na mnÁ i bparlaimint na heorpa - european parliament...gach bliain, cuirtear lenár mbeartais...

28
Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta 2018 GA NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA Poist Pholaitiúla

Upload: others

Post on 29-Jul-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta 2018

GA

NA MNÁ I BPARLAIMINT

NA HEORPA

Poist Pholaitiúla

Page 2: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

2Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

Mura sonraítear a mhalairt:

mná fir

Bunús na sonraí staidrimh:

u Parlaimint na hEorpa agus comhlachtaí na Parlaiminte: www.europarl.eu amhail an 5 Eanáir 2018, mura sonraítear a mhalairt

u Grianghraif: Parlaimint na hEorpa

Tionscnamh ó: An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht - AS an Phearsanra Bainisteoirí an Choiste Eagarthóireachta: Alberto Rossetti (Ceann an Aonaid um Chomhionannas agus um Éagsúlacht) Petra Metzmeier-Weiss

Parlaimint na hEorpa, Foirgneamh GEOS 22-24 rue Edward Steichen, L-2540 Lucsamburg Fón: +352 4300 24397 Ríomhphost: [email protected] Inlíon: https://epintranet.in.ep.europa.eu/home/browse-as/human-resources/equality-diversity/gender-equality.html

Séanadh: ní gá gur léiriú ar sheasamh oifigiúil Pharlaimint na hEorpa iad na tuairimí a nochtar san fhoilseachán seo. L008

524

GA |

Conc

eptio

n & D

esign

: IDEA

Unit

| Pr

int : P

rintin

g Unit

| DG

ITEC

, EDI

T Dire

ctora

te

Page 3: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

3An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T P H O L A I T I Ú L A

Focal ón UachtaránIs cúis bhróid dom, mar Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa, bheith i gceannas ar institiúid atá fós ag cur luachanna Chonradh bunaidh na Róimhe ó sheasca bliain ó shin chun cinn, agus go háirithe an prionsabal gur gá caitheamh go comhionann le mná agus fir. Seasca bliain níos déanaí, táimid an-mhórtasach as an ról ceannasach atá fós ag mná i bParlaimint na hEorpa mar lucht cinnteoireachta, mar dhaoine a spreagann athrú agus mar rannchuiditheoirí suntasacha sa tionscadal Eorpach. Níor cheart a dhearmad go mbíonn tairbhe i gceist don tsochaí uile nuair a bhíonn mná rannpháirteach go hiomlán sa saol parlaiminteach. Is dá bhrí sin go bhfuil sé ríthábhachtach aird a dhíriú air go bhfuil níos mó ban i bParlaimint na hEorpa, mar chéatadán den bhallraíocht iomlán, ná mar atá i bhformhór na dtionól náisiúnta ar fud AE. Ar an gcaoi chéanna, tá céatadán na mban ag 59.4% agus céatadán na bhfear ag 40.6% maidir leis an bhfoireann. Cuireann an bunús láidir sin ar chumas Pharlaimint na hEorpa labhairt le guth láidir ar chomhionannas inscne. Baintear é sin amach ní hamháin trí sheasamh le prionsabail threoracha ár nAontais i measc na mBallstát, ach freisin trí ardú feasachta, a chosnaíonn cearta na mban agus na gcailíní ar fud AE. In 2017, d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfadh Ballstáit uile AE Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú go hiomlán. Chuir na Feisirí tús le plé le tíortha maidir leis an imní a bhí orthu faoin gCoinbhinsiún, chun daingniú gasta a spreagadh agus chun tacú le glacadh níos leithne sa Chomhairle. Tá an Pharlaimint ag obair leis na Ballstáit freisin ar fhorfheidhmiú cuí an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá chun foréigean inscne a chosc. Tá sé ríthábhachtach dár n-institiúid dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban agus léirítear go soiléir, sna gníomhaíochtaí atá ar bun againn, ár dtiomantas do chearta na mban, chomh maith lenár gcumas tionchar dearfach a imirt ar shaol laethúil ár saoránach. Is dá bharr sin gur fhorchur mé smachtbhannaí, a bhí ar na smachtbhannaí is déine dá leithéid a gearradh riamh sa Pharlaimint, ar Fheisire a léirigh drochmheas ar ár luachanna is bunúsaí le linn díospóireachta sa suí iomlánach. Ní ghlacfaidh mé riamh le haon iompar a dhéanann ionsaí ar dhínit na mban.Go deimhin, tar éis díospóireacht thráthúil, phaiseanta i mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Pharlaimint, le tromlach, rún lena gcáintear gnéaschiapadh. Tá beartas neamhfhulaingthe i bhfeidhm ag Parlaimint na hEorpa maidir le gnéaschiapadh agus tá mise tiomanta an gnéaschiapadh a chomhrac go diongbháilte, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt dár gCoiste Comhairleach maidir le Ciapadh, ar a bhfuil Elisabeth Morin-Chartier ina cathaoirleach.Níor cheart dúinn stopadh ansin mar tá dul chun cinn fós le déanamh. Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan leagtar béim ar na saincheisteanna a bhaineann le comhionannas inscne, ach níor cheart a dhearmad go mbíonn Lá na mBan ann 365 lá in aghaidh na bliana: leanann an troid ar son a gceart ar feadh na bliana agus ní mór dúinn go léir gealltanas a thabhairt don chomhionannas chun go n-éireoidh linn. Tá tionchar domhanda ag na díospóireachtaí a bhíonn againn, ag an reachtaíocht a rithimid agus ag an obair a dhéanann ár dtoscaireachtaí. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid de bheith ag cur béim ar thábhacht an chomhionannais inscne mar fhíorluach agus mar léiriú ar an gcineál sochaí a theastaíonn uainn: is cearta an duine iad cearta na mban.

Antonio Tajani

CLÁR

4 Agallamh le Dimitrios Papadimoulis,

Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

5 Na Feisirí

6 Ionadaíocht na mban i bParlaimint

na hEorpa agus sna parlaimintí

náisiúnta, de réir Ballstáit

7 An Biúró

8 An Grúpa Ard-Leibhéil um

Chomhionannas Inscne

agus Éagsúlacht

10 Na grúpaí polaitiúla

11 Na coistí parlaiminteacha

12 Agallamh le Cathaoirleach an

Choiste um Chearta na mBan agus

um Chomhionannas Inscne

13 Agallamh leis an mBuanrapóirtéir

ar Phríomhshruthú Inscne

14 Toscaireachtaí

Page 4: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

4Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

AGALLAMH LE DIMITRIOS PAPADIMOULIS Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Conas a fheiceann tú do ról mar an Leas-Uachtarán atá freagrach as comhionannas inscne agus éagsúlacht agus mar chathaoirleach ar Ghrúpa Ard-Leibhéil an Bhiúró, ar an ábhar seo?

Is cúis áthais agus onóra dom treoir a thabhairt do bheartais Pharlaimint na hEorpa i réimsí an chomhionannais inscne agus na héagsúlachta. Is cuid lárnach de luachanna Pharlaimint na hEorpa iad comhionannas, éagsúlacht agus neamh-idirdhealú, mar eagraíocht pholaitiúil agus mar fhostóir araon, agus féachaimid le bheith chun tosaigh sna hiarrachtaí dul i ngleic leis na hathruithe coincheapa agus nósmhaireachta is gá chun comhionannas iomlán idir fir agus mná a bhaint amach.

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2018 táimid ag machnamh ar an dul chun cinn atá déanta againn, agus ar na dúshláin atá fós le sárú. Baineann an lá le feasacht a ardú maidir le hidirdhealú, le béim a chur ar na geallsealbhóirí atá rannpháirteach ann agus le tiomantas a thabhairt don chomhionannas. Is cúis bhróid dom ár luachanna daonlathacha a neartú trí chur chun cinn an chirt, na cothroime agus an chomhionannais i gcroílár Pharlaimint na hEorpa.

Céard é an t-éacht is mó a baineadh amach in 2017, dar leat?

I dtús na bliana 2017, thíolaic mé thar ceann an Ghrúpa Ard-Leibhéil um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht tuarascáil dar teideal ‘Comhionannas idir fir agus mná in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa – Cúrsaí mar atá agus ionchais 2017-2019’, a ghlac an Biúró d’aon ghuth i mí Eanáir 2017. As sin, dhréachtaíomar treochlár chun moltaí na tuarascála a chur chun feidhme.

Glacann an treochlár sin clár ama trí bliana - 2017-2019 - le gníomhaíochtaí inchainníochtaithe do gach bliain, agus tugann sé creat nithiúil dúinn trínar féidir linn ár gcuspóirí a bhaint amach. Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil agus rochtain ar bhainistíocht), maidir le hardú feasachta, maidir le faireachán ar chothromaíocht inscne agus maidir le bearta níos fearr ar mhaithe leis an réiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta a chur chun cinn. Mar sin, is féidir linn leanúint ar aghaidh i dtreo an chomhionannais in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa.

Céard iad na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh forbartha, dar leat?

Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn, creidim go bhféadfadh níos mó nuálaíochta cuidiú linn comhionannas iomlán a bhaint amach san fhostaíocht. Is ar an gcúis sin go bhfuil comhairliúchán ar bun againn faoi láthair le Lucht Riaracháin na bParlaimintí Náisiúnta. Sa tacar dhá cheist déag a sheolamar chucu, lorgaítear faisnéis maidir lena ndea-chleachtas i gcúig phríomhréimse: próisis earcaíochta, claonadh neamh-chomhfhiosach agus steiréitíopaí inscne, cultúr eagraíochtúil, an chothromaíocht oibre agus saoil, agus saincheisteanna ginearálta inscne.

Anuas air sin, chuala an Grúpa Ard-Leibhéil ón earnáil phríobháideach ag an gcruinniú i mí na Samhna chun faisnéis a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí rathúla san earnáil phríobháideach dhomhanda. Tá súil againn go gcuideoidh na léargais agus an saineolas breise sin linn forbairt a dhéanamh ar ár gcur chuige maidir le comhionannas inscne.

Is cúram fada é deireadh a chur le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, agus beidh athruithe dearcaidh forleathana i gceist leis. Baineann comhionannas inscne le gach éinne, idir fhir agus mhná, agus is cúis bhróid dom go bhfuil Parlaimint na hEorpa ag tabhairt faoi gníomhaíochtaí cuiditheacha i gcónaí chun comhionannas, cothroime agus ceartas sóisialta a bhaint amach.

Page 5: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

5An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T P H O L A I T I Ú L A

NA FEISIRÍAg 36.1%, tá méadaithe beagán ar chéatadán na mban ar Feisirí iad seachas mar a bhí sna toghcháin in 2014, nuair a bhí sé ag 35.8%. Cuireann ionadaíocht mhéadaithe na mban sa Pharlaimint le leibhéal ionadaíochta daonlathaí shaoránaigh AE agus cuidíonn sé leis an bParlaimint an ghné inscne a chomhtháthú níos fearr ina cuid oibre go léir, cibé acu sa reachtaíocht agus sna beartais a bhaineann le AE ina iomláine nó ina struchtúr féin agus ina comhlachtaí inmheánacha, lena n-áirítear an Ardrúnaíocht.

