nuachtlitir thearmann pobail dhroim coiste forbartha ndamh...nuachtlitir thearmann pobail dhroim...

4
Nuachtlitir Thearmann Pobail Dhroim nDamh Oibreacha ar an tearmann Le míonna beaga anuas b’fhéidir gur thug tú fá dear go bhfuil oibreacha feabhsaithe ar siúl i limistéir áirithe sa tearmann. Beidh siad seo críochnaithe fán Aibreán. Nuair a bheas sin críochnaithe beidh 7km de shiúlóidí a mbeidh sé furasta teacht orthu tríd an tearmann, rud a osclóidh an tírdhreach iontach seo le húsáid ag gach ball den phobal. Ar na cosáin go léir beidh comharthaí agus aip fóin a bheidh deartha go speisialta le cuidiú le lucht a úsáidte tuigbheáil a bheith acu ar an éagsúlacht shaibhir gnáthóga, seandálaíochta, seanchais, logainmneacha agus gnéithe eile den oidhreacht atá sa tearmann. Tá carrchlós do chuairteoirí á thógáil agus déanfar obair feabhsaithe ar an lána suas chuig an fheirm. An scéal go sea Fosclaíodh an chéad chuid de choillearnach Dhroim nDamh, ina raibh 80 acra, in 2000 agus tá pobal na háite agus daoine as áiteacha eile á húsáid ó shin. Ansin, i dtús na bliana 2012, bhí an seans ann 130 acra eile díreach taobh leis an tearmann a cheannacht, talamh ar le muintir Uí Lochlainn é. Le tacaíocht fhial ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir agus GCTÉ bhí sé d’ádh ar an Choiste go raibh siad in ann an talamh seo a cheannacht agus oibreacha a chur de láimh le cuid thábhachtach a chur leis an tearmann. Sa chuid nua seo den tearmann tá cuid mhór ann: claiseanna sceathraí bradáin, móinteach, insí, portaigh ardaithe, talamh féaraigh ársa ina bhfuil flúirse speiceas agus coillearnach ársa. Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht nádúrtha iad na gnáthóga seo a bhí coitianta tráth ar fud Éireann ach atá caillte mar gheall ar chleachtais feirmeoireachta atá ag éirí níos déine i rith an ama le 50 bliain anuas. Chomh maith le bheith ríthábhachtach i dtaca le cothroime nádúrtha ár dtimpeallachta, is cuid thábhachtach iad na ceantair seo dár gcultúr, oidhreacht agus seanchas atá caomhnaithe do na glúine atá ag teacht. Insan tearmann tá iarsmaí seandálaíochta, mar atá, trí ráth ársa ar dóiche go bhfuil siad níos mó ná 1,500 bliain d’aois. Bheir seo seans ar dóigh eolas a fháil a chuideoidh linn a thuigbheáil cad é mar a baineadh úsáid as na ráthanna seo agus cad é mar a d’oibrigh an tsochaí trí chéile na céadta bliain ó shin. Le bliain anuas tá muid ag déanamh measúnuithe ar an chuid nua den tearmann agus is léir go bhfuil níos mó gnáthógaí éagsúla agus tábhachtacha ann ná mar a bhí súil againn fiú ag an tús. Tá plean gnó ullmhaithe anois againn don tearmann a chaomhnóidh agus a fheabhsóidh na gnáthóga tábhachtacha seo don ghlúin seo agus do na glúine amach anseo. Tá grúpa gníomhach saorálaithe againn atá páirteach i bhfeidhmiú an phlean bainistíochta seo agus cuirimid fáilte roimh aon duine teagmháil a dhéanamh linn má tá spéis acu páirt dhíreach a bheith acu i gcaomhnú agus i mbainistiú an tearmainn. Tá an nuachtlitir seo á cur amach leis an eolas is deireanaí a thabhairt don mhórphobal fá Thearmann Dúlra Pobail Dhroim nDamh agus le tuairimí an phobail a fháil ar na moltaí fá choinne an tearmann a fhorbairt sna blianta beaga seo romhainn. Pleananna Amach Anseo Ba mhaith linn an mórphobal tuilleadh a fhoghlaim faoin oidhreacht shaibhir sa tearmann agus ba mhaith linn an mórphobal a bheith páirteach, ag tabhairt aire don tearmann agus á úsáid mar chuid thábhachtach de bhonneagar an phobail i lár Uladh. Le bliain anuas tá comhairliúcháin phoiblí, seisiúin eolais agus cruinnithe pléite déanta ag an Choiste fán tearmann agus tá moltaí lorgtha acu le cur le húsáid agus le húinéireacht an phobail ar an tearmann. Ceann de na príomhchuspóirí a bhí ann an tearmann a fhorbairt mar áit ina dtig le daoine ó gach traidisiún teacht agus foghlaim faoi oidhreacht shaibhir an cheantair i dtimpeallacht neamhbhagrach agus roinnt a bheith acu sa réimse leathan buntáistí is féidir leis an tearmann a thabhairt. Coiste Forbartha Charn Tóchair

