Áit chónaithe uachtarán na hÉireann

12
Áras an Uachtaráin Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann Treoir do Chuairteoirí Tour Guide www.president.ie

Upload: aras-an-uachtarain

Post on 22-Jul-2016

248 views

Category:

Documents


11 download

DESCRIPTION

 

TRANSCRIPT

Page 1: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

Áras an UachtaráinÁit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

Treoir do ChuairteoiríTour Guide

www.president.ie

Page 2: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireannMicheál D. Ó hUigínnLéirítear scéal saibhir agus casta náisiúin i stair Áras an Uachtaráin - ‘teach an Uachtaráin’. Cé gur bunaíodh é mar theach fhear ionaid an rí i dtír a bhí faoi réimeas na Breataine, tá an foirgneamh álainn seo anois faoi úinéireacht agus faoi chúram mhuintir na hÉireann agus ina áit chónaithe ag Uachtarán na hÉireann ó 1938 i leith.

Is in Áras an Uachtaráin a chuir Uachtaráin na hÉireann, thar ceann an náisiúin, fáilte roimh cheannairí domhanda agus uaisle ón gcoigríoch go hÉirinn. Thugamar onóir sa teach seo, chomh maith, do chuid mhaith dár laochra féin a bhfuilimid bródúil as a bhfuil bainte amach acu ar an stáitse idirnáisiúnta, agus cuirimid fáilte go rialta roimh dhaoine aonair, ghrúpaí agus phobail ó gach cearn d’oileán na hÉireann.

Is cúis mhór phléisiúir do Saidhbhín agus dom féin fáilte a chur roimh an iliomad saoránach a thugann cuairt ar an Áras gach bliain chun freastal ar na fáiltithe, turais agus imeachtaí oifigiúla. Tá ardú meanman feiceálach i bhfíorbhród na ndaoine sin a bhfuil baint acu le cothabháil agus le cur i láthair an tí agus a ghairdíní, a raibh páirt lárnach acu i dtráthanna suntasacha i scéal ár náisiúin.

Tá súil agam go dtabharfaidh do thuras chuig Áras an Uachtaráin pléisiúr duit agus cuimhní speisialta den pháirt ar leith d’oidhreacht na hEireann atá in Áras an Uachtaráin.

Beir Beannacht.

Page 3: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

Tógadh i 1751 é mar theach an Mhaoir Pháirce agus cheannaigh Rialtas na Breataine é i 1782 mar theach cónaithe Fhear Ionaid an Rí, ionadaí an rí in Éirinn.

Tar éis bhunú Ríocht Aontaithe na Breataine

Móire agus Éireann sa bhliain 1801, cuireadh leis an teach toisc an tábacht a bhí ag teacht air mar ionad searmanais agus ba lárionad a bhí ann don tsochaí fhaiseanta. Cuireadh an phóirseáid leis chomh maith leis an bpríomh-bhálseomra, an Seomra Fáiltithe Stáit sa lá atá inniu ann.

Sna 1840idí leagadh amach na gairdíní foirmiúla agus cuireadh an seomra bia agus an parlús leis na sciatháin urchomhaireacha. Ar cheann dá cuid cuairteanna, chuir an Bhanríon Victoria an chrónghiúis Wellingtonia ar an bhfaiche.

Thug a garmhac, George V, cuairt ann i 1911. Bhí deich mbliana eile ann sula bhfuair Éire a neamhspleáchas ach lean an ceangal ríoga; rinneadh teach cónaithe na nArd Ghobharnóirí de, oifig a bunaíodh faoin gConradh Angla-Éireannach.

Nuair a toghadh céad rialtas Fhianna Fáil faoi cheannas Éamon de Valera i 1932, athraíodh siombalachas an fhoirgnimh agus an tArd Ghobharnóir. Níor chónaigh an tArd Ghobharnóir a thuilleadh ann agus tréigeadh an teach le fírinne.

Page 4: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

Cuireadh Uachtarán tofa in áit an Ard Ghobharnóra faoi Bhunreacht 1937 agus socraíodh an teach a leagan go talamh agus teach cónaithe don Uachtarán a thógáil ar an suíomh. Idir an dá linn, áfach, chuaigh an chéad Uachtarán,

Dubhghlas de hÍde, chun cónaithe ann ar bhonn sealadach.

Is socrú buan a rinneadh de sin in imeacht na mblianta agus deimhníodh stádas an tí mar Áras an Uachtaráin. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí

athchóirithe tábhachtacha sna 1940idí agus 1950idí agus osclaíodh an teach don phobal in Aibreán 1998. Bíonn an teach, na gairdíní agus na foirgnimh choimhdeacha á bhforbairt go leanúnach ag an OOP, mar atá le feiceáil i gclaochlú an Iarhalla Raicéid

go Seomra de hÍde le gairid.

