tuathal

16
1 TUATHAL Seachtain na Mac Léinn Úr 2010 FÁILTE ISTEACH, IS MUIDNE AN CUMANN GAELACH! “Is cuma más tosaitheoir nó gairíon Mháirtín Uí Chadhain tú, as Gaoth Dobhair nó an Ástráil, fáilte roimh chách sa teaghlach craiceáilte Gaelach seo!” A Chairde Gael, Dia daoibh go léir ‘is céad míle fáilte romhaibh chuig an gcéad eagrán eile d’irisleabhar an Chumainn Ghaelaigh, Tuathal. Más mac léinn atá ag filleadh ar ais chuig an gcoláiste tú, beidh tú ar an eolas cheana mar gheall orainn agus ar ár n-imeachtaí iontacha, spleodracha! Ach más ‘Fresher’ nó mac léinn iar- chéime tú, ba mhian liom An Cumann Gaelach a chur in aithne daoibh. Tá An Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is mó sa choláiste agus gan dabht an cumann is bríomhaire, is cairdiúla agus is fearr ar an gcampas! Bhí breis agus 800 ball againn anuraidh agus teastaíonn uainn dul chun cinn air sin i mbliana. Tuigimid go mbíonn sé deacair uaireanta dul i ngleic leis an athrú ó aimsir na scoile go saol an choláiste, go háirithe sa chéad chúpla sheachtain. Ach an bealach is fearr le cairde nua a dhéanamh ná a bheith sáite i gcumainn éagsúla sa choláiste. Agus ar an bpointe sin, beimid i gcónaí anseo le fáilte ollmhór a churromhaibh (níl aon bharróg níos fearr ná barróg dheas, ghaelach ón gCumann Gaelach!) Ina dteannta lenár n-óiche sheachtainiúl (Dé Máirt), eagraímid go leor imeachtaí agus ocáidí i rith na bliana; bígí ag súil le bliain ghnóthach le turas chuig Cill Áirne (ar lean) (ar lean) le haghaidh Oireachtais na Samhna agus beidh turas eile againn tar éis na Nollag. Beidh Ball Roinnt de bhaill an Chumainn 2009/2010 DÉ MÁIRT DÉ CÉADAOIN DÉARDAOIN DÉ HAOINE Céilí- 5pm sa Halla Spóirt Pubcrawl - ag bualadh le chéile ag an bpríomháirse ag a 8pm Gig le h-aoi rúnda, tuilleadh eolais ag an seastán. Lá Fhéile Arthur óna 5pm ar aghaidh i Peadar Kearney’s ar Shráid an Dáma. PAV! Cuir críoch ceart leis an seachtain iontach a bhí agat sa Pav óna 7pm ar aghaidh! PLEAN NA SEACHTAINE:

Upload: an-cumann-gaelach

Post on 15-Mar-2016

239 views

Category:

Documents


4 download

DESCRIPTION

Ìrisleabhar an Chumainn Ghaelaigh do Sheachtain na Mac Léinn Úr 2010

TRANSCRIPT

Page 1: Tuathal

1

TUATHALSeachtain na Mac Léinn Úr 2010

FÁILTE ISTEACH, IS MUIDNE AN CUMANN GAELACH!“Is cuma más tosaitheoir nó gairíon Mháirtín Uí Chadhain tú, as Gaoth Dobhair nó an Ástráil, fáilte roimh chách sa teaghlach craiceáilte Gaelach seo!”

A Chairde Gael,Dia daoibh go léir ‘is céad míle fáilte romhaibh

chuig an gcéad eagrán eile d’irisleabhar an Chumainn Ghaelaigh, Tuathal. Más mac léinn atá ag filleadh ar ais chuig an gcoláiste tú, beidh tú ar an eolas cheana mar gheall orainn agus ar ár n-imeachtaí iontacha, spleodracha! Ach más ‘Fresher’ nó mac léinn iar-chéime tú, ba mhian liom An Cumann Gaelach a chur in aithne daoibh.

Tá An Cumann Gaelach ar cheann de na cumainn is mó sa choláiste agus gan dabht an cumann is bríomhaire, is cairdiúla agus is fearr ar an gcampas! Bhí breis agus 800 ball againn anuraidh

agus teastaíonn uainn dul chun cinn air sin i mbliana. Tuigimid go mbíonn sé deacair uaireanta dul i ngleic leis an athrú ó aimsir na scoile go saol an choláiste, go háirithe sa chéad chúpla sheachtain. Ach an bealach is fearr le cairde nua a dhéanamh ná a bheith sáite i gcumainn éagsúla sa choláiste. Agus ar an bpointe sin, beimid i gcónaí anseo le fáilte ollmhór a churromhaibh (níl aon bharróg níos fearr ná barróg dheas, ghaelach ón gCumann Gaelach!) Ina dteannta lenár n-óiche sheachtainiúl (Dé Máirt), eagraímid go leor imeachtaí agus ocáidí i rith na bliana; bígí ag súil le bliain ghnóthach le turas chuig Cill Áirne (ar lean) (ar lean) le haghaidh Oireachtais na Samhna agus beidh turas eile againn tar éis na Nollag. Beidh Ball

Roinnt de bhaill an

Chumainn 2009/2010

DÉ MÁIRT DÉ CÉADAOIN DÉARDAOIN DÉ HAOINE

Céilí- 5pm sa Halla Spóirt

Pubcrawl - ag bualadh le chéile ag an bpríomháirse ag a 8pm

Gig le h-aoi rúnda, tuilleadh eolais ag an seastán.

Lá Fhéile Arthur óna 5pm ar aghaidh i Peadar Kearney’s ar Shráid an Dáma.

PAV!Cuir críoch ceart leis an seachtain iontach a bhí agat sa Pav óna 7pm ar aghaidh!

PLEA

N NA

SEA

CHTA

INE:

Page 2: Tuathal

2

SAN EAGRÁN SEO:4 - An Coiste

6 - ‘An Chatalóinis’ le Síobhra Nic Aogáin ste

7 - Réaltshúil le Lisa Feasa

8 - ‘Turas sa Téalainn’ le hEmma Nic Fheorais

10 - ‘An Chéad bhliain - Tús maith leath na hoibre’ - le Dairíne Ní Bheinnéid

12 - ‘Samhradgh san Auvergne’ le hAidan Cowlard Joyce

13 - ‘Oh, Salou is dócha?’ le hAoife Ní Athlaoch

13 - ‘Samhradh i mB.Á.C.‘ le Ciara Éanachain

15 - Éigse 2010

16 - Crosfhocal.

Dia daoibh! Is mise Fíodhna ní Odhráin ní Mhurchú agus is mise Oifigeach na Gaeilge i mbliana le hAontas na Mac Léinn.

Is ábhar bróid í an Ghaeilge dom, agus dar liomsa ba cheart dúinn í a chleachtadh gach aon lá. Cuireann sé déistin orm nuair a chloisim lucht na hArdteiste á rá nach bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt agus iad tar éis ceathair bliana déag a chaitheamh á foghlaim. Anseo sa choláiste bíonn an deis ann Gaeilge a labhairt gach lá - bígí ann i seomra a hocht (seomra an Chumainn) san Atrium gach uile Mháirt don chraic Ghaelach is fearr sa choláiste! Caithfear an teanga a labhairt chun í a fheabhsú - is cuma más cainteoir líofa tú nó má tá cúpla focal agat.

Beidh mé féin agus muintir an Chumainn Ghaelaigh ag obair le chéile chun neart gníomhaíochtaí a eagrú i rith na bliana. Beidh go leor ar siúl ag an gCumann i mbliana – turais, drámaí, ceolchoirmeacha agus an Ball Gaelach ag am Nollag. Buaicphointe na bliana anseo i gColáiste na Tríonóide ná Éigse na Tríonóide agus molaim daoibh a bheith páirteach ann!

