nuachtlitirféile mhic reachtain, béal feirste ionad: dunkerrin complex, dunkerrin avenue 23ú...

8
AN COMHLACHAS NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA Camas, Conamara. Teil: 091-574146 / Facs: 091-574155 www.drama-gaeilge.com [email protected] Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge Nuachtlitir Bealtaine 2007

Upload: others

Post on 15-Mar-2021

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

AN COMHLACHAS NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTACamas, Conamara.Teil: 091-574146 / Facs: 091-574155www.drama-gaeilge.com [email protected]

Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge

Nuachtlitir Bealtaine 2007

Page 2: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

Lucht agallaimh, lúibíní, ceapóga, amhrán saothair, caoineadh agus dráma véarsaíochta bailithe le chéile ag Éigse na FéileNáisiúnta Drámaíochta sna Dúnaibh, Tír Chonaill.

Míreanna Speisialta– Cur síos le Máirtín Mac Donnchadha ag ocáid bhronnta na ngradam

Déarfainn go n-aontóidh sibh liom go raibh an cur i láthair a rinne Áine Uí Chuill ar an bpíosa caointeoireachta as CúilAodha, Caoineadh Dhiarmada mhic Eoghain Mhic Cárthaigh, ar cheann de bhuaic-phoinntí na hÉigse agus na féile.

Píosa é seo a bailíodh ó Amhlaoibh Ó Loingsigh agus nach breá an rud go bhfuil stáitse ann do thaispeántas de phíosachomh fileata, chomh drámata agus chomh corraitheach leis ag Éigse na Féile. Agus nach breá an rud go bhfuil daoineagainn ar ábaltacht Áine Uí Chuill lena chur i láthair.

Tá “Éigse na Féile” mar chuid den Fhéile Náisiúnta Drámaíochta anois le breis agus scór bliain agus fás agus forbairtag teacht air bliain i ndiaidh bliana. Is comhartha den fhorbairt sin an mhír dheireannach a bhí in Éigse na bliana seo –dráma leathuair a’ chloig dár teideal Sínte, a chum Mícheál Ó Tuairisg i véarsaíocht i dtraidisiún na n-agallamh beirteagus a chuir Aisteoirí Chorr na Móna i láthair. Ní dhéarfaidh mé faoi ach go mba seoid é ar aon stáitse.

Bhain an dá mhír seo – Caoineadh Dhiarmada mhic Eoghain Mhic Cárthaigh agus an dráma véarsaíochta Sínte –bhain siad amach an gradam is mó dá bhfuil ann, leis an méid taitnimh agus sásaimh a thug siad dá lucht éisteachta.

Proinsias Ó hOireachtaigh, Cathaoirleach AnChomhlachas Náisiúnta Drámaíochta, ag bronnadhGradam na hÉigse do Cheapóga ar Áine Uí Chuillagus Eibhlín Ní Lionáird, Cúil Aodha.

Gradaim na hÉigse do Amhrán Saothairagus Agallamh Beirte: Seosamh Ó Criodáin(Corca Dhuibhne) agus Seán ÓMuimhneacháin (Cill na Marta)

Micheál Ó Tuairisg, Corrna Móna a fuair gradam nahÉigse (le hÉamon ÓSúilleabháín) do Lúibíní.

Éigse na Féile 2007

Page 3: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

An Dr Pilib Ó Buaidhe, Easpag Ráth Bhótha (agus ó Na Dúnaibh ó dhúchas) ar stáitse le hAisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh aroíche oscailte na Féile Náisiúnta.

An chléir arstáitse!(o chlé) Proinsias Ó Cuilinn (marNaomh Finghin), AisteoiríMhíobhaigh, Na Dúnaibh; AntAth. Tomás Ó hIci, léiritheoirAisteoirí Bhréanainn, CorcaDhuibhne; An Dr Pilib ÓBuaidhe, Easpag Ráth Bhótha, ad’oscail an Fhéile Náisiúnta agusPádraig Ó Coirbín, Corr na Mónaa bhí i bpáirt an tsagairt sa drámavéarsaíochta Sínte.