Is teaghlach agus láthair ócáidí stáit foirmiúla araon atá in Áras an Uachtaráin. Tá an tUachtarán agus a bhean Saidhbhín ina gcónaí anseo agus comhlíonann an tUachtarán roinnt mhaith dá dhualgais oifigiúla anseo chomh maith. I measc na ndualgas sin tá fáiltiú roimh Cheanna Stáit agus Ambasadóirí nua, lánscor Dháil Éireann agus bronnadh a gcuid Séalaí Oifige ar Airí Rialtais nua.

I measc na gcuairteoirí ar cuireadh fáilte rompu anseo in imeacht na mblianta bhí an Pápa Eoin Pól II, Nelson Mandela, Aung San Suu Kyi, an tUachtarán Bill Clinton, An tUachtarán Barack Obama, An tUachtarán John F. Kennedy, an Seanadóir Hilary Clinton, an tUachtarán Charles de Gaulle, A Soilse, Banríon Eilís II agus cuid mhaith de cheannairí comhaimseartha an domhain.

Page 5: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann
Page 6: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

AN DORCHLA STÁITBhí an Dorchla Stáit, a dtugtar Dorchla Francini freisin air, ina chuid de pholl na ceolfhoirne le haghaidh an bhálseomra lena thaobh agus tá dealbha brád na n-Uachtarán go nuige seo i líne ar thaobh amháin.

Ar an taobh eile tá painéil stucó múnlaithe as bunsaothar i dTeach Bhaile Roisín i gCorcaigh, saothar na ndeartháireacha Lafranchini, stuccatori ón Eilbhéis a d’oibrigh freisin ar Theach Carton agus ar Theach

Bhaile an Chaisleáin. Is de chriostal Phort Láirge iad na crainn solais agus ba é an ceardaí Iodálach den 18ú haois, Bossi, a rinne na tinteáin; deirtear go raibh modh dathaithe faoi rún ag a chlann.

AN SEOMRA BIA STÁITTógadh an Seomra Bia Stáit sa bhliain 1849 i gcomhair cuairte na Banríona Victoria agus tá troscán le James Hicks as Baile Átha Cliath agus portráidí d’iar-Uachtaráin ann.

Usáideadh an bord i gcomhair chruinnithe na Comh-Aireachta i dTeach Laighean go dtí 1960 agus úsáidtear i gcónaí é i gcomhair an chéad chruinnithe ag Rialtais nua tar éis dá mbaill a séalaí oifige a fháil ón Uachtarán. Tá portráidí

d’iar-Uachtaráin le healaíontóirí comhaimseartha ar na ballaí. Ba bhronntanas d’Ardeaspag Murray Bhaile Átha Cliath a bhí sna tinteáin den 19ú haois agus ba é céad Ard Ghobharnóir, Tim Healy, a thug chuig an teach é.

Page 7: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

AN SEOMRA FÁILTITHE STÁITIs in 1802 a bunaíodh An Seomra Fáiltithe Stáit agus ba é an bálsheomra a bhí ann roimhe sin.

Is teilgean plástair de phainéal de chuid Lafranchini ó Theach Bhaile an Roisín atá i lármhír na síleála, ina thaispeántar An tAm ag Sábháil na Fírinne ón Imreas agus ón Éad. Tá na cloigne abhann ó Theach an Chustaim, a sheasann do phríomhaibhneacha na hÉireann agus an

Féinics ag éirí as na bladhmanna i gcairpéad lámhfhite Dhún na nGall, a dhear Raymond McGrath don teach. Is iad Mack, Williams agus Gibton as Baile Átha Cliath a rinne an troscán adhmaid óraithe bunaidh agus is é Bossi a rinne an tinteán. Léirítear Cill Airne ag amanna éagsúla den lá sna ceithre phictiúr leis an ealaíontóir ón 17ú haois, Thomas Mullen.

SEOMRA NA COMHAIRLE STÁITBhí Seomra na Comhairle Stáit ina chuid den teach bunaidh a tógadh i 1751 agus úsáidtear anois é de ghnáth mar sheomra fáiltithe.

Luaitear an tsíleáil phlástair rococó óraithe le Bartholomew Cramillion agus léirionn sé ceithre radharc ó cheithre cinn d’fhinscéalta Aesop. Léiríonn an príomhphictiúr, le Simon Coleman, an chéad chruinniú den Chomhairle Stáit, foras

comhairliúchain uachtaráin, i 1940. Is macasamhlacha de chuid Louis XIV atá sa tolg agus sna cathaoireacha.

