a. léigh an scéal ar dtús. breithlá · 2005-03-22 · 3 a. léigh an scéal seo. ag súgradh sa...
TRANSCRIPT
1
A. Léigh an scéal ar dtús.
Breithlá
Beidh mo bhreithlá agam amárach. Beidh mé naoi mbliana d'aois.
Gheobhaidh mé cártaí breithe. Beidh fleadh agam um thráthnóna.
Tiocfaidh mo chairde uilig. Tabharfaidh siad bronntanais dom.
Beidh císte breithe agam. Beidh naoi gcoinneal ar an chíste.
Íosfaidh mo chairde an císte. Ólfaidh siad oráiste agus líomanáid.
Beidh hataí páipéir orthu. Beidh an-spórt againn ag an fhleadh.
B. Déan abairtí díobh seo :
1. gheobhaidh, cártaí breithe, mé.
2. agam, císte breithe, beidh.
3. uilig, mo chairde, tiocfaidh.
4. orthu, hataí páipéir, beidh.
C. Freagair na ceisteanna :
1. Cá huair a bheidh mo bhreithlá?
2. Cén aois a bheidh mé?
3. Cad é a bheidh agam um thráthnóna?
4. Cé a thiocfaidh go dtí an fleadh?
5. Cad é a thabharfaidh siad dom?
6. Cad é a ólfaidh mo chairde?
2
D. Anois scríobh an scéal seo.
Foclóir
císte coinnle pizza
cluiche an phúicín ag súgradh ag ól
ag ithe ag damhsa ag éisteacht le ceol
popcheol seinnteoir ceirníní ceapairí
3
A. Léigh an scéal seo.
Ag Súgradh sa SneachtaThosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad
inniu. Bhí áthas ar na páistí agus iad ag dul ar scoil. Ag am lóin, bhí
siad ag súgradh sa sneachta. Rinne Íde agus a cara fear sneachta.
Chuir siad hata ar a cheann agus píopa ina bhéal. Bhí Tomás ag
caitheamh liathróidí sneachta. Bhuail sé Liam san aghaidh. Bhí Liam
ar buile. B'fhearr le Nóra bheith istigh sa teach. Ní dheachaigh Spota
amach sa sneachta ach oiread.
B. Líon isteach na bearnaí :1. Thosaigh _______ ag titim aréir.
2. Bhí áthas ar na _______ agus iad ag dul ar _______ .
3. Ag am _______ bhí siad ag súgradh ______ sneachta.
4. Chuir siad hata ar ___ _______ agus píopa ___ ______ .
5. B'fhearr le Nóra bheith _______ sa teach.
C. Déan abairtí díobh seo :1. fear sneachta, Íde agus a chara, rinne.
2. san aghaidh, Liam, bhuail sé.
3. Liam, ar buile, bhí.
4. Tomás, liathróidí sneachta, ag caitheamh, bhí.
D. Freagair na ceisteanna.1. Cá huair a thosaigh an sneachta ag titim?
2. Cad é a bhí ar an tír ar fad?
3. Cad é a rinne Íde agus a cara?
4. Cé a bhuail Liam san aghaidh?
5. Cén fáth a raibh áthas ar na páistí?
6. Cén fáth a raibh Liam ar buile?
7. An ndeachaigh Spota amach sa sneachta?
4
An Fear Sneachta
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas :1. Cad é a chonaic Mairéad nuair a d'amharc sí amach ar an
fhuinneog?
2. Cad é mar atá a fhios agat go raibh áthas uirthi?
3. Cá ndeachaigh na páistí nuair a bhí an bricfeasta ite acu?
4. Cén spórt a bhí acu ar dtús?
5. Cén chuid den fhear sneachta a rinne na buachaillí?
6. Cad é a rinne Mairéad?
7. Cá raibh na páistí ag sleamhnú?
8. Cén fáth a raibh ocras ar na héin an lá sin?
B. Anois scríobh féin scéal : An Sneachta.
bóithre druidte ag an sneachtapréachta leis an fhuacht
le fána an chnoic
carr sleamhnáin
lag leis an ocras
seanphíopa
seanhata
an cholainn
shocraigh siad ar fhear sneachta a
dhéanamh
ag cur sneachta
lig sí béic áthais
aisti
brat sneachta
calóga
sneachtaag caitheamhliathróidísneachtagairdín cúilag sleamhnú
5
A. Léigh an scéal seo.
Tábla na n-Éan
Rinne Daidí tábla éan. Chuir sé sa ghairdín cúil é. Tháinig a lán éan
go dtí an tábla. Tháinig an gealbhan. D'ith sé blúirí aráin a bhí ar an
tábla. D'eitil sé ar ais go dtí an sceach. Ansin tháinig an druid. D'ith
sé blúirí aráin fosta. D'imigh sé ansin mar tháinig préachán mór. Bhí
an lon dubh ar an talamh faoin tábla. Bhí gob buí air. Is maith leis na
páistí an smólach. Bhí sé ar lorg péisteanna sa talamh. Chonaic na
páistí spideog ar an bhalla.
