wicklow local authority programme for ireland 2016

20
cill mhantáin / wicklow clár comórtha céad bliain Centenary Programme

Upload: ronan-mcdonnell

Post on 23-Jul-2016

238 views

Category:

Documents


4 download

DESCRIPTION

About the centenary celebrations and list of events in Wicklow for Ireland 2016

TRANSCRIPT

Page 1: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

1

cill mhantáin / wicklow

clár comórtha céad bliainCentenary Programme

Page 2: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

2

The Seven Programme Strands Seacht Snáithe an Chláir

State and Local Ceremonial Searmanais Stáit agus Áitiúla

Historical Reflection Machnamh ar an Stair

The Living Language An Teanga Bheo

Youth and Imagination An Óige agus an tSamhlaíocht

Cultural Expression Léiriú Cultúrtha

Community Participation Rannpháirtíocht Phobail

Global and Diaspora Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra

Page 3: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

3

the ireland 2016 centenary programme is built on Seven Programme Strands which, taken together, reflect the themes of Remembering, Reconciling, Presenting, Imagining and Celebrating. The programme will continue to grow and develop over the coming months. To see the updated programme, other county programmes and the national programme for 2016, please visit www.ireland.ie

tá éire 2016: clár comórtha céad bliain bunaithe ar Sheacht Snáithe an Chláir, agus nuair a thógtar iad sin i dteannta a chéile, léiríonn siad na téamaí Cuimhneamh, Athmhuintearas, Cur i Láthair, Samhlú agus Ceiliúradh. Leanfar ar aghaidh le fás agus forbairt na gclár sna míonna amach romhainn. Leis an gclár nuashonraithe a fheiceáil, chomh maith le cláir chontaetha eile agus an clár náisiúnta le haghaidh 2016, téigh chuig www.ireland.ie

Formal commemorative events, focused on remembering and honouring those who took part in the Easter Rising, and especially those who gave their lives.

Beidh imeachtaí foirmiúla comóraidh ann a bheidh dírithe ar na daoine a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, go háirithe iad siúd a thug a mbeatha lena linn, a thabhairt chun cuimhne agus a onórú.

A range of history-based activities and initiatives, designed to deepen and broaden our understanding of the events of 1916 and that pivotal period in our history.

Beidh réimse gníomhaíochtaí agus tionscnamh staire ann a cheapfar chun ár dtuiscint ar imeachtaí 1916 agus an tréimhse ríthábhachtach sin inár stair a dhoimhniú agus a leathnú.

Encouraging widespread citizen engagement in 1916 related events, involving the broadest possible community and voluntary sector participation in towns and villages throughout the country.

Saoránaigh a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí a bhainfidh le 1916, sa chaoi is go mbeidh an rannpháirtíocht is mó is féidir ag na hearnálacha deonacha agus pobail i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre.

Placing children and young people at the centre of the Ireland 2016 Centenary Programme and integrating historical exploration with a range of imaginative activities.

Cuirfear leanaí agus daoine óga i gcroílár Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain agus déanfar iniúchadh ar cheisteanna staire a chomhtháthú le réimse gníomhaíochtaí samhlaíocha.

Working with our creative community and arts organisations to reflect on our past, our present and our future, with a focus on 1916.

Oibriú lenár bpobal cruthaitheach agus eagraíochtaí ealaíon chun machnamh a dhéanamh ar an am atá thart in Éirinn, ar an saol atá ann faoi láthair agus ar a bhfuil i ndán dúinn amach anseo, agus béim faoi leith ar chuimhneachán 1916.

Inviting the global Irish family and friends of Ireland from all over the world to join us in remembering, reflecting and re-imagining.

Cuireadh a thabhairt do chlanna Gael ó gach cearn den domhan agus do chairde na hÉireann a bheith linn agus muid ag cuimhneamh, ag déanamh machnaimh agus ag athshamhlú.

Reflecting on the central place of the Irish language in the ideals of the Revolutionary Generation and celebrating the language through a diverse programme of events.

Cuirfear clár ilghnéitheach imeachtaí ar siúl mar léiriú ar áit lárnach na Gaeilge in idéil na glúine réabhlóidí agus chun an teanga a cheiliúradh.

Page 4: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

4

D’oibrigh Grúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin le chéile chun clár uaillmhianach a chur le chéile chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí na Cásca 1916 agus chun é sin a dhéanamh le hómós agus go tuisceanach.

Chuathas i gcomhairle leis an bpobal sular cuireadh an clár seo le chéile, lena n-áirítear ceardlanna oscailte don phobal agus iarradh ar an bpobal a gcuid tionscadal agus a gcuid smaointe a chur isteach i gcomhair tacaíocht deontais. Fuarthas iad sin agus rinneadh measúnú orthu. Ina theannta sin, tá tionscadail á bhforbairt ag Grúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin a bheidh mar chuid lárnach den fhéilire imeachtaí atá le teacht.

an comhthéacs stairiúil

Bhí Contae Chill Mhantáin ar cheann de na contaetha traidisiúnta deiridh in Éirinn a síríodh i 1606 ó thalamh a bhí mar chuid de chontaetha Bhaile Átha Cliath agus Cheatharlach roimhe sin. Bunaíodh é mar chontae ar leith, agus bhí sé mar aidhm grúpaí áitiúla mar mhuintir Uí Bhroin a chur faoi smacht, go háirithe a gceannaire ó dheireadh an 16ú haois, Fiach Mac Aodha Ó Broin:

Feagh MacHugh of the Mountain, Feagh MacHugh of the Glen - Who has not heard of the Glenmalure chief and the feats of his hard-riding men?

Thóg arm na Breataine an Bóthar Míleata, a shíneann ó Ráth Fearnáin go hAchadh Mheánach, agus a théann trasna na sléibhte, ó thuaidh go dtí ó dheas, chun cuidiú leo na ceannaircigh a bhí fós gníomhach i Sléibhte Chill Mhantáin a chur faoi chois tar éis éirí amach 1798.

Bhí siad in ann an bóthar a úsáid le dul isteach i limistéar a bhí ina cheárta ag éirí amach Éireannach leis na céadta bliain. Leanadh den traidisiún sin isteach sa 20ú haois.

Luann James MacSweeney “i ndiaidh cruinniú i nGairdíní Rotunda, Baile Átha Cliath, i mí na Samhna 1913 chun Óglaigh na hÉireann a eagrú áit ar thug ceannairí aithisc, go mór mór Pádraig Mac Piarais, bunaíodh an chéad chomplacht den eagraíocht seo i mBré” [aistriúchán]. Mhúscail tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair agus i gCill Chomhghaill i samhradh na bliana 1914 spéis an phobail agus tháinig méadú ar líon na ndaoine a bhí páirteach sa ghluaiseacht. De bharr scoilteadh in Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna

Foreword Brollach

Wicklow County Council 2016 Steering Group has worked together to produce an ambitious programme to commemorate the events of Easter 1916 in a respectful and sensitive manner.

