cumann peile na ceathrún ruaidh márta 2015...

5
1 Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh Márta 2015 Nuachtlitir ‘Láidreacht le chéile’ A chairde, fáilte chuig eagrán 1 de nuachtlitir Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh. Tá muid roinnt míosa isteach sa bhliain nua agus fiú amháin san achair ghearr sin, tá go leor imeachtaí curtha i gcrích ag an gCumainn. Tá foirne an chumainn ar fad i mbun traenála go díosgráiseach ag an tráth seo agus as seo go deireadh na bliana, rachaidh siad ar fad chun páirce ag imirt ar són an pharóiste. Bheadh muid buíoch dá dtabharfadh sibh tacaíocht do na foirne seo ar bhealach éigín i rith na bliana. Táimid buíoch do na bainisteoirí agus a gcuid roghnóirí ar fad a thoileann na foirne seo a thraenáil go deonach. Ós chionn sin, táimid buíoch do mhuintir na h-áite a dhíolann agus a cheannaíonn ticéid ar són an chumainn. Is é seo an príomhfhoinse airgeadais atá ag an gclub agus cosnaíonn sé go leor airgead sé fhoireann déag idir mná, cailiní, fir agus buachaillí a chur chun páirce.Táimid buíoch chomh maith do Choiste na Páirce a chuireann áiseanna den scoth ar fáil dár n-imreoirí agus baill bliain i ndiaidh bliain. Bhí roinnt ocáidí ceiliúradh agus comóradh agaínn ón Nollag. Gabháim buíochas leo siúd ar fad a tháinig amach ar lá Nollag i gcóir an snámh ar mhaithe le iontaobhas Andrew Lydon. Bailíodh 2521 ar an lá agus muid ag súil go dtabharfaidh an méid seo cúnamh de shaghas éigin don iontaobhas.

Upload: hanhan

Post on 16-Apr-2018

243 views

Category:

Documents


6 download

TRANSCRIPT

Page 1: Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh Márta 2015 …clgcrua.com/wp-content/uploads/2015/10/Nuachtlitir-1...gclub agus cosnaíonn sé go leor airgead sé fhoireann déag idir mná, cailiní,

1

Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh Márta 2015

Nuachtlitir ‘Láidreacht le chéile’

A chairde,

fáilte chuig eagrán 1 de nuachtlitir Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh. Tá muid roinnt míosa isteach sa bhliain nua agus fiú amháin san achair ghearr sin, tá go leor imeachtaí curtha i gcrích ag an gCumainn. Tá foirne an chumainn ar fad i mbun traenála go díosgráiseach ag an tráth seo agus as seo go deireadh na bliana, rachaidh siad ar fad chun páirce ag imirt ar són an pharóiste. Bheadh muid buíoch dá dtabharfadh sibh tacaíocht do na foirne seo ar bhealach éigín i rith na bliana. Táimid buíoch do na bainisteoirí agus a gcuid roghnóirí ar fad a thoileann na foirne seo a thraenáil go deonach. Ós chionn sin, táimid buíoch do mhuintir na h-áite a dhíolann agus a cheannaíonn ticéid ar són an chumainn. Is é seo an príomhfhoinse airgeadais atá ag an gclub agus cosnaíonn sé go leor airgead sé fhoireann déag idir mná, cailiní, fir agus buachaillí a chur chun páirce.Táimid buíoch chomh maith do Choiste na Páirce a chuireann áiseanna den scoth ar fáil dár n-imreoirí agus baill bliain i ndiaidh bliain.

Bhí roinnt ocáidí ceiliúradh agus comóradh agaínn ón Nollag. Gabháim buíochas leo siúd ar fad a tháinig amach ar lá Nollag i gcóir an snámh ar mhaithe le iontaobhas Andrew Lydon. Bailíodh 2521 ar an lá agus muid ag súil go dtabharfaidh an méid seo cúnamh de shaghas éigin don iontaobhas.

Page 2: Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh Márta 2015 …clgcrua.com/wp-content/uploads/2015/10/Nuachtlitir-1...gclub agus cosnaíonn sé go leor airgead sé fhoireann déag idir mná, cailiní,

2

Bhí ocáid dheas peile ar Pháirc Uile Aimsire an Chathánaigh ag deireadh na Nollag nuair a réachtaladh comórtas peile Mháirtín Antaine ó Catháin idir bailte na Ceathrún Ruaidh. Bhí an-spraoi ach freisin ard choimhlínt ar an lá idir na foirne seo. Táim buíoch don choiste eagraithe,reiteoirí agus freisin do Thersea, Antaine, Clann Uí Chatháin agus Clann Uí Mhaoliath a chur na soláistí álainn ar fáil.

Na buaiteoirí!!!!!

Caiptín an fhoireann buacach Antaine ó Conghaile le Padraic Ronan ó Maolaithe

Page 3: Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh Márta 2015 …clgcrua.com/wp-content/uploads/2015/10/Nuachtlitir-1...gclub agus cosnaíonn sé go leor airgead sé fhoireann déag idir mná, cailiní,

3

Agus muid ag déanamh comóradh ar laochra an chumainn atá faraor imíthe ar shlí na fírinne uainn, bhí an chéad siúlóid chuimhneacháin ar an 7 de feabhra agus muid ag ceiliúradh beatha Thomás Nellie Mac Donnacha. Bhí ós cionn sé chéad duine i láthair ar an lá iad ar fad gleasta i ndearg. Ba léiriú é an lá sin ar an t-omás a bhí againn ar fad do Thomáis agus atá againn dá chlann. Leiríonn sé chomh maith an spiorad pobal láidir atá sa cheantar. Táim buíoch don choiste eagraithe, do na gardaí áitiula. do Eurospar, do Pheadar óg Ó Cualaín, do Shéain ó Dubháin,don tAthair de Bláca, don Scoil Chuimsitheach, do chairde Nellie, RnaG agus arnú Clann Mhic Dhonnacha.

Page 4: Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh Márta 2015 …clgcrua.com/wp-content/uploads/2015/10/Nuachtlitir-1...gclub agus cosnaíonn sé go leor airgead sé fhoireann déag idir mná, cailiní,

4

Roinnt pictiúir eile

Tréaslaim leis an gCraoltóír agus iar-Cathaoirleach an Chumainn,Micheal Jimme Sonny Mac Donnacha a bhuaigh duais le gairid agus an chreidiúit seo tuilte go maith aige.

Mar fhocal scoir, déanann muid ar fad sa chumann comhbhróin le Coilin Mhaidhc Dan agus a chlann ar fad as ucht bás a bhean céile. Ar dheis dé, dá raibh anam Phil.

Peadar ó Loideain

Cathaoirleach CLG na Ceathrún Ruaidh

Page 5: Cumann Peile na Ceathrún Ruaidh Márta 2015 …clgcrua.com/wp-content/uploads/2015/10/Nuachtlitir-1...gclub agus cosnaíonn sé go leor airgead sé fhoireann déag idir mná, cailiní,

5