s a · 2018. 7. 25. · 2006 stiofán Ó cualáin 2007 mícheál Ó confhaola 2008 ciarán Ó con...

34
NA COMÓRTAIS ARDÁIN Laethanta na gComórtas Déardaoin, Dé hAoine & Dé Sathairn na Féile Oireachtas na Samhna 2015 27 Deireadh Fómhair - 1 Samhain N A COMÓR TAIS ARDÁ IN Laethanta na gComórtas Déardaoin, Dé hAoine & Dé Sathairn na Féile Sp rio cdh á ta Io n trá la : 16 M n mh a ir 20 15

Upload: others

Post on 02-Apr-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

NA COMÓRTAIS ARDÁINLaethanta na gComórtas

Déardaoin, Dé hAoine & Dé Sathairn na Féile

Oireachtas na Samhna201527 Deireadh Fómhair - 1 Samhain ������ ����������������

NNAA CCOOMMÓÓRRTTAAIISS AARRDDÁÁIINNLaethanta na gComórtas

Déardaoin, Dé hAoine & Dé Sathairn na FéileSSpprriiooccddhhááttaa IIoonnttrráállaa:: 1166 MMeeáánn FFóómmhhaaiirr 22001155

Page 2: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Oireachtas na

Samhna 2015Baile Átha Cliath

Clár na gComórtas Ardáin

Spriocdháta d’Iontrálacha: 16 Meán Fómhair 2015

Laethanta na gComórtas

Déardaoin, Dé hAoine & Dé Sathairn

29, 30 & 31 Deireadh Fómhair 2015

Faigheann Oireachtas na Gaeilge deontas ó

Page 3: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Ciarán Ó Gealbháin, ón Seanphobal, Co. Phort Láirge,

a bhuaigh Sean-Nós na bhFear ag Oireachtas na Samhna 2014, i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Page 4: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

TreoirPRÍOMHIMEACHTAÍ NA FÉILE 4

BUAITEOIRÍ CHORN UÍ RIADA 1972 – 2014 7

DUAISEOIRÍ I gCOMÓRTAIS SEAN-NÓIS NA bhFEAR & 8SEAN-NÓIS NA mBAN, 2010 – 2014

COMÓRTAIS DO DHAOINE ÓGA 9Rince Aonair ar an Sean-Nós 9Aithriseoireacht 10Dreas Cainte 11Amhránaíocht ar an Sean-Nós 11Scéalaíocht 12Agallamh Beirte 13Lúibíní 13

COMÓRTAIS DO DHAOINE FÁSTA 15An Phíb Uilleann 15Veidhlín 15Cláirseach / Cruit 16Ceol Beirte 16Rince Aonair ar an Sean-Nós 16Dreas Cainte 17Scéalaíocht - Comórtas Cáilithe 17Scéalaíocht - Príomhchomórtas 18Agallamh Beirte 18Sceitse 19Scoraíocht 19Lúibíní 19Amhránaíocht Nach Sean-Nós Í 20Amhrán Nuachumtha 20Amhrán Saothair 20Amhránaíocht ar an Sean-Nós 21

RIALACHA NA gCOMÓRTAS 25

FOIRM IARRATAIS Leathanaigh Láir

Page 5: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Príomhimeachtaí na FéileDÉ MÁIRT, 27 Deireadh Fómhair 2015

6.00 p.m. Bronnadh Dhuaiseanna Litearta & Gradam Uí Shúilleabháin

DÉ CÉADAOIN, 28 Deireadh Fómhair 2015

2.00 p.m. Seoladh Oifigiúil na Féile

3.00 p.m. Parlaimint na nDánTéama: Ról an Ealaíontóra i 1916 agus i gComóradh 1916Cuirfidh ceathrar ealaíontóirí, ó dhisciplíní éagsúla, saothair úra ar ‘Ról anEalaíontóra i 1916 agus i gComóradh 1916’ i láthair agus déanfar plé aran ábhar. Tabharfar deis d'ealaíontóirí agus dóibh siúd a bhíonn ag curmaoiniú ar fáil d'ealaíontóirí a bheith rannpháirteach sa phlé.

DÉARDAOIN, 29 Deireadh Fómhair 2015

12.00 p.m. Tús le Comórtais Ardáin do Dhaoine Óga (gach aoisghrúpa) Aithriseoireacht; Dreas Cainte; Scéalaíocht; Agallamh Beirte; Lúibíní

4.00. p.m. Comórtas: Lúibíní (daoine fásta)

5.00 p.m. Comórtas: Amhráin Saothair (daoine fásta)

6.00 p.m. Comórtas: Dreas Cainte (daoine fásta)

7.00 p.m. Comórtais Cháilithe Amhránaíochta ar an Sean-Nós do Dhaoine Fásta

Le deimhniú Ceolchoirm: Na Casaidigh á chraoladh beo ar TG4

10.30 p.m. Club na Féile

Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2015

10.00 a.m. Comórtais Ardáin do Dhaoine Óga - Amhránaíocht ar an Sean-Nós;Réamhbhabhtaí Damhsa ar an Sean-Nós

11.30 a.m. Comórtais Cháilithe Amhránaíochta ar an Sean-Nós d'Amhránaithe oscionn 35 (Mná & Fir)

12.00 p.m. SEIMINEÁR

1.00 p.m. Seoladh: Breacadh

1 .30 p.m. Seoladh Cláir Teilifíse - TG4

5

Page 6: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2015 (ar lean)

2.00 p.m. Réamhbhabhtaí don Damhsa ar an Sean-Nós (daoine fásta)

5.00 p.m. Comórtas Amhrán Nua-Chumtha - Corn Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin

5.00 p.m. Seoladh Cláir Teilifíse: TG4

7.00 p.m. Mórchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nóis

7.30 p.m. Scéalaíocht - Comórtas Cáilithe (Daoine Fásta)

9.00 p.m. Cóisir na Mac Léinn

10.00 p.m. Club na Féile

10.30 p.m. Club Amhránaíochta ‘Casadh an tSúgáin’.

DÉ SATHAIRN, 31 Deireadh Fómhair 2015

10.00 a.m. Comórtais Ardáin do Dhaoine Fásta: Scéalaíocht; Sceitse; Agallamh Beirte& Ceol Uirlise

11.00 a.m. Seimineár Chonradh na Gaeilge

12.00 p.m. Rás an Oireachtais Rás deireanach na bliana i sraith 'Na Rásaí'

1.00 p.m. An Chúirt Filíochta

2.00 p.m. Príomhchomórtais Rince ar an Sean-Nós

2.00 p.m. Seoladh Rith

3.00 p.m. Díospóireacht Ghael Linn do Mhíc Léinn Tríú Leibhéal

7.00 p.m. Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós - Corn Uí Riada

10.00 p.m. Club na Féile

10.30 p.m. Club Seiteanna

10.30 p.m. Club Amhránaíochta Casadh an tSúgáin

DÉ DOMHNAIGH, 1 Samhain 2015

10.30 a.m. Aifreann an Oireachtais

* Níl ach blaiseadh beag d’imeachtaí na féile anseo. Coinnigh súil ar www.antoireachtas.iechun an nuacht is déanaí a fháil. Bí ar d’aire go d'fhéadfaí dáta, am agus ionad comórtas arbith a athrú, ag brath ar líon na n-iomaitheoirí. 6