Ag Oscailt Oifigiúil na Féile

“Le ceithre bliana as a chéile tá an tír siúlta ag Aisteoirí Mhíobhaigh le drámaí fada nua-scríofa agusfoireann mhór leo. Ní raibh fuacht ná faitíos orthu aghaidh a thabhairt ar áiteacha chomh fada ó bhaile lehIarthar Dhuibhneach i gCiarraí. Thuill siad aitheantas agus meas agus ní hiontas ar bith mar sin nachbhfuil aon leisce ar lucht drámaíochta na tíre aistear a dhéanamh chomh fada seo ó thuaidh lena n-ómós aléiriú dhóibh.”

– Proinsias Ó hOireachtaigh, Cathaoirleach

“Is cuimhin liom nuair a tháinig An Taoiseach, Éamon de Valera, anseo ar an 13 Iúil 1952 chun an halla seo– Coláiste Gaeilge Ros Goill – a oscailt. Bhí mise i mo ghasúr óg sa bhuíon cheoil Scoil Doire a’ Chasáinagus chuir muid fáilte roimh An Taoiseach. Cuireadh drámaí ar an stáitse anseo ó shin agus is cuí agus isoiriúnach go bhfuil an traidisiún seo ag dul chun cinn leis an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta atá ag tarlú andeireadh seachtaine seo.”

– An tEaspag Ró-Oirmhinneach Pilib Ó Buaidhe

Page 4: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

Na Gradaim ag Féile Náisiúnta Drámaíochta 2007

Gradam léiritheoireachta:An tAthair Tomás Ó hIcí, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne don dráma An Cigire Stáit le Nikolai Gogol.

Gradam Aisteoireachta:Leanora de Staic, Aisteoirí Ghobnatan, Baile Mhuirne sa dráma An Triail le Mairéad Ní Ghráda.

Gradam Aisteoireachta:Gerry Motherway, Compántas Chorcaí sa dráma Seacht gCéim le Lorraine Forest Taylor.

Gradam Aisteoireachta:Tadhg Ó Conchubhair agus Sinéad Ní Uallacháin, Aisteoirí Bulfin sa dráma Ag Claí na Muice Duibhele Vincent Woods.

Gradam do Chultacha:Lelia Ní Chinnéide, Aisteoirí Bulfin don dráma Ag Claí na Muice Duibhe le Vincent Woods.

Gradam Foirne:Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne don dráma An Cigire Stáit le Nikolai Gogol.

Gradam Aisteoireachta:Tomás Ó Luing, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne sa dráma An Cigire Stáit le Nikolai Gogol.

Gradam Aisteoireachta:Micheál Ó Coileáin, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne sa dráma An Cigire Stáit le Nikolai Gogol.

Sparántacht do dhráma nua-scríofa:Proinsias Ó Cuilinn, Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh don dráma Peacadh Cholm Cille.

Gradam na hÉigse:Seán Ó Muimhneacháin (Cill na Martra) agus Seosamh Ó Críodáin (Corca Dhuibhne) don agallamh An Fánaí Fánach agus an Seachránaí Scéalach.

Gradam na hÉigse:Micheál Ó Tuairisg agus Éamon Ó Súilleabháin (Corr na Móna) don lúibín An Bóthar ó Thuaidh.

Gradam na hÉigse:Áine Uí Chuill agus Eibhlín Ní Lionáird (Cúil Aodha) do na ceapóga Caillithín na Glaoití.

Gradam na hÉigse:Seán Ó Muimhneacháin (Cill na Marta) agus Seosamh Ó Críodáin (Corca Dhuibhne) don amhrán saothair Siúinéir gan strus agus Siúinéir gan stró.

Buaiteoirí na nGradam, moltóirí agus oifigigh an Chomhlachas Náisiunta Drámaíochta.

