clÁr - curriculum | ccea...thor loki leabhar saothair dalta 8 sa chéad dul síos, ag an dinnéar...

46

Upload: others

Post on 31-Jan-2020

8 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí
Page 2: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

CLÁR

2

........................... 3......................................... 4

......................................................................... 5.......................................................................... 7

......................................................................................... 9................................................................. 11

............................................................................ 12....................................................... 14

.......................... 15

............................... 16........................................ 17

.............................................................................................. 18...................................................... 19

.......................................................................................... 20.............. 20

.......................................................................................... 21................................................. 21

....... 22

.................................................................................. 23................................................................. 23

..................... 24.............................. 26

............................................................................... 27............................................................................................ 28

....................................... 29

............................................. 32..................... 33

................................................................................................... 34.......................... 35

............................................................................... 36

................................................ 37........................................................................ 37

................................................................... 38

......... 39.......................... 40

....................................................................... 41............... 42

...................................................................................... 43

................................................................................................................... 45

CEACHT 1: CAD É IS MIOTAS ANN? AGUS CAD É IS FINSCÉAL ANN?MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHANCOMHPHÁIRTEANNA DE MHIOTASTÚR AGUS LÁCA, AN GHEARMÁINEARCAIL, AN GHRÉIGGILGAMESH, AN TSEAN-MHEASPATÁIMBEOWULF, CRÍOCH LOCHLANNGNÍOMHAÍOCHT: RÉABÓIR MIOTAIS ... NA 6 CGNÍOMHAÍOCHT: RÉABÓIR MIOTAIS ... COMHPHÁIRTEANNA MIOTAIS

CEACHT 2: MIOTAISEOLAÍOCHT AGUS FINSCÉALTA CEILTEACHAEACHTRA Ó NA SCÉALTA MIOTASEOLAÍOCHTA... CLANN LIRAN RÚRAÍOCHTEACHTRA ÓN RÚRAÍOCHT... TÁIN BÓ CUAILGNEAN FHIANNAÍOCHTEACHTRA ÓN FHIANNAÍOCHT... FIONN MAC CUMHAIL AGUS CLOCHÁN AN AIFIR SCÉALTA NA RÍTHEEACHTRA Ó SCÉALTA NA RÍTHE... BUILE SHUIBHNESRAITHEANNA MIOTAS CEILTEACH CLÚDACH LEABHAIR LE MIOTAS CEILTEACH A DHEARADH

CEACHT 3: TÁIN BÓ CUAILNGECÚLRA DEN SCÉAL THÁIN BÓ CUAILGNEGNÍOMHAÍOCHT: LEAGANACHA ÉAGSÚLA DEN SCÉAL A CHUR I GCOMPARÁIDSCRIPT SCANNÁIN ÓN LEAGAN DEN SCÉAL MAR SHRAITH BHEOITETÉACS INSINTE AGUS PRÓSCOSÁN AN SCÉILGNÍOMHAÍOCHT: COSÁN AN SCÉIL DE THÁIN BÓ CUAILGNE

CEACHT 4: AN SEANCHAÍ & EALAÍN NA SCÉALAÍOCHTA GNÍOMHAÍOCHT: SCÉALAÍOCHT Ó BHÉAL - AR CHUALA TÚ AN CEANN SEO?STÍL INSTEGNÍOMHAÍOCHT TFC: DÉANAMH GREANNÁIN: TAOBH EILE AN SCÉIL...TEIMPLÉAD GREANNÁIN BÁN

CEACHT 5: LAOCHRA CEILTEACHA AGUS SÁRLAOCHRACÚ CHULAINN: LAOCH CEILTEACHGNÍOMHAÍOCHT: PRÓIFÍL SÁRLAOICH

CEACHT 6: DO STIALLGHREANNÁN MIOTAIS NÓ FINSCÉIL FÉIN A DHÉANAMHGNÍOMHAÍOCHT: RÉABÓIR MIOTAIS ... COMHPHÁIRTEANNA MIOTAISGNÍOMHAÍOCHT: PRÓIFÍL LAOICHGNÍOMHAÍOCHT: COSÁN SCÉIL A PHLEANÁIL FAOI CHOINNE DO MHIOTAIS NÓ PRÓIFÍLÍ CARACHTAIR

GLUAIS

Page 3: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

3

CAD É IS MIOTAS ANN? AGUSCAD É IS FINSCÉAL ANN?

MIOTAS...

TIG LINN CUID MHÓRFAOI SHAOL NA SEAN-CHEILTEACH AFHÁIL AMACH Ó NA FINSCÉALTA FAOI CHÚ CHULAINN.

... is scéal é seo a cumadh le rud éigin faoin saolnádúrtha a mhíniú - mar shampla, cárb as a dtaganntoirneach nó cad chuige a dtiteann sneachta ón spéir.

Léitear go minic i miotais faoi dhéithe agus bhandéitheagus charachtair osnádúrtha eile a bhfuil an chumhachtacu rudaí neamhchoitianta a dhéanamh. Tá dúil mhór agdaoine sna miotais fiú nuair a thuigeann siad an ceannfháth is cúis le teagmhais nádúrtha.

Tá miotais chomh sean leis an chine dhaonna. Rinnedaoine athris orthu fadó le hiarracht a dhéanamh tabhairt faoi na ceisteanna móra a bhí ag daoine a fhreagairt, mar shampla, ‘cárbh as ar tháinig daoine?’ agus ‘cad é a tharlóidh nuair a gheobhaimid bás’?

Foghlaimímid faoi na creidimh reiligiúnacha a bhí ag cultúr ársa trí staidéar a dhéanamh ar na miotais a bhí acu.

FINSCÉAL...

Is finscéalta iad na scéalta a bhaineann le stair pobail ón aimsir fadó. Tháinig na finscéalta chugainn maroidhreacht ó sheanchaithe san am a chuaigh thart, le heachtra stairiúil a mhíniú, le ceacht a theagasc, nó, go simplí, le siamsaíocht a thabhairt don lucht éisteachta.

Cé gur minic a insítear finscéalta mar “fhíorscéalta”, deghnáth meascann siad fíricí stairiúla leis an fhantaisíocht,ag meascadh fíoreachtraí agus fíoráiteanna le hócáidísamhailteacha agus le saol na mbrionglóidí.

CAD É AN DIFRÍOCHT EATARTHU?Baineann miotais, de ghnáth, le rudaí anaithnideagus osnádúrtha ach is minic a dhéanann finscéaltacur síos ar shaol agus ar eachtraí fíordhaoine.

PARABAL NÓ FABHALSCÉAL...

... scéal atá gearr agus simplí de ghnáth, a léiríonn ceacht (go minic bíonn ainmhithemar charachtair ann), mar shampla ‘An Buachaill a scaip Scéal Chailleach an Uafáis’('The Boy Who Cried Wolf’).

Faightear parabail sa Bhíobla agus is iad fabhalscéalta Aesop na fabhalscéalta is cáiliúla, scéalta a thagann ón tSean-Ghréig.

FAIGHTEAR BEITHÍGH FANTAISEACHA I MIOTAIS

GO MINIC AMHAIL DEAMHAIN, DRAGAIN NÓ AONBHEANNAIGH

SCIATHÁNACHA.

THÁINIG AN FOCAL ‘MYTHOS’

Ó NA SEAN-GHRÉAGAIGH A ÚSÁIDIMID LE CUR SÍOS

AR NA SCÉALTA SEO.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 4: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA ÓGACH CEARN DEN DOMHAN...

Tá a gcuid miotas agus finscéalta féin ag gach cultúr ar fud an domhain. Tá na scéalta seo cosanta mar a bheadh taisce iontach luachmhar ann ag na daoine a scríobh agus a chaomhnaigh iad.

Síos tríd an haoiseanna, cheol daoine focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus scríob siad ar phaipír, ar veilleam (craiceann ainmhí) agus ar pháipéar iad le cleití.

Tá a lán cultúr, amhail Ceiltigh na hIarannaoise, imithe ó shin ach maireann a gcuiddéithe agus a gcuid laochra ina scéalta.

Is minic a bhíonn na téamaí céanna sna miotais agus sna finscéalta ó gach cearn den domhan agus thar na mílte bliain; mar shampla, ‘Cárbh as ar tháinig muid?’ nó ‘Cad é mar a thosaigh an domhan?’.

4

CÚ CHULAINN TÚR LÁCA

EARCAIL BEOWULF RÍ GILGAMESH

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 5: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

5

COMHPHÁIRTEANNADE MHIOTAS...Tá go leor cosúlachtaí sna miotais éagsúla ó gach cearn den domhan agus óthréimhsí éagsúla.

Dealraíonn sé go bhfuil an t-oideas céanna ag an chuid is mó de mhiotais agus d’fhinscéalta mar go mbíonn na ‘comhpháirteanna’ nó gnéithe scéil seo a leanasmar an gcéanna acu go minic:

Bíonn cumhacht speisialta áirithe ag laochra de ghnáth. Thiocfadh gur réad speisialta é seo, amhail claíomh draíochta, a fuair siad ó dhia nó ó neach osnádúrtha eile.

Is féidir go bhfuil bua nádúrtha ag an laoch, as siocair, de ghnáth, go bhfuil cúlradiaga aige. Is coitianta iad na laochra ar leathdhuine agus leathdhia iad.

Tá laochra de gach cuma agus de gach sórt ann,ach is fir agus daoine daonna iad an chuid is móacu. Tagann siad le cultúr a shábháil de ghnáth, le deamhan nó arracht a mharú, le bua nua (tinemar shampla) a thabhairt do dhaoine nó le pobal a threorú chuig tír tairngire.

Ní bhíonn laochra foirfe agus bíonn laige éigin acu.Fágann sé seo go mbíonn turas an laoich níos suimiúla agus tugann sé an deis don léitheoir páirt a bheith aige ina bhuanna agus ina thubaistí. Níbheadh cathanna an laoich chomh corraitheach sindá mbeadh an laoch foirfe agus dá mbeadh a fhiosagat nach dtiocfadh leis cailleadh in am ar bith!

De ghnáth bíonn laochra ag troid ar mhaithe le grá,le glóir agus le dualgas. A bhuíochas don chinniúint,bíonn an bua ag an laoch de ghnáth, cé go mbíonncostas mór leis de ghnáth.

Agus laochra i mbun toisce, tugtartascanna dóibh atá dodhéanta de réirdealraimh, do laochra agus tugann siadfaoi thurais chontúirteacha le réadbeannaithe a aimsiú nó leis an lámh inuachtar a fháil ar namhaid scanrúil.

Bíonn trialacha ag an laoch de ghnátha thugann go dtí a phointe briste éagus is minic a mbíonn cuidiú breise dedhíth air lena sprioc a bhaint amach.

LAOCHRA EIPICIÚLA

CUMHACHTAÍ SPEISIALTA NA LAOCHRA

TOSCA LAOCHRA

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 6: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

Bíonn ainmhithe miotasacha sa chuid is mó de na miotais agus dena finscéalta, amhail arrachtaí scanrúla, a gcaithfidh an laoch an lámh in uachtar a fháil orthu. Bíonn cruthanna éagsúla ar nahainmhithe miotasacha. Is féidir le roinnt acu a bheith scanrúilcosúil le fathach na dtrí cinn a bhíonn ar aire ag geata Ifrinn,agus tig le cuid acu a bheith cineálta. I gcás cuid de na créatúirseo, tá leath amháin acu ina ainmhí nó ina dhuine agus is ainmhíde chineál eile é an leath eile; An Ceinteár ó mhiotaseolaíocht naGréige, mar shampla, ar leathdhuine agus leathchapall é.

Tá bithiúnach riachtanach i ngach miotas nó finscéal maith. Is é an bithiúnach an namhaidnó an carachtar olc i scéal go minic. Is féidir leis seo a bheith ina dhuine cruálach, duineatá tugtha don olc nó duine a dhéanann coireanna, nó go simplí duine atá ina mhaistín.

6

CHREID NA SEAN-CHEILTIGH GURBH ÓN BHANDIA DANÚ A SAOLAÍODH GACH RUD BEO.

I MIOTASEOLAÍOCHT NA GCEILTEACH, THIOCFADH LEIS AN MORRIGAN 3 CHRUTH ÉAGSÚLA A GHLACADH: CAILLEACH, MAIGHDEAN NÓ FIACH DUBH.