Príom

himea

chtaí na

Féile

Page 7: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Caitlín Ní Chualáin, An Teach Mór Thiar, Indreabhán, Co. na Gaillimhe,

a bhuaigh Sean-Nós na mBan ag Oireachtas na Samhna 2014, i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Page 8: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

1972 Treasa Ní Mhiolláin

1973 Nan Ghriallais

1974 Áine Ní Dhonncha

1975 Seosamh Mac an Iomaire

1976 Micheál Seoighe

1977 Seosamh Mac an Iomaire

1978 Seosamh Mac Donncha

1979 Treasa Ní Mhiolláin

1980 Tomás Ó Neachtain

1981 Tomás Ó Neachtain

1982 Seosamh Mac Donncha

1983 Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha

1984 Sorcha Uí Chonghaile

1985 Seán Mac Donncha

1986 Máirín Uí Chéidigh

1987 Nóra Mhic Dhonncha

1988 Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha

1989 Nóra Mhic Dhonncha

1990 Áine Uí Cheallaigh

1991 Lillis Ó Laoire

1992 Áine Uí Cheallaigh

1993 Nóra Mhic Dhonncha

1994 Lillis Ó Laoire

1995 Mairéad Ní Oistín

1996 Gearóidín Breathnach

1997 Éamonn Ó Donnchadha

1998 Nan Tom Taimín de Búrca

1999 Celia Ní Fhátharta

2000 Nan Tom Taimín de Búrca

2001 Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta

2002 Bríd Ní Mhaoilchiaráin

2003 Éamonn Ó Donnchadha

2004 Gearóidín Breathnach

2005 Éamonn Ó Donnchadha

2006 Stiofán Ó Cualáin

2007 Mícheál Ó Confhaola

2008 Ciarán Ó Con Cheanainn

2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde

2010 Nollaig Ní Laoire

2011 Jimmy Ó Ceannabháin

2012 Pól Ó Ceannabháin

2013 Mícheál Ó Confhaola

2014 Nell Ní Chróinín

BUAITEOIRÍ CHORN UÍ RIADA1972 – 2014

Tá cead ag buaiteoirí Chorn Uí Riada páirt a ghlacadh i gComórtas Chorn Uí Riada go dtígo mbíonn an Corn bronnta orthu don tríú huair.

Page 9: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

DuAISeOIRí 2010 – 2014i gComórtais Sean-Nóis na bhFear&Sean-Nóis na mBan

Amhránaithe atá cáilithe le páirt a ghlacadh i gcomórtas Chorn UíRiada 2015

2014An chéad duais Ciarán Ó Gealbháin Caitlín Ní ChualáinAn dara duais Irial Ó Ceallaigh Orla Ní Fhinneadha

2013An chéad duais Aodán Ó Ceallaigh Máire Ní ChéileachairAn dara duais Breandán Ó Ceannabháin Naisrín Elsafty

2012An chéad duais Tony Mac Ruairí Máire Ní ChoilmAn dara duais Páidí Mharthain Mac Gearailt Sorcha Ní Chéilleachair

2011An chéad duais Aodán Ó Ceallaigh Éilís Ní ChonghaileAn dara duais Ciarán Ó Gealbháin Eibhlís Uí Thuama

2010An chéad duais Páraic Phat Bhid Ó Flatharta Nell Ní ChroinínAn dara duais Brian Ó Domhnaill Sorcha Ní Chéilleachair

Page 10: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

10

Comórtais A

rdá

in d

o dha

oine óga

Comórtais Ardáin do dhaoine óga

le maoiniú ó FORAS NA GAeILGe

1 RINCe AONAIR AR AN SeAN-NóS: FAOI 9Iomaitheoirí faoi 9 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015.Damhsa aonair i stíl thraidisiúnta / réigiúnach na hÉireann. Má bhíonn líon móriomaitheoirí istigh ar an gcomórtas eagrófar réamhbhabhta. Ní gá an damhsa céannaa dhéanamh sa réamhbhabhta agus sa phríomhchomórtas.Cuirfidh ceoltóirí de chuid an Oireachtais ceol beo ar fáil mar thionlacan dodhamhsóirí. (Tá deireadh curtha leis an nós deis a thabhairt do dhamhsóirí a gceoltóirféin a thabhairt leo mar a bhíodh i gceist go dtí seo.)

Ní bheidh cead ag damhsóirí fearais (props) ar bith a úsáid.

Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2015, a reáchtálfar an réamhbhabhta don chomórtasseo, má bhíonn gá leis.

An Chéad Duais: Corn agus Bonn airgid; An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

2 RINCe AONAIR AR AN SeAN-NóS: 9 - 12Iomaitheoirí os cionn 9 mbliana d’aois agus faoi 12 bliana d’aois Lá Samhna 2015.Is ionann na sonraí eile don chomórtas seo agus sonraí Chomórtas 1.

An Chéad Duais: Corn agus Bonn airgid; An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

3 RINCe AONAIR AR AN SeAN-NóS: 12 - 15 BLIANAIomaitheoirí os cionn 12 bhliain d’aois agus faoi 15 bliana d’aois ar Lá Samhna 2015. Isionann na sonraí eile don chomórtas seo agus sonraí Chomórtas 1.

An Chéad Duais: Corn agus Bonn airgid; An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

4 RINCe AONAIR AR AN SeAN-NóS: 15 - 18 mBLIANAIomaitheoirí os cionn 15 bliana d’aois agus faoi 18 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015.Is ionann na sonraí eile don chomórtas seo agus sonraí Chomórtas 1.

An Chéad Duais: Corn agus Bonn airgid; An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

Page 11: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

5 AITHRISeOIReACHT: FAOI 9Iomaitheoirí faoi 9 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíPíosa aithriseoireachta nach rachaidh thar dhá nóiméad. Glacfar le filíocht nó leprós ach ní mór saibhreas Gaeilge a léiriú i gcaint rithimiúil, chruinn, líofa a rachaidh ibhfeidhm ar an gcomhluadar. Is faoin iomaitheoir a bheidh sé a chinntiú nachsáróidh sé/sí an teora ama.

An Chéad Duais: Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

6 AITHRISeOIReACHT: 9 - 12 Iomaitheoirí os cionn 9 bhliain d’aois agus faoi 12 bliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíPíosa aithriseoireachta nach rachaidh thar trí nóiméad. Glacfar le filíocht nó le prósach ní mór saibhreas Gaeilge a léiriú i gcaint rithimiúil, chruinn, líofa a rachaidh ibhfeidhm ar an gcomhluadar. Is faoin iomaitheoir a bheidh sé a chinntiú nachsáróidh sé/sí an teora ama.

An Chéad Duais: Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

7 AITHRISeOIReACHT: 12 - 15 Iomaitheoirí os cionn 12 bhliain d’aois agus faoi 15 bliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíPíosa aithriseoireachta nach rachaidh thar cúig nóiméad. Glacfar le filíocht nó leprós ach ní mór saibhreas Gaeilge a léiriú i gcaint rithimiúil, chruinn, líofa a rachaidh ibhfeidhm ar an gcomhluadar. Is faoin iomaitheoir a bheidh sé a chinntiú nachsáróidh sé/sí an teora ama.

