas deiseanna agus an dea-chaidreamh a chur chun cinn.

9.2 Déanfaidh an Chomhairle poiblíocht faoin Chreat Teanga a bheith glactha agus cinnteoidh sí go bhfuil gach soláthróir agus an fhoireann ar fad ar an eolas faoi. Tabharfar mar is cóir faoi thiomantas na Comhairle don éagsúlacht teanga sa phlean corparáideach agus i straitéisí eile ardleibhéil.

9.3 Cinnteoidh an Chomhairle go bhfuil dóthain acmhainní ann leis an Chreat a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

9.4 Déanfar athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar fhorfheidhmiú agus ar éifeacht an Chreata Teanga.

20

Page 21: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 2

An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh

Baineann an Chairt leis an Ghaeilge agus leis an Ultais, agus leis an Ghaeilge amháin a bhaineann Cuid III. Leagann Cuid II dualgas ginearálta ar an stát úsáid teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a éascú agus/nó a spreagadh, sa chaint agus sa scríobh, sa saol poiblí agus príobháideach, ach ní leagann sí aon oibleagáidí go díreach ar chomhairlí ceantair.

Mar sin féin, clúdaíonn Cuid III den Chairt Eorpach seirbhísí poiblí atá faoi smacht poiblí. Sa chomhthéacs seo, deir an Chairt Eorpach (in Airteagal 10) go gcaithfidh seirbhísí a chur ar fáil sa teanga shonraithe (an Ghaeilge sa chás seo) agus gur gá go mbeadh lucht úsáide na teanga ábalta iarratas a chur isteach ar sheirbhísí sa teanga seo. Tá Airteagal 10 soiléir gur chóir go mbeadh ar a gcumas ag údaráis phoiblí aistriúchán agus ateangaireacht a dhéanamh, úsáid foirmeacha traidisiúnta logainmneacha agus ainmneacha teaghlaigh a cheadú nó a spreagadh, iarratais labhartha nó scríofa sa teanga a éascú, úsáid na teanga i ndíospóireachtaí a éascú, agus cead a thabhairt do dhaoine iarratais a chur isteach sa teanga.

Tá Airteagal 10 atáirgthe ina iomláine thíos. Is cóir a thabhairt faoi deara go bhfuil síniú Rialtas na RO curtha le naoi mír san Airteagal seo: 1a (iv); 1c; 2b; 2e; 2f; 2g; 3c; 4a; 5; tá siad sin scáthaithe san Airteagal iomlan thíos:

'Article 10 – Administrative authorities and public services

1. Within the administrative districts of the State in which the number of residents who are users of regional or minority languages justifies the measures specified below and according to the situation of each language, the Parties undertake, as far as this is reasonably possible:

a. i. to ensure that the administrative authorities use the regional

or minority languages; or ii. to ensure that such of their officers as are in contact with the

public use the regional or minority languages in their relations with persons applying to them in these languages; or

iii. to ensure that users of regional or minority languages may submit oral or written applications and receive a reply in these languages; or

21

Page 22: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

iv. to ensure that users of regional or minority languages may submit oral or written applications in these languages; or

v. to ensure that users of regional or minority languages may validly submit a document in these languages;

b. to make available widely used administrative texts and forms for the population in the regional or minority languages or in bilingual versions;

c. to allow the administrative authorities to draft documents in a regional or minority language.

2. In respect of the local and regional authorities on whose territory the number of residents who are users of regional or minority languages is such as to justify the measures specified below, the Parties undertake to allow and/or encourage:

a. the use of regional or minority languages within the framework of the regional or local authority;

b. the possibility for users of regional or minority languages to submit oral or written applications in these languages;

c. the publication by regional authorities of their official documents also in the relevant regional or minority languages;

d. the publication by local authorities of their official documents also in the relevant regional or minority languages;

e. the use by regional authorities of regional or minority languages in debates in their assemblies, without excluding, however, the use of the official language(s) of the State;

f. the use by local authorities of regional or minority languages in debates in their assemblies, without excluding, however, the use of the official language(s) of the State;

g. the use or adoption, if necessary in conjunction with the name in the official language(s), of traditional and correct forms of place-names in regional or minority languages.

3. With regard to public services provided by the administrative authorities or other persons acting on their behalf, the Parties undertake, within the territory in which regional or minority languages are used, in accordance with the situation of each language and as far as this is reasonably possible:

a. to ensure that the regional or minority languages are used in the provision of the service; or

b. to allow users of regional or minority languages to submit a request and receive a reply in these languages; or

c. to allow users of regional or minority languages to submit a request in these languages.

22

Page 23: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

4. With a view to putting into effect those provisions of paragraphs 1, 2 and 3 accepted by them, the Parties undertake to take one or more of the following measures:

a. translation or interpretation as may be required; b. recruitment and, where necessary, training of the officials and other

public service employees required; c. compliance as far as possible with requests from public service

employees having a knowledge of a regional or minority language to be appointed in the territory in which that language is used.

5. The Parties undertake to allow the use or adoption of family names in the regional or minority languages, at the request of those concerned.'

23

Page 24: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 3

BEARTAS TEANGA

Meán Fómhair 2006

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Ba chóir do gach fostaí oibleagáidí na Comhairle maidir le cúrsaí teanga a thuiscint agus plé go dearfach leis na custaiméirí nó na cliaint ar fad, atá i teideal measa agus cúirtéise.

Tagann sé seo le tiomantais luaite na Comhairle chun an méid a leanas a sholáthar:

comhionannas maidir le soláthar seirbhísí, mar atá leagtha amach sa Scéim Comhionannais

géilliúlacht leis an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh

fócas ar chustaiméirí, ceann de na móreilimintí laistigh dár gclár feabhsúcháin

cumarsáid agus rochtain ar sheirbhísí na Comhairle a feabhsú agus

ár gcuspóir corparáideach maidir le dea-chaidreamh a chur chun cinn, a chuimsíonn ceiliúradh na hilchineálachta cultúrtha.

Is é príomhtheanga na Comhairle ná an Béarla, agus tá an cur chuige atá aici maidir le húsáid teangacha eile i ngnó na Comhairle bunaithe ar riachtanas agus ar éileamh, chomh maith le breithniú ar na hacmhainní atá ar fáil chun seirbhísí a sheachadadh.

TEANGA CHOMHARTHAÍOCHTA

Ag teacht leis an mbeartas rialtais oifigiúil, aithníonn an Chomhairle gur teanga inti féin í an teanga chomharthaíochta. Tá oiliúint ag an bhfoireann fáiltithe i Halla na Cathrach agus i bhFoirgneamh Cecil Ward sa teanga chomharthaíochta agus ba chóir do bhaill foirne eile na socruithe cuí a dhéanamh chun teanga chomharthaíochta a sholáthar do chustaiméirí ar iarratas.

FOINSÍ TREORACH

Tá dhá phríomhfhoinse treorach maidir le cúrsaí teanga.

An chéad cheann díobh seo ná an Scéim Comhionannais, a bhí faofa ag an gCoimisiún um Chomhionannas in Aibreán 2001, a chuireann dualgas ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil i dteangacha mionlaigh ar iarratas chun freastal orthusan "nach bhfuil líofa sa Bhéarla". Tá sé seo thar a bheith tábhachtach agus an chathair ag éirí níos éagsúla.

