cleachtaí roghnacha breise do dhúshláin chultúrtha  · web viewd’fhéadfaí an modúl...

21
3 Modúl A TRÍ Ag Cur fút san Eoraip

Upload: others

Post on 18-Jan-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

33

Modúl A TRÍ Ag Cur fút san Eoraip

Page 2: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

ModúlA TRÍ

Ag Cur fút san Eoraip

An raibh a fhios agat…Tionóltar Lá na hEorpa an 9 Bealtaine gach bliain chun síocháin agus aontacht san Eoraip a cheiliúradh. Ar an dáta seo déantar comóradh ar ‘dhearbhú Schuman’ agus déanann Toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain é a cheiliúradh freisin. Tionóltar na gníomhaíochtaí agus na himeachtaí i rith mhí na Bealtaine.

Sa mhodúl seo:

smaoineoidh tú faoi dhúshláin chultúrtha a mheas

foghlaimeoidh tú conas déileáil le suaitheadh cultúir agus cumha i ndiaidh an bhaile

smaoineoidh tú faoi chairde nua a dhéanamh

iniúchadh a dhéanamh ar mhionsonraí praiticiúla malartaithe cultúrtha, mar shampla: riachtanais víosa, táillí árachais agus costais chóiríochta

Page 3: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

3.1 Dúshláin chultúrtha

Encounters

1

2

Féach ar an gcéad scannán ar Cultural Encounters agus déan é a phlé. Ansin féach ar an ngearrthóg beochana ar a dtugtar Cultural Glasses. Taispeánann an cleachtadh seo an chaoi ar féidir le daoine difriúla an rud céanna a fheiceáil ach é a thuiscint ar bhealach difriúil. Agus tú ag féachaint ar an ngearrthóg beochana seo, déan iarracht é a fheiceáil trí go leor tuairimí éagsúla.

Tar éis duit féachaint ar an ngearrthóg beochana, déan é a phlé sa rang agus glac nótaí thíos

Conas a bhreathnódh úinéir tí ar an bhfadhb? (scríobh sna frámaí)

Conas a bhreathnódh leanbh air?

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 4: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

3

4

Cén dearcadh a bheadh ag pluiméir nó leictreoir ar an scéal?

Cad a d'fhoghlaim tú ón gcleachtadh Cultural Glasses? Conas a d’fhéadfadh sé tú a ullmhú chun cur fút thar lear?

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 5: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

5 Féach ar fhíseán na nDúshlán Cultúrtha, scríobh síos roinnt dúshlán cultúrtha a d’fhéadfadh bheith romhat agus tú ag staidéar thar lear, agus mol conas a d’fhéadfá déileáil leo.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 6: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha

D’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

• Díospóireachtaí ranga faoi bhraistintí cultúrtha; lé, claontacht, ciníochas, a bheith breithiúnach, agus an tábhacht a bhaineann le coigeartú, inoiriúnaitheacht, glacadh agus foghlaim faoi dhifríochtaí cultúrtha, iad a nascadh le cónaí agus staidéar thar lear.

• Más rud é go bhfuil téama den chineál céanna á staidéar in ábhar eile, m.sh. Stair, Polaitíocht, Oideachas Reiligiúnach, Fealsúnacht, Folláine, Staidéar Eorpach nó trí Theangacha, b’fhéidir go bhféadfaí tionscadal idir-ábhair a fhorbairt ar théama na ndúshlán cultúrtha?

• Sa rang Ríomhaireachta agus / nó Ealaíne, d’fhéadfá íomhá a chruthú ina léirítear meas ar éagsúlacht chultúrtha san Aontas Eorpach. D’fhéadfaí an ghníomhaíocht seo a mhéadú chun póstaeir, leathanaigh ghréasáin nó cineálacha eile cur i láthair a chruthú.

• D’fhéadfá rólghlacadh faoi dhifríochtaí cultúrtha a chumadh trí theangacha éagsúla, m.sh. rud éigin a ordú ar cheap tú gur rud éigin eile a bhí ann i mbialann ar laethanta saoire, nó má tharla míthuiscint ghreannmhar agus tú ag lorg treoracha. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh mar chleachtas béil i dteanga ar bith.

• D’fhéadfá tionscadal taighde a dhéanamh ag féachaint ar dhifríochtaí cultúrtha thar roinnt ábhar mar chur chuige idir-ábhair foirne agus sraith tionscadal balla a dhéanamh ar thíortha éagsúla, go háirithe má tá raon leathan náisiúntachtaí sa scoil.

• D’fhéadfaí laethanta feasachta cultúrtha a eagrú trí ábhair éagsúla mar shampla sa Fhraincis chun laethanta saoire náisiúnta sa Fhrainc a cheiliúradh. D’fhéadfadh mic léinn díriú ar an teanga sin don lá nó tráth na gceist nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh sa teanga sin.

• B’fhéidir go bhféadfadh lá cultúrtha a bheith agat ar Lá na hEorpa a thionóltar an 9 Bealtaine gach bliain?