Nóta ón Oifigeach Gaeilge.

Fógra:

Page 3: Tuathal

3

Nollag foirmeálta, An Ball Gaelach, ar siúl againn sa Guinness Storehouse ar an 8ú Nollag chomh maith. Agus, anuas ar sin, táimid go léir ag tnúth go mór lenár bpríomhsheachtain, an tseachtain is bríomhaire i bhféilire an Chumainn, Éigse na Tríonóide.

An rud is tábhachtaí dúinn agus go bunúsach aidhm an Chumainn Ghaelaigh ná an Ghaeilge a chur chun cinn sa choláiste agus craic iontach a bheith againn ag an am céanna! Ná bígí buartha faoi chaighdeán bhur gcuid Ghaeilge nó chursaí gramadaí, má tá suim agaibh sa teanga agus i gcultúr Gaelach, bígí linn! Ar leathanach 4-5, feictear pictiúr agus cur síos ar choiste an Chumainn, nach bhfuil siad go haláinn? Má

fheiceann tú duine dóibh i mBloc na n-Ealaíon, nó sa Bhuttery nó sa leabharlann (*ahem, Pav!) abair ‘hi’ agus bí ag labhairt leo! Níl siad ró-dhona, geallaim daoibh!

Sin é a chairde, bainigí sult as Seachtain na bhFreshers agus feicfidh mé go luath sibh,

Jen x

-Jen Mahon, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh 2010/2011

A chomhghleacaithe,

Nuair a bhí mé ar scoil bhí múinteoir Gaeilge agam a dúirt go raibh na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus na rudaí a ndéantar as Gaeilge go minic ar chaighdeán níos ísle ná an rud céanna as Béarla. Shíl sé gur cóir go mbeadh na rudaí a ndéantar as Gaeilge ní hamháin ar an gcaighdeán céanna ach ar chaighdeán níos airde ná a mhacasamhail as Béarla. Sin í an aidhm atá againn le Tuathal agus leis an gCumann Gaelach i gcoitinne, sílim gur éirigh leis na scríbhneoirí é sin a bhaint amach ina saothar san eagrán seo agus táim cinnte gur éireoidh linn mar chumann é sin a bhaint amach arís i mbliana.

Seo an chéad uair domsa a bheith mar eagarthóir agus tá súil agam go mbeidh na scríbhneoirí agus sibhse, a léitheoirí, sásta leis an iris mar atá sé. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a scríobh alt don eagrán seo, tuigim go mbeadh sí níos fusa go h-iondúil alt a scríobh as Béarla d’fhoilseachán eile sa choláiste ach go ndearna sibh an iarracht scríobh as Gaeilge. Táim buíoch freisin de Gael Linn, Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge agus Gaelshirt.com a ghlac fógraí san iris agus de litriocht.com a chur duais ar fáil don chrosfhocal.

Má tá gearrán ar bith agat is féidir é a sheoladh ar aghaidh chugam ag [email protected] nó má tá moladh agat is féidir é a sheoladh chugam freisin agus seolfaidh mé ar aghaidh chuig an scríbhneoir áirithe é.

Bainigí taitneamh as an iris seo agus má tá tú riamh ag iarraidh peann a chur ar phár i nGaeilge téigh i dteagmháil liom!

Pádraig Schaler

EAGA

RFHO

CAL

SEO LINN, BÍ LINN!

Page 4: Tuathal

4

Reachtaire - Jen MahonYO! Is mise Jen Ní Mhathúna, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh i mbliana. Tá mise i mo bhliain deirneach anseo sa choláiste (*sob) ag déanamh staidéir ar an nGaeilge amháin anois. Más Fresher tú, foghlaimeoidh tú go luath sa bhliain gur chóir duit dul i dtreo an Chumainn Ghaelaigh!! Bígí linn don chraic is fearr sa choláiste –turais, gigeanna, oícheanta amuigh, An Ball Gaelach agus ar ndóigh, Éigse na Tríonóide!!!Ó tá mé chomh ‘excited’ sin! Má fhanann tú linn, buailfidh tú leis na daoine is cáirdiúla, is craiceáilte sa choláiste! Seo an áit ina ndéantar na cairde is fearr. Mar sin, má tá suim agat sa Ghaeilge agus sa chraic, táimid á do lorg!! Feicfidh mé sa Chonradh sibh!

Leas-Reachtaire - Caoimhe Ní MhuilleoirHi gach éinne! Is mise Caoimhe, leas-reachtaire an Chumainn Ghaelaigh i mbliana! Tá súil agam go mbaineann sibh ar fad sult as Seachtain na bhFreshers agus as imeachtaí an Chumainn! Is áit iontach í an Chumann le cairde nua a dhéanamh, craic iontach a bheith agat, agus taitneamh a bhaint as an teanga! Mar sin tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh ar fad go luath ag an gciorcal cómhra, sa Chonradh, nó buail isteach chuig an scéim fiú le haghaidh cupáin tae! 

Rúnaí - Clár Nic EoinAgus seo linn arís a chairde Gael! 'CÉAD MÍLE FÁILTE MHÓR' roimh na newbies ar fad agus tá súil agam go bhfuil na hintinní agus na haenna ullmhaithe agaibh don bhliain atá romhainn!  Is cuma más tosaitheoir nó gariníon Mháirtín Uí Chadain tú, as Gaoth Dobhair nó an Ástráil, fáilte roimh chách sa teaghlach craiceáilte Gaelach seo!  Bígí réidh agus bígí linn! Beidh muidne ann ag fanacht oraibh le pionta ceirtlíse i lámh amháin againn agus bhur n-aislingí sa lámh eile... Hola!!!!!!!!!!! 

IS SINNE BHUR GCOISTE!

Cisteoir - Cillian HanaphyBhuel a chairde is mise Cillian, cisteoir an Chumainn Ghaelaigh don bhliain atá romhainn.Tá mé sa dara bliain ag déanamh staidéir ar Luath agus Nua Ghaeilge. Do na Chéad Bhliana atá tagtha isteach sa choláiste táim ag súil go mór le bhur gcomhluadar ag imeachtaí an Chumainn a eagraítear i rith na bliana, bí ag faire amach don 'Ciorcal Comhrá' agus feicfidh mé sibh sa Chonradh gach uile Mháirt!

Oifigeach Dramaíochta - Andrea Ní FhearghailAloha! Is mise Andrea agus táim sa triú bliain ag déanamh staidéir ar an Léann Éireannach. Is mise an t-Oifigeach Drámaíochta agus Ceoil. Tá súil agam go raibh bliain den chéad scoth ag gach uile dhuine agus go bhfuil sibh go léir réidh chun é á dhéanamh arís! An bhliain seo caite chuir mé féin agus an Reachtaire Cór an Chumainn Ghaelaigh le chéile agus ba mhaith liom níos mó béim a chur ar an amhránaíocht agus b’fhéidir ceolchoirm a chur ar siúl mar tá guthanna áille ag a lán daoine atá sa Chumann. Muna bhfuil an mhuinín agaibh chun amhrán a chasadh, is cuma. Tar chuig an gConradh gach uile Mháirt le haghaidh oíche na mac léinn agus tar éis cúpla deoch beidh sibh ag canadh ar nós ‘meascáin idir Íosa Chríost agus Fergie Ferg.’ Bígí ann!! Caithfidh mé imeacht anois mar d’fhág mé an citeal ar siúl. Slán! Andrea!

