matamaitic (tionscadal mata – céim 2)€¦ · agus iad ag filleadh as meiriceá, fiafraíodh de...
TRANSCRIPT
-
2014. S235ST
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
An Teastas Sóisearach, 2014 Páipéar Samplach
Matamaitic (Tionscadal Mata – Céim 2)
Páipéar 2
Ardleibhéal
Am: 2 uair, 30 nóiméad
300 marc
Scrúduimhir
Stampa an Ionaid
Iomlán reatha
Don Scrúdaitheoir Ceist Marc Ceist Marc
1 11
2 12
3 13
4 14
5 15
6 16
7 17
8 Iomlán
9 Bónas
10 Móriomlán Grád
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 2 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Treoracha
Tá 17 gceist ar an scrúdpháipéar seo. Freagair gach ceist.
Ní gá go bhfuil na ceisteanna ar aon mharc. Moltar uasmhéid ama do gach ceist anseo chun cabhrú leat do chuid ama a roinnt go cuí le linn an scrúdaithe. Má chloíonn tú leis na hamanna seo, beidh thart ar 10 nóiméad fágtha agat chun súil siar a chaitheamh ar do chuid oibre.
Scríobh do chuid freagraí sna spásanna atá ann dóibh sa leabhrán seo. Is féidir go gcaillfidh tú marcanna mura ndéanfaidh tú é sin. Tá spás d’obair bhreise ag cúl an leabhráin. Is féidir páipéar breise a iarraidh ar an bhfeitheoir freisin. Lipéadaigh an obair bhreise go soiléir le huimhir na ceiste agus leis an gcuid den cheist.
Tabharfaidh an feitheoir cóip den leabhrán Foirmlí agus Táblaí duit. Caithfidh tú é a thabhairt ar ais ag deireadh an scrúdaithe. Níl cead agat do chóip féin a thabhairt isteach sa scrúdú.
Caillfidh tú marcanna mura dtaispeántar go soiléir an obair riachtanach go léir.
Ba chóir na haonaid tomhais chuí a thabhairt sna freagraí, de réir mar a oireann.
Ba chóir na freagraí a thabhairt san fhoirm is simplí, de réir mar a oireann.
Scríobh déanamh agus múnla d’áireamhá(i)n anseo:
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 3 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 1 (An t-uasmhéid ama a mholtar: 20 nóiméad) Tógann Deirdre “polathollán” ar áit leibhéalta ina gairdín cúil. Tá cúig fhonsa cheartingearacha leathchiorclacha mhiotail, ga 2 m ag gach ceann díobh, ceangailte de bhracanna ag leibhéal na talún agus clúdaithe le leathán polaitéine. Tá na fonsaí 2 m ó chéile. (i) Faigh achar na talún atá clúdaithe ag an tollán. (ii) Coimeádtar na fonsaí ina n-áit le píosa de mhiotal díreach atá ceangailte de bharr gach fonsa.
Faigh fad iomlán an mhiotail atá ag teastáil chun an tollán a thógáil.
(iii) Tá an pholaitéin sáite sa talamh go dtí doimhneacht 25 cm timpeall an tolláin go léir (an dá fhoirceann san áireamh). Faigh toisí agus achar an leatháin dhronuilleogaigh pholaitéine is lú is féidir a úsáid.
lch iom. reatha
2 m
2 m
Fad: Leithead: Achar:
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 4 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
(iv) Faigh toirt an aeir sa tollán.
(v) Leis an obair a chríochú, tógann Deirdre ceapach ardaithe dhronuilleogach atá 25 cm ar airde, laistigh den tollán. Tá fad 20 cm idir an cheapach agus gach taobh den tollán. Ansin líontar an cheapach le barrithir. Cosnaíonn an bharrithir €80 an tona agus tá 0·75 tona meáchain san ithir in aghaidh gach 1 m3. Faigh amach cé mhéad a chosnaíonn sé an cheapach a líonadh le barrithir.