Foclóir
gob = béal blúirí = píosaí beaga
B. Scríobh an freagra ceart :
1. Cad é a rinne Daidí?
císte? tábla éan? bosca?
2. Cá raibh an lon dubh?
ar an fhuinneog? ar an chrann? ar an talamh faoin
tábla?
3. Cad é a chonaic na páistí ar an bhalla?
druid? spideog? gealbhan?
C. Freagair na ceisteanna :
1. Cár chuir Daidí an tábla éan?
2. Cad é a chonaic na páistí?
3. Cé a tháinig go dtí an tábla éan?
4. Cad é a d'ith an gealbhan?
5. Cad é a d'ith an druid?
6. Cad é a bhí ar siúl ag an smólach?
D. Scríobh féin scéal: Tháinig éin ar cuairt …………
6
A. Léigh an scéal seo.
Oifig an Phoist
Scríobh Tomás litir inné. Chuaigh sé go dtí Oifig an Phoist um thráthnóna. Bhí
bean taobh thiar den chuntar. Cheannaigh Tomás stampa uaithi. Thug sé an
t-airgead di. Chuir sé an stampa ar an chlúdach. Ansin chuaigh sé amach an
doras. Chuir sé an litir i mbosca na litreacha. Bhí bosca teileafóin ar thaobh an
bhóthair. Isteach leis ann. Ghlaoigh sé ar a chara Colm ar an teileafón. I
ndiaidh tamaill, tháinig fear an phoist agus bhailigh sé na litreacha.
Foclóir
teileafón = guthán ghlaoigh = scairt bhailigh = thóg
B. Líon isteach na bearnaí:
1. Bhí bean taobh thiar den _______ .
2. Cheannaigh Tomás stampa _______ .
3. Thug sé an _______ di.
4. Chuir sé an litir i _______ na litreacha.
5. Ghlaoigh sé ar a chara Colm ar an _______ .
C. Scríobh an freagra ceart:
1. Cad é a cheannaigh Tomás?
milseáin? stampa? úll?
2. Cár chuir sé an litir?
ina phóca? ar an chuntar? i mbosca na litreacha?
3. Cé a bhailigh na litreacha?
an bhean? fear an phoist? Tomás?
D. Freagair na ceisteanna:
1. Cad é a scríobh Tomás?
2. Cá huair a chuaigh sé go dtí Oifig an Phoist?
3. Cé a bhí taobh thiar den chuntar?
4. Cad é a chuir Tomás ar an chlúdach?
5. Cá raibh an bosca teileafóin?
6. Cad é a rinne fear an phoist?
7
A. Léigh an scéal seo thíos.
Fear an Phoist
Tháinig fear an phoist go dtí an teach. Tháinig sé i veain. Bhí éide
dhubh air. Bhí caipín píce ar a cheann. Bhí cárta breithe aige do
Nóra. Bhí litreacha aige do Dhaidí. Bhí beart aige do Mhhamaí.
Nuair a bhí sé ag siúl ar ais go dtí an veain, rith Spota ina dhiaidh.
Léim fear an phoist isteach sa veain agus d'imigh sé . Bhí eagla air
roimh Spota.
B. Scríobh an freagra ceart:
1. Cé a tháinig ar maidin?
an sagart? an garda? fear an phoist?
2. Cad é a bhí ar a cheann?
mála? caipín píce? litreacha?
3. Cé a rith ina dhiaidh?
Mamaí? Daidí? Spota?
C. Líon isteach na bearnaí:
1. Tháinig sé i v_______ .
2. Bhí cárta b_______ aige do Nóra.
3. Bhí l_______ aige do Dhaidí.
4. Bhí beart _______ aige do Mhamaí.
5. Léim sé _______ sa veain.
6. Bhí eagla _______ roimh Spota.
D. Freagair na ceisteanna:
1. Cá huair a tháinig fear an phoist?
2. Cad é mar a tháinig sé?
3. Cén dath a bhí ar an éide?
4. Cad é a bhí aige do Dhaidí?
5. Cad é a rinne sé nuair a rith Spota ina dhiaidh?
8
A. Amharc ar na pictiúir.
B. Scríobh scéal ag toiseacht mar seo:
Is mise fear an phoist ………………………
Oifig an Phoist
litir a chur sa phost
clúdach litreach
seoladh
veain
mheáigh sí an beart
cléireach
an mheá
grili dtaisce
leabhar coigiltis
ceadúnas teilifísepinsean
pinsinéirliúntas leanaí
fear poist
éide dhubh gocúramach bosca
nalitreachago dian
9
Turas go dtí an Fiaclóir
Ceisteanna cuidithe:1. Cá ndeachaigh tú seachtain ó shin? Cén fáth a raibh ort dul?