This programme follows consultation with the public, including open community workshops and a call for the public to submit their projects and ideas for grant aid support. These have been received and assessed. In addition, Wicklow County Council 2016 Steering Group is also developing projects which will form a central part of the upcoming calendar of events.

historical context

County Wicklow was the last of the traditional counties of Ireland to be shired in 1606 from land previously part of counties Dublin and Carlow. Established as a distinct county, it was aimed at controlling local groups such as the O’Byrnes, in particular its late 16th century leader, Feagh MacHugh O’Byrne:

Feagh MacHugh of the Mountain, Feagh MacHugh of the Glen -Who has not heard of the Glenmalure chief and the feats of his hard-riding men?

The Military Road, stretching from Rathfarnham to Aghavannagh, which crosses the mountains, north to south, was built by the British army to assist them in defeating the rebels still active in the Wicklow Mountains following the 1798 rebellion. It provided them with access to an area that had been a hotbed of Irish rebellion for centuries. This tradition continued into the 20th century.

James MacSweeney states that “following a meeting in the Rotunda Gardens, Dublin, in November 1913 to organise the Irish Volunteers where addresses were delivered by leaders, notably P. H. Pearse, the first company of this organisation was formed in Bray”. The Howth and Kilcoole gun running of summer 2014 increased interest and numbers in the movement. A split in the Irish Volunteers in November 1914, depleted numbers loyal to the original Volunteers.

The cancellation of the Rising, originally set for Easter Sunday, led to some confusion. As a result, the Bray Company took no official part in the rising, other than cutting telephone lines in the town. Two of its

Page 5: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

5

1914, tháinig laghdú ar líon na ndaoine a bhí dílis do na hÓglaigh a bhí ann an chéad lá riamh.

D’fhág cealú an Éirí Amach, a bhí socraithe ar dtús le haghaidh Dhomhnach Cásca, mearbhall ar chuid mhaith. Mar gheall air sin, ní raibh aon pháirt oifigiúil ag Complacht Bhré san éirí amach, seachas línte teileafóin a ghearradh sa bhaile. Bhí beirt de na baill, áfach, páirteach sa trodaíocht–Stephen (Steenie) Mulvey agus Tom Sutton. D’éirigh le Sutton dul chomh fada leis an GPO agus throid sé ansin ón Máirt go dtí gur ghéill sé.

Tugann Desmond Fitzgerald (athair an Taoisigh ina dhiaidh sin, Garret Fitzgerald) cuntas mionsonraithe, pearsanta den bhaint a bhí aige féin le hÓglaigh na hÉireann. Go luath i 1915, cuireadh Fitzgerald aníos as Ciarraí go dtí oirthuaisceart Chontae Chill Mhantáin, agus bhí sé freagrach as earcaithe de chuid Óglaigh na hÉireann ón gceantar sin a rollú agus a chur faoi oiliúint. Deir sé “Bhí contae Chill Mhantáin ó Bhré, go dtí i bhfoisceacht scór míle den oifig phoist san Inbhear Mór faoi mo chúram”. Tugann Fitzgerald, ar bhogadh go Bré dó, cuntas ar an bplé díreach a bhí aige le Arthur Griffith, leis an Rathaileach, le Cathal Brugha, agus le hEoin MacNeill. Deir sé: “De réir mar a theannamar le hoifig an phoist, chonaiceamar an Bhratach á hardú ar an díon, agus Mac Piarais ina sheasamh amuigh ar an tsráid. Shílfeá nach dtarlódh a leithéid de rud go deo. Dúirt mé le mo bhean chéile “is fiú bás a fháil ar son na cúise”. De réir mar a rith mé féin agus mo bhean chéile chun tosaigh, chonaic Mac Piarais mé agus chuir sé fáilte romham. Bhí ualach éigin air, shílfeá. Bhí a fhios agam go raibh sé lúcháireach ach ag an am céanna d’aithneofá gur bhraith sé freagracht ollmhór a bheith air. Dúirt sé liom go raibh O’Reilly in oifig an phoist, go raibh sé i gceannas ar thaobh amháin den phíosa bairr, agus rinne sé aidiúnach de chuid O’Reilly díom”.

Bhí cuid mhaith nasc ag Contae Chill Mhantáin le 1916 lena n-áirítear:

• D’ardaigh Harry Walpole (Bré) an bhratach ar Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath

• Chuaigh Elizabeth O’Farrell in éineacht le Pádraig Mac Piarais chun géilleadh don Ghinearál Lowe. Fuair sí bás i 1957, i Halla Fatima, Bré

members did, however, take part in the fight–Stephen (Steenie) Mulvey and Tom Sutton. The former managed to get to the GPO and fought there from Tuesday to its surrender.

Desmond Fitzgerald (father of future Taoiseach, Garret Fitzgerald) gives a detailed, first hand account of his involvement with the Irish Volunteers. In early 1915, Fitzgerald was sent from Kerry to north east County Wicklow, with responsibility for enrolling and training Irish Volunteer recruits from that area. He said “Wicklow county from Bray, to within twenty miles of Arklow post office was open to me”. Fitzgerald, on moving to Bray, recounts his direct dealings with Arthur Griffith, The O’Rahilly, Cathal Brugha, and Eoin MacNeill. He recalls: “As we approached the post office, we saw the Flag being hoisted over the roof, and Mr. Pearse standing on the street outside. It seemed almost impossible that this should really have happened. I said to my wife “this is worth being wiped out for”. As my wife and I hurried forward, Pearse saw me and came towards me with a welcome. He looked rather graver than usual. I felt that while he had something of elation there was also a heavy sense of responsibility. He told me that O’Rahilly was in the post office, that he was in charge of one side of the top part, and he appointed me O’Rahilly’s adjutant”.