Bhí roinnt athruithe freisin ar líon na mban i bpoist chinnteoireachta san 8ú téarma parlaiminteach, i gcomparáid leis an 7ú téarma. Tá líon na mban ar Leas-Uachtaráin iad ardaithe ó thriúr sa téarma parlaiminteach deireanach go dtí cúigear faoi láthair, as iomlán de cheathrar déag. Bhí ochtar ban ina gcathaoirligh ar choiste parlaiminteach nó ar fho-choiste parlaiminteach sa 7ú téarma parlaiminteach; anois tá 12 as 24.

Feisirí Pharlaimint na hEorpa 1952-2018

Feisirí Eorpacha

0%

10%

20%

30%

40%

50%

2018200920041999199419891984197919751964195819521952 1958 1964 1975 1979 1984 1989 1994 1999 2004 2009 2018

50%

40%

30%

20%

10%

0%

1,3% 3,

5%

3,5% 4,

9%

16,6

%

17,7

% 19,3

% 25,9

% 30,3

%

30,2

%

31,1

% 36,1

%

1979

16,6%

83,4%

68342

2010

34,9%

65,1%

257479

2018

36,1%

63,9%

271480

Page 6: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

6Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

IONADAÍOCHT NA MBAN I BPARLAIMINT NA HEORPA AGUS SNA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA, DE RÉIR BALLSTÁIT1

Is ionann an líon ban agus níos mó ná leath de dhaonra an domhain. Tá a rannpháirtíocht agus a bhfuil déanta acu sa phróiseas polaitiúil araon tábhachtach agus riachtanach agus, go deimhin, is cearta bunúsacha iad.

Tá níos mó Feisirí ar mná iad ag an bhFionlainn, ag Éirinn agus ag an gCróit, agus tá líon comhionann Feisirí ar mná iad agus Feisirí ar fir iad ag Málta, an Laitvia agus an tSualainn. Tá céatadán na mban i bParlaimint na hEorpa anois níos airde ná an céatadán i bparlaimintí náisiúnta na mBallstát, seachas an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Liotuáin, an Pholainn, agus an Phortaingéil.

Leis an gcéatadán ban ardaithe go 36.1% don 4ú bliain den 8ú téarma parlaiminteach, tá leibhéal ionadaíochta na mban i bParlaimint na hEorpa beagnach 12.5 phointe céatadáin os cionn an mheáin domhanda do pharlaimintí náisiúnta, a sheasann faoi láthair ag 23.6%.2

1 Sonraí ó na parlaimintí náisiúnta bunaithe ar an líon ban atá tofa chuig an Teach Íochtarach. Foinse: www.ipu.org an 01/12/2017

2 Sonraí bunaithe ar an líon ban atá tofa chuig an Teach Íochtarach. Foinse: http://archive.ipu.org/wmn-e/world.htm an 01/12/2017

An F

hion

lain

n

Éire

An C

hrói

t

An L

aitv

ia

Mál

ta

An tS

uala

inn

An S

páin

n

An F

hrai

nc

An R

íoch

t Aon

taith

e

An O

stai

r

An Ís

iltír

An Io

dáil

An tS

lóiv

éin

An G

hear

mái

n

An B

heilg

An E

astó

in

Lucs

ambu

rg

An D

anm

hairg

An tS

lóva

ic

An P

hort

aing

éil

An R

ómái

n

An P

hola

inn

Pobl

acht

na

Seic

e

An G

hréi

g

An U

ngái

r

An L

iotu

áin

An B

hulg

áir

An C

hipi

r

65%

60%

55%

50%

45%

40%

35%

30%

25%

20%

15%

10%

5%

% de mhná i bParlaimint na hEorpa

% de mhná i bparlaimintí náisiúnta

Page 7: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

7An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T P H O L A I T I Ú L A

AN BIÚRÓ Tá an Biúró comhdhéanta d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, de cheithre Leas-Uachtarán déag agus de chúigear Caestóirí, a bhfuil stádas breathnadóra acu. Déanann an Pharlaimint an Biúró a thoghadh ar feadh tréimhse inathnuaite dhá bhliain go leith. Is é an Biúró a stiúrann feidhmiú inmheánach na Parlaiminte, lena n-áirítear na meastacháin don bhuiséad, agus na cúrsaí riaracháin, eagraíochtúla agus foirne go léir.

5 Leas-Uachtaráin ar mná iad

2 Chaestóir ar mná iad

Elisabeth MORIN-CHARTIER (PPE - FR)

Catherine BEARDER (ALDE - UK)

Evelyne GEBHARDT(S&D - DE)

Mairéad McGUINNESS (PPE - IE)

Lívia JÁRÓKA(PPE - HU)

Sylvie GUILLAUME (S&D - FR)

Heidi HAUTALA(Verts/ALE - FI)

59 35,7%64,3%

23 40,0%60,0%

Page 8: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

8Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

AN GRÚPA ARD-LEIBHÉIL UM CHOMHIONANNAS INSCNE AGUS ÉAGSÚLACHT

DIMITRIOS PAPADIMOULISCathaoirleach (GUE/NGL - EL)

Bhunaigh an Biúró an Grúpa Ard-Leibhéil (GAL) sa bhliain 2004 mar ghníomh iardain ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2003 maidir le príomhshruthú inscne. Cuireadh ar bun go príomha é chun príomhshruthú inscne a chur chun cinn agus a chur chun feidhme laistigh de ghníomhaíochtaí, de struchtúir, agus de chomhlachtaí na Parlaiminte agus chun luachanna an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn i gcóras riaracháin na Parlaiminte. Tá sé dírithe go príomha ar chomhionannas idir fir agus mná i ngach gné den saol oibre, ar chomhionannas deiseanna do dhaoine faoi mhíchumas agus ar thimpeallacht oibre a chur chun cinn atá oscailte, cuimsitheach agus saor ó idirdhealú do gach aon duine. Chun réimse freagrachtaí an Ghrúpa a leathnú go cur chun cinn na héagsúlachta i gcoitinne, d’athraigh an Biúró ainm an ghrúpa go dtí an ‘Grúpa Ard-Leibhéil um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht’ i mí na Samhna 2007.

Is comhlacht comhthreomhar é an GAL a oibríonn i ndlúthchomhar le comhlachtaí parlaiminteacha eile, go háirithe an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí. I measc roinnt de ghníomhaíochtaí an GAL i réimse na hinscne roimhe seo tá bunú gréasán Feisirí, foireann coistí agus foireann thoscaireachtaí idirpharlaiminteacha chun príomhshruthú inscne a chur chun feidhme; treoirlínte a ghlacadh maidir le húsáid a bhaint as teanga atá inscne-neodrach i gcumarsáid pharlaiminteach; agus buiséadú inscne a chur chun cinn laistigh den Pharlaimint.

Tá Dimitrios Papadimoulis, an Leas-Uachtarán freagrach as comhionannas agus éagsúlacht inscne, ina chathaoirleach ar an GAL. Faoi láthair, áirítear i measc na gcomhaltaí:

Evelyne GEBHARDT(S&D - DE)

Lívia JÁRÓKA(PPE - HU)

Heidi HAUTALA(Verts/ALE - FI)

Catherine BEARDER (ALDE - UK)

Ina theannta sin, is iad seo na comhaltaí a bhfuil cuireadh buan acu:

Vilija BLINKEVIČIŪTĖ(S&D - LT)

Angelika MLINAR(ALDE - AT)

Cecilia WIKSTRÖM(ALDE - SV)

Rebecca HARMS(Verts/ALE - DE)

I mí Eanáir 2017, ghlac an Biúró tuarascáil an GAL maidir le ‘Comhionannas idir fir agus mná in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa – Cúrsaí mar atá agus ionchais 2017-2019’ agus an treochlár a bhí léi, a cuireadh le chéile chun moltaí na tuarascála a

Page 9: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

9An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T P H O L A I T I Ú L A

chur chun feidhme. Téann an treochlár sin, ar forbairt é ar Phlean Gnímh reatha an GAL, i ngleic le ceist na cothromaíochta inscne in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa don tráth socraithe ó 2017-2019. Leis an treochlár, chinn an GAL aghaidh a thabhairt ar an gceist sin trína áirithiú go mbeadh níos mó ban i bpoist bhainistíochta, cuspóir atá le baint amach le bearta sonracha arna gcur chun feidhme thar thráth sonraithe ama, seachas trí dhearbhú prionsabal. Léirítear freisin an t-aitheantas a thugann an GAL don tábhacht a bhaineann le cur chuige fadtéarmach chun timpeallacht oibre níos cuimsithí a chruthú.

Le clár ama soiléir an treochláir, cuirtear creat nithiúil ar fáil do chur chun feidhme beart i gcúig phríomhréimse: an próiseas earcaíochta bainistíochta, oiliúint ghairmiúil, imeachtaí ardaithe feasachta, an chothromaíocht oibre agus saoil, agus faireachán staidrimh. Trí ghníomhaíochtaí sonracha a leagan amach i ngach ceann de na réimsí sin do na blianta 2017, 2018 agus 2019, cuireann an treochlár ar chumas Ardrúnaíocht na Parlaiminte bogadh níos gaire do na spriocanna don chothromaíocht inscne atá leagtha amach i dtuarascáil Papadimoulis.

Cuireadh na bearta uile a leagadh amach sa treochlár do 2017 chun feidhme go rathúil. Roinnt samplaí díobh sin ná: ceardlann ar Lá Idirnáisiúnta na mBan maidir le cumarsáid agus stíleanna idirbheartaíochta inscne-shonracha, ceardlann do sheirbhísí Acmhainní Daonna maidir le dréachtú fógraí folúntais atá íogair ó thaobh inscne de, agus nuashonrú staidrimh ar an scéal maidir le comhionannas inscne i bParlaimint na hEorpa amhail an 30 Meitheamh 2017. Is iad na torthaí lena bhfuiltear ag súil ó bhearta mar sin ná rochtain níos fearr ar dheiseanna do mhná sa Pharlaimint, agus feasacht níos fearr maidir le cúrsaí inscne.

Le foilsiú na sonraí staidrimh ábhartha maidir le comhionannas inscne i bhFaireachlann Mheitheamh 2017 an GAL agus sa tuarascáil seo araon, éascaítear an rianú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh. Go deimhin, ní mór don GAL faireachán a dhéanamh ar na bearta ar fad a shonraítear sa tuarascáil agus sa treochlár a ghabhann léi chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú. Léiríodh i staidrimh mhí an Mheithimh go raibh gá fós le dul chun cinn chun na spriocanna don líon ban ag leibhéal bainistíochta atá leagtha amach i dtuarascáil Papadimoulis, agus ar ghlac an Biúró leo, a bhaint amach, agus ar an gcúis sin, d’aontaigh an GAL go mbeadh sé úsáideach dul i mbun comhairle le cuideachtaí príobháideacha agus le Lucht Riaracháin na bParlaimintí Náisiúnta i mBallstáit AE (ANP) maidir leis na dea-chleachtais atá acu.