An Chéad Duais: Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

11

Page 12: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

12

8 DReAS CAINTe: 15 - 18 Iomaitheoirí os cionn 15 bliana d’aois agus faoi 18 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíDreas cainte nach rachaidh thar cúig nóiméad ar théama a roghnófar ar an láthair.Seolfar na téamaí don chomórtas seo amach sa phost chuig gach iomaitheoir roimh láan chomórtais ach is go randamach, ar láthair an chomórtais, a roghnófar an téama ara labhróidh gach aon duine. Beidh béim ar chaint shaibhir chruinn rithimiúil arachaidh i bhfeidhm ar an gcomhluadar agus beifear ag súil le: (a) eagar agusleanúnachas smaointe; (b) soiléire, saibhreas agus cruinneas na cainte; (c) éifeacht nacainte; (d) Gaeilge gan dul an Bhéarla uirthi; agus (e) comhréir. Is faoin iomaitheoir abheidh sé a chinntiú nach sáróidh sé/sí an teora ama.

An Chéad Duais: Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

9 AMHRÁNAíOCHT AR AN SeAN-NóS: FAOI 9Iomaitheoirí faoi 9 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíAmhrán de rogha an iomaitheora, amhrán mall nó amhrán tapaidh.

An Chéad Duais: Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

10 AMHRÁNAíOCHT AR AN SeAN-NóS: 9 - 12Iomaitheoirí os cionn 9 mbliana d’aois agus faoi 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíDhá amhrán de rogha an iomaitheora, amhrán mall agus amhrán tapaidh.

An Chéad Duais: Corn Dharach Uí Chatháin agus Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

Comórtais A

rdá

in d

o dha

oine óga

Page 13: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

11 AMHRÁNAíOCHT AR AN SeAN-NóS: 12 - 15 BLIANAIomaitheoirí os cionn 12 bhliain d’aois agus faoi 15 bliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíIs ionann na sonraí don chomórtas seo agus sonraí Chomórtas 10.

An Chéad Duais: Corn Sheosaimh Uí Éanaigh agus Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

12 AMHRÁNAíOCHT AR AN SeAN-NóS: 15 - 18 mBLIANAIomaitheoirí os cionn 15 bliana d’aois agus faoi 18 mbliana d’aois ar Lá Samhna2015.

SONRAíIs ionann na sonraí don chomórtas seo agus sonraí Chomórtas 10.

An Chéad Duais: Corn Annie Eoghan Éamoinn agus Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

13 SCÉALAíOCHT: FAOI 12Iomaitheoirí faoi 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíScéal le hinsint i modh traidisiúnta.

An Chéad Duais: Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

14 SCÉALAíOCHT: 12 - 15 BLIANAIomaitheoirí os cionn 12 bhliain d’aois agus faoi 15 bliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíIs ionann na sonraí don chomórtas seo agus sonraí Chomórtas 11.

An Chéad Duais: Bonn airgid. An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

13

Page 14: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

14

15 SCÉALAíOCHT: 15 - 18 mBLIANA

Iomaitheoirí os cionn 15 bliana agus faoi 18 mbliana ar Lá Samhna 2015. Seanscéal le

hinsint i modh traidisiúnta.

SONRAíIs é an saghas scéil is oiriúnaí ná seanscéal gaisce, i. scéal a mbeadh an chaint gosaibhir ann (cóirithe catha, culacha gaisce, agus rudaí eile). Ní oireann scéalta grinn náa leithéidí don chomórtas seo.

An Chéad Duais: Corn Choláiste Rann na Feirste agus Bonn airgid.An Dara Duais: Bonn cré-umha.

Táille Iomaíochta: €10

16 AGALLAMH BeIRTe: FAOI 12 urraithe ag Ros na RúnIomaitheoirí faoi 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíDíospóireacht nó aighneas i bprós nó i bhfilíocht gan dul thar cúig nóiméad. Níchoiscfear éide a bheas de réir fhírinne an agallaimh.

Bronnfar duais speisialta ar an Agallamh Beirte is fearr a mbeidh carachtar amháin nóbeirt charachtar as Ros na Rún léirithe ann.

An Chéad Duais: Corn Dhiarmuid Mhic an Adhastair & Boinn airgid.An Dara Duais: Boinn chré-umha.

Duais Speisialta: Táibléad an duine don bheirt iomaitheoirí agus CeardlannDrámaíochta don rang ar fad sa scoil ar a bhfuil siad ag freastal.

Táille Iomaíochta: €18

17 AGALLAMH BeIRTe: 12 - 15 BLIANAIomaitheoirí os cionn 12 bhliain d’aois agus faoi 15 bliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíDíospóireacht nó aighneas i bprós nó i bhfilíocht gan dul thar seacht nóiméad. Níchoiscfear éide a bheas de réir fhírinne an agallaimh.

An Chéad Duais: Boinn airgid. An Dara Duais: Boinn chré-umha.

Táille Iomaíochta: €18

18 AGALLAMH BeIRTe: 15 - 18 mBLIANAIomaitheoirí os cionn 15 bliana d’aois agus faoi 18 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíDíospóireacht nó aighneas i bprós nó i bhfilíocht gan dul thar deich nóiméad. Níchoiscfear éide a bheas de réir fhírinne an agallaimh.

An Chéad Duais: Boinn airgid. An Dara Duais: Boinn chré-umha.

Táille Iomaíochta: €18

Comórtais A

rdá

in do dh

aoin

e óga

Page 15: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

15

19 LúIBíNí: FAOI 12Iomaitheoirí faoi 12 bhliain d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíCeapóga nó Lúibíní ar nós “Oró Mhíle Grá” nó “Im Bim Babaró” a ghabháil le ceol, gandul thar cúig nóiméad. Beirt a bheith páirteach i ngach iarracht, ag freagairt a chéile ivéarsaí fileata, deisbhéalacha.

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Áine Ní Shé Uí Dhubhgáin & Boinn airgid.An Dara Duais: Boinn chré-umha.

Táille Iomaíochta: €18

20 LúIBíNí: 12 - 15 BLIANAIomaitheoirí os cionn 12 bhliain d’aois agus faoi 15 bliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíCeapóga nó Lúibíní ar nós “Oró Mhíle Grá” nó “Im Bim Babaró” a ghabháil le ceol, gandul thar seacht nóiméad. Beirt a bheith páirteach i ngach iarracht, ag freagairt a chéilei véarsaí fileata, deisbhéalacha.

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Dhónail Uí Liatháin & Boinn airgid.An Dara Duais: Boinn chré-umha.

Táille Iomaíochta: €18

21 LúIBíNí: 15 - 18 mBLIANAIomaitheoirí os cionn 15 bliana d’aois agus faoi 18 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015.

SONRAíCeapóga nó Lúibíní ar nós “Oró Mhíle Grá” nó “Im Bim Babaró” a ghabháil le ceol, gandul thar deich nóiméad. Beirt a bheith páirteach i ngach iarracht, ag freagairt a chéile ivéarsaí fileata, deisbhéalacha.

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Shorcha Uí Pheatáin & Boinn airgid.An Dara Duais: Boinn chré-umha.