Page 5: Tuathal

5

Oifigeach Foilseachán - Pádraig Schaler Tá spraoi uaim, tá spraoi uait, tá spraoi uainn agus má tharlaíonn athreimniú na Gaeilge mar phríomhtheanga labhartha na tíre seo agus muid i mbun an spraoi sin bheadh sé sin ar fheabhas. Is mise Pádraig agus táim ag súil le sibh ar fad a bhualadh...

Oifigeach Díospóireachta - Eibhlín WalshHey! Is mise Eibhín, Oifigeach díospóireachta an Chumainn Ghaelaigh. Fáilte chuig TCD agus an gCumann Gaelach. Bíodh craic ar dóigh agaibh le linn Sheachtain na bhFreshers, Táim cinnte go mbeidh an-chraic agam féin (piontaí sa chonradh!). Ag súil go mór le bualadh libh ar fad!

Oifigeach Teicneolaíochta - Dairíne Ní Bheinéid.Hey guys!  Fáilte romhaibh go dtí an Cumann Gaelach!  Is mise Dairíne agus má fheiceann tú an aghaidh seo timpeall na háite, abair ‘Dia duit’ liom!  Ná déan dearmad súil a choiméad ar an mbosca istigh de bhur ríomhphoist!! Solas agus suaimhneas an lae...

Oifigeach Siamsaíochta - Peadar de BlúitHaigh. Is mise Peadar. An t-Oifigeach Siamsaíochta. Anois go bhfuil an Cumann aimsithe agat ní ghá bacaint le dream ar bith eile óir is muidne an grúpa is mó craic, is fuinnimhiúla agus go bunúsach is fearr sa Choláiste.Táimse freagrach as ócáidí spraoiúla an Chumainn Ghaelaigh a eagrú – nó ar a laghad cinntiú go bhfuil duine éigin á dhéanamh.Beidh go leor imeachtaí móra ar siúl againn le linn na bliana. Idir turas go dtí Oireachtas na Gaeilge, Bál na Gaeilge, Éigse na Tríonóide agus neart eile.Tá sé fuirist teacht ar eolas faoi na hócáidí éagsúla idir ríomhphoist seachtainiúla ón gCumann, an suíomh idirlín www.cumann.ie, nó leabharaghaidh [fb] an Chumainn.Mar sin tar libh agus ná caill amach ar an gcraic ar fad. Agus gan dabht má tá smaointí ar bith agaibh d’ócáidí faoi leith nó rud ar bith cuir scéal chugam [email protected] go dtí sin slánio!

Oifigeach Caidreamh Phoiblí - Róisín Nic FhearghusaHey is mise Róisín agus i mbliana táim i mo OCP. Fuair mé an post seo toisc go bhfuil suim mhór agam i gCrayola. Oh by dad is feckin aoibhinn liom crayons. Nach bhfuil na dáthanna ar fheabhas. Agus an mhéid dáthanna atá ann. Buí, dearg, buí, glas, dearg. Nuair a bhí mé óg bhí mé i gconaí ag breathnú ar Art Attack agus lemmie tell ya nuair a thóg sé an Crayola amach oh bhí mé chomh feckin' happy! Sheol mé cúpla pictiúr isteach ach ní fhaca mé ar an teilifís iad. B'fhéidir go raibh siad ró-mhaith agus ní raibh na daoine ar an BBC ag iarraidh éad a chur ar na páistí eile.Nuair a théann mé chuig cóisir ar bith bíonn a fhios agam cá háit a bhfuil na Crayolas sa theach laistigh de dheich nóiméad. Skill. Feicfidh sibh mé i bpub Chonradh na Gaeilge gach uile Mháirt, is mise an duine a bheas ag tarraint sa chúinne.Fan go bhfeicfidh sibh na dáthanna a mbeidh ar na postairí i mbliana. dearg, buí, dearg, glas..........................

Oifigeach Urraíochta - Siofán O’Broin

Page 6: Tuathal

6

Le Síobhra Nic Aogáin

Meastar go raibh níos mó ná 700 milliún duine ag breathnú ar chluiche ceannais an Choirn Domhanda idir an Spáinn agus an Ísiltír. Ach n’fheadar cé mhéad dó siúd a thug seasamh conspóideach Xavi agus Puyol faoi deara? I measc an cheiliúrtha agus an riméid ag deireadh an chluiche, ní brat na Spáinne a bhí á ardú ag an mbeirt imreoirí le bród agus mórtas ach brat le striopaí dearga agus buí. Brat na Catalóine.

Agus mé ag taisteal timpeall na Spáinne an samhradh seo, ní raibh súil agam leis an oiread seo teannais. An lá roimh chluiche mór an Choirn Dhomhanda tháinig níos mó ná milliún duine amach ar shráideanna Bharcelona le cur i gcoinne reactaíochta nua a chuireann bac ar neamhspleáchas na Catalóine. Téann ceist an náisiúnchais go smior sa Chatalóin agus is cosúil go bhfuil sé ag dul i dtreise. Ach fós féin, bhain an

doicheall a léirigh muintir na Spáinne do theanga na Catalóine, an Chatalóinis, stangadh asam.

Is minic a cheaptar gur canúint atá sa Chatalóinis ach teanga Laidne atá inti a bhfuil a

scair féin den stair ag baint leí. Ní sa Spáinn amháin a labhraítear an Chatalóinis ach

freisin in áiteanna sa Fhrainc, san Iodáil agus san Andóra a bhí mar chuid de Saor-Impire na Catalóine tráth. Tá sé ar cheann de na chéad teangacha Eorpacha a scríobhadh síos riamh

agus tá cultúr intleachta agus litríochta láidir ag baint leí. Faoin 20ú aois bhí

cultúr na Catalóine faoi lán seoil mar a léiríonn ealaín le Antonio Gaudí, Salvador Dalí

agus Joan Miró. Ach ní saibhreas cultúrtha amháin atá sa Chatalóin- is é an reigiún is rachmasaí sa Spáinn le fada mar gheall ar a earnáil luachmhar ionsclaíochta agus trádala. Cé nach bhfuil daonlathas de sheacht milliún duine ann (as an 47 milliún sa tír ar fad) gineann an reigiún aon cheathrú cuid de GDP na Spáinne. Ba bheag nár bhain an

An Chatalóinis.

Is teanga Rómánsach í an

Chatalóinis a labhraítear don

chuid is mó sa Chatalóin.

Labhraítear í freisin i Valencia, na

hOileáin Bhailéaracha, Andóra,

deisceart na Fraince agus i mbaile

amháin ar an tSairdín.

“bhain an doicheall a léirigh

muintir na Spáinne do theanga na Catalóine, an

Chatalóinis, stangadh asam.”

Xavi agus Puyol leis an gCorn Domhanda agus an brat náisiúnta is ársa ar domhan, Brat na Catalóine

Page 7: Tuathal

7

An t-Uisceadóir –AquariesTá go leor dúshlán nua i do shaol faoi láthair agus dá gcuirfá isteach an obair gheofá na torthaí atá ag teastáil uait - Ní bhíonn an rath ach mura mbíonn smacht- mar a deir an seanfhocal. Tá rómáns ar an mbeallach!

An Mheá-LibraAnois, tá an bhéim ar do shaol grá in ionad do shaol sóisíalta. Má tá tú singil tá seans mór go bhfaighfidh tú duine speisialta, duine a bhí cion agat air nó uirthi fadó

Na hÉisc-Pices Tá a lán measa agat don domhan nádúrtha. Ach an mhí seo tá seans agat cuir isteach ar an gcóras nádurtha atá curtha amach duit chun do spriocanna a fháil. Beidh iontas ort an méid athruithe atá tú i ndán duit..