Chuige sin, seoladh ceistneoir chuig Lucht Riaracháin na bParlaimintí Náisiúnta ag lorg faisnéise maidir lena ngníomhaíochtaí nuálacha agus lena ndea-chleachtais inmholta i réimse an chomhionannais inscne. Tá an ceistneoir, a chuimsíonn dhá cheist déag, roinnte i gcúig réimse éagsúla: próiseas earcaíochta, claonadh neamh-chomhfhiosach, cultúr eagraíochtúil, an chothromaíocht oibre agus saoil, agus saincheisteanna ginearálta. Léirítear sna ceisteanna liosta réimsí inar féidir le dea-chleachtais Lucht Riaracháin na bParlaimintí Náisiúnta tionchar dearfach a imirt ar obair inscne in Ardrúnaíocht na Parlaiminte, trí shaineolas breise a sholáthar, trí mhodhanna cur chun feidhme níos fearr a mholadh, nó fiú trí bhearta nua a mholadh.

Fuaireamar roinnt freagraí spéisiúla ó na Parlaimintí Náisiúnta. Trí na bearta reatha atá i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla cuirtear ar fáil socruithe oibre atá solúbtha, agus Pleananna atá formheasta ag an bParlaimint chun dul i ngleic le hidirdhealú agus fógraíocht folúntas atá íogair ó thaobh inscne de. Maidir le moltaí, moladh go mbeadh trédhearcacht sa phróiseas earcaíochta, go mbaileofaí staidrimh láidir agus go gcleachtfaí idirdhealú dearfach.

Anuas air sin, chuala an GAL ón earnáil phríobháideach ag an gcruinniú i mí na Samhna chun faisnéis a bhailiú maidir le tionscnaimh dhomhanda rathúla san earnáil sin. Roinn ionadaithe ó Google, IKEA, Telefonica, Daimler, agus Ollscoil Vín a ngníomhaíochtaí, a saineolas agus a moltaí leis an nGrúpa. I rith na héisteachta sin cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le timpeallacht shábháilte oibre do mhná, an tábhacht a bhaineann le claonadh agus steiréitíopaí inscne a chomhrac agus an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na bhfear sa troid ar son an chomhionannais inscne. Cabhróidh na léargais a fuaireamar ó na cuideachtaí sin, atá chun tosaigh i gcur chun cinn an chomhionannais inscne, linn bearta a cheapadh a áiritheoidh athrú cultúir domhanda ar deireadh.

Ag féachaint chun cinn ar 2018, is é an chéad chúram eile a bheidh orainn ná féachaint ar conas is féidir an fhaisnéis a fuaireamar ó na comhairliúcháin leis an earnáil phríobháideach agus le lucht riaracháin phoiblí a chur i bhfeidhm san Ardrúnaíocht chun leanúint lenár ndul chun cinn i réimse an chomhionannais inscne ag an obair.

Tá go leor bainte amach i gcóras riaracháin na Parlaiminte chun comhionannas inscne a chur chun cinn ach tá obair fós le déanamh. Tá gá anois le hathrú dearcaidh: is éard is gá dúinn a bhaint amach ná éabhlóid chultúrtha, nó níos radacaí fós, réabhlóid chultúrtha.

88,9%11,1%

81

Page 10: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

10Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

NA GRÚPAÍ POLAITIÚLAI bParlaimint na hEorpa, suíonn na Feisirí i ngrúpaí atá curtha le chéile de réir a gcleamhnachta polaitiúla de rogha ar a náisiúntacht. Tá ocht ngrúpa pholaitiúla (GP) i bParlaimint na hEorpa faoi láthair, agus iad faoi cheannas Cathaoirligh (nó faoi cheannas bheirt Chomh-Chathaoirleach). Tá Gabriele Zimmer, mar Chathaoirleach ar an nGrúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach/den Chlé Ghlas Nordach; Tá Ska Keller mar Chomh-Chathaoirleach ar Ghrúpa na nGlasach/na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí. Maidir leis na Feisirí nach bhfuil in aon ghrúpa polaitiúil, cuirtear rúnaíocht ar fáil dóibh agus déantar iad a athghrúpáil laistigh de na ‘Feisirí Neamhcheangailte’.

Cathaoirligh agus Comh-Chathaoirligh na nGrúpaí Polaitiúla

Leithdháileadh Fir/Mná sna grúpaí polaitiúla

Gabriele ZIMMER (GUE/NGL - DE)

Ska KELLER (Verts/ALE - DE)

PPE S&D ECR ALDE GUE/NGL Verts/ALE EFDD ENL NI2

100%

90%

80%

70%

60%

50%

40%

30%

20%

10%

0%

29

18,2%81,8%

PPE Grúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (Na Daonlathaithe Críostaí)

S&D Grúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe i bParlaimint na hEorpa

ECR Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa

ALDE Grúpa Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip

GUE/NGL An Grúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach agus den Chlé Ghlas Nordach

Verts/ALE An Grúpa Glas/Grúpa na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí 2

EFDD Eoraip na Saoirse agus an Daonlathais Dhírigh

ENL Grúpa Eoraip na Náisiún agus na Saoirse

NI Feisirí Neamhcheangailte

Page 11: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

11An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T P H O L A I T I Ú L A

NA COISTÍ PARLAIMINTEACHATá fiche coiste parlaiminteach, dhá fhochoiste, coiste speisialta amháin agus coiste fiosrúcháin amháin i mbun oibre in Eanáir 2018. Trí thuarascálacha ar na tograí reachtacha agus trí thuarascálacha féintionscnaimh a ghlacadh, déanann na coistí obair shuí iomlánach Pharlaimint na hEorpa a ullmhú. Déanann Cathaoirligh na gCoistí obair na gcoistí a chomhordú ag Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí. Tá bean ina ceann ar dhá cheann déag den cheithre choiste is fiche i láthair na huaire.

Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí – 12 Chathaoirleach Coiste (ar mná iad)

Na mná sna coistí parlaiminteacha

78,4

%

55,6

%

50,0

%

50,0

%

49,1

%

44,9

%

44,4

%

43,9

%

42,9

%

41,9

%

40,0

%

40,0

%

39,3

%

34,9

%

33,3

%

28,4

%

26,9

%

26,7

%

26,1

%

24,0

%

21,3

%

20,5

%

20,0

%

16,7

%

FEM

M*

PETI

*

LIBE

TERR

*

EMPL

ENVI

*

PECH

INTA

TRAN

*

CULT

*

IMCO

*

JURI

DEV

E*

REG

I*

DRO

I

ITRE

BUD

G

SED

E*

AGRI

AFCO

*

ECO

N

AFET

PAN

A

CON

T*

* Coistí ar a bhfuil bean ina gceann

100%

90%

80%

70%

60%

50%

40%

30%

20%

10%

0%

Iskra MIHAYLOVA (ALDE - BG)

Forbairt Réigiúnach (REGI)

Linda McAVAN (S&D - UK)

Forbairt (DEVE)

Ingeborg GRÄSSLE (PPE - DE)

Rialú buiséadach (CONT)

Anneleen VAN BOSSUYT(ECR - BE)

An Margadh Inmheánach agus Cosaint an Tomhaltóra (IMCO)

Karima DELLI(Verts/ALE - FR)

Iompar agus Turasóireacht (TRAN)

Petra KAMMEREVERT (S&D - DE)

Cultúr agus Oideachas (CULT)

Vilija BLINKEVIČIŪTĖ(S&D - LT)

Cearta na mBan agus Comhionannas Inscne (FEMM)

Nathalie GRIESBECK(ALDE - FR)

An Coiste Speisialta um Sceimhlitheoireacht (TERR)

Adina-Ioana VĂLEAN(PPE - RO)

Comhshaol, Sláinte Phoiblí agus Sábháilteacht Bia (ENVI)

Anna Elżbieta FOTYGA (ECR - PL)

An Fochoiste um Shlándáil agus um Chosaint (SEDE)

Danuta Maria HÜBNER (PPE - PL)

Gnóthaí Bunreachtúla (AFCO)

Cecilia WIKSTRÖM (ALDE - SV)

Achainíocha (PETI)

50,0%

50,0%

1212

Page 12: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

12Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

AGALLAMH LE VILIJA BLINKEVIČIŪTĖ Cathaoirleach (S&D - LT)

Cén ról atá ag Coiste FEMM?

Is é an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) an coiste parlaiminteach inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta na mban agus as reachtaíocht a rith ar na hábhair a bhaineann le comhionannas inscne agus as gach cineál foréigin agus idirdhealaithe, atá bunaithe ar ghnéas, a dhíothú.

Cuimsíonn inniúlachtaí an Choiste na gnéithe seo a leanas: cearta na mban a shainmhíniú, a chur chun cinn agus a chosaint san Aontas; cearta na mban a chur chun cinn i dtríú tíortha; beartas comhdheiseanna; gach cineál idirdhealaithe atá bunaithe ar ghnéas a dhíothú; príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a fhorbairt; obair leantach ar chomhaontuithe agus ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaineann le cearta na mban agus iad a chur chun feidhme; agus bonn eolais a chur faoi bheartais faoi shaincheisteanna a bhaineann le mná.

Céard iad na príomhéachtaí a bhain Coiste FEMM amach in 2017?

In 2017, ghlac Coiste FEMM tuarascálacha maidir le réimse leathan ábhar amhail cistí AE do chomhionannas inscne, mná agus a róil i gceantair thuaithe, cumhachtú eacnamaíoch na mban sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an bhearna phinsin idir na hinscní, agus ceartas aeráide.

Lean an Coiste ar aghaidh de bheith ag obair go dian ar ábhar atá ar an gclár le roinnt blianta: Aontachas AE chuig Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Chuir an Coiste fáilte roimh shíniú aontachas AE chuig Coinbhinsiún Iostanbúl an 13 Meitheamh 2017 agus thug sé aghaidh ar mholtaí maidir le raon feidhme aontachas AE agus maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin.

Chuaigh toscaireacht ó Choiste FEMM go Málta i mí Feabhra 2017 chun páirt a ghlacadh i gcomhdháil a d’eagraigh Uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban. D’fhéach dhá thoscaireacht eile ar chás na mban sa Pholainn agus sa Phortaingéil faoi seach.

Ag féachaint chun cinn ar 2018, céard iad na príomhspriocanna ar mhaith leat nó ar gá duit dul i ngleic leo?

