m110 tr section ab sample paper seán final 3 · ghréasáin, sir tim berners‐lee, an ócáid...
Post on 20-Sep-2020
0 Views
Preview:
TRANSCRIPT
Junior Cycle Final Examination 2019
previous page running
Coimisiún na Scrúduithe Stáit Scrúdú na hArdteistiméireachta Páipéar Samplach
Ríomheolaíocht Roinn A agus Roinn B Ardleibhéal Am: 1 uair, 30 nóiméad
130 marc
2020L219AAIS 2020. M110ABTS
Scrúduimhir
Stampa an Ionaid
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 2 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Treoracha
Tá trí roinn sa pháipéar seo. Tá Roinn A agus Roinn B le fáil sa leabhrán seo. Tá Roinn C le fáil i leabhrán ar leith a chuirfear ar fáil duit don chuid ríomhaire‐bhunaithe den scrúdú.
Roinn A Ceisteanna Gearrfhreagra 60 marc Dhá cheist déag
Roinn B Ceisteanna Fada 70 marc Trí cheist
Roinn C Ríomhchlárúchán 80 marc Ceist amháin
Freagair gach ceist.
Scríobh do chuid freagraí do Roinn A agus Roinn B sna spásanna atá ar fáil chuige sin sa leabhrán seo. Tá spás i gcomhair obair bhreise ag cúl an leabhráin. Lipéadaigh aon obair bhreise den chineál sin go soiléir le huimhir na ceiste agus leis an gcuid den cheist.
Déanfar an leabhrán scrúdaithe seo a scanadh agus cuirfear do chuid oibre i láthair an scrúdaitheora ar líne. Mar sin is féidir nach bhfeicfidh an scrúdaitheoir aon rud a scríobhfaidh tú taobh amuigh de bhoscaí na bhfreagraí.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 3 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Roinn A Ceisteanna Gearrfhreagra 60 marc
Freagair an dá cheist déag go léir.
Ceist 1
Tá 5 shlonn Boole scríofa in JavaScript sa liosta thíos. Cuir in iúl cé acu luach true nó luach false a thiocfaidh de gach ceann díobh.
Slonn Boole Toradh
7 > 5
(7 > 5) && false
(7 == 5) || true
(7 != 5) || false
(!false) && (!true)
Ceist 2
(a) Déan an dá uimhir dhénártha seo a leanas a shuimiú:
(b) Déan do fhreagra thiontú ó dhénártha go deachúlach (bun 10).
0 1 0 0 1 0 1 0 1 0 0 1 1 0 0 1
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 4 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 3
Críochnaigh an tábla fírinne ar dheis de réir na léaráide loighce ar chlé. Tá an chéad ró críochnaithe cheana féin.
A B Q = NOT A P = Q AND B
0 0 1 0
0 1
1 0
1 1
Ceist 4
Bíonn an teibiú i gcroílár na smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus an ríomhchlárúcháin.
(a) Sainmhínigh cad is brí leis an téarma teibiú i gcomhthéacs na smaointeoireachta
ríomhaireachtúla.
(b) Mínigh conas is féidir le ríomhchláraitheoirí feidhmeanna a úsáid chun an teibiú a bhaint amach.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 5 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 5
Taispeánann an cód JavaScript seo feidhm athchúrsach ar a dtugtar mystery á sainmhíniú.
Taispeánann líne dheiridh an chóid an toradh a thaispeántar ar scáileán nuair a ghlaoitear mystery le hargóint de luach 4.
1 function mystery(n) { 2 3 if (n == 0) 4 return 1; 5 6 return n * mystery(n-1); 7 } 8 9 alert(mystery(4));
(a) Cé acu de na luachanna seo a leanas a thaispeántar nuair a ritear an ríomhchlár? (Cuir tic le
rogha amháin.)
4
1
24
12
(b) Cad é a fhágann gur feidhm athchúrsach í an fheidhm mystery?
