treoir i leith tuairimÍ moltaÍ nÓ gearÁn

9
Treoir i leith Tuairimí, Moltaí agus Gearán Tá an doiciméad seo ar fáil i bhformáidí éagsúla lena n-áirítear: Prionta mór, braille, PDF, clostéip agus mionteangacha eitneacha R-phost: [email protected] Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire, BT48 7NN Teil: 028 7136 5151 Téacsfón: 028 7137 6646 www.derrycity.gov.uk

Upload: pol-o-frighil

Post on 07-Mar-2016

237 views

Category:

Documents


5 download

DESCRIPTION

Treoirleabhar le cuidiú leat do thuairimí a chur in iúl don Chomhairle Cathrach

TRANSCRIPT

Page 1: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

Treoir i leith Tuairimí, Moltaí agus Gearán

Tá an doiciméad seo ar fáil i bhformáidí éagsúla lena n-áirítear:Prionta mór, braille, PDF, clostéip agus mionteangacha eitneachaR-phost: [email protected]

Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire, BT48 7NNTeil: 028 7136 5151 Téacsfón: 028 7137 6646

www.derrycity.gov.uk

irish_cover_complaints_v7.indd 1 28/3/08 17:02:57

Page 2: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

1Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

Féachann Comhairle Cathrach Dhoire le seirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár bpobail ar fad. Tá ár n-aidhm leagtha síos go sonrach againn i bPlean Corparáideach 2006-2009, sé sin “seirbhísí ar ardchaighdeán agus ar luach airgid a chur ar fáil, bunaithe ar riachtanais an cheantair, agus á seachadadh ar bhealach éifeachtach agus freagrach” maraon lenár spriocanna:

• Seirbhísí a sholáthar a léiríonn riachtanais áitiúla agus réigiúnacha, agus a chloíonn le dualgais reachtúla;

• Seirbhísí éifeachtúla, insroichte agus freagracha;

• Caighdeáin foirfeachta i ngach ceann dár seirbhísí;

• Luach ar airgead agus feabhsú leanúnach ar ár gcuid oibre.

Chomh maith leis sin, tá sé leagtha síos againn inár gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí, na caighdeáin a mbeifeá ag súil leo agus tú i dteagmháil leis an gComhairle ar an teileafón, téacsfón, i litir, r-phost, ar suíomh gréasáin nó go pearsanta. Tá caighdeáin sheirbhíse ar leith i go leor réimsí atá leagtha síos i bPleananna Roinne.

Chun cuidiú linn ár n-aidhmeanna a sheachadadh agus le cinntiú go bhfuilimid ag freastal ar do riachtanais, fáiltímid roimh do thuairimí, do mholtaí nó do ghearáin.

Réamhrá

irish_complaints_v6.indd 1 28/3/08 17:00:26

Page 3: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

2 Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

irish_complaints_v6.indd 2 28/3/08 17:00:28

Page 4: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

3Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

Cén chaoi a dtabharfaidh mé tuairimí nó moltaí?Táimid ag iarraidh go mbeidh sé chomh furasta agus is féidir duit tuairimí agus moltaí a thabhairt. Is féidir leat tuairimí/moladh a chur in iúl dúinn ach an Fhoirm i Leith Tuairimí, Moltaí nó Gearán a chomhlánú go pearsanta (ag aon cheann dár n-ionaid fáiltithe), nó i scríbhinn, ríomhphost ([email protected]), teileafón (02871365151), téacsfón (028 71376646) nóar ár suíomh gréasáin: www.derrycity.gov.uk/feedback

Cén chaoi a ndéanfaidh mé Gearán?Tá súil againn go bhfuil na seirbhísí a fhaigheann tú uainn ar an gcaighdeán a raibh tú ag súil leo. Má théann rudaí mícheart, áfach, ní mór dúinn bheith ar an eolas fúthu chun iad a cheartú agus foghlaim astu. Cuideoidh sé seo linn ár bhfeidhmiúchán a fheabhsú.