Page 5: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

Gradam Foirne: Bronnta ar Shiobhán Ní Chathalláin,Aisteoirí Bhréanainn don dráma An Cigire Stáit leNikolai Gogol.Gradam Aisteoireachta: Tadhg Ó Conchubhair agus

Sinéad Ní Uallacháin, Aisteoirí Bulfin sa dráma Ag Claí naMuice Duibhe le Vincent Woods.

GradamAisteoireachta:GerryMotherway,CompántasChorcaí sadráma SeachtgCéim leLorraine ForestTaylor.

GradamAisteoireachta:Micheál ÓCoileáin, AisteoiríBhréanainn, CorcaDhuibhne sa drámaAn Cigire Stáit leNikolai Gogol.

Ag ócáid bhronnta na nGradam“Frank Paidí Phaidí Mhánais – sin an ainm a bhí againn ar PhroinsiasÓ hOireachtaigh nuair a chuaigh muid chun na scoile anseo. Bhí uncailag Proinsias anseo sna Dúnaibh, fear a raibh Mánus Mór air . . . . Rinne Máirtín Ó Cadhain camchuairt ar na Gaeltachtaí ag tús naseascaidí agus tháinig sé go dtí Na Dúnaibh i 1963. Agus ins an leabharag cur síos ar an gcuairt sin – “An Ghaeilge Bheo Destined to Pass” seoan rud a scríobh sé faoi Na Dúnaibh – ‘Downings is the entrance gateto Ros Goill and certainly no better entrance to anywhere could be gotthan Manus Mór’s pub there. I have never heard Irish anywhere like it.He and Anna Nic Ghrianna are probably the two best speakers I haveever met.’ Agus sin uncail le Proinsias Ó hOireachtaigh. . . . .An rud is tábhachtaí is dócha a rinne Céim Aniar ó cuireadh ar bun éná cumann drámaíochta a chur ar bun mar sílimid nach bhfuildóigh níos fearr ná níos éifeachtaí le Gaeilge a chur chun cinnná le drámaíocht. Agus ó bheith ag caint le bunadh ChorcaDhuibhne agus Chorr na Móna, d’admhódh siad san an rudcéanna – mar go bhfuil an drámaíocht teanga-bhunaithe.Duine ar bith a bhí istigh inné ag Éigse na Féile agus a chonaicna lúibíní agus na hagallaimh agus chuile rud mar sin, nílamhras ar bith ná is plé le focail atá ann agus tá sé i ndáiríre gohiomlán teanga-bhunaithe. Mholfainn do dhream ar bith atá agdul i mbun cur chun cinn na Gaeilge, dhul i mbundrámaíochta. . . .An rud is tábhachtaí faoin fhéile seo ná an caidreamh agus ancairdeas a chothaítear i measc muintir na Gaeltachtaí ó cheannceann na tíre.” – Aodh Mac Laifeartaigh

Gradam léiritheoireachta: Lorcán Ó Riain, iar-mholtóir leis an gComhlachas ag tréaslú leis anAthair Tomás Ó hIcí, Aisteoirí Bhréanainn.

Gradam Aisteoireachta: Leanora deStaic, Aisteoirí Ghobnatan, BaileMhuirne sa dráma An Triail le MairéadNí Ghráda.

Page 6: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

Gradam Aisteoireachta: Tomás Ó Luing, AisteoiríBhréanainn, Corca Dhuibhne sa dráma An Cigire Stáit leNikolai Gogol.

Gradam do Chultacha:Lelia Ní Chinnéide,Aisteoirí Bulfin don drámaAg Claí na Muice Duibhele Vincent Woods.

Cuid den chomhluadar ag An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta sna Dúnaibh.(ó chlé) Micheál Ó Tuairisg, Corr na Móna; Máirín Uí Chonchúir agus Mairéad Ní Chinnéide, BaileÁtha Cliath agus Dónal Ó Liatháin, Cúil Aodha.