Táille Iomaíochta: €18

Page 16: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

COMóRTAIS ARDÁIN DO DHAOINe FÁSTAD’iomaitheoirí os cionn 18 mbliana d’aois ar Lá Samhna 2015

22 AN PHíB uILLeANNBeidh ceithre phíosa ceoil, gan dul thar trí nóiméad le haon cheann acu, le seinm agiomaitheoirí:

(i) Fonn mall*; (ii) Port; (iii) Ríl; agus (iv) Cornphíopa nó (v) fonn amháin eile as anngnáth-thraidisiún Gaelach nach port nó ríl nó fonn mall atá ann. Is féidir dhá phortnó dhá ríl as a chéile a sheinm, de réir rogha an iomaitheora, ach iarrtar gan dul thar 3nóiméad le haon phíosa.

An Chéad Duais: Trófaí Cuimhneacháin Bhreandáin Breathnach, Bonn airgid & €350.

An Dara Duais: Bonn cré-umha & €150Fonn Mall: Bronnfar Corn Uí Chinnéide, móide €100 urraithe ag Cumann CairdeasCeilteach, ar an duine is fearr i dtuairim an mholtóra a sheinnfidh fonn mall sachomórtas seo.

Táille Iomaíochta: €18

23 VeIDHLíNTrí phíosa de rogha an iomaitheora le seinm as seo: (a) dhá ríl as a chéile; (b) dhá phort as achéile; (c) cornphíopa nó rince leithleach; (d) fonn mall nó (e) píosa amháin eile nach bhfuilluaite thuas atá, i dtuairim an iomaitheora, oiriúnach don veidhlín.

An Chéad Duais: Corn Crotaigh, Bonn airgid & €350. An Dara Duais: Bonn cré-umha & €150.

Táille Iomaíochta: €18

16

Comórta

is Ardáin

do dh

aoi ne fásta

Page 17: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

17

24 CLÁIRSeACH / CRuITTrí phíosa de rogha an iomaitheora le seinm as seo: (a) dhá ríl as a chéile; (b) dhá phort as a chéile; (c) cornphíopa nó rince leithleach; (d) fonn mall nó(e) píosa amháin eile nach bhfuil luaite thuas atá, i dtuairim an iomaitheora, oiriúnachdon chláirseach nó don chruit.

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Eibhlín Uí Chathailriabhaigh, Bonn airgid &€350.An Dara Duais: Bonn cré-umha & €150.

Táille Iomaíochta: €18

25 CeOL BeIRTeDhá uirlis éagsúla. Trí phíosa de rogha na n-iomaitheoirí le seinm astu seo a leanas:

(a) dhá ríl as a chéile; (b) dhá phort as a chéile; (c) cornphíopa nó rince leithleach; (d)fonn mall nó (e) píosa amháin eile nach bhfuil luaite thuas.

An Chéad Duais: Boinn airgid & €400. An Dara Duais: Boinn chré-umha & €200.

Táille Iomaíochta: €25

26 RINCe AONAIR AR AN SeAN-NóS (Urraithe ag TG4)Damhsa aonair i stíl thraidisiúnta / réigiúnach na hÉireann. Má bhíonn líon móriomaitheoirí istigh ar an gcomórtas eagrófar réamhbhabhta. Ní gá an damhsa céannaa dhéanamh sa réamhbhabhta agus sa phríomhchomórtas. Ní bheidh cead agdamhsóirí fearais (props) ar bith a úsáid.

Cuirfidh ceoltóirí de chuid an Oireachtais ceol beo ar fáil mar thionlacan dodhamhsóirí. (Tá deireadh curtha leis an nós deis a thabhairt do dhamhsóirí a gceoltóirféin a thabhairt leo mar a bhíodh i gceist go dtí seo.)

Is Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2015, a reáchtálfar an réamhbhabhta donchomórtas seo, má bhíonn gá leis.

An Chéad Duais: Corn TG4, Bonn airgid & €1,000.

An Dara Duais: Bonn cré-umha & €500.

Ní cheadófar d’iomaitheoir a bhuafaidh an chéad duais i mbliain ar bith a bheith saniomaíocht an bhliain ina dhiaidh sin.

Táille Iomaíochta: €18

Page 18: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

18

27 DReAS CAINTe (Urraithe ag Foras na Gaeilge)

Dreas cainte, a mhairfidh ar feadh cúig nóimead ar a laghad, ar théama a roghnófar aran láthair. Is go randamach, istigh ag an gcomórtas, a roghnófar téama do gach aoniomaitheoir agus ní fhéadfaidh sé/sí láthair an chomórtais a fhágáil go mbeidh ac(h)uid cainte déanta. Ní foláir d’iomaitheoirí a bheith ullamh go pras le labhairt ar antéama a thabharfar dóibh cé go mbeidh roinnt nóiméad ullmhúcháin acu fhad agus abheidh an té a thiocfaidh rompu ar an gclár ag caint. Beidh béim ar chaint shaibhirchruinn rithimiúil a rachaidh i bhfeidhm ar an gcomhluadar agus beifear ag súil le:(a) eagar agus leanúnachas smaointe; (b) soiléire, saibhreas agus cruinneas na cainte;(c) éifeacht na cainte; (d) Gaeilge gan dul an Bhéarla uirthi; agus (e) comhréir.

An Chéad Duais: Corn Sheáin Uí Ghallchóir, Trófaí Fhoras na Gaeilge, Bonn airgid & €350. An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200.

Ní cheadófar d’iomaitheoir a bhuafaidh an chéad duais i mbliain ar bith a bheith saniomaíocht an bhliain ina dhiaidh sin.

Táille Iomaíochta: €18

28 SCÉALAíOCHT - COMóRTAS CÁILITHeD’iomaitheoirí nár bhuaigh duais cheana i gcomórtas scéalaíochta do dhaoine fásta agféile Oireachtais. Beidh buaiteoir an chomórtais seo cáilithe le páirt a ghlacadh saphríomhchomórtas Scéalaíochta sa bhliain 2016, agus gach bliain ina dhiaidh sin.

Seanscéal le hinsint i stíl traidisiúnta.

Ní foláir do gach iomaitheoir dhá scéal a ainmniú ar an bhfoirm iontrála agus astu sin,ar láthair an chomórtais, is ea a roghnófar an scéal a bheidh le hinsint ag aniomaitheoir.

Teorainn ama: fiche nóiméad. Ní gá an scéal a insint ina iomláine ach is faoiniomaitheoir a bheidh sé a chinntiú nach sáróidh sé/sí an teora ama.

An Chéad Duais: Corn Bhab Feiritéir (urraithe ag Roinn an Bhéaloidis, Coláiste nahOllscoile, Corcaigh) & €300

An Dara Duais: €100

Táille Iomaíochta: €18

Comórta

is Ardáin

do dhaoine fásta

Page 19: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

19

29 SCÉALAíOCHT - PRíOMHCHOMóRTAS (Urraithe ag Foras na

Gaeilge)Seanscéal le hinsint i stíl traidisiúnta. Ní foláir do gach iomaitheoir trí scéal aainmniú ar an bhfoirm iontrála agus astu sin, ar láthair an chomórtais, is ea aroghnófar an scéal a bheidh le hinsint ag an iomaitheoir.

Teorainn ama: fiche nóiméad.

Ní gá an scéal a insint ina iomláine ach is faoin iomaitheoir a bheidh sé a chinntiúnach sáróidh sé/sí an teora ama.