Más mian leat gearán a dhéanamh, tá trí chéim shimplí sa phróiseas atá againn.

irish_complaints_v6.indd 3 28/3/08 17:00:28

Page 5: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

4 Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

Freagra ón mBainisteoir SeirbhíseTáimid ag iarraidh Seirbhís Mhaith Chustaiméara a chur ar fáil duit i gcónaí. Is é an chéad duine le dul i dteagmháil leis más mian leat gearán a dhéanamh ná bainisteoir na seirbhíse a bhfuil tú míshásta léi. De ghnáth bímid in ann botúin agus míthuiscintí a réiteach go sciobtha agus go neamhfhoirmiúil ag an gcéim seo. Mura bhfuil tú cinnte cén duine le dul i dteagmháil leis, tá liostad’oifigigh seirbhíse agus sonraí teagmhála ar ár suíomh gréasáin (www.derrycity.gov.uk/contact-details) nó is féidir leat glaoch ar ár n-oifigí ag 028 71365151 nó an téacsfón 028 71376646 a úsáid.

Déanfaimid iarracht rudaí a réiteach go hionraic agus chomh sciobtha agus is féidir. Má dhéanann tú gearán i scríbhinn, ríomhphost, téacsfón nó ar an bhFhoirm i Leith Tuairimí, Moltaí nó Gearán, gheobhaidh tú freagra iomlán agus soiléir laistigh de 15 lá oibre.

Mura dtarlaíonn sé seo, seolfaimid litir chugat ag míniú an fáth atá leis an moill agus ag insint duit cén t-am a bhfaighidh tú freagra iomlán. Inseoimid duit céard atá á dhéanamh againn le rudaí a chur ina gceart nó le cibé rud atá mícheart a mhíniú. Déanfaimid leithscéal a ghabháil má tá botún déanta againn.

Céim 1:

irish_complaints_v6.indd 4 28/3/08 17:00:31

Page 6: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

5Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

Gearán FoirmiúilMura bhfuil tú sásta le toradh Céim 1, ba cheart insint dúinn cén fáth nach bhfuil. Is féidir seo a dhéanamh trí ghearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCléireach Baile agus an Príomhfheidhmeannach:

• i scríbhinn, nó

• ó bhéal – (sa gcás seo déanfar taifead scríofa de do ghearán Fhoirm i leith Tuairimí, Moltaí nó Gearán)

• trí eagraíocht/duine ionadaíoch

• tríd an bhfoirm ar líne a chomhlánú ar ár suíomh gréasáin, nó

• an Fhoirm i Leith Tuairimí, Moltaí nó Gearán a chomhlánú

Cuirfidh an Cléireach Baile & an Príomhfheidhmeannach an gearán chuig an gceannasaí Roinne cuí (Príomhoifigeach) a bheidh freagrach as admháil a sheoladh chugat i scríbhinn (nó

in aon formáid chuí eile) ar do ghearán laistigh de 5 lá oibre

Ar an admháil seo, tabharfar ainm agus sonraí teagmhála an oifigeach sinsearach a d’ainmnigh Ceannasaí na Roinne chun an gearán a scrúdú. Ní hé seo an duine céanna a bhí ag déileáil le do ghearán ag an gcéim neamhfhoirmiúil.

Cinnteoidh Ceannasaí na Roinne go ndéantar iniúchadh ar an ngearán. D’fhéadfaí dul i dteagmháil leat, más cuí, chun an gearán a phlé agus/nó chun breis eolais a fháil. Cinnteoidh Ceannasaí na Roinne freisin go réitítear tuairisc ar thoradh an iniúchta agus go bhfaigheann tú freagra scríofa iomlán taobh istigh de 30 lá oibre ó fhaightear an gearán foirmiúil uait. Má tharlaíonn sé nach féidir linn cloí leis na tréimhsí ama seo, inseoimid duit faoi aon mhoill agus tabharfaimid dáta nua duit den am ar cheart duit freagra a fháil.