AN CEINTEÁR

LÁCA

An cheist ba mhó a bhí ag daoine fadó ná ‘cárbh as ar tháinig na chéad daoine?’ Is é ‘Dia an cruthaitheoir’an freagra de ghnáth a mhúnlaíonn daoine as cré, as adhmad nó as ábhar nádúrtha eile. Is féidir le déithe atá feargach scrios a bhagairt ar phobal iomlán, le tuile mhór mar shampla.

Bíonn ‘cleasaí’ nó duine nó rud éigin a bhriseann na gnáthrialachaiompair, i gcuid mhór de na miotais. Is dia é an cleasaí go minic,amhail Láca i miotaseolaíocht Ioruach.

Tig leis na cleasa a imríonn siad ceachtanna luachmhara a theagasc agus cuireann siad i gcuimhne do dhaoine nach mbíonnrudaí i gcónaí mar a shíltear.

Is féidir le cleasaithe áirithe a gcruth a athrú agus foirmeachaéagsúla a ghlacadh nó a mhalartú ó fhear go bean.

BITHIÚNAIGH FHEALLTACHA

De réir na miotas agus na bhfinscéalta, ba dhéithe iad na daoine fadó agus bhí siad neamhbhásmhar (ní bhfuair siad bás). Go minic bhí an mhiotaseolaíocht ag iarraidh freagra a thabhairt ar an cheist, ‘cad é a tharlaíonn do dhaoine nuair a fhaigheann siad bás?’ Tá an creideamh ag a lán cultúr go bhfuil saol spioradálta ann do dhaoine maithe agus dodhaoine dona - parthas agus an domhan thíos de ghnáth. Déanann a lán laochra triall ar andomhan thíos, áit a ndéanann siad iarracht an lámh in uachtar a fháil ar an bhás agusteagmháil a dhéanamh leis na daoine a tugadh ó shaol na mbeo.

AN BÁS AGUS AN DOMHAN THÍOS (IFREANN)

DÉITHE NEARTMHARA

AINMHITHE MIOTASACHA

CLEASAITHE

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 7: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

7

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHAN...

TÚR AGUS LÁCABa é Túr dia Gearmánach na láidreachta, agus dia na toirní agus na tintrí (amhailIúpatar nó Séas). D’iompraíodh sé casúr mór. De bhrí go raibh Túr chomh láidir sin,shíl na Gearmánaigh in amanna go raibh sé measartha bómánta, ach ba í a chuidláidreachta a chosain na déithe agus na daoine ar na fathaigh chontúirteacha snamiotais Ghearmánacha.

Dia Gearmánach na gcleas a bhí i Láca. Bhí sé rud beag cosúil leis an dia Gréagach Heirméas. Lena chuid cleasaíochta a éascú, thiocfadh leis é féin a thiontú i gcuidmhór cruthanna éagsúla, a raibh cruth cailín ina measc, dá mba mhaith leis.

Ghoid Thrym, an fathach, casúr Thúir agus ní thabharfadh sé ar ais dó é. “Tabharfaidh mé do chasúr ar ais,” arsa Thrym, “nuair a chuirfidh tú do bheanchéile, Freya, chugam le bheith mar bhean chéile agam.” Bhuel, bhí Túr sásta go leor leis sin, ach ní rachadh Freya. I ndáiríre, “chroith an halla” mar gheall ar an fhearg a bhí uirthi. Mar sin de, ghléas Túr é féin in éadaí Freya, agus chuirLáca éadaí ghiolla Freya air féin, agus thug siad aghaidh ar Thír na bhFathach.

Nuair a bhain Túr agus Láca an áit amach, chreid Thrym agus na fathaigh eile gurFreya agus a giolla a bhí iontu, cé nach ndearna Túr iarracht mhaith ar ghothaíFreya a chur air féin.

THOR LOKI

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 8: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

8

Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá(cosúil le beoir)! Bhí na fathaigh giota beag amhrasach ansin, ach, go gasta,mhínigh Láca, “Ó, tá Freya ar sceitimíní le bheith ag pósadh Túir agus sin anfáth a bhfuil sí ag ithe an oiread sin!”

Ansin d’amharc Thrym faoi chaille Freya (cé gur Túr a bhí ann i ndáiríre), ag iarraidh í a phógadh, ach tháinig eagla air nuair a chonaic sé súile dearga Thúir.Arís léirigh Láca: “Ó, tá Freya chomh tógtha sin nár chodail sí le hocht n-oíche!“Sin an fáth a bhfuil a súile dearg.”

Ach i rith na bainise, thug Thrym casúr Thúir amach agus lig sé dó breith air (ag smaoineamh gur Freya a bhí ann). Ar an toirt rug Túr greim ar a chasúr agusrinne sé smidiríní de na fathaigh. Ansin bhí sé féin agus Láca ábalta éalú leis anchasúr.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 9: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

9

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHAN...

EARCAILBa mhac le bean darbh ainm Alcmene agus leis an dia Séas é EARCAIL.

Bhí sé ina laoch mór, agus bhí sé iontach láidir. Fiú agus é ina leanbh óg, bhí neartan-mhór ann.

Bhí fearg ar an bhandia Héire mar gurbh é Séas a fear céile agus ní raibh sí agiarraidh go mbeadh páistí aige le mná eile. Chuir sí dhá nathair chuig an leanbhlena mharú. Ach is é an rud a rinne Earcail ná d’éirigh sé ina shuí, rug sé ar nanathracha sin agus thacht sé iad!

Nuair a d’fhás sé aníos, ba é an fear is láidre ar an domhan é. Phós sé bean darbhainm Meigeara agus bhí beirt pháistí acu, a raibh grá mór aige dóibh. Ach bhí feargar Héire le hEarcail go fóill. Lean sí ar aghaidh ag iarraidh díoltas a bhaint amachagus mar gheall ar a cuid iarrachtaí chuir sí Earcail ar mire glan sa deireadh. Lá amháin, mharaigh sé a pháistí féin agus a bhean chéile Meigeara fosta.

AN GHRÉIG

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 10: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

10

Nuair a lig Héire d’Earcail teacht ar ais chuige féin, scread sé, “Cad é atá déanta agam?”Bhí air bealach éigin a fháil le maithiúnas a fháil ó na déithe as an choir uafásach seo.Chuaigh Earcail go Deilfe agus d’iarr sé comhairle ó Apalló maidir le cad é ba cheart dó a dhéanamh. D’inis Apalló dó go dtabharfadh na déithe maithiúnas dó dá ndéanfadh sédhá thasc déag d’Eoraistéas, rí Argas - tugaimid an dá shaothar déag de chuid Earcailorthu seo.

Chuidigh Héire le hEoraistéas leis na tascanna a chumadh agus gach uair a thug siad tascd’Earcail, bhí siad cinnte nach dtiocfadh Earcail slán beo as.

Ach chuir Earcail iontas orthu. Ní amháin gur mhair sé, ach tharla eachtraí iontacha dó;rinne sé cairdeas le daoine, agus dhíbir sé an domhan ó roinnt arrachtaí fíorghránna.

Nuair a bhí an dá shaothar déag curtha i gcrích ag Earcail, dúirt Apalló go raibh sé saorarís. Bhí brón air as a bhean chéile agus a pháistí a mharú. Chomh maith leis sin, bhí séle bheith ina dhia nuair a gheobhadh sé bás mar gheall ar na saothair uilig a rinne sé!

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 11: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

11

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHAN...

GILGAMESHDuine fíorstairiúil a bhí in GILGAMESH, rí Uruk a rialaightimpeall 2700RCh. Ba dheamhan é a athair a ghlac foirmrí Uruk, agus ba í an bandia Ninsun (spéirbhean bó allta) a mháthair. Bhí neart osdaonna ag Gilgamesh agus bhí dháthrian de ina dhia agus trian amháin de ina dhuine daonna.

Tosaíonn an eipic le Gilgamesh agus é ina rí ar chathairUruk, ach níl ag éirí go rómhaith leis. Tá gach duine arbuile leis mar bíonn cuid mhór cailíní aige ag an aon amamháin, caitheann sé a chuid ama ar fad ag cóisireacht in áit a bheith ag obair, agus tugann sé drochmheas do na seanóirí sa chathair.

Lá amháin, insíonn teachtaire do Gilgamesh go bhfuil fearfiáin ina chónaí sna cnoic in aice leis an chathair. Enkiduis ainm don fhear fiáin seo. Tá sé an-láidir. Measann Gilgamesh go bhfuil sé seo suimiúil, mar sin leagann ségaiste d’Enkidu lena mhealladh go dtí an chathair agus le bheith ina chara dó.

Cuireann Gilgamesh bean álainn chuig Enkidu agus nuair a fheiceann sé í tugann sé póg di. Feidhmíonn an phóg go draíochtach lena cheansú: leanann Enkidu an bhean ar ais go dtí an chathair agus éiríonn sé sibhialta.

Anois, agus cara nua ag Gilgamesh, níl sé chomh dubh dóite a thuilleadh agus stadann sé de bheith suarach le gach duine agus de bheith ag crá na gcailíní. Mar mhalairt air sin,beartaíonn Gilgamesh agus Enkidu turas mór laochais chuig an Iarthar le hadhmad tógála a fháil (mar ní raibh mórán adhmaid ag fás in Measpatáim). Téann siad ansin agus troideannsiad leis an arracht ollmhór Humbaba.

Nuair a bhaineann an bheirt laochra an baile amach, áfach, tosaíonn a gcuid fadhbanna. Tá Gilgamesh chomh tarraingteach sin anois go dtiteann an bandia Ishtar i ngrá leis, achnuair a iarrann sí air siúl amach léi, diúltaíonn Gilgamesh (agus tá sé an-dímhúinte agus é ag caint léi). Tá fearg ar Ishtar agus tugann sí fiabhras d’Enkidu agus faigheann sé bás. Tá an-bhrón ar Gilgamesh agus é go mór trína chéile faoi bhás a charad. Agus tá eagla airgo bhfaighidh sé bás lá éigin chomh maith.

Sa deireadh téann Gilgamesh go Tír na Marbh lena fháil amach an bhfuil dóigh éigin ann arféidir leis fanacht beo go deo. Faigheann Gilgamesh amach gur féidir leis fanacht beo go deomá thig leis fanacht múscailte ar feadh seachtaine agus súil a choinneáil ar phlanda áirithe.Titeann sé ina chodladh faoi dheireadh, áfach.

Filleann sé ar a chathair arís agus brón air go fóill ach tuigeann sé go gcaithfidh gach duinebás a fháil am éigin, agus leanann sé air de bheith ina rí maith.

AN TSEAN-MHEASPATÁIM(AN IARÁIC SA LÁ ATÁ INNIU ANN)

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 12: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

12

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHAN...

BEOWULFInsítear scéal in BEOWULF faoi rudaí a tharla sna luath-AD500 ta - beagnach 500 bliainsular scríobhadh an dán. Titeann an scéal amach sa Danmhairg agus sa tSualainn agusbaineann sé le fíordhaoine a bhí beo sna luath-AD500 ta, a bhfuil eolas againn orthu óscéalta eile a scríobhadh i Sualainnis agus ón tseandálaíocht.

Sa scéal seo, is laoch mór é Beowulf. Seolann sé chun na Danmhairge chun Rí Hrothgar,fear atá muinteartha dó, a shábháil ar arracht uafásach a dtugtar Grendel air. Agus iadag troid stróiceann Beowulf lámh de Grendel, mar sin imíonn Grendel abhaile agus leanannsé air ag cur fola go dtí go bhfaigheann sé bás.

An oíche dar gcionn, tagann máthair Grendel agus déanann sí scrios ar halla RíHrothgar. Mar sin, tosaíonn Beowulf ag troid léi agus maraíonn sé í chomh maith leclaíomh draíochta. Tá gach duine an-sásta agus faigheann Beowulf cuid mhór féiríní.

CRÍOCH LOCHLANN

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 13: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

13

Leanann Beowulf ar aghaidh le tuilleadh eachtraí. Tugann sé cuidiú i ruatharLochlannach ar Frisia, a raibh Rí Hygelac i gceannas air. Faoi dheireadh, ceaptar ina rí é ar Mhuintir Geat agus rialaíonn sé iad go dtí go bhfuil sé ina sheanduine - ar feadh caoga bliain.