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 6 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 6
Taispeánann an cód JavaScript thíos feidhm ar a dtugtar maxNum á sainmhíniú. Déanann an
fheidhm an ceann is mó de na trí shlánuimhir x, y agus z a aischur. Taispeánann líne dheiridh an chóid an toradh a thaispeántar ar scáileán nuair a ghlaoitear maxNum le hargóintí de luachanna 2, 4 agus 1. De thoradh an ghlao, taispeántar an luach 4 i mbosca foláirimh. 1 function maxNum(x, y, z) { 2 if ((x>y) && (x>z)) 3 return x; 4 else if ((y>x) && (y>z)) 5 return y; 6 else 7 return z; 8 } 9 10 alert(maxNum(2,4,1)); (a) Is cás tástála iad na trí argóint 2, 4 agus 1 a dearadh go sonrach mar thruicear chun an
ráiteas return y a thosú. Mol dhá chás breise tástála a d’fhéadfaí a úsáid chun maxNum a
thástáil mar seo a leanas:
(b) Mínigh cén fáth nach bhfuil an réiteach sin oiriúnach más mian linn an t‐uasluach de chuid
líon mór argóintí a aimsiú.
(i) Cás tástála atá deartha mar thruicear chun return x a thosú
(ii) Cás tástála atá deartha mar thruicear chun return z a thosú
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 7 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 7
Is é an cuspóir atá leis an HTML a thaispeántar thíos ná eolas a bhailiú ón úsáideoir deiridh.
1 <!DOCTYPE html> 2 <html> 3 <body> 4 <h1>Suirbhé</h1> 5 <form action=""> 6 <label> Ainm:</label> 7 <input type="text" value="Cuir ainm isteach"> 8 <fieldset> 9 <legend>An gcaitheann tú spéaclaí?</legend> 10 <input type="radio"> Caithim 11 <input type="radio" checked> Ní chaithim 12 </fieldset> 13 <input type="submit" value="Siar"> 14 <input type="submit" value="Ar aghaidh"> 15 </form> 16 <p> Go raibh maith agat as a bheith páirteach.</p> 17 </body> 18 </html>
Sceitseáil pictiúr den chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an bhfoirm HTML sin i ngnáth‐bhrabhsálaí
gréasáin.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 8 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 8
Fit Don’t Quit is ainm do chlub aclaíochta a úsáideann córas ríomhaireachta chun faisnéis faoina chuid ball a stóráil. (a) Luaigh an cineál sonraí is oiriúnaí do gach ceann de na trí mhír seo a leanas:
(i) Uimhir aitheantais an bhaill (e.g. 1754):
(ii) Ainm an bhaill (e.g. Máire Ní Mhurchú):
(iii) An méid a íocadh (e.g. 45.50):
(b) Mol an t‐ainm agus an fheidhm de chuid athróg fhónta eile do chóras ríomhaireachta Fit Don’t
Quit le haghaidh eolas faoina chuid ball a bhailiú. Is cóir di a bheith ina hathróg Boole.
Ainm:
Cuspóir:
Ceist 9
(a) Sainmhínigh cad is brí leis an téarma bunachar sonraí coibhneasta.
(b) Mínigh an cuspóir atá le heochair phríomhúil i mbunachar sonraí coibhneasta.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 9 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 10
Ar an 15 Bealtaine 2019, rinne innealtóirí róbataice as Coláiste na Tríonóide Stevie II a nochtadh, an chéad róbat cúnta sóisialta in Éirinn.
(a) Luaigh dhá bhealach ina bhféadfadh róbait amhail Stevie II tionchar dearfach a bheith acu ar
shaol seandaoine.
(b) Tabhair breac‐chuntas ar chúis imní eiticiúil amháin a bhaineann le róbait cúnta sóisialta
amhail Stevie II.
1.
2.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 10 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 11
Tá méadú ag teacht ar líon na n‐algartam, na mbogearraí agus na dteicneolaíochtaí cliste atá ar fáil i gcathracha ar fud an domhain. Bíonn Intleacht Shaorga (IS), samhaltú gníomhaire‐bhunaithe, idirlíon na n‐earraí agus an mheaisínfhoghlaim le fáil nach mór gach áit anois.
www.govtech.com, Silvio Carta, Iúil 2019
(a) Luaigh sampla amháin de shamhaltú gníomhaire‐bhunaithe.
(b) Mínigh conas is féidir úsáid a bhaint as samhaltú gníomhaire‐bhunaithe chun iompraíocht
éiritheach a léiriú.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 11 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 12
Sa léaráid thíos, léirítear gnáth‐chéimeanna an phróisis deartha le haghaidh forbairt bogearraí. Tabhair breac‐chuntas achomair ar an bpríomhchuspóir atá leis na céimeanna (i) dear agus (ii) cruthaigh.
Dear:
Cruthaigh:
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 12 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Roinn B Ceisteanna Fada 70 marc
Freagair na trí cheist go léir.
