news45 aughrim · 2019-12-06 · oíche shamhna agus an chailleach ag eitilt thar an spéir ar a...
TRANSCRIPT
THE NATIONALIST | �� October ���� NEWS 45
Tá Oíche Shamhna buailte linn agus is iomaí imeacht a reachtálfar ar an ��ú Deireadh Fómhair. B’fhéile an-tábhachtach sa Cheilteachas Oíche Shamhna mar cuireadh tús leis an mBliain Cheilteach ar an oíche áirithe seo. Ba é an tréimhse ó Shamhain go Bealtaine an Geimhreadh agus an tréimhse ó Bhealtaine go Samhain an Samhradh. Cosúil lena lán cultúir eile, chuir na Ceiltigh tús na bliana i gcomparáid le tús na cruinne agus cruthú an domhain. Ag an tráth seo, bíonn rudaí trína chéile agus as an tranglam sin éiríonn ord agus eagar an chruthaithe.
Is iontach chomh beo agus atá gnásanna na Samhna fós agus déantar an fhéile a cheiliúradh de réir nósanna agus custaim an cheantair. Gléasann daoine óga suas agus caitheann siad mascanna agus aghaidheanna
fi dil. Téann siad ó theach go teach ag imirt bob nó bia. Ithtear cnónna agus úlla agus báirín breac. Baineann na húlla agus na cnónna le bia nadúrtha na talún. Imrítear cluichí ar nós snap-úll, tumadh san uisce agus púicín. Creidtear go mbíonn an púca lasmuigh sa dorchadas ar Oíche Shamhna agus an chailleach ag eitilt thar an spéir ar a scuab draíochta!
Lastar tinte cnámh agus déantar cuar-rince timpeall na tine. Cosúil le Bealtaine agus teacht an tsamhraidh, ba chuid de ghnás theacht an gheimhridh an tine chnámh. Ba shiombail í den ghrian a thug beocht agus
Gach eolas ar imeachtaí Gaeilge ó:
Glór CheatharlachCarlow Gateway Business Centre
Bóthar Átha Í, Ceatharlach. (���) ������� / (���) �������[email protected] www.glorcheatharlach.ie
Cuardaigh Glór Cheatharlach ar Facebook!
Oíche ShamhnaGlór Cheatharlach SULT & Gaeilge
le ChéileTugann Glór Cheatharlach cuireadh do dhaoine gur spéis leo an Ghaeilge a labhairt i dtimpeallacht neamhfhoirmiúil teacht le chéile i dteach tábhairne Reddys ar an gcéad Déardaoin de gach mí agus i dTeach Dolmain ar an Déardaoin deireannach de gach mí ag �.��i.n.
Is léir ó thorthaí an taighde ar an nGaeilge i gCeatharlach a seoladh le déanaí go bhfuil éileamh ar ocáidí agus deiseanna dá leithéid chun an Ghaeilge a chloisteáil agus a labhairt i suíomhanna nádúrtha agus sóisialta mar tagann máistreacht le cleachtadh. Cuirfear fáilte is fi che roimh chainteoirí agus foghlaimeoirí na teanga ar an Déardaoin, �� Deireadh Fómhair i dTeach Dolmain agus ar an Déardaoin, � Samhain i dteach tábhairne Reddys. Buail isteach don chomhrá agus comhluadar trí Ghaeilge.
torthúlacht don talamh, don ainmhí agus don duine i rith na bliana. De réir an tseandearcaidh thug an tine fuinneamh don ghrian chun an talamh a théamh, an bháisteach a laghdú, na barraí a chur chun cinn agus deireadh a chur le droch-chumhachtaí agus droch nósanna a d’fhéadfadh a bheith bailithe le chéile i rith na bliana. In aimsir na ndraoithe bhí ar na daoine a dtinte féin a mhúchadh agus iad a lasadh arís ón tine naofa-faoi mar a lastar coinnle na bhfíréan ó Choinneal na Cásca sa Chríostaíocht. Anseo is ansiúd bíonn aghaidh fi dil déanta as turnaip agus coinneal lasta taobh istigh de chun geit a bhaint as daoine a bhíonn ag gabháil thart.
Is í Féile na Samhna Féile na Sinsear chomh maith. Mar sin tá Féile na Marbh buailte le Samhain. Sa tseanaimsir bhí sé de nós ag na daoine an teach a ghlanadh, tine bhreá a dhéanamh agus bia a fhágáil ar an mbord i rith na hoíche le heagla go dtiocfadh na gaolta ar ais ón saol thall chun cuairt a thabhairt ar an seanáitreabh.
Sea go deimhin is iontach chomh beo bríomhar is atá gnásanna na Samhna
fós i ré seo na teicneolaíochta cé gur beag meas
agus tuiscint ar na sean nósanna a bhíonn ag na daoine i mbun na ngníomhaíochtaí san lá atá
inniu ann. É sin ráite, is maith an rud é go bhfuil an chuid seo dár n-oidhreacht á chaomhnú agus á thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Beidh neart imeachtaí do gach aoisghrúpa ar siúl i ngach aon cheantar chun an traidisiún a cheiliúradh. Bí páirteach agus bain taitneamh as an spraoi.
Geantraí TG� ó CheatharlachIs as teach tábhairne Teach Dolmain i gCeatharlach a chraolfar an clár dar dáta �� Deireadh Fómhair sa tsraith Geantraí ar TG�. Deineadh an clár a thaifeadadh i mí an Mheithimh agus ‘sí Tara Ní Chonnachtáin, stiúrthóir Éigse Cheatharlach, an aoi láithreoir. Is ceoltóir traidisiúnta í Tara féin agus seinnfi dh sí an fhidil ar an gclár. Ina teannta beidh ceoltóirí áitiúla eile ar nós Dave agus Michelle Sheridan, Ger Moloney, Eoin Ó Néill chomh maith leis an mbanna Caladh Nua agus tuilleadh. Is ag a ��.��i.n. ar Dé Dómhnaigh, �� Deireadh Fómhair a craolfar Geantraí ó Cheatharlach agus beidh athchraoladh ar Dé hAoine, � Samhain ag �.��i.n. Bígí ag faire!
AughrimCONTACT: NED MURPHY PHONE/FAX: 0402 36433
Good luck in AustraliaBest wishes are extended to Leanne Lifely, Annacurra Road, Aughrim, who left for Australia last month. Leanne was a prominent member of Annacurra camogie club and only recently did a parachute jump in Birr, Co Off aly to raise funds for the club. She was also a part-time barmaid. Best wishes go to Leanne from all in the community.TRIP TO ARBORETUMA minibus of �� Aughrim retirees made an enjoyable trip to the Arboretum, Leighlinbridge recently. They visited the fl ower gardens, furniture shop and the woollen mill shop. After all the shopping everyone enjoyed a nice, hot lunch. Thanks to Aughrim cabs and their driver Martin, who got everyone there and back safely.CONGRATULATIONSCongratulations to Catriona McAllister, Killacloran, Aughrim on opening a beauty salon in Rathdrum with her friend Niamh.KAREKARE support group, Tinahely, would like to express their thanks to all who made the tractor run on Sunday �� October a huge success. The total amount raised was well in excess of €��,���. Thanks to all sponsors, to everyone who helped on the day and special thanks to the tractor drivers and anyone who helped out in any way.Raff le winners were Bernie Hickey, Crowsgrove, Kildavin, Co Carlow; Mary Byrne, Tinahely PO and Fiona Byrne, c/o Kerry Foods. At the St Leo’s reunion were Olivia Dooley and Sandra Cooney Phohto: John Courtney