Cad a bhí thart ar do mhuinéal? Cé eile a bhí sa seomra feithimh?
2. Cé a threoraigh isteach thú chuig an fhiaclóir? Cad é mar a bhí an
cail ín s in gléasta? Cár chuir an f iaclóir thú? Cár chuir sé an
t-instealladh? Cad é mar a bhí do dhrandal uachtarach?
3. Cad leis ar thóg (stoith) sé an fhiacail amach? (teanchair). Cén sórt
fiacaile a bhí ann? Déan cur síos ar rudaí eile a chonaic tú sa
seomra sin.
4. Cá ndeachaigh tú i ndiaidh duit teacht amach ón fhiaclóir?
Anois scríobh an scéal.
10
San Otharlann
Bhí taisme bóthair agat. Scríobh do scéal.
an bhruitíneach
an fliú
ag scrúdú
tinneas cluaise
máinlia
obrádlann
othar
ag dul faoi scian
greimlín
gearradh
beag
barda
ar leathchois
maidí croise
ar leathshúil
ar
leathláimh
banaltra bindealán
greamanna
gearradh
mór
taisme bóthair
ag curfolaotharcharrgortaithegodonasínteán
11
A. Léigh an píosa seo thíos.
Comórtas Iomána.
Bhí comórtas iomána ar siúl i Scoil Mhíchíl. Bhí an craobhchluiche
ann tráthnóna Dé Sathairn. Tháinig na buachaillí uilig chun an
chluiche. Séamas de Róiste an captaen a bhí ar fhoireann amháin.
Gearóid Mac Gearailt an captaen eile. Cluiche maith a bhí ann.
D'imir gach duine go maith. Bhí an bua ag foireann Shéamais. Bhí
dhá chúl agus ceithre chúilín acu agus cúl amháin agus trí chúilín
ag an fhoireann eile. Bhí áthas orthu agus fuair siad corn breá mór.
Thóg siad an corn thart sa scoil.
B. Anois scríobh scéal fá chluiche a chonaic tú nó cluiche inar imir
tú féin.
12
A. Léigh an scéal.
Bróga Peile
Tá Seán agus a athair i siopa bróg. Tá bróga peile de dhíth ar
Sheán. Cuireann Seán bróga peile air. Feiceann sé péire deas.
Cuireann sé air iad. Síleann sé go bhfuil siad go deas. Is maith leis
iad. Tugann a athair dhá phunt do fhear an tsiopa. Cuireann an
fear na bróga i mbosca agus tugann sé do Sheán iad.
Tagann Seán agus a athair abhaile. Cuireann Seán na bróga air
arís. Deir a mháthair go bhfuil na bróga go deas. Téann Seán amach
ag imirt peile. Feiceann na buachaillí eile a bhróga nua.
B. Freagair na ceisteanna.1. Cá bhfuil Seán agus a athair?2. Cé atá le Seán?3. Cad é atá de dhíth ar Sheán?4. An bhfuil bróga peile de dhíth ar an athair?5. Feiceann siad péire deas. Cad é a dhéanann Seán leo?6. An gcuireann a athair air iad?7. An maith le Seán iad?8. Cad é a thugann a athair do fhear an tsiopa?9. Cad é a thugann fear an tsiopa do Sheán?10. An maith le máthair Sheáin na bróga peile?
11. Cad é a dhéanann sí?
13
Amharc ar na pictiúir. Scríobh an scéal faoin fhuinneog bhriste.
(1) Fuinneog Bhriste
(2) An Cluiche
14
Ag Filleadh Abhaile
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:1. Cá raibh an gabhar, do bharúil?
2. Cad é a rinne sé?
3. Cad é a rinne na buachaillí ansin?
4. Cad é a chuir eagla ar an ghabhar?
5. Cad é a rinne sé ansin?
6. Cén fáth a raibh na buachaillí ag rothaíocht ar nós na gaoithe?
7. Cad é a chonaic siad ar thaobh an bhóthair?
8. Cad é a shíl Gearóid nuair a chonaic sé an rud mór bán ar thaobh
an bhóthair?
B. Anois scríobh an scéal.
15
Léigh an scéal seo.
Is fear grinn é Sambó. Tá sé ag obair sa sorcas. Tá srón mór air. Tá
béal greannmhar air. Tá hata dubh ar a cheann. Tá carbhat ar a
mhuinéal. Tá seanléine air. Tá cóta bán air. Tá bríste leathan air. Tá
bróga móra dubha ar a chosa. Tá stoca ar an chois chlé ach níl aon
stoca ar an chois dheas. Tá ciarsúr mór istigh i bpóca aige. Tá na
páistí ag gáire faoi.
C.
(i) Foghlaim: agam
agat
aige
aici
Líon isteach na bearnaí:
Sampla: Tusa Tomás.Tá ciarsúr agat.