Page 8: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

AN PARLÚS STÁITBa chuid den teach bunaidh a bhí sa Pharlús Stáit agus a shíleáil.

Is comóradh ar Acht an Aontais 1801 atá sa chrann solais, lena sheamróga, róis, feochadáin agus cainneanna infhillte, a crochadh ar dtús i gCaisleán Bhaile Atha Cliath. Ba de chrann solais eile cosúil a rinneadh na soilse

balla. Is ó Phálás Versailles, mar bhronntanas don Uachtarán Éamon de Valera, a tháinig an tolg agus na cathaoireacha Louis XIV. Tá dhá fhráma simléir Adam sa seomra.

SEOMRA STAIDÉIR AN UACHTARÁINIs cuid den teach bunaidh atá i Seomra Staidéir an Uachtaráin.

Is ó Theach Mespil i mBaile Átha Cliath a tháinig an tsíleáil, nuair a bhí an teach á leagan go talamh i 1948. Luaitear le Cramillion chomh maith é agus léirítear Iúpatar agus na Ceithre Shéasúr

ann. Is ón tréimhse idir an 18ú agus an 20ú haois an troscán mahagaine leabharlainne agus is i mBaile Átha Cliath a rinneadh é go huile.

Page 9: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

AN FORHALLAIs ón mbliain 1751 atá an Forhalla ann, nuair a thóg Nathaniel Clements bunteach an Mhaoir Pháirce.

Tá síleáil boghtaí bairille bhreá le painéil bháite agus colúin Dhóracha chuislithe ann. Tá dealbha brád de James Clarence Mangan agus de Dhónal Ó Conaill ar gach aon taobh

den doras isteach go dtí An Parlús Stáit. Ábhar suntais is ea an fuaraitheoir fíona adhmaid deartha ag Francis Johnston, a dhear póirseáid an tí chomh maith le hArd-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.

Na GairdíníTá Áras an Uachtaráin suite i measc 130 acra de thalamh páirce agus de ghairdíni atá ann ó tógadh an teach in 1751.

Is é Decimus Burton a chruthaigh na gairdíní foirmiúla in 1840, agus Ninian Niven a chuir píosaí breise leo. Tá go leor gnéithe ó ré Victoria ann, crainn searmanais, crannlann, limistéar fiántais, gairdín pléisiúir, aibhinní,

cosáin, linnte ornáideacha agus garraithe daingne ina measc. Téann cuairteoiri trí na gairdíní foirmiúla chuig Cosán na Banríona, a bhfuil crainn searmanais ar gach aon taobh de, agus isteach sa ghairdín daingean uachtair atá teorannaithe ó dheas ag teach péitseoige Turner.

Page 10: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

Tugann Áras an Uachtaráin, áit chónaithe Uachtarán na hÉireann, léargas ar stair na hEireann ón 18ú haoisgo dtí an lá atá inniu ann.

Page 11: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

Amlíne

1751 Thóg Nathaniel Clements an teach brící dhá stór bunaidh.

1782 Cheannaigh Rialtas na Breataine an teach ó Robert Clements, le húsáid mar áit chónaithe ócáideach d’Fhear Ionaid an Rí, agus ba é an Tiarna Carlisle an chéad Fhear Ionaid.

1802 D’athraigh Robert Woodgate, agus ina dhiaidh Francis Johnston, bundearadh an tí ó bhonn agus an príomh-bhálseomra/seomra fáiltithe stáit agus an phóirseáid chloiche theas iontach cuimsithe acu.

1840 Leag Decimus Burton amach na gairdíní foirmiúla. Cuireadh na crainn iúir Florencecourt ina dhiaidh sin.

1849 Dhear Jacob Owen an seomra bia agus an parlús atá ag dul leis, An Grianán anois.

1921 Chuaigh Timothy Healy, an chéad Ard Ghobharnóir i Saorstát Éireann, chun cónaithe ann tar éis an neamhspleáchais agus bhí sé ina áit chónaithe ag na hArd Ghobharnoirí go dtí 1930.

1938 Nuair a toghadh Dubhghlas de hÍde mar chéad Uachtarán na hÉireann, rinneadh Áras an Uachtaráin den teach.

1945 Rinneadh feabhsúcháin agus athchóirithe suntasacha -1959 taobh istigh de, faoi mhaoirseacht Raymond McGrath,

Príomh-Ailtire an OOP.

1997 Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí obair mhór -Inniu athchóirithe eile i gcrích, Seomra de hÍde agus an Clós

Thiar ina measc.

Page 12: Áit Chónaithe Uachtarán na hÉireann

www.president.ie

Áras an UachtaráinÁit Chónaithe Uachtarán na hÉireann