An Tarbh-TaurusIs buaiteoir tú an mhí seo ach caithfidh tú an obair a chur isteach. Beidh sé crua ar do shaol sóisíalta ach is fiú é ag an deireadh. Ná bí buartha faoi thuairimí daoine eile. Is é do thuirim féin an tuairim is tábhachtaí ag deireadh an lae.

An Cúpla-GeminiTá an t-ádh ort an mhí seo. Tá ag éirí go maith leat sa choláiste agus i d'obair faoi láthair agus ba cheart duit am a chaitheamh le do chairde – is iad an t-aon rud atá ag teastail uait ag an am seo.

An Saighdeoir-SagittariusTá go leor smaointe nua agat an mhí seo. Tá seans agat a bheith i do cheannaire. Tá níos mó tuisceana agat na laethanta seo.

An Portán-CancerTá a lán rudaí tabhachtacha i do shaol déanta agat an

bhlian seo caite agus tá sé in am duit do scí a ligint agus am a chaitheamh le do chlann. Tá Fómhar gnóthach romhat.

An Reithe-AriesTá tú sásta a chloisteáil go mbeidh cúrsaí níos simplí an

mhí seo ná mar a bhí an mhí seo caite. Tá deiseanna agat dul chun cinn. Bí ag súil le na dea-scéala atá ag teacht. Ná

déan dearmad go bhfuil an rómáns casta.

An Leon-LeoNí h-é ag déanamh macnaimh an rud is fearr leat, is fearr leat a bheith i mbun gnímh. Caithfidh tú am a chaitheamh ag smaoineamh faoi chaidreamh áfach. Beidh tú tuirseach traochta ag deireadh na míosa.

An Mhaighdeán-VirgoNí gá duit a bheith míshona, tá tréimse úr romhat. Fág tú féin i muinín na cinniúna, mar a deir an seanfhoval ‘Is maith an scéalaí í an aimsir.’

An Scairp-ScorpioTá a lán deiseanna gnó agat anois. Bí cúramach i gcúrsaí grá, tá duine speisíalta thart an mhí seo ach ba cheart duit a bheith feasach ag an am céanna. Mothaíonn tú ar do shuaimhneas le duine éigin ach tá seans ann nach bhfuil an ceart agat.

An Gabhar-CapriconTá teannas mórchúiseach i gcaidreamh i do shaol mar tá tú ag cur oibre roimh do ghrá. Tá comhairle iontach ag do phríomhchara. Bí ag éisteacht.

Réaltshúille Lisa Nic Mhathúna.

Chatalóin stádas stáit amach di féin sna 1930í ach scrios an Cogadh Cathartha an dóchas seo. Faoi réimse bhruidiúil Franco, a thosaigh i ndiaidh an chogaidh, déanadh an Chatalóinis agus cultúr na Catalóine a bhrú faoi chois. Ba shiombail í an Spáinnis de ‘mhórgacht na Spáinne’ agus bhí na miontheangacha eile sa Spáinn thíos leis. Go dtí deireadh na deachtóireachta sa bhliain 1975, bhí sé in aghaidh an dlí an Chatalóinis a labhairt go poiblí fiú.

Ach in ainneoin na ngéarleanúiní uilig, ní raibh muintir na Catalóine toilteanach an teanga a ligint chun báis agus ó 1975 i leith tá borradh as cuisme tagtha uirthi. Cuireadh an Chatalóinis i bhfeidhm mar theanga theagasc sna scoileanna agus tá na seirbhísí poiblí ar fad ar fáil trí Chatalóinis. Tá go leor beartas curtha i ngníomh leis an teanga a chur chun cinn agus tá an rialtas áitiúil iontach dáiríre faoi. Gearrtar píonós ar bhialanna muna bhfuil a gclárbhia le fáil as Catalóinis! Tá ranganna Catalóinise ar fáil saor in aisce do dhaoine nach as an gCatalóine ó dhúchas iad. Ach os rud é go labhraíonn gach uile dhuine Spáinnis, ní nach ionadh go mbíonn leisce ar dhaoine áirithe dul i

ngleic leis an teanga sa chéad áit. Chas mé ar neart Spáinneach i mBarcelona a raibh dearcadh doicheallach acu i leith na teanga agus nár bhac leis an gCatalóinis mar phrionsiobal. Faraor, níl an teanga saor ó bhaol…

Ba chúis áthais dom go bhfuil páirt lárnach ag an gCatalóinis i saol laethúil na ndaoine

fós, ach ní féidir liom gan smaoineamh an mbeadh an teanga chomh flúirseach céanna murach bos ar bholg Franco? An é nach dtuigeann daoine luach a gcultúir féin

go dtí go bhfuil sé á bhrú faoi chois? Cosúil le mionteanga ar bith, tá an teanga fós á

bagairt ag forsaí cumhachta mheáin chumarsáide na Spáinnise. Tá an fhéidearthacht ann i gcónaí go n-éireoidh daoine leisciúil agus go dtiontóidh siad ar an Spáinnis. Is ceist tola agus iarrachta í. Tá macallaí ann do chás na hÉireann. Cén fáth gur fiú Gaeilge a fhoghlaim má tá Béarla ag gach uile neach beo ar aon chaoi? Ach mar atá léirithe ag na peileadóirí, ní cosúil go bhfuil muintir na Catalóine chun géilleadh don leisciúlacht. Ná mise ach oiread.

Agus ar aghaidh liom le mo “Catalán para Dummies…”

“Gearrtar píonós ar bhialanna muna bhfuil a gclárbhia le fáil as Catalóinis!”

Page 8: Tuathal

8

TURAS SA TÉALAINNle hEmma Nic Fheorais

Bhí an bua ag Tim Vine i mbliana don mhagadh is fearr ag an ‘Edinburgh Fringe’ le, ‘I’ve just been on a once in a lifetime holiday, I’ll tell you what, never again.’ Braithim a mhalairt faoi mo shaoire féin. Táim ag iarraidh í a hathdhéanamh arís is arís eile. Aithním go bhfuil rud nó dhó a n-athróinn dá ndéanfainn arís é, ach ar an iomlán, ba é an tsaoire is fearr a bhí agam riamh, gan dabht.

Thosaigh mé ag eagrú mo shaoire chuig an Téalainn agus Laos le triúr chairde i rith Mhí na Nollag, ach in ainneoin an ullmhúcháin a dhéanamh go luath, fós bhraitheamar nach raibh clú ar bith againn conas mar a bheadh an tsaoire í féin. D’fhágamar aerfort Bhaile Átha Cliath i Mí Iúil gan ach ár málaí againn agus liosta d’áiteanna coimhthíocha cosúil le Vang Vieng, Chiang Mai agus Koh Phangan scríofa ar bhlúiríní páipéir againn.