Ní foláir do gach iarrthóir sa chomórtas seo an chéad duais a bheith bainte amachacu cheana féin i gcomórtas scéalaíochta, i rannóg na ndaoine fásta, ag anOireachtas. (Tá an bhliain ar bhuaigh tú le breacadh síos ar an bhfoirm iontrála -féach cúl na foirme.)

An Chéad Duais: Corn Neidí Frainc Mhic Grianna, Trófaí Fhoras na Gaeilge, Bonnairgid agus €350. An Dara Duais: Bonn cré-umha agus €200.

Ní cheadófar d’iomaitheoir a bhuafaidh an chéad duais i mbliain ar bith a bheith saniomaíocht an bhliain ina dhiaidh sin.

Táille Iomaíochta: €18

30 AGALLAMH BeIRTe (Urraithe ag Foras na Gaeilge)Díospóireacht nó aighneas nuacheaptha, nach ndearnadh taispeántas air roimheseo, i bprós nó i bhfilíocht, gan dul thar deich nóiméad. Beirt a bheith páirteach ingach iarracht, ag freagairt a chéile le caint dheisbhéalach, shaibhir, fhileata,nádúrtha.

Ní choiscfear éide a bheas de réir fhírinne an agallaimh. Ní foláir script an agallaimh a sheoladh chuig Oifig an Oireachtais roimh Déardaoin, 15 DeireadhFómhair 2015.

An Chéad Duais: Trófaí Fhoras na Gaeilge, Boinn airgid agus €400. An Dara Duais: Boinn chré-umha agus €300.

Duais Speisialta: €300 do bheirt nár bhain ceachtar acu duais sa chomórtas seocheana. (Má tá foireann iomaíochta i dteideal a bheith san iomaíocht don duais seois gá é sin a dheimhniú ar an bhfoirm iontrála.)

Ní cheadófar d’fhoireann iomaíochta a bhuafaidh an chéad duais i mbliain ar bith abheith san iomaíocht an bhliain ina dhiaidh sin. (Ní chuirfear cosc, áfach, archeachtar den dá pháirtí dul san iomaíocht le páirtí nua.)

Táille Iomaíochta: €25

Page 20: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

20

31 SCeITSeSceitse, do bheirt nó triúr, idir cúig agus deich nóiméad. Tá saoirse ag iomaitheoirímaidir le cultacha, gluaiseachtaí, véarsaíocht, prós, saor chaint agus aisteoireachta. Táan bhéim sa chomórtas seo ar dheisbhéalacht agus úsáid chliste as Gaeilge mhaith.

An Chéad Duais: Corn Eibhlín Ní Chathailriabhaigh, Boinn airgid & €400. An Dara Duais: Boinn chré-umha & €300.

Táille Iomaíochta: €25

32 LúIBíNí (Urraithe ag Foras na Gaeilge)Ceapóga nó Lúibíní nuacheaptha, nach ndearnadh taispeántas air roimhe seo, ar nós“Oró Mhíle Grá” nó “Im Bim Babaró” a ghabháil le ceol. Beirt a bheith páirteach ingach iarracht, ag freagairt a chéile i véarsaí fileata, deisbhéalacha. Is gá script anlúibín a sheoladh chuig Oifig an Oireachtais roimh Déardaoin, 15 Deireadh Fómhair2015.

An Chéad Duais: Trófaí Fhoras na Gaeilge, Boinn airgid agus €400. An Dara Duais: Boinn chré-umha agus €300.

Duais Speisialta: €300 do bheirt nár bhain ceachtar acu duais sa chomórtas seocheana. (Má tá foireann iomaíochta i dteideal a bheith san iomaíocht don duais seo isgá é sin a dheimhniú ar an bhfoirm iontrála.)

Ní cheadófar d’fhoireann iomaíochta a bhuafaidh an chéad duais i mbliain ar bith abheith san iomaíocht an bhliain ina dhiaidh sin. (Ní chuirfear cosc, áfach, ar cheachtarden dá pháirtí dul san iomaíocht le páirtí nua.)

Táille Iomaíochta: €25

33 SCORAíOCHTScoraíocht ar a measfar an ceol, rince, amhráin agus caint, nach rachaidh thar fichenóiméad agus a léireofar ón urlár nó ón ardán. Beidh cead feisteas a úsáid más gá. Nífoláir cúigear ar a laghad agus gan thar fiche duine a bheith sa bhuíon.

An Chéad Duais: €500. An Dara Duais: €300

Táille Iomaíochta: €25

Comórtais Ard

áin do dhaoin

e fásta

Page 21: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

21

34 AMHRÁNAíOCHT AONAIR NACH SeAN-NóS í

Dhá amhrán le canadh gan tionlacan, i stíl nach sean-nós í. Tá an comórtas oscailted’fhir agus do mhná.

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Chonaill Uí Fhearraigh, Bonn airgid & €250. AnDara Duais: Bonn cré-umha & €100

Táille Iomaíochta: €18

35 AMHRÁN NuACHuMTHA (Urraithe ag Foras na Gaeilge)

Amhrán nua a cheapadh d’fhonn traidisiúnta. Amhrán bríomhar m.sh. “Táimse agusMáire”. Ní gá gurb é an té a cheapfaidh na focail a chanfaidh an t-amhrán ach is ar anté a cheapfaidh na focail a bhronnfar an duais. Is gá focail an amhráin nua-chumtha asheoladh chuig Oifig an Oireachtais roimh Déardaoin, 15 Deireadh Fómhair 2015,agus ní mór fonn an amhráin a bheith luaite.

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin, Bonn airgid & €350.An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200.

Táille Iomaíochta: €18

36 AMHRÁN SAOTHAIR

Amhrán seanbhunaithe nó nua-chumtha, a chuireann saothair nó ceird in iúl trí rithiman cheoil agus mheadaireacht na véarsaíochta, á chanadh ag beirt amhránaithe agfreagairt a chéile, véarsa i ndiaidh véarsa. Chastaí na hamhráin saothair le dul lehobair faoi leith san am atá caite, chun an leadrán a sheachaint, ach níos tábhachtaífós i gcás obair a mbeadh beirt nó níos mó ina bun, chun rithim na hoibre achoinneáil. Samplaí maithe den amhrán saothair iad "Casadh an tSúgáin", "Ding DongDederó" agus "Amhrán na Cuiginne". I gcás amhrán nua-chumtha bheadhan-fháilte roimh amhráin a bheadh bunaithe ar cheirdeanna nua-aimseartha.

Is gá na focail a sheoladh chuig Oifig an Oireachtais roimh Déardaoin, 15 DeireadhFómhair 2015, i gcás amhráin nua-chumtha.

An Chéad Duais: Trófaí, Boinn airgid agus €400.An Dara Duais: Boinn chré-umha agus €300.Duais Speisialta: Bronnfar €200, ar an amhrán nua-chumtha is fearr sa chomórtas.

Ní cheadófar d’fhoireann iomaíochta a bhuafaidh an chéad duais i mbliain ar bith abheith san iomaíocht an bhliain ina dhiaidh sin. (Ní chuirfear cosc, áfach, ar cheachtarden dá pháirtí dul san iomaíocht le páirtí nua.)