• D’fhéadfaí laethanta ealaín chultúrtha a reáchtáil freisin sa rang Eacnamaíocht Bhaile, nasctha leis na múinteoirí Teanga i lá gníomhaíochtaí idir-ábhair a bhféadfadh bricfeasta cultúrtha a bheith san áireamh ann.

• D’fhéadfá tionscadal a dhéanamh ar na difríochtaí idir féilte cultúrtha, nó ar an gcaoi a ndéanann daoine ceiliúradh ar a lá breithe ar bhealach difriúil i dtíortha éagsúla.

• Cén fáth nach dtabharfaidh tú dúshlán duit féin teanga nua a fhoghlaim ar feadh míosa .. nó cuir snas ar theanga a bhfuil ar eolas agat cheana féin. Cláraigh leis an aip Duolingo agus féach conas a éiríonn leat. Déan do dhul chun cinn a dhoiciméadú. (comhoibriú le rang TF / Teangacha)

Page 7: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

• Is cuid mhór de chultúr na hÉireann é an spórt. An raibh a fhios agat go bhfuil 20% den bhallraíocht CLG thar lear? Déan taighde ar chlubanna CLG i dtíortha Eorpacha eile. (comhoibriú leis an rang Corpoideachais)

• Déan do chuid smaointe a phlé: ‘Fág an tír nó bí san fhaisean ..’ - Nuair a bhíonn tú i do chónaí i dtír nó i gcultúr eile, ba cheart duit ‘noirm’ na tíre nó an chultúir sin a leanúint. An nAontaíonn tú nó an nach nAontaíonn tú. (comhoibriú le Béarla / Polaitíocht)

• Cruthaigh liosta: ‘Is rud an-Éireannach é sin’ - Cruthaigh liosta d’aitis ghreannmhara / suimiúla / neamhghnácha den saol in Éirinn do dhuine atá ag teacht chun staidéir anseo nó i dtuairim an bhall ranga nua atá tar éis teacht chuig Éirinn. (comhoibriú le Béarla / Teangacha)

• Scríobh alt nó déan físeán: ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin’ - Má bhogann tú thar lear agus má bhíonn cumha ort, cad a chronóidh tú faoi do thír dhúchais? (m.sh. bia? aimsir? teaghlach? cairde?) Má tá tú tar éis teacht chuig Éirinn, cad a chronaíonn tú faoi do thír dhúchais? (comhoibriú le Béarla / TF / Ceol. Is féidir leat físeán ceoil Ryan Sheridan ‘Home’ a sheiceáil maidir leis an ábhar seo! https://www.youtube.com/watch?v=K6sgsoM52d0

• Tabhair cuireadh do chainteoir chuig do rang- Iar-dhalta a rinne staidéar thar lear ar feadh cuid nó a gcuid staidéir uile/ Duine éigin as oifig idirnáisiúnta do choláiste / ollscoile / BO áitiúil chun labhairt faoi na deiseanna agus na tacaíochtaí atá ann chun gníomhaíochtaí soghluaisteachta a éascú.

• Dear eochairfhrásaí / treoirleabhar faisnéise úsáideach do chuairteoir ar do thír is rogha leat (comhoibrigh le rang teanga)

• Óstáil ócáid ar nós ‘Lá um Cheiliúradh Cultúr’ ag ceiliúradh na gcultúr agus na dteangacha éagsúla atá uathúil do do scoil. (comhoibriú le rang ar bith maidir leis seo)

..... Níl aon teorainn ar na féidearthachtaí!

Page 8: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

3.2 Leideanna maidir le staidéar thar lear

Seo roinnt sleamhnán athbhreithnithe faoi ullmhú chun staidéar a dhéanamh thar lear. Léigh tríd chun tú féin a mheabhrú faoi cad atá i gceist. Pléigh iad sa rang. An bhfuil aon mholadh eile agat?

Page 9: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Eagraíochtaí áineasa agus spóirt, eagraíochtaí Acadúla agus Oideachais, eagraíochtaí Meán agus Foilseachán, Eagraíochtaí polaitiúla nó ilchultúrtha, eagraíochtaí rialtas na mac léinn, eagraíochtaí reiligiúnacha agus spioradálta, an tSeirbhís Pobail agus eagraíochtaí Deonacha agus go leor eile.

3.3 Cairde a Dhéanamh

6

Trí chairde a dhéanamh trí chlubanna agus trí chumainn, cabhrófar leat dul i dtaithí ar athrú sa tír agus sa chultúr, agus má dhéantar na heispéiris a roinnt ní dhéanfar dearmad orthu go deo.

Tá go leor clubanna agus cumainn a bhféadtar bheith páirteach ann ar fáil i gcoláistí agus is é seo ceann de na bealaí is fearr le cairde a dhéanamh go tapa má tá tú ag staidéar thar lear. Ar feadh 2 nóiméad, déan ransú smaointe agus cruthaigh liosta de chlubanna agus de chumainn anseo.

Anois féach ar na catagóirí atá liostaithe thíos. An bhfuil aon chosúlachtaí le do liosta? An bhféadfadh do liosta de chlubanna agus cumainn a bheith oiriúnach do chuid acu seo? Féach ar líne ar cad atá ar fáil san Eoraip.