Ach ansin cluineann sé faoi arracht nua atá ag cur eagla ar gach duine - is dragan éan t-am seo . Cé go bhfuil sé iontach aosta faoin am seo, is laoch go fóill é Beowulf,mar sin imíonn sé leis agus maraíonn sé an dragan. Ach an t-am seo éiríonn leis andragan Beowulf a ghortú chomh holc sin go bhfaigheann Beowulf bás chomh maith.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 14: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

14

RÉABÓIR MIOTAIS

NA 6 C

GNÍOMHAÍOCHTCAD É AN MIOTAS NÓ AN FINSCÉAL IS FEARR LEAT? Sa tasc seo iarrtar ort anailís a dhéanamh ar an mhiotas nó ar an fhinscéal is fearr leat. Le tosú, freagair na sé C den scéal - Cé? Cad é? Cá háit? Cá huair? Cad chuige? agusCén dóigh? An chéad chéim eile, cá mhéad comhpháirt miotais atá ann i do scéal.

Ainm an mhiotais nó an fhinscéil is fearr liom...Tarraing pictiúr den phríomhcharachtar

Tabhair achoimre ghairid ar a dtarlaíonn sa scéal. An dtéann anpríomhcharachtar ar thuras?

Cé acu miotas nó finscéal é an scéal seo? Mínigh do fhreagra.

CAD É?

Cad é a spreag an príomhcharachtar tabhairt faoin turas? An ndearna sé é ar mhaithe le grá, le honóir, le glóir?

CAD CHUIGE?

Cén dóigh ar thug an príomhcharachtar faoina sprioc a bhaint amach?An raibh cuidiú ar bith eile aige?

CÉN DÓIGH?

An príomhcharachtar/ na príomhcharachtair?

Cuir síos an an charachtar seo/ar na carachtair seo...cé acu atá ann, duine nó dia?

CÉ?

An tír as a dtagann an scéal seo is ea...

Cá huair a tharlaíonn an scéal?

CÁ HÁIT? CÁ HUAIR?

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 15: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

15

RÉABÓIR MIOTAIS ...

COMHPHÁIRTEANNA MIOTAIS

CÉ ACU DE NA COMHPHÁIRTEANNA MIOTAISSEO A LEANAS ATÁ SA MHIOTAS AGAT?

An bhfuil laoch sa scéal? Cuir síos ar an laoch agus ar an chúlra atá aige.LAOCHRA EIPICIÚLA

CUMHACHTAÍSPEISIALTA NALAOCHRA

TOSCA LAOCHRA

BITHIÚNAIGHFHEALLTACHA

An bhfuil cumhachtaí speisialta, scileanna, nó réad speisialta, mar shampla, claíomh draíochta ag an laoch? Déan cur síos air.

An bhfuil bithiúnaigh ar bith ann? Thiocfadh gur namhaid, rógaire, nó duineolc é an bithiúnach, nó duine a dhéanann coireanna, nó go simplí duine atáina mhaistín. Déan cur síos air.

Ainm an dé nó an bhandé:

Ainm an dé nó an bhandé:

Cad é an cúram a luaitear leo mar dhéithe?

Cad é an cúram a luaitear leo mar dhéithe?

Cur síos:

Cur síos:

DÉITHE NEARTMHARA

An dtugann an laoch faoi thasc atá dodhéanta nó an dtéann sé arthuras contúirteach le réad beannaithe a aimsiú nó leis an lámh inuachtar a fháil ar namhaid scanrúil. Déan cur síos air.

An bhfuil dia nó bandia sa scéal?

Ainmhí: Feidhm an ainmhí: Saintréithe neamhghnácha ar bith:

AINMHITHE MIOTASACHA An bhfuil ainmhí fantaiseach sa scéal?

Ainm an chleasaí: An bhfuil scileanna nócleasa speisialta aige?

Cur síos::

CLEASAITHE An bhfuil carachtar ann is maith leis cleasaí a imirt nó is féidir leis a chruth a mhalartú?

TEACHTAIREACHTAN SCÉIL

Cad chuige ar insíodh an scéal seo, dar leat? An bhfuil teachtaireacht ann?An dtugann an scéal míniú ar fheiniméan nádúrtha, an insíonn sé dúinn andóigh le muid féin a iompar, an bhfuil ceacht ann dúinn nó an gcuireann séar an eolas muid faoi shochaí fadó?

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 16: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

16

MIOTASEOLAÍOCHT AGUS FINSCÉALAÍOCHT CHEILTEACH

Tá an mhiotaseolaíocht Cheilteach lán de scéalta faoi eachtraí na laochra Ceilteacha,faoi na Ríthe, na Banríonacha, na cailleacha agus na fathaigh

fadó.

Cuireann na scéalta seo‘léargas ar an Iarannaois’ ar fáildúinn, a thugann faisnéis dúinn ar chultúr agus ar chreidimh

na gCeilteach.

Táan mhiotaseolaíocht

sna teangacha Ceilteacha ar na miotaseolaíochtaí isspreagúla san Eoraip.

SRAITHEANNA MIOTASCEILTEACHIs féidir an mhiotaseolaíocht Éireannach a rangú ina ceithre ghrúpa:

• SCÉALTA MIOTASEOLAÍOCHTA• AN RÚRAÍOCHT

• SCÉALAÍOCHT NA RÍTHE• AN FHIANNAÍOCHT

NA SCÉALTA MIOTASEOLAÍOCHTASna scéalta miotaseolaíochta tá tagairt déanta do na hionraí a rinne clanna ó shaolta eile ar Éirinn. Tá cur síos déanta ar na hionraí seo sa Lebor Gabála.

Tháinig na déithe agus na bandéithe, Clann Danú, go hÉirinnó cheithre chathair sa saol eile leis na Fir Bolg a threascairtagus Éire a fháil dóibh féin. Ba shinsearaigh fhicseanúla na nGael iad na daoine osnádúrtha a chuir fúthu go luath in Éirinn. Threascair siad na Tuatha Dé Danann ag cathThailteann, agus bhí seilbh acu ar Éirinn ina dhiaidh sin.Roinn siad an tír ina dhá chuid, agus fágadh Éireamhóin ag rialú sa Tuaisceart agus Éibhear sa Deisceart.

Insíonn an scéal tragóideach “Clann Lir” an dóigh ar tiontaíodh páistí Lir ina n-ealaíar feadh 900 bliain nuair a roghnaíodh rí úr ar na Tuatha Dé Dannan.

DANÚ, OLLMHÁTHAIR NA HÉIREANN, ÓNA

SAOLAÍODH GACH RUD BEO.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 17: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

17

CLANN LIRFadó, bhí rí ann darbh ainm Lir agus bhí sé ina chónaí lena bhean chéile Aoibh agus

a cheathrar páistí - cailín amháin, Fionnuala, agus triúr mac, Aodh agus cúpla, Fiachra agus Conn. Nuair a fuair bean chéile Lir bás bhí siad uilig an-bhrónach. I ndiaidh cúpla bliain phós Lir arís. Phós sé bean éadmhar darbh ainm Aoife.

D’éirigh an t-éad in Aoife mar gheall ar an ghrá a bhí ag na páistí dá chéile agusdá n-athair mar sin shocraigh sí fáil réitithe de na páistí. Ar thuras leis na paistí

go teach a seanathar d’úsáid sí a draíocht leis na páistí a thiontú ina n-ealaí.Nuair a chuala Lir faoin eachtra seo, thug sé ar a dhraoithe Aoife a thiontú

ina deamhan aeir go deo na ndeor.

Agus iad ina n-ealaí, bhí ar na páistí 300 bliain a chaitheamh ar Loch Dairbhreach (loch a bhí cóngarach do chaisleán a n-athar), 300 bliain ar Shruth na Maoile, agus

300 bliain ar Iorras Domhnann in aice le hInis Gluaire. Le deireadh a chur leis an gheis,bheadh ar mhanach iad a bheannú. Nuair a bhí na páistí in n-ealaí, thiontaigh NaomhPádraig Éire chun na Críostaíochta. Go luath maidin amháin chuala siad clog Críostaí.

Bhí áthas an domhain orthu gur dhaoine daonna arís. Dhoirt an manach uisce naofaorthu agus ansin chuir Fionnuala a lámha thart ar a deartháireacha agus leis sin thit

an ceathrar acu go talamh. Chuir an manach sa talamh iad agus an oíche sin bhíbrionglóid aige go bhfaca sé ceithre eala ag eitilt suas trí na néalta.Bhí a fhios aige go raibh Clann Lir lena máthair agus lena n-athair.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 18: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

Bhí Cú Chulainn ar an laoch is móde Chúige Uladh. Fuair sé oiliúintin ealaíona an chomhraic faoinlaoch mór, Scathach.

18

AN RÚRAÍOCHTCnuasach mór de scéalta laochta i litríocht na hÉireann a chuireann síos ar eachtraí na nUladh, muintir ársa óna bhfuair Cúige Uladh a ainm. Déanann na scéalta seoathinsint ar eachtraí laochra na Craoibhe Rua - arm denscoth i gCúige Uladh - a raibh Cú Chulainn ina chranncosanta acu. Tá na heachtraí is suntasaí de chuid Chú Chulainn sa Táin. Is é an Táin an miotas Éireannach isfaide agus is cumhachtaí.

Sa Rúraíocht, táduine de na laochraCeilteacha is mó ann,Cú Chulainn, mac leis an dia Lugh.

Bhí Cú Chulainn iontach láidir agus iontach cróga. Setanta ab ainm dó ar dtús ach tugadh Cú Chulainn airnuair a mharaigh sé madadh cosanta an ghabha Culann.

Tá sraith iomlán cathanna agus triallacha nirt agus misnigh le fáil sa Rúraíocht mar a leanann Cú Chulainn an rud atá i ndán dó, le bheith ar an laoch is mó in Éirinn.

CÚ CHULAINN

LUGH, AN DIA MÓR

AN LAOCH MÓR, SCATHACH

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 19: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

19

Táin Bó Cuailgne a thugtar ar an scéal is cáiliúlasa Rúraíocht.

Scéal atá ann faoi Mhéabha, Banríon cheannasach Chonnacht, agus a feachtas le Donn Cuailgne aghabháil ó na hUltaigh.

TÁIN BÓ CUAILGNE

SCÉAL ÓN FHIANNAÍOCHT...

Is í an choimhlint idir Cú Chulainnagus a chara Firdhia ar cheann de na sleachta is cáiliúla i luathlitríocht na hÉireann.

Sa deireadh, maraíonn fórsaí Chonnacht Cú Chulainn sa chath.

I ndiaidh dó buille ó shleá a fháil, ceanglaíonn séé féin do chuaille sa dóigh go dtig leis aghaidh athabhairt dá naimhde agus é ina sheasamh. Maratá an claíomh ag titim dá lámh, gearrann sé anlámh dá mharfóir.

Téann Banríon Méabha i gceannas ar a harm mór in éadan laochra Chúige Uladh, a bhfuil mallachtorthu a fhágann nach féidir leo troid sa chath.

Is é Cú Chulainn, agus é seacht mbliana déagd’aois, an t-aon laoch nach ndeachaigh an mhallacht i bhfeidhm air agus mar sin caithfidh sé Cúige Uladh a chosaint ina aonar.

DONN CUAILGNE: TARBH DONN CHÚIGE ULADH

MÉABHA, BANRÍON CHONNACHT

FIRDHIA AGUS CÚ CHULAINN

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 20: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

20

AN FHIANNAÍOCHTBaineann an Fhiannaíocht leis na heachtraí a bhí ag Fionn Mac Cumhail agus a chuid laochra,na Fianna. Ba ghrúpa finscéalach laochra iad na Fianna a chosain Éire agus Albain agus achoinnigh an áit in ord agus faoi smacht.

Ba laoch agus sealgaire é Fionn Mac Cumhaill. Ba eisean an duine is fíréanta, is críonna agusis cineálta de na Fianna. Is leasainm i ndáiríre é Fionn a tugadh ar dhuine a raibh gruaig“fhionn” aige.

Tugadh aird air den chéad uair i ndiaidh an Bradán Feasa a cheapadh agus a ithe. I bhfinscéal tábhachtach eile, insítear dúinn faoin dóigh ar bhuail sé lena chéad bhean chéile,Sadbh, agus é amuigh ag seilg. Bhí draoi i ndiaidh í a thiontú ina fia agus i ndiaidh d’Fhionn ía ghabháil, tiontaíodh ina bean álainn í. Rug sí mac d’Fhionn, darbh ainm Oisín, sular thiontaigh sí ina fia arís agus d’fhan sí scartha ó Fhionn agus a mhac le blianta fada. Insíonnscéal eile faoin dóigh ar lean Fionn, agus é ar buille le héad, na leannáin Diarmuid agusGráinne ar fud na hÉireann i ndiaidh dóibh éalú lena chéile.