County Wicklow had many further links with 1916 including:

• Harry Walpole (Bray) raised the

flag on Dublin’s GPO

• Elizabeth O’Farrell accompanied Padraig Pearse to surrender to General Lowe. She died in 1957, in Fatima Hall, Bray

• James Connolly has many Wicklow connections: his wife, Lily Reynolds, was born in county Wicklow. His son, Roderic James, died in Bray and his daughter, Maura is buried in St. Peter’s Cemetery, Bray

• Enniskerry native, Josephine Wogan, a nurse in Dublin Castle, prepared James Connolly, before he was taken to Kilmainham

Page 6: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

6

• Is iomaí ceangal a bhí ag Séamas Ó Conghaile le Cill Mhantáin: rugadh a bhean chéile, Lily Reynolds, i gContae Chill Mhantáin. Fuair a mhac, Roderic James, bás i mBré agus tá a iníon, Maura, curtha i Reilig Naomh Peadar, Bré

• Ba í Josephine Wogan, as Áth na Sceire ó dhúchas, a bhí ina haltra i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a réitigh James Connolly, sular tugadh go Cill Mhaighneann é

• Síníodh an Forógra i siopa Jenny Wyse Power (Jane O’Toole, as Bealach Conglais ó dhúchas) ar Shráid Anraí.

• Ba í an Bhanaltra Keogh, as Bealach Conglais ó dhúchas, an chéad saoránach a maraíodh in Éirí Amach 1916

• Bhí cónaí ar cheannairí 1916, Edward Daly agus an Rathaileach, i mBré

• Bhí cónaí ar Robert Erskine Childers agus ar a chol ceathrar, Robert Barton, ag Teach Ghleann Dá Loch, Áth na mBó

• Bhí Robert Montieth as Baile an Chinnéidigh, an t-oifigeach a bhí i gceannas ar Bhriogáid na hÉireann, sa Ghearmáin in éineacht le Ruairí Mac Easmainn. Ba le col ceathracha Ruairí Mhic Easmainn Teach Cronroe, Áth na Fuinseoige–Óstán Belair anois

• Cuireadh Annie P. Smithson (Bré) agus Máire Comerford (Ráth Droma) i bpríosún Mhuinseo tar éis an Éirí Amach

• Maraíodh Joseph Byrne as baile Chill Mhantáin, agus a bhí in Óglaigh na hÉireann, ag Muileann Boland.

• Lámhachadh John Murphy, Cathaoirleach Cheantar Tuaithe Ráth an Dúin agus Giúistís Síochána do chontae Chill Mhantáin. Bhí an tUasal Murphy ina bhall de Choiste Leabharlainne Carnegie na gCloch Liath. Leabhar Miontuairiscí Choiste Leabharlainne Carnegie na gCloch Liath 1912-1939 (luaitear le cruinniú mhí na Bealtaine 1916): “Mhol an cathaoirleach rún aiféala agus comhbhróin ar bhás an Uasail John Murphy,... a bhásaigh i gcúinsí an-truamhéalacha i rith sheachtain na Cásca. B’fhear lách agus cara dílis dúinn an tUasal Murphy i Leabharlann Carnegie, na Clocha Liatha agus is de bharr a chuid oibre a osclaíodh agus a bunaíodh an leabharlann sna Clocha Liatha. Is mian linn, baill an Choiste Leabharlainne a chur ar an taifead, gur oth linn a bhás agus go ndéanaimid comhbhrón le baintreach agus le gaolta an mharbháin. Imithe ar shlí na fírinne”.

• The Proclamation was signed in the Henry Street shop of Jenny Wyse Power (born Jane O’Toole, Baltinglass).

• Nurse Keogh, a native of Baltinglass, was the first civilian to be killed in the 1916 Rising

• 1916 leaders, Edward Daly and The O’Rahilly, lived in Bray

• Robert Erskine Childers and his cousin, Robert Barton, lived at Glendalough House, Annamoe

• Robert Montieth of Newtownmountkennedy, officer in charge of the Irish Brigade, was in Germany with Casement. Roger Casement’s cousins owned Cronroe House, Ashford–now Belair Hotel

• Annie P. Smithson (Bray) and Maire Comerford (Rathdrum) were both imprisoned in Mountjoy after the Rising

• Irish Volunteer, Joseph Byrne of Wicklow town, was killed at Bolands’ Mills.

• John Murphy, Chairman of Rathdown Rural District and Justice of the Peace for county Wicklow was the victim of a civilian shooting. Mr. Murphy was a member of the Greystones Carnegie Library Committee. Greystones Carnegie Library Committee Minutes Book 1912 -1939 (meeting of May 1916 states): “The chairman proposed a resolution of regret and sympathy on the death of Mr. John Murphy,…. who met his death under very sad circumstances during the disturbances of Easter week. Mr. Murphy was a kind and courteous friend of the Carnegie Library, Greystones and to his exertions were due the inception and establishment of the library in Greystones. That we, the members of the Library Committee desire to put on record, our deep regret and sympathy with the widow and relatives of deceased. Passed in silence”.

Page 7: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

7

rannpháirtíocht phobail & buaicphointí

Beidh rud éigin i gclár imeachtaí Chomhairle Contae Chill Mhantáin do gach duine, idir fhéilte stairiúla agus léirithe aithrise, fhoilseacháin leabhar, dhrámaí agus an tsamhlaíocht. Seo cur síos ar roinnt dár n-imeachtaí móra:

• Forbairt ar aip is féidir a íoslódáil “1916WicklowLife” ina mbeidh sliocht as nuachtáin chontae Chill Mhantáin, The Wicklow people agus The Wicklow Newsletter, lena n-áirítear ailt faoi imeachtaí i gCill Mhantáin, chomh maith le fógraí ó mhí Eanáir 2016. Gheobhaidh úsáideoirí nuashonruithe gach seachtain ar na nuachtáin a bhí ann 100 bliain ó shin.

• I ndiaidh an Éirí Amach, úsáideadh eibhear as cairéal McEvoy i mBuaile an Chnocáin chun Ard-Oifig an Phoist a atógáil. Tabharfar ómós dó sin i stairsheanchas na Leacan, Bhuaile an Chnocáin agus na Croise

• Imeacht córúil lena mbeidh baint ag 300 ball as cóir amaitéaracha ón bpobal agus 50 leanbh as Cór Leanaí Chill Mhantáin, Glúin an Cheoil.

• Tabharfaidh Words to the Wind ábharthacht chomhaimseartha do 1916 go háirithe i gcás na ndaoine óga. Leis sin léireofar scannán beochana ina mbeidh meascán de sheiteanna lámhdhéanta, pearsana beaga Lego agus teicneolaíocht bunaithe ar phríomhimeachtaí 1916. Beidh deis ag gach bunscoil i gcontae Chill Mhantáin an scannán a fheiceáil.