1. Seo é Sambó. Tá ciarsúr ______ .
2. Seo í Máire. Tá ciarsúr ______ .
3. Is mise Liam. Tá ciarsúr _____ .
(ii) Foghlaim: orm
ort
air
uirthi
Líon isteach na bearnaí:
Sampla:
Tá sé ag dul ar scoil. Tá cóta bán air.
1. Tá Seán ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .
2. Tá mé ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .
3. Tá Íde ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .
4. Tá tú ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .
A. Déan abairtí díobh seo:
1. Sambó, fear grinn, is, é.
2. air, tá, srón mhór.
3. air, tá, seanléine.
4. ciarsúr mór, tá, aige, istigh
i bpóca.
B. Scríobh an freagra ceart:
1. Cá bhfuil Sambó ag obair?
• sa bhaile.
• sa sorcas.
• ar scoil.
2. Cad é atá ar a cheann?
• mála mór.
• ciarsúr.
• hata dubh.
3. Cá bhfuil an stoca aige?
• ar an chois chlé.
• ar a cheann.
• ar an chois dheas.
Fear Grinn
16
An Sorcas
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:
1. Cá ndeachaigh an mórshiúl?
2. Cad iad na hainmhithe a bhí le feiceáil sa mhórshiúl?
3. Cén fáth nár rith na daoine ón leon?
4. Cén fáth nach raibh eagla ar na daoine roimh an eilifint?
5. Cé a bhí ina sheasamh i lár an chró?
6. Ar éirigh leis an chailín seasamh ar an dá chapall?
7. Ar éirigh leis an fhear grinn seasamh ar an chapall eile?
B. Scríobh faoi chuairt a thug tú féin ar an sorcas.
póstaer mórshiúl trí lár an bhaile
ag marcaíocht
banna ceoil
eilifint
puball
slua mór
ina seasamh
máistir an tsorcais
cró
aghaidh ghreannmhar
fear grinn
lucht féachanaag déanamh cleasanna
rothaí
ag titim as a chéile
téadchleasaí
téad rite
a chroí ina bhéalsna trithí
17
An Zú
Chuaigh na páistí go dtí an zú. Bhí an máistir in éineacht leo.
Cheannaigh an máistir na ticéid ag an gheata. Isteach leo. Chonaic
Tomás moncaí istigh i gcás. Bhí sé ag ithe banana. Bhí an leon i
gcás eile agus é ag siúl síos suas. Bhí eagla ar Íde nuair a chonaic sí
an nathair. Fuair Nóra marcaíocht ar an eilifint. Bhí ionadh ar Íde
nuair a chonaic sí an sioraf. Bhí sé an-ard. Chonaic Nóra gabhar
agus mionnán i gclós.
B. Freagair na ceisteanna:
1. Cé a chuaigh go dtí an zú?
2. Cé a bhí in éineacht leo?
3. Cad é a bhí á dhéanamh ag an
mhoncaí?
4. Cé a bhí ag siúl síos suas i gcás?
5. Cé a fuair marcaíocht ar an eilifint?
6. Cén fáth a raibh ionadh ar Íde?
7. Cá ra ibh an gabhar agus an
mionnán?
C. Scríobh an scéal:
Ag an Zú.
Chuaigh mé - Dé Sathairn - in
éineacht liom - ticéid - chonaic mé - i
gcás - ag ithe - an leon - eagla orm -
nathair - fuair mé - ar an eilifint -
thaitin - liom.
A. Scríobh an freagra ceart:
1. Cad é a cheannaigh an
máistir ag an gheata?
• moncaí.
• banana.
• na ticéid.
2. Cá raibh an moncaí?
• sa chlós.
• istigh i gcás.
• sa charr.
3. Cén fáth a raibh eagla
ar Íde?
• mar d'ith sí banana.
• mar chonaic sí an
nathair.
• mar chonaic sí
gabhar agus
mionnán.
18
Lá Fliuch
Dé Domhnaigh seo caite bhí an lá fliuch. Bhí an bháisteach ag titim
agus bhí an lá fuar. Bhí Cormac agus Bríd sa bhaile. Ní dheachaigh
siad amach. Bhí siad ag dul go dtí an doras go minic, ach bhí an lá
fliuch. Ansin, chonaic siad Uncail Pól ag teacht. Tháinig sé isteach
agus bhí sé fliuch. Bhí milseáin aige. Thug sé na milseáin do Chormac
agus do Bhríd. Bhí áthas orthu mar bhí Uncail Pól sa teach. D'imir sé
cluichí agus bhí scéalta aige do na páistí.
an bháisteach = an fhearthainn
Ceisteanna
1. Cad é mar a bhí an lá Dé Domhnaigh seo caite?
2. An raibh an lá tirim?
3. An raibh an lá te?
4. Cad é a bhí ag titim?
5. An raibh sneachta ag titim?
6. Cá raibh Cormac agus Bríd?
7. An raibh siad amuigh?
8. Cé a tháinig?
9. Cad é a thug sé leis?
10. An raibh brón orthu?
19
Amharc ar na pictiúir ar dtús.