FIONN MAC CUMHAILL & CLOCHÁN AN AIFIR

SCÉAL ÓN FHIANNAÍOCHT...

Baineann an finscéal is cáiliúla de chuid FhinnMhic Cumhaill le Clochán an Aifir i gContaeAontroma.

De réir an scéil, thóg Fionn an clochán le fáila fhad le hAlbain le troid in éadan fathacheile darbh ainm Benandonner. Nuair a fuair sé a fhad leis, fuair sé amach go raibh anfathach Albanach ina chodladh ach, chomhmaith leis sin, go raibh sé i bhfad níos mó ná é féin, mar sin tháinig Fionn ar ais abhailear an chlochán.

Nuair a mhúscail Benandonner tháinig sétrasna an chlocháin le Fionn a throid. Ghléasbean chéile Fhionn a fear céile mar leanbhagus nuair a bhain Benandonner an teachamach dúirt sí nach raibh Fionn sa bhaile agusa bheith ciúin gan an leanbh a mhúscailt.

Nuair a chonaic Benandonner an leanbh mheassé go gcaithfeadh Fionn a bheith iontach mórmá bhí an leanbh chomh mór sin. Mar sin,thiontaigh sé thart agus theith sé ar aistrasna an chlocháin, á scriosadh ar abhealach.

Níl fágtha anois ach an dá thaobh, anseo ag Clochán an Aifir agus ar oileán Stafa inAlbain, áit a bhfuil foirmíochtaí carraige den chineál chéanna le feiceáil.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 21: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

21

SCÉALAÍOCHT NA RÍTHE

Is cnuasach de bhreis is céad scéal í Scéalaíocht naRíthe, a dtugtar an tSraith Stairiúil uirthi chomhmaith, a bhaineann le rithe finscéalacha na hÉireann.

Bhí sé mar dhualgas ar na baird nó ar na filí cúirtesna meánaoiseanna stair chlann an rí ar thug siadseirbhís dó a thaifeadadh. Rinne siad seo i ndánta ina raibh meascán den mhiotaseolaíocht agus nascéalta stairiúla.

I gcomparáid leis na Sraitheanna miotas ceilteach eile, is féidir an chuid is mó de na carachtair agus na príomheachtraí a gcuirtear síos orthu i Scéalaíochtna Rithe, a cheangal le fíordhaoine stairiúla agus le fíoráiteanna stairiúla, cé go bhfuil na scéaltaornáidithe go forleathan le mionsonraí miotaseolaíochta.

Ar cheann de na scéalta is fearr aithne i Scéalaíochtna Ríthe tá an scéal faoi Shuibhne, rí págánta.

BUILE SHUIBHNE SCÉAL Ó SCÉALAÍOCHT NA RÍTHE...

Músclaítear Rí Suibhne maidin amháin le cling chloig. Agus é míshásta, téann sé ar lorg an challaín atá ag cur isteach air, agus tagann sé ar eaglais atá an tEaspag Rónán Ó Finn i ndiaidh a thógáil. Tarraingíonn sé ar an eaglais faoi dheifir agus é lomnocht. Mharódh sé an t-easpagach ab é gur scairteadh air díreach ag an bhomaite sin troid sa chath ag Mag Rath.

Roimh an chath, bheannaigh an tEaspag Rónán na saighdiúirí le huisce beannaithe. Shíl Suibhne go raibh an tEaspag Rónán ag magadh air leis seo, mar sin mharaigh Suibhne manach de chuid an easpaig le sleá agus chaith sé sleá leis an Easpag Rónán féin. Bhuail an tsleá clog Rónáin agus bhris sí an clog.

Leis seo, chuir Rónán mallacht gealtachta ar Shuibhne. Is é an rud a bhí i gceist lena mhallachtná, as siocair go raibh fuaim chlog na heaglaise scriosta ag Suibhne, go gcuirfeadh fuaim ghéarar bith ar buile é. Chomh maith leis sin, de bhrí gur mharaigh Suibhne manach de chuid Rónáin le sleá, b’amhlaidh a gheobhadh Suibhne bás le sleá.

Nuair a cuireadh tús le cath Mag Rath, chuaigh Suibhne ar mire glan. Thit na hairm a bhí aige, agus thosaigh sé ag ardú sa spéir mar a bheadh éan ann.

As sin amach, léim Suibhne ó áit go háit ar nós éin. Ní chuirfeadh sé muinín i ndaoine choíche.Chuir a lucht gaolta agus a chuid géillsineach ar mire le heagla é, agus b’éigean do teitheadh ó áit go háit, beo nocht agus ocrach.

Tharla cor neamhghnách ar an scéal nuair a thug easpag cineálta darbh ainm Moling trua doShuibhne agus thug sé cúram dó sna laethanta deiridh a bhí aige. Agus é briste agus aosta, fuair sé lóistín leis an easpag agus thug bean ó pharóiste an easpaig cúram do Shuibhne. Ar androchuair, d’éirigh aoire, fear céile na mná sin, éadmhar agus mharaigh sé Suibhne le sleá,agus, ar an dóigh sin, comhlíonadh mallacht an Easpaig Rónán.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 22: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

SRAITHEANNA MIOTAS CEILTEACHCLÚDACH LEABHAIR LE MIOTAS CEILTEACH A DHEARADH

Is é an tasc atá agat clúdach leabhair a dhearadh faoichoinne scéil as na Sraitheanna Miotas Ceilteach ar fhoghlaimtú faoi. Seo samplaí de scéalta a thiocfadh leat a úsáid:

• TÁIN BÓ CUAILGNE• CLANN LIR

• FIONN MAC CUMHAILL & CLOCHÁN AN AIFIR• BUILE SHUIBHNE

• teideal an scéil• an tSraith Miotas lena mbaineann an scéal• léaráid de radharc ón scéal nó léaráid de charachtar nó de charachtair ón scéal.

• cur síos ar an scéal i líne amháin.

BA CHEART NA RUDAÍ SEO A BHEITH SANÁIREAMH AR AN CHLÚDACH LEABHAIR...

Is féidir an clúdach leabhair a dhearadh le Comic Life, le Microsoft Word nó le bogearraí grafaicí eile.

Mar mhalairt air seo, is féidir an clúdach leabhair a tharraingt agus a dhathú de láimh ar phíosa páipéar A4.

Más ar an ríomhaire atá tú ag déanamh an chlúdaigh leabhair, is féidir leat íomhánna a íoslódáil ón Idirlíon, nó do líníochtaí féin a dhéanamh agus iad a scanadh.

AN DÓIGH LEIS AN CHLÚDACH LEABHAIR A DHÉANAMH...

IS FÉIDIR LE DALTAÍ LITREOIREACHT AGUS OBAIRSHNAIDHME CHEILTEACH A ÚSÁID LE DEARADHCEILTEACH A CHUR AR AN CHLÚDACH LEABHAIR.

22

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINM SCÉAL ÓN RÚRAÍOCHT

MAR A TUGADH 'CÚ ULADH' AR SHETANTA

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINM

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 23: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

23

Chaith na seanscéalaithe seachtain agus an Táin á hinsint acu san oíche.

Is é Táin Bó Cuailgne an príomhscéal i gcogadh fada idir Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht. Thosaigh an cogadh de bhrí gur thréig Conchúr Mac Neasa, Rí Chúige Uladh, a bhean chéile, Méabh, Banríon Chonnacht. Ansin, phós sí EochaidDala, ach, sa deireadh, thit sí i ngrá lena garnia,Aillil. Mharaigh Aillil Eochaid sa dóigh go dtiocfadhleis a bheith ina fhear céile do Bhanríon Méabh.

TÁIN BÓ CUAILGNE

TÁIN BÓ CUAILGNECÚLRA STAIRIÚIL AN SCÉIL...

CÚLRA STAIRIÚIL AN SCÉIL...

Tarlaíonn scéalta na Rúraíochta ag am nuair nach raibh údaráslárnach nó riail lárnach in Éirinn, ach bhí an tír roinnte inaríochtaí cúige a raibh rí nó banríon i gceannas ar gach ceann acu.Tá an dearcadh ann gur tharla na himeachtaí sa Rúraíocht thartfaoin am a raibh Críost ar an saol.

Mhothaigh na daoine ag an am sin go raibh dlúthbhaint acu leisan nádúr agus d’adhradh siad a lán déithe agus bandéithepágánta éagsúla. Tá a gcuid scéalta lán de dhraíocht, de dhúcheisteanna agus de mhallachtaí.

B’fheirmeoirí iad a lán daoine san am sin a bhí beo ar an talamh. Ba mhór an meas a bhí ar laochra, ar shaoir agus ar mhná sa tsochaí seo acu. Ba de réir an líon eallaigh a bhí ag duine a cuireadh an mhaoin acu in iúl. Ba mar tháin bó a rinneadh an chogaíocht de ghnáth, nó mar chomhraic aonair ag áthanna idir laochra.

CONCHÚR MAC NEASA,RÍ CHÚIGE ULADH

Tá Táin Bó Cuailgne ar an scéal is tábhachtaí i stair na hÉireann, dar le go leor daoine.

Sa scéal, ba le hAillil, fear céile Mhéabha, an Finnbheannach nó an tarbh mór bánadharcach. Bhí eallach an-luachmhar snalaethanta sin agus siombail ar shaibhreas a bhí iontu. Ba mhaith le Méabh a bheithchomh saibhir lena fear céile, mar sin d’ionsaigh sí Cúige Uladh le Donn Cuailgne a ghoid.

Cosnaíonn Cú Chulainn Cúige Uladh leis féin, mar bhí laochra Uladh faoi thionchar mhallacht Mhacha. Ghlac Méabh an Donn Cuailgne ar ais go Connacht. Nuair a chonaican Finnbheannach an Donn Cuailgne, throid siad agus mharaigh siad a chéile.

TÁIN BÓ CUAILGNE

MÉABH, BANRÍON CHONNACHT

CAOINEANN CÚ CHULAINN I NDIAIDH DÓ ADHEARTHÁIR ALTRAMA, FIRDHIA, A MHARÚ I GCATH

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 24: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

24

LEAGANACHA ÉAGSÚLA DEN SCÉALCÉANNA A CHUR I GCOMPARÁID...Bhain an litríocht is luaithe in Éirinn le stair agus le filíocht. Cheol na chéad bhaird amhráin faoi fhinscéalta laochra agus Ríthe. Cuireadh na scéaltaseo ar aghaidh ó bhéal go béal agus ó ghlúin go glúin sular scríobhadh síos iad. Snasean-lámhscríbhinní Gaeilge tá scéalta mar ‘Táin Bó Cuailgne’, a scríobhadh i dtús báirear veilleam déanta de chraiceann lao.

Is iomaí leagan de ‘Tháin Bó Cuailgne’ atá ann ó shin. Sna leaganacha luatha, tá stílbhunúsach an phróis nó na filíochta a bhí in úsáid ag na baird le sonrú go fóill, ach sna leaganacha nua-aimseartha, úsáidtear teanga is fusa a thuiscint sa lá atá inniuann. Tugann teicneolaíocht beochana an lae inniu an deis dúinn na seanscéalta seo athabhairt chun beatha, agus iad á dtabhairt ó lámhscríbhinní ársa go dtí an scáileánmór. Ó na leaganacha éagsúla atá ann de scéal, táimid ábalta sult a bhaint as an scéalar dhóigheanna éagsúla.

Cuir an leagan beoite de Tháin Bó Cuailgne i gcomparáidle leagan téacs chlasaicigh?

Amharc ar an chlár agus léigh an sliocht as script anscannáin ón tsraith bheoite, ansin cuir i gcomparáid leis an leagan níos clasaicí é a scríobhadh in 1912, a úsáideann stíl inste agus prós.

DONN CUAILGNE:TARBH DONN CHÚIGE ULADHCad iad na gnéithe a shíleann tú atá

mar an gcéanna sa dá leagan den scéal?

Cén leagan den scéal ina bhfuil nacarachtair ag labhairt i stíl a bheadhcosúil leis an dóigh a mbeadh na luathCheiltigh ag labhairt?

Cad iad na difríochtaí idir an dóigh alabhraíonn na carachtair sa dá leagan?