• Beidh Irish Destiny Cine-Concert ó Institiúid Náisiúnta na Scannán, Éire ar bun in Ionad Ealaíon Mermaid i mBré–agus beidh tionlacan mórphianó ó Mhicheál Ó Súilleabháin leis. Eisíodh an gné-dráma gan focail Domhnach Cásca 1926, cothrom deich mbliana ó bhí Éirí Amach 1916 ann. Is scéal grá é an scannán atá bunaithe ar chúlra Chogadh na Saoirse agus rinneadh an scannánaíocht i sráidbhaile Áth na Sceire. Beidh scannáin agus nuachtscannáin ó thréimhse 1916 le feiceáil freisin.

Tá tuilleadh sonraí maidir leo sin agus cláir eile le feiceáil ar ár suíomh gréasáin speisialta www.wicklow1916.com.

Tabhair faoi deara: Gabhaimid buíochas faoi leith le Cumann Staire Bhrí Chualann as a gcuid taighde ar naisc shaoránaigh Chill Mhantáin le 1916.

community engagement & highlights

Wicklow County Council’s programme of events will have something for all, from historical festivals and re-enactments to book publications, drama and imagination. Some of our flagship events include:

• Development of a Downloadable app “1916WicklowLife” which will feature extracts from the county Wicklow newspapers, The Wicklow people and The Wicklow Newsletter, including articles about events in Wicklow, as well as advertisements from January 2016. Users will receive weekly updates on the newspapers from 100 years ago.

• Following the Rising, granite from McEvoy’s quarry in Ballyknockan was used to rebuild the GPO. This will be honoured in an oral history of Lacken, Ballyknockan and Valleymount

• A choral event with involvement from 300 members of amateur community choirs and 50 children from Music Generation Wicklow Children’s Choir.

• Words to the Wind will give 1916 contemporary relevance especially for young people. This involves the production of an animated film incorporating a combination of handmade sets, lego minifigures and technology based on the key events of 1916. The film will be distributed to all primary schools in county Wicklow.

• The Mermaid Arts Centre, Bray, will host Cine-Concert: Irish Destiny from the National Film Institute–with grand piano accompaniment by Micheál Ó Suilleabháin. This silent feature drama was released on Easter Sunday 1926, to coincide with the 10th anniversary of the 1916 Rising. The film is a love story set against the backdrop of the War of Independence and was shot in Enniskerry village. Films and newsreels from the 1916 period will also feature.

More details on these and other programmes are on our dedicated website www.wicklow1916.com.

Note: Special thanks is due to Bray Cualann Historical Society for their research into Wicklow’s civilian links with 1916.

Page 8: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

8

clár comórtha céad bliain cill mhantáin

Programme An Clár

Ceremonial Searmanais

october 2016 deireadh fómhair 2016

AnnamoeÁth na mBó

Annamoe Historical Group propose

to erect a Robert Barton / Erskine

Childers memorial. Barton and

Childers were double first cousins.

Barton was a signatory of the Anglo

Irish Treaty in 1921 and Childers

was secretary to the Irish delegation.

Glendalough House, Annamoe, was

Tá sé i gceist ag Grúpa Staire Áth na mBó

leac cuimhneacháin a thógáil in ómós

Robert Barton / Erskine Childers. Ba

chol ceathracha faoi dhó iad Barton agus

Childers agus shínigh an bheirt an Conradh

Angla-Éireannach i 1921. Teach Ghleann

Dá Loch, gar d’Áth na mBó an áit a raibh

cónaí ar theaghlach Barton/Childers.

05.03.16

Lough Dan, Roundwood Loch Deán, An Tóchar

Lough Dan Native Woodland Project

Lough Dan Scouts Centre is adjacent

to the former Barton/ Childers

Glendalough House estate. On

March 5th and 6th 2016, all 15 scout

groups from county Wicklow will

plant 500 native trees over 16 acres

to commemorate the those who died

in 1916. The event will include an

educational hike through the estate.

Tionscadal Coillte Dúchasacha Loch Deán

Tá Ionad Gasóg Loch Deán in aice le

heastát Theach Ghleann Dá Loch a bhí

ag teaghlach Barton / Childers tráth den

saol. An 5 agus 6 Márta 2016, cuirfidh an

15 ghrúpa gasóg as contae Chill Mhantáin

500 crann dúchasach thar 16 acra chun

comóradh a dhéanamh orthu siúd a fuair

bás in 1916. Beidh siúlóid oideachasúil

tríd an eastát mar chuid den ócáid.

april 2016 aibreán 2016

Dunlavin Dún Luáin

Dunlavin Forum will host a village

parade from Main Street to Village

Green. Before the parade, historian,

Dr. Chris Lawlor will give a lecture

on 1916. The parade will culminate

in the unveiling of the restored

Dunlavin 1798 monument. (Public

executions took place in Dunlavin

during the 1798 rebellion). A

plaque to commemorate 1916 will

be added to the monument.

Beidh Fóram Dhún Luáin i mbun mórshiúil

sa sráidbhaile ón bPríomhshráid go dtí

Faiche an tSráidbhaile. Roimh an mórshiúl,

tabharfaidh an Dr Chris Lawlor, staraí,

léacht faoi 1916. Cuirfear clabhsúr leis an

bparáid le nochtadh shéadchomhartha

athchóirithe Dhún Luáin 1798. (Cuireadh

daoine chun báis go poiblí i nDún

Luáin i rith éirí amach 1798.) Cuirfear

plaic in airde leis an séadchomhartha

chun comóradh a dhéanamh ar 1916.

home to the Barton/Childers family.

Page 9: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

9

spring 2016 earrach 2016

‘Glór na Cásca’ commemorative

gardens project The Garden of Remembrance will have an engraved replica of the 1916 Proclamation, a flagpole with Tricolour and 7 trees that will represent the 7 signatories of the Proclamation. (Wicklow County Council 2016 Steering Group project)

Tionscadal gairdíní cuimhneacháin

‘Glór na Cásca’ Beidh macasamhail greanta d’Fhorógra 1916, mar aon le crann brataí leis an mbratach Trí Dhath agus seacht gcrann a léireoidh an seachtar a shínigh an Forógra le feiceáil sa Ghairdín Cuimhneacháin. (Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin)

Historical Reflection Machnamh ar an Stair

autumn 2016 fómhar 2016

To be published Le foilsiú

Nun’s Cross Parish Bi-Centenary Committee will publish a history of their church (1817-2017) by art historian, Patricia Butler. Nun’s Cross Church Architect, Francis Johnston, also designed the GPO. The church also has links with John Millington Synge and Roger Casement, as members of their families are buried in Nun’s Cross cemetery.