24

Page 25: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

An dara doiciméad ábhartha ná imlitir ón Rannán Rialtais Áitiúil, a eisíodh mar threoir do na Comhairlí Ceantair ar fad i dTuaisceart Éireann i 2002, a bhaineann leis an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Is comhaontú idirnáisiúnta í an Chairt Eorpach atá deartha chun teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn; leagann sí béim ar ghné chultúrtha na teanga i ngach cuid de shaol na gcainteoirí, agus i dTuaisceart Éireann baineann sí le Gaeilge agus le hAlbainis Uladh. Chun géilliúlacht le Cuid III den Chairt Eorpach a chinntiú, d'aontaigh an Chomhairle glacadh le moltaí áirithe maidir le húsáid na Gaeilge ag cruinniú a bhí acu in Eanáir 2003. Ina measc siúd tá glacadh le hiarratais/foirmeacha iarratais i nGaeilge (béil agus scríofa) agus aistriúchán nó ateangaireacht a sholáthar mar atá riachtanach.

Tá an Chomhairle tiomanta chomh maith don Albainis Uladh a chur chun cinn mar léirmhíniú na hoidhreachta agus na céannachta cultúrtha, toisc go bhfuil Albainis Uladh aitheanta faoi Chuid II den Chairt Eorpach ag an am seo.

Tá nósanna imeachta na Comhairle leagtha amach thíos.

AISTRIÚCHÁIN - COMHFHREAGRAS SCRÍOFA

Úsáideann an Chomhairle an tseirbhís aistriúcháin laistigh de Bhrainse Oibriúcháin Teangeolaíochta na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF), a dhéanann comhordú ar sheirbhísí aistriúcháin do gach roinn rialtais maidir leis na teangacha eile ar fad. Tá duine sannta ag Ranna na Comhairle ar fad laistigh de Thacaíocht Ghnó atá freagrach as cúrsaí aistriúcháin agus tá an córas reatha ag feidhmiú go maith.

Nuair a roghnaíonn duine scríobh chuig an gComhairle i nGaeilge, freagróidh an Chomhairle i nGaeilge.

ATEANGAIREACHT Déanfaidh an Chomhairle ateangairí a sholáthar chomh maith do chruinnithe beaga nó i gcásanna agallaimh aonair más gá, chomh fada agus go dtugtar réamhfhógra. Déan teagmháil le do thoil leis an Aonad Dea-Chaidrimh chun sonraí a fháil.

GLAONNA TEILEAFÓIN

Tá seirbhís ateangaireachta teileafóin 'Líne Teanga' bunaithe, chun cuidiú le fiosrúcháin theileafóin ó dhaoine nach bhfuil líofa sa Bhéarla. Níl an tseirbhís seo ar fáil i láthair na huaire ach amháin in Oifig an Chláraitheora Breitheanna, Básanna, Póstaí agus Comhpháirtíochtaí Sibhialta; déan teagmháil leis an Aonad Dea-Chaidrimh má tá breis sonraí uait.

Tá seirbhís Ghlórphoist Gaeilge ar fáil mar fholíne den lasc-chlár príomha; tá treoir eisithe do bhaill foirne maidir lena húsáid.

AINMNEACHA agus SEOLTAÍ

25

Page 26: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Beidh meas ag an gComhairle ar dhuine ar bith gur mian leo an fhoirm Ghaeilge dá n-ainm nó sloinne a úsáid agus úsáidfear iad seo i gcomhfhreagras nó i ngnó oifigiúil.

AINMNIÚ SRÁIDE

Soláthraíonn an Chomhairle sráidainmneacha dhátheangacha, má dhéanann dhá thrian de chónaitheoirí na sráide iarratas ar a leithéidí.

STÁISEANÓIREACHT PHEARSANTA do CHOMHALTAÍ TOFA na COMHAIRLE

Tá páipéar ceannteidil, cártaí gnó agus duillíní comaoine soláthraithe ag an gComhairle i mBéarla/Gaeilge agus i mBéarla/Albainis Uladh do Chomhaltaí tofa na Comhairle, mar a iarradh, le deich mbliana anuas. TACAÍOCHT do CHÚRSAÍ OIDHREACHTA agus TRAIDISIÚIN

Leanfaidh an Chomhairle ag tacú le raon traidisiún agus gníomhaíochtaí cultúrtha agus teanga ar bhealaí praiticiúla a bhaineann le Gaeilge agus Albainis Uladh, trí úsáid Halla na Cathrach a sholáthar mar shampla, nó trí dheontas i gcabhair a sholáthar d'imeachtaí agus do thionscadail shuntasacha mar is cuí. Aontaíonn na forais Albainise Uladh go bhfuil an cineál tacaíochta seo dá gcuid oibre níos buntáistí agus níos costéifeachtaí ná aistriúcháin amháin a dhéanamh ar dhoiciméid scríofa go hAlbainis Uladh.

SCOILEANNA TRÍ MHEÁN NA GAEILGE

Is eol don Chomhairle gur earnáil í scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge atá ag fás as cuimse agus beidh gach comhfhreagras leis na scoileanna seo i nGaeilge. Déanfaimid faisnéis a sholáthar i nGaeilge ar iarratas, do dhaltaí a thugann cuairt ar fhoirgnimh na Comhairle do chuspóirí oideachasúla/staidéir m.sh. an Zú, Halla na Cathrach srl. D'fhéadfaí faisnéis ar mhórthionscnaimh nó mórbheartais na Comhairle a sholáthar i nGaeilge chomh maith nuair is eochair-ábhar atá dírithe ar na scoileanna atá i gceist.

COMHARTHAÍOCHT I bhFOIRGNIMH na COMHAIRLE

Tá comharthaíochta ag agus i bhfoirgnimh na Comhairle pictiúrtha, tadhlach nó i mBéarla. D'fhéadfaí comhartha 'Fáilte' a sholáthar sa limistéar fáiltithe nó in áit oiriúnach eile, i roinnt teangacha, Gaeilge, Albainis Uladh agus teangacha eile m.sh. Filipínis/Polainnis ina measc chun ilchineálacht mhéadaithe Bhéal Feirste agus comhdhéanamh ilchultúrtha na cathrach a chur in iúl.

EARCÚ

Is fostóir comhdheise í an Chomhairle agus fáiltíonn sí roimh iarratais ó gach rannóg den phobal. Déanaimid uimhir theileafóin 'Careline' (90270396) a thairiscint i láthair na huaire, a thugann cúnamh d'iarratasóirí poist nach bhfuil an Béarla mar chéad theanga acu.

PACA FÁILTITHE

Tá Paca Fáiltithe do dhaoine nua agus cuairteoirí go Béal Feirste á ullmhú i láthair na huaire. Soláthróidh sé seo faisnéis ar sheirbhísí na Comhairle ar bhealach soláimhsithe agus aistreofar é go teangacha eile ar iarratas.

26

Page 27: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

LÁITHREÁN GRÉASÁIN na COMHAIRLE

Tá láithreán gréasáin na Comhairle deartha le bheith chomh hinrochtana agus is féidir, leis an bhfaisnéis reatha ar líne i mBéarla soiléir (tá sí mar aidhm againn an 'Plain English Internet Crystal Mark' a bhaint amach faoi Aibreán 2007). Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú leanúnach ar seo agus d'fhéadfadh sí faisnéis a sholáthar i dteangacha eile ar iarratas.

FÓGRAÍ

Beidh fógraí na Comhairle as Béarla.