Céim 2:

irish_complaints_v6.indd 5 28/3/08 17:00:32

Page 7: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

6 Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

Athbhreithniú ón gCléireach Baile agus PríomhfheidhmeannachSa chás agus go mbíonn tú fós míshásta leis an gcaoi ar dhéileáil an Chomhairle le do ghearán, is féidir leat athbhreithniú ar thoradh an iniúchta a lorg ón gCléireach Baile agus Príomhfheidhmeannach. Líon isteach agus cuir ar ais an duillín freagartha a thiocfas leis an bhfreagra scríofa ar do ghearán ó Cheannasaí na Roinne nó déan teagmháil leis an gCléireach Baile agus Príomhfheidhmeannach i scríbhinn, ó bhéal nó trí eagraíocht/duine ionadaíoch.

Casfaidh an Cléireach Baile agus an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin le Ceannasaí na Roinne agus/nó oifigeach cuí mar is gá agus cuirfidh siad toradh an iniúchta inmheánaigh in iúl duit laistigh de 10 lá oibre ó iarrtar an t-athbhreithniú. Beidh an freagra seo i scríbhinn (nó in aon fhormáid chuí eile).

Má tharlaíonn sé nach féidir linn cloí leis na tréimhsí ama seo, inseoimid duit faoi aon mhoill agus tabharfaimid dáta nua duit faoin am ar cheart duit freagra a fháil.

Céim 3:

irish_complaints_v6.indd 6 28/3/08 17:00:34

Page 8: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

7Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a bhfuil do ghearán á láimhseáil ag am ar bith le linn an phróisis seo is féidir leat gearán a chur go díreach chuig:

Ombudsman na Tionóla agus Coimisinéir um Ghearáin33 Plás WellingtonBéal Feirste BT1 6HW

Teil: (028) 90233821Facs: (028) 90234912R-phost: [email protected]éasán: www.ni-ombudsman.org.uk

Ginearálta

irish_complaints_v6.indd 7 28/3/08 17:00:35

Page 9: TREOIR I LEITH TUAIRIMÍ MOLTAÍ NÓ GEARÁN

8 Tuairimí, Moltaí agus Gearáin

Is Gearán Foirmiúil a bheidh i ngach gearán ina bhfeictear gur loic ar an gComhairle cloí lena Scéim Chomhionannais agus tiocfaidh siad isteach freisin faoi athbhreithniú Chéim 3 ón gCléireach Baile agus ón bPríomhfheidhmeannach sula ndéantar aon chinneadh.

Dá thoradh sin, i ndiaidh an iniúchta atá léirithe ag Céim 2, casfaidh an Cléireach Baile agus an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin le Ceannasaí na Roinne agus/nó oifigigh cuí, mar is gá, agus tabharfar sonraí thoradh an iniúchta inmheánaigh duit i scríbhinn (nó formáid chuí eile) ón gCléireach Baile agus ón bPríomhfheidhmeannach laistigh de 40 lá oibre ó fhaightear an gearán. Tabharfar sonraí sa bhfreagra seo faoin gcaoi le gearán a dhéanamh leis na gCoimisiún Comhionannais má tá tú míshásta leis an toradh ar iniúchadh na Comhairle.

Gearáin EileB’fhéidir nach mbeadh an próiseas seofeiliúnach i ngach cás, mar shampla, má bhíonn riachtanais reachtúlaann, cúnamh deontais rle. Inseoidh ár bhfoireann duitnuair nach bhfeileann sé déileáil le do ghearán faoin bpróiseas gearán seo agus céard é an próiseasachomharc/gearán ceart.

Gearáin Scéim Comhionannais

irish_complaints_v6.indd 8 28/3/08 17:00:37