20 cm 20 cm
20 cm 20 cm
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 5 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 2 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) I dturgnamh, caitear gnáthdhísle 600 uair. Tá cuid de na torthaí taifeadta sa tábla thíos. An Uimhir ar an dísle 1 2 3 4 5 6
Minicíocht 92 101 115 98 105 (i) Ríomh líon na n-uaireanta a chaitear 5. Scríobh do fhreagra sa tábla thuas. (ii) Tar éis di féachaint ar na torthaí, deir Áine go bhfuil an dísle neamhlaofa (cóir). An n-aontaíonn tú léi? Tabhair cúis le do fhreagra. (iii) Má chaitear an dísle seo 300 uair, cé mhéad uair a bheifeá ag súil le ré-uimhir a fháil mar
thoradh, bunaithe ar na sonraí sa tábla? Tabhair cúis le do fhreagra. Freagra: ________________________
Cúis:
Ceist 3 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) Tá Seán ag dul go dtí féile don deireadh seachtaine. I ngach feisteas a chaithfidh sé beidh bríste, léine, geansaí agus péire bróg. Phacáil sé:
3 bhríste (dubh, dúghorm agus gorm) 4 léine (bán, glas, buí agus dearg) 2 gheansaí (dubh agus donn) 3 phéire bróg (buataisí, cuaráin agus flip fleapanna).
(i) Scríobh síos dhá shampla d’fheistis dhifriúla a d’fhéadfadh Seán a roghnú le chaitheamh.
Sampla 1: Sampla 2:
(ii) Cé mhéad feisteas difriúil a d’fhéadfadh Seán a chaitheamh ag an deireadh seachtaine?
lch iom. reatha
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 6 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 4 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) Agus iad ag filleadh as Meiriceá, fiafraíodh de 35 duine ar thug siad cuairt ar Nua-Eabhrac, ar Bhostún nó ar San Francisco. Bhí na torthaí mar seo a leanas:
thug 20 duine cuairt ar Nua-Eabhrac thug 13 duine cuairt ar Bhostún thug 16 duine cuairt ar San Francisco
thug 7 duine cuairt ar gach ceann de na trí chathair
bhí 3 duine i Nua-Eabhrac agus in San Francisco araon, ach ní raibh siad i mBostún bhí 1 duine i Nua-Eabhrac agus i mBostún araon, ach ní raibh sé in San Francisco bhí 8 duine i mBostún agus in San Francisco.
(i) Taispeáin an t-eolas sin ar léaráid Venn. (ii) Má roghnaítear duine amháin go randamach as an ngrúpa, cén dóchúlacht nár thug an duine
sin cuairt ar cheann ar bith de na trí chathair?
(iii) Má roghnaítear duine amháin go randamach, cén dóchúlacht gur ar Nua-Eabhrac amháin a thug an duine sin cuairt?
(iv) Má roghnaítear duine amháin go randamach, cén dóchúlacht gur thug an duine sin cuairt
ar Bhostún nó ar Nua-Eabhrac?
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 7 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 5 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) Sa cheistneoir i gcéim 9 de CensusAtSchool bhí an cheist “Tuairim is cé mhéad uair an chloig sa tseachtain a chaitheann tú ar shuímh líonraithe shóisialta?” Léiríonn an histeagram thíos na freagraí a thug 100 mac léinn a roghnaíodh go randamach astu sin a ghlac páirt sa suirbhé. (i) Bain úsáid as na sonraí ón histeagram chun an tábla minicíochta thíos a chomhlánú.
Líon na n-uaireanta 0-2 2-4 4-6 6-8 8-10 10-12 12-14 14-16 16-18 18-20 20-22
Líon na mac léinn
[Nóta: Is é is brí le 2-4 ná 2 uair an chloig nó níos mó ach níos lú ná 4 huaire an chloig, etc.]
(ii) Cad é an t-eatramh módúil? __________________
(iii) Agus lárluachanna na n-eatramh á n-úsáid agat, faigh an méid meánach ama a chaitear ar shuímh líonraithe shóisialta.
lch iom. reatha
Líon na n-uaireanta an chloig
Lío
n na
mac
léin
n
0
2
4
6
8
10
12
14
16
18
20
22
24
26
28
30
32
34
Number of hours
Num
ber
of st
uden
ts
Líon na n-uaireanta an chloig 0 2 4 6 8 10 12 14 16 18 20 22
Lío
n na
mac
léin
n
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 8 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
(iv) Tá suirbhé á dhéanamh ag Seán faoi úsáid ríomhairí ag mic léinn ina scoil. Cuirtear an cheist
chéanna ina cheistneoir siúd. Tá sé i gceist aige an suirbhé a dhéanamh agus an cheist a chur ar fiche buachaill sa chéad bhliain an Luan tar éis an bhriseadh lár téarma. Luaigh dhá chúis a bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh na torthaí ar cheist Sheáin chomh hionadaíoch leis na torthaí ar an histeagram.
