ar scáth a chéile réamhobair

7
Ar scáth a chéile Réamhobair A: Beidh tú ag éisteacht le dalta ag cur síos ar obair charthanachta a rinne sí. Déan féin agus an duine in aice leat liosta d’aon obair charthanachta a rinne sibhse. B: An bhfuil tú i do bhall d’aon charthanacht/ eagraíocht? Cad í an charthanacht/eagraíocht is tábhachtaí ar fad, dar leat? Cén fáth an ceann sin? Cad a shíleann an duine in aice leat?

Upload: cameron-norman

Post on 02-Jan-2016

77 views

Category:

Documents


0 download

DESCRIPTION

Ar scáth a chéile Réamhobair. A: Beidh tú ag éisteacht le dalta ag cur síos ar obair charthanachta a rinne sí. Déan féin agus an duine in aice leat liosta d’aon obair charthanachta a rinne sibhse. - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Ar scáth a chéile               Réamhobair

Ar scáth a chéile Réamhobair A: Beidh tú ag éisteacht le dalta ag cur síos ar obair charthanachta a rinne sí. Déan féin agus an duine in aice leat liosta d’aon obair charthanachta a rinne sibhse.

B: An bhfuil tú i do bhall d’aon charthanacht/ eagraíocht? Cad í an charthanacht/eagraíocht is tábhachtaí ar fad, dar leat? Cén fáth an ceann sin? Cad a shíleann an duine in aice leat?

Page 2: Ar scáth a chéile               Réamhobair

Ar scáth a chéile Éisteacht

Éist le Clíodhna agus freagair na ceisteanna seo:

1. Cad iad na himeachtaí éagsúla a eagraíodh le haghaidh Chernobyl's Children’s charity?

2. Cad a rinne Clíodhna le haghaidh Cancer Care West?

3. Cad a deir Clíodhna faoi Amnesty International?4. Cén fáth a bhfuil a oiread measa ag Clíodhna ar

St. Vincent de Paul?5. Cad a deir sí faoi mhuintir na háite agus

carthanachtaí?6. Cén fáth a bhfuil daoine sa cheantar flaithiúil, dar

le Clíodhna?

Page 3: Ar scáth a chéile               Réamhobair

Ar scáth a chéile Iarobair 1

Abair ar shlí eile é!

Tá canúint Chonnacht ag Clíodhna agus úsáideann sí leaganacha áirithe a bhaineann leis an gcanúint sin. An féidir leatsa agus an duine in aice leat na leaganacha seo a rá ar shlí éigin eile?

1. Bhíomar ag péinteáil éadain2. Lena aghaidh (for it)3. Muintir atá ag fulaingt4. Táimid tosaithe ag bailiú beatha lena aghaidh5. Tá siad an-ghroímhar (gnaíúil) thart anseo6. Dhéanfadh siad aon cheo do dhaoine eile7. Rud éicint

Page 4: Ar scáth a chéile               Réamhobair

Ar scáth a chéile Iarphlé 2

Tá saibhreas teanga iontach ag Clíodhna. Ciallaíonn saibhreasteanga nach bhfuil tú ag brath ar an tslí is simplí chun rudéigin a rá. Má tá saibhreas teanga agat beidh tú ábaltatarraingt ar fhocail dhifriúla, ar leaganacha cainte éagsúla agusbeidh níos mó ná slí amháin agat chun tuairim éigin a chur iniúl.

Seo mar a léirigh Clíodhna an saibhreas teanga atá aici:1. Chuir an t-agallóir ceist uirthi faoin gcarthanacht is

‘tábhachtaí’ dar léi. D’fhreagair Clíodhna leis an leagan ‘is suntasaí’ ag léiriú go dtagann leaganacha éagsúla chuici go nádúrtha.

2. Thaispeáin sí go bhfuil stór focal leathan aici (ag fulaingt; go fadtéarmach; go gearrthéarmach, ag fáil leas as srl.).

3. Bhí sí ábalta an rud céanna a rá ar shlite difriúla: “rud gearrthéarmach [a bhí ann], rud le gairid”.

4. D’úsáid sí leaganacha nádúrtha nach bhfuil leadránach: “bíonn siad fíorshásta scaradh lena gcuid airgid” seachas rud éigin cosúil le ‘airgead a thabhairt’.

5. Úsáideann sí cúpla aidiacht i ndiaidh a chéile (nós comónta sa Ghaeilge) “Tá siad an-ghroímhar agus an-fhlaithiúil thart anseo.”

6. Tá leaganacha canúnacha ar a toil aici “dhéanfadh siad aon cheo do dhaoine eile.”

Anois pléigh na ceisteanna ar an gcéad sleamhnán eile.

Page 5: Ar scáth a chéile               Réamhobair

Ar scáth a chéile Iarphlé 3

Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:

1. Nuair a bhíonn daoine an-líofa i dteanga is féidir a rá go bhfuil saibhreas teanga acu. Conas a bhaineann duine líofacht amach i dteanga ar bith? Cad a bhíonn ag teastáil chuige sin? Pléigh.

2. Smaoinigh ar an líofacht atá agat sa Bhéarla – an bhfuil solúbthacht agat sa teanga sin? (i.e. An féidir leat a bheith searbhasach? An féidir leat joke a dhéanamh? An aithníonn tú leaganacha cainte ó áiteanna éagsúla (canúintí tuaithe vs cathrach in Éirinn / focail a úsáideann grúpaí daoine i Sasana nó i Meiriceá nó san Astráil)? An aithníonn tú nuair a bhíonn daoine drochbhéasach nó neamhthuisceanach ina gcuid cainte? Más féidir leat na rudaí sin ar fad a dhéanamh sa Bhéarla, tá saibhreas cainte agat! Le plé: conas a bhfuil an líofacht sin agat? Cén t-ionchur teanga a bhí i gceist ó bhí tú i do leanbh go dtí anois?

3. Anois smaoinigh ar an nGaeilge – an bhfuil an tsolúbthacht chéanna agat sa teanga sin? Cén fáth? Cén t-ionchur teanga a bhí i gceist ó bhí tú i do leanbh go dtí anois?

4. Scríobh síos na slite ar fad a chabhródh leat cur le do shaibhreas cainte sa Ghaeilge.

Page 6: Ar scáth a chéile               Réamhobair

Ar scáth a chéile Iarobair 4

Cad is pobal maith ann?Bí ag obair leis an duine in aice leat. Scríobhaigí síos cad is pobal maith ann do na daoine thíos – bíodh na rudaí seo in aigne agaibh: na riachtanais a bheadh ag na daoine éagsúla agus na rudaí a mbeadh spéis acu iontu agus a bheadh tábhachtach dóibh.Tuismitheoirí le leanaí óga Lánúin aerach

Seanbhean Déagóirí

Moslamach in Éirinn Duine den lucht taistil

Page 7: Ar scáth a chéile               Réamhobair

Ar scáth a chéile Iarobair 5

Féach ar na daoine seo thíos arís agus an uair seo scríobh amach (sa chéad phearsa) na rudaí is mó a bheadh ag dó na geirbe orthu faoin tsochaí ina maireann siad. Tá cúpla frása tugtha duit chun tús a chur leis...

An rud is mó a chuireann isteach orm faoinár sochaí ná... Chuideodh sé go mór liom dá... Ní thuigeann daoine gur...

Tuismitheoirí le leanaí óga Lánúin aerach

Seanbhean Déagóirí

Moslamach in Éirinn Duine den lucht taistil