Táille Iomaíochta: €25

Page 22: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

22

37 CORN MHÁIRe NIC DHONNCHADHA (Urraithe ag Údarás naGaeltachta)

Comórtas cáilithe amhránaíochta ar an sean-nós do mhná os cionn 35-Leibhéal 1Dhá amhrán de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrántapaidh.* (féach nótaí thíos)

An Chéad Duais: Corn Mháire Nic Dhonnchadha, Bonn airgid & €300.An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200.

Táille Iomaíochta: €18

38 CORN CuIMHNeACHÁIN AMHRÁNAITHe SeAN-NóISCHONAMARA (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)

Comórtas cáilithe amhránaíochta ar an sean-nós d’fhir os cionn 35-Leibhéal 1Dhá amhrán de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrántapaidh. * (féach nótaí thíos)

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara, Bonnairgid & €300; An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200.

Táille Iomaíochta: €18

* Nóta do Chomórtas 36 & 37(a) Amhránaithe os cionn 35 bliain d’aois ar Lá Samhna 2015 amháin a bheidh

rannpháirteach sna comórtais seo.(b) Beidh cead ag iomaitheoirí a bhainfidh an chéad áit sna comórtais seo páirt a

ghlacadh i gcomórtas na bhFear / na mBan (Leibhéal 2) i mbliana.(c) Má bhíonn iomaitheoir páirteach i gcomórtas eile amhránaíochta ar an sean-nós

ní ceadaítear dó/di an t-amhrán/na hamhráin chéanna a chanadh. (Féach Riail 11 ar leathanach 25)

(d) Is comórtais cháilithe le haghaidh Phríomhchomórtais Amhránaíochta ar an Sean-Nós an Oireachtais, Corn Uí Riada, iad seo agus chun a chinntiú go mbeidh deisag iomaitheoirí nua cáiliú gach bliain, ní bheidh deis iomaíochta iontu ag aonduine a bhuaigh comórtas ag an leibhéal seo cheana:(i) duine a bhain an chéad duais cheana sna comórtais seo;(ii) duine a bhain duais i gComórtas na mBan nó i gComórtas na bhFear; (iii) duine a bhain an chéad duais i gCorn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama

nó i gComórtas Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe;(iv) duine a bhain duais i gCorn Uí Riada.

Comórtais Ardá

in do dh

aoine fásta

Page 23: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

23

39 CORN CuIMHNeACHÁIN SHeÁIN óIG uí THuAMAComórtas cáilithe amhránaíochta ar an sean-nós do mhná faoi bhun 35bliain d’aois - Leibhéal 1

Dhá amhrán dhúchasacha de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) arathghlaoch amhrán tapaidh. * (féach nótaí thíos)

An Chéad Duais: Cearnaire Sheáin Óig Uí Thuama, Bonn airgid & €300. An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200.

Táille Iomaíochta: €18

40 CORN CuIMHNeACHÁIN AMHRÁNAITHe SeAN-NóISMHúSCRAIGHe Comórtas cáilithe amhránaíochta ar an sean-nósd’fhir faoi bhun 35 bliain d’aois - Leibhéal 1

Dhá amhrán dhúchasacha de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) arathghlaoch, amhrán tapaidh. * (féach nótaí thíos)

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe, Bonnairgid & €300. An Dara Duais: Bonn cré-umha & €200.

Táille Iomaíochta: €18

* Nóta do Chomórtas 39 & 40

(a) Amhránaithe faoi bhun 35 bliain d’aois ar Lá Samhna 2015 amháin a bheidhrannpháirteach sna comórtais seo.

(b) Is comórtais cháilithe le haghaidh Phríomhchomórtais Amhránaíochta ar anSean-Nós an Oireachtais, Corn Uí Riada, iad seo agus chun a chinntiú go mbeidhdeis ag iomaitheoirí nua cáiliú gach bliain, ní bheidh deis iomaíochta iontu ag aonduine a bhuaigh Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama, Corn Mháire NicDhonnchadha, Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara,Comórtas na bhFear, Comórtas na mBan ná Corn Uí Riada cheana.

(c) Beidh cead ag iomaitheoirí a bhainfidh an chéad áit sna comórtais seo páirt aghlacadh i gcomórtas na bhFear / na mBan (Leibhéal 2) i mbliana.

(d) Má bhíonn iomaitheoir páirteach i gcomórtas eile amhránaíochta ar an sean-nósní ceadaítear dó/di an t-amhrán/na hamhráin chéanna a chanadh. (Féach Riail 11 ar leathanach 25)

Page 24: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

24

41 AMHRÁNAíOCHT AR AN SeAN-NóS DO MHNÁComórtas cáilithe - Leibhéal 2

Dhá amhrán dhúchasacha de rogha an iomaitheora atá le canadh (i) amhrán mall agus(ii) ar athghlaoch, amhrán tapaidh. * (féach nótaí thíos)

Beidh an buaiteoir agus an té a thagann sa dara háit cáilithe le páirt a ghlacadh igComórtas Chorn Uí Riada sa bhliain 2016. Freisin, rachaidh buaiteoir an chomórtaisseo ar aghaidh le páirt a ghlacadh ar son na hÉireann sa Chomórtas AmhránaíochtaTraidisiúnta ag an bhFéile Pan Cheilteach i 2016.

An Chéad Duais: Corn Phádraig Mhic an Rí, Bonn airgid & €400.An Dara Duais: Bonn cré-umha & €250.

Táille Iomaíochta: €18

42 AMHRÁNAíOCHT AR AN SeAN-NóS D’FHIRComórtas cáilithe - Leibhéal 2

Dhá amhrán dhúchasacha de rogha an iomaitheora atá le canadh (i) amhrán mall agus(ii) ar athghlaoch, amhrán tapaidh. * (féach nótaí thíos)

Beidh an buaiteoir agus an té a thagann sa dara háit cáilithe le páirt a ghlacadh igComórtas Chorn Uí Riada sa bhliain 2016. Freisin, rachaidh buaiteoir an chomórtaisseo ar aghaidh le páirt a ghlacadh ar son na hÉireann sa Chomórtas AmhránaíochtaTraidisiúnta ag an bhFéile Pan Cheilteach i 2016.

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Chiaráin Uí Chon Ceanainn, Bonn airgid &€400. An Dara Duais: Bonn cré-umha & €250.

Táille Iomaíochta: €15

* Nótaí do Chomórtais 41 agus 42Is iad na daoine seo amháin a bheidh cáilithe le dul san iomaíocht i gComórtais Amhránaíochta Sean-Nóis na bhFear agus na mBan:-(i) An buaiteoir i gComórtais Chorn Mháire Nic Dhonnchadha, Chorn

Chuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara, Chorn ChuimhneacháinAmhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe agus Chomórtas Chuimhneacháin SheáinÓig Uí Thuama, i 2001 & gach bliain ina dhiaidh sin;

(ii) Buaiteoir 1 agus 2 i gComórtais Chorn Mháire Nic Dhonnchadha, CornCuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara agus Chomórtas Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama aon bhliain roimh 2001;

(iii) Buaiteoir 1 agus 2 i gComórtais Sean-Nóis na bhFear nó i gComórtais Sean-Nóisna mBan seachas buaiteoirí na bliana anuraidh, 2014.