Ceist 13
Tá an t‐idirlíon tar éis a bheith ag forbairt ó na 1960idí i leith agus ní hionann é agus an Gréasán Domhanda a bhí 30 bliain ar an saol ar an 12 Márta 2019.
Ón mbliain 1991 tá freastalaithe gréasáin seachtracha tar éis a bheith faoi lán seoil agus meastar inniu go bhfuil breis agus 2 bhilliún suíomh gréasáin ar líne.
Cé gur aithin sé cumhacht an ghréasáin ó thaobh athrú chun feabhais a chur ar rialtais, gnólachtaí agus sochaithe, d’úsáid fear cruthaithe an ghréasáin, Sir Tim Berners‐Lee, an ócáid chun aird a tharraingt ar an mí‐úsáid atá á baint as a bhfuil cruthaithe aige. “Is iomaí rud a chuaigh mícheart. Is ann anois don bhréagnuacht, tá fadhbanna le cúrsaí príobháideachta, tá próifíliú agus ionramháil á ndéanamh ar dhaoine.” D’iarr sé go mbunófaí ‘conradh’ chun seilbh a ghabháil athuair ar an ngréasán mar fhórsa ar son leas coiteann.
(Arna chur in oiriúint ó Eagarfhocal san Irish Independent, 16 Bealtaine 2019)
(a) Déan idirdhealú idir an Gréasán Domhanda agus an tIdirlíon.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 13 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
(b) Mínigh gach ceann de na téarmaí seo a leanas:
(i) HTML (ii) Brabhsálaí gréasáin (iii) URL (iv) HTTP
HTML:
Brabhsálaí gréasáin:
URL:
HTTP:
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 14 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
(c) San íomhá seo, tarraingítear aird ar na
dúshláin iomadúla atá roimh an nGréasán
Domhanda faoi láthair.
(i) Pléigh an méid sin nó aon dúshlán
eile atá roimh an nGréasán
Domhanda faoi láthair.
(ii) Mol bealach amháin ina bhféadfaí an
dúshlán a shárú.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 15 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 14
(a) Sa léaráid thíos, léirítear amharc ardleibhéil ar chuid de na príomh‐chomhpháirteanna i
gcóras ríomhaireachta.
(i) Cén cuspóir atá leis an Láraonad Próiseála?
(ii) Liostaigh dhá chineál stórais phríomhúil.
(iii) Liostaigh dhá chineál stórais thánaistigh.
1.
2.
1.
2.
Láraonad Próiseála
Stóras Príomhúil (Príomhchuimhne)
Stóras Tánaisteach
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 16 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
(iv) Luaigh dhá phríomh‐dhifríocht idir stóras príomhúil agus stóras tánaisteach.
(b) Mínigh an ciogal oibríochtaí a chuirtear i gcrích le linn
treoracha a ghabháil agus a rith ó chuimhne ríomhaire.
Is cóir tagairt a bheith i do fhreagra don ról a bhaineann le taibhle.
1.
2.
GABH
RITH
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 17 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
(c) Sa dá shlonn Boole seo a leanas tá cur síos ar an tSUIM agus ar an IOMPRACH a fhaightear de
thoradh dhá athróg dhénártha, A agus B, a shuimiú:
SUIM = (A AND NOT B) OR (NOT A AND B)
IOMPRACH = A AND B
(i) Bain úsáid as an eolas atá ar fáil chun líníocht an chiorcaid loighce a thaispeántar a
chríochnú.
(ii) Mínigh conas a ríomhtar 0+1 chun an toradh SUIM = 1 agus IOMPRACH = 0 a fháil.
SUIM:
IOMPRACH:
A B
SUIM
IOMPRACH
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 18 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Ceist 15
Is iomaí rud a fuair an domhan ó algartaim, mar atá, fothaí do na meáin shóisialta, innill chuardaigh, loingseoireacht satailíte agus chórais molta ceoil, agus tá siad mar pháirt chomh mór dár mbonneagar nua‐aoiseach agus a bhí droichid, foirgnimh agus monarchana riamh.
Arna chur in oiriúint ó: Hello World: Being Human in the Age of Algorithms le Hannah Fry
(a) Sainmhínigh an téarma algartam.