Foilseoidh Coiste Comórtha Dhá Chéad Bliain Pharóiste Chrois na Mná Rialta stair a séipéil (1817-2017) leis an staraí ealaíne, Patricia Butler. Is é Ailtire Shéipéal Chrois na Mná Rialta, Francis Johnston, a dhear Ard-Oifig an Phoist freisin. Tá ceangal ag an séipéal freisin le John Millington Synge agus le Ruairí Mac Easmainn, toisc go bhfuil roinnt dá ndaoine muinteartha curtha i reilig Chrois na Mná Rialta.

to be published november 2015 le foilsiú i mí na samhna 2015

Roundwood Historical & Folklore Society will produce a commemorative booklet on 1916, including articles and memories of people and events of that period. It will also include articles on the participation of Wicklow people in the War of Independence. Editor will be local historian, Martin Timmins.

Cuirfidh Cumann Staire & Béaloidis an Tóchair leabhrán comórtha ar 1916 le chéile, ina mbeidh ailt agus cuimhní cinn maidir le daoine agus imeachtaí na tréimhse sin. Beidh ailt ar rannpháirtíocht mhuintir Chill Mhantáin i gCogadh na Saoirse mar chuid de freisin. Is é Martin Timmins, staraí áitiúil, a bheidh ina eagarthóir air.

Page 10: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

10

26.02.16–28.02.16

Roundwood Parish Centre Ionad Paróiste an Tóchair

Roundwood Historical and Folklore Society will host a high profile seminar. One of the weekend’s highlights will be the hosting by History Ireland of a Hedge School relating to 1916. Events will include the unveiling of a memorial in Roundwood to commemorate all who took part in the fight for Irish independence.

Beidh Cumann Staire agus Béaloidis an Tóchair i mbun seimineár iomráiteach. Ar cheann de bhuaicphointí an deireadh seachtaine beidh Scoil Chois Claí ar siúl ag Stair Éireann a bhainfidh le hImeachtaí 1916 agus mar chuid de nochtfar leac cuimhneacháin sa Tóchar chun comóradh a dhéanamh ar gach duine a bhí páirteach sa troid chun neamhspleáchas na hÉireann a bhaint amach.

may 2016 bealtaine 2016

Commencing in Bray, Bray Cualann Historical Society will host a Historical Tour of County Wicklow. This will consist of a guided bus tour to sites in the county associated with 1916 -1921. Locations will include Wicklow Gaol, Glendalough House and Woodenbridge.

Ag tosú i mBré, tabharfaidh Cumann Staire Bhrí Chualann Turas Stairiúil timpeall ar Chontae Chill Mhantáin. Beidh turas treoraithe ar bhus chuig láithreáin sa chontae a bhain leis an tréimhse 1916-1921 mar chuid de. I measc na suíomhanna beidh Príosún Chill Mhantáin, Teach Ghleann Dá Loch agus an Droichead Adhmaid.

august 2016 lúnasa 2016

Bray Bré

Bray Cualann Historical Society will host a walking tour of historic Bray. This will include a visit to St. Peter’s Cemetery to the graves of former members of the Irish Volunteers, plus former homes and locations identified with the period 1916–1921.

Tabharfaidh Cumann Staire Bhrí Chualann turas siúlóide ar Bhré. Mar chuid de sin tabharfaidh siad cuairt ar Reilig Naomh Peadar agus ar uaigheanna iarbhaill Óglaigh na hÉireann, agus ar thithe agus ar áiteanna atá aitheanta leis an tréimhse 1916-1921.

To be published before Easter 2016 Le foilsiú roimh an gCáisc 2016

The Old Bray Society will publish a book by historian, Henry Cairns, on County Wicklow 1913 -1923, from the foundation of the Irish Volunteers to the end of the Irish Civil War. The society intends to present a copy of the book to each school in County Wicklow. Chapters will include Wicklow people who took part in the 1916 Rising, The 1918 General Election and Cumann na Mban in county Wicklow.

Foilseoidh Cumann Shean-Bhré leabhar leis an staraí Henry Cairns, ar Chontae Chill Mhantáin 1913-1923, ó bunaíodh Óglaigh na hÉireann go dtí deireadh Chogadh Cathartha na hÉireann. Tá sé i gceist ag an gcumann cóip den leabhar a bhronnadh ar gach scoil i gContae Chill Mhantáin. I measc na gcaibidlí beidh ceann ar mhuintir Chill Mhantáin a bhí páirteach in Éirí Amach 1916, Olltoghchán 1918 agus Cumann na mBan i gcontae Chill Mhantáin.

Page 11: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

11

Autumn 2015 onwards Fómhar 2015 ar aghaidh

Wicklow 1916 Commemoration Committee plans 3 projects:

• Pop up mobile exhibition of historical memorabilia connected to 1916.

• Produce a booklet based on stories from those with relations who fought in 1916.

• The cleaning of graves of those with 1916 connections at St Peter’s Cemetery, Bray, where a number of former members of the Irish Volunteers are buried.

Tá trí thionscadal beartaithe ag Coiste Comórtha 1916:

• Chill MhantáinTaispeántas sealadach soghluaiste d’earraí cuimhneacháin stairiúla a bhain le 1916.

• Cuirfear leabhrán le chéile bunaithe ar scéalta a d’inis daoine ar throid gaolta leo in 1916.

• Glanfar uaigheanna na ndaoine a raibh baint acu le 1916 ag Reilig Naomh Peadar, Bré, áit a bhfuil roinnt d’iarbhaill Óglaigh na hÉireann curtha.

The Living Language An Teanga Bheo

13.03.2016

Bray Bré

Rith Éireann This bi-annual event is organized by Conradh na Gaeilge through local schools and communities. Children and families will run in relay, through the streets of Bray, holding a baton containing the 1916 Proclamation. It will culminate with music and events at bray seafront. Wicklow County Council Steering Group project — in association with Conradh na Gaeilge

Rith Éireann Is é Conradh na Gaeilge a eagraíonn an ócáid dhébhliantúil seo trí scoileanna agus pobail áitiúla. Rithfidh leanaí agus teaghlaigh rás sealaíochta, trí shráideanna Bhré, agus bata ar iompar acu ar a mbeidh Forógra 1916. Cuirfear clabhsúr leis an lá le ceol agus imeachtaí thíos cois trá i mBré. Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha Chomhairle Contae Chill Mhantáin — i gcomhar le Conradh na Gaeilge

april 2016 aibreán 2016

Arklow library Leabharlann an Inbhir Mhóir

Foras Na Gaeilge,

‘Ócáidí i Leabharlanna’ Workshops on the Irish Revival (Athbheochan na Gaeilge) (1876- 1916) will be hosted in the new Arklow library (Wicklow County Council Steering Group project–in association with Foras na Gaeilge)

Foras Na Gaeilge,

‘Ócáidí i Leabharlanna’