Anois scríobh an scéal go hiomlán.
Focail úsáideacha:
scamaill mhóra dhubha, thit an bháisteach braon ar bhraon,
thosaigh an ghaoth ag séideadh, préachta leis an fhuacht,
fliuch báite go dtí an craiceann, Daidí a bhí ann,
thriomaigh, tuáille, in aice na tine
d'amharc an fhearthainn, chuala
i ndiaidh tamaill
Seán
d'amharc chonaic
braon a bhraon
i ndiaidh tamaill
fliuch báite préachta
lag leis an ocras
éadaí tirime béile maith
20
C. Scríobh an scéal: Chuaigh mé cois farraige.
Dé Domhnaigh - farraige - Daidí in éineacht - lá - an ghrian - sa spéir
- a lán daoine - ag snámh - ag súgradh - caisleán gainimh - spórt -
abhaile um thráthnóna.
A. Líon isteach na bearnaí:
1. Bhí an ___ ___ breá.
2. Bhí a lán ___ ar an ___ .
3. Chuaigh Daidí agus ____
ag ____ .
4. Rinne sí caisleán ____ .
5. Bhí ___ ag ___ leabhair.
B. Freagair na ceisteanna:
1. Cén séasúr a bhí ann?
2. Cá raibh an ghrian?
3. Cé a bhí ar an trá?
4. Cad é a rinne Mamaí?
5. Cé a bhí ag snámh?
6. Cad é mar a rinne Nóra an
caisleán?
7. Cad é a chuir Íde uirthi féin?
An Samhradh a bhí ann. Bhí an lá go breá. Bhí an ghrian ag taitneamh
go hard sa spéir. Bhí Mamaí, Daidí agus an chlann cois farraige. Bhí
a lán daoine ar an trá. Shuigh Mamaí ar an ruga. Chuaigh Daidí
agus Tomás ag snámh. Tá snámh ag Tomás. Bhí spád agus buicéad
ag Nóra. Rinne sí caisleán gainimh. Chuir Íde gloiní gréine uirthi féin.
Bhí sí ag léamh leabhair.
Cois Farraige
21
Ag Dul ar Saoire
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:1. Cén séasúr den bhliain a bhí ann?2. Cén obair a rinne Daidí agus Dónall?3. Cén fáth nár chuir siad an bagáiste uilig isteach sa chófra
bagáiste, do bharúil?4. Cad é a rinne Gearóid?5. Cá raibh na carbháin agus na pubaill?6. Cé acu is daoire, an t-óstán nó an teach lóistín, do bharúil?7. Cár chuir Mamaí, Daidí agus na páistí fúthu?
8. Cén fáth ar thaitin an teach leo, do bharúil?
éadaí samhraidh
ag cuidiú
tarraiceán
mála taistil
ar dhíon an chairr
raca bagáiste
cófra bagáiste
druidte go daingean
faoi ghlas
ag tiomáint
léarscáil
carbháin
puball
ag stopadhóstán
LóistínOíche
teach lóistín
ar lóistín
teach ar cíos
an-sásta
in aice na trá
ar aghaidh na gréine
sceitimíní áthais
gliondar croí
22
Ag Dul ag Snámh
Dé Domhnaigh seo chugainn beidh Mícheál Ó Casaide agus Nollaig Ó
Murchú ag dul go dtí an trá. Fágfaidh siad an baile ar a haon déag a
chlog. Beidh rothair acu. Tógfaidh siad an bia leo agus íosfaidh siad é ar
an trá. Rachaidh siad ag siúl agus feicfidh siad an áit. Ansin rachaidh siad
amach ag snámh. Beidh siad cúramach. Ní rachaidh siad amach rófhada.
Tiocfaidh siad isteach. Ceannóidh siad milseáin agus úlla agus íosfaidh
siad iad. Imreoidh siad ar an trá arís.
Ar a sé a chlog rachaidh siad go dtí na rothair. Tiocfaidh siad abhaile in
am don tae. Beidh tuirse orthu agus rachaidh siad a chodladh ar a hocht
a chlog.
CrosfhocalSíos
1. Beidh na buachaillí ag imirt ___.
2. Fágfaidh siad an baile ar a haon ___ a chlog.
3. Beidh ___ agus Nollaig ag dul go dtí an trá.
4. ___ siad ag siúl ar an trá.
8. Ceannóidh siad úlla agus íosfaidh siad ___.
Trasna
5. Rachaidh Mícheál go dtí an trá le ___ .
6. Beidh siad ag rith ar an ___ .
7. Rachaidh siad go dtí an trá ar ___ .
9. Tógfaidh siad an ___ leo agus íosfaidh siad
ar an trá é.