(iv) Má bhíonn iomaitheoir páirteach i gcomórtas eile amhránaíochta ar an sean-nósní ceadaítear dó/di an t-amhrán/na hamhráin chéanna a chanadh. (Féach Riail11 ar leathanach 25)

Comórtais Ard

áin do dhaoin

e fásta

Page 25: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

25

43 CORN uí RIADA

An Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-NósDhá amhrán dhúchasacha de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) arathghlaoch, amhrán tapaidh. * (féach nótaí thíos)

Rachaidh buaiteoir an chomórtais seo ar aghaidh le páirt a ghlacadh ar son nahÉireann sa Chomórtas Amhránaíochta Traidisiúnta ag an bhFéile Pan Cheilteach i2016. (Féach Riail 12 ar leathanach 25)

An Chéad Duais: Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada, Bonn óir & €1,250.An Dara Duais: Bonn airgid & €500.An Tríú Duais: Bonn cré-umha & €300.

Táille Iomaíochta: €18

* Nótaí do Chomórtas 43Is iad seo a leanas amháin atá cáilithe le páirt a ghlacadh i gComórtas Chorn Uí Riada 2015:-

(i) Amhránaithe a bhuaigh Corn Uí Riada sna blianta atá imithe thart seachasbuaiteoir na bliana 2014. (Níl cead ag iomaitheoir a bhuafaidh an chéad duais imbliain ar bith a bheith san iomaíocht an bhliain ina dhiaidh sin.)Féach buaiteoirí Chorn Uí Riada, 1972 - 2014, ar leathanach 6.

(ii) Amhránaithe a fuair an chéad duais nó an dara duais i gcomórtas na bhfear nó igcomórtas na mban le cúig bliana anuas.Féach amhránaithe a bhain amach an chéad áit agus an dara háit i gComórtasSean-Nóis na bhFear agus i gComórtas Sean-Nóis na mBan, 2010-2014, arleathanach 8.

(iii) Má bhíonn iomaitheoir páirteach i gcomórtas eile amhránaíochta ar an sean-nós ní ceadaítear dó/di an t-amhrán/na hamhráin céanna a chanadh. (Féach Riail 11 ar leathanach 25)

(iv) Níl cead iomaíochta ag duine ar bronnadh an chéad duais air/uirthi faoi thrí.

Page 26: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

26

Riala

cha n

a gCo m

órtas

Rialacha na gComórtasRialacha na gComórtas1 Coiste an Oireachtais a thoghfaidh na moltóirí.

2 Glacann Coiste an Oireachtais an ceart chuige féin gan an chéad duais ná duais ar bith a bhronnadh igcomórtas ar bith, ná an t-airgead duaise iomlán in aon chomórtas a roinnt, agus fós, gan duais arbith a ligean le hiomaitheoir ná le foireann iomaíochta a mbeidh aon ní mírialta ann maidir lenan-iomaíocht.

3 In aon chás inar gá cead nó ceadúnas a fháil ó údar, ó chumadóir nó eile le haon chuid dá shaothar achur ar stáitse i rith comórtas ar bith de chuid an Oireachtais, is ar an iomaitheoir (nó ar anbhfoireann iomaíochta) a bheidh an dualgas an cead nó an ceadúnas sin a fháil roimh ré ón té ar leisan cóipcheart, agus beidh air (nó orthu), freisin, Coiste an Oireachtais a chosaint ar aon éileamh nóimeacht dlí a d’fhéadfadh teacht de bharr a fhoilsithe nó a léirithe amhlaidh.

4 Ní bheidh Coiste an Oireachtais ná aon Oifigeach den Choiste freagrach in aon mhoill ná cailliúint nádamáiste, ná ceataí a tharlóidh d’aon iomaitheoir ná d’aon fhoireann iomaíochta.

5 Ní bheidh cead ag aon duine atá ina bhall d’Fhochoiste de chuid an Oireachtais a bheith inaiomaitheoir in aon chomórtas a bhaineann leis an bhFochoiste sin ach amháin mar stiúrthóir nó marléiritheoir.

6 Glacann Coiste an Oireachtais ceart aonarach chuige féin grianghrafadh nó taifeadadh, nó craoladh adhéanamh ar aon chuid nó ar aon ghné d’imeachtaí an Oireachtais. Comhaontaíonn gachiomaitheoir a bheidh rannpháirteach i gcomórtas Oireachtais go bhféadfaidh Coiste an Oireachtas anrannpháirtíocht sin a úsáid in aon mheán nó aon fhormáid agus ceadúnú a thabhairt i leith an chirtsin nó é a shannadh ar bhealach ar bith is cuí leis, ar fud an domhan go deo.

7 Seilbh shealadach a gheobhaidh lucht buaite ar chearnaire/chorn. Beidh an fhoireann nó an duine ambronnfar air é freagrach as a shlánchoinneáil, agus ní foláir é a chur ar ais chuig Stiúrthóir anOireachtais mí roimh an gcéad Oireachtas eile tar éis a bhuaite, nó níos túisce ná sin má iarrtar é.

8 Ní bheidh sé ceadmhach taifeadadh a dhéanamh ag féile Oireachtais gan réamhchead ó Stiúrthóir anOireachtais.

9 Ní foláir iarratas iomaíochta ar an bhfoirm oifigiúil, mar aon leis an táille iomaíochta, a bheith agStiúrthóir an Oireachtais roimh 16 Meán Fómhair 2015. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta sin.Ní aisíocfar táille iomaíochta ar aon chúinse.

10 Is é Coiste an Oireachtais a shocróidh tráth agus ord gach iomaíochta agus foilseofar an tráth agus ant-ord sin sa Chlár Oifigiúil. Ní foláir don uile iomaitheoir agus fhoireann iomaíochta dul chuniomaíochta de réir an oird sin, agus is féidir an té nó an fhoireann nach ndéanann amhlaidh a chosc óiomaíocht sa chomórtas áirithe sin. Is ceadmhach do Choiste an Oireachtais, áfach, tráth agus ord nahiomaíochta a athrú, réamhbhabhtaí a eagrú srl, más gá, ach fógra cuí a thabhairt don luchtiomaíochta.

11 I gcás na gcomórtas amhránaíochta, má bhíonn iomaitheoir páirteach i níos mó ná comórtasamháin, is gá dó/di amhráin a chanadh nár chan siad i gcomórtas eile i rith na féile seo. Dícháileofariomaitheoirí a chanann amhrán i gcomórtas a chan sé/sí i gcomórtas eile roimhe sin i rith na féile.

12 Rachaidh na buaiteoirí i gComórtas Sean-Nóis na mBan, i gComórtas Sean-Nóis na bhFear agus igComórtas Chorn Uí Riada ar aghaidh le páirt a ghlacadh ar son na hÉireann sa ChomórtasAmhránaíochta Traidisiúnta ag an bhFéile Pan Cheilteach i 2016. Triúr iomaitheoirí as gach ceann dena náisiúin Cheilteacha a thagann faoi scáth na Féile Pan Ceiltigh a bhíonn rannpháirteach sachomórtas seo agus i gcás na hÉireann is buaiteoirí Oireachtais a bhíonn i gceist.