1

2

3

GNÍOMHAÍOCHT

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 25: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

25

Cén leagan is fusa duit a thuiscint? Cad chuige?

Cad é an difríocht idir fad radhairc sadá leagan?

Cad é mar a chuirtear sonraí an scéil i láthair don léitheoir i ngach leagan?

4

5

Cad é an difríocht sa dóigh ina samhlaíonn tú na carachtair agus nasuíomhanna sa dá leagan?

7

6

Cé acu is fearr leat, scéal a léamh nóleagan scannáin a bhreathnú? Cad chuige?

8

LEAGANACHA ÉAGSÚLA DEN SCÉAL CÉANNA A CHUR I GCOMPARÁID...

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 26: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

26

TÁIN BÓ CUAILGNE SCRIPT SCANNÁIN

SLIOCHT AS CÚ CHULAINN, AN TSRAITH BHEOITE

RADHARC: AN LÁTHAIR CHATHA, ÁIT A BHFUIL CÚ CHULAINN INA AONAR AG TREASCAIRT FÓRSAÍ CHONNACHT NA BANRÍONA MÉABH

SCÉALAÍ: NÍ RAIBH AN LÁMH IN UACHTAR AG CEACHTAR DEN DÁ THAOBH. GACH AON LÁ CHUIRFEADH CÚ CHULAINN AGHAIDH AR LAOCH I GCOMHRAC AONAIR AGUS GACH AON LÁ BHEADH AN BUA AIGE AGUS LEAN CÚRSAÍ MAR SIN AR FEADH TAMAILL.

LÁ AMHÁIN, SCAIRT CÚ CHULAINN AMACH CHUIG FEARGHAS.

CÚ CHULAINN: CÉ ATÁ TÚ AG DUL A CHUR AMACH CHUGAM INNIU, A FHEARGHAIS? BUACHAILL ÓGEILE A GHEOBHAS BÁS LE SAINT MHÉABHA A SHÁSAMH. CÁ HUAIR A BHEIDH SÍ RÉIDH LEIS ANAMAIDÍ SEO.

FEARGHAS: TÁ SÉ AG BRATH ORTSA AMHÁIN. TIG LEAT SEASAMH AR LEATAOBH AGUS NÍ DHÉANFARDOCHAR AR BITH DUIT.

CÚ CHULAINN: DOCHAR AR BITH? CÉN MHAITH DOM A BHEITH BEO MÁ LIGIM DAOIBH A DHULTHARAM? MISE, CÚ CHULAINN, A THUG MÓID GO NDÉANFAINN AN ÁIT SEO A CHOSAINT A FHAD IS GO BHFUIL DEOR AMHÁIN FOLA FÁGTHA IONAM.

SCÉALAÍ: LEAN AN CATH AR AGHAIDH................................................................................................................

RADHARC: AR AIS AG DÚN NA BANRÍONA MÉABH

MÉABH: NACH BHFUIL ÉINNE A DTIG LEIS AGHAIDH A THABHAIRT AR AN CHÚ CHULAINN SEO?

FEARGHAS: TÁ LAOCH AMHÁIN ANN ATÁ LÁN CHOMH HOILTE LEIS.

MÉABH: AGUS CÁ BHFUIL SÉ? CAD CHUIGE NACH BHFUIL SÉ ANSEO?

FEARGHAS: NÍL FIRDHIA SÁSTA A BHEITH LINN. IS DEARTHÁIR ALTRAMA É DE CHÚ CHULAINN. TÁ GAOL EATARTHU ATÁ NÍOS LÁIDRE NÁ GAOL FOLA.

MÉABH: IMIGH LEAT ANOIS GO DTÍ AN MACHAIRE.

SCÉALAÍ: ANOIS BHÍ PLEAN AICI CHUN FIRDHIA A THARRAINGT ISTEACH I GCOMHRAC AONAIR LE CÚ CHULAINN................................................................................................................

RADHARC: AR BALL... AG DÚN BHANRÍON MHÉABHA

SCÉALAÍ: TUGANN BANRÍON MÉABH CUIREADH D’FHIRDHIA TEACHT CHUIG AN DÚN SEO AICI AGUS TUGANN SÍ FÍON AGUS FÉASTA DÓ. INSÍONN SÍ DÓ GUR LAOCH DEN SCOTH ATÁ ANN AGUS GO BHFUIL FÉASTA TOILLTE AIGE, FIÚ AGUS DAOINE EILE AG CUR DROCHCHLÚ AIR.

FIRDHIA: CÉ A BHFUIL SÉ DE DHÁNACHT ANN AS ANSEO A DHÉANAMH?

MÉABH: BHÁL ANOIS TÁ SIAD ANN A DEIR GURB É CÚ CHULAINN AN LAOCH IS FEARR IN ÉIRINN.GACH AON LÁ SEASANN SÉ AG AN ÁTH AGUS CLOÍONN SÉ NA LAOCHRA IS FEARR AGAM SAN ARM.CLUINIM Ó DHAOINE ÁIRITHE GO BHFUIL TÚ FÉIN ÁBALTA É A BHUALADH ACH DEIR DAOINE EILELIOM GO BHFUIL EAGLA ORT ROIMHE.

FIRDHIA: BÍODH DEIREADH LEIS AN CHAINT SEO UILIG. LE HÉIRÍ NA GRÉINE TABHARFAIDH MISE, FIRDHIA, AN LAOCH IS FEARR IN ÉIRINN, AGHAIDH AR CHÚ CHULAINN AG AN ÁTH.

RADHARC: AN LÁ DÁR GCIONN AR AN LÁTHAIR CHATHA

SCÉALAÍ: AN LÁ DAR GCIONN TUGANN CÚ CHULAINN AGUS FIRDHIA AGHAIDH AR A CHÉILE AR DHÁ BHRUACH NA HABHANN.

CÚ CHULAINN: A DHEARTHÁIR LIOM, CAD CHUIGE AR MHAITH LEATSA TROID LIOM?

FIRDHIA: CAITHFIDH MÉ AGHAIDH A THABHAIRT ORT AR M’ONÓIR. CUIRIMIS TÚS LEIS AGUS BÍODH A FHIOS AG ÉIRINN IOMLÁN, AN TÉ A MBEIDH AN BUA AIGE, GUR EISEAN AN LAOCH IS FEARR SA TÍR.

SCÉALAÍ: THROID SIAD AR FEADH TRÍ LÁ IOMLÁN MAR A BHEADH DEAMHAIN IONTU, IAD AG ÚSÁIDNA SCILEANNA AGUS NA N-EALAÍONA UILIG A BHÍ AR EOLAS ACU. AGUS AG DEIREADH GACH AON LÁ, THUG SIAD AIRE DÁ CHÉILE.

OÍCHE AMHÁIN I NDIAIDH AN CHATHA BHÍ SIAD INA SUÍ LE CHÉILE AGUS MHÓIDIGH SIAD GUR DEARTHÁIREACHA A BHEADH IONTU GO DEO, BA CHUMA CAD É A THARLÓDH. AN LÁ DAR GCIONN MHARAIGH CÚ CHULAINN FIRDHIA LE SLEÁ A SHÁ INA BHROLLACH.

CÚ CHULAINN: CUIREANN AN GNÍOMH SEO NÁIRE ORM. IS GEARR GO LEANFAIDH MÉ FÉIN THÚ.TCHÍM CEO AN BHÁIS OS COMHAR MO SHÚILE.

SCÉALAÍ: FUAIR MÉABH AN DONN CUAILGNE SA DEIREADH ACH IS BEAG A BHÍ AICI DÁ BHARR.BHÍ AN DONN AG TROID LE TARBH EILE AGUS FUAIR SÉ FÉIN BÁS. MAR SIN COGADH IN AISCE A BHÍ ANN.

AN CHRÍOCH

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 27: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

27

TÉACS INSINTE AGUS PRÓSSLIOCHT AS TÁIN BÓ CUAILGNE

Tá an dréacht seo a leanas ar cheann de na haistriúcháin a rinneadh den scéal. Glactar an sliocht as an chath idir Cú Chulainn agus Firdhia agus cuireann sé síos ar an bhomaite a mharaíonn Cú Chulainn Firdhia le caitheamh marfach dá shleá draíochta,An ‘Ga Bolga’.

Acus atchuala Fer diad in n-gae m-bolga d'imrád. Ra bert béim din scíath sís d'anacul ích-tair a chuirp. Boruaraid Cuchulaind in certgae, delgthi do lár a dernainni dar bil insceíth & dar brollach in chonganchnis, gor boróen in leth n-alltarach de ar tregtad a chride nachlíab. Ra bert Fer diad béim din scíath súasd'anacul uactair a chuirp, giarb í in chobair iarn-assu. Da indill in gilla in n-gae m-bolga risinsruth, & ra ritháil Cuchulaind illadair a chossi &tarlaic rout n-urchoir de bar Fer nh-diad, co n-dechaid trisin fuathbhróic n-imdanhgin n-imdomain n-iarnaide do iurn athlegtha, gorróebris in muadchloich máir méiti clochimulind i trí, co n-dechaid dar timthirecht achuirp and, gor bho lán cach n-alt & cach n-ágede, dá forrindib.

Leor sain bhadesta ale, bar Fer diad, darochar-sa de sein. Acht atá ní chena, is t(r)énunnsi as do deiss, acus nír bo chóir dait mothuttimsea dot láim. Is amlaid ra bói ga rád & ra bert na briathra:

A Chú na cless cain, nír dess dait mo guin, lett in locht rom len, is fort ra fer mh'fuil.

Ni lossat na troich recait bernaid m-braith, as galar mo guth, uch doscarad scaith.

Mebait mh'asnae fuidb, mo chride-se is crú,nimath d'ferus baíg, darochar a Chú.

TÁIN BÓ CUAILGNESEANLEAGAN GAEILGE

ARMOUR: COVERING WORN TO PROTECT THE BODYAGAINST WEAPONSBARBS: SHARP POINT OF A WEAPONBOSOM: THE CHEST AREA OF A HUMANCAST: TO THROWCORSELET: BODY ARMOUR, ESPECIALLY A BREASTPLATEFEATS: EXCEPTIONAL ACTS, SUCH AS COURAGEOUS OR SKILLFUL DEEDS GAE BULGA: A DEADLY MAGICAL SPEAR CÚ CHULAINN OWNED WHICH OPENED UP INSIDE THEBODY INTO MANY SHARP BARBSGILLA: SERVANTGORE: TO PIERCE OR STAB, BLOOD FROM AWOUNDHORN-SKIN: TOUGH SKINMEED: A MERITED GIFT OR WAGEMILLSTONE: A HEAVY WEIGHT OR BURDEN

SLAIN: KILLED VIOLENTLYSMITTEN: ATTACKED OR DESTROYED BY BLOWSFROM A WEAPONSPAKE: SPOKESUFFICETH: IS ENOUGH TO ACCOMPLISH THETASKTREADS: TO WALK OR TRAMPLETREASON'S GAP: A BOUNDARY WHICH WHENCROSSED MEANT A BETRAYAL OF TRUST AND LOYALTY'TWAS: IT WASUTTERED: TO SPEAK OR CRY OUTVISIBLE: CAN BE SEEN BY THE EYESWRETCH: A MEAN OR DESCPICABLE PERSON OROPPONENTWROUGHT IRON: IRON WHICH WAS MADE TO BEEASY TO CARRY

FOCAIL NUA

Ferdia heard the Gae Bulga called for. He thrusthis shield down to protect the lower part of hisbody. Cuchulain gripped the short spear, cast itoff the palm of his hand over the rim of the shieldand over the edge of the corselet and horn-skin,so that its farther half was visible after piercinghis heart in his bosom. Ferdiagave a thrust of his shield upwards to protect theupper part of his body, though it was help thatcame too late. The gilla set the Gae Bulga downthe stream, and Cuchulain caught it in the forkof his foot, and threw the Gae Bulga as far as hecould cast underneath at Ferdia, so that itpassed through the strong, thick, iron apron ofwrought iron, and broke in three parts the huge,goodly stone the size of a millstone, so that it cutits way through the body's protection into him, till every joint and every limbwas filled with its barbs.

"Ah, that now sufficeth," sighed Ferdia: "I amfallen of that! But, yet one thing more: mightilydidst thou drive with thy right foot. And 'twas notfair of thee for me to fall by thy hand." And he yetspake and uttered these words:

"O Cu of grand feats, Unfairly I'm slain! Thy guilt clings to me; My blood falls on thee!