OILIÚINT TEANGA

D'fhéadfadh Ranna an rogha a dhéanamh ranganna teanga ag an leibhéal bunúsach comhrá a eagrú do bhaill foirne oiriúnacha, nuair a dhéanann lucht bainistíochta cinneadh go mbeadh sé úsáideach leis an soláthar seirbhíse a fheabhsú agus le freagairt an chustaiméara áitiúil a mhéadú.

FORMÁIDÍ EILE

D'fhéadfaí beartais, straitéisí agus foilseacháin phríomha na Comhairle (m.sh. City Matters) a chur ar fáil i bhformáidí eile ar iarratas, m.sh. Braille, fuaim, cló mór.

COMHAIRLIÚCHÁN

Tá an beartas dáilte seo ar na forais theanga Ghaeilge agus Albainise Uladh ábhartha i mBéal Feirste .i. an Foras Teanga Thuaidh-Theas oifigiúil, comhdhéanta d'Fhoras na Gaeilge, a chuireann teanga na Gaeilge chun cinn agus Gníomhaireacht na hUltaise (tha Boord o Ulster-Scotch), a chuireann teanga agus cultúr na hAlbainise Uladh chun cinn; chomh maith le Pobal agus Comhairle Oidhreachta na hAlbainise Uladh.

Táimid tar éis dul i gcomhairle le Fóram Comhairliúcháin Comhionannais na Comhairle chomh maith agus le hionadaithe ó ghrúpaí eitneacha mionlaigh i gceantar Bhéal Feirste.

Tá ráitis ar bith a aimsíodh ionchorpraithe sa bheartas seo.

MONATÓIREACHT agus ATHBHREITHNIÚ

Déanfar monatóireacht agus athbhreithniú ar an mbeartas le himeacht ama, ag teacht le nós imeachta na Comhairle.

TREOIR agus FIOSRÚCHÁIN

Dáileadh treoir chuimsitheach maidir le ceisteanna teanga agus le socruithe aistriúcháin ar Bhainisteoirí Tacaíochta Gnó na Roinne ar fad i mBealtaine 2005. Déanfar í seo a athdháileadh leis an mbeartas seo nuair a ghlactar léi, agus déanfar oiliúint a sholáthar do bhaill foirne oiriúnacha na Comhairle.

27

Page 28: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Má tá fiosrúcháin ar bith agat maidir leis an mbeartas seo nó maidir lenár socruithe leis an RCEF, déan teagmháil le do thoil leis an Aonad Dea-Chaidrimh, folíne 6025.

Adopted by Policy & Resources Committee 22 September 2006

28

Page 29: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 4

Beartais agus Cinntí Comhairle Eile

Cuireadh Beartas Teanga reatha na Comhairle i bhfeidhm i Meán Fómhair 2006. Mar sin féin, tá beartais eile socraithe ag an Chomhairle agus tá roinnt cinntí ad hoc déanta a théann i bhfeidhm ar an bheartas teanga, i dtaca le comharthaíocht den chuid is mó. Seo a leanas achoimre ar na cinntí a rinneadh.

1. Cumhacht sráideanna a ainmniúTá cumhacht reachtúil ag an Chomhairle faoi Airteagal 11 d'Ordú (TÉ) um Rialtas Áitiúil (Forálacha Éagsúla) 1995 cláir ainmniúcháin a chur suas ar a bhfuil sráidainmneacha Béarla agus aon teanga ar bith eile. Agus an chumhacht seo á cur i bhfeidhm, caithfidh an Chomhairle aird a thabhairt ar aon dearcadh faoin cheist a chuirfidh áitreoirí na sráide sin in iúl. Tá beartas ag an Chomhairle atá bunaithe go maith a cheadaíonn d'éinne comhartha sa dá theanga a iarraidh; déanfaidh an Chomhairle suirbhé agus cuirfidh suas comharthaí dátheangacha más mian le dhá thrian d'áitreoirí na sráide sin. Tá de chumhacht ag an Choiste ábhartha (Seirbhísí Sláinte agus Comhshaoil mar a bhí) athbhreithniú a dhéanamh ar an bheartas ainmnithe sráide aon am ar bith; i mí Feabhra 2012 a rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí agus chomhaontaigh an Coiste nár chóir é a athrú an t-am sin.

I mí na Nollag 2014, thug an Ard-Chúirt rialú maidir le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach ó Eileen Reid i ngeall ar chinneadh a thóg Comhairle Chathair Bhéal Feirste gan pláta breise ainmniúcháin a chur suas i nGaeilge i gCéide Bhaile Uí Mhurchú, Béal Feirste. Rinne an Chúirt rialú nach raibh beartas agus nós imeachta na Comhairle i gcoinne an dlí agus theip ar an iarratas.

2. ComharthaíochtAr an 7ú Nollaig 1999 chomhaontaigh an Fo-Choiste Páirceanna agus Áiseanna gur chóir comhartha fáilte i nGaeilge agus i mBéarla a chur suas ag an bhealach isteach i bPáirc na bhFál.

Ar an 8ú Nollaig 1999 chomhaontaigh an Fo-Choiste Páirceanna agus Áiseanna gur chóir na fógraí agus na comharthaí a bheith dátheangach (Béarla/Gaeilge) a bhaineann le soláthar an Chláir Infheistíochta sa Cheathrú Ghaeltachta.

Ar an 7ú Meán Fómhair 2012 chomhaontaigh an Coiste Straitéiseach Polasaí agus Acmhainní gur chóir an fógra Nollaig Shona, a bhronn an Chultúrlann, a chur suas arís ag an bhealach isteach thoir i Halla na Cathrach.

29

Page 30: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Ba chóir a thabhairt faoi deara gur phléigh an Chomhairle dréachtbheartas ar chomharthaíocht dhátheangach (Béarla / Gaeilge) i Samhain 2007 ach rinneadh cinneadh gur i mBéarla amháin a bheadh sí, seachas fógraí ilteangacha fáilte nuair a bhíonn éileamh cuí ann.

3. Scéim ChomhionannaisSan áireamh i Scéim Chomhionannais na Comhairle (faomhadh 2012), a leagann amach socruithe na Comhairle maidir le dualgais comhionannais a chomhlíonadh faoi Alt 75 den Acht um Thuaisceart Éireann 1998, tá tiomantas eolas a chur ar fáil i bhformáidí éagsúla ach sin a iarraidh, nuair atá sé réasúnta praiticiúil. Luann an Scéim gur féidir leo seo a leanas bheith mar fhormáidí - Éasca a léamh, Braille, formáidí fuaime (CD, mp3 nó DAISY), cló mór nó teangacha mionlaigh le riar ar riachtanais na ndaoine nach é an Béarla a gcéad teanga (mír 6.3). Tá an tiomantas céanna san áireamh sa Dréachtpholasaí Comhionannais 2015.

30

Page 31: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 5

Oibleagáidí Dlíthiúla Idirnáisiúnta agus Inmheánacha

1. Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an ChéastaI Mír 3 den Chomhaontú tá sraith coimitmintí i ndáil le saincheisteanna eacnamúla, cultúrtha agus sóisialta, a chuimsíonn foráil ghinearálta faoi theangacha mionlaigh:

‘All participants recognise the importance of respect, understanding and tolerance in relation to linguistic diversity, including in Northern Ireland, the Irish language, Ulster-Scots and the languages of the various ethnic communities, all of which are part of the cultural wealth of the island of Ireland.’

Rinneadh an Comhaontú roimh an Chairt Eorpach agus is léir go raibh na coimitmintí i Mír 3 ag díriú ar an tréimhse aistrithe roimh fhaomhadh na Cairte Eorpaí ag an RO.