Díreoidh clár gníomhaíochta Choiste FEMM do 2018 ar roinnt príomhréimsí. Leanfaidh an Coiste lena chuid oibre ar bhearta ar mhaithe le cothromaíocht oibre agus saoil, lena n-áirítear bearta reachtacha agus neamhreachtacha i réimsí amhail, saoire mháithreachais, saoire athartha, saoire do thuismitheoirí agus saoire do chúramóirí.

De réir an traidisiúin Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh i bhfoirm cruinniú den Choiste Idirpharlaiminteach, tiocfaidh na Feisirí agus na parlaimintí náisiúnta le chéile an 8 Márta 2018 chun díospóireacht a dhéanamh ar an ábhar ‘Mná agus Cailíní a chumhachtú in TFC agus sna Meáin: An Eochair don Todhchaí’. Is é sin is ábhar freisin do 62ú seisiún Choimisiún na Náisiún Aontaithe ar Stádas na mBan, a mbeidh Coiste FEMM ag seoladh toscaireacht Feisirí chuige. Beidh an t-ábhar céanna á phlé i bpáirt go luath in 2018 i dtuarascáil féintionscnaimh ó Choiste FEMM maidir le Comhionannas Inscne in earnáil na meán in AE.

Déanfaidh Coiste FEMM plé freisin ar chomhionannas inscne i réimsí éagsúla lena n-áirítear beartais chánach, mabáil san ionad oibre, cás agus cearta na mban faoi mhíchumas, straitéis AE i gcoinne ailsí na mban, agus gnéaschiapadh san ionad oibre, i láthair phoiblí agus sa saol polaitiúil in AE.

A mhéid a bhaineann leis an ngné sheachtrach, díreoidh an Coiste go háirithe ar chomhaontuithe trádála AE agus ar Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Comhionannas Inscne don tréimhse 2016-2020. Beidh comhaltaí an Choiste ag taisteal chun na hUngáire, na Rómáine agus na Sualainne freisin chun léargas a fháil ar chás na mban sna tíortha sin.

http://www.europarl.europa.eu/committees/ga/FEMM/home.html

AN COISTE UM CHEARTA NA MBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE

Page 13: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

13An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T P H O L A I T I Ú L A

AGALLAMH LE ANGELIKA MLINARBuanrapóirtéir ar Phríomhshruthú Inscne (ALDE - AT)

An bhfuil aon scéal faoin dul chun cinn agus faoin obair leantach atá déanta i dtaobh do thuarascála ó 2016 maidir le Príomhshruthú Inscne in obair Pharlaimint na hEorpa? An bhfuil aon mhórfheabhsuithe nó aon chonstaicí fós ann?

I mí Eanáir 2017, ghlac an Biúró Tuarascáil Papadimoulis maidir le Comhionannas Inscne i bParlaimint na hEorpa – Cúrsaí mar atá agus ionchais 2017-2019. Measaim gur céim chun cinn an-tábhachtach í Tuarascáil Papadimoulis agus a treochlár. In 2006 a formheasadh an tuarascáil deiridh ón mBiúró maidir le comhionannas inscne, Tuarascáil Kaufmann, ach níor baineadh amach na spriocanna a leagadh síos inti go bhfeabhsófaí an chothromaíocht inscne ag an ardleibhéal agus meánleibhéal bainistíochta faoin sprioc in 2009, ná go deimhin, níor baineadh amach fós iad.

I dTuarascáil Papadimoulis agus ina treochlár, leanadh na moltaí maidir leis an gcothromaíocht inscne a fheabhsú atá i dTuarascáil na Parlaiminte maidir le Príomhshruthú Inscne in obair Pharlaimint na hEorpa, a glacadh an 8 Márta 2016, agus a raibh mise mar Rapóirtéir uirthi. Mheabhraigh mo thuarascáil go bhfuil ionadaíocht na mban i bpoist chinnteoireachta lárnacha ar leibhéal polaitiúil agus riaracháin na Parlaiminte fós íseal, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na gcinntí a dhéantar, gur gá don Pharlaimint a áirithiú go roinntear na poist chinnteoireachta go cothrom idir na hinscní. D’iarr Parlaimint na hEorpa bearta éifeachtacha, ceartaitheacha agus fairsinge chun na spriocanna comhionannais inscne sin a bhaint amach laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir. Cuireadh na húdair imní sin ar fad san áireamh i dTuarascáil Papadimoulis.

Leis an tionscnamh ó Ghrúpa Ard-Leibhéil Pharlaimint na hEorpa um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht éisteacht a eagrú i mí na Samhna 2017 maidir le ‘Dea-chleachtais agus gníomhaíochtaí nuálacha chun comhionannas inscne a chur chun cinn in Ardrúnaíocht na Parlaiminte’, léiríodh go soiléir arís an méadú ar an bhfeasacht faoin tábhacht a bhaineann le cur chun cinn na cothromaíochta inscne san ionad oibre.

Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2017 maidir le Gnéaschiapadh agus mí-úsáid a chomhrac in AE léiríodh go mbíonn go leor cineálacha éagsúla idirdhealaithe ann. Le freagra na Parlaiminte, ar leibhéal polaitiúil agus riaracháin araon, léiríodh go soiléir go bhfuil sé ar chumas ár n-institiúid oiriúnú agus freagairt do chineálacha éagsúla dúshlán.

Tá na hinstitiúidí AE eile ag déanamh amhlaidh freisin. Tá súil agam go méadófar ar an gcomhar idir-institiúideach amach anseo os rud é gurb iad na dúshláin chéanna atá romhainn, agus go mbeimid in ann díriú orthu le chéile ar bhealach níos éifeachtúla!

Go dtí seo, níor phléigh mé ach ceist na hionadaíochta inscne, ach le príomhshruthú inscne freisin is gá gné na hinscne a chur san áireamh sna beartais éagsúla. Ní mór an dá ghné – ionadíocht inscne agus ábhar a chuireann inscne san áireamh - a chur san áireamh i ngach céim den phróiseas ceaptha beartais.

Mar sin, cé go gcuirim fáilte roimh bhearta na Parlaiminte chun ionadaíocht inscne na hArdrúnaíochta a fheabhsú, is mian liom béim a chur ar an ngá atá le hathrú dearcaidh sa réimse polaitiúil freisin chun inscne a phríomhshruthú go héifeachtach i mbeartais na Parlaiminte. Déanfaidh mé an dara Tuarascáil maidir le Príomhshruthú Inscne in obair Pharlaimint na hEorpa don téarma parlaiminteach seo a chur ar fáil go luath. Beidh an obair leantach sin an-tábhachtach go deo chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i réimse na cinnteoireachta. Tá mé súil go mór le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe atá freagrach as an bpríomhshruthú inscne i ngach coiste, féachaint le téacs a chur ar fáil ina bhfuil moltaí nithiúla do thorthaí nithiúla. Creidim go láidir gur cheart do Pharlaimint na hEorpa, mar fhostóir agus mar institiúid pholaitiúil a dhéanann ionadaíocht do shaoránaigh AE, beart a dhéanamh de réir a briathair maidir lena cuid luachanna trí chéimeanna deimhneacha a ghlacadh chun tacú le comhionannas inscne iomlán.

Page 14: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

14Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

TOSCAIREACHTAÍDéanann na toscaireachtaí teagmhálacha idirnáisiúnta Pharlaimint na hEorpa a chothú agus a fhorbairt. Is é is aidhm do ghníomhaíochtaí na dtoscaireachtaí ná teagmhálacha le parlaimintí na mBallstát, ar comhpháirtithe traidisiúnta leis an Aontas Eorpach iad, a choimeád agus a fheabhsú chomh maith le cur leis na luachanna ar a bhfuil AE fothaithe agus iad a chur chun cinn i dtríú tíortha. Is ann do naoi dtoscaireacht is tríocha agus do chúig thionól iltaobhacha faoi láthair. I mí Eanáir 2018, is mná iad deichniúr as na naoi gcathaoirleach toscaireachta is tríocha agus tá mná ina n-uachtarán ar dhá cheann de na cúig chomhdháil iltaobhacha. Ina theannta sin, tá Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí (CDC), comhlacht polaitiúil i bParlaimint na hEorpa a dhéanann comhordú ar obair 44 bhuantoscaireacht na Parlaiminte faoi chathaoirleacht comhalta den Ghrúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe: Inés Ayala Sender.

Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí – 12 Thoscaireacht a bhfuil bean mar chathaoirleach orthu

Na mná sna toscaireachtaí parlaiminteacha

0

10

20

30

40

50

60

70

60.0%

57.1%

53.9%

50.0%

50.0%

50.0%

46.7%

46.2%

45.8%

45.4%

45.1%

43.8%

43.6%

42.1%

41.7%

41.7%

40.6%

40.0%

40.0%

36.8%

36.0%

35.7%

35.7%

35.0%

33.3%

33.3%

33.3%

33.3%

33.3%

32.8%

31.2%

30.0%

28.6%

27.8%

27.8%

26.9%

25.8%

25.0%

21.4%

16.7%

16.7%

12.5%

6.7%

0.0%

D-C

L*D

-MX*

DSE

ED

PAP

DM

AS*

DAN

Z*D

ARP*

D-M

KD

-JP

DSC

AD

EEA

D-Z

AD

ACP

DM

ERD

AND

D-IN

D-C

ND

CAM

*D

-TR

DCA

S*D

LAT

D-A

L*D

-ME

DEP

A*D

MED

DCA

RD

SAS*

DPL

CD

-BY

D-U

SD

-UA

DN

AT*

D-M

DD

MAG

*D

-ILD

ASE

D-R

UD

-CA

D-B

RD

-IRD

KOR

D-A

FD

-RS

D-IQ

* Toscaireacht ar a bhfuil bean ina ceann

70%

60%

50%

40%

30%

20%

10%

0%

27,3%

72,7%

1232

Teresa JIMÉNEZ-BECERRIL BARRIO

(PPE - ES) Meicsiceo (D-MX)

Michèle ALLIOT-MARIE (PPE - FR)

Leithinis na hAraibe (DARP)

Constanze KREHL (S&D - DE)

An tSile (D-CL)

Sofia SAKORAFA (GUE/NGL - EL)

Meiriceá Láir (DCAM)

Inés AYALA SENDER(S&D - ES) An Mhaghrib agus Aontas

na Magraibe Arabaí (DMAG); CDC

Monica MACOVEI (ECR - RO)

An Albáin (D-AL)

Jean LAMBERT (Verts/ALE - UK)

An Áise Theas (DSAS)

Iveta GRIGULE-PĒTERSE(ALDE - LV) An Chasacstáin, an

Chirgeastáin, an Úisbéiceastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin

agus an Mhongóil (DCAS)

Rebecca HARMS (Verts/ALE - DE) Euronest (DEPA)

Eva KAILI (S&D - EL)

Comhdháil pharlaiminteach ECAT (DNAT)

Ulrike MÜLLER(ALDE-DE)

An Astráil agus an Nua-Shéalainn (DANZ)

Marisa MATIAS (GUE/NGL - PT) An Mhaisreic

(DMAS)

Page 15: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta 2018

GA

NA MNÁ I BPARLAIMINT

NA HEORPA

Poist riaracháin

Page 16: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

2Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

Mura sonraítear a mhalairt:

mná fir

Bunús na sonraí staidrimh:

u Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa: Streamline, amhail an 5 Eanáir 2018, mura sonraítear a mhalairt

u Grianghraif: Parlaimint na hEorpa

Tionscnamh ó: An tAonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht - AS an Phearsanra Bainisteoirí an Choiste Eagarthóireachta: Alberto Rossetti (Ceann an Aonaid um Chomhionannas agus um Éagsúlacht) Petra Metzmeier-Weiss

Parlaimint na hEorpa, Foirgneamh GEOS 22-24 rue Edward Steichen, L-2540 Lucsamburg Fón: +352 4300 24397 Ríomhphost: [email protected] Inlíon: https://epintranet.in.ep.europa.eu/home/browse-as/human-resources/equality-diversity/gender-equality.html

Séanadh: ní gá gur léiriú ar sheasamh oifigiúil Pharlaimint na hEorpa iad na tuairimí a nochtar san fhoilseachán seo.