Upload: others

Post on 05-Feb-2021

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • Nuachtlitir Thearmann Pobail Dhroim nDamh

    Oibreacha ar an tearmann Le míonna beaga anuas b’fhéidir gur thug tú fá dear go bhfuil oibreacha feabhsaithe ar siúl i limistéir áirithe sa tearmann.

    Beidh siad seo críochnaithe fán Aibreán. Nuair a bheas sin críochnaithe beidh 7km de shiúlóidí a mbeidh sé furasta teacht orthu tríd an tearmann, rud a osclóidh an tírdhreach iontach

    seo le húsáid ag gach ball den phobal. Ar na cosáin go léir beidh comharthaí agus aip fóin a bheidh deartha go speisialta le cuidiú le lucht a úsáidte tuigbheáil a bheith acu ar an éagsúlacht shaibhir gnáthóga, seandálaíochta, seanchais, logainmneacha agus gnéithe eile den oidhreacht atá sa tearmann.

    Tá carrchlós do chuairteoirí á thógáil agus déanfar obair feabhsaithe ar an lána suas chuig an fheirm.

    An scéal go seaFosclaíodh an chéad chuid de choillearnach Dhroim nDamh, ina raibh 80 acra, in 2000 agus tá pobal na háite agus daoine as áiteacha eile á húsáid ó shin. Ansin, i dtús na bliana 2012, bhí an seans ann 130 acra eile díreach taobh leis an tearmann a cheannacht, talamh ar le muintir Uí Lochlainn é. Le tacaíocht fhial ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir agus GCTÉ bhí sé d’ádh ar an Choiste go raibh siad in ann an talamh seo a cheannacht agus oibreacha a chur de láimh le cuid thábhachtach a chur leisan tearmann.

    Sa chuid nua seo den tearmann tá cuid mhór ann: claiseanna sceathraí bradáin, móinteach, insí, portaigh ardaithe, talamh féaraigh ársa ina bhfuil flúirse speiceas agus coillearnach ársa. Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht nádúrtha iad na gnáthóga seo a bhí coitianta tráth ar fud Éireann ach atá caillte mar gheall ar chleachtais feirmeoireachta atá ag éirí níos déine i rith an ama le 50 bliain anuas. Chomh maith le bheith ríthábhachtach i dtaca le cothroime nádúrtha ár dtimpeallachta, is cuid thábhachtach iad na ceantair seo dár gcultúr, oidhreacht agus seanchas atá caomhnaithe do na glúine atá ag teacht.

    Insan tearmann tá iarsmaí seandálaíochta, mar atá, trí ráth ársa ar dóiche go bhfuil siad níos mó ná 1,500 bliain d’aois. Bheir seo seans ar dóigh eolas a fháil a chuideoidh linn a thuigbheáil cad é mar a baineadh úsáid as na ráthanna seo agus cad é mar a d’oibrigh an tsochaí trí chéile na céadta bliain ó shin.

    Le bliain anuas tá muid ag déanamh measúnuithe ar an chuid nua den tearmann agus is léir go bhfuil níos mó gnáthógaí éagsúla agus tábhachtacha ann ná mar a bhí súil againn fiú ag an tús. Tá plean gnó ullmhaithe anois againn don tearmann a chaomhnóidh agus a fheabhsóidh na gnáthóga tábhachtacha seo don ghlúin seo agus do na glúine amach anseo. Tá grúpa gníomhach saorálaithe againn atá páirteach i bhfeidhmiú an phlean bainistíochta seo agus cuirimid fáilte roimh aon duine teagmháil a dhéanamh linn má tá spéis acu páirt dhíreach a bheith acu i gcaomhnú agus i mbainistiú an tearmainn.