2. Acht Thuaisceart Éireann (Comhaontú Chill Rímhinn) 2006Leagann an tAcht seo dualgas ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann straitéis a ghabháil maidir le caomhnú agus le cosaint na Gaeilge.

3. Creat-Choinbhinsiún ar Chosaint Mionlach NáisiúntaNí hionann agus an Chairt Eorpach, (a dhíríonn ar theangacha), díríonn an Creat-Choinbhinsiún ar ghrúpaí teanga mionlaigh. Ní chuireann sé aon oibleagáid infheidhmithe go díreach ar chomhairlí áitiúla, ach tá san áireamh ann roinnt forálacha i ndáil le teangacha mionlaigh. Éilíonn Airteagal 11, go háirithe, ar an stát a aithint go bhfuil de cheart ag gach duine a bhaineann le mionlach náisiúnta a (h)ainmneacha sa teanga mhionlaigh a úsáid. Éilíonn an t-airteagal seo ar an stát fosta ainmneacha traidisiúnta áitiúla, sráidainmneacha agus logainmneacha eile a thaispeáint sa teanga mhionlaigh, nuair a bhíonn éileamh leordhóthanach air sin, agus i gceantair inar mhair líon suntasach daoine a bhaineann le mionlach náisiúnta.

4. Cairt an AE um Chearta BunúsachaDéanann an Chairt Eorpach foráil shimplí : "the Union shall respect cultural, religious and linguistic diversity." Tá an Chairt Eorpach inchorpraithe sa dlí inmheánach.

31

Page 32: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

5. An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR)Cuireann an ECHR agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i Strasbourg oibleagáid ghinearálta ar an stát meas a bheith aige ar an iolrachas teanga agus ar chearta mionlach. Tá an ECHR inchorpraithe sa dlí inmheánach.

32

Page 33: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 6

Éileamh ar Theangacha Mionlaigh

1. GaeilgeLéiríonn Tábla 1 go bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge ag 13.45% de dhaonra Bhéal Feirste (dar aois 3+), i gcomparáid le 10.65% de dhaonra Thuaisceart Éireann trí chéile. Tá 16,000 duine a bhfuil labhairt, léamh, scríobh agus tuiscint na Gaeilge acu agus seo an grúpa is mó a bhainfidh tairbhe as seirbhísí Gaeilge bheith ar fáil.Tábla 1

Béal Feirste Tuaisceart Éireann

Líon % Líon %

Tuigeann Gaeilge ach ní léann, scríobhann ná labhraíonn í

15,069 4.70 70,501 4.06

Labhraíonn Gaeilge ach ní léann ná scríobhann í 6,129 1.91 24,677 1.42

Labhraíonn agus léann Gaeilge ach ní scríobhann í

1,555 0.49 7,414 0.43

Labhraíonn, léann, scríobhann agus tuigeann Gaeilge

16,440 5.13 64,847 3.74

Cumasc eile scileanna 3,913 1.22 17,459 1.01

Iomlán - Cumas éigin Gaeilge 43106 13.45 184898 10.65

Taispeánann Tábla 2 an céatadán daoine sna toghcheantair Tionóil/Parlaiminte (Béal Feirste Thoir, Thuaidh, Theas agus Thiar) a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu; mar sin féin, is cóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil na ceantair seo ag teacht go díreach cruinn le teorainn nua chomhairle na cathrach agus tá timpeall 60,000 duine san áireamh a chónaíonn taobh amuigh de limistéar Bhéal Feirste. Tá figiúirí níos airde i dtoghcheantar Bhéal Feirste Thiar ina bhfuil an ceantar Gaeltachta bunaithe.

Tábla 2

Thoir Thuaidh Theas Thiar

Tuigeann Gaeilge ach ní léann, scríobhann ná labhraíonn í

1.49 4.19 4.69 7.05

Labhraíonn Gaeilge ach ní léann ná scríobhann í 0.47 1.77 1.41 3.41

Labhraíonn agus léann Gaeilge ach ní scríobhann í

0.15 0.46 0.52 0.69

33

Page 34: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Labhraíonn, léann, scríobhann agus tuigeann Gaeilge

1.26 4.3 4.97 8.15

Cumasc eile scileanna 0.38 1.10 1.33 1.69

Iomlán - Cumas éigin Gaeilge 3.75 11.72 12.92 20.98

2. Oideachas Gaeilge (IME)Tugann tábla 3 faisnéis faoin líon daltaí a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge. Tógadh na sonraí ó Dhaonáireamh na Scoileanna 2014/15.

Tábla 3Líon ionad Líon daltaí

2014/15Naíscoileanna 13 442Bunscoileanna 9 1,194Meánscoileanna 1 580Clubanna Óige 7 760Iomlán 2976

Tá 16 mheánscoil chomh maith ag teagasc Gaeilge i limistéar na Comhairle.

3. An UltaisLéiríonn Tábla 4 go bhfuil cumas éigin san Ultais ag 5.23% de dhaonra Bhéal Feirste (dar aois 3+), i gcomparáid le 8.08% de dhaonra Thuaisceart Éireann ina iomláine. Tá breis agus 2000 duine a labhraíonn, a léann, a scríobhann agus a thuigeann an Ultais agus seo an grúpa is mó a bhainfidh tairbhe as soláthar seirbhísí Ultaise. Táble 4

Béal Feirste Tuaisceart Éireann

Líon % Líon %

Tuigeann Ultais ach ní léann, scríobhann ná labhraíonn í

11,028 3.44 92,040 5.30

Labhraíonn Ultais ach ní léann ná scríobhann í 889 0.28 10,265 0.59

Labhraíonn agus léann Ultais ach ní scríobhann í 575 0.18 7,801 0.45

Labhraíonn, léann, scríobhann agus tuigeann Ultais

2,205 0.69 16,373 0.94

Cumasc eile scileanna 2,061 0.64 13,725 0.79

Iomlán - Cumas éigin san Ultais 16,758 5.23 140,204 8.08

34

Page 35: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Léiríonn Tábla 5 an céatadán daoine sna toghcheantar Tionóil/Parlaiminte (Béal Feirste Thoir, Thuaidh, Theas agus Thiar) a bhfuil cumas éigin acu san Ultais.

35

Page 36: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Tábla 5

Thoir Thuaidh Theas Thiar

Tuigeann Ultais ach ní léann, scríobhann ná labhraíonn í

4.87 3.28 4.40 1.60

Labhraíonn Ultais ach ní léann ná scríobhann í 0.36 0.27 0.34 0.14

Labhraíonn agus léann Ultais ach ní scríobhann í 0.26 0.16 0.25 0.05

Labhraíonn, léann, scríobhann agus tuigeann Ultais

0.82 0.89 0.68 0.46

Cumasc eile scileanna 0.87 0.57 0.91 0.25

Iomlán - Cumas éigin san Ultais 7.18 5.17 6.57 2.51

4. Na Teangacha is mó a labhraítearLéiríonn Tábla 6 go bhfuil 4.95% de thithe i mBéal Feirste ina bhfuil ar a laghad duine amháin nach é an Béarla an príomhtheanga aige/aici agus nach bhfuil éinne le Béarla mar phríomhtheanga i 2.71% de thithe.