Page 17: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

3An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T R I A R A C H Á I N

Focal ón Ardrúnaí

Tá an comhionannas idir fir agus mná in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa tábhachtach dom agus tá sé i gcroílár na mbeartas a dhéanaimid. Ní mór a chinntiú go gcaithfear go comhionann le fir agus mná, agus rochtain chomhionann ar dheiseanna a chur chun cinn, chun go bhfeidhmeoidh an Pharlaimint mar is ceart. Trí bhuanna na foirne a chothú agus an éagsúlacht a chur chun cinn ag leibhéil uile an riaracháin is féidir linn freastal ar na Feisirí ar bhealach níos éifeachtaí.

Agus aird á tabhairt ar an méid sin táimid ag déanamh iarrachta an chothromaíocht inscne sa Rúnaíocht a fheabhsú. I dtuarascáil an Leas-Uachtaráin Papadimoulis ó mhí Eanáir 2017 ar an gcomhionannas idir fir agus mná i gcóras riaracháin na Parlaiminte1 cuireadh béim ar an ngá atá le hionadaíocht na mban sa mheánbhainistíocht agus san ardbhainistíocht a mhéadú, agus cuireadh méadú leis na cuspóirí maidir le líon na mban sna poist sin. Tugadh achoimre i dtreochlár na tuarascála sin ar an gcaoi ar cheart an méid sin a bhaint amach, bunaithe ar chlár beart a bhí le cur chun feidhme don tréimhse ó 2017 go 2019. Is cúis áthais dom a lua go bhfuil céatadán na bpost meánbhainistíochta ar fud na Rúnaíochta ina bhfuil mná méadaithe go 35.6% in 2017.

Chun tiomantas na hArdrúnaíochta do dhul chun cinn gairme na mban a neartú, d’iarr mé ar na hArd-Stiúrthóirí ar fad anuraidh cúrsaí inscne a chur san áireamh ina gcuid nósanna imeachta agus Cinn Aonaid nua á gceapadh acu. Ní mór triúr iarrthóirí a bheith ar na gearrliostaí do cheapacháin mheánbhainistíochta anois, más ann dóibh, agus ní mór gur den inscne is lú ionadaíocht duine de na hiarrthóirí sin. I gcás ina bhfuil beirt iarrthóirí comhionann ar gach bealach eile, molaim gur cheart tosaíocht a thabhairt don iarrthóir den inscne is lú ionadaíocht. Go háirithe, mura gcomhlíonfar na ceanglais sin, tá sé de cheart agam an nós imeachta a dhúnadh agus an post a fhógairt arís. Táim cinnte go gcabhróidh na bearta sin linn agus muid ag iarraidh na cuspóirí atá leagtha amach i dtuarascáil an Leas-Uachtaráin Papadimoulis a bhaint amach.

Anuas air sin, tá iarracht déanta againn cur le próifíl an Ghrúpa um Chomhordú Comhionannais agus Éagsúlachta. D’fhonn infheictheacht an Ghrúpa a fheabhsú, chinn mé gur cheart go mbeadh Cinn na seirbhíse acmhainní i ngach Ard-Stiúrthóireacht ina mbaill ex officio. Faoin leagan amach nua sin, oibreoidh an Grúpa i gcomhar leis an nGrúpa Stiúrtha idir-AS um Acmhainní Daonna chun acmhainní a roinnt agus sineirgí a bhaint amach. Is léiriú iad na forbairtí sin ar an tábhacht a chuirtear le comhionannas idir fir agus mná san Ardrúnaíocht.

Trínár n-iarrachtaí leanúnacha cothromaíocht inscne a bhaint amach, tá an Pharlaimint ag neartú a tiomantais do mhná atá fostaithe anseo, agus do na mná a bheidh mar chomhghleacaithe againn amach anseo. Táim ag súil leis an bhfás a thiocfaidh ar ár n-ionad oibre de réir mar a chuirfimid feabhas ar rannpháirtíocht na mban i saol na Parlaiminte.

Klaus Welle

1 ‘Comhionannas idir fir agus mná in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa – Cúrsaí mar atá agus ionchais’, tuarascáil chuig an mBiúró le Dimitrios Papadimoulis, Leas-Uachtarán atá freagrach as comhionannas inscne (PE 595.277 :BUR).

AN CLÁR

4 Agallaimh le Kristian Knudsen

(an tArd-Stiúrthóir Gníomhach

Pearsanra), Erika Landi (an Stiúrthóir

um Thacaíocht Acmhainní Daonna

agus um Sheirbhísí Sóisialta, AS PERS)

5 Agallaimh le Leena Maria Linnus

(Ard-Stiúrthóir AS INLO) agus Agnieszka

Walter-Drop (Ard-Stiúrthóir AS INTE*)

6 Ardrúnaíocht Pharlaimint na

hEorpa – Plean Bunaíochta

7 Na mná i bpoist bhainistíochta:

sonraí staidrimh

9 Ardrúnaíocht na Parlaiminte,

rúnaíochtaí na ngrúpaí polaitiúla,

agus cúntóirí parlaiminteacha

creidiúnaithe: sonraí staidrimh

11 Bearta ar mhaithe leis an réiteach

idir an saol oibre agus an saol

pearsanta: sonraí staidrimh

13 Na struchtúir a chuireann

an comhionannas idir fir

agus mná chun cinn

* Tabhair do d’aire gur athainmníodh AS INTE agus tugtar an Ardstiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha (AS LINC) uirthi ón 1 Feabhra 2018.

Page 18: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

4Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

AGALLAMH LE KRISTIAN KNUDSEN Ard-Stiúrthóir gníomhach an Phearsanra

Céard a rinne AS PERS in 2017 chun an beartas um chomhionannas inscne a chur chun feidhme in Ardrúnaíocht na Parlaiminte?

Tá cur chun cinn an chomhionannais agus na héagsúlachta ar cheann dár bpríomhchúraimí in AS PERS. Oibrímid i gcomhar le ceannaireacht pholaitiúil agus bainistíocht na Parlaiminte an t-am ar fad chun timpeallacht oibre chuimsitheach agus spreagúil a chruthú lena mbaineann deiseanna gairme leathana don fhoireann ar fad, gan beann ar inscne. Bhí an tuarascáil a chuir an Leas-Uachtarán Papadimoulis i dtoll a chéile, agus atá formheasta ag an mBiúró, lárnach inár gcuid oibre ina leith sin.

In 2017, thugamar ár gclár oiliúna do mhná a bhfuil mianach na ceannaireachta iontu i gcrích, chun níos mó ban a spreagadh le hiad féin a chur chun cinn do phoist mheánbhainistíochta. D’eagraíomar ár n-ócáid bhliantúil chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh agus d’eagraíomar ceardlanna freisin do na hAonaid Acmhainní Daonna maidir le fógraí folúntais a dhréachtú ar bhealach a thugann aird ar chúrsaí inscne agus gnáthchúrsaí oiliúna maidir le “claontacht neamh-chomhfhiosach”.

Ó thaobh AS PERS féin de, táimid i measc na nArdstiúrthóireachtaí nach mór dóibh dul chun cinn a dhéanamh fós chun comhionannas idir fir agus mná ar leibhéal na gCeann Aonaid a bhaint amach, ach is cúis áthais dom gur mhéadaíomar sciar na gceann aonaid ar mná iad go beagnach 30% (29,4%) le linn 2017, mar is é sin an cuspóir atá leagtha síos i dtuarascáil Papadimoulis atá le baint amach ag gach AS faoi 2019 (40% don Ardrúnaíocht ar an iomlán).

An bhféadfá insint dúinn faoi na cláir oiliúna a chuireann AS PERS ar fáil chun an comhionannas inscne a chur chun cinn?

Ní féidir an comhionannas inscne ar an leibhéal bainistíochta a chinntiú ach amháin má tá ionadaíocht chothrom ag fir agus mná sa bhuíon iarrthóirí incháilithe. Is é sin ár ndearcadh ginearálta ar an ábhar, agus is ansin a thagann ár gclár oiliúna i gceist.

Ar an gcéad dul síos, cuirimid Clár Bainistithe Tallainne ar fáil do chatagóirí éagsúla na foirne. Ina measc tá na cláir amhail “Emerging Talent”, “Aspiring Manager” do riarthóirí (AD) nó “AST Team Leaders”. I mo thuairim féin, caithfimid cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc na rannpháirtithe ar na cúrsaí oiliúna sin chun cur le líon na mban a chuirfidh isteach ar phoist bhainistíochta amach anseo. Níl an sprioc bainte amach againn fós ach is tuar dóchais é, ó thaobh rannpháirtithe na gclár sin, gur mná iad an tromlach a ceapadh ina gCinn Aonaid tar éis na cúrsaí oiliúna a dhéanamh. Tá sé luaite agam cheana féin gur thugamar ár gclár oiliúna (2017) do mhná a bhfuil mianach na ceannaireachta iontu i gcrích anuraidh. Ba é cuspóir an chláir ná cur le líon na mban atá i bpoist bhainistíochta agus bhí sé dírithe go háirithe ar na comhghleacaithe ar mná iad. Bhí 84 ban ó na hArdstiúrthóireachtaí ar fad rannpháirteach. Mar chuid den chlár bhí anailís ar riachtanais forbartha in éineacht le cóitseálaí gairmiúil, agus scéim meantóireachta in éineacht le bainisteoirí den dá inscne a bhfuil taithí acu. Leanamar lenár gcuid iarrachtaí teacht ar an mbealach is éifeachtaí chun an oiliúint is nua-aimseartha a chinntiú chun forbairt ghairmiúil na mban i réimse na bainistíochta sa Pharlaimint a chur chun cinn.