    Tá an nuachtlitir seo á cur amach leis an eolas is deireanaí a thabhairt don mhórphobal fá Thearmann Dúlra Pobail Dhroim nDamh agus le tuairimí an phobail a fháil ar na moltaí fá choinne an tearmann a fhorbairt sna blianta beaga seo romhainn.

    Pleananna Amach AnseoBa mhaith linn an mórphobal tuilleadh a fhoghlaim faoin oidhreacht shaibhir sa tearmann agus ba mhaith linn an mórphobal a bheith páirteach, ag tabhairt aire don tearmann agus á úsáid mar chuid thábhachtach de bhonneagar an phobail i lár Uladh.

    Le bliain anuas tá comhairliúcháin phoiblí, seisiúin eolais agus cruinnithe pléite déanta ag an Choiste fán tearmann agus tá moltaí lorgtha acu le cur le húsáid agus le húinéireacht an phobail ar an tearmann. Ceann de na príomhchuspóirí a bhí ann an tearmann a fhorbairt mar áit ina dtig le daoine ó gach traidisiún teacht agus foghlaim faoi oidhreacht shaibhir an cheantair i dtimpeallacht neamhbhagrach agus roinnt a bheith acu sa réimse leathan buntáistí is féidir leis an tearmann a thabhairt.

    Coiste Forbartha Charn Tóchair

  • Atógáil lonnaí ocht rátha ársaCé go bhfuil na céadta ráth ársa sa tírdhreach seo againn, ag dul siar 1,500 bliain, is beag an t-eolas ar an chuma a bhí ar na lonnaíochtaí seo nó cad é mar a d’fheidhmigh siad agus cad iad na cleachtais feirmeoireachta a d’úsáid na daoine a mhair sa tír agus sa timpeallacht.

    Cé go bhfuil muid ag foghlaim níos mó faoi na gnéithe ársa seo níl a leithéid de lonnaíocht atógtha áit ar bith in Ultaibh agus is beag seans atá ag an phobal i gcoitinne tuigbheáil cheart a fháil ar an dóigh ar mhair ár sinsear. Moladh dúinn ráth a thógáil bunaithe ar cheann de na ráthanna sa cheantar agus teach cruinn amháin a thógáil ar dtús, bunaithe ar an phictiúr seo. Is aidhm dúinn chomh maith struchtúir eile a chruthú bainteach leis an lonnaíocht, lena n-áirítear muileann arbhair ó 1200 bliain ó shin, tornóg arbhair agus teach allais. Dhéanfaimis an atógáil seo i gcomhar le hOllscoil Uladh agus GCTÉ agus cheapfaimis saorálaithe i “seandálaíocht

    thrialach” lena oiread agus is féidir a fháil amach faoi mar a tógadh agus a úsáideadh na foirgnimh seo.

    Nuair a bheas sé críochnaithe bhéarfaidh an lonnaíocht cuid mhór deiseanna foghlama dár scoileanna áitiúla go háirithe ach beidh siad ina n-acmhainn roinnte phobail chomh maith.

    Pleananna Amach AnseoSa nuachtlitir seo tá réimse moltaí leagtha amach againn a d’éirigh as na comhairliúcháin seo agus atá beartaithe againn a thabhairt chun cinn. Rinneadh machnamh cúramach ar gach moladh a rinneadh ag na cruinnithe seo agus roghnaíodh iad seo a leanas cionn is go dtugann siad meas bunúsach ar an oidhreacht thábhachtach nádúrtha chultúrtha agus sheandálaíochta sa tearmann. Chuirfimis fáilte roimh do thuairimí ar na moltaí seo nó leoga roimh mholtaí ar bith eile ar chóir dúinn machnamh a dhéanamh orthu.

    Cosán AclaíochtaBheadh seo lonnaithe taobh leis an charrchlós cóngarach don fheirm agus is é a bheadh ann réimse de threalamh aclaíochta seasta a bheadh fóirsteanach fá choinne réimse leathan cumas. Beidh cosán ann chomh maith chuig cúrsa timpeall imeall na páirce a bheidh ina spás aclaíochta ar dóigh don phobal agus d’fhoirne spóirt áitiúla.