Cuirfear ceardlanna ar bun ar Athbheochan na Gaeilge (1876-1916) sa leabharlann nua san Inbhear Mór. (Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha Chomhairle Contae Chill Mhantáin–i gcomhar le Foras na Gaeilge)

Page 12: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

12

Youth and Imagination An Óige agus an tSamhlaíocht

26.10.15–01.11.15

Kilcoole Cill Chomhghaill

Kilcoole Area Play Space will host Féile Cluichí Sráide, a festival of children’s street games of the early 20th century, showcasing outdoor play, with an emphasis on the Irish language. Over the weekend, Kilcoole will be divided into 7 districts and named after each of the 1916 signatories. The 7 teams will invent a new street game, inspired by the 1916 Rising

Beidh an Fhéile Cluichí Sráide ar bun ag Spás Limistéar Spraoi Chill Chomhghaill, féile cluichí sráide do leanaí ó thús an 20ú haois, ina mbeidh súgradh faoin spéir, le béim ar an nGaeilge. Thar an deireadh seachtaine, beidh Cill Chomhghaill roinnte ina seacht gceantar a ainmneofar i ndiaidh gach duine den seachtar fear a shínigh Forógra 1916. Cumfaidh na seacht bhfoireann cluiche nua sráide, bunaithe ar Éirí Amach 1916

production will be from late summer 2015–early 2016 déanfar an léiriúchán ó dheireadh an tsamhraidh 2015 go tús 2016

Createschool Use of Stopmotion art form to create an animated film of 1916 which will relate to a young audience. It intends to engage all primary schools in county Wicklow in making the fiim and distributing it to all schools. The film will include a reading of the Proclamation. Participants include historian Pat Liddy.

Scoilchruthaithe Úsáid foirm ealaíne beochana íomhá ar íomhá chun scannán beochana de 1916 a chruthú a rachaidh i bhfeidhm ar lucht féachana óg. Tá sé i gceist go mbeidh gach bunscoil i gcontae Chill Mhantáin ag obair ar an scannán agus go mbeidh sé ar fáil i ngach scoil. Beidh léamh den Fhorógra mar chuid den scannán. I measc na rannpháirtithe beidh an staraí Pat Liddy.

january–march 2016 eanáir–márta 2016

Wicklow County Council Library Service will co-ordinate a 1916 schools’ poetry competition. This will form part of a national project in association with the Department of Education. (Wicklow County Council 2016 Steering Group Project, in association

with Department of Education)

Déanfaidh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Mhantáin comhordú ar chomórtas filíochta scoileanna 1916. Beidh sé sin mar chuid de thionscadal náisiúnta i gcomhar leis an Roinn Oideachais. Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin, i

gcomhar leis an Roinn Oideachais.

Page 13: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

13

Cultural Expression Léiriú Cultúrtha

exhibition to travel through county wicklow over a 15 month period cuirfear an taispeántas ar camchuairt trí chontae chill mhantáin thar thréimhse 15 mhí

Bray Camera Club Photographic

Essay — Wicklow Then, Now

and to Come Bray Camera Club will examine cultural complexities in Wicklow in 1916 and the 1914-18 period, and in modern times. Historical images will show the Wicklow connection to the centenary events, complemented by relevant photographs taken by club members. Working with communities in county Wicklow, the photographic essay will show how communities now manage complexities that affect them. The photographic essay will be shared with the communities involved and put on public display across the county.

Aiste Ghrianghrafadóireachta Chlub

Ceamara Bhré–Cill Mhantáin mar a bhí,

mar atá agus sa todhchaí Déanfaidh Club Ceamara Bhré imscrúdú ar scéalta casta i gcultúr Chill Mhantáin i 1916 agus sa tréimhse 1914-18, agus sa saol nua-aimseartha. Taispeánfaidh íomhánna stairiúla an nasc atá ag Cill Mhantáin leis na himeachtaí céad bliain, agus cuirfear leo le grianghraif ábhartha a ghlacfaidh baill den chlub. Ag obair le pobail i gcontae Chill Mhantáin, taispeánfar san aiste ghrianghrafadóireachta conas a eagraíonn pobail scéalta casta a théann i gcion orthu anois. Roinnfear an aiste ghrianghrafadóireachta leis na pobail a bheidh rannpháirteach agus cuirfear ar thaispeántas poiblí í ar fud an chontae.

dates tbc dátaí le deimhniú

Bray Bré

Bré 1916 will host a number of events to commemorate the 1916 centenary, including:Displaying the Proclamation in various Bray locationsEmbroidered tapestryProjection of 1916 images on local church facadesGiant national flag display on Bray Head

Beidh Bré 1916 i mbun roinnt imeachtaí chun comóradh céad bliain 1916 a cheiliúradh, lena n-áirítear:An Forógra a thaispeáint in áiteanna éagsúla i mBréTaipéis bhróidnitheÍomhánna de 1916 ar fortheilgean ar éadain na séipéal áitiúilTaispeántas mór millteach den bhratach náisiúnta ar Cheann Bhré

Page 14: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

14

autumn 2015 fómhar 2015

Tinahely Arts Centre + Mermaid Arts Centre, Bray Ionad Ealaíon Thigh na hÉille + Ionad Ealaíon Mermaid, Bré

Tinahely Courthouse Arts Centre has commissioned Sinead O’ Loughlin, a Wicklow born writer, to research and write a play based on the lives of the women who were central to the revolution in 1916 with particular attention to those of Wicklow descent. The production will establish a theatrical dialogue between the women of 1916 and 2016. Through authentic conversation about past events these women, crossing a hundred years in time, will attempt to lean towards a possible, instead of a predictable future and generate open discussion on what the next hundred years has in store for Irish women.

Tá Sinéad O’Loughlin, scríbhneoir a rugadh i gContae Chill Mhantáin, coimisiúnaithe ag Ionad Ealaíon Theach Cúirte Thigh na hÉille, chun taighde a dhéanamh agus dráma a scríobh bunaithe ar shaol na mban a bhí lárnach i réabhlóid 1916 agus aird faoi leith orthu siúd a bhfuil a mbunús i gCill Mhantáin. Bunóidh an léiriúchán agallamh beirte drámata idir mná 1916 agus 2016. Trí chomhrá fíréanta maidir le heachtraí a tharla san am atá caite déanfaidh na mná seo iarracht, agus céad bliain eatarthu, díriú ar thodhchaí a d’fhéadfadh a bheith ann, seachas ceann a bheidh ann go cinnte agus cruthóidh siad plé oscailte ar cad a bheidh i ndán do mhná na hÉireann faoi cheann céad bhliain eile.

march–october 2016 márta–deireadh fómhair 2016

Tinahely, Bray and other locations Tigh na hÉille, Bré agus áiteanna eile

Tinahely Courthouse Arts Centre’s

‘16 Revolted Women’ This production will be ‘a play within a play’ whereby the audience at first are witnessing the stories of the women of 1916 but as the play develops, the voices of the actors, the writer, the director and the producer all begin to emerge to engage in a generative dialogue with the characters on what has become of Ireland 100 years on from 1916 and their hopes for Ireland 100 yearrs from now. The ‘fourth wall’ of the theatre is broken when these women of 2016 become part of the performance and begin to sensitively draw the audience into the dialogue too. In this regard this play will truly : Remember Reflect and Re-Imagine.