"No meed for the wretch Who treads treason'sgap. Now weak is my voice; Ah, gone is mybloom!

"My ribs' armour bursts, My heart is all gore; I battled not well; I'm smitten, O Cu!

TÁIN BÓ CUAILGNESEANLEAGAN BÉARLA

English translation by Joseph Dunn (1914) with the Irish transcription by Ernst Windisch (1905.)

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 28: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

28

AN COSÁN SCÉILCuir carachtair agus suíomh i láthair. Leag síos an mothú.

SUÍOMHCá huair a tharlaíonn an scéal?

Cá háit a dtarlaíonn sé?Cad iad na sonraí a tharraingíonn d’aird agus a leagann síos mothú an scéil?

CARACHTAIRCur síos ar charachtair éagsúla an scéil,

cur síos, mar shampla, ar chuma,ar aois agus ar iompar.

Cad é is féidir leo a dhéanamh?Cad iad na láidreachtaí agus na pointí maithe atá acu?

Cad iad na laigí agus na lochtanna atá orthu?Cad chuige ar mhaith leo an fhadhb a réiteach?

1. TÚS

Réamhimeachtaí don fhadhb.Scríobh faoi roinnt de na himeachtaí

a tharlaíonn.Tá na carachtair ag dul a dhéanamh rud éigin

a tharraingeoidh fadhb.

2. PLOTA

Tá fadhb ann.Téann rud éigin as ord.

Thiocfadh gur mistéir nó troid atá ann.An rud uafásach é?Déan cur síos air.

3. FADHB

Réitítear an fhadhb ar dhóigh éigin.Cé a bhuann an streachailt?Cuirtear gach rud i gceart.

Cuir síos ar cad é mar a dhéantar seo.

4. RÉITEACH

Smaoinigh ar gach rud a tharla.Cad é atá foghlamtha?

Ar athraigh na carachtair?

5. CLABHSÚR

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 29: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

29

TÁIN BÓ CUAILGNE -COSÁN SCÉIL

Sa ghníomhaíocht seo,is é an tasc atá agat ná cosán scéil an fhinscéil ‘Táin Bó Cuailgne’ a chomhlánú.

Amharc ar an chlár ón tsraith bheoite, Cú Chulainn suladtosaíonn tú ar an ghníomhaíocht seo.

Cuir carachtair agus suíomh i láthair. Leag síos an mothú.

Cá huair a tharlaíonn an scéal?

Cá háit a dtarlaíonn sé?

Cad iad na sonraí a tharraingíonn d’aird agus a leagann síos mothú an scéil?

TÚS

SUÍOMH

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 30: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

DRESS THE CUR SÍOS AR CHARACHTAIR AN SCÉIL.Cur síos, mar shampla, ar chuma, ar aois agus ar iompar. Cad é is féidir leo a dhéanamh?Cad iad na láidreachtaí agus na pointí maithe atá acu? Cad iad na laigí agus na lochtannaatá orthu? Cad chuige ar mhaith leo an fhadhb a réiteach? An bhfuil siad maith nó olc, ina laoch nó ina mbithiúnach? An gcuidíonn siad le carachtareile? An mórcharachtar nó mioncharachtar iad?

CÚ CHULAINN

MÉABH, BANRÍON CHONNACHT

FEARGHAS

CAILLEACH

IS FIACH DUBH É RÍ LÚGH FAOI BHRÉAGRIOCHT

FIRDHIA

30

PRÓIFÍLÍ CARACHTAIR

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 31: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

Scríobh faoi chuid de na himeachtaí a tharlaíonn. Tá na carachtair ag dul a dhéanamhrud éigin a tharraingeoidh fadhb.

31

1. PLOTA

Tá fadhb ann. Téann rud éigin as ord. Thiocfadh gur mistéir nó troid atá ann. An rud uafásach é? Déan cur síos air.

2. FADHB

Réitítear an fhadhb ar dhóigh éigin. Cé a bhuann an streachailt? Cuirtear gach rud i gceart. Cuir síos ar cad é mar a dhéantar seo.

3. RÉITEACH

Smaoinigh ar gach rud a tharla. Cad é atá foghlamtha? Ar athraigh na carachtair?

4. CLABHSÚR

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 32: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

Níor scríobh na ceiltigh ársa a gcuid staire ná a gcuid dlíthe.Ina áit sin, d’fhoghlaim siad de ghlanmheabhair iad i ndánta liriciúla fada a bhíodh á n-aithris ag na baird (filí), i dtraidisiún a lean na Seanchaithe. Cuireadh a lánscéalta ar aghaidh ó Sheanchaí go Seanchaí gan iad a scríobh síos ar chor ar bith.

Ba scéalaí an tsráidbhaile é an Seanchaí a chaomhnaigh scéalta agus traidisiúin na hÉireann. Bhí an bua aige scéalta agus traidisiúin a athinsint go beacht agus iad a chur i láthair an lucht éisteachta ar dhóigh thaitneamhach.

In amanna b’imeachtaí stairiúla iad na scéalta a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúinnó, ó am go ham, scéalta bréagacha a bhí iontu a cumadh díreach ar an toirt.

Ba ghiollaí iad na seanchaithe i seirbhís thaoisigh na treibhe agus thaifead siad faisnéis thábhachtach ar son a gclainne. Ba mhór an meas a bhí orthu ina gclann.Rinne siad aithris ar a gcuid scéalta agus finscéalta ag searmanais agus ar ócáidíspeisialta.

Ní raibh baint ag cuid de na seanchaithe le clann ar bith agus thaistil siad ó phobalgo pobal, ag insint scéalta agus finscéalta ar luach béile nó ar lóistín oíche. Tháinigna comharsana ó na feirmeacha agus ó na pobail in aice láimhe agus thug siad bia leole cruinniú le chéile le héisteacht leis na scéalta draíochta. Scéalta a raibh go leorden fhírinne iontu lena ndéanadh sochreidte agus a raibh glóir an tsaoil fhantaisighiontu lena ndéanamh siamsúil.

Baineann an Seanchaí agus an ról speisialta agus an bua atá aige le saol na Gaeltachtaden chuid is mó.

Tá na scéalta a bhí ag na Seanchaithe fadó scríofa síos anois agus tá siad foilsithe i leabhair agus ar shuíomhanna idirlín. Sna laethanta seo, baineann daoine ar fud andomhain sult as a gcuid scéalta.

Sa lá atá inniu ann, ag ócáidí amhail Féile na gCleamairí ag Cnoc Breac, Contae naGaillimhe agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann, bíonn scéalaithe ann a insíonn na miotaisagus na finscéalta ón sean-ám ag úsáid stíl speisialta na scéalaíochta ar nós na Seanchaithe. Glacann cuid acu páirt i gcomórtais le duaiseanna a bhaint.

AN SEANCHAÍ& EALAÍN NA SCÉALAÍOCHTA

Ciallaíonn an focal ‘seanchaí’ duine a bhfuil seanscéalta(seanchas) aige. Is é an focal a thugtar ar an té a insíonnscéalta é. Is é Seanchaithe an focal a úsáidtear nuair atáníos mó ná Seanchaí amháin ann.

Coinníonn an carachtar, an Seanathair, finscéalta Chú Chulainn beo trína chuid scéalaíochta.

32

NA SEANCHAITHE SA LÁ ATÁ INNIU ANN

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 33: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

AR CHUALA TÚ AN CEANN SEO?GNÍOMHAÍOCHT SCÉALAÍOCHTA Ó BHÉAL

33

Ainm do charad:

Cad chuige a bhfuil an scéal grinn greannmhar?

Scríobh an scéal grinn ANSEO...

CAD É AN DIFRÍOCHT IDIR SCÉALTA A INSINT Ó BHÉAL AGUS SCÉALTA A SCRÍOBH I LEABHAIR?

Cad iad na dóigheanna a bhfuil na scéalta á n-insint mar an gcéanna?

Cad iad na dóigheanna a bhfuil na scéalta á n-insint ar bhealaí éagsúla?

Cé acu stíl scéalaíochta is fearr leat agus cad chuige?

Aois do charad:

AG OBAIR I MBEIRTEANNA, IARR AR DO CHARA RUD ÉIGIN GREANNMHAR A INSINT DUIT, SCÉAL GRINN MAR SHAMPLA.

Inis an scéal grinn ar bhealaí atá siamsúil, mar shampla:Úsáid comharthaíocht choirp le cuidiú leis an scéal a insint,Úsáid gothaí gnúise le mothúcháin éagsúla na gcarachtar a chur in iúl,Úsáid blasanna nó guthanna difriúla do na carachtair éagsúla,Athraigh ton an ghutha le mothú an scéil a athrú.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 34: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

STÍL INSTEIs é an scéalaí an té a “insíonn” an scéal. Ba é an carachtar, an Seanathair, ón tsraithbheoite, Cú Chulainn an scéalaí sa scéal.

34

Nuair atá carachtar ón scéal féin ag insint anscéil, tá INSINT SA CHÉAD PHEARSA ANN.Ligeann seo don léitheoir a fhios a bheith aigecad é atá in intinn carachtair. Scríobhtar gachdírbheathaisnéis sa chéad phearsa. Faightear‘mé’ agus ‘muid’ go coitianta mar fhorainm ininsint sa chéad phearsa.

Nuair atá an scéalaí ag cur síos ar an phríomhcharactar le forainm sa dara pearsa,amhail ‘tú’, tá INSINT SA DARA PEARSAANN.

Nuair atá duine nach bhfuil sa scéal féin ag insint an scéil, tá INSINT SA TRÍÚPEARSA ANN. Insíonn sé nó sí an scéal. Is é seo an cineál scéalaíochta is coitianta sa lá atá inniu ann.

Thug mé ar mo dhraoithe briocht a chur le chéile a chuirfeadh suan codlata ar airm Uladh.

Thit gach duine ina chodladh mar gheall ar an bhriocht ach amháin tusa.

Throid Cú Chulainn ina aonar i gcoinne an airm ionsaithigh.

Chuaigh tú a fhad le Méabh lena insint di go raibh a fhios agat an dóighleis an lámh in uachtar a fháil ar Chú Chulainn.

Níl laoch ann atá chomh hoilte liomsa in ealaíona na cogaíochta.

Fuair Méabh an tarbh ar deireadh ach ní bhfuair sí tairbhe ar bith asmar throid an tarbh le tarbh eile agus fuair sé féin bás.

In amanna scríobhtar leabhar ó dhearcadhcarachtair.

I bhfocail eile, is é an carachtar atá ag insintan scéil, amhail is gur scríobh sé féin é, mar a scríobhadh an leabhar sa chéad phearsa, i.e.mé, muid, sinn srl.

INSINT SA CHÉAD PHEARSA:Throid mé an cath. Throid mo chomhlaochra in éineacht liom.

INSINT SA DARA PEARSA:Throid tú an cath. Throid do chomhlaochra in éineacht leat.

INSINT SA TRÍÚ PEARSA:Throid Cú Chulainn an cath. Throid a chomhlaochra in éineacht leis.

Scríobh cén cineál insinte atá in úsáid sna habairtí thíos. 1ú pearsa? 2ú pearsa? nó 3ú pearsa? Scríobh an uimhir sa bhosca.

Cleacht abairtí a scríobh ar leathanach páipéir sa chéad phearsa, sa dara pearsaagus sa tríú pearsa. Scríobh 3 abairt i ngach stíl.

CLEACHTADH STÍL INSTE

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 35: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

TAOBH EILE AN SCÉIL... DÉANAMH GREANNÁIN GNÍOMHAÍOCHT TFC

35

Is féidir greannáin adhéanamh ar ríomhaire le bogearraí amhail Comic Life nó Microsoft Word. Is féidirgo gcuirfidh an múinteoiríomhánna ar fáil duit, nó isféidir leat iad a íoslódáil ónidirlíon, nó iad a tharraingtagus a scanadh ar anríomhaire. Is féidir greannáina dhéanamh fosta ar pháipéarle teimpléad greannáin.

ÚSÁID BOSCAÍ TÉACS AMHAIL ANCEANN SEO LE HINSINT A CHUR

LEIS AN SCÉAL AGUS LE TUILLEADH EOLAIS A THABHAIRT DONLÉITHEOIR FAOIN SCÉAL.

Inis an scéal ‘Táin Bó Cuailgne’ arís ó dhearcadh na banríona Méabh nó ó dhearcadhmioncharachtair. Smaoinigh faoi cén stíl inste a úsáidfidh tú.