13 Ní bheidh sé ceadmhach aon agóid phoiblí in aghaidh bhreith na moltóirí a dhéanamh ag aon tionólOireachtais ach ní miste d’iomaitheoir nó d’fhoireann iomaíochta agóid i scríbhinn, agus í sínithe agan agóideoir, a thabhairt do Stiúrthóir an Oireachtais laistigh d’uair an chloig ó thabhairt na breithe,ach táille €50 a bheith leis an agóid. Is faoi Choiste an Oireachtais a bheidh aisíoc nó coinneáil anairgid sin.

14 Seolfar na duaiseanna airgid chuig na buaiteoirí tar éis an Oireachtais.

15 Ní áireofar comórtas a bheith ann mura dtagann 5 iarratas fána chomhair. Ní bhronnfar ach anchéad duais mura bhfuil ach 3 san iomaíocht.

Page 27: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Liadan Canny & Bróna Ní Cheallacháin, Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe,

a bhuaigh an chéad duais, Corn Cuimhneacháin Dhónaill Uí Liatháin & boinn airgid, sa chomórtas

Lúibíní 12 – 15, ag Oireachtas na Samhna 2014, i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Page 28: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

28

LóistínOireachtas na Samhna 2015

óstán Citywest

Tá an t-óstán a bheidh mar lárionad ag an bhféile, Óstán Citywest,

(Teach Sagard, Baile Átha Cliath) ag cur ráta speisialta lóistín (an ráta céanna a bhí ag

Óstán an Gleneagle anuraidh) ar fáil do phobal an Oireachtais.

Is féidir áirithintí a dhéanamh ach glaoch ar

+353 1 4010500

Page 29: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Comórtais ArdáinOireachtas na Gaeilge

FOIRM IONTRÁLA 2015(Tá fáilte romhat cóipeanna a dhéanamh den fhoirm seo ach déan cinnte le do thoil

go mbreacfaidh tú síos an t-eolas cuí ar fad a bhaineann leis an gcomórtasa mbeidh tú ag cur isteach air.)

Spriocdháta d’Iontrálacha: 16 Meán Fómhair 2015

Seol an fhoirm seo leis an táille comórtais, roimh 16 Meán Fómhair 2015, chuig:

Comórtais Ardáin 2015,

Oireachtas na Gaeilge,

6 Sráid Fhearchair,

Baile Átha Cliath 2

nó iontráil ar líne ag www.antoireachtas.ie

Page 30: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Oireachtas na SamhnaFOIRM IONTRÁLA

Uimhir an Chomórtais

Teideal an Chomórtais

Ainm an Iomaitheora

Seoladh

Seoladh Ríomhphoist

Guthán Táille

Dáta Breithe(Is gá d’iomaitheoirí faoi 18 dáta breithe a líonadh isteach)

* Iarrtar ar iomaitheoirí sna Comórtais Scéalaíochta (Comórtas Cáilithe agus

Príomhchomórtas) i rannóg na ndaoine fásta na codanna cuí den leathanach thall a líonadhisteach.

* Iarrtar ar iomaitheoirí sna comórtais seo a leanas, i rannóga na ndaoine fásta,deimhniúcháin chuí a dhéanamh ar leathanach cúil na foirme seo: Scéalaíocht

(Príomhchomórtas); Agallamh Beirte; Lúibíní; Sean-Nós na mBan; Sean-Nós na bhFear; &

Corn uí Riada.

Dearbhaím go bhfuil rialacha an chomórtais seo léite agus tuigthe agam agus go n-aontaím a bheith faoina gceangal.

Síniú na Iomaitheora(nó síniú an chaomhnóra i gcás iomaitheoirí faoi 18 mbliana ar 1 Samhain 2015)

Dáta

Page 31: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Comórtais Ardáin: FOIRM IONTRÁLA (ar lean)

Comórtas 27: Scéalaíocht (Príomhchomórtas)Fuair mé duais i gComórtas Scéalaíochta i rannóg na ndaoine fásta sa bhliain

(Síniú)

Comórtas 28: Agallamh BeirteNíor bhuaigh ceachtar páirtí san fhoireann iomaíochta seo duais cheana sa chomórtas seo i rannóg nandaoine fásta agus ba mhaith linn a bheith san iomaíocht don Duais Speisialta sa chomórtas seo

(Síniú)

Comórtas 30: LúibíníNíor bhuaigh ceachtar páirtí san fhoireann iomaíochta seo duais cheana sa chomórtas seo i rannóg nandaoine fásta agus ba mhaith linn a bheith san iomaíocht don Duais Speisialta sa chomórtas seo

(Síniú)

Comórtais 38, 39 & 40: Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear &Corn Uí Riada

Deimhním go bhfuair mé duais sa bhliain:(Má bhuaigh tú comórtas níos minicí ná uair amháin is leor an bhliain is deireanaí a bhreacadh síos.)

i gComórtas do Chorn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama

i gComórtas do Chorn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe

i gComórtas do Chorn Mháire Nic Dhonnchadha

i gComórtas do Chorn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara

i gComórtas Sean-Nóis na mBan

i gComórtas Sean-Nóis na bhFear

(Síniú)

Page 32: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

SCÉALAÍOCHT

Ní foláir duit teidil na scéalta atá tú chun a insint a bhreacadh síos anseo le do thoil. Teideal

dhá scéal a bheidh ag teastáil don chomórtas cáilithe agus teideal trí scéal don

phríomhchomórtas:

SCÉAL 1

SCÉAL 2

SCÉAL 3

(Comórtas Cáilithe & Príomhchomórtas)

Page 33: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

Comórtais ArdáinFOIRM IONTRÁLA (ar lean)

Comórtas 27: Scéalaíocht (Príomhchomórtas)Fuair mé duais i gComórtas Scéalaíochta i rannóg na ndaoine fásta sa bhliain

(Síniú)

Comórtas 28: Agallamh BeirteNíor bhuaigh ceachtar páirtí san fhoireann iomaíochta seo duais cheana sa chomórtas seo i rannóg nandaoine fásta agus ba mhaith linn a bheith san iomaíocht don Duais Speisialta sa chomórtas seo

(Síniú)

Comórtas 30: LúibíníNíor bhuaigh ceachtar páirtí san fhoireann iomaíochta seo duais cheana sa chomórtas seo i rannóg nandaoine fásta agus ba mhaith linn a bheith san iomaíocht don Duais Speisialta sa chomórtas seo

(Síniú)

Comórtais 41, 41 & 43: Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear &Corn Uí RiadaDeimhním go bhfuair mé duais sa bhliain:(Má bhuaigh tú comórtas níos minicí ná uair amháin is leor an bhliain is deireanaí a bhreacadh síos.)

i gComórtas do Chorn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama

i gComórtas do Chorn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Mhúscraighe

i gComórtas do Chorn Mháire Nic Dhonnchadha

i gComórtas do Chorn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-Nóis Chonamara

i gComórtas Sean-Nóis na mBan

i gComórtas Sean-Nóis na bhFear

(Síniú)

Page 34: s a · 2018. 7. 25. · 2006 Stiofán Ó Cualáin 2007 Mícheál Ó Confhaola 2008 Ciarán Ó Con Cheanainn 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde 2010 Nollaig Ní Laoire ... Glacfar le

OIREACHTAS NA GAEILGE6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire

Fón: + 353 1 475 38 57

Facs: + 353 1 475 87 67

Ríomhphost: [email protected]

www.antoireachtas.ie