Tábla 6

Béal Feirste Tuaisceart Éireann

Líon % Líon %

Béarla mar phríomhtheanga ag gach duine dar aois 16+ sa líon tí

134,567 95.06 678,135 96.43

Ar a laghad duine amháin ach ní gach duine dar aois 16+ sa líon tí le Béarla mar phríomhtheanga

2,734 1.93 8,618 1.23

Gan aon duine dar aois 16+ ach ar a laghad duine amháin dar aois 3-15 bliana le Béarla mar phríomhtheanga

433 0.31 1,546 0.22

Gan aon duine sa líon tí le Béarla mar phríomhtheanga

3,833 2.71 14,976 2.13

Léirigh an Daonáireamh gurb iad seo a leanas na teangacha is mó a labhraítear i mBéal Feirste (seachas Béarla agus Gaeilge): an Pholainnis (1.22%), an tSínis (0.3%), an Tagálaigis/an Fhilipínis (0.24%) agus an tSlováicis (0.17%).

D'fhoilsigh Gníomhaireacht Taighde agus Staitisticí Thuaisceart Éireann (NISRA) sonraí le déanaí faoi úsáid teangacha do Thuaisceart Éireann ina hiomláine a léiríonn go bhfuil labhairt an Bhéarla go maith nó go han-mhaith ag céatadán ard áitreoirí arb iad an Tagálagais/an Fhilipínis (99%), an Ghaeilge (98%) nó an Mhailéalaimis (92%) a

36

Page 37: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

bpríomhtheangacha. Mar sin féin, tá na figiúirí i bhfad níos ísle dóibh siúd arb iad an tSínis (61%), an Liotuáinis (62%), an tSlováicis (64%), an Pholainnis (66%), an Rúisis (66%), an Ungáiris (68%), an Laitvis (71%) nó an Phortaingéilis (73%) a bpríomhtheangacha.

Tá éagsúlacht mhór ann ó thaobh aoisghrúpa de fosta, le 50% dóibh siúd nach é an Béarla a bpríomhtheanga in aois idir 25-44, i gcomparáid le 28% díobh siúd arb é an Béarla a bpríomhtheanga.

5. Deacrachtaí cumarsáideTugann Tábla 7 faisnéis faoi dhaoine ar a bhfuil bodhaire (nó páirtchaillteanas éisteachta), daille (nó páirtchaillteanas radharc na súl) agus deacracht eile cumarsáide. Ní thugann Daonáireamh Thuaisceart Éireann faisnéis faoi lucht úsaide teanga comharthaíochta nó léitheoirí Braille, ach measann RCEF go n-úsáideann timpeall 5,000 duine i dTuaisceart Éireann teanga chomharthaíochta mar roghmheán cumarsáide, le 3,500 duine ag úsáid BSL agus 1,500 ag úsáid ISL.

Tábla 7

Béal Feirste Tuaisceart Éireann

Líon % Líon %

Daoine ar a bhfuil bodhair nó páirtchaillteanas éisteachta

18,261 5.47 93,091 5.14

Daoine ar a bhfuil daille nó páirtchaillteanas radharc na súl

6,729 2.02 30,862 1.70

Daoine a bhfuil deacracht cumarsáide acu 6,460 1.93 29,871 1.65

37

Page 38: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 7

Aiseolas ó chomhairliúchán(2013)

1. Earnáil na GaeilgeRinneadh moltaí praiticiúla éagsúla a thógfadh ar sheirbhísí atá ar fáil faoi láthair, ar nós:

d'fhéadfaí eolas faoi sheirbhísí atá ar fáil faoi láthair do lucht na Gaeilge a chur ar shuíomh idirlín na Comhairle chomh maith le nasc ón leathanach baile go dtí suímh eile Gaeilge agus earnála cultúir; d'fhéadfaí fosta doiciméid thábhachtacha de chuid na Comhairle a chur ar fáil i nGaeilge ar an suíomh;

d'fhéadfaí fógraíocht níos fearr a dhéanamh faoi na turais i nGaeilge thart ar Halla na Cathrach, agus méadú ar líon na dturas mar sin atá ar fáil; d'fhéadfaí plé a dhéanamh faoi thurais i nGaeilge a chur ar fáil in ionaid eile;

d'fhéadfaí rochtain níos fearr a éascú ar ionaid agus ar áiseanna na Comhairle le haghaidh imeachtaí Gaeilge agus cultúir agus d'fhéadfaí deiseanna a shaothrú le comhthaispeántais oidhreachta a chur ar siúl;

d'fhéadfaí tionscnaimh a fheidhmiú le feasacht a ardú i measc fhoireann na Comhairle faoin pholasaí reatha teanga agus na saincheisteanna praiticiúla maidir leis an aistriúchán; d'fhéadfaí an fhoireann a chur ar an eolas níos fearr faoi obair earnáil na Gaeilge i mBéal Feirste;

d'fhéadfaí plé a dhéanamh ar Oifigeach Gaeilge a cheapadh.

2. Earnáil na hUltaiseThug na hionadaithe earnála le fios nárbh ionann céim forbartha don Ghaeilge agus don Ultais agus nach raibh an glacadh céanna i mBéal Feirste leis an Ultais a bhí léi i gcodanna eile de Thuaisceart Éireann. Bhí réamhchlaonadh le brath faoi úsáid na hUltaise agus bhí gá le teagmháil chultúrtha níos leithne le hoidhreacht na nUltach Albanach agus leis an chultúr a cheiliúradh ar bhealach níos oscailte.

Ba mhian leis na hionadaithe earnála fócas a fheiceáil ar ghnéithe cultúrtha agus oidhreachta na teanga seachas ar an ghá le seirbhísí aistriúcháin. D'fháiltigh siad roimh thiomantas na Comhairle tacú le gníomhaíochtaí cultúrtha agus le traidisiúin na nUltach

38

Page 39: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Albanach ar bhealaí praiticiúla; mar sin féin, ba údar imní acu go bhféadfaí an dearcadh a bheith ann go gcothódh cur chun cinn aon teanga ar bith naimhdeas polaitiúil.

3. Teanga na mionlach eitneachMhol ionadaithe na hearnála BME na nithe seo a leanas:

ba chóir poiblíocht níos fearr a dhéanamh ar Phaca Fáilte na Comhairle agus d'fhéadfaí nasc leis an Phaca Fáilte a áireamh in uasdátú rialta leictreonach a d'fhéadfaí a chur thart ar eagraíochtaí cuí;

ba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid;

d'fhéadfaí bileog a chur ar fáil d'fhoireann na Comhairle le go mbeidh siad ábalta cuidiú le húsáideoirí seirbhíse an t-aistriúchán atá de dhíth;

d'fhéadfadh an Chomhairle tacú le tionscnaimh le ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht agus ar thraidisiúin na dteangacha éagsúla a labhraítear i mBéal Feirste.

39

Page 40: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 8

Samplaí den dea-chleachtas ó Threoircháipéis Fhoras na Gaeilge

Brandáil

1. Tá suaitheantas agus teideal na Comhairle le feiceáil i nGaeilge agus i mBéarla, ar a suíomh idirlín agus ar stáiseanóireacht na Comhairle.

2. Tá suaitheantas agus teideal le feiceáil i mBéarla agus i nGaeilge mar atá luaite faoi uimhir 10 agus i gcomhthéacsanna eile ina mbeidh sé le feiceáil ag lucht úsáide Gaeilge (sólanna, feithiclí, acmhainní eile) i gceantair ina bhfuil pobail Gaeilgeoirí.