Bhí ár gcéad cheannphointe suite i lár na dufaire. Shíleamar go rabhamar san áit mhícheart toisc nach raibh ann ach baile beag bídeach. Bhíomar tar éis taistil ar feadh cúpla uair ar bhus agus ní raibh ach cúpla bothán bhocht feicthe againn i rith an ama sin. Tugtar Vang Vieng ar an mbaile agus bhíomar ann le ‘tubing’ a dhéanamh. ‘Séard atá i gceist le sin ná go dtéann tú ag snámh in abhainn mhór le fáinne mór plaisteach timpeall ort. Tá go leor tithe tábhairne oscailte agus imeachtaí éagsúla ar an dá thaobh den abhainn. Nuair atá tú ag iarraidh dul isteach chuig ceann acu, glaonn tú ar bhuachaillín ar bhruach na habhann a chaitheann rópa amach chugat agus a tharraingíonn isteach tú ón abhainn. Sna tithe tábhairne oscailte seo, bíonn buicéid lán d’alcól le ceannach mar aon le hardáin le rópaí fada gur féidir leat luascadh orthu thar an abhainn. Chomh luath is gur mian leat, cuireann tú an fáinne plaisteach timpeall ort arís agus ar ais leat aníos an abhainn chuig tithe tábhairne agus luascaí eile, nó fiú sleamhnáin ollmhóra ar bhruach na habhann. Ba chaitheamh aimsire iontach dainséarach é ‘tubing’, cinnte. Chuala mé go leor scéalta mar

gheall ar thimpistí éagsúla a tharla dá bharr, ar nós greim ó nathair nimhe san abhainn agus galair eagsúla. Ach is eispéiris osréalaigh atá ann. Bíonn an chuid d’abhainn bheag sin dubh le daoine ó gach uile thír, cuid acu ag léimt isteach san uisce, agus an chuid eile ag damhsa agus ag canadh le ceol bodhraitheach na dtithe tábhairní ar an dá thaobh den abhainn. Is cinnte nach raibh rud ar bith cosúil leis feicthe agam riamh roimhe.

Tar éis dúinn Vang Vieng a fhágáil, chuaigh mé agus mo chairde isteach chuig an Téalainn. Ceann de na háiteanna a thugamar cuairt uirthi ná Koh Phangan. Tá cáil ar leith ar an áit seo sa lá atá inniu ann toisc na cóisirí ‘Full Moon’ a bhíonn ar siúl ann ach uile mhí. Ní fios go cinnte conas mar a thosaigh na cóisirí seo ach deirtear gur thosaigh sé mar chóisir do dhuine éigin a bhí ag fágáil an oileáin agus leanadh leo ó shin. Fuaireamar lóistín in aice leis an trá ar a mbíonn na cóisirí ‘Full Moon’, mar sin ní fhacamar ach an t-atmaisféar craiceálta a bhaineann leis na cóisirí seo. Bhraith na hoícheanta roimh an gcóisir cháiliúil seo cosúil le hoíche ollmhór amháin toisc gur ólamar gach uile oíche, chlúdaíomar muid féin i bpéint UV agus chaitheamar gach uile oíche ar an trá go dtí gur shroich an lae, agus fiú níos déanaí ná sin. De réir mar a chuaigh na hoícheanta ar aghaidh, d’fhás líon na ndaoine ar an trá. Ar oíche chóisir an ‘Full Moon’, bhí an trá dubh leis na mílte daoine ag damhsa agus ag bogadh ó áit go háit, ní raibh gráinne gainimh gan duine air, bhí daoine óga fiú le feiceáil san fharraige. Mar aon le tithe tábhairne a bhí ar oscailt, bhí rópaí léimní ar lasadh, innill

Emma lena cairde

nua.

Page 9: Tuathal

9

shobail, sleamhnáin ollmhóra agus fiú áit ar leith ab fhéidir dul a choladh dá mbeadh tuirse ort! Bhí go leor Éireannach le feiscint ann. Uair amháin, chonaic mé brat Éireannach ollmhór sa slua nuair a bhí an t-amhrán ‘Wave your flag’ á sheinnt sa teach tábhairne, rud a spreag ceiliúradh fuinneamhaic óna nÉireannaigh a chonaic é. Is áit dochreidte agus an-spéisiúil í Koh Phangan ach i ndiaidh freastail ar an gcóisir ollmhór bhí fonn orainn leanúint ar aghaidh lenár dturas.

Is rogha don scoth é dul chuig Laos agus an Téalainn ar laethanta saoire toisc go bhfuil an méid sin le feiscint agus le déanamh ann. Mar aon leis an méid atá scríofa sa phíosa seo, rinne mé cúrsa cócaireachta, thug mé buidéal bainne do thíogar óg, shuí mé ar dhroma eilifinte agus é ag siúl tríd na dufaire agus fuair mé teastas tumadóireachta ‘scuba’ i ndiaidh dom ceithre thumadh den scoth a chríochnú. Thug mé cuairt ar ‘Trá Maya’, áit inár ndéanadh scannánú ar an scannán cáiliúil ‘The Beach’ le Leonardo di Caprio. I rith mo shaoire sa Téalainn chonaic mé cuid den radharc tíre is deise ar domhan agus coimeádfaidh mé na cuimhní a chruthaigh mé ann ar feadh mo shaoil ar fad. Ní fhéadfadh an píosa seo aithris cheart a dhéanamh ar mo shaoire ach is cinnte gur saoire ‘once in a lifetime’ a bhí ann, agus go mbeadh fonn ar éinne a dtéadh ann filleadh ar ais arís is arís eile.

Fógra:

An bhfuil suim agat i litríocht na Gaeilge? Má tá, beidh suim agat san Fhéile Litrochta IMRAM atá ar siúl faoi láthair agus atá ag leanúint ar aghaidh go dtí an 29 Meán Fómhair. I measc na n-imeachtaí atá

eagraithe ná Ceardlann do scríbhneoirí Gaeilge a bheidh ar siúl ar an 18 Méan Fómhair i gColáiste na Tríonóide. Tá an t-eolas ar fad faoin bhféile ar an suíomh www.imram.ie

www.nuigalway.ie

TAPAIGH AN DEIS

G927 17dc 83

Cláir iarchéime 2010-2011MA/Diop. Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála)MA/Diop. Iarchéime (Aistriúcháin Reachtaíochta & Dlí)MA/Diop. Iarchéime (Pleanáil Teanga)Ard-Diop sa gCumarsáid FheidhmeachArd-Diop. i Léann an AistriúcháinMA i dTeagasc Teangacha (Gaeilge) Páirt-ama

Cláir Dioplóma Lán-ama 2010-2011Dioplóma sna Dána (Ríomhaireacht don Riaracháin Gnó)Dioplóma sna Dána (Scileanna Teilifíse)Dioplóma sna Dána (Stáitsiú & Cóiriú an Cheoil)Dioplóma sna Dána (An Ghaeilge C1) & ScileannaRíomhaireachta

Cláir Dioplóma Páirt-ama 2010-2011Dioplóma sna Dána (Scileanna Aistriúcháin) Gaoth Dobhair,Corca Dhuibhne & Conamara, Rath CairnDioplóma sna Dána (Teicneolaíochtaí Gnó) ConamaraDioplóma sna Dána (Léann an Traidisiún) Corca Dhuibhne &ConamaraTuilleadh eolais: www.acadamh.ie091-595101 [email protected]

Page 10: Tuathal

10

Fadó, fadó… bhuel, bliain gan lá (go díreach!) ó shin, thosaigh mé san ollscoil álainn seo lán le háthas, lán le hiontas agus gan clú agam faoi rud ar bith a bhí romham.

Is cuimhin liom go maith é – cúpla lá sular thosaigh mé agus mo dhaideo ag rá liom “Now Dairíne, don’t waste yer money and join every one of those societies… Just pick two or three that ye really like and stick with them.” Saineolaí an tsaoil ab ea é, áfach, sa chás seo níor éist mé leis.

Faoi dheireadh Sheachtain na bhFreshers, bhí mé tar éis ballraíocht a ghlacadh i dtimpeall deich gcumainn. Ní raibh sé sin ró-dhona, tá a fhios agam – ach ag deireadh na bliana an raibh mé an-pháirteach i ngach ceann?! Umm…

As na deich gcinn sin, as na deich gcárta atá fós i mo sparán, thaitin SUAS agus VTP go mór liom. An imeacht amháin a d’fhreastal mé air leis an Literary Society, bhain mé sult as chomh maith.