‘16 Revolted Women’ de chuid

Ionad Ealaíon Theach Cúirte Thigh na hÉille Is ‘dráma laistigh de dhráma’ a bheidh sa léiriú seo áit a gcloisfidh an lucht féachana ar dtús báire scéalta faoi mhná 1916 ach de réir mar a théann an dráma ar aghaidh, beidh glórtha na n-aisteoirí, an scríbhneora, an stiúrthóra agus an léiritheora le cloisteáil in agallamh beirte giniúnach leis na carachtair faoi staid na hÉireann mar atá 100 bliain ó 1916 agus a gcuid dóchais d’Éirinn 100 bliain ón am seo. Bristear ‘ceathrú balla’ an téatair nuair a ghabhann mná 2016 isteach sa léiriúchán agus tosaíonn siad ag tarraingt an lucht féachana leo go deas réidh isteach san agallamh beirte freisin. Ar an gcaoi sin éireoidh leis an dráma i ndáiríre: Cuimhneamh Machnamh agus Athshamhlú a dhéanamh.

culminating in main event in april 2016 clabhsúr leis an bpríomhimeacht in Aibreán 2016

Arklow An tInbhear Mór

Glenart College —The Spirit

of 1916, past present & future Students will produce various works including:

• A Booklet on local place names linked with 1916

• Art, music and poetry competitions

• A Drama production

Coláiste Ghleann Airt–Spiorad 1916, mar a

bhí mar atá agus an todhchaí

Táirgfidh mic léinn saothair éagsúla lena n-áirítear:

• Leabhrán ar logainmneacha áitiúla a bhfuil nasc acu le 1916

• Comórtais ealaíne, ceoil agus filíochta

• Léiriú drámaíochta

Page 15: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

15

november 2016 samhain 2016

Wicklow County Council Arts Office will produce a choral spectacle with involvement from 300 members of amateur community choirs and 50 children from Music Generation Wicklow Children’s Choir. The composers are the nationally and internationally renowned Brian Irvine and Neil Martin. It will receive its world premier in November 2016 closing off our year of celebrations. (Wicklow County Council 2016 Steering Group project)

Eagróidh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Chill Mhantáin seó córúil lena mbeidh baint ag 300 ball as cóir amaitéaracha ón bpobal agus 50 leanbh as Cór Leanaí Chill Mhantáin, Glúin an Cheoil. Is iad na cumadóirí Brian Irvine agus Neil Martin a bhfuil clú agus cáil orthu go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Léireofar den chéad uair riamh é mí na Samhna 2016 ag cur clabhsúir lenár mbliain ceiliúrtha.(Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin)

april 2016 aibreán 2016

Mermaid Arts Centre, Bray Ionad Ealaíon Mermaid, Bré

The Mermaid Arts Centre, Bray, will host Irish Destiny Cine-Concert from the National Film Institute–with grand piano accompaniment by Micheál Ó Suilleabháin. This silent feature drama was released on Easter Sunday 1926, to coincide with the 10th anniversary of the 1916 Rising. The film is a love story set against the backdrop of the War of Independence and was shot in Enniskerry village. Films and newsreels from the 1916 period will also feature. (Wicklow County Council 2016 Steering Group project, in association with the Irish Film Institute)

Beidh Irish Destiny Cine-Concert ó Institiúid Náisiúnta na Scannán, Éire ar bun in Ionad Ealaíon Mermaid i mBré–agus beidh tionlacan mórphianó ó Mhicheál Ó Súilleabháin leis. Eisíodh an gné-dráma gan focail Domhnach Cásca 1926, cothrom deich mbliana ó bhí Éirí Amach 1916 ann. Is scéal grá é an scannán atá bunaithe ar chúlra Chogadh na Saoirse agus rinneadh an scannánaíocht i sráidbhaile Áth na Sceire. Beidh scannáin agus nuachtscannáin ó thréimhse 1916 le feiceáil freisin. (Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin, i gcomhar le hInstitiúid Náisiúnta na Scannán, Éire)

may 2016 bealtaine 2016

Arklow R C Church Séipéal R C an Inbhir Mhóir

Arklow Music and Arts will host a concert which will celebrate music from 1916, and songs that have a particular resonance with that time. The audience will be encouraged to wear period costumes from the early 20th century.

Beidh ceolchoirm ar siúl ag Ceol agus Ealaín an Inbhir Mhóir ag a ndéanfar ceiliúradh ar cheol ó 1916, agus ar amhráin a bhfuil ceangal faoi leith acu leis an tréimhse sin. Spreagfar an lucht éisteachta le feisteas sheanré ó thús an 20ú haois a chaitheamh.

Page 16: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

16

Community Participation Rannpháirtíocht Phobail

19.03.16-28.03.16

Blessington Baile an Choimín

Blessington and Lakeside

Community 1916 Festival, Cherishing

all the Children of the Nation Equally,

will have an extensive programme

of lectures, discussion, theatre,

film and parade. This festival will

challenge the people of Blessington

to visualize what 1916 means

to them and to translate this

idea into a creative project. The

festival will celebrate the social

aspirations of the 1916 Proclamation

and explore ways to reach out

to marginalized communities,

including the new Irish and non-

Irish who live in Blessington.

Ag Féile 1916 Phobal Bhaile Choimín agus

Chois Locha, Comhchúram a dhéanamh

do Chlann Uile an Náisiúin, beidh clár

forleathan ina gcuimseofar léachtaí, plé,

amharclannaíocht, scannáin agus mórshiúl.

Iarrfar ag an bhféile seo ar mhuintir Bhaile

Choimín léargas a thabhairt ar 1916 mar

a fheiceann siadsan é agus tionscadal

cruthaitheach a dhéanamh den smaoineamh

sin. Déanfaidh an fhéile seo ceiliúradh ar

aidhmeanna sóisialta Fhorógra 1916 agus

déanfar iniúchadh ar bhealach chun dul i

gcion ar phobail imeallaithe, lena n-áirítear

daoine as Éirinn agus nach as Éirinn dóibh

atá ina gcónaí i mBaile Choimín anois.