    Áit Súgartha Eachtraí ochtaBeidh áit súgartha eachtraíochta ann i lár an chúrsa aclaíochta a luaitear thuas. Mar chuid de seo beidh áit suí faoi fhoscadh do pháistí agus tuismitheoirí. Cionn is an áit súgartha eachtraíochta a bheith i lár an chúrsa aclaíochta beidh páistí in ann súgradh ann a fhad is go bhfuil tuismitheoirí ag úsáid an chosáin aclaíochta.

    Gnáthóga a chaomhnú agus a fheabhsú

    Áras do lucht ealaíne agus ceirde ar cuairtTá beartaithe againn ceann de na sciobóil chloiche sa tearmann a athchóiriú le cóiríocht lóistín agus oibre a chur ar fáil do lucht ealaíne agus ceirde agus iad ar cuairt. Bheadh an t-aonad ar aon leibhéal amháin agus deartha de réir chaighdeáin do dhaoine faoi mhíchumas. Tá súil againn clár leanúnach imeachtaí ealaíne agus ceardaíochta a chur ar fáil ag an fheirm, ag tabhairt seans do dhaoine aonaracha nó do ghrúpaí scil nua a fhoghlaim nó seancheann a athfhoghlaim.Bheadh an lóistín in úsáid chomh maith ag daoine a thagann go dtí an tearmann le réimse cúrsaí agus ranganna eile a thabhairt.

    Léaráid ealaíontórade lonnaíocht ráthaLe Bann Illustrations.

  • Méaduithe ar na garraithe scóir, úllord agus garra torthaíTógadh na chéad gharraithe scóir i dtús 2013 agus tá siad uilig in úsáid anois. Leis an spéis atá á léiriú le deireanas ‘do chuid féin a fhás’ is rún dúinn ceapóga ardaithe eile agus polathollán breise a thógáil. Tá sé beartaithe chomh maith úllord traidisiúnta a fhorbairt, sin agus fál daimsíní agus garraí torthaí ina mbeidh torthaí oidhreachta ag fás - bhí siad seo coitianta tráth ar fheirmeacha na tuaithe agus tá siad imithe le céad bliain nó níos mó. Bhéarfaidh seo seans ar dóigh do gach glúin spraoi a bheith acu agus iad ag fás bia agus tairbhe iontach a bhaint as seo i dtaca lena sláinte agus lena leas.

    Cosán na nDealbhTá roinnt dealbh curtha suas ag an Choiste cheana féin timpeall an tearmainn, lena n-áirítear snoiteáin adhmaid agus chloiche. Tá sé i gceist cosán dealbh a fhorbairt fríd an tearmann ar a mbeadh réimse leathan dealbh a bhaineann leis an nádúr, le seanchas na háite agus le téamaí cultúrtha eile. Ar dtús tá sé beartaithe againn moltaí a lorg ó ealaíontóirí dealbh a chruthú bunaithe ar théama molta agus bheadh siad ag obair ar na dealbha seo le linn siompóisiam dealbhadóireachta a mhairfeadh mí. Bheadh seo ar siúl i rith an tsamhraidh agus d’fhéadfaí an saothar ealaíne a chruthófaí le linn na himeachta seo a chur timpeall na coillearnaí in áiteacha éagsúla.

    Foirgneamh ilúsáideTá beartaithe againn foirgneamh ilúsáide a thógáil a bheidh mar sheomra ranga, ionad léirmhínitheach, agus ionad agus áis shóisialta don phobal áitiúil. Is é a bheadh ann seomra mór ilúsáide amháin 90m cearnógach, cistin, oifig agus seomra cruinnithe. Beidh an spás ar fáil le húsáid ag gach grúpa oideachais agus pobail a bhfuil spéis acu fáil amach faoi ghnéithe éagsúla den tearmann.

    Fríd na pleananna seo go léir tá aire don timpeallacht ríthábhachtach. Úsáidfear modhanna tógála inbhuanaithe leis an tseomra ranga a thógáil - tógfar é le bearta cocháin agus coinneofar teas leis le foinsí inathnuaite. Úsáidfear córas uisce athchúrsáilte agus déanfar cóireáil ar fhuíolluisce go nádúrtha le córas ceapóga sailí.