3. Tá suaitheantas agus teideal na Comhairle le feiceáil gach áit a bhfuil siad i mBéarla.4. Tá treoir chuimsitheach ar shuíomh idrlín Fhoras na Gaeilge (www.gaeilge.ie/treoir) faoin

dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir leis an chomharthaíocht dhátheangach do theangacha mionlaigh. Tá na nithe seo a leanas san áireamh:

a. Úsáidtear an cló céanna don dá theanga.b. Tá an Ghaeilge suite ar dtús (thuas nó ar chlé). Toisc gur féidir le gach Gaeilgeoir Béarla a léamh, níor ghá an Ghaeilge dá gcuirfí sa dara háit í.c. Tá an Ghaeilge cothrom leis an Bhéarla sa chaoi nach bhfuil an leid ann do phobal na Gaeilge nach bhfuil siad chomh tábhachtach le lucht Béarla.d. Fágann dath an téacs Gaeilge go bhfuil sé chomh hinléite agus chomh sofheicthe leis an téacs Béarla.

Doiciméid as Gaeilge

1. Tá na doiciméid is mó a úsáideann an pobal ar fáil go dátheangach i bhformáid leictreonach.

2. Tá na doiciméid is mó a úsáideann an pobal ar fáil go dátheangach mar chóip chrua agus go leictreonach.

3. Fiafraítear de chustaiméirí cén rogha teanga atá acu: Gaeilge nó Béarla.4. Tá doiciméid chorparáideacha, foirmeacha (inmheánacha agus seachtrach) agus

doiciméid eile de chuid na Comhairle ar fáil go dátheangach, mar chóip chrua nó go leictreonach.

Foireann de chuid na Comhairle le Gaeilge

1. Tá plean forfheidhmithe gearrthéarmach ann le cuidiú bogadh i dtreo seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.

2. Cuirtear fáilte roimh iarratais ar phoist ó chainteoirí Gaeilge.

40

Page 41: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

3. Ainmnítear baill foirne faoi leith le tacaíocht Ghaeilge a chur ar fáil do gach rannóg Chomhairle a bhíonn ag plé le pobal na Gaeilge.

4. Tá cumas Gaeilge inmhianaithe do chéatadán áirithe d'fhostaithe nua. 5. Tá cumas Gaeilge riachtanach do chéatadán áirithe d'fhostaithe nua.6. Tá baill foirne le cumas Gaeilge i nach rannóg.7. Tá Oifigeach Gaeilge fostaithe leis an Ghaeilge a chur chun cinn taobh istigh den

Chomhairle agus i gceantar na Comhairle.8. Tá cumas Gaeilge ag an Oifigeach Cumarsáide.

Bealaí Eile le Seirbhísí a Chur ar Fáil as Gaeilge

1. Bíonn fáilte roimh ríomhphoist i nGaeilge, agus cuirtear freagra sa teanga sin.2. Tá ball foirne le Gaeilge ar fáil le freagairt do ghlaonna Gaeilge.3. Tá líne shonrach teileafóin ann do chainteoirí Gaeilge i ngach rannóg agus tá ball foirne

ann atá ábalta glaonna a fhreagairt i nGaeilge. Is féidir an rogha Gaeilge a úsáid a lua go huathoibríoch nó trí fháilteoir.

4. Déantar glaonna i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge trí bhall ainmnithe foirne bheith ar fáil nuair a thagann an glaoch.

Comhfhreagras

1. Cuirtear admháil chaighdeánach i nGaeilge a ghabhann buíochas leis an chomhfhreagraí á chur in iúl cá fhad a thógfaidh sé a gcomhfhreagras a fhreagairt i nGaeilge.

2. Bíonn fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge agus freagraíonn ball foirne é a bhfuil an dualgas sin aige/aici.

3. Bíonn fáilte roimh chomhfhreagras Gaeilge agus déantar a fhreagairt i nGaeilge agus tá seoladh sonrach rphoist ann, mar shampla: [email protected].

4. Bíonn fáilte roimh chomhfhreagras i Gaeilge agus déantar a fhreagairt i nGaeilge agus bíonn baill foirne ar fáil chuige sin i ngach rannóg.

Seirbhísí do na Meáin Ghaeilge

1. Cuirtear urlabhraí le Gaeilge ar fáil nuair a iarrtar sin.2. Cuirtear preasráitis Ghaeilge ar fáil go rialta do na meáin Ghaeilge sa chás go mbaineann

an t-ábhar leis an Ghaeilge nó le pobal na Gaeilge.3. Cuirtear leagan Gaeilge nó leagan dátheangach de gach preasráiteas ar fáil do na meáin

Ghaeilge.4. Bíonn urlabhraí le Gaeilge ar fáil do na meáin agus cuirtear gach preasráiteas amach go

dátheangach.

41

Page 42: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Seirbhísí do na Meáin Shóisialta as Gaeilge

1. Ábhar dátheangach ar Facebook agus Twitter.2. Bíonn ábhar faoin Ghaeilge agus faoi ábhair bhainteacha i nGaeilge ar Facebook agus Twitter.3. Bíonn ábhar Gaeilge ar Facebook agus Twitter go rialta agus go minic.4. Oibríonn an Chomhairle go dlúth leis an Rannóg Margaíochta agus Cumarsáide le

hiarratais a phróiseáil ó na meáin Ghaeilge, bíonn siad i dteagmháil rialta leis na meáin Ghaeilge chraolta, chló agus ar líne. Bíonn bunachar teagmhálacha ann do na meáin Ghaeilge.

Suíomh Gréasáin

1. Tá eolas áirithe dátheangach ar shuíomh na Comhairle - ceannteidil agus eolas faoi imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge.

2. Tá eolas éigin dátheangach ar an suíomh, ar an leathanach baile agus ar leathanaigh eile le hábhar faoin Ghaeilge agus cúrsaí bainteacha.

3. Tá rogha teangacha, Béarla/Gaeilge, ar an leathanach baile agus tá dhá shuíomh chomhthreomhara Gaeilge agus Béarla ann.

4. Tá mionláithreán Gaeilge ann ar a bhfuil cartlann foirmeacha, iarratas agus foilseachán chomh maith le heolas faoi imeachtaí agus faoi thionscnaimh.

Oiliúint sa Ghaeilge - Moltar Córas an Teastais Eorpaigh sa Ghaeilge (TEG) a leanúint

1. Pléitear an cheist leis an Roinn Acmhainní Daonna.2. Cuirtear iniúchadh ar bun lena fháil amach cén cumas Gaeilge atá ag baill foirne na

Comhairle.3. Tugtar eolas d'fhostaithe faoi ranganna.4. Tugtar cuireadh do RCEF cur i láthair a dhéanamh faoi Líofa agus spreagtar fostaithe clárú

le Líofa.5. Bronntar teastas oiliúna ar aon chúrsa Gaeilge a críochnaíodh.6. Faightear Gaelchultúr le sainoiliúint a chur ar fáil d'fhostaithe a mbeidh dualgais áirithe

Gaeilge orthu.7. Faightear Gaelchultúr le sainoiliúint a chur ar fáil d'fhostaithe ginearálta.8. Bíonn ranganna Gaeilge ar fáil ag gach leibhéal do bhaill foirne na Comhairle agus do

chomhaltaí na Comhairle ar bhonn seachtainiúil taobh istigh d'uaireanta oibre, ag am lóin nó i ndiaidh na hoibre.