10. ___ tuirse orthu.
1 2 3
4
5
6
7 8
9
10
23
An Picnic
Chuaigh Seán, Tomás agus Éamann ar phicnic Dé Domhnaigh seo
caite. Chuaigh siad go dtí páirc mhór. Bhí an lá go deas. Rinne siad
tine agus ansin chuir siad an citeal uirthi. Nuair a bhí an t-uisce réidh
rinne Seán an tae. Bhí císte milis, subh agus brioscaí acu don tae.
Ansin bhí úlla agus oráistí agus bananaí acu. Bhí siad sásta. Chonaic
siad na páirceanna agus na crainn agus na hainmhithe. D'imir siad
cluiche peile. Ansin d'ith siad milseáin agus brioscaí. D'ól siad
líomanáid. Ar a sé a chlog chuaigh siad abhaile ar an bhus. Bhí siad
traochta tuirseach.
Ceisteanna1. Cá ndeachaigh na buachaillí?2. An ndeachaigh siad chuig na pictiúir?3. Cá huair a chuaigh siad ar phicnic?4. An raibh an lá fliuch?5. Cad é a rinne siad?6. Cé a rinne an tae?7. Cá huair a rinne sé é?8. Cad é a bhí acu don tae?9. An raibh siad sásta?10. Cad é a chonaic siad?11. Cá huair a chuaigh siad abhaile?12. An ndeachaigh siad abhaile ar rothair?13. An raibh tuirse orthu?
24
Puball na bPáistí
A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:1. Cá bhfuair na páistí an tseanbhráillín, do bharúil?2. Cár shuigh siad an puball?3. Cad é leis ar cheangail siad an tseanbhráillín de na maidí?4. Nuair a bhí an puball suite acu, cad é a rinne Mamaí agus na
páistí?5. Cad é a dúirt Mamaí léi féin?6. Nuair a d'éirigh an ghaoth, cad é an chéad rud a tharla?7. Cad é a tharla don bhráillín ina dhiaidh sin?8. Cé acu is fearr, dar leat, puball na bpáistí nó na pubaill atá ag
na gasóga?
gairdín cúil
seanbhráillín
téada agus corda
maidí sáite sa talamh
Níl cuma ná caoi air!sna trithí gáire
an puball suite
d'éirigh an ghaoth
an puball ag luascadhd'imigh sé le gaoth
gasóga
banóglaigh
suite go daingean
á ngrianadh
féin
ag iascaireacht
ag campáil
cois abhann
mála codlatagréithecócaireachtasorn beag gáis
25
Amharc ar na pictiúir go cúramach! Ansin scríobh an scéal go hiomlán.
Focail úsáideacha:
as an gharáiste chuidigh
gach rud réidh béile maith
ina gcodladh go sámh ag stealladh báistí
fliuch báite go dtí an craiceann chnag siad ar an doras cúil
thriomaigh ba ghearr go raibh siad
tamall ina dhiaidh sin ba ghearr go raibh
ag cur go trom an braon anuas
fliuch báite
doras cúil
26
An Coinín
Anois scríobh faoi pheata atá agat féin.
Fuair Feargas coinín an tseachtain seo caite. Coinín bán ba ea é.
Thug a athair dó é. Shíl Feargas go raibh an coinín go deas.
Rinne sé bosca mór don choinín. Chuir sé an bosca sa ghairdín agus
chuir sé an coinín sa bhosca. Feiceann sé an coinín ón fhuinneog. Is
maith leis é. Tugann sé féar agus cabáiste agus uisce dó. Is maith leis
an choinín Feargas anois. Sa tráthnóna tógann Feargas amach é
agus cuireann sé sa ghairdín é. Cuireann sé sa bhosca arís é.
Ceisteanna1. Cad é a fuair Feargas?2. Cé a fuair an coinín?3. Cá huair a fuair sé é?4. Cé a thug an coinín dó?5. Cén dath a bhí air?6. Cad iad na dathanna a bhíonn
ar choiníní?7. Cad é a r inne Feargas don
choinín?8. Cár chuir sé é?9. Ar chuir sé sa chistin é?10. Cad é a thugann Feargas don
choinín?
Cad iad na focail seo?1. Chuir sé an bosca sa RHDNAIÍG.2. Fuair RAFESGA coinín.3.Tá ÍICNON ag Feargas.4. Chuir sé an coinín sa CHASOB.5. Thug a HATIRA dó é.6. Fuair sé coinín an TNIATCHEAS seo
caite.7. Thug sé ÉFRA don choinín.8 . Fe iceann sé an coin ín ón
GONEUFNIH.
9. Tugann sé CASTÁBIE don choinín.
27
An Sionnach
Amharc ar na pictiúir. Ansin scríobh an scéal.