Ach gan amhras, is é an Cumann Gaelach an cumann inár ghlac mé an pháirt is mó ann an bhlian seo caite. Níl mé in ann cuir síos a dhéanamh ar cé chomh tábhachtach agus cé chomh sásúil is atá sé suimeanna

an duine agus paisin an duine a roinnt le daoine eile agus tugann An Cumann Gaelach deis duit é sin a dhéanamh. Agus, bhuel, is iad na daoine a ghlacann páirt sa Chumann Gaelach cuid de na daoine is cineálta, is cneasta agus is cairdiúla san áit seo.

Sin a rud a d’fhoghlaim mé i rith na bliana, agus ár ndóigh táim claonta anois i leith an chumainn seo, ach mholfainn do gach uile dhuine a bheith linn sa Chumann Gaelach. Má tá cúpla focal agat, má tá tú líofa… má tá tú sean, má

tá tú óg… má tá grúpa mór de do chairde anseo, má tá tú i d’aonar… Bí linn. Is é an €3 is fearr a chaithfidh tú

riamh i do shaol. Is geallúint é sin.

Ach sin go leor fúmsa sílim. ;-) I bpreabadh na súl, tháinig an Samhradh chugam agus le sin, bhí mo chéad bhliain thart. Is é an lá seo, DO lá. Is í an tseachtain seo, DO sheachtain. Seachtain na bhFRESHERS, nach ea?

So, conas atá tú? Haha… ach táim dáiríre. Féileacáin i do bholg? Neirbhíseach? Ar bís? An bhfuil uaigneas ort? Eagla ort? Áthas ort? An cuma leat, ag deireadh an lae?

Ar aon nós, tá athrú mór os do chomhair. Faoi dheireadh, tá

tú críochnaithe ag foghlaim faoi na rudaí a bhfuil gráin agat orthu agus anois tá tú ag díriú isteach ar na rudaí a dtaitníonn leat. Bhuel, sin an plean, eh? Tá daoine timpeall ort, ní hamháin ó chontaetha difriúla leat, ach as tíortha difriúla freisin. B’fhéidir, fiú, go mbeidh deis agat dul chuig tír eile ar Erasmus i gcomhair bliana. Bhuel, is maith an scéalaí an aimsir…

Is dóigh liom go bhfuil go leor eolais ag dul tríd do cheann anois. Idir seastáin na gcumann go léir, réamh-léachtanna, daoine óna mblianta eile lena gcomhairle... Casacht… Ní hionadh é más rud é go bhfuil sé ar fad ag cuir tuirse ort. Creid é nó ná creid é, tá go leor fós le foghlaim agat. Ní hamháin sna leachtaí, no - i ngach caoi eile.

Beidh tú caillte ar feadh do chéad téarma ar fad is dócha. Ó ghiota go giota áfach, agus tar éis tamaillín, béarfaidh tú greim ar shaol mhic léinn Choláiste na Tríonóide. Tuigfidh tú tar éis cúpla seachtain cé go bhfuil an Butrach thar a bheith áisiúil tá sé ró-dhaor don lón laethúil. Déanfaidh tú geallúint duit féin go rachfaidh tú go dtí an spórtlann go minic, ach beidh sé deacair ort

AN CHÉAD BHLIAIN - TÚS MAITH LEATH NA HOIBRE.Le Dairíne Ní Bheinéid.

Dairíne i measc ball eile i

gClub an Chonartha

“Déanfaidh tú geallúint duit féin go rachfaidh tú go dtí an spórtlann go minic, ach beidh sé deacair duit gan stopadh ag an bPav.”

Page 11: Tuathal

11

gan stopadh ag an bPav. Fanfaidh tú i dteagmháil le do chairde a chuaigh chuig UCD cinnte, ach fásfaidh mícheanúlacht ionat den áit. Is rud dosheachanta é. Déanfaidh tú iarracht tagairtí agus deismireachtaí a dtuiscint agus iad a chur i gceart sna haistí. An rud nach féidir ní féidir é, mo chara, ach leanfaidh tú ar aghaidh le dóchas.

Ní h-inseoinn bréag duit – ní bheidh gach uile lá éasca. B’fhéidir go dtógfaidh sé tamall ort mothú compordach anseo. B’fhéidir ar dtús go mbeidh do chlann atá sa bhaile faoin tuath uait. B’fhéidir go mbeidh laethanta nuair nach mbeidh tú de mheon dearfach an t-am ar fad. Hey, níl aon rud neamhghnách fút so! Cuirifidh tú ceisteanna ort féin – an bhfuil mo chúrsa ró-dheacair? An mairfidh mé do cheithre bliana? Cén fáth go bhfuil gach duine eile níos clistí ná mise? An dtaitníonn sé liom? An fearr liomsa ábhar eile? Bhuel, téigh trasna an

droichead sin nuair… ;-)Ag deireadh an lae, beidh

athruithe tar éis teacht ort faoin am a dtagann an Samhradh agus beidh saol éagsúil agat i mbliana. B’eisceacht é pingin a bheith i do phóca in aon lá amháin. B’eisceacht é aiste a bheith

déanta agat roimh an spriocdháta, fiú ar an spriocdháta! Ach chun na fírinne a rá, b’eisceacht tú muna dtaitníonn an bhliain go

mór leatsa. Tá sé suas duitse. An té nach gcuireann san Earrach, ní bhainfidh sé san Fhómhair. So cuir san Earrach!!

Agus bígí réidh. Buailfidh sibh le daoine áille, cruthóidh cairdis saoil agus geallaim

daoibh go mbeidh am den scoth agaibh i

rith na ceithre bliana.

Déan as Gaeilge é!

Agus mar fhocal scoir –

Céad míle míle míle

fáilte romhaibh go

léir!

“Déanfaidh tú iarracht tagairtí agus deismireachtaí a dtuiscint agus iad a chur i gceart sna haistí. An rud nach féidir ní féidir é, mo chara, ach leanfaidh tú ar aghaidh le dóchas.”

An Pav.

Fógra:

Page 12: Tuathal

12

SAMHRADH SAN AUVERGNE

le hAidan Cowlard Joyce

Haigh! Tá mé ag déanamh staidéir ar an bhFraincis agus an Spáinnis faoi láthair sa chúrsa TSM. Mar aon le gach uile scoláire atá ag déanamh staidéir ar theanga eachtrach, tá sé i gceist agam dhá mhí nó níos mó a chaitheamh thar sáile i dtír ina labhraítear an teanga. Shocraigh mé mí an Mheithimh agus Iúil a chaitheamh sa Fhrainc an Samhradh seo agus thaistil mé go dtí an Auvergne i lar na Fraince. Vichy an t-ainm atá ar an mbaile ina bhí mé agus a d’fhreastail mé ar léachtaí ó Luan go hAoine i gcoláiste áitiúil ann darbh ainm Cavilam. Tá an baile Vichy cáiliúil mar gheall ar a uisce mianrach agus a ionaid spá teirmigh agus feictear go leor earraí den chineál seo i gcógaslainn in Éirinn agus ina lán tíortha eile. Le linn m’ama ann, d’fhan mé le clann óstach i Vichy agus chabhraigh sé sin go mór liom feabhas a chur ar chaighdeán mo Fhraincise. Bhí ranganna Fraincise (gramadach, léamhtuiscint agus cluastuiscint srl.) ar siúl ar maidin agus um thráthnóna rinne mé staidéar ar stair na Fraince ar feadh sé seachtaine agus cumarsáid chainte ar feadh cóicíse. Rud eile a bhain mé an-úsáid as ab iad na scannáin i bhFraincis a chur riarachán an choláiste ar siúl san oíche dhá huaire in aghaidh na seachtaine. Bhí scoláirí ar an gcúrsa céanna liom ó a lán tíortha difriúla ar fud an domhain. Bhí a lán ann as tíortha Eorpacha ar nós na Gearmáine, na hEilvéise agus na Spáinne agus daoine eile ó Mheicsiceo agus ón mBhrasaíl, chomh maith le scolairí ó thíortha san Áise ar nós na Síne; An Chóiré; An tSeapáin agus Vítneam. Seans iontach a bhí ann domsa tuiscint níos fearr a ghnóthú ar éagsúlacht chultúrtha an domhain agus cairdeas nua a chruthú. Tá go leor áiseanna iontacha ag Vichy cé nach bhfuil ach timpeall ar 26 míle duine ina