9. Tá tacaíocht agus maoiniú ar fáil don fhoireann le haghaidh oiliúna san éagsúlacht teanga.

42

Page 43: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

10. Bíonn scoláireachtaí Gaeilge ar fáil don fhoireann.

Feasacht na Gaeilge don Fhoireann

1. Bíonn oiliúint san Fheasacht Teanga san áireamh sa chlár ionduchtaithe do bhaill nua foirne.

2. Sa chás nach mbeidh cúrsa mar sin ar fáil sa Chomhairle, spreagtar fostaithe le freastal ar chúrsa feasachta á reáchtáil ag Comhairle eile.

3. Déantar bileog Ghaeilge agus bileoga eolais a réiteach don Chomhairle i gcomhar le heagraíochtaí Gaeilge ar nós Fhoras na Gaeilge nó Chonradh na Gaeilge.

4. Déantar Scéim Feasachta Teanga a thionscnamh don Fhoireann a chuireann síos ar oibleagáidí na Comhairle faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnach nó Mionlaigh agus cuirtear oiliúint ar fáil faoin scéim sin ar bhonn rialta do gach fostaí.

Comharthaíocht Inmheánach as Gaeilge (taobh istigh den Chomhairle)

1. Bíonn comharthaíocht Ghaeilge ar fáil ach sin a iarraidh agus má bhíonn éileamh ón phobal, de réir threoir Fhoras na Gaeilge (www.gaeilge.ie/treoir), ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

2. Bíonn an chomharthaíocht ar fad dátheangach de réir threoir Fhoras na Gaeilge agus ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Comharthaíocht as Gaeilge taobh amuigh den Chomhairle

1. Bíonn comharthaíocht Ghaeilge ar fáil san áit a bhfuil éileamh uirthi.2. Comharthíaocht Ghaeilge san áit a bhfuil naíscoil nó ionad oideachais Ghaeilge. Bíonn

treoracha chucu seo i nGaeilge chomh maith.3. Luann polasaí na Comhairle comharthaíocht Ghaeilge ar bhealach a chuimsíonn

sráidainmneacha, comharthaí ainmneacha bóthair srl.

Seirbhís Sráidainmneacha agus Logainmneacha

Moltar úsáid a bhaint as oidhreacht na logainmneacha le feasacht faoin Ghaeilge a chur chun cinn agus go ndéantar, trí chomhoibriú leis an Stiúrthóireacht Seirbhísí Comhshaoil, aistriúcháin ar shráidainmneacha agus logainmneacha a chur ar fáil. Moltar bunachar dátheangach sráidainmneacha a chruthú agus a chur ar fáil ar líne.

1. Cuirtear fáilte roimh sheoltaí Gaeilge a úsáid.

43

Page 44: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

2. Cuirtear fáilte roimh sheoltaí Gaeilge a úsáid agus tugtar comhairle faoi logainmneacha.3. I gcomhar leis na heagrais chuí, tugtar comhairle don phobal faoi shráidainmneacha agus

faoi logainmneacha áitiúla.4. Spreagtar an pobal leis an leagan Gaeilge dá seoltaí a úsáid.

Seirbhís Aistriúcháin agus Ateangaireachta (ag cruinnithe na Comhairle)

1. Bíonn seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta ar fáil má bhíonn ball foirne de chuid na Comhairle ar fáil lena sholáthar.

2. Bíonn seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta ar fáil ach iad a iarraidh.3. Bíonn fáilte roimh iarratais ó phobal na Gaeilge an Ghaeilge úsáid ach fógra a thabhairt, le

gur féidir seirbhís aistriúcháin/ateangaireachta comhuainí a chur ar fáil agus cuirtear seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta ar fáil don phobal.

4. Bíonn fáilte roimh Chomhairleoirí Gaeilge a úsáid má thugtar fógra faoi le gur féidir seirbhís aistriúcháin/ateangaireachta comhuainí a chur ar fáil.

5. Cuirtear seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta ar fáil ó phainéal aistritheoirí.6. Fostaíonn an Chomhairle aistritheoir/ateangaire nó bíonn fosta le Gaeilge ar fáil leis an

aistriúchán agus ateangaireacht a chur ar fáil.7. Cuirtear córas ateangaireachta agus bogearraí aistriúcháin ar fáil don Chomhairle le

húsáid ag oifigigh ainmnithe.

Cur chuige maidir le Forbairt na Gaeilge i gCeantar na Comhairle

1. Aithnítear an Ghaeilge sna critéir mhaoinithe do scéimeanna tacaíochta na Comhairle.2. Cuirtear roinnt foilseachán ar fáil, sa chás go mbíonn éileamh air sin.3. Bíonn gach foilseachán ar fáil go dátheangach.4. Foilsítear nuachtlitir shéasúrach le cuid (i mBéarla) faoi imeachtaí Gaeilge, eolas faoi

scoileanna Gaeilge sa cheantar, srl.5. Foilsítear nuachtlitir shéasúrach le cuid i nGaeilge le fógraíocht a dhéanamh faoi

imeachtaí agus eolas ábhartha eile.6. Foilsítear nuachtlitir rialta Ghaeilge le poiblíochta a dhéanamh faoi sheirbhísí Gaeilge na

Comhairle, eolas faoi imeachtaí Gaeilge (Seachtain na Gaeilge, srl.), agus oideachas Gaeilge i gceantar na Comhairle.

Feasacht Ghaeilge don Phobal

1. Tugtar tacaíocht d'imeachtaí Gaeilge agus bíonn fáilte roimh imeachtaí Gaeilge a reáchtáil i bhfoirgnimh na Comhairle.

2. Tugtar cuireadh d'oifigigh Líofa cur i láthair a dhéanamh faoin tionscnamh.3. Cuirtear eolas ar fáil faoi ranganna Gaeilge i gceantar na Comhairle (i gcomhar le Gael-

Linn)

44

Page 45: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

4. Déantar naisc le pobal na Gaeilge i gceantar na Comhairle a fhorbairt trí bhunachar teagmhálacha.

5. Déantar sraith imeachtaí Gaeilge agus imeachtaí faoin Ghaeilge a eagrú ar bhonn bliantúil.

6. Déantar scéim feasachta ar líne a fhorbairt don phobal agus nasc inti chuig Connect 3 http://www.connect-3.co.uk do pháistí.

7. Cuirtear Fóram Gaeilge Pobail ar siúl le forbairt na Gaeilge sa cheantar a phlé agus a mheas agus chun plean teanga a fhorbairt.

8. Le tacaíocht Raidió Fáilte, bunaítear stáisiún raidió pobail.9. Cuirtear scoláireachtaí Gaeltachta nó do choláistí samhraidh ar fáil do dhaltaí scoile agus

do theaghlaigh.

Seirbhísí don Phobal

1. Bíonn doiciméid chlárúcháin Ghaeilge ann le haghaidh breitheanna, pósadh, páirtnéireachta sibhialta, básanna srl., de réir mar a bhíonn éileamh orthu.

2. Bíonn doiciméid chlárúcháin dhátheangacha ann le haghaidh breitheanna, pósadh, páirtnéireachta sibhialta, básanna srl., de réir mar a bhíonn éileamh orthu.

3. Bíonn córais ríomhaireachta inniúil ar eolas a fháil ón phobal i nGaeilge (sínte fada; socrúcháin teanga; ainmneacha ina leaganacha infhillte; logainmneacha agus socrúcháin ríomhaire atá cásíogair).

4. Foireann a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu le haghaidh breitheanna, póstaí, páirtnéireachtaí sibhialta, básanna srl. a chlárú.

5. Foireann a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu ar fáil leis na seirbhísí seo a chur ar fáil don phobal ar bhonn coinne.