AGALLAMH LE ERIKA LANDI An Stiúrthóir um Thacaíocht Acmhainní Daonna agus um Sheirbhísí Sóisialta, AS PERS

Agus cúram an chomhionannais inscne agus na héagsúlachta ort ó mhí Dheireadh Fómhair 2017 céard iad na príomh-shaincheisteanna atá le réiteach, dar leat, ionas gur féidir linn

timpeallacht oibre chuimsitheach atá cothrom ó thaobh na n-inscní de a bhaint amach?

Ní bhaineann cruthú na timpeallachta oibre cuimsithí atá cothrom ó thaobh na n-inscní de le ceachtar den dá inscne; ba chirte a rá go mbaineann sé lenár n-ionad oibre a chur in oiriúint do dhaoine, idir mhná agus fhir. Ní féidir linn an tacaíocht is fearr a thabhairt do phróiseas na cinnteoireachta Eorpaí ach amháin má fhaighimid réidh leis na constaicí atá roimh chomhionannas deiseanna agus na buntáistí míchuí lena mbaineann. I mo cháil mar Stiúrthóir um Thacaíocht Acmhainní Daonna agus um Sheirbhísí Sóisialta AS PERS is onóir dom é maoirseacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh againn i dtreo ionad oibre atá cuimsitheach agus cothrom ó thaobh na n-inscní de.

Bíonn róil éagsúla ag mná sa lá atá inniu ann: fad a bhíonn siad ag baint a gcuid spriocanna gairme amach bíonn sé de nós acu fós níos mó de chúraimí an tí agus an teaghlaigh a ghabháil orthu féin i gcomparáid leis na fir. Ar an lámh eile, is iondúil gur lú rochtana a bhíonn ag na fir ar bheartais a bhaineann leis an teaghlach. Ar an gcúis sin, tá bearta ar mhaithe leis an réiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta riachtanach chun cultúr cuimsitheachta agus timpeallacht chothromaíoch a bhunú san Ardrúnaíocht. Téann na bearta sin níos faide ná réimse na cothromaíochta idir fir agus mná agus tá siad riachtanach ar mhaithe le folláine na foirne ar fad.

I dTuarascáil Papadimoulis ó 2017 leagadh amach roinnt bealaí chun feabhas a chur ar an réiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta san Ardrúnaíocht, agus leagadh síos bearta nithiúla sa treochlár a ghabhann léi, bearta a dhéanfaimid ó 2017-2019. An bhliain seo caite, mar shampla, spreagamar na hArd-Stiúrthóirí le cruinnithe a reáchtáil laistigh d’uaireanta oscailte na saoráidí cúraim leanaí, agus rinneamar moladh den chineál céanna d’Ardrúnaithe na ngrúpaí polaitiúla. Amach anseo, tá sé i gceist againn ról níos lárnaí a imirt i gcur chun cinn na mbeart ar mhaithe leis an réiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta i measc na bhfear, agus táimid ag iarraidh an scéim teilea-oibre a fhorbairt tuilleadh.

Le hathstruchtúrú AS PERS i mí Dheireadh Fómhair 2017 tugadh dhá aonad i mo Stiúrthóireacht atá lárnach i gcur chun cinn an réitigh idir an saol oibre agus an saol pearsanta níos gaire dá chéile: an tAonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht agus an tAonad um Uaireanta Oibre agus um Shaoráidí Cúraim Leanaí. Tá níos mó oibre le déanamh againn sa réimse sin, agus le sineirge an dá aonad sin, táim cinnte go leanfar den dul chun cinn i dtreo timpeallacht oibre chuimsitheach atá cothrom ó thaobh na n-inscní de a chruthú do chách.

Page 19: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

5An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T R I A R A C H Á I N

AGALLAIMH LE LEENA MARIA LINNUS AGUS AGNIESZKA WALTER-DROP An bhféadfá insint dúinn faoi bheart ar leith a rinneadh le déanaí i do AS chun oibriú i dtreo ionad oibre cuimsitheach atá cothrom ó thaobh na n-inscní de?

LEENA MARIA LINNUSAn tArd-Stiúrthóir um Bonneagar agus um LóistíochtIs cuid an-teicniúil de chóras riaracháin na Parlaiminte í AS INLO (Bonneagar agus Lóistíocht) agus bhí céatadán ard fear aici go traidisiúnta sna seirbhísí éagsúla. Tá go leor déanta le blianta beaga anuas ag mo réamhtheachtaithe, agus ag mo chomhghleacaithe, chun cothromaíocht níos fearr idir fir agus mná a bhaint amach. Tá an ardbhainistíocht agus an mheánbhainistíocht ar fad in AS INLO anois tiomanta don chomhionannas idir fir agus mná, díreach mar gheall nach ann d’aon eagraíocht éirimiúil ar domhan nach mbainfeadh tairbhe as an deis bua intleachtúil an dá inscne a úsáid. Níl sé d’acmhainn

againn a thuilleadh neamhaird a thabhairt ar chumas ár gcomhghleacaithe, is cuma más fir nó mná iad. Is prionsabal simplí agus fiúntach lena leanúint é an comhionannas – is é an neamhionannas a dhéanann ár saol gairmiúil níos casta, rud a chruthaíonn claontachtaí agus ionchais bhréagacha.

Agus an meon sin againn tá sé mar aidhm againn in AS INLO an comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn de réir a chéile – agus is eol dár gcomhghleacaithe ar fad an meon sin. Tá roinnt mhaith dul chun cinn déanta ó thaobh líon na mban atá i bpoist bhainistíochta le blianta beaga anuas. Idir 2011 agus 2017, d’ardaigh líon na riarthóirí (AD) in AS INLO ar mná iad ó 19% go 30%, agus líon na gCeann Aonaid ar mná iad ó 7% go 31.3%.

Le himeacht ama a tharlaíonn athrú ar ndóigh – ceist ó ghlúin go glúin, chomh maith le ceist chultúrtha, a bhí sa chomhionannas inscne riamh anall. Ach tá athrú le sonrú i ngach réimse: is ann do phrionsabal an chomhionannais nuair a roghnaímid na héadaí foirmiúla i gcás na gcomhghleacaithe a chaitheann éide; is ann dó agus muid ag eagrú ár nósanna oibre agus cruinnithe ó lá go lá; agus is ann dó nuair a dhéanaimid machnamh ar cheapacháin foirne agus bhainistíochta. Thugamar faoi réimse le déanaí a ndearnadh neamhaird de san am a caitheadh: tá an chothromaíocht inscne anois mar chuid de na ceapacháin do na coistí meastóireachta maidir leis na nósanna imeachta um sholáthar poiblí.

Ba é 2017 an bhliain nuair a labhair an saol amach faoi chiapadh gnéis, agus rinneamar amhlaidh sa Pharlaimint. In AS INLO cuireadh na comhghleacaithe ar fad ar an eolas faoi na nósanna imeachta atá ann chun daoine den fhoireann a chosaint agus cuireadh in iúl nach nglacfaí le haon chineál ciaptha, ciapadh gnéis san áireamh. Cuireann an gnéasachas agus an neamhionannas le chéile bac ar fhir agus ar mhná na buanna gairmiúla is fearr atá acu a chur chun cinn.

AGNIESZKA WALTER -DROPArd-Stiúrthóir na hAteangaireachta agus na gComhdhálachaCreidim gur gá foirne atá measctha agus cothrom ar gach leibhéal, laistigh den bhainistíocht san áireamh, le go mbeidh rath ar an tsochaí agus ar ár n-institiúidí. Ós rud é nach bhfuil rannpháirtíocht na mban cothrom ar gach leibhéal, ag leibhéal na bainistíochta san áireamh, is uirlis thábhachtach é príomhshruthú inscne, dar liom, sa chinnteoireacht straitéiseach agus i reáchtáil foirne éagsúla ó lá go lá, chun cultúr eagraíochta a athrú, chun timpeallacht oibre chuimsitheach a fhorbairt agus chun cinntí maithe a dhéanamh. Caithfimid bheith inár gceann feadhna trí shampla a thabhairt agus trínár n-iompar aonair:

gníomhú nuair a bhíonn cothromaíocht inscne i mbaol agus ionadaíocht chothrom a chinntiú nuair a bhíonn plé ar bun agus cinntí á ndéanamh.

Ní leor a thuilleadh díriú ar chomhionannas inscne – idir fir agus mná – trí earcaíocht fheasach agus neamhchlaonta. Ní mór dúinn bheith airdeallach, ionas go bhforbróidh an fhoireann laistigh dá rólanna agus lasmuigh díobh, ach chomh maith leis sin, caithfimid próisis éagsúla a chruthú amhail forbairt oiliúna agus ghairme, agus aird á tabhairt againn ar chuid de na dúshláin shonracha a bhíonn le sárú ag mná ina saol gairmiúil.

Ceann de na dúshláin a thagann chun cinn arís agus arís eile is ea an éagsúlacht sna poist a gcuireann mná isteach orthu (toisc easpa muiníne go minic) nó a dtairgtear dóibh. Mar bhainisteoirí, ní hamháin gur gá dúinn bheith réamhghníomhach agus ár gcomhghleacaithe a spreagadh le cur isteach ar na poist sin atá i réimsí ina bhfuil ceannas ag fir, is gá dúinn bheith ag faire amach do chlaontacht inscne sa chinnteoireacht chomh maith. B’fhéidir nár mhiste dúinn, mar bhainisteoirí, bheith níos diongbháilte nuair a bhímid ag plé lenár bhfoirne go cothrom agus iad a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na n-inscní de, bunaithe ar scileanna agus ar chumais nua agus éagsúla. Éiríonn leis na mná in AS INTE (AS LINC ó mhí Feabhra ar aghaidh) dul isteach i róil ghairmiúla ina raibh ceannas ag fir go traidisúnta. Tá mná againn atá ag obair mar theicneoirí comhdhála, mar uiséirí comhdhála, mar anailísithe gnó agus mar stiúrthóirí gréasáin. Tá na foirne níos ildánaí agus níos iomláine mar gheall ar na buanna ar leith atá ag na mná sin. Is féidir leis na comhghleacaithe ar fad a bheith cinnte de go ndéanfar iad a mheas bunaithe ar a bhfiúntas nuair a chuirfidh siad isteach ar phoist éagsúla, gan bheann ar chineál an phoist.

Is botún é, áfach, a cheapadh gurb ionann cothromaíocht inscne agus na seanchritéir chéanna a úsáid, critéir a sainíodh de réir ionchais, riachtanais nó stíl bhainistíochta na bhfear go minic. Caithfear tús a chur leis an gcothromú sin le hathshainiú na gcritéar sin, agus le tuiscint níos fearr ar a bhfuil mná ag súil leis ón ionad oibre. Is ar an gcaoi sin amháin gur féidir linn timpeallacht fhíorchothrom agus fhíorchuimsitheach a chruthú do chách. Aithníonn eagraíochtaí nua-aimseartha an méid sin agus tá Parlaimint na hEorpa ag cur leis na hiarrachtaí sin trí chláir forbartha tallainne do mhná, trí theilea-oibriú nó trí scéimeanna páirtaimseartha a thugann an deis chéanna do mhná agus d’fhir dul chun cinn a dhéanamh i dtimpeallacht chrua oibre an lae inniu.