Úsáid na focail seo.
an feirmeoir an buicéad ina láimh a g
fanacht
na cearca cró na gcearc thit ag amharc
scairt ní fhaca d'imigh ghoid
28
An Gabhar Cliste
Amharc ar na pictiúir. Ansin scríobh an scéal.
Foclóir
ag súgradh liathróid sa pháirc téad
ceangailte bhuail srón ina luí
ar mire tóin rinne míshásta
gáire gortaithe adharca ar an chrann
29
A. Léigh an scéal.
An tEarrach
Tá an tEarrach ann anois. Tá duilleoga ag fás ar na crainn. Tá
bláthanna ag fás sa ghairdín. Feicim an plúirín sneachta, an
sabhaircín, an crócas agus lus an chromchinn. Tá féar ag fás sa
pháirc. Tá na héin ag tógáil a neadacha ar na crainn. Tá na huain
óga ag súgradh sna páirceanna. Tá an feirmeoir ag cur prátaí.
B. Líon na bearnaí:
1. Tá duilleoga ag fás ar ___ ___ .
2. Tá ____ ag fás sa ghairdín.
3. Tá na héin ag tógáil ____ ____ ar na crainn.
4. Tá na huain óga ____ ____ sna páirceanna.
5. Tá an ____ ag cur prátaí.
C. Déan abairtí díobh seo:
1. anois, an tEarrach, ann, tá.
2. sa ghairdín, bláthanna, tá, ag fás.
3. prátaí, ag cur, an feirmeoir, tá.
4. duilleoga, tá, ar na crainn, ag fás.
D. Freagair na ceisteanna:
1. Cad é atá ag fás ar na crainn?
2. Cá bhfuil na bláthanna ag fás?
3. Cad iad na bláthanna atá ag fás sa ghairdín?
4. Cé atá ag tógáil neadacha?
5. Cá bhfuil na huain óga ag súgradh?
30
A. Léigh an scéal.
Sa Ghairdín
C. Scríobh an freagra ceart:
1. Cá bhfuil an gairdín?
• ar chúl an tí.
• os comhair an tí.
• ar thaobh an tí.
2. Cad é a chuireann
Daidí san earrach?
• bláthanna.
• úlla.
• prátaí.
3 . Cá bhfu i l an fear
bréige?
• ar an bhalla.
• sa chistin.
• i lár an ghairdín.
B. Líon na bearnaí:
1. Fásann a lán ____ ann.
2. Cuireann Daidí na prátaí ___
____ .
3. Tá ____ ard thart ar an
ghairdín.
4. Bíonn Spota ag ____ sa
ghairdín.
5. Cuidíonn Tomás lena Dhaidí
____ ____ .
D. Freagair na ceisteanna:
1. Cad é a fhásann sa ghairdín?
2. Cé a chuireann na prátaí san
earrach?
3. Cá bhfuil an balla ard?
4. Cad é a dhéanann Spota sa
ghairdín?
5. Cá gcuireann sé an cnámh?
6. Cén fáth a bhfuil fear bréige
sa ghairdín?
Tá gairdín againn sa bhaile ar chúl an tí. Fásann a lán glasraí ann. Tá
píseanna, leitís, oinniúin agus cabáiste in áit amháin. Tá prátaí,
tornapaí agus meacain dhearga in áit eile. Cuireann Daidí na prátaí
san earrach. Tá balla ard thart ar an ghairdín. Tá fear bréige i lár an
ghairdín chun eagla a chur ar na préacháin. Bíonn Spota ag súgradh
sa ghairdín. Déanann sé poll ann agus cuireann sé cnámh isteach
ann. Cuidíonn Tomás lena Dhaidí sa ghairdín.
31
Freagair na ceisteanna seo a leanas:
1. Cén t-athrú atá ag teacht ar na crainn?
2. Cad é atá á dhéanamh ag an iora rua?
3. Cén obair a dhéanann an siúinéir?
4. Cá mbíonn an muilleoir ag obair?
5. Cén obair a dhéanann sé?
6. Cén obair a dhéanann an báicéir?
7. Cad iad na glasraí atá ag fás sa ghairdín?
8. Cé acu is fearr leat, milseáin nó brioscaí prátaí?
An Fómhar
coill
lom
duilleoga ag titim
ag bailiú cnónna an t-iora rua
troscán
siúinéir
muilleoir
muileann
plúr
báicéir
builíní aráin
leoraí
cruithneacht
garraíodóir
ag baint prátaí
cabáiste glasraí eile
leitís
sceallóga
brioscaí prátaí
32
A. Léigh an scéal seo.
Is leanbh óg é Seán. Caitheann sé an lá sa phram. Bíonn sé ag
caoineadh go minic. Tugann Mamaí buidéal bainne dó agus stadann
sé ansin. Ní itheann sé rud ar bith. Nuair a bhíonn an lá go breá
tugann Íde amach sa phram é. Is maith leis bheith amuigh faoin aer.