Tá go leor suíomhanna gréasáin ann le breathnú orthu, ach níl anseo ach dhá réimse chun cabhrú leat chun tús a chur le do chuardach:

Bí ag faire amach d’imeachtaí spóirt a bheidh ar siúl ar nós iad siúd i Seachtain Spóirt na hEorpa.

Tá go leor clubanna spóirt ag gach coláiste, bealach iontach chun aithne a chur ar

dhaoine. https://www.sportireland.ie/participation/european-week-of-sport

Smaoinigh ar laethanta na hoibre deonaí ESN Erasmus + maidir le ionchuimsiú sóisialta https://socialerasmus.esn.org/news/enriching-erasmus-program-social-inclusion-days

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 10: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

An raibh a fhios agat…Bhunaigh an Coimisiún Eorpach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) chun an leibhéal tuisceana atá agat i dteanga a léiriú. Tá mic léinn, coláistí agus fostóirí ag úsáid CEFR níos minice anois ar fud na hEorpa agus is féidir leat é a chur ar do CV Europass má tá tú chun obair thar lear.Lean an nasc seo le feiceáil conas is féidir leat do leibhéil inniúlachta féin i dteanga a mheas.

Page 11: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

3.4 Foghlaim teanga

7 Cosúil le Bláithín Macken Smith, cén fáth nach mbainfeá triail as teanga nua a fhoghlaim? Déan taighde ar roinnt suíomhanna gréasáin agus déan liosta de roinnt leideanna a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit chun teanga a fhoghlaim. Cá bhfios cén uair a mbeidh siad uait!

Faigh tuilleadh eolais faoi theangacha ar:

https://www.leargas.ie/programmes/languages/

https://www.languagesconnect.ie

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 12: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

8 Déan nótaí a thaifeadadh anseo ar na leibhéil inniúlachta a d’fhéadfadh a bheith agat i dteangacha, dar leat. Cé mhéad teanga is féidir leat a thuiscint / labhairt / scríobh? Cad iad na pleananna a d’fhéadfadh a bheith agat chun feabhas a chur orthu?

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 13: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

3.5 Praiticiúlachta

9

An raibh a fhios agat…Is uirlis bainistíochta gairme ar líne í an uirlis NUA Europass a ligeann duit do scileanna agus do cháilíochtaí san Eoraip a chur in iúl go héifeachtach, saor in aisce. Cuirfidh sé deiseanna foghlama agus fostaíochta oiriúnaithe agus iontaofa ar fáil duit ar fud na hEorpa; cuirfear ar do chumas do CV agus litir chlúdaigh a dhearadh agus a roinnt, agus faisnéis chruinn a sholáthar duit maidir le hobair agus foghlaim san Eoraip; féach ar le haghaidh tuilleadh sonraí agus chuncruthaigh do phróifíl saor in aisce inniu!

Féach ar an seicliosta seo le haghaidh smaointe agus déan do liosta féin de na socruithe praiticiúla a bhíonn ar mhic léinn a dhéanamh sula dtéann siad thar lear chun staidéar a dhéanamh.

Cliceáil nó tapáil anseo chun téacs a chur isteach.

Page 14: Cleachtaí roghnacha breise do Dhúshláin Chultúrtha  · Web viewD’fhéadfaí an modúl Dúshláin Chultúrtha seo a leathnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Ní gá gach nasc amháin a leanúint ar an bpointe!Féadfaidh tú cuairt a thabhairt orthu seo agus filleadh orthu am ar bith

Tá Modúl 3 críochnaithe agat anois

Cleachtaí roghnacha breise ar Chur Fút san Eoraip

• D'fhéadfá bileog comhairle a chruthú do mhic léinn atá ag dul thar lear ar bhealaí éagsúla:

– cur chuige spraíúil atá lán de scéalta agus féith ghrinn

– cur chuige dáiríre ina bhféadfá bróisiúr a tháirgeadh thar ceann cuideachta samhailteach a thacaíonn le mic léinn thar lear

– d’fhéadfá bileog comhairle a scríobh do thuismitheoirí, spraíúil nó dáiríre

– póstaer a dhearadh le leideanna air maidir le taisteal agus staidéar thar lear

• Ar ríomhaire, d’fhéadfá

– Seicliosta de leideanna comhairle a chruthú

– Cur i láthair powerpoint a dhéanamh faoi na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le maireachtáil thar lear le moltaí faoin mbealach is fearr le leas a bhaint as turas staidéir thar lear

– Déan taighde ar bhlaganna mac léinn ar fud na hEorpa a roinneann a n-eispéireas, cosúil le Claire agus Seán

• D’fhéadfá suíomhanna gréasáin cóiríochta mac léinn a imscrúdú agus breathnú ar cad atá ar fáil i dtíortha éagsúla. Áit mhaith le tosúé https://www.euroguidance.ie/study-in áit ar féidir leat faisnéis phraiticiúil a fháil faoina bheith i do chónaí i ngach tír.