Page 20: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

6Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

ARDRÚNAÍOCHT PHARLAIMINT NA HEORPA. AN PLEAN BUNAÍOCHTA

Ard-Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí

ArdrúnaíAn tSeirbhís Dlí

Dlí-eolaí Ceann Oifig Phearsanta an Ardrúnaí, Stiúrthóir

An Stiúrthóireacht um an gCaidreamh le Grúpaí Polaitiúla

* Oifig Washington: Stiúrthóir fir

** gníomhachEochair

mná

fir

AS IPOL Beartais Inmheánacha

AS PERS **

Pearsanra

AS FINS Airgeadas

AS PRESUachtaránacht

AS COMM *

Cumarsáid

AS INTE Ateangaireacht agus

Comhdhálacha

AS EXPO Beartais Sheachtracha

AS INLO Bonneagar agus

Lóistíocht

AS ITEC Nuálaíocht agus

Tacaíocht Theicniúil

AS EPRS Seirbhísí Taighde

Pharlaimint na hEorpa

AS TRAD Aistriúchán

AS SAFE Slándáil agus Sábháilteacht

** **

**

**

**

**

**

Page 21: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

7An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T R I A R A C H Á I N

NA MNÁ I BPOIST BHAINISTÍOCHTA: SONRAÍ STAIDRIMH*

Leas-Ard-Rúnaí agus Ard-Stiúrthóirí

Stiúrthóirí Cinn Aonaid

* níor cuireadh iad siúd atá ‘ag feidhmiú ar bhonn gníomhach’ san áireamh anseo

16,7%30,0%

29,8%

35,6%

35,0%

40,0%

Stiúrthóirí

Ard-Stiúrthóirí

Cinn Aonaid

% mná

Spriocanna 2019 – leagtha síos ag an mBiúró in 2017 (tuarascáil Papadimoulis)

210 16,7%83,3%

Leena Maria LINNUS Ard-Stiúrthóir

AS um Bonneagar agus um Lóistíocht (AS INLO)

Agnieszka WALTER-DROP Ard-Stiúrthóir

AS Ateangaireacht agus Comhdhálacha

(AS INTE)

29,8%

70,2%

1433

35,6%

64,4%

95172

Page 22: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

8Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

Ceapacháin san ardbhainistíocht – Ard-Stiúrthóirí agus Stiúrthóirí (1 Eanáir 2017 go 31 Nollaig 2017)

Cinn Aonaid de réir inscne agus de réir AS

Roghnú na gCeann Aonaid – 2017

66,7%88,9%62,5%90,0%100,0%63,6%56,2%87,5%60,0%66,7%

33,3%11,1%37,5%10,0%

0,0%36,4%43,8%12,5%40,0%33,3%

4859379766

2131047143

2017

2016

2015

2014

2013

2012

2011

2010

2009

2008

66,7%50,0%74,1%55,6%50,0%64,6%70,6%68,8%56,3%55,6%87,5%85,7%83,3%60,0%64,4%

33,3%50,0%25,9%44,4%50,0%35,4%29,4%31,3%43,8%44,4%12,5%14,3%16,7%40,0%35,6%

Ardrúnaí

AS PRES

AS IPOL

AS EXPO

AS EPRS

AS COMM

AS PERS

AS INLO

AS TRAD

AS INTE

AS FINS

AS ITEC

AS SAFE

An tSeirbhís Dlí

IOMLÁN

Iarrthóirí

Iarrthóirí a cuireadh faoi agallamh

Iarrthóirí ar an ngearrliosta

Ceaptha

63,8%

60,9%

52,5%

45,8%

36,2%

39,1%

47,5%

54,2%

Page 23: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

9An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T R I A R A C H Á I N

ARDRÚNAÍOCHT PE, RÚNAÍOCHTAÍ NA NGRÚPAÍ POLAITIÚLA AGUS CÚNTÓIRÍ PARLAIMINTEACHA CREIDIÚNAITHE: SONRAÍ STAIDRIMH

Foireann Ardrúnaíocht na Parlaiminte

Foireann Ardrúnaíocht na Parlaiminte (1957-2017)

Foireann an ghrúpa feidhme AD Foireann an ghrúpa feidhme AST

Foireann an ghrúpa feidhme AST/SC

IOMLÁN

AD

AST

AST/SC

40,6%

47,5%

35,2%

15,2%

59,4%

52,5%

64,8%

84,8%

2122

1188

914

20

3111

1314

1685

112

61996

133151

85105177143119

6391

21234119126709126022315692129

AD16

AD15

AD14

AD13

AD12

AD11

AD10

AD9

AD8

AD7

AD6

AD5

75,0%61,3%73,8%52,8%54,5%54,8%53,6%40,5%39,1%43,3%40,6%41,4%

25,0%38,7%26,2%47,2%45,5%45,2%46,4%59,5%60,9%56,7%59,4%58,6%

3432

152113106102126

87108

1341

22282402041961892862341634281

AST11

AST10

AST9

AST8

AST7

AST6

AST5

AST4

AST3

AST2

AST1

60,7%53,3%38,8%35,6%35,1%35,1%30,6%27,1%39,9%23,6%33,6%

39,3%46,7%61,2%64,4%64,9%64,9%69,4%72,9%60,1%76,4%66,4%

35 %

40 %

45 %

50 %

55 %

60 %60%

55%

50%

45%

40%

35% 1957 1967 1977 1987 1997 2007 2017

812

3280

AST/SC2

AST/SC1

80,0%87,0%

20,0%13,0%

Page 24: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

10Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

Meánaois de réir inscne

Céatadán na foirne de réir inscne agus de réir grúpa feidhme a fuair ardú céime as measc an dreama a bhí incháilithe (2017)

Dáileadh na bhfear/na mban ar tugadh ardú céime dóibh, de réir inscne agus de réir grúpa feidhme (2017)

Gníomhairí ar conradh de réir inscne agus de réir grúpa feidhme

Ardrúnaithe na ngrúpaí polaitiúla

Foireann na ngrúpaí polaitiúla (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

Gníomhairí conarthacha sna grúpaí polaitiúla

Cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe

Iomlán AD AST AST/SC

Iom

lán

Iom

lán

Iom

lán

Iom

lán

49 48 50 3947 45 48 4047 46 49 40

51,9%

48,1%

1010936

Mar shampla: in 2017, tugadh ardú céime do 54,6% de na mná AD a bhí incháilithe

56,6% 45,9%54,6% 47,7%AD AST AD AST

Mar shampla: in 2017, ba mhná iad 69,3% de na cúntóirí ar tugadh ardú céime dóibh (is ionann le 100 iomlán na bhfear agus na mban i gcónaí)

cé go mba mhná iad 68,5% de na gníomhairí AST a bhí incháilithe in 2017

TotalPromus TotalPromus45,8%

54,2%

30,7%

69,3%

44,9%

55,1%

31,5%

68,5%

Na

daoi

ne a

r tug

adh

ardú

céi

me

dóib

h

Iom

lán

Iom

lán

Iomlán FG IV FG III FG II FG I0 %

20 %

40 %

60 %

80 %

100 %

FG IFG IIFG IIIFG IVTotal

38,2%

61,8%

544

879

58,2%

41,8%

106

76

58,3%

41,7%

102

73

84,4%

15,6%

124

23

23,1%

76,9%

212

707

37,5%

62,5%

35ASTADTotal

41,7% 53,7% 32,8%344 189 155

480 163 31758,3% 46,3% 67,2%

Iomlán AD AST0

10

20

30

40

50

60

70

80

90

100

FG IFG IIFG IIIFG IVTotalIomlán FG IV FG III FG II FG I

57,2%

42,8%

154

115

48,9%

51,1%

43

45

51,3%

48,7%

60

57

88,7%

11,3%

47

6

36,4%

63,6%

4

7

Na

daoi

ne a

r tug

adh

ardú

céi

me

dóib

h

Page 25: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

11An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T R I A R A C H Á I N

BEARTA AR MHAITHE LEIS AN RÉITEACH IDIR AN SAOL OIBRE AGUS AN SAOL PEARSANTA: SONRAÍ STAIDRIMH (EANÁIR - NOLLAIG 2017)*

Na daoine den fhoireann a oibríonn go páirtaimseartha(as iomlán na gcomhaltaí foirne agus leithroinnte de réir an ghrúpa feidhme)

Na daoine den fhoireann a oibríonn go páirtaimseartha de réir na n-uaireanta oibre***

Na daoine den fhoireann a oibríonn go páirtaimseartha, de réir a n-aoisghrúpa

* Ciallaíonn ‘iomlán na foirne’ na hoifigigh agus na gníomhairí sealadacha (gan na grúpaí polaitiúla a bheith san áireamh) amhail an 31 Nollaig 2017.

** Ard-Stiúrthóirí, Stiúrthóirí agus Cinn Aonaid

*** Más rud é go ndearna duine a bhí ag obair go páirtaimseartha a chuid socruithe don rogha oibre a athrú le linn 2017, comhairtear é nó í sin sna catagóirí uile.

1221615552 2034 367127212 226AD ar bainisteoirí iad** AD (daoine nach bainisteoirí iad) AST IomlánAST/SC

39,0%

36,3%45,5%

17,7%30,9% 17,1%10,0%12,3% 13,7%

21,6%

35,4%

27,5%

3%

34,1%

Líon iomlán: 367

55 bliana agus os a chionn

45-54 bliana

36-44 bliana

35 bliana agus faoina bhun

61,6%

12,5%

0,9%

7,7%

12,3%

5,0%

Uaireanta oibre

95%

90%

80%

75%

60%

50%

43,0%

0,9%

18,2%

17,6%

14,7%

Uaireanta oibre

5,7%

95%

90%

80%

75%

60%

50%

41,8%

4,8%

21,3%

32,1%

Líon iomlán: 1221

55 bliana agus os a chionn

45-54 bliana

36-44 bliana

35 bliana agus faoina bhun

Page 26: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

12Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

As iomlán na foirne, bhí 30.1 % ag obair go páirtaimseartha in 2017, i gcomparáid le 28 % in 2016 agus 25.6 % in 2015. Deimhníonn sé sin an treocht, atá tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas, go bhfuil líon na foirne a oibríonn go páirtaimseartha ag ardú de réir a chéile. Is mná den chuid is mó a bhaineann leas

as na bearta ar mhaithe leis an réiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta go fóill. In 2017, ba mhná iad 76.9% de na hoibrithe páirtaimseartha ar fad, 81.8% de na daoine den fhoireann a bhí ar shaoire

teaghlaigh agus 72.8% de na daoine den fhoireann a bhí ar shaoire do thuismitheoirí.

