aifric mac aodha - | | oarewurden · tob-thaispeántas i seanteach ósta. coda an chapaill sin, an...

Post on 22-Jan-2021

3 Views

Category:

Documents

0 Downloads

Preview:

Click to see full reader

TRANSCRIPT

It Fryske Hynder Aifric Mac Aodha

It Fryske Hynder Do Tony Dillon

Oldehove – an tine fhánach taobh thiar den dá ghlúin a thagann den túr a dhreapadh. An tréimhse ait, as-alt seo, ó d’aithin an lia ar dheatach an tí nach raibh leanbh dár gcuid féin i ndán dúinn. [Le Nádúr. Le Nádúr.]; Na folínte is déanaí le slogadh, gan géilleadh don fhonn doiléir an drochscéala a sceitheadh, faoi m’anáil, isteach i gcluais anaithnid (there’s no excuse for being a wet blanket.) I Ljouwert na gCapall, tá conradh le comhlíonadh: Cailín dea-mhúinte mise, Captaen na Scoile – go bun an angair an bob, agus beart de réir an bhriathair.

(i) Capall ar dhán ní ghealltar faoi seo, ach dán ar chapall? An chéad chasadh, ní tada é, ná tagadh sé eadrainn – Ach dá mbeinnse ionraic faoi, each aonair a thuaras roimh ré, geata feirme lámh leis, muileann gaoithe, feochadáin, Vlinders, mar a déarfadh sibhse; gé; radharc glan ar dhroichead, piscín á oiliúint ag skrier agus líne gan fiacha an léis.

(ii) Hippomanes Má tá sé i ndán duit, tá. Dá gcuirfí an tsrathair ar an gcapall mícheart, cá bhfios nár mheasa arís muid, a chuid?: Arsa Dónall-na-Gréine lena iníon san aerfort, ‘Lig fút, gluais ar aghaidh.’ Agus tógáil croí fónta an teaghlach ar woonboot, na tuáillí á dtriomú acu le sleasa an bháid. Déan a gcuntas, ó fhuinneog dhoras na traenach amach: a haon, a dó, a trí. Agus trup, trup laistiar díobh arís, ― an tréad. Léitear an dáir, a stór, an t-éad.

(iii) Recepten voor Avondeten. Ár gcomh-staid, pléitear; gloine fíona, píotsa: An Ollainis chliste nó cúpla focal Frysk[e]? Freastalaí na Freaslainne, I’ll be Bak ar a léine; na barráin faoin gcáis, ar eagla a n-éaluithe. Breá liom bhur ndealbh phoiblí, Het Frieske Paard: Tá a leath- cheann againne, [Tá, má tá] i bhFilidheacht na mBard – Each a dtiteann a mháistir ar láthair an chogaidh, is a thugann, nach uasal!, a bhás féin le hocras.

(iv)

Eiseamláir thar oíche sa Blokhuispoort. [Brú nó bialann gach príosún san Ísiltír, faoi seo.] Togra dheire bliana mo chnaoiste capaill nua – cumhdach bulgóideach, é stuáilte le bruscar. [Trojaans Paard a theideal postúil.] I played the Irish abroad... Gabh i leith chugam, adúrt leis.

(v) Scéilín thairis – (Self-praise is no praise) ach an lá ar mholas ‘láirín’ mar théarma ar centrefold; ‘taisling’ ar wet dream... rinne an comhghleacaí is mó liom mo bhlas taw-taw a mhaitheamh dom. [Fastaím.]

(vi) Peat-Art (http://www.dioni.nl/) An rud atá caite acu siúd a d’imigh romhat, níor ghá nach mbeadh sé daite agat féin, ach coinneáil ort – Ní capall beo ná dealbh phoiblí, ní pónaí seó, ná tograí mac léinn do dhoras, ach capall móna. Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar, mír ar mhír, ó thír go tír (wink wink, nudge nudge). Más folamh ina lár é, scoiltfear. Tusa, ar deireadh, atá freagrach as d’earra. Ná ceap, a Dioni ten Busschen, nár dódh cheana muid – sea, go deimhin, bímidne, leis, ag brath rómhór ar Oranje Transport.

(vii)

Rainnín seanchais, thugas liom, leathcheart: [Always the feel of a thing, never the fact.]: Móin dhubh is fearr chun tine, smiorcalach a lasfadh mar a lasfadh an duine. Seanchat marbh mise a lúbann faoin sleán: Mair, a Ljouwert na gCapall. Mair –

top related