gcónaí ann. Tá linn snámha úrnua ann, mar shampla, (ina bhí Michael Phelps agus an fhoireann snámha Meiriceánach ag tréanáil ann an Samhradh seo); staid rásaíocht chapaill agus foirgneamh mór a úsáidtear le haghaidh léirithe ceoldrámaí. Is é an 21 Meitheamh an lá a bhíonn

muintir na Fraince ag céiliúradh An Fhéile Mhór Cheoil. I rith na

hoíche an 21 lá seinntear gach sórt ceoil ar na sráideanna (ceol claisiceach,

snagceol, rac, heavy metal, srl.). Ár ndóigh, is í an Fhéile Náisiúnta ar an 14 Iúil fós an fhéile is tábhachtaí sa Fhrainc agus bhí an-chuid tinte ealaíne

i Vichy agus gan dabht ar fud na tíre ar an oíche sin!

Tá a lán rudaí suimiúla le déanamh agus le feiceáil san

Auvergne agus bhí an seans agam an-chuid áiteanna a fheiceáil ann seachas Vichy féin mar d’eagraigh an coláiste a d’fhreastail mé air a lán imeachtaí agus turais taobh amuigh de na ranganna. Gach lá bhí turais dreapadóireachta ar siúl agus ar laethanta eile d’eagraíodh rudaí mar mharcaíocht faoin tuath nó blasadh toraidh áitiúla mar phoirt agus cáise as an Auvergne. Chonaic me roinnt bailte beaga san Auvergne lena bhfuil tábhacht staire ag baint leo, a lán dóibh a bhí ann óna Meánaoise agus cuid acu ó ré na Rómánaigh. Thaistil mé go dtí an chathair mhór Lyon (atá suite sa chúige Rhône-Alpes in aice leis an Auvergne) lá amháin agus thaitin ailtireacht na cathrach go mór liom. Ailtireacht de dhéanamh Iodálach a fheictear ann den chuid is mó mar bhog clann ó Fhlórans a bhí thar a bheith saibhir go dtí Lyon le linn ré na hAthbheochana agus rinne said pátrúnacht ar ailtireacht na cathrach. Is réigiún breá álainn é an Auvergne agus is cathair iontach í Lyon agus mholfainn go hard cuairt a thabhairt chuici má tá suim agat sa Fhrainc agus cultúr na tíre. Anois agus mé réasúnta eolach faoi Vichy, mholfainn an baile mar áit idéalach le staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis i rith an tSamhraidh do scoláirí atá ag déanamh céime sa Fhraincis san ollscoil. Is coláiste iontach é Cavilam agus d’fhoghlaim mé an-chuid Fraincis ann.

Aidan ag Picnic i Vinchy

Page 13: Tuathal

13

“OH, SALOU IS DÓCHA?”le hAoife Ní Athlaoch

“Oh, Salou is dócha?” B’shin é an chéad rud a ndúirt daoine liom nuair a chuala siad go raibh mé ar mo bhealach go dtí an Spáinn don Samhradh. Ach níl spéis nó súim agam mo laethanta saoire a chaitheamh i Salou. Chaith mé m’am ag taisteal timpeall na Spáinne le mo chara. Bhí muid i Santiago d'fhéile Naomh Shéamuis, agus Torto d'fhéile eile. Agus is cinnte go bhfaca mé gné dhifriúil den Spáinn nach bhfaca mé cheanna.

Ach bhí go leor teagmhas ar an mbealach. Ar an gcéad dul síos nuair a shroicheamar Santiago ní raibh taisceadán ar bith ann do ár málaí go léir a bhí againn. Thug mo chara comhairle dom cuairt a thabhairt ar na h-óstáin ar dtús. Sheas mo chara ar an sráid le na málaí agus mé ag rith suas agus síos chuig na h-óstáin, agus an teocht thart ar daichead céim! Ba chóir go bhfaighim Oscar do mo chuid aisteoireachta. "Tá an-bhrón orm, tháinig mé féin agus mo chara anseo ó Éireann agus ní raibh a fhios againn nach mbeadh

taisceadáin le fáil anseo. An bhfuil seans ar bith.. bhuel sin é.. an mbeadh múid in ann ár málaí a fhágáil anseo? Tabharfaimid airgead duit!” Níor oibrigh sé ar dtús ach bhí bean álainn in óstán le cúig réalt a thóg ár malaí uainn saor in aisce. Níl mé ábalta cuir síos a déanamh ar an bhfaoiseamh!

Is cathair mheánaoiseach í Santiago, ach an rud is cáiliúla faoi ná an ardeaglais. Gach bliain ar an 24ú lá de mhí Iúil ag meán oíche tagann tinte ealaíne ón ardeaglais. Bíonn an áit dubh le daoine ar an oíche sin. An bhliain seo bhí sé chomh plódaithe sin nach rabhamar in ann seasamh os chomhair na h-ardeaglaise, ach bhí an t-ádh orainn mar bhíomar in ann gach rud a fheiceáil ó cheann de na

cúlsráideanna. Nuair a deirim “tinte ealaíne” níl siad mar an gceanna lena “bangers” atá againn in Éirinn. Bhí cóiréagrafaíocht déanta ar na rudaí seo. Bhí taispeántas solais ann freisin, ag lasadh na ndealbh, na naomh agus na ndeamhan le ceol cantaireacht. Ach an rud is gléigile faoi ná bhí na tinte ealaíne ag

dul le buille an cheoil. Ina dhiaidh sin, bhí aonach siamsaíochta agus bhí mé féin agus

mo chara ar na bumper cars go dtí a cheathair a chloig ar maidin. Ansin bhí orainn dul go dtí an t-aerfort mar bhí eitilt againn ar a hocht a chloig. Gan dabht ar bith bhíomar mar zombaithe ach ní cheapaim go bhfuil mórán daoine eile ann atá ábalta a rá “Bhí mé i

Santiago, beagnach os comhair na h-ardeaglaise don bhliain

iubhaile agus chuala mé na cloig ag bualadh do lá Fhéile Shéamuis agus mé i mbumper car!”

Na tinte ealaíne taobh

thiar d’ardeaglais Naomh

Shéamuis.

“chuala mé na cloig ag bualadh do lá Fhéile Shéamuis agus mé i mbumper car!”

Page 14: Tuathal

14

le Ciara Ní Éanachain

Dia Daoibh agus fáilte ar ais anseo! D'imigh an Samhradh chomh tapa sin agus anois táimid réidh le bliain eile lán le laethanta fada agus oícheanta níos faide arís! Tá a fhios agam go bhfuil daoine eile ag scríobh faoina samhradh ag an am seo ach, ní dheachaigh mé ar J1 agus ní bhfuair mé post. Bhí mé tinn ar feadh tamaill le hionfhabhtú cliabhrach (sin chest infection folks!) agus ansin bhris mé mo bharraicín- rud atá i bhfad níos pianmhaire nó a cheapfá! Chaith mé na laethanta i mo chodladh, ag breathnú ar an teilifís, ar an idirlíon agus chaith mé na hoícheanta ag ól agus ag dul amach. Níl mé chun bréag a insint daoibh! Mar sin, níl an iomarca "scéalta scannalacha" agam le hinsint daoibh. Ach - sílim go bhfuil píosa maitheas agam daoibh sna rudaí  a d'fhoghlaim mé le linn an tSamhraidh.