Ag baint sult as an Fhéile Náisiúnta: Pádraig Ó Duithche, Art ÓMaolfabhail, Eibhlín Counihan agus Dónal Mac an tSíthigh.

Sparántacht do dhráma nua-scríofa á bhronnadh agProinsias Ó hOireachtaigh, Cathaoirleach anChomhlachais ar Phroinsias Ó Cuilinn, AisteoiríMhíobhaigh, Na Dúnaibh dá dhráma Peacadh CholmCille.

Page 7: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

Éigse Chorr na Móna i mBéal Feirste

SSÍÍNNTTEE Dráma Véarsaíochta le Micheál ó Tuairisg á chur i láthair ag Aisteoirí Chorr na Móna

le hAgallaimh – Lúibíní

ag

Féile Mhic Reachtain, Béal FeirsteIonad: Dunkerrin Complex,

Dunkerrin Avenue23ú Iúil 2007 ag 8pm

á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain

Drámaí i gCloich na Coillte

15 Meitheamh

An Diabhal,An Deoch agus An tAingeal

Coimhdeachtadráma nua le Seán Ó Muimhneacháiná léiriú ag Cumann Aisteoirí Cairbre,

Cloich na Coillte

An Triail le Mairéad Ní Ghráda

á léiriú ag Aisteoirí Ghobnatan, Baile Mhuirne

An Clár Barrscéalta (RTÉ Raidió na Gaeltachta) sna Dúnaibh le linn na Féile Náisiúnta DrámaíochtaSa phictiúr tá Seán Ó Morónaigh, Jimmy Breslin, Michéal Ó Dochartaigh, Proinsias Ó Cuilinn, Brian Ó Domhnaill, Áine NíChurráin, Aodh Mac Laifeartaigh, Micheál Mac Laifeartaigh, Maria Ní Bhaoill, Proinsias Ó hOireachtaigh, Fiona Pasoma, MáirtínMac Donnchadha.

Cruinniú de ChomhaltasDrámaíochta Uladhle déanaí:

Ar cúl: Seán Ó Morónaigh,Aodh Mac Laifeartaigh, FionaPasoma, Seán Mac Labhraí.

Chun tosaigh: Michéal MacCárthaigh, Nóra Seoighthe agusProinsias Ó Cuilinn.

Page 8: NuachtlitirFéile Mhic Reachtain, Béal Feirste Ionad: Dunkerrin Complex, Dunkerrin Avenue 23ú Iúil 2007 ag 8pm á eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Drámaí i gCloich na

I láthair ag an dráma In Umar na hAimléise– ó chlé: Liam Suipeál,An Rinn; Catherine Foley, Iriseoir an Irish Times; Seán ÓMorónaigh, Stiúrthóir an Chomhlachais; Pádraicín Ní Chadhla,léiritheoir an dráma agus Pádraig S. Ó Mathúna, Aisteoirí an tSeanPhobail.

Beidh Aisteoirí Bulfin ag léiriú

AG CLAÍ NA MUICE DUIBHEle Vincent Woods

sna hIonaid seo a leanas:

Smock Alley:Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Céadaoin

30ú Bealtaine go Satharn 2ú Meitheamh.

Halla an Phobail Inis Meáin:Satharn 7ú Iúil.

Aisteoirí an tSean Phobail i nGaeltacht na nDéise a léirigh an dráma In Umar na hAimléise leis an Ath. Victor de Paor i halla NaomhColmán, An Sean Phobal ar an Satharn, 28 Aibreán.

Máirtín Ó Dubhghaill (Tom), Joe Ó Scanláin (AntAthair Cassidy) sa dráma Tórramh san Iarthar leMichael Joe Ginneely.

Tórramh san Iartharle Michael Joe Ginneely

á léiriú agCumann Drámaíochta Chois Fharraige

i dTaibhdhearc na Gaillimhe

ar an Satharn 8ú Meitheamh agus

Dé Domhnaigh 9ú Meitheamh 2007Tosnú 8.00 p.m.