Lig do dhuine de nacarachtair seo anscéal a insint ónadhearcadh féin.Smaoinigh ar a leagansiúd de na himeachtaí. Cad iad na smaointeagus na mothúcháin a bhí ag an charachtar? Cad iad na rudaí a spreag an carachtar? Cad iad na tréithe dá phearsantacht nach bhfaca muid go fóill?

DO THASC

BANRÍON MÉABH

FEARGHAS

CAILLEACH FIRDHIA

RÍ LÚGH FAOI RIOCHTFIACH DUBH

ÚSÁID BOLGÁIN SMAOINTELENA LÉIRIÚ CAD É ATÁ IN

INTINN CARACHTAIR.

ÚSÁID BOLGÁINCHAINTE FAOI CHOINNE

COMHRÁ.

ÚSÁID NA RUDAÍ SEO FAOICHOINNE UAILLBHREASA

GLÓRACHA!

Úsáid do bhileog oibre chomhlánaithe Cosán Scéil mar chuidiú le do ghreannán...Cinntigh go bhfuil na comhpháirteanna seo san áireamh i do ghreannán

TÚS PLOTA FADHBRÉITEACH CLABHSÚR

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 36: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

TEIMPLÉAD GREANNÁIN

36

AINM:

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 37: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

CÚ CHULAINN: LAOCH CEILTEACH

37

Is minic go mbíonn a lán cosúlachtaí leis na laochra a fhaightear i miotais agus finscéalta ó gach cearn den domhan. Is gnáchbreith neamhchoitianta a bheith acu, go minic le máthair saoltaagus athair diaga. Go luath ina saol de ghnáth a thaispeánannsiad go bhfuil cumhachtaí osdaonna acu. De ghnáth, bíonn an bua acu ina gcoimhlintí, agus amanna mealltar iad le feall nó le cleasaíocht. Is minic a bhíonn mistéir mhór agbaint le cérbh iad tuismitheoirí an laoich, agus faigheann sé bás de ghnáth agus é i mbláth a mhaitheasa.Féiníobairt uasal a bhíonn i gceist de ghnáth.

Is é Cú Chulainn, b’fhéidir, an sampla is fearr de laoch Ceilteach dá raibh ann riamh. Agus iad ag ceapadhlaoch Ceilteach ina dhiaidh, d’úsáid scríbhneoirí arís agus arís eile go leor de na tréithe a d’fhág gur laochmór a bhí ann.

LAOCHRA GAISCIÚLA Sochaí treibhe agus gaiscígh a bhí sa tsochaí Cheilteach. Bhí ardmheas ar laochra, aguschruthaigh siad a bhfiúntas i gcathanna. Dá bharr sin tá cáil ar mhiotais Cheilteacha asa laochra a léiríonn uaisleacht,scil agus mórghníomhartha.

MISNEACH & LÁIDREACHTIs iad misneach agus láidreachtfhisiciúil príomhthréithe anlaoich Cheiltigh. Dhéanadh anlaoch Ceilteach iarracht i gcónaía chur in iúl go raibh sé ganeagla, go háirithe i rith catha.D’fhéadfadh mná Ceilteacha abheith lán chomh cróga.

BREITH DHRAÍOCHTA Tá mistéir ag baint le scéal bhreith Chú Chulainn, agus cuntas ann ar a shliocht sa saolseo agus sa saol eile araon. D’imigh Dechtire,a mháthair dhaonna, as radharc le draíocht ag cóisir oíche amháin. Tugadh go domhan na ndéithe í, áit ar rugadh páiste di agus den mhórdhia Lugh. Bliain níos moille, agusDechtire ag breith Shetanta, ar a dtabharfarCú Chulainn ar ball, beirtear dhá shearrach de láir taobh amuigh. Is iad na searraigh seo a bheidh ina gcapaill charbaid ag Cú Chulainn.

CUMHACHTAÍ OSNÁDÚRTHA Is iomaí tréith agus cumhachtosnádúrtha ag Cú Chulainn.Dúradh go raibh seacht macimrisc i ngach súil aige, agusseacht méar ar gach cos aguslámh. Agus an riastradh (buile

chatha) air, bholgadh leathshúilleis amach as a cheann!

SMACHT INTINNEIs minic smacht mór ag laochra Ceilteacha ar a n-intinn. Sa scéal‘Táin Bó Cuailgne’ is é Cú Chulainn an t-aon Ultach nach dtéann mallacht Mhacha i bhfeidhm air.

DEA-CHLÚIs ríthábhachtach le laochra Ceilteachaa ndea-chlú féin,agus léiríonn siad an tábhacht seo trí iompar uasal, trí gheallúintí a chomhlíonadh agus trí dhílseacht i leithcairde.

MÓRTASThaispeáin laochra an mórtas Ceilteachroimh chathanna nuair abheadh siad ag maíomhlena chéile comhraic asan neart agus an scil abhí acu féin. Bheadh anmaíomh seo ina chuidiúle muinín an laoichCheiltigh a mhéadú agusle scanradh a chur ar a chéile comhraic.

DÓIGHIÚIL AGUS OILTEDe ghnáth bhíodh an laoch Ceilteach dóighiúil, éirimiúil, oilte, deisbhéalachagus b’iomaí bua a bhíodh aige. Faigheann Cú Chulainn oiliúint ar bheith inaóráidí mór ó Shencha, file; foghlaimíonn sé ealaíona draíochta ó Amergin,draoi; agus téann sé a chónaí istigh san Eilean Sgitheanach, oileán leScathach, banlaoch, le healaíona na cogaíochta a fhoghlaim.

SCATHACH, BANLAOCH

LUGH, ATHAIROSNÁDÚRTHACHÚ CHULAINN

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 38: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

PRÓIFÍL SÁRLAOICHDéan próifíl de dhuine de na sárlaochra is fearr leat.Luaigh a oiread rudaí agus is féidir leat sa chur síos.

CUMHACHTAÍ SPEISIALTA...

FÉINIÚLACHT RÚNDA...

EACHTRA SÁRLAOICH IS IOMRÁITÍ...

CÚ CHULAINN V. SÁRLAOCH

FAOI DHEARGNAMHAID AN TSÁRLAOICH...

38

Cé a bhainfeadh i gcomhraic idir do shárlaoch agus Cú Chulainn? Cad chuige?

Cad iad na difríochtaí idir do shárlaoch agus Cú Chulainn? Smaoinigh ar a dtuismitheoirí, ar a gcúlra, ar thréithe a bpearsantacht, ar a gcumhachtaí nó scileanna speisialta, ar réada nó airmdhraíochta.

Cad iad na cosúlachtaí idir do shárlaoch agus Cú Chulainn? Smaoinigh ar a dtuismitheoirí, ar a gcúlra, ar thréithe a bpearsantachta, ar a gcumhachtaí nó scileanna speisialta, ar réada nó airm dhraíochta.

AINM AN TSÁRLAOICH:

PICTIÚR DEN SÁRLAOCH

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 39: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

GREANNÁINMHIOTAIS AGUSFINSCÉIL

39

Is é an tasc atá agat miotas nó finscéal nuaa scríobh agus leagan stiallghreannáin denscéal a dhéanamh. Tá cead agat scéal iomlánúrnua nó leagan nua-aimseartha de mhiotasnó d’fhinscéal traidisiúnta a chumadh.

CÉIM 1: Déan cinneadh cé acu miotas nó finscéal atá tú ag dul a scríobh. Tugannmiotais faoi mhíniú a thabhairt ar fheiniméan nádúrtha agus is minic carachtair ón saol eile iontu. De ghnáthbíonn finscéalta bunaithe ar fhíricí stairiúla, amhail na Sean-Cheiltigh a mhair sa domhan i ndáiríre.

CÉIM 2: Cuir tús le pleanáil do scéil tríd an bhileog oibre Réabóir Miotais a chomhlánú lena chinntiú go mbeidh comhpháirteanna riachtanacha miotais san áireamh i do scéal.

CÉIM 3: Anois, comhlánaigh an bhileogoibre Próifíl Laoich le cuma agus le hiompar do laoich a phleanáil.

CÉIM 4: Ar deireadh, comhlánaigh anbhileog oibre Cosán Scéil le do scéal ascríobh agus cinntigh go bhfuil tús, plota,fadhb, réiteach agus clabhsúr i do scéal.Úsáid an bhileog oibre seo le suíomh doscéil agus leis na carachtair éagsúla aphleanáil.

DO SCÉAL A PHLEANÁIL...

Is féidir greannáin a dhéanamh ar ríomhaire le bogearraí amhail Comic Life nó Microsoft Word. Is féidir pictiúir a íoslódáil ón Idirlíon, a tharraingt agus a scanadh,nó an dá rud le chéile. Is féidir greannáin a dhéanamh fosta ar pháipéar agus teimpléad greannáin in úsáid agat.

DÉANAMH AN GHREANNÁIN

Úsáid céadlínte maithe le tús a chur le do scéal. Cuimhnigh go gcuirfidh cur síosmionsonraithe ar charachtair, áiteanna agus eachtraí leis an sult a bhainfidh léitheoiras an scéal.

CÉADLÍNTE MAITHE

Fadó, fadó, sula raibh aois mhór ag andomhan...

Bhí ré ann seal nuair...Na blianta fada ó shin...

Sula raibh an domhan mar atá anois...Seans gur chuala tú...Is eachtra é seo...

Mar a Chuala Mise é...

LÍNTE LEANÚNA

Ansin, mar a bheadh draíocht air...Gó díreach nuair a bhí cuma mhaith

ar gach rud...Bhí sé dochreidte...

Níorbh fhéidir leis na daoine an rud a thit amach a chreidiúint...

Is mar seo a bhí sé...Aisteach go leor...

ROINNT LEIDEANNA DEIRIDH SCRÍBHNEOIREACHTA...

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 40: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

40

RÉABÓIR MIOTAIS... COMHPHÁIRTEANNA MIOTAIS

CÉ ACU CINN DE NACOMHPHÁIRTEANNA MIOTAIS SEO A LEANASATÁ SA MHIOTAS AGAT?

An bhfuil laoch sa scéal? Cuir síos ar an laoch agus ar a chúlra.LAOCHRA EIPICIÚLA

CUMHACHTAÍ SPEISIALTA NA LAOCHRA

TOSCA LAOCHRA

BITHIÚNAIGH FHEALLTACHA

An bhfuil cumhachtaí speisialta, scileanna, nó réadspeisialta, mar shampla, claíomh draíochta ag an laoch?Déan cur síos air.

An bhfuil bithiúnaigh ar bith ann? Thiocfadh gur namhaid, rógaire, nóduine olc é an bithiúnach, nó duine a dhéanann coireanna, nó go simplíduine atá ina mhaistín. Déan cur síos air.

Ainm an dé nó an bhandé:

Ainm an dé nó an bhandé:

Cad é an cúram a luaitear leo mardhéithe?

Cad é an cúram a luaitear leo mardhéithe?

Cur síos:

Cur síos:

DÉITHE NEARTMHARA

An dtugann an laoch faoi thasc atá dodhéanta nó an dtéann sé ar thuras contúirteach le réad beannaithe a aimsiú nó leis an lámh in uachtar a fháil ar namhaid scanrúil. Déan cur síos air.

An bhfuil dia nó bandia sa scéal?

Ainmhí: Feidhm an ainmhí: Saintréithe neamhghnácha ar bith:

AINMHITHE MIOTASACHA An bhfuil ainmhí fantaiseach sa scéal?

Ainm an chleasaí: An bhfuil scileanna nó cleasaspeisialta aige?

Cur síos:

CLEASAITHE An bhfuil carachtar ann ar breá leis cleasa a imirt nó ar féidir leis cló a mhalartú?

TEACHTAIREACHT AN SCÉIL Cad chuige ar insíodh an scéal seo, dar leat? An bhfuil teachtaireacht ann?An dtugann an scéal míniú ar fheiniméan nádúrtha, an insíonn sé dúinn andóigh le muid féin a iompar, an dteagascann sé ceacht dúinn nó an gcuireannsé ar an eolas muid faoi shochaí fadó?

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 41: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

CUMHACHTAÍ NÓ ÁBALTACHTAÍ SPEISIALTA...

Cad iad na tréithe atá ag an laoch? Mar shampla, an bhfuil sé uasal, láidir, uaibhreach,dóighiúil, éirimiúil? An cara maith é?