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 9 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 6 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) Bhí trí ghrúpa de 10 mic léinn an ceann i rang tríú bliana ag iniúchadh na difríochta idir líon na milseán glóthaí i mala de thrí bhranda dhifriúla de mhilseáin ghlóthaí. Rinne gach mac léinn líon na milseán glóthaí i mala de bhranda A nó de bhranda B, nó de bhranda C a chomhaireamh. Tá na torthaí taifeadta sna táblaí thíos. Grúpa 1 (Branda A)
23 25 25 26 26 32 32 33 34 35
Grúpa 2 (Branda B)
17 22 22 24 24 29 29 29 29 29
Grúpa 3 (Branda C)
25 25 25 26 26 29 29 30 30 31
(i) Taispeáin na sonraí ar shlí a chuireann ar do chumas cur síos ar shonraí gach branda díobh
agus comparáid a dhéanamh eatarthu.
lch iom. reatha
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 10 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
(ii) Dá mbeadh mala de mhilseáin ghlóthaí le ceannach agat, cé acu branda a cheannófá? Tabhair cúis le do fhreagra bunaithe ar na sonraí sa tábla. Ba chóir duit tagairt i do mhíniúchán do líon meánach na milseán glóthaí in aghaidh an mhala agus do raon nó leathadh an lín de mhilseáin ghlóthaí in aghaidh an mhala i gcás gach branda.
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 11 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 7 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) Léirítear sna píchairteacha thíos líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna in Éirinn in 2010.
(i) Tá uillinn 93·725o sa tslisne do Bhunscoileanna a bhfuil idir 100 agus 199 dalta acu. Ríomh líon na scoileanna sa chatagóir sin. (ii) Deir Máire go léiríonn na cairteacha go bhfuil tuairim agus an líon céanna iar-bhunscoileanna
sa raon 200-299 agus atá de bhunscoileanna. An n-aontaíonn tú le Máire? Tabhair cúis le do fhreagra bunaithe ar na sonraí sna cairteacha.
lch iom. reatha
Bunscoileanna 2010 Iar-bhunscoileanna 2010 (3165 scoil) (729 scoil)
less than 50
50 - 99
100 - 199
200 - 299
300 - 499 500+
less than 50 50 - 99
100 - 199
200 - 299
300 - 499
500+
níos lú ná 50
níos lú ná 50
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 12 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 8 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) Tá sraith de naoi stiall phlaisteacha dhaite ag Monica (fada dearg, meánach dearg, gairid dearg, etc.) mar a thaispeántar thíos. Is féidir réada céimseatúla a dhéanamh leis na stiallacha ach iad a cheangal le chéile le bioráin trí phoill bheaga ag an dá cheann.
(i) An féidir réad i gcruth triantáin chomhchosaigh a dhéanamh le trí cinn ar bith de na naoi stiall? Mínigh do fhreagra.
(ii) Ba mhaith le Monica ceithre stiall a cheangal le chéile chun réad i gcruth comhthreomharáin
a dhéanamh. Mínigh cén fáth nach féidir é sin a dhéanamh.
(iii) Úsáidtear an stiall fhada bhuí, an stiall fhada ghorm agus an stiall ghairid dhearg chun réad i gcruth triantáin a dhéanamh. Ceapann Monica go mb’fhéidir gur triantán dronuilleach é. Fiosraigh an bhfuil an ceart aici.
(iv) Úsáideann Monica an stiall fhada ghorm agus an stiall fhada bhán chun na géaga de dhronuillinn a dhéanamh. Faigh fad na stéille a bheadh ag teastáil chun an triantán seo a chríochnú. Bíodh do fhreagra ceart go dtí dhá ionad dheachúlacha.
Gorm 24 cm
11 cm
Dearg 15·5 cm
7 cm
31 cm Buí
25cm
13·5 cm
Freagra: Míniú:
Bán
17·25 cm
20 cm
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 13 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
CBA
E
D
Ceist 9 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) Tógadh trí chosán, [AE], [BE] agus [CD], chun go mbeadh bealach isteach ann go dtí an loch ón mbóthar AC, mar a thaispeántar sa léaráid.
Tá fad na gcosán ón mbóthar go dtí an loch mar seo a leanas:
|AE| = 120 m |BE| = 80 m |CD| = 200 m.
(i) Mínigh conas is féidir na tomhais sin
a úsáid chun |ED| a fháil. (ii) Ríomh |ED|.