    Feirm chaomhántais le hainmhithe de phóir thraidisiúnta thearca

    Leis an réimse leathan gnáthóga atá forbartha leis na mílte bliain a chaomhnú caithfimid clár innilte a leanstan ar an tearmann.Leis na

    céadta bliain tá na tailte

    á n-innilt ag eallach, caoirigh agus gabhair de phóir thraidisiúnta.Tá sé d’aidhm againn ár dtréad féin a bheith againn a úsáidfimid go príomha leis an luach caomhántais is fearr a bhaint amach sa tearmann. Tá sé i gceist chomh maith líon beag muc agus éanlaithe de phór traidisiúnta ar mhaithe le caomhántas agus foghlaim. Coinneofar cuid den bheostoc i bhfeirm oscailte ionas go mbeidh cuairteoirí in ann na póir a fheiceáil a úsáideadh sular tugadh isteach na póir nua thráchtála atá chun cinn in earnáil na feirmeoireachta anois.

    Spás roinnte a chruthú do gach duine

    Úinéireacht Phobail

    Beala íeile isteach sa tearmann do choisitheLe linn an chomhairliúcháin iarradh bealaí breise isteach sa tearmann do choisithe le go mbeadh muintir na háite in ann dul díreach isteach sa choill. Moladh dhá bhealach isteach - ceann amháin ó thuaidh ó Ghort an Iúir thar dhroichead do choisithe agus ceann ó lána atá ann cheana féin ag ceann theas an tearmainn. Ba mhaith linn an choill seo a bheith in úsáid níos mó mar bhealach siúil sábháiltele daoine a nascadh le chéile agus le hiad a spreagadh leis nacosáin a úsáid go rialta.

    Aiseolas ón

    PhobalChuirfimis fáilte roimh thuairimí duine ar bith sa mhórphobal d’úsáideoirí féideartha an tearmainn ar cheann ar bith de na moltaí sa nuachtlitir seo. Ba mhaith linn tú teacht chun tosaigh chomh maith le moltaí, smaointe nó tuairimí ar bith eile atá agat i dtaca leis an tearmann.

    Le dul i dteagmháil linn:Guthán: 028 7954 9978Ríomhphost: [email protected]ó tar isteach sa Charn agus labhair le duine den fhoireann

    Eallach Shealtannach

    Foirgneamh samplach taispeánta

  • Maoir an Tearmainn -Kelley Hann & Glenn WhiteAg tarraingt ar dheireadh 2012 chuir an Coiste cuireadh poiblí amach ag lorg léirithe suime ó dhaoine a mbeadh scileanna nó taithí acu a chuideodh leo bheith ina gcoimeádaithe ar an tearmann.

    Thug Kelley agus Glenn freagra ar an chuireadh seo agus i ndiaidh don Choiste iad a roghnú d’aistrigh siad isteach sa teach i ndeireadh an Mhárta 2013. D’aistrigh siad go Droim nDamh ó Dartmoor in Devon Shasana. Tá baint ag Kelley leis an cheantar seo - ba ghnách lena máthair, leoga, siúl fríd choill Dhroim nDamh gach lá ar a bealach chun na scoile! Thar na blianta

    choinnigh Kelley agus a máthair nascanna láidre leis an cheantar. Tá Glenn agus Kelley beirt iontach cumasach mar choimeádaithe ar an tearmann agus eatarthu tá réimse ollmhór taithí san éiceolaíocht agus san oideachas timpeallachta. Tá spéis mhór ag an bheirt acu i seanchas, ceol agus cultúr na hÉireann agus sa teanga. Mar chomhartha don choimitmint atá acu don cheantar tá an bheirt acu ag foghlaim Gaeilge agus tá a mbeirt chlainne ag freastal anois ar bhunscoil Naomh Bríd.

    Ar mhaith leat bheith páirteach i gCairde Dhroim nDamh? Tá baint dhíreach ag Cairde Dhroim nDamh leis an chaomhántas sa tearmann agus cuideoidh siad leis an réimse tionscadal atá molta agus pléite sa cháipéis seo a bhainistiú agus a chur ar fáil sna blianta beaga seo romhainn. Molaimid do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu cuidiú le ceann ar bith de na tionscnaimh nó bheith páirteach sa chaomhántas, nó a bhfuil spéis acu tuilleadh eolais fán tearmann a fháil, go díreach, buail isteach chuig an fheirm agus labhair le Kelley nó Glenn nó scairt a chur ar 028 79645607.

    Griangraf de Kelley agus Glenn lena bpáistí

    Rowan agus Óisín