6. Bíonn an rogha ag gach custaiméir an Ghaeilge a úsáid le haghaidh seirbhísí clárúcháin.

Tacaíocht don Oideachas Gaeilge agus do Scoileanna eile

1. Cuirtear eolas ar fáil don phobal maidir le scoileanna Gaeilge agus déantar treorú chuig Comhairle na Gaelscolaíochta

2. Cuirtear ceardlanna, scéimeanna agus pacástí eolais ar fáil i nGaeilge do scoileanna Gaeilge mar dhéantar leis na scoileanna Béarla, faoi sheirbhísí agus faoi imeachtaí de chuid na Comhairle, mar shampla an Athchursáil, an Bhithéagsúlacht, Comhionannas agus Dea-Chaidreamh, Scéim na Nollag (fáilte roimh dhaltaí Scoileanna Gaeilge scríobh chuig Daidí na Nollag i nGaeilge) agus Seachtain na Gaeilge (teagmháil agus comhoibriú le scoileanna Gaeilge agus Béarla lena linn sin ar fad).

3. Bíonn gach eolas, teagmhálacha agus scéimeanna a bhíonn ar fáil ag scoileanna Béarla agus dá gcuid daltaí, ar fáil chomh maith céanna do scoileanna Gaeilge agus dá gcuid daltaí.

45

Page 46: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

4. Cuirtear scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do dhaltaí i scoileanna Béarla agus i scoileanna Gaeilge.

46

Page 47: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Polasaí Gaeilge

1. Cód cúirtéise don Ghaeilge a fhorbairt2. Polasaí a fhorbairt a dhéanann riar ar riachtanais na Cairte Eorpaí agus riachtanais phobal

labhartha na Gaeilge3. Polasaí cuimisitheach a fhorbairt, i gcomhar le pobal labhartha na Gaeilge, a chlúdaíonn

gach gné den Ghaeilge taobh istigh den Chomhairle agus i measc an phobail i gceantar na Comhairle.

4. Plean straitéiseach a fhorbairt, i gcomhar le pobal labhartha na Gaeilge, a chlúdaíonn gach gné den Ghaeilge i gceantar na Comhairle - soláthar seirbhíse, forbairt na Gaeilge sa phobal agus sa Chomhairle féin, an Chomhairle a chumasú seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil.

47

Page 48: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Aguisín 9

Reachtaíocht Teanga san RO agus i bPoblacht na hÉireann

1. An Bhreatain BheagIn Acht na Breatnaise 1993 bunaíodh an prionsabal gur chóir, i gcúrsaí gnó poiblí agus riarachán an chirt sa Bhreatain Bheag, caitheamh go comhionann leis an Bhreatnais agus leis an Bhéarla. Tá ceangal ar fhorais phoiblí, comhairlí aitiúla san áireamh, Scéim Teanga Breatnaise a ullmhú a leagann amach na seirbhísí Breatnaise a chuirfidh siad ar fáil agus a lua fosta cén uair a bheidh na seirbhísí Breatnaise sin ar fáil.

Tháinig an Beartas Breatnaise (An Bhreatain Bheag) 2011 in áit cuid mhór d'fhorálacha an Achta agus thug sé stádas oifigiúil don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag. Chruthaigh an Beartas creat reachtúil nua a leag dualgas ar údaráis phoiblí caighdeáin a chomhlíonadh maidir leis an Bhreatnais, agus tháinig na caighdeáin seo in áit na Scéimeanna le himeacht ama. Ba é an cuspóir a bhí le caighdeáin a thabhairt isteach ná tuilleadh soiléire a thabhairt do na húdaráis phoiblí i dtaca lena ndualgais agus do lucht labhartha na Breatnaise faoi na seirbhísí a bhí siad i dteideal a fháil as Breatnais. Cinnteoidh na caighdeáin fosta comhleanúnachas breise sna seirbhísí Breatnaise agus feabhsóidh siad a gcáilíocht. Chuir an Beartas ceangal fosta ar fhorais phoiblí an Bhreatnais a úsáid ar bhealach cuí comhréireach.

Tá Scéimeanna Breatnaise ag comhairlí áitiúla sa Bhreatain Bheag le blianta. Den chuid is mó, clúdaíonn siad trí réimse:

Plé a dhéanamh le pobal labhartha na Breatnaise (comhfhreagras, cruinnithe agus ar an teileafón);

íomhá phoiblí na Comhairle (féiniúlacht chorparáideach, comharthaí, foilseacháin, foirmeacha, fógraíocht, preasráitis, taispeántais, suirbhéanna, fógraí poiblí agus fógraí earcaíochta);

Cúrsaí foirne (earcaíocht, oiliúint teanga agus oiliúint ghairmiúil).

2. AlbainBhunaigh Acht na Gàidhlig (Albain) 2005 stádas do Ghaeilge na hAlban mar theanga oifigiúil de chuid Alban, a mbeadh meas uirthi comhionann leis an Bhéarla. Bhunaigh sé Bòrd na Gàidhlig mar fhoras poiblí ar a bhfuil dualgas Plean Náisiúnta Gàidhlig a ullmhú gach cúig bliana. Tá de chumhacht ag an Bhord iachall a chur ar údaráis phoiblí, comhairlí áitiúla san áireamh, Plean don Ghàidlig a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm. Caithfidh gach plean aonair an Plean Náisiúnta a chur san áireamh agus an oiread a úsáidtear an Ghaeilge taobh istigh d'obair agus de sheirbhísí an údaráis phoiblí agus i dtaca leo.

48

Page 49: An Chairt E · Web viewba chóir go mbeadh foireann na Comhairle níos eolaí faoin tseirbhís ateangaireachta Big Word agus ba chóir oiliúint a chur orthu conas í a úsáid; d'fhéadfaí

Tá ceithre réimse soláthar seirbhísí sainaitheanta ag an Bhord ar mhian leis údaráis phoiblí tabhairt fúthu agus Pleananna Gàidhlig á réiteach acu. Seo a leanas iad:

Féiniúlacht (féiniúlacht chorparáideach agus comharthaíocht) Cumarsáid (lena n-áirítear fáiltiú, teileafón, post agus rphost, foirmeacha, cruinnithe

poiblí agus gnáis ghearáin) Foilseacháin (lena n-áirítear caidreamh poiblí agus meáin chumarsáide, ábhar clóite,

suímh ghréasáin agus taispeántais); Foireann (lena n-áirítear oiliúint, foghlaim teanga, earcaíocht agus fógraíocht).

3. Poblacht na hÉireannTá sé bunaithe i mBunreacht na hÉireann gur gá caitheamh leis an Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil, agus thug Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an ceart don phobal gnó a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge amháin. Éilíonn an tAcht ar údaráis phoiblí Scéimeanna Gaeilge a ullmhú, a shonraíonn cé na seirbhísí a chuirfear ar fáil sa Ghaeilge amháin, sa Bhéarla amháin, agus sa dá theanga. Caithfidh gach scéim na beartais a leagan amach a thógfaidh an t-údarás poiblí lena chinntiú go gcuirfear ar fáil aon seirbhísí le himeacht ama mura bhfuil siad á gcur ar fáil faoi i láthair na huaire. Agus an scéim á forbairt aige, ní mór don údarás poiblí a chur san áireamh cén t-éileamh atá ar sheirbhísí Gaeilge agus na hacmhainní agus an cumas fosta an inniúlacht riachtanach sa Ghaeilge a fhorbairt nó a rochtain.

49