(b) Tabhair breac‐chuntas achomair ar shampla amháin den chaoi a raibh baint ag algartaim leis
réimsí seo a leanas:
(i) Cúrsaí Taistil
(ii) Cúrsaí Miondíola
Cúrsaí Taistil:
Cúrsaí Miondíola:
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 19 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
(c) Léiríonn na sonraí thíos na céimeanna a ghlac algartam sórtála áirithe chun sórtáil a dhéanamh ar an liosta slánuimhreacha: 88, 46, 25, 11, 18, 11 agus 22.
Déan staidéar ar na sonraí thíos agus freagair na ceisteanna ina dhiaidh.
IONCHUR (liosta tosaigh): [88, 46, 25, 11, 18, 11, 22] Tardhul 1: [46, 25, 11, 18, 11, 22, 88] Tardhul 2: [25, 11, 18, 11, 22, 46, 88] Tardhul 3: [11, 18, 11, 22, 25, 46, 88] Tardhul 4: [11, 11, 18, 22, 25, 46, 88] Tardhul 5: [11, 11, 18, 22, 25, 46, 88] Tardhul 6: [11, 11, 18, 22, 25, 46, 88] Tardhul 7: [11, 11, 18, 22, 25, 46, 88] ASCHUR (liosta sórtáilte): [11, 11, 18, 22, 25, 46, 88]
(i) Luaigh ainm an algartaim.
(ii) Mínigh conas a oibríonn an t‐algartam.
(iii) Agus tagairt á déanamh do thardhul 5, tardhul 6 agus tardhul 7, ainmnigh teorainn
amháin atá leis an algartam.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 20 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
(iv) Déan moladh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí an teorainn sin a shárú.
(d) Algartam éifeachtach sórtála is ea mearshórtáil, a forbraíodh in 1959, agus atá in úsáid go
coitianta i gcónaí.
(i) Agus luach maighdeogach 50 á úsáid, cuir mearshórtáil i bhfeidhm ar an liosta
slánuimhreacha seo a leanas. I do fhreagra, is cóir ord an liosta tar éis gach tardhula a
thaispeáint.
85 24 63 45 17 31 96 50
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 21 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
(ii) Mínigh cén fáth arb é ( ) castacht ama an algartaim mearshórtála sa chás is measa.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 22 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Spás i gcomhair obair bhreise.
Cuir uimhir na ceiste agus an chuid den cheist in iúl go soiléir.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 23 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Spás i gcomhair obair bhreise.
Cuir uimhir na ceiste agus an chuid den cheist in iúl go soiléir.
An Ardteistiméireacht – Páipéar Samplach 24 Ríomheolaíocht, Roinn A agus Roinn B – Ardleibhéal
Admhálacha
Íomhánna Íomhá ar leathanach 9: www.irishtimes.com/news/ireland/irish‐news/robot‐caregiver‐with‐cute‐accent‐gets‐rave‐reviews‐1.3893612 Íomhá ar leathanach 12: www.mikestrongphoto.com/CV_Galleries/LessonExamples/MultiMedia/TimBernersLee.htm Íomhá ar leathanach 14: itsfoss.com/solid‐decentralized‐web/ Íomhá ar leathanach 18: en.wikipedia.org/wiki/Hannah_Fry
Téacsanna Doiciméad ar leathanach 10: www.govtech.com/products/I‐Visualized‐How‐Algorithms‐See‐Urban‐Environments‐and‐Build‐Detailed‐Profiles‐of‐Citizens.html Doiciméad ar leathanach 12: www.independent.ie/opinion/editorial/editorial‐we‐must‐reclaim‐internet‐as‐force‐for‐common‐good‐38116862.html
Fógra cóipchirt Is féidir go bhfuil téacs nó íomhánna sa scrúdpháipéar seo nach é Coimisiún na Scrúduithe Stáit úinéir an chóipchirt agus is féidir gur athchóiríodh iad ar mhaithe le measúnacht gan réamhchead ón údar. Ullmhaíodh an scrúdpháipéar seo de réir Alt 53(5) den Acht um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara, 2000. Ní údaraítear aon úsáid ina dhiaidh sin ar chúis ar bith seachas an chúis bheartaithe. Ní ghlacann an Coimisiún dliteanas as sárú cearta tríú páirtí a éiríonn as dáileadh nó úsáid neamh‐údaraithe an scrúdpháipéir seo.
An Ardteistiméireacht – Ardleibhéal Ríomheolaíocht – Roinn A & Roinn B Páipéar samplach Am: 1 uair, 30 nóiméad
top related