Ceist 10 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) Is ceithre phointe ar chiorcal iad, A, B, C, agus D, mar a thaispeántar. Déroinneann [AD] an uillinn BAC∠ . Is é P pointe trasnála AD agus BC. (i) Taispeáin gur triantáin chomhchosúla iad ADBΔ agus APCΔ . (ii) Taispeáin go bhfuil AC BD AD PC× = × .
lch iom. reatha
A
B
C
D
P
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 14 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 11 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) Tá Darach ag úsáid compás agus imeall díreach chun an uillinn ABC∠ a dhéroinnt. Tá a chuid línte tógála marcáilte ar an léaráid thíos le línte poncanna. Tá lipéad ar na pointí D, E agus F a bhí aige. (i) Deir Darach go bhfuil DF EF= . Mínigh cén fáth a bhfuil an ceart aige. (ii) Tarraing na mírlínte [DF] agus [EF] ar na léaráid. Bain úsáid as triantáin chomhionanna anois chun a chruthú go ndéroinneann an líne BF
an uillinn ABC∠ .
A
C
E
D
F
B
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 15 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 12 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) (a) Sa léaráid seo taispeántar cearnóg. Tarraing a haiseanna siméadrachta
go léir ar an léaráid. (b) I ngach ceann de na ceithre léaráid A, B, C agus D taispeántar
an réad i bhFíor 1 agus a íomhá faoi chlaochlú. I gcás gach ceann de A, B, C agus D, luaigh claochlú amháin (aistriú, siméadracht aiseach nó siméadracht lárnach) a mhapálfaidh an réad ar an íomhá sin.
A B C D
lch iom. reatha
Fíor 1
A B C D
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 16 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 13 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) Is ceithre phointe iad A(2, 3), B(10, 4), C(12, 9) agus D(4, 8). (i) Breac na pointí ar an bplána comhordanáideach thíos agus ceangail A le B, B le C, C le D,
agus D le A chun an ceathairshleasán ABCD a dhéanamh. (ii) Fíoraigh go bhfuil péire amháin de shleasa urchomhaireacha ABCD ar comhfhad.
122 4 6 8 10
–2
2
4
6
8
10
–2
y
x
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 17 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
(iii) Faigh E agus F, lárphointe [AC] agus [BD] faoi seach, agus uaidh sin fíoraigh go ndéroinneann trasnáin ABCD a chéile.
(iv) An féidir glacadh leis anois gur comhthreomharán é ABCD? Tabhair cúis le do fhreagra. Ceist 14 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) Taispeántar an pointe A ar an bplána comhordanáideach. Tá an scála céanna in úsáid ar an dá ais.
(i) Tarraing líne l1 trí A ina mbeidh fána 21 . Cuir lipéad ar an líne.
(ii) Tarraing líne l2 trí A ina mbeidh fána –2. Cuir lipéad ar an líne.
lch iom. reatha
A
x
y
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 18 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 15 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) Le linn ceacht triantánachta scríobh grúpa de mhic léinn síos roinnt ráiteas faoin rud a raibh siad ag súil leis nuair a d’fhéach siad ar luachanna feidhmeanna triantánúla áirithe de roinnt uillinneacha. Seo cuid de na ráitis a scríobh siad síos.
(i) Beidh luach gach aon cheann de na feidhmeanna triantánúla seo níos lú ná 1 i gcónaí. (ii) Má dhéantar méid na huillinne a dhúbailt, ní dhéanfar luach na bhfeidhmeanna triantánúla
a dhúbailt. (iii) Méadófar luach na bhfeidhmeanna triantánúla go léir má mhéadaítear méid na huillinne. (iv) Ní gá dom áireamhán á úsáid chun sin 60° a fháil. Is féidir liom é a dhéanamh ach triantán
comhshleasach a tharraingt. Beidh an freagra i bhfoirm surda.
Ansin fuair siad sin, cos agus tan roinnt uillinneacha, ceart go dtí trí ionad dheachúlacha, chun a dtuairimí a thástáil.
(a) An gcreideann tú go bhfuil (i) ceart? Tabhair sampla chun do fhreagra a chosaint. Freagra:
Sampla:
(b) An gcreideann tú go bhfuil (ii) ceart? Tabhair sampla chun do fhreagra a chosaint. Freagra: Sampla:
(c) An gcreideann tú go bhfuil (iii) ceart? Tabhair sampla chun do fhreagra a chosaint. Freagra: Sampla:
(d) Taispeáin conas is féidir triantán comhshleasach a bhfuil a shlios 2 cm ar fad a úsáid chun
sin 60° a fháil i bhfoirm surda.