02.06.16 - 05.06.16

Kilcoole Cill Chomhghaill

Kilcoole Remembers 1916

Kilcoole plans to host a festival

weekend to commemorate 1916. In

1914, Kilcoole was the venue of the

infamous gun-running that brought

in more than 600 rifles to arm

volunteers for the events leading

up to and during the rising in 1916.

The weekend will incorporate a

wide range of events and activities

that will showcase the life of the

time. Highlights will include: -

• The Bob Montieth

Summer School

• Three full scale re-enactments

including the 1914 Gun running

• A Reconciliation forum

hosted by Luisne Centre

Cill Chomhghaill: Cuimhní Cinn 1916

Tá sé i gceist féile deireadh seachtaine

a chur ar siúl i gCill Chomhghaill

chun comóradh a dhéanamh ar 1916. I

1914, ba i gCill Chomhghaill a tugadh

níos mó ná 600 raidhfil i dtír le harm a

thabhairt do na hóglaigh sna heachtraí

suas go dtí an tÉirí Amach i 1916 agus

lena linn.Beidh raon leathan imeachtaí

agus gníomhaíochtaí ar siúl ar feadh

an deiridh seachtaine chun léargas a

thabhairt ar an saol ag an am. Beidh siad

seo a leanas i measc na mbuaicphointí: -

• Scoil Samhraidh Bob Montieth

• Trí imeacht aithrise iomlána lena

n-áirítear Teacht i dTír Gunnaí 1914

• Fóram Athmhuintearais ag Ionad Luisne

Page 17: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

17

autumn 2015–early 2016 leanúnach Fómhar 2015–tús 2016

Oral history of Lacken, Valleymount and Ballyknockan will be organized through the Wicklow County Council Heritage Officer. Following the 1916 Rising, the granite to rebuild the GPO came from McEvoy’s quarry, Ballyknockan. People of the area will recall accounts from their parents and grandparents of the cultural significance of the area and time.

Eagrófar stairsheanchas na Leacan, na Croise agus Bhuaile an Chnocáin trí Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Chill Mhantáin. I ndiaidh Éirí Amach 1916, tháinig an t-eibhear chun Ard-Oifig an Phoist a atógáil ó chairéal McEvoy, i mBuaile an Chnocáin. Beidh scéalta ag muintir na háite a chuala siad ag a dtuismitheoirí agus ag a seanmhuintir faoi thábhacht chultúrtha an cheantair agus na tréimhse.

17.05.16

County Buildings, Wicklow Áras an Chontae, Cill Mhantáin

Wicklow County Council will host a Curation Day. The public will be asked to bring memorabilia from the 1916 period to be recorded and assessed. They will have an opportunity to discuss the relevance of the items.(Wicklow County Council 2016 Steering group Project, in association with Royal Irish Academy)

Beidh Lá Coimeádaíochta ar siúl ag Comhairle Contae Chill Mhantáin. Iarrfar ar an bpobal earraí cuimhneacháin ó 1916 a thabhairt isteach agus déanfar taifeadadh agus measúnú orthu. Beidh deis ag daoine plé a dhéanamh ar na míreanna agus ar an gceangal atá acu leis an am.(Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin, i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann)

Global and Diaspora Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra

august 2015 and august 2016

Hollwood village Sráidbhaile Chillín Chaoimhín

Hollywood Fair The annual weekend festival event with emphasis on targeting the diaspora. The Hollywood Fair generally takes on a 1950s theme, but this year a 1916 theme was adopted. This may be further developed in 2016

Aonach Chillín Chaoimhín An fhéile dheireadh seachtaine bhliantúil ina ndírítear ar Éireannaigh ar fud an domhain. Is minic a mbíonn téama 1950idí ag gabháil le hAonach Chillín Chaoimhín, ach i mbliana glacadh le téama 1916. Féadfar é sin a fhorbairt tuilleadh in 2016

throughout 2016 i rith 2016

Wicklow County Council Archives Service is in the process of developing an app which will relay daily events of 100 years ago. This will be promoted to both a local and global audience. It will include a weekly update of social life in Ireland in 1916 from local newspapers with advertisements and features from the time (Wicklow County Council 2016 Steering Group project).

Tá Seirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Chill Mhantáin ag forbairt aipe faoi láthair a thabharfaidh cuntas ar imeachtaí laethúla 100 bliain ó shin. Déanfar poiblíocht uirthi os comhair lucht féachana áitiúil agus ar fud an domhain. Áireofar léi nuashonrú seachtainiúil ar an saol sóisialta in Éirinn i 1916 a gheofar ó nuachtáin áitiúla le fógraí agus gné-ailt ón tréimhse (Tionscadal de chuid Ghrúpa Stiúrtha 2016 Chomhairle Contae Chill Mhantáin).

Page 18: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

18

Page 19: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

19

coiste éire 2016 chill mhantáin

Cllr. John Ryan

Cllr. Christopher Fox

Cllr. John Brady

Cllr. Grainne McLoughlin

Cllr. Tom Fortune

Cllr. Gerry Walsh

Michael Nicholson

Brendan Martin

Jackie Carroll

Deirdre Burns

Jenny Sherwin

Catherine Wright

comhordaitheoir éire 2016 na chill mhantáin:

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gClár seo déan teagmháil, le do thoil, lenár gComhordaitheoir 2016: Brendan Martin r: [email protected] g: 01 286 6566 i: www.wicklowcoco.ie

wicklow ireland 2016 committee

Cllr. John Ryan

Cllr. Christopher Fox

Cllr. John Brady

Cllr. Grainne McLoughlin

Cllr. Tom Fortune

Cllr. Gerry Walsh

Michael Nicholson

Brendan Martin

Jackie Carroll

Deirdre Burns

Jenny Sherwin

Catherine Wright

wicklow ireland 2016 coordinator:

For further information about this Programme please contact our 2016 Coordinator: Brendan Martin e: [email protected] t: 01 286 6566 w: www.wicklowcoco.ie

Page 20: Wicklow Local Authority Programme for Ireland 2016

clár comórtha céad bliain chill mhantáin

20

Wicklow County Council,County Buildings, Whitegates, Co. Wicklow

t: 0404 20100e: [email protected] w: www.wicklow.ie

Comhairle Contae Chill Mhantáin, Áras an Chontae, Na Geataí Bána, Cill Mhantáin

g: 0404 20100r: [email protected] i: www.wicklow.ie

ireland.ie