Na daoine den fhoireann ar shaoire do thuismitheoirí go lánaimseartha

Na daoine den fhoireann ar shaoire do thuismitheoirí go páirtaimseartha

Na daoine den fhoireann ar shaoire teaghlaigh go lánaimseartha*

Na daoine den fhoireann ar shaoire teaghlaigh go páirtaimseartha*

Na daoine den fhoireann ar shaoire ar chúiseanna pearsanta*

* Ós rud é nár bhain duine ar bith den ghrúpa feidhme AST/SC leas as saoire teaghlaigh nó as saoire ar chúiseanna pearsanta, ní thagraítear don ghrúpa feidhme sin sa staidreamh.

Na daoine den fhoireann ar shaoire do thuismitheoirí

Na daoine den fhoireann ar shaoire teaghlaigh

Na daoine den fhoireann ar shaoire ar chúiseanna pearsanta

6933

1

9551

1

AD

AST

AST/SC

AD

AST

AST/SC

73,8%81,0%92,9%

65,9%74,4%90,0%

26,2%19,0%7,1%

34,1%25,6%10,0%

19414113

1841489

(leithroinnte de réir grúpa feidhme) (leithroinnte de réir grúpa feidhme)

fir mná Iomlán

(as iomlán na foirne)

20,5%

2,3% 1,0%

64172 30

16,7%

1,7% 0,9%

88188 45

11,2%0,7% 0,7%

240 16 15

(leithroinnte de réir grúpa feidhme)

12

3

18

12

AD

AST

60,0%

80,0%

40,0%

20,0%

(leithroinnte de réir grúpa feidhme) (leithroinnte de réir grúpa feidhme)

34

54

823

1132

AD

AST

AD

AST

72,7%85,2%

68,8%88,9%

27,3%14,8%

31,2%11,1%

Page 27: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

13An tAonad um Chomhionannas agus Éagsúlacht – Ardstiúrthóireacht an Phearsanra

P O I S T R I A R A C H Á I N

NA STRUCHTÚIR A CHUIREANN AN COMHIONANNAS IDIR FIR AGUS MHÁ CHUN CINN Tá roinnt comhlachtaí agus struchtúir i gcóras riaracháin na Parlaiminte a bhfuil an comhionannas inscne mar chúram orthu. Cé go bhfuil róil dhifriúla acu, is fíorthábhachtach é an dlúthchomhar eatarthu chun an institiúid a chur chun cinn mar fhostóir atá tiomanta don chomhionannas inscne agus chun torthaí nithiúla a bhaint amach.

An tAonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht Alberto ROSSETTI Ceann Aonaid

Go dtí gur cuireadh atheagar ar AS an Phearsanra ar an 1 Deireadh Fómhair 2017 bhí an tAonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht faoi chúram Ard-Stiúrthóir an Phearsanra. Tá an tAonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht anois mar chuid de Stiúrthóireacht C – Tacaíocht Acmhainní Daonna agus Seirbhísí Sóisialta. Níor tháinig aon athrú ar na cúraimí de thoradh an atheagair sin; tá an t-aonad freagrach i gcónaí as an mbeartas comhionannais agus éagsúlachta a cheapadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air. Is príomhghníomhaí sa chóras riaracháin é an t-aonad seo maidir leis na cúraimí seo a ghlacadh:

u Maoirsiú agus cur i bhfeidhm na mbeartas comhionannais agus éagsúlachta, arna sainiú ag Biúró na Parlaiminte, a chinntiú.

u A chinntiú go léiríonn beartais acmhainní daonna na Parlaiminte prionsabail an chomhionannais deiseanna agus urraim don éagsúlacht; an cur chuige comhtháite maidir leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn i ngach gné den bheartas acmhainní daonna.

u Tionscadail agus bearta a cheapadh agus a chomhordú a éascaíonn lán-rannpháirtíocht agus cuimsiú daoine atá faoi mhíchumas i gcomhréir le forálacha mhír 4 d’Airteagal 1(d) de na Rialacháin Foirne.

u Staidéir agus tuarascálacha a dhréachtú; staidreamh a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu de réir inscne; gníomhú i gcoinne idirdhealú de gach cineál i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne.

u Timpeallacht oibre mhaith, oscailte agus chuimsitheach a chothú, tionscadail a cheapadh agus a chomhordú lenar féidir réiteach maith idir an saol oibre agus an saol pearsanta a bhaint amach; páirt a ghlacadh i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beartas atá ceaptha an dínit ag an obair a chinntiú agus gach cineál ciaptha ag an obair a chosc agus a dhíothú.

u Ócáidí feasachta agus gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú; cúnamh a chur ar fáil don phearsanra maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhionannas inscne agus le héagsúlacht.

u Feasacht a ardú faoi thimpeallachtaí oibre ina léirítear meas ar dhaoine, cásanna ciaptha a chosc agus faireachán a dhéanamh orthu san áireamh.

Cuireann an tAonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht tacaíocht agus cúnamh ar fáil don Leas-Uachtarán a dhéanann cathaoirleacht ar an nGrúpa Ard-Leibhéil agus atá freagrach as an gcomhionannas inscne agus as an éagsúlacht. Ina theannta sin, cuireann sé comhairle ar an Údarás Ceapacháin (AIPN), ar an gCoiste um Chomhionannas Deiseanna agus um Éagsúlacht (COPEC) agus ar chomhlachtaí inmheánacha eile agus tugann sé cúnamh dóibh a mhéid a bhaineann le cur chun cinn an chomhionannais agus na héagsúlachta san Ardrúnaíocht. Comhordaíonn sé grúpa Chomhordaitheoirí an Chomhionannais agus na hÉagsúlachta ó na hArd-Stiúrthóireachtaí éagsúla. Sa bhreis air sin, oibreoidh sé i gcomhar leis an nGrúpa Stiúrtha idir-AS um Acmhainní Daonna agus spreagann sé malartú faisnéise agus dea-chleachtas lena chomhpháirtithe in institiúidí eile.

Page 28: NA MNÁ I BPARLAIMINT NA HEORPA - European Parliament...Gach bliain, cuirtear lenár mbeartais maidir le forbairt ghairme do mhná a chur chun cinn (lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil

14Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 8 Márta 2018

N A M N Á I B PA R L A I M I N T N A H E O R PA

Comhordaitheoirí an Chomhionannais agus na hÉagsúlachta

Faoi láthair, ceapann gach Stiúrthóir beirt chomhordaitheoirí um chomhionannas agus um éagsúlacht a bheidh freagrach as beartas comhionannais agus éagsúlachta Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa a chur chun feidhme ar leibhéal a nArd-Stiúrthóireachtaí. Oibríonn na comhordaitheoirí i ndlúthchomhar leis an Aonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht (ACÉ). Féadfaidh an Grúpa do Chomhordú Comhionannais agus Éagsúlachta (atá comhdhéanta de chomhordaitheoirí agus ACÉ) doiciméid, nótaí agus tograí a dhréachtú a bheidh le tabhairt ar aird an Ardrúnaí agus na nArd-Stiúrthóirí ar nithe tábhachtacha a bhfuil leas ginearálta ag gabháil leo agus atá mar chuid dá shainchúram. Is é an tAonad um Chomhionannas agus um Éagsúlacht atá freagrach as comhordú agus rúnaíocht an Ghrúpa.

D’fhonn tábhacht agus infheictheacht an Ghrúpa a fheabhsú, beidh cinn an aonaid/na seirbhíse acmhainní i ngach Ard-Stiúrthóireacht ina mbaill ex officio. Thairis sin, oibreoidh an Grúpa i gcomhar leis an nGrúpa Stiúrtha idir-AS um Acmhainní Daonna chun acmhainní a roinnt agus sineirgí a bhaint amach.

An Coiste um Chomhionannas Deiseanna agus um Éagsúlacht (COPEC) Chiara MALASOMMACathaoirleach

Bunaíodh COPEC mar choiste comhairleach in 1986. Tá an coiste comhdhéanta d’ochtar ball agus de chathaoirleach amháin, a cheapann an tÚdarás Ceapacháin. Molann Ard-Stiúrthóir an Phearsanra ceathrar ball agus an cathaoirleach agus molann an Coiste Foirne an ceathrar ball eile. In 2017, bhí comhdhéanamh COPEC go hiomlán cothrom ó thaobh na n-inscní de.

Is é príomhchuspóir COPEC timpeallacht oibre fhulangach agus chuimsitheach a chur chun cinn i bParlaimint na hEorpa, trí pháirt a ghlacadh in imeachtaí ardaithe feasachta agus i ngníomhaíochtaí eile. Chuige sin, molann COPEC bearta éagsúla chun an neamh-idirdhealú a chinntiú; tuairimí a thabhairt maidir leis na rialacha nó na treoirlínte a eascraíonn ó na Rialacháin Foirne; faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart na mbeart a glacadh, go háirithe mar bhreathnadóirí i gcoistí comhairleacha éagsúla.

An Coiste Foirne Pilar ANTELO SANCHEZCathaoirleach

Tá sé de phléisiúr agam cúpla focal a chur le leagan 2018 den bhróisiúr ‘Na Mná i bParlaimint na hEorpa’ i mo cháil mar Chathaoirleach nuathofa ar Choiste Foirne na Parlaiminte.

Tá ról tábhachtach imeartha ag na mná i bParlaimint na hEorpa ón tús. Le déanaí, tá an bhéim leagtha ar an líon ban agus/nó a ngráid. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh mná ar comhchéim le fir, ní dóigh liom gur cheart go mbeadh an plé teoranta don mhéid sin.

Le go mbeidh cur chuige measúil ann i leith na gcomhghleacaithe ar mná iad, caithfidh an institiúid agus a foireann, idir fhir agus mhná, iarracht oideachasúil a dhéanamh go leanúnach agus d’aon ghnó chun an méid sin a bhaint amach. Is é an cuspóir deiridh ná gur cheart go mbeadh tráth ann nuair a bheidh an t-ábhar féin as feidhm agus as dáta. Caithfimid an chéim sin a bhaint amach nuair nach mbeidh tábhacht a thuilleadh le hinscne.

Tá an-mhuinín agam as an nglúin óg, ach caithfimid ar fad bheith aireach lena chinntiú nach mbeidh aon dul ar gcúl sna cearta nó sa mheon atá bainte amach. Ba cheart go mbeadh ár n-institiúid ina ceann feadhna sa réimse sin, go háirithe mar is í Parlaimint na hEorpa í agus tabharfar breithiúnas uirthi bunaithe ar mhéid a tiomantais agus ar an gcaoi a gcloíonn sí lena cuid ráiteas polaitiúil poiblí féin maidir lena bhfuil sí ag súil leis ó dhreamanna eile.