‘Sé an chéad rud ná go bhfuil go leor rudaí ait le fáil ar an idirlíon. S‘iad na cinn is ait a gcas mé orthu: Teoracaí chomhcheilg (conspiracy theories) - chaith mé go leor ama á léamh. Tá daoine ann a deir nár thuairling duine ar bith ar an ngealach ach gur cruthaíodh i stiúideo é, agus daoine eile a bhfuil lán cinnte go dtagann cuairteoirí ó Mars chucu gach Céadaoin. Tá suíomh ann air a bhfuil liosta ainmneacha a bheadh Bart Simpson bródúil as toisc go bhfuaimíonn siad go léir fíor-shalach! M.sh Drew Peacock, Pat McGee agus Willie Stroker. B'fhéidir gur páiste mór mé, ach cheap mé go raibh siad greannmhar! Tá failblog.org thar a bheith greannmhar chomh maith agus tá roinnt íomhánna greannmhaire ar omnomnomnom.com agus tá cantbeunseen.com go maith chomh maith. Is fiú cuairt a thabhairt ar na suíomhanna seo! 

D'imigh mo thuismitheoirí ar saoire. Nuair atá tú i d'aonar sa bhaile, níl éinne eile ann le bia a h-ullmhú duit. Mar sin, bíonn ort é a dhéanamh agus ár ndóigh, mar dhaoine óga tá rud amháin ar intinn againn - cé chomh tapa agus gur féidir é a h-ullmhú. Anois, rud tábhachtach a d'fhoghlaim mé ná, nuair a deirtear "fast food" tá siad ag

bréagadóireacht an chuid is mó den am. Tógann sé 30 nóiméad ar a laghad chun pizza nó takeaway a fháil agus ní thógann steig ach 10 nóiméad ón gcuisneoir go dtí do bholg. Smaoinigh faoi - athróidh sé do shaol, an píosa de do shaol a bhaineann le luas bia ar aon nós. Rinne mé a lán béile dom féin agus mé ag déanamh deifre, nó stiúgtha leis

an ocras, agus is iad na rudaí is sciopadh le cruthú ná: aon rud le huibheacha, arbhar de gach sórt, núdail, pasta agus anraith (déanta le huisce nó as an gcána!) 

Is é an tríú nith a d'fhoghlaim mé ná nach féidir brath ar an aimsir in Éirinn ar chor ar

bith! Dá mbeadh mé ag iarraidh lá a chaitheamh cois fharraige bhíodh sé ag cur baistí, agus dá mbeadh mé ag tnúth le lá leisciúil le mo chairde-ag fanacht laistigh le dvd-anna agus seacláid- bhuel ar na laethanta sin bhíodh an ghrian ag spalpadh taobh amuigh. Níl a fhios agam fútsa ach mothaím ciontach nuair

atá mé taobh istigh agus an ghrian amuigh toisc go dtarlaíonn sé chomh

hannamh sin sa tír seo! 

Sin an mhéid asam anois, caithfidh mé dul ar ais go dtí an teilifís nó b'fhéidir go gceannóidh mé rudaí ar an idirlíon. B'fheidir gurbh é sin an comhairle is fearr lena bhfágfaidh mé sibh - ná faigh cárta creidmheasa! Tá siad dáinsearach agus costasach! Go háirithe nuair nach bhfuil post agat!  

SAMHRADH I MBAILE ÁTHA CLIATH

“Tógann sé  30 nóiméad ar a laghad chun pizza nó takeaway a fháil agus ní thógann steig ach 10 nóiméad ón gcuisneoir go dtí do bholg”

“Chaith mé na

laethanta i mo chodladh, ag breathnú ar an teilifís,

ar an idirlíon agus chaith mé na hoícheanta ag ól

agus ag dul amach.”

Page 15: Tuathal

15

Ag caitheamh súil siar ar Éigse na Tríonóide 2010.Gach bliain eagraíonn an Cumann Gaelach

seachtain iomlán d’imeachtaí ar fad trí mheán na Gaeilge. I measc bhuaicphointí na bliana seo caite ná

nuair a tháinig Aslan don ‘Gig Mór’ a thit amach sa

Village, an chéad ‘Ball Gaelach’ riamh in Ostán Russel

Court agus ‘Croí mór na Gaeilge’ (féach pictiúir

thuas).Bhí diospóireacht, caint, bronnadh na bhfáinní

agus Aifreann i measc na rudaí eile a eagraíodh. Is cinnte go bhfuil rud égin do gach duine!

Is seachtain den scoth í agus táimid ar fad ag súil

go mór léi arís i mbliana. Is cinnte go mbeidh Éigse

2010 níos fearr ná Éigse ar bith go dtí seo!

Éigse: Seachtain iomlán tiomnaithe don

Ghaeilge.

‘CROÍ NA GAEIILGE’

ÉIGSE 2010

Page 16: Tuathal

16

Crosfhocal

Duais:Buíochas le litriocht.com tá cóip den leabhar nua “An Chláirseach agus an Choróin" le

Liam Mac Cóil (luach 20e) le tabhairt amach againn. Má tá tú ag iarraidh cuir isteach ar an

gcomórtas seo tabhair an crosfhocal críochnaithe chuig seastán an chumainn i rith Sheachtain na Mac Léinn Úr. Tá

gach leabhar Gaeilge i gcló le fáil ar an suíomh www.litriocht.com

Síos1. Bhuaigh siad Corn an Domhain i mbliana2. Bhí an banna ceoil seo ar an bpríomhstáiste Dé Domhnaigh ag Oxegen4. Bhuaigh an bhean seo ó Chontae Luimnigh 115milliún euro11. Peata George san amhrán 'The Great Defector' agus 'Of Mice and Men'13. Bíonn Rihanna de shíor faoin rud seo15. Ní thaitníonn an baile seo le carachtar Colin Farrell i scannán áirithe.

Trasna:

3.Tá sé i gceist ag Gar dul ann i ndrama cailiúil

5. Dá gcuirfeá an pláinéad seo in uisce, snáfadh sé

6. Reachtaire an Chumainn

7. Bhí fuinneamh sa rud seo a d'éalaigh aréir

8. Loch _____, an loch is mó i gcroílár na hEorpa

9. Bhuaigh an duine seo an geansaí bán sa Tour de France i mbliana

10. Bíonn sé ag obair i gClub an Chonartha

12. I got a ______

14. Príomhchathair Cheanada

16. Deirtear gurbh é an fear seo an chéad ard-rí ceart ar Éireann

17. Bíonn bruachbhaile ar ______ na cathrach.

18. An chiotóg is cáiliúla ar domhan faoi láthair

Buíochas ollmhór le:•Ciara Heneghan•Lisa Nic Mhathúna

•hAoife Ní Athlaoch •hAidan Cowlard Joyce•Dairíne Ní Bheinéid

•Síobhra Nic Aogáin•hEmma Nic Fheorais

Buíochas freisin le:• Gael Linn• litriocht.com• Gaelshirt• Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge,

OÉ Gaillimh• Foilseacháín Ollscoil Átha Cliath

Eagarthóir:Pádraig Schaler

TUATHALAn Cumann Gaelach

Coláíste na Tríonóide

Teagmháil:[email protected]

Tá leagan leictreonach den iris seo le fáil ar an suíomh www.cumann.ie

Spás