Uaireanta bíonn sé ag béiceadh san oíche. Is maith liom an leanbh
ach is fearr liom é nuair a bhíonn sé ciúin.
B. Scríobh an freagra ceart:
1. Cé a thugann buidéal
bainne don leanbh?
• Seán.
• Íde.
• Mamaí.
2. Cad é a i theann an
leanbh?
• arán.
• Ní itheann sé rud ar bith.
• leitís.
3. Cá huair a bhíonn sé ag
béiceadh?
• i rith an lae.
• ar maidin.
• san oíche.
C. Líon na bearnaí:
1. Is l____ ____ é Seán.
2. Bíonn sé ag ____ go minic.
3. Is maith leis bheith ____
faoin aer.
4. Is fearr l iom é nuair a
bhíonn sé ____ .
D. Freagair na ceisteanna:
1. Cén t -a inm atá ar an
leanbh?
2. Cá huair a bhíonn sé ag
caoineadh?
3. Cad é a ólann sé?
4. Cad é a dhéanann Íde
nuair a bhíonn an lá go
breá?
33
A. Léigh an scéal.
Anocht
Íde ag caint:
Beidh an tae agam ar a sé a chlog. Ansin cuideoidh mé le mo
Mhamaí. Nífidh mé na soithí. Déanfaidh mé na ceachtanna ar a
seacht a chlog. Osclóidh mé mo mhála scoile. Tógfaidh mé
amach na leabhair. Beidh mé ag foghlaim go dtí a hocht a
chlog. Léifidh mé leabhar scéalta ar feadh tamaill. Ar leath i
ndiaidh a hocht déarfaidh mé mo phaidreacha. Rachaidh mé a
chodladh ansin.
B. Líon na bearnaí:1. Beidh ____ ____ agam ar a
sé a chlog.2. ____ mé na soithí.3. Léifidh mé ____ scéalta ar
feadh ____ .4. Ar ____ i ndiaidh a hocht
déarfaidh mé mo ____ .
5. Rachaidh mé a ____ ansin.
C. Déan abairtí díobh seo:1. na soithí, nífidh, mé.2. go dtí, ag foghlaim, beidh
mé, a hocht a chlog.3. ansin, rachaidh, a chodladh,
mé.
D. Freagair na ceisteanna:
1. Cá huair a bheidh an tae
ann?
2. Cad é a nífidh mé?
3. Cad é a dhéanfaidh mé ar
a seacht a chlog?
4. Cad é a thógfaidh mé
amach as an mhála
scoile?
5. Cad é a dhéanfaidh mé ar
leath i ndiaidh a hocht?
6. Cá huair a rachaidh mé a
chodladh?
34
Go mall san oícheAréir
Maidin inniu
Tráthnóna inné
Go luath ar maidin
Oíche dhorcha a bhí ann.
Lá fliuch salach a bhí ann.Maidin bhreá (agus mé ..... )
Scéalaíocht
mo Mhamaí
mo Dhaidí
mo Mhaimeo
mo Dhaideo
m'uncail
m'aintín
mo dheirfiúr
mo dheartháir
mo chol ceathair
mo chara / chairde
Dé Domhnaigh / Dé Luain / Dé Máirt / Dé Céadaoin /
Déardaoin / Dé hAoine / Dé Sathairn
An Domhnach / an Luan / an Mháirt / an Chéadaoin / an
Déardaoin / an Aoine / an Satharn
Tús:
Daoine
mé (féin) mise
tú tusa
sé seisean
sí sise
muid muidinne
sibh sibhse
siad siadsan
35
Cad é a tharla?
Bhí / Ní raibhBhuailBhrisCheannaighchodailChonaic / Ní fhacaChuaigh/NídheachaighChualaChuidighChuir
DúirtD'amharcD'éirighD'imighD'ithD'fhágD'fhanD'ólD'oscailFuairGhlan
GhoidGhortaighMhúscailRinneShílStopTháinigTharlaThitThógThosaigh
Thugag amharcag caintag caoineadh
ag déanamhag dulag éisteachtag imirt peile
ag obairag ráag súgradhag scríobhag teacht
Cá háit?
amuigh / istigh
ag an otharlann
sa teach
sa ghairdín
sa pháirc
ag an siopa
ar an bhóthar
ag teach an phobail
ar scoil
sa leaba
Ar dtús
Ansin
Ina dhiaidh sin
Nuair a
Go tobann
Anois
Ar ball
Roimh i bhfad
Níos moille
Sa deireadh
I lár báire
mar
ar an ábhar go
cionn is
as siocair
go
sular
de bhrí go
Nascanna
Ag an tús
36
Nathanna Cainte
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
37
Nathanna Cainte
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
38
Nathanna Cainte
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
__________________________________________________________________
39
40
Le scaipeadh taobh istigh de Bhunscoil Phobal Feirste amháin.
LeabharScéalaíochta
do Rang a Tríle
Bríd Uí Dhonnghaile
41