sin 60° =
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 19 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 16 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 10 nóiméad) Tá Túr Claonta Pisa 55·863 m ar airde agus tá sé claonta 3·9 m ón ingear, mar a thaispeántar thíos. Tá an túr ar Eaglais Suurhusen in iarthuaisceart na Gearmáine 27·37 m ar airde agus claonta 2·47 m ón ingear. Tarraing léaráidí agus déan áireamh agus míniúchán oiriúnach chun a oibriú amach cé acu túr díobh ba chóir a bheith i Leabhar Curiarrachtaí Guinness mar an Túr is Claonta ar Domhan.
lch iom. reatha
3·9 m
Pisa Suurhusen
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 20 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Ceist 17 (an t-uasmhéid ama a mholtar: 5 nóiméad) Sa triantán dronuilleach a thaispeántar sa léaráid, tá ceann amháin de na géaruillinneacha ceithre huaire chomh mór leis an ngéaruillinn eile.
(i) Faigh méid an dá ghéaruillinn sa triantán. (ii) Tá an triantán i gcuid (i) curtha ar léaráid
chomhordanáideach anseo. Tá an bonn comhthreomhar leis an x-ais.
Faigh fána na líne l ina bhfuil taobhagán an triantáin.
Bíodh do fhreagra ceart go dtí trí ionad dheachúlacha.
Bonn
l
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 21 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Bain úsáid as an leathanach seo le haghaidh obair bhreise.
lch iom. reatha
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 22 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Bain úsáid as an leathanach seo le haghaidh obair bhreise.
-
An Teastas Sóisearach, 2014 – Leathanach 23 de 23 Tionscadal Mata, Céim 2 Páipéar Samplach Páipéar 2 – Ardleibhéal
Bain úsáid as an leathanach seo le haghaidh obair bhreise.
page running
-
Nóta do léitheoirí an doiciméid seo: Is é aidhm an pháipéir shamplaigh seo cabhrú le múinteoirí agus le hiarrthóirí ullmhú don scrúdú Matamaitice i Meitheamh 2014 i gCéim 2 den Tionscadal Mata. Ní gá gur léargas iad ábhar agus struchtúr an pháipéir seo ar scrúdú 2015 ná ar scrúduithe na mblianta ina dhiaidh sin. Is féidir go n-athrófar líon na gceisteanna ar an scrúdpháipéar beagán ó bhliain go bliain.
An Teastas Sóisearach, 2014 – Ardleibhéal
Matamaitic (Tionscadal Mata – Céim 2) – Páipéar 2 Páipéar Samplach Am: 2 uair, 30 nóiméad
/ColorImageDict > /JPEG2000ColorACSImageDict > /JPEG2000ColorImageDict > /AntiAliasGrayImages false /CropGrayImages true /GrayImageMinResolution 150 /GrayImageMinResolutionPolicy /OK /DownsampleGrayImages true /GrayImageDownsampleType /Bicubic /GrayImageResolution 300 /GrayImageDepth -1 /GrayImageMinDownsampleDepth 2 /GrayImageDownsampleThreshold 1.50000 /EncodeGrayImages true /GrayImageFilter /DCTEncode /AutoFilterGrayImages true /GrayImageAutoFilterStrategy /JPEG /GrayACSImageDict > /GrayImageDict > /JPEG2000GrayACSImageDict > /JPEG2000GrayImageDict > /AntiAliasMonoImages false /CropMonoImages true /MonoImageMinResolution 1200 /MonoImageMinResolutionPolicy /OK /DownsampleMonoImages true /MonoImageDownsampleType /Bicubic /MonoImageResolution 1200 /MonoImageDepth -1 /MonoImageDownsampleThreshold 1.50000 /EncodeMonoImages true /MonoImageFilter /CCITTFaxEncode /MonoImageDict > /AllowPSXObjects false /CheckCompliance [ /None ] /PDFX1aCheck false /PDFX3Check false /PDFXCompliantPDFOnly false /PDFXNoTrimBoxError true /PDFXTrimBoxToMediaBoxOffset [ 0.00000 0.00000 0.00000 0.00000 ] /PDFXSetBleedBoxToMediaBox true /PDFXBleedBoxToTrimBoxOffset [ 0.00000 0.00000 0.00000 0.00000 ] /PDFXOutputIntentProfile () /PDFXOutputConditionIdentifier () /PDFXOutputCondition () /PDFXRegistryName (http://www.color.org) /PDFXTrapped /Unknown
/CreateJDFFile false /SyntheticBoldness 1.000000 /Description >>> setdistillerparams> setpagedevice