PEARSANTACHT DO LAOICH...

An bhfuil féiniúlacht rúnda ag an laoch? An raibh tuismitheoirí diaga ag an laoch? An raibh taispeántas luath dá chumhachtaí aige?

CÚLRA DO LAOICH...

Má tá, cuir síos uirthi ...

AN BHFUIL FÉINIÚLACHT RÚNDA AG AN LAOCH?

Claíomh draíochta, mar shampla. Cuir síos ar a mhodh oibre...

AN ÚSÁIDEANN AN LAOCH RÉADA SPEISIALTA AR BITH?

PRÓIFÍL LAOICHCé atá ag dul a bheith ina laoch i do mhiotas nó i d’fhinscéal?

AINM AN TSÁRLAOICH:

PICTIÚR DEN SÁRLAOCH

PICTIÚR DE RÉAD AR LEITH A ÚSÁIDEANN AN LAOCH.

41

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 42: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

42

COSÁN SCÉIL

SUÍOMHCá huair a tharlaíonn an scéal?

Cá háit a dtarlaíonn sé?

Cad iad na sonraí a tharraingíonn d’aird agus a leagann síos mothú an scéil?

TÚS CUIR CARACHTAIR AGUS SUÍOMH I LÁTHAIR. LEAG SÍOS AN MOTHÚ.

TARRAING PICTIÚR DE PHRÍOMHSHUÍOMH AN SCÉIL.

ÚSÁID AN BHILEOG OIBRE SEO LE DO SCÉAL A PHLEANÁIL.

TEIDEAL AN SCÉIL:

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 43: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

DRESS THE CUR SÍOS AR CHARACHTAIR AN SCÉIL.Cur síos, mar shampla, ar chuma, ar aois agus ar iompar. Cad é is féidir leo a dhéanamh? Cad iad na láidreachtaí agus na pointí maithe atá acu? Cad iad na laigí agus na lochtanna atáorthu? Cad chuige ar mhaith leo an fhadhb a réiteach? An bhfuil siad maith nó olc, ina laoch nó ina mbithiúnach? An gcuidíonn siad le carachtar eile?

An mórcharachtar nó mioncharachtar iad?

PRÓIFÍLÍ CARACHTAIR

43

CUIR SÍOS AR CHARACHTAIR...

CÚ CHULAINN

PICTIÚIR AGUS AINM NA GCARACHTAR...

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 44: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

Réamhimeachtaí. Scríobh faoi roinnt de na himeachtaí a tharlaíonn. Tá na carachtairag dul a dhéanamh rud éigin a tharraingeoidh fadhb.

1. PLOTA

Tá fadhb ann. Téann rud éigin as ord. Thiocfadh gur mistéir nó troid atá ann. An rud uafásach é? Déan cur síos air.

2. FADHB

Réitítear an fhadhb ar dhóigh éigin. Cé a bhuann an streachailt? Cuirtear gach rud i gceart. Cuir síos ar cad é mar a dhéantar seo...

3. RÉITEACH

Smaoinigh ar gach rud a tharla. Cad é atá foghlamtha? Ar athraigh na carachtair?

4. CLABHSÚR

44

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 45: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

GLUAISAN tAOS DÁNA. Bhí an tAos Dána, nó an lucht ealaíon agus léinn, ar chéim amháin níos ísle ná na móruaisle i sochaí na gCeilteach. San áireamh san aicme seo bhí daoine proifisiúntaa raibh scil, friotal agus eolas ealaíne acu. Bhí reachtóirí, dochtúirí, ceoltóirí, filí agus firchráifeacha, na draoithe, ina mbaill den aicme seo.

BEOWULF. Is é Beowulf an dán eipiciúil is faide sa Sean-Bhéarla, an teanga a labhraítí i Sasana na nAngla-Shacsanach roimh choncas na Normannach. Tá sé ar na saothair is clúitísan fhilíocht Angla-Shacsanach, agus insíonn sé scéal iontach faoi streachailt idir Beowulf,an laoch, agus arracht fuilchíocrach darb ainm Grendel.

TÁIN BÓ CUAILGNE. Táin Bó Cuailnge a thugtar ar an scéal is cáiliúla sa Rúraíocht. Scéalatá ann faoi Mhéabh, banríon údarásach Chonnacht, agus a feachtas leis an Donn Cuailgne a ghabháil ó na hUltaigh.

SRAITHEANNA MIOTAS CEILTEACH. Is féidir an mhiotaseolaíocht Éireannach a rangú ina ceithre ghrúpa: na Scéalta Miotaseolaíochta, an Rúraíocht, Scéalaíocht na Ríthe agus an Fhiannaíocht.

CLANN LIR. Scéal ó na Scéalta Miotaseolaíochta. Insíonn an scéal tragóideach seo faoindóigh ar tiontaíodh páistí Lir ina n-ealaí go ceann 900 bliain mar gheall ar roghnú rí úr doThuatha Dé Danann.

FADHB. Constaic atá i bhfadhb scéil; téann rud éigin as ord. Thiocfadh gur mistéir, troid nó rud éigin uafásach í.

FABHALSCÉAL. Scéal, atá gearr agus simplí de ghnáth, a léiríonn ceacht (go minic bíonnainmhithe mar charachtair ann), mar shampla ‘An Buachaill a scaip Scéal Chailleach anUafáis’, ('The Boy Who Cried Wolf’).

AN FHIANNAÍOCHT. Baineann an Fhiannaíocht, ceann de na Sraitheanna Miotas Ceilteach,leis na heachtraí a bhí ag Fionn Mac Cumhail agus a chuid laochra, na Fianna. Ba ghrúpa finscéalach laochra iad na Fianna a chosain Éire agus Albain agus a choinnigh an áit in ordagus faoi smacht.

GILGAMESH. Fíordhuine stairiúil a bhí in Gilgamesh, rí Uruk a bhí ag rialú timpeall 2700RCh.Ba dheamhan é a athair a ghlac foirm rí Uruk, agus ba í an bandia Ninsun (spéirbhean bó allta)a mháthair. Bhí neart osdaonna in Gilgamesh agus bhí dhá thrian de ina dhia agus trian amháinde ina dhuine. Is ón tSean-Mheaspatáim a tháinig a scéal (áit a bhfuil an Iaráic anois).

EARCAIL. Leathdhia Gréagach ar mhac le bean darbh ainm Alcmene agus leis an dia Séas é.Ba mhó clú air as a láidreacht osdaonna. Tugtar cuntas ar na scéalta is iomráití faoi in ‘Dhá Shaothar Déag Earcail’.

SCÉALAÍOCHT NA RÍTHE. Ceann de na Sraitheanna Miotas Ceilteach. Is cnuasach debhreis agus céad scéal a bhaineann le rithe finscéalacha na hÉireann í Scéalaíocht na Ríthe.Tugtar an tSraith Stairiúil uirthi chomh maith.

FINSCÉAL. Is iad finscéalta na scéalta a bhaineann le stair pobail ón aimsir fadó.

LÁCA. Dia Gearmánach na gcleas a bhí i Láca. Bhí sé rud beag cosúil leis an dia GréagachHeirméas. Lena chuid cleasaíochta a éascú, d’fhéadfadh sé é féin a thiontú ina láncruthanna éagsúla, a raibh cruth cailín ina measc, dá mba mhian leis.

MIOTAS. Scéalta cumtha a mhíníonn rud éigin faoin domhan nádúrtha. Léitear go minic i miotais faoi dhéithe agus bhandéithe agus charachtair osnádúrtha eile a bhfuil anchumhacht acu rudaí neamhchoitianta a dhéanamh.

MIOTASEOLAÍOCHT. Cnuasach de mhiotais.

45

LEABHAR SAOTHAIR DALTA

Page 46: CLÁR - Curriculum | CCEA...THOR LOKI LEABHAR SAOTHAIR DALTA 8 Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlán agus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí

GLUAIS

46

NA SCÉALTA MIOTASEOLAÍOCHTA. Ceann de na Sraitheanna Miotas Ceilteach, snascéalta miotaseolaíochta tá tagairt déanta do na hionraí a rinne clanna ó shaolta eile arÉirinn. Tá cur síos déanta ar na hionraí seo sa Lebor Gabála.

AINMHITHE MIOTASACHA. Bíonn ainmhithe miotasacha sa chuid is mó de mhiotais agusfhinscéalta, amhail arrachtaí scanrúla, a gcaithfidh an laoch an lámh in uachtar a fháilorthu. Glacann ainmhithe miotasacha a lán foirmeacha, is féidir le roinnt acu a bheith scanrúil cosúil le fathach na dtrí cheann a bhíonn ar a aire ag geata Ifrinn, agus tig le cuidacu a bheith cineálta.

TÚS. Cuireann tús scéil na carachtair agus an suíomh i láthair, agus leagann sé síos an mothú.

SCÉALAÍOCHT Ó BHÉAL. Traidisiún ársa atá sa scéalaíocht ó bhéal, agus tá sí ar anfhoirm is pearsanta den scéalaíocht. Bíonn an scéalaí agus a lucht éisteachta cruinnithe le chéile. Léiríonn agus roinneann an scéalaí é féin trína chuid insinte agus léiríonn agus roinneann an lucht éisteachta iad féin sa dóigh a nglacann siad leis an scéal.

PLOTA. Réamhimeachtaí don fhadhb sa scéal. Déanann na carachtair rud éigin a tharraingíonn fadhb.

TOISC. Agus laochra i mbun toisce, tugtar tascanna atá dodhéanta de réir dealraimh dóibhagus tugann siad faoi thurais chontúirteacha le réad beannaithe a aimsiú nó leis an lámh inuachtar a fháil ar namhaid scanrúil.

RÉITEACH. Réitítear an fhadhb sa scéal ar dhóigh éigin. Bíonn an bua ag duine éigin ina gcoimhlintí agus cuirtear gach rud i gceart.

SEANCHAÍ. Ciallaíonn an focal ‘seanchaí’ duine a bhfuil seanscéalta (seanchas) aige. Is é an focal seanchaí a thugtar ar an té a insíonn scéalta.

SCÉALAÍ: Is é an scéalaí an té a “insíonn” an scéal.

STÍL INSTE. Is féidir scéalta a insint ó dhearcadh carachtair. I bhfocail eile, is é ancarachtar atá ag insint an scéil, chóir a bheith gurbh eisean a scríobh é sa chéad phearsa,i.e. mé, muid, sinn srl. Nuair atá carachtar ag insint an scéil, tá insint sa chéad phearsaann. Nuair atá an scéalaí ag cur síos ar an phríomhcharachtar le forainmneacha sa darapearsa, amhail ‘tú’, tá insint sa dara pearsa ann. Nuair atá duine nach bhfuil sa scéal féinag insint an scéil, tá insint sa tríú pearsa ann.

TÁIN. Cuid den Rúraíocht, is é an Táin an miotas Éireannach is faide agus is cumhachtaí.Insítear eachtraí is mó Chú Chulainn sa Táin.

TÚR. Dia Gearmánach na láidreachta, agus dia na toirní agus na tintrí (amhail Iúpatar nóSéas). D’iompraíodh sé casúr mór.

CLEASAÍ. Bíonn ‘cleasaí’ nó duine nó rud éigin a bhriseann na gnáthrialacha iompair ina lánmiotas. Go minic is dia é an cleasaí, amhail Láca i miotaseolaíocht Ioruach. Tig leis na cleasaa imríonn siad ceachtanna luachmhara a theagasc agus cuireann siad i gcuimhne do dhaoinenach mar a shíltear a bhítear i gcónaí.

AN RÚRAÍOCHT Ceann de na Sraitheanna Miotas Ceilteach. Cnuasach mór de scéaltalaochta i litríocht na hÉireann a chuireann síos ar eachtraí na nUladh, muintir ársa óna bhfuair Cúige Uladh a ainm. Déanann na scéalta seo athinsint ar eachtraí laochra naCraoibhe Rua, arm den scoth i gCúige Uladh a raibh Cú Chulainn ina chrann cosanta acu.

IFREANN/AN DOMHAN THÍOS. An saol spioradálta do dhaoine dona, tugann a lán de nalaochra cuairt ar ifreann, ait a ndéanann siad iarracht an lámh in uachtar a fháil ar an bhásagus teagmháil a dhéanamh leis na daoine a tugadh go saol na marbh.

BITHIÚNACH. An namhaid nó an carachtar dona i scéal.

LEABHAR SAOTHAIR DALTA